Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0355

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

COM/2018/355 final

An Bhruiséil,24.5.2018

COM(2018) 355 final

2018/0180(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 257 final}
{SWD(2018) 264 final}
{SWD(2018) 265 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Is cuid é an togra seo de thionscnamh níos leithne de chuid an Choimisiúin maidir le forbairt inbhuanaithe. Leagtar síos an bunús leis do chreat Aontais a chuireann cúinsí Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) i gcroílár an chórais airgeadais chun tacú le geilleagar na hEorpa a chlaochlú i gcóras atá níos glaise, a bhfuil teacht aniar níos fearr aige agus atá ciorclach. Chun infheistíochtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe, ba cheart tosca ESG a bhreithniú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le hinfheistíocht chun infheistíochtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe, agus astaíochtaí gáis, díothú acmhainní nó coinníollacha oibre á gcur san áireamh. Is é atá mar aidhm leis an togra seo agus na gníomhartha reachtacha a mholtar leis ná cúinsí ESG a chomhtháthú sa phróiseas infheistíochta agus comhairliúcháin ar bhealach atá comhréireach ar fud na nearnálacha. Ba cheart a áirithiú leis sin go ndéanfaidh gach rannpháirtí sa mhargadh airgeadais (cuideachtaí bainistíochta GCUI, AIFManna, gnóthais árachais, IORPanna, bainisteoirí EuVECA agus bainisteoirí EuSEF), dáileoir árachais nó comhairleoir infheistíochta, a fhaigheann sainordú óna gcliaint nó óna dtairbhithe chun cinntí infheistíochta a dhéanamh thar a gceann, cúinsí ESG a chomhtháthú ina bpróisis inmheánacha agus a gcliaint a chur ar an eolas i ndáil leis sin. Thairis sin, chun cuidiú le hinfheisteoirí comparáid a dhéanamh idir lorg carbóin infheistíochtaí, déantar catagóirí nua maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin a thabhairt isteach leis na tograí. Ba cheart do na tograí seo, a neartaíonn a chéile go frithpháirteach, infheistíochtaí i dtionscadail agus sócmhainní inbhuanaithe ar fud an Aontais a éascú.

Leanann pacáiste an Choimisiúin iarrachtaí domhanda ionsar geilleagar atá níos inbhuanaithe. Roghnaigh rialtais ar fud an domhain bealach níos inbhuanaithe dár bpláinéad agus dár ngeilleagar trí chomhaontú Pháras 2016 maidir le hathrú aeráide agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (NA) don Fhorbairt Inbhuanaithe a ghlacadh.

Tá an tAontas tiomanta d’fhorbairt a chomhlíonann na riachtanais atá ann faoi láthair gan cur as do chumas na nglúnta amach anseo a riachtanais féin a chomhlíonadh. Le fada, tá inbhuanaitheacht i gcroílár thionscadal na hEorpa. Thug Conarthaí an Aontais aitheantas dá gnéithe sóisialta agus comhshaoil, ar ceart aghaidh a thabhairt orthu le chéile.

Maidir leis na chéad chéimeanna eile chun todhchaí Eorpach inbhuanaithe a bhaint amach, tá nasc déanta ag an gCoimisiún idir na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) 1 agus Clár Oibre 2030 NA don Fhorbairt Inbhuanaithe agus an Creat Beartais Eorpach chun a áirithiú go gcuireann gníomhaíochtaí agus tionscaimh bheartais uile AE, laistigh den Aontas agus ar bhonn domhanda, SDGanna san áireamh ón tús. Tá an tAontas go hiomlán tiomanta freisin do bhaint amach spriocanna AE 2030 maidir le haeráid agus fuinnimh agus do phríomhshruthú forbartha inbhuanaithe i mbeartais AE, mar a fógraíodh i dTreoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2 2014 le Jean-Claude Juncker. Dá bhrí sin, tá mórán de thosaíochtaí beartais an Choimisiúin Eorpaigh do 2014-2020 ag fothú isteach i gcuspóirí aeráide AE agus i gcur chun feidhme Chlár 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Áirítear leo sin an Plean Infheistíochta don Eoraip 3 , an Pacáiste don Gheilleagar Ciorclach 4 , an Pacáiste don Aontas Fuinnimh 5 , an Nuachóiriú ar Straitéis an Aontais don Bhithgheilleagar 6 , Aontas na Margaí Caipitil 7  agus Buiséad AE do 2014-2020, lena náirítear an Ciste Comhtháthaithe agus tionscadail taighde. Thairis sin, sheol an Coimisiún ardán ilgheallsealbhóra chun obair leantach agus malartú a dhéanamh ar dhea-chleachtais maidir le cur chun feidhme SDGanna.

Chun spriocanna inbhuanaitheachta AE a bhaint amach, ní mór infheistíochtaí tábhachtacha a dhéanamh. I réimse na haeráide agus an fhuinnimh amháin, meastar go bhfuil gá le hinfheistíocht bhreise bhliantúil de EUR 180 billiún chun spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach faoi 2030 8 . Caithfidh cuid shuntasach de na sreafaí airgeadais sin teacht ón earnáil phríobháideach. Chun an bhearna infheistíochta sin a dhúnadh, ní mór sreafaí caipitil phríobháidigh a atreoshuí go suntasach i dtreo infheistíochtaí níos inbhuanaithe agus ní mór athmhachnamh a dhéanamh ar chreat airgeadais na hEorpa.

Sa chomhthéacs seo, i mí na Nollag 2016 chuir an Coimisiún Grúpa Saineolaithe Ardleibhéil (HLEG) ar bun chun straitéis chuimsitheach AE maidir le hairgeadas inbhuanaithe a fhorbairt. D’fhoilsigh an HLEG a thuarascáil chríochnaitheach 9 an 31 Eanáir 2018. Sholáthair an tuarascáil sin fís chuimsitheach maidir le hairgeadas inbhuanaithe don Eoraip agus sainaithníodh inti dhá riachtanas do chóras airgeadais na hEorpa. Is é an chéad cheann díobh feabhas a chur ar a mhéid a rannchuidíonn an tairgeadas le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach. An dara ceann ná cobhsaíocht airgeadais a neartú trí thosca ESG a ionchorprú i gcinnteoireacht infheistíochta. D’eisigh an HLEG ocht bpríomh-mholadh, a chreideann sé gur bunchlocha bunriachtanacha iad le haghaidh córas airgeadais inbhuanaithe Eorpach. I measc na moltaí sin, measann an HLEG gur cheart iarraidh ar sholáthróirí innéacs mionsonraí a nochtadh maidir le neamhchosaint innéacs ar pharaiméadair inbhuanaitheachta bunaithe ar na hurrúis arna náireamh laistigh den innéacs agus a nualaí. Ag an am céanna, ba cheart do ESMA tagairtí do chúinsí inbhuanaitheachta a chur san áireamh ina threoir maidir leis an ‘Ráiteas tagarmhairc’ ar cheart dóibh a chur in iúl go soiléir conas a léirítear cúinsí inbhuanaitheachta (ESG), lena náirítear an taistriú ionsar geilleagar ísealcharbóin, i modheolaíocht an tagarmhairc.

Mheabhraigh an HLEG go mbíonn tionchar indíreach ach tábhachtach ar infheistíochtaí ag innéacsanna agus ag tagarmharcanna. Braitheann go leor infheisteoirí ar thagarmharcanna go háirithe i leithdháileadh punainne agus chun feidhmíocht táirgí airgeadais a thomhas. Cé go bhfuil raon leathan innéacsanna á bhforbairt ag soláthróirí innéacsanna, a bhfuil sé mar aidhm leo cúinsí inbhuanaitheachta agus aeráide a ghabháil, tá a dtábhacht i leithdháileadh foriomlán punainne fós teoranta.

Mar obair leantach ar obair an HLEG agus chun rannchuidiú le hiarrachtaí níos leithne i dtaca le hairgeadas a nascadh le riachtanais an phláinéid agus na sochaí, d’fhoilsigh an Coimisiún, an 8 Márta 2018, Plean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú 10 . Sa Phlean Gníomhaíochta sin, d’fhógair an Coimisiún bearta a bhí le teacht chun trédhearcacht ESG i leith modheolaíochtaí tagarmhairc a neartú agus tionscnamh chun caighdeáin a chur chun cinn do mhodheolaíocht na dtagarmharcanna ísealcharbóin san Aontas.

