EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0378

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála

COM/2018/378 final

An Bhruiséil,31.5.2018

COM(2018) 378 final

2018/0203(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála

{SEC(2018) 271 final}
{SWD(2018) 284 final}
{SWD(2018) 285 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Áirítear ar chúraim an Aontais Eorpaigh limistéar Eorpach ceartais in ábhair shibhialta a fhorbairt atá bunaithe ar phrionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí agus ar phrionsabal aitheantais fhrithpháirtigh na mbreithiúnas. I réimse an cheartais, tá gá le comhar breithiúnach thar theorainneacha. Chun na críche sin, agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a éascú, ghlac an tAontas reachtaíocht maidir le seirbheáil trasteorann doiciméad breithiúnach 1 agus maidir le comhar i nglacadh fianaise 2 . Is rímhór an tábhacht atá leis na hionstraimí seo i dtaca le rialú an chúnaimh dhlíthiúil in ábhair shibhialta agus thráchtála idir na Ballstáit. Is éard is feidhm choiteann dóibh creat éifeachtach a sholáthar le haghaidh comhar breithiúnach trasteorann. Tá siad tagtha in áit an tseanchórais amscaí idirnáisiúnta a bhí idir na Ballstáit 3 , córas a tugadh isteach le Coinbhinsiúin na Háige 4 .

Bíonn tionchar iarbhír ag an reachtaíocht seo maidir le comhar breithiúnach ar ghnáthshaol laethúil shaoránaigh an Aontais, idir dhaoine príobháideacha agus oibreoirí gnó. Cuirtear i bhfeidhm in imeachtaí breithiúnacha é a bhfuil impleachtaí trasteorann leo, áit ar rud riachtanach atá i bhfeidhmiú cuí na reachtaíochta chun rochtain a áirithiú ar an gceartas agus ar thrialacha córa. Éifeachtúlacht an chreata um chúnamh breithiúnach idirnáisiúnta, bíonn tionchar díreach aici sin ar thuairim na saoránach atá luaite le díospóid trasteorann dá leithéid ar fheidhmiú na mbreithiúna agus ar an smacht reachta sna Ballstáit.

Is riachtanach an rud comhar oibre líofa a bheith idir na cúirteanna freisin i ndáil le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. In 2018, tá impleachtaí trasteorann ag timpeall 3.4 milliún d’imeachtaí cúirte sibhialta agus tráchtála san Aontas 5 . In imeachtaí go leor dá leithéid, bíonn gá le fianaise a bhailiú i mBallstát eile; an Rialachán ar ghlacadh na fianaise, tá soláthar uirlisí ann a dhéanann rochtain ar an bhfianaise sin a éascú.

Is ionstraim thábhachtach don chomhar oibre breithiúnach i dtógáil fianaise in ábhair shibhialta nó thráchtála atá i Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle maidir le comhar oibre idir cúirteanna na mBallstát ó tharla gur minic is ríthábhachtach fianaise dhóthanach a chur faoi bhráid na cúirte chun an rud a mhaítear a chruthú. Bunaítear córas ar fud an Aontais Eorpaigh leis an Rialachán chun iarrataí i leith ghlacadh agus forghníomhú fianaise idir cúirteanna a tharchur go díreach agus go tapa, agus leagtar síos ann rialacha beachta maidir le foirm agus le hinneachar iarrataí den chineál sin. Thar aon ní, chuir an Rialachán feabhas ar Choinbhinsiún ábhartha na Háige de bhrí gur cuireadh córas nua-aoiseach éiféachtach ar bun don déileáil dhíreach idir cúirteanna (tarchur na niarrataí agus aththarchur na fianaise a glacadh), rud a tháinig in áit an tseanchórais amscaí ina gcuirtí iarrataí ó chúirt i mBallstát A go dtí comhlacht lárnach i mBallstát A, as sin go comhlacht lárnach i mBallstát B agus ar deireadh chuig an gcúirt i mBallstát B (agus vice versa ar an mbealach ar ais). Ina theannta sin, ceadaítear do na cúirteanna fianaise a ghlacadh go díreach i mBallstáit eile.

In 2017, d’fhonn tacú le hanailís agus le conclúidí ábhartha, cuimsitheacha agus nuashonraithe ar oibriú praiticiúil an Rialacháin (rud a dhéanann comhlánú ar eolas a baineadh as measúnuithe eile 6 ), chuir an Coimisiún roimhe meastóireacht oiriúnachta rialála a dhéanamh i gcomhréir leis na treoirlínte um rialáil ní b’fhearr le hoibriú na hionstraime a mheas i dtaca le cúig bhunchritéar meastóireachta riachtanacha na héifeachtúlachta, na héifeachtachta, na hábharachta, na comhsheasmhachta agus breisluach AE.

Úsáideadh an teolas a baineadh as tuarascáil mheastóireachta REFIT mar bhonn chun sainmhíniú faidhbe a dhéanamh sa mheasúnú tionchar a ghabhann leis an togra seo. De réir na tuarascála, is beag teagmháil idir na heagraíochtaí a ainmnítear sa Rialachán ach ar pháipéar amháin, rud a mbíonn drochshliocht air ó thaobh costas agus éifeachtachta de. Rud eile, is annamh a úsáidtear físchomhdháil le héisteacht le daoine i mBallstát eile. Tugtar aghaidh sa togra más ea ar an ngá chun nuachóiriú, go mór mór ar an digitiú agus ar úsáid na teicneolaíochta nua-aoisí i nglacadh fianaise trasteorann. Chomh maith leis sin, tugann sé aghaidh ar na fadhbanna eile seo a leanas a tháinig chun follais le linn na meastóireachta: an mhoill agus an costas a chuirtear ar na saoránaigh, ar ghnólachtaí, agus ar Bhallstáit; na heasnaimh i gcosaint na gceart sna nósanna imeachta; an chastacht agus an éiginnteacht dhlíthiúil.

