Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0379

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad)

    COM/2018/379 final

    An Bhruiséil,31.5.2018

    COM(2018) 379 final

    2018/0204(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad)

    {SEC(2018) 272 final}
    {SWD(2018) 286 final}
    {SWD(2018) 287 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Áirítear ar chúraimí an Aontais Eorpaigh limistéar Eorpach ceartais in ábhair shibhialta a fhorbairt atá bunaithe ar phrionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí agus ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais. I réimse an cheartais, tá gá le comhar breithiúnach thar teorainneacha. Chun na críche sin, agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a éascú, ghlac an tAontas reachtaíocht maidir le seirbheáil trasteorann doiciméad breithiúnach 1 agus maidir le comhar i nglacadh fianaise 2 . Tá na hionstraimí seo barrthábhachtach i dtaca le rialú an chúnaimh dhlíthiúil in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála idir na Ballstáit. Is é is cuspóir coiteann dóibh creat éifeachtach a sholáthar le haghaidh comhar breithiúnach trasteorann. Cuireadh na hionstraimí in ionad an chórais idirnáisiúnta níos sine, níos ciotaí idir na Ballstáit 3 a tháinig isteach le Coinbhinsiúin na Háige 4 .

    Bíonn tionchar iarbhír ag an reachtaíocht seo maidir le comhar breithiúnach ar ghnáthshaol laethúil shaoránaigh an Aontais, is cuma cé acu daoine príobháideacha nó oibreoirí gnó iad. Cuirtear an reachtaíocht sin i bhfeidhm in imeachtaí breithiúnacha ag a bhfuil impleachtaí trasteorann agus ina bhfuil feidhmiú cuí na reachtaíochta riachtanach chun rochtain ar an gceartas agus ar thrialacha cothroma a áirithiú (e.g. mainneachtain an doiciméad lena dtionscnaítear imeachtaí a sheirbheáil ar bhealach iomchuí, is é sin an túdar is coitianta a úsáidtear chun aithint agus forfheidhmiú breithiúnas a dhiúltú 5 ). Éifeachtúlacht an chreata um chúnamh breithiúnach idirnáisiúnta, bíonn tionchar díreach aici sin ar an tuairim atá ag saoránaigh atá bainteach le díospóidí trasteorann den chineál sin ar fheidhmiú na mbreithiúna agus ar an smacht reachta sna Ballstáit.

    Tá comhar rianúil idir na cúirteanna riachtanach freisin i ndáil le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. In 2018, tá impleachtaí trasteorann ag timpeall 3.4 milliún imeacht cúirte sibhialta agus tráchtála san Aontas 6 . I dtromlach na gcásanna sin (go háirithe iad sin ina bhfuil páirtí amháin ar a laghad ag cur faoi i mBallstát nach é an Ballstát ina dtarlaíonn na himeachtaí), is minic a chuireann na cúirteanna an Rialachán maidir le doiciméid a sheirbheáil i bhfeidhm roinnt uaireanta le linn na nimeachtaí. Is é an chúis atá leis sin gur minic is gá doiciméid bhreise a sheirbheáil go foirmiúil (amhail na cinntí lena gcuirtear clabhsúr ar na himeachtaí), chomh maith leis an doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí. Ina theannta sin, níl cur chun feidhme an Rialacháin maidir le doiciméid a sheirbheáil teoranta d’imeachtaí i gcúirteanna sibhialta amháin, mar go gcumhdaítear lena raon feidhme doiciméid “sheachbhreithiúnacha” freisin, agus d’fhéadfadh seirbheáil na ndoiciméad sin teacht chun cinn in imeachtaí éagsúla lasmuigh den chúirt (e.g. i gcásanna comharbais os comhair nótaire poiblí, nó i gcásanna dlí teaghlaigh os comhair údarás poiblí), nó in éagmais aon imeacht breithiúnach foluiteach go fiú.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, foráiltear maidir le cainéil agus nósanna imeachta meara agus aonfhoirmeacha le haghaidh doiciméid a tharchur ó Bhallstát amháin chuig Ballstát eile, chun críocha seirbheála sa Bhallstát sin. Áirítear sa Rialachán íoscheanglais áirithe maidir le cearta cosanta a chosaint (e.g. Airteagal 8 agus Airteagal 19), agus leagtar síos leis coinníollacha dlíthiúla aonfhoirmeacha le haghaidh doiciméad a sheirbheáil tríd an bpost go díreach thar teorainneacha.

    I Nollaig 2013 7 , ghlac an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú praiticiúil an Rialacháin maidir le doiciméid a sheirbheáil. Sa tuarascáil, thángthas ar an gconclúid go raibh an Rialachán curtha i bhfeidhm go sásúil ag údaráis na mBallstát ar an iomlán. Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid freisin go raibh cuid d’easnaimh an Rialacháin anois soiléir de bharr an lánpháirtithe bhreithiúnaigh atá ag méadú idir na Ballstáit agus ina bhfuil díothú exequatur (nós imeachta idirmheánach) ina riail ghinearálta. Dá bhrí sin, féachadh chuige sa tuarascáil díospóireacht leathan phoiblí a spreagadh i dtaca le ról an Rialacháin i réimse ceartais shibhialta an Aontais agus i dtaca leis an dóigh a bhféadfar seirbheáil doiciméad a fheabhsú a thuilleadh. I gcomhréir leis sin, rinneadh measúnuithe mionsonraithe ar chur chun feidhme an Rialacháin le blianta beaga anuas i staidéir, i dtuarascálacha ón gCoimisiún agus i bplé sa Ghréasán Breithiúnach Eorpach 8 . In 2017, d’fhonn tacú le hanailís agus le conclúidí ábhartha cuimsitheachta nuashonraithe ar fheidhmiú praiticiúil an Rialacháin (lena gcomhlánaítear torthaí ó chleachtaí meastóireachta eile), chuir an Coimisiún roimhe measúnú um oiriúnacht rialála (REFIT) a dhéanamh i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le rialáil níos fearr chun feidhmiú na hionstraime a mheas i dtaca le cúig bhunchritéar meastóireachta riachtanacha, mar atá an éifeachtúlacht, an éifeachtacht, an ábharthacht, an chomhsheasmhacht agus breisluach an Aontais.

    Úsáideadh torthaí na tuarascála meastóireachta REFIT mar bhonn le sainmhíniú na faidhbe sa mheasúnú tionchar a ghabhann leis an togra seo. Leagtar na príomhchonclúidí amach anseo thíos.

    Maidir leis an mbealach traidisiúnta a úsáidtear le doiciméad a tharchur chuig Ballstát eile chun críocha seirbheála sa Bhallstát sin (is é sin tarchur trí na gníomhaireachtaí tarchuir agus fála, mar a thugtar orthu), léiríodh sa mheastóireacht go bhfuil an sreabhadh oibre sin ag tearcfheidhmiú sa mhéid is go bhfuil sé ag feidhmiú níos moille, agus nach bhfuil sé ag feidhmiú chomh héifeachtúil sin, ná mar a bhíothas ag súil leis. Leis na struchtúir a cuireadh ar bun leis an ionstraim de chuid an Aontais in 2000, tháinig feabhas follasach ar chúrsaí i dtaca leis an achar ama is gá chun iarratais a chomhlánú i gcomparáid leis na sreafaí oibre a bhí ann roimhe sin i gcoinbhinsiúin na Háige ach, mar sin féin, is minic nach gcomhlíontar na sprioc-amanna atá beartaithe sa Rialachán. Go sonrach, níl lánleas á bhaint as poitéinseal na bhforbairtí teicneolaíochta is déanaí. Cé gur dréachtaíodh an Rialachán ar shlí atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, ní úsáidtear bealaí cumarsáide nua-aimseartha sa chleachtas. Baineann cuid den chúis leis sin le sean-nósanna, cuid le constaicí dlíthiúla agus cuid eile le heaspa idir-inoibritheachta i gcórais náisiúnta na teicneolaíochta faisnéise (TF). Sa mheasúnú tionchair, thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa chomhthéacs seo gan mórán infheistíochta a dhéanamh, trí mhuinín a chur in aschuir agus i gcaighdeáin dhlíthiúla an Aontais atá ann cheana.

    Maidir le modhanna malartacha tarchuir agus seirbheála doiciméad lena soláthraítear bealaí díreacha chun doiciméid a sheirbheáil i gcríoch Bhallstáit eile, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur soláthraítear leo réitigh níos rianúla chun cabhrú le himeachtaí breithiúnacha trasteorann ach go bhfuil dóigheanna ann chun feabhas a chur orthu : is dóigh choitianta, ghasta agus measartha saor é seirbheáil tríd an bpost (Airteagal 14) chun an doiciméad a sheoladh chuig an seolaí ach ní féidir brath uirthi agus tá ráta mainneachtana ard ag baint léi. Leis an tseirbheáil dhíreach, mar a thugtar uirthi, faoi Airteagal 15 den Rialachán, foráiltear maidir le réiteach iontaofa ach tá rochtain theoranta uirthi . Maidir leis an tsaincheist sin, tá rannchuidiú spriocdhírithe sa togra arb é is aidhm dó éifeachtúlacht na modhanna atá ann cheana a fheabhsú. Ina theannta sin, leis an Rialachán, comhlánaítear an liosta de mhodhanna malartacha tarchuir agus seirbheála doiciméad trasteorann trí mhodh na seirbhíse leictreonaí, lena dtabharfaí isteach coibhéis fhíorúil na forála maidir le seirbheáil tríd an bpost sa Rialachán.

    Cuirfear feabhas ar na bealaí tarchuir agus seirbheála atá ann cheana féin sa Rialachán agus is i gcomhthráth leis sin a neartófar cosaint chearta cosanta an tseolaí. Le hidirghabhálacha spriocdhírithe, cabhrófar le deireadh a chur leis an éiginnteacht faoin gceart diúltaithe a fheidhmiú (in Airteagal 8) nó faoin bhforáil maidir le breithiúnais mhainneachtana (Airteagal 19).

