EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0639

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena scoirtear d'athruithe séasúracha ama agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/84/CE

COM/2018/639 final

An Bhruiséil,12.9.2018

COM(2018) 639 final

2018/0332(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena scoirtear d'athruithe séasúracha ama agus lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2000/84/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 406 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

De réir shocruithe ama samhraidh an Aontais athraítear na cloig go leathbhliantúil chun a bheith in oiriúint do phatrúin athraitheacha sholas an lae agus chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an solas atá le fáil le linn tréimhse áirithe. Cuirtear na cloig ar aghaidh aon uair an chloig maidin an Domhnaigh dheireanaigh de mhí an Mhárta agus cuirtear siar uair an chloig iad maidin an Domhnaigh dheireanaigh de mhí Dheireadh Fómhair chun go mbeidh siad ar an am caighdeánach arís.

Ar chúiseanna stairiúla, roghnaigh na Ballstáit san am atá caite socruithe ama samhraidh a thabhairt isteach. Glacadh na socruithe sin den chéad uair sa Ghearmáin agus sa Fhrainc le linn an Chéad Chogadh Domhanda chun stoic ghuail a chaomhnú, an gual a d'úsáidtí le haghaidh soilsiú go háirithe. An Bhreatain Mhór, formhór a comhghuaillithe, agus tíortha neodracha san Eoraip, rinne siad amhlaidh le linn cogaidh. D'éirigh roinnt tíortha Eorpacha as an gcleachtas tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Is sna 1970idí a tháinig na socruithe nua-aimseartha maidir le ham samhraidh isteach, san Iodáil (1966) agus sa Ghréig (1971) i dtosach. Chuir Éire agus an Ríocht Aontaithe deireadh le socruithe ama samhraidh i 1968 le bheith ar aon dul leis an gcuid eile den Eoraip ach thug siad isteach arís iad i 1972. Chuir an Spáinn tús le ham samhraidh i 1974 agus rinne an Fhrainc amhlaidh ina dhiaidh sin i 1976, agus thug siad le fios gurbh é an cuspóir a bhí leis fuinneamh a spáráil. Sa tréimhse 1976-1981 thug deich mBallstát socruithe ama samhraidh isteach, le bheith ar aon dul le tíortha comharsanachta den chuid is mó.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta tá socruithe ama samhraidh i bhfeidhm i mbreis agus 60 tír, lena náirítear tíortha i Meiriceá Thuaidh agus san Aigéine. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar an líon tíortha comharsanachta nó comhpháirtithe trádála de chuid an Aontais a roghnaigh gan socruithe ama samhraidh a chur i bhfeidhm nó deireadh a chur leo: an Íoslainn, an tSín(1991-), an Rúis (2011-), an Bhealarúis (2011-) agus an Tuirc (2016-) mar shampla.

Tugadh isteach reachtaíocht an Aontais maidir le socruithe ama samhraidh den chéad uair in 1980 1 chun na cleachtais náisiúnta éagsúla ama agus sceidil samhraidh a chur i gcomhréir le chéile agus ar an gcaoi sin cur chuige comhchuibhithe maidir leis an athrú ama a áirithiú laistigh den mhargadh aonair. Ó 2001 i leith, tá socruithe ama samhraidh an Aontais faoi réir Threoir 2000/84/CE 2 , ina leagtar amach an oibleagáid atá ar na Ballstáit uile athrú chuig am samhraidh ón Domhnach deireanach de mhí an Mhárta agus athrú ar ais chuig a nam caighdeánach ("am geimhridh") an Domhnach deireanach de mhí Dheireadh Fómhair.

Anuas ar shocruithe ama samhraidh an Aontais, agus gan beann orthu, síneann tíortha na mBallstát ar mhór-roinn na hEorpa thar thrí amchrios nó trí am chaighdeánacha. Is é an Ballstát féin a dhéanann an cinneadh maidir le ham caighdeánach i dtaca lena chríoch iomlán nó codanna éagsúla de 3 .

Tá méadú ag teacht amhras na saoránach, Pharlaimint na hEorpa agus roinnt mhaith Ballstát faoi na hathruithe ama leathbhliantúla. Dá bharr sin rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise atá ar fáil, ina léirítear an tábhacht atá le rialacha a bheith ag an Aontas maidir leis an réimse seo chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Tacaíonn Parlaimint na hEorpa 4 leis an méid sin freisin mar aon le gníomhaithe eile ( e.g. in earnáil an iompair). Tá comhairliúchán poiblí déanta ag an gCoimisiún freisin ar a bhfuarthas isteach is amach ar 4.6 milliún freagra agus bhí 84 % ar son deireadh a chur leis na hathruithe ama leathbhliantúla agus theastaigh ó 16 % iad a choinneáil. Thairis sin, tharraing airí iompair an cheist anuas le déanaí ag cruinnithe den Chomhairle i mí an Mheithimh 2018 agus i mí na Nollag 2017, agus thug líon áirithe Ballstát le fios gurbh fhearr leo deireadh a chur leis na socruithe ama samhraidh atá ann faoi láthair.