Is éard is aidhm don togra feabhas a chur ar an bhfeidhmiú líofa i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, agus i réimse an mhargaidh inmheánaigh, rud a dhéanfar ach éifeacht agus luas a chur i nglacadh fianaise trasteorann. Sin rud a bhainfear amach ach Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 a oiriúnú don fhorbairt i réimse na teicneolaíochta, agus buntáistí an digitithe a shaothrú, mar aon lena áirithiú gur mó úsáid a bhainfear as áis na físchomhdhála. Is méadú ar an gcinnteacht dhlíthiúil atá sa tionscnamh, agus dá bhrí sin is lúide moill agus costas míchuí don saoránach é, do ghnólachtaí agus don riarachán poiblí, agus tugann sé aghaidh ar na heasnaimh atá ann i gcosaint chearta na bpáirtithe sna nósanna imeachta.

   Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

Tá dlúthcheangal idir an tionscnamh seo agus an tionscnamh maidir le doiciméid breithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (seirbheáil doiciméad), faoi mar a rialaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007.

Tá comhsheasmhacht ann idir an tionscnamh agus na hionstraimí atá ag an Aontas cheana i réimse an chomhair oibre bhreithiúnaigh shibhialta. Tá Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 gan dochar don mhalartú féideartha faisnéise idir údaráis faoi chórais a bunaíodh le Rialachán IIa na Bruiséile 7 agus leis na Rialacháin Chothabhála 8 , fiú nuair is luach fianaise atá san fhaisnéis sin, ionas nach mbíonn bac ar an údarás is iarratasóir i roghnú an mhodha is oiriúnaí.

   Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is cuid den chreat AE ar chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála atá sa Rialachán atá molta, agus rannchuidíonn sé le cuspóir an Aontais Eorpaigh i mbunú limistéir saoirse, slándála agus cheartais faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(2) de Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE) agus in Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is sa chomhthéacs seo atá an tAontas Eorpach le comhar breithiúnach a thabhairt chun cinn in ábhair shibhialta agus thráchtála a mbeidh impleachtaí trasteorann leis, comhar a bheidh bunaithe ar aitheantas frithpháirteach na mbreithiúnas agus na gcinntí, faoi mar a luaitear in Airteagal 81 (CFAE). Rannchuidíonn an Rialachán freisin le bunú margaidh inmheánaigh, rud eile is sprioc don Aontas Eorpach (Airteagal 26 CFAE).

Tá béim i gclár an cheartais AE 2020 ar an scrúdú is gá a dhéanamh ar athneartú na gceart sibhialta sna nósanna imeachta, i nglacadh na fianaise, cuir i gcás, ionas gur féidir cur leis an muinín atá ag córais cheartais na mBallstát as a chéile 9 . Aidhm seo fheabhsú chreat an chomhair bhreithiúnaigh laistigh den Aontas Eorpach, is rud é atá i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach ag an gCoimisiún sa straitéis don mhargadh aonair digiteach 10 : i gcomhthéacs an ríomhrialtais, tá cur síos sa straitéis ar an ngá le breis ghníomhaíochta leis an riarachán poiblí a nuachóiriú (an riarachán breithiúnach san áireamh), leis an idir-inoibritheacht trasteorann a chur i réim, agus leis an idirghníomhaíocht le saoránaigh a éascú.

Dá réir sin, chuir an Coimisiún roimhe i gclár oibre 2018 togra a réiteach a dhéanfadh athbhreithniú ar an Rialachán um ghlacadh fianaise 11 .

2.    BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

   Bunús dlí

Is é Airteagail 81 CFAE (an comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann ag gabháil leo) an bonn dlíthiúil atá leis an togra. Tugann pointe (d) in Airteagal 81(2) de chumhacht don Aontas Eorpach bearta a ghlacadh darbh aidhm comhar oibre a áirithiú i nglacadh fianaise.

   Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Na fadhbanna a rachaidh an tionscnamh i ngleic leo, is sna nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann a thagann siad aníos (nósanna atá lasmuigh de réimse na gcóras dlí náisiúnta per definitionem), agus is ón easpa comhair idir cúirteanna na mBallstát a eascraíonn siad, sin nó ón easpa idir-inoibritheachta agus comhsheasmhachta idir na córais náisiúnta agus na timpeallachtaí dlíthiúla. Leagtar síos rialacha i réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh sna Rialacháin, mar sin é an taon bhealach amháin leis an aonfhoirmneacht inmhianta a áirithiú. I bprionsabal, ní fál go haer do na Ballstáit digitiú a dhéanamh ar a gcuid modhanna cumarsáide, ach is fios de bharr taithí agus de bharr na dtuar gur rud anmhall a bheadh sa dul chun cinn gan gníomh de chuid an Aontais Eorpaigh, agus fiú sa chás a ndéanfaidh Ballstáit beart dá gcuid féin, ní féidir an idir-inoibritheacht a áirithiú gan chreat faoi dhlí an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir an cuspóir sin a bhaint amach toisc nach féidir é a dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit aonair.