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá dlúthbhaint ag an togra seo leis an togra lena leasaítear an Rialachán maidir le fianaise a ghlacadh. Tá an dá thogra á dtíolacadh le chéile ag an gCoimisiún agus is pacáiste iad le haghaidh an comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála a nuachóiriú.

    Tá comhsheasmhacht idir an togra agus na hionstraimí a ghlac an tAontas cheana i réimse an chomhair bhreithiúnaigh shibhialta. Go deimhin, leis an Rialachán, cuirtear le héifeachtacht na nionstraimí sin i dtaca le cúrsaíocht rianúil breithiúnas san Aontas a áirithiú: I gcás go meastar sna rialacháin sin de chuid an Aontais gur réamhchoinníoll riachtanach é seirbheáil iomchuí an doiciméid lena dtionscnaítear na himeachtaí chun breithiúnais a thugtar i mBallstáit eile a aithint agus a fhorfheidhmiú, agus leis an Rialachán maidir le doiciméid a sheirbheáil, bunaítear an creat faoina gcuirfear an tseirbheáil iomchuí sin i gcrích.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá béim i gclár oibre an Aontais don cheartas do 2020 ar an scrúdú is gá a dhéanamh ar athneartú na gceart nós imeachta sibhialta, i nglacadh na fianaise, cuir i gcás, ionas gur féidir cur leis an iontaoibh fhrithpháirteach idir córais cheartais na mBallstát 9 . Maidir leis an aidhm creat an chomhair bhreithiúnaigh laistigh den Aontas a fheabhsú, tá sí i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach ag an gCoimisiún sa straitéis don mhargadh aonair digiteach 10 : i gcomhthéacs an rrialtais, léirítear sa straitéis an gá le breis gníomhaíochta leis an riarachán poiblí a nuachóiriú (an riarachán breithiúnach san áireamh), le hidir-inoibritheacht trasteorann a chur i réim, agus leis an idirghníomhaíocht le saoránaigh a éascú.

    I gcomhréir leis sin, gheall an Coimisiún ina chlár oibre do 2018 go nullmhódh sé tograí lena leasófar an Rialachán maidir le fianaise a ghlacadh agus an Rialachán maidir le doiciméid a sheirbheáil 11 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 81 (an comhar breithiúnach in ábhair shibhialta ag a bhfuil impleachtaí trasteorann) de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá leis an togra. Le fomhír (b) agus fomhír (d) de mhír 2 den Airteagal seo, tugtar an chumhacht don Aontas bearta a ghlacadh, go háirithe nuair is gá le haghaidh fheidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh, arb é is aidhm dóibh seirbheáil doiciméad breithiúnach agus seachbhreithiúnach trasteorann a áirithiú.

    Coimhdeacht

    Is é is aidhm ón tús don réimse beartais maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta fíor-réimse ceartais a chur ar bun, ina gcuirtear cinntí breithiúnacha i gcúrsaíocht agus ina ndéantar staideanna dlíthiúla a thagann chun cinn faoi chóras dlí amháin a aithint laistigh den Aontas thar teorainneacha gan aon chonstaic nach gá. Tá an cur chuige seo bunaithe ar an bprionsabal nach féidir lánleas a bhaint as saoirsí bunúsacha an mhargaidh aonair gan fíor-réimse breithiúnach.

    Na fadhbanna a rachaidh an tionscnamh i ngleic leo, is sna nósanna imeachta trasteorann a thagann siad aníos (nósanna atá lasmuigh de réimse na gcóras dlí náisiúnta), agus eascraíonn siad ón easpa comhair idir údaráis agus oifigigh na mBallstát nó ón easpa idir-inoibritheachta agus comhsheasmhachta idir na córais náisiúnta agus na timpeallachtaí dlíthiúla. Leagtar síos rialacha i réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh sna Rialacháin mar is é sin an taon bhealach amháin leis an aonfhoirmeacht a theastaíonn a áirithiú. I bprionsabal, níl aon chosc ar na Ballstáit digitiú a dhéanamh ar a gcuid modhanna cumarsáide ach, i bhfianaise na taithí agus na meastachán, léirítear go mbeadh an dul chun cinn an-mhall gan gníomh de chuid an Aontais, agus fiú sa chás ina ndéanfaidh na Ballstáit beart, ní féidir an idir-inoibritheacht a áirithiú gan chreat faoi dhlí an Aontais. Ní féidir leis na Ballstáit astu féin cuspóir an togra a ghnóthú go leordhóthanach agus ní féidir an chuspóir sin a ghnóthú ach ar leibhéal an Aontais amháin.

    Tiocfaidh breisluach an Aontais ó éifeachtúlacht agus luas na nósanna imeachta breithiúnacha a fheabhsú a thuilleadh trí na sásraí comhair a shimpliú, agus trí dhlús a chur leo, i dtaca le doiciméid a sheirbheáil agus, ar an dóigh sin, cuirfear feabhas ar riar an chirt i gcásanna ag a bhfuil impleachtaí trasteorann.

    Comhréireacht

    Leis an togra, comhlíontar prionsabal na comhréireachta mar nach dtéitear thar a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a ghnóthú. Ní chuirtear isteach ar na córais náisiúnta éagsúla lena seirbheáiltear doiciméid faoi chórais dlí éagsúla. Cé go dtugtar an Rialachán “maidir le doiciméid a sheirbheáil” air, le fírinne is é príomhfhócas a rialacha bealaí aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh doiciméid a tharchur ó Bhallstát amháin go Ballstát eile chun críocha na doiciméid sin a sheirbheáil sa Bhallstát eile sin.

    Léirítear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis gur mó i bhfad tairbhí an togra ná na costais, agus go bhfuil na bearta atá beartaithe comhréireach.

    An rogha ionstraime

    Leagtar síos leis an Rialachán sraith choiteann nósanna imeachta le haghaidh na mBallstát ar fad, rud atá riachtanach chun seirbheáil rathúil doiciméad in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Tá an Rialachán tar éis cabhrú, dá réir sin, le deimhneacht dhlíthiúil an nós imeachta a áirithiú mar go leanann gach Ballstát na céimeanna céanna anois, mar go bhfuil siad faoi réir sprioc-amanna coiteanna agus mar go núsáideann siad foirmeacha aonfhoirmeacha. Ina theannta sin, leis an Rialachán is féidir an fhaisnéis ar fad atá ar fáil sna Ballstáit a thabhairt le chéile agus a lárú sa tairseach don rcheartas. Leis sin, feabhsaíodh comhordú i measc na mBallstát. Ar an iomlán, tá an Rialachán tar éis cabhrú go mór le dlús a chur le himeachtaí trasteorann, rud ónar eascair gnóthachain shuntasacha éifeachtachta agus éifeachtúlachta.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Is féidir torthaí an mheasúnaithe ex post ar Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, a ghabhann leis an measúnú tionchair, a achoimriú mar seo a leanas.

    Le cur chun feidhme an Rialacháin, cabhraíodh le héifeachtacht na seirbheála doiciméad a fheabhsú. Mar sin féin, de réir cuid den fhianaise a bailíodh, tagann roinnt fadhbanna as an Rialachán go fóill, amhail moilleanna nó mearbhall ar na páirtithe atá rannpháirteach. Dá bhrí sin, níl na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla gnóthaithe go hiomlán ag an Rialachán.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Mar a thagraítear faoi phointe 1 den Mheabhrán Míniúcháin, rinneadh measúnuithe mionsonraithe ar chur chun feidhme an Rialacháin le blianta beaga anuas i staidéir, i dtuarascálacha ón gCoimisiún agus i bplé sa Ghréasán Breithiúnach Eorpach 12 .

    Chomh maith leis na cleachtaí sin, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán forleathan leis na páirtithe leasmhara. I gcomhairliúchán poiblí amháin ón 8 Nollaig 2017 go dtí an 2 Márta 2018, pléadh Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 araon. Fuarthas 131 aighneacht ar fad (go háirithe ón bPolainn, agus ina dhiaidh sin ón nGearmáin, ón Ungáir agus ón nGréig). In dhá chruinniú thiomnaithe den Ghréasán Breithiúnach Eorpach, pléadh fadhbanna praiticiúla an Rialacháin maidir le doiciméid a sheirbheáil agus an Rialacháin maidir le fianaise a ghlacadh, agus pléadh na feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur orthu araon. Tionóladh cruinniú tiomnaithe le saineolaithe rialtais na mBallstát an 4 Bealtaine 2018. Ar deireadh, tionóladh ceardlann an 16 Aibreán 2018 le haghaidh rogha páirtithe leasmhara a bhfuil suim ar leith acu i saincheisteanna a bhaineann le nósanna imeachta dlíthiúla trasteorann. Bhí torthaí na meastóireachta dearfach ar an iomlán.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Idir Eanáir agus Bealtaine 2018, tionóladh sé cinn de chruinnithe don ghrúpa saineolaithe ar nuachóiriú an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála 13 . Rinneadh dhá staidéar dlí chuimsitheacha faoi dhlíthe agus faoi chleachtais na mBallstát i leith seirbheáil doiciméad chun na fadhbanna a fhéadfaidh teacht chun cinn i gcur cur chun feidhme an Rialacháin a aithint 14 .

    Measúnú tionchair

    Tá an measúnú tionchair, atá sa doiciméad inmheánach oibre SWD (2018) 287 a ghabhann leis an togra, ina thaca ag an togra seo.

    Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar an dréacht-mheasúnú tionchair ag cruinniú an 3 Bealtaine 2018 agus chuir sé tuairim dhearfach le moltaí in iúl an 7 Bealtaine 2018. Chuir Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais moltaí an Bhoird san áireamh agus sa tuarascáil mínítear níos fearr an gaol idir an dá thionscnamh maidir leis an gcomhar breithiúnach (an tionscnamh seo agus an ceann lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001). Cuireadh béim ar an gcur síos a dhéantar ar na príomhfhadhbanna agus ar an gcás bonnlíne. Treisíodh an míniú a dhéantar ar choimhdeacht na hionstraime agus ar bhreisluach an Aontais. Thairis sin, rinneadh tuilleadh forbartha ar chonclúidí na tuarascála meastóireachta maidir leis an éifeachtacht agus, sa chuid sin ina bhfuil an mheastóireacht ar na roghanna beartais, díríodh ar na príomheilimintí, agus aistríodh an anailís ar na mionfhadhbanna chuig na hiarscríbhinní.

    Sa mheasúnú tionchair, rinneadh meastóireacht ar roinnt roghanna reachtacha agus neamhreachtacha. Cuireadh roinnt roghanna i leataobh go luath sa phróiseas. Faoin bpacáiste beartais tosaíochta atá sa mheasúnú tionchair, chuirfí feabhas ar éifeachtacht an Rialacháin trí chostais agus moilleanna a laghdú go príomha. Leagadh béim go háirithe ar dhá mhodhnú a mheastar a bheidh ina gcuidiú: cumarsáid leictreonach éigeantach idir na gníomhaireachtaí agus seirbheáil leictreonach agus dhíreach a éascú. Leis na feabhsuithe sin, mhéadófaí éifeachtúlacht agus luas na nimeachtaí, agus laghdófaí an tualach ar dhaoine agus ar ghnólachtaí. Sa mheasúnú tionchair, thángthas ar an gconclúid go neascródh buntáistí ó chumarsáid leictreonach a úsáid chun na breithiúna a dhigitiú, trí nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann agus an comhar breithiúnach a shimpliú agus trí dhlús a chur leo.

    Leis an bpacáiste beartais tosaíochta, chuirfí leis an deimhneacht dhlíthiúil trí bhealaí malartacha incháilithe (bealaí ionaid) chun doiciméid a sheirbheáil tríd an bpost i gcás nach mbeifear in ann an doiciméad a thabhairt chuig an seolaí go pearsanta. I gcásanna den sórt sin, thabharfaí soiléire bhreise faoi na cineálacha modhanna seirbheála atá inghlactha agus freisin bheadh comhsheasmhacht chleachtais bhreise ann ar féidir muinín a chur inti i ngach Ballstát.

    Treisítear leis an bpacáiste freisin an rochtain ar an gceartas agus an deimhneacht dhlíthiúil trí bhearta a chur san áireamh darb aidhm feabhas a chur ar na huirlisí atá ar fáil chun seolaí a aimsiú. Leis sin, cabhrófar le seirbheáil éifeachtach ghasta doiciméad a áirithiú.

    Maidir leis an bpacáiste beartais a measúnaíodh de réir an cháis bonnlíne, tugtar isteach leis duillín fillte aonfhoirmeach sonrach (admháil fála) a bheidh éigeantach a úsáid nuair a bheidh doiciméid á seirbheáil tríd an bpost faoin Rialachán. Leis an mbeart sin, meastar go bhfeabhsófar caighdeán na seirbheála tríd an bpost, rud a laghdóidh líon na gcásanna ina mbeidh an tseirbheáil easnamhach de bharr (i) admháil fála neamhiomlán nó (ii) débhríocht faoi cé a fuair na doiciméid i ndáiríre.

    Leis an bpacáiste beartais, tugtar isteach freisin beart nua chun rochtain ar sheirbheáil dhíreach doiciméad a éascú, trí raon feidhme chur chun feidhme Airteagal 15 den Rialachán a leathnú. Dá gceadófaí seirbheáil dhíreach le haghaidh (i) gníomhaireachtaí tarchuir nó (ii) cúirteanna a gcuirtear imeachtaí os a gcomhair sa Bhallstát tionscnaimh agus i gcríoch na mBallstát ar fad, bheadh tarchur doiciméad níos dírí agus níos gasta mar thoradh air sin i gcomparáid leis an gcás bonnlíne.

    Sa chás bonnlíne, ní ghnóthaítear ina iomláine leis an Rialachán an cuspóir i dtaca leis an rochtain ar an gceartas a mhéadú agus, dá réir sin, an cuspóir i dtaca leis an gcosaint do chearta na bpáirtithe. Faoin bpacáiste beartais, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go méadódh intuarthacht an nós imeachta (Airteagal 8 den Rialachán) trí leasú a dhéanamh ar na forálacha sa Rialachán a bhaineann leis an gceanglas an fhaisnéis maidir leis an gceart diúltaithe a sholáthar i gcónaí tríd an bhfoirm chaighdeánach in Iarscríbhinn II, trí leasú a dhéanamh ar shíneadh na teorann ama d’fheidhmiú an chirt diúlaithe agus trí leasú a dhéanamh ar an soiléiriú ar an ról atá ag an gcúirt tionscnaimh sa mheasúnú ar an diúltú. Sa bhreis air sin, an rogha a bhaineann leis an dícheall cuí ba cheart do na cúirteanna a dhéanamh sula neisítear breithiúnas mainneachtana de réir Airteagal 19 den Rialachán, leis an rogha sin cabhraítear le neamhdheimhneacht dhlíthiúil a laghdú chomh maith.

    Thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair go meastar go bhfuil cur chun feidhme an phacáiste beartais níos éifeachtúla ar an iomlán ná an cás bonnlíne, agus go bhfeabhsófaí leis an bpacáiste deimhneacht dhlíthiúil go mór.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Toisc gur athbhreithniú é seo ar phíosa reachtaíochta atá ann cheana a thagann faoi Chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), d’fhéach an Coimisiún ar dheiseanna chun ualaí a shimpliú agus a laghdú. Baineann an dlí de chuid an Aontais atá cumhdaithe ag an togra seo le gach trádálaí, lena náirítear micrifhiontair, agus mar sin de níl aon díolúine á déanamh do mhicrifhiontair faoin togra seo

    Leis an togra seo, bunaítear creat um chomhar breithiúnach atá ailínithe leis an straitéis don mhargadh aonair digiteach. Feabhsófar leis luas agus éifeachtúlacht imeachtaí trasteorann tríd an am a chaitear ar dhoiciméid a sheoladh idir gníomhaireachtaí a laghdú agus tríd an spleáchas ar chumarsáid atá bunaithe ar pháipéar a laghdú freisin. D’áiritheofaí leis sin cumarsáid agus malartú slán leictreonach doiciméad idir úsáideoirí an chórais TF dhíláraithe, agus d’fhorálfaí maidir le taifeadadh uathoibríoch ar gach céim den sreabhadh oibre. Bheadh gnéithe slándála ann chomh maith lena áirithiú nach bhféadfaidh ach rannpháirtithe údaraithe ag a bhfuil céannacht fhíoraithe úsáid a bhaint as an gcóras.

    Leis an togra, laghdófar na bacainní maidir le tús a chur le dlíthíocht trasteorann ar fud an Aontais trí na huirlisí is gá chun teacht ar an bhfaisnéis maidir leis an áit a bhfuil an seolaí faoi láthair a chur san áireamh, sna cásanna sin nach mbeidh an fhaisnéis sin ag an té atá ag tionscnamh sheirbheáil an doiciméid (“ní fios cá bhfuil an seolaí”) nó sna cásanna sin ina mbeidh an fhaisnéis atá ar fáil ag an té sin mícheart.

    Méadófar éifeachtúlacht na seirbheála tríd an bpost trí dhuillín fillte aonfhoirmeach sonrach a thabhairt isteach agus, dá réir sin, feabhsófar caighdeán na seirbheála tríd an bpost agus laghdófar costais agus moilleanna míchuí. Fiú dá mba rud é nach mbeadh rath ar an tseirbheáil tríd an bpost amach anseo ach sa leathchuid de na cásanna ina bhfuil fadhbanna leis an measúnú dlíthiúil ar na hadmhálacha fála fillte i láthair na huaire, d’fhéadfaí EUR 2.2 milliún a choigilt gach bliain, ar suim é a chuirtear amú faoi láthair ar sheirbheáil tríd an bpost nach mbíonn aon toradh uirthi.

    Trí leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le cearta nós imeachta na bpáirtithe (Airteagal 8 agus Airteagal 19 den Rialachán), tugtar aghaidh sa togra ar an easpa cosanta atá ag an gcosantóir ar éifeachtaí breithiúnas mainneachtana. Is féidir a bheith ag súil leis go laghdófar leis na leasuithe seo líon na gcásanna ina dtugtar breithiúnais mhainneachtana i gcoinne cosantóirí a bhfuil cónaí orthu i mBallstát agus nár chuala faoi na himeachtaí a tionscnaíodh ina gcoinne thar lear. De réir na meastachán sa mheasúnú tionchair, dá laghdófaí méid na mbreithiúnas mainneachtana faoi 10 % san Aontas, choigleofaí suas le EUR 480 000 000 in aghaidh na bliana mar go mbeadh ar shaoránaigh níos lú airgid a chaitheamh ar fhaoiseamh breithiúnach dá bharr sin.

    Cearta bunúsacha

    I gcomhréir le Clár Oibre 2020 an Aontais don Cheartas 15 , tá sé áirithithe ag an gCoimisiún go dtugtar aghaidh sa togra ar an ngá le cearta nós imeachta sibhialta a athneartú ionas go gcuirfear leis an iontaoibh fhrithpháirteach idir córais cheartais na mBallstát.