Bheadh i gceist leis na caighdeáin choiteanna do thagarmharcanna ísealcharbóin dul i ngleic le riosca go mbeadh ann do ‘shnas glas’, ina ndéanfaí gach innéacs ísealcharbóin a chur chun cinn mar innéacsanna atá ábhartha ó thaobh an chomhshaoil de, cé go mbeadh tréithe difriúla acu. Thairis sin, le leibhéil éagsúla de thrédhearcacht ESG sa mhodheolaíocht, bíonn sé deacair do ghníomhaithe margaidh comparáid a dhéanamh idir innéacsanna chun na tagarmharcanna leordhóthanacha a roghnú dá straitéis infheistíochta.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna arna sainaithint, cuireann an togra seo leasú ar Rialachán na dTagarmharcanna chun cinn. Cuireann sé dhá chatagóir tagarmharcanna ar bun: (i) tagarmharcanna ísealcharbóin agus (ii) tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Déanfaidh an togra seo Rialachán na dTagarmharcanna a leasú trí rialacha a thabhairt isteach lena mbunófar agus lena rialófar soláthar de thagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin. Tá sé i gcomhréir le cuspóir Rialachán na dTagarmharcanna, a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go ndéanfaidh tagarmharcanna léiriú iontaofa ar réaltachtaí eacnamaíocha a áirithiú, agus go mbeidh gach geallsealbhóir in ann iad a thuiscint go héasca, ag tacú dá réir sin le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí. Tugann an togra isteach ceanglais bhreise chun modheolaíocht na gcatagóirí nua tagarmharcanna a dhéanamh trédhearcach, chun go mbeidh siad níos inchomparáide agus chun a chur ar chumas bainisteoirí punainne cinnteoireacht níos fearr a dhéanamh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Déanann an togra beartais chomhshaoil agus aeráide AE atá ann cheana a chomhlánú trí thrédhearcacht ESG i leith modheolaíochtaí tagarmhairc a fheabhsú agus trí rialacha comhchuibhithe a thabhairt isteach do thagarmharcanna ísealcharbóin, as a dtiocfaidh aistriú infheistíochta níos éifeachtúla i dtreo sócmhainní inbhuanaithe.

Is cuid é an togra seo de phacáiste de bhearta maidir le hairgeadas inbhuanaithe, ar gníomh tosaíochta é faoi thionscadal Aontas na Margaí Caipitil. Tá bearta ann chun leas a bhaint as cumhacht claochlaithe na teicneolaíochta airgeadais agus chun caipiteal príobháideach a aistriú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe. Rannchuidíonn sé le forbairt mhargaí caipitil níos comhdhlúite trína dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí tairbhe a bhaint as an margadh aonair agus cinntí eolasacha á ndéanamh acu.

Is cuid é an togra seo freisin de straitéis AE níos cuimsithí chun clár oibre AE maidir leis an aeráid agus forbairt inbhuanaithe a chomhlíonadh agus cuireann sé le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2014-2020, amhail an Beartas d'Aer Glan, an Pacáiste don Gheilleagar Ciorclach, an Straitéis don Aontas Fuinnimh, lena náirítear an Pacáiste maidir le Fuinneamh Glan do Gach Eorpach agus Straitéis AE maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide.

Tá an togra seo i gcomhréir le hathbhreithniú an Chórais Eorpaigh Maoirseoirí Airgeadais 11 a thuarann go mbeidh ar an Údarás Baincéireachta Eorpach, 12 an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde 13 agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí 14  rioscaí a chur san áireamh a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus iad i mbun a gcuid cúraimí chun go mbeidh gníomhaíochtaí an mhargaidh airgeadais níos mó i gcomhréir le cuspóirí inbhuanaithe. Ar deireadh, tá an togra seo i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an Táirge Pinsin Pearsanta uile-Eorpach (TPPU) a thuarann roinnt nochtaí maidir le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais 15 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Tugann Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inniúlacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh maidir le comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin atá ceaptha sna Ballstáit chun an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú. Cuireann Airteagal 114 CFAE ar chumas AE bearta a dhéanamh ní hamháin chun bacainní reatha ar fheidhmiú na saoirsí bunúsacha a dhíothú agus cosc a chur ar na bacainní sin teacht chun cinn, lena náirítear na bacainní sin a chruthaíonn deacrachtaí d’oibreoirí eacnamaíocha, lena náirítear infheisteoirí, chun leas iomlán a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh.

In éagmais rialacha comhchuibhithe AE maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin, cruthaíodh caighdeáin éagsúla do na tagarmharcanna sin, as a bhféadfadh mearbhall d’infheisteoirí eascairt, mar aon le rogha fho-optamach innéacsanna chun feidhmiú cistí agus táirgí ísealcharbóin a thomhas. Tugann Airteagal 114 CFAE an ceart do AE gníomhú chun (i) feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i ndáil le hinnéacsanna ísealcharbóin a úsáidtear chun feidhmiú phunainn infheistíochta ísealcharbóin a thomhas, (ii) na bacainní ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a laghdú, agus (iii) infheistíochtaí trasteorann i ngníomhaíochtaí inbhuanaithe ar fud an Aontais a éascú.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá an togra ón gCoimisiún chun Rialachán na dTagarmharcanna a leasú i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar síos in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ina néilítear ar an Aontas gníomhaíocht a ghlacadh sa chás amháin agus a mhéid is nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, gur fearr is féidir leis an Aontas iad a ghnóthú.

Cé go bhfuil tagarmharcanna áirithe náisiúnta, bíonn gné thrasteorann ag gabháil go minic le húsáid tagarmharcanna i gconarthaí agus táirgí airgeadais. Cé go bhféadfadh gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta maidir le hinnéacs cuidiú lena áirithiú go gcuirfear in oiriúint é do chúinsí sonracha náisiúnta, beidh baol ann go bhfágfar an ghné thrasteorann ar leataobh agus go dtiocfaidh meascán rialacha dibhéirseacha as, rud a chruthódh éagothromaíocht deiseanna laistigh den mhargadh aonair agus a mbeadh cur chuige míréireach as ar fud an Aontais mar thoradh air. Bheadh gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta ar neamhréir freisin le cuspóirí Rialachán na dTagarmharcanna, a bhfuil sé mar aidhm leis na rialacha lena rialaítear táirgeadh agus úsáid tagarmharcanna ar fud an Aontais a chomhchuibhiú. D’aithin G20 agus FSB an fhadhb sin agus chuir siad de chúram ar IOSCO tacar prionsabal domhanda a chruthú a chuirfí i bhfeidhm ar thagarmharcanna airgeadais. Chuideodh leasú ar Rialachán na dTagarmharcanna leis an margadh aonair a threisiú tríd an gcreat coiteann a fheabhsú do thagarmharcanna iontaofa a úsáidtear go hiomchuí ar fud Ballstáit éagsúla.

Comhréireacht

Tá an leasú beartaithe ar Rialachán na dTagarmharcanna comhréireach, de réir mar a éilítear in Airteagal 5(4) CAE. Tá sé spriocdhírithe ar na hinnéacsanna sin ina bhfuil breithnithe inbhuanaitheachta, go háirithe innéacsanna ísealcharbóin. Ní dhéanfar difear ach do na soláthróirí sin leis an togra seo.

Leanann an togra cur chuige comhréireach lena gcinntítear go bhforchuirtear na hoibleagáidí nua ar riarthóirí tagarmharcanna atá faoi réir ceanglais chomhchosúla cheana faoi Rialachán na dTagarmharcanna. Níor cheart go méadófaí an tualach riaracháin go díréireach dá bhrí sin. Thairis sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé ualach riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin a laghdú mar go gcuireann an togra rialacha soiléire agus comhchuibhithe chun cinn do thagarmharcanna den sórt sin, as a bhféadfadh laghdú teacht dá bhrí sin ar na costais a thagann as beartais inmheánacha a fhorbairt.

An rogha ionstraime

Is leasú ar Rialachán na dTagarmharcanna an ionstraim dhlíthiúil is iomchuí chun rialacha nochta ESG a thabhairt isteach mar aon le híoscheanglais chomhchuibhithe do thagarmharcanna ísealcharbóin ar fud an Aontais, mar gheall ar chineál trasteorann mórán tagarmharcanna. Trí úsáid a bhaint as Rialachán, atá infheidhme go díreach gan reachtaíocht náisiúnta a bheith de dhíth, déanfar laghdú ar an bhféidearthacht bearta atá éagsúil le chéile a bheith á ndéanamh ag údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta, agus déanfar cur chuige comhsheasmhach agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú ar fud an Aontais.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cuireadh HLEG ar bun i mí na Nollag 2016 chun cuidiú le straitéis AE maidir le hAirgeadas Inbhuanaithe a fhorbairt trí mholtaí: d’fhoilsigh sé tuarascáil eatramhach HLEG maidir le “Geilleagar Eorpach Inbhuanaithe a Mhaoiniú” i lár mhí Iúil 2017 agus chuir sé an tuarascáil i láthair ag imeacht geallsealbhóirí an 18 Iúil 2017, le ceistneoir comhairliúcháin ina diaidh. An 31 Eanáir 2018, foilsíodh ráiteas aiseolais in éineacht le tuarascáil críochnaitheach an HLEG maidir le Geilleagar Eorpach Inbhuanaithe a Mhaoiniú. Tugann an ráiteas aiseolais achoimre ar fhreagraí na bhfreagróirí, go sonrach maidir le ról thagarmharcanna ESG.

Thairis sin, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí áirithe maidir le (i) an gá atá ann caighdeáin do mhodheolaíochtaí a chomhchuibhiú ar leibhéal na hEorpa; ii) bacainní ar úsáid innéacsanna ísealcharbóin; agus iii) príomhghnéithe nach mór iad a chur san áireamh i modheolaíocht do thagarmharcanna ísealcharbóin. Déantar achoimre ar thuairimí na ngeallsealbhóirí thíos.

Agallaimh spriocdhírithe ar gheallsealbhóirí

Cuireadh agallamh ar ghrúpa éagsúil geallsealbhóirí, lena náirítear freagróirí ó na réimsí seo: bainistiú sócmhainní, riarthóirí tagarmharcanna, bonneagar margaidh, baincéireacht, agus meithle abhcóideachta/machnaimh.

