Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0441

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826

    COM/2018/441 final - 2018/0231 (COD)

    An Bhruiséil,7.6.2018

    COM(2018) 441 final

    2018/0231(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n
    x001e
    áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtearFMT:Font=Microsoft Sans Serif Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2018) 294 final}
    {SWD(2018) 320 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

       Forais agus cuspóirí

    An 2 Bealtaine 2018, mhol an Coimisiún Eorpach creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais (CAI) don tréimhse 2021-2027 1 . I measc nithe eile, mhol an Coimisiún Clár nua don Mhargadh Aonair. Cabhróidh an Clár seo chun na cuspóirí a leagadh amach sa Teachtaireacht pholaitiúil a ghabhann leis an togra maidir le CAI a bhaint amach 2 . Déanfaidh sé é sin trí rialachas an mhargaidh inmheánaigh a neartú, trí thacú le hiomaíochas an tionscail agus go háirithe le hiomaíochas fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), trí shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus plandaí, chomh maith le leas ainmhithe a chur chun cinn agus tríd an gcreat chun staidreamh Eorpach a mhaoiniú a bhunú. Déantar foráil sa togra 3 maidir le leithdháileadh buiséid EUR 4 089 milliún. Ina theannta sin, cuirfidh EUR 2 000 milliún arna leithroinnt faoin gCiste InvestEU le cuspóirí an Rialacháin seo go suntasach, go háirithe trí mheán a Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

    Is bunchloch de chuid an Aontais é an margadh inmheánach. Ó cuireadh ar bun é, tá sé ag cur go mór leis an bhfás, leis an iomaíochas agus leis an bhfostaíocht. Chuidigh an margadh inmheánach poist a chruthú agus tugadh rogha níos fearr dóibh ar phraghsanna níos ísle. Leanann an margadh inmheánach de bheith ina spreagadh chun geilleagar níos láidre, níos cothroime agus níos córa a chur ar bun. Is ceann de mhóréachtaí an Aontais é agus tá sé ar an acmhainn is láidre atá aige i ngeilleagar atá níos domhandaithe anois ná riamh. Mar sin féin, de thoradh na réabhlóide digití agus an domhandaithe, ní mór don mhargadh inmheánach oiriúnú, ar bhonn leanúnach, do thimpeallacht atá ag athrú go tapa. Tá dúshlán suntasach ó thaobh rialála agus forfheidhmithe de ag baint leis sin.

    Tá cuid mhór de reachtaíocht an Aontais ina bonn agus ina taca ó thaobh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Baineann sé sin le hiomaíochas, caighdeánú, cosaint tomhaltóirí, faireachas margaidh agus rialú an biashlabhra go háirithe. Tá éifeacht aige freisin ar na rialacha a bhaineann le gnó, trádáil, seirbhísí airgeadais agus institiúidí, agus ar chur chun cinn na hiomaíochta cóir, a chabhraíonn chun an cothroime iomaíochta a chruthú atá ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. D’ainneoin sin, is ann fós do bhacainní ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus tá constaicí nua ag teacht chun cinn. Níl i mbunú na rialacha ach an chéad chéim; tá sé chomh tábhachtach céanna iad a chur ag feidhmiú.

    Mar gheall air sin is gá eolas leordhóthanach a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí faoina gcearta, eolas a thabhairt d’údaráis phoiblí faoin gcaoi leis na rialacha a chur i bhfeidhm, agus saintaithí a chur ar fáil do na cúirteanna chun iad a fhorfheidhmiú. Ciallaíonn sé sin nach mór uirlisí faisnéise, cláir oiliúna agus meicníochtaí éigeandála a chur ar bun. Tá gá freisin le méadú ar chomhar i measc údaráis inniúla na mBallstát, agus idir iad agus an Coimisiún agus a ghníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais. Ina theannta sin, le forfheidhmiú éifeachtach agus nuachóiriú chreat dlíthiúil an Aontais agus a oiriúnú tapa don timpeallacht atá ag síorathrú, éilítear anailísí, staidéir nó meastóireachtaí atá cothrom le dáta, atá bunaithe ar shonraí ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa.

    Leis an gClár atá beartaithe tugtar le chéile gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chúig chlár ba réamhtheachtaithe i réimsí iomaíochais na bhfiontar, cosaint tomhaltóirí, custaiméirí agus úsáideoirí deiridh i seirbhísí airgeadais, ceapadh beartais sna seirbhísí airgeadais agus i dtaca leis an slabhra bia, nó arna maoiniú roimhe faoi roinnt línte buiséadacha de chuid an Choimisiúin 4 , a bhíonn ag déileáil leis an margadh inmheánach agus iomaíochas FBManna. Chomh maith leis sin, tá tionscnaimh nua 5 á náireamh sa Chlár atá beartaithe arb é is aidhm dóibh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Tá na gníomhaíochtaí sin ar fad aontaithe ag a gcomhchuspóirí gníomhaíochtaí agus gníomhaithe éagsúla laistigh den mhargadh inmheánach a rialáil, a chur i bhfeidhm, a éascú, a fhorfheidhmiú agus a chosaint; agus margadh inmheánach a chaomhnú a leanann de bheith ag feidhmiú gan bhriseadh. Dá bhrí sin, tá na gníomhaíochtaí sin go léir, ar a mbealaí éagsúla féin, fíor-riachtanach le haghaidh margadh inmheánach a fheidhmíonn go maith agus is gá go leanfar dá gcuid tacaíochta airgeadais. Sa Chlár atá beartaithe, déantar foráil do leanúnachas na ngníomhaíochtaí éagsúla roimhe seo, agus na sineirgí idir iad agus na gníomhaíochtaí nua á gcuíchóiriú agus a saothrú aige.

    Déantar tuilleadh cuíchóirithe trí na hionstraimí airgeadais uile atá faoi bhainistíocht lárnach ar leibhéal an Aontais a chur i dtoll a chéile sa Chiste Invest EU 6 , lena náirítear ionstraimí airgeadais fiachais agus cothromais ar mhaithe le FBManna. Cuirfear na ráthaíochtaí iasachta do FBManna a cuireadh ar fáil roimhe faoi chlár COSME 7 chun feidhme, dá bhrí sin, faoin ghné sin d’InvestEU 8 a bhaineann le FBManna. Maidir le faighteoirí ionstraimí airgeadais fiachais agus cothromais a chuirtear ar fáil faoi chlár COSME, áiritheofar leanúnachas an chúnaimh airgeadais agus an aistrithe réidh i dtreo InvestEU.

    Mar thoradh air sin, tá sé mar aidhm ag an gClár feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Cuirtear creat maoinithe níos solúbtha ar fáil leis a bhfuil sé mar aidhm leis margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a chosaint ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costais de. I gcomhthéacs na srianta buiséadacha, beidh ar an Aontas sineirgí a lorg agus dúbailt agus ilroinnt a chosc agus é ag tacú leis an margadh inmheánach. Ina theannta sin, ní mór dó infheictheacht agus comhleanúnachas níos fearr a thabhairt dá ghníomhaíocht i leith daoine aonair, tomhaltóirí, gnólachtaí agus údaráis inniúla, a bhféadfaidh a mheas gur mearbhallach raon leathan na nuirlisí éagsúla agus na gclár tacaíochta. Dá bhrí sin, soláthrófar leis an gClár na hacmhainní buiséadacha chun tacú le margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhunú trí chreat airgeadais cuíchóirithe solúbtha.

    Toisc gur tionscnaimh nua iad cuid de na tionscnaimh faoi chuimsiú an Chláir agus toisc go háirithe go ndéanann forbairtí dinimiciúla sa mhargadh inmheánach difear don chuid sin den Chlár a bhaineann leis an iomaíocht, ar deacair a luas agus a mhéid a mheas, meastar go mbeidh solúbthacht ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua a thagann chun cinn faoin gcuid sin den Chlár

    Ina theannta sin, bunaítear leis an gClár an creat airgeadais chun go soláthrófaí staidreamh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin Eoraip chun tacú le beartais uile an Aontais a cheapadh chomh maith le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Tagann sé sin in ionad an Chláir Staidrimh Eorpaigh 9 a bhí ann roimhe sin. Ní mór a thabhairt chun suntais, cé go gcuireann sé sin le seachadadh beartas margaidh inmheánach, go bhfuil raon i bhfad níos leithne ná an margadh inmheánach ag staidreamh Eorpach, ós rud é go bhfreastalaíonn siad ar gach beartas de chuid an Aontais.

       Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

    Cuireann an Clár le margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhunú, rud a thacaíonn leis an Margadh Aonair 10 agus na Straitéisí don Mhargadh Digiteach 11 , an Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil 12 agus an pacáiste Margadh Nua do Thomhaltóirí 13 a chur chun feidhme . Chomh maith leis sin, meastar go bhfuil Margadh Aonair láidir ina réamhchoinníoll le haghaidh Aontas níos láidre faoi mar atá leagtha amach ag Uachtarán an Choimisiúin ina óráid ar Staid an Aontais 2017 14 .

    Freagraíonn neartú rialachas an mhargaidh inmheánaigh freisin don iliomad Conclúidí ón gComhairle agus an Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an Margadh Aonair. Is iad na gnéithe is suntasaí díobh sin na Conclúidí ón gComhairle Iomaíochais an 29 Feabhra 2016 ar an Straitéis don Mhargadh Aonair (Tag. 6622/16) agus an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Bealtaine 2016 maidir leis an Straitéis don Mhargadh Aonair (Tag.2015/2534 (INI)).

       Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an Clár atá beartaithe comhsheasmhach le cláir ghníomhaíochta bheartaithe eile de chuid an Aontais agus le cistí a shaothraíonn cuspóirí den chineál céanna i réimsí inniúlachta gaolmhara. Go háirithe, beidh na gníomhaíochtaí faoin gClár seo comhlántach leis na cláir Custam 15 agus Fiscalis 16 , ar cláir iad a bhfuil sé mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt agus feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    Tá an Clár atá á bheartú ann chun sineirgí agus comhlántachtaí a chur chun cinn d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus d’fhiontraíocht faoin gCiste InvestEU 17 . Chuige sin, chomh maith le EUR 1 000 milliún arna ainmniú don chineál tacaíochta le haghaidh iomaíochas FBManna faoin gClár seo, tacaíocht nach mbaineann le hionstraim airgeadais, cuirfear saoráid ráthaíochta FBManna le buiséad EUR 2 000 milliún chun feidhme faoin ghné sin de Chiste InvestEU a bhaineann le FBManna.

    Comhlánaíonn an Clár an tacaíocht do FBManna agus don fhiontraíocht faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 18 . Féachann an Clár le sineirgí a chothú leis an gClár Horizon Europe 19 agus leis an gClár Spáis 20 chun FBManna a spreagadh le leas a bhaint as an nuálaíocht cheannródaíoch agus as réitigh eile arna bhforbairt faoi na cláir sin. Comhlánaíonn an Clár freisin an Clár don Eoraip Dhigiteach 21 atá dírithe ar digitiú gheilleagar agus earnáil phoiblí an Aontais a chur chun cinn.

    Chomh maith leis sin, déanfaidh an Clár atá beartaithe sineirgí a lorg leis an gCiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna 22 arb é is aidhm leis tacú le limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt tuilleadh ar mhaithe le héifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta, a chuidíonn go mór chun geilleagar cothrom costéifeachtach a bhaint amach san Eoraip.

    Tá an Clár atá beartaithe i gcomhréir le Erasmus 23 agus le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 24 chomh maith le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus 25 . Gníomhóidh sé mar chatalaíoch do shoghluaisteacht sa mhargadh saothair agus i measc daoine óga, rud atá riachtanach le haghaidh margadh inmheánach a fheidhmíonn go maith.

    Ar deireadh, maidir leis na gníomhaíochtaí sin sa slabhra bia a dtacófar leo faoin gClár atá beartaithe, amhail bearta tréidliachta agus fíteashláintíochta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte ainmhithe agus plandaí, d’fhéadfaí iad a chomhlánú le hidirghabhálacha margadhbhunaithe ó bhuiséad Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais 26 .

    I gcás inarb ábhartha, ba cheart gníomhaíochtaí an Chláir a úsáid chun dul i ngleic le teipeanna margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith acu. Áiritheofar leis sin comhsheasmhacht idir gníomhaíochtaí an chláir agus rialacha an Aontais maidir le státchabhair, lena seachnófar saobhadh míchuí ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach.

    Déantar foráil leis an togra seo maidir leis an Rialachán a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021. Tá sé á chur i láthair le haghaidh Aontas ina bhfuil 27 Ballstát. Tá an méid sin ag teacht leis an bhfógra ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé de rún aige tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Fuair an Chomhairle Eorpach an fógra an 29 Márta 2017.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    I gcomhréir le cásdlí socraithe, ní mór rogha an bhunúis dlí maidir le beart de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith bunaithe ar fhachtóirí oibiachtúla ar a bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Nuair atá foráil níos sonraí sa Chonradh ar féidir gurb é an bunús dlí don bheart atá i gceist, ní mór an beart a bheith bunaithe ar an bhforáil sin. Má nochtar le scrúdú ar bheart go bhfuil dhá aidhm leis nó go bhfuil dhá chomhpháirt ann, agus go bhfuil ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin inaitheanta mar phríomhaidhm nó mar phríomhchuid, agus nach bhfuil sa cheann eile ach beart teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an beart a bheith bunaithe ar bhunús dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid. Maidir le beart a shaothraíonn roinnt cuspóirí ag an am céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna ann a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith tánaisteach maidir leis an gceann eile, chinn an Chúirt, i gcás ina bhfuil forálacha éagsúla den Chonradh infheidhme dá bhrí sin, go gcaithfear beart den sórt sin a bhunú, go heisceachtúil, ar na bunúis dlí chomhfhreagracha éagsúla. Ní féidir leas a bhaint as débhunús dlí má tá na nósanna imeachta a leagtar síos do gach ceann acu ar leith ag teacht salach ar a chéile 27 .

    Na bunghníomhartha lena mbunaítear cláir atá i bhfeidhm faoi láthair agus a dhéanfar a lánpháirtiú sa Chlár, tá siad bunaithe ar bhunúis dlí dhifriúla.  Baineann siad sin leis na hAirteagail seo a leanas den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). 

    ·Airteagal 114 maidir le gníomhaíochtaí a thacaíonn le tuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht 28 (agus líon mór beart sa mhargadh inmheánach ina bhfuil forálacha coimhdeacha maoinithe);

    ·Airteagal 169(2)(b) maidir le cosaint tomhaltóirí 29 ;

    ·Airteagal 43 agus Airteagal 168 (4)(b) maidir le bearta tréidliachta agus fíteashláintíochta 30 ;

    ·Airteagal 197 maidir le comhar riaracháin;

    ·Airteagal 173 lena spreagtar impeallacht fhabhrach chun gnóthais a fhorbairt, go háirithe FBManna;

    ·Airteagal 195 maidir le turasóireacht; agus

    ·Airteagal 338 maidir le staidreamh.

    I bhfianaise na sineirgí a fuarthas, agus mar thoradh ar chumasc na gclár a bhí ann roimhe, tá an togra ag saothrú ceithre chuspóir go comhuaineach a bhfuil dlúthnasc doscartha eatarthu gan aon cheann acu a bheith tánaisteach maidir leis an gceann eile. Is iad seo a leanas na cuspóirí:

    ·an margadh inmheánach (Airteagal 114 den CFAE);

    ·bearta tréidliachta agus fíteashláintíochta (Airteagal 43 agus Airteagal 168 (4) (b) den CFAE);

    ·timpeallacht fhabhrach a spreagadh chun gnóthais a fhorbairt, go háirithe FBManna (Airteagal 173 den CFAE); agus

    ·staidreamh maidir le beartais an Aontais (Airteagal 338 den CFAE).

    Dá bhrí sin, is iad is bunús dlí don Chlár seo Airteagal 114, Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b); agus Airteagal 173 agus Airteagal 338 den CFAE.

       Coimhdeacht

    Chun margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhunú, is gá creat rialála a bheadh ag feidhmiú go maith, daoine, tomhaltóirí agus gnólachtaí eolasacha atá cumhachtaithe agus éiceachóras tionsclaíoch iomaíoch. Ní féidir leis an Aontas nó leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina naonar. Fiú amháin má tá na Ballstáit freagrach go príomha as an margadh inmheánach a chur i gcrích ar an talamh, is leas leis an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, agus leis an Aontas ina iomláine a áirithiú go ndéanfar na spriocanna sin a bhaint amach ar shlí chomhleanúnach agus go mbeidh na cearta céanna agus na deiseanna céanna ag daoine, ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí ar fud na hEorpa. Tá beart ag teastáil ar leibhéal an Aontais chun forbairt chomhsheasmhach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú; neamh-idirdhealú: cosaint tomhaltóirí; iomaíocht éifeachtach; cumas na mBallstát agus comhar eatarthu a fhorbairt; agus dul i ngleic leis na saincheisteanna trasteorann. Tá gá le rialacha comhchoiteanna agus le comhar Eorpach chun cur ar chumas an Choimisiúin agus údaráis inniúla na mBallstát a bheith ag obair ar bhealach comhleanúnach ar leibhéal oibríochtúil.

    Is trí chur chuige láraithe amháin, go hidéalach ar leibhéal an Aontais, is féidir leibhéal ard comhair agus comhordaithe a bhaint amach. Tá gníomhaíochtaí an Chláir atá beartaithe níos costéifeachtaí ná a bheadh dá mbeadh ar gach Ballstát rannpháirteach creataí comhair aonair a bhunú ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Trí acmhainní a chomhthiomsú cuirtear forbairt leis an gClár ar bharainneachtaí scála. Fágann sé sin gur féidir, ag an am céanna, muinín as an margadh inmheánach a dhoimhniú i measc an phobail, tomhaltóirí, gnólachtaí agus údaráis inniúla na mBallstát.

    Lena chois sin, bhí gá le hidirghabháil an Aontais cheana féin faoi na cláir ba réamhtheachtaithe. Ní dhéanfaidh an Clár atá beartaithe an réasúnaíocht sin a athrú.

    Dá bhrí sin, is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir an Clár seo a bhunú toisc gur gá comhar agus comhordú gníomhach idir na Ballstáit.

       Comhréireacht

    Cuideoidh an Clár atá beartaithe creat dlíthiúil an Aontais a fhorfheidhmiú agus a nuachóiriú go héifeachtach agus é a chur in oiriúint don timpeallacht atá ag athrú i gcónaí. Déanfar sin, i measc nithe eile, trí bhailiú sonraí agus anailísí, staidéir, meastóireachtaí agus moltaí beartais. Déanfar breis is leath den bhuiséad beartaithe a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta agus ar éascú gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir Ballstáit agus idir a núdaráis inniúla agus an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais. Ina theannta sin, maoineoidh an Clár sásraí a cheadaíonn do dhaoine, tomhaltóirí agus ionadaithe gnólachtaí cur le próisis chinnteoireachta. Neartóidh sé freisin malartú agus scaipeadh saineolais agus eolais. Tacóidh an Clár le cineálacha an-sonracha gníomhaíochtaí sna réimsí seo a leanas: iomaíochas, go háirithe i ndáil le FBManna, a fheabhsú, chomh maith le bearta um chaighdeánú agus bearta éigeandála i gcomhthéacs an bhiashlabhra.

    Ina theannta sin, tá creat sa Chlár chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpach a mhaoiniú de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 31 .

    Ní théann aon cheann de na gníomhaíochtaí thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach le linn dó margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a bhunú, iomaíochas FBManna a chur chun cinn agus staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Tá na gníomhaíochtaí bunaithe ar anailís ar riachtanais iarbhír ar an talamh ach cuirtear san áireamh freisin na ceanglais dhlíthiúla (e.g. bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta, staidreamh Eorpach). Cuirfidh an Coimisiún feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta i gcrích, mar atá leagtha síos sna Conarthaí.

    Dá bhrí sin, bainfear amach cuspóirí an Chláir ar bhealach i bhfad níos comhréirí ar leibhéal an Aontais ná ar leibhéal na mBallstát.

    Déantar tagairt i mír 3.3 den Mheasúnú Tionchair do bhreisluach an Aontais.

       An rogha ionstraime

    De réir chonclúidí an Mheasúnaithe Tionchair, is iomchuí idirghabháil an Aontais a dhéanamh trí chlár maoiniúcháin. Má dhéantar na cláir ba réamhtheachtaithe a chumasc le chéile le gníomhaíochtaí arna maoiniú roimhe faoi línte buiséadacha a phléann leis an margadh inmheánach, iomaíochas FBManna agus staidreamh Eorpach in aon Chlár amháin, méadófar comhleanúnachas agus comhtháthú na ngníomhaíochtaí. Ag an am céanna, laghdóidh sé líon na rialacha maoiniúcháin atá éagsúil agus ilroinnte.

    I gcomhréir leis an mbeartas reachtach arna ghlacadh ag an gCoimisiún gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, tá sé beartaithe gur Rialachán a bheidh sa chlár cistiúcháin.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ SIARGHABHÁLACHA, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

       Meastóireachtaí siarghabhálacha/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Cuireann an Clár atá beartaithe le ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireachtaí na gclár ba réamhtheachtaithe. Cuirtear san áireamh freisin torthaí meastóireachtaí agus comhairliúchán poiblí maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú cheana faoi línte buiséadacha an mhargaidh inmheánaigh nó lena ndéantar measúnú ar an ngá atá le cur chun feidhme na línte nua.

    Is fiú a thabhairt ar aird go háirithe nach measann ach 6  % de shaoránaigh an Aontais go bhfuil siad go maith ar an eolas faoina gcearta mar shaoránaigh den Aontas agus nach mbraitheann ach 36  % go bhfuil siad go measartha maith ar an eolas fúthu 32 . Sa chomhairliúchán poiblí ar an Tairseach Aonair Dhigiteach 33 , bhraith 80  % de ghnólachtaí go raibh sé deacair ceanglais náisiúnta i dtíortha eile a chomhlíonadh. Bhraith 60 % de dhaoine aonair go raibh sé deacair nó measartha deacair fios a bheith acu cé hiad na ceanglais náisiúnta a bhí le comhlíonadh acu agus iad ag bogadh go Ballstát eile 34 .

    Léirigh meastóireacht REFIT 35  ar fheidhmiú an fhaireachais mhargaidh i gcás táirgí go bhfuil easpa feasachta ann maidir le rialacha i measc gnólachtaí agus nach bhfuil mórán trédhearcachta i gceist maidir le comhlíonadh táirgí. Fuarthas leis an meastóireacht gurb é ilroinnt i dtaca le heagrú an fhaireachais mhargaidh san Aontas, i measc rudaí eile, atá taobh thiar de neamhchomhlíonadh. Teastaíonn creat comhordaithe níos leanúnaí chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha ag údaráis um fhaireachas margaidh a mhaoiniú chun táirgí neamhchomhlíontacha a laghdú sa mhargadh inmheánach.

    Ó thaobh an bheartais iomaíochta de, léiríodh le suirbhéanna ‘Eorabharaiméadar’ in 2010 agus in 2014 go raibh easpa eolais i measc an phobail maidir le cad is féidir a dhéanamh chun déileáil le praghsanna níos airde, níos lú táirgí nó níos lú roghanna soláthróirí, nó cáilíocht níos ísle. Ina theannta sin, léirigh suirbhé Eorabharaiméadair 2016 nach raibh ach eolas teoranta agus feasacht theoranta ar na rialacha maidir le státchabhair.

    Thug an mheastóireacht ar an gClár Tomhaltóirí 36 le fios go bhfuil sé mall ag freagairt do dhúshláin nua an mhargaidh, dúshláin bunaithe ar athruithe sochaíocha agus teicneolaíochta nach féidir a thuar go minic. Tarraingíodh aird sa mheastóireacht freisin ar theorainneacha sonracha i mBallstáit áirithe, lena gcuirtear cosc ar an tapú is fearr is féidir, mar gheall de ghnáth ar acmhainní teoranta a bheith ar fáil.

    Léiríodh sa mheastóireacht mheántéarma ar an gClár Biashlabhra 37 go raibh gach gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón Aontas sa réimse sin riachtanach do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus do shláinte plandaí ó thús deireadh an bhiashlabhra. Léiríodh go raibh an Clár seo solúbtha freisin i dtaca le dul i ngleic leis na riachtanais atá ag teacht chun cinn maidir le cómhaoiniú, go háirithe ráigeanna de ghalair ainmhithe agus lotnaidí plandaí.

    Ar deireadh, léirítear leis an meastóireacht leanúnach ar an gClár Staidrimh Eorpach 38 , gur gá cumas buan a fhorbairt chun freagairt níos tapúla a thabhairt ar riachtanais nua sonraí a bheidh ag teacht chun cinn. Tá an domhandú, an digitiú agus an tathrú tapa teicneolaíoch ina ndúshláin ag dúshraith an tomhais ar fheidhmíocht eacnamaíoch, i.e. Olltáirgeacht Intíre agus príomhtháscairí eacnamaíocha. Mar sin, ní mór iarrachtaí suntasacha a infheistiú agus modheolaíochtaí nua á bhforbairt. Is gá bailiú sonraí a oiriúnú chun gach foinse sonraí atá ar fáil a chuimsiú.

       Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Rinneadh an comhairliúchán poiblí maidir le togra an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil idir an 10 Eanáir agus an 9 Márta 2018. Cumhdaíodh infheistíocht, taighde agus nuálaíocht, FBManna agus an margadh inmheánach sa cheistneoir.

    Mheas thart ar 80  % de na páirtithe leasmhara gur chuir Cláir agus cistí an Aontais níos mó breisluacha ar fáil ná mar a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta. Measadh gurbh é an margadh inmheánach an sampla is fearr de bhreisluach an Aontais toisc gur chun leasa an phobail atá sé agus go gcuireann sé fíorluach inláimhsithe ar fáil.