Sa chomhthéacs sin, is é tuairim an Choimisiúin gur gá leanúint d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chosaint trí bhíthin scéim chomhchuibhithe is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile agus aird á tabhairt mar sin féin ar a bhfuil tagtha chun cinn le déanaí, rud a gcuirtear síos air thuas. Dá bharr sin, molann an Coimisiún deireadh a chur leis na hathruithe ama séasúracha san Aontas, agus san am céanna a áirithiú go gcoinneoidh na Ballstáit an inniúlacht cinneadh a dhéanamh maidir le ham caighdeánach ar a gcríoch, agus a chinneadh go háirithe an nglacfaidh siad leis an am caighdeánach a chomhfhreagraíonn don am samhraidh ar a gcríoch ar bhonn buan nó an gcuirfidh siad an tam caighdeánach atá acu faoi láthair i bhfeidhm go buan.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ceanglaítear leis an togra seo maidir le deireadh a chur leis an athrú ama leathbhliantúil go naisghairfear Treoir 2000/84/CE an tráth céanna.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

De réir na fianaise is gá cur chuige comhchuibhithe sa réimse seo ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ach deireadh a chur leis an athrú ama leathbhliantúil maidir leis na Ballstáit uile coinneofar riail choiteann sa réimse seo, rud atá sár-riachtanach do dhea-oibriú mhargadh inmheánach an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is aidhm don togra seo feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Dá bharr sin is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí. Is é bunús dlí Threoir 2000/84/CE freisin é.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

De réir na fianaise atá ar fáil, tá sé tábhachtach rialacha a bheith ag an Aontas maidir leis an réimse seo chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. De thoradh an mhéadaithe ar an amhras faoi na socruithe ama samhraidh, níl de rogha ann chun leanúint de chur chuige comhchuibhithe a áirithiú ach deireadh a chur leis na socruithe maidir le hathruithe ama leathbhliantúla, mar a leagtar amach sa togra seo. D'fhonn cur chuige comhchuibhithe leanúnach a áirithiú, molann an Coimisiún deireadh a chur le hathruithe ama séasúracha san Aontas, agus san am céanna a cheadú do gach Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir lena am caighdeánach féin agus go háirithe an athróidh sé a am caighdeánach (uair an chloig chun cinn) chun go mbeidh sé ar aon dul go buan leis an am samhraidh atá i bhfeidhm faoi láthair nó an gcuirfidh sé i bhfeidhm ar bhonn buan an tam caighdeánach a chomhfhreagraíonn don"am geimhridh" atá aige faoi láthair.

Comhréireacht

Urramaítear leis an togra ón gCoimisiún prionsabal na comhréireachta sa mhéid agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir maidir le leanúint d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach. Chun na críche sin déantar foráil ann maidir le socruithe ama comhchuibhithe san Aontas gan deireadh a chur leis an gceart atá ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le ham samhraidh nó "am geimhridh" a chur i bhfeidhm. Ní dhéanann an togra seo difear don cheart atá ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an am caighdeánach/na hamanna caighdeánacha a bheidh le cur i bhfeidhm ar na críocha atá faoina ndlínse.

An rogha ionstraime

De bhrí go mbeidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit a nam caighdeánach/a namanna caighdeánacha a roghnú agus go háirithe, in 2019, go mbeidh orthu cinneadh a dhéanamh maidir le ham samhraidh nó "am geimhridh" a chur i bhfeidhm agus de bhrí gur gá forálacha ina leith sin a ghlacadh faoin dlí náisiúnta, is Treoir í an fhoirm is iomchuí don togra seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá roinnt mhaith staidéar déanta ar shocruithe ama samhraidh an Aontais le blianta anuas. Cuimsítear leis sin staidéir agus tuarascálacha éagsúla a cuireadh amach ar conradh nó a d'ullmhaigh an Coimisiún féin: mar shampla, scrúdú ar an tionchar atá ag socruithe ama samhraidh an Aontais ar na príomhearnálacha eacnamaíocha agus ar an tsláinte agus an fhóillíocht i 1999 5 , agus tuarascáil ón gCoimisiún ar thionchar na Treorach maidir le ham samhraidh in 2007 6 , agus staidéar ar na himpleachta a d'fhéadfadh a bheith ag córas ama samhraidh nach bhfuil comhchuibhithe don Aontas in 2014 7 . I mí Feabhra 2016, d'fhoilsigh Bundestag na Gearmáine tuarascáil ar thionchar an ama samhraidh 8 , agus, i mí Dheireadh Fómhair 2017, chuir seirbhís taighde Pharlaimint na hEorpa tuarascáil i láthair ina ndearnadh achoimre ar an bhfianaise is déanaí maidir leis an am samhraidh 9 .