    Ar an gcéad dul síos, cuirtear chun cinn sa togra seirbheáil leictreonach doiciméad atá bailí faoin Rialachán, agus, ar an dóigh sin, cuirtear leis an gceart bunúsach chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil (Airteagal 47 den Chairt um an gceart chun leigheas breithiúnach agus triail chóir a fháil). Ar an dóigh sin, déantar éagsúlacht riachtanas agus modhanna seirbheála éifeachtúla a aithint mar go mbeadh na páirtithe in ann toiliú a thabhairt i leith comhfhreagras a fháil go leictreonach in imeachtaí trasteorann. Leis an modh seirbheála breise seo agus leis an bprionsabal “digiteach mar réamhshocrú” atá beartaithe, meastar go gcuirfear borradh faoin rochtain ar an gceartas agus go gcabhrófar le dlús a chur le himeachtaí. Ina theannta sin, laghdófar leis sin na costais seirbheála agus an fhéidearthacht nach seirbheálfar doiciméid ar chor ar bith i gcás ina mbainfear úsáid as modhanna seirbheála neamhéifeachtúla.

    Leis an soiléiriú maidir le sainmhínithe agus coincheapa a thugtar sa togra, laghdófaí an neamhdheimhneacht dhlíthiúil agus chuirfí dlús le nósanna imeachta faoin Rialachán chomh maith. Leis an togra, thabharfaí breis soiléire agus intuarthachta don nós imeachta maidir le ceart diúltaithe na seolaithe, thabharfaí cosaint níos fearr dá gcearta nós imeachta ach, chomh maith leis sin, cuirfidh sé cosc ar mhí-úsáid an chirt diúltaithe, agus, ar an dóigh sin, thabharfaí cosaint do chearta an ghearánaí freisin.

    Ar an dara dul síos, bheadh éifeachtaí dearfacha ag an togra ar neamh-idirdhealú (Airteagal 18, CFAE). Leis an togra, chabhrófaí le rochtain chomhionann ar an gceart mar go mbeidh ar na Ballstáit rochtain éifeachtach ar uirlisí atá ar fáil ina gcríoch a sholáthar d’eachtrannaigh d’fhonn seoladh a fhiosrú. Leis sin, ráthófaí go bhfaighidh an seolaí an doiciméad go cinnte. Ina theannta sin, d’áireofaí sa phacáiste beartais prionsabail dlí chaighdeánaithe maidir leis an bhféidearthacht modhanna samhailteacha agus malartacha de dhlíthe náisiúnta a úsáid in ionad an Rialacháin, i gcás ina mbeidh sainchónaí ar an seolaí i mBallstát eile. Is é is aidhm do na prionsabail sin deireadh a chur leis an débhríocht agus ilroinnt atá ann cheana i dtaca le cearta páirtithe sna Ballstáit faoin gcás bonnlíne. Ar deireadh, leagfaí síos leis an bpacáiste beartais tráthchlár aonfhoirmeach chun breithiúnas mainneachtana a chur i leataobh. Leis na forálacha sin, chabhrófaí le cosaint chomhionann do na cearta nós imeachta, beag beann ar an mBallstát.

    Ar an tríú dul síos, meastar go mbeidh éifeacht ar chosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8 den Chairt) ag an athrú atá beartaithe maidir le cumarsáid leictreonach a úsáid. Is iad na Ballstáit féin a chinnfeadh agus a rialódh cur chun feidhme teicniúil agus feidhmiú an bhonneagair leictreonaigh, fiú i gcás ina mbeidh an bonneagar forbartha agus maoinithe go páirteach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an bonneagar a bhunú ar struchtúr díláraithe. Bheadh feidhm, dá bhrí sin, ag ceanglas cosanta sonraí maidir leis na nósanna imeachtaí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta amháin.

    Seo a leanas fachtóirí seachtracha tábhachtacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs an phacáiste beartais atá beartaithe:

    an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) 16 , atá i bhfeidhm ó Bhealtaine 2018 i leith, lenar cheart feasacht a mhéadú agus gníomhaíocht a spreagadh chun slándáil agus iomláine na mbunachar sonraí a áirithiú, chomh maith le freagairt mhear a spreagadh i dtaca le sárú príobháideachta sna breithiúna; agus

    síorbhagairtí ar an gcibearshlándáil san earnáil phoiblí. Meastar go méadófar ar líon na nionsaithe a dhéanfar ar an mbonneagar TF poiblí agus go mbeidh tionchar acu sin ar na breithiúna sna Ballstáit; is féidir go rachaidh an tionchar sin in olcas de bharr idirnascthacht mhéadaitheach na gcóras TF (ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais).

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    I gcomhréir le mír 22 agus le mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 17 , nuair a dheimhnigh na trí institiúid gur cheart go mbeadh an reachtaíocht agus an beartas atá ann faoi láthair mar bhonn do mheasúnuithe tionchair ar roghanna maidir le tuilleadh gníomhaíochta, déanfar meastóireacht ar an Rialachán agus cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa cúig bliana tar éis an dáta cur i bhfeidhm ar a dhéanaí. Sa mheastóireacht sin measfar éifeachtaí an Rialacháin ar an talamh ar bhonn táscairí agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an Rialachán ábhartha éifeachtach éifeachtúil, ar an gceist an leor breisluach an Aontais a chuireann sé ar fáil agus ar an gceist an bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile de chuid an Aontais. Áireofar sa mheastóireacht ceachtanna a foghlaimíodh chun easnaimh nó fadhbanna a aithint, nó an poitéinseal atá ann tuilleadh feabhais a chur ar thionchar an Rialacháin a aithint. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon tionchar diúltach ag an togra ar bhuiséad an Aontais. Ní chuirfidh an togra costais mhóra ar údaráis riaracháin náisiúnta, ach ina leaba sin beidh coigilteas ann dá bharr. Meastar go mbainfidh údaráis phoiblí náisiúnta tairbhe as costais laghdaithe i dtaca le seirbhísí poist, as an am a shábhálfar de bharr imeachtaí dlíthiúla níos éifeachtaí, agus as ualaí riaracháin laghdaithe agus costais saothair laghdaithe.

    Beidh sé éigeantach do ghníomhaireachtaí tarchuir agus fála cumarsáid leictreonach a chur chun feidhme agus is uaidh sin a eascróidh na príomhchostais ar na Ballstáit. Mar sin féin, léirítear sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo gur lú i bhfad ná costais sin ná na tairbhí díreacha a mheastar a bhainfear as an athrú ó chumarsáid atá bunaithe ar pháipéar go cumarsáid leictreonach.

    Is iad an clár um Cheartas agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) na príomhdheiseanna cistithe ón Aontas faoi na cláir airgeadais reatha. Faoin gclár um Cheartas (buiséad 2018: EUR 45.95 milliún), tacaítear le hinniúlachtaí forfheidhmithe agus réitigh sna Ballstáit i réimse an cheartais shibhialta agus is ar na heilimintí sin atá fócas ag na tosaíochtaí cistithe don am atá le teacht, eilimintí atá ábhartha freisin don tionscnamh reatha. Tá buiséad i bhfad níos mó ag SCE (EUR 130.33 milliún in 2018), lena dtugtar tacaíocht airgeadais do thionscadail TF a éascaíonn idirghníomhaíocht trasteorann idir údaráis riaracháin phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh. Tá sé in úsáid go forleathan cheana chun an digitiú agus chun an rcheartas i réimse an cheartais shibhialta a chistiú, lena náirítear an tairseach Eorpach don rcheartas agus comhtháthú na ndoiciméad poiblí sna córais rrialtais náisiúnta agus i gCóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS). Sa phacáiste faoi thosaíocht an chlaochlaithe dhigití sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), a cuireadh i láthair an 2 Bealtaine 2018, áirítear EUR 3 bhilliún do shnáithe digiteach SCE chun an bonneagar nascachta digití a mhaoiniú.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Cuirfear ar bun córas fónta chun faireachán a déanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin, lena náirítear sraith chuimsitheach táscairí cáilíochta agus cainníochta, maille le próiseas tuarascála agus próiseas faireacháin atá soiléir struchtúrtha. Is tábhachtach an ní é seo chun a áirithiú go gcuirfear na leasuithe chun feidhme go héifeachtúil sna Ballstáit, agus chun a fhíorú go ngnóthóidh an Rialachán a chuid cuspóirí go rathúil.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Airteagal 1

    Leis an Airteagal seo, leasaítear struchtúr na foclaíochta reatha go páirteach agus tugtar isteach idirdhealú i dtaca le ceapadh raon feidhme an chur i bhfeidhm idir na doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha. Fanann teanga reatha na forála maidir le doiciméid sheachbhreithiúnacha mar atá. Mar sin féin, maidir le doiciméid bhreithiúnacha, tugtar soiléiriú sa togra go mbeidh feidhm ag an Rialachán maidir le gach cás ina mbeidh sainchónaí ar an seolaí i mBallstát eile. Ar an dóigh sin, féachtar leis an Rialachán deireadh a chur leis an droch-chleachtas reatha ina seirbheáiltear cosantóirí i mBallstáit eile i gcríoch an Bhallstáit tionscnaimh trí bhíthin modhanna samhailteacha nó malartacha seirbheála doiciméad, mar a cheadaítear faoi dhlí nós imeachta an Bhallstáit tionscnaimh, beag beann ar an bhfaisnéis faoi sheoladh eachtrach an chosantóra atá ar fáil don údarás cúirte nó breithiúnach ar cuireadh na himeachtaí os a gcomhair. Faoi fhoclaíocht nua an raoin feidhme, ní bheadh cúirteanna in ann cásanna den chineál sin a chruthú as raon feidhme an Rialacháin trí sheirbheáil na ndoiciméad a cháiliú mar sheirbheáil “intíre”.

