EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0633

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 Tuairim ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh chruinniú na gceannairí in Salzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018

COM/2018/633 final

An Bhruiséil,12.9.2018

COM(2018) 633 final

2016/0131(COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010




FMT:ItalicTuairim ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh chruinniú na gceannairí in
FMT:ItalicSalzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA LEASAITHE

Forais agus cuspóirí an togra leasaithe

Is cuid de shraith beart é an togra seo, sraith is obair leantach ar chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018, 1 agus ina bhfuil an Coimisiún ag moladh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhaingniú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Fhilleadh agus trína thogra bunaidh le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh um Thearmann a leasú. Tá na tograí sin bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta agus cuirfidh siad ar chumas na mBallstát brath go hiomlán ar thacaíocht an Aontais chun sreabha imirce measctha a bhainistiú trí phróiseáil a dhéanamh go tapa, lena náirítear in ionaid rialaithe, ar chásanna náisiúnach tríú tír a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chosaint idirnáisiúnta nó atá i gcríocha na mBallstát go mídhleathach.

Ina conclúidí, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a thábhachtaí atá sé go mbeidh cur chuige cuimsitheach ann i leith na himirce agus mheas sí gur dhúshlán í an imirce ní hamháin do Bhallstát amháin ach don Eoraip ina hiomláine. I ndáil leis an méid sin, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh an tAontas tacaíocht iomlán chun bainistiú ordúil sreabh imirce a áirithiú. Tá tuilleadh tacaíochta tugtha freisin ag na Ballstáit i bhfóraim éagsúla 2 do na príomhphrionsabail arna gcomhaontú i gconclúidí na Comhairle Eorpaí, agus cuireadh béim ar an ngá atá le hionstraimí dlúthpháirtíochta na hEorpa a dhaingniú. Ba cheart Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a bheith ina sampla nithiúil de dhlúthpháirtíocht na hEorpa agus ní mór di bheith in ann an leibhéal uaillmhéine a bhaint amach atá de dhíth chun go mbeidh Comhchóras Eorpach Tearmainn ('CEAS') an Aontais Eorpaigh éifeachtúil éifeachtach.

Ní mór do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a bheith in ann tacaíocht oibríochtúil iomlán a chur ar fáil do na Ballstáit nuair is gá agus cumas na mBallstát a dhaingniú i ndáil leis an riar cásanna tearmainn a bhainistiú ag céim riaracháin na nósanna imeachta chomh maith le hachomhairc i leith cásanna tearmainn a láimhseáil. Dírítear sa togra leasaithe seo le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ar na forálacha a bhaineann leis an gcúnamh oibríochtúil agus teicniúil lena áirithiú go mbeidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin ag an mBallstát, in ann tacaíocht a chur ar fáil a oiread agus is féidir tríd an nós imeachta riaracháin iomlán le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, nó codanna de, a chomhlíonadh, chun a dhéanamh amach cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, nó an nós imeachta sin a chur i gcrích, agus trí chúnamh a thabhairt do na cúirteanna nó do bhinsí achomhairc a láimhseáil, gan dochar d’inniúlacht na mBallstát cinntí a dhéanamh maidir le hiarratais aonair agus i gcomhréir iomlán le heagrú na mbreithiúna i ngach Ballstát, chomh maith le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna. 

Mar obair leantach ar chonclúidí na Comhairle Eorpaí, rinne an Coimisiún forbairt ar choincheapa na socruithe réigiúnacha díbhordála chomh maith leis na hionaid rialaithe agus tá sé ag obair leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus le páirtithe leasmhara eile chun na coincheapa sin a chur chun feidhme bunaithe ar iarracht chomhroinnte ag a bhfuil tacaíocht iomlán an Aontais. Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na nathruithe atá á moladh ar an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, is é is aidhm leis an togra leasaithe seo freisin na gnéithe comhair idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhaingniú chun togra an Choimisiúin lena leasaítear an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a léiriú, go háirithe i dtaca le foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a imscaradh i láithreacha práinne agus in ionaid rialaithe. I ndáil leis an méid sin, tugann an Coimisiún aghaidh ar an ngá le sineirgíochtaí a áirithiú idir na nósanna imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus filleadh trí chomhordú idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

Ní mór aghaidh a thabhairt ar an togra leasaithe seo i gcomhthéacs na caibidlíochta idirinstitiúideach faoin togra le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 arna chur i láthair ag an gCoimisiún an 4 Bealtaine 2016 3 . Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin thángthas ar chomhaontú sealadach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 28 Meitheamh 2017, a mheasann an Coimisiún a threiseoidh sainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (‘an Ghníomhaireacht’) go suntasach i gcomparáid le sainordú reatha na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn. Tá glacadh an Rialacháin maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ar feitheamh fad atá na pléití leanúnacha ar athchóiriú iomlán CEAS ar siúl. Urramaíonn an Coimisiún an comhaontú sealadach ar thángthas air idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 28 Meitheamh 2017 agus aithníonn sé breisluach an chomhréitigh sin i gcomparáid leis an rialachán reatha. Measann an Coimisiún gur cheart an togra leasaithe seo a phlé i gcomhthéacs na caibidlíochta leanúnach ar athchóiriú CEAS agus gur cheart féachaint air mar chomhlánú ar na pléití sin. Níor cheart an togra leasaithe seo aon mhoill bhreise a chur, ar aon slí, ar ghlacadh an Rialacháin maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

Chuir an Chomhairle Eorpach tuilleadh béime ar an ngá réiteach gasta a aimsiú ar phacáiste iomlán CEAS agus mheas sí gur cheart leanúint den obair d’fhonn an pacáiste a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir. Tá leasuithe spriocdhírithe an togra seo, nuair a fhéachtar orthu in éineacht leis na tograí maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus maidir leis an Treoir um Fhilleadh, tá siad fréamhaithe i gcur chuige cuimsitheach atá riachtanach chun comhaontú a éascú lena mbainfear an chothromaíocht iomchuí amach idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

In Aibreán 2016, ar iarratas ón gComhairle Eorpach, 4 d’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé dul chun cinn i dtreo creat reatha an Aontais a athchóiriú chun beartas daonna éifeachtach tearmainn a áirithiú agus i mí na Bealtaine agus i mí Iúil na bliana sin chuir an Coimisiún sraith tograí i láthair maidir le CEAS a athchóiriú. San áireamh sna beartais sin bhí togra le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Leis an togra leasaitheach seo comhlánaítear togra bunaidh an Choimisiúin agus tá sé comhleanúnach leis an gcuspóir beartas inmheánach a thógáil ar bhonn cothromaíocht idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht i bhfianaise Chonclúidí na Comhairle Eorpaí ó Mheitheamh 2018. Is dlúthchuid den dlúthpháirtíocht í tacaíocht dhaingnithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo i gcomhréir leis an mbeartas cuimsitheach fadtéarmach maidir le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce ón gCoimisiún, clár oibre ina ndearnadh de Threoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Juncker sraith de thionscnaimh chomhleanúnacha, a dhaingníonn a chéile, bunaithe ar cheithre cholún. Is iad na ceithre cholún sin: an spreagadh le himirce neamhrialta a laghdú, teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus beatha daoine a shábháil, beartas láidir maidir le tearmann agus beartas nua maidir le himirce dhlíthiúil. Leis an togra cuirtear an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce chun feidhme a thuilleadh, go háirithe i dtaca leis an gcuspóir beartas tearmainn an Aontais a neartú de bhrí go náiritheoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann go gcuirfear CEAS chun feidhme go hiomlán agus go comhleanúnach. Mar fhreagairt ar mholtaí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2018 cur chuige cuimsitheach a bheith ann i leith na himirce, cur chuige a chuimsíonn rialú níos éifeachtaí ar theorainneacha seachtracha an Aontais agus a neartaíonn an ghníomhaíocht sheachtrach, maille leis na gnéithe inmheánacha a bhaineann leis an gceist, go háirithe na gnéithe sin a bhaineann le hathchóiriú CEAS.

Leis an gcreat-Rialachán Airgeadais athbhreithnithe 5 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, lena náirítear rialacha daingnithe maidir le rialachas na ngníomhaireachtaí sin i réimse na calaoise, na neamhrialtachtaí, na rialacha maidir le coinbhleacht leasa agus na rialála inmheánaí, forlíonfar na rialacha atá sa togra seo

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is ar Airteagal 78(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá an togra reachtach bunaithe.