I dtaca le tionchar na socruithe ama samhraidh, léirítear san fhianaise dá dtagraítear thuas an méid seo a leanas:

·An margadh inmheánach: Faoi láthair, tá fianaise dhochloíte ann maidir le pointe amháin: athruithe ama neamhchomhordaithe a cheadú sna Ballstáit, dhéanfadh sin dochar don mhargadh inmheánach toisc go mbeadh costais ní b'airde ar an trádáil trasteorann, go ndéanfaí ciotaí nó go gcuirfí as don iompar, don chumarsáid agus don taisteal, agus go mbeadh táirgiúlacht ní ba lú sa mhargadh inmheánach d'earraí agus seirbhísí.

·Fuinneamh: Cé gurbh é ba mhó a spreag na socruithe atá ann faoi láthair, léirítear leis an taighde go bhfuil an éifeacht iomlán atá ag am samhraidh ar spáráil fuinnimh anbheag. Mar sin féin, bíonn éagsúlacht idir na torthaí ag brath ar thosca amhail suíomh geografach. Ar na samplaí a tuairiscíodh sna Ballstáit tá:

·TSO Terna na hIodáile 2016 inar tuairiscíodh go bhfuil an méid fuinnimh a spáráiltear go bliantúil san Iodáil mar gheall ar am samhraidh isteach is amach ar 580 GWh (~0,2 % den ídiú leictreachais bliantúil), coigilt isteach is amach ar EUR 94,5 milliún 10 .

·Mheas ADEME na Fraince ((Agence de l'Environnement et de la Maitrise de l'Energie) in 2010 gur spáráladh thart ar 440 GWh (~0,1 % den tomhaltas leictreachais bliantúil) ó thaobh soilsithe agus gurbh fhéidir go raibh roinnt coigiltí ann ó thaobh téimh. Mheas EDF in 1995 gur coiglíodh isteach is amach ar 1200 GWh ach tá na meastacháin is déanaí níos gaire do thorthaí 2010 11 .

·Dhearbhaigh an Comhlachas Gearmánach um Thionscail Uisce agus Fuinnimh (BDEW) in 2015 nach raibh na coigiltí sa Ghearmáin ábhartha a thuilleadh toisc go raibh an méid fuinnimh a úsáidtear do shoilsiú laghdaithe go thart ar 8 % den tomhaltas fuinnimh iomlán agus san am céanna go raibh méadú tagtha ar an méid fuinnimh a úsáidtear do ghníomhaíochtaí fóillíochta 12 .

·Sa Spáinn, thuairiscigh an Institiúid um Éagsúlú agus Coigiltí Fuinnimh (IDAE) gur tháinig laghdú de 5 % ar an tomhaltas leictreachais iomlán ó thaobh soilsithe de in 2015 mar gheall ar am samhraidh, laghdú arb ionann é agus EUR 300 milliún 13 .

·Fuarthas amach sa staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún in 2014 gur tháinig fadhbanna riaracháin as na socruithe ama samhraidh d'oibreoirí gáis agus iad ag déanamh áirithintí le hoibreoirí córais tarchurtha 14 .

Leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua soilsithe (agus méadair chliste, gléasanna ríomhchláraithe, etc.) tá poitéinseal na socruithe ama samhraidh chun fuinneamh a spáráil á laghdú cheana féin.

·Sláinte: Léiríodh i roinnt staidéar go bhféadfaí tionchair dheimhneacha a bheith ag na socruithe ama samhraidh ar ghníomhaíochtaí fóillíochta faoin aer. Ar an taobh eile, de réir torthaí taighde chronaibhitheolaíoch tugtar le tuiscint go bhféadfadh an éifeacht ar an bhithrithim dhaonna bheith ní ba dhéine ná mar a ceapadh. Mar shampla, tagraítear sa tuarascáil ón Bundestag 2016 do thorthaí lena léirítear nach noiriúnaíonn an bhithrithim dhaonna don athrú ama san earrach chomh maith agus a ceapadh agus nach noiriúnaíonn cronaitípeanna áirithe daoine go ceann roinnt seachtainí agus, san am céanna, is lú an méid fadhbanna a thagann as athrú an fhómhair. Mar sin féin, níorbh fhéidir aon toradh a bhaint as an bhfianaise maidir le tionchair ar an tsláinte ghinearálta (i.e. cothromaíocht na néifeachtaí deimhneacha agus diúltacha a mheastar a bheith ann)

·Sábháilteacht ar bhóithre: Ní féidir aon toradh a bhaint as an bhfianaise maidir leis an ngaol idir na socruithe ama samhraidh agus tionóiscí bóthair. Léirítear i staidéir áirithe go gcuirfeadh an easpa codlata a thiocfadh as na cloig a chur ar aghaidh san earrach go mór leis an mbaol go mbeadh tionóiscí ann. Is deacair, áfach, tionchar ar rátaí tionóisce a leagan go díreach ar na socruithe ama samhraidh, rud nach bhfuil fíos i gcás tosca eile.