Is sa bhreis feabhais a chuirfear ar éifeachtúlacht agus ar luas na nósanna imeachta breithiúnacha atá breisluach AE le fáil, rud a dtiocfaidh ann dó ach na saoráidí comhair oibre a shimpliú agus a bhrostú i dtaca le glacadh na fianaise agus dá réir sin i dtaca le feabhsú riar an chirt i gcásanna a ngabhann impleachtaí trasteorann leo.

   Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta, mar cloíonn sé go docht leis an méid a theastaíonn chun a chuid cuspóirí a bhaint amach. Ní thagann sé salach ar na socruithe éagsúla atá ann go náisiúnta le haghaidh glacadh fianaise.

3.    TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

   Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Na torthaí a bhí ar mheastóireacht ex post Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001, rud a ghabhann leis an measúnú tionchair, is féidir a achoimriú mar seo a leanas:

Ar an mórchóir, tá cuid den obair déanta ag an Rialachán i gcomhlíonadh na spriocanna ginearálta, na spriocanna sonracha, agus na spriocanna oibríochtúla atá aige. Bhí fáilte acu siúd a bhíonn ag cleachtadh na hoibre seo roimh na modhanna coiteanna a tugadh isteach. Na modhanna caighdeánacha agus na bealaí cumarsáide a tugadh isteach, is rudaí iad a chuir éascaíocht sa chumarsáid. De bharr an Rialacháin, tá feabhas ar éifeachtacht na nimeachtaí dlíthiúla – i gcomparáid le Coinbhinsiún na Háige ar rud amháin, agus le himeacht ama ó 2001 go 2017 ar rud eile. Ar an gcuma sin, cuireann sé a chomaoin féin ar limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus ar fheidhmiú líofa an mhargaidh inmheánaigh. Cuireann sé leis an muinín atá ag na cúirteanna as a chéile, agus baineann cuid den ualach de na saoránaigh agus de na gnólachtaí a bhíonn ag plé le himeachtaí trasteorann.

Tugadh líon áirithe bac chun aithne a thugann le fios go bhféadfaí tuilleadh feabhais a dhéanamh. Den chuid is mó, is leis an gcostas agus leis an moill a bhíonn ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh a bhaineann na baic seo, costas agus moill de bharr teip i saothrú an phoitéinsil chun mearchumarsáide agus chun glacadh díreach fianaise atá sna nua-theicneolaíochtaí. Ar na samplaí is suntasaí, tá an easpa úsáide a bhaintear as an gcumarsáid leictreonach sa chomhfhreagras idir cúirteanna agus údaráis na mBallstát, rud a bhfuiltear fós go mór i muinín an pháipéir ina leith, sin agus úsáid imeallach na cumarsáide leictreonaí, físchomhdhálacha go háirithe, i nglacadh díreach fianaise. Faoi mar atá an Rialachán, ní gá don chóras breithiúnach dul i muinín na nua-theicneolaíochtaí; nuair is ar dhícheall aonair na mBallstát atá sé seo ag brath, agus ar an aistriú mór i dtreo an digitithe, níltear ag dul chun cinn ach go hanmhall, sa chiall is uileghabhálaí de, agus i gcomparáid le húsáid na nua-theicneolaíochtaí laistigh de na Ballstáit.

   Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara. I gComhairliúchán poiblí amháin ón 8 Nollaig 2017 go dtí 2 Márta 2018, pléadh Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 araon. Fuarthas 131 aighneacht ar fad (go mór mór ón bPolainn, agus ina dhiaidh sin ón nGearmáin, ón Ungáir, agus ón nGréig). In dá chruinniú den Ghréasán Breithiúnach Eorpach, pléadh fadhbanna praiticiúla agus feabhsuithe indéanta ar an dá Rialachán. Tionóladh cruinnithe tiomanta le saineolaithe rialtais na mBallstát. Tionóladh ceardlann le haghaidh rogha páirtithe leasmhara a bhfuil leas faoi leith acu i gcúrsaí a bhaineann le nósanna imeachta dlíthiúla trasteorann. Tríd agus tríd, is deimhneach na torthaí a bhí ar na comhairliúcháin seo, agus b’fhollas ina ndiaidh an gá chun gnímh.

Ina theannta sin, lean an Coimisiún d'idirphlé rialta le páirtithe leasmhara agus le Ballstáit trí bhíthin ghrúpa saineolaithe na Comhairle ar ríomhsheirbheáil doiciméad agus ar ríomhtheachtaireachtaí, grúpa a thionóltar idir ceithre huaire agus sé huaire sa bhliain.

   Bailiú agus úsáid saineolais

Idir Eanáir agus Aibreán 2018, tionóladh sé chruinniú de ghrúpa saineolaithe ar nuachóiriú an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála. I dtuarascáil le cuibhreannas a raibh Ollscoil Maribor i gceannas air in 2016, scríobhadh anailís chomparáideach ar dhlí na fianaise i 26 Bhallstát 12 .

   Measúnú tionchair

Tá an measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo sa doiciméad inmheánach oibre SWD (2018) 285 a ghabhann leis.

Cuireadh réimse roghanna i gcás, idir ghníomhú neamhreachtach agus ghníomhú reachtach ar leibhéil éagsúla uaillmhéine.