Coimhdeacht

Is iad cuspóirí an togra seo (i) a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit tacaíocht bhreise a fháil ón nGníomhaireacht lena náirítear trí iad a bheith páirteach sa nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta ag céim an riaracháin agus sa nós imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath] chun gur féidir leo iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa agus ar bhealach luath lenar féidir leis na córais tearmainn agus ghlactha feidhmiú go héifeachtúil ordúil; (ii) na gnéithe comhair idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhaingniú agus (iii) an fhreagracht a shannadh ar an gCoimisiún as liosta na niarrthóirí ar phost an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a mholadh. 

Ós rud é gur leas coiteann comhroinnte é a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm an creat dlíthiúil um thearmann mar is ceart agus go bhfeidhmeoidh an Comhchóras Eorpach Tearmainn ina iomláine go héifeachtach, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus éifeachtacht na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Déantar foráil sa togra maidir leis an bhféidearthacht go dtabharfadh an Ghníomhaireacht tacaíocht fheabhsaithe lena rannpháirtíocht sa nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta ag céim an riaracháin agus sa nós imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath] lena náirítear trí chinntí a ullmhú maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Ní féidir an tacaíocht sin a thabhairt do na Ballstáit ach ar iarratas uathu agus de réir a riachtanas. Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Is le rialachán amháin a fhéadtar an leibhéal éifeachtúlachta agus aonfhoirmeachta is gá a chur ar fáil chun dlí an Aontais maidir le tearmann a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ós rud é gur le haghaidh rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a bhí togra bunaidh an Choimisiúin, is iomchuí an ionstraim dlí chéanna a úsáid don togra leasaithe seo.

3. TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Agus an togra leasaithe seo á ullmhú ag an gCoimisiún, cuireadh san áireamh na pléití a rinneadh le déanaí sa Chomhairle Eorpach, i gComhairle na nAirí agus i bParlaimint na hEorpa, maidir leis na dúshláin leanúnacha a bhaineann leis an imirce agus le tearmann, agus lena thábhachtaí atá sé gníomhaireachtaí an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí fós agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin sin. Go háirithe, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach, ina cruinniú an 28 Meitheamh 2018, gur dúshlán í an imirce ní hamháin do Bhallstát amháin ach don Eoraip ina hiomláine. I ndáil leis an méid sin, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh an tAontas tacaíocht iomlán chun bainistiú ordúil sreabh imirce a áirithiú. Dá bhrí sin, déantar léiriú sa togra seo ar an smaoineamh sin agus déantar foráil ann do thacaíocht theicniúil fheabhsaithe lena gcuirfear ar chumas na mBallstát déileáil níos fearr leis na dúshláin imirce reatha, le tacaíocht ón nGníomhaireacht.

Dá bhrí sin, ní dhéantar foráil sa togra seo, agus an chaibidlíocht idirinstitiúideach á cur san áireamh chomh maith leis an gcomhaontú sealadach a tugadh i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 28 Meitheamh 2017, ach maidir le leasuithe spriocdhírithe ar Airteagal 16 maidir le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil agus Airteagal 21 maidir le foirne tacaíochta don bhainistiú imirce (chun a áirithiú go mbeidh sé comhleanúnach lena thogra le haghaidh Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, atá á chur i láthair in éineacht leis an togra leasaithe seo). Ina theannta sin, moltar ann airteagal nua a thabhairt isteach, eadhon Airteagal 16a maidir le cúnamh feabhsaithe leis an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta agus le nós imeachta Bhaile Átha Cliath agus lena leasaítear Airteagal 47 i leith roghnú an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Ar an mbealach sin, tá sé de sprioc ag an togra freagairt do riachtanais phráinneacha reatha na mBallstát atá faoi bhrú imirce agus léirítear ann an cás ar an talamh faoi láthair, agus, san am céanna, tá na leasuithe atá beartaithe teoranta dá bhfuil riachtanach i ndáil leis sin.

Mar gheall ar an míniú thuas agus an teorainn atá leis an togra leasaitheach seo, rinne an Coimisiún cinneadh gan aon mheastóireacht bhreise, comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara nó measúnú tionchair a dhéanamh, ag brath, ina leith sin, ar an méid atá déanta le linn don togra bunaidh a bheith á ullmhú le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh um Thearmann, arna chur i láthair ag an gCoimisiún an 4 Bealtaine 2016.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Déanfar gníomhaíochtaí uile Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus na cearta bunúsacha faoi mar atá cumhdaithe sa Chairt a urramú ina niomláine, lena náirítear an ceart chun tearmainn (Airteagal 18 den Chairt), cosaint ar refoulement (Airteagal 19 den Chairt), an ceart go dtabharfar meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7 den Chairt), an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), agus an ceart chun leigheas éifeachtach (Airteagal 47 den Chairt). Sa togra cuirtear san áireamh go hiomlán cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine atá soghonta sa chás ina bhfuil siad.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an togra seo leasaítear togra bunaidh an Choimisiúin le haghaidh Rialachán maidir le cúnamh feabhsaithe oibríochtúil agus teicniúil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh do na Ballstáit, go háirithe trí thacaíocht fheabhsaithe a chur ar fáil i dtaca leis an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus i dtaca le cur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, tugtar isteach leis an togra an deis úsáid níos leithne a bhaint as na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce. Tá gá, dá bhrí sin, le hacmhainní breise airgeadais, lena gcuirfear ar chumas na Gníomhaireachta na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn is gá a imscaradh (idir shaineolaithe tearmainn, bhaill foirne eatramhacha agus ateangairí), chomh maith le trealamh teicniúil agus bonneagar teicniúil (trealamh Eurodac, mar shampla) le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.

Tá na hacmhainní breise airgeadais arna iarraidh cothrom le EUR 55 milliún le haghaidh gach bliain idir 2019 – 2027. Tá na hacmhainní airgeadais iomlána is gá chun a chur ar chumas na Gníomhaireachta a misean a chomhlíonadh faoin sainordú leathnaithe beartaithe cothrom le EUR 320.8 milliún le haghaidh na tréimhse 2019-2020 agus EUR 1,25 billiún le haghaidh na tréimhse 2021-2027.

Ní fhoráiltear maidir le haon phost nua chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a thascanna nua a chur i gcrích go héifeachtúil, ní hionann agus togra bunaidh an Choimisiúin, ina ndearnadh foráil maidir le méadú de réir a chéile ar fhoireann na Gníomhaireachta go 500 ball foirne i gcoibhéis lánaimseartha in 2020, mar go gclúdófar mórchuid na ngníomhaíochtaí nua arna mbeartú le himscaradh foirne breise tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

Tá na riachtanais airgeadais comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus d’fhéadfadh sé go mbeadh úsáid ionstraimí speisialta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle i gceist. Is féidir an ranníocaíocht arna iarraidh ón Aontas le haghaidh na tréimhse 2021-2027 a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a leagtar amach i dtogra CAI an 2 Bealtaine 2018.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sa togra seo lena leasaítear togra bunaidh an Choimisiúin le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann cuirtear san áireamh an chaibidlíocht idirinstitiúideach agus an comhaontú sealadach a tugadh i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 28 Meitheamh 2017. Bunaithe ar an gcomhaontú sin beidh an Ghníomhaireacht in ann cúnamh oibríochtúil agus teicniúil méadaithe a thabhairt do na Ballstáit, go háirithe na Ballstáit sin atá faoi bhrú díréireach, lena náirítear tríd an díorma tearmainn a bhunú ina mbeidh 500 saineolaí as na Ballstáit chun imscaradh tapa a éascú. Mar chuid den chúnamh oibríochtúil agus teicniúil is féidir leis an nGníomhaireacht a thabhairt, éascófar scrúdú na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus tabharfar cúnamh do na Ballstáit leis an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta. Beidh an Ghníomhaireacht in ann idirghabháil a dhéanamh freisin i mBallstát bunaithe ar chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcás ina mbeidh brú díréireach ag cur éilimh atá thar a bheith trom agus práinneach ar chórais tearmainn agus ghlactha Ballstáit agus i gcás nach mbeidh aon ghníomhaíocht déanta nó ina mbeidh gníomhaíocht neamhleordhóthanach déanta nó nach mbeidh moltaí an Choimisiúin á gcomhlíonadh ag an mBallstát lena mbaineann tar éis cleachtadh faireacháin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht feabhas ar fheidhmiú CEAS trí faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chur chun feidhme oibríochtúil agus teicniúil CEAS sna Ballstáit chun aon easnaimh fhéideartha a chosc nó a shainaithint agus chun tacaíocht ábhartha a chur ar fáil.