    An caighdeán is airde sin, faoina bhfuil gach cás de sheirbheáil doiciméad cumhdaithe go héigeantach ag raon feidhme an Rialacháin i gcás ina mbeidh sainchónaí ar an eolaí i mBallstát eile, ní bheidh feidhm ag an gcaighdeán sin ach amháin maidir le seirbheáil na ndoiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí. An “tseirbheáil próisis”, is é sin seachadadh an doiciméid chuig an seolaí ina gcuirtear in iúl dó go bhfuil imeachtaí eachtracha tionscanta, tá an tseirbheáil sin fós ábhartha do chosaint chearta an chosantóra, agus dá bhrí sin ba cheart í a neartú le coimircí iomchuí. Maidir le doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheálfar ina dhiaidh sin le linn imeacht breithiúnach, níl an chosaint bhreise chomh hábhartha céanna. Is é an chúis atá leis sin gur féidir an tAirteagal 7(a) nua atá beartaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na doiciméid sin. Sa bhreis air sin, féadfaidh sé go mbeidh forálacha fós sna dlíthe náisiúnta lena gceanglaítear ar an seolaí ionadaí a cheapadh chun doiciméid a sheirbheáil thar a cheann i gcríoch an Bhallstáit tionscnaimh.

    De bharr mhír 2, tá sé soiléir go bhfuil feidhm freisin ag Airteagal 3(c) den Rialachán maidir le cásanna nach bhfuil seoladh an tseolaí ar eolas.

    I mír 3 den Airteagal, déantar athrá ar fhoclaíocht aithris Airteagal 8 den Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, agus, ar an dóigh sin, cruthaítear deimhneacht dhlíthiúil maidir le cineál reachtach na forála seo.

    Airteagal 3a

    Leagtar síos leis an Airteagal seo gur cumarsáid agus malartú leictreonach doiciméad a dhéanfar idir údaráis tarchuir agus fála, trí bhíthin córas TF díláraithe ina bhfuil córais TF náisiúnta arna nidirnascadh ag bonneagar cumarsáide slán iontaofa.

    Áirithítear le mír 6 go núsáidfear modhanna cumarsáide malartacha (traidisiúnta) i gcásanna ina gcuirfear isteach go neamhghnách agus gan choinne ar an gcóras TF.

    Mar gheall ar an mbealach cumarsáide nua agus an bealach malartaithe doiciméad nua tríd an gcóras TF, leasaítear Airteagal 4 agus Airteagal 6 chomh maith.

    Airteagal 3c

    Leagtar síos san Airteagal seo nach mór do na Ballstáit cúnamh a thabhairt chun an áit a bhfuil faighteoir i mBallstát eile a aimsiú. Tugtar trí rogha mhalartacha sa togra, agus ní mór do gach Ballstát rogha amháin acu sin ar a laghad a sholáthar ina chríoch le haghaidh daoine atá ag feidhmiú a gceart ó Bhallstáit eile. Ní mór do gach Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas faoi cé acu den trí rogha a sholáthróidh sé faoin Rialachán. Seo a leanas na trí rogha: cúnamh breithiúnach trí údaráis arna nainmniú ag na Ballstáit; rochtain a sholáthar, tríd an Tairseach don rcheartas, ar chláir shainchónaithe phoiblí; nó rochtain a sholáthar, tríd an Tairseach don rcheartas, ar na huirlisí atá ar fáil chun daoine a aimsiú i gcríoch an Bhallstáit.

    Airteagal 7a

    Aithnítear san Airteagal nua seo dlíthe agus cleachtas atá ann cheana i roinnt Ballstát maidir leis na páirtithe eachtracha in imeachtaí a bhféadfaidh sé go mbeidh orthu ionadaí a cheapadh chun doiciméid a sheirbheáil sna himeachtaí a bhaineann leo i mBallstát na nimeachtaí. Ní bheadh an rogha seo ar fáil ach amháin nuair a bheidh an doiciméad a thionscnaíonn na himeachtaí seirbheáilte go cuí don pháirtí sin. Chun rogha mhalartach ábhartha a sholáthar do dhlíthithe eachtracha a mbeadh dúshláin dhosháraithe rompu de bharr oibleagáid den chineál sin (is é sin ionadaí i mBallstát eile a lorg agus a íoc), soláthraítear leis an Rialachán rogha mhalartach trí úsáid a bhaint as Airteagal 15a (b) maidir le doiciméid a sheirbheáil go leictreonach.

    Airteagal 8

    Feabhsaítear leis an togra an nós imeachta maidir le ceart an tseolaí diúltú glacadh leis an doiciméad mura mbeidh sé tarraingthe suas nó aistrithe go teanga iomchuí. Tá na leasuithe i gcomhréir leis an gcásdlí ábhartha ón gCúirt Bhreithiúnais 18 .

    Airteagal 14

    Ceanglaítear leis an togra ar sholáthraithe seirbhíse poist duillín fillte sonrach (admháil fála) a úsáid nuair a bheidh doiciméid á seirbheáil acu tríd an bpost faoin Rialachán.

    Le mír 3 den Rialachán, tugtar isteach íoschaighdeán maidir le daoine a mheasfar a bheith ina “bhfaighteoirí ionaid” incháilithe i gcás nach mbeidh an soláthraí seirbhíse poist in ann an doiciméad a thabhairt don seolaí go pearsanta. Tá an réiteach sin bunaithe ar Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 19 agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 20 agus an breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-354/15, Henderson 21 .

    Airteagal 15

    Leis an bhforáil seo, leathnaítear raon feidhme an Airteagail reatha maidir leis an dá ghné seo a leanas: Ar an gcéad dul síos, ní cheanglaítear ar an iarratasóir suim a bheith aige a thuilleadh sna himeachtaí, rud lena gcuirtear ar a gcumas do ghníomhaireachtaí tarchuir agus do chúirteanna a gcuirtear imeachtaí os a gcomhair an bealach seirbheála seo a úsáid. Ar an dara dul síos, bheadh feidhm ag an tseirbheáil dhíreach amach anseo i gcríoch na mBallstát ar fad.

    Airteagal 15a

    Leis an togra seo, tugtar isteach seirbheáil leictreonach doiciméad mar mhodh seirbheála malartach breise faoin Rialachán. Go deimhin, faoin bhforáil seo, is ionann an cineál sin seirbheála doiciméad agus seirbheáil tríd an bpost. . Leis an bhforáil, dlisteanaítear doiciméad a sheoladh go leictreonach ó chuntas úsáideora an tseoltóra go díreach go cuntas úsáideora an fhaighteora mar mhodh bailí seirbheála doiciméad faoin Rialachán, ar choinníoll go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha malartacha a áirítear i mír (a) agus mír (b).

    Airteagal 19

    Moladh na leasuithe san Airteagal seo chun an ilroinnt atá ann faoi láthair sna córais náisiúnta a laghdú. Tá dhá mhórathrú sa togra. Ar an gcéad dul síos, ceanglófar ar an gcúirt a bhfuil na himeachtaí curtha os a comhair teachtaireacht foláirimh faoi thionscnamh na nimeachtaí nó faoin mbreithiúnas mainneachtana a sheoladh chuig cuntas úsáideora an chosantóra atá ar fáil in absentia. Ar an dara dul síos, tá an tréimhse ama ina mbeidh an tathbhreithniú urghnách i mír 4 ar fáil socraithe ag dhá bhliain ó eisiúint an bhreithiúnais mhainneachtana.

    Airteagal 23a

    Leagtar amach leis an bhforáil seo go mbunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo.

    Airteagal 24

    Leagtar amach leis an bhforáil seo go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i gcomhréir leis na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le rialáil níos fearr agus de bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 agus go dtíolacfaidh sé Tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

    2018/0204 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 22 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 23 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is ceart ní mór feabhas breise a chur ar tharchur agus seirbheáil doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála idir na Ballstáit agus an tarchur agus an tseirbheáil sin a bhrostú.

    (2)I Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 leagtar síos rialacha maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála.

    (3)Tá cuid d’easnaimh an Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 anois soiléir i bhfianaise an lánpháirtithe bhreithiúnaigh atá ag méadú idir na Ballstáit, a bhfuil cealú exequatur (nós imeachta idirmheánach) éirithe ina riail ghinearálta dá bharr.

    (4)Chun a áirithiú gur luath a tharchuirfear doiciméid chuig Ballstáit eile chun críocha seirbheála iontu, ba cheart gach modh cumarsáide nua-aimseartha a úsáid, ar acht go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe maidir le sláine agus iontaofacht an doiciméid a gheofar. Chun na críche sin, ba cheart an chumarsáid uile agus na malartuithe uile idir gníomhaireachtaí agus comhlachtaí arna nainmniú ag na Ballstáit a dhéanamh trí chóras TF díláraithe atá comhdhéanta de chórais TF náisiúnta.

    (5)Ba cheart don ghníomhaireacht fála a chur in iúl don seolaí i scríbhinn agus san fhoirm chaighdeánach, i ngach cás agus gan aon chorrlach lánroghnach ina leith, go bhféadfaidh sé an doiciméad atá le seirbheáil a dhiúltú mura bhfuil sé i dteanga a thuigeann sé nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála. Ba cheart feidhm a bheith ag an riail seo chomh maith maidir le haon seirbheáil a dhéanfar tar a éis sin nuair a bheidh an ceart atá aige diúltú feidhmithe ag an seolaí. Ba cheart feidhm a bheith ag ceart an diúltaithe maidir le seirbheáil a dhéanann gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, seirbheáil trí sheirbhísí poist agus seirbheáil dhíreach. Ba cheart an deis a bheith ann seirbheáil an doiciméid a diúltaíodh a leigheas trí aistriúchán ar an doiciméad sin a sheirbheáil ar an seolaí.

