EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0241

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann

COM/2018/241 final - 2018/0114 (COD)

An Bhruiséil,25.4.2018

COM(2018) 241 final

2018/0114(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 141 final}
{SWD(2018) 142 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá gá ag geilleagar an Aontais Eorpaigh le cuideachtaí rathúla rafara atá in ann feidhmiú go héasca sa Mhargadh Aonair. Tá ról ríthábhachtach ag na cuideachtaí sin maidir leis an ngeilleagar a fhás, fostaíocht a chruthú agus infheistíocht san Aontas a chur chun cinn. Leis na cuideachtaí sin, cabhraítear le luach breise eacnamaíoch agus sóisialta a chruthú don tsochaí i gcoitinne. Chun na críche sin, ní mór do chuideachtaí oibriú i dtimpeallacht dhlíthiúil riaracháin atá fabhrach don fhás agus, ina theannta sin, oiriúnaithe chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta nua a bhaineann le domhan domhandaithe digiteach agus, san am céanna, leasanna poiblí dlisteanacha eile a shaothrú amhail fostaithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh a chosaint agus gach coimirce is gá a chur ar fáil do na húdaráis chun calaois agus íúsáid a chomhrac.

Is chun an cuspóir sin a bhaint amach atá an togra seo á chur chun cinn ag an gCoimisiún, mar aon leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 1 maidir le huirlisí agus próisis dhigiteacha a úsáid i ndlí na gcuideachtaí – tacar cuimsitheach beart chun rialacha cothroma, cumasúcháin agus nua-aimseartha maidir le dlí na gcuideachtaí a chinntiú san Aontas.

Tá ról ríthábhachtach ag an tsaoirse bhunaíochta maidir leis an Margadh Aonair a fhorbairt mar go gcumasaítear eintitis chorparáideacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eacnamaíocha i mBallstáit eile ar bhonn seasmhach. Chun soghluaisteacht trasteorann cuideachtaí san Aontas a chothú, ní mór a riachtanais agus a saintréithe a chur san áireamh. Tá timpeall 24 mhilliún cuideachta san Aontas, agus is cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta thart ar 80% díobh. Is fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad thart ar 98-99% de chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

Mar sin féin, bíonn sé fós deacair an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ar bhonn praiticiúil. Ar cheann de na cúiseanna leis na deacrachtaí sin tá dlí na gcuideachtaí gan a bheith oiriúnaithe a dhóthain do shoghluaisteacht trasteorann san Aontas: ní thugtar na coinníollacha is fearr do chuideachtaí i dtaca le creat dlíthiúil soiléir intuartha oiriúnach as a bhféadfadh gníomhaíocht eacnamaíoch fheabhsaithe eascairt, go háirithe do FBManna mar a aithnítear iad sa Straitéis don Mhargadh Aonair 2015 2 .

Tá athstruchtúrú agus athruithe corparáideacha amhail comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann mar chuid de shaolré cuideachta agus is bealach nádúrtha iad ag cuideachtaí fás, oiriúnú do thimpeallacht athraitheach agus deiseanna i margaí nua a fhiosrú. San am céanna, bíonn impleachtaí acu do pháirtithe leasmhara cuideachtaí, go háirithe fostaithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí. Tá sé riachtanach, mar sin, go gcoinníonn cosaint páirtithe leasmhara suas leis an trasnáisiúnú atá ag síormhéadú san earnáil chorparáideach. Mar sin féin, mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil, an neamh-leordhóthanacht pháirteach agus an easpa rialacha lena rialaítear gníomhaíochtaí trasteorann áirithe cuideachtaí, níl aon chreat soiléir ann inniu chun cosaint éifeachtach na bpáirtithe leasmhara sin a áirithiú. Sa chás sin, mar sin de, is féidir nach mbeidh an chosaint a thugtar do pháirtithe leasmhara éifeachtach ná leordhóthanach. Is féidir gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí a éascú freisin i dtimpeallacht dlí ina gcothaítear iontaoibh sa Mhargadh Aonair trí choimircí i gcoinne míúsáide a sholáthar.

Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach leas iomlán a bhaint as an Margadh Aonair trí dheireadh a chur le bacainní ar thrádáil trasteorann, rochtain ar mhargaí a éascú, iontaoibh a chothú agus iomaíocht a spreagadh agus, san am céanna, cosaint éifeachtach chomhréireach a sholáthar do pháirtithe leasmhara. Dhá chuspóir atá leis an togra seo: nósanna imeachta sonracha cuimsitheacha a sholáthar le haghaidh comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann ionas go gcothófar soghluaisteacht trasteorann san Aontas agus, san am céanna, cosaint leordhóthanach a thabhairt do pháirtithe leasmhara cuideachtaí chun cothroime an Mhargaidh Aonair a choimirciú. Áirítear gníomhaíocht den chineál sin mar chuid den iarracht Margadh Aonair níos doimhne agus níos cothroime a chruthú, atá ar cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin reatha.

Comhshónna trasteorann

Le comhshó trasteorann, tugtar réiteach do chuideachtaí ar mian leo aistriú go Ballstát eile gan a bpearsantacht dhlítheanach a chailleadh ná a gconarthaí gnó a athchaibidliú. Is rogha tharraingteach é an comhshó go háirithe do chuideachtaí beaga nach bhfuil go leor acmhainní airgeadais acu chun comhairle dlí chostasach a lorg agus cumasc trasteorann a dhéanamh 3 . Tá an réasúnaíocht sin maidir le comhshónna trasteorann fíor go háirithe i bhfianaise na dlíeolaíochta is déanaí ón gCúirt Bhreithiúnais. Mheas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go dtugtar leis an tsaoirse bhunaíochta, a chumhdaítear in Airteagal 49 CFAE, an ceart do chuideachtaí a bunaíodh i mBallstát ar leith a bhfíoráit ghnó a aistriú go Ballstát eile trí bhíthin comhshó trasteorann gan a bpearsantacht dhlítheanach a chailleadh 4 . 

Sa bhreithiúnas a rinneadh ar Polbud 5 le déanaí go háirithe, dhearbhaigh CBAE go raibh an ceart ag cuideachtaí comhshónna trasteorann a dhéanamh ar bhonn na saoirse bunaíochta. Chinn CBAE go bhfuil an tsaoirse bhunaíochta infheidhme nuair is é an oifig chláraithe amháin, agus ní an fhíoráit ghnó, a aistrítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, fad is go nglacfaidh Ballstát an chorpraithe nua le clárú cuideachta fiú mura bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch déanta ag an gcuideachta sa Bhallstát sin: sa chás sin, ní cheanglaítear le hAirteagal 49 CFAE go bhfuil gá le gníomhaíocht eacnamaíoch den chineál sin mar réamhchoinníoll infheidhmeachta 6 . Mheabhraigh CBAE freisin go bhfuil na Ballstáit inniúil, in éagmais comhchuibhithe, ar chinneadh a dhéanamh faoi nascfhachtóir cuideachta i ndáil lena córas náisiúnta agus, dá réir sin, ar a gceanglais chorpraithe féin a chur i bhfeidhm ar chuideachtaí atá ag teacht isteach 7 . Ar a bharr sin, mheabhraigh CBAE dlíeolaíocht a bhí ann roimhe seo lena gcuirtear in iúl nach míúsáid ann féin é nuair a bhunaítear oifig chláraithe nó fíoráit ghnó cuideachta i gcomhréir le reachtaíocht de chuid Ballstáit ar mhaithe le leas a bhaint as reachtaíocht níos fabhraí. In Polbud, rialaíodh gur bac díréireach gan údar é riail náisiúnta lena bhforchuirtear réamhchoinníoll foirceannta maidir le haistriú trasteorann cuideachta agus, dá réir sin, go bhfuil sé neamhdhleathach 8 . 

I mbreithiúnas Polbud, tugadh soiléiriú ar an gcomhthéacs le haghaidh comhshónna trasteorann. Mar sin féin, ar an ábhar gur orgán breithiúnach é, ní ceadmhach do CBAE aon nós imeachta a chur ar bun le gur féidir comhshónna den chineál sin a dhéanamh nó ní ceadmhach dó na coinníollacha substainteacha ábhartha a leagan síos. In éagmais comhchuibhiú ar chomhshónna trasteorann san Aontas, le reachtaíocht náisiúnta féadfar rialacha a leagan síos go fóill maidir leis an nós imeachta atá le leanúint agus maidir le cosaint scairshealbhóirí mionlaigh, creidiúnaithe nó oibrithe nó maidir leis an gcomhrac i gcoinne míúsáidí cánach nó eile i gcás comhshó trasteorann cuideachta. Mar sin féin, is gá a mheas de réir an cháis an gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais agus, go háirithe, an tsaoirse bhunaíochta. Eascraíonn as sin staid mhíshásúil ó thaobh deimhneacht dhlíthiúil, rud a théann i bhfeidhm go diúltach ar chuideachtaí, páirtithe leasmhara agus na Ballstáit.

Faoi láthair, bíonn ar chuideachtaí ar mian leo a noifig chláraithe a aistriú thar theorainn muinín a chur i ndlíthe na mBallstát. Nuair is ann dóibh, is minic nach luíonn na dlíthe sin le chéile nó a bhíonn sé deacair iad a chónascadh le chéile. Ina theannta sin, ní sholáthraíonn breis agus leath na mBallstát rialacha sonracha ar bith maidir le comhshónna trasteorann a cheadú. Imrítear leis sin tionchar diúltach ar FBManna go háirithe mar is minic nach mbíonn na hacmhainní acu chun nósanna imeachta trasteorann a dhéanamh trí mhodhanna costasacha casta malartacha.

Ciallaíonn sé sin freisin gur minic nach mbíonn an chosaint a thugtar do pháirtithe leasmhara, amhail fostaithe, creidiúnaithe nó scairshealbhóirí mionlaigh, éifeachtach ná leordhóthanach mar gheall ar an easpa rialacha nó ar rialacha forluiteacha nó bréagnaitheacha. I dtaca le cosaint fostaithe, in éagmais coimircí comhchuibhithe do chearta rannpháirtíochta fostaithe, féadfaidh cuideachtaí comhshó trasteorann agus an easpa coimircí ábhartha do chearta rannpháirtíochta fostaithe a úsáid, nuair a aistreoidh siad go Ballstát eile, chun leibhéal na rannpháirtíochta a ísliú nó chun deireadh a chur leis an rannpháirtíocht. Thairis sin, mar gheall ar an easpa rialacha comhchuibhithe, féadfaidh sé go dtiocfaidh méadú ar úsáid cuideachtaí caocha chun críocha míchleachtais, rud a chuirfeadh, mar shampla, sna cásanna is tromchúisí, ar chumas eagraíochtaí coiriúla úinéireacht thairbhiúil cuideachtaí a chur i bhfolach agus faoi cheilt chun fáltais ó choireacht a sciúradh.

Dá bhrí sin, is gá do reachtóir an Aontais gníomhú agus rialacha a sholáthar maidir le comhshó trasteorann mar aon le coimircí leordhóthanacha comhréireacha d’fhostaithe, creidiúnaithe agus scairsheabhóirí chun Margadh Aonair dinimiciúil cothrom a chruthú. Tá sé léirithe cheana féin ag Parlaimint na hEorpa 9 go bhfuil sí i bhfách leis. Tá sé tábhachtach go háirithe go mbeidh baint ag oibrithe nó ag a nionadaithe leis an nós imeachta, i gcomhréir leis an 8ú prionsabal i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta: ba cheart go háirithe na hoibrithe a chur ar an eolas, agus dul i gcomhairle leo, in am trátha faoi ábhar a bhaineann leo i gcomhthéacs comhshónna trasteorann cuideachtaí. Ní mór do shoghluaisteacht cuideachtaí teacht go dlúth le sainphribhléidí sóisialta náisiúnta agus sainphribhléidí an dlí saothair náisiúnta.

I bhfianaise na gceisteanna thuasluaite, tá dhá phríomhchuspóir leis na rialacha comhchuibhithe maidir le comhshónna trasteorann:

– cuideachtaí, go háirithe micreachuideachtaí agus cuideachtaí beaga, a chumasú chun comhshó trasteorann a dhéanamh ar bhealach ordúil éifeachtúil éifeachtach;

– na páirtithe leasmhara ar a mbíonn an tionchar is mó, amhail fostaithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí, a chosaint ar bhealach oiriúnach comhréireach.

Leis an togra seo, chuirfí ar chumas cuideachtaí comhshó trasteorann a dhéanamh trína bhfoirm dhlíthiúil ó Bhallstát amháin a aistriú chuig foirm dhlíthiúil chomhchosúil de chuid Ballstáit eile. Ba cheart go náiritheofaí leis sin go gcoinneoidh cuideachtaí a bpearsantacht dhlítheanach le linn an phróisis gan aon ghá díscaoileadh ná leachtú sa Bhallstát imeachta agus eintiteas nua a bhunú sa Bhallstát cinn scríbe.

Is é an cuspóir atá ann nós imeachta sonrach, struchtúrtha agus ilsrathach a leagan síos le haghaidh comhshónna trasteorann lena náiritheofar go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit imeachta ar dtús, agus ansin go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe, grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann i bhfianaise na bhfíricí agus na faisnéise ábhartha ar fad. Is gné ríthábhachtach den nós imeachta é go gcuirfeadh sé cosc le comhshó trasteorann i gcás ina gcinnfear gur míúsáid é, is é sin i gcásanna inarb ionann an comhshó agus socrú saorga arb é is aidhm leis buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí mionlaigh.

Is é an chéad chéim den nós imeachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a ullmhú agus dhá thuarascáil spriocdhírithe, atá le cur faoi bhráid scairshealbhóirí agus fostaithe, maidir leis na himpleachtaí a bheidh ag an gcomhshó trasteorann a ullmhú. Ina theannta sin, bheadh ar chuideachtaí meánmhéide agus móra iarraidh ar an údarás inniúil saineolaí neamhspleách a cheapadh a scrúdódh cruinneas na ndréacht-téarmaí agus na dtuarascálacha ullmhaithe ag an gcuideachta. Sholáthrófaí freisin leis an tuarascáil scríofa de chuid an tsaineolaí neamhspleách an bunús fíorasach ar a ndéanfaidh an túdarás inniúil an measúnú, inter alia, ar an riosca míúsáide dá dtagraítear thuas. Ní ceadmhach aon fhaisnéis rúnda de chuid na cuideachta a bheith san áireamh i dtuarascáil an tsaineolaí a fhoilseofar. Chuirfí na dréacht-téarmaí agus na tuarascálacha ar fáil go poiblí agus d’fhéadfadh na páirtithe leasmhara lena mbaineann barúil a thabhairt ina leith.

Ina dhiaidh sin, beidh cinneadh le déanamh ag an gcuideachta ag an gcruinniú ginearálta an dtabharfar faoin gcomhshó trasteorann nó nach dtabharfar. Ina dhiaidh sin, chuirfí an cinneadh sin, mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid ábhartha, faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit imeachta atá freagrach as cinneadh a dhéanamh an féidir nó nach féidir deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint. D’fhéadfadh dhá chéim a bheith i gceist leis an ngrinnscrúdú a dhéanfaidh an túdarás sin: le linn na chéad chéime, lena bhfuil uasteorainn míosa, scrúdódh an túdarás inniúil an bhfuil an comhshó trasteorann dleathach nó nach bhfuil. Chinnfeadh an túdarás an bhfuil na coinníollacha ar fad a bhaineann leis an gcomhshó trasteorann a leagtar síos sa Treoir agus sa dlí náisiúnta comhlíonta, lena náirítear an bhfuil an chuideachta sócmhainneach, ar fhormheas tromlach riachtanach na scairshealbhóirí an comhshó ag cruinniú ginearálta agus an bhfuil fostaithe, scairshealbhóirí mionlaigh agus creidiúnaithe cosanta faoin sainchúram a fhorordaítear leis an Treoir. Le linn na céime sin, chinnfeadh an túdarás freisin an bhfuil nó nach bhfuil socrú saorga ann. Dá mba rud é nach mbeadh aon agóid ag an údarás ag deireadh na tréimhse míosa a leagadh síos le haghaidh na chéad chéime den fhiosrúchán, d’eiseodh sé deimhniú réamh-chomhshó. Dá mba rud é go mbeadh an túdarás cinnte tar éis míosa go bhfuil an comhshó trasteorann neamhdhleathach, dhiúltódh sé deimhniú réamh-chomhshó a cheadú. Mar rogha eile, dá mba rud é go mbeadh cúis mhór imní ann ag deireadh na tréimhse míosa go bhféadfadh an comhshó a bheith neamhdhleathach, chuirfeadh an túdarás in iúl don chuideachta go ndéanfaidh sé scrúdú cuimsitheach an ann nó nach ann don mhíúsáid dá dtagraítear thuas. Ní mór an scrúdú cuimsitheach a thabhairt i gcrích agus cinneadh críochnaitheach a dhéanamh ina leith laistigh de dhá mhí.

Tar éis grinnscrúdú den chineál sin, dá gcinnfí an deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint, tharchuirfí é gan mhoill chuig údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe. Ina dhiaidh sin, dhéanfadh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe grinnscrúdú ar an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear faoi dhlí an Bhallstáit cinn scríbe. Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe go gcomhlíonfaidh an chuideachta chomhshóite forálacha a dhlí náisiúnta maidir le corprú cuideachtaí, mar shampla, an bhfuil fíoráit ghnó ag an gcuideachta ar a chríoch nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb iomchuí, gur cinneadh na socruithe le haghaidh rannpháirtíocht fostaithe go dleathach. Nuair a bheidh an tseiceáil dlíthiúlachta déanta, chlárófaí cuideachta i gclár an Bhallstáit cinn scríbe agus dhíchlárófaí é ó chlár an Bhallstáit imeachta. Is ansin a bheidh éifeacht ag an gcomhshó de réir dlí. Ba cheart gach teagmháil idir na cláir a dhéanamh trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS).

Cumaisc thrasteorann

Féadfaidh sé freisin gur mian le cuideachta a saoirse bhunaíochta a fheidhmiú agus, dá réir sin, leas a bhaint as na deiseanna a thugtar faoin Margadh Aonair, trí chumasc trasteorann a dhéanamh. Is féidir le cuideachtaí cumasc thar theorainn ar chúiseanna éagsúla, lena náirítear atheagrú grúpaí, costais eagraíochtúla agus comaoineacha gnó a ghearradh chun breis torthaí ar scála a fháil, brandáil nó sineirgíocht eile idir gníomhaíochtaí éagsúla gnó a chomhdhlúthú.

Le tabhairt isteach na Treorach maidir le cumasc trasteorann 10 leagadh síos nós imeachta comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais le haghaidh cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Mar thoradh air sin, tháinig méadú suntasach ar ghníomhaíochtaí cumaisc trasteorann san Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Mhéadaigh líon na gcumasc trasteorann 173% idir 2008 agus 2012, rud a léiríonn gur cuireadh go mór le gníomhaíocht trasteorann de bharr an nós imeachta a bunaíodh leis an Treoir. Chuir páirtithe leasmhara, amhail gnólachtaí dlí, cláir ghnó agus ceardchumainn, ar cuireadh agallamh orthu mar chuid de staidéar in 2013 faoi chur i bhfeidhm na Treorach, fáilte roimh na nósanna imeachta nua, simpliú an nós imeachta agus na costais níos ísle agus na tráthchláir níos giorra a thuairiscítear a bheith ann a bhuí leis an gcreat comhchuibhithe.

Mar sin féin, d'ainneoin go raibh an measúnú dearfach ar an iomlán, aithníodh sa mheastóireacht 11 ar fheidhmiú na Treorach maidir le cumasc trasteorann go bhfuil fadhbanna áirithe ann a chuireann bac ar lánéifeachtacht agus lánéifeachtúlacht na rialacha reatha.

Luadh sa Straitéis don Mhargadh Aonair 2015 12 éiginnteachtaí maidir le dlí na gcuideachtaí mar cheann de na bacainní faoina ndéanann FBManna gearán sa Mhargadh Aonair agus fógraíodh “go scrúdódh an Coimisiún an gá leis na rialacha reatha maidir le cumaisc thrasteorann a nuashonrú agus go bhféachfadh sé arbh fhéidir iad a chomhlánú le rialacha maidir le deighiltí trasteorann”. 

Leag Parlaimint na hEorpa béim ar thionchar dearfach na Treorach lenar éascaíodh cumaisc thrasteorann idir cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta san Aontas Eorpach agus lenar laghdaíodh na costais agus nósanna imeachta gaolmhara 13 . Mar sin féin, thug Parlaimint na hEorpa dá haire freisin an gá leis an Treoir a athbhreithniú chun a feidhmiú a fheabhsú 14 .

Baineann na príomhbhacainní a aithníodh leis an easpa comhchuibhithe ar rialacha substainteacha, go háirithe maidir le cosaint creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh, mar aon leis an easpa nósanna imeachta meara, i.e. nósanna imeachta simplithe le haghaidh cumasc nach bhfuil chomh “casta”. Sa bhreis air sin, tugadh faoi deara nach ndéantar uirlisí agus próisis dhigiteacha a chomhtháthú a dhóthain faoin nós imeachta cumaisc trasteorann, e.g. i dtaca leis na doiciméid a chur isteach chuig údaráis phoiblí nó iad a chomhroinnt eatarthu. Rinneadh gearán freisin nach dtugtar go leor eolais d’fhostaithe maidir leis na sonraí agus na himpleachtaí a bhaineann le cumasc trasteorann. Dhearbhaigh páirtithe leasmhara na neamhéifeachtúlachtaí sin le linn an phróisis comhairliúcháin.

Maidir le cosaint creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh, leagtar síos sna rialacha reatha ar chumaisc thrasteorann íosrialacha nós imeachta den chuid is mó agus fágtar an chosaint shubstainteach faoi dhlíthe náisiúnta. Dá bhrí sin, is ann do na difríochtaí idir dlíthe na mBallstát go fóill. Mar shampla, ní leagtar síos sa Treoir ach go gcosnófar creidiúnaithe de réir dlíthe náisiúnta, gan sonraíochtaí breise a thabhairt. Mar an gcéanna, leagtar síos sa Treoir rialacha áirithe maidir le scairshealbhóirí go ginearálta, e.g. faisnéis ó dhréacht-téarmaí an chumaisc, tuarascálacha ón saineolaí, vótáil le linn na gcruinnithe ginearálta, ach fágtar faoi na Ballstáit a chinneadh an dtabharfar isteach cosaint bhreise do scairshealbhóirí mionlaigh. Maidir le rannpháirtíocht fostaithe ar leibhéal an bhoird, leagtar síos creat cuimsitheach leis na rialacha reatha. Mar sin féin, leis na rialacha sin ní cheanglaítear ar chuideachtaí atá ag cumasc faisnéis shonrach chuimsitheach faoi chumasc trasteorann a sholáthar d’fhostaithe. Faoi láthair, ní chuirtear cás na bhfostaithe san áireamh ach ar bhealach ginearálta sa tuairisc bhainistíochta a chuirtear faoi bhráid scairshealbhóirí go príomha.

Maidir leis na nósanna imeachta simplithe, is teoranta na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil leis na rialacha reatha. Mar shampla, leis na rialacha ceadaítear tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a tharscaoileadh má chinneann na scairshealbhóirí ar fad déanamh amhlaidh agus níl aon ghá le tuarascáil ón saineolaí nó le formheas ag an gcruinniú ginearálta i gcás cumasc idir máthairchuideachta agus fochuideachta ar lánúinéireacht dá cuid.

Is é is aidhm leis an togra seo aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin. Foráiltear ann rialacha comhchuibhithe maidir le creidiúnaithe agus scairshealbhóirí a chosaint. Bheadh ar an gcuideachta an chosaint atá beartaithe do chreidiúnaithe agus scairshealbhóirí a sholáthar i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann. Aon chreidiúnaí nach mbeidh sásta leis an gcosaint a bheidh á tabhairt, is féidir leis iarratas le haghaidh coimircí leordhóthanacha a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin nó bhreithiúnaigh ábhartha. Ba cheart a thoimhdiú nach ndéanfadh cumasc trasteorann aon dochar do chreidiúnaithe na gcuideachtaí atá ag cumasc, dá mba rud é go ndearna saineolaí neamhspleách a gcás a mheasúnú agus gur mheas sé nach raibh aon dochar ann nó nár tairgeadh ceart chun íocaíochta do chreidiúnaí, bíodh sé i gcoinne ráthóir tríú páirtí nó na cuideachta a d’eascair as an gcumasc.

Féadfaidh na Ballstáit a ndlíthe féin a chur i bhfeidhm go fóill maidir le híocaíochtaí cánach nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta a chosaint, má tá na rialacha sin éagsúil leis an gcosaint a thugtar leis an togra seo.

Bheadh an ceart ag scairshealbhóirí nár vótáil i bhfabhar na gcumasc trasteorann, nó nach bhfuil cearta vótála acu, imeacht ón gcuideachta (a scaireanna a dhiúscairt) agus cúiteamh iomchuí a fháil. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le scairshealbhóirí na gcuideachtaí atá ag cumasc nár chuir i gcoinne an chumaisc ach a mheas nár leor an cóimheas malartaithe scaireanna atá beartaithe, agóid a dhéanamh os comhair cúirt náisiúnta in éadan an chóimheasa a leagtar síos i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann. Sa bhreis air sin, áirithítear leis na rialacha atá beartaithe go dtabharfar gach eolas go cuí d’fhostaithe faoi na himpleachtaí d’fhostaithe a bhaineann leis an gcumasc trasteorann atá beartaithe. Foráiltear leis an togra freisin maidir le húsáid uirlisí agus nósanna imeachta digiteacha i rith nós imeachta an chumaisc trasteorann agus do mhalartú na faisnéise ábhartha trí bhíthin idirnascadh na gclár gnó. Ar deireadh, nuair is féidir, tugtar isteach leis an togra seo tuilleadh féidearthachtaí maidir le nósanna imeachta simplithe.

Deighiltí trasteorann

Féadfaidh sé freisin gur mian le cuideachta a saoirse bhunaíochta a fheidhmiú trí dheighilt trasteorann a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna le comhshónna agus cumaisc thrasteorann, le deighiltí trasteorann tugtar bealach do chuideachtaí a struchtúr eagraíochtúil a athrú nó a shimpliú, oiriúnú do choinníollacha athraitheacha margaidh agus deiseanna gnó nua a bhaint amach i mBallstát eile. Dheimhnigh na freagróirí é seo sa chomhairliúchán in 2015 maidir le cumaisc agus deighiltí trasteorann 15 . Mar sin féin, is easpach an léargas a fhaightear ar staid reatha na ndeighiltí trasteorann i mBallstáit an Aontais.

Níl aon chreat dlí comhchuibhithe ann do dheighiltí trasteorann cuideachtaí, cé go bhfuil ról tábhachtach ag deighiltí i dtimpeallacht eacnamaíoch na mBallstát chomh maith.

I gcreat dlí reatha an Aontais, ní fhoráiltear ach maidir le cumaisc thrasteorann cuideachtaí, agus tá deighiltí trasteorann faoi réir rialacha náisiúnta, más ann dóibh. I láthair na huaire, níl rialacha náisiúnta maidir le deighiltí trasteorann cuideachtaí ach ag níos lú ná leath na mBallstát. In éagmais creat dlí iontaofa maidir le deighiltí trasteorann, bíonn deacrachtaí ag cuideachtaí margaí a rochtain i mBallstáit eile agus is minic is gá dóibh dul i dtuilleamaí roghanna malartacha costasacha ar nósanna imeachta díreacha.

Mar gheall ar na ceanglais náisiúnta éagsúla, bíonn sé deacair oibríochtaí trasteorann a struchtúrú agus déantar é níos casta agus níos costasaí. Fiú nuair a cheadaíonn na Ballstáit do chuideachtaí deighilt thar theorainn, is minic a bhíonn éagsúlacht idir na forálacha náisiúnta ábhartha nó nach luíonn siad le chéile fiú. I roinnt Ballstát ní féidir deighilt trasteorann dhíreach a dhéanamh.

Mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil agus easpa nó castacht na rialacha maidir le soghluaisteacht trasteorann cuideachtaí, níl aon chreat soiléir ann chun cosaint éifeachtach na bpáirtithe leasmhara a áirithiú. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis fiú le cás ina bhféadfadh cuideachtaí áirithe míúsáid a bhaint as an tsaoirse bhunaíochta. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, creat dlí a bhunú lena náiritheofar cothromaíocht chóir idir an gá le timpeallacht ghnó fhabhrach san Aontas a sholáthar do chuideachtaí agus, san am céanna, an gá le leasanna dlisteanacha páirtithe leasmhara a chosaint.

Luadh sa Straitéis don Mhargadh Aonair 2015 16 éiginnteachtaí maidir le dlí na gcuideachtaí mar cheann de na bacainní faoina ndéanann FBManna gearán sa Mhargadh Aonair agus fógraíodh “go scrúdódh an Coimisiún an gá leis na rialacha reatha maidir le cumaisc thrasteorann a nuashonrú agus go bhféachfadh sé arbh fhéidir iad a chomhlánú le rialacha maidir le deighiltí trasteorann”. 

Is é is aidhm leis an gcuid seo den togra creat dlí nua a thabhairt isteach lena rialófar deighiltí trasteorann. Is é an príomhchuspóir atá ann aghaidh a thabhairt ar ábhar a bhaineann le soghluaisteacht trasteorann trína éascú do chuideachta faoi dhliteanas teoranta deighilt trasteorann a dhéanamh.

Tá na forálacha maidir le deighiltí trasteorann bunaithe ar an gcreat atá ann cheana i dtaca leis an Treoir maidir le cumasc trasteorann agus ar na rialacha atá ann cheana le haghaidh deighiltí intíre. Tá na rialacha curtha in oiriúint chun freastal ar chás ina ndéantar cuideachta a dheighilt, seachas cás ina naistríonn cuideachta amháin nó níos mó ná cuideachta amháin a sócmhainní agus dliteanais uile chuig cuideachta eile. San am céanna, tá cuspóirí na rialacha comhchuibhithe maidir le deighiltí trasteorann fós comhchosúil le comhshónna trasteorann:

– cuideachtaí a chumasú chun deighilt trasteorann a dhéanamh ar bhealach ordúil éifeachtúil éifeachtach;

– na páirtithe leasmhara ar a mbíonn an tionchar is mó, amhail fostaithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí, a chosaint ar bhealach oiriúnach comhréireach.

Ar an ábhar go bhfuil cosúlacht idir na rioscaí a bhaineann le deighiltí trasteorann agus iad sin a bhaineann le comhshónna trasteorann, i gcás deighiltí bheadh gá freisin leis an nós imeachta struchtúrtha ilsrathach atá á bheartú le haghaidh comhshónna. Leis an nós imeachta sin, d’áiritheofaí grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann ag údarás inniúil na cuideachta atá á deighilt agus ag údaráis na gcuideachtaí is faighteoir i bhfianaise na bhfíricí agus na fianaise ábhartha ar fad. Mar atá le comhshónna, is gné ríthábhachtach den nós imeachta é go gcuirfeadh sé cosc le deighilt trasteorann i gcás ina gcinnfear gur míúsáid é, is é sin i gcásanna inarb ionann an deighilt agus socrú saorga arb é is aidhm leis buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí mionlaigh.

Tá castacht ag baint le dul i ngleic le rioscaí míúsáide i gcás ina naistreoidh cuideachta atá á deighilt a sócmhainní agus dliteanais chuig cuideachtaí atá ann cheana i mBallstát eile agus, dá bharr sin, cinneadh go rialófaí cásanna ina mbunófaí cuideachtaí nua de bharr deighilt trasteorann agus nach rialófaí ag an staid seo deighilt trasteorann a dhéanfaí trí bhíthin éadála, i.e. nuair a aistríonn cuideachta sócmhainní agus dliteanais chuig níos mó ná aon chuideachta amháin atá ann cheana. I gcomhthéacs intíre (ina dtugtar aghaidh ar na cásanna sin faoi na rialacha reatha), tá scrúdú ar chosaint leasanna na bpáirtithe leasmhara i mBallstát amháin i gceist le nós imeachta den chineál sin. I gcomhthéacs trasteorann áfach, bheadh gá le cuid mhór údarás ó Bhallstáit éagsúla a bheith rannpháirteach. Agus taithí faighte ar dtús ar na rialacha nua maidir le deighiltí trasteorann, d’fhéadfaí ansin a mheas ar cheart nó deighiltí trasteorann trí bhíthin éadála a chur san áireamh faoi raon feidhme na treorach nó nár cheart.

Mar an gcéanna le comhshónna trasteorann, is é an chéad chéim den nós imeachta dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a ullmhú agus dhá thuarascáil spriocdhírithe, atá le cur faoi bhráid scairshealbhóirí agus fostaithe, maidir leis na himpleachtaí a bheidh ag an deighilt trasteorann dóibh a ullmhú. Ina theannta sin, bheadh ar chuideachtaí meánmhéide agus móra iarraidh ar an údarás inniúil saineolaí neamhspleách a cheapadh a scrúdódh cruinneas na ndréacht-téarmaí agus na dtuarascálacha ullmhaithe ag an gcuideachta. Sholáthrófaí freisin leis an tuarascáil scríofa de chuid an tsaineolaí neamhspleách an bunús fíorasach ar a ndéanfaidh an túdarás inniúil an measúnú, inter alia, ar an riosca míúsáide dá dtagraítear thuas. Ní ceadmhach aon fhaisnéis rúnda de chuid na cuideachta a bheith san áireamh i dtuarascáil ón saineolaí a fhoilseofar. Chuirfí na dréacht-téarmaí agus na tuarascálacha ar fáil go poiblí agus d’fhéadfadh na páirtithe leasmhara lena mbaineann barúil a thabhairt ina leith.

Ina dhiaidh sin, tá an chuideachta atá á deighilt chun cinneadh a dhéanamh ag an gcruinniú ginearálta an dtabharfar faoin deighilt trasteorann nó nach dtabharfar. Ina dhiaidh sin, chuirfí an cinneadh sin, mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid ábhartha, faoi bhráid údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá á deighilt atá freagrach as cinneadh a dhéanamh an féidir nó nach féidir deimhniú réamhdheighilte a eisiúint. Roinnfí an grinnscrúdú a dhéanfadh an túdarás sin ina dhá chéim: tá céim amháin éigeantach agus tá an ceann eile roghnach. Sa chéad chéim, lena bhfuil uasteorainn míosa, scrúdódh an túdarás inniúil an bhfuil an deighilt trasteorann dleathach nó nach bhfuil. Chinnfeadh an túdarás an bhfuil na coinníollacha ar fad a bhaineann leis an deighilt trasteorann a leagtar síos sa Treoir agus sa dlí náisiúnta comhlíonta, lena náirítear an bhfuil an chuideachta sócmhainneach, ar fhormheas tromlach riachtanach na scairshealbhóirí an deighilt trasteorann ag cruinniú ginearálta agus an bhfuil fostaithe, scairshealbhóirí mionlaigh agus creidiúnaithe cosanta faoin sainchúram a fhorordaítear leis an Treoir. Chinnfeadh sé freisin an bhfuil socrú saorga á chruthú arb é is aidhm leis buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí mionlaigh. Dá mba rud é nach mbeadh aon agóid ag an údarás ag deireadh na tréimhse míosa, d’eiseodh sé deimhniú réamhdheighilte; dá mba rud é go mbeadh an túdarás cinnte go bhfuil an deighilt trasteorann neamhdhleathach, dhéanfadh sé cinneadh lena ndiúltófaí deimhniú réamhdheighilte a cheadú; nó dá mbeadh cúis mhór imní ann go bhféadfadh an deighilt a bheith neamhdhleathach, chuirfeadh an túdarás in iúl don chuideachta atá á deighilt go ndéanfaidh sé fiosrúchán cuimsitheach d’fhonn scrúdú cuimsitheach a dhéanamh an ann nó nach ann don mhíúsáid dá dtagraítear thuas. Ní mór an scrúdú cuimsitheach a thabhairt i gcrích agus cinneadh críochnaitheach a dhéanamh ina leith laistigh de dhá mhí ó dháta tosaithe an fhiosrúcháin chuimsithigh.