Tháinig sé chun solais sna hagallaimh go mbaineann bainisteoirí sócmhainní úsáid as dhá chineál innéacs ísealcharbóin: innéacs ‘ísealcharbóin príomhshrutha’ agus innéacs ‘ísealcharbóin aontionscail’. Dar leis na bainisteoirí sócmhainní is uirlisí iad na hinnéacsanna chun bainistiú a dhéanamh ar an riosca go dtarlaíodh idirghabháil rialála amach anseo, a bhféadfadh sócmhainní ‘tréigthe’ eascairt uaithi. Díríonn siad den chuid is mó ar innéacsanna ‘dícharbónaithe’. Déantar na hinnéacsanna sin a fhorléiriú ar bhonn caighdeáin nó 'máthair-thagarmhairc’, agus ar an gcaoi sin cuirtear as an áireamh na cuideachtaí a bhfuil lorg sách íseal astaíochta carbóin acu, nó déantar iad a thearc-ualú. 

Bíonn soláthraithe innéacsanna ísealcharbóin ag féachaint le lorg carbóin foriomlán phunann fholuiteach an innéacs a laghdú má chuirtear é sin i gcomparáid le hinnéacsanna caighdeánacha a chuireann ualú i bhfeidhm de ghnáth bunaithe ar chaipitliú margaidh. Mar shampla, d’fhéadfaidís iarracht laghdú 40% ar an lorg carbóin a bhaint amach i gcomparáid leis an innéacs caighdeánach nó leis an ‘máthair-innéacs’. Maíonn soláthraithe innéacsanna ‘aontionscail’ nach bhfuil na hinnéacsanna príomhshrutha ‘dícharbónaithe’ sin ailínithe le cuspóirí 2°C atá sonraithe i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide; tacaíonn siad le modheolaíocht níos déine chun codanna an tagarmhairc a roghnú, amhail an cóimheas tionchair carbóin. 

Tháinig sé chun solais sna hagallaimh freisin go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na bealaí a ndéanann soláthraithe innéacsanna an lorg carbóin a thomhas. I gcás fhormhór na soláthraithe innéacsanna príomhshrutha ní áiríonn siad ach na hastaíochtaí carbóin a thagann go díreach ó ghníomhaíochtaí táirgthe na cuideachta (‘astaíochtaí raon 1’) agus na hastaíochtaí indíreacha arna nginiúint ag amhábhair nó ‘ionchuir’ eile a fhaigheann an chuideachta roimh ré chun a táirgí a tháirgeadh nó a seirbhísí a sholáthar (‘astaíochtaí raon 2’). Tá ionadaithe na soláthraithe innéacsanna ‘aontionscail’ den tuairim, áfach, nach leor an cur chuige sin chun lorg carbóin cuideachta a léiriú toisc nach gcuirtear san áireamh na hastaíochtaí a ghineann custaiméirí na cuideachta ar chor ar bith ('astaíochtaí raon 3').

Ceistneoir

D'fhreagair bainisteoirí sócmhainní, cuideachtaí athárachais, soláthraithe tagarmharcanna agus aon chomhlachas baincéireachta amháin na ceisteanna maidir le húsáideacht na gcaighdeán comhchuibhithe le haghaidh na modheolaíochta d’innéacsanna ísealcharbóin.

Luaigh na freagróirí nach núsáideann siad an tinnéacs ísealcharbóin, ar na cúiseanna seo a leanas: (i) ní chuireann modheolaíochtaí atá in úsáid faoi láthair san áireamh gach foinse astaíochtaí carbóin; (ii) níl aon mhuinín ag a gcliaint (infheisteoirí) sa mhodheolaíocht atá in úsáid do na hinnéacsanna ísealcharbóin atá ar fáil; agus (iii) níl innéacsanna ísealcharbóin ann atá ag teacht le cur chuige agus stíl a ninfheistíochtaí.

D’admhaigh na freagróirí go bhfuil fiúntas ag baint le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh na modheolaíochta d’innéacs ísealcharbóin ar leibhéal AE agus chuir siad i dtreis a thábhachtaí is atá sonraí iontaofa maidir le hastaíochtaí indíreacha carbóin a ghineann úsáideoirí nó soláthraithe cuideachta.

Mar fhreagra ar an gceist faoi na gnéithe is tábhachtaí, dar leo, sna hinnéacsanna ísealcharbóin, luaigh formhór na bhfreagróirí gur dóigh leo gur cheart go gcuirfí astaíochtaí raon 3 san áireamh agus astaíochtaí carbóin á meas. Thug roinnt freagróirí dá naire gur cheart go mbeadh an mhodheolaíocht d’innéacs ísealcharbóin i gcomhréir le tacsanomaíocht fhéideartha AE atá ar na bacáin. Bhí amhras ar roinnt freagróirí, áfach, faoi mhodheolaíocht chomhchuibhithe a fhorbairt ar leibhéal AE, agus luaigh siad cúiseanna imní faoi na sonraí atá ar fáil, an nasc doiléir idir an lorg carbóin agus rioscaí comhshaoil a bhfuil tionchar airgeadais ag baint leo (e.g. riosca aistrithe), agus gur de chineál siarbhreathnaitheach formhór na modhanna.

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an togra bunaithe ar an tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil um airgeadas inbhuanaithe ina moltar go nglacfaí céimeanna chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar threoir maidir le tagarmharcanna margaidh airgeadais. Breithníodh go cúramach ailíniú an togra sin le moltaí eile ón nGrúpa Ardleibhéil amhail nochtadh faisnéise agus tacsanomaíocht na nithe a meastar iad a bheith inbhuanaithe.

Tá an togra bunaithe freisin ar an staidéar Defining 'green' in the context of green finance arna choimisiúnú ag an gCoimisiún in 2017. Cuirtear i láthair sa staidéar iad seo a leanas:

·forléargas agus anailís ar na hiarrachtaí atá ar bun ar fud an domhain ‘glas’ a shainmhíniú le haghaidh bannaí glasa, iasachtú glas agus cothromas liostaithe glas;

·na modhanna agus an raon faoina sainaithnítear sócmhainní agus gníomhaíochtaí glasa, trí shainmhínithe coincheapúla, tacsanomaíochtaí, modheolaíochtaí rátála agus modhanna eile agus an gá iadsan a chur san áireamh sna modheolaíochtaí a úsáidtear chun tagarmharcanna agus cistí glasa a cheapadh, agus

·comparáid idir na difríochtaí ollmhóra idir na modheolaíochtaí is bun le cothromas glas agus le hinnéacsanna bannaí glasa

Ar mhaithe le hullmhú le haghaidh gníomhartha tarmligthe ina saineofar paraiméadair na modheolaíochta chun sócmhainní foluiteacha a roghnú d’innéacsanna ísealcharbóin agus d’innéacsanna do thionchar dearfach carbóin, beidh an Coimisiún ag brath ar chomhairle an ghrúpa saineolaithe teicniúla um airgeadas inbhuanaithe arna bhunú ag an gCoimisiún.

Measúnú tionchair

I gcomhréir leis an mbeartas um Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna eile beartais.

Áiríodh i measc na roghanna eile sin sa mheasúnú tionchair, ó thaobh beartas ginearálta de:

(1)nach ngníomhódh AE in aon chor (Rogha 1);

(2)go gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht na modheolaíochta agus go socrófaí íoschaighdeáin d’innéacsanna ‘dícharbónaithe’ nó ‘ísealcharbóín’ 16 - cuir chuige ginearálaithe le comhchuibhiú íosta (Rogha 2);

(3)rialacha comhchuibhithe AE le haghaidh innéacsanna ‘aontionscail’ ísealcharbóin nó innéacsanna do ‘thionchar dearfach carbóin’ atá i gcomhréir le cuspóir 2°C – cur chuige speisialaithe mar aon le leabhar rialacha mionsonraithe (Rogha 3);

(4)íoschaighdeáin chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an modheolaíocht atá le cur i bhfeidhm i leith na ninnéacsanna ísealcharbóin agus na ninnéacsanna do ‘thionchar dearfach carbóin’ (Rogha 4, fo-rogha a) nó rialacha comhchuibhithe AE le haghaidh cineálacha éagsúla innéacsanna ísealcharbóin - cur chuige rialála cuimsitheach (Rogha 4, fo-rogha b)

Faoi rogha 1, is dócha go ndéanfaí ilroinnt níos mó fós ar an margadh le caitheamh ama, agus go bhfanfadh na costais ghaolmhara chuardaigh ard d’infheisteoirí. Na hinfheisteoirí ar mhaith leo infheistiú le fíorthionchar i sócmhainní atá ailínithe le cuspóir 2°C, fós ní bheadh na háiseanna iomchuí acu (tagarmharcanna) chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht a gcistí/a bpunainne ísealcharbóin. Bheadh tionchar leanúnach ag easpa chomhchuibhiú na modheolaíochta d’innéacsanna ísealcharbóin ar a ninchomparáideacht agus ar a nábharthacht. Chomh maith leis sin, ní spreagfadh sé cuideachtaí a straitéisí corparáideacha a ailíniú le spriocanna a bhaineann le hathrú aeráide.