Sa togra leasaithe seo tá leasuithe spriocdhírithe ina molann an Coimisiún airteagal nua a chur in ionad dhá airteagal dá thogra bunaidh, eadhon Airteagal 16 maidir le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil agus Airteagal 21 maidir le foirne tacaíochta don bhainistiú imirce. Moltar ann freisin airteagal nua a thabhairt isteach, eadhon Airteagal 16a maidir le cúnamh feabhsaithe leis an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus le nós imeachta Bhaile Átha Cliath. Thairis sin, tá athruithe á moladh ar Airteagal 47 maidir le ceapadh an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

I ndáil le hAirteagal 16 a bhaineann leis an gcúnamh oibríochtúil agus teicniúil is féidir leis an nGníomhaireacht a thabhairt do na Ballstáit, tá téacs an chomhaontaithe shealadaigh ar a tugadh i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle curtha san áireamh ag an gCoimisiún ina thogra leasaitheach. Ar an mbealach sin, leagtar amach sa togra leasaithe na cásanna agus na dálaí uile faoinar féidir leis an nGníomhaireacht cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil, eadhon ar iarratas ón mBallstát lena mbaineann, ar thionscnamh na Gníomhaireachta le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann nó bunaithe ar chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle. Sonraítear sa togra leasaithe seo freisin na cúraimí is féidir leis an nGníomhaireacht a dhéanamh nuair a bheidh cúnamh oibríochtúil agus teicniúil á chur ar fáil aici trí na cúraimí arna sainiú sa chomhaontú sealadach in Airteagal 16 agus in Airteagal 21 den chomhaontú sin a ghlacadh chuici féin. Ina theannta sin, déantar oiriúnú breise ar na tascanna in Airteagal 16 chun aghaidh a thabhairt ar thabhairt isteach Airteagal 16a maidir le cúnamh feabhsaithe leis an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta agus le nós imeachta Bhaile Átha Cliath chomh maith leis na hathruithe ar Airteagal 21 maidir le foirne tacaíochta don bhainistiú imirce.

Is ar an Airteagal 16a nua atá an togra leasaithe seo dírithe agus déantar foráil ann maidir leis an deis a bheith ag Ballstát, ar iarratas uaidh, tacaíocht bhreise a fháil ón nGníomhaireacht, lena náirítear é a bheith páirteach sa nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta, nó codanna de, ag céim an riaracháin agus sa nós imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath]. Chuirfeadh sin ar chumas na mBallstát iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa agus ar bhealach luath lenarbh fhéidir leis na córais tearmainn agus ghlactha feidhmiú go héifeachtúil ordúil. Ina leith sin, bheadh an Ghníomhaireacht in ann cinntí a ullmhú, ar iarratas ón údarás inniúil náisiúnta, maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus na cinntí sin a sholáthar do na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanfaidh an cinneadh ansin maidir leis na hiarratais aonair agus a bheidh freagrach go hiomlán as na hiarratais sin a phróiseáil. Bheadh an Ghníomhaireacht in ann tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit freisin lena nachomhairc i gcásanna tearmainn trí thaighde dhlíthiúil a dhéanamh, tuarascálacha agus anailísiú a tháirgeadh agus tacaíocht dhlíthiúil eile a chur ar fáil ar iarratas ó na cúirteanna nó ó na binsí agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas agus neamhclaontacht na mbreithiúna.

I dtaca leis na hathruithe ar Airteagal 21 maidir le foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, tá airteagal nua á chur i láthair ag an gCoimisiún in ionad an airteagail ina thogra bunaidh chun comhleanúnachas a áirithiú lena thogra le haghaidh Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta atá á chur i láthair in éineacht leis an togra leasaithe seo. Molann an Coimisiún an raon feidhme a leathnú lena gcuirtear úsáid na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ar siúl – tá a nimscaradh faoi réir iarratas ón mBallstát ach níl sé teoranta níos mó do dhúshláin dhíréireacha imirce. De réir an togra leasaithe, tá an Coimisiún i gceannas ar chomhordú ar an talamh, mar atá léirithe cheana sa chomhaontú sealadach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, chomh maith le comhordú na niarratas ó na Ballstáit agus leis an measúnú ar riachtanais. D’áiritheodh sin comhleanúnachas idir gníomhaíochtaí éagsúla ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais chomh maith le barainneacht acmhainní na nGníomhaireachtaí agus na mBallstát.

Maidir le hAirteagal 47, molann an Coimisiún go mbeadh sé de fhreagracht ar an gCoimisiún seachas ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin liosta na niarrthóirí ar phost an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a mholadh do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Tá an tathrú sin, lena dtugtar isteach arís an méid a moladh i dtogra bunaidh an Choimisiúin, tá sé á thabhairt isteach chun comhsheasmhacht a sholáthar leis an nós imeachta maidir le ceapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus, ar an mbealach sin, creat rialachais na Gníomhaireachta a ailíniú níos fearr le prionsabail an chur chuige chomhchoiteann i leith gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais arna ghlacadh an 12 Iúil 2012 ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún. Tá sin ag teacht freisin le cur chuige an Choimisiúin sa togra le haghaidh Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

I gcás ina gcomhaontóidh na comhreachtóirí na hathruithe arna gcur i láthair ag an gCoimisiún sa togra leasaithe seo agus ina ndéanfaidh siad na hathruithe sin a ionchorprú, is gá comhleanúnachas le hairteagail eile an togra le haghaidh Rialachán maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a bhaineann leis an nós imeachta chun cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil, an plean oibríochtúil agus úsáid na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, agus forálacha cosanta sonraí, chomh maith le hionstraimí bainteacha eile, go háirithe na tograí i dtaca leis an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, is gá iad a áirithiú, agus is gá airteagail agus aithrisí a athuimhriú.

2016/0131 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010




Tuairim ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh chruinniú na gceannairí in
Salzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)    Cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (20):

“(1)I Meitheamh 2018, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a thábhachtaí a bhí sé brath ar chur chuige cuimsitheach i leith na himirce agus dúirt sí gur dúshlán í an imirce ní hamháin do Bhallstát amháin ach don Eoraip ina hiomláine. Ina leith sin, chuir sí béim ar a thábhachtaí a bhí sé don Aontas tacaíocht iomlán a thabhairt chun a áirithiú go mbainisteofar sreabha imirce go hordúil, go háirithe le próiseáil tapa chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar chosaint ag na daoine a bhfuil sí de dhíth orthu, agus, san am céanna, go gcuirfear ar ais go tapa na daoine nach bhfuil an chosaint sin de dhíth orthu, lena náirítear trí ionaid rialaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tAontas a bheith in ann tacaíocht iomlán airgeadais agus oibríochtúil a thabhairt trí na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, lena náirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann.

(2)Ina leith sin, ar iarratas ó Bhallstát, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann cúnamh oibríochtúil agus teicniúil níos daingne arís a thabhairt tríd an nós imeachta uile maidir le cosaint idirnáisiúnta nó codanna di a chur i gcrích ag céim an riaracháin agus cúnamh a thabhairt i leith an nós imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath] gan dochar d'inniúlacht na mBallstát cinntí a dhéanamh faoi iarratais aonair.

(3)Dá nglacfadh an Ghníomhaireacht páirt sa nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus sa nós imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath], d'áiritheodh sin go bhfaigheadh na Ballstáit an cúnamh uile is gá chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa agus ar bhealach luath chun go bhféadfadh na córais tearmainn agus ghlactha feidhmiú go héifeachtúil ordúil. Chuige sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann cúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla náisiúnta ag céim riaracháin an nós imeachta cinntí a ullmhú faoi iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann na dréachtchinntí a d'ullmhaigh an Ghníomhaireacht a chur san áireamh gan dochar dá ninniúlacht cinntí a dhéanamh faoi iarratais aonair.

(4)Ba cheart don Ghníomhaireacht agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin imirce, go háirithe ag na teorainneacha seachtracha ag a mbíonn sreabha imirce móra measctha isteach. Go háirithe, ba cheart don dá Ghníomhaireacht a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus cuidiú leis na Ballstáit an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus an nós imeachta maidir le filleadh i leith náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh a niarratais ar chosaint idirnáisiúnta nó atá i mBallstát go mídhleathach ar dhóigh eile, na nósanna imeachta sin a éascú. Lena chois sin, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta comhoibriú freisin i leith gníomhaíochtaí oibríochtúla coitianta eile amhail anailísiú riosca comhroinnte, bailiú sonraí staidrimh, oiliúint agus tacaíocht do na Ballstáit ó thaobh pleanáil theagmhasach de.