Tar éis grinnscrúdú den chineál sin, dá gcinnfí an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint, tharchuirfí é gan mhoill chuig údaráis inniúla Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir. Ina dhiaidh sin, dhéanfadh na húdaráis inniúla grinnscrúdú ar an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear faoina ndlíthe féin. Ní mór d’údaráis inniúla Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir a áirithiú go gcomhlíonfaidh na cuideachtaí forálacha a ndlíthe náisiúnta maidir le corprú cuideachtaí i gcás inarb iomchuí, mar shampla cé acu an bhfuil fíoráit ghnó ag an gcuideachta ina gcríoch nó nach bhfuil. Chomh maith leis sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a sheiceáil ar cinneadh na socruithe le haghaidh rannpháirtíocht fostaithe go dleathach. Nuair a bheidh an tseiceáil dlíthiúlachta déanta, chlárófaí an deighilt agus chuirfí ar taifead é i ngach clár gnó ábhartha. Ba cheart gach teagmháil idir na cláir a dhéanamh trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an togra seo, comhlánófar agus leasófar na rialacha atá ann cheana maidir le dlí cuideachtaí an Aontais atá anois códaithe i dTreoir (AE) 2017/1132. Is é is aidhm leis athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana maidir le cumaisc thrasteorann agus creat dlíthiúil soiléir oiriúnach a sholáthar do chuideachtaí chun gur féidir leo a noifig chláraithe a dheighilt nó a aistriú thar theorainn. Ó thaobh na nósanna imeachta de, tá na rialacha atá beartaithe iomlán comhleanúnach leis na rialacha atá ann cheana arb é is aidhm leo gníomhaíocht trasteorann cuideachtaí a éascú trí bhíthin cumaisc thrasteorann; ón taobh substainteach de, tá na rialacha atá beartaithe go hiomlán i gcomhréir le prionsabal na saoirse bunaíochta a chumhdaítear faoi Airteagal 49 go hAirteagal 55 CFAE, agus leis an ngá fostaithe, scairshealbhóirí mionlaigh agus creidiúnaithe a chosaint. Thairis sin, tá an togra comhleanúnach le rialacha maidir le soghluaisteacht trasteorann a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 17 ón gComhairle. Chomh maith leis sin, tá na rialacha atá beartaithe ag teacht leis an gcur chuige a ghlactar i rialacha an Aontais maidir le cearta scairshealbhóirí a leagtar síos i dTreoir (CE) 2007/36 18 agus sna rialacha dlí is infheidhme i Rialachán 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta 19 .

Tá úsáid uirlisí digiteacha agus, go háirithe, malartú faisnéise cuideachta a bhaineann le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann idir cláir ghnó trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) 20 go hiomlán i gcomhréir leis an gcuspóir nósanna imeachta na gcuideachtaí a dhigitiú laistigh de chreat an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus tá an úsáid sin comhlántach leis na gnéithe digitithe sa togra maidir le digitiú i dtaca le huirlisí agus próisis dhigiteacha a chur chun cinn thar shaolré cuideachta.

Tá na rialacha atá beartaithe i gcomhréir agus le bheith comhlántach le Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (athmhúnlú), Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le cosaint cearta fostaithe i gcás aistriú gnóthas, agus Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo. Féadfar, go háirithe, cearta fhostaithe na gcuideachtaí atá i mbun comhshó nó deighilt trasteorann a chosaint i gcomhréir le Treoir 2001/23/CE. Tá sé i gceist leis na rialacha atá beartaithe tuilleadh cosanta a chur ar fáil d’fhostaithe trí bhreis trédhearcachta agus faisnéis fheabhsaithe a thabhairt d’fhostaithe faoin gcomhshó, cumasc nó deighilt trasteorann atá beartaithe.

Leis an togra seo, chuirfí le soghluaisteacht trasteorann cuideachtaí trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na gnéithe nós imeachta agus substainteacha a bhaineann le cosaint creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh agus, dá réir sin, gníomhaíocht trasteorann a fheabhsú a thuilleadh trí dheimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, rud a laghdóidh na costais ar chuideachtaí a eascraíonn as comhairle dlí chostasach agus as an ngá rialacha neamh-chomhchuibhithe na mBallstát a chomhlíonadh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an tionscnamh seo, cuirfear le rath an iliomad tionscnamh de chuid an Choimisiúin arb é is aidhm leo feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú trína dhéanamh níos doimhne agus níos cothroime agus Eoraip dhigiteach a thógáil 21 . Leis an tionscnamh seo, cuirfear freisin leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip, go háirithe an tríú colún de ina ndírítear ar thimpeallacht ghnó na hEorpa a fheabhsú trí dheireadh a chur le bacainní rialála ar infheistíocht ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; cuirfear chomh maith le hAontas na Margaí Caipitil 22 tríd an gcreat dlíthiúil do chuideachtaí a dhéanamh níos soiléire, níos oiriúnaí agus níos éifeachtaí chun infheistíochtaí san Eoraip a dhreasú.

San am céanna, tá an togra seo comhleanúnach leis an gcuspóir aontas eacnamaíoch níos doimhne agus níos cothroime a thógáil agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe an 8ú Prionsabal, ina leagtar síos roinnt príomhphrionsabal agus ceart chun tacú le margaí saothair agus le córais leasa shóisialta atá cothrom agus dea-fheidhmiúil 23 . Tríd an trédhearcacht do pháirtithe leasmhara, lena náirítear fostaithe, a fheabhsú go háirithe, leis an tionscnamh cuirfear go díreach leis an bprionsabal lena sonraítear go bhfuil sé de cheart ag fostaithe agus ag a nionadaithe go gcuirfear ar an eolas iad agus go rachfar i gcomhairle leo in am trátha faoi ábhar a bhaineann leo, go háirithe maidir le comhshó, athstruchtúrú agus cumasc gnóthas agus le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna.

Tá an tionscnamh seo i gcomhréir leis an gcuspóir córas cánach corparáide atá cothrom agus éifeachtúil a chruthú san Aontas Eorpach 24 . Ghlac an Chomhairle roinnt beart chun gníomhú in aghaidh seachaint cánach corparáide le blianta beaga anuas. Le Treoir (AE) 2015/2376 25 ón gComhairle, foráiltear maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach faoi réamhrialuithe cánach agus réamhshocruithe praghsála idir na Ballstáit. Ina theannta sin, le Treoir (AE) 2016/881 26 ón gComhairle foráiltear maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach faoi thuairisciú de réir tíre na bhfiontar ilnáisiúnta. Le Treoir (AE) 2016/1164 27 ón gComhairle, leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta chánach lena nimrítear tionchar díreach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh , lena náirítear forálacha maidir le cáin scuchta chun cosc a chur ar chuideachtaí cáin a sheachaint agus sócmhainní á nathshuí acu. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil laistigh den Chomhairle an 13 Márta 2018 maidir leis an togra ón gCoimisiún 28 le haghaidh Treoir maidir le nochtadh éigeantach ag idirghabhálaithe le haghaidh scéimeanna pleanála cánach, agus ba cheart go nglacfaí í go luath.

Le méadú go háirithe ar inrochtaineacht trasteorann ar fhaisnéis a bhaineann le cuideachtaí, cuideofar le cánachas cothrom a áirithiú i gcás ina nginfear brabúis. Maidir leis na coimircí i gcoinne míúsáid a bhaint as na nósanna imeachta comhshó agus deighilte chun socruithe saorga a chruthú arb é is aidhm leo buntáistí cánach míchuí a fháil, leis na coimircí sin cuirfear le hiarrachtaí an Aontais an imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac.

Trí chuimsiú rialacha níos soiléire agus níos comhchuibhithe arb é is aidhm leo scairshealbhóirí cuideachtaí a chosaint agus an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann a fheabhsú, leis an tionscnamh seo cuirtear céim bhreise freisin leis na bearta maolaitheacha i gcoinne rioscaí a bhaineann le heagraíochtaí coiriúla i gcás eintitis dhlíthiúla a chur ar bun agus gníomhaíochtaí gnó na neintiteas sin, amhail cuideachtaí. Chuir an Coimisiún béim ar na rioscaí sin ina thuarascáil ar an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta lena nimrítear tionchar ar an margadh inmheánach agus maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, a glacadh an 26 Meitheamh 2017 29 . Sa tuarascáil sin, leag an Coimisiún béim ar leochaileacht na struchtúr corparáideach, amhail cuideachtaí, maidir leis an riosca go síothlódh eagraíochtaí coiriúla agus grúpaí sceimhlitheoireachta isteach iontu. Leis an tionscnamh seo, comhlánófar na rialacha uaillmhianacha atá ann cheana féin faoi Threoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí agus faoinar cheart do struchtúir chorparáideacha a núinéirí tairbhiúla a nochtadh le heintitis atá freagrach as ceanglais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chur i bhfeidhm 30 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é an bunús dlí é le hinniúlacht an Aontais gníomhú i réimse dhlí na gcuideachtaí. Déantar foráil in Airteagal 50(2)(f) go háirithe maidir le srianta le saoirse bhunaíochta a dhíothú de réir a chéile agus, in Airteagal 50(2)(g), déantar foráil maidir le bearta comhordaithe i dtaca le leasanna comhaltaí cuideachtaí agus páirtithe leasmhara eile a chosaint.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tá breisluach soiléir ag baint le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna ar leibhéal an Aontais seachas trí ghníomhaíocht aonair de chuid na mBallstát. Maidir leis na príomhdheacrachtaí le comhshónna agus deighiltí trasteorann a dhéanamh, baineann siad le rialacha nós imeachta éagsúla, codarsnacha nó forluiteacha, agus freisin le rialacha i dtaca le cosaint creidiúnaithe, fostaithe (lena náirítear rannpháirtíocht fostaithe) agus scairshealbhóirí mionlaigh, agus leis an easpa úsáide a bhaintear as idirnascadh na gclár gnó. Maidir le príomh-neamhéifeachtúlachtaí fheidhmiú na rialacha atá ann cheana maidir le cumaisc thrasteorann, is é is cúis leo go príomha rialacha náisiúnta éagsúla, codarsnacha nó forluiteacha i dtaca le cosaint creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh, an easpa úsáide a bhaintear as idirnascadh na gclár gnó nó neamhréireachtaí eile nó éiginnteacht dhlíthiúil de bharr rialacha éagsúla na mBallstát, amhail rialacha cuntasaíochta. Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ag teastáil chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, de bharr a gcineáil féin. Ní fhéadfadh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh astu féin, deireadh sásúil a chur leis na deacrachtaí i dtaca le feidhmiú níos éifeachtúla a chruthú i leith na noibríochtaí trasteorann mar go mbeadh ar rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta a bheith comhoiriúnach le chéile chun go noibreoidís i gcásanna trasteorann agus chun go bhfeabhsóidís oibríochtaí trasteorann. Ní féidir deireadh a chur leis na bacainní sin trí dhul i muinín Airteagal 49 CFAE a chur i bhfeidhm go díreach, mar d’fhágfadh sé sin go gcaithfí aghaidh a thabhairt orthu de réir an cháis trí nósanna imeachta um shárú a fheidhmiú i gcoinne na mBallstát lena mbaineann mar is gá na scéimeanna dlí náisiúnta a chomhordú roimh ré, lena náirítear comhoibriú riaracháin a bhunú, chun deireadh a chur le cuid mhór de na bacainní.

In éagmais aon bhirt ar leibhéal an Aontais, mar sin, dealraíonn sé nach mbeadh ach réitigh neamh-chomhchuibhithe náisiúnta ar fáil, rud a d’fhágfadh go mbeadh ar chuideachtaí, FBManna go háirithe, fós dul i ngleic le córais náisiúnta éagsúla. Dá bharr sin, bheadh sé ní ba dheacra an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú go héifeachtach gan cosaint leordhóthanach páirtithe leasmhara a áirithiú agus, leis na costais a bheadh ann dá bharr, d’imreofaí tionchar go háirithe ar chuideachtaí ach freisin ar na páirtithe leasmhara, bídís ina bhfostaithe, creidiúnaithe nó scairshealbhóirí mionlaigh.

Cé go socrófaí leibhéil shubstainteacha chosanta fostaithe, scairshealbhóirí mionlaigh agus creidiúnaithe ar an leibhéal náisiúnta go fóill, níor mhór creat nós imeachta a leagan síos ina leith ar leibhéal an Aontais i gcás oibríochtaí trasteorann ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus éifeachtacht na cosanta sin.

I bhfianaise an méid sin thuas, le hidirghabháil spriocdhírithe ón Aontas comhlíontar prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Maidir le prionsabal na comhréireachta, dealraíonn sé go bhfuil na rialacha atá beartaithe oiriúnach chun na cuspóirí a bhaineann le rialacha soiléire oiriúnacha a bhaint amach agus, chomh maith leis sin, chun cosaint a sholáthar do pháirtithe leasmhara mar a leagtar síos sa mheasúnú tionchair. Sa mheasúnú tionchair, mínítear costais agus buntáistí na roghanna a breithníodh ann do chuideachtaí, páirtithe leasmhara agus do na Ballstáit tríd na gnéithe riachtanacha ar fad, lena náirítear buntáistí sochaíocha agus féidearthacht pholaitiúil, a chur san áireamh. Mar shampla, meastar go gcoigleofar EUR 12 000 – 19 000 in aghaidh na hoibríochta mar thoradh ar an nós imeachta comhshó trasteorann atá beartaithe agus go mbeidh coigilteas EUR 176 – 280 milliún thar chúig bliana ann ar an iomlán do chuideachtaí atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach.

Dealraíonn sé nach dtéann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach agus gur mó tionchar dearfach na mbeart atá beartaithe ná an tionchar diúltach féideartha (Cuid 6.3 den mheasúnú tionchair).

An rogha ionstraime

Is é Airteagal 50 CFAE, lena gceanglaítear ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle gníomhú trí bhíthin treoracha, an bunús dlí le hoibríochtaí dhlí na gcuideachtaí. Is le Treoir (AE) 2017/1132 a rialaítear dlí na gcuideachtaí ar leibhéal an Aontais. Ar mhaithe le comhtháthú agus comhsheasmhacht i ndlí cuideachtaí an Aontais, leasófar an Treoir sin leis an togra seo agus cuirfear leis.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tugtar isteach leis an togra seo creat dlíthiúil nua le haghaidh nós imeachta maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

Rinneadh an mheastóireacht ex post 31 ar an Treoir maidir le Cumasc Trasteorann 32 de réir na gcritéar measúnaithe i gcomhréir leis na ceanglais maidir le "Rialáil Níos Fearr". Is iad seo a leanas na príomhfhoinsí a úsáideadh sa mheastóireacht: “Study on the application of the cross-border mergers Directive” [Staidéar ar chur chun feidhme na Treorach maidir le cumasc trasteorann] a rinne conraitheoir seachtrach thar ceann an Choimisiúin 33 , staidéir bhreise 34 agus dhá chomhairliúchán phoiblí (2015 agus 2017) inar bailíodh tuairimí páirtithe leasmhara faoi fheidhmiú na gcumasc trasteorann.

De thoradh na hanailíse, rinneadh meastóireacht dhearfach ar an iomlán ar an Treoir maidir le cumasc trasteorann i dtéarmaí éifeachtachta, éifeachtúlachta, ábharthachta, comhleanúnachais agus breisluacha de chuid an Aontais. Ar an iomlán, tháinig méadú suntasach ar ghníomhaíochtaí cumaisc trasteorann mar thoradh ar an Treoir maidir le cumasc trasteorann, i gcomhréir lena cuspóir cumaisc thrasteorann a éascú agus na deiseanna a thugtar faoin Margadh Aonair a mhéadú.

Mar sin féin, d'ainneoin go raibh an measúnú dearfach ar an iomlán, aithníodh sa mheastóireacht go bhfuil fadhbanna áirithe ann a chuireann bac ar lánéifeachtacht agus lánéifeachtúlacht na rialacha reatha. Baineann na príomhbhacainní leis an easpa comhchuibhithe ar rialacha substainteacha, go háirithe maidir le cosaint creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh, mar aon leis an easpa nósanna imeachta meara (i.e. nósanna imeachta simplithe) sa Treoir. Dá mbainfí tuilleadh úsáide as idirnascadh na gclár gnó, d’fhéadfaí sineirgíocht agus, dá réir sin, comhleanúnachas le reachtaíocht eile a bhaineann le dlí na gcuideachtaí a mhéadú.

Tá an togra seo comhleanúnach leis an meastóireacht agus is é is aidhm leis aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh inti maidir leis na rialacha cumaisc trasteorann atá ann cheana.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go gníomhach le páirtithe leasmhara agus rinne sé comhairliúcháin chuimsitheacha le linn an phróisis measúnaithe tionchair. Is é a bhí i gceist leis an bpróiseas comhairliúcháin comhairliúchán poiblí ar líne, cruinnithe leis na páirtithe leasmhara, lena náirítear pléite le saineolaithe de chuid an mBallstát agus cuid mhaith staidéar. Bhí tionchar ag an bhfaisnéis a bailíodh tríd na modhanna sin go léir ar an togra.

In 2012, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun measúnú a dhéanamh ar phríomhleasanna na bpáirtithe leasmhara i dtaca le dlí Eorpach na gcuideachtaí agus chun a chinneadh cad ba cheart a bheith ina thosaíocht do dhlí na gcuideachtaí amach anseo. Fuarthas 496 fhreagra ó réimse leathan páirtithe leasmhara, amhail údaráis phoiblí, ceardchumainn, an tsochaí shibhialta, cónaidhmeanna gnó, gairmeacha liobrálacha, infheisteoirí, ollscoileanna, meithleacha machnaimh, comhairleoirí agus daoine aonair. Dhírigh tromlach mór na bpáirtithe leasmhara ar an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus soghluaisteacht trasteorann a chothú. Ina theannta sin, leagadh béim ar chosaint creidiúnaithe, scairshealbhóirí agus fostaithe a fheabhsú i gcásanna trasteorann agus ar chruthú cuideachtaí a éascú agus ar iomaíocht rialála a chothú.

In 2013, seoladh comhairliúchán poiblí ní ba mhionsonraithe ar líne maidir le hoifigí cláraithe cuideachtaí a aistriú agus ba é ab aidhm leis faisnéis ní ba chuimsithí a fháil faoi na costais a bhíonn ar chuideachtaí a aistríonn a noifigí cláraithe thar sáile agus faoi na buntáistí éagsúla a d’eascródh as beart de chuid an Aontais ina leith sin. Ar an iomlán fuarthas 86 fhreagra ó údaráis phoiblí, ceardchumainn, an tsochaí shibhialta, cuideachtaí, eagraíochtaí gnó, daoine aonair agus ollscoileanna, lena ndearnadh ionadaíocht leathan ar an tsochaí. Tháinig freagraí ó 20 Ballstát de chuid an Aontais agus ó lasmuigh den Aontas chomh maith. Fuarthas amach go gcuirfeadh tromlach na bhfreagróirí, a smaoineodh ar a gcuideachta a aistriú thar theorainn, fáilte ar an iomlán roimh nós imeachta comhshó a thabhairt isteach. I measc na bhfreagraí a thug siad ina fhabhar, luadh buntáistí eacnamaíocha, coigilteas costais don mhargadh inmheánach agus féidearthachtaí níos fearr do FBManna aistriú thar theorainn. Ina theannta sin, mheas tromlach na bhfreagróirí, 43%, nár tugadh go leor soiléireachta ar an gceist i ndlíeolaíocht CBAE.

In 2015, seoladh comhairliúchán poiblí eile inar díríodh ar chumaisc thrasteorann agus ar dheighiltí trasteorann agus fuarthas 151 fhreagra air sin 35 . Maidir le deighiltí trasteorann, ar an iomlán chuir na freagróirí fáilte roimh nós imeachta nua a thabhairt isteach mar gur thug tromlach na bhfreagróirí le fios gurb é cosaint creidiúnaithe, cosaint scairshealbhóirí mionlaigh agus cosaint cearta fostaithe na príomh-shaincheisteanna le socrú. Shíl timpeall 72% d’fhreagróirí a léirigh tuairim go mbeadh comhchuibhiú na gceanglas dlíthiúil a bhaineann le deighiltí trasteorann ar leas fiontar agus go néascófaí leis gníomhaíochtaí trasteorann tríd na costais a bhaineann go díreach le deighilt trasteorann a laghdú. Aithníodh saincheisteanna nós imeachta agus cosaint páirtithe leasmhara i measc na bpríomh-shaincheisteanna le socrú. Ar a bharr sin, dar le 68% de na freagróirí is é éiginnteacht dhlíthiúil de bharr easpa rialacha de chuid an Aontais an bac is mó ar dheighilt trasteorann a dhéanamh agus luaigh 51% gur bhain an-chuid fadhbanna le fad agus castacht na nósanna imeachta atá ann faoi láthair. Maidir le cumaisc thrasteorann, bhí 88% de na freagróirí i bhfabhar comhchuibhiú ar chosaint creidiúnaithe, agus bhí 75% díobh sin i bhfabhar cur chuige lán-chomhchuibhithe. Mheas an tromlach mór díobh sin gurb é ráthaíocht an cineál cosanta is fearr agus gur cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar an dáta lena gcinntear tús thréimhse cosanta na gcreidiúnaithe. Ina theannta sin, maidir le cosaint na scairshealbhóirí mionlaigh, bhí 66% i bhfabhar comhchuibhithe agus bhí 71% díobh sin i bhfabhar comhchuibhiú uasmhéide. Shíl 70% díobh sin a bhí i bhfabhar lán-chomhchuibhithe gur cheart ceart scuchta maidir le cúiteamh airgid leordhóthanach a thabhairt do scairshealbhóirí mionlaigh. Ar a bharr sin, chuir 62% de na freagróirí fáilte roimh nós imeachta mear a thabhairt isteach.

Seoladh an comhairliúchán poiblí is déanaí ar dhlí na gcuideachtaí in 2017. Reáchtáladh é ón 10 Bealtaine 2017 go dtí an 6 Lúnasa 2017. Fuarthas 207 bhfreagra. De bharr an tionscnaimh atá le teacht, lorg an Coimisiún freagraí ar cheisteanna mionsonraithe faoi na heasnaimh i gcreat dlí an Aontais agus sna réimsí a mheas na freagróirí a bhí mar thosaíochtaí.

Léiríodh i dtorthaí an chomhairliúcháin go raibh tacaíocht leathan ann ó na Ballstáit agus ó na páirtithe leasmhara araon do chomhshónna trasteorann mar bhí timpeall 85% de na freagróirí ar fad den tuairim gur cheart ionstraim de chuid an Aontais ina leith seo a chur ar bun. Maidir le miondealú na bpáirtithe leasmhara, d’aontaigh na húdaráis phoiblí ar fad go gcuirtear bacainní ar rochtain ar an margadh inmheánach de bharr easpa rialacha nós imeachta le haghaidh comhshónna agus gur cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an gceist sin. Thug roinnt údarás le fios gur mhó d’ábhar imní dóibh é ceist na fíoráite gnó ná sásraí cosanta páirtithe leasmhara agus dúirt siad go dtacóidís le tionscnamh comhshó sa mhéid is nárbh fhéidir le cuideachtaí a bhfíoráit ghnó a aistriú ach amháin chun críocha fíorchúiseanna gnó seachas chun cuideachtaí caocha a aistriú chun críocha míchleachtais.

Thacaigh na grúpaí gnó le nós imeachta comhshó a thabhairt isteach agus bhí a gcéatadán faofa comhchosúil le céatadán na núdarás poiblí. Mheas thart ar 44% de ghrúpaí gnó gur príomhthosaíocht de chuid an Aontais é sin, mheas 22% gur tosaíocht é agus mheas 22% gur tosaíocht íseal é. Bhí measarthacht tacaíochta ann i measc ceardchumann agus nótairí do rialacha nós imeachta le haghaidh comhshónna (mheas 74% agus 79% faoi seach gur tosaíocht íseal de chuid an Aontais é). Theastaigh ó na ceardchumainn agus ó Chomhairle Nótairí an Aontais Eorpaigh (CNAE) araon béim a leagan air nár cheart a cheadú do chuideachtaí a noifig chláraithe a aistriú ach amháin má aistrítear a bhfíoráit ghnó in éineacht. Chuir na ceardchumainn i dtreis freisin go raibh gá le hionstraim chothrománach chun faisnéis a sholáthar d’fhostaithe, dul i gcomhairle leo agus maidir lena gcearta rannpháirtíochta. Ar an iomlán, bhí acadóirí i bhfabhar nós imeachta comhshó a thabhairt isteach chomh maith. Thug roinnt acadóirí le fios gur cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh faoina gceanglais féin a d’aithneofaí faoina ndlí féin agus, go deimhin, faoi cé acu an gceanglóidh siad nó nach gceanglóidh siad ar chuideachtaí a bhfíoráit ghnó a aistriú. Tugadh le fios freisin gur cheart digitiú a úsáid a oiread is féidir, i.e. chun faisnéis a fhoilsiú agus chun go ndéanfadh cláir na gcuideachtaí teagmháil le chéile. Mhol freagróirí eile nár cheart go mbeadh Ballstát in ann bac a chur ar chomhshó ach amháin i gcúinsí an-eisceachtúil ar mhaithe le leas an phobail.

Maidir le cumaisc thrasteorann, mar an gcéanna le comhairliúchán poiblí 2015, d’aithin tromlach na bpáirtithe leasmhara a d’fhreagair an comhairliúchán in 2017 go raibh na saincheisteanna céanna achrannach: cosaint creidiúnaithe, cosaint scairshealbhóirí mionlaigh agus cosaint cearta fostaithe.

Bhí tromlach na núdarás poiblí náisiúnta a d’fhreagair comhairliúchán 2017 den tuairim go bhfuil fadhbanna leis na rialacha cumaisc trasteorann atá ann faoi láthair agus go gcuirtear bac ar rochtain ar an Margadh Inmheánach de bharr na bhfadhbanna sin, ach ar leibhéil éagsúla. Tugadh meascán freagraí ar an leibhéal tosaíochta ba cheart a thabhairt do bheart de chuid an Aontais chun na rialacha atá ann faoi láthair a leasú. Maidir le coimircí, bhí gach údarás poiblí náisiúnta a d’fhreagair den tuairim gur cheart aghaidh a thabhairt ar bhearta cosanta do chreidiúnaithe agus bhí 70% den tuairim gur cheart aghaidh a thabhairt freisin ar bhearta cosanta do scairshealbhóirí mionlaigh. Bhí 80% ann a mheas go raibh sé tábhachtach gnéithe de na nósanna imeachta mar aon le gnéithe ábhartha den chosaint a thugtar do chreidiúnaithe a chomhchuibhiú agus cheap 50% go raibh sé tábhachtach do scairshealbhóirí mionlaigh a bheith in ann cosc a chur ar an gcumasc agus cur i gcoinne scaireanna a mhalartú.

Ar an iomlán, chuir eagraíochtaí gnó a d’fhreagair comhairliúchán 2017 fáilte roimh an ngá an Treoir maidir le cumasc trasteorann a leasú chomh maith. Bhain na pointí a luaigh eagraíochtaí gnó le simpliú na rialacha (nós imeachta mear), rialacha comhchuibhithe le haghaidh cosaint creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh, rialacha simplithe maidir le cosaint fostaithe agus deireadh a chur leis an gceanglas i dtaca le nósanna imeachta cumaisc a shíniú roimh nótairí poiblí, mar atá i bhfeidhm i mBallstáit áirithe.

Mar an gcéanna, bhí na ceardchumainn fáilteach roimh athrú a dhéanamh ar rialacha na gcumasc trasteorann. Mar sin féin, leag siad béim go príomha ar chosaint fostaithe a neartú trí bhíthin cearta chun faisnéise, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta níos láidre. Os a choinne sin, den chuid is mó bhí nótairí den tuairim go bhfeidhmíonn an treoir atá ann faoi láthair go han-mhaith agus, dar leo, nach bhfuil aon ghá le bearta nua de chuid an Aontais sa réimse seo.

Maidir le deighiltí trasteorann, bhí gach údarás poiblí a d’fhreagair an comhairliúchán i bhfách le rialacha nua maidir le deighiltí trasteorann agus mheas 40% acu gur príomhthosaíocht de chuid an Aontais é tionscnamh a chur ar bun sa réimse seo.

Bhí na heagraíochtaí gnó go mór i bhfách leis na rialacha nua mar mheas 44% acu gur príomhthosaíocht é seo agus cheap 26% acu gur tosaíocht é. Léirigh na nótairí tacaíocht mheasartha do thionscnamh nua. Bhí na ceardchumainn an-amhrasach faoi dheighiltí mar gheall ar na rioscaí d’fhostaithe ach dá mba rud é go nglacfadh na Ballstáit cinneadh ar son deighiltí, thug na ceardchumainn le fios gur ghá na rialacha maidir le faisnéis agus comhairliúchán fostaithe a neartú.

Thug tromlach mór na bhfreagróirí a bhí i bhfabhar nós imeachta nua i dtaca le deighiltí trasteorann le fios, mar ráiteas ginearálta, gur cheart don nós imeachta cloí go mion lena bhfuil leagtha síos sa Treoir maidir le cumasc trasteorann atá ann cheana.

Ina theannta sin, bailíodh tuairimí na bpáirtithe leasmhara freisin le linn cruinnithe iomadúla. In 2012, cuireadh tús leis an bpróiseas comhairliúcháin faoin bpacáiste maidir le dlí na gcuideachtaí laistigh den Sainghrúpa um Dhlí na gCuideachtaí (CLEG). Ó 2012 go 2014, sna cruinnithe de chuid CLEG díríodh ar Phlean Gníomhaíochta 2012 maidir le Dlí na gCuideachtaí agus Rialachas Corparáideach agus in 2015 agus 2016 díríodh sna cruinnithe ar eilimintí de dhigitiú. In 2017, reáchtáladh trí chruinniú de chuid CLEG inar pléadh go mion na saincheisteanna ábhartha don phacáiste maidir le dlí na gcuideachtaí, is é sin digitiú, cumaisc, deighiltí agus comhshónna trasteorann. Sna cruinnithe sin, d’iarr an Coimisiún ar shaineolaithe na mBallstát a dtuairimí a thabhairt maidir le saincheisteanna áirithe.

In 2017, thug an Coimisiún cuireadh do shaineolaithe na mBallstát chuig na cruinnithe de chuid CLEG ach, ní hamháin sin, thug sé cuireadh freisin d'ionadaithe na bpáirtithe leasmhara a tháinig chun cinn ó na comhairliúcháin phoiblí in 2013, 2015 agus 2017. Rinne na páirtithe leasmhara ionadaíocht do ghnólachtaí, fostaithe agus gairmeacha dlíthiúla. Leag na páirtithe leasmhara béim ar an ngá le hoibríochtaí trasteorann a éascú ach gur cheart leasanna chomhaltaí, fhostaithe agus chreidiúnaithe na gcuideachtaí a chosaint trí bhíthin coimircí sásúla. Ar an iomlán, tá tacaíocht leathan ann don tionscnamh maidir le comhshónna trasteorann ar choinníoll go gcuirfear coimircí leordhóthanacha ar bun. Maidir le cumaisc, léirigh ionadaithe na mBallstát tacaíocht don tionscnamh ar an iomlán, cé gur thug siad le fios go mbeadh plé ní ba dhoimhne ag teastáil chun teacht ar réiteach nithiúil. Cé nach raibh aon ghrúpa páirtithe leasmhara i gcoinne athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha na gcumasc trasteorann, bhí éagsúlacht tuairimí ann maidir leis an leibhéal tosaíochta. Maidir le deighiltí trasteorann, léirigh ionadaithe na mBallstát tacaíocht ar an iomlán don tionscnamh, cé gur cosúil go bhfuil plé le déanamh fós ar na réitigh ar leith, go háirithe iad sin a eascraíonn ó thraidisiúin dlí éagsúla. Bhí dearcadh coitianta i measc na bpáirtithe leasmhara ar fad, seachas na ceardchumainn, go mbeadh nós imeachta nua le haghaidh deighiltí trasteorann an-áisiúil ar fad agus gur cheart dó cloí go mion lena bhfuil leagtha síos sa Treoir maidir le cumasc trasteorann atá ann cheana.

Mar aon leis na cruinnithe CLEG, fuarthas faisnéis ó pháirtithe leasmhara ag cruinnithe déthaobhacha freisin. Sna cruinnithe sin, leag ionadaithe na gceardchumann béim ar an tábhacht a bhaineann le cearta rannpháirtíochta fostaithe a chaomhnú agus nár cheart do chuideachtaí aistriú ach amháin ar chúiseanna fíora agus, dá réir sin, nach gcruthófaí cuideachtaí caocha trí bhíthin oibríochtaí trasteorann. Léirigh ionadaithe na neagraíochtaí gnó tacaíocht mhór don tionscnamh maidir le soghluaisteacht cuideachtaí a éascú.

Leis an togra, tugtar aghaidh ar na saincheisteanna is tábhachtaí a d'aithin na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, ar an ábhar go bhfuil tuairimí éagsúla ag na páirtithe leasmhara maidir leis an gcur chuige mionsonraithe a úsáidfear chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, is é is aidhm leis an togra cothromaíocht chóir a bhaint amach idir na tuairimí sin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bunaíodh an Sainghrúpa Neamhfhoirmiúil um Dhlí na gCuideachtaí (ICLEG) i mBealtaine 2014 chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le saincheisteanna faoi dhlí na gcuideachtaí. Bhí comhaltaí an tsainghrúpa ina nacadóirí agus ina ndlíodóirí ardcháilithe ó roinnt Ballstát agus bhí an-taithí acu ar dhlí na gcuideachtaí.

Bhain an Coimisiún úsáid freisin as na torthaí ó staidéar a rinneadh in 2017 ina ndearnadh anailís ar cheisteanna sonracha a bhain le haistriú trasteorann oifigí cláraithe agus le deighiltí trasteorann cuideachtaí. Ar a bharr sin, bhailigh an Coimisiún aiseolas saineolaíoch ag roinnt comhdhálacha, lena náirítear an 21ú Comhdháil faoi Dhlí Eorpach na gCuideachtaí agus faoi Rialachas Corparáideach a reáchtáladh i Meán Fómhair 2017 i dTaillinn na hEastóine: Teorainneacha a Thrasnú, go Digiteach agus an Chomhdháil Bhliantúil maidir le Dlí Eorpach na gCuideachtaí agus Rialachas Corparáideach a reáchtáladh i nDeireadh Fómhair 2017 in Trier na Gearmáine.

Measúnú tionchair

Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála scrúdú ar an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, lena gcumhdaítear digitiú, oibríochtaí trasteorann agus rialacha na heasaontachta dlíthe i ndlí na gcuideachtaí an 11 Deireadh Fómhair 2017 36 . Eisíodh tuairim dhiúltach an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 13 Deireadh Fómhair 2017. Tugadh aghaidh ar na moltaí a rinneadh i leagan athbhreithnithe den Mheasúnú Tionchair a cuireadh faoi bhráid an Bhoird an 20 Deireadh Fómhair 2017. Thug an Bord tuairim dhearfach, maille le hagúis, an 7 Samhain 2017.

Maidir leis an raon feidhme lena gcinnfí cad iad na cineálacha cuideachtaí a d’fhéadfadh leas a bhaint as na rialacha agus nósanna comhchuibhithe le haghaidh comhshónna agus deighiltí trasteorann agus as na rialacha athraithe maidir le cumaisc thrasteorann, míníodh sa Mheasúnú Tionchair an fáth arb é raon feidhme reatha na rialacha cumasc trasteorann, i.e. cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, an réiteach is éifeachtaí le haghaidh na noibríochtaí trasteorann uile, d'ainneoin go bhfuiltear ann atá ag iarraidh go leathnófar é chun comhpháirtíochtaí agus comharchumainn a chumhdach. Tá sin amhlaidh mar go léirítear sna sonraí atá ann faoi láthair go mbaineann eintitis, seachas cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, úsáid an-teoranta as rialacha na gcumasc trasteorann. Ba chuideachtaí príobháideacha faoi dhliteanas teoranta iad 66% de na cuideachtaí éadála agus 70% de na cuideachtaí a bhí ag cumasc a bhí bainteach le cumaisc thrasteorann, agus ba chuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta iad 32% de na cuideachtaí éadála agus 28% de na cuideachtaí a bhí ag cumasc a bhí bainteach le cumaisc thrasteorann 37 . Sa bhreis air sin, dá leathnófaí an raon feidhme d’fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla a bheith ann maidir le dlí Eorpach na gcuideachtaí agus le rialacha cuntasaíochta nach bhfuil infheidhme ach i gcás cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

Maidir leis na rialacha nós imeachta nua le haghaidh comhshónna agus deighiltí trasteorann a thabhairt isteach, sa Mheasúnú Tionchair rinneadh scrúdú ar Rogha 0 (an cás bonnlíne), nach bhfuil rialacha nós imeachta le haghaidh comhshónna agus deighiltí trasteorann cumhdaithe inti, agus cuireadh i gcomparáid í le Rogha 1 lena dtabharfaí isteach nósanna imeachta comhchuibhithe de chuid an Aontais a chuirfeadh ar chumas cuideachtaí comhshónna agus deighiltí trasteorann díreacha a dhéanamh. In éagmais rialacha nós imeachta tá sé an-deacair, nó dodhéanta fiú, comhshónna agus deighiltí trasteorann a dhéanamh. Ní ann do nósanna imeachta náisiúnta le haghaidh comhshónna agus deighiltí trasteorann ach i líon teoranta Ballstát agus is minic nach mbíonn siad ag teacht le chéile. Dá bhrí sin, bíonn ar chuideachtaí muinín a chur i nósanna indíreacha costasacha, i bhfeidhmiú analógach na Treorach maidir le cumasc trasteorann agus i ndlíeolaíocht CBAE nuair atá dlíodóirí agus cláir ghnó eolach ar an gcásdlí. Dá dtabharfaí isteach rialacha nós imeachta nua le haghaidh comhshónna agus deighiltí trasteorann, thabharfaí soiléireacht shuntasach do chuideachtaí agus bheadh coigilteas suntasach costas ann do chuideachtaí ar mhian leo comhshó nó deighilt trasteorann a dhéanamh. Ina theannta sin, thabharfaí leis sin soiléireacht do chláir ghnó náisiúnta chun a dhealú go follasach an tam cruinn is féidir le cuideachta dul isteach sa chlár gnó sa Bhallstát cinn scríbe agus cén tam cruinn is féidir léi a bheith bainte den chlár gnó sa Bhallstát imeachta, rud a sheachnódh cásanna mar Polbud 38 a theacht chun cinn.