Chuirfeadh Rogha 2 feabhas ar thrédhearcacht na modheolaíochta do thagarmharcanna agus dhéanfadh sé ailíniú ar roinnt dá gnéithe. Faoin rogha sin, sholáthfóraí sonraí d’infheisteoirí maidir le paraiméadair a bhaineann le hathrú aeráide a chur san áireamh, cur síos ar shainghnéithe den tagarmharc, agus na critéir arna núsáid chun iad a roghnú agus a ualú. Bheadh an rogha sin sách éasca agus sách costéifeachtach do riarthóirí tagarmharcanna glacadh léi, sa mhéid nach néileofaí ar riarthóirí tagarmharcanna ach íoschaighdeáin a chomhlíonadh ina modheolaíocht agus thabharfadh sé níos mó solúbthachta dóibh i gcás eilimintí/critéir eile. Ní bheadh feidhm ag an modheolaíocht chomhchuibhithe sin, áfach, ach maidir le cuid de na hinnéacsanna ísealcharbóin nach bhfuil ailíniú le cuspóir 2o C mar aidhm acu, agus dá bhrí sin d'fhéadfadh nach rannchuideoidís go suntasach le beartais chun athrú aeráide a mhaolú trí shoiléiriú a thabhairt ar leibhéal AE maidir le cad is sócmhainní/infheistíochtaí inbhuanaithe ann. Mar sin, níl an rogha sin ailínithe le gnóthú iomlán spriocanna inbuanaitheachta AE.

Faoi rogha 3, chruthódh an Coimisiún sraith rialacha comhchuibhithe a chumhdódh innéacsanna ‘aontionscail’ ísealcharbóin nó innéacsanna do ‘thionchar dearfach carbóin’ 17 . Thabharfadh na hinnéacsanna sin an deis do bhainisteoirí sócmhainní/infheisteoirí institiúideacha rianú/measúnú cuí a dhéanamh ar fheidhmíocht a gcistí roghnaithe i gcomhréir le cuspóir 2oC de Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus léireodh sé dá gcliaint/dtairbhithe go bhfuiltear ag comhlíonadh na straitéise infheistíochta sin. I gcodarsnacht le rogha 2, chumasódh an mhodheolaíocht áireamh na sócmhainní ag na cuideachtaí sin a chuireann go suntasach le laghdú astaíochtaí, agus dá bhrí sin, threorófaí níos mó sruthanna infheistíochta chuig na hinfheisteoirí 18 . Sa mhéid nach gá go ndéanfadh na hinnéacsanna ‘aontionscail’ ísealcharbóin sin na hinfheistíochtaí a chomhchruinniú ach i roinnt earnálacha, áfach, ní mheastar iad a bheith oiriúnach chun croíchothromas punainne a fhorbairt do ghrúpa mór geallsealbhóirí, agus dá bharr sin bheadh an baol ann go ndéanfaí teorannú ar úsáid an tagarmhairc sa mhargadh.

Faoi Rogha 4, thabharfaí isteach rialacha comhchuibhithe le haghaidh (1) leaganacha ‘dícharbónaithe’ nó ‘ísealcharbóin’ d’innéacsanna caighdeánacha agus (2) innéacsanna ‘aontionscail’ ísealcharbóin nó innéacsanna do ‘thionchar dearfach carbóin’. Ar an gcaoi sin, bheadh feidhm ag an rogha seo i leith raon níos leithne innéacsanna ná rogha 2 nó rogha 3. Thabharfadh sé an deis d’infheisteoirí institiúideacha agus do bhainisteoirí sócmhainní rianú/measúnú cuí a dhéanamh ar fheidhmíocht fhormhór na gcineálacha cistí ísealcharbóin agus chuirfeadh sé rogha sách mór ar fáil d’uirlisí a léireodh dá gcliaint go bhfuil siad ag comhlíonadh roghanna ísealcharbóin a gcliant.

Rinneadh anailís ar an rogha sin faoi dhá fho-rogha.

Fo-rogha 4a (an rogha thosaíochta): De réir chur chuige na fo-rogha seo, thabharfaí isteach faoin gcreat nua íoschaighdeáin chun comhchuibhiú a dhéanamh ar an modheolaíocht a bheadh le cur i bhfeidhm i leith innéacsanna ísealcharbóin agus innéacsanna do ‘thionchar dearfach carbóin’. Faoin rogha seo bhunófaí roinnt íosghnéithe tábhachtacha den mhodheolaíocht a mbainfí úsáid astu chun beartú ar na tagarmharcanna dícharbónaithe agus na tagarmharcanna do ‘thionchar dearfach carbóin’, agus chuirfí caighdeáin ar fáil do na critéir agus na modhanna chun sócmhainní foluiteacha a ualú agus a roghnú, agus chun an lorg carbóin a ríomh a bhainfeadh leis an sócmhainní foluiteacha. Bheadh leas á bhaint ag an gcur chuige sin as modheolaíochtaí Eorpacha atá ann cheana féin agus atá formheasta ag an gCoimisiún agus in úsáid go forleathan ag cuideachtaí chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a ríomh amhail an Lorg Comhshaoil Táirge (PEF) agus an Lorg Comhshaoil Eagraíochtúil (OEF) 19 .

Fo-rogha 4b: Faoin bhfo-rogha seo thabharfaí isteach socruithe le haghaidh comhchuibhiú íosta, agus dhéanfaí comhchuibhiú iomlán ar mhodheolaíochtaí dhá chatagóir nua ar bhonn sraith mhionsonraithe agus chuimsitheach rialacha ar Leibhéal 1 agus sraith níos mionsonraithe mar aon le ceanglais shonracha ar Leibhéal 2. Leis na rialacha sin bhunófaí critéir shonracha do roghnú agus d’ualú shócmhainní foluiteacha na dtagarmharcanna ísealcharbóin agus na dtagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin. Faoin gcur chuige seo bheadh leibhéal ard inchomparáideachta ann idir modheolaíochta na gcatagóirí nua tagarmharcanna. Bheadh easpa solúbthachta ann, áfach, do riarthóirí tagarmharcanna i ndearadh a modheolaíochta agus thabhóidís costais shuntasacha mar go mbeadh orthu ceanglais dhochta nua a chomhlíonadh arna leagan síos le reachtaíocht AE.

Faoi fho-rogha 4a, cé go mbeadh an leibhéal inchomparáideachta beagán níos ísle d’infheisteoirí ó thaobh na modheolaíochta do thagarmharcanna de, bheadh solúbthacht shuntasach ann do riarthóirí tagarmharcanna ó thaobh dhearadh na foirmle a bheadh in úsáid chun a modheolaíocht a ríomh. I dtéarmaí níos ginearálta, thabharfadh an mhodheolaíocht sin deis don mhargadh straitéisí nuálacha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní faoin gcomhshaol. Anuas air sin, thabhódh riarthóirí tagarmharcanna mionchostais chun a modheolaíochtaí féin a chur in oiriúint do chaighdeáin íosta dá bhforáiltear faoi reachtaíocht AE.

Tá an fho-rogha seo comhoiriúnach freisin le tograí eile ón gCoimisiún i réimse an airgeadais inbhuanaithe 20 , sa mhéid go rannchuideodh sé le feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise arna soláthar ag bainisteoirí sócmhainní d’infheisteoirí deiridh i gcomhréir leis an gcuspóir infheistíochta. Ar an gcaoi chéanna le rogha 3, faoi fho-rogha 4a, dhéanfaí infheistíochtaí a aistriú freisin chuig cuideachtaí in earnálacha a bhfuil lorg mór carbóin acu agus chuirfí go suntasach le laghdú astaíochtaí. Tá roinnt dúshlán ag baint leis an rogha sin, áfach: i) níl infhaighteacht sonraí seasta, agus de ghnáth ní bhíonn na sonraí sin iomlán; ii) féadfaidh castacht a bheith ag baint le comparáid a dhéanamh idir astaíochtaí ó chuideachtaí atá ina earnálacha éagsúla; agus iii) tá an baol ann go bhféadfaidh modheolaíochtaí comhchuibhithe bac a chur le nuálaíocht.

Dar leis an gCoimisiún, bheadh na tionchair seo a leanas ag eascairt ón rogha thosaíochta i dtéarmaí eacnamaíochta, comhshaoil agus sóisialta:

I dtéarmaí eacnamaíochta, bheadh an tionchar seo a leanas ag caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh modheolaíochtaí trédhearcacha d’innéacsanna ísealcharbóin agus innéacsanna do thionchar dearfach carbóin, anuas ar nochtadh faisnéise níos mionsonraithe CSR le haghaidh tagarmharcanna eile: (i) laghdódh sé an neamhshiméadracht faisnéise idir infheisteoirí agus soláthraithe innéacsanna, mar go mbeadh an fhaisnéis riachtanach go léir ag bainisteoirí sócmhainní agus bainisteoirí punainne chun innéacs ísealcharbóin nó innéacs do thionchar dearfach carbóin a roghnú a bheadh ag teacht lena stíl infheistíochta; (ii) laghdódh sé an ilroinnt ar an margadh atá ann faoi láthair, mar nach bhfuil na modheolaíochtaí le haghaidh innéacsanna ísealcharbóin caighdeánaithe fós; agus (iii) chuirfeadh sé feabhas ar cháilíocht agus ar inchomparáideacht na faisnéise maidir le hathrú aeráide arna faisnéisiú ag cuideachtaí corparáideacha, agus d’fhéadfaí iad a dhreasú chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil mar thoradh ar an innéacs. Dá bhrí sin, d’fhorbrófaí tagarmharcanna mar thoradh ar chaighdeáin chomhchuibhithe AE a bheith in úsáid le haghaidh modheolaíochtaí trédhearcacha ar tagarmharcanna iad a bheadh níos oiriúnaí chun feidhmíocht punainne nó táirge airgeadais a mheas a thagann leis an straitéis ‘ísealcharbóin’ nó le straitéis infheistíochta ‘chuspóir 2oC', faoi seach.