·Talmhaíocht: Is ábhar imní na socruithe ama samhraidh i dtaca le bithrithim ainmhithe agus na hathruithe ar sceidil bhleáin agus bheathaithe mar gheall ar an athrú ama. Mar sin féin is dealraitheach go bhfuil na cúiseanna imní ag laghdú de réir a chéile toisc go bhfuil trealamh nua, soilsiú saorga agus teicneolaíochtaí uathoibrithe á núsáid.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí idir an 4 Iúil agus an 16 Lúnasa 2018 chun tuairimí na saoránach, geallsealbhóirí agus Ballstát Eorpach a bhailiú ar na socruithe ama samhraidh mar a leagtar amach i dTreoir 2000/84/CE agus ar aon athrú a d'fhéadfadh teacht ar na socruithe sin, go háirithe an rogha deireadh a chur leis an athrú ama leathbhliantúil.

Cé go raibh tréimhse an chomhairliúcháin níos giorra ná an tréimhse chaighdeánach 12 sheachtain, fuarthas 4.6 milliún freagra agus tháinig breis agus 99 % de na freagraí ó na saoránaigh. Tháinig freagraí ó na Ballstáit uile cé go raibh an ráta freagartha éagsúil ó thír go tír: Is ag an nGearmáin, Lucsamburg agus an Ostair a bhí na rátaí freagartha ab airde, agus ina ndiaidh sin an Fhionlainn, an Eastóin agus an Chipir. Deireadh a chur leis an athrú ama leathbhliantúil a bhí ó 84 % de na freagróirí agus theastaigh ó 16 % é a choinneáil. Agus idirdhealú á dhéanamh de réir na mBallstát is léir go bhfuil na saoránaigh agus na geallsealbhóirí sna Ballstáit uile i bhfabhar deireadh a chur leis an athrú ama leathbhliantúil ach amháin sa Ghréig agus sa Chipir mar ab fhearr le tromlach na bhfreagróirí cloí leis na socruithe atá ann cheana; i Málta bhí na freagróirí nach mór roinnte leath agus leath. I gcatagóir na núdarás poiblí léirigh an tromlach gurb é a rogha deireadh a chur leis an athrú ama leathbhliantúil. Ba é an phríomhchúis a bhí le deireadh a chur leis an gcóras atá ann faoi láthair, dar leis na freagróirí, sláinte an duine agus, ina dhiaidh sin, toisc nárbh ann d'aon spáráil fuinnimh.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán poiblí faoi shocruithe ama samhraidh an Aontais le fáil sa tuarascáil ar thorthaí a ghabhann leis seo 15 .

Measúnú tionchair

Ba é an chúis a bhí le reachtaíocht a leagan síos sa réimse seo ar leibhéal an Aontais na cleachtais agus na sceidil náisiúnta éagsúla ama samhraidh a chomhchuibhiú. I dTeachtaireacht 16 uaidh i 1975 a tharraing an Coimisiún anuas den chéad uair drochiarmhairtí na gcleachtas éagsúla maidir le ham samhraidh ar an margadh inmheánach – ar iompar, cumarsáid agus tráchtáil trasteorann. Sa staidéar a rinne ICF in 2014, staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún, rinneadh scrúdú ar impleachtaí (teoiriciúla) an ama samhraidh neamhchomhchuibhithe, go háirithe ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ach ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh chomh maith agus thángthas ar an gconclúid gurb é a thiocfadh as socruithe aisioncronacha costais níos airde, ciotaí níos mó agus táirgiúlacht níos lú sa mhargadh inmheánach d'earraí agus seirbhísí.

I staidéir eile 17 léirítear an tairbhe a bhaineann le cur chuige comhchuibhithe don mhargadh inmheánach agus an baol go mbeadh ilroinnt ann dá uireasa. I réimsí eile léiríonn an fhianaise go mbíonn tionchar beag ag socruithe ama samhraidh (e.g. éifeachtaí sách beag ar spáráil fuinnimh) nó bíonn an fhianaise neamhchinnte (e.g. maidir le tionchar foriomlán ar an tsláinte, sábháilteacht ar bhóithre).

I mí Feabhra 2018, iarradh ar an gCoimisiún i rún ó Pharlaimint na hEorpa measúnú a dhéanamh ar an Treoir agus, dá mba ghá, athbhreithniú a mholadh. Ag an am céanna, dúradh sa rún sin go raibh sé bunriachtanach córas ama an Aontais Eorpaigh a choinneáil aontaithe fiú amháin nuair a thiocfadh deireadh le hathruithe leathbhliantúla ama.

Is é meas an Choimisiúin é go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí rialacha comhchoiteanna a bheith ann sa réimse seo chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Ar na príomhroghanna beartais chun córas comhchuibhithe den sórt sin a áirithiú tá 1) cloí le socruithe ama samhraidh an Aontais mar a leagtar amach i dTreoir 2000/84/CE iad, nó 2) deireadh a chur leis na hathruithe leathbhliantúla ama do na Ballstáit uile; ní dhéanfadh sé sin aon difear don rogha amchreasa, agus is faoin mBallstát féin a bheadh sé i gcónaí a chinneadh cloí leis an am samhraidh go buan (tríd an am caighdeánach atá aige faoi láthair a athrú) nó cloí le "ham geimhridh" mar a thugtar air (arb ionann é agus "am caighdeánach" an Bhallstáit faoi láthair).