    Tá an méid seo a leanas i measc na ndúshlán is tábhachtaí a bhaineann leis an gClár de réir mar a shainaithin tromlach na bhfreagróirí iad: tacaíocht do FBManna agus don fhorbairt thionsclaíoch, iomaíocht chothrom agus sábháilteacht bia. Go ginearálta, measann idir 20  % agus 50  % de na freagróirí go gcuidíonn na beartais a bhaineann leis an gClár go hiomlán nó go measartha maith le dul i ngleic leis na dúshláin sin. Fuair scaipeadh réidh earraí san Aontas an scór ab airde (50  % de na freagraí ar fad). Ina dhiaidh sin, luadh tacaíocht don fhorbairt thionsclaíoch (42  %), soláthar staidrimh an Aontais (40  %) agus tacaíocht le haghaidh sreafaí caipitil agus infheistíochtaí (39  %). Níor mheas ach 12  % de na freagróirí nár éirigh leis na beartais sin in aon chor.

       Measúnú Tionchair

    Ba é dearadh an Chláir atá beartaithe ábhar an Mheasúnaithe Tionchair. Rinneadh anailís ar na trí chás fhoriomlána seo a leanas:

    Rogha 1: an gnó mar is gnách ina leantar leis na cláir ilbhliantúla reatha agus na línte buiséid atá ann a chur chun feidhme, agus na tograí nua caiteachais a chur leo trí bhunghníomhartha ar leithligh.

    Rogha 2: cás comhtháite ina nglactar le clár nua chun cláir reatha agus cláir nua agus línte buiséid a thagann faoi raon feidhme an chláir a sheachadadh. Déantar é sin trí bhunghníomh amháin atá solúbtha go leor chun ceanglais shonracha dlí agus institiúideacha a chaomhnú.

    Rogha 3: cás lán-aontaithe; sa chás seo, déantar aon chlár atá faoi raon feidhme an chláir a chumasc in aon bhunghníomh coiteann amháin agus bíonn feidhm ag ceanglais chomhionanna dlíthiúla agus institiúideacha maidir le gach gníomhaíocht laistigh dá raon feidhme.

    Measadh gurbh í Rogha 2 — Clár comhtháite nua — an rogha thosaíochta. Aithníodh go gciallódh sé sin nach mbeadh sé chomh huaillmhianach le rogha 3, ach gur bealach indéanta pragmatach é le simpliú, solúbthacht agus sineirgí breise a chur leis na cláir agus na línte buiséid atá faoina raon feidhme. Ag an am céanna, bheifí in ann freastal ar na riachtanais shonracha dlí agus institiúideacha le haghaidh rialachas na gclár aonair sin. Is samplaí iad na bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta agus an Clár Staidrimh Eorpach 39 , a bhfuil socruithe institiúideacha agus rialachais tiomnaithe acu nach bhfuil ábhartha maidir le codanna eile den Chlár.

    Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an Measúnú Tionchair 40 . D’eisigh an Bord, áfach, roinnt ceisteanna agus moltaí maidir le feabhsuithe, ar tugadh aghaidh orthu ar an mbealach seo a leanas:

    Moltaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála

    Tugadh isteach leasuithe

    Ba cheart an tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta chun na cinntí is déanaí a léiriú agus a mhíniú i leith raon feidhme an chláir.

    Táthar tar éis Roinn 1.1 ‘raon feidhme agus comhthéacs’ a leathnú chun raon feidhme Chlár an Mhargaidh Aonair a léiriú.

    Sa réamhrá, d’fhéadfadh an tuarascáil míniú níos fearr a thabhairt ar na cineálacha iarscríbhinní clár -sonracha. Ba cheart dó neamhréireachtaí idir na hiarscríbhinní agus an tuarascáil a réiteach. Ba cheart a áireamh ann torthaí atá suntasach do bhuiséad an Chláir don Mhargadh Aonair ó na hiarscríbhinní sa phríomhthuarascáil. Ina theannta sin, ba cheart dó na hathruithe sna cláir ar leith a leagan amach, ar athruithe iad a chuirfear chun feidhme sa chéad tréimhse eile. Ba cheart dó léiriú níos soiléire a thabhairt freisin ar ionchur na bpáirtithe leasmhara i gcur i láthair chomhthéacs an bheartais agus tosaíochtaí nua. Ba cheart don tuarascáil míniú a thabhairt ar conas a léirítear i gceart na hábhair imní a cuireadh in iúl, go háirithe maidir le hord tosaíochta, e.g. maidir le sláinte agus maidir le biashlabhra atá sábháilte agus inbhuanaithe.

    Tá soiléiriú tugtha i mír 1.1 ‘Raon feidhme agus comhthéacs’ ar chineálacha na niarscríbhinní clár-sonracha.

    Rinneadh príomhthorthaí ó chláir (nó fochláir) de chuid an Chláir don Mhargadh Aonair a shoiléiriú sa phríomhthuarascáil ar an measúnú tionchair i dTábla (1.3, Na Príomhcheachtanna a foghlaimíodh ó chláir agus línte buiséid arna náireamh sa Chlár don Mhargadh Aonair), agus cuireadh na príomhathruithe ar chláir (nó ar fhochláir) leis an tábla (2.1,Na Príomhchoigeartuithe ar chláir/línte buiséid atá ann cheana). Ina theannta sin, rinneadh tuairimí páirtithe leasmhara a shoiléiriú.

    Leagtar amach sa tuarascáil tosaíochtaí coiteanna an Chláir don Mhargadh Aonair ach d’fhéadfaí an tosaíocht eatarthu agus idir na fochláir a phlé tuilleadh. Mar sin, d’fhéadfaí, leis an anailís, na cásanna a léiriú i gcomhair gníomhaíochtaí a ghearradh agus/nó gnóthachain sineirge a bhaint amach chun dul i ngleic le buiséad a d’fhéadfadh a bheith teoranta.

    Rinneadh roinn 3.3 faoi ‘thosaíochtaí féideartha mar fhreagairt ar an gcás bonnlíne AE27’ a chur leis an tuarascáil.

    D’fhéadfadh an tuarascáil míniú níos fearr a thabhairt ar an gcomhchuibheas agus ar na sineirgí féideartha idir ionstraimí an Chláir don Mhargadh Aonair agus cláir eile den CAI.

    Rinneadh ‘Eisiaimh ón raon feidhme agus ó chomhleanúnachas le cláir eile den CAI’ faoi roinn 1.1 a leathnú le faisnéis bhreise maidir le comhchuibheas agus sineirgí féideartha le cláir eile.

       Simpliú

    Mar a míníodh thuas, tugann an Clár atá beartaithe gníomhaíochtaí le chéile a maoiníodh roimhe faoi shé chlár ba réamhtheachtaithe, lena náirítear an Clár Staidrimh Eorpach, agus freisin gníomhaíochtaí a maoiníodh cheana faoi roinnt línte buiséid de chuid an Choimisiúin 41  a phléann leis an margadh inmheánach. Chomh maith leis sin, tá tionscnaimh nua 42 a náireamh sa Chlár arb é is aidhm dóibh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

    Dá bhrí sin, leis an gClár atá beartaithe, déantar sineirgí idir na gníomhaíochtaí éagsúla a chuíchóiriú agus a shaothrú. Cuireann sé creat maoinithe níos solúbtha ar fáil freisin a bheidh dírithe ar margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a choimirciú agus a dhoimhniú ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costais de.

       Cearta bunúsacha

    Áirithítear leis an gClár go nurramófar ina iomláine na cearta agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cuidíonn sé chun roinnt de na cearta sin a chur chun feidhme. Go háirithe, is iad cuspóirí an Chláir go háirithe sláinte na saoránach a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 35 den Chairt agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chairt. Cuireann sé freisin leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, mar atá leagtha síos in Airteagal 47 den Chairt. Tá sé mar aidhm leis an gClár freisin an tsaoirse chun gnó a sheoladh a threisiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta (Airteagal 16).

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    An 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile don tréimhse dar tús 2021. I gcomhréir leis an togra seo, tá creat buiséadach EUR 4 088 580 000 (i bpraghsanna reatha) sa Rialachán seo don tréimhse dar tús 2021.

    5.EILIMINTÍ EILE

       Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Is trí bhainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár atá beartaithe i bhfeidhm den chuid is mó, trí úsáid a bhaint as deontais, duaiseanna agus soláthar go háirithe.

    Táthar ag súil go gcuirfidh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin codanna den Chlár chun feidhme. Baineann siad sin go háirithe le gníomhaíochtaí maidir le hiomaíochas gnólachtaí agus FBManna agus oiliúint i réimse sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí feadh an bhiashlabhra agus tacaíocht do leas na nainmhithe. 

    Déanfar measúnú ar thionchar an Chláir trí mheastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar thacar eochairtháscairí feidhmíochta ardleibhéil ar bhonn leanúnach. Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach 13 Aibreán 2016 43 , inar dhearbhaigh na trí institiúid gur cheart measúnuithe tionchair ar roghanna i leith tuilleadh gníomhaíochta a bheith bunaithe ar mheastóireachtaí ar an reachtaíocht agus ar na beartais a bhí ann cheana. Sna meastóireachtaí sin measfar éifeachtaí an Chláir ar an talamh ar bhonn táscairí agus spriocanna agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an ionstraim ábhartha éifeachtach éifeachtúil, ar an gceist an leor an breisluach Eorpach a chuireann sé ar fáil agus ar an gceist an bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile de chuid an Aontais. Beidh ceachtanna a foghlaimíodh iontu chun aon bhearnaí nó fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint nó aon poitéinseal atá ann breis feabhais a chur ar na bearta nó ar a dtorthaí agus chun cuidiú a dtionchar a uasmhéadú.

    Déanfar torthaí agus aschuir an Chláir a mheasúnú go tráthrialta trí chóras cuimsitheach faireacháin, a bheidh bunaithe ar tháscairí sainithe, d’fhonn luach ar airgead a áirithiú. Ó tharla gur ról tacaíochta is mó a bhaineann leis an gClár, ag tabhairt cúnaimh do na húdaráis sna Ballstáit maidir le faisnéis a roinnt agus a nacmhainn a threisiú, dírítear leis an gcóras faireacháin, i measc nithe eile, ar dhul chun cinn ghníomhaíochtaí an Chláir a leanúint trí bhíthin táscairí aschuir.

       Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Caibidil I Forálacha ginearálta

    Baineann raon feidhme an Chláir le réimse an mhargaidh inmheánaigh, le hiomaíochas FBManna agus le staidreamh Eorpach ar bhealach cuimsitheach.

    Baineann na cuspóirí clár-sonracha leis an méid seo a leanas:

    ·an margadh inmheánach a chur ag obair níos fearr;

    ·iomaíochas gnólachtaí, go háirithe FBManna, a fheabhsú;

    ·caighdeánú a mhéadú;

    ·leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn;

    ·cur le leibhéal ard sláinte do dhaoine, d’ainmhithe agus do phlandaí ar fud an bhiashlabhra; agus

    ·staidreamh ardcháilíochta faoin Eoraip a chur ar fáil agus a chur in iúl.

    Féadfaidh na Ballstáit, baill de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a bheith rannpháirteach sa Chlár. I gcomhréir le beartas ginearálta an Aontais, féadfaidh tíortha atá cumhdaithe faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa páirt a ghlacadh sa Chlár freisin faoi choinníollacha áirithe. Ina theannta sin, beidh an Clár oscailte don Eilvéis i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos sa Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh 44 .

    Cuirfear an Clár chun feidhme trí na sásraí caiteachais is coitianta a úsáidtear i mbuiséad an Aontais, eadhon soláthar poiblí agus deontais.

    Caibidil II Deontais

    Léiríonn an Chaibidil seo cineálacha gníomhaíochtaí a mbeidh feidhm acu maidir le gach cuspóir sonrach. Áirítear orthu sin:

    ·tacaíocht d’fhorfheidhmiú agus do nuachóiriú éifeachtach chreat dlíthiúil an Aontais trí bhailiú sonraí agus anailísí;

    ·staidéir agus meastóireachtaí;

    ·gníomhaíochtaí forbartha acmhainní agus éascú gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir na Ballstáit agus idir a núdaráis inniúla agus an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais;

    ·maoiniú do shásraí lena gceadaítear do dhaoine, tomhaltóirí agus ionadaithe gnó cur le próisis chinnteoireachta; agus

    ·malartú agus scaipeadh saineolais agus eolais a neartú.

    Ina theannta sin, liostaítear sa Chaibidil seo na cineálacha sonracha gníomhaíochtaí atá an-teoranta agus spriocdhírithe sna réimsí seo a leanas: feabhas a chur ar iomaíochas, go háirithe ar FBManna; bearta um chaighdeánú agus bearta éigeandála feadh an bhiashlabhra. Thairis sin, liostaítear sa Chaibidil seo na gníomhaíochtaí sonracha chun an creat a chur chun feidhme chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpach a mhaoiniú de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    D’fhonn simpliú uasta a bhaint amach, sonraítear sa Chaibidil seo coinníollacha nó maoluithe breise ón Rialachán Airgeadais maidir le ceanglais incháilitheachta d’eintitis, eisceachtaí ar an gceanglas maidir le glao ar thograí, rialacha cómhaoinithe, costais incháilithe, etc.

    Caibidil III Clárú, faireachán agus meastóireacht

    Ba cheart cur chun feidhme an Chláir a bheith bunaithe ar chlár oibre bliantúil nó cláir oibre bhliantúla, nó ar chlár oibre ilbhliantúil nó cláir oibre ilbhliantúla. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, d’fhéadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Cé nach rachaidh sé i bhfeidhm ar chur chun feidhme an Chláir, laghdóidh cláir oibre ilbhliantúla an tualach riaracháin.

    Cuireadh liosta príomhtháscairí le hIarscríbhinn IV chun faireachán an Chláir agus comhlíonadh an Chláir a fheabhsú ón tús. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an creat faireacháin agus meastóireachta agus an liosta táscairí a leasú más gá.

    Sa togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021–2027, leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí le haghaidh príomhshruthú aeráide i gcláir uile an Aontais, maille leis an sprioc fhoriomlán 25  % de chaiteachas an Aontais a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Déanfar rannchuidiú an Chláir seo le gnóthú na sprice foriomláine sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má tá fáil orthu. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.

    Chun gur fusa lánleas a bhaint as poitéinseal an Chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an Chláir.

    Déanfar meastóireachtaí eatramhacha agus críochnaitheacha.

    Caibidil IV Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

    Soláthrófar faisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus chomhréireach do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

    2018/0231 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena náirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe

    Airteagal 43(2), Airteagal 168(4)(b) agus Airteagal 114, Airteagal 173 agus Airteagal 338 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 45 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 46 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Is bunchloch de chuid an Aontais é an margadh inmheánach. Ó cuireadh ar bun é, chuir sé go mór leis an bhfás, leis an iomaíochas agus leis an bhfostaíocht. A bhuí leis an margadh inmheánach, cuireadh deiseanna nua agus barainneachtaí scála nua ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus neartaíodh a niomaíochas tionsclaíoch. Leis an margadh inmheánach, cabhraíodh poist a chruthú agus ba mhó, dá bharr, an rogha ar phraghsanna ní b’ísle a cuireadh ar fáil. Leanann an margadh inmheánach de bheith ina spreagadh chun geilleagar níos láidre, níos cothroime agus níos córa a chur ar bun. Is ceann de mhóréachtaí an Aontais é agus tá sé ar an acmhainn is láidre atá aige i ngeilleagar atá níos domhandaithe anois ná riamh.

    (2)De thoradh na réabhlóide digití agus an domhandaithe, ní mór don mhargadh inmheánach oiriúnú, ar bhonn leanúnach, do thimpeallacht atá ag athrú go tapa. I ngeall ar ré nua na nuálaíochta digití, leantar de dheiseanna a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair agus de tháirgí nua agus samhlacha nua gnó a chruthú ach, san am céanna, is dúshlán é ó thaobh an rialaithe agus an fhorfheidhmithe de.

    (3)Tá cuid mhór de reachtaíocht an Aontais ina bonn agus ina taca ó thaobh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Baineann sé sin, go háirithe, leis an iomaíochas, leis an gcaighdeánú, le cosaint tomhaltóirí, le faireachas margaidh agus le rialú an bhiashlabhra ach, ina theannta sin, baineann sé le rialacha i dtaca le gnó, trádáil, idirbhearta airgeadais agus iomaíocht chóir a chur chun cinn lena soláthraítear cothrom iomaíochta, rud atá ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    (4)D’ainneoin sin, is ann fós do bhacainní ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus tá constaicí nua ag teacht chun cinn. Níl i nglacadh rialacha ach an chéad chéim, ach tá sé chomh tábhachtach céanna iad a chur ag feidhmiú. Sa deireadh, baineann sé seo leis an iontaoibh atá ag saoránaigh san Aontas, ina acmhainneacht beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus ina chumas poist agus fás a chruthú agus, san am céanna, leas an phobail a chosaint.

    (5)Is ann cheana féin do roinnt clár gníomhaíochta de chuid an Aontais in earnáil an iomaíochais i dtaca le fiontair, lena náirítear FBManna, cosaint tomhaltóirí, custaiméirí agus úsáideoirí deiridh i seirbhísí airgeadais, ceapadh beartais i seirbhísí airgeadais agus an biashlabhra. Maoinítear go díreach roinnt gníomhaíochtaí breise faoi línte buiséid an mhargaidh inmheánaigh. Is gá sineirgíochtaí idir na gníomhaíochtaí éagsúla a chuíchóiriú agus a úsáid agus creat níos solúbtha a sholáthar chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú arb é is aidhm dóibh margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla is féidir ó thaobh costas de. Dá bhrí sin, ní mór clár nua a chur ar bun lena dtugtar le chéile gníomhaíochtaí a maoiníodh roimhe seo faoi na cláir eile sin agus faoi línte ábhartha eile buiséid. Chomh maith leis sin, ba cheart tionscnaimh nua a áireamh sa Chlár arb é is aidhm dóibh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

    (6)Is faoi réir clár staidrimh Eorpach ar leith arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 atá forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh. Chun leanúnachas a sholáthar maidir leis an staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a scaipeadh, ba cheart a áireamh sa chlár nua freisin gníomhaíochtaí arna gcumhdach ag an gclár staidrimh Eorpach trí chreat a chur ar fáil chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Leis an gclár nua, ba cheart an creat airgeadais don staidreamh Eorpach a chur ar bun chun go soláthrófaí staidreamh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin Eoraip chun tacú le beartais uile an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme chomh maith le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

    (7)Is iomchuí, mar sin, clár a chur ar bun don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena náirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach (an “Clár”). Ba cheart an Clár a chur ar bun ar feadh tréimhse seacht mbliana ó 2021 go 2027.

    (8)Leis an gClár, ba cheart go dtabharfaí cúnamh maidir le reachtaíocht de chuid an Aontais a cheapadh, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, rud a thacódh le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Leis an gClár, ba cheart tacú le coinníollacha cearta a chruthú chun gníomhaithe uile an mhargaidh inmheánaigh a chumhachtú: gnólachtaí, agus saoránaigh lena náirítear tomhaltóirí, an tsochaí shibhialta agus údaráis phoiblí. Chuige sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár iomaíochas gnólachtaí a áirithiú, go háirithe FBManna, ach, ina theannta sin, tacú le rialacha cosanta agus sábháilteachta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus feasacht gnólachtaí agus daoine aonair a ardú trí bhíthin uirlisí, eolas agus inniúlacht de réir mar is iomchuí a chur ar fáil dóibh chun go bhféadfaidís cinntí eolacha a dhéanamh agus cur lena rannpháirtíocht i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais. Anuas air sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár comhar rialála agus riaracháin a fheabhsú, go háirithe trí bhíthin dea-chleachtais a mhalartú, cur leis an mbonn eolais agus leis an mbonn inniúlachtaí, lena náirítear an úsáid a bhaintear as soláthar poiblí straitéiseach. Ba cheart freisin é a bheith mar aidhm ag an gClár cúnamh a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin idirnáisiúnta ardcháilíochta a thacaíonn le reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme. Áirítear leis seo chomh maith caighdeáin a leagan síos in earnáil an tuairiscithe airgeadais agus iniúchóireachta agus, ar an dóigh sin, cur le trédhearcacht agus dea-fheidhmiú mhargaí caipitil an Aontais agus cosaint infheisteoirí a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár tacú le déanamh rialacha agus caighdeáin a leagan síos trí bhíthin an rannpháirtíocht is mó is féidir a áirithiú i measc na bpáirtithe leasmhara. Is é is aidhm don Chlár freisin tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais lena soláthraítear leibhéal ard sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim den bhiashlabhra agus leas ainmhithe a fheabhsú.

    (9)Cuireann margadh inmheánach úrnua an iomaíocht chun cinn agus téann sé chun tairbhe do thomhaltóirí, gnólachtaí agus fostaithe. De thoradh úsáid níos fearr a bhaint as an margadh inmheánach do sheirbhísí, ar margadh é a bhíonn de shíor ag forbairt, ba cheart go dtabharfaí cúnamh do ghnólachtaí san Eoraip poist a chruthú agus fás thar theorainneacha, rogha níos leithne seirbhísí a sholáthar ar phraghsanna níos ísle, agus caighdeáin arda a choimeád do thomhaltóirí agus fostaithe. Chun é sin a bhaint amach, ba cheart an Clár a bheith ina chuidiú chun deireadh a chur le bacainní atá fós ann, agus creat rialála a áirithiú lenar féidir samhlacha gnó atá nuálach agus nua a chur san áireamh.

    (10)De bhíthin sásraí coiscthe, glacadh rialacha comhchoiteanna agus, i gcás nach bhfuil rialacha den sórt sin ag an Aontas, trí bhíthin phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, cuireadh deireadh le constaicí rialála roimh tháirgí tionsclaíocha sa mhargadh inmheánach. I réimsí nach ann do reachtaíocht de chuid an Aontais, ciallaíonn prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh go bhfuil an ceart saorghluaiseachta ag earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin agus go bhféadtar iad a dhíol i mBallstát eile. Fágann sé sin, áfach, de bharr nach gcuirtear aitheantas frithpháirteach i bhfeidhm go leordhóthanach, gur deacra do chuideachtaí rochtain a bheith acu ar mhargaí i mBallstáit eile. Dá bharr sin, d’ainneoin leibhéal ard an chomhtháthaithe margaidh i réimse na nearraí, cailltear deiseanna sa gheilleagar i gcoitinne. Ar an ábhar sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár an taitheantas frithpháirteach a chur i bhfeidhm ar dhóigh níos fearr i réimse na nearraí agus, lena chois sin, líon na nearraí mídhleathacha neamh-chomhlíontacha a chuirtear ar an margadh a laghdú.

    (11)Baineann dúshláin nua ó thaobh rialála agus forfheidhmithe de le timpeallacht na réabhlóide digití atá ag athrú go tapa, i gcás saincheisteanna amhail an cibearshlándáil, idirlíon na rudaí nithiúla agus an intleacht shaorga. I gcás díobhála, ní mór rialacha dochta maidir le sábháilteacht táirgí agus maidir le dliteanas i leith táirgí a bheith ann chun a áirithiú gur ann do bheartas lena dtugtar an deis do shaoránaigh Eorpacha, tomhaltóirí agus gnólachtaí san áireamh, tairbhiú de na rialacha sin. Ba cheart, mar sin, go gcuideodh an Clár córas de chuid an Aontais maidir le dliteanas i leith táirgí a ghlacadh go tapa agus a fhorfheidhmiú, ar córas é lena gcothaítear an nuálaíocht.

    (12)Má chuirtear ar an margadh táirgí nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais, is é an té nó an gnólacht a chomhlíonann an dlí sin a bheidh thíos leis agus féadfar dochar a dhéanamh do thomhaltóirí. Tugann go leor fiontraithe neamhaird ar na rialacha le teann aineolais orthu nó d’aon ghnó chun buntáiste iomaíoch a fháil. Is minic nach gcuirtear go leor airgid ar fáil d’údaráis faireachais margaidh agus go gcuirtear srian leo i ngeall ar theorainneacha náisiúnta ach, san am céanna, bíonn fiontraithe ag trádáil ar leibhéal an Aontais nó, go deimhin féin, ar an leibhéal domhanda. Ó thaobh na ríomhthráchtála de, go háirithe, is rídheacair do na húdaráis faireachais margaidh rianú a dhéanamh ar earraí neamh-chomhlíontacha a allmhairítear ó thríú tíortha agus an teintiteas atá freagrach astu laistigh dá ndlínse a shainaithint. Mar sin, ba cheart don Chlár féachaint le comhlíonadh táirgí a neartú trí dhreasachtaí cearta a sholáthar d’fhiontraithe, dlús a chur le seiceálacha ar chomhlíonadh agus comhar trasteorann níos dlúithe idir na húdaráis forfheidhmiúcháin a chur chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart an Clár a bheith ina chuidiú an creat atá ann faoi láthair maidir le gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chomhdhlúthú, gníomhaíochtaí comhpháirteacha ag údaráis faireachais margaidh ó Bhallstáit dhifriúla a spreagadh, malartú faisnéise a fheabhsú agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh a chóineasú agus a chomhtháthú ar bhealach níos dlúithe a chur chun cinn.

    (13)Ábhar imní don phobal ar fad is ea an tsábháilteacht táirgí. Fíoraíonn na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta an gcomhlíonann táirgí na ceanglais sábháilteachta sula gcuirtear na táirgí sin ar an margadh. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go bhfuil na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta iontaofa agus inniúil. Chuir an tAontas ar bun córas creidiúnaithe do chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta, lena bhfíoraítear go bhfuil siad inniúil, neamhchlaonta agus neamhspleách. Is é an dúshlán is mó atá ann anois an córas creidiúnaithe a choimeád bord ar bhord leis an teicneolaíocht is úrnua agus deimhin a dhéanamh de go gcuirtear i bhfeidhm é leis an dúthracht chéanna ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár tacú le bearta chun a áirithiú go leanann comhlachtaí measúnaithe comhréireachta de cheanglais rialála a chomhlíonadh agus chun an córas creidiúnúcháin Eorpach a fheabhsú, go háirithe i réimsí nua beartais, trí thacaíocht a thabhairt don Chomhar Eorpach um Chreidiúnú (EA) dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 .