Maidir le cosaint na scairshealbhóirí mionlaigh, sa Mheasúnú Tionchair measadh Rogha 0 (an cás bonnlíne), ina gcumhdaítear na rialacha atá ann faoi láthair maidir le cosaint scairshealbhóirí mionlaigh, agus cuireadh i gcomparáid í le Rogha 1 agus Rogha 2. Le Rogha 1, sholáthrófaí rialacha comhchuibhithe ar fud an Mhargaidh Aonair. Thógfaí ar na rialacha maidir le cumaisc thrasteorann ach, sa bhreis air sin, d’fhorálfaí ann maidir le rialacha comhchuibhithe. Le Rogha 2, an rogha thosaíochta, d’fhorálfaí maidir le na rialacha comhchuibhithe céanna le Rogha 1 ach bheadh na Ballstáit in ann foráil maidir le coimircí breise. Is faoin rogha seo a sholáthrófaí an chosaint oiriúnaithe ab fhearr do scairshealbhóirí mionlaigh. Cé go bhféadfaí go gcuirfí roinnt costas comhlíonta ar chuideachtaí faoi Rogha 2, laghdófaí costais agus ualaí ar chuideachtaí go suntasach i gcomparáid leis an gcás bonnlíne agus thabharfaí breis deimhneacht dhlíthiúil, laghdófaí an gá le comhairle dlí agus, mar sin, thabharfaí coigilteas costas do chuideachtaí i gcomparáid leis an gcás bonnlíne. Is le Rogha 2 a thugtar an chothromaíocht is fearr idir laghdú costas, ardleibhéal cosanta agus solúbthacht do na Ballstáit.

Maidir le cosaint na gcreidiúnaithe, sa Mheasúnú Tionchair rinneadh scrúdú ar Rogha 0 (an cás bonnlíne), nach bhfuil aon athrú inti ar na rialacha atá ann faoi láthair maidir le cumaisc thrasteorann ná aon rialacha de chuid an Aontais maidir le cosaint creidiúnaithe i gcomhshónna agus deighiltí trasteorann, agus cuireadh i gcomparáid í le Rogha 1, lena soláthrófaí rialacha comhchuibhithe chun creidiúnaithe a chosaint, agus le Rogha 2, lena soláthrófaí na rialacha comhchuibhithe céanna le Rogha 1 ach lena ligfí do na Ballstáit foráil maidir le coimircí breise. Is le Rogha 2 a thabharfaí an chothromaíocht ab fhearr idir laghdú costas, ardleibhéal cosanta agus solúbthacht do na Ballstáit. Le Rogha 1 agus Rogha 2 araon, laghdófaí costais agus ualaí ar chuideachtaí go suntasach i gcomparáid leis an gcás bonnlíne, mar leis na rialacha comhchuibhithe maidir le cosaint creidiúnaithe thabharfaí breis deimhneacht dhlíthiúil agus laghdófaí an gá le comhairle dlí i gcás aon oibríocht trasteorann. Is le Rogha 1 a thabharfaí an coigilteas costais ba mhó do chuideachtaí agus b’fhéidir go mbeadh coigilteas ní ba lú i gceist le Rogha 2 mar bheadh na Ballstáit in ann foráil maidir le coimircí breise a d’fhéadfadh a bheith costasach nó trom do chuideachtaí áirithe, e.g. an gá ráthaíochaí a sholáthar do gach creidiúnaí. Maidir leis an gcosaint a thugtar do chreidiúnaithe, le Rogha 2 thabharfaí cosaint ní b’iomláine agus ní ba spriocdhírithe ná Rogha 1 mar go mbeidh na Ballstáit in ann sainiúlachtaí náisiúnta na cosanta creidiúnaithe a mheas agus coimircí breise a thabhairt isteach.

Maidir le faisnéis a sholáthar d’fhostaithe, dul i gcomhairle leo agus a rannpháirtíocht, sa Mheasúnú Tionchair rinneadh comparáid idir Rogha 0 (an cás bonnlíne), ina gcuirfí i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair i dtaca le rannpháirtíocht fostaithe sa Treoir maidir le cumasc trasteorann, agus Rogha 1, lena gcuirfí i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair i dtaca le rannpháirtíocht fostaithe i mboird a bhaineann le deighiltí agus le comhshónna trasteorann, agus Rogha 2, ina ndéanfaí leasuithe spriocdhírithe ar na rialacha atá ann faoi láthair maidir le cumaisc thrasteorann agus, san am céanna, lena bhforálfaí maidir le bearta sonracha ó thaobh na rioscaí níos airde a bhraitear a bheith ann d’fhostaithe i gcás deighiltí agus comhshónna trasteorann. Tá gnéithe éagsúla i Rogha 2 arb é is aidhm leo le chéile an chosaint is gá a sholáthar d’fhostaithe. Leis na coimircí, d’ullmhódh bainistíocht na cuideachta tuarascáil speisialta le haghaidh gach oibríocht trasteorann chun tuairisc a thabhairt ar thionchar an chumaisc trasteorann ar phostanna agus ar chás na bhfostaithe agus riail ar a dtugtar “riail na frith-mhíúsáide” lena bhforálfaí nach mbeadh cuideachta in ann baint de chóras rannpháirtíochta na bhfostaithe dá mbeadh oibríocht trasteorann nó intíre eile á déanamh aici le linn na dtrí bliana tar éis na hoibríochta trasteorann. Tá an riail bunaithe ar na rialacha atá ann faoi láthair maidir le cumaisc thrasteorann ach leasófaí iad chun comhshónna, cumaisc nó deighiltí intíre ina dhiaidh sin a chumhdach mar aon le hoibríochtaí trasteorann agus intíre eile. Leis an rogha seo, thabharfaí isteach rialacha freisin maidir le hidirbheartaíocht i gcás deighiltí agus comhshónna trasteorann. Sa Mheasúnú Tionchair, rinneadh anailís ar na costais agus na buntáistí a bhaineann leis na hathruithe spriocdhírithe sin agus thángthas ar an gconclúid gur mhó an chosaint mhéadaithe d’fhostaithe agus na buntáistí sochaíocha a d'eascródh aisti ná na costais chomhlíonta bhreise theoranta a chuirfí ar chuideachtaí dá mbeadh orthu an tuarascáil a ullmhú.

Ar deireadh, sa Mheasúnú Tionchair scrúdaíodh chomh maith conas dul i ngleic le rioscaí míúsáide, lena náirítear leathadh cuideachtaí “caocha” chun críocha míchleachtais amhail caighdeáin saothair nó íocaíochtaí leasa shóisialta a sheachaint chomh maith le pleanáil ionsaitheach chánach. Le linn na gcomhairliúchán poiblí, d’iarr páirtithe leasmhara áirithe, go háirithe ceardchumainn, réiteach ina mbeadh ar an gcuideachta atá i mbun comhshó trasteorann an oifig chláraithe a aistriú in éineacht leis na gceannoifig chuig an mBallstát cinn scríbe. Mar sin féin, sonraítear sa chinneadh Cúirte a rinneadh le déanaí i gcás Polbud, a tugadh tar éis dhúnadh na gcomhairliúchán poiblí, nach bhfuil feidhm ag an tsaoirse bhunaíochta ach i gcásanna nuair nach naistrítear ach an oifig chláraithe thar theorainn. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí réiteach den chineál sin a bheartú. Scrúdaíodh mar sin sa Mheasúnú Tionchair Rogha 0 (an cás bonnlíne), nach bhfuil aon rialacha comhchuibhithe i gceist léi, agus Rogha 1, lena dtabharfaí isteach rialacha agus nósanna imeachta faoinar ghá do na Ballstáit a mheas, de réir an cháis, cé acu arb ionann nó nach ionann an comhshó trasteorann atá i gceist agus socrú saorga arb é is aidhm leis buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta fostaithe, scairshealbhóirí mionlaigh nó creidiúnaithe. Le Rogha 1, chabhrófaí go díreach leis an gcomhrac i gcoinne sheachaint na rialacha agus, dá bhrí sin, i gcoinne mhíúsáid nó úsáid chalaoiseach cuideachtaí caocha. Nuair a chuirtear Rogha 1 i gcomparáid leis an gcás bonnlíne, bheadh Rogha 1 mar chuid den nós imeachta lena ligfí do chuideachtaí comhshó trasteorann a dhéanamh agus, dá bhrí sin, ní bhainfeadh na costais chomhlíonta bhreise go sonrach leis an measúnú ar an socrú saorga a d’fhéadfadh a bheith ann. Maidir leis na Ballstáit, bheadh orthu na rialacha sin lena dtabhófaí roinnt costas riaracháin agus eagrúcháin a thrasuí agus a chur i bhfeidhm. Bheadh cosaint mhéadaithe do pháirtithe leasmhara mar thoradh ar Rogha 1. Bheadh páirtithe leasmhara in ann a dtuairimí a sholáthar le linn an nós imeachta agus, ar deireadh, chosnófaí iad ar chuideachtaí calaoiseacha a bheadh ag seachaint na rialacha.

Sa Mheasúnú Tionchair, rinneadh anailís freisin ar roghanna a bhain le rialacha na heasaontachta dlíthe. Ba é an rogha thosaíochta sa chás seo ionstraim lena gcomhchuibheofaí na rialacha iomchuí, go háirithe i dtaca leis an nascfhachtóir maidir le háit chorpraithe na cuideachta, mar aon le rialacha sonracha breise i dtaca le dlí na fíoráite gnó nach gcumhdaítear leis ach cuideachtaí a bunaíodh san Aontas. Mar sin féin, i dtaobh na gcásanna is mó ina bhfuil soiléireacht ag teastáil, is iad sin na saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta i gcásanna trasteorann, tabharfar aghaidh orthu sa reachtaíocht ar chomhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann atá beartaithe agus, mar gheall air sin, cinneadh gan gníomh reachtach ar leith maidir le heasaontacht dlíthe a mholadh i láthair na huaire.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Meastar go mbainfidh gnólachtaí sa Mhargadh Aonair buntáistí simplithe suntasacha as an togra mar go néascófar soghluaisteacht trasteorann cuideachtaí.

Mar thoradh ar shraith chuimsitheach de rialacha comhchoiteanna a bhunú lena rialófar comhshónna agus deighiltí trasteorann, cuíchóireofar agus simpleofar nósanna imeachta agus laghdófar costais do ghnólachtaí maidir le cineál agus ábhar na ndoiciméad atá le hullmhú, na nósanna imeachta éagsúla agus na spriocdhátaí gaolmhara nó ceanglais bhreise eile. Leis na rialacha atá beartaithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe agus cosaint comhaltaí agus creidiúnaithe, feabhsófar deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht na noibríochtaí sin. Is féidir a bheith ag súil leis go gcoigleofar EUR 12 000 – EUR 37 000 (deighiltí) agus EUR 12 000 – 19 000 (comhshónna) mar thoradh ar na rialacha comhchoiteanna nua maidir le deighiltí agus comhshó trasteorann, ag brath ar mhéid na gcuideachtaí agus na mBallstát lena mbaineann.

Leis na leasuithe atá beartaithe ar chreat dlí an Aontais atá ann cheana maidir le cumaisc thrasteorann, simpleofar na rialacha maidir le cumaisc thrasteorann cuideachtaí agus laghdófar na costais agus ualaí riaracháin trí bhíthin nós imeachta cuíchóirithe comhchoiteann nua. Leis na rialacha atá beartaithe maidir le cosaint comhaltaí agus creidiúnaithe, agus leis na rialacha nochta, feabhsófar deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht.

Leis an laghdú costais agus leis an simpliú, imreofar tionchar dearfach go háirithe ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.

Cuirfear an malartú faisnéise dá bhforáiltear sa togra seo i bhfeidhm trí chóras idirnasctha na gclár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí atá ann cheana (BRIS). Dá bhrí sin, ní mheastar go mbeidh forbairtí sonracha ann i dtaobh teicneolaíocht faisnéise.

Cearta bunúsacha

Le rialacha beartaithe an tionscnaimh seo, áirithítear urraim iomlán do na cearta agus do na prionsabail a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cabhraítear le roinnt de na cearta sin a chur chun feidhme. Go háirithe, is é príomhchuspóir an tionscnaimh seo na cearta bunaíochta a éascú in aon Bhallstát, dá bhforordaítear le hAirteagal 15(2) den Chairt agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais náisiúntachta á áirithiú san am céanna (Airteagal 21(2)). Is é is aidhm leis an tionscnamh an tsaoire chun gnó a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais, agus le dlíthe agus le cleachtais náisiúnta, a neartú (Airteagal 16). Leis an tionscnamh, neartaítear freisin an ceart chun maoine a leagtar amach in Airteagal 17 den Chairt trí bhíthin na gcoimircí a sholáthraítear do scairshealbhóirí. Cé go soláthrófar leis an tionscnamh rialacha do chuideachtaí faoi chreat dhlí na gcuideachtaí, cuirfear freisin le ceart na noibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle sa ghnóthas (Airteagal 27 den Chairt) trí bhreis trédhearcachta a sholáthar d’fhostaithe i gcás oibríochtaí trasteorann cuideachtaí. Chomh maith leis sin, áiritheofar cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níor aithníodh aon mhórchostas. Leis an togra, chuirfí costais den chuid is mó ar údaráis riaracháin náisiúnta a bhaineann le rialacha reachtacha a thabhairt isteach ar leibhéal náisiúnta (rialacha atá ann cheana a ullmhú, a ghlacadh, a oiriúnú agus dul i gcomhairle fúthu) mar aon le nósanna imeachta grinnscrúdaithe. Maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann, i gcás na mBallstát nach bhfuil nósanna imeachta trasteorann acu, bheadh tionchar ní ba mhó orthu ná ar na Ballstáit sin ina bhfuil nósanna imeachta den chineál sin agus nach mbeadh gá acu ach lena noiriúnú. Ní bheidh aon tionchar ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit chun na rialacha atá beartaithe a thrasuí agus déanfaidh sé faireachán ar a gcur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, comhoibreoidh an Coimisiún go dlúth le húdaráis náisiúnta, e.g. na saineolaithe náisiúnta ar dhlí na gcuideachtaí sa Sainghrúpa um Dhlí na gCuideachtaí (CLEG). Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh agus treoir a thabhairt, e.g. trí cheardlanna cur chun feidhme a eagrú nó comhairle a thabhairt ar bhonn déthaobhach.

Is éard a bheadh i gceist leis an bhfaireachán anailís a dhéanamh ar threochtaí i ngníomhaíochtaí oibríochtaí trasteorann cuideachtaí i bhfoirm fógraí maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS), tríd na costais a bhaineann le comhshónna trasteorann a bhailiú a mhéid is féidir, agus anailís a dhéanamh ar cé acu an léiríonn nó nach léiríonn páirtithe leasmhara agus eagraíochtaí páirtithe leasmhara sásamh, agus cá mhéad sásaimh, i dtaca le cosaint a gceart sna hoibríochtaí trasteorann ábhartha. Déanfar faireachán freisin ar fhorbairt chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa réimse.

Ar mhaithe leis an ionchur riachtanach a bhailiú ó pháirtithe leasmhara, d’fhéadfadh an Coimisiún ceistneoirí a sheoladh chuig páirtithe leasmhara nó suirbhéanna ar leith a eagrú.

Ba cheart meastóireacht a dhéanamh chun tionchar na mbeart atá beartaithe a mheas agus a dhearbhú ar baineadh na cuspóirí amach. Dhéanfadh an Coimisiún an mheastóireacht ar bhonn na faisnéise a bailíodh le linn an chleachtaidh faireacháin agus ar bhonn ionchur breise a bailíodh ó na páirtithe leasmhara ábhartha, de réir mar ba ghá. Ba cheart tuarascáil mheastóireachta a eisiúint tar éis go leor taithí a fháil ar chur i bhfeidhm na mbeart beartaithe.

Níor cheart aon ualach riaracháin nach gá a chur ar na páirtithe leasmhara lena mbaineann de bharr faisnéis a sholáthar chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh uirthi.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Is leasú é an togra seo ar Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí. Chun go bhféadfaí cur chun feidhme cuí na treorach casta seo a áirithiú, bheadh gá leis an doiciméad míniúcháin, e.g. i bhfoirm táblaí comhghaoil.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Comhshónna trasteorann

Airteagal 86a: cuirtear síos san airteagal seo ar raon feidhme an togra ina gcuirtear creat dlíthiúil an Aontais ar bun ag lena rialaítear comhshónna trasteorann ar chuideachtaí príobháideacha agus poiblí atá faoi dhliteanas teoranta.

Airteagal 86b: cuimsítear sainmhíniúcháin san airteagal seo. Tá sainmhíniú an chomhshó trasteorann bunaithe ar dhlíeolaíocht na Cúirte Breithiúnais agus cuimsítear leis athrú ar fhoirm dhlíthiúil na cuideachta ón mBallstát imeachta go foirm dhlíthiúil an Bhallstáit cinn scríbe.

Airteagal 86c: leagtar amach san fhoráil seo na coinníollacha faoinar féidir comhshónna trasteorann a chur i gcrích, na coinníollacha faoinar féidir iad a fhíordheimhniú agus an dlí is infheidhme. Leagtar síos, go háirithe, an ceanglas nach féidir le cuideachtaí atá faoi réir ag imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí comhchosúla an comhshó trasteorann a chur i gcrích de réir mar a rialaítear sa Treoir seo. Ina theannta sin, de bhun an treoirphrionsabail nach féidir dlí an Aontais a ghairm chun bonn cirt a thabhairt do mhíúsáid ceart de réir mar atá cinntithe i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ní féidir comhshó a údarú nuair a chinntear, tar éis an cás aonair a scrúdú agus ag féachaint do na fíricí agus do na himthosca ábhartha go léir, gurb é atá ann socrú saorga lena mbaineann an aidhm buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar mídhleathach a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí.

Airteagal 86d: socraíonn an fhoráil raon feidhme íosta na faisnéise atá le cur ar fáil i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a chuirfear ar fáil go poiblí do gach duine a bhfuil leas aige san oibríocht seo. Ní foláir faisnéis a chur ar fáil sna dréacht-téarmaí maidir le hathrú fhoirm na cuideachta, agus maidir leis an gcuideachta a bheidh ann de thoradh an chomhshó anuas ar an gcosaint a thairgfear do na páirtithe leasmhara: go háirithe scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus fostaithe. Cuirtear béim san airteagal seo ar thábhacht na ndréacht-téarmaí ach ina theannta sin cuirtear chomh fada agus is féidir le héascú a dtiomsaithe sa mhéid agus go gcruthaítear an fhéidearthacht gur féidir le cuideachtaí iad a dhréachtú, ní amháin i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mBallstát lena mbaineann ach sa teanga is mó a úsáidtear in idirbhearta gnó freisin; dá réir sin is féidir leis an mBallstát an leagan teanga cinntitheach a chinneadh i gcás neamhréireachtaí.

Airteagal 86e: leagtar amach san airteagal seo an ceanglas go ndéanfar tuarascáil a ullmhú do scairshealbhóirí ina míneofar go mion aidhm an chomhshó trasteorann, pleananna na cuideachta agus na coimircí le haghaidh scairshealbhóirí. Áireofar go háirithe sa tuarascáil tionchar an chomhshó ar ghníomhaíocht na cuideachta agus ar a cuid leasanna, ar leasanna na scairshealbhóirí agus ar na bearta a bheidh ann chun iad a chosaint. Ba cheart an tuarascáil a bheith ar fáil freisin do na fostaithe. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, féadfar an tuarascáil a tharscaoileadh má aontaíonn comhaltaí uile na cuideachta leis sin.

Airteagal 86f: ceanglaíonn an tairteagal seo ar an gcuideachta tuarascáil a dhréachtú chun déileáil le saincheisteanna atá ríthábhachtach d’fhostaithe na cuideachta a bhfuil comhshó trasteorann á dhéanamh aici. Míneofar sa tuarascáil sin tionchar an chomhshó trasteorann d’fhostaithe. Cuirfear ar fáil é d’ionadaithe na bhfostaithe nó do na fostaithe iad féin sa chás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin. Soiléirítear a thuilleadh leis an bhforáil go bhfuil soláthar na tuarascála gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus don imeacht comhairliúcháin dá bhforáiltear cheana san acquis.

Airteagal 86g: baineann an tairteagal seo leis an scrúdú ó shaineolaí neamhspleách. Beidh cruinneas na faisnéise atá curtha ar fáil i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus i dtuarascálacha an orgáin bhainistíochta nó riaracháin faoi réir ag measúnú ó shaineolaí neamhspleách arna cheapadh ag an údarás inniúil. Áiritheofar sa tuarascáil an fhaisnéis ábhartha go léir faoin gcuideachta agus faoin comhshó trasteorann atá beartaithe rud a ligfidh don údarás inniúil a mheas inter alia an socrú saorga í an oibríocht. Leagtar amach nós imeachta, amlíne agus inniúlachtaí an tsaineolaí neamhspleách, lena náirítear faisnéis rúnda a chosaint. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, tá micrifhiontair agus fiontair bheaga díolmhaithe ón gceanglas maidir le tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách.

Airteagal 86h: i dtaca le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách, ar cheart dóibh a bheith ar fáil go poiblí saor in aisce, leagtar síos san airteagal seo rialacha maidir lena a nochtadh. San am céanna, áireofar leis an nochtadh fógra ina dtabharfar cuireadh do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe na cuideachta barúlacha a chur isteach. ‏Ráthófar leis na ceanglais um nochtadh rochtain láithreach ar na dréacht-téarmaí maidir leis na páirtithe leasmhara ábhartha a chosaint. Leagtar amach san airteagal an prionsabal go nochtfar sa chlár gnó gurb iad na dréacht-téarmaí an pointe tagartha is coitianta do pháirtithe leasmhara. Féadfaidh na Ballstáit ceadú do chuideachta na dréacht-téarmaí a nochtadh ar a suíomh gréasáin, ach sa chás sin beidh sé riachtanach go fóill an fhaisnéis is tábhachtaí a nochtadh sa chlár gnó. Foráiltear san airteagal maidir le deis do na Ballstáit foilsiú breise a chaomhnú san iris náisiúnta agus táillí a ghearradh ina leith. D’fhonn éascaíocht a thabhairt teacht ar an bhfaisnéis arna nochtadh, ní foláir teacht saor in aisce a bheith ag an bpobal ar dhréacht-téarmaí nochtaithe an chomhshó trasteorann, ar an bhfógra agus ar an tuarascáil ón saineolaí neamhspleách. Ní féidir leis na táillí a ghearrtar ar an nochtadh a bheith níos mó ná costas riaracháin na seirbhíse.

Airteagal 86i: leagtar síos ceanglas san airteagal go ndéanfar dréacht-téarmaí comhshó trasteorann a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta. Tá ceanglas comhchosúil ann i gcás cumaisc trasteorann. D’fhéadfadh na Ballstáit na ceanglais a leagan amach maidir le tromlach cáilithe na vótaí arna gcaitheamh chun na dréacht-téarmaí a fhormheas; ní fhéadfaidh na ceanglais maidir le tromlach riachtanach, áfach, na ceanglais is infheidhme le haghaidh cumaisc trasteorann a shárú.

Airteagal 86j: foráiltear san airteagal maidir le coimircí do scairshealbhóirí agus bunaítear ceart imeachta le haghaidh na scairshealbhóirí sin a chuireann in aghaidh na gcomhshónna trasteorann. Baineann sé sin leo siúd nár chaith vóta ar son an chomhshó trasteorann nó leo siúd nach naontaíonn leis an gcomhshó ach nach bhfuil cearta vótála acu. Ba cheart don chuideachta, do na scairshealbhóirí atá fágtha nó do thríú páirtithe, ar iarraidh ó na comhaltaí lena mbaineann, a gcuid scaireanna a ghnóthú i gcomaoin cúiteamh leordhóthanach. Sa chás go mbreithníonn na scairshealbhóirí nár socraíodh cúiteamh airgid leordhóthanach, tá siad i dteideal agóid a dhéanamh maidir lena mhéid os comhair chúirteanna an Bhallstáit imeachta.

Airteagal 86k: foráiltear maidir le coimircí éagsúla do chreidiúnaithe san airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur cheart don chuideachta comhshó a dhearbhú mar chuid de dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nach gcuirfidh an comhshó isteach ar an gcumas oibleagáidí i leith tríú páirtithe a chomhlíonadh agus nach ndéanfar dochar do chreidiúnaithe.

Beidh an ceart ag creidiúnaithe freisin iarratas a chur isteach chuig an údarás riaracháin nó breithiúnach inniúil cosaint imleor a dheonú dóibh. Feidhmeoidh na húdaráis an toimhde infhrisnéiste nach ndéanfar dochar do chreidiúnaithe i gcás ina gcinnfear i dtuarascáil ó shaineolaí neamhspleách nach raibh dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar do chearta na gcreidiúnaithe nó i gcás ina dtairgfidh an chuideachta ceart íocaíochta in aghaidh ráthóir tríú páirtí nó in aghaidh na cuideachta comhshóite ar luach bunaidh an éilimh atá i gceist ar an gcoinníoll gur féidir é a thabhairt os comhair na dlínse céanna mar éileamh bunaidh. Soiléirítear san airteagal go mbeidh na forálacha maidir le cosaint creidiúnaithe gan dochar d’fheidhmiú dlíthe náisiúnta maidir le sásamh nó gnóthú íocaíochtaí atá iníoctha le comhlachtaí poiblí.

Airteagal 86l: pléitear san airteagal seo le rannpháirtíocht fostaithe sa chuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici, i gcás ina gcuirtear cosaint ar chirt chun rannpháirtíochta i mbaol de dheasca na hoibríochta. I bprionsabal, beidh ar an gcuideachta rialacha an Bhallstáit cinn scríbe lena mbaineann a leanúint, mura ndéanann dlí náisiúnta an Bhallstáit sin foráil maidir leis an leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe in orgáin bhainistíochta nó mhaoirseachta na cuideachta. Beidh feidhm ag an airteagal sin freisin más mó líon na bhfostaithe ná ceithre chúige den tairiseach is infheidhme, faoi mar atá leagtha amach i ndlí an Bhallstáit imeachta, lena spreagtar ceart rannpháirtíochta fostaithe de bhun Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, nó beag beann ar líon na bhfostaithe mura bhforáiltear maidir leis an leibhéal céanna rannpháirtíochta sna rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe sa Bhallstát cinn scríbe. Más é sin an cás, beidh ar an gcuideachta dul i mbun caibidlíochta leis na fostaithe chun a rannpháirtíocht a chinneadh. Beidh na caibidlíochtaí éigeantach, tiocfaidh astu socrú saincheaptha lena rialófar rannpháirteachas na bhfostaithe nó, i gcás nach dtiocfar ar chomhaontú laistigh de 6 mhí, beidh feidhm ag rialacha caighdeánacha rannpháirtíocht na bhfostaithe de réir mar atá leagtha síos san Iarscríbhinn (go háirithe pointe (a) de Chuid 3) de Threoir 2001/86/CE. I gcomhréir le Treoir 2001/86/CE, ní mór tús a chur leis na caibidlíochtaí chomh luath agus is féidir tar éis dréacht-téarmaí an chomhshó a bheith curtha ar fáil go poiblí. Beidh ar an gcuideachta cearta rannpháirtíochta fostaithe a chaomhnú go substaintiúil ar feadh trí bliana ar a laghad i gcás oibríochtaí ina dhiaidh sin amhail cumaisc, deighiltí nó comhshó. Beidh ar an gcuideachta toradh na gcaibidlíochtaí a chur in iúl dá fostaithe.

Airteagal 86m agus Airteagal 86n: rialaíonn na hairteagail sin an measúnú ar dhlíthiúlacht na gcomhshónna trasteorann a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit imeachta. Déanfaidh an Ballstát measúnú ar chur i gcrích an chomhshó trasteorann maidir leis an nós imeachta a rialaítear ag an dlí náisiúnta i gceist. Tá na rialacha bunaithe ar na prionsabail chomhfhreagracha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 don societas europaea (SE) agus sna rialacha a bhaineann le cumaisc trasteorann.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit imeachta measúnú ar chur i gcrích foirmiúil an nós imeachta ag an gcuideachta agus ina theannta sin cinnfidh sé an socrú saorga atá sa chomhshó atá beartaithe mar a thagraítear thuas. Sa chás go bhfuil cúiseanna tromchúiseacha imní ag an údarás go bhféadfadh an comhshó trasteorann a bheith ina shocrú saorga, is féidir leis measúnú cuimsitheach a fheidhmiú.

In Airteagal 86o leagtar síos forálacha maidir le hathbhreithniú ar na cinntí a ghlacfaidh an túdarás inniúil náisiúnta i dtaobh eisiúint an deimhnithe réamh-chomhshó nó maidir le heisiúint an deimhnithe réamh-chomhshó sin a dhiúltú. Déileálann sé freisin le hinfhaighteacht cinnidh dá leithéid tríd an gcóras idirnasctha agus trí tharchur an deimhnithe réamh-chomhshó chuig an mBallstát cinn scríbe trí mhodh cumarsáide digiteach.

Rialaíonn Airteagal 86p an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann ag an mBhallstát cinn scríbe. Seiceálann údarás an Bhallstáit sin go háirithe na ceanglais maidir le corprú agus torthaí na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe, nuair is infheidhme.

Rialaíonn Airteagal 86q na socruithe chun comhlánú an chlárúcháin agus an fhaisnéis ar gá í a iontráil sna cláir a nochtadh. Ba cheart an fhaisnéis ar an gclár a mhalartú idir na cláir go huathoibríoch, ionas go mbeadh an Ballstát imeachta ábalta gníomhaíochtaí a dhéanamh láithreach chun an chuideachta a bhaint dá chlár gnó.

Sainordaítear in Airteagal 86r go mbeidh an comhshó trasteorann i bhfeidhm ó lá cláraithe na cuideachta comhshóite sa Bhallstát cinn scríbe.

Airteagal 86s: tá tuairisc san fhoráil seo ar iarmhairtí an chomhshó trasteorann.

Airteagal 86 t: sainordaítear san fhoráil seo gur cheart do Bhallstáit rialacha maidir le dliteanas an tsaineolaí neamhspleách a leagan síos.

Airteagal 86u: Ní féidir agóid a dhéanamh faoi bhailíocht an chomhshó trasteorann má chloítear leis an nós imeachta um chomhshó trasteorann.

Cumaisc trasteorann

Leasaítear Article 119 chun sainmhíniú ar chumasc trasteorann a chur san áireamh mar oibríocht idir cuideachtaí ina naistríonn an chuideachta atá á gnóthú a cuid sócmhainní agus dliteanais ar fad chuig an gcuideachta gnóthaithe gan scaireanna nua a eisiúint. Tiocfaidh oibríocht dá leithéid faoi raon feidhme an Airteagail seo, i gcás inar leis an duine céanna na cuideachtaí atá ag cumasc nó ina leanann an struchtúr úinéireachta sna cuideachtaí go léir atá ag cumasc de bheith comhionann tar éis chur i gcrích na hoibríochta.

Síntear Airteagal 120 chun tuilleadh cásanna a chlúdach ina ndéanfar cuideachtaí a eisiamh ó raon feidhme an fheidhmithe, mar shampla i gcás ina bhfuil imeachtaí foirceanta, leachtachta nó dócmhainneachta tionscanta nó i gcás ina bhfuil íocaíochtaí á gcur ar fionraí ar bhonn leanúnach.

Leasaítear Airteagal 121 trí thagairtí do chosaint ar chreidiúnaithe agus do chosaint ar scairshealbhóirí mionlaigh a scriosadh ós rud é go mbeidh siad sin comhchuibhithe faoi Airteagal 126a agus 126b.

Leasaítear Airteagal 122 le sainiú go náireofar tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí nár vótáil ar son an chumaisc i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna maidir le cumaisc trasteorann mar aon le coimircí arna dtairiscint do chreidiúnaithe. Ina theannta, foráiltear maidir le córas teanga do na dréacht-téarmaí comhchoiteanna maidir le cumaisc trasteorann

Cuirtear Airteagal 122a nua isteach lena dtugtar rialacha isteach maidir le cinneadh an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na gcuideachtaí atá ag cumasc chun críocha cuntasaíochta

Foráiltear leis an leasú ar Airteagal 123, mar riail réamhshocraithe, maidir le nochtadh na ndréacht-téarmaí comhchoiteanna i gcláir ghnó na gcuideachtaí atá ag cumasc. Ina mhalairt de chás, tá deis ann do na Ballstáit cuideachtaí a dhíolmhú ó oibleagáid um nochtadh sna cláir ghnó, i gcás ina gcuireann cuideachtaí na dréacht-téarmaí ar fáil ar a suíomhanna gréasáin agus ina gcomhlíonann siad coinníollacha sainiúla i ndáil leis sin. Sa dara cás, ní mór do chuideachtaí faisnéis shainiúil áirithe a nochtadh sna cláir ghnó. Ní mór do chuideachtaí, i bprionsabal, a bheith in ann an fhaisnéis riachtanach a chur isteach go hiomlán ar líne gan aon ghá teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás náisiúnta, ach amháin má tá fíor-amhras calaoise i gceist. Ní mór rochtain ar fhaisnéis dá leithéid a bheith saor in aisce. Ina theannta sin, féadfaidh Ballstáit na dréacht-téarmaí comhchoiteanna a fhoilsiú san iris náisiúnta, agus sa chás sin cuirfidh an clár náisiúnta an fhaisnéis ábhartha isteach chuig an iris náisiúnta (prionsabal aon uaire).

Sainítear leis an leasú ar Airteagal 124 go míneofar sa tuarascáil a sheolfar chuig chomhaltaí na cuideachta atá ag cumasc impleachtaí an chumaisc trasteorann ar ghnó sa todhchaí agus ar phlean straitéiseach na bainistíochta agus ar impleachtaí an chumaisc trasteorann le haghaidh comhaltaí. Ina theannta sin, míneofar sa tuarascáil an cóimheas malartaithe scaireanna agus déanfar cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta mar aon le leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí áirithe. Ní mór an tuarascáil a bheith ar fáil do na fostaithe freisin. Féadtar an tuarascáil a tharscaoileadh má aontaíonn comhaltaí uile na gcuideachtaí atá ag cumasc.

Leagtar amach in Airteagal 124a go soláthróidh gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc tuarascáil do na fostaithe ina bpléifear na saincheisteanna atá tábhachtach d’fhostaithe i gcomhthéacs cumasc trasteorann. Beidh an ceart ag ionadaithe na bhfostaithe nó ag na fostaithe iad féin sa chás nach bhfuil ionadaithe ann a dtuairim a thabhairt le fios. Ní mór an tuairim a chur isteach chuig na scairshealbhóirí agus í a chur i gceangal leis an tuarascáil.

Foráiltear coimircí do na comhaltaí san Airteagal 126a nua. Bunaítear leis ceart imeachta do na comhaltaí sin a chuireann in aghaidh an chumaisc. Baineann sé sin leo siúd nár chaith vóta ar son fhormheas an chumaisc trasteorann nó leo siúd nach naontaíonn leis an gcumasc ach nach bhfuil cearta vótála acu. Ní mór don chuideachta, do na comhaltaí atá fágtha nó do thríú páirtithe i gcomhaontú leis an gcuideachta scaireanna na gcomhaltaí a fheidhmíonn an ceart imeachta fháil i gcomaoin cúiteamh leordhóthanach. Ós rud é go bhforáil cheana sna rialacha atá ann cheana um chumaisc trasteorann maidir le saineolaí neamhspleách a cheapadh (Airteagal 125), athbhreithneoidh an saineolaí sin leorgacht an chúitimh airgid. I gcás ina mbreithníonn na comhaltaí nár socraíodh cúiteamh airgid leordhóthanach, tá siad i dteideal athríomh ina leith a éileamh ar an gcúirt náisiúnta. Tá sé de cheart ag comhaltaí a dteastaíonn uathu fanacht sa chuideachta agóid a dhéanamh faoi chóimheas malartaithe scaireanna a mhíneofar agus lena dtabharfar údar cuí sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 124.