Measann an Coimisiún gur gá gníomhú anois chun leanúint d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, ag cur san áireamh an méid atá tagtha chun cinn le deireanas chun an baol a sheachaint go gcuirfí isteach go mór ar an margadh inmheánach.

Ar bhonn na fianaise atá ar fáil faoi thionchar shocruithe ama samhraidh an Aontais, dá dtagraítear thuas, is féidir an tátal a bhaint go rachadh sé chun tairbhe d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh an córas a bheith comhchuibhithe amach anseo freisin – is é sin go gcuirfeadh na Ballstáit uile deireadh leis na hathruithe leathbhliantúla ama. Níl sé cinnte cé na héifeachtaí a bheidh ann i gcás réimsí eile agus is dócha go mbeidh siad ag brath ar shuíomh geografach an Bhallstáit agus ar chinneadh an Bhallstáit fanacht go buan le ham samhraidh nó le ham geimhridh.

Mar a luadh cheana, is faoin mBallstát féin atá rogha an ama chaighdeánaigh agus an cinneadh cloí go buan le ham samhraidh nó le ham geimhridh. Dá bhrí sin, is gá tionchar na rogha sin a mheas ar an leibhéal náisiúnta. Ar an mórgóir, is dócha go mbeidh na tionchair éagsúil ag brath ar shuíomh geografach gach Ballstáit. Cheana féin, bíonn athruithe móra séasúracha ann le linn na bliana ar an méid solais a fhaightear sna Ballstáit ó thuaidh. Dá thoradh sin bíonn geimhrí dorcha acu ar bheagán solais agus samhraí geala a mbíonn na hoícheanta gearr lena linn. Níl na difríochtaí sin chomh mór sin sna Ballstáit ó dheas, óir ní athraíonn an chothroime idir lá agus oíche an oiread sin in imeacht na bliana. Lena chois sin, is iondúil go mbaineann antábhacht le suíomh na tíre laistigh dá hamchrios. Dá sia siar san amchrios an tír, is ea is déanaí a bhíonn éirí agus luí na gréine, ach in Oirthear an amchreasa is gile a bhíonn na maidineacha agus is luaithe a luíonn an ghrian 18 .

Beidh costais aistrithe ann de thoradh an athraithe córais freisin. Cé go dtiocfadh deireadh leis na costais a bhíonn ann faoi láthair de thoradh an athraithe leathbhliantúil ama, bhainfeadh costais idirthréimhseacha leis an athrú go córas nua ama saor ó athruithe séasúracha. Ba ghá córais TF a athríomhchlárú agus a athchumrú. Beidh sé sin ríthábhachtach i gcás bogearraí sceidealaithe agus bogearraí féilire (córais cúraim sláinte, córais áirithinte taistil) agus bogearraí am-spleácha chomh maith le teicneolaíochtaí "cliste" 19 . In earnáil an iompair, ba ghá amchláir a choigeartú. Mar a chuir roinnt geallsealbhóirí in iúl go láidir le linn an chomhairliúcháin phoiblí beidh sé bunriachtanach réamhthréimhse áirithe a bheith ann roimh athrú den sórt sin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is é an cuspóir a shaothraíonn an togra an éifeachtacht a mhéadú agus an tualach rialála agus riaracháin ar ghnóthais agus ar shaoránaigh a laghdú. Déanann sé amhlaidh, den chuid is mó, trí na socruithe ama san Aontas a shimpliú – trí dheireadh a chur le hathruithe séasúracha rialta ar an am agus trí shocruithe buana ama a thabhairt isteach, socruithe ba cheart a bheith ní b'fhusa a chur chun feidhme, gan an oiread céanna dua.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun tionchar na Treorach seo a mheas, go háirithe maidir leis na héifeachtaí ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ach lena chois sin maidir le tionchar ar gheallsealbhóirí agus ar shaol na saoránach, tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi chur chun feidhme na Treorach seo faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí, tráth ar cheart leordhóthain faisnéise faoina héifeachtaí a bheith ar fáil.

Le go mbeidh an Coimisiún in ann tuairisciú faoi thionchar na Treorach, ba cheart do na Ballstáit cúnamh agus an fhaisnéis uile is gá a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na Treorach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1(1), in éineacht le hAirteagal 4(1), foráiltear nach gcuirfidh na Ballstáit, ón 1 Aibreán 2019, athruithe a bhaineann le séasúir na bliana i bhfeidhm ar a nam caighdeánach nó ar a namanna caighdeánacha – i gcás na mBallstát sin a bhfuil roinnt amanna caighdeánacha acu ar chúiseanna geografacha. Fós féin, d'athródh na Ballstáit go socruithe ama samhraidh i gcomhréir le Treoir 2000/84/CE an 31 Márta 2019, ach ina dhiaidh sin ní chuirfidís athruithe séasúracha ama i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2019 amach.