    (6)Má dhiúltaíonn an seolaí an doiciméad a ghlacadh, ba cheart don chúirt nó don údarás a bhfuil na himeachtaí dlí os a chomhair ar éirigh an tseirbheáil riachtanach lena linn, ba cheart di nó dó a chinntiú an raibh údar cuí leis an diúltú sin. Chuige sin, ba cheart don chúirt sin nó don údarás sin an fhaisnéis ábhartha uile atá sa chomhad nó atá ar fáil aici nó aige a chur san áireamh chun a dhéanamh amach go cruinn cé na scileanna teanga atá ag an seolaí. Agus í ag meas scileanna teanga an tseolaí, ba cheart don chúirt eilimintí faisnéise a chur san áireamh amhail doiciméid a scríobh an seolaí sa teanga lena mbaineann, an mbaineann ceird an tseolaí leis na scileanna teanga sin (e.g. múinteoir nó ateangaire), an saoránach é an seolaí den Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun nó an raibh cónaí ar an seolaí ar feadh tamall fada sa Bhallstát sin roimhe sin. Níor cheart an measúnú sin a dhéanamh má tarraingíodh suas an doiciméad sin i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla ionad na seirbheála nó má aistríodh é go dtí an teanga sin.

    (7)Chun go mbeidh imeachtaí breithiúnacha éifeachtúil tapa, ní mór cainéil dhíreacha éascaithe a bheith ann le haghaidh doiciméid a sheirbheáil ar dhaoine i mBallstát eile. Dá bharr sin, ba cheart an deis a bheith ann do dhuine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach nó do chúirt nó údarás a bhfuil imeacht breithiúnach os a c(h)omhair ar sheirbheáil doiciméad a dhéanamh díreach le modhanna leictreonacha chuig cuntas úsáideora digiteach seolaí a bhfuil cónaí air i mBallstát eile. Ba cheart coinníollacha a bheith leagtha amach maidir leis an tseirbheáil dhíreach leictreonach sin lena náireofaí nach núsáidfí cuntais úsáideora leictreonacha ach i gcás ina mbeadh coimircí iomchuí ann chun leasanna na seolaithe a chosaint, bíodh sin le hardchaighdeáin theicniúla nó i bhfoirm toilithe shainráite ón seolaí.

    (8)Ba cheart feabhas a chur ar na cainéil dhíreacha atá ann cheana le haghaidh doiciméid a tharchur agus a sheirbheáil chun go gcuirfear ar fáil leo roghanna malartacha ar tharchur traidisiúnta trí na gníomhaireachtaí fála. Chun na críche sin, ba cheart do sholáthraithe seirbheála poist admháil fála shonrach a úsáid nuair a dhéanann siad seirbheáil tríd an bpost faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007. Mar an gcéanna, ba cheart an deis a bheith ann d’aon duine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach agus do chúirteanna nó údaráis a bhfuil imeacht breithiúnach os a gcomhair seirbheáil doiciméad a dhéanamh i gcríoch na mBallstát uile díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha nó trí oifigigh nó daoine inniúla eile sa Bhallstát lena mbaineann.

    (9)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloíonn sé leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá an Rialachán seo dírithe ar a áirithiú go nurramófar go huile cearta cosanta na seolaithe, a eascraíonn ón gceart triail chóir a fháil atá cumhdaithe in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (10)Chun gur féidir na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a oiriúnú go tapa, ba cheart an chumhacht gníomh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016*. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    ----------------------------

    *An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (11)I gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí chomhaontuithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.

    (12)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, ós cruthú creata dlí lena náireofar go ndéanfar doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a tharchur agus a sheirbheáil go tapa éifeachtúil ar fud na mBallstát atá i gceist, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i ngeall ar scála na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a shroicheadh.

    (13)I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá fógra tugtha ag [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éirinn] gur mian léi/leo bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo] [níl [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éire] rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sé/siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].

    (14)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (15)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a leasú dá réir sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 mar a leanas:

    (1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    “Airteagal 1
    Raon feidhme agus sainmhínithe

    1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála maidir le seirbheáil:

    (a)doiciméad breithiúnach ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát cé is moite den Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun;

    (b)doiciméad seachbhreithiúnach nach mór a tharchur ó Bhallstát go Ballstát.

    Ní bhainfidh sé, go háirithe, le hábhair ioncaim, chustaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an stáit (acta iure imperii).

    2.Cé is moite d’Airteagal 3c, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás nach eol seoladh an duine a bhfuil an doiciméad le seirbheáil air.

    3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméad a sheirbheáil ar ionadaí údaraithe an pháirtí sa Bhallstát ina mbeidh na himeachtaí ar bun gan beann ar an áit a bhfuil cónaí ar an bpáirtí sin.

    4.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)ciallaíonn “Ballstát” ceann de na Ballstáit cé is moite den Danmhairg.

    (b)ciallaíonn “Ballstát an fhóraim” an Ballstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun.”;

    (2)in Airteagal 2(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)na modhanna atá ar fáil dóibh chun doiciméid a fháil sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 3a(6); “;

    (3)cuirtear Airteagal 3a, Airteagal 3b agus Airteagal 3c isteach mar seo a leanas:

    “Airteagal 3a
    Modhanna cumarsáide atá le húsáid ag gníomhaireachtaí tarchuir agus fála agus ag comhlachtaí lárnacha

    1.Doiciméid, iarrataí, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus aon chumarsáid a dhéanfar ar bhonn na bhfoirmeacha caighdeánacha in Iarscríbhinn I idir na gníomhaireachtaí tarchuir agus na gníomhaireachtaí fála, idir na gníomhaireachtaí sin agus na comhlachtaí lárnacha, nó idir comhlachtaí lárnacha na mBallstát éagsúil, tarchuirfear iad trí chóras TF díláraithe a bheidh comhdhéanta de chórais TF náisiúnta a bheidh idirnasctha trí bhonneagar cumarsáide lenar féidir faisnéis a mhalartú thar theorainneacha go slán iontaofa idir córais TF náisiúnta.

    2.Beidh feidhm ag an gcreat dlí ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014* ón gComhairle maidir leis na doiciméid, na hiarrataí, na dearbhuithe, na hadmhálacha, na deimhnithe agus le haon chumarsáid a thurchuirfear tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear i mír 1.

    3.I gcás inar gá séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh doiciméad, iarrataí, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus cumarsáid eile dá dtagraítear i mír 1 nó i gcás ina mbeidh séala nó síniú lámhscríofa ina chuid díobh, féadfar ‘ríomhshéalaí cáilithe’ agus ‘ríomhshínithe cáilithe’ mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a úsáid ina ionad.

    4.Mura féidir tarchur a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 de dheasca cur isteach eisceachtúil gan choinne ar an gcóras TF díláraithe, déanfar an tarchur leis na modhanna malartacha is tapa agus is féidir a úsáid.

    ----------------------------------------

    *    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

    Airteagal 3b
    Na costais a bhaineann le córas TF díláraithe a bhunú

    1.Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann leis na pointí rochtana i dtaca le bonneagar cumarsáide a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil lena ndéantar na córais TF náisiúnta a idirnascadh i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a.

    2.Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena chórais TF náisiúnta a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis an mbonneagar cumarsáide, mar aon leis na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.

    3.Beidh mír 1 agus mír 2 gan dochar don fhéidearthacht a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú le gníomhaíochtaí dá dtagraítear sna míreanna sin faoi chláir airgeadais an Aontais.

    Airteagal 3c
    Cúnamh maidir le fiosrúcháin ó thaobh seoltaí de

    1.I gcás nach eol seoladh an duine a bhfuil an doiciméad breithiúnach nó seachbhreithiúnach le seirbheáil air i mBallstát eile, tabharfaidh na Ballstáit cúnamh ar cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

    (a)cúnamh breithiúnach chun seoladh an duine a bheidh le seirbheáil ag údaráis ainmnithe ar iarraidh a fháil ó chúirt an Bhallstáit a bhfuil imeacht os a comhair;

    (b)an fhéidearthacht a bheith ag daoine ó Bhallstáit eile iarrataí ar fhaisnéis faoi sheoltaí a chur isteach go díreach chuig cláir shainchónaí nó chuig bunachair sonraí eile atá inrochtana don phobal lena náirítear go leictreonach, trí bhíthin foirm chaighdeánach ar an tairseach Eorpach don ríomhcheartas;

    (c)treoir phraiticiúil mhionsonraithe faoi na sásraí atá ar fáil chun seoltaí daoine a chinneadh faoi chuimsiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála agus d’fhonn an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal.

    2.Soláthróidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

    (a)an modh cúnaimh a sholáthróidh an Ballstát ina chríoch de bhun mhír 1;

    (b)i gcás inarb infheidhme, ainmneacha agus seoltaí na núdarás dá dtagraítear i mír (1) (a) agus (b).

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin.”;

    (4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    “Airteagal 4
    Doiciméid a tharchur

    1.Déanfar doiciméid bhreithiúnacha a tharchur go díreach agus a luaithe is féidir idir na gníomhaireachtaí arna nainmniú de bhun Airteagal 2.

    2.Beidh iarraidh a dhréachtófar ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I ag gabháil leis an doiciméad a bheidh le tarchur. Déanfar an fhoirm a chomhlánú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát sin in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Cuirfidh gach Ballstát an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais seachas a theanga féin lena bhfuil glacadh aige chun an fhoirm a chomhlánú.

    3.Na doiciméid a tharchuirtear tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a, ní dhéanfar éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla a shéanadh orthu ar aon fhoras amháin go bhfuil siad i bhfoirm leictreonach. Má dhéantar doiciméid pháipéir a athrú ina bhfoirm leictreonach chun críche tarchur tríd an gcóras TF díláraithe, beidh an éifeacht chéanna ag na cóipeanna leictreonacha nó ag asphiontaí na gcóipeanna sin leis na doiciméid bhunaidh.”;

    (5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    “Airteagal 6
    Doiciméid a bheith á bhfáil ag gníomhaireacht fála

    1.Ar dhoiciméad a fháil, cuirfear admháil uathoibríoch chuig an ngníomhaireacht tarchuir tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a á rá go ndearnadh an seachadadh.