Foráiltear maidir le coimircí le haghaidh creidiúnaithe in Airteagal 126b atá nua. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh Ballstáit a cheangal ar orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá ag cumasc a dhearbhú nach bhfuil siad ar an eolas faoi chúis ar bith nach mbeadh an chuideachta a eascraíonn as an gcumasc in ann freastal ar a cuid dliteanas. Ar an dara dul síos, beidh an ceart ag creidiúnaithe atá míshásta leis an gcosaint arna tairiscint dóibh i ndréacht-téarmaí an chumaisc iarratas a chur isteach chuig an údarás inniúil ar choimircí leordhóthanacha. Feidhmeoidh an túdarás inniúil an toimhde infhrisnéise, áfach, nach ndéantar dochar do chreidiúnaithe ag cumasc trasteorann i gcás ina dtairgeann an chuideachta atá á deighilt ceart íocaíochta (in aghaidh ráthóir tríú páirtí nó in aghaidh na cuideachta a eascraíonn as an gcumasc) ar luach atá coibhéiseach le luach a néilimh bhunaidh ar féidir é a thabhairt os comhair na dlínse céanna ar tugadh an téileamh bunaidh os a comhair, nó i gcás ina ndearbhaítear sa tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách, a nochtfar do chreidiúnaithe, go mbeadh an chuideachta in ann a creidiúnaithe a shásamh. Beidh na forálacha maidir le cosaint creidiúnaithe gan dochar d’fheidhmiú dlíthe náisiúnta maidir le sásamh nó gnóthú íocaíochtaí a dhlitear do comhlachtaí poiblí.

Sainordaítear in Airteagal 127 agus Airteagal 128 atá modhnaithe chun críocha an deimhnithe réamhchumaisc agus chun dlíthiúlacht an chumaisc trasteorann a ghrinnscrúdú, go mbeidh cuideachtaí in ann faisnéis ar bith agus doiciméid a chomhdú go hiomlán ar líne. Ina theannta sin, leagtar amach sna hAirteagail gur gá na deimhnithe réamhchumaisc a tharchur trí chóras idirnasctha na gclár (BRIS) chuig údarás an Bhallstáit a dhéanfaidh dlíthiúlacht an chumaisc trasteorann a ghrinnscrúdú. Sainordaítear freisin gur gá an deimhniú réamhchumaisc/na deimhnithe réamhchumaisc a ghlacadh mar fhianaise chríochnúil ar chur i gcrích cuí gníomhaíochtaí agus foirmiúlachtaí reamhchumaisc. Beidh sé ar chumas na mBallstát, i gcás ina bhfuil fíor-amhras calaoise ann, láithreacht phearsanta os comhair údarás inniúil a éileamh.

Leasaítear Airteagal 131 le míniú go náirítear le sócmhainní agus le dliteanais uile na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá ag cumasc a conarthaí, a creidiúintí, a cearta agus a hoibleagáidí go léir.

Leasaítear Airteagal 132 trí na foirmiúlachtaí simplithe a shíneadh chuig an gcás ina ndéanann cuideachtaí ar le duine amháin na scaireanna go léir an cumasc trasteorann a chur i gcrích. Ina theannta sin, i gcás nach bhfuil cruinniú ginearálta riachtanach in aon cheann de na cuideachtaí atá ag cumasc, leagtar síos in Airteagal 132 dáta tagartha sainiúil le haghaidh dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus tuarascálacha orgán bainistíochta nó riaracháin na gcuideachtaí atá ag cumasc a nochtadh.

Airteagal 133 mír 7 lena sainordaítear nach mbeadh an chuideachta, le linn na 3 bliana tar éis an chumaisc trasteorann, in ann cumasc intíre a fheidhmiú ina dhiaidh sin, rud a bhainfeadh na boinn ón gcóras um rannpháirtíocht fostaithe, leasaítear an tAirteagal 133 mír 7 sin chun gach oibríocht intíre fhéideartha a dhéanfar ina dhiaidh sin a chlúdach (.i. cumaisc, deighiltí agus comhshónna) seachas cumaisc intíre amháin. Ina theannta sin, leasaítear Airteagal 133 trí oibleagáid a chur leis ar chuideachtaí a chur in iúl dá bhfostaithe cibé an gcinneann an chuideachta rialacha caighdeánacha a fheidhmiú nó dul i mbun caibidlíochta le fostaithe. Sa chás deireanach, cuirfidh an chuideachta torthaí na gcaibidlíochtaí in iúl do na fostaithe.

Cuirtear Airteagal 133a nua isteach ina dtugtar aghaidh ar rialacha na mBallstát maidir le dliteanas sibhialta an tsaineolaí neamhspleách.

Deighiltí trasteorann

Leagtar amach in Airteagal 160a raon feidhme an togra lena rialaítear deighiltí trasteorann cuideachtaí príobháideacha agus poiblí atá faoi dhliteanas teoranta.

Cuimsítear sainmhíniúcháin in Airteagal 160b. Chun comhsheasmhacht le aquis AE atá ann cheana sa réimse dhlí na gcuideachtaí, beidh feidhm ag forálacha chreat dlíthiúil an chomhshó trasteorann maidir leis na cuideachtaí céanna agus atá ag na forálacha maidir le cumaisc trasteorann.

Leagtar amach inAirteagal 160c tuilleadh teorainneacha maidir leis an gCaibidil a fheidhmiú.

Leagtar amach in Airteagal 160d na coinníollacha faoinar féidir comhshónna trasteorann a chur i gcrích, na coinníollacha faoinar féidir iad a fhíordheimhniú agus an dlí is infheidhme. Go háirithe, leagtar síos ann an ceanglas nach féidir le cuideachtaí atá faoi réir ag imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí comhchosúla a bheith mar ábhar deighilte de réir mar a rialaítear sa Treoir seo. Ina theannta sin, de bhun an treoirphrionsabail nach féidir dlí an Aontais a ghairm chun bonn cirt a thabhairt do mhíúsáid ceart de réir mar atá cinntithe i gcásdlí CBAE, ní féidir deighilt trasteorann a údarú nuair a chinntear é, tar éis gach cás aonair a scrúdú agus ag féachaint do na fíricí agus do na himthosca ábhartha go léir, gurb é atá ann socrú saorga lena mbaineann an aidhm buntáistí cánach míchuí a fháil nó sé dochar mídhleathach a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí.

Airteagal 160e: socraítear leis an bhforáil raon feidhme íosta na faisnéise atá le cur ar fáil i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a chuirfear ar fáil go poiblí do gach duine a bhfuil leas aige san oibríocht seo. Ní foláir faisnéis a sholáthar sna dréacht-téarmaí maidir leis an gcuideachta atá á deighilt, an oifig chláraithe, leithroinnt scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir, an cóimheas malartaithe scaireanna, leithroinnt sócmhainní agus dliteanas idir cuideachtaí is faighteoir mar aon leis an gcosaint a thabharfar do na páirtithe leasmhara ábhartha: scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus fostaithe. Cuireann an tAirteagal seo béim ar thábhacht na ndréacht-téarmaí ach cuireann sé freisin chomh fada agus is féidir le héascú a dtiomsaithe sa mhéid agus go gcruthaíonn sé an fhéidearthacht gur féidir le cuideachtaí iad a dhréachtú, ní amháin i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mBallstát lena mbaineann ach sa teanga is mó a úsáidtear in idirbhearta gnó freisin; sa chás sin, is féidir leis an mBallstát an leagan teanga cinntitheach a chinneadh i gcás neamhréireachtaí.

Leagtar amach in Airteagal 160f rialacha chun an dáta a chinneadh óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt, chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na cuideachta éadála.

Airteagal 160g: leagtar amach san airteagal seo an ceanglas go ndéanfar tuarascáil a ullmhú do scairshealbhóirí ina míneofar go mion aidhm an chomhshó trasteorann, pleananna na cuideachta agus na coimircí le haghaidh scairshealbhóirí. Áireofar go háirithe sa tuarascáil tionchar an chomhshó ar ghníomhaíocht na cuideachta agus ar a cuid leasanna, ar leasanna na scairshealbhóirí agus ar na bearta chun iad a chosaint. Ba cheart an tuarascáil a chur ar fáil freisin do na fostaithe. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, d’fhéadfaí an tuarascáil a tharscaoileadh má aontaíonn comhaltaí uile na cuideachta leis sin.

Airteagal 160h: ceanglaíonn an tairteagal seo ar an gcuideachta tuarascáil a dhréachtú chun déileáil le saincheisteanna atá ríthábhachtach d’fhostaithe na cuideachta a bhfuil deighilt trasteorann á déanamh aici. Déanfar tuairisc agus measúnú sa tuarascáil ar thionchar na deighilte maidir le téarmaí chomhaontuithe fostaíochta na bhfostaithe. Cuirfear ar fáil é d’ionadaithe na bhfostaithe nó do na fostaithe féin i gcás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin. Soiléirítear a thuilleadh leis an bhforáil go bhfuil soláthar na tuarascála gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus don imeacht comhairliúcháin dá bhforáiltear cheana san acquis.

Baineann Airteagal 160i leis an scrúdú ag saineolaí neamhspleách. Beidh cruinneas na faisnéise arna cur ar fáil i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann agus i dtuarascálacha an orgáin bhainistíochta nó riaracháin faoi réir ag measúnú ó shaineolaí neamhspleách arna cheapadh ag an údarás inniúil. Áiritheofar sa tuarascáil an fhaisnéis ábhartha go léir faoin gcuideachta agus faoin deighilt atá beartaithe atá beartaithe rud a ligfidh don údarás inniúil measúnú a dhéanamh inter alia cibé an socrú saorga í an oibríocht. Leagtar amach nós imeachta, amlíne agus inniúlachtaí an tsaineolaí neamhspleách, lena náirítear cosaint na faisnéise rúnda.

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, tá micrifhiontair agus fiontair bheaga díolmhaithe ón gceanglas go mbeadh tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách.

Airteagal 160j: i dtaca le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann agus tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách, ar cheart dóibh a bheith ar fáil go poiblí saor in aisce, leagtar síos san airteagal seo rialacha maidir lena a nochtadh. San am céanna, áireofar leis an nochtadh fógra ina dtabharfar cuireadh do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe na cuideachta barúlacha a chur isteach. ‏Ráthófar leis na ceanglais um nochtadh rochtain láithreach ar na dréacht-téarmaí maidir leis na páirtithe leasmhara ábhartha a chosaint. Leagtar amach san airteagal an prionsabal go nochtfar na dréacht-téarmaí sa chlár gnó mar an pointe tagartha is coitianta do pháirtithe leasmhara. Féadfaidh na Ballstáit ceadú do chuideachta na dréacht-téarmaí a nochtadh ar a suíomh gréasáin, ach sa chás sin beidh sé riachtanach go fóill an fhaisnéis is tábhachtaí a nochtadh sa chlár gnó. Foráiltear san airteagal maidir le deis do na Ballstáit foilsiú breise a chaomhnú san iris náisiúnta agus táillí a ghearradh ina leith.

D’fhonn teacht ar an bhfaisnéis arna nochtú a éascú, ní foláir teacht saor in aisce a bheith ag an bpobal ar dhréacht-téarmaí nochtaithe na deighilte trasteorann, ar an bhfógra agus ar an tuarascáil ón saineolaí. Ní féidir leis na táillí a ghearrtar ar an nochtadh a bheith níos mó ná costas riaracháin na seirbhíse.

Airteagal 160k: leagtar síos ceanglas san airteagal go ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta. Tá ceanglas comhchosúil ann i gcás cumaisc trasteorann. D’fhéadfadh na Ballstáit na ceanglais a leagan amach maidir le tromlach cáilithe na vótaí arna gcaitheamh le haghaidh na dréacht-téarmaí a fhormheas; ní fhéadfaidh na ceanglais maidir le tromlach riachtanach, áfach, na ceanglais is infheidhme le haghaidh cumaisc trasteorann a shárú.

Foráiltear in Airteagal 160l le haghaidh coimircí do scairshealbhóirí agus bunaítear ceart imeachta le haghaidh na scairshealbhóirí sin a chuireann in aghaidh na gcomhshónna trasteorann. Baineann sé sin leo siúd nár chaith vóta ar son na deighilte trasteorann nó leo siúd nach naontaíonn leis an deighilt ach nach bhfuil cearta vótála acu. Ní mór don chuideachta, do na scairshealbhóirí atá fágtha nó do thríú páirtithe scaireanna na gcomhaltaí a fheidhmíonn an ceart imeachta a fháil i gcomaoin cúiteamh leordhóthanach. Athbhreithneoidh an saineolaí neamhspleách leorgacht an chúitimh airgid. I gcás ina mbreithneoidh na scairshealbhóirí nár socraíodh cúiteamh airgid leordhóthanach, beidh siad i dteideal agóid a dhéanamh faoina mhéid os comhair chúirteanna an Bhallstáit imeachta. Tá sé de cheart ag comhaltaí a dteastaíonn uathu fanacht sa chuideachta agóid a dhéanamh faoi chóimheas malartaithe scaireanna a mhíneofar agus a lena dtabharfar údar cuí sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160g.

Foráiltear maidir le coimircí do chreidiúnaithe in Airteagal 160m. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur cheart don chuideachta atá á deighilt a dhearbhú mar chuid de dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann ag sonrú nach gcuirfidh an deighilt isteach ar an gcumas oibleagáidí i leith tríú páirtithe a chomhlíonadh agus nach ndéanfar dochar do chreidiúnaithe.

Beidh an ceart ag creidiúnaithe freisin iarratas a chur isteach chuig an údarás riaracháin nó breithiúnach inniúil cosaint imleor a dheonú dóibh. Feidhmeoidh na húdaráis an toimhde infhrisnéise nach ndéantar dochar do chreidiúnaithe i gcás ina gcinnfear i dtuarascáil ó shaineolaí neamhspleách nach raibh dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar do chearta na gcreidiúnaithe nó i gcás ina dtairgfidh an chuideachta atá á deighilt ceart íocaíochta in aghaidh ráthóir tríú páirtí nó in aghaidh na cuideachta comhshóite ar luach bunaidh an éilimh atá i gceist ar an gcoinníoll gur féidir é a thabhairt os comhair na dlínse céanna mar éileamh bunaidh. Beidh na forálacha maidir le cosaint creidiúnaithe gan dochar d’fheidhmiú dlíthe náisiúnta maidir le sásamh nó gnóthú íocaíochtaí a dhlitear do chomhlachtaí poiblí.

Pléann Airteagal 160n le rannpháirtíocht fostaithe in orgáin bhainistíochta nó mhaoirseachta na gcuideachtaí atá rannpháirteach sa deighilt trasteorann, ina bhfuil cearta rannpháirtíochta atá ann cheana sa chuideachta agus atá á ndeighilt curtha i mbaol de bhun na deighilte trasteorann. I bprionsabal, ní mór go gcloífeadh rannpháirtíocht fostaithe sna cuideachtaí fála rialacha na mBallstát féin ina gclárófar na cuideachtaí sin, mura ndéanann dlíthe náisiúnta na mBallstát sin foráil maidir leis an leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe in orgáin bhainistíochta nó mhaoirseachta na cuideachta faoi mar atá sa chuideachta atá á deighilt. Beidh feidhm ag an airteagal sin freisin má tá líon na bhfostaithe níos mó ná ceithre chúige den tairiseach is infheidhme, faoi mar atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit imeachta, rud a spreagadh ceart rannpháirtíochta fostaithe de bhun airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, nó d’aineoinn líon na bhfostaithe ní fhoráiltear an leibhéal céanna rannpháirtíochta sna rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe sa Bhallstát cinn scríbe. Más é sin an cás, beidh ar an gcuideachta dul i mbun caibidlíochta leis na fostaithe chun a rannpháirtíocht a chinneadh. Beidh na caibidlíochtaí éigeantach, agus is é an toradh is gá a bheith leo sin socruithe saincheaptha lena rialófar rannpháirtíocht fostaithe, é sin nó, i gcás nach dtiocfar ar chomhaontú laistigh de 6 mhí, feidhm a bheith ag rialacha caighdeánacha rannpháirtíocht na bhfostaithe de réir mar atá leagtha síos san Iarscríbhinn (go háirithe pointe 9a) de Chuid 3) de Threoir 2001/86/CE. I gcomhréir le Treoir 2001/86/CE, ní mór tús a chur leis na caibidlíochtaí chomh luath agus is féidir tar éis dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a bheith curtha ar fáil go poiblí. Beidh ar an gcuideachta cearta rannpháirtíochta fostaithe a chaomhnú go substaintiúil ar feadh trí bliana ar a laghad i gcás oibríochtaí ina dhiaidh sin amhail cumaisc, deighiltí nó comhshó. Beidh ar an gcuideachta toradh na gcaibidlíochtaí a chur in iúl dá fostaithe.

Airteagal 160o agus 160p: rialaítear leis na hairteagail seo an measúnú ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann ag an údarás inniúil de Bhallstát a bhfuil an chuideachta atá á deighilt faoi réir ag a dhlínse sin. Déanfaidh an Ballstát measúnú ar chur i gcrích na deighilte trasteorann maidir leis an nós imeachta a rialaítear leis an dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Tá na rialacha bunaithe ar na prionsabail chomhfhreagracha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 don SE (societas europaea) agus sna rialacha a bhaineann le cumaisc trasteorann. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit imeachta measúnú ar chur i gcrích foirmiúil an nós imeachta ag an gcuideachta agus ina theannta sin cinnfidh séan socrú saorga atá sa chomhshó atá beartaithe mar a thagraítear thuas.

I gcás ina bhfuil cúiseanna tromchúiseacha imní ag an údarás go bhféadfadh an comhshó trasteorann a bheith ina shocrú saorga, is féidir leis measúnú cuimsitheach a fheidhmiú.

In Airteagal 160q leagtar síos forálacha maidir le hathbhreithniú ar na cinntí a ghlacfaidh an túdarás inniúil náisiúnta i dtaobh eisiúint an deimhnithe réamh-chomhshó nó maidir le heisiúint an deimhnithe réamh-chomhshó sin a dhiúltú. Déileálann sé freisin le hinfhaighteacht cinnidh dá leithéid tríd an gcóras idirnasctha agus trí tharchur an deimhnithe réamh-chomhshó chuig an mBallstát cinn scríbe. Sainordaítear sna hairteagail sin freisin úsáid ar chumarsáid dhigiteach idir cláir ghnó d’fhonn na cinntí arna neisiúint ag na húdaráis inniúla a mhalartú.

Rialaítear le hAirteagal 160r grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann de réir gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann. Seiceálann údaráis chuideachtaí is faighteoirí, go háirithe, na ceanglais corpraithe agus torthaí na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe, nuair is infheidhme.

Leagtar amach in Airteagal 160s na socruithe maidir le clárú deighilte agus an fhaisnéis ar gá í a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart an fhaisnéis maidir le clárú a mhalartú idir na cláir go huathoibríoch trí chóras idirnasctha na gclár.

Airteagal 160t: is é dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a chinneann an dáta thagann an deighilt trasteorann i bhfeidhm. 

Airteagal 160u: cuirtear síos san fhoráil seo ar iarmhairtí na deighilte trasteorann.

Airteagal 160v: sainordaítear san fhoráil seo gur cheart do Bhallstáit rialacha maidir le dliteanas an tsaineolaí neamhspleách a leagan síos.

Airteagal 160w: ní féidir agóid a dhéanamh faoi bhailíocht na deighilte trasteorann má chloítear leis an nós imeachta um deighilt trasteorann.

Tuairisciú agus athbhreithniú

Airteagal 3: leagtar amach oibleagáid don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Treoir seo, lena náirítear measúnú ar an bhféidearthacht rialacha a chur ar fáil le haghaidh cineálacha deighiltí trasteorann nach bhfuil clúdaithe faoin Treoir seo. Rannchuideoidh na Ballstáit leis an tuarascáil trí na sonraí ábhartha a chur ar fáil.

2018/0114 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 39 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 rialaítear comhshónna trasteorann de chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Maidir le feidhmiú an Mhargaidh Aonair is cloch mhíle shuntasach do chuideachtaí agus do ghnólachtaí na rialacha seo toisc go gcumasaítear iad an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú. De thoradh meastóireachta ar na rialacha sin, áfach, léirítear gur gá modhnuithe a dhéanamh ar na rialacha cumaisc trasteorann. Anuas air sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha lena rialaítear comhshónna agus deighiltí trasteorann.

(2)Tá an tsaoirse bhunaíochta ar cheann de bhunphrionsabail dhlí an Aontais. Faoin dara mír d'Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 54 CFAE, áirítear inter alia sa tsaoirse bhunaíochta do chuideachtaí agus do ghnólachtaí an ceart chun cuideachtaí nó gnólachtaí den chineál sin a fhoirmiú nó a bhainistiú faoi na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht Bhallstát na bunaíochta. Tá sé léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go gcumhdaítear leis seo an ceart atá ag cuideachta nó gnólacht a cruthaíodh i gcomhréir le dlí Ballstáit í féin nó é féin a chomhshó ina cuideachta nó ina ghnólacht faoi rialú dlí Ballstáit eile, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit eile sin agus, go háirithe, go sásófar an tástáil atá glactha ag an mBallstát sin chun an nasc idir cuideachta nó gnólacht agus a dlíchóras nó a dhlíchóras náisiúnta a chinneadh.

(3)In éagmais chomhchuibhiú dhlí an Aontais, tagann an sainmhíniú ar an nascfhachtóir lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir le cuideachta nó gnólacht, i gcomhréir le hAirteagal 54 CFAE, faoi inniúlacht gach Ballstáit chun an sainmhíniú sin a dhéanamh. Le hAirteagal 54 CFAE, cuirtear fachtóir na hoifige cláraithe, an riaracháin lárnaigh agus phríomháit ghnó na cuideachta nó an ghnólachta ar an leibhéal nasctha céanna. Dá bharr sin, mar a shoiléirítear sa chásdlí 41 , i gcás nach gceanglóidh Ballstát na bunaíochta nua, is é sin le rá an Ballstát cinn scríbe, ach an oifig chláraithe a aistriú mar nascfhachtóir maidir le cuideachta a bheith ann faoina reachtaíocht náisiúnta, toisc nach naistrítear ach an oifig chláraithe, gan an riarachán lárnach ná an phríomháit ghnó a aistriú, ní eisiatar ar an gcaoi sin infheidhmeacht na saoirse bunaíochta faoi Airteagal 49 CFAE. Is dlúthchuid d'fheidhmiú na saoirse bunaíochta a ráthaítear le CFAE mar chuid de Mhargadh Aonair foirm na cuideachta i gcumaisc, i gcomhshónna nó i ndeighiltí trasteorann a roghnú nó Ballstát na bunaíochta a roghnú.

(4)Leis na forbairtí seo sa chásdlí, tá deiseanna nua curtha ar fáil do chuideachtaí agus do chomhlachtaí sa Mhargadh Aonair chun fás eacnamaíoch, iomaíocht éifeachtach agus táirgiúlacht a chothú. San am céanna, ní mór an cuspóir maidir le Margadh Aonair gan teorainneacha inmheánacha a bhunú do chuideachtaí a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí eile an chomhtháthaithe Eorpaigh amhail cosaint shóisialta (oibrithe a chosaint go háirithe), creidiúnaithe a chosaint agus scairshealbhóirí a chosaint. In éagmais rialacha comhchuibhithe maidir le comhshónna trasteorann go háirithe, tá na cuspóirí sin á saothrú ag na Ballstáit trí bhíthin iliomad forálacha dlí agus cleachtas riaracháin. Dá thoradh sin, cé go bhféadann cuideachtaí cumasc go trasteorann a dhéanamh cheana féin, bíonn roinnt deacrachtaí dlíthiúla agus praiticiúla rompu nuair is mian leo comhshó trasteorann a dhéanamh. Ina theannta sin, foráiltear le reachtaíocht roinnt mhaith Ballstát maidir le nós imeachta do chomhshónna intíre gan nós imeachta coibhéiseach a chur ar fáil do chomhshó trasteorann.

(5)Is é a thagann as sin ilroinnt dhlíthiúil agus éiginnteacht dhlíthiúil agus, ar an gcaoi sin, bacainní ar fheidhmiú na saoirse bunaíochta. Tagann as freisin nach dtugtar an chosaint is fearr d'fhostaithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh laistigh den Mhargadh Aonair.

(6)Dá bharr sin, is iomchuí rialacha nós imeachta substainteacha maidir le comhshónna trasteorann a chur ar fáil a rannchuideodh le deireadh a chur le srianta leis an tsaoirse bhunaíochta agus, san am céanna, a chuirfeadh cosaint leordhóthanach chomhréireach ar fáil do pháirtithe leasmhara amhail fostaithe, creidiúnaithe agus scairshealbhóirí mionlaigh.

(7)Féadtar úsáid a bhaint as an gceart atá ag cuideachta arna foirmiú i mBallstát comhshó ina cuideachta a bheidh á rialú ag Ballstát eile chun cuspóirí míchleachtais a bhaint amach amhail caighdeáin saothair, íocaíochtaí slándála sóisialta, oibleagáidí cánach, cearta creidiúnaithe nó cearta scairshealbhóirí mionlaigh nó rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a imchéimniú. Chun na míchleachtais féideartha sin a chomhrac, ar prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais an cuspóir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach núsáidfidh cuideachtaí an nós imeachta comhshó trasteorann chun socruithe saorga a chruthú arb é is aidhm dóibh buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí. A mhéid is gur maolú é ar shaoirse bhunúsach, ní mór an comhrac in aghaidh míchleachtais a léirmhíniú go docht agus ní mór é a bhunú ar mheasúnú ar leith a dhéanamh ar na cúinsí ábhartha uile. Ba cheart creat nós imeachta substainteach a leagan síos lena dtuairisceofar an lamháil le haghaidh lánrogha atá ag na Ballstáit agus lena gceadófar éagsúlacht na gcur chuige atá acu ach, san am céanna, lena leagfar amach na ceangail atá ar na húdaráis náisiúnta gníomhaíochtaí a chuíchóiriú chun míchleachtais a chomhrac i gcomhréir le dlí an Aontais.

(8)Is éard atá i gceist le comhshó trasteorann a dhéanamh foirm dhlíthiúil chuideachta a athrú gan a pearsantacht dhlítheanach a chailleadh. Mar sin féin, níor cheart gurbh é an toradh a bheadh air sin na ceanglais maidir le corprú sa Bhallstát cinn scríbe a shárú. Ba cheart do chuideachta na coinníollacha sin, lena náirítear na ceangail ceannoifig a bheith sa Bhallstát cinn scríbe agus na ceangail maidir le stiúrthóirí a dhícháiliú, a urramú go hiomlán. Mar sin féin, ní fhéadfaidh cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin ag an mBallstát cinn scríbe difear a dhéanamh do leanúnachas phearsantacht dhlíthiúil na cuideachta comhshóite. Féadfaidh cuideachta comhshó a dhéanamh in aon fhoirm dhlíthiúil atá ann sa Bhallstát cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 49 CFAE.

(9)I ngeall ar a chasta atá comhshónna trasteorann agus an iliomad leasanna atá i gceist, is iomchuí foráil maidir le rialú ex ante chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú. Chuige sin, ba cheart nós imeachta struchtúrtha ilsrathach a leagan amach trína náiritheoidh údaráis inniúla an Bhallstáit imeachta agus údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe araon go ndéanfar cinneadh maidir le comhshó a fhormheas ar chaoi chothrom, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach ar bhonn na ngnéithe ábhartha uile, agus trí na leasanna dlisteanacha poiblí uile, go háirithe leasanna fostaithe, comhaltaí agus creidiúnaithe, a chur san áireamh.

(10)Le gur féidir leasanna dlisteanacha na bpáirtithe leasmhara uile a chur san áireamh sa nós imeachta lena rialaítear comhshó trasteorann, ba cheart don chuideachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a nochtadh lena náirítear an fhaisnéis is tábhachtaí maidir leis an gcomhshó atá molta a nochtadh, lena náirítear an fhoirm nua atá beartaithe don chuideachta, an ionstraim chomhdhéanaimh agus an tráthchlár atá molta don chomhshó. Ba cheart fógra a thabhairt do chomhaltaí, creidiúnaithe agus fostaithe na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici ina gcuirfear in iúl dóibh go bhféadfaidh siad barúlacha a chur isteach i ndáil leis an gcomhshó atá beartaithe.

(11)Chun faisnéis a chur ar fáil do na comhaltaí, ba cheart don chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici tuarascáil a ullmhú. Leis an tuarascáil, ba cheart gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chomhshó trasteorann atá beartaithe a mhíniú agus bunús a thabhairt leo, go háirithe impleachtaí an chomhshó trasteorann do chomhaltaí maidir le gnó na cuideachta sa todhchaí agus plean straitéiseach an orgáin bainistíochta. Ba cheart na leigheasanna féideartha a bheidh ar fáil ag na comhaltaí a bheith san áireamh, i gcás nach naontaíonn siad leis an gcinneadh comhshó trasteorann a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil d'fhostaithe na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici.

(12)Chun faisnéis a chur ar fáil do na fostaithe, ba cheart don chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici tuarascáil a ullmhú ina míneofar d’fhostaithe impleachtaí an chomhshó trasteorann atá beartaithe. Leis an tuarascáil, ba cheart go háirithe impleachtaí an chomhshó trasteorann atá beartaithe do chaomhnú phost na bhfostaithe a mhíniú, an mbeadh aon athrú ábhartha ar an gcaidreamh fostaíochta agus ar na háiteanna a mbeidh príomháiteanna gnó na gcuideachtaí lonnaithe, agus an chaoi a mbainfidh na fachtóirí sin le haon fhochuideachtaí de chuid na cuideachta. Ba cheart nach mbeadh feidhm ag an gceanglas sin i gcás nach mbeidh in orgán riaracháin na cuideachta ach fostaithe na cuideachta. Ba cheart cur ar fáil na tuarascála a bheith gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus d'imeachtaí comhairliúcháin a thionscnófar ar an leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 , nó Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43 a chur chun feidhme.

(13)Chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas na faisnéise atá sna dréacht-téarmaí comhshó agus sna tuarascálacha do na comhaltaí agus do na fostaithe agus chun na gnéithe fíorasacha is gá a chur ar fáil chun a mheasúnú an socrú saorga atá sa chomhshó atá beartaithe, ba cheart a cheangal go nullmhódh saineolaí neamhspleách tuarascáil chun an comhshó trasteorann atá beartaithe a mheasúnú. Chun neamhspleáchas an tsaineolaí a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil an saineolaí a cheapadh tar éis don chuideachta iarratas a chur isteach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil i dtuarascáil ó shaineolaithe neamhspleách chun cur ar chumas an údaráis inniúil sa Bhallstát imeachta cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint nó gan é a eisiúint. Chuige sin, ba cheart an saineolaí a bheith in ann an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile maidir leis an gcuideachta a fháil agus na himscrúduithe riachtanacha uile a dhéanamh chun an fhianaise uile is gá a thiomsú. Ba cheart don saineolaí úsáid a bhaint as faisnéis i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe faisnéis maidir le glanláimhdeachas agus brabús nó caillteanas, an líon fostaithe agus comhdhéanamh an chláir chomhardaithe arna tiomsú ag an gcuideachta d'fhonn ráitis airgeadais a ullmhú. Mar sin féin, chun aon fhaisnéis faoi rún a chosaint, lena náirítear rúin ghnó na cuideachta, ba cheart nach mbeadh an fhaisnéis sin i dtuarascáil chríochnaitheach an tsaineolaí a chuirfí ar fáil go poiblí.

(14)I gcás cuideachtaí beaga a bhfuil deighilt trasteorann á déanamh acu, d'fhonn costais agus ualaí míréireacha a sheachaint, ba cheart micrifhiontair agus fiontair bheaga mar a shainítear i Moladh 2003/361/CE 44 ón gCoimisiún a dhíolmhú ón gceanglas tuarascáil ó shaineolaithe neamhspleácha a sholáthar. Mar sin féin, féadann na cuideachtaí sin dul i muinín tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách chun na costais a bhaineann le dul chun dlí in aghaidh creidiúnaí a chosc.

(15)Ar bhonn na ndréacht-téarmaí comhshó trasteorann agus na dtuarascálacha, ba cheart do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt cinneadh a dhéanamh ag an gcruinniú ginearálta na dréacht-téarmaí sin a fhormheas nó gan iad a fhormheas. Tá sé tábhachtach go mbeidh an tromlach a cheanglófar i gcás an vóta sin maidir le cinneadh comhshó a dhéanamh ard go leor chun a áirithiú gur comhchinneadh a bheidh ann. Ina theannta sin, ba cheart an ceart a bheith ag comhaltaí vóta a chaitheamh maidir le haon cheann de na socruithe a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe, i gcás ina gcoimeádfaidh siad an ceart sin chucu féin ag an gcruinniú ginearálta.

(16)I gcás comhaltaí a raibh cearta vótála acu agus nár vótáil i bhfabhar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a fhormheas agus i gcás na gcomhaltaí sin nach raibh cearta vótála acu agus nach raibh in ann a seasamh a chur in iúl, is iomchuí an ceart a bheith acu imeacht ón gcuideachta. Ba cheart go mbeadh na comhaltaí sin in ann imeacht ón gcuideachta agus cúiteamh airgid a fháil as a scaireanna atá coibhéiseach le luach a scaireanna. Anuas air sin, ba cheart an ceart a bheith acu chun agóid a dhéanamh os comhair cúirte faoi ríomh agus leordhóthanacht an chúitimh airgid a thairgfear.

(17)Ba cheart don chuideachta a dhéanfaidh comhshó trasteorann bearta a leagan amach sna dréacht-téarmaí comhshó lena áirithiú go gcosnófar na creidiúnaithe. Ina theannta sin, ar mhaithe leis an gcosaint do chreidiúnaithe a neartú i gcás dhócmhainneacht na cuideachta a thiocfaidh as comhshó trasteorann, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar an gcuideachta dearbhú sócmhainneachta a dhéanamh á rá nach eol di aon chúis nach mbeadh an chuideachta chomhshóite in ann a dliteanais a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, ba cheart na Ballstát a bheith in ann comhaltaí an orgáin bainistíochta a chur faoi dhliteanas pearsanta as cruinneas an dearbhaithe sin. Ós rud é go bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla sna Ballstáit i ndáil le dearbhuithe sócmhainneachta a úsáid agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé iarmhairtí iomchuí a fhorchur i gcás dearbhuithe bréagacha nó míthreoracha a dhéanamh, lena náirítear smachtbhannaí agus dliteanais éifeachtacha comhréireacha i gcomhréir le dlí an Aontais.

(18)Chun cosaint iomchuí do chreidiúnaithe a ráthú i gcásanna nach bhfuil siad sásta leis an gcosaint atá á tabhairt ag an gcuideachta i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, féadfaidh creidiúnaithe coimircí leordhóthanacha a iarraidh ar údarás inniúil riaracháin nó breithiúnach an Bhallstáit imeachta. Chun an measúnú ar dhochar a éascú, ba cheart toimhdí áirithe a leagan síos lena measfaí nach ndéanfaí dochar do chreidiúnaithe le comhshó trasteorann i gcás nach mbeadh ach riosca caillteanais an-bheag ann do chreidiúnaí. Ba cheart toimhde a bheith ann i gcás inarb é conclúid an tsaineolaí neamhspleách nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar do na creidiúnaithe nó ina dtugtar ceart chun íocaíochta dóibh in aghaidh na cuideachta comhshóite nó in aghaidh ráthaíocht tríú páirtí a bhfuil a luach coibhéiseach le héileamh bunaidh an chreidiúnaí agus ar féidir é a thabhairt sa dlínse chéanna ina ndearnadh an téileamh bunaidh. Ba cheart an chosaint do chreidiúnaithe dá bhforáiltear leis an Treoir seo a bheith gan dochar do dhlíthe náisiúnta an Bhallstáit imeachta maidir le híocaíocht a dhéanamh le comhlachtaí poiblí, lena náirítear bearta cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta.

(19)I dtreo is nach ndéanfar dochar míchuí do rannpháirtíocht fostaithe mar thoradh ar chomhshó trasteorann, i gcás ina mbeidh an chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe sa Bhallstát imeachta, ba cheart oibleagáid a bheith ar an gcuideachta foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadófar an rannpháirtíocht sin a fheidhmiú, lena náirítear ionadaithe na bhfostaithe a bheith ar orgán iomchuí bainistíochta agus maoirseachta na cuideachta sa Bhallstát cinn scríbe. Rud eile, i gcás den chineál sin, ba cheart caibidlíocht bona fide a dhéanamh idir an chuideachta agus a cuid fostaithe ar bhonn an nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2001/86/CE d'fhonn teacht ar chomhréiteach cairdiúil idir an ceart atá ag an gcuideachta comhshó trasteorann a dhéanamh agus cearta rannpháirtíochta na bhfostaithe. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag réiteach saincheaptha nó réiteach comhaontaithe nó, in éagmais comhaontaithe, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha caighdeánacha, mutatis mutandis, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86/CE. Chun an réiteach a comhaontaíodh nó cur i bhfeidhm na rialacha caighdeánacha sin a chosaint, ba cheart nach bhféadfadh an chuideachta deireadh a chur leis na cearta rannpháirtíochta trí chomhshó, cumasc nó deighilt intíre nó trasteorann a dhéanamh ina dhiaidh sin go ceann trí bliana.