    (14)De bhrí nach ann do theorainneacha i gcás margaí tomhaltóirí mar thoradh ar an bhforbairt atá tar éis teacht ar sheirbhísí trádála agus taistil ar líne, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí atá ag cur fúthu san Aontas tairbhiú de chosaint leordhóthanach agus ag allmhairiú earraí agus seirbhísí ó oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe i dtríú tíortha. Ar an ábhar sin, ba cheart leis an gClár bonn taca a chur faoin gcomhar le comhlachtaí ábhartha atá lonnaithe i dtríú tíortha ar comhpháirtithe trádála tábhachtacha de chuid an Aontais iad, i gcás inar gá.

    (15)Baineann údaráis phoiblí úsáid as soláthar poiblí chun luach ar airgead poiblí a chaitear a áirithiú agus chun tacú le margadh inmheánach atá níos nuálaí, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos iomaíche. Le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 , Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 , cuirtear ar fáil an creat dlíthiúil maidir le comhtháthú agus feidhmiú éifeachtach na margaí soláthair phoiblí arb iad 14  % d’olltáirgeacht intíre an Aontais iad, rud a théann chun sochair d’údaráis phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh, tomhaltóirí san áireamh. Leis an gClár, mar sin, ba cheart tacú le bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbainfí úsáid níos leithne as soláthar poiblí straitéiseach, go ndéanfaí ceannaitheoirí poiblí a ghairmiúlú, go dtabharfaí rochtain níos fearr do FBManna ar mhargaí soláthair, go gcuirfí le trédhearcacht, sláine agus cáilíocht sonraí, go spreagfaí digitiú an tsoláthair phoiblí agus cur chun cinn an tsoláthair chomhpháirtigh trí chur chuige comhpháirtíochta leis na Ballstáit a neartú, go bhfeabhsófaí an chaoi a ndéantar sonraí a bhailiú agus a anailísiú trí uirlisí tiomnaithe teicneolaíochta faisnéise a fhorbairt, go dtacófaí le malartú taithí agus dea-chleachtas, go gcuirfí treoir ar fáil, go ndéanfaí comhaontuithe trádála tairbhiúla a shaothrú, go neartófaí comhar idir údaráis náisiúnta agus go seolfaí treoirthionscadail.

    (16)Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus chun an saol a éascú do shaoránaigh agus gnólachtaí, ní mór seirbhísí poiblí ardcháilíochta atá dírithe ar an úsáideoir a chur ar bun. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh riaracháin phoiblí tosú ar bheith ag obair i mbealaí nua, fáil réidh leis na bacainní idir codanna difriúla dá seirbhísí riaracháin, agus tabhairt faoi na seirbhísí poiblí sin a chruthú go comhpháirteach i gcomhar le saoránaigh agus gnólachtaí. Anuas air sin, i ngeall ar an méadú leanúnach agus rialta ar ghníomhaíochtaí trasteorann sa mhargadh inmheánach, is gá faisnéis chothrom le dáta a chur ar fáil faoi chearta gnólachtaí agus saoránaigh mar aon le faisnéis lena mínítear foirmiúlachtaí riaracháin. Lena chois sin, is den riachtanas é comhairle dlí a chur ar fáil agus a bheith ina chuidiú chun fadhbanna a bhíonn ann ar leibhéal trasnáisiúnta a réiteach. Chomh maith leis sin, ní mór údaráis riaracháin náisiúnta a nascadh ar bhealach simplí éifeachtúil agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an margadh inmheánach ar an láthair. Mar sin, ba cheart don Chlár tacú leis na huirlisí atá ann cheana chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach: an tairseach An Eoraip Agatsa, rud ba cheart a bheith ina bunsraith den tairseach aonair dhigiteach atá ar na bacáin, An Eoraip Agatsa – Comhairle, an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT), Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh chun saol laethúil na saoránach agus cumas gnólachtaí trádáil thar theorainneacha a fheabhsú.

    (17)Leis an gClár, ba cheart tacú le creat rialála de chuid an Aontais a fhorbairt sa réimse maidir le dlí na gcuideachtaí agus i réimse an rialachais chorparáidigh, mar aon le dlí na gconarthaí, d’fhonn gnólachtaí a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos iomaíche agus, san am céanna, cosaint a chur ar fáil do gheallsealbhóirí a ndéanann oibríochtaí cuideachta difear dóibh, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn ar cheart do bheartas dul i ngleic leo. Leis an gClár, ba cheart a áirithiú freisin go ndéanfaí meastóireacht iomchuí ar an acquis, ábhartha agus go ndéanfaí é a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach iomchuí, go gcuirfí geallsealbhóirí ar an eolas agus go gcuideofaí leo, agus go gcuirfí malartú faisnéise chun cinn sa réimse. Ba cheart leis an gClár tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na tionscnaimh ón gCoimisiún chun tacú le creat dlíthiúil soiléir agus oiriúnaithe maidir leis an ngeilleagar sonraíbhunaithe agus an nuálaíocht. Is gá na tionscnaimh sin chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an dlí conarthach agus an dlí seach-chonarthach, go háirithe maidir le dliteanas agus eitic ó thaobh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail idirlíon na rudaí nithiúla, an intleacht shaorga, an róbataic agus priontáil 3T. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár spreagadh a thabhairt chun gnólachtaí sonraíbhunaithe a fhorbairt óir beidh na gnólachtaí sin ríthábhachtach má tá geilleagar an Aontais le dul i ngleic leis an iomaíocht dhomhanda.

    (18)Leis an gClár freisin, ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil an Aontais maidir leis an bhfrithsciúradh airgid agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gceart agus ina iomláine agus ba cheart beartais don todhchaí a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua san earnáil. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil leas Eorpach acu, amhail an Coiste saineolaithe maidir le meastóireacht a dhéanamh ar bhearta frithsciúrtha airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta de chuid Chomhairle na hEorpa.

    (19)Tá cur chun feidhme agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh i réimse na seirbhísí airgeadais, na cobhsaíochta airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil, lena náirítear maoiniú inbhuanaithe, ag brath go mór ar bhearta beartais fianaisebhunaithe a dhéanann an tAontas Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart ról gníomhach a bheith ag an gCoimisiún i bhfaireachán síoraí a dhéanamh ar na margaí airgeadais agus ar an gcobhsaíocht airgeadais, measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais ag na Ballstáit, an reachtaíocht atá ann faoi láthair a mheas le feiceáil an bhfuil sé oiriúnach don fheidhm atá léi, réimsí gníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint ina dtagann rioscaí nua chun cinn agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a áirithiú le linn an timthrialla beartais. Is ar anailísí, staidéir, ábhair oiliúna, suirbhéanna, measúnuithe comhréireachta, meastóireachtaí agus staidreamh a tháirgeadh a bhraitheann na gníomhaíochtaí sin agus tacaítear leo trí bhíthin córais teicneolaíochta faisnéise agus uirlisí cumarsáide.

    (20)Ag cur san áireamh go gcuimsíonn an margadh inmheánach mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é córas a áirithíonn nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh, ba cheart don Chlár tacú le beartas agus líonraí an Aontais i réimse na hiomaíochta agus le comhar le húdaráis náisiúnta agus cúirteanna, mar aon le teagmháil a dhéanamh le grúpa níos leithne geallsealbhóirí chun iad a chur ar an eolas faoi chearta, tairbhí agus oibleagáidí bheartas iomaíochta an Aontais agus chun na cearta, na tairbhí agus na hoibleagáidí sin a mhíniú.

    (21)Leis an gClár, is gá, go háirithe, dul i ngleic leis na himpleachtaí radacacha atá ann don iomaíocht agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de thoradh an athraithe leanúnaigh ar an ngeilleagar agus ar thimpeallacht an ghnó, go mór mór a bhuí leis an bhfás easpónantúil ar shonraí agus ar an úsáid a bhaintear astu, ag cur san áireamh go bhfuil an úsáid a bhaineann cuideachtaí agus a gcomhairleoirí as intleacht shaorga mar aon le huirlisí agus saineolas eile teicneolaíochta faisnéise ag méadú. Is den riachtanas é freisin go gcuirfear leis an gClár bonn taca faoi líonraí agus comhar le húdaráis agus cúirteanna na mBallstát, ag cur san áireamh go mbraitheann an iomaíocht gan saobhadh agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh go mór ar ghníomhaíocht ó na heintitis sin. I bhfianaise an róil ar leith atá ag an mbeartas iomaíochta chun cosc a chur le díobháil don mhargadh inmheánach de thoradh iompar frithiomaíoch lasmuigh den Aontas, ba cheart don Chlár tacaíocht a thabhairt do chomhar le húdaráis tríú tíortha de réir mar is iomchuí. Ar deireadh, ní mór cur le gníomhaíochta cumarsáide chun gur féidir le tuilleadh saoránach agus gnólachtaí tairbhe iomlán a bhaint as iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach. Toisc gur tionscnaimh nua iad cuid de na tionscnaimh faoi chuimsiú an Chláir agus toisc go háirithe go ndéanann forbairtí dinimiciúla ar choinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach difear don chuid sin den Chlár a bhaineann leis an iomaíocht, go mór mór forbairtí i dtaca leis an intleacht shaorga, algartaim, mórshonraí, an chibearshlándáil agus an teicneolaíocht fóiréinsice, ar deacair a luas agus a mhéid a mheas, meastar go mbeidh solúbthacht ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua a thagann chun cinn faoin gcuid sin den Chlár

    (22)Tá sé ríthábhachtach iomaíochas na bhfiontar Eorpach a neartú agus, san am céanna, cothrom iomaíochta éifeachtach agus margadh inmheánach atá oscailte agus iomaíoch a áirithiú. Is iad FBManna bunchloch an gheilleagair Eorpaigh arb iad 99  % de na gnólachtaí uile san Eoraip iad lena dtugtar dhá thrian de phoist, agus a chuidíonn go mór poist nua chruthú a bhfuil gné réigiúnach agus áitiúil ag baint leo.

    (23)Bíonn ag FBManna dúshláin chomónta nach ndéanann a oiread céanna difir do ghnólachtaí móra chun maoiniú a fháil, teacht ar oibrithe oilte, an tualach riaracháin a laghdú, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur á núsáid, rochtain a fhail ar mhargaí agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe a chothú. Leis an gClár, ba cheart aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh den sórt sin ar bhealach comhréireach ach, san am céanna, gan an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh go míchuí.

    (24)Baineann cuid mhór d’fhadhbanna iomaíochais an Aontais le deacrachtaí FBManna teacht ar mhaoiniú toisc go mbíonn sé crua orthu a nacmhainneacht creidmheasa a thaispeáint agus toisc nach mbíonn a dhóthain comhthaobhachta acu. Tagann dúshláin bhreise mhaoinithe as an ngá atá ag FBManna le bheith iomaíoch trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí digitithe, cuir i gcás, gníomhaíochtaí idirnáisiúnaithe agus gníomhaíochtaí nuálacha agus trí oiliúint bhreise a chur ar a gcuid oibrithe. De thoradh rochtain theoranta ar mhaoiniú, imrítear tionchar diúltach ar chruthú gnólachtaí, ar a bhforbairt agus ar a rátaí marthanais agus, lena chois sin, ar ullmhacht fiontraithe nua dul i mbun cuideachtaí inmharthana i gcomhthéacs comharbas gnó.

    (25)Chun na teipeanna margaidh sin a shárú agus chun a áirithiú go leanann FBManna de bheith ag gníomhú mar bhunchloch don iomaíochas i ngeilleagair an Aontais, ní mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí bhíthin ionstraimí fiachais agus cothromais a bhunófar faoi réir na gné sin den chiste InvestEU arna bhunú le Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 52 . Tá sé cruthaithe go bhfuil breisluach ag baint leis an tsaoráid ráthaíochta iasachta a cuireadh i bhfeidhm faoi Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 agus meastar go nimreoidh sé tionchar dearfach ar 500 000 FBM ar a laghad; faoi réir na gné sin den chiste InvestEU a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuirfear ar bun comharba ar an tsaoráid sin.

    (26)Ina theannta sin, déanfar cuspóirí beartais an Chláir a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíocht bhuiséadach faoi réir na gné sin den chiste InvestEU a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid, ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh gníomhaíochtaí, go ndéanfaí maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú nó níor cheart go ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart a léiriú go soiléir go bhfuil breisluach Eorpach ag gabháil leis na gníomhaíochtaí.

    (27)Leis an gClár, ba cheart go gcuirfí bonn taca éifeachtach faoi FBManna le linn a saolré. Ba cheart go gcuirfeadh sé leis an eolas agus leis an saineolas atá forbartha i dtaobh FBManna agus earnálacha tionsclaíocha agus leis an taithí sheanbhunaithe ó bheith ag obair le geallsealbhóirí Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha. Ba cheart go gcuirfeadh an tacaíocht sin leis an dóigh ar éirigh leis an Líonra Fiontar Eorpach a bheith ina ionad ilfhreastail chun iomaíochas FBManna a fheabhsú agus a ngnó a fhorbairt laistigh den margadh aonair agus lasmuigh de. Tá rún ag an Líonra leanúint de bheith ag soláthar seirbhísí thar ceann cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe an clár Fís 2020, trí bhíthin acmhainní airgeadais na gclár sin. Lena chois sin, ba cheart go leanfaí den scéim meantóireachta d’fhiontraithe nua chun gur féidir le fiontraithe nua nó daoine a dteastaíonn uathu a bheith ina bhfiontraithe taithí ghnó a fháil trí iad a mheaitseáil le fiontraithe seanchleachta ó thír eile agus, ar an dóigh sin, cuidiú leo a gcumas fiontraíochta a neartú. Ba cheart don Chlár tuilleadh iarrachta a dhéanamh a chumhdach geografach a mhéadú agus a leathnú agus, ar an dóigh sin, raon níos leithne féidearthachtaí meaitseála a thairiscint d’fhiontraithe i gcomhlántacht le tionscnaimh eile de chuid an Aontais i gcás inarb ábhartha.

    (28)Is uirlis straitéiseach é braislí fiontar a chur ar bun chun tacú le hiomaíochas FBManna agus chun iad a chur ag gníomhú ar scála níos leithne óir cruthaítear leo timpeallacht atá fabhrach don ghnó. Ba cheart do thionscnaimh chomhpháirteacha le haghaidh braislí fiontar mais chriticiúil a bhaint amach chun dlús a chur le fás FBManna. De thoradh éiceachórais speisialaithe a nascadh, cruthaítear le braislí fiontar deiseanna nua gnó do FBManna agus déantar iad a chomhtháthú ar dhóigh níos fearr i slabhraí luacha straitéiseacha ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal domhanda. Trí thacaíocht ón ardán comhair do bhraislí fiontar Eorpacha, ba cheart tacú le straitéisí comhpháirtíochta trasnáisiúnta a fhorbairt agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme. Ba cheart comhpháirtíocht inbhuanaithe a spreagadh trí leanúint de mhaoiniú a chur ar fáil má bhaintear amach spriocanna feidhmíochta agus rannpháirtíochta. Le haghaidh na nithe seo a leanas, ba cheart tacaíocht dhíreach do FBManna a threorú trí eagraíochtaí de bhraislí fiontar: úsáid ardteicneolaíochtaí, samhlacha nua gnó, réitigh ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní, cruthaitheacht agus dearadh, seisiúin oiliúna, daoine inniúla a mhealladh, dlús a chur leis an bhfiontraíocht, agus an tidirnáisiúnú. Gníomhaithe ar speisialtóirí iad i dtacaíocht a chur ar fáil do FBManna, ba cheart iad a bheith rannpháirteach san athrú tionsclaíoch a éascú agus in straitéisí um speisialtóireacht chliste a chur chun feidhme. Ar an dóigh sin, ba cheart leis an gClár bonn taca a chur faoin bhfás agus faoi naisc a chruthú le moil nuálaíochta (digití) agus infheistíochtaí an Aontais arna gcur ar bun faoi réir an bheartais comhtháthaithe agus an chláir Fís Eorpach. Chomh maith leis sin, is féidir sineirgíochtaí leis an gclár Erasmus a fhiosrú.

    (29)Tá an chruthaitheacht agus an nuálaíocht ríthábhachtach ó thaobh iomaíochas shlabhraí luacha tionsclaíocha an Aontais. A bhuí leo, cuidítear an tionscal a nuachóiriú agus spreagtar an fás cliste cuimsitheach inbhuanaithe. Mar sin féin, tá FBManna ar gcúl go fóill i dtaca lena núsáid. Dá réir sin, ba cheart leis an gClár tacú le gníomhaíochtaí, líonraí agus comhpháirtíochtaí spriocdhírithe ar an nuálaíocht atá bunaithe ar an gcruthaitheacht ag gach céim den slabhra luacha tionsclaíoch.

    (30)Tá ról tábhachtach ag caighdeáin Eorpacha sa mhargadh inmheánach. Tá siad ríthábhachtach ó thaobh a iomaíche atá gnóthais, go háirithe FBManna. Is den riachtanas iad chun bonn taca a chur faoi reachtaíocht agus beartais an Aontais i roinnt réimsí tábhachtacha, amhail an fuinneamh, an tathrú aeráide, teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, úsáid inbhuanaithe acmhainní, an nuálaíocht, sábháilteacht táirgí, cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht agus dálaí oibre oibrithe, agus aosú an daonra agus, ar an dóigh sin, tairbhe a dhéanamh don tsochaí i gcoitinne.

    (31)Rialaítear gníomhaíochtaí caighdeánaithe Eorpacha le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 agus cuirtear chun feidhme na gníomhaíochtaí sin trí bhíthin comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí sheanbhunaithe, rud atá fíorthábhachtach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán sin, agus i mbeartais ghinearálta agus beartais earnálacha de chuid an Aontais i dtaca le caighdeánú, a bhaint amach

    (32)Tá creat coiteann tuairiscithe airgeadais a fheidhmíonn go cuí ríthábhachtach don mhargadh inmheánach, d’fheidhmiú éifeachtach na margaí caipitil agus chun margadh comhtháite a thabhairt i gcrích do sheirbhísí airgeadais i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil.

    (33)I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 , níor cheart Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh ag Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta, agus léirmhínithe lena mbaineann ó Choiste Léirmhíniúcháin na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, níor cheart iad a ionchorprú i ndlí an Aontais chun a bheith curtha i bhfeidhm ag comhlachtaí le hurrúis atá liostaithe ar mhargadh rialaithe san Aontas, ach amháin má chomhlíonann IFRS na critéir a leagtar amach sa Rialachán sin, lena náirítear an ceanglas go dtabharfaidh cuntais “léargas fíor agus cothrom” mar a leagtar síos in Airteagal 4(3) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 agus go mbeidh siad ina gcuidiú don leas poiblí Eorpach. Ní foláir caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta den sórt sin a fhorbairt faoi phróiseas trédhearcach atá freagrach go daonlathach. Dá bhrí sin, tá príomhról ag IFRS i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an ábhar sin, tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas lena ndéantar IFRS a fhorbairt agus a fhormheas, go soláthraíonn an próiseas sin caighdeáin atá ag teacht le ceanglais chreat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a bhunú d’Fhondúireacht IFRS.

    (34)Agus ról an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) á chur san áireamh maidir le measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann IFRS ceanglas dlí agus beartais an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, ní foláir don Aontas maoiniú cobhsaí EFRAG a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, cuidiú lena chistiú. Ba cheart obair theicniúil EFRAG a bheith dírithe ar chomhairle theicniúil don Choimisiún maidir le formhuiniú IFRS chomh maith leis an rannpháirtíocht iomchuí i bpróiseas forbartha IFRS den sórt sin agus ba cheart go náiritheofaí go gcuirfear leasanna an Aontais san áireamh go leordhóthanach sa phróiseas bunaithe caighdeán idirnáisiúnta. Ba cheart go náireodh na leasanna sin coincheap na “stuamachta”, an ceanglas a choimeád maidir le “léargas fíor agus cothrom”, arna leagan síos i dTreoir 2013/34/AE, agus an leas poiblí Eorpach, arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, ag cur san áireamh tionchar IFRS ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an ngeilleagar. Ba cheart chomh maith saotharlann Eorpach maidir le tuairisciú corparáideach a chur ar bun mar chuid den Ghrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG), chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus chun dea-chleachtais i dtuairisciú corparáideach a fhorbairt. San fhóram sin, is féidir le cuideachtaí agus infheisteoirí dea-chleachtais a chomhroinnt, go háirithe sa réimse maidir leis an tuairisciú neamhairgeadais agus i dtaobh na hinbhuanaitheachta.

    (35)In earnáil na hiniúchóireachta reachtúla, in 2005 bhunaigh an Grúpa Faireacháin, eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an athchóiriú rialachais ar Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). Is é ról an PIOB maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas is bunús le glacadh na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) agus ar ghníomhaíochtaí eile IFAC maidir le leas an phobail. Is féidir ISAnna a ghlacadh lena gcur i bhfeidhm san Aontas ar chuntar, go háirithe, gur forbraíodh iad faoi phróiseas cuí, faoi mhaoirseacht phoiblí agus go trédhearcach faoi mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 . Ag cur san áireamh tabhairt isteach ISAnna san Aontas agus ról ríthábhachtach PIOB maidir le deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar leis na ISAnna sin na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a áirithiú do PIOB.

    (36)Trí thacaíocht a thabhairt do bheartas na mBallstát lena ndéantar iarracht a áirithiú gur féidir le saoránaigh, agus iad ag gníomhú mar thomhaltóirí, tairbhe iomlán a bhaint as an margadh inmheánach agus trí na bearta sin a chomhlánú, bíonn an tAontas ina chuidiú leibhéal ard cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, cumhacht a thabhairt dóibh agus iad a chur i gcroílár an mhargaidh inmheánaigh agus, ar an dóigh sin, déantar a sábháilteacht agus a leasanna dlí agus eacnamaíocha a chosaint go cuí trí bhíthin gníomhaíochtaí nithiúla. Ina theannta sin, ní mór don Aontas deimhin a dhéanamh de go bhforfheidhmítear ar an láthair dlíthe maidir le sábháilteacht tomhaltóirí agus táirgí i gceart agus go cothrom agus gur féidir le gnólachtaí tairbhiú de chothrom iomaíochta agus d’iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach. Anuas air sin, is gá tomhaltóirí a chumhachtú, a spreagadh agus is gá cuidiú leo chun roghanna inbhuanaithe a dhéanamh agus, ar an dóigh sin, tacú le geilleagar inbhuanaithe, éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh agus na nacmhainní de agus ciorclach.

    (37)Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár feasacht tomhaltóirí, gnólachtaí, na sochaí sibhialta agus na núdarás a ardú i dtaobh dlíthe cosanta tomhaltóirí agus dlíthe sábháilteachta agus cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus dá neagraíochtaí ionadaíocha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe trí thacú le Bureau Européen des Unions de Consommateurs (BEUC) arb é an eagraíocht neamhrialtasach sheanbhunaithe aitheanta é a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí i dtaca le beartais ábhartha uile an Aontais, agus an Comhlachas Eorpach um Chomhordú Ionadaíochta Tomhaltóirí maidir le Caighdeánú (ANEC) a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí i dtaca le saincheisteanna caighdeánaithe. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais nua margaidh i dtaca le tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn agus ar leochaileachtaí a chosc agus, chomh maith leis sin, ar dhúshláin a thagann as digitiú an gheilleagair nó ar fhorbairt patrúin nua tomhaltais agus samhlacha nua gnó. Leis an gClár, ba cheart bonn taca a chur faoi fhorbairt a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha i dtaca le margaí, dúshláin bheartais, saincheisteanna agus saghsanna iompair atá ag teacht chun cinn, agus faoi fhoilsiú scórchlár tomhaltóirí an Aontais.

    (38)Leis an gClár, ba cheart bonn taca a chur faoi údaráis inniúla náisiúnta, lena náirítear na húdaráis sin atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí, a chomhoibríonn go háirithe trí bhíthin chóras mear-rabhaidh an Aontais do tháirgí contúirteacha. Ina theannta sin, ba cheart dó tacú le forfheidhmiú Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, agus leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí agus le comhar idirnáisiúnta idir na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha agus san Aontas. Leis an gClár, ba cheart freisin é a bheith mar aidhm rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin réitithe díospóide lasmuigh den chúirt agus ar líne a áirithiú do thomhaltóirí agus trádálaithe uile, mar aon le faisnéis maidir le féidearthachtaí sásaimh.

    (39)Le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, cuidítear le tomhaltóirí na cearta atá acu ina gcáil mar shaoránaigh de chuid an Aontais a chur chun sochair nuair a cheannaíonn siad earraí agus seirbhísí trasteorann sa mhargadh inmheánach agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), bíodh sé ar líne nó le linn dóibh a bheith ag taisteal. Tá sé cruthaithe ag an líonra sin, a bhfuil 30 lárionad aige agus atá maoinithe go comhpháirteach le deich mbliana anuas ag cláir tomhaltóirí an Aontais, go bhfuil breisluach ag baint leis ó thaobh iontaoibh tomhaltóirí agus trádálaithe as an margadh inmheánach a neartú. Déileálann sé le breis agus 100 000 iarraidh ó thomhaltóirí in aghaidh na bliana agus bíonn teagmháil aige leis na milliúin saoránach trína ghníomhaíochtaí faisnéise preasa agus ar líne. Tá sé ar cheann de na líonraí cúnaimh do shaoránaigh de chuid an Aontais is mó a bhfuil meas air agus foráiltear le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 go bhfuil pointí teagmhála maidir le dlí an mhargaidh inmheánaigh lonnaithe i bhformhór d’ionaid an líonra agus, de thoradh na meastóireachta a rinneadh air, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint dá chuid oibríochtaí. Tá sé de rún ag an líonra socruithe cómhalartachta le comhlachtaí comhchosúla i dtríú tíortha a fhorbairt.