(5)Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann brath ar mhéadú ar an daingniú oibríochtúil agus teicniúil a dhéanfadh na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, go háirithe i limistéir ina bhfuil teophointe nó in ionad rialaithe. Ba cheart na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a bheith comhdhéanta d'fhoirne saineolaithe as na Ballstáit a d'imscar an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith le saineolaithe as foireann na Gníomhaireachta agus as an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Ba cheart don Choimisiún an comhordú is gá a dhéanamh ar mheasúnú na riachtanas agus ar na hoibríochtaí ar an talamh, go háirithe ós rud é go mbeidh roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais páirteach san obair, agus go bhféadfadh páirtithe leasmhara eile a bheith páirteach inti freisin.

(6)Maidir leis sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann an bonneagar leordhóthanach agus an trealamh teicniúil leordhóthanach a chur ar fáil a theastaíonn ó na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn agus a bheith in ann cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta, lena náirítear na breithiúna.

(7)I limistéir ina bhfuil teophointe nó in ionaid rialaithe, ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontas, agus ba cheart do na gníomhaireachtaí sin gníomhú laistigh dá gcuid sainorduithe agus cumhachtaí féin, agus faoi chomhordú an Choimisiúin.

(8)Sna cásanna sin, ba cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais, ar iarratas ón mBallstát agus faoi chomhordú an Choimisiúin, gníomhú chun cuidiú leis an mBallstát ósta nósanna imeachta tapa a fheidhmiú maidir le cosaint idirnáisiúnta agus/nó filleadh. Ba cheart é a bheith indéanta idirdhealú a dhéanamh go tapa idir náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus náisiúnaigh nach bhfuil, seiceálacha slándála a dhéanamh agus an nós imeachta uile maidir le cosaint idirnáisiúnta agus/nó filleadh, nó cuid de, a chur i gcrích.

(9)Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cúnamh ón nGníomhaireacht a iarraidh ní hamháin chun a riarachán náisiúnta a dhaingniú ach, chomh maith leis sin, chun cúnamh a thabhairt do na cúirteanna agus do na binsí a phléann le cásanna tearmainn, gan dochar don neamhspleáchas breithiúnach agus i gcomhréir iomlán le heagrú na mbreithiúna i ngach Ballstát. Chuige sin, nuair a bheidh sí ag sainiú phróifílí na saineolaithe, ba cheart don Ghníomhaireacht foráil maidir le próifílí le haghaidh saineolaithe atá neamhspleách ar na húdaráis riaracháin náisiúnta agus ar féidir leo cúnamh a thabhairt do na cúirteanna nó do na binsí, ar iarratas uathu, trí thaighde agus anailísiú dlí a dhéanamh agus tacaíocht eile a thabhairt dóibh.

(2) Cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (42):

“(1)Cuspóir eile de chuid an Rialachán seo is ea a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit, ar iarratas uathu agus de réir a riachtanas, tacaíocht bhreise a fháil ón nGníomhaireacht, lena náirítear í a bheith páirteach sa nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus sa nós imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath], chun gur féidir leo iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa agus ar bhealach luath chun go bhféadfaidh siad na córais tearmainn agus ghlactha feidhmiú go héifeachtúil ordúil agus chun na gnéithe comhair idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhaingniú.

(2)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, dá bharr sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.”

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Cúnamh oibríochtúil agus teicniúil ón nGníomhaireacht

1. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil agus teicniúil do na Ballstáit i gcomhréir leis an gCaibidil seo:

(a) ar iarratas ón mBallstát lena mbaineann chuig an nGníomhaireacht i leith chur chun feidhme a oibleagáidí faoi CEAS;

(b) ar iarratas ón mBallstát lena mbaineann chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 16a;

(c) ar iarratas ón mBallstát lena mbaineann chuig an nGníomhaireacht i gcás ina mbeidh a chórais tearmainn nó ghlactha faoi bhrú neamhréireach;

(d) ar iarratas ón mBallstát lena mbaineann chuig an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 21;

(e) ar thionscnamh na Gníomhaireachta i gcás ina mbeidh córais tearmainn nó ghlactha Ballstáit faoi bhrú neamhréireach, agus ina bhfuarthas toiliú an Bhallstáit lena mbaineann;

(f) i gcás ina dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil agus teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 22.

2. Eagróidh agus comhordóidh an Ghníomhaireacht ar feadh tréimshe teoranta an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil iomchuí, agus is féidir gur gá chuige sin ceann de na bearta oibríochtúla agus teicniúla seo a leanas a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha:

(a) náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a chlárú , a sonraí bithmhéadracha a thógáil agus iad a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta sin, de réir mar is iomchuí, i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

(b) cúnamh a thabhairt i leith clárú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus an clárú sin a dhéanamh;

(c)faisnéis tosaigh a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta agus iad a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla náisiúnta;

(d) cúnamh a thabhairt an scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá faoi scrúdú ag na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanamh a éascú nó cúnamh riachtanach eile a thabhairt dóibh i leith an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta, go háirithe mar seo a leanas;

(i)    trí chúnamh a thabhairt an tagallamh inghlacthachta agus an tagallamh substainteach a dhéanamh nó tríd na hagallaimh sin a dhéanamh, de réir mar is infheidhme, mar aon leis an agallamh chun a dhéanamh amach cén Ballstát atá freagrach;

(ii)    tríd an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú sa chóras uathoibrithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath];

(c)    cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(iii)    cúnamh a thabhairt faisnéis a chur ar fáil d'iarratasóirí faoin nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus cúnamh a thabhairt i leith dálaí glactha de réir mar is iomchuí; 

(iv)    cúnamh a thabhairt faisnéis a sholáthar faoi leithdháileadh agus an cúnamh riachtanach a thabhairt d'iarrthóirí ar féidir go leithdháilfí iad;

(e)    tionscnaimh na mBallstát chomhpháirteacha Ballstát i dtaca le comhar teicniúil a éascú agus na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta á bpróiseáil;

(f)    comhairle a thabhairt do na Ballstáit faoi shaoráidí glactha a chur ar bun nó a chur ar fáil agus an méid sin a chomhordú nó cúnamh a thabhairt sin a dhéanamh, go háirithe cóiríocht éigeandála, modhanna iompair agus cúnamh liachta;

(g)    cúnamh a thabhairt i leith na gcúraimí agus na noibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath], lena náirítear trí leithdháileadh nó aistriú iarratasóirí nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh nó a chomhordú laistigh den Aontas;

(h)    cúnamh a thabhairt i leith na nósanna imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath];

   (i)    seirbhísí ateangaireachta a sholáthar;

(j)    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na cosaintí ar fad is gá do chearta leanaí agus cosaint leanaí i bhfeidhm, go háirithe maidir le mionaoisigh neamhthionlactha; 

(k)    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit na hiarratasóirí a bhfuil ráthaíochtaí speisialta nós imeachta de dhíth orthu nó na hiarratasóirí a bhfuil riachtanais speisialta ghlactha acu nó daoine eile atá soghonta sa chás ina bhfuil siad a shainaithint, lena náirítear mionaoisigh, le cois na daoine sin a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla náisiúnta le haghaidh cúnamh iomchuí ar bhonn bearta náisiúnta, agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na coimircí riachtanacha uile ar bun do na hiarratasóirí sin;

(l)    cúnamh nó tacaíocht a thabhairt i leith an chomhair idir na húdaráis náisiúnta ábhartha chun obair leantach a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta i gcás nósanna imeachta maidir le filleadh is féidir a bheidh ann i gcás ina ndéanfar cinneadh diúltach cinntitheach;

(m)    cinntí a ullmhú faoi iarratais ar chosaint idirnáisiúnta gan dochar d'inniúlacht an údaráis inniúil náisiúnta cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais aonair;

(n)    cúnamh a thabhairt achomhairc a láimhseáil trí thaighde agus anailísiú dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí eile a thabhairt, le cois nithe eile;

(o)    páirt a ghlacadh sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag na láithreacha práinne dá dtagraítear i Rialachán 2016/1624 in Airteagal 21, i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

(p)    foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imscaradh

(q)    comhairle a thabhairt, de réir mar is iomchuí, agus an bonneagar leordhóthanach agus an trealamh teicniúil leordhóthanach a chur ar fáil atá de dhíth ar na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn agus chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta, lena náirítear na breithiúna.

3.    Déanfaidh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí atá leagtha amach i mír 1 2 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

4.    Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúchán toradh na mbeart oibríochtúil agus teicniúil a mheas agus tuarascálacha meastóireachta mionsonraithe a tharchur i gcomhréir leis an scéim tuairiscithe agus meastóireachta dá bhforáiltear sa phlean oibríochtúil chuig an mBord Bainistíochta faoi cheann 60 lá ón uair a thiocfaidh deireadh leis soláthar na mbearta sin maille le barúlacha Oifigeach na gCeart Bunúsach. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin agus cuirfear isteach í sa tuarascáil gníomhaíochtaí bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 65.”