Tugann Airteagal 1(2) an rogha do na Ballstáit athrú séasúrach amháin nó níos mó a dhéanamh ar a nam caighdeánach nó ar a namanna caighdeánacha Dé Domhnaigh an 27 Deireadh Fómhair 2019 ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach. Ó thráth an athraithe sin amach, na Ballstáit sin a roghnaigh Airteagal 1(2) a chur i bhfeidhm, ní chuirfidíssean athruithe séasúracha i bhfeidhm ar a nam caighdeánach ach an oiread.

Aibhsítear in Airteagal 2 go mbeidh na Ballstáit fós saor le hathruithe a dhéanamh ar a nam caighdeánach murar athruithe séasúracha iad na hathruithe sin. Toisc go go bhféadfaí cur isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh de dheasca athruithe neamhthuartha a dhéanfadh Ballstáit aonair ar a nam caighdeánach, áfach, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas in am trátha go bhfuil rún acu a nam caighdeánach a athrú, d'fhonn suaitheadh den sórt sin a sheachaint. Má tá níos lú na 6 mhí fágtha sula dtiocfaidh athrú ar tugadh fógra faoi i bhfeidhm, ba cheart don Bhallstát an tathrú ar tugadh fógra faoi a chur chun feidhme chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint mar aon leis an mbaol go gcuirfí isteach a thuilleadh ar an margadh inmheánach. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit uile ar an eolas agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin, le gur féidir údaráis náisiúnta, oibreoirí eacnamaíocha agus saoránaigh a chur ar an eolas go hiomchuí agus go prapúil agus le gur féidir leo ullmhú don athrú.

Chun a mheas an bhfuil an cuspóir thuasluaite bainte amach ag an Treoir, mar atá feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, agus chun an tionchar a mheas, déanfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 3, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit, chomh maith le faisnéis ábhartha eile.

Foráiltear in Airteagal 4 go dtrasuífidh na Ballstáit an Treoir faoin 1 Aibreán 2019. Táthar ag glacadh leis, dá réir sin, go nglacfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an togra gan mhoill, faoi mhí mhí an Mhárta 2019 ar a dhéanaí. Cuirfidh na Ballstáit an Treoir i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2019. Ciallaíonn sé sin go dtabharfaidh na Ballstáit fógra faoin 27 Aibreán 2019, bunaithe ar chomhairliúcháin agus measúnuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus in éineacht le Ballstáit eile, an bhfuil rún acu bogadh ar bhonn buan, i nDeireadh Fómhair 2019, chuig am caighdeánach a chomhfhreagraíonn don "am geimhridh" atá acu faoi láthair, de rogha ar an am samhraidh atá acu faoi láthair.

Tráth a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ina hiomláine, ní chuirfidh na Ballstáit athruithe séasúracha i bhfeidhm a thuilleadh ar a namanna caighdeánacha de bhun Threoir 2000/84/CE. Dá bhrí sin, foráiltear in Airteagal 5 gur cheart an Treoir sin a aisghairm.



2018/0332 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena scoirtear d'athruithe séasúracha ama agus lena naisghairtear Treoir 2000/84/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 20 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is ar an leibhéal náisiúnta a roghnaigh na Ballstáit socruithe ama samhraidh a thabhairt isteach san am a chuaigh thart. Dá bhrí sin, bhí sé tábhachtach le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh dáta coiteann a shocrú san Aontas ina iomláine le haghaidh thús agus dheireadh na tréimhse ama samhraidh. I gcomhréir le Treoir 2000/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , cuireann na Ballstáit uile socruithe ama samhraidh i bhfeidhm ón Domhnach deireanach de mhí an Mhárta go dtí an Domhnach deireanach de mhí Mheán Fómhair na bliana céanna.

(2)D'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún, ina rún dar dáta an 8 Feabhra 2018, measúnú a dhéanamh ar na socruithe ama samhraidh dá bhforáiltear i dTreoir 2000/84/CE agus, dá mba ghá, togra le haghaidh athbhreithniú na Treorach sin a mholadh. Dearbhaíodh sa rún sin freisin go bhfuil sé bunriachtanach cur chuige comhchuibhithe a choinneáil maidir le socruithe ama san Aontas trí chéile.

(3)Tá an fhianaise atá ar fáil scrúdaithe ag an gCoimisiún, agus is léir ar an bhfianaise sin go bhfuil sé antábhachtach rialacha comhchuibhithe de chuid an Aontais a bheith ann sa réimse seo chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus suaitheadh ar sceidealú oibríochtaí iompair, costais níos airde ar thrádáil trasteorann, nó táirgiúlacht níos ísle d'earraí agus seirbhísí, inter alia, a sheachaint. Níl fianaise chinnte ann gur mó an tairbhe a bhaineann le socruithe ama samhraidh ná an ciotaí a bhaineann leis an am a athrú dhá uair sa bhliain.