    2.I gcás nach bhféadfar an iarraidh ar sheirbheáil a chomhlíonadh ar bhonn na faisnéise nó na ndoiciméad a tarchuireadh, rachaidh an ghníomhaireacht fála i dteagmháil leis an ngníomhaireacht tarchuir chun an fhaisnéis nó na doiciméid atá in easnamh a fháil.

    3.Más follas go bhfuil an iarraidh ar sheirbheáil lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó mura féidir an tseirbheáil a dhéanamh de bharr neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha foirmiúla riachtanacha, déanfar an iarraidh agus na doiciméid a tarchuireadh a chur ar ais, nuair a gheofar iad, chuig an ngníomhaireacht tarchuir, maille leis an bhfógra aischuir, ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    4.Gníomhaireacht fála a gheobhaidh doiciméad le seirbheáil ach nach mbeidh dlínse chríche aici chun é a sheirbheáil, cuirfidh sí ar aghaidh é, maille leis an iarraidh, tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a chuig an ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát céanna má bhíonn an iarraidh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2) agus cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas dá réir, ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ar an doiciméad agus ar an iarraidh a fháil ón ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát céanna, cuirtear admháil uathoibríoch chuig an ngníomhaireacht tarchuir tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a á rá go bhfuarthas iad.” ;

    (6)Cuirtear isteach Airteagal 7a mar seo a leanas:

    “Airteagal 7a
    Oibleagáid ionadaí a cheapadh chun críche seirbheála i mBallstát an fhóraim

    1.I gcás ina seirbheálfar doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí ar an gcosantóir, féadfar le dlí Bhallstát an fhóraim oibleagáid a fhorchur ar na páirtithe a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ionadaí a cheapadh chun críche doiciméid a sheirbheáil orthu i mBallstát an fhóraim.

    2.I gcás nach gcomhlíonfaidh páirtí an oibleagáid a bhaineann le hionadaí a cheapadh i gcomhréir le mír 1 agus nach dtabharfaidh an duine sin toiliú cuntas úsáideora leictreonach a úsáid le seirbheáil i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 15a, féadfar úsáid a bhaint as aon mhodh seirbheála a cheadaítear faoi dhlí Bhallstáit an fhóraim chun doiciméid a sheirbheáil le linn na nimeachtaí, ar choinníoll go gcuirfear an páirtí lena mbaineann ar an eolas go cuí faoin iarmhairt sin.”;

    (7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    “Airteagal 8
    Diúltú glacadh le doiciméad

    1.Cuirfidh an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas, ag baint úsáid as an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn II go bhféadfadh sé nó sí diúltú an doiciméad atá le seirbheáil a ghlacadh mura mbeidh sé scríofa, nó mura mbeidh aistriúchán ag gabháil leis, i gceachtar de na teangacha seo a leanas:

    (a)teanga a thuigeann an seolaí;

           

    (b)teanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil.

    2.Féadfaidh an seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad tráth na seirbheála nó faoi cheann coicís tríd an bhfoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur ar ais chuig an ngníomhaireacht fála.

    3.I gcás ina gcuirfear an ghníomhaireacht fála ar an eolas go ndiúltaíonn an seolaí glacadh leis an doiciméad i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas láithreach trí bhíthin an deimhnithe dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus cuirfidh sí an iarraidh ar ais.

    4.Má dhiúltaigh an seolaí glacadh leis an doiciméad i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, fíoróidh an chúirt nó an túdarás a bhfuil na himeachtaí dlí a ndearnadh seirbheáil lena linn os a comhair nó os a chomhair an raibh bunús maith leis an diúltú.

    5.Is féidir seirbheáil an doiciméid a leigheas tríd an doiciméad lena ngabhfaidh aistriúchán i dteanga dá bhforáiltear i mír 1 a sheirbheáil ar an seolaí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Sa chás sin, is é dáta seirbheála an doiciméid an dáta a seirbheáiltear an doiciméad a bhfuil an taistriúchán ag gabháil leis i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a ndírítear air. Mar sin féin, i gcás inar gá doiciméad a sheirbheáil faoi cheann tréimhse áirithe de réir dlí Ballstáit, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir dáta seirbheála an doiciméid tosaigh arna chinneadh de bhun Airteagal 9(2).

    6.Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 maidir leis na modhanna tarchuir agus seirbheála eile a bhaineann le doiciméid bhreithiúnacha dá bhforáiltear i Roinn 2.

    7.Chun críocha mhír 1, déanfaidh na gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, i gcás ina ndéantar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagal 13, nó déanfaidh an túdarás nó an duine, i gcás ina ndéantar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagal 14 nó le hAirteagal 15a, an seolaí a chur ar an eolas go bhféadfaidh sé nó sí diúltú glacadh leis an doiciméad agus gur gá aon doiciméad a dhiúltaítear a sheoladh chuig na gníomhairí sin nó chuig an údarás sin nó chuig an duine sin faoi seach.”;

    (8)in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.Nuair a chuirfear na foirmiúlachtaí maidir leis an doiciméad a sheirbheáil i gcrích, dréachtófar deimhniú á rá gur cuireadh na foirmiúlachtaí sin i gcrích san fhoirm chaighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus díreofar ar an ngníomhaireacht tarchuir é.”;

    (9)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14 agus Airteagal 15:

    “Airteagal 14
    Seirbheáil trí sheirbhísí poist

    1.Féadfaidh seirbhísí poist doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile trí litir chláraithe a ngabhann admháil fála léi.

    2.Chun críche an Airteagail seo, déanfar seirbheáil leis an bpost trí úsáid a bhaint as an admháil fála shonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

    3.Beag beann ar dhlí an Bhallstáit tionscnaimh, measfar go ndearnadh seirbheáil tríd an bpost ar bhealach bailí má seachadadh an doiciméad ar dhaoine fásta i seoladh baile an tseolaí ar daoine fásta iad atá ina gcónaí sa teaghlach céanna leis an seolaí nó fostaithe ansin ag an seolaí agus atá ábalta agus toilteanach glacadh leis an doiciméad.

    Airteagal 15
    Seirbheáil dhíreach

    1.Féadfar doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile go díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí oifigigh nó trí dhaoine inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndírítear air.

    2.Soláthróidh gach Ballstát an fhaisnéis don Choimisiún faoin gcineál gairmeacha nó daoine inniúla a gceadaítear dóibh seirbheáil a dhéanamh faoin Airteagal seo ina gcríoch.”;

    (10)Cuirtear isteach Airteagal 15 a mar seo a leanas:

    “Airteagal 15a
    Seirbheáil leictreonach

    Féadfar doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach ar dhaoine a bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát eile ar mhodhanna leictreonacha chuig cuntais úsáideoirí a bhfuil rochtain ag an seolaí orthu, ar choinníoll go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)seoltar agus faightear na doiciméid ag baint úsáid as seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha cáilithe de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (b)tar éis imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh, thug an seolaí toiliú sainráite don chúirt nó don údarás a bhfuil na himeachtaí os a comhair nó os a chomhair an cuntas úsáideoirí áirithe sin a úsáid chun críocha doiciméid a sheirbheáil i gcaitheamh na nimeachtaí dlíthiúla.”;

    (11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 agus Airteagal 18:

    “Airteagal 17
    Leasú ar na hIarscríbhinní

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a leasú chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta nó athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin.

    Airteagal 18
    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

    (12)cuirtear isteach Airteagal 18a agus Airteagal 18b mar seo a leanas:

    “Airteagal 18a
    An córas TF díláraithe a bhunú

    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an córas TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 3a. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18b (2).

    Airteagal 18b
    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

    (13)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

    “Airteagal 19
    Nuair nach dtiocfaidh an cosantóir i láthair

    1.I gcás inar ghá doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus nár tháinig an cosantóir i láthair, ní thabharfar breithiúnas go dtí go mbeidh sé suite go ndearnadh an tseirbheáil nó an seachadadh in am trátha chun go bhféadfaidh an cosantóir an méid seo a leanas a chosaint:

    (a)go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil ar mhodh arna fhorordú le dlí inmheánach an Bhallstáit a ndírítear air chun doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí inmheánacha ar dhaoine atá laistigh dá chríoch; nó

    (b)go ndearnadh an doiciméad a sheachadadh iarbhír ar an gcosantóir nó ar a áit chónaithe ar mhodh eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

    2.D’ainneoin fhorálacha mhír 1, féadfaidh an breitheamh breithiúnas a thabhairt fiú mura mbeidh deimhniú seirbheála ná seachadta faighte, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)tarchuireadh an doiciméad trí cheann de na modhanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

    (b)tá tréimhse ama nach giorra ná sé mhí caite ó dháta tharchuir an doiciméid, tréimhse a mheasann an breitheamh sa chás áirithe sin a bheith leordhóthanach;

    (c)níl deimhniú d’aon sórt faighte, cé go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta chun é a fháil trí údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla an Bhallstáit a ndírítear air.

    3.I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, déanfar iarrachtaí réasúnta chun an cosantóir a chur ar an eolas trí aon bhealaí cumarsáide atá ar fáil, lena náirítear modhanna teicneolaíochta cumarsáide nua-aimseartha, a bhfuil a sheoladh nó a chuntas ar eolas ag an gcúirt a bhfuiltear os a comhair, gur tionscnaíodh imeachtaí ina choinne nó ina coinne.

    4.D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh an breitheamh, i gcás práinne, aon bhearta sealadacha nó cosanta a ordú.