Is é atá sa rogha thosaíochta pacáiste beartais a bhfuil bearta éagsúla i gceist leis:

an tarchur leictreonach a úsáid mar mhodh réamhshocraithe don mhalartú doiciméad agus don chumarsáid leictreonach;

modh na físchomhdhála a chur i gceist mar mhodh nua-aoiseach chun fianaise a ghlacadh más gá éisteacht le duine ó Bhallstát eile, agus Ballstáit a spreagadh (trí mhaoiniú tionscadal náisiúnta) le háiseanna físchomhdhála a chur sna cúirteanna;

deireadh a chur leis na baic dhlíthiúla atá ann le glacadh le fianaise go leictreonach (go digiteach);

dul i ngleic le heaspa rialtachta sa léirthuiscint ar an téarma ‘cúirt’;

fios a thabhairt faoi thábhacht na gcaighdeán aonfhoirmeach atá ar fáil sa Rialachán (líofacht a chur sna nósanna imeachta, caighdeán cosanta cothrom do cheart na bpáirtithe lena mbaineann);

dea-chleachtais do chúirteanna inniúla ionas go bhféadfaidh siad na nósanna imeachta a chur i bhfeidhm go hiomchuí gan mhoill a dhéanamh; agus

a chur ar a súile agus ar a naire do lucht na gcúirteanna agus d’aos dlí go bhfuil bealach díreach ann le fianaise a ghlacadh faoi scáth an Rialacháin.

Rinne An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála athbhreithniú ar dhréacht den mheasúnú tionchair ag cruinniú an 3 Bealtaine 2018, agus an 7 Bealtaine 2018 chuir sé tuairim dhearfach in iúl a raibh nótaí tráchta léi. Cuireadh moltaí an Bhoird san áireamh. Thar aon ní, is fearr a mhínítear an gaol idir an dá thionscnamh a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach (seirbheáil doiciméad agus glacadh fianaise) sa leagan athbhreithnithe den tuarascáil, agus is fearr a mhínítear an comhthéacs leathan ann agus na fáthanna gur céim mhór chun tosaigh atá sa Rialachán thar Choinbhinsiún na Háige ar ghlacadh fianaise. Rud eile de, is fearr a aithnítear agus a mhínítear na fadhbanna móra agus an bhunlíne, agus feabhsaíodh na ranna a bhain le coimhdeacht agus le breisluach AE. Ina theannta sin, cuireadh tuilleadh forbartha ar chonclúidí na meastóireachta maidir le héifeachtacht, agus is ar na príomhcheisteanna atá an fócas i measúnú na roghanna beartais (an chumarsáid leictreonach agus úsáid físchomhdhálacha).

   Oiriúnacht rialála agus simpliú

Áirítear an tionscnamh i gclár oibre an Choimisiúin do 2018 faoi thionscnaimh REFIT i réimse an cheartais agus na gcearta bunúsacha bunaithe ar an muinín fhrithpháirteach 13 .

Trí ardán REFIT, mhol páirtithe leasmhara don Choimisiún taighde a dhéanamh faoin scóip atá ann le dlús a chur le glacadh fianaise i mBallstáit eile.

Meastar go mbeidh tairbhe sa phacáiste beartais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí atá luaite le himeachtaí trasteorann. Dá mbeadh tuilleadh cinnteachta dlíthiúla ann, agus nósanna imeachta níba thapa a mbeadh costas laghdaithe leo, is spreagadh a bheadh ann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí le dul i mbun idirbhearta trasteorann, agus dá réir sin spreagfaí gnó trasteorann agus d’fheabhsófaí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chuirfeadh an tarchur leictreonach agus na físchomhdhálacha roinnt costas ar na Ballstáit, ach ní tharlódh sin ach aon uair amháin, áit ar rud leanúnach atá sa sochar agus sa tairbhe a mbeadh laghdú costas de thoradh orthu (e.g. is lú costas éisteacht le finné ar físchomhdháil ná i bpearsa). Ina theannta sin, na costais a ghabhann leis an Rialachán seo go sonrach, laghdófar iad de bharr méadú ar an digitiú sa chóras breithiúnach trí chéile. Ar an mórchóir, ba mhó go mór an sochar agus an tairbhe ná na costais. Bheadh tairbhe sna feabhsuithe do ghnólachtaí agus iad páirteach sna himeachtaí breithiúnacha. Is rud neodrach go leor a bheadh in éifeachtaí eile a thiocfadh i gceist.

Forálfar sa Rialachán maidir le haithint fhrithpháirteach na fianaise digití. Ní amháin go laghdófar an tualach a chuireann na himeachtaí ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí, ach cuirfear teorainn le líon na gcás ina ndiúltófar don fhianaise leictreonach.

   Cearta bunúsacha

I gcomhréir le clár oibre ceartais an Aontais Eorpaigh do 2020, tugann an togra aghaidh ar an ngá le hathneartú a dhéanamh ar chearta sibhialta sna nósanna imeachta ionas go gcuirfear leis an muinín atá ag córais cheartais na mBallstát as a chéile.

Meastar go bhfeabhsófar an rochtain atá ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ar an gceartas má thugtar isteach modhanna leictreonacha cumarsáide agus má bhaintear breis úsáide as físchomhdhálacha.