(20)Chun cosc a chur le sárú ceart rannpháirtíochta fostaithe trí bhíthin comhshó trasteorann, ba cheart nach mbeadh an chuideachta a bhfuil comhshó á dhéanamh aici agus atá cláraithe sa Bhallstát ina ndéantar foráil maidir le cearta rannpháirtíochta fostaithe, ba cheart nach mbeadh an chuideachta sin in ann comhshó trasteorann a dhéanamh gan dul i mbun caibidlíochta lena fostaithe nó lena nionadaithe má bhíonn meánlíon na bhfostaithe atá fostaithe ag an gcuideachta sin coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta do rannpháirtíocht fostaithe.

(21)Chun cúraimí a shannadh go hiomchuí idir na Ballstáit agus rialú ex ante éifeachtúil éifeachtach ar chomhshónna trasteorann a áirithiú, ba cheart don Bhallstát imeachta agus don Bhallstát cinn scríbe údaráis inniúla iomchuí a ainmniú. Go háirithe, ba cheart an chumhacht a bheith ag na Ballstáit imeachta deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint agus nach mbeadh na húdaráis inniúla sa Bhallstát cinn scríbe, in éagmais an deimhnithe sin, in ann an nós imeachta comhshó trasteorann a chur i gcrích.

(22)Ba cheart grinnscrúdú a dhéanamh ar eisiúint an deimhnithe réamh-chomhshó ag an mBallstát imeachta chun dlíthiúlacht chomhshó trasteorann na cuideachta a áirithiú. Ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit imeachta cinneadh a dhéanamh maidir leis an deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint faoi cheann aon mhí amháin tar éis don chuideachta an tiarratas a chur isteach, ach amháin má tá údar imní tromchúiseach aige gur ann do shocrú saorga arb é is aidhm dó buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí. Sa chás sin, ba cheart don údarás inniúil measúnú cuimsitheach a dhéanamh. Níor cheart an measúnú cuimsitheach sin a dhéanamh go córasach áfach, ach ba cheart measúnú cás ar chás a dhéanamh bunaithe ar údar imní tromchúiseach a bheith ann gur ann do shocrú saorga. I ndáil lena measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla roinnt de na fachtóirí a leagtar síos sa Treoir seo a chur san áireamh ar a laghad, fachtóirí nár cheart a mheas, áfach, ach mar fhachtóirí táscacha sa mheasúnú foriomlán agus nár cheart a mheas ina naonar. Ionas nach gcuirfidh nós imeachta atá rófhada ualach ar chuideachtaí, ba cheart an measúnú cuimsitheach a thabhairt chun críche faoi cheann dhá mhí tar éis a chur in iúl don chuideachta go ndéanfar measúnú cuimsitheach.

(23)Tar éis dóibh deimhniú réamh-chomhshó a fháil agus tar éis dóibh comhlíonadh na gceanglas corpraithe sa Bhallstát cinn scríbe a fhíorú, ba cheart d'údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe an chuideachta a chlárú i gclár gnó an Bhallstáit sin. Is tar éis an chláraithe is ceart d'údarás inniúil an Bhallstáit imeachta an chuideachta a bhaint dá chlár féin. Ba cheart nach mbeadh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe in ann agóid a dhéanamh faoi chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil sa deimhniú réamh-chomhshó. Mar thoradh ar an gcomhshó trasteorann, ba cheart don chuideachta chomhshóite a pearsantacht dhlíthiúil, a sócmhainní agus a dliteanais, agus gach ceart agus oibleagáid, lena náirítear cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as conarthaí, gníomhartha nó neamhghníomhartha, ba cheart di an méid sin a choinneáil.

(24)Chun foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal trédhearcachta iomchuí agus maidir le húsáid uirlisí agus nósanna imeachta digiteacha, ba cheart cinntí na núdarás inniúil sna Ballstáit imeachta agus cinn scríbe a mhalartú trí chóras idirnasctha na gclár gnó agus a chur ar fáil go poiblí.

(25)Leis an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú cumhdaítear freisin an deis do chuideachta cumasc trasteorann a dhéanamh. Foráiltear le Treoir 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i measc nithe eile, maidir le rialacha chun cumaisc thrasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá bunaithe i mBallstáit éagsúla a chumasú. Maidir le feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú is cloch mhíle shuntasach do chuideachtaí na rialacha seo toisc go gcumasaítear dóibh an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú trí shásra an chumaisc trasteorann.

(26)Léirítear sa mheastóireacht a rinneadh ar na rialacha cumaisc trasteorann sna Ballstáit go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na gcumasc trasteorann san Aontas. Mar sin féin, léirítear sa mheastóireacht freisin easnaimh áirithe i ndáil le cosaint creidiúnaithe agus scairshealbhóirí go sonrach agus leis an easpa nósanna imeachta simplithe a chuireann bac ar lánéifeachtacht agus lánéifeachtúlacht na rialacha sin cumaisc trasteorann.

(27)Ina Theachtaireacht dar teideal An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí 45 , d'fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé meastóireacht ar an ngá atá ann leis na rialacha atá ann cheana maidir le cumaisc thrasteorann a thabhairt cothrom le dáta le go mbeadh sé ní b'éasca ag FBManna an straitéis ghnó is fearr leo a roghnú agus iad féin a oiriúnú d'athruithe i ndálaí an mhargaidh, agus san am céanna gan an chosaint fostaíochta a lagú. Ina Theachtaireacht dar teideal Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2017, An Eoraip ag caomhnú, ag cumhachtú agus ag cosaint 46 , d'fhógair an Coimisiún tionscnamh maidir le cur chun feidhme cumasc trasteorann a éascú.

(28)Ar mhaithe leis an nós imeachta um chumaisc thrasteorann atá ann cheana a fheabhsú a thuilleadh, ní mór na rialacha cumaisc sin a shimpliú, i gcás inarb iomchuí, agus san am céanna a áirithiú go dtabharfar cosaint leordhóthanach do pháirtithe leasmhara, agus d'fhostaithe go háirithe. Dá bharr sin, ba cheart na rialacha cumaisc trasteorann atá ann cheana a mhodhnú chun ceangal a chur ar orgáin bhainistíochta agus riaracháin na gcuideachtaí atá ag cumasc tuarascálacha ar leith a ullmhú ina saineofar gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chumaisc trasteorann do chomhaltaí agus d'fhostaithe araon. An oibleagáid atá ar orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta an tuarascáil a ullmhú do na comhaltaí, d'fhéadfaí sin a tharscaoileadh, i gcás ina mbeadh faisnéis faighte roimh ré ag na comhaltaí sin faoi ghnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chumaisc atá beartaithe. Mar sin féin, ní féidir an tuarascáil is ceart a ullmhú d'fhostaithe a tharscaoileadh ach amháin i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag na cuideachtaí atá ag cumasc ná a bhfochuideachtaí cé is moite díobh sin ar cuid den orgán bainistíochta nó riaracháin iad.

(29)Anuas air sin, ar mhaithe leis an gcosaint a thugtar d'fhostaithe na cuideachta/na gcuideachtaí cumaisc a fheabhsú, féadfaidh na fostaithe nó a nionadaithe a mbarúil ar thuarascáil na cuideachta a thabhairt ina leagfaidh siad amach na himpleachtaí a bheidh ann dóibh féin. Beidh cur ar fáil na tuarascála gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus d'imeachtaí comhairliúcháin a thionscnófar ar an leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2001/23/CE ón gComhairle 47 , Treoir 2002/14/CE nó Treoir/2009/38/CE a chur chun feidhme.

(30)D'fhéadfadh na héagsúlachtaí sna rialacha cuntasaíochta bheith ina mbac ar chumaisc thrasteorann agus d'fhéadfadh éiginnteacht dhlíthiúil teacht astu i gcás ina mbeadh difríocht idir an dáta a dhéanfar idirbhearta na cuideachta a fhaightear agus na dátaí a dhéanfar idirbhearta na cuideachta a thagann as an cumasc sna Ballstáit a shó chun críche cuntasaíochta. D'fhéadfadh sin bheith ina chúis, le linn tréimhse shonrach, le cás nach ndéanfaí idirbhearta i ndáil leis an an gcuideachta cumaisc a thuarascáil ar chor ar bith nó, le linn na tréimhse sin, ina mbeadh dúbailt oibleagáidí tuarascála ar an gcuideachta cumaisc ina Bhallstáit tionscnaimh mar eintiteas cuntasaíochta ar leith agus i mBallstát na cuideachta a thiocfadh as an gcumasc. Dá bharr sin, ba cheart an dáta cuntasaíochta a chinneadh de réir rialacha soiléire agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéileálfaí leis an dáta sin, chun críocha cuntasaíochta, mar an taon dáta amháin ag dlí náisiúnta na bpáirtithe uile sa chumasc.

(31)D'aithin páirtithe leasmhara éagsúla gur constaic ar chumaisc thrasteorann atá san easpa comhchuibhithe atá ann do chomhaltaí agus creidiúnaithe. Ba cheart an leibhéal cosanta céanna a thabhairt do chomhaltaí agus creidiúnaithe gan beann ar na Ballstáit ina bhfuil na cuideachtaí atá ag cumasc lonnaithe. Tá an méid seo gan dochar do rialacha na mBallstát maidir le creidiúnaithe agus scairshealbhóirí a chosaint nach dtagann faoi raon feidhme na mbeart comhchuibhithe, amhail ceanglais maidir le trédhearcacht.

(32)D'fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le comhaltaí na gcomhaltaí atá rannpháirteach sa chumasc trasteorann, i gcás comhaltaí a raibh cearta vótála acu agus nár vótáil i bhfabhar dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a fhormheas agus i gcás na gcomhaltaí sin nach raibh cearta vótála acu agus nach raibh in ann a seasamh a chur in iúl, is iomchuí an ceart a bheith acu imeacht ón gcuideachta. Ba cheart go mbeadh na comhaltaí sin in ann imeacht ón gcuideachta agus cúiteamh airgid a fháil as a scaireanna atá coibhéiseach le luach a scaireanna. Anuas air sin, ba cheart an ceart a bheith acu chun agóid a dhéanamh os comhair cúirte faoi ríomh agus leordhóthanacht an chúitimh airgid a thairgfear.

(33)Tar éis comhshó trasteorann, d'fhéadfadh laghdú teacht ar luach éilimh iarchreidiúnaithe na gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcás inar mó dliteanais na cuideachta éadála ná a sócmhainní nó i gcás ina mbeidh an chuideachta atá ag cumasc, atá faoi dhliteanas an fhéich, faoi rialú dlí Ballstáit eile ina dhiaidh sin. Faoi láthair, tá éagsúlacht mhór idir na rialacha cosanta do chreidiúnaithe ó Bhallstát go Ballstát rud a chuireann le castacht shuntasach an phróisis cumaisc trasteorann agus, mar thoradh air sin, bíonn neamhchinnteacht ann do na cuideachtaí lena mbaineann agus dá gcreidiúnaithe araon i dtaca lena néileamh a ghnóthú nó a shásamh.

(34)Ba cheart do chuideachtaí atá páirteach i gcumasc trasteorann bearta leordhóthanacha a mholadh chun a gcreidiúnaithe a chosaint i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc. Ina theannta sin, ar mhaithe leis an gcosaint do na creidiúnaithe sin a neartú i gcás dócmhainneacht a thiocfaidh as cumasc trasteorann, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar na cuideachtaí atá ag cumasc dearbhú sócmhainneachta a dhéanamh á rá nach eol dóibh aon chúis nach mbeadh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc in ann a dliteanais a íoc. Sna cásanna sin, ba cheart na Ballstát a bheith in ann comhaltaí an orgáin bainistíochta a chur faoi dhliteanas pearsanta as cruinneas an ráitis dearbhaithe. Ós rud é go bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla sna Ballstáit i ndáil le dearbhuithe sócmhainneachta a úsáid agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé iarmhairtí iomchuí a fhorchur i gcás dearbhuithe bréagacha nó míthreoracha, lena náirítear smachtbhannaí agus dliteanais éifeachtacha comhréireacha i gcomhréir le dlí an Aontais.

(35)Chun cosaint iomchuí do chreidiúnaithe a ráthú i gcásanna nach bhfuil siad sásta leis an gcosaint atá á tabhairt ag an gcuideachta i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, féadfaidh creidiúnaithe a ndéanfar dochar dóibh leis an gcumasc trasteorann coimircí a measfaidh siad a bheith leordhóthanach a iarraidh ar údarás inniúil riaracháin nó breithiúnach gach Ballstáit imeachta de na cuideachtaí atá ag cumasc. Chun an measúnú ar dhochar a éascú, ba cheart toimhdí áirithe a leagan síos lena measfaí nach ndéanfaí dochar do chreidiúnaithe le cumasc trasteorann i gcás ina mbeadh an riosca caillteanais do chreidiúnaí an-bheag. Ba cheart toimhde a bheith ann i gcás inarb é conclúid an tsaineolaí neamhspleách nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar do na creidiúnaithe nó ina dtugtar ceart chun íocaíochta dóibh in aghaidh na cuideachta cumaiscthe nó in aghaidh ráthaíocht tríú páirtí a bhfuil a luach coibhéiseach le héileamh bunaidh an chreidiúnaí agus ar féidir é a thabhairt sa dlínse chéanna ina ndearnadh an téileamh bunaidh.

(36)Ní fhoráiltear le dlí an Aontais atá ann cheana maidir le creat dlíthiúil do dheighiltí trasteorann cuideachtaí agus gnólachtaí, ós rud é nach bhforáiltear le Treoir (AE) 2017/1132 ach amháin maidir le rialacha i gCaibidil III maidir le deighilt intíre cuideachtaí teoranta poiblí.

(37)Tá éileamh déanta ag Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialacha comhchuibhithe a ghlacadh maidir le deighiltí trasteorann. Leis an gcreat dlí comhchuibhithe sin, rannchuideofaí tuilleadh leis na srianta atá leis an tsaoirse bhunaíochta a bhaint agus, san am céanna, sholáthrófaí cosaint leordhóthanach do pháirtithe leasmhara amhail fostaithe, creidiúnaithe agus comhaltaí.

(38)Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha maidir le deighiltí trasteorann, idir dheighiltí páirteacha agus dheighiltí iomlána, trí bhíthin cuideachtaí nua a fhoirmiú agus ar an gcaoi sin amháin. Mar sin féin, ní chuirtear leis an Treoir seo creat comhchuibhithe ar fáil do dheighiltí trasteorann ina naistríonn cuideachta sócmhainní agus dliteanais chuig níos mó ná aon chuideachta amháin atá ann cheana toisc go raibh an tuairim ann go raibh na cásanna sin an-chasta, go mbeadh gá le rannpháirteachas údarás inniúil ó roinnt Ballstát agus gur mhó na rioscaí a bheadh ann maidir le calaois agus sárú na rialacha sin.

(39)Maidir le deighilt trasteorann lena mbaineann cuideachtaí nua-fhoirmithe is faighteoir, ba cheart a cheangal ar na cuideachtaí is faighteoir sin, atá faoi rialú dlí Ballstát cé is moite de dhlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, ceanglais chorpraithe na mBallstát sin a chomhlíonadh. Ar na coinníollacha sin, tá coinníollacha a bhaineann le stiúrthóirí a dhícháiliú.

(40)D'fhéadfaí úsáid a bhaint as an gceart atá ag cuideachtaí deighilt trasteorann a dhéanamh chun cuspóirí míúsáide a bhaint amach amhail caighdeáin saothair, íocaíochtaí slándála sóisialta, oibleagáidí cánach, cearta creidiúnaithe nó cearta scairshealbhóirí mionlaigh nó rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a imchéimniú. Chun na míchleachtais sin a chomhrac, mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach núsáidfidh cuideachtaí an nós imeachta deighilte trasteorann chun socruithe saorga a chruthú arb é is aidhm dóibh buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí. A mhéid is gur maolú é ar an tsaoirse bunúsach, ní mór an comhrac i gcoinne míchleachtais a léirmhíniú go docht agus ní mór é a bhunú ar mheasúnú ar leith a dhéanamh ar na cúinsí ábhartha uile. Ba cheart creat nós imeachta substainteach a leagan síos lena dtuairisceofar an lamháil le haghaidh lánrogha atá ag na Ballstáit agus lena gceadófar éagsúlacht na gcur chuige atá acu ach, san am céanna, lena leagfar amach na ceangail atá ar na húdaráis náisiúnta gníomhaíochtaí a chuíchóiriú chun míchleachtais a chomhrac i gcomhréir le dlí an Aontais.

(41)I ngeall ar a chasta atá deighiltí trasteorann agus an iliomad leasanna atá i gceist, is iomchuí foráil maidir le rialú ex ante chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú. Chuige sin, ba cheart nós imeachta struchtúrtha ilsrathach a leagan amach trína náiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát na cuideachta atá á deighilt agus údaráis inniúla Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir araon .go ndéanfar cinneadh maidir le formheas deighilte trasteorann ar chaoi ar chaoi chothrom, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach ar bhonn na ngnéithe ábhartha uile, agus trí na leasanna dlisteanacha poiblí uile, go háirithe leasanna fostaithe, scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, a chur san áireamh.

(42)Le gur féidir leasanna dlisteanacha na bpáirtithe leasmhara uile a chur san áireamh, ba cheart don chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte a nochtadh ina bhfuil an fhaisnéis is tábhachtaí maidir leis an deighilt trasteorann atá beartaithe, lena náirítear an cóimheas malartaithe urrús agus scaireanna, ionstraimí comhdhéanaimh na gcuideachtaí is faighteoir agus an tráthchlár atá molta don deighilt trasteorann. Ba cheart fógra a thabhairt do chomhaltaí, creidiúnaithe agus fostaithe na cuideachta a bhfuil an deighilt trasteorann á déanamh aici lena gcuirfear in iúl dóibh go bhféadfaidh siad barúlacha a chur isteach i ndáil leis an deighilt.

(43)Chun faisnéis a chur ar fáil do na comhaltaí, ba cheart don chuideachta atá á deighilt tuarascáil a ullmhú. Leis an tuarascáil, ba cheart gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na deighilte trasteorann atá beartaithe a mhíniú agus bunús a thabhairt leo, go háirithe míniú a thabhairt ar impleachtaí na deighilte trasteorann do chomhaltaí maidir le gnó na cuideachta sa todhchaí agus plean straitéiseach an orgáin bainistíochta. Ba cheart míniúcháin a bheith ann ar an gcóimheas malartaithe, i gcás inarb iomchuí, agus na critéir lena gcinnfear cionroinnt scaireanna, agus ar na leigheasanna féideartha a chuirfear ar fáil do chomhaltaí, mura naontóidh siad leis an gcinneadh deighilt trasteorann a dhéanamh.

(44)Chun faisnéis a chur ar fáil dá fostaithe, ba cheart don chuideachta atá á deighilt tuarascáil a ullmhú ina míneofar impleachtaí na deighilte trasteorann atá beartaithe d'fhostaithe. Leis an tuarascáil, ba cheart go háirithe impleachtaí na deighilte trasteorann atá beartaithe do chaomhnú phost na bhfostaithe a mhíniú, an mbeadh aon athrú ábhartha ar na dálaí fostaíochta agus ar na háiteanna a mbeidh príomháiteanna gnó na gcuideachtaí lonnaithe, agus an chaoi a mbainfidh na fachtóirí sin le haon fhochuideachtaí de chuid na cuideachta. Ba cheart cur ar fáil na tuarascála a bheith gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus d'imeachtaí comhairliúcháin arna dtionscnamh ar an leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2001/23/CE, Treoir 2002/14/CE nó Treoir/2009/38/CE a chur chun feidhme.

(45)Chun cruinneas na faisnéise atá sna dréacht-téarmaí deighilte agus sna tuarascálacha do na comhaltaí agus do na fostaithe a áirithiú agus chun na gnéithe fíorasacha is gá a chur ar fáil chun a mheasúnú an socrú saorga nach bhféadfaí a fhormheas atá sa deighilt atá beartaithe, ba cheart a cheangail go nullmhódh saineolaí neamhspleách tuarascáil chun an plean deighilte a mheasúnú. Chun neamhspleáchas an tsaineolaí a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil an saineolaí a cheapadh tar éis don chuideachta iarratas a chur isteach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil i dtuarascáil ón saineolaí neamhspleách chun cur ar chumas an údaráis inniúil i mBallstát na cuideachta atá á deighilt cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le cinneadh eolasach maidir le deimhniú réamhdheighilte a eisiúint nó gan é a eisiúint. Chuige sin, ba cheart an saineolaí a bheith in ann an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile a bhaineann leis an gcuideachta a fháil agus na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh chun an fhianaise uile is gá a thiomsú. Ba cheart don saineolaí úsáid a bhaint as faisnéis i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe faisnéis maidir le glanláimhdeachas agus brabús nó caillteanas, an líon fostaithe agus comhdhéanamh an chláir chomhardaithe arna tiomsú ag an gcuideachta d'fhonn ráitis airgeadais a ullmhú. Mar sin féin, chun aon fhaisnéis faoi rún a chosaint, lena náirítear rúin ghnó na cuideachta, ba cheart nach mbeadh an fhaisnéis sin i dtuarascáil chríochnaitheach an tsaineolaí a chuirfí ar fáil go poiblí.

(46)I gcás cuideachtaí beaga a bhfuil deighilt trasteorann á déanamh acu, d'fhonn costais agus ualaí míréireacha a sheachaint, ba cheart micrifhiontair agus fiontair bheaga mar a shainítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 a dhíolmhú ón gceanglas tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a sholáthar.

(47)Ar bhonn na ndréacht-téarmaí deighilte trasteorann agus na dtuarascálacha, ba cheart do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt cinneadh a dhéanamh ag an gcruinniú ginearálta na dréacht-téarmaí sin a fhormheas nó gan iad a fhormheas. Tá sé tábhachtach go mbeidh an tromlach a cheanglófar i gcás an vóta sin maidir le cinneadh deighilt a dhéanamh ard go leor chun a áirithiú gur comhchinneadh a bheidh ann.

(48)I gcás comhaltaí a raibh cearta vótála acu agus nár vótáil i bhfabhar dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a fhormheas agus i gcás na gcomhaltaí sin nach raibh cearta vótála acu agus nach raibh in ann a seasamh a chur in iúl, is iomchuí an ceart a bheith acu imeacht ón gcuideachta. Ba cheart go mbeadh na comhaltaí sin in ann imeacht ón gcuideachta agus cúiteamh airgid a fháil as a scaireanna atá coibhéiseach le luach a scaireanna. Anuas air sin, ba cheart an ceart a bheith acu chun agóid a dhéanamh os comhair cúirte faoi ríomh agus leordhóthanacht an chúitimh airgid a thairgfear i gcás inar mian leo leanúint de bheith ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir. Mar chuid de na himeachtaí sin, ba cheart an chúirt a bheith in ann a ordú d'aon chuideachta atá páirteach sa deighilt trasteorann cúiteamh airgid a íoc nó breis scaireanna a eisiúint.

(49)Ba cheart don chuideachta atá á deighilt modhanna leordhóthanacha a mholadh sna dréacht-téarmaí chun creidiúnaithe a chosaint i bhfianaise na deighilte trasteorann. Ina theannta sin, ar mhaithe leis an gcosaint do chreidiúnaithe a neartú i gcás dócmhainneachta a thiocfaidh as deighilt trasteorann, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar an gcuideachta dearbhú a dhéanamh á rá nach eol di aon chúis nach mbeadh an chuideachta chomhshóite in ann a dliteanais a chomhlíonadh. Ba cheart na Ballstát a bheith in ann an torgán bainistíochta a chur faoi dhliteanas pearsanta as cruinneas an ráitis. Ós rud é go bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla sna Ballstáit i ndáil le dearbhuithe sócmhainneachta agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé iarmhairtí iomchuí a fhorchur i gcás dearbhuithe bréagacha nó míthreoracha, lena náirítear smachtbhannaí agus dliteanais i gcomhréir le dlí an Aontais.

(50)Chun cosaint iomchuí do chreidiúnaithe a ráthú i gcásanna nach bhfuil siad sásta leis an gcosaint atá á tabhairt ag an gcuideachta sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, féadfaidh creidiúnaithe a ndéanfar dochar dóibh de bharr na deighilte trasteorann coimircí a measfaidh siad a bheith leordhóthanach a iarraidh ar údarás inniúil riaracháin nó breithiúnach i mBallstát na cuideachta atá á deighilt. Chun an measúnú ar dhochar a éascú, ba cheart toimhdí áirithe a leagan síos lena measfaí nach ndéanfaí dochar do chreidiúnaithe le deighilt trasteorann i gcás nach mbeadh ach riosca caillteanais an-bheag ann do chreidiúnaí. Ba cheart toimhde a bheith ann i gcás inarb é conclúid an tsaineolaí neamhspleách nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar do na creidiúnaithe nó ina dtugtar ceart chun íocaíochta dóibh in aghaidh na cuideachta a thagann as an deighilt nó in aghaidh ráthaíocht tríú páirtí a bhfuil a luach coibhéiseach le héileamh bunaidh an chreidiúnaí agus ar féidir é a thabhairt sa dlínse chéanna ina ndearnadh an téileamh bunaidh. Ba cheart an chosaint do chreidiúnaithe dá bhforáiltear leis an Treoir seo a bheith gan dochar do dhlíthe náisiúnta Bhallstát na cuideachta atá á deighilt maidir le híocaíocht a dhéanamh le comhlachtaí poiblí, lena náirítear bearta cánach agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta.

(51)Chun sannadh iomchuí cúraimí idir na Ballstáit agus rialú ex ante éifeachtúil éifeachtach ar dheighiltí trasteorann a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá á deighilt deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint agus nach mbeadh údaráis Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir, in éagmais an deimhnithe sin, in ann an nós imeachta deighilte trasteorann a chur i gcrích.

(52)Ba cheart grinnscrúdú a dhéanamh ar eisiúint an deimhnithe réamhdheighilte ag Ballstát na cuideachta atá á deighilt chun dlíthiúlacht na deighilte trasteorann a áirithiú. Ba cheart don údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le deimhniú réamhdheighilte a eisiúint faoi cheann aon mhí amháin tar éis don chuideachta an tiarratas a chur isteach, ach amháin má tá údar imní tromchúiseach aige gur ann do shocrú saorga arb é is aidhm dó buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí. Sa chás sin, ba cheart don údarás inniúil measúnú cuimsitheach a dhéanamh. Níor cheart an measúnú cuimsitheach sin a dhéanamh go córasach áfach, ach ba cheart measúnú cás ar chás a dhéanamh bunaithe ar údar imní tromchúiseach a bheith ann gur ann do shocrú saorga. I ndáil lena measúnú, ba cheart d'údaráis inniúla roinnt de na fachtóirí a leagtar síos sa Treoir seo a chur san áireamh ar a laghad, fachtóirí nár cheart a mheas, áfach, ach mar fhachtóirí táscacha sa mheasúnú foriomlán agus nár cheart a mheas ina naonar. Pé scéal é, ionas nach gcuirfidh nós imeachta atá rófhada ualach ar chuideachtaí, ba cheart an measúnú cuimsitheach sin a thabhairt chun críche faoi cheann dhá mhí tar éis a chur in iúl don chuideachta go ndéanfar measúnú cuimsitheach.

(53)Tar éis dóibh deimhniú réamhdheighilte a fháil agus tar éis dóibh comhlíonadh na gceanglas corpraithe i mBallstát na cuideachta nó na gcuideachtaí is faighteoir a fhíorú, ba cheart d'údaráis Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir na cuideachtaí a chlárú i gcláir ghnó an Bhallstáit sin. Is tar éis an chláraithe sin amháin is ceart d'údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá á deighilt an chuideachta a bhaint dá chlár féin. Ní féidir le húdaráis inniúla Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir agóid a dhéanamh in aghaidh chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil sa deimhniú réamhdheighilte.

(54)Mar thoradh ar an deighilt trasteorann, aistreofar sócmhainní agus dliteanais na cuideachta atá á deighilt chuig na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an gcionroinnt a shonraítear sna dréacht-téarmaí deighilte agus beidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir nó leanfaidh siad de bheith ina gcomhaltaí den chuideachta atá á deighilt nó den dá rud in éineacht.

(55)D'fhonn nach ndéanfar dochar míchuí do rannpháirtíocht fostaithe mar thoradh ar dheighilt trasteorann, i gcás ina mbeidh an chuideachta a bhfuil an deighilt trasteorann á déanamh aici ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, ba cheart oibleagáid a bheith ar na cuideachtaí a thagann as an deighilt foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadófar rannpháirtíocht a fheidhmiú, lena náirítear ionadaithe na bhfostaithe a bheith ar orgáin iomchuí bhainistíochta agus mhaoirseachta na gcuideachtaí. Rud eile, i gcás den chineál sin, ba cheart caibidlíocht bona fide a dhéanamh idir an chuideachta agus a cuid fostaithe ar bhonn an nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2001/86/CE d'fhonn teacht ar chomhréiteach cairdiúil idir an ceart atá ag an gcuideachta deighilt trasteorann a dhéanamh agus cearta rannpháirtíochta na bhfostaithe. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag réiteach saincheaptha nó réiteach comhaontaithe nó, in éagmais comhaontaithe, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha caighdeánacha, mutatis mutandis, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86/CE. Chun an réiteach a comhaontaíodh nó cur i bhfeidhm na rialacha caighdeánacha sin a chosaint, ba cheart nach bhféadfadh an chuideachta deireadh a chur leis na cearta rannpháirtíochta trí chomhshónna, cumaisc nó deighiltí intíre nó trasteorann a dhéanamh ina dhiaidh sin go ceann trí bliana.

(56)D'fhonn cosc a chur le sárú ceart rannpháirtíochta fostaithe trí bhíthin deighilt trasteorann, ba cheart nach mbeadh an chuideachta a bhfuil deighilt á déanamh aici agus atá cláraithe sa Bhallstát ina ndéantar foráil maidir le cearta rannpháirtíochta fostaithe, ba cheart nach mbeadh an chuideachta sin in ann deighilt trasteorann a dhéanamh gan dul i mbun caibidlíochta lena fostaithe nó lena nionadaithe má bhíonn meánlíon na bhfostaithe atá fostaithe ag an gcuideachta sin coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta do rannpháirtíocht fostaithe.

(57)Chun cearta fostaithe cé is moite de chearta chun rannpháirtíochta a ráthú, ní dhéanann an Treoir seo difear do Threoir 2009/38/CE, Treoir 98/59/CE ón gComhairle 48 , Treoir 2001/23/CE nó Treoir 2002/14/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag dlíthe náisiúnta maidir le hábhair atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo amhail cáin agus slándáil shóisialta.

(58)Le forálacha na Treorach seo, ní dhéantar difear d'fhorálacha dlí nó riaracháin an dlí náisiúnta i dtaca le bearta cánach na mBallstát nó a bhforanna críche agus riaracháin, lena náirítear forfheidhmiú na rialacha cánach a bhaineann le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann.

(59)Sa Treoir seo, ní dhéantar difear d'fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 ina dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann leis na bearta iomchuí díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh ar bhonn riosca-íogair agus i ndáil le húinéir tairbhiúil aon eintitis arna chruthú le gairid a aithint agus a chlárú i mBallstát a chorpraithe.

(60)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon comhshónna, cumaisc agus deighiltí a éascú agus a rialáil, a ghnóthú go leordhóthanach ach de bharr gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(61)Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(62)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 50 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuí, ar doiciméid iad ina mbeidh míniú ar an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na nionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(63)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 51 , ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

(64)Ba cheart faisnéis a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta i gcoinne na gcuspóirí a shaothraítear inti agus chun bheith mar bhonn eolais le meastóireacht ar an reachtaíocht i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach.

(65)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) d'Airteagal 24:

"(e) liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur d’fhonn faisnéis a mhalartú idir na cláir, dá dtagraítear in Airteagail 20, 34, 86h, 86o, 86p, 86q, 123, 127, 128, 130, 160j, 160q, 160r agus 160s";

(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal II:

“COMHSHÓNNA, CUMAISC AGUS DEIGHILTÍ CUIDEACHTAÍ FAOI DHLITEANAS TEORANTA”;

(3)i dTeideal II, cuirtear an Chaibidil -I seo a leanas leis:

“CAIBIDIL -I

Comhshónna trasteorann

Airteagal 86a
Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachta faoi dhliteanas teoranta, arna fhoirmiú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a príomhionad gnó laistigh den Aontas, maidir leis an gcuideachta sin a chomhshó ina cuideachta atá faoi rialú ag dlí Ballstáit eile.

2.Glacfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha nós imeachta a bhunú le haghaidh comhshó trasteorann dá dtagraítear i mír 1.

3.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le comhshónna trasteorann a bhaineann le comharchumann fiú i gcásanna nuair a thiocfadh a leithéid faoin sainmhíniú ar ‘chuideachta faoi dhliteanas teoranta’ mar a leagtar síos in Airteagal 86a(1) é.

4.Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhshónna trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi an chomhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin do na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Beart a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach dtagann athrú ar luach stocmhalartáin a cuid aonad go sonrach ón nglanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith comhionann le hathcheannach nó fuascailt den sórt sin.

Airteagal 86b
Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1)ciallaíonn “cuideachta faoi dhliteanas teoranta”, dá ngairtear “cuideachta” anseo feasta, cuideachta faoi mar a shainítear in Iarscríbhinn II;

(2)ciallaíonn ‘comhshó trasteorann’ oibríocht ina gcomhshónn cuideachta, gan a bheith díscaoilte, foirceanta ná leachtaithe, an fhoirm dhlíthiúil faoina bhfuil sí cláraithe i mBallstát imeachta go foirm dhlíthiúil de chuideachta i mBallstát cinn scríbe agus ina ndéanann sí a hoifig chláraithe ar a laghad chuig an mBallstát cinn scríbe agus a pearsantacht dhlíthiúil a choimeád;

(3)ciallaíonn ‘Ballstát imeachta’ Ballstát ina raibh cuideachta cláraithe ina foirm dhlíthiúil roimh an comhshó trasteorann;

(4)ciallaíonn ‘Ballstát cinn scríbe’ Ballstát ina mbeidh cuideachta cláraithe mar gheall ar an gcomhshó trasteorann;

(5)ciallaíonn ‘clár’ an clár láir, an clár tráchtála nó clár na gcuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1);

(6)ciallaíonn ‘cuideachta chomhshóite’ an chuideachta nuafhabhraithe sa Bhallstát cinn scríbe ón dáta ar a dtagann an comhshó trasteorann i bhfeidhm.

Airteagal 86c
Coinníollacha a bhaineann le comhshónna trasteorann

1.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina bhfuil sé i gceist ag cuideachta comhshó trasteorann a dhéanamh gur féidir leis an mBallstát imeachta a fhíorú go gcomhlíonann an comhshó trasteorann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2.

2.Ní bheidh cuideachta i dteideal comhshó trasteorann a chur i gcrích in aon cheann de na cásanna a leanas:

(a)tionscnaíodh imeachtaí i leith na cuideachta sin maidir le foirceannadh, leachtú nó dócmhainneacht;

(b)tá an chuideachta faoi réir ag imeachtaí athstruchtúrúcháin coisctheacha arna dtionscnamh mar gheall ar dhóchúlacht dócmhainneachta;

(c)tá íocaíochtaí á gcur ar fionraí ar bhonn leanúnach;

(d)tá an chuideachta faoi réir ag uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*);

(e)Ghlac na húdaráis náisiúnta bearta coisctheacha chun tionscnamh imeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (d) a sheachaint.

3.Áiritheoidh na Ballstáit nach núdaróidh údarás inniúil an Bhallstáit imeachta an comhshó trasteorann i gcás ina gcinneann sé, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gcás sainiúil agus ag féachaint do na fíricí agus do na himthosca ábhartha go léir, gur socrú saorga atá ann lena mbaineann an aidhm buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí mionlaigh. 