    (40)De thoradh na seiceála oiriúnachta a rinne an Coimisiún i mí Bealtaine 2017 ar dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus maidir le margaíocht táirgí agus seirbhísí, léiríodh gur ghá rialacha a fhorfheidhmiú ar dhóigh níos fearr agus caingne sásamh a éascú nuair a dhéantar díobháil do thomhaltóirí de dheasca sáruithe ar dhlíthe cosanta tomhaltóirí. Dá bharr sin, ghlac an Coimisiún “Margadh Nua do Thomhaltóirí” in Aibreán 2018 chun a áirithiú, inter alia, go dtabharfaí an chóir chomhionann do thomhaltóirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh i dtaca le caighdeáin décháilíochta táirgí, acmhainneachtaí forfheidhmiúcháin níos láidre a bheith ag na Ballstáit, sábháilteacht táirgí a fheabhsú, comhar idirnáisiúnta a mhéadú agus féidearthachtaí nua le haghaidh sásaimh, go háirithe trí chaingne ionadaíocha ag eintitis cáilithe. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár tacú le beartas cosanta tomhaltóirí trí fheasacht a ardú agus cur leis an mbonn eolais, acmhainneachtaí a fhorbairt agus dea-chleachtais a mhalartú idir na heagraíochtaí tomhaltóirí agus na húdaráis cosanta tomhaltóirí, líonrú agus faisnéis mhargaidh a fhorbairt, an bunús fianaise i dtaca le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do thomhaltóirí, córais teicneolaíochta faisnéise agus uirlisí cumarsáide, inter alia, a neartú.

    (41)I ngeall ar fheidhmiú na margaí seirbhísí airgeadais, imrítear tionchar ar leith ar shaoránaigh. Is dlúthchuid den mhargadh inmheánach iad agus ní mór creat stóinseach rialála agus maoirseachta a bheith ann a áirithíonn ní hamháin cobhsaíocht airgeadais agus geilleagar inbhuanaithe ach, lena chois sin, a sholáthraíonn leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais, lena náirítear infheisteoirí miondíola, coigilteoirí, sealbhóirí polasaí árachais, comhaltaí agus tairbhithe cistí pinsin, scairshealbhóirí aonair, iasachtaithe agus FBManna. Tá sé tábhachtach cur lena nacmhainneacht páirt a ghlacadh i gceapadh beartas i réimse an airgeadais.

    (42)Mar sin, ba cheart don Chlár leanúint de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí sonracha a chumhdaítear le Clár Fothaithe Acmhainneachtaí 2017–2020 lena bhfeabhsaítear rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/826 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 lena leantar de threoirthionscadal agus réamhbheart na mblianta 2012–2017. Is gá sin chun tuairimí geallsealbhóirí nach gairmithe de chuid na hearnála airgeadais iad a sholáthar do lucht ceaptha beartas agus chun a áirithiú gur fearr an ionadaíocht a dhéantar ar leasanna tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais. Ba cheart a bheith mar thoradh air sin beartais níos fearr i leith seirbhísí airgeadais, go mór mór a bhuí le tuiscint níos fearr i measc an phobail ar na saincheisteanna i gceist i dtaca le rialáil airgeadais agus a bhuí le feabhas ar an tuiscint airgeadais.

    (43)De thoradh treoirthionscadail, a reáchtáladh le linn na tréimhse 2012–2013, agus réamhbhirt, a rinneadh idir 2014–2016, bhronn an Coimisiún deontais ar dhá eagraíocht tar éis glao oscailte bliantúil ar thograí. Is iad Finance Watch, a cuireadh ar bun le deontais ón Aontas in 2011 mar chomhlachas idirnáisiúnta neamhbhrabúis faoi dhlí na Beilge, agus Better Finance, a tháinig as as cónaidhmeanna Eorpacha infheisteoirí agus scairshealbhóirí a bhí ann cheana agus a atheagraíodh agus a athbhrandáladh roinnt uaireanta ó bhí 2009 ann, an dá eagraíocht sin. Leis an gClár Fothaithe Acmhainneachtaí a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/826, sainaithnítear an dá eagraíocht sin mar thairbhithe aonair. Is gá, mar sin, leanúint de bheith ag cómhaoiniú na neagraíochtaí sin i gcomhthéacs an Chláir. Mar sin féin, ba cheart an maoiniú sin a bheith faoi réir athbhreithnithe.

    (44)Chun gur féidir leis an margadh inmheánach oibriú go héifeachtúil, caithfidh leibhéal ard cosanta sláinte a bheith ann trí bhíthin an tslabhra soláthair bia. Ó thaobh na sochaí agus an mhargaidh inmheánaigh de, is den riachtanas slabhra soláthair bia atá sábháilte agus inbhuanaithe. De bhíthin géarchéimeanna sláinte trasteorann agus údair faitís i dtaca le bia, cuirtear as d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí theorainn a chur le gluaiseachtaí daoine agus earraí agus trí chur as don táirgeadh.

    (45)Is é cuspóir ginearálta dhlí an Aontais i réimse an bhiashlabhra cur le hardleibhéal sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim den bhiashlabhra, tacú le leas ainmhithe a fheabhsú, cur le hardleibhéal cosanta agus faisnéise do thomhaltóirí agus leibhéal ard cosanta don chomhshaol, lena náirítear an bhithéagsúlacht a chaomhnú, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht na táirgeachta bia agus beatha Eorpaí a fheabhsú, cur le caighdeáin cháilíochta ar fud an Aontais, iomaíochas thionscal bia agus beatha an Aontais a fheabhsú agus cruthú post a chothú.

    (46)Os rud é gur gníomhaíochtaí sonracha iad na gníomhaíochtaí lena mbaineann leibhéal ard sláinte do dhaoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim den bhiashlabhra, is gá foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le critéir speisialta incháilitheachta i dtaobh cur ar fáil deontas agus úsáid soláthair phoiblí. De mhaolú, go háirithe, ar Rialachán (AE, Euratom) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 (an “Rialachán Airgeadais”), mar eisceacht ar phrionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, ba cheart costais na mbeart éigeandála, i ngeall ar chineál práinneach agus neamh-intuartha na mbeart sin, a bheith incháilithe agus, ina theannta sin, ba cheart costais a tabhaíodh de dheasca amhrais faoi ghalar nó lotnaid a áireamh ar choinníoll go ndearbhaítear tar éis sin an galar nó an lotnaid a bheith ann agus go gcuirtear sin in iúl don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha agus íocaíocht caiteachais incháilithe a dhéanamh, tar éis na gealltanais dhlíthiúla a shíniú agus tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú. Ina theannta sin, ba cheart costais a bheith incháilithe i dtaca le bearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeadh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca galair agus zónóisí áirithe ainmhithe a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát nó i dtíortha nó ar chríocha thar lear agus i dtaca le bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas.

    (47)Is uirlis fhíor-riachtanach iad rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit lena fhíorú go ndéantar ceanglais ábhartha Aontais a chur chun feidhme, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú agus le faireachán a dhéanamh air sin. Tá éifeachtacht agus éifeachtúlacht córas rialaithe oifigiúil ríthábhachtach chun leibhéal ard sábháilteachta do dhaoine, ainmhithe agus plandaí a chaomhnú ag gach céim den bhiashlabhra agus, ag an am céanna, leibhéal ard cosanta don chomhshaol a áirithiú. Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil do na bearta rialaithe sin. Go háirithe, ba cheart ranníocaíocht airgeadais a bheith ar fáil do shaotharlanna tagartha an Aontais chun cuidiú leo na costais a sheasamh a thagann as cur chun feidhme na gclár oibre arna bhformheas ag an gCoimisiún. Thairis sin, ós rud é freisin go mbraitheann éifeachtacht rialuithe oifigiúla ar bhaill foirne dhea-oilte, a bhfuil eolas iomchuí acu ar dhlí an Aontais, a bheith ar fáil do na húdaráis rialaithe, ba cheart don Aontas a bheith in ann rannchuidiú lena noiliúint agus leis na cláir mhalartacha ábhartha arna neagrú ag údaráis inniúla.

    (48)Tá staidreamh ardcháilíochta arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gclár staidrimh Eorpach riachtanach le haghaidh cinnteoireacht ar bhonn fianaise; ba cheart an staidreamh Eorpach a bheith ar fáil go tráthúil agus ba cheart go gcuirfeadh sé le cur chun feidhme bheartais an Aontais mar a léirítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe an rialachas eacnamaíoch neartaithe agus comhtháthaithe, an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, an fhorbairt inbhuanaithe, an beartas talmhaíochta, gné shóisialta na hEorpa agus an domhandú.

    (49)Tá an staidreamh Eorpach riachtanach le haghaidh chinnteoireacht an Aontais agus chun feidhmíocht agus tionchar thionscnaimh an Aontais a thomhas. Ar an ábhar sin, ba cheart a áirithiú go leanfaí den staidreamh Eorpach a sholáthar agus a fhorbairt, bunaithe ar chur chuige uile-Aontais agus peirspictíocht níos leithne aige ná peirspictíocht an mhargaidh inmheánaigh amháin, chun gníomhaíochtaí agus réimsí beartais uile an Aontais a chumhdach, lena náirítear gnólachtaí agus saoránaigh a chumhachtú chun cinntí eolacha a dhéanamh.

    (50)Mar gheall ar ghné chothrománach an Chláir Staidrimh Eorpaigh, tá sé faoi réir riachtanas sonrach, go háirithe na riachtanais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 , go háirithe i dtaca leis na prionsabail staidrimh a urramú, feidhmiú an chórais staidrimh Eorpaigh agus a rialachais, lena náirítear an ról agus na cúraimí arna sannadh do choiste an chórais staidrimh Eorpaigh agus don Choimisiún, bunú agus cur chun feidhme chlárú na ngníomhaíochtaí staidrimh.

    (51)Cuireadh an Clár faoi bhráid an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach le go ndéanfaí réamhscrúdú air, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    (52)Tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe. Fágfaidh rannpháirtíocht an Aontais agus na mBallstát i gcuspóirí Chlár Oibre 2030 go mbeidh an Eoraip á cothú ar bhealach a fhágfaidh níos láidre, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí, níos sláine agus níos rathúla í. Ba cheart don Chlár cuidiú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, lena náirítear trí chothromaíocht a bhaint amach idir ghnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil den fhorbairt inbhuanaithe.

    (53)Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart don Chlár sin cuidiú chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 25  % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais a bhaint amach maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha.

    (54)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 63 ], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (55)Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch déantar foráil do chomhar sna réimsí is ábhar don Chlár idir an tAontas agus a Bhallstáit ar thaobh amháin, agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar an taobh eile. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun an Clár a oscailt do rannpháirtíocht tíortha eile, lena náirítear tíortha comharsanachta an Aontais agus tíortha atá ag déanamh iarratais ar bhallraíocht den Aontas, tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht den Aontas, nó tíortha atá ag aontú dó. Ina theannta sin, i réimse an staidrimh Eorpaigh, ba cheart an Clár a bheith oscailte don Eilvéis i gcomhréir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i réimse an staidrimh 64 .

    (56)Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

    (57)Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gClár sin. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena náirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar.

    (58)Léiríodh gur leor na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi na cláir agus na línte buiséid a tháinig roimhe agus ba cheart iad a choinneáil. Tá sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí nua arna dtabhairt isteach faoin gClár an margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a threisiú go háirithe. Chun tuilleadh simplíochta agus solúbthachta a chur ar fáil i gcur i gcrích an Chláir agus ar an mbealach sin lena chuspóirí a bhaint amach ar shlí níos fearr, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin i gcatagóirí ginearálta foriomlána. Ba cheart liostaí de ghníomhaíochtaí táscacha a bhaineann le cuspóirí sonracha i réimse an iomaíochais, nó gníomhaíochtaí sonracha a eascraíonn as riachtanais rialála, amhail i dtaca le caighdeánú, rialáil an tslabhra bia agus staidreamh Eorpach a chur san áireamh leis an gClár freisin.

    (59)Is gá catagóirí ar leith a shonrú d’eintitis atá incháilithe chun cistiú a fháil, chomh maith leis na heintitis sin a ba cheart a bheith incháilithe chun cistiú a fháil gan ghlao ar thograí.

    (60)Ós rud é go bhfuil codanna éagsúla an gheilleagair dhomhanda á gcomhshnaidhmeadh le chéile diaidh ar ndiaidh, ba cheart go leanfar leis an gClár d’fhoráil a dhéanamh maidir le saineolaithe seachtracha a bheith páirteach freisin, saineolaithe amhail oifigigh de chuid tríú tíortha, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta nó oibreoirí eacnamaíocha i gcás gníomhaíochtaí áirithe.

    (61)Is gá critéir speisialta a bhaineann le rialacha cómhaoinithe agus costais incháilithe a chur in iúl.

    (62)I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a leagadh amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE' 65 , agus chun foráil a dhéanamh maidir le cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más ionann na spriocanna atá á saothrú ag gníomhaíochtaí an Chláir atá beartaithe agus spriocanna roinnt ionstraimí maoiniúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh.

    (63)Ba cheart an Clár seo a bheith ina chuidiú don tacaíocht iomlán lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais shonracha na réigiún is forimeallaí agus ar a gcomhtháthú sa mhargadh inmheánach, de réir mar a athdheimhníodh le déanaí sa Teachtaireacht ón gCoimisiún "A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions" "Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas" 66 .

    (64)Ba cheart don Chlár sineirgí a chur chun cinn agus dúbláil le cláir ghaolmhara agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais á seachaint aige. Ba cheart na gníomhaíochtaí faoin gClár seo a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí na gClár Custaim agus Fiscalis arna mbunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67 agus Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 68 a dhírítear freisin ar thacaíocht a thabhairt d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus é a fheabhsú.

    (65)Ba cheart don Chlár sineirgí agus comhlántacht a chur chun cinn i leith na FBManna agus i leith na tacaíochta fiontraíochta faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 69 . Ina theannta sin, leis an ngné sin den chiste InvestEU, arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 70 , a bhaineann le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBMAnna) áiritheofar tacaíocht d’fhiachas agus do chothromas chun rochtain agus fáil ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna. Ba cheart don Chlár sineirgí a lorg freisin leis an gClár Spáis arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 i ndáil le FBManna a spreagadh chun tairbhe a bhaint as nuálaíocht cheannródaíoch agus réitigh eile arna bhforbairt faoi na cláir sin.

    (66)Ba cheart don Chlár seo sineirgí a chur chun cinn le Horizon Europe arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 , a bhfuil sé mar aidhm leis taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn. Ba cheart go mbainfeadh sé sin go háirithe le comhlántacht le gníomhaíochtaí Chomhairle Nuálaíochta Eorpach na todhchaí ar mhaithe le comhlachtaí nuálacha, chomh maith le tacaíocht do sheirbhísí le haghaidh FBManna.

    (67)Ba cheart don Chlár sineirgí agus comhlántacht a chur chun cinn i ndáil leis an gClár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 73 , a bhfuil sé mar aidhm leis digitiú gheilleagar an Aontais agus na hearnála poiblí a chur chun cinn.

    (68)Ina theannta sin, ba cheart don Chlár sineirgí a lorg leis an gCiste Ceartais, Cearta agus Luachanna arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 74 , a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le forbairt bhreise ar limistéar Eorpach ceartais ar mhaithe le héifeachtúlacht chórais cheartais náisiúnta, a chuidíonn go mór chun geilleagar cothrom costéifeachtach a bhaint amach san Eoraip.

    (69)Ba cheart don Chlár sin sineirgí a chur chun cinn leis an gclár Erasmus arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 75 , le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 76 agus le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 77 i réimse na soghluaisteachta saothair agus soghluaisteacht na hóige, atá riachtanach don mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil.

    (70)Ar deireadh, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbiashlabhra, amhail bearta tréidliachta agus fiteasláintíochta i gcás géarchéime sláinte ainmhithe agus plandaí, a chomhlánú le hidirghabhálacha margadhbhunaithe ó chlársceidealú Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 78 .

    (71)I gcás inarb ábhartha, ba cheart gníomhaíochtaí an Chláir a úsáid chun dul i ngleic le teipeanna margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith acu.

    (72)Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cláir oibre a ghlacadh lena gcuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí a chuideoidh chun leibhéal ard sláinte a bhaint amach i ngeall le daoine, ainmhithe agus plandaí feadh an bhiashlabhra. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 79 .

    (73)Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (74)Chun faireachán agus tuairisciú rialta a áirithiú, ba cheart creat iomchuí a bheith curtha i bhfeidhm ón tús le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí, lena dtomhaisfear éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Chlár i gcomparáid le bonnlínte réamhshainithe.

    (75)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 80 , is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha agus, san am céanna, rórialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, a sheachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart gur féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh.

    (76)Ba cheart liosta na ngalar ainmhithe agus na zónóise atá incháilithe chun cistiú a fháil faoi bhearta éigeandála agus chun cistiú a fháil faoi na gcláir díothaithe, rialaithe agus faireachais a bhunú ar bhonn na ngalar ainmhithe dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 81 . Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 82 agus Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 83 .

    (77)Chun cúinsí a spreagtar ag na galair ainmhithe sin a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil, forbairt zónóisí a bheidh ina mbaol don duine, nó forbairt eolaíoch nó eipidéimeolaíoch nua a chur i gcuntas, chomh maith leis na galair ar dócha go mbeidh siad ina bhaol nua don Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, maidir le liosta na ngalar ainmhithe agus zónóisí a leasú. Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo ghnóthú a chuspóirí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i ndáil leis na táscairí chun gnóthú na gcuspóirí sonracha thomhais a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (78)De bhun [tagairt le nuashonrú de réir chinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle 84 ], tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

    (79)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 85 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 86 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 87 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 88 , déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 89 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (80)Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhairí airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

    (81)Le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 90 rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát. Le Rialachán (AE) 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 91 rialaítear próiseáil sonraí pearsanta arna dhéanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Beidh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus beidh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún i gcomhréir leis na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

    (82)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar chineál trasteorann na saincheisteanna lena mbaineann, ach gur féidir, de bharr an phoitéinsil níos fearr atá ann i ngníomhaíocht an Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (83)Ba cheart don Chlár níos mó infheictheachta agus comhsheasmhachta a áirithiú i dtaca le margadh inmheánach an Aontais, chomh maith le hiomaíochas fiontar lena náirítear FBManna agus gníomhaíochtaí staidrimh Eorpaigh i dtreo saoránaigh, gnólachtaí agus rialtais na hEorpa.

    (84)Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013, Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 92 , Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 93 , Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 94 , Rialachán (AE) 2017/826, a asighairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    (85)Is iomchuí trasdul rianúil gan bhriseadh a áirithiú idir na gclár i réimsí iomaíochais fiontar agus fiontar beag agus meánmhéide, cosaint tomhaltóirí, custaiméirí agus úsáideoirí deiridh i seirbhísí airgeadais, ceapadh beartais i seirbhísí airgeadais, an biashlabhra agus staidreamh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 1287/2013, Rialachán (AE) Uimh. 254/2014, Rialachán (AE) 2017/826, Rialachán (AE) Uimh. 258/2014, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, agus an Clár seo, go háirithe maidir le leanúint le hidirbhearta ilbhliantúla agus leis an meastóireacht ar an rath a bhí ar an gclár roimhe sin.



    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo bunaítear an clár chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar iomaíochas fiontar, lena náirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide agus an creat chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh a mhaoiniú, de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (an 'Clár').

    Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn 'Oibríochtaí measctha' gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

    (2)ciallaíonn 'staidreamh Eorpach' staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgiú agus arna scaipeadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

    (3)ciallaíonn 'eintiteas dlíthiúil' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) de Rialachán (AE, Euratom) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an 'Rialachán Airgeadais');

    (4)ciallaíonn 'micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide' micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínitear i leagan an 6 Bealtaine 2003 den Mholadh ón gCoimisiún 2003/361/CE 95 iad;

    (5)ciallaíonn 'tríú tír' tír nach bhfuil ina ball den Aontas.

    Airteagal 3

    Cuspóirí an Chláir

    1.Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

    (a)Feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus go háirithe saoránaigh, tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint agus a chumhachtú, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), trí dhlí an Aontais a fhorfheidhmiú, rochtain ar an margadh a éascú, caighdeáin a leagan síos agus sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus plandaí, agus leas ainmhithe a chur chun cinn; chomh maith le comhar idir údaráis inniúla na mBallstát a fheabhsú agus comhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún agus gníomhaíochtaí díláraithe an Aontais a fheabhsú;

    (b)staidreamh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin Eoraip a thacaíonn le beartais uile an Aontais a cheapadh chomh maith le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus cuidiú le lucht ceaptha beartais, gnólachtaí, an lucht acadúil, saoránaigh agus na meáin cinntí eolasacha a dhéanamh agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach.

    2.Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas atá ag an gClár:

    (a)an margadh inmheánach a dhéanamh níos éifeachtaí, cosc agus baint constaicí a éascú, tacú le dlí an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i réimse an mhargaidh inmheánaigh d’earraí agus do sheirbhísí, soláthar poiblí, faireachas margaidh chomh maith le dlí na gcuideachtaí agus an dlí conarthach agus an dlí seach-chonarthach, sciúradh airgid, saorghluaiseacht chaipitil, seirbhísí airgeadais agus iomaíocht, lena náirítear forbairt uirlisí rialachais;

    (b)iomaíochas fiontar a fheabhsú le béim speisialta ar FBManna agus breisíocht a bhaint amach trí bhearta a sholáthar lena gcuirtear foirmeacha éagsúla tacaíochta ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, rochtain ar mhargaí lena náirítear idirnáisiúnú FBManna, timpeallacht fhabhrach ghnó do FBMAnna, iomaíochas earnálacha, nuachóiriú earnáil na tionsclaíochta agus cur chun cinn na fiontraíochta;

    (c)feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí phróisis chaighdeánaithe a dhéanann an méid seo a leanas:

    (i)maoiniú an chaighdeánaithe Eorpaigh agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí i mbunú caighdeán Eorpach a éascú;  

    (ii)tacú le forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht ar ardchaighdeán, a gcomhtháthú i ndlí an Aontais a éascú agus nuálaíocht agus forbairt dea-chleachtas i dtuairisciú corparáideach a chur chun cinn; 

    (d)leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus sábháilteachta táirgí a áirithiú tríd an méid seo a leanas:

    (i)tomhaltóirí, gnólachtaí, agus an tsochaí shibhialta a chumhachtú, cabhrú leo agus oideachas a chur orthu; leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí, tomhaltas inbhuanaithe agus sábháilteacht táirgí a áirithiú, go háirithe trí thacú le húdaráis inniúla forfheidhmithe agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí comhair; a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach tomhaltóir ar shásamh agus; faisnéis leordhóthanach a sholáthar maidir le margaí agus tomhaltóirí;

    (ii)feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí, úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais agus an tsochaí shibhialta i gceapadh beartas na seirbhísí airgeadais; tuiscint níos fearr ar an earnáil airgeadais a chur chun cinn;

    (e)rannchuidiú le hardleibhéal sláinte don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí ag gach céim den bhiashlabhra agus i réimsí gaolmhara, lena náirítear trí ghalair agus lotnaidí a chosc agus a dhíothú agus trí thacú le feabhas a chur ar leas ainmhithe agus cleachtais inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais bia a bhaint amach;

    (f)staidreamh ardchaighdeáin faoin Eoraip a tháirgeadh agus a chur in iúl ar bhealach atá tráthúil, neamhchlaonta agus éifeachtach ó thaobh costais de, trí chomhpháirtíochtaí feabhsaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus leis na páirtithe seachtracha ábhartha go léir, ag baint úsáide as ilfhoinsí sonraí, ardmhodhanna anailísíochta sonraí, córais chliste agus teicneolaíochtaí digiteacha.

    Airteagal 4

    Buiséad

    3.Is é EUR 4 088 580 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 go 2027.

    4.Laistigh den mhéid dá dtagraítear i mír 1 déanfar na méideanna táscacha seo a leanas a leithdháileadh ar na cuspóirí seo a leanas:

    (a)EUR 1 000 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b);

    (b)EUR 188 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i);

    (c)EUR 1 680 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e);

    (d)EUR 552 000 000 don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f).

    5.Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, chomh maith le húsáid a bhaint as líonraí teicneolaíochta faisnéise a dhírítear ar phróiseáil faisnéise agus ar mhalairt faisnéise, agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise a úsáid agus a fhorbairt.

    6.Maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e), féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

    7.De mhaolú ar Airteagal 111(2) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún an gealltanas buiséadach don deontas arna bhronnadh as bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta faoin gcuspóir shonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo tar éis meastóireacht a bheith déanta ar na hiarratais ar íocaíocht a bheidh seolta isteach ag na Ballstáit.

    8.Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

    Airteagal 5

    Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

    Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

    (a)Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

    (b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (c)tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (d)tríú tíortha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

    (i)go náirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

    (ii)go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin;

    (iii)nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

    (iv)go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

    Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (ii).

    Airteagal 6

    Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

    1.Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

    2.Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh sé maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

    3.Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta] 96 .

    CAIBIDIL II

    DEONTAIS

    Airteagal 7

    Deontais

    Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 8

    Bearta incháilithe

    1.Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 incháilithe chun cistiú a fháil.

    2.Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 incháilithe go háirithe:

    (a)na dálaí cearta a chruthú chun gníomhaithe uile an mhargaidh inmheánaigh, lena náirítear gnólachtaí, saoránaigh agus tomhaltóirí, an tsochaí shibhialta agus údaráis phoiblí, a chumhachtú le feachtais thrédhearcacha faisnéise agus ardaithe feasachta, dea-chleachtas a mhalartú, dea-chleachtais a chur chun cinn, saintaithí agus eolas a mhalartú agus a scaipeadh agus oiliúint a eagrú;

    (b)sásraí a chur ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’úsáideoirí deiridh, don tsochaí shibhialta agus d’ionadaithe gnó ón Aontas chun cur le pléití polaitiúla, le beartais agus leis an bpróiseas cinnteoireachta, go háirithe trí thacú le feidhmiú na neagraíochtaí ionadaíocha ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;

    (c)forbairt acmhainneachta, éascú agus comhordú i ndáil le comhghníomhaíochtaí idir Ballstáit agus idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, gníomhaíochtaí díláraithe an Aontais agus údaráis tríú tíortha;

    (d)tacú le forfheidhmiú agus nuachóiriú éifeachtach chreat dlíthiúil an Aontais agus lena oiriúnú gasta don timpeallacht a bhíonn ag síorathrú, lena náirítear trí shonraí a bhailiú agus a anailísiú; staidéir, meastóireachtaí agus moltaí beartais; gníomhaíochtaí taispeántais agus treoirthionscadail a eagrú; gníomhaíochtaí cumarsáide; forbairt uirlisí tiomnaithe TF lena náiritheofar feidhmiú trédhearcach éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh.