(4)Tá díospóireacht phoiblí bhríomhar ar siúl faoi shocruithe ama samhraidh agus tá sé curtha in iúl cheana féin ag roinnt Ballstát gur fearr leo scor de chur i bhfeidhm na socruithe sin. Ina fhianaise sin uile, is gá leanúint d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus aon suaitheadh mór ar an bhfeidhmiú sin de dheasca éagsúlacht idir na Ballstáit sa réimse seo a sheachaint. Dá bhrí sin, is iomchuí deireadh a chur ar bhealach comhordaithe le socruithe ama samhraidh.

(5)Níor cheart an Treoir seo dochar a dhéanamh do cheart gach Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an am caighdeánach nó na hamanna caighdeánacha do na críocha atá ina dhlínse agus atá faoi raon feidhme críochach na gConarthaí, agus maidir le hathruithe eile air sin. Mar sin féin, chun a áirithiú nach suaithfear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa chás nach mbeadh ach cuid de na Ballstáit ag cur socruithe ama samhraidh i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit gan an tam caighdeánach a athrú in aon chríoch ar leith atá ina ndlínse ar chúiseanna a bhaineann le hathruithe séasúracha, fiú má chuirtear in iúl gur athrú amchreasa é an tathrú sin. Thairis sin, chun an suaitheadh, inter alia, a laghdú ar iompar, ar chumarsáid agus ar na hearnálacha eile lena mbaineann, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas in am trátha go bhfuil rún acu a nam caighdeánach a athrú agus na hathruithe ar tugadh fógra fúthu a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn an fhógra sin, na Ballstáit eile ar fad a chur ar an eolas ionas gur féidir leo na bearta uile is gá a dhéanamh. Lena chois sin, ba cheart dó an pobal i gcoitinne agus geallsealbhóirí a chur ar an eolas tríd an bhfaisnéis sin a fhoilsiú.

(6)Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur le comhchuibhiú na tréimhse a chumhdaíonn na socruithe ama samhraidh a leagtar síos i dTreoir 2000/84/CE agus rialacha comhchoiteanna a thabhairt isteach lena gcuirfear cosc ar na Ballstáit socruithe ama séasúracha éagsúla a thabhairt isteach trína nam caighdeánach a athrú níos mó ná uair amháin i rith na bliana agus lena mbunófar an oibleagáid fógra a thabhairt faoi athruithe atá beartaithe ar an am caighdeánach. Is é is aidhm leis an Treoir seo rannchuidiú ar shlí chinntitheach le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart, dá thoradh sin, é a bhunú ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(7)Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ón 1 Aibreán 2019, sa dóigh go dtosódh an tréimhse dheireanach ama samhraidh a bheadh faoi réir rialacha Threoir 2000/84/CE, i ngach Ballstát, ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an 31 Márta 2019. Na Ballstáit sin a bhfuil rún acu, tar éis na tréimhse ama samhraidh sin, am caighdeánach a ghlacadh a chomhfhreagróidh don am a chuirtear i bhfeidhm i rith shéasúr an gheimhridh i gcomhréir le Treoir 2000/84/CE, ba cheart dóibh a nam caighdeánach a athrú ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an 27 Deireadh Fómhair 2019, sa dóigh gur ag an am céanna a dhéanfar athruithe comhchosúla buana i mBallstáit éagsúla. Is inmhianaithe go ndéanfadh na Ballstáit ar dhóigh chomhbheartaithe na cinntí maidir leis an am caighdeánach a chuirfidh gach ceann acu i bhfeidhm ó 2019 amach.

(8)Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart don Choimisiún torthaí an fhaireacháin sin a chur i láthair do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtuarascáil. Ba cheart an tuarascáil sin a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún ar dhóigh phrapúil ionas go bhféadfar an tuarascáil a chur i láthair ag an am atá sonraithe.

(9)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo maidir le socruithe ama comhchuibhithe a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(10)Ba cheart na socruithe ama comhchuibhithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na forálacha maidir le raon feidhme críochach na gConarthaí a shonraítear in Airteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/84/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Ní chuirfidh na Ballstáit athruithe séasúracha i bhfeidhm ar a nam caighdeánach nó ar a namanna caighdeánacha.

2.D'ainneoin mhír 1, beidh na Ballstáit fós in ann athrú séasúrach a chur i bhfeidhm ar a nam caighdeánach nó ar a namanna caighdeánacha in 2019, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an 27 Deireadh Fómhair 2019. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin gcinneadh sin i gcomhréir le hAirteagal 2.

Airteagal 2

3.Gan dochar d'Airteagal 1, má chinneann Ballstát a am caighdeánach nó a amanna caighdeánacha a athrú in aon chríoch atá ina dhlínse, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi sin 6 mhí ar a laghad sula ndéanfar an tathrú. I gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra den sórt sin agus nach mbeidh an fógra sin tarraingthe siar aige 6 mhí ar a laghad roimh dháta an athraithe atá beartaithe, cuirfidh an Ballstát an tathrú sin i bhfeidhm.