I dtéarmaí an tionchair ar an gcomhshaoil, dhéanfadh sé athdhíriú sách gasta ar mhaoiniú chuig sócmhainní agus tionscadail a bhfuil spriocanna inbhuanaitheachta ag baint leo ó thaobh astaíochtaí gáis cheaptha teasa de agus rannchuideodh sé le cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Ar an gcúis sin, trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar chaighdeáin d’fhaisnéisiú na modheolaíochta a bhaineann leis na cineálacha éagsúla innéacsanna ísealcharbóin agus innéacsanna do thionchar dearfach carbóin chuirfí straitéisí éagsúla ísealcharbóin ar fáil d'infheisteoirí a mbeadh uirlisí leormhaithe ag gabháil leo chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht idir a gciste/bpunann agus an tagarmharc roghnaithe, agus chuirfeadh sé ar chumas na ninfheisteoirí sin rianú/tomhas níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht i gcoinne an tagarmhairc ísealcharbóin iomchuí.

Níl aon tionchair shóisialta shuntasacha dhíreacha ná indíreacha ag an togra.

Cuireann an togra san áireamh na tuairimí (tuairim dhearfach a raibh cuntair áirithe ag dul léi arna heisiúint an 14 Bealtaine 2018 agus an dá thuairim dhiúltacha roimhe sin) arna neisiúint ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB). Téann an togra agus an measúnú tionchair athbhreithnithe i ngleic le barúlacha RSB, a chinn go mbeadh gá coigeartuithe a dhéanamh sula rachfaí ar aghaidh níos faide leis an tionscnamh seo (nasc).

Ina bharúlacha, luaigh RSB nár bhreithnigh an measúnú tionchair a dhóthain na rioscaí a bhaineann lena cheangal ar riarthóirí na dtagarmharcanna ísealcharbóin go núsáidfí tacsanomaíocht. Chuir an Bord a imní in iúl freisin, i ndáil le forbairt na modheolaíochta do thagarmharcanna ísealcharbóin amach anseo, nach ndeachaigh an measúnú tionchair i ngleic a dhóthain le cúrsaí costais do riarthóirí agus d’úsáideoirí na dtagarmharcanna sin.

Chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna imní an Bhoird, bhain an Coimisiún an oibleagáid ar riarthóirí na dtagarmharcanna ísealcharbóin agus na dtagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin maidir le húsáid a bhaint as tacsanomaíocht AE agus iad ag dearadh na bparaiméadar le haghaidh na modheolaíochtaí is bun le sócmhainní foluiteacha a roghnú agus oibleagáidí maidir le nochtadh faisnéise a chomhlíonadh. Anuas air sin, rinneadh coigeartú breise ar an togra sin chun a áirithiú go dtabharfaí aird chuí ar cheisteanna costais nuair a bheadh an mhodheolaíocht le haghaidh tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin á bhforbairt. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh nach sonróidh iontu ach na híoschaighdeáin le haghaidh tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin. Dá bhrí sin, ní thabharfaidh na gníomhartha tarmligthe sin isteach modheolaíocht atá comhchuibhithe go hiomlán, ach critéir íosta, agus ar an gcaoi sin fágfar an tsolúbthacht is gá ag na riarthóiri tagarmharcanna. Mar sin, bheadh na costais a bhainfeadh le comhlíonadh teorannaithe.

Cearta bunúsacha

Urramaíonn an togra na cearta bunúsacha agus na prionsabail atá aitheanta le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i bhfianaise na hoibleagáide nach mór gníomhaíocht eacnamaíochta shainaitheanta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh i gcomhréir le coimircí íosta sóisialta, rialachais agus eitice.

Éilíonn an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse faisnéise go nurramófaí saoirse na meán cumarsáide. Ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gceart bunúsach sin. Más rud é nach ndéanann duine ach tagarmharc a fhoilsiú nó go ndéantar tagairt dó mar chuid dá ghníomhaíochtaí iriseoireachta, áfach, agus nach bhfuil smacht aige ar sholáthar an tagarmhairc sin, níor cheart go mbeadh an duine sin faoi réir na gceanglas a fhorchuirtear ar riarthóirí leis an Rialachán seo. Fágann sé sin go mbeidh iriseoirí saor agus iad i mbun gníomhaíochtaí iriseoireachta chun tuairisc a thabhairt ar mhargaí airgeadais agus tráchtearraí. Dá réir sin, sainíodh go docht cad é an sainmhíniú ar riarthóir tagarmharcanna chun a áirithiú go gcumhdódh sé soláthar tagarmharcanna, ach nach gcuimseodh sé ina raon feidhme gníomhaíochtaí iriseoireachta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní mheastar go mbeidh tionchar ag an tionscnamh seo ar bhuiséad AE. Déanfaidh an ceanglas a bhaineann le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin na ceanglais a chomhlánú atá ann cheana féin ar riarthóirí tagarmharcanna agus dá bhrí sin ní bheidh tionchar acu ar na costais a thabhóidh na húdaráis mhaoirseachta ábhartha, i bhfianaise a nacmhainneachta agus a nacmhainní reatha faoin Rialachán maidir le Tagarmharcanna.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Bunóidh an Coimisiún clár chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an tionscnaimh seo bliain amháin tar éis don ionstraim dhlí teacht i bhfeidhm. Leagfar amach leis an gclár faireacháin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá agus na tráthanna ag a mbaileofar iad. Tá sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh cúig bliana tar éis chur cun feidhme na mbeart. Is é cuspóir na meastóireachta, i measc nithe eile, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart i dtéarmaí ghnóthú na gcuspóirí arna gcur i láthair sa mheasúnú tionchair seo agus a chinneadh cibé an bhfuil gá le bearta nó leasuithe nua.

Seo a leanas táscairí feidhmíochta sonracha tábhachtacha (KPIanna) a bhfuil beartaithe leo cur chun feidhme agus rannchuidiú na dtagarmharcanna ísealcharbóin agus na dtagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin a mheas i leith na gcuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe agus i leith réiteach a fháil ar na fadhbanna a shonraítear i gCuid 1 den Mheabhrán Míniúcháin:

·forás líon agus méid na gcistí/na bpunann ag úsáid tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcana don tionchar dearfach carbóin.

·líon na ngearán arna bhfáil ag an gCoimisiún ó úsáideoirí na dtagarmharcanna ísealcharbóin agus na dtagarmharcanna don tionchar dearfach carbóin.

·an costas a bhaineann le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin a cheapadh;

·tuarascáil ón gCoimisiún faoin Rialachán maidir le Tagarmharcanna chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht na dtagarmharcanna agus ar oiriúnacht na maoirseachta orthu (clásal athbhreithnithe Airteagal 54).

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1, mír 1, tugtar isteach sa Rialachán Tagarmhairc sainmhínithe na gcatagóirí de thagarmharcanna, is iad sin an ‘tagarmharc ísealcharbóin’ agus an ‘tagarmharc do thionchar dearfach carbóin’.

Le hAirteagal 1, mír 2, leasaítear Airteagal 13, mír 1 den Rialachán Tagarmhairc, (‘Trédhearcacht na modheolaíochta’) agus cuirtear pointe (d) nua leis an liosta d’fhaisnéis is gá do riarthóir tagarmharcanna a fhoilsiú nó a chur ar fáil. Go háirithe, de réir na hoibleagáide nua, sa bhreis ar an bhfaisnéis eile atá le nochtadh cheana, bheadh ar riarthóirí tagarmharcanna nó sraithe tagarmharcanna a shaothraíonn cuspóirí EGS nó a dhéanann iad a chur san áireamh míniú a sholáthar maidir le conas a léiríonn gnéithe príomha na modheolaíochta tosca ESG. Tugtar an chumhacht don Choimisiún tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar an inneachar íosta a bheidh i nochtadh den sórt sin.

Faoi Airteagal 1, mír 3, déantar Caibidil 3A nua a chur isteach i dTeideal III de Rialachán na dTagarmharcanna agus leagtar síos inti foráil aonair (Airteagal 29a) lena leagtar amach na príomhcheanglais a bhfuil feidhm acu maidir leis an modheolaíocht do thagarmharcanna ísealcharbóin nó tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin (atá liostaithe in iarscríbhinn nua). Ar dtús, bhí an Coimisiún ag smaoineamh ar chóras lán-chomhchuibhithe a thabhairt isteach le haghaidh modheolaíocht do na catagóirí nua de thagarmharcanna ar bhonn sraith chuimsitheach rialacha. De réir an chur chuige sin, níor mhór tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar phríomhghnéithe na modheolaíochta a bhunaítear sa togra reachtach seo agus ar na ceanglais mhionsonraithe maidir le roghnú agus ualú na sócmhainní foluiteacha i ngníomhartha tarmligthe atá le glacadh ag an gCoimisiún ar bhonn na comhairle ón nGrúpa Saineolaithe. Ina theannta sin, bhí sé i gceist leis na gníomhartha tarmligthe saincheaptha ceanglas a chur ar riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin úsáid a bhaint as an Rialachán AE maidir le Tacsanomaíocht, agus paraiméadair na modheolaíochta le haghaidh roghnú na sócmhainní foluiteacha á ndearadh acu.

Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB), áfach, maidir leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le modheolaíocht atá chomh dian sin a fhorbairt, tá coigeartú déanta ag an gCoimisiún ar an togra sin chun a fhoráil go mbeadh glacadh na ngníomhartha tarmligthe teoranta do chaighdeáin íosta a shonrú tuilleadh maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin. Bhíothas i bhfabhar an chur chuige freisin ar an ábhar go mbeadh leibhéal suntasach inchomparáideachta ag baint leis a mhéid a bhaineann leis na modheolaíochtaí do thagarmharcanna ísealcharbóin. Ag an am céanna, ní dhéanfadh riarthóirí tagarmharcanna costais arda a thabhú agus a modheolaíocht á hailíniú acu le caighdeán AE agus bheadh méid áirithe solúbthachta acu fós maidir le dearadh a modheolaíochta. I dtéarmaí níos ginearálta, thabharfadh an mhodheolaíocht sin deis don mhargadh straitéisí nuálacha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní chomhshaoil.

Chun na hábhair imní ar tharraing an Bord aird orthu maidir leis na rioscaí a bhaineann le riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin ag baint úsáid ar bhonn éigeantach as an tacsanomaíocht a chur san áireamh, rinneadh an togra a choigeartú tuilleadh chun nach gcuirfí ceanglas ar riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin leis na gníomhartha tarmligthe lena sonraítear na caighdeáin íosta do chomhchuibhiú úsáid a bhaint as an Rialachán AE maidir le Tacsanomaíocht agus paraiméadair na modheolaíochta le haghaidh roghnú na sócmhainní foluiteacha á ndearadh acu. Tríd an modheolaíocht a dhí-chuachadh ó thacsanomaíocht AE, beidh an leibhéal solúbthachta atá de dhíth orthu ag riarthóirí.

Le hAirteagal 1, mír 4, leasaítear Airteagal 27, de Rialachán na dTagarmharcanna (‘Ráiteas tagarmhairc’) trí mhír nua a thabhairt isteach, atá dírithe ar a chur de cheangal ar riarthóirí, le haghaidh gach tagarmhairc nó sraith de thagarmharcanna a sholáthraítear lena saothraítear cuspóirí EGS nó lena ndéantar iad a chur san áireamh, go dtabharfaidís míniú sa ráiteas tagarmhairc ar conas a léirítear tosca sóisialta agus rialachais le haghaidh gach tagarmhairc nó sraithe tagarmharcanna a shaothraíonn cuspóirí EGS nó a dhéanann iad a chur san áireamh. Tugtar an chumhacht don Choimisiún an fhaisnéis atá le tabhairt a shonrú tuilleadh.

I mír 5, tugtar isteach Iarscríbhinn III nua atá ag gabháil le Rialachán na dTagarmharcanna agus ina leagtar síos na príomhcheanglais don mhodheolaíocht maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin lena liostaítear na heilimintí is gá do riarthóirí a nochtadh agus an nós imeachta atá le leanúint chun a modheolaíocht a leasú.

De bhun Airteagal 2, tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2018/0180 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 21 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 22 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat nua um fhorbairt inbhuanaithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe 23 , a raibh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) ina chroílár. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2016 maidir leis na chéad chéimeanna atá le tabhairt le haghaidh todhchaí inbhuanaithe don Eoraip 24 , déantar na SDGanna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú, le gach gníomhaíocht agus tionscnamh beartas de chuid an Aontais, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, go ndéanfar na SDGanna a chur san áireamh ag an tús. Leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Meitheamh 2017 25 , deimhníodh tiomantas an Aontais agus na mBallstát maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus le geallsealbhóirí eile.

(2)In 2015, rinne an tAontas Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a thabhairt i gcrích 26 . In Airteagal 2(c) den Chomhaontú sin, leagtar amach an cuspóir chun an fhreagairt ar athrú aeráide a neartú, ar roinnt bealaí lena náirítear trí shreafaí airgeadais a bheith i gcomhréir le bealach ionsar astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide.

(3)Tá an inbhuanaitheacht agus an taistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide, geilleagar atá níos tíosaigh ar acmhainní agus geilleagar ciorclach ríthábhachtach maidir le hiomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. Is fada atá an inbhuanaitheacht ag croílár thionscadal an Aontais agus tugtar aitheantas dá ghnéithe sóisialta agus comhshaoil i gConarthaí an Aontais.

(4)I Márta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta ‘Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú’ 27 , lenar bunaíodh straitéis uaillmhianach agus chuimsitheach le haghaidh maoiniú inbhuanaithe. Ar cheann de chuspóirí an Phlean sin tá sreafaí caipitil a atreorú i dtreo infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach.

(5)I gCinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 , iarradh méadú ar mhaoiniú ón earnáil phríobháideach do chaiteachas a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, go háirithe trí dhreasachtaí agus modheolaíochtaí a chur i bhfeidhm lena ndéanfaí cuideachtaí a spreagadh chun tomhas a dhéanamh ar chostais chomhshaoil a ngnólachtaí agus ar na brabúis a shaothraíonn siad ó sheirbhisí comhshaoil a úsáid.

(6)Chun cuspóirí SDG san Aontas a bhaint amach is gá sreafaí caipitil a dhíriú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh chun na spriocanna sin a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur le constaicí roimh ghluaiseacht éifeachtúil chaipitil chuig infheistíochtaí inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach agus constaicí den sórt sin a bhfuiltear ag súil lena dteacht chun cinn a chosc.

(7)Le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , bunaítear rialacha aonfhoirmeacha maidir le tagarmharcanna san Aontas agus freastalaítear ar chineálacha éagsúla tagarmharcanna. Tá méadú ag teacht ar líon na ninfheisteoirí atá ag saothrú straitéisí infheistíochta ísealcharbóin agus atá ag baint leas as tagarmharcanna ísealcharbóin chun go mbeidís mar threoir d’fheidhmíocht punann infheistíochta nó chun í a thomhas.

(8)Tá réimse leathan innéacsanna á ngrúpáil le chéile faoi láthair mar innéacsanna ísealcharbóin. Baintear úsáid as na hinnéacsanna ísealcharbóin le haghaidh punnana infheistíochta a dhíoltar trasna teorainneacha. Déanann cáilíocht agus sláine tagarmharcanna ísealcharbóin difear d’fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i réimse leathan punanna infheistíochta aonair agus punanna comh-infheistíochta. Maidir le roinnt mhaith innéacsanna ísealcharbóin a úsáidtear mar bhearta feidhmíochta le haghaidh punanna infheistíochta, go háirithe le haghaidh cuntais infheistíochta leithscartha agus scéimeanna comhinfheistíochta, déantar iad a sholáthar i mBallstát amháin ach baineann bainisteoirí punainne agus bainisteoirí sócmhainní úsáid astu i mBallstáit eile. Ina theannta sin, is minic a dhéanann bainisteoirí punainne agus bainisteoirí sócmhainní a rioscaí neamhchosanta carbóin a fhálú trí úsáid a bhaint as tagarmharcanna a sholáthraítear i mBallstáit eile.

(9)Tá catagóirí éagsúla d’innéacsanna ísealcharbóin a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine ag baint leo tagtha chun cinn sa mhargadh. Cé go bhfuil sé mar aidhm le roinnt tagarmharcanna laghdú a dhéanamh ar lorg carbóin punainne caighdeánaí infheistíochta, níl d’aidhm le roinnt eile acu ach na comhpháirteanna a rannchuidíonn le cuspóir 2°C a leagtar amach i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a bhaint amach. In ainneoin na ndifríochtaí idir na cuspóirí agus na straitéisí, is minic na tagarmharcanna sin uile á gcur chun cinn mar thagarmharcanna ísealcharbóin.

(10)Mar thoradh ar roinnt cur chuige éagsúla maidir le modheolaíochtaí tagarmhairc, tá ilroinnt sa mhargaidh aonair tarlaithe mar gheall ar nach bhfuil sé soiléir d’úsáideoirí tagarmharcanna i dtaobh an bhfuil innéacs carbóin an-íseal ina thagarmharc atá ailínithe le cuspóir 2°C nó mura bhfuil ann ach tagarmharc a bhfuil sé mar aidhm leis lorg carbóin punainne caighdeánaí a ísliú. Chun aghaidh a thabhairt ar éilimh a d’fhéadfadh a bheith neamhdhlisteanach ó riarthóirí maidir le cineál ísealcharbóin a dtagarmharcanna, is dócha go ndéanfaidh na Ballstáit rialacha éagsúla a ghlacadh chun mearbhall agus an débhríocht a bheadh ar na hinfheisteoirí dá bharr sin a sheachaint maidir leis na haidhmeanna agus an leibhéal uaillmhéine atá mar bhonn leis na catagóirí éagsúla d’innéacsanna ísealcharbóin, mar a thugtar orthu, le haghaidh punann infheistíochta.

(11)In éagmais creat comhchuibhithe chun cruinneas agus sláine na bpríomhchatagóirí de thagarmharcanna ísealcharbóin a úsáidtear i bpunanna infheistíochta aonair nó i bpunanna chomhinfheistíochta a áirithiú, is dócha go mbeidh difríochtaí i gcur chuige na mBallstát ina gcúis le constaicí a bheith roimh fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(12)Dá bhrí sin, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chothabháil, chun dálaí a fheidhmithe a fheabhsú tuilleadh, agus chun leibhéal ard cosanta tomhaltóirí agus infheisteoirí a áirithiú, is iomchuí Rialachán (AE) 2016/1011 a ghlacadh chun creat rialála a leagan síos ar leibhéal an Aontais le haghaidh tagarmharcanna ísealcharbóin comhchuibhithe.