    3.Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) incháilithe chun cistiú a fháil:

    (a)foirmeacha éagsúla tacaíochta a sholáthar do FBManna;

    (b)rochtain FBManna ar mhargaí a éascú, tacú leo agus aghaidh á thabhairt acu ar dhúshláin dhomhanda agus shóisialta agus idirnáisiúnú gnó, agus ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a threisiú i slabhraí luacha domhanda, lena náirítear an Líonra Fiontar Eorpach;

    (c)aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh, ar ualach riaracháin agus timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú chun FBManna a chumhachtú le tairbhe a bhaint as an margadh inmheánach;

    (d)fás gnólachtaí a éascú, lena náirítear forbairt scileanna, agus claochlú tionsclaíoch ar fud earnáil na monaraíochta agus earnáil na seirbhísí;

    (e)tacú le hiomaíochas fiontar agus earnálacha iomlána den gheilleagar, agus tacú le glacadh FBManna ar an nuálaíocht agus ar chomhar shlabhraí luacha domhanda trí éiceachórais agus cnuasaigh a nascadh go straitéiseach, lena náirítear an tionscnamh le haghaidh cnuasaigh chomhpháirteacha;

    (f)timpeallacht ghnó fhiontraíoch agu cultúr na fiontraíochta a chothú, lena náirítear an scéim meantóireachta d’fhiontraithe nua agus tacaíocht do chuideachtaí nuathionscanta, d’inbhuanaitheacht ghnó agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis.

    4.Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo incháilithe chun cistiú a fháil.

    5.Maidir leis na gníomhaíochtaí lena dtabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí a dhírítear ar chaighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a mheas agus faireachán a dhéanamh orthu i dtaca le tuairisciú agus iniúchóireacht airgeadais agus maoirseacht a dhéanamh ar a bpróisis socraithe caighdeán agus cur chun feidhme an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), beidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe chun cistiú a fháil.

    6.Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) incháilithe chun cistiú a fháil.

    7.Beidh na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) incháilithe chun cistiú a fháil.

    Airteagal 9

    Eintitis incháilithe

    1.Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 go mír 7 den Airteagal seo.

    2.Chomh maith leis na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i mír 3 go mír 7, beidh na heintitis seo a leanas incháilithe faoin gClár:

    (a)eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

    (i)Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

    (ii)tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 5;

    (b)aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

    (c)Tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár ar an gcoinníoll go bhfuil cuspóirí an Aontais á saothrú leis an ngníomhaíocht agus go gcuireann na gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas le héifeachtacht na nidirghabhálacha a dhéantar i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.

    3.Féadfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b);

    (b)gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cosaint tomhaltóirí agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i).

    Ní beidh na heintitis atá páirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe a) agus i bpointe b) i dteideal ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón Aontas, seachas i gcás ina bhfuil sé sár-riachtanach don Chlár, go háirithe maidir le hiomaíochas agus rochtain ar mhargaí d'fhiontair an Aontais nó maidir le cosaint na dtomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin maidir le heintitis a dhéanann brabús.

    4.Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo, beidh na heintitis a shonraítear in Airteagal 15 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 incháilithe.

    5.Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cosaint tomhaltóirí agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i) agus a bhaineann le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, beidh na comhlachtaí seo a leanas incháilithe:

    (a)comhlacht a ainmneoidh Ballstát nó tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 5 ar comhlacht neamhbhrabúsach é a roghnófar trí nós imeachta trédhearcach;

    (b)comhlacht poiblí.

    6.Beidh tríú tíortha, atá comhlachaithe leis an gClár nó nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, incháilithe i leith na ngníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e):

    (a)bearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeidh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó de na lotnaidí plandaí a liostaítear sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16 a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát;

    (b)bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas.

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn III a leasú i gcás inar gá aird a thabhairt ar na cúinsí a spreagtar ag na galair ainmhithe sin a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil, forbairt zónóisí a bheidh ina mbaol don duine, nó forbairt eolaíoch nó eipidéimeolaíoch nua, chomh maith leis na galair ar dócha go mbeidh siad ina bhaol nua don Aontas.

    Ach amháin i gcás galar ainmhithe agus lotnaidí plandaí a bhfuil tionchar suntasach acu ar an Aontas, ba cheart do thíortha neamhchomhlachaithe a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a mhaoiniú iad féin, i bprionsabal.

    7.Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, beidh na heintitis dhlíthiúla seo a leanas incháilithe:

    (a)institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009;

    (b)maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le líonraí comhoibríocha, comhlachtaí eile a fheidhmíonn i réimse an staidrimh nach ionann iad agus na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;

    (c)go bhfuil siad neamhbhrabúsach, neamhspleách ar an tionscal agus ar leasanna tráchtála agus gnó nó leasanna coinbhleachta eile, agus gurb iad a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhghníomhaíochtaí cur chun feidhme Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2223/2009, a chur chun cinn agus tacú leis, agus modhanna táirgthe nua a chur chun feidhme i gcomhair staidrimh Eorpaigh, ar modhanna iad a bheidh dírithe ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar fheabhsúcháin cháilíochta ar leibhéal an Aontais.

    Airteagal 10

    Tairbhithe ainmnithe

    Féadfar deontais a dhámhachtain ar na heintitis seo a leanas faoin gClár gan glao ar thograí:

    (a)maidir le gníomhaíochtaí i réimse an fhaireachais margaidh lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) den Rialachán seo, údaráis faireachais margaidh na mBallstát de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Airteagal 11 de [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí] 97 ;

    (b)maidir le gníomhaíochtaí i réimse an chreidiúnaithe agus an fhaireachais margaidh lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) den Rialachán seo, an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a dhéanamh;

    (c)maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(i) den Rialachán seo, na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

    (d)maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG), Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais agus an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB);

    (e)maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i) i ndáil le hionadaíocht leasa tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, Bureau Européen des Unions de Consommateurs (BEUC) agus an Comhlachas Eorpach um Chomhordú Ionadaíochta Tomhaltóirí maidir le Caighdeánú (ANEC) ar an gcoinníoll nach bhfuil aon leasanna coinbhleachta acu agus go ndéanann a mbaill ionadaíocht ar leasanna thomhaltóirí an Aontais in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad;

    (f)maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(ii), Finance Watch agus Better Finance faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, agus measúnú bliantúil le déanamh orthu:

    (i)leanfaidh na heintitis de bheith ina neintitis neamhrialtasacha, neamhbhrabúsacha atá neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó;

    (ii)níl aon leasanna coinbhleachta acu agus déanfaidh siad ionadaíocht, trína mbaill, ar leasanna thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais;

    (g)maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo:

    (i)údaráis inniúla na mBallstát agus a neintitis chleamhnaithe, na Saotharlanna Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus na Lárionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 92, Airteagal 95 agus Airteagal 97 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 98 agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (ii)i gcás gníomhaíochtaí arna dtuairisciú faoi Airteagal 9(6)(a) agus (b) den Rialachán seo, agus sna cásanna sin amháin, tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár nó tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis;

    (h)maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    Airteagal 11

    Critéir mheastóireachta agus dhámhachtana

    Maidir le coiste meastóireachta nó coistí meastóireachta na ngníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach nó na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), féadfaidh an coiste nó na coistí sin a bheith comhdhéanta go hiomlán nó go páirteach de shaineolaithe seachtracha.

    Airteagal 12

    Rialacha cómhaoinithe

    1.Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) den Rialachán seo le tagairt d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát agus na tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár agus le tagairt do shaoráidí tástála an Aontais de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 20 de [Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí], féadfaidh an Clár suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú, ar an gcoinníoll nach sárófar prionsabal an chómhaoinithe mar a shainítear é sa Rialachán Airgeadais.

    2.Maidir le deontais arna ndámhachtain ar an mBord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), má shroicheann an cistiúchán ó Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) i mbliain ar leith níos mó ná dhá thrian de chistiúchán iomlán na bliana, beidh ranníocaíocht bhliantúil na bliana sin teoranta d’uasmhéid arna shonrú sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16.

    3.

    4.Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, féadfaidh an Clár suas le 95 % de chostais incháilithe gníomhaíochtaí lena dtacaítear le líonraí comhoibríocha de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a mhaoiniú.

    Airteagal 13

    Costais incháilithe

    Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir maidir le hincháilitheacht costas seo a leanas i dtaca le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) den Rialachán seo:

    (a)de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 193(2)(b) den Rialachán Airgeadais, beidh costais incháilithe roimh dháta tosaigh na gníomhaíochta;

    (b)d’fhéadfadh na costais sin a bheith incháilithe freisin mar thoradh ar bhearta a dhéanfar i dtaca le hamhras faoi ghalar nó lotnaid, ar choinníoll go ndearbhaítear tar éis sin an galar nó an lotnaid a bheith ann.

    Beidh na costais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír incháilithe ón dáta a thabharfar fógra don Choimisiún maidir le galar nó lotnaid a bheith ann.

    Airteagal 14

    Cistiú carnach, comhlántach agus comhpháirteach

    1.Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

    2.Seo a leanas gníomhaíochtaí a bhronntar dearbhú Séala Barr Feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha:

    (a)rinneadh measúnú ar na gníomhaíochtaí i nglao ar thograí faoin gClár;

    (b)comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

    (c)ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

    féadfaidh sé go bhfaighidh siad tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus nó ó Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d'Airteagal [67] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [maoiniú, bainistiú agus faireachán ar an gComhbheartas Talmhaíochta], ar choinníoll go mbíonn na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirfear tacaíocht ar fáil.

    3.Is féidir le gníomhaíocht tacaíocht a fháil ó chlár amháin nó níos mó de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, an caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht, ní dhéanfar é a dhearbhú i gcás iarratas ar íocaíocht le haghaidh clár eile.

    4.Féadfar méid an chaiteachais atá le cur isteach in iarratas ar íocaíochta a ríomh le haghaidh gach cláir lena mbaineann ar bhonn pro rata i gcomhréir leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    CAIBIDIL III

    OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA

    Airteagal 15

    Oibríochtaí measctha

    Cuirfear oibríochtaí measctha a chinnfear faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir leis an [Rialachán maidir le InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

    CAIBIDIL IV

    CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

    Airteagal 16

    An Clár a chur chun feidhme

    1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

    2.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, le cláir oibre lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

    3.De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfar gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    Airteagal 17

    Faireachán agus tuairisciú

    1.Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

    2.Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo ghnóthú a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 20, chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus (nuair is ábhartha) ar Bhallstáit.

    Airteagal 18

    Meastóireacht

    1.Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

    3.Maidir le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c)(ii), ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais i dtaca le forbairt Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, an PIOB agus an EFRAG. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    4.I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh maidir leis an gcuid den mheastóireacht a bhaineann le gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) den Rialachán seo, sula nglacfar iad agus sula gcuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle iad.

    5.I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

    6.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    Airteagal 19

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, mar a bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le hiniúchtaí arna ndéanamh ag (OLAF).

    Airteagal 20

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 21

    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 99 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go niarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 22

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

    2.Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    3.Déanfaidh an Coimisiún (EUROSTAT) gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) a chur chun feidhme, chomh maith lena ghníomhaíochtaí agus lena thorthaí nuair a bhaineann siad le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    Airteagal 23

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 2017/826 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    Airteagal 24

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826 , a mbeidh feidhm acu fós maidir leis na tionscadail lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an taistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir,arna leagan síos le gníomhartha a liostaítear i mír 1, a áirithiú.

    3.Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

    Airteagal 25

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach an Chláir)

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.Fad agus tionchar airgeadais

    1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas FBManna, agus don staidreamh Eorpach don tréimhse 2021 go 2027 agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach an Chláir)

    An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

    1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

     beart nua 

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 100  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Forais an togra/tionscnaimh

    1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Struchtúr rialachais inmheánaigh a chur ar bun don chomhordú idir Seirbhísí, cur chuige coiteann trí chláir oibre a bhunú, faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme an chláir agus ar bhaint amach na dtorthaí.

    Cumhachtaí a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, doiciméadacht an chláir agus doiciméid chaighdeánacha a ullmhú lena chur chun feidhme. Córais bhainistíochta an chláir a oiriúnú.

    Le haghaidh ‘Iomaíochas, FBManna agus an margadh inmheánach’:

    - Comhpháirtíochtaí don Líonra Fiontar Eorpach, an scéim malartaithe gnó le haghaidh fiontraithe, an Tionscnamh Comhpháirteach le haghaidh Braislí Fiontar agus comhpháirtíochtaí don chaighdeánú a bhunú.

    1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

    An chúis le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante):

    Tá gá le gníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal an Aontais chun forbairt chomhsheasmhach an Mhargaidh Aonair, neamh-idirdhealú, cosaint tomhaltóirí, iomaíocht éifeachtach a áirithiú, cumas a fhorbairt sna Ballstáit mar aon le comhar agus muinín eatarthu a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasteorann agus slándáil an Mhargaidh Aonair a áirithiú. Is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir an clár a fhorbairt, toisc gur gá comhar agus comhordú gníomhach a dhéanamh ar acmhainní náisiúnta i gcás na ngníomhaíochtaí.

    An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post):

    Príomhbhreisluach AE an Chláir, baineann sé le tacú le margadh inmheánach a fheidhmíonn go maith, agus go háirithe:

    ·Saoránaigh/tomhaltóirí a chumhachtú (go díreach nó go hindíreach), chomh maith le gnólachtaí (go háirithe FBManna) agus údaráis riaracháin phoiblí, chun rochtain iomlán a fháil ar na deiseanna a chuireann an margadh inmheánach ar fáil.

    ·Comhar riaracháin idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, a chothú trí fhaisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú agus trí fhothú acmhainneachta a dhéanamh

    ·Tacú le rialacha a dhéanamh, le caighdeáin a shocrú, lena náirítear ar leibhéal idirnáisiúnta, agus le forfheidhmiú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, trí bhailiú agus anailísiú sonraí a mhaoiniú

    1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile chosúil am a chuaigh thart

    Léiríonn na meastóireachtaí a rinneadh ar na cláir agus ar na línte buiséid atá san áireamh, agus na ceachtanna a foghlaimíodh uathu, gur chuir siad breisluach ar fáil agus gur cheart leanúint ar aghaidh leo.

    Baineadh de thátal as an meastóireacht eatramhach ar COSME 101 go bhfuil an clár an-ábhartha maidir le fás eacnamaíoch a chothú agus deiseanna fostaíochta a chruthú agus tá sé ag teacht go mór le riachtanais athraitheacha na FBManna. Is é an láidreacht atá aige an úsáid a bhaintear as idirghabhálaithe a bhfuil teagmháil dhíreach nó sheanbhunaithe acu le FBManna ar mhaithe leis an gclár a chur chun feidhme. Fágann sin gur féidir tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá curtha in oiriúint d’earnálacha ar leith, amhail turasóireacht, teicstílí, tionscail chruthaitheacha, etc. agus éifeacht mhór iolraitheora a bhaint amach i dtaca leis na gníomhaíochtaí. Bhí tionchar mór ag saoráid ráthaíochta iasachta COSME agus rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa meastóireacht dhearfach uirthi.

    Tá gá le hinfheistíocht leanúnach le borradh a chur faoi cháilíocht, infheictheacht agus trédhearcacht Uirlisí Rialachais an Mhargaidh Inmheánaigh (An Eoraip Agatsa, An Eoraip Agatsa – Comhairle, SOLVIT, Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh) chun leanúint de bheith ag cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí a gcearta sa mhargadh inmheánach a úsáid go héifeachtúil, ach freisin chun déileáil leis an méadú ar shoghluaisteacht agus ar ghníomhaíochtaí trasteorann agus ar an digitiú breise ar an margadh aonair, i.e. beidh gá le uasghrádú cuimsitheach ar an tairseach An Eoraip Agatsa le comhéadan úsáideora coiteann (inneall cuardaigh) nua a bheidh á bhainistiú ag an gCoimisiún.

    I gcás gníomhaíochtaí i réimse na hiomaíochta, tá sé léirithe, i staidéir, go bhfuil tionchair mhóra mhaicreacnamaíocha ag baint le forfheidhmiú iomaíochta an Aontais. Foghlaimíodh ceachtanna móra i dtéarmaí dúshláin nua agus fáis a aithint maidir le forfheidhmiú bheartas iomaíochta an Aontais ó lá go lá. Áirítear orthu sin timpeallacht ríomhaireachta níos casta agus níos deacra atá bunaithe ar shonraí (uirlisí TF atá níos sofaisticiúla in úsáid ag gnólachtaí, méadú leanúnach ar mhéid na cumarsáide leictreonaí agus úsáid na hintleachta saorga, an olltiomsaithe sonraí agus na nalgartam) chomh maith leis an ngá atá le teagmháil níos leithne agus níos doimhne leis na húdaráis náisiúnta agus leis na cúirteanna náisiúnta.

    Dearbhaíodh sa mheastóireacht freisin go gcomhlíonann an creat rialála atá ann cheana don chaighdeánú ag teacht leis na cuspóirí ach go bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh ar leibhéal na mbeartas agus ar an leibhéal oibríochtúil. Ar leibhéal na mbeartas, baineann na príomhcheachtanna a foghlaimíodh leis na réimsí seo a leanas: a) luas agus tráthúlacht fhorbairt na gcaighdeán; b) lánpháirtiú páirtithe leasmhara níos laige a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí, ar an gcomhshaol, ar leasanna oibrithe, agus go háirithe ar FBManna a dhéanann nasc idir an nuálaíocht agus an caighdeánú sa phróiseas caighdeánaithe c) tacaíocht d’iomaíochas gnólachtaí Eorpacha ar an leibhéal domhanda; d) feabhas a chur ar na bealaí cumarsáide idir an Coimisiún agus an Córas Eorpach um chaighdeánú.

    Sa mheastóireacht ar fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh Earraí, deimhníodh go bhfuil breisluach le gníomhaíochtaí comhpháirteacha na núdarás um fhaireachas margaidh. Dá ainneoin sin, bheadh gá le creat níos comhleanúnaí maidir le comhordú gníomhaíochtaí comhpháirteacha, leis an ualach riaracháin a laghdú d’údaráis agus le hacmhainní a mhéadú, go háirithe maidir le costais a bhaineann le tástáil táirgí a bheadh ag teastáil chun srian a chur leis an méid táirgí neamhchomhlíontacha ar féidir teacht orthu ar an margadh aonair. Ina theannta sin, chun tairbhí iomlána an Mhargaidh Aonair a bhaint amach, ba cheart feidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh a bharrfheabhsú trí ardú feasachta spriocdhírithe agus oiliúint, lena náirítear gníomhaíochtaí sonracha le haghaidh earnálacha ina bhféadfadh an taitheantas frithpháirteach an méadú is mó a bhaint amach ó thaobh iomaíochas AE de agus tacú le comhar i measc na núdarás náisiúnta chun a gcultúr aitheantais fhrithpháirtigh agus a muinín i gcórais éagsúla dlí agus ceanglais éagsúla i dtaca le táirgí a fheabhsú. Dearbhaíodh ról lárnach chóras creidiúnaithe an Aontais Eorpaigh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, rud a thugann údar maith i gcónaí don tacaíocht leanúnach ar leibhéal AE don bhonneagar creidiúnaithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

    Leis an meastóireacht ar an gClár Tomhaltóirí, léiríodh go bhfuil na páirtithe leasmhara sásta go ginearálta i dtaobh ábharthacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí. Bhí scór ard ag na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, ag an acadamh ríomh-forfheidhmiúcháin agus ag an gcóras RAPEX, mar aon leis an tacaíocht do BEUC agus do na hócáidí líonraithe agus leis na páirtithe leasmhara ar fad. Ar an iomlán, meastar go bhfuil cuspóirí agus tosaíochtaí an Chláir Tomhaltóirí iomlán ábhartha fós agus gur cheart leanúint leo. D’fhéadfaí tosaíochtaí breise a thabhairt do thomhaltas inbhuanaithe, do leibhéal aonfhoirmeach ard cosanta tomhaltóirí ar fud an Aontais, d’eagraíochtaí tomhaltóirí ar leibhéal na mBallstát (e.g. i gcomhpháirt leis na Ballstáit ina ról mar institiúidí faire do thomhaltóirí). Ar deireadh, is léir ón taithí a fuarthas gur cheart níos mó solúbthachta a bheith ag an gClár chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar dhúshláin nua an mhargaidh arb é an dul chun cinn tapa sochaíoch agus teicneolaíoch, nach féidir a thuar go minic, is cúis leis.

    I gcás seirbhísí airgeadais, bhí rath freisin ar an maoiniú ar Better Finance agus ar Finance Watch tríd an gclár fothaithe acmhainneachta a chuireann feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile i bpróiseas ceaptha beartas airgeadais an Aontais i dtaca le seirbhísí airgeadais, rud a chuir ar chumas an dá eagraíocht fás mar eagraíochtaí saineolais neamhtionsclaíochta a bhfuil próifílí comhlántacha acu agus a chuireann breisluach AE ard ar fáil ó thaobh cuspóirí beartaithe a bhaint amach. I gcomhthéacs an chláir ar chaighdeáin i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, léirítear go soiléir le torthaí na meastóireachtaí gur baineadh amach cuspóirí an chláir agus, dá bhrí sin, go bhfeidhmíonn na sásraí seachadta cistithe go héifeachtach.

    Deimhníodh sa mheastóireacht mheántéarma ar Chlár an Bhiashlabhrago bhfuil na cuspóirí inmhianaithe á mbaint amach tríd an breisluach a shaothraítear tríd an gclár (an chéad chlár inar tugadh le chéile na gníomhaíochtaí sin), agus go raibh na cuspóirí agus na réimsí gníomhaíochta atá i gceist fós bailí. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, léiríodh ábhair imní faoi thionchar na mbeart ar ghá iad a dhéanamh tar éis na ráigeanna de “Xlella” (lotnaid plandaí) i ndeisceart na hEorpa, rud a dheimhnigh gur gá tuilleadh béime a dhíriú ar fhaireachán agus ar chosc i réimse na fíteashláintíochta.

    Léiríonn an mheastóireacht ar an gClár Staidrimh Eorpach go bhfuil an mheicníocht seachadta reatha ag feidhmiú go héifeachtach agus go bhfuil an clár á reáchtáil go héifeachtúil agus go bhfuil a chuspóirí á mbaint amach aige. Cuireann an clár staidrimh Eorpach breisluach AE soiléir ar fáil, a bhuí leis an soláthar comhchuibhithe sonraí inchomparáide ar ardchaighdeán don Aontas. Léiríonn na meastóireachtaí, áfach, go bhfuil gá acmhainní leordhóthanacha a áirithiú amach anseo chun na próisis táirgthe staidrimh a nuachóiriú, le go mbeidh siad in ann freagairt do riachtanais mhéadaitheacha na núsáideoirí, go háirithe maidir le tráthúlacht agus cumhdach na sonraí nua do riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn, agus go bhfuil gá freisin a bheith níos solúbtha agus leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua.

    Mar gheall ar éagsúlacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoin gclár seo (staidéir, suirbhéanna, síntiúis le bunachair sonraí, forbairt agus cothabháil na gcóras faisnéise a thacaíonn leis an ngnó, etc.) i ngach réimse beartais an Aontais, bhí an Coimisiún in ann a chuid beartas a oiriúnú do thimpeallacht leathan atá ag athrú de shíor agus tograí fianaisebhunaithe a ghlacadh tar éis comhairliúchán forleathan leis na páirtithe leasmhara.

     

    1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann

    Tá na gnéithe lárnacha a fhaigheann tacaíocht faoin gclár Fiscalis agus faoin gclár Custam ina ngnéithe ríthábhachtacha chun an Margadh Aonair a neartú. Bunchloch de chuid an Aontais is ea an taontas custaim agus is cumasóir é don mhargadh inmheánach agus do thosaíochtaí polaitiúla eile an Aontais. Tá feidhm lárnach aige ní hamháin maidir leis an ról traidisiúnta atá aige ó thaobh bailiú dleachtanna do bhuiséad an Aontais, ach de bhrí go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis chustaim i dtaca le slándáil na teorann seachtraí agus slándáil an tslabhra soláthair a áirithiú, rud a chuireann le slándáil an Aontais Eorpaigh. Tá ról tábhachtach ag údaráis chustaim agus sábháilteacht nó comhréireacht allmhairí táirgí bia agus táirgí neamhbhia á rialú acu. (tagann 30  % d’earraí isteach sa mhargadh aonair ó thríú tíortha). Le rialuithe ar allmhairí, teastaíonn dlúthchomhar idir nósanna imeachta maidir le custaim agus faireachas margaidh, gníomhaíochtaí comhpháirteacha, nascadh idir córais TF ar leibhéal an Aontais chomh maith le fothú acmhainneachta sna Ballstáit chun na córais náisiúnta a ailíniú. 