Na bearta digitithe atá á moladh, tá na riachtanais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachta curtha san áireamh iontu: an córas atá le cur i bhfeidhm le haghaidh malartuithe leictreonacha idir na cúirteanna ainmnithe, ba cheart go mbeadh réiteach teicniúil sábháilte lániontaofa ina chuid de lena náirítear iomláine agus príobháideacht na sonraí a tharchuirtear. Tacar úsáideoirí a bheith ann don chóras agus iad réamhshocraithe (gan orthu ach cúirteanna agus údaráis bhreithiúnacha na mBallstát), is rud é a thugann breis ráthaíochta go láimhseálfar na sonraí pearsanta go hiomchuí. Ina theannta sin, ba cheart don chóras struchtúr díláraithe a thabhairt isteach, rud a cheadódh cumarsáid dhíreach idir dhá cheann na cumarsáide, chun an riosca atá ann a laghdú trí líon lucht próiseálaithe na sonraí a íosmhéadú.

Seo fachtóirí seachtracha tábhachtacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs an phacáiste bheartais atá molta:

an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 14 atá i bhfeidhm ó Bhealtaine 2018 i leith, rud a mbeidh méadú feasachta ann dá bharr, agus gníomhú a áiritheoidh slándáil agus iomláine na mbunachar sonraí, agus freagairt mhear do shárú príobháideachta sa chóras breithiúnach; agus

síorbhagairt don chibearshlándáil san earnáil phoiblí. Meastar go mbeidh forás ar líon na nionsaithe ar an mbonneagar TF poiblí rud a mbeidh tionchar aige ar an gcóras breithiúnach sna Ballstáit; Is baol go rachaidh an tionchar seo in olcas de bharr a nasctha agus atá na córais TF le chéile (ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal AE).

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe monatóireachta, meastóireachta agus tuairiscithe

I gcomhréir le mír 22 agus le mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 15 , áit ar dheimhnigh na trí institiúid gur cheart go mbeadh an mheastóireacht ar an reachtaíocht agus ar an mbeartas atá ann faoi láthair ina bunús do mheasúnuithe tionchair ar roghanna maidir le tuilleadh gníomhaíochta, déanfar meastóireacht ar an Rialachán, agus cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa cúig bliana tar éis an dáta iarratais ar a dheireanaí. Déanfaidh an mheastóireacht éifeacht an Rialachán a mheas ar an láthair ar bhonn táscairí agus anailís mhionsonraithe ar a mhéid is féidir a mheas go bhfuil an Rialachán ábhartha, éifeachtach, agus éifeachtúil agus a sholáthraíonn sé dóthain breisluacha AE agus an bhfuil sé comhleanúnach le beartais eile AE. Bainfidh an mheastóireacht adhmad as ceachtanna a foghlaimíodh chun easnaimh nó fadhbanna a shainaithint, sin nó an deis atá ann chun tuilleadh feabhais a chur ar na gníomhaíochtaí nó ar thorthaí na ngníomhaíochtaí. Soláthróidh Ballstáit an fhaisnéis atá riachtanach don Choimisiún chun na tuarascálacha a ullmhú.

4.    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chuirfidh an togra costais mhóra ar riaracháin náisiúnta, ach is éard is dóichí go mbeadh laghdú costas ann dá bharr. Meastar go mbeidh tairbhe ag údaráis náisiúnta ar nósanna imeachtaí dlíthiúla níos éifeachtaí, ar ualaí riaracháin laghdaithe, agus ar chostais saothair laghdaithe.

D’fhéadfaí cómhaoiniú a dhéanamh ar chostais a ghabhann le forbairt, le cur chun feidhme, agus le caomhnú na cumarsáide leictreonaí agus na malartuithe doiciméad, agus le trealamh físchomhdhála gairmiúil ardchaighdeáin a shealbhú, a chur chun feidhme agus a chur ag obair.

Is iad an clár um Cheartas agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) na príomhdheiseanna maoinithe faoi na cláir maoinithe reatha. An clár um Cheartas (buiséad 2018: EUR 45.95 milliún), tacaíonn sé le forfheidhmiú agus le hinniúlachtaí réitigh i mBallstáit i réimse an cheartais shibhialta agus is ar na heilimintí seo atá fócas ag na tosaíochtaí maoinithe don am atá le teacht, eilimintí a bhfuil baint acu leis an tionscnamh reatha. Tá buiséad i bhfad níos mó ag SCE (EUR 130.33 milliún in 2018), agus tairgeann sé tacaíocht airgeadais do thograí TF a éascaíonn bearta trasteorann idir riaracháin phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh. Tá sé in úsáid go forleathan cheana leis an digitiú agus leis an ríomhcheartas i réimse an cheartais shibhialta a mhaoiniú lena náirítear tairseach ríomhcheartais na hEorpa, agus comhtháthú na ndoiciméad poiblí sna córais ríomhrialtais náisiúnta agus i gCóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS). Sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do thosaíocht an chlaochlaithe dhigití, rud a nochtadh an 2 Bealtaine 2018, tá EUR 3 bhilliún san áireamh do shnáithe digiteach SCE leis an mbonneagar nascachta digití a mhaoiniú.

5.    EILIMINTÍ EILE

   Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfear socruithe daingne i bhfeidhm le haghaidh faireachán an Rialacháin, agus orthu sin beidh tacar cuimsitheach táscairí cáilíochta agus cainníochta, maille le próiseas tuarascála agus próiseas faireacháin a bheith soiléir, struchtúrtha. Is tábhachtach an ní é seo le deimhin a dhéanamh de go gcuirtear na leasuithe chun feidhme go héifeachtúil sna Ballstáit, agus le fíorú ar éirigh leis an Rialachán a chuid spriocanna a bhaint amach go rathúil.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1(4)

I láthair na huaire, níl aon sainmhíniú ar an téarma ‘cúirt’, agus dá bharr sin ní hé an rud céanna is ciall leis i measc na mBallstát. Síleann cuid díobh nach tagairt é ach do na binsí traidisiúnta, áit a ndéanann tuilleadh díobh forghníomhú ar iarrataí ó údaráis bhreithiúnacha eile (e.g. nótairí poiblí) má tá sé de chumhacht acu cúraim glactha fianaise a chur díobh faoin dlí náisiúnta. Ba cheart sainmhíniú a thabhairt ar choincheap an ruda is ‘cúirt’ ann leis an éiginnteacht seo a bhaint as an áireamh.