4.Rialófar le dlí náisiúnta an Bhallstáit imeachta an chuid sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí ar gá iad a chomhlíonadh i dtaca leis an gcomhshó trasteorann d’fhonn an deimhniú réamh-chomhshó a fháil, agus rialófar le dlí náisiúnta an Bhallstáit cinn scríbe an chuid sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí nach mór iad a chomhlíonadh tar éis an deimhniú réamh-chomhshó a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 86d
Dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann

1.Dréachtóidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta a bhfuil sé i gceist aici comhshó trasteorann a chur i gcrích dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann. Áireofar na sonraí seo a leanas ar a laghad i ndréacht-téarmaí comhshó trasteorann:

(a)an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus oifig chláraithe na cuideachta sa Bhallstát imeachta;

(b)an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus láthair na hoifige cláraithe faoi mar atá beartaithe don chuideachta mar gheall ar an gcomhshó trasteorann sa Bhallstát cinn scríbe;

(c)ionstraim nó ionstraimí chomhdhéanaimh cuideachta sa Bhallstát cinn scríbe;

(d)an tamchlár atá molta don chomhshó trasteorann;

(e)na cearta a thabharfaidh an chuideachta chomhshóite do chomhaltaí a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna ar ionann iad agus caipiteal na cuideachta, nó na bearta atá molta ina leith;

(f)mionsonraí na gcoimircí a thairgfear do na creidiúnaithe;

(g)an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá foirmithe agus cláraithe sa Bhallstát imeachta chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na cuideachta comhshóite;

(h)aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do chomhaltaí orgán riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta comhshóite;

(i)mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do na comhaltaí a chuireann in aghaidh an comhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86j;

(j)impleachtaí dóchúla an chomhshó trasteorann ar an bhfostaíocht

(k)i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe i ndáil le rannpháirteachas fostaithe agus a gcearta á sainmhíniú maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta chomhshóite de bhun Airteagal 861 agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid sin.

2.Anuas ar theangacha oifigiúla na mBallstát imeachta agus na mBallstát cinn scríbe, ligfidh na Ballstáit don chuideachta a chuireann an comhshó trasteorann i gcrích teanga a úsáid a bhíonn i ngnáthúsáid i réimse an ghnó agus an airgeadais idirnáisiúnta d’fhonn na dréacht-téarmaí de chomhshó trasteorann agus gach doiciméad gaolmhar eile a dhréachtú. Sannfaidh na Ballstáit an teanga a úsáidfear i gcás ina saineofar míréireachtaí idir leaganacha teangeolaíocha éagsúla na ndoiciméad sin.

Airteagal 86e
Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin do na comhaltaí

1.Dréachtóidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta a dhéanfaidh an comhshó trasteorann tuarascáil ina dtabharfar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chomhshó trasteorann.

2.Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 míneofar na nithe seo a leanas go háirithe :

(a)impleachtaí an chomhshó trasteorann ar ghnó na cuideachta sa todhchaí agus ar phlean straitéiseach na bainistíochta;

(a)impleachtaí an chomhshó trasteorann do chomhaltaí;

(b)na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí a chuireann in aghaidh an chomhshó i gcomhréir le hAirteagal 86j.

3.Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, ar fáil, go leictreonach ar a laghad, do na comhaltaí dhá mhí ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil ar an dóigh chéanna d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta a dhéanann an comhshó trasteorann nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe dá leithéid ann, do na fostaithe féin.

4.Ní bheidh an tuarascáil sin riachtanach, áfach, i gcás ina naontóidh gach comhalta den chuideachta a bhfuil comhshó trasteorann á dhéanamh aici an ceanglas sin a tharscaoileadh.

Airteagal 86f
Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin do na fostaithe

1.Dréachtóidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta a dhéanfaidh an comhshó trasteorann tuarascáil a dhréachtú ina míneofar impleachtaí an chomhshó trasteorann d’fhostaithe.

2.Míneofar go háirithe na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)impleachtaí an chomhshó trasteorann ar ghnó na cuideachta sa todhchaí agus ar phlean straitéiseach na bainistíochta;

(b)impleachtaí an chomhshó trasteorann do choimirciú na ngaol fostaíochta;

(c)aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta agus ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;

(d)cibé an mbaineann na tosca a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) le fochuideachta ar bith de chuid na cuideachta.

3.Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, ar fáil, go leictreonach ar a laghad, d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici nó, sa chás nach bhfuil ionadaí ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, dhá mhí ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i. Cuirfear an tuarascáil ar fáil ar an dóigh chéanna do chomhaltaí na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici.

4.Nuair a bhfaighidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici, tuairim, in am cuí, ó ionadaithe a bhfostaithe nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe dá leithéid ann, ó na fostaithe féin, faoi mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta, cuirfear é sin in iúl do na comhaltaí agus ceanglófar an tuairim sin leis an tuarascáil sin.

5.Nuair nach bhfuil fostaithe ar bith ag cuideachta a bhfuil comhshó trasteorann á dhéanamh aici ná ag a fochuideachtaí, seachas iadsan atá mar chuid den orgán bainistíochta nó riaracháin, ní bheidh gá leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 riachtanach.

6.Tá mír 1 go mír 6 gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus do chearta comhairliúcháin a thionscnófar ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/EC nó Treoir 2009/38/EC a chur chun feidhme.

Airteagal 86g
Scrúdú ag saineolaí neamhspleách

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici iarratas, tráth nach lú ná dhá mhí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86mi, chuig an údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 86m(1) chun saineolaí a cheapadh chun dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, chomh maith leis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86e agus Airteagal 86f, a scrúdú agus a mheasúnú, faoi réir an choinníll atá leagtha amach i mír 6 den Airteagal seo.

Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis an iarratas ar shaineolaí a cheapadh:

(a)dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86d;

(b)na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86e agus 86f.

2.Ceapfaidh an túdarás inniúil saineolaí neamhspleách laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an tiarratas dá dtagraítear i mír 1 agus na dréacht-téarmaí agus na tuarascálacha a fháil. Beidh an saineolaí neamhspleách ar an gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici agus d’fhéadfadh sé a bheith ina dhuine nádúrtha nó ina dhuine dlítheanach ag brath ar an dlí sa Bhallstát imeachta. Tabharfaidh na Ballstáit, agus neamhspleáchas an tsaineolaí á mheasúnú, an creat arna bhunú in Airteagal 22 agus in Airteagal 22b de Threoir 2006/43/CE san áireamh.

3.Dréachtóidh an saineolaí tuarascáil i scríbhinn ina soláthrófar an méid a leanas:

(a)measúnú mionsonraithe ar chruinneas na faisnéise a bheidh curtha isteach ag an gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici;

(b)tuairisc ar na gnéithe fíorasacha uile is gá chun go ndéanfaidh an túdarás inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 160m(1), measúnú cuimsitheach chun féachaint an socrú saorga é an comhshó trasteorann atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 86n, a chuimsíonn ar a laghad na nithe seo a leanas: saintréithe na bunaíochta sa Bhallstát cinn scríbe, lena náirítear an rún, an earnáil, an infheistíocht, an glanláimhdeachas agus an brabús nó caillteanas, an líon fostaithe, comhdhéanamh an chláir chomhardaithe, an sainchónaí cánach, na sócmhainní agus an áit a bhfuil siad lonnaithe, gnáthionad oibre na bhfostaithe agus grúpaí sonracha fostaithe, an áit a bhfuil ranníocaíochtaí sóisialta dlite, agus na rioscaí tráchtála arna nglacadh ag an gcuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus sa Bhallstát imeachta.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolaí neamhspleách i dteideal an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha go léir a fháil ón gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici agus ansin na himscrúduithe riachtanacha go léir a dhéanamh chun gnéithe uile na ndréacht-téarmaí nó na dtuarascálacha bainistíochta a fhíorú. Beidh an saineolaí i dteideal barúlacha agus tuairimí a fháil ó ionadaithe fhostaithe na cuideachta, nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe dá leithéid ann, ó na fostaithe féin agus, i gcás ar bith, ó chreidiúnaithe agus ó chomhaltaí na cuideachta.

5.Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir faisnéis arna cur faoi bhráid an tsaineolaí neamhspleách a úsáid ach amháin chun críocha a dtuarascáil a dhréachtú agus nach ndéanfar faisnéis rúnda, lena náirítear rúin ghnó, a nochtadh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an saineolaí doiciméad ar leith ina mbeidh faisnéis rúnda a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 86m(1), agus ní chuirfear an doiciméad ar leith sin ar fáil ach don chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici agus ní nochtfar d’aon pháirtí eile é.

6.Díolmhóidh na Ballstáit “micrifhiontair” agus “fiontair bheaga” mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE (**) ón gCoimisiún ó fhorálacha an Airteagail seo.

Airteagal 86h
Nochtadh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh Ballstát imeachta, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta ina ndéanfar cinneadh ina leith, na doiciméid a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár:

(a)dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann;

(b)an tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 86g, nuair is infheidhme;

(c)fógra lena gcuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici go bhféadfaidís, roimh dháta an chruinnithe ghinearálta, barúlacha maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír a thabhairt don chuideachta agus don údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 86m(1).

Beidh teacht ar na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.Is féidir leis na Ballstáit an chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina gcuirfidh sí, ar feadh tréimhse leanúnach a thosóidh mí amháin ar a laghad roimh an dáta a shocrófar don chruinniú ginearálta le haghaidh na dréacht-téarmaí comhshó a chinneadh agus nach gcríochnóidh níos luaithe ná clabhsúr an chruinnithe sin, ina gcuirfidh sí na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na ceanglais nó na srianta sin atá riachtanach d'fhonn slándáil an tsuímh ghréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú ach amháin sa mhéid agus go mbeidís comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta a bhfuil sé i gceist aici an comhshó trasteorann a dhéanamh dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a nochtadh i gcomhréir le mír 2, déanfaidh sé, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta ina ndéanfar cinneadh ina leith, an fhaisnéis a leanas a chur faoi bhráid chlár an Bhallstáit imeachta:

(a)an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus oifig chláraithe na cuideachta sa Bhallstát imeachta agus na cinn atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe;

(b)an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici, agus uimhir na hiontrála sa chlár sin;

(c)tásc i dtaobh na socruithe a dhéanfar chun cearta creidiúnaithe, fostaithe agus ball a fheidhmiú;

(d)mionsonraí an tsuímh ghréasáin inar féidir teacht ar líne agus saor in aisce ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, ar an bhfógra agus ar an tuarascáil ó shaineolaí dá dtagraítear i mír 1 agus ar fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo.

4.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a chomhlíonadh ar líne go hiomlán gan bheith i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát imeachta.

D’fhéadfadh Ballstáit, áfach, i gcás ina bhfuil fíor-amhras calaoise bunaithe ar fhorais réasúnacha ann, bheith i láthair go pearsanta os comhair údarás inniúil a éileamh.

5.D’fhéadfadh Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, a cheangal go bhfoilseofaí dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ina niris náisiúnta. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teacht ag an bpobal saor in aisce ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh aon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici, agus, nuair is infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 5, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh na táillí sin na costais riaracháin a eascraíonn as an tseirbhís a chur ar fáil.

Airteagal 86i
Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86e, in Airteagal 86f agus in Airteagal 86g, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici cinneadh, le rún, cibé ar cheart dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a fhormheas. Cuirfidh an chuideachta cinneadh an chruinnithe ghinearálta in iúl don údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 86m(1).

2.Féadfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta a bhfuil an comhshó á déanamh aici an ceart a choimeád chun cur chun feidhme an chomhshó trasteorann coinníollach ar dhaingniú sainráite an chruinnithe ar shocruithe dá dtagraítear in Airteagal 86l.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil móramh nach lú ná dhá thrian ach gan a bheith níos mó ná 90% de na vótaí atá ceangailte le ceachtar de na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa arna ionadú ceangailte leis an bhformheas ar aon leasú ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach sin dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta le haghaidh cumaisc trasteorann a fhormheas.

4.Cinnfear freisin sa chruinniú ginearálta an mbeadh leasuithe ar ionstraimí chomhdhéanaimh na cuideachta a bhfuil an comhshó á déanamh aici riachtanach i gcás comhshó trasteorann.

5.Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir agóid a dhéanamh maidir le formheas an chruinnithe ghinearálta ar an gcomhshó trasteorann díreach ar an bhforas nach ndéantar cúiteamh airgid leordhóthanach dá dtagraítear in Airteagal 86j a shocrú.

Airteagal 86j
Comhaltaí a chosaint

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag na comhaltaí a leanas de chuideachta a bhfuil comhshó trasteorann á dhéanamh aici a scairshealbha a dhiúscairt de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i míreanna idir 2 go mír 6:

(a)na comhaltaí a bhfuil scaireanna lena mbaineann cearta vótála acu agus nár vótáil d’fhormheas dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann;

(b)na comhaltaí a bhfuil scaireanna acu agus nach bhfuil aon cheart vótála acu.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1, a scairshealbha a dhiúscairt, i gcomaoin cúiteamh airgid leordhóthanach a bheith íoctha, chomh luath agus a chuirfear an comhshó trasteorann i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 86r, chuig ceann amháin acu a leanas nó chuig tuilleadh acu:

(a)an chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici;

(b)comhaltaí eile na cuideachta sin;

(c)tríú páirtithe a bhfuil comhaontú acu leis an gcuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachta a bhfuil comhshó trasteorann á dhéanamh aici cúiteamh leordhóthanach a thairiscint i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, de réir mar atá sonraithe in Airteagal 86d(1)(i), do na comhaltaí, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar mian leo a gceart a scairshealbha a dhiúscairt a fheidhmiú. Ina theannta sin, cinnfidh na Ballstáit an tréimhse le haghaidh an tairiscint a ghlacadh nach mbeidh níos faide ná aon mhí, ar aon chuma, tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an chuideachta in ann tairiscint a ghlacadh a chuirfear i dteachtaireacht go leictreonach chuig seoladh a cuireadh ar fáil ag an gcuideachta chun na críche sin.

Beidh éadáil scaireanna dílse ag an gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici gan dochar, áfach, do na rialacha náisiúnta lena rialaítear gnóthú ag cuideachta ar a scairshealbha féin.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an tairiscint de chúiteamh airgid coinníollach ar theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86r. Ina theannta sin cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ina ndéanfar an cúiteamh airgid a íoc, nach mbeidh níos déanaí i gcás ar bith ná aon mhí amháin tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann.

5.Forálfaidh na Ballstáit maidir le comhalta ar bith a ghlac leis an tairiscint ar chúiteamh airgid dá dtagraítear i mír 3 ach a mheasann nár socraíodh cúiteamh leordhóthanach, gur féidir leis an gcomhalta sin athríomh ar an gcúiteamh airgid a tairgeadh dó a éileamh os comhair cúirt náisiúnta laistigh d’aon mhí tar éis ghlacadh na tairisceana.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go rialóidh dlí an Bhallstáit imeachta na cearta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 agus go mbeidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit sin. Beidh comhalta ar bith a ghlac le tairiscint ar chúiteamh airgid i gcomaoin a scaireanna i dteideal imeachtaí dá dtagraítear i mír 5 a thionscnamh nó a bheith ina pháirtí leo.

Airteagal 86k
Cosaint creidiúnaithe

1.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta a bhfuil comhshó trasteorann á dhéanamh aici dearbhú ar fáil ina léireofar stádas airgeadais na cuideachta go cruinn mar chuid de dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86d. Fógrófar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil d’orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ar dháta an dearbhaithe, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol dóibh cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta, tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó, in ann na dliteanais a chomhlíonadh tráth a bheadh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an fógra tráth nach luath ná aon mhí sula nochtfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86h.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le creidiúnaithe atá míshásta le cosaint a leasanna dá bhforáiltear i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, dá bhforáiltear in Airteagal 86d(f), iarraidh ar an údarás riaracháin nó breithiúnach cuí coimircí leordhóthanacha a chur ar fáil faoi cheann aon mhí tar éis an nochta dá dtagraítear in Airteagal 86h.

3.Toimhdeofar nach ndéanfar dochar do chreidiúnaithe na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici de bhun comhshó trasteorann i gceachtar den dá imthoisc a leanas:

(a)nochtfaidh an chuideachta i dteannta le dréacht-téarmaí an chomhshó tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách ina mbeidh an chonchlúid nach bhfuil dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar míchuí do chearta creidiúnaithe. Ba cheart an saineolaí neamhspleách a cheapadh nó a fhormheas ag an údarás inniúil agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 86g(2);

(b)i gcás ina dtairgtear ceart chun íocaíochta do chreidiúnaithe, in aghaidh tríú páirtí nó ráthóir, nó in aghaidh na cuideachta a eascraíonn as comhshó trasteorann dar luach atá coibhéiseach ar a laghad lena néileamh bunaidh agus ar féidir é a dhéanamh sa dlínse chéanna agus a rinneadh a éileamh bunaidh, agus lena mbaineann cáilíocht chreidmheasa ar cóimhéid ar a laghad le héileamh bunaidh an chreidiúnaí díreach i ndiaidh chur i gcrích an chomhshó.

4.Tá mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlíthe náisiúnta an Bhallstáit imeachta maidir le sásamh nó daingniú i dtaobh na níocaíochtaí atá dlite do chomhlachtaí poiblí.

Airteagal 86l
Rannpháirtíocht na bhfostaithe

1.Gan dochar do mhír 2, beidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcomhshó faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht na bhfostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe.

2.Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe, i gcás ina bhfuil meánlíon fostaithe coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach is infheidhme, faoi mar atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit imeachta, ag an gcuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici, sna sé mhí roimh fhoilsiú dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86d den Treoir seo, rud a éileodh rannpháirtíocht fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, nó sa chás nach ndéanann dlí náisiúnta an Bhallstáit cinn scríbe sin: 

(a)foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sa chuideachta roimh an gcomhshó, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh don chion ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an orgáin riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó

(b)an teidlíocht chéanna cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú agus atá ag fostaithe atá fostaithe sa Bhallstát cinn scríbe a thabhairt d’fhostaithe bhunaíochtaí na cuideachta a eascraíonn as an gcomhshó agus atá suite i mBallstáit eile.

3.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sa chuideachta chomhshóite agus a rannpháirteachas i sainmhíniú na gceart sin á rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2), in Airteagal 12 (3) agus in Airteagal 12 (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

(a)Airteagal 3(1), (2)(a)(i), 2(b) agus (3), an chéad fhleasc den chéad fhomhír d'Airteagal 3(4), an dara fomhír d'Airteagal 3(4), Airteagal 3(5), an tríú fomhír d’Airteagal 3(6) agus d’Airteagal 3(7);

(b)Airteagal 4(1), Airteagal 4(2)(a), Airteagal 4(2)(g) agus Airteagal 4(2)(h), Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4);

(c)Airteagal 5;

(d)Airteagal 6;

(e)    an chéad fhomhír d'Airteagal 7(1);

(f)    Airteagail 8, Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 12;

(g)    pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

4.Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)bronnfaidh siad ar an gcomhlacht caibidlíochta speisialta an ceart chun cinneadh a dhéanamh, faoi réir ag móramh de dhá thrian dá chomhaltaí arb ionann é sin agus dhá thrian de na fostaithe, gan chaibidlíochtaí a thionscnamh nó caibidlíochtaí atá tionscanta cheana féin a fhoirceannadh agus chun brath ar na rialacha rannpháirtíochta atá i bhfeidhm sa Bhallstát cinn scríbe;

(b)i gcás ina bhfuil feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus in ainneoin rialacha den sórt sin, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur le cion na nionadaithe fostaithe in orgán riaracháin na cuideachta comhshóite. Mar sin féin, más rud é sa chuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici gur ionadaithe fostaithe ar a laghad trian den bhord riaracháin nó maoirseachta, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeadh cion ionadaithe fostaithe níos ísle ná aon trian san orgán riaracháin;

(c)áiritheofar go bhfeidhmeofar go fóill na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a bhí i bhfeidhm roimh an gcomhshó trasteorann go dtí dáta feidhmithe aon cheann de na rialacha arna gcomhaontú ina dhiaidh sin nó in éagmais rialacha comhaontaithe go dtí feidhmiú na rialacha réamhshocraithe i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

5.Ní chuimseoidh síneadh cearta rannpháirtíochta d’fhostaithe na cuideachta comhshóite a fhostaítear i mBallstáit eile, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, aon oibleagáid ar na Ballstáit a roghnaíonn é sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus na tairseacha lucht saothair as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta á ríomh.

6.I gcás ina mbeidh an chuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin foirm dhlíthiúil a ghlacadh ionas gur féidir cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.

7.I gcás ina bhfuil an chuideachta chomhshóite ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cumaisc trasteorann nó intíre, deighilte nó comhshó ina dhiaidh sin go ceann tréimhse trí bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 go 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

8.Cuirfidh cuideachta toradh na gcaibidlíochtaí in iúl dá fostaithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 86m
Deimhniú réamh-chomhshó

1.Ainmneoidh na Ballstáit an túdarás atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit imeachta agus chun deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí sa Bhallstát imeachta.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil:

(a)na dréacht-téarmaí comhshó dá dtagraítear in Airteagal 86d;

(b)na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86e, 86f agus 86g, de réir mar is cuí;

(c)Faisnéis maidir le rún an chruinnithe ghinearálta chun an comhshó dá dtagraítear in Airteagal 86j a fhormheas.

Ní gá na dréacht-téarmaí agus tuarascálacha arna gcur isteach faoi Airteagal 86g a chur isteach in athuair chuig an údarás inniúil.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an tiarratas dá dtagraítear i mír 2, lena náirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfar an tiarratas sin a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1.

I gcásanna ina bhfuil fíor-amhras calaoise ann, áfach, bunaithe ar fhoras réasúnach, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go dtiocfaidh an tiarratasóir i láthair go pearsanta os comhair údarás inniúil i gcás inar gá faisnéis agus doiciméid atá ábhartha a chur isteach.

4.Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 861, ní dhéanfaidh an Ballstát imeachta a fhíorú ach go náirítear i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéantar na socruithe ábhartha a chinntiú agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.

5.Mar chuid den mheasúnú ar an dlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an túdarás inniúil an fhaisnéis a leanas:

(a)na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2;

(b)gach barúil agus tuairim atá curtha isteach ag páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 86h(1);

(c)tásc ón gcuideachta go bhfuil an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86l(3) agus in Airteagal 86l(4) tionscanta, nuair is ábhartha.

6.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla arna nainmniú i gcomhréir le mír 1 dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcomhshó trasteorann.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú an údaráis inniúil a chur i gcrích faoi cheann aon mhí amháin tar éis dháta fála na faisnéise maidir le formheas an chomhshó ag cruinniú ginearálta na cuideachta. Beidh ceann de na torthaí a leanas i gceist leis:

(a)i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil go bhfuil an comhshó trasteorann lasmuigh de raon feidhme na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha ábhartha agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an túdarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó;

(b)i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil nach dtagann an comhshó trasteorann faoi réir raon feidhme na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, ní eiseoidh sé an deimhniú réamh-chomhshó agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Bainfidh an rud céanna le cásanna ina gcinnfidh an túdarás inniúil nach gcomhlíonann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha go léir nó nach bhfuil na nósanna imeachta riachtanacha agus na foirmiúlachtaí go léir curtha i gcrích agus nach ndearna an chuideachta an méid sin, tar éis cuireadh a bheith tugtha dóibh na céimeanna riachtanacha a ghlacadh;

(c)i gcás ina bhfuil cúiseanna tromchúiseacha imní ag an údarás inniúil go bhféadfadh an comhshó trasteorann a bheith ina shocrú saorga dá dtagraítear in Airteagal 86c(3), d’fhéadfadh sé a bheartú measúnú cuimsitheach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 86n agus cuirfidh sé a chinneadh an measúnú sin a dhéanamh agus an toradh dá éis in iúl don chuideachta.

Airteagal 86n
Measúnú cuimsitheach

1.Áiritheoidh na Ballstáit, d’fhonn measúnú a dhéanamh an ionann an comhshó trasteorann agus socrú saorga de réir bhrí Airteagal 86c(3), go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit imeachta measúnú cuimsitheach ar na fíricí agus ar na himthosca ábhartha go léir agus tabharfaidh sé an méid a leanas san áireamh ar a laghad: saintréithe na bunaíochta sa Bhallstát cinn scríbe, lena náirítear an rún, an earnáil, an infheistíocht, an glanláimhdeachas agus an brabús nó caillteanas, an líon fostaithe, comhdhéanamh an chláir chomhardaithe, an sainchónaí cánach, na sócmhainní agus an áit a bhfuil siad lonnaithe, gnáthionad oibre na bhfostaithe agus grúpaí sonracha fostaithe, an áit a bhfuil ranníocaíochtaí sóisialta dlite, agus na rioscaí tráchtála arna nglacadh ag an gcuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus sa Bhallstát imeachta.

Ní féidir breithniú ar na gnéithe sin ach mar thosca táscacha sa mheasúnú foriomlán agus dá réir sin ní bhreithneofar iad ina naonair.

2.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 measúnú cuimsitheach a dhéanamh, go mbeidh sé in ann éisteacht leis an gcuideachta agus leis na páirtithe go léir a bhfuil barúlacha curtha isteach acu de bhun Airteagal 86h(1)(c) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. D’fhéadfadh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 éisteacht le haon tríú pháirtí eile ar spéis leis é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh an túdarás inniúil a chinneadh críochnaitheach maidir le heisiúint an deimhnithe réamh-chomhshó laistigh de dhá mhí tar éis thús an mheasúnaithe chuimsithigh.

Airteagal 86o
Athbhreithniú agus aistriú an deimhnithe réamh-chomhshó

1.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach cúirt é údarás inniúil an Bhallstáit imeachta, go mbeidh cinneadh an údaráis inniúil an deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint nó a dhiúltú faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Lena chois sin, áiritheoidh na Ballstáit nach ngabhfaidh éifeacht leis an deimhniú réamh-chomhshó roimh dhul in éag tréimhse áirithe chun gur féidir le páirtithe caingean a thabhairt os comhair na cúirte inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, chun bearta eatramhacha a fháil.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an cinneadh deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint chuig na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 86m(1) agus go mbeidh na cinntí maidir le deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint nó a dhiúltú ar fáil trí bhíthin chóras idirnasctha na gclár arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22.

Airteagal 86p
Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann ag an mBallstát cinn scríbe

1.Ainmneoidh na Ballstáit an túdarás náisiúnta atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit cinn scríbe agus chun an comhshó trasteorann a fhormheas i gcás ina gcomhlíonann an comhshó na coinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na ngníomhaíochtaí agus na bhfoirmiúlachtaí go léir sa Bhallstát cinn scríbe.

Áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe go háirithe go gcomhlíonfaidh an chuideachta chomhshóite atá beartaithe forálacha an dlí náisiúnta maidir le corprú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 86l.

2.Chun críocha mhír 1, cuirfidh an chuideachta a chuirfidh an comhshó trasteorann i gcrích dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86i chuig an údarás dá dtagraítear i mír 1.

3.Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir an tiarratas dá dtagraítear i mír 1, ón gcuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici, lena náirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfaidh an chuideachta sin an tiarratas a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1.

I gcásanna ina bhfuil fíor-amhras calaoise ann, áfach, bunaithe ar fhoras réasúnach, féadfaidh na Ballstáit láithreacht phearsanta os comhair údarás inniúil Ballstáit a éileamh i gcás nach mór faisnéis agus doiciméid atá ábhartha a chur isteach.

4.Dearbhóidh an túdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, gan mhoill, go bhfuil an deimhniú réamh-chomhshó dá dtagraítear in Airteagal 86m mar aon le faisnéis agus doiciméid eile, atá ag teastáil de réir dhlí an Bhallstáit cinn scríbe, go bhfuil an deimhniú sin faighte. Eiseoidh an túdarás sin cinneadh an comhshó trasteorann a fhormheas a luaithe a bheidh a mheasúnú ar na coinníollacha ábhartha curtha i gcrích aige.

5.Glacfaidh an túdarás inniúil dá dtagraítear i mír 4 leis an deimhniú réamh-chomhshó dá dtagraítear i mír 1, mar fhianaise dhochloíte ar chur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit imeachta nach bhfuil formheas an chomhshó trasteorann indéanta gan é.

Airteagal 86q
Clárú

1.Cinnfear le dlí na mBallstát imeachta agus cinn scríbe, maidir le críoch na Stát sin, na socruithe chun cur i gcrích an chomhshó trasteorann a nochtadh sa chlár.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir a bheidh ar fáil agus inrochtana go poiblí trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22:

(a)an uimhir iontrála sa chlár de chuid na cuideachta comhshóite de thoradh an chomhshó trasteorann;

(b)dáta cláraithe na cuideachta comhshóite sa Bhallstát cinn scríbe;

(c)dáta a ndearnadh an chuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici a bhaint den chlár sa Bhallstát imeachta;

(d)na huimhreacha clárúcháin i mBallstát imeachta na cuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici agus na cuideachta comhshóite sa Bhallstát cinn scríbe.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an clár sa Bhallstát cinn scríbe fógra chuig an gclár sa Bhallstát imeachta tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 22 go bhfuil an chuideachta chomhshóite cláraithe. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndíchlárófar an chuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici láithreach tar éis don fhógra sin a bheith faighte ach ní dhéanfar roimhe sin é.

Airteagal 86r
An dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann

Gabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann ó dháta cláraithe na cuideachta comhshóite sa Bhallstát cinn scríbe, tar éis an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht agus an fhormheasta dá dtagraítear in Airteagal 86p.

Airteagal 86s
Iarmhairtí an chomhshó trasteorann

1.Beidh na himthosca a leanas i gceist le comhshó trasteorann, arna dhéanamh de réir na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo:

(a)aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta a bhfuil an comhshó trasteorann á dhéanamh aici lena náireofar na conarthaí, na creidiúintí, na cearta agus na hoibleagáidí go léir agus leanfaidh siad de bheith leis an gcuideachta chomhshóite

(b)beidh comhaltaí na cuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici ina gcomhaltaí de chuideachta chomhshóite, ach amháin má fheidhmíonn siad an ceart chun imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86j(2);

(c)beidh cearta agus oibleagáidí na cuideachta sin a bhfuil an comhshó trasteorann á chur i gcrích aici a eascraíonn as conarthaí fostaíochta nó as gaol fostaíochta agus atá ann ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann, mar gheall ar theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann sin, déanfar iad a aistriú chuig an gcuideachta a thiocfaidh as an gcomhshó trasteorann ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann.

(d)is féidir brath ar láthair oifig chláraithe na cuideachta comhshóite sa Bhallstát imeachta go dtí an tráth a ndéantar an chuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici a bhaint ón gclár sa Bhallstát imeachta, ach amháin más féidir a chruthú go raibh a fhios ag tríú páirtí, nó go mba cheart go mbeadh a fhios ag tríú páirtí, faoin oifig chláraithe sa Bhallstát cinn scríbe.

2.Caithfear le gníomhaíocht ar bith de chuid na cuideachta comhshóite arna cur i gcrích tar éis dháta an chlárúcháin sa Bhallstát cinn scríbe agus sula ndéantar an chuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici a bhaint ón gclár sa Bhallstát imeachta mar ghníomhaíocht de chuid na cuideachta comhshóite.

3.Beidh an chuideachta chomhshóite faoi dhliteanas as aon chaillteanais a eascraíonn as éagsúlachtaí ar bith i gcórais dhlíthiúla náisiúnta na mBallstát imeachta agus cinn scríbe, i gcás nach gcuirfidh an chuideachta sin an comhshó trasteorann in iúl do pháirtí conarthachta ná do chontrapháirtí na cuideachta a bhfuil an comhshó á dhéanamh aici sula ndéantar an conradh sin a chur i gcrích.

Airteagal 86t
Dliteanas na saineolaithe neamhspleácha

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar dliteanas sibhialta na saineolaithe neamhspleácha atá freagrach as na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86g agus in Airteagal 86k(2)(a) a dhréachtú, lena náirítear maidir le míiompar dá gcuid agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 86u
Bailíocht

Ní féidir comhshó trasteorann arna chur i bhfeidhm de réir na nósanna imeachta lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.

________

(*)    Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/24/CE, Treoir 2002/47/CE, Treoir 2004/25/CE, Treoir 2005/56/CE, Treoir 2007/36/CE, Treoir 2011/35/AE, Treoir 2012/30/AE agus Treoir 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(**)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).”;

(4)in Airteagal 119, leasaítear pointe (2) mar a leanas:

(a)ag deireadh phointe (c) cuirtear an méid a leanas leis"; nó”;

(b)cuirtear isteach an pointe (d) a leanas:

“(d)    aistríonn aon chuideachta amháin nó níos mó ná sin, tar éis di a bheith díscaoilte gan a bheith leachtaithe, a sócmhainní agus a dliteanais go léir chuig cuideachta eile, an chuideachta éadála, gan an chuideachta éadála scaireanna nua a eisiúint, ar choinníoll go bhfuil seilbh go díreach nó go hindíreach ag an duine sin ar na scaireanna go léir sna cuideachtaí atá ag cumasc nó tá seilbh ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc de réir an chion chéanna i ngach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc.";

(5)Airteagal 120, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 :

"4.    Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil baint ag an gCaibidil seo leis an gcuideachta nó leis na cuideachtaí sna cásanna a leanas:

(a)tionscnaíodh imeachtaí i leith na cuideachta nó na gcuideachtaí sin maidir le foirceannadh, leachtú nó dócmhainneacht;

(b)    tá an chuideachta faoi réir ag imeachtaí athstruchtúrúcháin coisctheacha arna dtionscnamh mar gheall ar dhóchúlacht dócmhainneachta;

(c)    tá íocaíochtaí á gcur ar fionraí ar bhonn leanúnach;

(d)    tá an chuideachta faoi réir ag uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE;

(e)    ghlac na húdaráis náisiúnta bearta coisctheacha chun tionscnamh imeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (d) a sheachaint.";

(6)Leasaítear Airteagal 121 mar a leanas:

(a)i mír 1, scriostar pointe (a);

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Áireofar, go háirithe, sna forálacha agus sna foirmiúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 na forálacha agus sna foirmiúlachtaí sin a bhaineann leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcumasc agus le cosaint na bhfostaithe ó thaobh ceart de cé is moite de na cinn a rialaítear le hAirteagal 133.";

(7)Leasaítear Airteagal 122 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i) ionstraim nó ionstraimí chomhdhéanaimh na cuideachta atá ann de thoradh an chumaisc trasteorann”;

(b)cuirtear isteach an pointe (m) agus an pointe (n) a leanas:

"(m)    mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do na comhaltaí a chuirfidh in aghaidh an chumaisc trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 126a;

(n)    mionsonraí na gcoimircí a thabharfar do na creidiúnaithe.";

(c)cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

“Anuas ar theanga oifigiúil Bhallstáit uile na gcuideachtaí atá ag cumasc, ceadóidh Ballstáit do na cuideachtaí atá ag cumasc teanga a úsáid a bhíonn i ngnáthúsáid i réimse an ghnó agus an airgeadais idirnáisiúnta d’fhonn na dréacht-téarmaí comhchoiteanna de chumasc trasteorann agus gach doiciméad gaolmhar eile a dhréachtú. Sannfaidh na Ballstáit an teanga a úsáidfear i gcás ina saineofar míréireachtaí idir leaganacha teangeolaíocha éagsúla na ndoiciméad sin.";

(8)cuirtear an tAirteagal 122 a seo a leanas isteach:

“Airteagal 122 a
An dáta cuntasaíochta 

1.I gcás ina nullmhóidh an chuideachta a eascraíonn as cumasc trasteorann na ráitis bhliantúla airgeadais i gcomhréir leis na caighdeáin cuntasaíochta idirnáisiúnta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cinnfear an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na gcuideachtaí atá ag cumasc mar idirbhearta na cuideachta a eascraíonn as an gcumasc trasteorann i gcomhréir leis na caighdeáin cuntasaíochta sin.

In ainneoin na fomhíre tosaigh, is é an dáta cuntasaíochta a chuirfear ar fáil i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, an dáta ar a dtiocfaidh an cumasc trasteorann i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 129, chomh fada agus nach gcinneann na cuideachtaí atá ag cumasc dáta eile d’fhonn an próiseas cumaisc a éascú. Sa chás sin comhlíonfaidh an dáta cuntasaíochta na ceanglais a leanas:

(a)ní fhéadfaidh sé a bheith níos luaithe ná dáta chlár comhardaithe na ráiteas airgeadais bliantúil deireanach a dréachtaíodh agus a foilsíodh ag aon cheann de na cuideachtaí atá ag cumasc;

(b)cuirfidh sé ar chumas na cuideachta a eascraíonn as an gcumasc trasteorann a ráitis airgeadais bhliantúla a dhréachtú, lena náireofar sonraí maidir le héifeachtaí an chumaisc, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí na mBallstát a bheidh i bhfeidhm ar dháta an chláir chomhardaithe, an dáta go díreach i ndiaidh an dáta a dtiocfaidh an cumasc trasteorann i bhfeidhm.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéileálfar leis an dáta sin dá dtagraítear i mír 1 chun críocha cuntasaíochta amhail agus gurb ionann é agus an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na gcuideachtaí atá ag cumasc mar idirbhearta na cuideachta a eascróidh as an gcumasc trasteorann de réir dhlíthe náisiúnta na gcuideachtaí go léir atá ag cumasc.