(4) Cuirtear isteach an tAirteagal 16a seo a leanas:

“Airteagal 16a

Cúnamh feabhsaithe i leith an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus nós imeachta Bhaile Átha Cliath

1. Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an nGníomhaireacht cúnamh feabhsaithe a thabhairt dó chun cúnamh a thabhairt dó a bheartas maidir le tearmann a chur chun feidhme, lena náirítear a oibleagáidí faoi CEAS. Chuige sin, imscarfaidh an Ghníomhaireacht foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, lena náirítear as an díorma cúltaca um thearmann, de réir mar is iomchuí, chun:

(a)an nós imeachta uile maidir le cosaint idirnáisiúnta nó codanna di a chur i gcrích ag céim an riaracháin i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán an Nós Imeachta maidir le Tearmann] gan dochar d'inniúlacht na mBallstát cinntí a dhéanamh faoi iarratais aonair agus/nó;

(b)cúnamh a thabhairt na nósanna imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath] a chur chun feidhme go tapa nó iad a chur chun feidhme, agus/nó;

(c)cúnamh a thabhairt achomhairc a láimhseáil maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b).

2.Chun críocha phointe (a) de mhír 1, déanfaidh na saineolaithe sna foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, de réir mar is iomchuí:

(a)faisnéis a thabhairt d'iarratasóirí faoin nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta agus i dtaca le dálaí glactha, de réir mar is infheidhme;

(b)iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú;

(c)sonraí bithmhéadracha a thógáil agus na sonraí sin a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Eurodac];

(d)cúnamh a thabhairt d'iarratasóirí a niarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh;

(e)aon riachtanais i leith ráthaíochtaí speisialta nós imeachta nó aon riachtanais speisialta ghlactha a shainaithint agus a mheas;

(f)an tagallamh inghlacthachta agus an tagallamh substainteach a dhéanamh, de réir mar is infheidhme;

(g)an fhianaise a mheas a bhaineann le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta;

(h)cinntí a ullmhú faoi iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus na cinntí sin a chur ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, údaráis a mbeadh sé de chúram orthu cinntí a dhéanamh faoi iarratais aonair i gcomhréir leis na prionsabail bhunúsacha agus na ráthaíochtaí bunúsacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán an Nós Imeachta maidir le Tearmann];

(i)cúnamh nó tacaíocht a thabhairt i leith an chomhair idir na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha chun obair leantach a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta i gcás nósanna imeachta maidir le filleadh is féidir a bheidh ann i gcás ina ndéanfar cinneadh cinntitheach diúltach.

3.Chun críocha phointe (b) de mhír 1, déanfaidh na saineolaithe sna foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, de réir mar is iomchuí:

(a)an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú sa chóras uathoibrithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath];

(b)faisnéis a thabhairt do na hiarratasóirí faoi na nósanna imeachta is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath];

(c)an tagallamh a dhéanamh chun a dhéanamh amach cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(d)an rianú agus an mheaitseáil teaghlaigh a dhéanamh i gcomhar leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú;

(e)a dhéanamh amach cé na hiarratasóirí atá incháilithe do leithdháileadh nó aistriú;

(f)cúnamh a thabhairt iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a leithdháileadh nó a aistriú, sin a dhéanamh nó sin a chomhordú;

(g)cúnamh a thabhairt i leith an nós imeachta chun a dhéanamh amach cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, nó an nós imeachta sin a chur i gcrích;

(h)cúnamh a thabhairt nósanna imeachta um ghabháil ar láimh nó iad a thabhairt i gcrích agus fógraí a aistarraingt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX [Rialachán Bhaile Átha Cliath].

4. Chun críocha phointe (c) de mhír 1, tabharfaidh na saineolaithe as na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, de réir mar is iomchuí, cúnamh do na cúirteanna nó na binsí ar iarratas uathu, agus neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna á-urramú ina niomláine, achomhairc a dhéanamh trí thaighde agus anailísiú dlí a dhéanamh, le cois nithe eile, agus tacaíocht dlí eile a thabhairt.

5.Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh aistriúchán ar na doiciméid ábhartha agus na seirbhísí ateangaireachta is gá ar fáil.”

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

Foirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.I gcás ina niarrfaidh Ballstát an tacaíocht bhreise oibríochtúil agus theicniúil ó fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce mar atá luaite in Airteagal 17 de Rialachán Uimh. XXX/XXX nó i gcás ina nimscarfar foirne tacaíochta don bhainistiú imirce chuig láithreacha práinne mar atá luaite in Airteagal 18 de Rialachán Uimh. XXX/XXX, áiritheoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ndéanfar gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a chomhordú leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha an Aontais Eorpaigh. 2.

2.Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, an nós imeachta chun foirne tacaíochta don bhainistiú imirce nó saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn a imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 17 agus Airteagal 18. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sa tacaíocht bhreise oibríochtúil agus theicniúil a chuirfidh na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn nó na saineolaithe ón díorma um idirghabháil teorainn ar fáil faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce:

(a) scagadh ar náisiúnaigh tríú tír, lena náirítear iad a shainaithint, a chlárú agus, i gcás ina niarrfaidh na Ballstáit amhlaidh, a méarloirg a thógáil;

iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus, i gcás ina niarrfaidh na Ballstáit sin, na hiarratais sin a scrúdú;

faisnéis faoi nósanna imeachta tearmainn a chur ar fáil, lena náirítear eolas faoi athlonnú agus cúnamh sonrach a chuirfear ar fáil d'iarratais nó d'iarratasóirí féideartha a d'fhéadfadh a bheith faoi réir athshuíomh.

1.Féadfar foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a imscaradh ar iarratas ó Bhallstát, nó ar thionscnamh na Gníomhaireachta agus má fuarthas toiliú an Bhallstáit lena mbaineann, chun daingniú teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar don Bhallstát sin.

2.Beidh na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce comhdhéanta d'fhoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn, baill foirne as cór buan na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chomh maith le saineolaithe as Europol nó as gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais.

3.Cuirfidh an Ballstát dá dtagraítear i mír 1 iarratas chuig an gCoimisiún ar dhaingniú ó na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus ar mheasúnú ar a riachtanais. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn measúnú riachtanas an Bhallstáit sin, an tiarratas a tharchur chuig an nGníomhaireacht, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig Europol agus chuig gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh sé an comhordú foriomlán ar an measúnú sin.

4.Déanfaidh na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, faoi chomhordú an Choimisiúin, measúnú ar an iarratas ó Bhallstát ar dhaingniú agus ar a riachtanais chun na bearta riachtanacha, lena náirítear trealamh teicniúil a thabhairt amach, a shainiú lena gcomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann.

5.Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát ósta agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, na téarmaí comhair a leagan síos maidir le himscaradh na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce chomh maith le tabhairt amach an trealaimh theicniúil, agus beidh sé freagrach as comhordú ghníomhaíochtaí na bhfoirne sin.

6. Féadfaidh na foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imscarfaidh an Ghníomhaireacht faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus Airteagal 16a a dhéanamh.

7.Beidh san áireamh sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, más gá, baill foirne ag a bhfuil saineolas ar chosaint leanaí, gáinneáil daoine, cearta bunúsacha, comhionannas inscne agus cosaint ar fhoréigean ar bhonn inscne.”

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47:

Airteagal 47
Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1. Beidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chúnamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus é ag bainistiú na Gníomhaireachta agus ag déanamh a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 46(5). Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé ar fáil, glacfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ionad.

2. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin as liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Ceapfar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn tuillteanais agus scileanna riaracháin agus bainistíochta iomchuí i réimsí an riaracháin agus na bainistíochta, lena náirítear taithí ghairmiúil ábhartha ar bhainistiú i réimse na himirce agus an tearmainn. Molfaidh Coimisiún an Stiúrthóra Feidhmiúcháin trí iarrthóir ar a laghad le haghaidh phost an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Beidh sé de chumhacht ag an mBord Bainistíochta síneadh a chur leis an téarma oifige nó an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ar thogra ó Coimisiún an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Beidh feidhm ag forálacha (1), (4), (5), (7), (8) agus (9) d'Airteagal 45 maidir leis an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA

1.1.Teideal an togra

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA

1.1.Teideal an togra

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 439/2010

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 6  

An réimse beartais: Tearmann agus Imirce (Teideal 18)

Gníomhaíocht: Tearmann

1.3.An cineál togra

 Baineann an togra le beart nua 

 Baineann an togra le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 7  

 Baineann an togra le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóir

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra dírithe

Is é is aidhm don togra seo ról EASO a neartú agus gníomhaireacht iomlán chuimsitheach a dhéanamh de a chuirfidh tacaíocht oibríochtúil chuimsitheach ar fáil, a éascóidh cur chun feidhme CEAS agus a fheabhsóidh an dóigh a bhfeidhmíonn sé.