Airteagal 6

Tugtar tarchur leictreonach éigeantach iarrataí agus teachtaireachtaí isteach leis an leasú seo, ina riail, de bhun anRialacháin (alt 1). I gcásanna eisceachtúla .i.e. i gcás ina mbriseann ar an gcóras, nó i gcas nach bhfuil an córas oiriúnach don tarchur atá i gceist (e.g. tarchur giota DNA mar fhianaise), is féidir fós dul i muinín bealaí eile (alt 4).

Airteagail 17 agus 17a

Is éard is cuspóir do na leasuithe atá molta deimhin a dhéanamh de go mbeidh glacadh díreach fianaise ann ar bhealach níos iomchuí, níos minice agus níos tapa i gcomhréir le hAirteagal 17 trí fhíschomhdháil, i gcás ina a mbeidh sin ar fáil do na cúirteanna atá i gceist agus arbh iomchuí sin i bhfianaise na ndálaí sonracha a bhaineann leis an gcás.

Airteagal 17b

Is éard is cuspóir don Airteagal nua seo éascú a dhéanamh sa ghlacadh fianaise a dhéanann oifigigh taidhleoireachta nó gníomhairí consail. Foráiltear leis an Airteagal go bhféadfaidh na daoine sin fianaise a ghlacadh le linn dóibh a bheith i gcríocha Ballstáit eile, nó sa limistéar ina gcleachtann siad a gcuid cúram, gan cheangal roimh ré ar iarraidh a dhéanamh, trí éisteacht le náisiúnaigh ón mBallstát arb ionadaithe iad féin air, ach gan iallach a bheith orthu chuige sin i gcomhthéacs imeachtaí atá ar feitheamh i gcúirteanna an Bhallstáit sin.

Airteagal 18a

Fianaise dhigiteach a thógtar de réir dhlí an Bhallstáit ina dtógtar í, is éard is sprioc don Airteagal nua seo a áirithiú nach ndiúltaítear don fhianaise sin i mBallstáit eile toisc gur fianaise dhigiteach atá inti.

Airteagail 19 agus 20

Leis na leasuithe seo cuirtear an Rialachán i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE.

Airteagal 22a

Leagtar amach leis an bhforáil seo go mbunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo.

Airteagal 23

Leagtar amach leis an bhforáil seo go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i gcomhréir leis na Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le rialáil níos fearr agus de bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 agus go dtíolacfaidh sé Tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2018/0203 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe ar Airteagal 81 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Ar mhaithe le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ní mór tuilleadh feabhais a chur gan mhoill ar an gcomhar oibre idir cúirteanna i nglacadh fianaise.

(2)I Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 17 ón gComhairle, leagtar síos rialacha maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála.

(3)Le tarchur tapa iarrataí agus teachtaireachtaí a áirithiú, ba cheart úsáid a bhaint as na modhanna nuatheicneolaíochta iomchuí ar fad. Dá bhrí sin, mar riail, ba cheart gach cumarsáid agus gach malartú doiciméid a chur i gcrích trí chóras TF díláraithe atá comhdhéanta de na córais náisiúnta TF.

(4)Le deimhin a dhéanamh d’aithint fhrithpháirteach na fianaise digití, fianaise den chineál sin a tógadh i mBallstát amháin de réir dlí an Bhallstáit sin, ní ceart diúltú dó i mBallstát eile toisc gur fianaise dhigiteach atá inti.

(5)Ba cheart go mbeadh Rialachán (AE) Uimh. 1206/2001 gan dochar don deis atá ag na húdaráis faisnéis a mhalartú faoi chórais a bunaíodh le hionstraimí eile de chuid an Aontais, Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 18 nó Rialacháin (CE) Uimh. 4/2009 19 cuir i gcás, fiú nuair atá luach fianaise leis an bhfaisnéis sin, rud a d’fhágfadh an rogha faoin modh malartaithe ab oiriúnaí faoin údarás atá ag iarraidh na faisnéise.

(6)Níl lán na húsáide á bhaint as nuatheicneolaíocht na cumarsáide i láthair na huaire, go mór mór as teicneolaíocht na físchomhdhála, rud atá ina mhodh tábhachtach le glacadh fianaise a shimpliú agus a bhrostú. San áit a bhfuil éisteacht le tabhairt do dhuine atá ina fhinné, ina pháirtí, nó ina shaineolaí, agus gnáthchónaí ar an duine sin i mBallstát eile, ba cheart don chúirt an fhianaise sin a ghlacadh uaidh go díreach ar físchomhdháil, má tá an áis sin ar fáil sna cúirteanna atá i gceist, agus i gcás ina measann an Ballstát gur rud iomchuí í úsáid teicneolaíochta den chineál sin de réir dálaí sonracha an cháis.