(13)Thairis sin, is gá idirdhealú soiléir a dhéanamh idir tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin. Cé gur cheart na sócmhainní foluiteacha i dtagarmharc ísealcharbóin a roghnú agus é mar aidhm leis sin astaíochtaí carbóin na punainne innéacs a ísliú i gcomparáid leis an máthairinnéacs, ba cheart nach mbeadh in innéacs tionchair dhearfaigh carbóin comhdhéanta ach de chomhpháirteanna lena mbaineann laghdú ar astaíochtaí atá níos mó ná na hastaíochtaí carbóin uathu.

(14)Ba cheart do gach cuideachta a roghnaítear a sócmhainní mar bhonn le tagarmharc do thionchar dhearfach carbóin laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin atá níos mó ná an méid carbóin a ghineann sé, agus sa chaoi sin tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na bainisteoirí punainne agus do na bainisteoirí sócmhainní a mhaíonn go bhfuil straitéis infheistíochta atá i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide á saothrú acu úsáid a bhaint as tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin.

(15)Tá roinnt riarthóirí tagarmharcanna éagsula ann a mhaíonn go bhfuil cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (‘ESG’) á saothrú lena gcuid tagarmharcanna. Ní i gcónaí, áfach, a bhíonn an fhaisnéis is gá ag úsáideoirí na dtagarmharcanna sin maidir leis na méid a chuirtear cuspóirí ESG san áireamh le modheolaíocht na riarthóirí tagarmharcanna sin. Is minic a bhíonn an fhaisnéis atá ann cheana scaipthe agus nach féidir í a úsáid chun comparáid éifeachtach a dhéanamh chun críocha infheistíochta trasna teorainneacha. Chun go mbeidh gníomhaithe sa mhargadh in ann roghanna dea-eolasacha a dhéanamh, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar riarthóirí tagarmharcanna a nochtadh conas a dhéantar tosca ESG a chur san áireamh maidir le gach tagarmharc nó sraith tagarmharcanna a chuirtear chun cinn mar gheall ar chuspóirí ESG a bheith á saothrú leo. Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis sin a nochtadh freisin sa ráiteas tagarmhairc. Níor cheart go mbeadh riarthóirí na dtagarmharcanna nach ndéantar cuspóirí ESG a chur chun cinn ná a chur san áireamh leo faoi réir na hoibleagáide maidir le nochtadh.

(16)Ar na cúiseanna céanna, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin an mhodheolaíocht a úsáideann siad dá ríomh a fhoilsiú freisin. Ba cheart tuairisc a bheith san fhaisnéis sin maidir le conas a rinneadh na sócmhainní foluiteacha a roghnú agus a ualú, agus ar cad iad na sócmhainní a rinneadh a eisiamh agus cén fáth a ndearnadh amhlaidh. Ba cheart do na riarthóirí tagarmharcanna a shonrú cén bealach a bhfuil na tagarmharcanna ísealcharbóin éagsúil ón máthairinnéacs foluiteach, go háirithe ó thaobh na nualaí is infheidhme, caipitliú margaidh agus fheidhmíocht airgeadais na sócmhainní foluiteacha. Chun measúnú a dhéanamh ar conas a rannchuidíonn an tagarmharc leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, ba cheart don riarthóir tagarmhairc a nochtadh conas a rinneadh lorg carbóin agus coigilteas carbóin na sócmhainní foluiteacha a thomhas, a luachanna féin, lena náirítear lorg carbóin iomlán an tagarmhairc, agus cineál agus foinse na sonraí ar baineadh úsáid astu. Chun go mbeidh bainisteoirí sócmhainní in ann an tagarmharc is iomchuí dá straitéis infheistíochta a roghnú, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna míniú a thabhairt ar an réasúnaíocht atá taobh thiar de pharaiméadair a modheolaíochta agus ar conas a rannchuidíonn an tagarmharc leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, lena náirítear an tionchar atá aige ar mhaolú ar an athrú aeráide. Ba cheart go mbeadh sonraí maidir le minicíocht na nathbhreithnithe a rinneadh agus maidir leis an nós imeachta a leanadh san fhaisnéis a fhoilseofar.

(17)Thairis sin, ba cheart do riarthóir tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin an tionchar dearfach carbóin a nochtadh maidir le gach sócmhainn fholuiteach a áirítear sna tagarmharcanna sin, agus ba cheart dó nó di sonrú a dhéanamh ar an modh ar baineadh úsáid as chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an raibh an laghdú ar astaíochtaí níos mó ná lorg carbóin na sócmhainne infheistíochta.

(18)Chun a áirithiú go leanfar de bheith ag cloí leis an gcuspóir a roghnaíodh maidir le maolú ar an athrú aeráide, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar a modheolaíochtaí agus ba cheart dóibh na húsáideoirí a chur ar an eolas maidir leis na nósanna is infheidhme i gcás aon athraithe ábharaigh. Agus athrú ábhartha á thabhairt isteach acu, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna na cúiseanna leis an athrú sin a nochtadh agus ba cheart dóibh míniú a thabhairt maidir le conas atá an tathrú i gcomhréir le cuspóirí tosaigh na dtagarmharcanna.

(19)Chun trédhearcacht a fheabhsú agus chun a áirithiú gurb ann do leibhéal leordhóthanach comhchuibhithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun tuilleadh sonraithe a thabhairt ar inneachar íosta na noibleagáidí maidir le nochtadh ar cheart go mbeadh riarthóirí tagarmharcanna faoina réir, agus chun sonrú a thabhairt ar na caighdeáin íosta maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar an modheolaíocht le haghaidh tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin, lena náirítear an modh chun astaíochtaí carbóin agus coigiltis charbóin a bhaineann leis na sócmhainní foluiteacha a ríomh, agus aird á tabhairt ar mhodhanna maidir le lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochta mar a shainmhínítear i bpointí (a) agus (b) de phointe 2 de Mholadh 2013/179/AE ón gCoimisiún 30 . Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. 

(20)Ba ceart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:

1.In Airteagal 3(1), cuirtear isteach na pointí 23(a) agus 23(b) seo a leanas:

“‘(23a) ciallaíonn ‘tagarmharc ísealcharbóin’ tagarmharc lena roghnaítear na sócmhainní foluiteacha, chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo, sa chaoi gur lú astaíochtaí carbóin a bheidh sa phunann tagarmhairc a eascraíonn as i gcomparáid leis na sócmhainní lena gcuimsítear tagarmharc caighdeánach ualaithe caipitil agus a dhéantar i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2);

(23b) ciallaíonn ‘tagarmharc do thionchar dearfach carbóin’ tagarmharc lena roghnaítear na sócmhainní foluiteacha, chun críocha phointe 1(b)(ii) den mhír seo, ar bhonn an laghdú a dhéantar leo ar astaíochtaí carbóin a bheidh níos airde ná lorg carbóin na sócmhainne agus a dhéantar i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19a(2).”;

2.Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)    i mír 1, cuirtear isteach an pointe (d) seo a leanas:

“(d) míniú ar an gcaoi a léiríonn príomheilimintí na modheolaíochta a leagtar síos i bpointe (a) tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais ('ESG') le haghaidh gach tagarmhairc nó sraith tagarmharcanna a shaothraíonn cuspóirí EGS nó a dhéanann iad a chur san áireamh;”;

(b)    cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

“2a.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun inneachar íosta an mhínithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 a shonrú tuilleadh.”;

3.I dTeideal III, cuirtear isteach an Chaibidil 3a seo a leanas:

‘Caibidil 3a

Tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

Airteagal 19a

Tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

(1)Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin nó tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin a sholáthar agus maidir le rannchuidiú leo, sa bhreis ar na ceanglais i dTeidil II, III agus IV nó in ionad na gceanglas sin.

(2)Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na caighdeáin íosta le haghaidh tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin a shonrú tuilleadh, lena náirítear:

(a)na critéir maidir leis na sócmhainní foluiteacha a roghnú, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, na critéir eisiata le haghaidh sócmhainní;

(b)na critéir agus an modh chun na sócmhainní foluiteacha sa tagarmharc a ualú;

(c)an modh chun astaíochtaí carbóin agus coigiltis charbóin a bhaineann leis na sócmhainní foluiteacha a ríomh.”;

4.in Airteagal 27, cuirtear isteach na míreanna 2a agus 2b seo a leanas:

“2a. Le haghaidh gach ceanglais i mír 2, áireofar i ngach ráiteas tagarmhairc míniú ar conas a dhéantar tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais a léiriú maidir le gach tagarmharc nó sraith tagarmharcanna a shaothraíonn cuspóirí EGS, nó a dhéanann iad a chur san áireamh, a dhéantar a sholáthar agus a fhoilsiú.

2b.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2a a shonrú tuilleadh”.