Is léiriú é ar an bhforbairt sin go mbeartaítear leis an togra Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a thabhairt ar EASO feasta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 1: Cur chun feidhme CEAS a éascú agus an dóigh a bhfeidhmíonn sé a fheabhsú

- Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CEAS

- Gníomhaíochtaí tacaíochta do chur chun feidhme CEAS

- Gníomhaíochtaí tacaíochta do chomhar praiticiúil idir na Ballstáit

- Faisnéis faoin tír thionscnaimh agus anailísiú coiteann

- Dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla maidir le tearmann a chur chun cinn

Cuspóir sonrach Uimh. 2: Cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit

- Feabhas a chur ar chomhar praiticiúil agus ar mhalartú faisnéise

- Gníomhaíochtaí um thacaíocht oibríochtúil

- Comhar le comhpháirtithe aguspáirtithe leasmhara

- Caighdeáin oibríochtúla, treoirlínte agus dea-chleachtais maidir le tearmann

- Cumarsáid, malartú faisnéise

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

→CAI 2014-2020

Gníomhaíocht 18 03: Tearmann agus Imirce

→CAI 2021-2027

Gníomhaíocht 10: An Imirce

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é an aidhm atá ann Gníomhaireacht iomlán cuimsitheach a dhéanamh de EASO a mbeidh sé de chumas aici:

- an cúnamh teicniúil agus oibríochtúil is gá a sholáthar do na Ballstáit;

- comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a mhéadú idir na Ballstáit;

- tacú le dáileadh inbhuanaithe cothrom na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

- faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CEAS agus ar acmhainn chórais tearmainn agus ghlactha sna Ballstáit; agus

- cóineasú a chumasú i measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra.

- An líon easnamh a fuarthas tráth a rinneadh faireachán agus measúnú ar chur chun feidhme CEAS in aghaidh na bliana

- An líon gníomhaíochtaí tacaíochta do chur chun feidhme CEAS in aghaidh na bliana

- An líon gníomhaíochtaí tacaíochta do chomhar praiticiúil idir na Ballstáit in aghaidh na bliana

- An líon tíortha tionscnaimh dá ndréachtaítear tuarascálacha ar fhaisnéis faoin tír thionscnaimh agus dá ndéantar anailís choiteann in aghaidh na bliana

- An líon caighdeán oibríochtúil, an líon treoirlínte agus an líon dea-chleachtas i ndáil leis an tearmann in aghaidh na bliana

- An líon gníomhaíochtaí agus líonraí um chomhar praiticiúil in aghaidh na bliana

- An líon socruithe i ndáil le malartú faisnéise in aghaidh na bliana

- An líon gníomhaíochtaí tacaíochta in aghaidh na bliana

- An líon gníomhaíochtaí agus socruithe i gcomhar le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara ábhartha in aghaidh na bliana

- An líon gníomhaíochtaí cumarsáide in aghaidh na bliana

1.5.Foras an togra

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Sa togra seo, cuirtear leis an sainordú atá ag EASO faoi láthair agus leathnaítear é d'fhonn gníomhaireacht iomlán cuimsitheach a dhéanamh de EASO a bhfuil na huirlisí riachtanacha aici chun: (1) comhar praiticiúil agus malartú faisnéise i ndáil le tearmann a fheabhsú; (2) dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn d'fhonn ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú i gcur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil i ndáil le tearmann; (3) cóineasú níos fearr a áirithiú agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais; (4) faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CEAS; (5) cúnamh teicniúil agus oibríochtúil breise do na Ballstáit leis na córais tearmainn agus ghlactha a bhainistiú, lena náirítear tacaíocht fheabhsaithe i réimse an nós imeachta cosanta chun próiseáil tapa tráthúil a áirithiú le go bhfeidhmeoidh na córais tearmainn agus ghlactha go héifeachtach agus go hordúil agus chun cabhrú leis na Ballstáit i dtaca le nós imeachta Bhaile Átha Cliath; (6) gníomhaíochtaí cuimsitheacha a sholáthar mar thacaíocht don Bhallstát óstach chun próiseáil thapa a áirithiú tríd an nós imeachta riaracháin iomlán le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, nó cuid de, a chomhlíonadh lena náirítear sna hionaid rialaithe agus chun cabhrú leis na breithiúna achomhairc a láimhseáil.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE

Is iad seo cuspóirí an togra seo: cur chun feidhme CEAS a éascú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú; comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a neartú idir na Ballstáit maidir le cúrsaí tearmainn; dlí an Aontais agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn sa chaoi go náiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeachta maidir le nósanna imeachta tearmainn, coinníollacha glactha agus measúnú riachtanas cosanta ar fud an Aontais; faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil dhlí an Aontais maidir le tearmann agus breis tacaíochta, idir thacaíocht oibríochtúil agus tacaíocht theicniúil, a chur ar fáil do na Ballstáit chun go bhféadfaidh siad bainistiú a dhéanamh ar na córais tearmainn agus ghlactha, go háirithe tacaíocht do Bhallstáit a bhfuil a gcórais tearmainn agus ghlactha faoi bhrú díréireach.

Ós rud é gur leis an leas coiteann é a áirithiú go ndéanfar an creat dlíthiúil i ndáil le tearmann a chur i bhfeidhm go hiomchuí, trí ghníomhaíochtaí comhbheartaithe idir na Ballstáit le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, d'fhonn cobhsaíocht agus ord i bhfeidhmiú CEAS a dhaingniú, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a bhaint amach go leordhóthanach agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ó chuaigh sé i mbun oibre in 2011, thacaigh EASO ar bhonn leanúnach leis na Ballstáit na rialacha reatha a chur i bhfeidhm agus feidhmiú na nuirlisí a bhí ann cheana a fheabhsú. Tá taithí faighte ag an nGníomhaireacht agus thuill sí meas ar a cuid oibre maidir le comhar praiticiúil idir na Ballstáit agus maidir le cuidiú leo a noibleagáidí faoi CEAS a chur chun feidhme. Tháinig forbairt de réir a chéile ar chúraimí EASO, sa dóigh go mbeifí in ann freastal ar riachtanais na mBallstát agus CEAS ina niomláine, ar riachtanais iad a bhfuil fás fúthu i gcónaí. Tá méadú ag teacht ar an méid a bhraitheann na Ballstáit ar thacaíocht oibríochtúil agus theicniúil na Gníomhaireachta. Is mór an teolas agus an taithí atá ag an nGníomhaireacht ar réimse an tearmainn agus is mithid lárionad saineolais aistí féin a dhéanamh di, seachas í a bheith ag brath go mór ar fhaisnéis agus ar shaineolas a chuireann na Ballstáit ar fáil.

Dar leis an gCoimisiún, tá an Ghníomhaireacht ar cheann de na huirlisí sin a fhéadfar a úsáid go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha in CEAS, laigí ar géire anois iad mar gheall ar theacht isteach imirceach agus iarrthóirí tearmainn san Aontas ar mórscála agus go neamhrialaithe, go háirithe le blianta beaga anuas. Is amhlaidh nach bhféadfaí athchóiriú a dhéanamh ar CEAS gan sainordú a bheith ag an nGníomhaireacht a fhreagraíonn do na héilimh a bheidh ann de bharr an athchóirithe. Is den riachtanas é go mbeidh na hacmhainní is gá ag an nGníomhaireacht chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i gcás géarchéime, ach is riachtanaí fós creat láidir dlí atá oibríochtúil agus praiticiúil a chruthú don Ghníomhaireacht chun gur féidir tacaíocht bhreise a thabhairt do chórais tearmainn agus ghlactha na mBallstát agus chun gur féidir iad a chomhlánú.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an togra seo i gcomhréir leis an mbeartas cuimsitheach fadtéarmach maidir le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce atá leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce ón gCoimisiún, clár oibre ina ndearnadh de Threoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Juncker sraith de thionscnaimh chomhleanúnacha, a threisíonn a chéile, bunaithe ar cheithre cholún. Is iad na ceithre cholún sin: na dreasachtaí don imirce neamhrialta a laghdú, teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus beatha daoine a shábháil, beartas láidir maidir le tearmann agus beartas nua maidir le himirce dhlíthiúil. Leis an togra cuirtear an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce chun feidhme a thuilleadh, go háirithe i dtaca leis an gcuspóir beartas tearmainn an Aontais a neartú de bhrí go náiritheoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann go gcuirfear CEAS chun feidhme go hiomlán agus go comhleanúnach. Leis an togra leasaitheach seo comhlánaítear togra bunaidh an Choimisiúin agus tá sé comhleanúnach leis an gcuspóir beartas inmheánach a thógáil, rud atá bunaithe ar chothromaíocht idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht i bhfianaise Chonclúidí na Comhairle Eorpaí ó Mheitheamh 2018. Is dlúthchuid den dlúthpháirtíocht í an tacaíocht threisithe ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann. Leis an togra seo déantar na gnéithe comhair idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhaingniú freisin chun togra an Choimisiúin lena leasaítear an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a léiriú, go háirithe i dtaca le foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a imscaradh.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 8  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas::