3.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás aithint agus luacháil sócmhainní agus dliteanas sna ráitis airgeadais atá le haistriú de bhun an chumaisc trasteorann trí éadáil, úsáidfear córas cuntasaíochta na cuideachta éadála mar bhunús comhchoiteann ag na cuideachtaí go léir atá ag cumasc ón dáta a shainítear i mír 1.

_______

(*)    Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).";

(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 123 agus Airteagal 124:

"Airteagal 123
Nochtadh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh Ballstát imeachta, aon mhí ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta ina ndéanfar cinneadh ina leith, dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí ina gcláir náisiúnta sin, dá dtagraítear in Airteagal 16. Beidh teacht ar na dréacht-téarmaí sin freisin trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí atá ag cumasc a dhíolmhú ón gceanglas dá dtagraítear i mír 1 i gcás, ar feadh tréimhse leanúnach, ina dtosaíonn ar a laghad mí amháin roimh an dáta a shocrófar don chruinniú ginearálta a reáchtálfar chun dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a chinneadh agus nach gcríochnaíonn níos luaithe ná clabhsúr an chruinnithe sin, go gcuirfidh na cuideachtaí sin dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach d'fhonn slándáil an tsuímh ghréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú ach amháin a mhéid agus go mbeidís comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.I gcás ina nochtfaidh cuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, nochtfar an fhaisnéis a leanas aon mhí ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ginearálta atá chun cinneadh a dhéanamh ina leith sna cláir náisiúnta na Ballstát i gceist dá dtagraítear in Airteagal 16:

(a)an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus oifig chláraithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus an fhoirm dhlíthiúil, ainm agus an oifig chláraithe atá beartaithe le haghaidh aon chuideachta nua-thionscanta;

(b)an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus uimhir na hiontrála sa chlár sin;

(c)tásc, le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, de na socruithe arna ndéanamh chun cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;

(d)mionsonraí an tsuímh ghréasáin inar féidir dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus an fhaisnéis chríochnúil maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) a fháil saor in aisce.

4.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a chomhlíonadh ar líne go hiomlán gan aon ghá bheith i láthair go pearsanta roimh aon údarás inniúil in aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann.

D’fhéadfadh na Ballstáit, áfach, i gcás ina bhfuil fíor-amhras calaoise bunaithe ar fhorais réasúnacha ann, láithreacht phearsanta os comhair údarás inniúil a éileamh.

5.I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála i gcomhréir le hAirteagal 126(3), déanfar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a chur ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile/na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

6.D’fhéadfadh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, a cheangal go bhfoilseofaí dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ina niris náisiúnta. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár dá dtagraítear in Airteagal 16 an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta.

7.Dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 3 a ndéanfar a nochtadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad ar fáil don phobal saor in aisce. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh aon táillí a ghearrfar ar na cuideachtaí atá ag cumasc ag na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 agus, nuair is infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 6, nach sáróidh siad na costais riaracháin ar sheirbhís a chur ar fáil.

Airteagal 124
Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin do na comhaltaí

1.Dréachtóidh orgán bainistíochta nó riaracháin gach ceann de na cuideachtaí cumaisc tuarascáil ina dtabharfar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chumaisc trasteorann.

2.Míneofar go háirithe na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)impleachtaí an chumaisc trasteorann maidir le gnó todhchaíoch na cuideachta a bheadh ann de thoradh an chumaisc agus ar phlean straitéiseach na bainistíochta;

(b)míniú agus bonn cirt an chóimheasa malartaithe scaireanna;

(c)tuairisc ar aon deacrachtaí luachála speisialta a thiocfaidh chun cinn;

(d)    impleachtaí an chumaisc trasteorann do chomhaltaí;

(e)    na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí a chuireann in aghaidh an chumaisc i gcomhréir le hAirteagal 126a.

3.Cuirfear an tuarascáil ar fáil, go leictreonach ar a laghad, do chomhaltaí gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc tráth nach déanaí ná aon mhí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil ar an dóigh chéanna d’ionadaithe fhostaithe gach ceann de na cuideachta atá ag cumasc nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin. I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile/ na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

4.Ní bheidh gá leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, áfach, i gcás ina gcomhaontóidh comhaltaí uile na gcuideachtaí atá ag cumasc an ceanglas sin a tharscaoileadh.";

(10)cuirtear an tAirteagal 124 a seo a leanas isteach:

“Airteagal 124a
Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin do na fostaithe

1.Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin gach cinn de na cuideachtaí cumaisc tuarascáil a dhréachtú ina míneofar impleachtaí an chumaisc trasteorann d’fhostaithe.

2.Míneofar go háirithe na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)impleachtaí an chumaisc trasteorann ar ghnó na cuideachta sa todhchaí agus ar phlean straitéiseach na bainistíochta;

(b)    impleachtaí an chumaisc trasteorann do chaomhnú na ngaol fostaíochta;

(c)    aon athruithe ábhartha ar na dalaí fostaíochta agus ar shuíomhanna láithreacha gnó na gcuideachtaí;

(d)cibé an mbaineann na tosca a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) le fochuideachta ar bith de chuid na gcuideachtaí atá ag cumasc.

3.Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil, go leictreonach ar a laghad, d’ionadaithe fhostaithe na gcuideachtaí atá ag cumasc nó, i gcás nach bhfuil ionadaí dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, tráth nach lú ná aon mhí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Cuirfear an tuarascáil ar fáil ar an dóigh chéanna do chomhaltaí gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc.

I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), beidh an tuarascáil ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile/na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

4.I gcás ina bhfaighidh orgán bainistíochta nó riaracháin na gcuideachta atá ag cumasc, tuairim, in am cuí, ó ionadaithe a bhfostaithe nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe dá leithéid ann, ó na fostaithe iad fáil, faoi mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta, cuirfear é sin in iúl do na comhaltaí agus ceanglófar an tuairim sin leis an tuarascáil sin mar aguisín.

5.I gcás nach mbeidh fostaithe ar bith ag cuideachta atá ag cumasc ná ag a bhfochuideachtaí, seachas iadsan atá mar chuid den orgán bainistíochta nó riaracháin, ní bheidh sé riachtanach an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú.

6.Beidh cur isteach na tuarascála gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus d'imeachtaí comhairliúcháin a thionscnófar ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2001/23/CE, Treoir 2002/14/CE nó Treoir/2009/38/CE a chur chun feidhme.";

(11)in Airteagal 125(1) cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

“Tabharfaidh na Ballstáit, agus neamhspleáchas an tsaineolaí á mheasúnú, an creat arna bhunú in Airteagal 22 agus in Airteagal 22b de Threoir 2006/43/CE san áireamh.";

(12)Leasaítear Airteagal 126 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124, in Airteagal 124a agus in Airteagal 125, de réir mar is cuí, déanfaidh cruinniú ginearálta gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc cinneadh, le rún, maidir leis na dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a fhormheas.";

(b)cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir cur i gcoinne an rúin cumasc trasteorann a fhormheas dá dtagraítear i mír 1, os comhair an údaráis inniúil díreach ar bhonn na bhforas a leanas amháin:

(a)níor socraíodh an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear in Airteagal 122(b) go cuí;

(b)níor socraíodh an cúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 122(m) go cuí;

(c)níl luach iomlán na scairshealbh arna ndáileadh do chomhalta coibhéiseach do luach na scaireanna i seilbh an chomhalta sin sa chuideachta atá á cumasc.";

(13)cuirtear isteach Airteagal 126a agus Airteagal 126b a leanas:

“Airteagal 126a
Cosaint na gcomhaltaí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag na comhaltaí a leanas de na cuideachta atá ag cumasc a scairsheilbh a dhiúscairt de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i mír 2 go mír 6;

(a)na comhaltaí a bhfuil scaireanna lena mbaineann cearta vótála acu agus nár vótáil d’fhormheas dhréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann;

(b)na comhaltaí a bhfuil scaireanna acu agus nach bhfuil aon cheart vótála acu.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 an Airteagail seo, a scairshealbha a dhiúscairt, i gcomaoin cúiteamh airgid leordhóthanach a bheith íoctha, chomh luath agus a chuirtear an cumasc trasteorann i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 129, ag ceann amháin acu a leanas nó ag tuilleadh acu:

(a)na cuideachtaí atá ag cumasc lena mbaineann;

(b)comhaltaí eile na gcuideachtaí atá ag cumasc lena mbaineann;

(c)tríú páirtithe a aontaíonn leis na cuideachtaí atá ag cumasc lena mbaineann.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc cúiteamh leordhóthanach a thairiscint i ndréacht-téarmaí comhchoiteann an chumaisc trasteorann, de réir mar atá sonraithe in Airteagal 122(1)(m), do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar mian leo a gceart a scairshealbha a dhiúscairt a fheidhmiú. Cinnfidh na Ballstáit freisin an tréimhse le haghaidh an tairiscint a ghlacadh, nach mbeidh níos déanaí ná aon mhí i gcás ar bith tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 nó, i gcásanna nach gceanglófar maidir le formheas an chruinnithe ghinearálta, faoi cheann dhá mhí tar éis nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 123. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na cuideachtaí atá ag cumasc in ann glacadh le tairiscint a sheolfar go leictreonach chuig seoladh a chuirfear ar fáil ag na cuideachtaí chun na críche sin.

Beidh éadáil a scaireanna dílse ag na cuideachta atá ag cumasc gan dochar, áfach, do na rialacha náisiúnta lena rialaítear éadáil ag cuideachta ar a scairshealbha dílse.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tairiscint de chúiteamh airgid coinníollach ar theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 129. Ina theannta sin cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ina ndéanfar an cúiteamh airgid a íoc, nach mbeidh níos déanaí i gcás ar bith ná aon mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chumaisc trasteorann.

5.Athbhreithneoidh an saineolaí neamhspleách arna cheapadh de bhun Airteagal 125 leordhóthanacht an chúitimh airgid. Tabharfaidh an saineolaí aird ar phraghas margaidh ar bith ar na scaireanna sin sna cuideachtaí atá ag cumasc roimh fhógairt an togra cumaisc agus ar luach na cuideachta gan éifeacht an chumaisc atá beartaithe san áireamh de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta.

6.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le comhalta ar bith a ghlac leis an tairiscint de chúiteamh airgid dá dtagraítear i mír 3, ach a mheasann nár socraíodh cúiteamh airgid leordhóthanach, gur féidir leis an gcomhalta sin athríomh ag cúirt náisiúnta ar an gcúiteamh airgid a thairgfear a éileamh faoi cheann aon mhí tar éis ghlacadh na tairisceana.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go rialóidh dlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoina réir na cearta dá dtagraítear i mír 1 go mír 6 agus go mbeidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit sin. Beidh comhalta ar bith a ghlac le tairiscint de chúiteamh airgid i gcomaoin a scaireanna i dteideal imeachtaí dá dtagraítear i mír 6 a thionscnamh nó a bheith ina pháirtí leo.

8.Áiritheoidh na Ballstáit freisin gur féidir le comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc nár chuir i gcoinne an chumaisc trasteorann, ach a bhreithníonn nach leordhóthanach é an cóimheas malartaithe scaireanna, gur féidir leo agóid a dhéanamh maidir leis an gcóimheas malartaithe scaireanna sin a leagtar amach i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 122 os comhair cúirt náisiúnta faoi cheann aon mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chumaisc trasteorann.

9.Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina gcinneann cúirt náisiúnta nár socraíodh cóimheas malartaithe scaireanna leordhóthanach, go bhfuil an chumhacht ag an gcúirt an chuideachta a eascraíonn as an gcumasc trasteorann a ordú an cúiteamh a íoc do na comhaltaí sin ar éirigh lena nagóid maidir leis an gcóimheas. Is é a bheidh sa chúiteamh sin íocaíocht airgid a ríomhfar ar bhonn cóimheas leordhóthanach is infheidhme do mhalartú urrús nó scaireanna de réir mar a chinneann an chúirt. Ar iarratas ó aon cheann de na comhaltaí nó de na cuideachtaí atá ag cumasc, tabharfar an chumhacht don chúirt náisiúnta an chuideachta a eascraíonn as an gcumasc trasteorann a ordú tuilleadh scaireanna a chur ar fáil seachas an íocaíocht airgid.

10.Áiritheoidh na Ballstáit go rialófar leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcuideachta a eascraíonn as an gcumasc trasteorann an oibleagáid cúiteamh airgid breise a íoc nó scaireanna breise a chur ar fáil.

Airteagal 126b
Cosaint creidiúnaithe

1.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá ag cumasc dearbhú a chur ar fáil ina léireofar go cruinn stádas airgeadais na cuideachta mar chuid de dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 122. Fógrófar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil d’orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ar dháta an dearbhaithe, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol dóibh cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta a eascraíonn as an gcumasc in ann na dliteanais a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú tráth nach luaithe ná aon mhí amháin sula nochtfar dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 123.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le creidiúnaithe atá míshásta le cosaint a leasanna faoi mar atá foráilte i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, de réir mar atá foráilte in Airteagal 122(1)(n), an túdarás riaracháin nó breithiúnach cuí a fheidhmiú le haghaidh coimircí leordhóthanacha faoi cheann aon mhí tar éis an nochta dá dtagraítear in Airteagal 123.

3.Toimhdeofar nach ndéanfar dochar do chreidiúnaithe na gcuideachtaí atá ag cumasc de bhun cumasc trasteorann i gceachtar den dá imthoisc a leanas:

(a)nochtann na cuideachtaí atá ag cumasc i dteannta le dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách ina bhfuil an tátal nach bhfuil dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar míchuí do chearta creidiúnaithe. Ba cheart an saineolaí neamhspleách a bheith ceaptha nó formheasta ag an údarás inniúil agus comhlíonfaidh sé na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 125(1).

(b)i gcás ina dtairgtear ceart chun íocaíochta do chreidiúnaithe, in aghaidh tríú páirtí nó ráthóir, nó i n aghaidh na cuideachta a eascraíonn as an gcumasc dar luach atá coibhéiseach ar a laghad lena néileamh bunaidh, agus ar féidir é a dhéanamh sa dlínse chéanna agus a rinneadh an téileamh bunaidh, agus lena mbaineann cáilíocht chreidmheasa atá i gcomhréir ar a laghad le héileamh bunaidh an chreidiúnaí díreach i ndiaidh chur i gcrích an chumaisc.

4.Tá mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar d’fheidhmiú dhlíthe náisiúnta Bhallstát na gcuideachtaí atá ag cumasc maidir le sásamh nó daingniú i dtaobh na níocaíochtaí atá dlite do chomhlachtaí poiblí.”

(14)Leasaítear Airteagal 127 mar seo a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na cuideachtaí atá ag cumasc an tiarratas ar dheimhniú réamhchumaisc, lena náirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, go bhféadfaidh siad an tiarratas a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1.

I gcásanna ina mbeidh amhras dáiríre ann faoi chalaois, áfach, bunaithe ar fhoras réasúnach, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go dtiocfaidh an tiarratasóir i láthair go fisiciúil os comhair údarás inniúil i gcás inar gá faisnéis agus doiciméid atá ábhartha a thíolacadh.”;

(b)i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Áiritheoidh na Ballstáit go seolfar an deimhniú chuig na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 128(1) trí bhíthin chóras idirnasctha na gclár i gcomhréir le hAirteagal 22.”;

(c)scriostar mír 3;

(15)Leasaítear Airteagal 128 mar seo a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.     Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh gach cuideachta atá ag cumasc faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear sa mhír sin dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126.”;

(b)cuirtear isteach an mhír 3 agus an mhír 4 seo a leanas:

“3.    Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfaidh aon cheann de na cuideachtaí atá ag cumasc an tiarratas ar an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 a chomhlánú, lena náirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, go bhféadfaidh an chuideachta sin an tiarratas a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil.

Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh, áfach, i gcás ina bhfuil amhras dáiríre ann faoi chalaois bunaithe ar fhoras réasúnach a d’fhéadfadh gur ghá, dá bharr sin, go dtiocfadh an tiarratasóir i láthair go fisiciúil os comhair údarás inniúil de chuid Ballstáit inar gá an fhaisnéis agus na doiciméid atá ábhartha a thíolacadh.

4.    Glacfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann leis an deimhniú réamhchumaisc nó leis na deimhnithe réamhchumaisc mar fhianaise dhoshéanta ar chomhlánú ceart na ngníomhartha agus na bhfoirmiúlachtaí réamhchumaisc sa Bhallstát nó sna Ballstáit ábhartha. Roinnfidh údarás inniúil nó údaráis inniúla na gcuideachtaí atá ag cumasc an deimhniú le húdarás inniúil Bhallstát na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trí bhíthin chóras idirnasctha na gclár i gcomhréir le hAirteagal 22.”;

(16)Leasaítear Airteagal 131 mar seo a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)    aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á fáil anseo, lena náirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta éadála agus fanfaidh siad i seilbh na cuideachta éadála sin;”;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)    aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na gcuideachtaí atá ag cumasc anseo, lena náirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta nua agus fanfaidh siad i seilbh na cuideachta nua sin;”;

(17)Leasaítear Airteagal 132 mar seo a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. I gcás ina ndéanfaidh cuideachta a shealbhaíonn na scaireanna uile agus urrúis eile a thugann an ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil nó i gcás ina ndéanfaidh duine a shealbhaíonn ar dhóigh dhíreach nó ar dhóigh indíreach na scaireanna uile sa chuideachta éadála agus sna cuideachtaí atá á bhfáil, i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta nó an duine sin cumasc trasteorann trí éadáil a chur i gcrích agus nach gcionroinnfidh an chuideachta éadála aon scaireanna faoin gcumasc:

ní bheidh feidhm ag pointí (b), (c), (e) agus (m) d’Airteagal 122, Airteagal 125 agus pointe (b) d’Airteagal 131(1);

ní bheidh feidhm ag Airteagal 124 ná ag Airteagal 126(1) maidir leis an gcuideachta atá á fáil nó na cuideachtaí atá á bhfáil.”;

(b)cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:

“3. I gcás ina bhforálfar le dlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí uile atá ag cumasc maidir leis an díolúine ón bhformheas ag cruinniú ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 126(3) agus mír 1 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil na dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc trasteorann nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go mír 3 d’Airteagal 123 faoi seach agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124 agus Airteagal 124a tráth nach déanaí ná aon mhí amháin sula ndéanfaidh an chuideachta an cinneadh maidir leis an gcumasc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(18)Leasaítear Airteagal 133 mar seo a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7. I gcás ina mbeidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann ag feidhmiú faoi réir córais rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cumaisc, deighiltí nó comhshónna trasteorann nó intíre ina dhiaidh sin go ceann tréimhse trí bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i mír 1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.”

(b)cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:

“8. Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe cé acu an roghnóidh an chuideachta rialacha caighdeánacha maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 3 a chur i bhfeidhm nó an rachaidh an chuideachta i mbun caibidlíochta faoi chuimsiú an chomhlachta caibidlíochta speisialta. Sa dara cás sin, cuirfidh an chuideachta in iúl dá fostaithe toradh na gcaibidlíochtaí gan moill mhíchuí.”;

(19)cuirtear an tAirteagal 133a seo a leanas isteach:

“Airteagal 133a
Dliteanas saineolaithe neamhspleácha

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar dliteanas sibhialta na saineolaithe neamhspleácha atá freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125 agus Airteagal 126b(2)(a) a tharraingt suas, lena náirítear maidir le míiompar dá gcuid agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.”;

(20)I dTeideal II, cuirtear an Chaibidil IV seo a leanas leis:

“CAIBIDIL IV

Deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

Airteagal 160a
Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighilt trasteorann cuideachta faoi dhliteanas teoranta, arna fabhrú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a príomhionad gnó laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ar a laghad dhá cheann de na cuideachtaí atá rannpháirteach sa deighilt faoi rialú ag dlí Ballstát éagsúil (“deighilt trasteorann”).

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun nós imeachta le haghaidh deighilt trasteorann dá dtagraítear i mír 1 a bhunú.

Airteagal 160b
Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1)ciallaíonn “cuideachta faoi dhliteanas teoranta”, dá ngairtear “cuideachta” anseo feasta, cuideachta faoi mar a shainítear in Iarscríbhinn II;

(2)ciallaíonn “cuideachta atá á deighilt” cuideachta a aistríonn, mar chuid de phróiseas deighilte trasteorann, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig cuideachta amháin nó cuideachtaí eile nó, i gcás deighilt pháirteach, a aistríonn cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais go cuideachta amháin nó cuideachtaí eile;

(3)ciallaíonn “deighilt” oibríocht lena ndéantar an méid seo a leanas:

(a) aistríonn cuideachta atá á deighilt, arna foirceannadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó a fhoirmítear as an nua (“na cuideachtaí is faighteoir”) de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más ann d’airgead, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de luach ainmniúil na nurrús nó na scaireanna sin nó, mura bhfuil luach ainmniúil acu, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de pharluach cuntasaíochta a nurrús nó scaireanna (“deighilt iomlán”);

(b)aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta amháin nó níos mó a fhoirmítear as an nua (“na cuideachtaí is faighteoir”) de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir, nó sa chuideachta atá á deighilt, nó sna cuideachtaí is faighteoir agus sa chuideachta atá á deighilt araon, a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más ann d’airgead, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de luach ainmniúil na nurrús nó na scaireanna sin nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de pharluach cuntasaíochta a nurrús nó scaireanna (“deighilt pháirteach”).

Airteagal 160c
Forálacha breise a bhaineann leis an raon feidhme

1.D’ainneoin Airteagal 160b(3), beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le deighiltí trasteorann i gcás ina gceadófar le dlí Ballstáit amháin ar a laghad an íocaíocht airgid dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 160b(3) 10% den luach ainmniúil a shárú nó, murab nach ann do luach ainmniúil, 10% de pharluach cuntasaíochta na nurrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir.

2.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le deighiltí trasteorann a bhaineann le comharchumann fiú sna cásanna ina dtiocfadh an comharchumann faoin sainmhíniú ar “chuideachta faoi dhliteanas teoranta” mar a leagtar síos in Airteagal 160b(1).

3.Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighiltí trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi an chomhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin do na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Beart a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach néagsúlaíonn luach stocmhalartáin a cuid aonad go sonrach ón nglanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith comhionann le hathcheannach nó fuascailt den sórt sin.

Airteagal 160d
Coinníollacha a bhaineann le deighiltí trasteorann

1.I gcás ina bhfuil sé de rún ag cuideachta deighilt trasteorann a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh Ballstát na cuideachta atá á deighilt agus na cuideachta nó na gcuideachtaí is faighteoir go gcomhlíonfaidh an deighilt trasteorann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

2.Ní bheidh cuideachta i dteideal deighilt trasteorann a dhéanamh in aon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a)tionscnaíodh imeachtaí maidir le foirceannadh, leachtú nó dócmhainneacht na cuideachta sin;

(b)tá an chuideachta faoi réir imeachtaí athstruchtúrúcháin coisctheacha arna dtionscnamh toisc gur ann do dhóchúlacht dócmhainneachta;

(c)    tá íocaíochtaí á gcur ar fionraí ar bhonn leanúnach;

(d)tá an chuideachta faoi réir uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE;

(e)tá na bearta coisctheacha glactha ag na húdaráis náisiúnta chun tionscnamh na nimeachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (d) a sheachaint.

3.Áiritheoidh Ballstát na cuideachta atá á deighilt nach núdaróidh an túdarás inniúil an deighilt i gcás ina gcinnfidh sé, tar éis iniúchadh a dhéanamh ar an gcás sonrach agus ag féachaint do na fíricí agus na himthosca ábhartha uile, gur socrú saorga é arb é is aidhm dó buntáistí cánach míchuí a fháil nó dochar míchuí a dhéanamh do chearta dlíthiúla nó conarthacha fostaithe, creidiúnaithe nó comhaltaí.

4.Is le dlí náisiúnta Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a rialófar an chuid sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh i dtaca leis an deighilt trasteorann chun an deimhniú réamhdheighilte a fháil, agus is le dlí náisiúnta Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir a rialófar an chuid sin den nós imeachta agus de na foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh tar éis an deimhniú réamhdheighilte a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 160e
Dréacht-téarmaí deighiltí trasteorann

1.Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann a tharraingt suas. Áireofar, ar a laghad, na nithe seo a leanas sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann:

(a)an fhoirm dhlíthiúil, an tainm agus an oifig chláraithe atá beartaithe don chuideachta nó do na cuideachtaí nua a thiocfaidh as an deighilt trasteorann;

(b)i gcás inarb iomchuí, an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí agus méid aon íocaíochta airgid;

(c)na téarmaí i ndáil le leithroinnt na nurrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir nó na cuideachta atá á deighilt;

(d)an tamchlár atá beartaithe don deighilt trasteorann;

(e)impleachtaí dóchúla na deighilte trasteorann ar an bhfostaíocht;

(f)    an dáta óna dtabharfaidh an sealbhú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí teidlíocht do na sealbhóirí brabúis a roinnt, agus aon choinníollacha speisialta lena ndéanfar difear don teidlíocht sin;

(g)    an dáta nó na dátaí óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt, chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na gcuideachtaí is faighteoir;

(h)mionsonraí aon bhuntáistí speisialta a dheonófar do chomhaltaí orgán riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta atá á deighilt;

(i)    na cearta a thabharfaidh na cuideachtaí is faighteoir do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta atá á deighilt, nó na bearta a bheartaítear maidir leo;

(j)    aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do na saineolaithe a dhéanfaidh scrúdú ar na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(k)    ionstraimí comhdhéanaimh na gcuideachtaí is faighteoir agus aon athruithe ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach;

(l)    i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéantar socruithe i ndáil le rannpháirteachas fostaithe agus a gcearta á sainiú maidir le rannpháirtíocht sna cuideachtaí is faighteoir de bhun Airteagal 160n agus maidir leis na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh na socruithe sin;

(m)    tuairisc bheacht ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta atá á deighilt agus ráiteas faoin gcaoi atá na sócmhainní agus na dliteanais le cionroinnt idir na cuideachtaí is faighteoir, nó le coimeád ag an gcuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach, lena náirítear foráil chun caitheamh le sócmhainní nó dliteanais nach bhfuil cionroinnte ar dhóigh shonrach sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, amhail sócmhainní nó dliteanais nach eol iad a bheith ann ar an dáta a tharraingeofar suas na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(n)    faisnéis faoin meastóireacht ar na sócmhainní agus ar na dliteanais a chionroinnfear ar gach cuideachta atá páirteach sa deighilt trasteorann;

(o)dáta chuntais na cuideachta atá á deighilt, a úsáidtear chun coinníollacha na deighilte trasteorann a bhunú;

(p)    i gcás inarb iomchuí, cionroinnt na scaireanna agus na nurrús sna cuideachtaí is faighteoir, nó sa chuideachta atá á deighilt, nó sa chuideachta is faighteoir chomh maith leis an gcuideachta atá á deighilt, ar chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus na critéir ar a bhfuil an chionroinnt sin bunaithe;

(q)    mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do na comhaltaí a chuirfidh in aghaidh na deighilte trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160l;

(r)mionsonraí na gcoimircí a thabharfar do na creidiúnaithe.

2.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach gcionroinnfear ar dhóigh shonrach sócmhainn na cuideachta atá á deighilt faoi réir na ndréacht-téarmaí deighilte trasteorann agus i gcás ina bhfágfaidh léirmhíniú ar na téarmaí sin nach féidir cinneadh a dhéanamh maidir lena cionroinnt, áiritheoidh siad go gcionroinnfear an tsócmhainn nó an chomaoin ina leith ar na cuideachtaí is faighteoir uile nó, i gcás deighilt pháirteach, ar na cuideachtaí is faighteoir uile agus ar an gcuideachta atá á deighilt i gcoibhneas le sciar na nglansócmhainní a chionroinnfear ar gach ceann de na cuideachtaí sin faoi réir na ndréacht-téarmaí deighilte trasteorann.

3.Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás nach gcionroinnfear ar dhóigh shonrach dliteanas na cuideachta atá á deighilt faoi réir na ndréacht-téarmaí deighilte trasteorann, go gcionroinnfear an dliteanas ar na cuideachtaí is faighteoir agus ar an gcuideachta atá á deighilt i gcoibhneas le sciar na nglansócmhainní a chionroinnfear ar gach ceann de na cuideachtaí sin faoi réir na ndréacht-téarmaí deighilte trasteorann. Ar an dóigh chéanna, déanfar aon dliteanas comhpháirteach agus leithleach a theorannú do luach na nglansócmhainní a chionroinnfear ar gach cuideachta ar dháta na deighilte.

4.Anuas ar theangacha oifigiúla Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir agus na cuideachta atá á deighilt, ligfidh na Ballstáit don chuideachta teanga a úsáid a bhíonn i ngnáthúsáid i réimse an ghnó agus an airgeadais idirnáisiúnta chun na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann agus gach doiciméad gaolmhar eile a tharraingt suas. Sonróidh na Ballstáit an teanga a dtabharfar tús áite di i gcás neamhréireachtaí idir leaganacha teanga éagsúla na ndoiciméad sin.

Airteagal 160f
An dáta cuntasaíochta

1.Beidh orgán bainistíochta agus riaracháin na cuideachta atá á deighilt i dteideal an dáta nó na dátaí cuntasaíochta a shocrú sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann chun an próiseas deighilte a éascú.

Is é an dáta cuntasaíochta arna chur ar fáil sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann, dá dtagraítear in Airteagal 160t, ach amháin má shocraíonn an chuideachta dáta eile chun an próiseas deighilte a éascú.

Sa chás sin, comhlíonfaidh gach dáta cuntasaíochta na ceanglais seo a leanas:

(a)ní fhéadfaidh sé a bheith níos luaithe ná dáta chlár comhardaithe na ráiteas airgeadais bliantúil deireanach arna tharraingt suas agus arna fhoilsiú ag an gcuideachta atá á deighilt;

(b)i ndáil le gach cuideachta is faighteoir, ní fhéadfaidh sé a bheith níos luaithe ná an dáta a foirmíodh an chuideachta is faighteoir;

(c)de thoradh na ndátaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b), cuirfear ar chumas na gcuideachtaí is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt, a ráitis airgeadais bhliantúla féin a tharraingt suas, lena náirítear éifeachtaí na deighilte, i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlí na mBallstát amhail ag dáta chlár comhardaithe na gcuideachtaí faoi seach atá rannpháirteach sa deighilt trasteorann díreach tar éis an dáta a a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann.

Chun críocha phointe (a), agus phointe (b), maidir leis an dáta cuntasaíochta a shocrú, féadfar aird a thabhairt ar an gcóras cuntasaíochta atá in úsáid ag cuideachta is faighteoir.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfear leis na dátaí dá dtagraítear i mír 1 chun críocha cuntasaíochta amhail is gurb ionann iad agus na dátaí óna gcaithfear le hidirbhearta a aistríonn an chuideachta atá á deighilt mar idirbhearta gach cuideachta is faighteoir, de réir dhlíthe náisiúnta na gcuideachtaí uile a thiocfaidh as an deighilt trasteorann.

3.Chun go ndéanfar sócmhainní agus dliteanas atá le haistriú de bhun na deighilte trasteorann a aithint agus a luacháil sna ráitis airgeadais, áiritheoidh na Ballstáit go núsáidfear córais chuntasaíochta na gcuideachtaí is faighteoir ó na dátaí atá sonraithe i mír 1.

Airteagal 160g
Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin chuig na comhaltaí 

1.Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt tuarascáil a tharraingt suas ina míneofar gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na deighilte trasteorann agus an túdar atá leo.

2.Míneofar go háirithe na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)impleachtaí na deighilte trasteorann do ghnó na gcuideachtaí is faighteoir amach anseo agus, i gcás deighilt pháirteach, do ghnó na cuideachta atá á deighilt freisin agus do phlean straitéiseach na bainistíochta;

(b)i gcás inarb infheidhme, míniú ar an gcóimheas malartaithe scaireanna agus an túdar atá leis;

(c)    tuairisc ar aon deacrachtaí speisialta a tháinig chun cinn maidir le luacháil;

(d)impleachtaí na deighilte trasteorann do chomhaltaí;

(e)na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí a chuirfidh in aghaidh gcoinne na deighilte trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160l.

3.Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil, go leictreonach ar a laghad, do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt tráth nach lú ná dhá mhí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil ar an dóigh chéanna d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt nó, i gcás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin, do na fostaithe iad féin.

4.Ní bheidh gá leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, áfach, i gcás ina naontóidh gach comhalta den chuideachta atá á deighilt an doiciméad sin a tharscaoileadh.

Airteagal 160h
Tuarascáil an orgáin bainistíochta nó riaracháin chuig na fostaithe

1.Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt tuarascáil a tharraingt suas ina míneofar impleachtaí na deighilte trasteorann d’fhostaithe.

2.Míneofar go háirithe na nithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)impleachtaí na deighilte trasteorann do ghnó na gcuideachtaí is faighteoir amach anseo agus, i gcás deighilt pháirteach, do ghnó na cuideachta atá á deighilt freisin agus do phlean straitéiseach na bainistíochta;

(b)impleachtaí na deighilte trasteorann do chaomhnú an chaidrimh fostaíochta;

(c)aon athrú ábhartha ar na coinníollacha fostaíochta agus ar an áit a mbeidh príomháit ghnó na gcuideachtaí lonnaithe;

(d)an mbaineann na tosca a leagtar amach i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) le haon fhochuideachta de chuid na cuideachta atá á deighilt.

3.Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, go leictreonach ar a laghad, d’ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt nó, i gcás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin, do na fostaithe iad féin, tráth nach lú ná dhá mhí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k. Lena chois sin, cuirfear an tuarascáil ar fáil ar an dóigh chéanna do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt.

4.I gcás ina bhfaighidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt tuairim, in am iomchuí, ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil sin í.

5.I gcás nach bhfuil aon fhostaí ag cuideachta atá á deighilt ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, seachas fostaithe atá mar chuid den orgán bainistíochta nó riaracháin, ní bheidh gá leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

6.Tá mír 1 go mír 5 gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus do chearta comhairliúcháin agus d’imeachtaí a thionscnófar ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2001/23/CE, Treoir 2002/14/CE nó Treoir/2009/38/CE a chur chun feidhme.

Airteagal 160i
Scrúdú ag saineolaí neamhspleách

1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chuideachta atá á deighilt iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 160o(1), tráth nach lú ná dhá mhí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k, chun saineolaí a cheapadh chun na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, chomh maith leis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 160g agus Airteagal 160h, a scrúdú agus a mheasúnú, faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo.

Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis an iarratas ar shaineolaí a cheapadh:

(a)na dréacht-téarmaí deighilte dá dtagraítear in Airteagal 160e;

(b)na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 160g agus Airteagal 160h.

2.Ceapfaidh an túdarás inniúil saineolaí neamhspleách laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an tiarratas dá dtagraítear i mír 1 agus na dréacht-téarmaí agus na tuarascálacha a fháil. Beidh an saineolaí neamhspleách ar an gcuideachta atá á deighilt agus féadfaidh sé a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach ag brath ar dhlí an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh, agus neamhspleáchas an tsaineolaí á mheas acu, an creat a bhunaítear le hAirteagal 22 agus Airteagal 22b de Threoir 2006/43/CE.

3.Déanfaidh an saineolaí tuarascáil i scríbhinn a tharraingt suas ina gcuirfear na nithe seo a leanas ar a laghad ar fáil:

(a)an modh nó ar na modhanna a úsáidtear chun an cóimheas malartaithe scaireanna atá beartaithe a shocrú;

(b)    ráiteas ag rá an leordhóthanach iad an modh nó na modhanna dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)na luachanna ar thángthas orthu a ríomh trí na modhanna dá dtagraítear i bpointe (a) a úsáid agus tuairim a thabhairt maidir leis an tábhacht choibhneasta a sannadh do na modhanna sin chun an luach atá beartaithe a shocrú;

(d)measúnú féachaint an bhfuil an cóimheas malartaithe scaireanna cóir agus réasúnach;

(e)    measúnú mionsonraithe ar chruinneas na dtuarascálacha agus na faisnéise atá tíolactha ag an gcuideachta;

(f)    tuairisc ar na gnéithe fíorasacha uile is gá chun go ndéanfaidh an túdarás inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 160o(1), measúnú cuimsitheach féachaint an socrú saorga é an deighilt trasteorann atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 160p, a chuimsíonn ar a laghad na nithe seo a leanas: saintréithe na mbunaíochtaí sna Ballstáit lena mbaineann de chuid na gcuideachtaí is faighteoir, lena náirítear an rún, an earnáil, an infheistíocht, an glanláimhdeachas agus an brabús nó caillteanas, an líon fostaithe, comhdhéanamh an chláir chomhardaithe, an sainchónaí cánach, na sócmhainní agus an áit a bhfuil siad lonnaithe, gnátháit oibre na bhfostaithe agus grúpaí sonracha fostaithe, an áit a bhfuil ranníocaíochtaí sóisialta dlite, agus na rioscaí tráchtála arna nglacadh ag an gcuideachta atá á deighilt i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolaí neamhspleách i dteideal gach faisnéis agus doiciméad ábhartha a fháil ón gcuideachta atá á deighilt chun na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh chun gach gné de na dréacht-téarmaí nó de na tuarascálacha bainistíochta a fhíorú. Beidh an saineolaí neamhspleách i dteideal barúlacha agus tuairimí a fháil ó ionadaithe fhostaithe na cuideachta nó, i gcás nach ann d’aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin agus ó chreidiúnaithe agus comhaltaí na cuideachta freisin.