5.déantar téacs na hiarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán seo a chur leis.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Cuireann na 17 SDG cuspóirí cáilíochtúla agus cainníochtúla ar fáil don 15 bliana amach romhainn chun sinn a ullmhú don todhchaí agus chun oibriú ionsar dínit an duine, cobhsaíocht, pláinéad sláintiúil, sochaithe cothroma agus athléimneacha agus geilleagair rathúla.
(2)    Tús Nua don Eoraip: Mo Chlár Oibre i ndáil le Poist, Fás, Cothromaíocht agus Athrú Daonlathach - Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún eile, Strasbourg, an 15 Iúil 2014, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/juncker-political-guidelines-speech_ga.pdf  
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: Plean Infheistíochta don Eoraip (COM(2014) 0903 final).
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Ciorcal a shlánú — plean gníomhaíochta ó AE don Gheilleagar Ciorclach (COM(2015) 614 final).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide (COM(2015) 80 final).
(6)    Ares(2018)975361
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta chun Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil (COM (2015) 468 final).
(8)    Is meánbhearna infheistíochta bhliantúil don tréimhse 2021 go 2030 é an meastachán, bunaithe ar réamh-mheastacháin mhúnla PRIMES arna núsáid ag an gCoimisiún Eorpach sa Mheasúnú Tionchair ar an Togra le haghaidh Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (2016), http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1483696687107&uri=CELEX:52016SC0405 .
(9)    Tuarascáil Chríochnaitheach 2018 ón nGrúpa Saineolaithe Ardleibhéil maidir le hAirgeadas Inbhuanaithe: “Geilleagar Inbhuanaithe Eorpach a Mhaoiniú”.
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú (COM(2018)097 final).
(11)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, 1094/2010, 1095/2010, 345/2013, 346/2013, 600/2014, 2015/760, 2016/1011, 2017/1129 (COM(2017) 536 final).
(12)    Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(13)    Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún, (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(15)    Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Táirge Pinsin Pearsanta uile-Eorpach (TPPU) (COM(2017)343 final).
(16)    De ghnáth déantar na hinnéacsanna sin a chruthú trí thagarmharc caighdeánach a úsáid, amhail S&P 500 nó NASDAQ 100, agus déantar cuideachtaí a chur as an áireamh nó a thearc-ualú ar cuideachtaí iad a bhfuil lorg sách ard carbóin acu. Tá tuilleadh sonraí le fáil in Iarscríbhinn 9 den Mheasúnú Tionchair [nasc].
(17)    De ghnáth roghnaíonn na hinnéacsanna sin cuideachtaí ón timpeallacht in-infheistithe a chuireann go suntasach le laghdú an loirg carbóin bunaithe ar chóimheasa amhail an Cóimheas Tionchair Carbóin (CIR). Le haghaidh tuilleadh sonraí, tagair d’Iarscríbhinn 9 den Measúnú Tionchair.
(18)    Tá míniú ar fáil in Iarscríbhinn 9 den Mheasúnú Tionchair [nasc].
(19)    Moladh 179/2013 arna ghlacadh ag an gColáiste an 9 Aibreán 2013 agus a foilsíodh san Irish Oifigiúil an 4 Bealtaine 2013.
(20)    NASC le téacsanna eile ó phacáiste na Bealtaine
(21)    IO C […], […], lch. […].
(22)    IO C […], […], lch. […].
(23)    An Domhan a Chlaochlú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (NA 2015).
(24)    COM(2016) 739 final.
(25)    CO EUR 17, CONCL. 5.
(26)    IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(27)    COM(2018) 97 final.
(28)    Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 ar Chlár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 2020 dar teideal ‘Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid’ (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).
(29)    Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(30)    Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna comhchoiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a chur in iúl agus a thomhas (OJ L 124, 4.5.2013, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,24.5.2018

COM(2018) 355 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

{SEC(2018) 257 final}
{SWD(2018) 264 final}
{SWD(2018) 265 final}


IARSCRÍBHINN

Tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

Modheolaíocht do thagarmharcanna ísealcharbóin

1.Aon mhodheolaíocht a úsáidtear chun tagarmharcanna ísealcharbóin a ríomh, déanfaidh riarthóir tagarmhairc ísealcharbóin í a chur ar bhonn foirmiúil, a dhoiciméadú agus a chur ar fáil don phobal, agus tuairisc á tabhairt ar na nithe seo a leanas:

(a)    liosta na sócmhainní foluiteacha a úsáidtear chun an tagarmharc ísealcharbóin a ríomh;

(b)na critéir agus modhanna uile, lena náirítear tosca roghnaithe agus ualaithe, méadrachtaí agus athróga a úsáidtear i ríomh an tagarmhairc;

(c)na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun go gcuirfear as an áireamh sócmhainní nó cuideachtaí a mbaineann leibhéal loirg carbóin nó leibhéal cúltaiscí iontaise leo nach bhfuil oiriúnach le cur san áireamh sa tagarmharc ísealcharbóin;

(d)na critéir agus na modhanna faoin gcaoi a dhéanann an tagarmharc ísealcharbóin tomhas ar an lorg carbóin agus ar an gcoigilteas carbóin a bhaineann le sócmhainní foluiteacha sa phunann innéacs;

(e)an earráid rianaithe idir an tagarmharc ísealcharbóin agus an máthairinnéacs;

(f)athualú dearfach na sócmhainní ísealcharbóin sa tagarmharc ísealcharbóin i gcomparáid leis an máthairinnéacs agus míniú a thabhairt ar an gcúis a bhfuil gá leis an athualú sin chun cuspóirí roghnaithe an tagarmhairc ísealcharbóin a léiriú;

(g)an cóimheas idir margadhluach na nurrús atá sa tagarmharc ísealcharbóin agus margadhluach na nurrús atá sa mháthairinnéacs;

(h)cineál agus foinse na sonraí ionchuir a úsáidtear chun sócmhainní nó cuideachtaí a roghnú atá incháilithe don tagarmharc ísealcharbóin, lena náirítear:

(i)astaíochtaí ó fhoinsí atá á rialú ag an gcuideachta;

(ii)astaíochtaí ó ídiú leictreachais ceannaithe, gaile, nó foinsí eile fuinnimh a ghintear go réamhtheachtach ón gcuideachta;

(ii)astaíochtaí de thoradh oibríochtaí cuideachta ach nach bhfuil á rialú go díreach ag an gcuideachta;

(iv)astaíochtaí a bheadh fós ann dá ndéanfaí níos mó táirgí nó seirbhísí ionadacha astaithe carbóin a chur in ionad na dtáirgí nó na seirbhísí ón gcuideachta (‘coigilt astaíochtaí’);

(v)an úsáidtear nó nach núsáidtear sna sonraí ionchuir na modhanna maidir le Lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochta mar a shainmhínítear iad i bpointí (a) agus (b) de phointe 2 de Mholadh 2013/179/AE ón gCoimisiún;

(i)neamhchosaint lorg carbóin na punainne innéacs ina hiomláine agus na tionchair mheasta ag straitéis ísealcharbóin arna saothrú leis an tagarmharc maidir le maolú ar an athrú aeráide;

(j)an réasúnaíocht le straitéis nó cuspóir áirithe modheolaíochta ísealcharbóin a ghlacadh agus míniú ar an gcúis gurb iomchuí an mhodheolaíocht sin chun cuspóirí ísealcharbóin an tagarmhairc a ríomh;

(k)an nós imeachta chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar mhodheolaíocht ar leith agus í a fhormheas, lena náirítear minicíocht athbhreithnithe inmheánigh den sórt sin;

Modheolaíocht le haghaidh tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin

2.Déanfaidh an riarthóir tagarmhairc do thionchar dearfach carbóin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme do riarthóir tagarmhairc ísealcharbóin, tionchar dearfach carbóin gach sócmhainne foluití a áirítear sa tagarmharc a nochtadh agus sonróidh sé an fhoirmle nó an ríomh a úsáidtear chun fáil amach an raibh an choigilt astaíochtaí níos mó ná lorg carbóin na sócmhainne infheistíochta nó lorg carbóin na cuideachta (‘cóimheas an tionchair dhearfaigh carbóin’).

Athruithe ar an modheolaíocht

3.Glacfaidh riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin nósanna imeachta agus cuirfidh siad na nósanna imeachta sin agus an réasúnaíocht is bun le haon athrú ábhartha beartaithe ar a modheolaíocht ar fáil don phobal. Beidh na nósanna imeachta sin i gcomhréir leis an gcuspóir sáraitheach, go cloítear go leanúnach sna ríomhanna tagarmhairc le cuspóirí ísealcharbóin nó cuspóirí tionchair dhearfaigh carbóin. Forálfaidh na nósanna imeachta sin don mhéid seo a leanas:

(a)fógra roimh ré i gcreat ama soiléir trína dtugtar deis leordhóthanach d'úsáideoirí anailís agus trácht a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe, ag féachaint do ríomh na riarthóirí ar na himthosca foriomlána;

(b)go bhféadfaidh úsáideoirí nótaí tráchta a dhéanamh ar na hathruithe sin agus go ndéanfaidh na riarthóirí na nótaí tráchta sin a fhreagairt, agus go mbeadh na nótaí tráchta sin inrochtana ag gach úsáideoir margaidh tar éis aon tréimhse comhairliúcháin ar leith, ach amháin i gcás ina bhfuil an tráchtaire tar éis a iarraidh go gcoimeádfar faoi rún iad.

4.Déanfaidh riarthóirí tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin iniúchadh ar a modheolaíochtaí go rialta chun a áirithiú go léiríonn siad go hiontaofa na cuspóirí ísealcharbóin nó tionchair dhearfaigh carbóin agus go bhfuil próiseas i bhfeidhm chun dearcaí úsáideoirí ábhartha a thabhairt san áireamh.”.

Top