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá sé de dhualgas ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann a gníomhaíochtaí a thuairisciú. Ní mór do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann tuarascáil bhliantúil gníomhaíochtaí ar staid an tearmainn a tharraingt suas, tuarascáil inar gá di meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann sí le linn na bliana. Ní mór anailís chomparáideach ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith sa tuarascáil ionas go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht cáilíocht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht CEAS a fheabhsú. Ní mór don Ghníomhaireacht an tuarascáil bhliantúil sin ar ghníomhaíochtaí a chur ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Ní mór don Choimisiún meastóireacht a choimisiúnú faoi cheann trí bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach cúig bliana tar a éis sin, chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre. Ní mór tionchar na Gníomhaireachta ar chomhar praiticiúil maidir le cúrsaí tearmainn agus ar CEAS a chumhdach sa mheastóireacht sin. Ní mór don Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí maidir leis an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Ní mór torthaí na meastóireachta a chur ar fáil don phobal.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

- Is gá cur leis na hinniúlachtaí atá ag an nGníomhaireachta cheana d'fhonn cur chun feidhme CEAS agus chóras athchóirithe Bhaile Átha Cliath a áirithiú. Is gá tacaíocht bhreise a thabhairt d'fhoireann agus d'acmhainní na Gníomhaireachta chun a áirithiú go gcomhlíonfar a misean siúd. Cuirfear an Comhchóras Eorpach Tearmainn (CEAS) i mbaol mura ndéanfar na hathruithe sin.

- Sreabha móra imirce neamhrialaithe, a chuirfidh brú leanúnach ar na córais tearmainn agus ghlactha agus, dá dheasca sin, a chuirfidh moill ar an aistriú ó mhodh éigeandála go staid ina ndéantar na córais imirce agus tearmainn a bhainistiú mar is iomchuí.

- Earcaíocht foirne: d'fhéadfadh baol a bheith ann ó thaobh luas na hearcaíochta de toisc go bhfuil acmhainn laghdaithe ag an nGníomhaireacht faoi láthair, tá an próiseas earcaíochta mall go maith agus tá an líon cúraimí atá le déanamh ag dul i méid. Tá AS HOME ag iarraidh teacht timpeall ar an méid sin trí thacaíocht a thabhairt agus faireachán rialta a dhéanamh.

- D'fhéadfadh sé nach mbeadh an Ghníomhaireacht in ann a cúraimí nua a dhéanamh de dheasca moill ar ghlacadh an bhunúis dlí do chóras leasaithe Bhaile Átha Cliath agus forbairtí gaolmhara a bhaineann le teicneolaíocht na faisnéise is ceart don Ghníomhaireacht a oibriú agus a bhainistiú.

- Tá róspleáchas fós ar eolas na mBallstát agus tá moill ar an nGníomhaireacht a bonn faisnéise féin a fhorbairt agus feidhmiú mar fhíor-lárionad saineolais aisti féin.

Tar éis na laigí suntasacha arna sainaithint ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ag IAS, laigí a bhain le Bainistiú agus le Rialú EASO, a raibh agúis i dTuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2017 mar thoradh orthu, d’ullmhaigh AS HOME plean gníomhaíochta maolaithe; ba cheart comhordú feabhsúcháin, socruithe oibre idir an mháthair-Ard-Stiúrthóireacht agus an Ghníomhaireacht, chomh maith le dlúthghníomhaíochtaí faireacháin, an scéal a chur ina cheart agus rioscaí athfhillteacha a sheachaint.

I ndáil leis an méid sin, tá faireachán géar á dhéanamh ag an gCoimisiún ar fheidhmiú na Gníomhaireachta, lena náirítear cur chun feidhme an bhuiséid, trína láithreacht ghníomhach ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus ag cruinnithe Ghrúpa Ullmhúcháin an Bhoird Bainistíochta. Thairis sin, chun feidhm faireacháin an Bhoird Bainistíochta a chothú agus bunaithe ar Chinneadh ón mBord Bainistíochta maidir le bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm i dtaca leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tá an Coimisiún ag fáil tuairiscí faireacháin rialta (uair sa choicís) ó bhí Feabhra 2018 ann agus ag déanamh athbhreithniú orthu, tuairiscí ina ndírítear ar sholáthar airgeadais agus ar earcaíocht.

2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe

Cuirfear cuntais na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí lena bhformheas, agus beidh siad faoi réir an nós imeachta urscaoilte. Déanfaidh Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach a cuid iniúchtaí féin i gcomhar le hiniúchóir inmheánach na Gníomhaireachta.

Anuas ar na rialuithe neamhspleácha arna ndéanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, beifear in ann na rioscaí sainaitheanta a rialú a bhuí le cur chun feidhme an Chreat Rialaithe Inmheánach na Gníomhaireachta atá bunaithe ar phrionsabail. Ba cheart feasacht a mhéadú i measc na mball foirne a bhíonn ag déileáil le gníomhaireachtaí díláraithe mar gheall ar an ngné faisnéise agus cumarsáide, agus a bhuí le gné na ngníomhaíochtaí faireacháin beifear in ann tuairiscí a dhéanamh ar bhonn táscairí láidre faireacháin chun laigí a bhrath a priori.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

- An Ghníomhaireacht: Is í an Stiúrthóireacht Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme. Gach bliain, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais mhionsonraithe ar an ioncam agus ar an gcaiteachas uile ón mbliain airgeadais roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta agus na Cúirte Iniúchóirí. Ina theannta sin, tabharfaidh Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin tuairim faoi thoradh an iniúchta leantaigh a bhaineann le stádas cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a tháinig as iniúchadh 2016 na Seirbhíse Iniúchóireachta Inmheánaí ar fheidhmiú buiséid agus pleanáil soláthair. Ba cheart toradh an iniúchta deimhniú a sholáthar do lucht bainistíochta na Gníomhaireachta i dtaca le stóinseacht na rialuithe atá i bhfeidhm agus treoir a thabhairt i ndáil le haon fheabhsuithe breise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach.

Glacfaidh an Ghníomhaireacht a Rialachán Airgeadais tar éis Rialachán Tarmligthe Uimh. 1271/2013, tar éis di comhaontú a fháil ón gCoimisiún agus ón gCúirt Iniúchóirí. Cuirfidh an Ghníomhaireacht córas iniúchóireachta inmheánaí i bhfeidhm a bheidh ar aon dul leis an gceann a thug an Coimisiún isteach mar chuid dá athstruchtúrú féin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Creat céanna um Rialú Inmheánach i bhfeidhm atá ag an gCoimisiún, lena gcuirtear creat daingean ar fáil chun calaois a bhrath agus a chosc, agus cuimseoidh Straitéis Frith-Chalaoise AS Home na réimsí riosca arna sainaithint sa Ghníomhaireacht.

- Comhar le OLAF: comhoibreoidh na baill foirne atá faoi réir Rialacháin Foirne an Choimisiúin le OLAF chun calaois a chomhrac.

- An Chúirt Iniúchóirí: Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais i gcomhréir le hAirteagal 248 den Chonradh agus foilseoidh sí tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal 3]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

18.03.02 An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)

LD/LN

NÍL

NÍL

TÁ*

NÍL

* Faigheann EASO ranníocaíochtaí ó thíortha atá comhlachaithe le Schengen

·Línte buiséid nua iarrtha le haghaidh CAI 2021-2027

·Ní gá líne bhuiséid nua in CAI 2014-2020 a iarraidh ach ba cheart líne bhuiséid 18 03 02 a athainmniú dá réir

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal 4 Imirce agus Bainistiú Teorainneacha]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

4

10.BB.BB Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

 

LD/LN

NÍL

NÍL

TÁ*

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Méadú EUR 55 mhilliún ó 2019 go 2027 i gcomparáid le leagan an Ráitis Airgeadais Reachtaigh a bhí ag gabháil le Togra an Choimisiúin COM(2016) 271 final an 4.5.2016.