(7)Ionas gurbh fhusa d’oifigigh taidhleoireachta nó do ghníomhaithe consail fianaise a ghlacadh, féadfaidh daoine den chineál sin fianaise a ghlacadh i gcríocha Ballstáit eile nó sa limistéar ina gcleachtann siad a gcuid cúram, gan cheangal roimh ré ar iarraidh a dhéanamh, trí éisteacht le náisiúnaigh ón mBallstát arb ionadaithe iad féin air, ach gan iallach a bheith orthu chuige sin i gcomhthéacs imeachtaí atá ar feitheamh i gcúirteanna an Bhallstáit darb ionadaithe iad.

(8)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí chreat dlí a chruthú lena náireofar tarchur tapa iarrataí agus teachtaireachtaí a bhaineann le feidhmíocht glacadh fianaise, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú.

(9)I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [tá fógra tugtha ag [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éirinn] gur mian léi/leo bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo] [níl [an Ríocht Aontaithe] [agus] [Éire] rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sé/siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].

(10)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, rud atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)Chun na foirmeacha caighdeánacha sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe ar na hIarscríbhinní. Is rud é a bhfuil tábhacht faoi leith leis go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, ar leibhéal na saineolaithe ar rud amháin, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr* an 13 Aibreán 2016. Thar aon ní, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe idir grúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

----------------------------

*Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)I gcomhréir le mír 22 agus mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí shocruithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.

(13)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 mar seo a leanas:

(1)In Airteagal 1, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

´4. Sa Rialachán seo, ciallóidh ‘cúirt’ aon údarás breithiúnach i mBallstát is inniúil chun feidhmíochta i nglacadh fianaise de réir an Rialacháin seo.´;

(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

´Airteagal 6
Iarrataí agus teachtaireachtaí eile a tharchur

1.Iarrataí agus teachtaireachtaí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo, is mar seo a leanas a dhéanfar a dtarchur, eadhon trí chóras TF comhdhéanta de chórais TF náisiúnta a bheidh idirnasctha trí bhíthin bonneagar cumarsáide lenar féidir faisnéis a mhalartú thar theorainneacha go slán iontaofa idir córais náisiúnta TF.

2.Beidh feidhm ag an gcreat dlí ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 20 ón gComhairle maidir leis na hiarrataí agus na teachtaireachtaí a tharchuirfear tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear i mír 1.

3.I gcás inar gá séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh iarrataí agus cumarsáidí eile dá dtagraítear i mír 1, nó i gcás ina mbeidh séala nó síniú lámhscríofa ina chuid díobh, féadfar 'ríomhshéalaí cáilithe' agus 'ríomhshínithe cáilithe' a úsáid ina ionad, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

4.Mura féidir tarchur a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, de dheasca cur isteach eisceachtúil gan choinne ar an gcóras TF díláraithe, nó i gcás nach féidir an tarchur a dhéanamh i gcásanna eisceachtúla eile, déanfar an tarchur leis na modhanna malartacha is tapa is féidir, modhanna a bhfuil sé tugtha le fios ag an mBallstát go bhfuil glacadh aige leo.

(3)Leasaítear Airteagal 17 mar seo a leanas:

(a)scriostar mír 2;

(b) i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

´Mura bhfaigheann an chúirt atá ag iarraidh na faisnéise scéal maidir le glacadh na hiarrata laistigh de 30 lá tar éis di an tiarratas a sheoladh, is éard a mheasfar go bhfuiltear tar éis glacadh leis an iarraidh.´;

(4)cuirtear an tAirteagal 17a seo a leanas isteach:

Airteagal 17a

Fianaise a ghlactar go díreach ar físchomhdháil

1.San áit a bhfuil éisteacht le tabhairt do dhuine mar fhinné, mar pháirtí, nó mar shaineolaí a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát eile, agus nuair nach niarrann an chúirt ar an gcúirt inniúil i mBallstát eile fianaise a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(a), tógfaidh an chúirt fianaise go díreach i gcomhréir le hAirteagal 17 ar físchomhdháil, má tá an áis sin ar fáil sna cúirteanna atá i gceist, i gcás ina measann sí gur rud iomchuí í úsáid teicneolaíochta den chineál sin de réir dhálaí sonracha an cháis.

2.I gcás ina niarrtar tógáil dhíreach fianaise ar físchomhdháil, is ar áitreabh cúirte a thionólfar an éisteacht. An chúirt atá ag iarraidh na faisnéise, agus an comhlacht lárnach nó an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(3), nó an chúirt a dtionólfar an éisteacht ar a háitreabh, déanfaidh siad socrú eatarthu féin go praiticiúil i gcomhair na físchomhdhála.

3.I gcás ina nglactar fianaise trí fhíschomhdháil:

(a)an comhlacht lárnach nó an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(3) sa Bhallstát a bhfuiltear ag iarraidh fianaise orthu, féadfaidh siad cúirt de chuid a Bhallstáit a ainmniú chun bheith rannpháirteach i nglacadh fianaise chun urraim a áirithiú do bhunphrionsabail an dlí sa Bhallstát a bhfuiltear ag iarraidh fianaise air;

(b)más riachtanach, arna iarraidh sin ag an gcúirt atá ag iarraidh na fianaise, áiritheoidh an comhlacht lárnach, nó an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 3(3), nó an duine a mbeifear ag éisteacht leis, nó an breitheamh sa Bhallstát a bhfuiltear ag iarraidh fianaise air atá páirteach san éisteacht, go bhfuil ateangaire ag cúnamh don bhreitheamh nó don duine a mbeifear ag éisteacht leis .´;

(5)cuirtear isteach an tAirteagal 17b seo a leanas:

´ Airteagal 17b

An glacadh fianaise a dhéanann oifigigh taidhleoireachta nó gníomhairí consail

Féadfaidh oifigigh taidhleoireachta nó gníomhairí consail fianaise a ghlacadh gan iarraidh roimh ré i gcríocha Ballstáit eile de bhun Airteagal 17(1), nó sa réimse ina gcleachtann siad a gcuid cúram, trí éisteacht le náisiúnaigh ón mBallstát arb ionadaithe iad féin air, ach gan iallach a bheith orthu chuige sin i gcomhthéacs imeachtaí atá ar feitheamh i gcúirteanna an Bhallstáit arb ionadaithe iad féin air.´;

(6)cuirtear isteach Roinn 6 i ndiaidh Airteagal 18 mar seo a leanas:

´Roinn 6

Aitheantas frithpháirteach

Airteagal 18a

Fianaise dhigiteach a ghlactar i mBallstát i gcomhréir leis an dlí atá sa Bhallstát sin, ní shéanfar cáilíocht na fianaise air i mBallstáit eile toisc gur fianaise dhigiteach atá inti.´;

(7)in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

´2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 lena leasaítear an Iarscríbhinn chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin.’;

(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula ndéanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe a ainmneoidh gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 21 .

5.A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra an tráth céanna do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(9)Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina leith. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.´

(10)Cuirtear isteach an tAirteagal 22a seo a leanas:

´Airteagal 22a

Faireachán

1.Faoin [Dhá bhliain tar éis an teachta i bhfeidhm] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo.

2.Sa chlár faireacháin, leagfar amach na modhanna trína mbaileofar na sonraí, agus a mhinice agus a bhaileofar idir na sonraí agus an fhianaise riachtanach eile. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

3.Na sonraí agus an fhianaise eile is gá chun an faireachán a dhéanamh, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún iad.´

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

´Airteagal 23

Meastóireacht

1.Tráth nach túisce ná[ cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.An fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún í.´

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón […].

Beidh feidhm ag pointe 2 Airteagal 1 áfach ón ... [24 mí tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó tráchtála (doiciméid a sheirbheáil) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324 10.12.2007, lch. 79).
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála, (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).
(3)    Tá feidhm ag na Rialacháin ar na Ballstáit ar fad cé is moite den Danmhairg. An 19 Deireadh Fómhair 2005, thug an Danmhairg comhaontú comhthreomhar i gcrích leis an gComhphobal Eorpach maidir le seirbheáil doiciméad breithiúnach agus seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó thráchtála, comhaontú lena leathnaítear forálacha an Rialacháin maidir le doiciméid a sheirbheáil agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin d’fhonn an Danmhairg a thabhairt san áireamh. Is an 1 Iúil 2007 a tháinig an comhaontú i bhfeidhm (Féach IO L 300 17.11.2005, lch. 55); IO L 120, 5.5.2006, lch. 23). Níl aon chomhaontú comhthreomhar ann maidir le glacadh fianaise.
(4)    Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó tráchtála a sheirbheáil thar lear;    
Coinbhinsiún na Háige an 18 Márta 1970 ar fhianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála thar lear.
(5)    Tá na figiúir sin ar aon dul leis na meastacháin i dtuarascáil eacnamaíochta Deloitte ina dtacaítear leis an measúnú tionchair. Is ar shonraí ó Eurostat atá na meastacháin seo bunaithe, ó Choimisiún Chomhairle na hEorpa um Measúnú Éifeachtúlacht an Cheartais (CEPEJ), ó Choimisiún na hEorpa, agus ó eolas a tiomsaíodh le linn na nagallamh. Tugadh an tuarascáil seo do Deloitte ar conradh faoi uimh. Chonartha JUST/2017/JCOO/FW/CIVI/0087 (2017/07). Níor foilsíodh an leagan deiridh den tuarascáil fós.
(6)    Féach fonóta 5.
(7)    Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lch. 1).
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, maidir leis an dlí infheidhme, maidir le haithint agus le fhorfheidhmiú cinntí agus comhair i gceisteanna a bhaineann le ceanglais chothabhála (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 7, 10.1.2009, lch. 1).
(9)    Clár Oibre Ceartais an Aontais Eorpaigh do 2020: Neartú na muiníne, na soghluaisteachta agus an fháis laistigh den Aontas (COM(2014) 144 críochnaitheach), lch. 8.
(10)    COM(2015) 192 final, 6.5.2015, lch 16.
(11)    Clár oibre an Choimisiúin 2018: clár oibre don Eoraip agus í níos aontaithe, níos láidre, agus níos daonlathaí (COM(2017) 650 final, 24.10.2017), Iarscríbhinn II, pointe 10 agus pointe 11.
(12)     http://www.acj.si/en/presentationevidence
(13)    Clár oibre an Choimisiúin 2018: clár oibre don Eoraip agus í níos aontaithe, níos láidre, agus níos daonlathaí (COM(2017) 650 final, 24.10.2017), Iarscríbhinn II, pointe 10, lch. 4.
(14)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch 1).
(15)    An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1-14.
(16)    IO C , , lch. .
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).
(18)    Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lch. 1).
(19)    Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, maidir leis an dlí infheidhme, agus maidir le haithint agus le fhorfheidhmiú cinntí agus comhair i gceisteanna a bhaineann le ceanglais chothabhála (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 7, 10.1.2009, lch. 1).
(20)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomhshainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomhidirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(21)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Top