5.Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir faisnéis a chuirfear faoi bhráid an tsaineolaí neamhspleách a úsáid ach amháin chun an tuarascáil a dhréachtú agus nach ndéanfar faisnéis rúnda, lena náirítear rúin ghnó, a nochtadh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an saineolaí doiciméad ar leith ina mbeidh faisnéis rúnda a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 160o(1), agus ní chuirfear an doiciméad ar leith sin ar fáil ach don chuideachta atá á deighilt agus ní nochtfar d’aon tríú páirtí é.

6.Díolmhóidh na Ballstáit micrifhiontair agus fiontair bheaga mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE (**) ón gCoimisiún ó fhorálacha an Airteagail seo.

Airteagal 160j
Nochtadh

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh Ballstáit na cuideachta atá á deighilt na doiciméid seo a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta:

(a)na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(b)an tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 160i, i gcás inarb infheidhme;

(c)fógra lena gcuirfear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe na cuideachta atá á deighilt go bhféadfaidh siad, roimh dháta an chruinnithe ghinearálta, barúlacha maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír a chur faoi bhráid na cuideachta agus an údaráis inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 160o(1).

Beidh teacht freisin ar na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.Is féidir leis na Ballstáit an chuideachta atá á deighilt a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1, más rud é ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta ar lena linn a dhéanfar cinneadh i dtaca leis na dréacht-téarmaí deighilte agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh sí na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit, áfach, an díolúine sin faoi réir aon cheanglais ná srianta seachas na ceanglais nó na srianta sin is gá chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, ach amháin má tá, agus a mhéid atá, na ceanglais nó na srianta sin comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.I gcás ina nochtfaidh an chuideachta atá á deighilt na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sí isteach sa chlár an fhaisnéis seo a leanas tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ginearálta ar lena linn a dhéanfar cinneadh i dtaca leis na dréacht-téarmaí sin:

(a)foirm dhlíthiúil, ainm agus oifig chláraithe na cuideachta atá á deighilt agus an fhoirm dhlíthiúil, an tainm agus an oifig chláraithe atá beartaithe d’aon chuideachta nuachruthaithe a thiocfaidh as an deighilt trasteorann;

(b)an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta atá á deighilt agus uimhir na hiontrála sa chlár sin;

(c)na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;

(d)mionsonraí an tsuímh gréasáin inar féidir na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, an fógra agus tuarascáil ó na saineolaithe dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.

4.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chomhlánú ar líne ina niomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, i gcásanna ina bhfuil amhras dáiríre ann faoi chalaois bunaithe ar fhoras réasúnach, a cheangal ar an iarratasóir teacht go fisiciúil os comhair údarás inniúil.

5.Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, a cheangal go bhfoilseofar na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ina niris oifigiúil náisiúnta. Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig na hirisí oifigiúla náisiúnta.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh aon táillí a ghearrtar ar an gcuideachta atá á deighilt de thoradh nochtadh a chlárú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 agus, i gcás arb infheidhme, de thoradh an nochtadh a fhoilsiú dá dtagraítear i mír 5, nach rachaidh na táillí sin thar na costais riaracháin atá ar an tseirbhís a chur ar fáil.

Airteagal 160k
Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 160g, Airteagal 160h agus Airteagal 160i, i gcás inarb infheidhme, déanfar cinneadh trí bhíthin rúin ag cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt an bhformheasfar na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann. Cuirfidh an chuideachta an cinneadh ón gcruinniú ginearálta in iúl don údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 160o(1).

2.Féadfaidh an cruinniú ginearálta an ceart a choimeád chun cur chun feidhme na deighilte trasteorann a bheith coinníollach ar dhaingniú sainráite an chruinnithe ar shocruithe dá dtagraítear in Airteagal 160n.

3.Maidir le haon leasú ar na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann a fhormheas, áiritheoidh na Ballstáit gur gá tromlach nach lú ná dhá thrian ach nach mó ná 90% de na vótaí a ghabhann leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa a ndéantar ionadaíocht orthu. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le cumaisc trasteorann a fhormheas.

4.Déanfar cinneadh ag an gcruinniú ginearálta freisin ar ghá, de thoradh na deighilte trasteorann, leasú a dhéanamh ar ionstraimí comhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt.

5.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an cruinniú ginearálta agóid a dhéanamh in aghaidh fhormheas na deighilte trasteorann ar na cúiseanna seo a leanas:

(a)níor socraíodh mar is ceart an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear in Airteagal 160e;

(b)níor socraíodh mar is ceart an cúiteamh airgid dá dtagraítear in Airteagal 160l;

(c)níl luach iomlán na scairshealbh a chionroinnfear ar chomhalta coibhéiseach le luach na scaireanna atá ina sheilbh ag an gcomhalta sin sa chuideachta atá á deighilt.

Airteagal 160l
Comhaltaí a chosaint

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag na comhaltaí seo a leanas cuideachta atá á deighilt a scairshealbha a dhiúscairt faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 2 go mír 6:

(a)na comhaltaí a bhfuil scaireanna ina seilbh acu lena dtugtar cead vótála dóibh agus nár vótáil i bhfabhar na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann a fhormheas;

(b)na comhaltaí a bhfuil scaireanna ina seilbh acu gan cearta vótála.

2.Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 a scairshealbha a dhiúscairt, i gcomaoin cúitimh airgid leordhóthanaigh arna íoc, ón uair a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160t, trí bhíthin ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)an chuideachta atá á deighilt;

(b)na comhaltaí de chuid na cuideachta sin atá fágtha;

(c)tríú páirtithe, i gcomhaontú leis an gcuideachta atá á deighilt.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachta atá á deighilt cúiteamh leordhóthanach airgid a thairiscint sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, mar a shonraítear in Airteagal 160e(1)(q), do na comhaltaí, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar mian leo a gceart a fheidhmiú maidir lena scairshealbha a dhiúscairt. Lena chois sin, bunóidh na Ballstáit an tréimhse maidir le glacadh na tairisceana nach faide í ar aon chuma ná aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhféadfaidh cuideachta glacadh le tairiscint a chuirtear in iúl go leictreonach chuig seoladh arna sholáthar ag an gcuideachta chun na críche sin.

Mar sin féin, beidh éadáil scaireanna dílse na cuideachta ag an gcuideachta í féin dá bhforáiltear i mír 1 gan dochar do rialacha náisiúnta lena rialaítear éadáil a scairshealbh féin ag cuideachta.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de choinníoll ar an tairiscint cúitimh airgid go ngabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160t. Ina theannta sin, bunóidh na Ballstáit an tréimhse ina ndéanfar an cúiteamh airgid a íoc, nach mbeidh níos faide ná aon mhí amháin ón uair a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann.

5.Forálfaidh na Ballstáit maidir le haon chomhalta a ghlac leis an tairiscint cúitimh airgid dá dtagraítear i mír 3 ach a mheasann nár socraíodh an cúiteamh mar is ceart, go mbeidh an comhalta sin i dteideal a éileamh os comhair cúirt náisiúnta laistigh d’aon mhí amháin tar éis an tairiscint a ghlacadh go ndéanfaí an cúiteamh airgid arna thairiscint a athríomh.

6.Áiritheoidh na Ballstáit gur le dlí náisiúnta an Bhallstáit de chuid cuideachta atá á deighilt a rialófar na cearta dá dtagraítear i mír 1 go mír 5 agus go mbeidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit sin. Beidh aon chomhalta a ghlac leis an tairiscint scaireanna na cuideachta a fháil i dteideal imeachtaí a thionscnamh nó a bheith ina pháirtí in imeachtaí dá dtagraítear i mír 5.

7.Lena chois sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt nár chuir in aghaidh na deighilte trasteorann ach atá den tuairim nach bhfuil an cóimheas malartaithe scaireanna leordhóthanach, féadfaidh siad cur in aghaidh an cóimheasa malartaithe scaireanna sin a leagtar amach sna dréacht-téarmaí deighilte os comhair cúirt náisiúnta laistigh d’aon mhí amháin ón uair a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann.

8.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinnfidh cúirt náisiúnta nár socraíodh mar is ceart cóimheas malartaithe scaireanna, go mbeidh sé de chumhacht ag an gcúirt a ordú don chuideachta is faighteoir cúiteamh a íoc leis na comhaltaí sin ar éirigh lena nagóid maidir leis an gcóimheas. Is é a bheidh sa chúiteamh sin íocaíocht bhreise airgid a ríomhfar ar bhonn cóimheas leordhóthanach is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna de réir mar a shocróidh an chúirt. Ar iarratas ó aon cheann de na comhaltaí sin, tabharfar de chumhacht don chúirt náisiúnta a ordú don chuideachta is faighteoir tuilleadh scaireanna a chur ar fáil in ionad na híocaíochta airgid.

9.Áiritheoidh na Ballstáit go rialófar leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an deighilt trasteorann an oibleagáid cúiteamh breise airgid a íoc nó scaireanna breise a chur ar fáil.

Airteagal 160m
Creidiúnaithe a chosaint

1.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta atá á deighilt dearbhú ar fáil ina léireofar stádas airgeadais na cuideachta go cruinn mar chuid de na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 160e. Fógrófar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil d’orgán bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ar dháta an dearbhaithe agus, tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol dóibh cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt, in ann, ón uair a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt, na dliteanais a chionroinnfear orthu faoi réir na ndréacht-téarmaí deighilte trasteorann a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an fógra tráth nach luaithe ná aon mhí amháin sula nochtfar na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160j.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe atá míshásta le cosaint a leasanna arna bhforáil sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 160e, faoi cheann aon mhí amháin tar éis an nochta dá dtagraítear in Airteagal 160j, iarraidh ar an údarás riaracháin nó breithiúnach iomchuí coimircí leordhóthanacha a chur ar fáil.

3.Toimhdeofar nach ndéanfar dochar do chreidiúnaithe na cuideachta atá á deighilt de bhun deighilt trasteorann i gceachtar den dá chúinse seo a leanas:

(a)i gcás ina nochtfaidh an chuideachta, i dteannta le dréacht-téarmaí an chomhshó, tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha inar thángthas ar an gconclúid nach bhfuil dóchúlacht réasúnach ann go ndéanfaí dochar míchuí do chearta na gcreidiúnaithe. Ba cheart don údarás inniúil an saineolaí neamhspleách a cheapadh nó a fhormheas agus comhlíonfaidh an saineolaí neamhspleách sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 160i(2);

(b)i gcás ina dtairgfear ceart chun íocaíochta do chreidiúnaithe, bíodh sé in aghaidh ráthóir tríú páirtí nó in aghaidh na gcuideachtaí is faighteoir nó, i gcás deighilt pháirteach, in aghaidh na cuideachta is faighteoir agus cuideachta atá á deighilt, dar luach atá coibhéiseach ar a laghad lena néileamh bunaidh agus ar féidir é a dhéanamh sa dlínse chéanna agus a rinneadh a néileamh bunaidh, agus lena mbaineann cáilíocht chreidmheasa atá ar a laghad i gcomhréir le héileamh bunaidh an chreidiúnaí díreach tar éis chomhlánú na deighilte.

4.I gcás nach bhfaighidh creidiúnaí de chuid na cuideachta atá le deighilt a naistrítear a éileamh chuig cuideachta is faighteoir, i gcás nach bhfaighidh an creidiúnaí sin sásamh ón gcuideachta is faighteoir sin, beidh na cuideachtaí is faighteoir eile agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach leis na cuideachtaí is faighteoir eile i leith na hoibleagáide sin. Mar sin féin, beidh uasmhéid dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh aon chuideachta atá rannpháirteach sa deighilt teoranta do luach na nglansócmhainní a chionroinnfear ar an gcuideachta sin ar an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt.

5.Tá mír 1 go mír 4 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlíthe náisiúnta Bhallstát na cuideachta atá á deighilt maidir le híocaíochtaí atá iníoctha le comhlachtaí poiblí a shásamh nó a chur faoi urrús.

Airteagal 160n
Rannpháirtíocht fostaithe

1.Gan dochar do mhír 2, beidh gach cuideachta is faighteoir faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh a hoifig chláraithe.

2.Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an deighilt trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh fhoilsiú na ndréacht-téarmaí deighilte trasteorann amhail dá dtagraítear in Airteagal 160e den Treoir seo, ina mbeidh an líon daoine atá fostaithe ar an meán coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, faoi mar a leagtar síos i ndlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, rud a spreagann rannpháirtíocht fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéanfaidh an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gach cuideachta is faighteoir na nithe seo a leanas:

(a)ar a laghad an leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe a chur ar fáil agus a bhí sa chuideachta atá á deighilt sula ndearnadh í a dheighilt, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh do chion na nionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an orgáin riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó

(b)an teidlíocht chéanna a chur ar fáil d’fhostaithe de bhunaíochtaí na gcuideachtaí is faighteoir atá suite i mBallstáit eile cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú mar atá ag na fostaithe sin atá fostaithe sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta is faighteoir.

3.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sa chuideachta a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus a rannpháirteachas i sainiú na gceart sin arna rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis, agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2), (3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

(a)Airteagal 3(1), (2)(a)(i), (2)(b) agus (3), an chéad fhleasc den chéad fhomhír d’Airteagal 3(4), an dara fomhír d’Airteagal 3(4), Airteagal 3(5), an tríú fleasc d’Airteagal 3(6) agus Airteagal 3(7);

(b)Airteagal 4(1), Airteagal 4(2)(a), (g) agus (h), Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4);

(c)Airteagal 5;

(d)Airteagal 6;

(e)an chéad fhomhír d’Airteagal 7(1);

(f)Airteagail 8, 9, 10 agus 12;

(g)pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

4.Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)an ceart a thabhairt don chomhlacht speisialta caibidlíochta cinneadh a dhéanamh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar dhá thrian de na fostaithe ar a laghad, gan caibidlíocht a oscailt nó caibidlíocht a osclaíodh cheana féin a fhoirceannadh agus brath ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht atá i bhfeidhm i mBallstáit gach cuideachta is faighteoir;

(b)i gcás ina mbeidh feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus in ainneoin rialacha den sórt sin, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur le cion na nionadaithe fostaithe in orgán riaracháin na cuideachta is faighteoir. Mar sin féin, más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de bhord riaracháin nó de bhord maoirseachta na cuideachta atá á deighilt, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos lú ná aon trian san orgán riaracháin;

(c)áiritheoidh siad go leanfar de na rialacha maidir le rannpháirtíocht a raibh feidhm acu roimh an deighilt trasteorann a chur i bhfeidhm go dtí an dáta a chuirfear i bhfeidhm aon rialacha a chomhaontófar ina dhiaidh sin nó, murab ann do rialacha comhaontaithe, go dtí go gcuirfear i bhfeidhm rialacha réamhshocraithe i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

5.Ní bheidh sé mar thoradh ar chearta rannpháirtíochta a shíneadh chuig fostaithe na gcuideachtaí is faighteoir a bheidh fostaithe i mBallstáit eile, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, go mbeidh oibleagáid ar na Ballstáit a roghnaíonn sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus na tairseacha lucht saothair á ríomh as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoi réir dlí náisiúnta.

6.I gcás ina mbeidh aon chuideachta is faighteoir le rialú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar na cuideachtaí sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.

7.I gcás ina mbeidh an chuideachta a thiocfaidh as an deighilt trasteorann ag feidhmiú faoi réir córais rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cuideachta trasteorann nó intíre a chumasc, a dheighilt nó a chomhshó ina dhiaidh sin go ceann tréimhse trí bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann, trí na rialacha a leagtar i mír 1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

8.Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe toradh na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 160o
Deimhniú réamhdheighilte

1.Ainmneoidh na Ballstáit an túdarás náisiúnta inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na ndeighiltí trasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, agus chun deimhniú réamhdheighilte a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha uile agus comhlánú ceart na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí sa Bhallstát sin.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá á deighilt ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil:

(a)na dréacht-téarmaí deighilte dá dtagraítear in Airteagal 160e;

(b)na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 160g, 160h agus 160i, de réir mar is iomchuí;

(c)faisnéis maidir leis an rún ón gcruinniú ginearálta chun an deighilt dá dtagraítear in Airteagal 160k a fhormheas.

Ní gá na dréacht-téarmaí nó na tuarascálacha a tíolacadh faoi Airteagal 160i a atíolacadh don údarás inniúil.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an tiarratas dá dtagraítear i mír 2, lena náirítear aon fhaisnéis agus doiciméid de chuid na cuideachta a thíolacadh, go bhféadfar an tiarratas sin a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1.

I gcásanna ina mbeidh amhras dáiríre ann faoi chalaois, áfach, bunaithe ar fhoras réasúnach, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go dtiocfaidh an tiarratasóir i láthair go fisiciúil os comhair údarás inniúil i gcás inar gá faisnéis agus doiciméid atá ábhartha a thíolacadh.

4.Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar a leagtar síos in Airteagal 160n, fíoróidh Ballstát na cuideachta atá á deighilt go náireofar sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 160e faisnéis maidir leis na nósanna imeachta lena ndéantar na socruithe ábhartha a shocrú agus maidir leis na roghanna is féidir a bheith ann le haghaidh na socruithe sin.

5.Mar chuid den mheasúnú ar dhlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an túdarás inniúil na nithe seo a leanas:

(a)na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2;

(b)barúlacha uile arna dtíolacadh ag páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 160j(1);

(c)ráiteas ón gcuideachta go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160n(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis inniúla, arna nainmniú i gcomhréir le mír 1, dul i gcomhairle le údaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla a mbaineann an deighilt trasteorann leo.

7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú an údaráis inniúil a chur i gcrích laistigh d’aon mhí amháin tar éis an fhaisnéis a fháil maidir le formheas na deighilte trasteorann ag cruinniú ginearálta na cuideachta. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an mheasúnú sin:

(a)    i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil go dtagann an deighilt trasteorann faoi réir raon feidhme na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, go gcomhlíonann sé na coinníollacha ábhartha agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí uile is gá comhlánaithe, eiseoidh an túdarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte;

(b)i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil nach dtagann an deighilt trasteorann faoi réir raon feidhme na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, ní eiseoidh sé an deimhniú réamhdheighilte agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Beidh feidhm aige seo freisin maidir le cásanna ina gcinnfidh an túdarás inniúil nach gcomhlíonann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí uile is gá comhlánaithe agus, d’ainneoin gur iarradh ar an gcuideachta na bearta is gá a dhéanamh, nach ndearna sí iad;

(c)i gcás ina mbeidh sé ina údar mór imní ag an údarás inniúil gur socrú saorga é an deighilt trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 160d(3), féadfaidh sé a chinneadh measúnú cuimsitheach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 160p agus cuirfidh sé an chuideachta ar an eolas faoina chinneadh an measúnú sin a dhéanamh agus an toradh a bheidh air.

Airteagal 160p
Measúnú cuimsitheach 

1.Chun a mheas an socrú saorga é an deighilt trasteorann de réir bhrí Airteagal 160d(3) den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údarás inniúil na cuideachta atá á deighilt measúnú cuimsitheach ar na fíricí agus na himthosca ábhartha uile agus cuirfidh sé san áireamh na nithe seo a leanas ar a laghad: saintréithe na bunaíochta sna Ballstáit lena mbaineann, lena náirítear an rún, an earnáil, an infheistíocht, an glanláimhdeachas agus an brabús nó caillteanas, an líon fostaithe, comhdhéanamh an chláir chomhardaithe, an sainchónaí cánach, na sócmhainní agus an áit a bhfuil siad lonnaithe, gnáthionad oibre na bhfostaithe agus grúpaí sonracha fostaithe, an áit a bhfuil ranníocaíochtaí sóisialta dlite, agus na rioscaí tráchtála arna nglacadh ag an gcuideachta atá á deighilt i mBallstát na cuideachta sin agus i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir.

Ní fhéadfar na gnéithe sin a mheas ach mar thosca táscacha sa mheasúnú foriomlán agus, dá bharr sin, ní dhéanfar iad a mheas ina naonair.

2.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo measúnú cuimsitheach a dhéanamh, go mbeidh sé in ann éisteacht leis an gcuideachta agus leis na páirtithe go léir a bhfuil tuairimí curtha isteach acu de bhun Airteagal 160j(1) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 éisteacht le haon tríú páirtí leasmhar eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh an túdarás inniúil a chinneadh críochnaitheach maidir le heisiúint an deimhnithe réamhdheighilte laistigh de dhá mhí tar éis thús an mheasúnaithe chuimsithigh.

Airteagal 160q
An deimhniú réamhdheighilte a athbhreithniú agus a tharchur

1.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach cúirt é an túdarás inniúil, go mbeidh cinneadh an údaráis inniúil an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint nó a dhiúltú faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Lena chois sin, áiritheoidh na Ballstáit nach ngabhfaidh éifeacht leis an deimhniú réamhdheighilte roimh dhul in éag tréimhse áirithe chun gur féidir le páirtithe caingean a thabhairt os comhair na cúirte inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, chun bearta eatramhacha a fháil.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an cinneadh deimhniú réamhdheighilte a eisiúint chuig na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 160r(1) agus go mbeidh na cinntí maidir le deimhniú réamhdheighilte a eisiúint nó a dhiúltú ar fáil trí bhíthin chóras idirnasctha na gclár arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 22.

Airteagal 160r
Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann

1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na ndeighiltí trasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta lena mbaineann comhlánú na deighilte trasteorann a rialaítear ag dlí Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir agus chun an deighilt trasteorann a fhormheas i gcás ina gcomhlíonfaidh an deighilt sin na coinníollacha ábhartha agus ina ndéanfar na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí sa Bhallstát sin a chomhlánú i gceart.

Go hairithe, áiritheoidh an túdarás inniúil nó na húdaráis inniúla go gcomhlíonfaidh na cuideachtaí is faighteoir atá beartaithe forálacha dlí náisiúnta maidir le corprú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe socraithe i gcomhréir le hAirteagal 160n.

2.Chun críche mhír 1, cuirfidh gach cuideachta is faighteoir na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k, faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear sa mhír sin.

3.Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfaidh aon chuideachta is faighteoir an tiarratas ar an nós imeachta a chomhlánú, dá dtagraítear i mír 1, lena náirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, go bhféadfaidh an chuideachta sin an tiarratas a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1.

I gcásanna ina mbeidh amhras dáiríre ann faoi chalaois, áfach, bunaithe ar fhoras réasúnach, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go dtiocfaidh an tiarratasóir i láthair go fisiciúil os comhair údarás inniúil Ballstáit i gcás inar gá faisnéis agus doiciméid atá ábhartha a thíolacadh.

4.Dearbhóidh an túdarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo gan mhoill go bhfuarthas an deimhniú réamhdheighilte dá dtagraítear in Airteagal 160o agus an fhaisnéis agus na doiciméid eile arna gceangal i ndlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir. Eiseoidh an túdarás sin cinneadh maidir leis an deighilt trasteorann a fhormheas nuair a bheidh a mheasúnú ar na coinníollacha ábhartha curtha i gcrích aige.

5.Glacfaidh aon údarás inniúil, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leis an deimhniú réamhdheighilte, dá dtagraítear i mír 4, mar fhianaise dhoshéanta ar chomhlánú ceart na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí réamhdheighilte i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, óir gan é ní féidir an deighilt trasteorann a fhormheas.

Airteagal 160s
Clárú

1.Socrófar le dlí gach Ballstáit lena rialaítear na cuideachtaí is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, na cuideachtaí is faighteoir agus an chuideachta atá á deighilt, socrófar, maidir le críoch an Stáit sin, na socruithe chun comhlánú na deighilte trasteorann sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16 a nochtadh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir a bheidh ar fáil agus inrochtana go poiblí trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22:

(a)an uimhir iontrála sa chlár de chuid na cuideachta is faighteoir de thoradh na deighilte trasteorann;

(b)dátaí clárúcháin na gcuideachtaí is faighteoir;

(c)i gcás deighilt iomlán, an dáta bainte den chlár i mBallstát na cuideachta atá á deighilt;

(d)i gcás inarb iomchuí, na huimhreacha clárúcháin i mBallstát na cuideachta atá á deighilt agus i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na cláir i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir in iúl don chlár i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 22, go bhfuil na cuideachtaí is faighteoir cláraithe. I gcás deighilt iomlán, gabhfaidh éifeacht láithreach le baint na cuideachta atá á deighilt den chlár ar fháil an fhógra sin. 

Airteagal 160t
An dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann

Is le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a shocrófar an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann. Is tar éis don ghrinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 160o, Airteagal 160p agus Airteagal 160r a bheith déanta agus tar éis do na fógraí uile dá dtagraítear in Airteagal 160s(3) a bheith faighte a bheidh an dáta sin.

Airteagal 160u
Iarmhairtí na deighilte trasteorann

1.Beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt iomlán trasteorann a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo:

(a)aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, lena náirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig na cuideachtaí is faighteoir agus fanfaidh siad i seilbh na gcuideachtaí sin i gcomhréir leis an gcionroinnt a shonraítear sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(b)beidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an gcionroinnt a shonraítear sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, ach amháin má fheidhmíonn siad an ceart chun imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160l(2);

(c)de thoradh theacht i bhfeidhm na deighilte trasteorann sin, aistreofar cearta agus oibleagáidí na cuideachta atá á deighilt a thiocfaidh as na conarthaí fostaíochta nó as an ngaol fostaíochta atá ann ar an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann, aistreofar na cearta agus na hoibleagáidí sin chuig an gcuideachta nó na cuideachtaí is faighteoir faoi seach ar an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann;

(d)scoirfidh an chuideachta atá á deighilt de bheith ann;

(e)is féidir le tríú páirtithe brath ar láthair oifig chláraithe na cuideachta atá á deighilt go dtí an tráth a bhainfear an chuideachta a bhfuil an deighilt á déanamh aici den chlár sa Bhallstát imeachta, ach amháin más féidir a chruthú go raibh cur amach ag tríú páirtí, nó go mba cheart go mbeadh cur amach ag tríú páirtí, ar oifig chláraithe i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir.

2.Caithfear le haon ghníomhaíocht de chuid na cuideachta atá á deighilt a dhéanfar tar éis dháta an chláraithe i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir agus sula mbainfear an chuideachta a bhfuil an deighilt á déanamh aici den chlár sa Bhallstát sin, caithfear le gníomhaíocht sin na cuideachta sin mar ghníomhaíocht de chuid na cuideachta atá á deighilt.

Beidh an chuideachta atá á deighilt faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais a thiocfaidh as difríochtaí idir córais dlí náisiúnta Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir, i gcás nár chuir an chuideachta sin an deighilt trasteorann in iúl d’aon pháirtí conarthach nó do chontrapháirtí na cuideachta a bhfuil an deighilt á déanamh aici roimh chur i gcrích an chonartha.

3.Beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt pháirteach trasteorann a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo:

(a)aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, lena náirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, chuig na cuideachtaí is faighteoir agus fanfaidh siad i seilbh na gcuideachtaí sin agus coinneoidh an chuideachta atá á deighilt iad i gcomhréir leis an gcionroinnt a shonraítear sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(b)beidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir agus fanfaidh ar a laghad cuid de na comhaltaí sa chuideachta atá á deighilt nó beidh siad ina gcomhaltaí díobh araon i gcomhréir leis an gcionroinnt scaireanna a shonraítear sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(c)urramóidh na cuideachtaí is faighteoir agus an chuideachta atá á deighilt na téarmaí i dtaca le caidreamh fostaíochta na cuideachta atá á deighilt a bhí ann tráth a rinneadh an chuideachta a dheighilt.

4.Má cheanglaítear le dlíthe na mBallstát, i gcás deighilt iomlán trasteorann nó deighilt pháirteach trasteorann, foirmiúlachtaí speisialta a chomhlánú sula ngabhfaidh éifeacht le haistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí áirithe ag an gcuideachta atá á deighilt amhail in aghaidh tríú páirtithe, déanfaidh an chuideachta atá á deighilt nó na cuideachtaí is faighteoir, de réir mar is iomchuí, na foirmiúlachtaí sin.

5.Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar scaireanna i gcuideachta is faighteoir a mhalartú ar scaireanna sa chuideachta atá á deighilt, ar scaireanna iad atá i seilbh na cuideachta féin nó trí bhíthin duine atá ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta.

Airteagal 160v
Dliteanas na saineolaithe neamhspleácha

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar dliteanas sibhialta na saineolaithe neamhspleácha atá freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160i agus Airteagal 160m(2)(a) a tharraingt suas, lena náirítear maidir le míiompar dá gcuid agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 160w
Bailíocht

Ní fhéadfar deighilt trasteorann ar ghabh éifeacht léi i gcomhréir leis na forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.

Airteagal 2
Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh: socraigh an dáta = an lá deiridh den mhí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3
Tuairisciú agus athbhreithniú

1.Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis [Oifig Foilseachán AE: cuir isteach an dáta ar a thiocfaidh deireadh le tréimhse thrasuí na Treorach seo], meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil maidir le torthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú, go háirithe trí shonraí a chur ar fáil maidir le líon na gcomhshónna, na gcumasc agus na ndeighiltí, a bhfad ama agus a gcostais ghaolmhara.

2.Sa tuarascáil, déanfar measúnú go háirithe ar na nósanna imeachta dá dtagraítear i gCaibidil I de Theideal II agus Caibidil IV de Theideal II, go mór mór maidir leis an bhfad ama agus na costais a bhaineann leo.

3.Beidh sa tuarascáil measúnú ar a indéanta atá sé rialacha maidir le cineálacha deighiltí trasteorann a chur ar fáil nach gcumhdaítear sa Treoir seo.

Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5
Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí, IO L 169, 30.6.2017, lch. 46.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, dar teideal Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business [An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí], COM(2015) 550 final.
(3)    Féach freisin an Measúnú Breisluacha Eorpaigh – Treoir maidir le hoifig chláraithe cuideachta a aistriú thar teorainn, An 14ú Treoir maidir le Dlí na gCuideachtaí (Parlaimint na hEorpa).
(4)    Cartesio, C-210/06, EU:C:2008:723, mír 109 go mír 112; VALE, C-378/10, EU:C:2012:440, mír 32.
(5)    Polbud – Wykonawstwo, Cás C-106/16, ECLI:EU:C:2017:804.
(6)    Polbud – Wykonawstwo, Cás C-106/16, ECLI:EU:C:2017:804, míreanna. 33 et seq.
(7)    Polbud – Wykonawstwo, Cás C-106/16, ECLI:EU:C:2017:804, mír 40; Daily Mail and General Trust, 81/87, EU:C:1988:456, mír 19 go mír 21; Cartesio, C-210/06, EU:C:2008:723, mír 109 go mír 112; VALE, C-378/10, EU:C:2012:440, mír 32.
(8)    Polbud – Wykonawstwo, Cás C-106/16, ECLI:EU:C:2017:804, mír 40; Daily Mail and General Trust, 81/87, EU:C:1988:456, mír 19 go mír 21; Cartesio, C-210/06, EU:C:2008:723, mír 109 go mír 112; VALE, C-378/10, EU:C:2012:440, mír 32).
(9)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2017 maidir le cumaisc agus deighiltí trasteorann ( 2016/2065(INI) ). Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2009 le moltaí don Choimisiún maidir le haistriú trasteorann oifige cláraithe cuideachta ( 2008/2196(INI) ). Rún ó Pharlaimint na hEorpa anFeabhra 2012 le moltaí don Choimisiún i dtaca leis an 14ú treoir maidir le Dlí na gCuideachtaí ó thaobh aistriú trasteorann fíoráiteanna gnó cuideachtaí ( 2011/2046(INI) ).
(10)    An 18 Iúil 2017, aisghaireadh agus ionadaíodh Treoir 2005/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 (IO L 310, 25.11.2005, lch. 1) le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(11)    Iarscríbhinn 5 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra.
(12)    COM(2015) 550 final. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business. [An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí]
(13)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2017 maidir le cumaisc agus deighiltí trasteorann (2016/2065(INI)).
(14)    Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Dlí na gCuideachtaí agus Rialachas Corparáideach (COM/2012/0740 final), leagadh béim air freisin gur céim mhór chun tosaigh do shoghluaisteacht trasteorann cuideachtaí san Aontas é an Treoir maidir le cumasc trasteorann agus, san am céanna, aithníodh go mb’fhéidir gur ghá í a choigeartú chun freastal ar riachtanais athraitheacha an Mhargaidh Aonair.
(15)     http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2014/cross-border-mergers-divisions/index_en.htm .
(16)    COM(2015) 550 final.
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 maidir leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE).
(18)    Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe.
(19)    Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta.
(20)    Treoir 2012/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Treoir 89/666/CEE ón gComhairle agus Treoir 2005/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirnascadh clár lárnach, tráchtála agus cuideachtaí
(21)    COM(2015) 550 final. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business. [An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí.]
(22)    COM(2015) 468 final. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Action Plan on Building a Capital Markets Union. [Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil.]
(23)    C(2017) 2600 final. Moladh ón gCoimisiún lena mbunaítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(24)    COM(2015) 302 final. A Fair and Efficient Corporate Tax System in the European Union: [Córas Cánach Corparáide atá Cothrom agus Éifeachtúil san Aontas Eorpach:] 5 Key Areas for Action. [5 Phríomhréimse Gníomhaíochta.]
(25)    Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse na cánach (IO L. 332, 18.12.2015, lch. 1).
(26)    Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse na cánach (IO L. 146, 3.6.2016, lch. 8).
(27)    Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta chánach lena nimrítear tionchar díreach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L. 193, 19.7.2016, lch. 1).
(28)    COM(2017) 335 final.
(29)    COM(2017) 340 final.
(30)    Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a choinneáil i gclár lárnach náisiúnta.
(31)    Iarscríbhinn 5 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra.
(32)    Treoir 2005/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cumaisc thrasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta (IO L 310, 25.11.2005, lch. 1); ionadaíodh an treoir le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(33)    Bech-Bruun/Lexidale, Study on the application of the cross-border mergers directive [Staidéar ar chur chun feidhme na Treorach maidir le cumasc trasteorann] (Meán Fómhair 2013) http://ec.europa.eu/internal_market/company/docs/mergers/131007_study-cross-border-merger-directive_en.pdf .
(34)    Schmidt, Cross-border mergers and divisions, transfers of seat: Is there a need to legislate? [Cumaisc agus deighiltí trasteorann, aistriú na fíoráite gnó: An gá reachtaíocht a rith?] Staidéar thar ceann Choiste JURI, Meitheamh 2016. Reynolds/Scherrer/Truli, Ex-post analysis of the EU framework in the area of cross-border mergers and divisions [Anailís ex post ar chreat AE sa réimse a bhaineann le cumaisc agus deighiltí trasteorann], Staidéar thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Nollaig 2016.
(35)    Schmidt, Cross-border mergers and divisions, transfers of seat: Is there a need to legislate? [Cumaisc agus deighiltí trasteorann, aistriú na fíoráite gnó: An gá reachtaíocht a rith?] Staidéar thar ceann Choiste JURI, Meitheamh 2016. Reynolds/Scherrer/Truli, Ex-post analysis of the EU framework in the area of cross-border mergers and divisions [Anailís ex post ar chreat AE sa réimse a bhaineann le cumaisc agus deighiltí trasteorann], Staidéar thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Nollaig 2016.
(36)    Tá an Measúnú Tionchair agus Tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ar fáil ag: http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/?fuseaction=ia&year=&serviceId=10226&s=Search  
(37)    Baineann na sonraí leis an tréimhse 2008-2012, Bech-Bruun/Lexidale, 2013 lch. 80.
(38)    PolbudWykonawstwo C-106/16
(39)    IO C , , lch. .
(40)    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(41)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Deireadh Fómhair 2017, PolbudWykonawstwo, C-106/16, ECLI:EU:C:2017:804, mír 29.
(42)    Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
(43)    Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).
(44)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(45)    COM(2015) 550 final an 28 Deireadh Fómhair 2015.
(46)    COM(2016) 710 final an 25 Deireadh Fómhair 2016.
(47)    Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnóthaícodanna de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.).
(48)    Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO L 225, 12.8.1998, lch. 1).
(49)    Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgidmaoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 141, 5.6.2015, lch. 73.
(50)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(51)    IO L123, 12.5. 2016, lch. 1.
Top