    Ar an gcaoi chéanna, tacaíonn gníomhaíochtaí trasteorann agus trasnáisiúnta maidir le comhar eacnamaíoch faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa leis an Margadh Aonair freisin. Trí bhíthin an Chláir spreagfar fiontair bheaga agus mheánmhéide chun tairbhe a bhaint as an nuálaíocht cheannródaíoch agus as réitigh eile arna bhforbairt faoi chláir eile de chuid an Aontais, amhail an Naoú Clár Réime um Thaighde agus um Fhorbairt (“Fís Eorpach”) agus an clár Spáis. Tacóidh an clár Fís Eorpach le gach gné den nuálaíocht a thagann as fiontair, ach díreoidh sé go háirithe ar nuálaíocht cheannródaíoch lena gcruthaítear margadh, lena dtabharfar tacaíocht faoin tionscnamh “An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach”; féadfaidh an Líonra Fiontar Eorpach luach a sholáthar trí sheirbhísí líonraithe agus seirbhísí tacaíochta eile a sholáthar do thairbhithe ghníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach. Ar deireadh, déantar tuilleadh cuíchóirithe trí na hionstraimí airgeadais uile atá faoi bhainistíocht lárnach ar leibhéal an Aontais a chur i dtoll a chéile sa Chiste InvestEU 102 , lena náirítear ionstraimí airgeadais fiachais agus cothromais ar mhaithe le FBManna.

    Bíonn éifeachtacht an Chláir, go háirithe comhar na núdarás poiblí, ag brath freisin ar éifeachtacht an chláir don Eoraip Digiteach, de bhrí go gcuirfidh sé an idir-inoibritheacht agus na bonneagair dhigiteach de dhíth ar roinnt clár de chuid an Aontais ar fáil faoin gclár sin. Déanfar na réitigh chineálacha a forbraíodh faoin gClár don Eoraip Dhigiteach a chuíchóiriú, agus beidh siad oiriúnach dá feidhm agus féadfar iad a chomhtháthú isteach sna réitigh TF a thacaíonn leis an margadh inmheánach faoin gClár. D’fhéadfaí comhleanúnachas idir na cláir a mhéadú tuilleadh mar thoradh ar dhea-rialachas maidir le réitigh idir-inoibritheacha TF laistigh agus lasmuigh den Chlár. Is cuid lárnach den chlár Iomaíochta iad intleacht shaorga, anailís ar shonraí olltiomasithe, rochtain ar fhoinsí sonraí agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an ríomhaireacht. Toisc go bhfuil na gníomhaíochtaí sin go léir sa chlár don Eoraip Dhigiteach freisin, cuirfidh an clár don Eoraip Dhigiteach borradh faoi éifeachtacht an Chláir, lena náirítear an clár Iomaíochta.

    Is féidir comhlánú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Chlár an Bhiashlabhra, ar nós bearta tréidliachta i gcás géarchéimeanna sláinte ainmhithe a mbeidh cuileáil ainmhithe agus díéilliú feirmeacha i gceist leo, trí idirghabhálacha margadhbhunaithe ó Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) an Aontais.

    Beidh Ciste Sóisialta na hEorpa ag gníomhú mar chatalaíoch chun soghluaisteacht an lucht saothair agus na hóige a chothú. Ba cheart, leis an gClár, bonn taca a chur faoin bhfás agus faoi naisc a chruthú le moil nuálaíochta (digití) agus infheistíochtaí an Aontais arna ndéanamh faoin mBeartas Comhtháthaithe agus faoin gclár Fís Eorpach. Chomh maith leis sin, is féidir sineirgíochtaí leis an gclár Erasmus a fhiosrú.

    1.5.Fad agus tionchar airgeadais

     fad teoranta

       i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027

       Tionchar airgeadais ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2032 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 103  

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí poiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid a chuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear cúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear cúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    Nótaí

    Féadfar an bhainistíocht indíreach a úsáid uaireanta le linn an chláir, má tharlaíonn sé go bhfuil riachtanas sonrach ann agus má bhíonn bainistíocht indíreach ar an modh maoinithe is oiriúnaí, e.g. eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhlachtaí dlí phoiblí.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Bunófar struchtúr rialachais le haghaidh chur chun feidhme comhordaithe an Chláir, feadh na tréimhse a mbeidh an Clár le cur i bhfeidhm,a fhágfaidh gur féidir malartú leanúnach a dhéanamh faoin gcur chun feidhme agus faoi bhaint amach na dtorthaí.

    Táthar ag súil leis go gcuirfidh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin codanna den chlár chun feidhme, go háirithe codanna a bhaineann leis an gcuspóir maidir le hiomaíochas agus FBManna, maidir le cuspóir an bhiashabhra agus maidir leis an mbeartas tomhaltóirí.

    Beidh an Clár faoi réir meastóireachta eatramhaí agus ex post chun an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí agus na dtorthaí a mheasúnú. Déanfar an mheastóireacht eatramhach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis thús an chláir. Déanfar meastóireacht deiridh ceithre bliana ina dhiaidh sin.

    Cuirfear gníomhaíochtaí i réimse na hiomaíochta chun feidhme i gcomhréir le ceanglas tuairiscithe agus faireacháin an Choimisiúin, agus beidh feidhm ag rialacha na hArd-Stiúrthóireachta. Go háirithe, tabharfaidh cuntas sna Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí (TBGanna) ar éifeachtacht a gcóras rialaithe inmheánaigh.

    Maidir leis na seirbhísí airgeadais, déanfar foráil sna rialacha tuairiscithe maidir le sraith tuarascálacha tréimhsiúla agus deiridh atá le tíolacadh ag conraitheoirí agus ag tairbhithe lena bhféadfar faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí. Beidh na rialacha tuairiscithe comhréireach leis na riachtanais agus na rioscaí iarbhíre ó thaobh faireachán de agus cuirfear in oiriúint iad do riachtanais shonracha gach conartha agus deontais. Úsáidfear tuarascálacha den sórt sin chomh maith mar bhonn chun meastóireachtaí rialta a dhéanamh ar fheidhmíocht, mar shampla, i gcomhthéacs deontas oibriúcháin arna ndámhachtain i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta.

    I gcás ina mbeidh an margadh inmheánach d’earraí agus seirbhísí, soláthar poiblí, faireachas margaidh, caighdeánú, iomaíochas fiontar agus FBManna i gceist, déanfar faireachán ar chur chun feidhme an Chláir a áirithiú ar bhonn leanúnach, go díreach trí sheirbhísí an Choimisiúin agus trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhféadfar codanna de chur chun feidhme an Chláir a chur de chúram orthu. Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil faireacháin ina scrúdófar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme airgeadais, torthaí agus, más féidir, tionchar na ngníomhaíochtaí agus deis a thabhairt aon oiriúnú is gá a dhéanamh ar an mbeartas agus ar na tosaíochtaí cistiúcháin. Beidh tomhas na feidhmíochta faoi réir tacar comhsheasmhach táscairí.

    Déanfar sraith ‘Sábháilteacht Bia’ an Chláir a chur chun feidhme le bainistíocht dhíreach, ag úsáid na modhanna cur chun feidhme a chuirtear ar fáil leis an Rialachán Airgeadais, deontais agus soláthar go príomha. Trí bhainistíocht dhíreach is féidir teagmháil dhíreach a shocrú le tairbhithe/conraitheoirí atá i mbun gníomhaíochtaí atá le leas bheartais an Aontais. Áirithíonn an Coimisiún go ndéantar faireachán díreach ar thoradh na ngníomhaíochtaí arna maoiniú. Déanfar módúlachtaí íocaíochta na mbeart a bheidh cistithe a chur in oiriúint do na rioscaí a ghabhann leis na hidirbhearta airgeadais. Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht rialuithe an Choimisiúin a áirithiú, beidh an straitéis dírithe ar chothrom idir seiceálacha ex-ante agus ex-post.

     

    2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe

    Is faoi bhainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme den chuid is mó, trí úsáid a bhaint, go háirithe, as deontais, soláthar agus duaiseanna.

    Fágtar an deis bainistiú indíreach a chur i bhfeidhm ar mhaithe le leas iomlán a bhaint as solúbthachtaí an Rialacháin Airgeadais 2018. D’fhéadfadh cistiú a bheith i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta, sa chás go bhfuil tús áite le tabhairt don modh sin seachas bronnadh deontais, e.g. i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó eintitis phoiblí.

    D’fhéadfaí gach modh cistiúcháin a chur i bhfeidhm, go teoiriciúil, lena náirítear foirmeacha simplithe deontas (cnapshuimeanna, costais aonaid, maoiniú ar ráta comhréidh) agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais. Áirithítear leis sin go bhfuil an tsolúbthacht is mó is féidir ann feadh ré iomlán an Chláir.

    Leis an gclár seo tugtar le chéile raon leathan gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an margadh inmheánach, iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, agus staidreamh Eorpach. Tugtar le chéile leis cur chun feidhme beartas atá ar siúl ag líon mór de sheirbhísí an Choimisiún, le sineirgíocht a bhaint amach maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca le beartais a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    Tá rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht i gcomhair cistiúcháin teoranta don mhéid is lú chun saoirse iomlán a thabhairt gníomhaíochtaí trasearnálacha a fhorbairt le linn an Chláir. Ní leagtar síos forálacha sonracha ach amháin i gcás inar gá sin le leanúint de struchtúir chistiúcháin atá ann cheana, a bhfuil teist ar a mbreisluach agus ar a dtionchar.

    Is tionscnamh é an Clár seo le cur chun feidhme beartais a thabhairt le chéile maidir le raon leathan saincheisteanna a bhaineann leis an margadh inmheánach, leis an iomaíochas, leis FBManna agus leis an staidreamh. Déanfar na deiseanna a aithníodh sa Mheasúnú Tionchair cheana chun sineirgíochtaí a chur ar bun agus tionscnaimh thrasearnálacha a fhorbairt tuilleadh le linn ullmhú an chláir agus sna céimeanna tosaigh de chur chun feidhme an chláir. Cuirtear rialuithe inmheánacha leanúnacha i bhfeidhm dá bharr. Cuirfear struchtúr rialachais leordhóthanach i bhfeidhm lena náiritheofar comhar idir na seirbhísí atá bainteach leis an gcur chun feidhme. Tugtar léiriú ar an rún sin sa ghné thrasearnálach i dtaca le gníomhaíochtaí incháilithe a bhunú faoi Airteagal 8 den Chlár.

    I gcás ina náirithítear leanúnachas gníomhaíochtaí leanúnacha, sainaithnítear gurb iad na seirbhísí atá freagrach faoi láthair as na gníomhaíochtaí lena mbaineann a dhéanfaidh na modhanna cur chun feidhme agus na rialacha inmheánach a shainaithint, mar atá léirithe thíos.

    Cuirfear gníomhaíochtaí a bhaineann le hiomaíocht chun feidhme go príomha tríd an soláthar faoi bhainistíocht dhíreach, go háirithe chun tionscadail TF a mhaoiniú. Cuimsíonn sin próisis rialachais éifeachtacha ríomhaireachta, ina bhfuil úsáideoirí na gcóras páirteach go gníomhach. Tá na próisis rialaithe inmheánaigh maidir le caiteachas a údarú dírithe ar bhainistiú leordhóthanach a áirithiú ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, agus le cineál na níocaíochtaí. Ina theannta sin, tá an córas rialaithe comhdhéanta de bhunchlocha difriúla, lena náirítear: tuairisc a thabhairt don lucht ardbhainistíochta, fíorú ex ante ag an bhfoireann lárnach airgeadais, coiste comhairleach inmheánach le haghaidh soláthairtí agus conarthaí, rialuithe ex post agus iniúchtaí ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

    I réimse na gconarthaí/na ndeontas a bhronntar i réimse na seirbhísí airgeadais, na cobhsaíochta airgeadais agus aontas na margaí caipitil cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach. Beidh nasc buan ann le hobair bheartais ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí a bhraitheann, i réimsí sonracha, ar aschuir na gconarthaí/na ndeontas arna gcistiú faoin gclár. Áirithítear leis an modh bainistíochta sin an tsolúbthacht atá riachtanach chun an Clár a oiriúnú do riachtanais iarbhír ó thaobh beartais de i réimse a bhíonn ag athrú go minic.

    Díríonn an tsraith ‘Sábháilteacht Bia’ ar na deontais a shannadh do na Ballstáit den chuid is mó agus tá foráil ann maidir le roinnt conarthaí soláthair poiblí.

    Bunús na ndeontas, is ar ghníomhaíochtaí tacaíochta a dhéanfaidh na Ballstáit d'eagraíochtaí neamhrialtasacha, do ghníomhaireachtaí náisiúnta, d’ollscoileanna, etc., a dhámhfar iad. Tréimhse idir aon bhliain amháin agus trí bliana a bhíonn sa tréimhse ina gcuirtear i gcrích gníomhaíochtaí agus tionscadail a fhaigheann fóirdheontais. Cuirfear na conarthaí seirbhíse i gcrích i réimsí amhail staidéir, bailiú sonraí, conarthaí meastóireachta, tionscnaimh oiliúna, feachtais faisnéise, seirbhísí TF agus cumarsáide, bainistiú saoráidí etc. Ina theannta sin, is chun ráigeanna de ghalair ainmhithe a choinneáil faoi smacht a cheannófar na hantaiginí agus na vacsaíní.

    Is é bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún an modh bainistíochta chun staidreamh a sholáthar agus a scaipeadh. Ó thaobh airgeadais de, cuirfear an Clár chun feidhme trí chonarthaí a bhronnadh, go príomha i réimsí an staidrimh agus na seirbhísí TF, agus trí dheontais a bhronnadh, ar na húdaráis staidrimh náisiúnta den chuid is mó. Cuirfear rialacha mionsonraithe caighdeánacha íocaíochta an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhm. Bunófar straitéis rialaithe ilbhliantúil a chuimseoidh saolré an chláir chun na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta airgeadais an chláir a laghdú go dtí leibhéal inghlactha agus a chostéifeachtúlacht á chur san áireamh. Déanfar foráil sa straitéis rialaithe maidir le rialuithe éigeantacha ex ante, maille le rialuithe ex post comhlántacha.

    Déanfar an chuid sin den Chlár a bhaineann le beartais tomhaltóirí, dlí na gcuideachtaí, dlí na gconarthaí agus an comhrac i gcoinne sciúradh airgid a chur i bhfeidhm trí bhainistíocht dhíreach. Fágann an bainistiú díreach gur féidir faireachán a dhéanamh ar chuspóirí an chláir agus cur chun feidhme an chláir toisc go gceadaíonn sé leibhéal solúbthachta níos airde ó thaobh athruithe agus coigeartuithe, lena náirítear iad siúd a bhaineann le cinntí airgeadais.

    Déanfaidh an Coimisiún bainistíocht dhíreach ar ghníomhaíochtaí soláthair, den chuid is mó, ach ní go heisiach, toisc gur fearr is féidir an Clár a oiriúnú do riachtanais an bheartais ar an gcaoi sin, agus beifear in ann, mar shampla, seiceálacha comhréireachta reachtacha agus staidéir a dhéanamh, agus cuid de na gníomhaíochtaí atá faoi shainchumas an Choimisiúin a chur chun feidhme.

    Is é an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin CHAFEA a chuirfidh an chuid is mó den bheartas do thomhaltóirí agus a chuspóir laistigh den Chlár an Mhargaidh Aonair chun feidhme agus is trí dheontais den chuid is mó a dhéanfar sin, ach is féidir na ngníomhaíochtaí soláthair a bheith i gceist freisin. Beifear ag leanúint ar aghaidh leis an taithí reatha ar an gcaoi sin, taithí a cruthaíodh a bheith éifeachtach.

    2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    Tá an creat rialaithe inmheánaigh bunaithe ar chur chun feidhme Phrionsabail Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, nósanna imeachta maidir leis na tionscadail is fearr a roghnú agus ionstraimí dlí a dhéanamh astu, bainistiú tionscadal agus conartha feadh shaolré an tionscadail, seiceálacha ex ante ar éilimh, lena náirítear deimhnithe iniúchta a fháil, deimhniú ex ante ar mhodheolaíochtaí costais, iniúchtaí ex post agus ceartuithe, agus meastóireacht.

    Déanfar na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú na hiomaíochta a chur chun feidhme go príomha trí sholáthar poiblí faoin modh bainistíochta dírí. Dá bhrí sin meastar gur beag (nó an-bheag) na rioscaí dlíthiúlachta agus rialtachta a bhaineann leo. De réir cheanglas an Rialacháin Airgeadais, tá sé ina chuspóir tábhachtach den “straitéis do bhuiséad atá dírithe ar thorthaí” éifeachtúlacht costais a áirithiú le linn córais bhainistíochta agus rialaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, córais a dhéanann earráidí a chosc nó a shainaithint agus a cheartú. Faoin straitéis rialaithe, dá bhrí sin, bíonn leibhéal níos airde grinnscrúdaithe le déanamh, agus níos minice, i réimsí a bhfuil baol níos mó leo agus áirithítear an éifeachtúlacht ó thaobh costais de.

    Baineann na príomhrioscaí do ghníomhaíochtaí i réimse na hiomaíochta le bainistiú tionscadal TF, go háirithe maidir le moilleanna, rioscaí i dtaca le róchostais agus rialachas foriomlán. Tá baint ag go leor de na rioscaí sin le nádúr bunúsach na dtionscadal seo agus maolófar iad trí bhíthin córas iomchuí bainistíochta tionscadal agus tuairisciú ar bhainistíocht tionscadal, lena náirítear tuarascálacha ar rioscaí a chuirfear faoi bhráid na hardbhainistíochta de réir mar is gá.

    Sa chomhthéacs sin, beidh tuarascálacha ar rioscaí tionscadail (lena náirítear clár rioscaí agus an plean gníomhaíochta maidir le cóireáil riosca, athbhreithnithe ar shonraí feidhmíochta i gcomhair tionscadail, dul chun cinn agus stádas táirgí insoláthartha a tháirgtear do thionscadail a ghabhann leis) ina spreagthóir ríthábhachtach chun bainistíocht riosca leordhóthanach a chumasú agus chun torthaí tionscadail a bhaint amach i gcomhréir leis na sonraíochtaí.

    Beidh an próiseas maoiniúcháin foriomlán a bhaineann le seirbhísí airgeadais faoi réir roinnt sraitheanna rialuithe ar an leibhéal oibríochtúil agus ar an leibhéal airgeadais i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú sa Rialachán Airgeadais. Beidh gá leis an dara leibhéal d’fhíorú oibríochtúil agus d’fhíorú airgeadais ex ante le haghaidh idirbhearta a bhfuil riosca níos airde ag baint leo. Déanfar rialuithe breise ar an láthair ar thairbhithe deontas an chláir bunaithe ar anailís riosca. Cuirfear na rialacha mionsonraithe íocaíochta i bhfeidhm ar gach conradh agus déanfar gníomh lena náirithítear go bhfuil cothromaíocht cheart ann idir riachtanais mhaoinithe agus cosaint leasanna airgeadais an AE. Déanfar na rialacha mionsonraithe tuairiscithe (féach pointe 2.1) a chur i gcrích ar bhealach a dhéanfaidh athrialuithe neamhriachtanacha a sheachaint agus beidh siad dírithe ar na riachtanais iarbhíre faireacháin.

    Tá an creat rialaithe inmheánaigh is infheidhme maidir leis an margadh aonair le haghaidh earraí agus seirbhísí, soláthar poiblí, faireachas margaidh, caighdeánú agus iomaíochas fiontar agus FBManna bunaithe ar chur chun feidhme Phrionsabail Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, nósanna imeachta maidir leis na tionscadail is fearr a roghnú agus ionstraimí dlí a dhéanamh astu, bainistiú tionscadal agus conartha feadh shaolré an tionscadail, seiceálacha ex ante ar éilimh, lena náirítear deimhnithe iniúchta a fháil, deimhniú ex ante ar mhodheolaíochtaí costais, iniúchtaí ex post agus ceartuithe, agus meastóireacht.

    Tá sé beartaithe go gcuirfidh gníomhaireacht feidhmiúcháin buiséad an Chláir ar iomaíochas agus ar FBManna chun feidhme.

    Tá riosca níos mó go ndéanfar costais a dhearbhú go míchuí i ngeall ar rialacha casta incháilitheachta maidir le deontais agus ar an saineolas cuibheasach teoranta ar bhainistíocht airgeadais atá ag tairbhithe áirithe (FBManna).

    Baineann an riosca is mó a sainaithníodh le hearráidí i dtaobh costais incháilithe na ndeontas a thaifeadadh, ó thaobh ceannteideal na gcostas den chuid is mó. Go dtí seo, tá siad bunaithe ar chostais iarbhíre. A luaithe a ghlacfar an rialachán airgeadais nua, beidh an deis ag oifigigh údarúcháin úsáid a bhaint as cnapshuimeanna agus modhanna eile, agus ba cheart, dá bharr sin, earráidí a laghdú agus éifeachtúlacht na rialuithe a mhéadú.

    Tá treoir mhionsonraithe i dtaca leis na rialacha incháilitheachta sa doiciméadacht a chuirtear ar fáil le glaonna ar thogra i réimse an iomaíochais agus na FBManna, go háirithe na rialacha a bhaineann leis na hearráidí is minice maidir le costais foirne. Iarrtar ar thairbhithe a ndóthain mionsonraí faoi na costais atá tuartha a thabhairt agus iad ag déanamh togra, le go bhféadfar fíorú ex ante a dhéanamh agus earráidí nó míthuiscintí a d’fhéadfadh a bheith ann a aimsiú agus, nuair is gá, athruithe ar chur chun feidhme nó ar oiriúnú an chomhaontaithe deontais. Méadóidh sin go suntasach deimhneacht dhlíthiúil na dtairbhithe agus laghdóidh sé an riosca earráide.

    Ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir, ar lámh amháin, mealltacht chláir lena dtugtar maoiniú don iomaíochas agus do FBManna a mhéadú tríd an ualach rialaithe a laghdú do na tairbhithe (méadú muiníne agus dul i riosca ag úsáid níos mó rátaí comhréidhe, cnapshuimeanna agus scálaí costais aonaid) agus, ar an taobh eile, a áirithiú go bhfanfaidh an ráta earráidí neamhcheartaithe chomh híseal agus is féidir.

    Beidh an straitéis iniúchta ex post le haghaidh caiteachais faoin gClár bunaithe ar iniúchadh airgeadais na nidirbheart atá sainithe de réir samplála bunaithe ar luachanna airgeadaíochta, agus comhlánfar é le sampla bunaithe ar riosca.

    Maidir leis an tsraith ‘Sábháilteacht Bia’, is institiúidí, saotharlanna, gnólachtaí comhairleachta agus cuideachtaí príobháideacha eile na conraitheoirí, den chuid is mó. Is iad seo a leanas na príomhrioscaí:

    • An baol go núsáidfear ar dhóigh neamhéifeachtúil nó neamhthíosach cistí a dhámhfar, i gcás deontas (an chastacht a bhaineann le costais incháilithe iarbhíre a aisíoc maille le deiseanna teoranta costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus i gcás soláthair araon (líon srianta d’oibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil an saineolas atá de dhíth, rud a fhágann nach féidir tairiscintí praghsanna a chur i gcomparáid );

    • An riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, agus iad ar fad ag feidhmiú a gcóras rialaithe féin, agus iad measartha beag go minic.

    Chuir an Coimisiún nósanna imeachta inmheánacha maidir le sábháilteacht bia i bhfeidhm agus é mar aidhm acu na rioscaí a sainaithníodh thuas a chlúdach. Tá na nósanna imeachta i lán-chomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus tá bearta frith-chalaoise agus fachtóirí costais-tairbhe curtha san áireamh iontu. Laistigh den chreat sin, tá an Coimisiún ag leanúint de bheith ag fiosrú conas is féidir feabhas a chur ar bhainistíocht agus éifeachtúlacht a mhéadú. Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chreata rialaithe:

    Sábháilteacht Bia – Rialuithe roimh chur chun feidhme na dtionscadal agus le linn a gcur chun feidhme:

    - Tá samhail-chomhaontuithe agus conarthaí seirbhíse á núsáid, cinn a cheap an Coimisiún é féin. Déantar foráil leis na comhaontuithe agus leis na conarthaí sin maidir le forálacha rialaithe amhail deimhnithe iniúchóireachta, ráthaíochtaí airgeadais, iniúchtaí ar an láthair mar aon le hiniúchtaí a dhéanann OLAF. Tá na rialacha maidir le hincháilitheacht costas á simpliú, mar shampla, trí úsáid a bhaint as costais aonaid, cnapshuimeanna, ranníocaíochtaí nach mbaineann le costais agus féidearthachtaí eile a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais. Déanfaidh sé sin costas na rialuithe a laghdú agus cuirfear béim ar sheiceálacha agus rialuithe i réimsí ardriosca.

    - Síníonn an fhoireann uile cód um dea-iompraíocht riaracháin. An fhoireann atá bainteach leis an nós imeachta roghnúcháin nó le bainistiú na gcomhaontuithe/na gconarthaí deontais, síníonn siad siúd dearbhú freisin nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann. Cuirtear oiliúint ar an bhfoireann go rialta agus úsáideann siad líonraí chun na cleachtais is fearr a mhalartú.

    - Déantar cur chun feidhme teicniúil tionscadail a sheiceáil go tráthrialta ag an deasc bunaithe ar thuarascálacha ar dhul chun cinn teicniúil na gconraitheoirí agus na dtairbhithe; ina theannta sin, is ar bhonn cás ar chás a shocraítear cruinnithe agus cuairteanna ar láthair na gconraitheoirí/na dtairbhithe.

    Sábháilteacht Bia – Rialuithe i ndeireadh an tionscadail:

    Déantar iniúchtaí ex post ar an láthair chun incháilitheacht éilimh costas a fhíorú. Is é is aidhm do na rialuithe sin earráidí ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais a chosc, a bhrath agus a cheartú. D’fhonn ardtionchar rialaithe a bhaint amach, tá sé beartaithe go mbeidh idir roghnú riosca-bhunaithe agus sampláil randamach i roghnú na dtairbhithe a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu, agus go dtabharfar aird ar ghnéithe oibriúcháin nuair is féidir é le linn iniúchta ar an láthair.