4.Laistigh de 1 mhí den fhógra, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

5.Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi chur chun feidhme na Treorach seo faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí.

6.Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha don Choimisiún faoin 30 Aibreán 2024 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

7.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1 Aibreán 2019 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2019.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

8.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 5

Aisghairtear Treoir 2000/84/CE le héifeacht ón 1 Aibreán 2019.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 7

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 205, 7.8.1980, lch. 17.
(2)     Treoir 2000/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le socruithe ama samhraidh,    IO L 31, 2.2.2001.
(3)    Faoi láthair síneann críocha na mBallstát ar mhór-roinn na hEorpa thar thrí amchrois:    Am Iarthar na hEorpa nó MeánAm Greenwich (GMT), Am Lár na hEorpa (GMT+1) agus     Am Oirthear na hEorpa (GMT+2) Cuireann ocht mBallstát san Aontas (An Bulgáir, an Chipir, an Eastóin,    an Fhionlainn, an Ghréig, an Laitvia, an Liotuáin agus an Rómáin) GMT+2 i bhfeidhm mar am caighdeánach. 17 mBallstát a chuireann GMT+1 i bhfeidhm    (an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Ostair,    Poblacht na Seice, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir)    cuireann trí Bhallstát (Éire, an Phortaingéil agus an Ríocht Aontaithe) GMT i bhfeidhm. Tá socruithe sonracha    i bhfeidhm, go háirithe, maidir leis na hAsóir agus na hOileáin Chanáracha.
(4)    Rún PE: B8-0070/2018 / P8_TA-PROVE(2018)0043, an 8 Feabhra 2018
(5)    Reincke agus van den Broek, Research voor Beleid, Summertime, Indepth investigation into the effects of summer-time clock arrangements in the European Union, 1999 (staidéar a rinneadh thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh)
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi Airteagal 5 de Threoir 2000/84/CE maidir le socruithe ama samhraidh, COM(2007)739 final, http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52007DC0739&from=EN  
(7)    ICF International, An tam samhraidh a chur i bhfeidhm san Eoraip: tuairisc d'ArdStiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (AS MOVE), An Coimisiún Eorpach, Meán Fómhair 2014 , https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/factsfundings/studies/doc/2014-09-19-the-applicationof-summertime-ineurope.pdf
(8)    Cavaziel agus Revermann, Bilanz der Sommerzeit: Endbericht zum TA-Projekt, TAB, Office of Technology Assessment at the German Bundestag, Report No 165, February 20 16, http://www.tab-beim-bundestag.de/de/untersuchungen/u20100.html
(9)    Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, Socruithe ama samhraidh an Aontais faoi Threoir 2000/84/CE: Measúnú tionchair ex post, Deireadh Fómhair 2017 , http://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=EPRS_STU%282017%29611006
(10)

   Barbarulo, Eliana, 'Terna: con ora legale risparmio energetico pari a 94,5 mln di euro', 26/03/2016, http://www.ambientequotidiano.it/2016/03/26/ora-legale-risparmio-energetico/ .

(11)    ADEME, 'Changement d’heure : quels impacts ?', 23/10/2014, http://www.presse.ademe.fr/2014/10/lesimpactsdu-changementdheure.html .  
(12)    Cur i láthair a rinne Michael Wunnerlich, Bundesverband der Energie- und Wasserwirtschaft 'Is it Time to Revisit summertime, Public Hearing by the Committees JURI, ITRE and TRAN' an 23/05/2015 ag Parlaimint na hEorpa.
(13)    Instituto para la Diversificacion y Ahorro de la Energia, 'La madrugada del domingo, 25 de octubre, finaliza la “Hora de Verano”', October 2015, http://www.idae.es/index.Php/id.327/mod.noticias/mem.detalle
(14)    ICF International, An tam samhraidh a chur i bhfeidhm san Eoraip: a report to the European Commission Directorate-General for Mobility and Transport (DG MOVE), September 2014
(15)    SWD (2018) 406
(16)    European Commission, Introduction of summer time in the Community (An Coimisiún Eorpach, (An tam samhraidh a thabhairt isteach sa Chomhphobal), COM(75)319, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1508082547523&uri=CELEX:51975DC0319
(17)    Mar shampla, an tuarascáil ó sheirbhís taighde Pharlaimint na hEorpa 2017
(18)    Féach https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/sunsetsunrise-table.pdf le tuilleadh eolais a fháil faoi am éirí agus luí na gréine i bpríomhchathracha uile na hEorpa, de réir córas ama samhraidh bhuain os coinne am caighdeánach buan (am geimhridh).
(19)    ICF International, An tam samhraidh a chur i bhfeidhm san Eoraip: tuairisc d'ArdStiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (AS MOVE), An Coimisiún Eorpach, Meán Fómhair 2014
(20)    IO C , , lch. .
(21)    Treoir 2000/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le socruithe ama samhraidh (IO L 31, 2.2.2001, lch. 21).
Top