Is é críoch an mhéadaithe na cistí atá ar fáil do chaiteachas a bhaineann le tacaíocht oibríochtúil (líne bhuiséid 33 i mbuiséad na Gníomhaireachta) a dhúbailt le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

(1) Cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit leis na córais tearmainn agus ghlactha a bhainistiú, lena náirítear tacaíocht fheabhsaithe i réimse an nós imeachta cosanta chun próiseáil tapa tráthúil a áirithiú le go bhfeidhmeoidh na córais tearmainn agus ghlactha go héifeachtach agus go hordúil agus chun cabhrú leis na Ballstáit i dtaca le nós imeachta Bhaile Átha Cliath.

2) Gníomhaíochtaí feabhsaithe mar thacaíocht don Bhallstát óstach chun próiseáil tapa a áirithiú tríd an nós imeachta riaracháin iomlán le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, nó cuid de, a chomhlíonadh lena náirítear sna hionaid rialaithe agus chun cabhrú leis na breithiúna achomhairc a láimhseáil.

Meastar go mbeidh tuairim agus 500.000 cás (iarrthóirí tearmainn) in aghaidh na bliana ann sna deich mbliana atá romhainn, lena gcumhdófar na tíortha go léir san Aontas (san am i láthair tá 382.000 cás de chuid iarrthóirí tearmainn faighte in AE tar éis ocht mí in 2018). Meastar go mbeidh tuairim agus 120.000 cás in aghaidh na bliana sa Ghréig agus san Iodáil, 60.000 díobh sin sa Ghréig agus 60.000 díobh san Iodáil. Sa Ghréig tá 15.000 cás ar an meán le próiseáil ar na hoileáin. Níl EASO ag déileáil faoi láthair ach le cuid de chásanna na noileán sin agus níl tacaíocht den chineál céanna, mar atá iarrtha ag an nGréig, á cur ar fáil aige ar an mórthír fós. Ar leibhéal níos ginearálta, tá tionchar an chuidithe a thugann EASO do na Ballstáit i leith chóireáil na gcásanna go léir teoranta faoi láthair. Is é is cuspóir don rialachán arna leasú acmhainneacht agus réimsí EASO a leathnú chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit, go háirithe na Ballstáit atá sa líne thosaigh (e.g. an Ghréig agus an Iodáil), lena náirítear trí choincheap na nIonad Rialaithe, mar a iarradh i gConclúidí na Comhairle Eorpaí an 28 Meitheamh.



3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil 2014-2020

3

Slándáil agus Saoránacht

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (Togra bunaidh COM(2016)271)

Gealltanais

=1+1a +3

86.971

96.686

114.100

297.757

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

86.971

96.686

114.100

297.757

Acmhainní breise a bhaineann leis an togra reatha

Gealltanais

55.000

55.000

110.000

Íocaíochtaí

55.000

55.000

110.000

IOMLÁN leithreasuithe
do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

86.971

151.686

169.100

407.757

86.971

151.686

169.100

407.757



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil 2014-2020

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: HOME

• Acmhainní daonna

0.536

0.536

0.536

1.608

• Caiteachas riaracháin eile

0.030

0.030

0.030

0.090

IOMLÁN AS UM IMIRCE AGUS GNÓTHAÍ BAILE

Leithreasuithe

0.566

0.566

0.566

1.698

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

2014 -2020

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.566

0.566

0.566

1.698

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

2014 -2020

Gealltanais

87.537

152.252

169.666

409.455

Íocaíochtaí

87.537

152.252

169.666

409.455

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil 2021-2027

4

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1)

Íocaíochtaí

(2)

Uimhir na líne buiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach 9  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

Gealltanais

=1+1a +3

171.400

173.700

176.100

178.500

180.900

183.500

185.900

1 250.000

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

171.400

173.700

176.100

178.500

180.900

183.500

185.900

1 250.000



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil 2021-2027

7

‘An Riarachán Poiblí Eorpach’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: HOME

• Acmhainní daonna

0.536

0.536

0.536

0.536

0.536

0.536

0.536

3.752

• Caiteachas riaracháin eile

0.030

0.030

0.030

0.030

0.030

0.030

0.030

0.210

IOMLÁN AS UM IMIRCE AGUS GNÓTHAÍ BAILE

Leithreasuithe

0.566

0.566

0.566

0.566

0.566

0.566

0.566

3.962

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
2021-2027

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.566

0.566

0.566

0.566

0.566

0.566

0.566

3.962

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2021

Bliain
2022

Bliain
2023

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

171.966

174.266

176.666

179.066

181.466

184.066

186.466

1 253.962

Íocaíochtaí

171.966

174.266

176.666

179.066

181.466

184.066

186.466

1 253.962

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

   Ní éilíonn an togra go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

CAI 2014-2020* (Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí in EUR)

*Níl ar taispeáint sa tábla seo ach caiteachas oibríochtúil de réir Theideal 3    

CAI 2021-2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí in EUR 

* Níl ar taispeáint sa tábla seo ach caiteachas oibríochtúil de réir Theideal 3    

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

Is ionann an líon foirne a iarradh don Ghníomhaireacht agus an líon a iarradh i dtogra bunaidh an Choimisiúin an 4 Bealtaine 2016, i.e. méadú de réir a chéile ar 500 FTE in 2020.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Acmhainní daonna (*)

2018

2019

2020

2021 -2027

IOMLÁN

C(2013)519 bonnlíne

51

51

51

51

51

Leasuithe

40

40

40

40

40

Bonnlíne leasaithe

91

91

91

91

91

Poist bhreise a iarradh*

59

70

82

0

0

Poist bhunaíochta de réir an líon daoine

214

284

366

366

366

Ar AD iad

135

179

231

231

231

Ar AST iad

79

105

135

135

135

Pearsanra seachtrach (FTE)

83

106

134

134

134

Ar gníomhairí ar conradh iad

72

95

123

123

123

Ar Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht iad

11

11

11

11

11

IOMLÁN

297

390

500

500

500

* Léirítear sa tábla seo na baill foirne a iarradh cheana i dTogra an Choimisiúin COM(2016) 271 final an 4.5.2016. Ó 2021 i leith, níl aon bhall foirne breise iarrtha.

Caiteachas foirne

2018

2019

2020

2021-2027 (do gach bliain)

Poist don phlean bunaíochta
(de réir an líon daoine)

28.676.000

38.056.000

49.044.000

49.044.000

- Ar AD iad

18.090.000

23.986.000

30.954.000

30.954.000

- Ar AST iad

10.586.000

14.070.000

18.090.000

18.090.000

Pearsanra seachtrach (FTE)

5.898.000

7.508.000

9.468.000

9.468.000

- Ar gníomhairí ar conradh iad

5.040.000

6.650.000

8.610.000

8.610.000

- Ar Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht iad

858.000

858.000

858.000

858.000

Líon iomlán na mball foirne

34.574.000

45.564.000

58.512.000

58.512.000

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2018

2019

2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

4

4

4

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 10

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  11

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

4

4

4

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Tuairim an Choimisiúin ar an gclár oibre bliantúil a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú bhuiséad na Gníomhaireachta agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid. Cúnamh a thabhairt don Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a fhorbairt i gcomhréir le beartais an Aontais Eorpaigh, lena náirítear trí bheith rannpháirteach i gcruinnithe le saineolaithe.

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha ach d'fhéadfadh sé go mbeidh úsáid ionstraimí speisialta mar atá sainmhínithe sa Rialachán CAI i gceist.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra.

   Éilíonn an togra go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 12 .

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

 Déantar foráil sa togra maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2018

2019

2020

2021 -2027

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Ranníocaíochtaí ó Thíortha Comhlachaithe Schengen 

pm

pm

pm

pm

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe




An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra 13

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

(1)    EUCO 28.06.2018.
(2)    Dearbhú Meseberg ón nGearmáin agus ón bhFrainc "Renewing Europe’s promises of security and prosperity [Gealltanais na hEorpa a Athnuachan maidir le slándáil agus rathúnas]", 19 Meitheamh 2018.
(3)    COM(2016) 271 final.
(4)    EUCO 19.02.2016.
(5)    [tagairtí le cur isteach nuair a ghlacfar an creat-Rialachán Airgeadais nua (gníomh tarmligthe); coinne lena ghlacadh faoi dheireadh na bliana]
(6)    ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(7)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(8)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(9)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(10)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(11)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(12)    Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020.
(13)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top