    Déanfar comhaontuithe deontais i réimse an staidrimh a thabhairt i gcrích le líon sách íseal d’údaráis náisiúnta staidrimh. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ceadaítear deontais a bhronnadh go díreach ar na húdaráis sin. Is beag na rioscaí a bhaineann leis na tairbhithe seo. Níor sainaithníodh aon rioscaí suntasacha sna rialuithe arna ndéanamh maidir le comhaontuithe deontais arna dtabhairt i gcrích faoin gClár Staidrimh Eorpach 2013-2020. Ós rud é gur costais foirne iad cuid mhór de na comhaontuithe deontais Eurostat, rinneadh simpliú ar na bearta in 2015 nuair a tugadh isteach an scéim na gcostas aonaid (Cinneadh C (2014) 6332 ón gCoimisiún). Dhearbhaigh na rialuithe a rinneadh go bhfuil na héifeachtaí simpliúcháin a bhí beartaithe ann agus an laghdú ar an leibhéal riosca a bhaineann le costais foirne.

    Maidir le hidirbhearta soláthair i réimse an staidrimh, léirigh athbhreithnithe bliantúla cáilíochta ex post nach bhfuil aon fhadhbanna ábhartha ann. Níor nocht iniúchtaí arna ndéanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar idirbhearta a bhainistíonn Eurostat aon mhórfhadhbanna. Níor aimsigh iniúchadh a rinne Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin in 2016 aon rioscaí suntasacha. Deimhníodh go dtugann córas rialaithe inmheánach Eurostat dearbhú réasúnach maidir le cuspóir an próiseas soláthair agus bainistiú airgeadais na nidirbheart airgeadais lena mbaineann.

    Agus gníomhaíochtaí soláthair á gcur chun feidhme i réimse na dtomhaltóirí, d’fhéadfadh baol a bheith ann go ndéanfadh na conraitheoirí áibhéil ar na praghsanna, níos mó ná éileamh amháin a chur isteach le haghaidh na hacmhainní céanna nó le haghaidh táirgí insoláthartha bréige nó a ndearnadh bradaíl orthu. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i measc na mball foirne agus ar urramú rúndachta gairmiúla.

    Déantar maolú ar na rioscaí sin trí bhíthin straitéise frithchalaoise treisithe chun na rioscaí calaoise i gcomhthéacs chur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le fostaithe an Choimisiúin agus le saineolaithe seachtracha a laghdú a oiread is féidir. I gcás soláthair, déantar amhlaidh freisin trí fheasacht a ardú i measc na ngníomhaithe uile lena mbaineann i dtaca le déileáil le tairgeoirí, lena náirítear sna haonaid oibríochtúla.

    Cur síos ar an gcóras rialaithe inmheánaigh

    Is é an córas rialaithe atá beartaithe do na gníomhaíochtaí a bhaineann le tomhaltóirí faoin gclár ná leanúint de na rialuithe reatha.

    Tá an straitéis rialaithe comhdhéanta de bhloic thógála éagsúla:

    - clárú, meastóireacht agus roghnú tairiscintí d'fhonn a áirithiú nach ndéantar ach na tairiscintí is fearr a chistiú;

    - An conradh a thabhairt i gcrích agus faireachán a dhéanamh air: Tá gach idirbheart agus gach nós imeachta faoi réir fíorú ex ante na seirbhíse atá freagrach as cur chun feidhme beartais.

    Áirithítear iniúchtaí ex post trí chomhar le seirbhísí eile trí bhíthin Comhaontú Seirbhíse.

    Is ionann costas na rialuithe a bhaineann le seirbhísí airgeadais agus thart ar 4.49  % de na híocaíochtaí ag an tseirbhís den Choimisiún atá freagrach. Táthar ag súil go bhfanfaidh sé sin cobhsaí nó go laghdóidh sé beagán i gcás ina leathnófar úsáid roghanna costais simplithe sa chéad chlárthréimhse eile.

    I gcás ina gcuireann gníomhaireacht feidhmiúcháin beartas tomhaltóirí chun feidhme, cuirtear straitéis íocaíochta agus rialaithe i bhfeidhm í chun earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc agus a cheartú d’fhonn rátaí earráidí agus costais na rialuithe a laghdú. Ciallaíonn bainistíocht dhíreach comhchruinniú líon níos mó gníomhartha ag lárionad amháin a thugann costais réasúnta íseal de rialuithe, go háirithe rialuitheex ante. Déanann an ghníomhaireacht modheolaíocht rialaithe atá bunaithe ar riosca a chur i bhfeidhm, a mbeidh ráta earráidí faoi bhun na tairsí (2  %) mar thoradh leis. Tá an treocht seo cobhsaí le roinnt blianta anuas (féach an TBG) agus níl aon mhéadú ag teacht air. Costas cobhsaí na rialuithe (4  %) le cóimheas 1:5,6

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

    Ó thaobh an ráta/na rátaí earráidí a bheifí ag súil leis/leo, ag céim na dtograí reachtacha is é an aidhm an ráta earráidí a choinneáil faoi bhun na tairsí 2  %. Ní fhéadfaí tairseach ábharthachta eile a phlé ach ar bhonn an cháis i bhfianaise na díospóireachta reachtaí, go háirithe i gcás nach dtacódh an tÚdarás Reachtach (go hiomlán) leis na simplithe a mholtar don Chlár agus/nó go gcuirfeadh sé uasteorainn leis na rialuithe, rud a d'imreodh tionchar ar an ráta earráidí a bheifí ag súil leis. Ba ghá cur chuige comhordaithe a bheith ann chuige sin.

    Cuirfear na gníomhaíochtaí a bhaineann le beartas iomaíochta chun feidhme faoin gcuspóir ‘margadh inmheánach’. I bhfianaise an bhuiséid theoranta, cuireann na seirbhísí atá freagrach ciorcad airgeadais láraithe i bhfeidhm, ar chúiseanna éifeachtúlachta, ciorcad a bhfuil ról láidir tacaíochta airgeadais aige. Comhlíonann an ciorcad na ceanglais bhonnlíne den Rialachán Airgeadais agus fágann sé gur féidir botúin a bhrath agus a cheartú láithreach le linn phróiseas an idirbhirt.

    Meastar gur 3-5  % den chaiteachas iomlán a bheith i gceist le costais na rialuithe.

    Is é an aidhm atá leis sin an ráta earráide a choinneáil faoi bhun na tairsí 2  %. Socraítear riosca a bhfuiltear ag súil leis tráth an dúnta ag 0.5  %.

    Cuirfidh gníomhaireacht feidhmiúcháin eilimintí an Chláir a bhaineann le hiomaíochas fiontar agus FBManna chun feidhme.

    Déanfaidh an toifigeach údarúcháin atá freagrach córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach ó thaobh costas de a áirithiú, córas ar féidir a bheith ag súil leis an riosca earráide a choinneáil faoi bhun 2  %, ar bhonn bliantúil agus thar thréimhse an chláir; is é an aidhm i ndeireadh thiar a bheidh leis leibhéal iarmhair earráide a bhaint amach a bheidh faoi bhun 2  % tráth chríoch na gclár ilbhliantúil, a luaithe a bheidh tionchar airgeadais na niniúchtaí uile, agus na mbeart ceartaitheach agus aisghabhála curtha san áireamh.

    Beidh sé mar aidhm ag an iniúchadh ex post léiriú cothrom agus iontaofa den riosca earráide a chur ar fáil agus comharthaí calaoise a scrúdú go héifeachtach. Níor cheart do na seiceálacha ex ante a dhéanfar ar thograí sula síneofar an comhaontú deontais agus do shoiléiriú na rialacha incháilitheachta fad mór a chur leis an am is gá chun conradh a thabhairt i gcrích. Déanfar rialuithe chun an meánráta earráide ionadaíoch a bheidh ann i gcónaí, fiú le hoiliúint, seiceálacha ex ante agus ceartuithe, a chinneadh. Tabharfaidh na hoifigigh um údarú, trí tharmligean, tuairisc bhliantúil ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le rialú agus tabharfaidh an Coimisiún tuairisc don údarás reachtach faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma maidir leis an leibhéal neamhchomhlíonta a d’fhéadfaí a bhaint amach.

    Maidir le heilimintí clár a bhaineann leis an margadh inmheánach le haghaidh earraí agus seirbhísí, soláthar poiblí, faireachas margaidh agus caighdeánú, meastar gur 8-10  % den chaiteachas iomlán a bheidh i gceist le costais na rialuithe.

    Is é an míniú atá ar an leibhéal ard ar chostas na rialuithe go bhfuil an chuid is mó den bhuiséad á chaitheamh ar sholáthar agus deontais do ghníomhaíochtaí beaga agus nach féidir leas a bhaint as barainneachtaí scála. Leanfaidh na seirbhísí atá freagrach de mhachnamh a dhéanamh ar bhearta simpliúcháin féideartha sna próisis airgeadais chun an leibhéal rialaithe a laghdú, agus ag an am céanna leibhéal leordhóthanach agus an leibhéal atá riachtanach de réir an dlí a choinneáil ar bun.

    I bhfianaise taithí a fuarthas ó chur chun feidhme chuspóir an bhiashlabhra faoin gclár a bhí ann roimhe seo agus i bhfianaise phríomh-shaintréithe dearaidh an Chláir nua, meastar nach bhfuil mórán athruithe tagtha ar na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir. Meastar gur thart ar 4-6  % den chaiteachas iomlán a bheith i gceist le costais na rialuithe. De bharr deontais agus soláthar a úsáid in éineacht le chéile, rialuithe ex ante agus ex post agus seiceálacha deisce agus iniúchóireachtaí ar an láthair, meastar go bhfanfaidh an meánráta earráide inchainníochtaithe iarmharach faoi bhun 2 %.

    An straitéis rialaithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí faoi chuspóir sonrach an chláir maidir le staidreamh, tá sé mar aidhm leis baol an neamhchomhlíonta a choinneáil faoin tairseach ábharthachta 2  %, atá i gcomhréir le tairseach chaighdeánach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hábharthachta cainníochtúil. Meastar gur leor an córas rialaithe inmheánaigh, lena náirítear a gcostais, chun an cuspóir sin a bhaint amach. Áiritheofar comhlántacht idir rialuithe ex ante agus rialuithe ex post, chun dúbailt iarrachtaí a sheachaint agus chun gur féidir na rialuithe a dhéanamh ar bhealach costéifeachtúil. Measann Eurostat go mbeidh costais na rialuithe uile cothrom le thart ar 14  % de bhuiséad an chláir. Is é mhéid measartha teoranta na nidirbheart a imríonn an tionchar is mó ar an gcóimheas cost-éifeachtúlachta a bhaineann le deontais, ach is gá tacar iomlán rialuithe a chur i bhfeidhm ina leith mar sin féin.

    I measc na dtairbhí a bhaineann le rialú (seachas comhlíonadh forálacha rialála), tá luach níos fearr ar airgead, éifeachtaí díspreagtha, méaduithe ar éifeachtúlacht agus feabhsuithe ar na córais.

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Cuirfidh roinnt ASanna de chuid an Choimisiúin an Clár chun feidhme, agus gach ceann acu ag cur beart i bhfeidhm chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc atá leordhóthanach le haghaidh na réimsí beartais atá faoina gcúram.

    Maidir le bainistíocht dhíreach, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillitheachta nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathacha eile, le seiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, más iomchuí, le pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha.

    Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas. Beidh OLAF údaraithe seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin leo go díreach nó go hindíreach.

    Ina cheann sin, cuirfidh an Coimisiún chun cinn sraith beart, e.g:

    - cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thagann as cur chun feidhme an chláir, lena dtabharfar cead go sainráite don Choimisiún, OLAF san áireamh, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh ar an láthair;

    - agus meastóireacht á déanamh ar thograí nó ar thairiscintí, déanfar na togróirí nó na tairgeoirí a sheiceáil i dtaca leis na critéir eisiaimh foilsithe, critéir atá bunaithe ar dhearbhuithe agus ar an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES);

    - déanfar na rialacha maidir le hincháilitheacht costas a shimpliú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais.

    - tabharfar oiliúint tráthrialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí don fhoireann go léir atá páirteach i mbainistiú conarthaí agus d’iniúchóirí agus rialaitheoirí a fhíoraíonn dearbhuithe na dtairbhithe ar an láthair.

    Tá bearta coisctheacha agus cosanta i réimse na hiomaíochta dírithe ar an trédhearcacht a mhéadú i gcruinnithe bainistíochta agus sa teagmháil le páirtithe leasmhara, de réir na gcleachtas soláthair phoiblí is fearr, lena náirítear úsáid a bhaint as ríomhsholáthar agus ríomhuirlisí. Leis na gníomhaíochtaí freisin, cuirfear cosc agus ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus braithfear iad.

    Déanfar an cur chun feidhme clár a bhaineann le seirbhísí airgeadais de réir na rialacha maidir le calaois agus neamhrialtachtaí a chosc arna leagan síos i gcomhréir le forálacha an rialacháin airgeadais agus i bhfianaise na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Straitéis Frith-Chalaoise nua an Choimisiúin (CAFS) a bheidh i bhfeidhm. Áiritheoidh gach Ard-Stiúrthóireacht a chuirfidh an clár chun feidhme go gcomhlíonfar ceanglais CAFS agus a straitéis frithchalaoise féin chomh maith le treoir chorparáideach ábhartha. Ina theannta sin, áiritheoidh sé go ndéanfar teagmháil le OLAF i gcás gníomhaíochtaí faoina shainchúram.

    Rialuithe ex anteex post a bhaineann le seirbhísí airgeadais, cuirfear iad i bhfeidhm le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, de réir na rioscaí calaoise a bhaineann leo. Sa bhreis air sin, i gcás inarb iomchuí, iarrfar ar na baill foirne atá bainteach le hidirbhearta airgeadais freastal ar sheisiúin oiliúna corparáidí maidir le frithchalaois nuair is gá chun dul i ngleic le rioscaí sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí áirithe. Díreofar aird freisin ar fheasacht a ardú ar cheanglais maidir le baill foirne (mar shampla i ndáil le coinbhleacht leasa i bpróisis soláthair/deontas).

    Faoi chuimsiú Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (CAFS) 104 agus le cuidiú OLAF trí dhul i gcomhairle le Líonra um Chosc agus Brath Calaoise (FPDNet) OLAF agus páirt a ghlacadh ann. An tseirbhís de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an margadh inmheánach in earraí agus seirbhísí, as soláthar poiblí, as faireachas margaidh, as caighdeánú agus as iomaíochas fiontar agus FBManna, d'fhorbair sé a Straitéis Frith-Chalaoise féin (AFS), lena gcumhdaítear bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath go hinmheánach agus i gcás tairbhithe agus conraitheoirí. Déantar an AFS sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

    Chun feasacht ar chalaois a ardú, foráiltear sa Phlean Gníomhaíochta AFS maidir le seisiúin oiliúna leordhóthanacha a chur ar fáil do na baill foirne agus don lucht bainistíochta, measúnú riosca bliantúil i leith calaoise agus liosta na mbratacha dearga a choinneáil cothrom le dáta lena núsáid i gcomhair rialuithe ex ante rioscabhunaithe níos spriocdhírithe.

    Tá nósanna imeachta iniúchta agus treoir maidir le hiniúchtaí ex post rioscabhunaithe dírithe ar chásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá an AFS sin ag teacht le caighdeáin rialaithe inmheánaigh, go háirithe an cleachtadh measúnaithe riosca, agus le AFS ASanna eile agus eintiteas fo-tharmligthe.

    Tá straitéis frithchalaoise na seirbhíse atá freagrach as gníomhaíochtaí an mhargaidh inmheánaigh a bhaineann le beartais fhioscacha agus chánach dírithe ar chultúr láidir frithchalaoise a fhorbairt trí ghníomhaíochtaí ardaithe feasachta ar rioscaí calaoise a d'fhéadfadh a bheith ann agus ar iompraíocht eiticiúil na mball foirne. De bhreis air sin, tugtar aghaidh sa straitéis ar chomhar gníomhach le OLAF agus gnéithe calaoise a chomhtháthú sa timthriall um Pleanáil Straitéiseach agus Cláreagrú de chuid na hArd-Stiúrthóireachta.

    Ós rud é go gcuirfear an Clár chun feidhme (den chuid is mó) le soláthar, beidh cuspóir 3 den straitéis frithchalaoise (i.e. "Feasacht a mhúscailt ar choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith i gceist nuair a bheifear ag déileáil le páirtithe leasmhara seachtracha amhail brústocairí, tairgeoirí, conraitheoirí") agus é dírithe ar 1) thaifida choinneáil ar theagmhálacha le brústocairí, 2) ar bhainistíocht láraithe nósanna imeachta soláthair agus teagmhálacha le tairgeoirí, 3) ar oiliúint thiomnaithe ó thaobh teagmhálacha le brústocairí, beidh an cuspóir sin infheidhme go háirithe maidir le cur chun feidhme an chláir. De bhreis air sin, cuirfear srian breise le haon chalaois agus neamhrialtacht a d'fhéadfadh a bheith ann san áireamh i gcomhairliúchán éigeantach an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh roimh chonarthaí a dhámhachtain (agus aon idirbheart airgeadais).

    I réimse an Staidrimh Eorpaigh, tá roinnt bearta coisctheacha agus cosanta ann cheana nó agus roinnt atá beartaithe Tá gach idirbheart airgeadais faoi réir rialuithe éigeantacha ex ante. Déanfar rialuithe comhlántacha ex post ar bhonn samplach. Is féidir rialuithe breise a dhéanamh de réir an ghá atá leo. Cuireadh Coiste Margaidh chun feidhme chun maoirseacht a dhéanamh ar dhoiciméadacht tairisceana ó Eurostat a roghnófar.

    Bíonn Eurostat ag dul i ngleic leis na rioscaí sin le huirlisí TF a neartaíodh agus a chomhtháthaíodh a thuilleadh. Cuirfear rialuithe slándála feabhsaithe chun feidhme maidir le sócmhainní; déanfar sonraí rúnda a aistriú chuig timpeallacht TF leithscartha. Ina theannta sin, déanfar feidhmiúlachtaí TF a bhaineann le slabhra scaipthe Eurostat a fheabhsú a thuilleadh agus an tionscadal maidir le slabhra scaipthe á athchóiriú.

    Tá colún breise de bhearta coisctheacha agus cosanta curtha ar bun ag Eurostat, mar atá seisiúin eolais agus oiliúna. Tá eilimintí frithchalaoise ina gcuid de gach seisiún oiliúna a chuireann Eurostat ar fáil maidir le bainistiú idirbheart airgeadais. Ina theannta sin, cuirtear lucht bainistíochta sinsearach Eurostat ar an eolas go tráthrialta faoi gach gníomhaíocht a bhaineann le calaois a chosc agus bíonn seisiúin ardaithe feasachta ina gcuid d'oiliúint na nuatheachtaithe; cuirtear oiliúint éigeantach frithchalaoise ar fáil d'fhoireann a roghnaíodh.

    D'fhormheas an tseirbhís de chuid an Choimisiúin a bhfuil an beartas tomhaltóirí faoina chúram an Straitéis Frith-Chalaoise in Aibreán 2018. Leanfaidh sé ar aghaidh ag cur a Straitéis Frith-Chalaoise i bhfeidhm i gcomhréir le Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (SFCC) chun a áirithiú inter alia go mbeidh a rialuithe inmheánacha frithchalaoise ailínithe go hiomlán le SFCC agus go mbeidh a chur chuige bainistíochta riosca calaoise dírithe ar limistéir riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint.

    I gcás ina bhfuil an cur chun feidhme faoi chúram gníomhaireacht feidhmiúcháin, bíonn an measúnú riosca dírithe ar an neamhchosaint iarmharach ar riosca, agus na bearta ar fad a rinneadh cheana chun an riosca a mhaolú á gcur san áireamh. Déantar rioscaí a mheasúnú de réir shainiúlacht na gclár bainistithe le dheontais agus soláthar

    gníomhaíochtaí braite agus coiscthe calaoise a bheartaítear laistigh den bhainistiú díreach de réir cuspóirí straitéiseacha, amhail:

    — Na dálaí a choinneáil ar bun lenar féidir rioscaí calaoise a shainaithint agus a chosc go héifeachtach. Leibhéal iomchuí feasachta a áirithiú san fhoireann agus a áirithiú go mbeidh na rialuithe agus na córais ann a bhfuil gá leo chun rialuithe coisctheacha agus braite dhéanamh agus go gcuirfear chun feidhme iad.

    — Díriú isteach níos mó ar an gcalaois laistigh de na cleachtais agus na nósanna imeachta atá ann cheana (cásanna a sainaithníodh sa mheasúnú riosca ar calaois). A áirithiú go gcuirfear calaois a d'fheadfadh a bheith ann san áireamh agus nósanna imeachta airgeadais agus neamhairgeadais á gceapadh agus á gcur chun feidhme. A áirithiú go gcumhdófar rioscaí calaoise leis an straitéis rialaithe i gcomhthéacs an chreata rialaithe inmheánaigh, agus le cleachtaí bainistithe riosca.

    — A bheith ag obair i gcomhar le hArd-Stiúrthóireachtaí agus institiúidí éagsúla. Comhar éifeachtúil le OLAF agus le líonraí calaoise an Choimisiúin a choinneáil ar bun.

    — An beartas inmheánach a chur ar bun lena saineofar conas a láimhseálfar cásanna ar tugadh fógra ina leith do OLAF agus faireachán a dhéanamh ar an mbeartas sin.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    03.02 Clár an Mhargaidh Aonair

    LD/LN 105 .

    ó thíortha de chuid CSTE 106

    ó thíortha is iarrthóirí 107

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

    1

    03.0101 – Tacaíocht riaracháin

    LN

    NÍL

    NÍL

    1

    03.0201 — An Margadh Inmheánach a dhéanamh níos éifeachtaí

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    1

    03.0202 — molaim iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, a chruthú agus tacú lena gcuid rochtana ar mhargaí

    LD

    NÍL

    NÍL

    1

    03.0203 — gCaighdeán Eorpach agus tuairisciú airgeadais idirnáisiúnta agus caighdeáin iniúchóireachta

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    1

    03.0204 — Tomhaltóirí a chumasú agus an tsochaí shibhialta a chumasú, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus do tháirgí a áirithiú lena náirítear rannpháirtíocht úsáideoirí deiridh sna beartais seirbhísí airgeadais

    LD

    NÍL

    NÍL

    1

    03.0205 - Staidreamh ardcháilíochta faoin Eoraip a chur ar fáil agus a scaipeadh

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    1

    03.0206 — rannchuidiú le leibhéal ard sláinte agus leasa do dhaoine, d’ainmhithe agus do phlandaí

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
    ilbhliantúil:

    1

    03.02 Clár an Mhargaidh Aonair

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

    Gealltanais

    (1)

    531.452

    539.655

    548.003

    556.537

    565.309

    574.383

    581.042

    3 896.382

    Íocaíochtaí

    (2)

    83.351

    306.163

    374.529

    417.531

    447.076

    462.281

    468.746

    1 336.703

    3 896.382

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir 108  

    Gealltanais = Íocaíochtaí

    (3)

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    192.198

    IOMLÁN leithreasuithe d'imchlúdach an chláir

    Gealltanais

    =1+3

    558.909

    567.112

    575.460

    583.994

    592.766

    601.840

    608.499

    4 088.580

    Íocaíochtaí

    =2+3

    110.808

    333.620

    401.986

    444.988

    474.533

    489.738

    496.203

    1 336.703

    4 088.580



    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
    ilbhliantúil:

    7

    “Caiteachas riaracháin”



    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    Acmhainní daonna

    213.909

    215.773

    215.630

    215.630

    215.630

    215.630

    215.630

    1507.832

    Caiteachas riaracháin eile

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    44.177

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    220.220

    222.084

    221.941

    221.941

    221.941

    221.941

    221.941

    1552.009

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Tar éis 2027

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    ar fud na gCEANNTEIDEAL
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
     

    Gealltanais

    779.13

    789.196

    797.401

    805.935

    814.707

    823.781

    830.440

    5 640.589

    Íocaíochtaí

    331.028

    555.704

    623.927

    666.929

    696.474

    711.679

    718.144

    1 336.703

    5 640.589

    3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    213.909

    215.773

    215.630

    215.630

    215.630

    215.630

    215.630

    1507.832

    Caiteachas riaracháin eile

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    6.311

    44.177

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    220.220

    222.084

    221.941

    221.941

    221.941

    221.941

    221.941

    1552.009

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 109
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    2.738

    2.738

    2.738

    2.738

    2.738

    2.738

    2.738

    19.166

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    24.719

    24.719

    24.719

    24.719

    24.719

    24.719

    24.719

    173.032

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    27.457

    192.198

    IOMLÁN

    247.677

    249.541

    249.398

    249.398

    249.398

    249.398

    249.398

    1744.207

    Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

    1 383

    1 395

    1 394

    1 394

    1 394

    1 394

    1 394

    Toscaireachtaí

    Taighde

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, LA, SNE, INT agus JPD  110

    Ceannteideal 7

    Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    - sa cheanncheathrú

    210

    212

    212

    212

    212

    212

    212

    - toscaireachtaí

    Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  111

    - sa cheanncheathrú

    37

    37

    37

    37

    37

    37

    37

    - toscaireachtaí

    Taighde

    Eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    1 630

    1 644

    1 643

    1 643

    1 643

    1 643

    1 643

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Leis an togra/tionscnamh seo:

       ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

       déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Blianta

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    IOMLÁN

    Ranníocaíocht ó Chónaidhm na hEilvéise (ESTAT)

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    39.83

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    5.690

    39.83

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    (1)    ar acmhainní dílse

    (2)    ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Tionchar an togra/tionscnaimh 112

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    2026

    2027

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    […]

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    […]

    IARSCRÍBHINN a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach

    CLÁR AN MHARGAIDH AONAIR

    BUISÉAD TÁSCACH TAR ÉIS 2020

    * Líne tacaíochta riaracháin agus fóirdheontais do na gníomhaireachtaí san áireamh