    5.I gcás inar ghá doiciméad lena dtionscnaítear na himeachtaí a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus i gcás ina ndearnadh breithiúnas a thaifeadadh i gcoinne cosantóir nár láithrigh, beidh de chumhacht ag an mbreitheamh faoiseamh a thabhairt don chosantóir ó éifeachtaí dhul in éag na tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a)ní raibh eolas ag an gcosantóir, gan aon locht a bheith air féin, ar an doiciméad in am trátha chun cosaint a dhéanamh, ná ní raibh eolas aige ar an mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh;

    (b)nocht an cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua an tuillteanais.

    Ní fhéadfar iarratas ar fhaoiseamh a thaisceadh ach amháin laistigh de thréimhse réasúnta tar éis don chosantóir a bheith ar an eolas faoin mbreithiúnas.

    Ní thabharfar aird ar an iarratas sin má thaisctear é breis agus dhá bhliain tar éis dháta an bhreithiúnais.

    6.Tar éis dul in éag na tréimhse dhá bhliain tar éis dháta an bhreithiúnais dá dtagraítear i mír 2, ní fhéadfar forálacha an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs chur in aghaidh aithint agus fhorfheidhmiú an bhreithiúnais sin i mBallstát eile, ar forálacha iad lena gceadaítear faoiseamh urghnách ó éifeachtaí dhul in éag na tréimhse chun achomharc a dhéanamh.

    7.Ní bheidh feidhm ag mír 5 ná mír 6 maidir le breithiúnais a bhaineann le stádas nó le hinniúlacht daoine.”;

    (14)in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 2, 3, 3c, 4, 10, 11, 13, agus 15 in iúl don Choimisiún. Más rud é nach mór, de réir dhlí na mBallstát, doiciméad a sheirbheáil faoi cheann tréimhse áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 9(2), cuirfidh na Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.”

    (15)Cuirtear isteach Airteagal 23 a mar seo a leanas:

    “Airteagal 23a
    Faireachán 

    1.Faoi [dhá bhliain tar éis dháta an chur i bhfeidhm] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo.

    2.Leagfar amach sa chlár faireacháin na modhanna trína ndéanfar na sonraí agus an fhianaise eile is gá a bhailiú agus minicíocht an bhailithe sin. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

    3.Cuirfidh na Ballstáit na sonraí agus an fhianaise eile is gá chun an faireachán a dhéanamh ar fáil don Choimisiún.”

    (16)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

    “Airteagal 24
    Meastóireacht

    1.Tráth nach luaithe ná [cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

    2.Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.”

    (17)Déantar Iarscríbhinn IV nua, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón …..[18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

    Mar sin féin:

    (a)beidh feidhm ag pointe (14) d’Airteagal 1 ón ... [12 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] agus

    (b)beidh feidhm ag pointe (3), pointe (4) agus pointe (5) d’Airteagal 1 ón ... [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324 an 10.12.2007, lch. 79).
    (2)    Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus in ábhair thráchtála, (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).
    (3)    Tá feidhm ag na Rialacháin maidir le gach tír san Aontas cé is moite den Danmhairg. An 19 Deireadh Fómhair 2005, thug an Danmhairg comhaontú comhthreomhar i gcrích leis an gComhphobal Eorpach maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála, lena leathnaítear forálacha an Rialacháin maidir le doiciméid a sheirbheáil agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin d’fhonn an Danmhairg a chumhdach. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Iúil 2007. Féach IO L 300, 17.11.2005, lch. 55 agus IO L 120, 5.5.2006, lch 23. Ní mór sin a ailíniú leis na fonótaí eile
    (4)    Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála a sheirbheáil thar lear; Coinbhinsiún na Háige an 18 Márta 1970 ar fhianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála thar lear.
    (5)    Staidéar meastóireachta ar dhlíthe agus ar chleachtais nós imeachta náisiúnta i dtaca lena dtionchar ar shaorchúrsaíocht breithiúnas agus ar choibhéis agus éifeachtacht na cosanta nós imeachta do thomhaltóirí faoi dhlí tomhaltóirí an Aontais (arna dhéanamh ag cuibhreannas faoi cheannas MPI Lucsamburg), tuarascáil deiridh, Meitheamh 2017, ar fáil ag https://publications.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/531ef49a-9768-11e7-b92d-01aa75ed71a1/language-en , lgh. 60-61. Dá ngairfear “Staidéar MPI 2017” anseo feasta.
    (6)    Tá an figiúr ar aon dul leis na meastacháin i staidéar eacnamaíoch Deloitte ina dtacaítear leis an measúnú tionchair. Tá na meastacháin bunaithe ar shonraí ó Eurostat, ó Choimisiún um Éifeachtúlacht an Cheartais (CEPEJ) de chuid Chomhairle na hEorpa, ó Choimisiún na hEorpa, agus ó fhaisnéis a bailíodh le linn na nagallamh. Tugadh an tuarascáil (dá ngairfear an “staidéar eacnamaíoch” anseo feasta) do Deloitte ar conradh faoi uimhir chonartha JUST/2017/JCOO/FW/CIVI/0087 (2017/07). Níor foilsíodh tuarascáil chríochnaitheach fós.
    (7)    COM(2013) 858 final, 4.12.2013.
    (8)    Féach an liosta mionsonraithe de na cleachtaí sin ar lgh. 15 go 17 den tuarascáil mheastóireachta in Iarscríbhinn 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, SWD (2018) 287 final.
    (9)    Clár Oibre an Aontais Eorpaigh don cheartas do 2020: iontaoibh, soghluaisteacht agus fás a neartú laistigh den Aontas (COM(2014) 144 final), lch. 8.
    (10)    COM(2015) 192 final, 6.5.2015, lch. 16.
    (11)    Clár oibre an Choimisiúin do 2018 – Clár oibre d’Eoraip níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí, pointe 10 agus pointe 11 den Iarscríbhinn a ghabhann le COM(2017) 650 final, 24.10.2017.
    (12)    Féach an liosta mionsonraithe de na cleachtaí sin ar lgh. 15 go 17 den tuarascáil mheastóireachta in Iarscríbhinn 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, SWD (2018) 287 final.
    (13)    Tá an liosta mionsonraithe de shaineolaithe ar fáil sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiún anseo: http://ec.europa.eu/transparency/regexpert/index.cfm?do=groupDetail.groupDetail&groupID=3561&news
    (14)    Rinne cuibhreannas (Ollscoil Firenze, Ollscoil Uppsala agus DMI) staidéar don Choimisiún ina ndearnadh anailís chomparáideach dlí ar dhlíthe agus ar chleachtais na mBallstát i leith doiciméid a sheirbheáil, http://collections.internetmemory.org/haeu/20171122154227/http://ec.europa.eu/justice/civil/files/studies/service_docs_en.pdf . Sheol an Coimisiún staidéar meastóireachta faoi dhlíthe agus faoi chleachtais nós imeachta náisiúnta agus faoina dtionchar ar shaorchúrsaíocht breithiúnas agus ar choibhéis agus éifeachtacht na cosanta nós imeachta do thomhaltóirí faoi dhlí tomhaltóirí an Aontais (a rinne cuibhreannas faoi cheannas MPI Lucsamburg), https://publications.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/531ef49a-9768-11e7-b92d-01aa75ed71a1/language-en .
    (15)    Clár Oibre 2020 an Aontais don Cheartas lena neartaítear iontaoibh, soghluaisteacht agus fás laistigh den Aontas, (COM(2014) 144 final), lch. 8.
    (16)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch 1).
    (17)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14.
    (18)    Breithiúnas ón gCúirt an 16 Meán Fómhair 2015 i gCás C-519/13, Alpha Bank Cyprus, ECLI:EU:C:2015:603; ordú ón gCúirt an 28 Aibreán 2016 i gCás C-384/14, Alta Realitat S.L.,, ECLI:EU:C:2016:316.
    (19)    Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (IO L 143, 30.4.2004, lch. 15).
    (20)    Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO L 399, 30.12.2006, lch. 1).
    (21)    Breithiúnas an 2 Márta 2017, ECLI:EU:C:2017:157.
    (22)    IO C , , lch. .
    (23)    IO C , , lch. .
    (24)    Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó tráchtála (doiciméid a sheirbheáil) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, 0.12.2007, lch. 79).
    Top

    An Bhruiséil,31.5.2018

    COM(2018) 379 final

    IARSCRÍBHINN

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad)

    {SEC(2018) 272 final}
    {SWD(2018) 286 final}
    {SWD(2018) 287 final}


    IARSCRÍBHINN

    IARSCRÍBHINN IV
    Admháil fála atá le húsáid le haghaidh seirbheáil tríd an bpost faoi Airteagal 14

    Admháil fála

    le haghaidh doiciméid bhreithiúnacha nó sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil tríd an bpost

    (Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1393/2007)

    Tagairt uathúil choinsíneachta:

    Seoltóir:

    Ainm:

    Seolaí:

    Ainm:

    Ainm an fhaighteora:

    Síniú an fhaighteora:

    Ba cheart an admháil a chur ar ais chuig an seoladh seo a leanas:

    Seoladh seachadta:

    Dáta a seachadadh/a cuireadh an doiciméad ar ais:

    ll mm bbbb

    Sráid:

    Uimh.

    Sráid:

    Uimh.

    SEACHADTA

    chuig:

    CURTHA AR AIS

    de bharr an méid seo a leanas:

    Cathair:

    Cathair:

    Seolaí:

    Ní fios an seoladh:

    Cód Poist:

    Cód Poist:

    Ionadaí:

    Ní fios an seolaí:

    Stát:

    Stát:

    Duine fásta atá ina chónaí ag an seoladh céanna:

    Gan éileamh:

    Diúltaíodh glacadh leis

    Don soláthraí seirbhíse poist:

    Fostaí an tseolaí:

    Aistríodh an seolaí:

    Top