    29/05/2018

    (1)    COM(2018) 322 final .
    (2)    COM(2018) 321, leathanach 7-9
    (3)    COM(2018) 321, leathanach 29
    (4)    Margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chur chun feidhme agus a fhorbairt; dlí na gcuideachtaí; uirlisí chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach; tacaíocht do ghníomhaíochtaí caighdeánaithe, oibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh d’earraí agus do sheirbhísí, beartais chustaim is cánachais a fhorbairt.
    (5)    Beartas iomaíochta uaillmhianach nuálach le haghaidh Aontas níos láidre sa ré digiteach, Tionscadal Comhpháirteach le haghaidh Braislí Fiontar.
    (6)    COM(2018) 439 final
    (7)    Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 – 2020) agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).
    (8)    COM (2018) 321 final ‘A Modern Budget for a Union that Protects, Empowers and Defends - The Multiannual Financial Framework for 2021 – 2027’ [Buiséad nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn- An Creat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027], lch.18 – 19.
    (9)    Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013–17 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).
    (10)    COM (2015) 192 final ‘Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip’.
    (11)    COM (2015) 550 final, An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí.
    (12)    COM (2015) 468 final, ‘Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a Thógáil’.
    (13)    COM(2018) 0185 final
    (14)    http://europa.eu/rapid/press-release_SPEECH-17-3165_en.htm.
    (15)    COM(2018) 442 final
    (16)    COM(2018) 443 final.
    (17)    COM(2018) 439 final
    (18)    COM(2018) 372 final
    (19)    COM(2018) 435 final
    (20)    COM(2018) 447 final.
    (21)    COM(2018) 434 final
    (22)    COM(2018) 375 final
    (23)    COM(2018) 367[...]
    (24)    COM(2018) 393 final
    (25)    COM(2018) 382 final
    (26)    COM(2018) 322 final, Airteagal 10
    (27)    ECLI:EU:C:2012:525, Cás C-490/10 An Pharlaimint v. An Chomhairle, ag míreanna 44 go 47.
    (28)    Rialachán (AE) Uimh. 258/2014.
    (29)    Rialachán (AE) Uimh. 254/2014, Rialachán (AE) 2017/826.
    (30)    Rialachán (AE) Uimh. 652/2014.
    (31)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
    (32)    Eorabharaiméadar 430: Saoránacht an Aontais Eorpaigh — Márta 2016.
    (33)    https://ec.europa.eu/growth/content/public-consultation-single-digital-gateway-0_en.
    (34)    Tuarascáil achoimre ar dhoiciméad oibre ó fhoireann an Choimisiúin maidir leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara faoin tairseach aonair dhigiteach a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnamh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (SWD/2017/0212 final — 2017/086 (COD)).
    (35)     http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=SWD:2017:0469:FIN
    (36)    Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí na mblianta 2014-20 agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 42).
    (37)     Luacháil lártéarma ar Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 .
    (38)    Níor foilsíodh an tuarascáil go fóill ach tá sí ar fáil ach iarratas a sheoladh chuig Eurostat.
    (39)    Mar a ceapadh é i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach.
    (40)    SEC(2018)294
    (41)    Margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chur chun feidhme agus a fhorbairt; dlí na gcuideachtaí; uirlisí chun rialachas a dhéanamh ar an margadh inmheánach; tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí caighdeánaithe, oibriú agus forbairt an mhargaidh aonair d’earraí agus do sheirbhísí, líne bhuiséid mar thacaíocht d’fhorbairt beartais chustaim agus cánachais.
    (42)    Beartas iomaíochta uaillmhianach nuálach le haghaidh Aontas níos láidre sa ré digiteach, Tionscadal Comhpháirteach le haghaidh Braislí Fiontar.
    (43)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1–14).
    (44)    IO L 90, 28.3.2006, lch. 2.
    (45)    IO C , , lch. .
    (46)    IO C , , lch. .
    (47)    Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013–17 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).
    (48)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
    (49)    Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
    (50)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena naisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
    (51)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena naisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
    (52)    COM(2018) 439 final
    (53)    Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 – 2020) agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).
    (54)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
    (55)    Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
    (56)    Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
    (57)    Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
    (58)    Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
    (59)    Rialachán (AE) 2017/826 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le clár de chuid an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020 (IO L 129, 19.5.2017, lch.17).
    (60)    [le cur isteach]
    (61)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
    (62)    Tagairt le nuashonrú: IO L 373, 20.12.2013, lch. 1. Tá an comhaontú le fáil ag: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ:C:2013:373:TOC
    (63)    IO L 90, 28.3.2006, lch. 2.
    (64)    COM(2010) 700 final an 19 Deireadh Fómhair 2010.
    (65)    COM(2017) 623 final
    (66)    COM(2018) 442 final
    (67)    COM(2018) 443 final
    (68)    COM(2018) 372 final
    (69)    COM(2018) 439 final
    (70)    COM(2018) 447 final
    (71)    COM(2018) 435 final
    (72)    COM(2018) 434 final
    (73)    COM(2018) 375 final
    (74)    COM(2018) 322 final, Airteagal 10
    (75)    COM(2018) 382 final
    (76)    COM(2018) 393 final
    (77)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (78)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
    (79)    Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena naisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.03.2016, lch. 1).
    (80)    Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le rialú Salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia-iompartha sonraithe eile (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1).
    (81)    Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.05.2001, lch. 1).
    (82)    Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
    (83)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle, (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
    (84)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).
    (85)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch.2).
    (86)    Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch.1).
    (87)    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
    (88)    Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, p. 1).
    (89)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
    (90)    Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le clár ilbhliantúil tomhaltóirí na mblianta 2014-20 agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1926/2006/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 42).
    (91)    Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-20 agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE, (IO L 105, 8.4.2014, lch. 1).
    (92)    Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).
    (93)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
    (94)    [le cur isteach]
    (95)    COM(2017) 795 final
    (96)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
    (97)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 031, 01.02.2002, lch. 1). 
    (98)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (99)    http://ec.europa.eu/DocsRoom/documents/28084
    (100)    [cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le Ciste InvestEU]
    (101)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
    (102)    COM(2011) 376 final, 24.06.2011
    (103)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (104)    CSTA: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (105)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
    (106)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (107)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (108)    CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmí Sóisearach i dToscaireacht.
    (109)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (110)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20  % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    An Bhruiséil,7.6.2018

    COM(2018) 441 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann leis an

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n
    x001e
    áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach agus lena n
    x001e
    aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826

    {SEC(2018) 294 final}
    {SWD(2018) 320 final}


    IARSCRÍBHINN I

    Gníomhaíochtaí incháilithe lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e)

    Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas – a chuirfear chun feidhme go príomha trí bhíthin deontais agus soláthar – agus lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) incháilithe chun cistiú a fháil:

    1.Bearta éigeandála tréidliachta agus fíteashláintíochta

    1.1.Bearta éigeandála tréidliachta agus fiteashláintíochta a bheidh le déanamh mar thoradh ar dhearbhú a fháil go bhfuil ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III ann nó lotnaid amháin nó níos mó ann, nó má tá baol díreach ann do stádas sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí san Aontas.

    Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme láithreach agus beidh a gcur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais.

    1.2.Maidir le héigeandálaí fiteashláintíochta, beidh na bearta seo a leanas le déanamh ag na Ballstáit i gcoinne an chéad ráig de lotnaidí i gceantar ar leith:

    (a)bearta chun lotnaid choraintín de chuid an Aontais a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 nó de bhun bhearta an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin;

    (b)bearta chun lotnaid, nach bhfuil liostaithe mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus a d’fhéadfaí a cháiliú mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear san Airteagal sin nó in Airteagal 30(1) den Rialachán sin;

    (c)bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne cheana de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, seachas na bearta díothúcháin sin dá dtagraítear i bpointe (a) den phointe seo agus na bearta srianta dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo, i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin.

    1.3.D’fhéadfaí cistiú ón Aontas a chur ar fáil freisin do na bearta seo a leanas:

    1.3.1.Bearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina mbeadh baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe agus zónóisí a liostaítear in Iarscríbhinn III a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát nó i dtíortha nó ar chríocha thar lear agus bearta cosanta, nó gníomhaíochtaí ábhartha eile, arna ndéanamh chun tacú le stádas sláinte plandaí san Aontas;

    1.3.2.Bearta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo arna ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó a théann i ndlúthchomhar lena chéile chun an eipidéim a rialú;

    1.3.3.Bunú stoc táirgí bitheolaíocha lena mbeartaítear na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III a rialú, i gcás ina measann an Coimisiún, ar iarraidh ó Bhallstát, gur gá na stoic sin a bhunú sa Bhallstát sin;

    1.3.4.Bunú stoc táirgí bitheolaíocha nó ceannach dáileog vacsaíne dá bhféadfadh an tAontas a bheith i mbaol de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III a bheith ann nó ag forbairt i dtríú tír nó i mBallstát.

    2.Cláir tréidliachta agus fíteashláintíochta bhliantúla agus ilbhliantúla

    2.1.Maidir le cláir tréidliachta agus fíteashláintíochta bhliantúla agus ilbhliantúla chun galair ainmhithe agus zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus lotnaidí plandaí a dhíothú, a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, ní mór iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa dlí ábhartha de chuid an Aontais.

    Sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16, leagfar amach na coinníollacha ar a mbeidh na gníomhaíochtaí incháilithe chun cistiú a fháil.

    Déanfar cláir a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Bealtaine den bhliain roimh an tréimhse cur chun feidhme a bheartaítear.

    Tar éis do na tairbhithe na tuarascálacha idirmheánacha a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, más gá, na comhaontuithe maidir le deontas a thabhairt a leasú i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina iomláine.

    2.2.I gcás ina mbriseann ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn III amach nó i gcás ina bhfuil ceann acu ag forbairt, agus gur dóigh dóibh stádas sláinte an Aontais a chur i mbaol, agus chun an tAontas a chosaint ar thabhairt isteach ceann de na galair nó de na zónóisí sin, nó má tá gá le bearta cosanta chun tacú le stádas sláinte plandaí an Aontais, féadfaidh na Ballstáit bearta a áireamh ina gcláir náisiúnta a chuirfear chun feidhme i gcríocha tríú tíortha i gcomhar le húdaráis na dtíortha sin. Faoi na coinníollacha céanna agus chun na críocha céanna, féadfar cistiú ón Aontas a bhronnadh go díreach ar údaráis inniúla tríú tíortha.

    2.3.Maidir le cláir fhiteashláintíochta, féadfar cistiú ón Aontas a bhronnadh ar Bhallstáit do na bearta seo a leanas:

    (a)suirbhéanna, i rith tréimhsí ama ar leith, ag seiceáil, ar a laghad, láithreacht aon lotnaide coraintín de chuid an Aontais, agus comharthaí nó siomptóim aon lotnaide faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 nó faoi réir bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin;

    (b)suirbhéanna, i rith tréimhsí ama ar leith, ag seiceáil, ar a laghad, láithreacht aon lotnaide, seachas na lotnaidí dá dtagraítear i bpointe (a), a d’fhéadfadh a bheith ina riosca arna theacht chun cinn don Aontas, agus a mbeadh tionchar suntasach ar thalmhaíocht nó ar fhoraoisí an Aontais dá dtabharfaí isteach í nó dá leathfaí í;

    (c)bearta chun lotnaid choraintín de chuid an Aontais a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/2031 nó de bhun bhearta an Aontais arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachan sin;

    (d)bearta chun lotnaid, nach bhfuil liostaithe mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, a dhíothú, arna ndéanamh ag údarás inniúil Ballstáit de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus a d’fhéadfaí a cháiliú mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear san Airteagal sin nó in Airteagal 30(1) den Rialachán sin;

    (e)bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne cheana de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, seachas na bearta díothúcháin sin dá dtagraítear i bpointe (c) den phointe seo agus na bearta srianta dá dtagraítear i bpointe (d) den phointe seo, i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin;

    (f)bearta chun lotnaid, ar ghlac an tAontas bearta srianta ina coinne cheana de bhun Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2016/2031 nó Airteagal 30(3) den Rialachán sin, a shrianadh laistigh de limistéar inmhíolaithe nach féidir an lotnaid a dhíothú uaidh, i gcás ina mbeidh na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin.

    Cinnfear leis an gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 16 liosta na lotnaidí plandaí a bheidh le cumhdach faoi na bearta sin.

    3.Gníomhaíochtaí chun tacú le leas ainmhithe a fheabhsú.

    4.Na Saotharlanna Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus na Lárionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 92, Airteagal 95 agus Airteagal 97 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

    5.Cláir chomhordaithe rialaithe agus bailiú faisnéise agus sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2017/625.

    6.Gníomhaíochtaí chun dramhaíl bia a chosc agus calaois bhia a chomhrac.

    7.Gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cleachtais inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais bia.

    8.Bunachair shonraí agus córais bainistíochta faisnéise ríomhairithe atá riachtanach chun an reachtaíocht a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus ar cruthaíodh go bhfuil breisluach ag baint leo don Aontas ina iomláine.

    9.Foireann na núdarás inniúil atá freagrach as rialuithe oifigiúla a oiliúint, chomh maith le páirtithe eile a bhfuil baint acu le galair ainmnithe nó lotnaidí plandaí a bhainistiú agus/nó a chosc, dá dtagraítear in Airteagal 130 de Rialachán (AE) 2017/625.

    10.Speansais taistil, lóistín agus speansais chothaithe laethúla arna dtabhú ag saineolaithe na mBallstát de bhrí gur iarr an Coimisiún orthu cuidiú lena shaineolaithe féin, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 116(4) agus in Airteagal 120(4) de Rialachán (AE) 2017/625.

    11.Obair theicniúil agus eolaíoch, lena náirítear staidéir agus gníomhaíochtaí comhordúcháin, ar obair í is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme i gceart sa réimse a bhaineann leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) agus go gcuirfear an reachtaíocht sin in oiriúint d'fhorbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha.

    12.Gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil sé mar aidhm lena bhfeidhmiú an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a bhaint amach mar thacú le forbairt agus cur chun feidhme na rialacha a bhaineann leis an gcuspóir sin.

    13.Tionscadail arna neagrú ag Ballstát amháin nó níos mó chun cur chun feidhme éifeachtúil an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e) a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as teicnící agus prótacail nuálacha.

    14.Tacaíocht do thionscnaimh faisnéise agus tionscnaimh ardaithe feasachta ag an Aontas agus ag na Ballstáit a bhfuil sé mar aidhm acu cleachtais fheabhsaithe, chomhlíontacha agus inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais bia a áirithiú, lena náirítear gníomhaíochtaí coisctheacha i ndáil le dramhaíl bia agus calaois bhia, laistigh de chur chun feidhme na rialacha i réimse an chuspóra sonraigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e).

    15.Bearta arna ndéanamh chun sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus leas ainmhithe a chosaint, arna gcur chun feidhme ar ainmhithe, táirgí ainmhíocha, plandaí agus táirgí plandaí a thagann isteach ó thríú tíortha ag teorainn de chuid an Aontais.

    16.

    IARSCRIBHINN II

    Gníomhaíochtaí incháilithe lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f)

    Tá faisnéis staidrimh ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa faoin staid eacnamaíoch, shóisialta, chríochach agus chomhshaoil san Aontas de dhíth chun beartais an Aontais a chur chun feidhme. Ina theannta sin, le staidreamh Eorpach tugtar an deis do shaoránaigh Eorpacha an próiseas daonlathach agus an díospóireacht maidir le staid reatha agus todhchaí an Aontais a thuiscint agus páirt a ghlacadh iontu.

    I gcomhar le Rialachán (CE) 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach, soláthraítear an creat foriomlán i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh do 2021-2027. Déantar staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh faoin gcreat sin agus i gcomhréir le prionsabail Chód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, trí dhlúthchomhar comhordaithe laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE).

    Cuireann staidreamh arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh faoin gcreat sin le cur chun feidhme bheartais an Aontais, mar a leagtar amach in CFAE agus mar a léirítear tuilleadh i dtosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin.

    Agus an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(f) á chur chun feidhme, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, Domhandú agus Trádáil

    staidreamh ardcháilíochta a sholáthar lena gcuirfear bonn faoin Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach, faoin gClár Tacaíochta um Athchóiriú agus faoi thimthriall bliantúil an Aontais i ndáil le faireachán agus treoir eacnamaíoch;

    na Príomhtháscairí Eacnamaíocha Eorpacha a sholáthar agus, i gcás inar gá, a fheabhsú;

    staidreamh agus treoir maidir le modheolaíocht a sholáthar i ngeall le láimhseáil staidrimh na nionstraimí infheistíochta agus buiséadacha agus iad ag tacú le cóineasú eacnamaíoch, cobhsaíocht airgeadais agus cruthú post;

    staidreamh a chur ar fáil chun críocha acmhainní dílse agus luach saothair agus pinsin fhoireann an Aontais;

    tomhas níos fearr a dhéanamh ar thrádáil seirbhísí, infheistíocht dhíreach choigríche, slabhraí luacha domhanda agus tionchar an domhandaithe ar gheilleagair an Aontais.

    An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Claochlú Digiteach

    staidreamh ardcháilíochta iontaofa a chur ar fáil don Mhargadh Aonair, don Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint agus do réimsí tábhachtacha nuálaíochta agus taighde;

    tuilleadh staidrimh a chur ar fáil atá níos tráthúla maidir leis an ngeilleagar comhroinnte agus tionchar an digitithe ar ghnó agus ar shaoránaigh na hEorpa.

    An ghné shóisialta den Eoraip

    staidreamh ardcháilíochta, tráthúil agus iontaofa a chur ar fáil lena dtabharfar tacaíocht do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Beartas Scileanna an Aontais, lena náirítear staidreamh maidir le margadh an tsaothair, fostaíocht, oideachas agus oiliúint, ioncam, dálaí maireachtála, bochtaineacht, éagothromaíocht, cuimsiú sóisialta, obair neamhdhearbhaithe agus cuntais satailíte maidir le scileanna;

    staidreamh a sholáthar a bhaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

    staidreamh a fheabhsú maidir le himirce, go háirithe i ndáil le cás agus lánpháirtiú na nimirceach agus riachtanais oideachais agus leibhéil cháilíochta iarrthóirí tearmainn;

    cláir nuachóirithe Daonáirimh agus Áirimh Tithíochta a fhorbairt do na blianta tar éis 2021 chomh maith le staidreamh daonra;

    réamh-mheastachán daonra a sholáthar agus nuashonruithe bliantúla a dhéanamh orthu.

    Forbairt inbhuanaithe, Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

    faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna);

    tuilleadh forbartha ar staidreamh a thacaíonn leis an Straitéis Fuinnimh, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an straitéis i leith plaisteach;

    staidreamh agus táscairí tábhachtacha a sholáthar maidir leis an gcomhshaol, lena náirítear i dtaca le dramhaíl, uisce, bithéagsúlacht, foraoisí, úsáid talún agus cumhdach talún chomh maith le staidreamh a bhaineann leis an aeráid agus cuntais eacnamaíocha chomhshaoil;

    staidreamh iompair lastais agus iompair phaisinéirí a sholáthar chun tacú le beartais an Aontais agus

    táscairí breise a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar an idirmhódúlacht agus ar an aistriú módach i dtreo modhanna iompair nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol;

    sonraí tráthúla ábhartha a sholáthar chun freastal ar riachtanais an Chomhbheartais Talmhaíochta, an Chomhbheartais Iascaigh agus na mbeartas a bhaineann leis an gcomhshaol, le slándáil bia agus le leas ainmhithe.

    Comhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach

    táscairí tráthúla agus cuimsitheacha staidrimh a sholáthar maidir le réigiúin, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas, cathracha agus ceantair thuaithe an Aontais chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtúil is atá beartais um fhorbairt chríochach agus chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchair chríochacha beartais earnálacha;

    tacú le forbairt táscairí maidir le sciúradh airgid agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta; agus staidreamh a fhorbairt i ndáil le póilíní agus slándáil;

    níos mó úsáide a bhaint, de réir a chéile, as sonraí geospásúla agus bainistíocht faisnéise geospásúla a chomhtháthú agus a phríomhshruthú go córasach i dtáirgeadh staidrimh.

    Staidreamh Eorpach a chur in iúl ar bhealach níos fearr agus é a chur chun cinn mar fhoinsí iontaofa chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne

    staidreamh Eorpach a chur chun cinn go córasach mar fhoinse iontaofa faisnéise agus lucht seiceála fíricí, taighdeoirí agus údaráis phoiblí a éascú lena úsáid chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne;

    é a dhéanamh níos éasca d’úsáideoirí rochtain a fháil ar staidreamh agus é a thuiscint, lena náirítear trí amharcléirithe tharraingteacha agus idirghníomhacha a sholáthar chomh maith le seirbhísí níos oiriúnaithe ar nós sonraí ar éileamh, agus anailísíocht féinseirbhíse;

    tuilleadh forbartha agus faireacháin a dhéanamh ar an gcreat dearbhaithe cáilíochta do staidreamh Eorpach, lena náirítear trí athbhreithnithe piaraí ar a mhéid is atá Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh á chomhlíonadh ag na Ballstáit;

    rochtain a sholáthar ar mhicreashonraí chun críocha taighde agus na caighdeáin is airde a chosaint ag an am céanna i dtaca le cosaint sonraí agus rúndacht staidrimh.

    Fómhar na réabhlóide sonraí a bhaint agus bogadh go staidreamh iontaofa cliste

    méadú ar shaothrú foinsí nua sonraí digiteacha agus dúshraith an staidrimh iontaofa a bhunú chun staidreamh nua a tháirgeadh gar d’fhíor-am le halgartaim iontaofa;

    bealaí nua cuir chuige a fhorbairt chun úsáid a bhaint as sonraí atá faoi sheilbh phoiblí trí ghlacadh le ríomh a chosnaíonn an phríobháideacht agus modhanna ríomha slána ilpháirtí;

    taighde agus nuálaíocht cheannródaíoch i staidreamh oifigiúil a chur chun cinn, lena náirítear trí úsáid a bhaint as líonraí comhoibríocha agus trí Chláir Oiliúna a sholáthar ar Staidreamh Eorpach.

    Comhpháirtíochtaí leathnaithe agus comhar staidrimh

    an chomhpháirtíocht CSE agus an comhar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais a neartú;

    comhpháirtíochtaí a chothú le sealbhóirí sonraí poiblí agus príobháideacha agus le hearnáil na teicneolaíochta le rochtain ar shonraí chun críocha staidrimh a éascú, chomh maith le sonraí ó ilfhoinsí a chomhtháthú agus úsáid na teicneolaíochtaí is déanaí;

    comhar le taighde agus leis an lucht acadúil a fheabhsú, go háirithe maidir le foinsí nua sonraí a úsáid, anailísíocht sonraí, agus cur chun cinn na litearthachta staidrimh;

    comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha chun tairbhe staidrimh oifigiúil domhanda.

    IARSCRÍBHINN III

    Liosta galar ainmhithe agus zónóisí

    (1)Tinneas Afracach na gcapall

    (2)Fiabhras Afracach na muc

    (3)Antrasc

    (4)Fliú éanúil (ardphataigineach),

    (5)Fliú éanúil (lagphataigineach),

    (6)Campalabaictéaróis

    (7)Fiabhras clasaiceach muc

    (8)Galar crúb agus béil

    (9)Pliúrainiúmóine tógálach gabhar

    (10)Fothach

    (11)Ionfhabhtú le víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24),

    (12)Ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis

    (13)Ionfhabhtú le víreas ghalar fuilreatha eipeasótach

    (14)Ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh

    (15)Ionfhabhtú le Mycoplasma mycoides fospeiceas mycoides SC (Pliúrainiúmóine tógálach buaibheach),

    (16)Ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis)

    (17)Ionfhabhtú le víreas ghalar Newcastle

    (18)Ionfhabhtú le víreas ghalar na mion-athchogantach

    (19)Ionfhabhtú le víreas an chonfaidh

    (20)Ionfhabhtú le heipitíteas eansótach

    (21)Ionfhabhtú le víreas phlá na mbó

    (22)Ionfhabhtú le séiritíopaí zónóiseacha Salmonella

    (23)Fíniú le Echinococcus spp

    (24)Listéaróis

    (25)Bolgach caorach agus bolgach gabhar

    (26)Einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha

    (27)Tricineallóis

    (28)Einceifilimiailíteas eachaí Veiniséalach

    (29)E. coli veireatocsaigineach

    IARSCRÍBHINN IV
    TÁSCAIRÍ

    Cuspóir

    Táscaire

    Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(a)

    1 - Líon na ngearán nua agus cásanna neamhchomhlíonta i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, chomh maith le reachtaíocht an Aontais maidir le soláthar poiblí. 

    2 - Innéacs Sriantachta na Trádála Seirbhísí.

    3 - Líon na gcuairteanna ar thairseach An Eoraip Agatsa.

    4 – Líon na bhfeachtas comhpháirteach um fhaireachas margaidh.

    Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(b)

    1 - Líon na FBManna a fhaigheann tacaíocht

    2 - Líon na gcomhlachtaí ar tacaíodh leo agus a bhfuil comhpháirtíochtaí gnó curtha i gcrích acu.

    Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(c)

    (i)  

    (ii)

    1 - An sciar de chaighdeáin Eorpacha arna gcur chun feidhme ag Ballstáit mar chaighdeáin náisiúnta as méid iomlán na gcaighdeán Eorpach atá gníomhach.

    2 - Céatadán na gcaighdeán idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais agus iniúchóireacht arna bhformhuiniú ag an Aontas.

    Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(d)

    (i)

    (ii) 

    1 - Innéacs dhálaí na dtomhaltóirí.

    2 - Líon na bpáipéar seasaimh agus na bhfreagairtí ar chomhairliúcháin phoiblí i réimse na seirbhísí airgeadais ó thairbhithe.

    Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(e)

    1 - Líon na gclár náisiúnta tréidliachta agus fiteashláintíochta a cuireadh chun feidhme.

    Cuspóirí arna leagan síos in Airteagal 3(2)(f)

    1-Tionchar an staidrimh arna fhoilsiú ar an idirlíon: líon na dtráchtanna ar an idirlíon agus líon na dtuairimí dearfacha/diúltacha.

    (1)    Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4) ón gComhairle.
    (2)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
    Top