EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0238

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirmheánaithe ar líne

COM/2018/238 final

An Bhruiséil,26.4.2018

COM(2018) 238 final

2018/0112(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirmheánaithe ar líne

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2018) 209 final}
{SWD(2018) 138 final}
{SWD(2018) 139 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ar phríomhchumasóirí na trádála digití tá ardáin ar líne. Faoi láthair, déanann níos mó ná milliún fiontar AE trádáil ar líne trí ardáin ar líne chun freastal ar a gcustaiméirí, 1 agus meastar gur trí idirmheánaithe ar líne a idibheartaítear thart ar 60% den tomhaltas príobháideach agus 30% de thomhaltas poiblí earraí agus seirbhísí a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach. 2 Baineann na gníomhaíochtaí idirmheánaithe ar líne sin leas de ghnáth as éifeachtaí tábhachtacha sonraíbhunaithe díreacha nó indíreacha líonra, rud nach mbaineann toradh leis ach líon teoranta ardán rathúil a ghiniúint i ngach deighleoig idirmheánaithe den gheilleagar. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar idirmheánú idirbheart trí bhíthin ardán ar líne, mar aon le héifeachtaí láidre díreacha nó indíreacha líonra a d’fhéadfadh bheith cothaithe ag buntáistí sonraíbhunaithe ag na hardáin ar líne, éiríonn gnólachtaí níos spleáiche ar ardáin ar líne mar chuasai-“gheatóirí” chuig margaí agus chuig custaiméirí. An neamhshiméadracht idir neart coibhneasta an mhargaidh ag líon beag príomhardán ar líne – ní gá go mbeidís ceannasach i gciall dhlí na hiomaíochta; géaraítear air sin ag an taobh soláthair atá ilroinnte go bunúsach ina bhfaightear na mílte ceannaí beag. A mhéid is atá siad sin ann, ní fheictear dinimic chomhchosúil i dtaca le hardáin ar líne ina ndéantar gaol gnólachta le gnólacht a idirmheánú, mar a bhfeictear gur gnách gur gnóthais mhóra sofaisticiúla atá sna húsáideoirí gnó agus an tardán ar líne atá in ann gaol conarthach cothrom a áirithiú níos fearr. Chonacthas i staidéar ón gCoimisiún ón mbliain 2006 3 go raibh an fheasacht sin ar na rioscaí ar cheann de na tosca ba chúis le bac a chur ar ghlacadh forleathan le ríomh-mhargaí gnólacht le gnólacht.

Áirítear i bprionsabal le soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe a chumhdaítear faoin tionscnamh reatha áiteanna margaidh ríomh-thráchtála ar líne, siopaí feidhmchlár ar líne agus na meáin sóisialta ar líne. Beidh sé mar aidhm leis na cineálacha éagsúla sin seirbhísí idirmheánaithe ar líne éascú, trí sholáthar seirbhísí na sochaí faisnéise a chur ar fáil, do thionscnamh idirbheart díreach idir úsáideoirí gnó agus tomhaltóirí atá faoi cheangal conarthach, beag beann ar cibé an ndéantar na hidirbhearta deiridh ar líne nó as líne. Chun idirbhearta díreacha dá leithéid a éascú, ceadaítear leis na seirbhísí idirmheánaithe ar líne sin go bunúsach láithreacht ar líne d’úsáideoirí gnó a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí, gan ceangal a bheith ar na húsáideoirí gnó sin, i bprionsabal, suíomh gréasáin neamhspleách a fheidhmiú. Chomh maith le láithreacht ar líne úsáideoirí gnó a cheadú, is minic a éascaíonn seirbhísí idirmheánaithe ar líne cumarsáid dhíreach idir úsáideoirí gnó aonair agus tomhaltóirí trí bhíthin comhéadan cumarsáide leabaithe ar líne. Maidir leis na meáin shóisialta ar líne, tugtar faoi deara go gcorpraíonn soláthraithe áirithe den chatagóir soláthraithe seirbhíse sin seirbhísí idirmheánaithe ar líne éagsúla laistigh den timpeallacht dhigiteach cheannann chéanna, ar féidir iad sin ar fad a chumhdach faoin tionscnamh seo. Ceadaíonn leathanaigh ghnó mar shampla do thomhaltóirí teacht ar ghnólachtaí áitiúla agus ar sholáthraithe seirbhíse agus is cumasóirí tábhachtacha iad in idirbhearta gnólacht le tomhaltóir. Táthar ag comhtháthú leathanach gnó den sórt sin níos mó de réir a chéile le feidhmiúlacht áirithintí nó ceannaigh dhírigh, agus ar an gcaoi sin tá na seirbhísí sin á niompú ina náiteanna margaidh ríomh-thráchtála ar líne.

Cé gur mór an poitéinseal atá ann ó thaobh rochtain éifeachtach ar mhargaí (trasteorann) de, ní féidir le gnólachtaí Eorpacha leas iomlán a bhaint as poitéinseal gheilleagar na nardán ar líne i ngeall ar líon cleachtas trádála a d’fhéadfadh bheith díobhálach agus ar easpa sásraí éifeachtacha cúitimh san Aontas. Ag an am céanna tá deacrachtaí le sárú ag na soláthraithe seirbhíse ar líne lena mbaineann agus iad ag oibriú ar fud an mhargaidh aonair i ngeall ar an ilroinnt atá ag teacht chun cinn.

Ós rud é go bhfuil gnólachtaí spleách ar sheirbhísí ar líne áirithe tuigtear go bhfuil an scóip ag soláthraithe na seirbhísí idirmheánaithe ar líne sin bheith páirteach i líon cleachtas trádála a d’fhéadfadh bheith díobhálach rud a chuireann teorainn le díolacháin úsáideoirí gnó, agus a d’fhéadfadh an bonn a bhaint dá muinín, go sonrach: athruithe ar théarmaí agus ar choinníollacha nár míníodh gan fógra roimh ré; díliostú na nearraí agus na seirbhísí agus cur ar fionraí cuntas gan ráiteas soiléir ar na cúiseanna; easpa trédhearcachta maidir le rangú earraí agus seirbhísí agus maidir leis na gnóthais a thairgeann iad; coinníollacha doiléire maidir leis na sonraí a bhailíonn soláthraithe a rochtain agus a úsáid; agus easpa trédhearcachta maidir le déileáil go fabhrach le seirbhísí iomaíocha na soláthraithe féin agus le clásail na náisiún barrfhabhair (“NBF”) lena gcuirtear teorainn ar chumas gnóthas dálaí níos mealltaí a thairiscint ar bhealaí eile seachas na seirbhísí idirmheánaithe ar líne.

Lena chois sin, d’fhéadfadh innill cuardaigh ar líne bheith ina bhfoinsí tábhachtacha tráchta idirlín chomh maith do ghnólachtaí, agus d’fhéadfaidís dul i gcion ar rath tráchtála úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ina dtairgtear a nearraí nó a seirbhísí ar líne sa mhargadh inmheánach. Bíonn tionchar tábhachtach ag an rangú a dhéanann soláthraithe inneall cuardaigh ar líne ar shuíomhanna gréasáin, lena náirítear na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann gnólachtaí a nearraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, ar rogha an tomhaltóra agus ar rath tráchtála úsáideoirí na suíomhanna gréasáin corparáideacha sin. Dá réir sin, fiú in éagmais gaol conarthach lena núsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, is léir go bhfuil saincheist spleáchasbhunaithe ann a bhaineann le hinnill cuardaigh ghinearálta ar líne, go sonrach go bhféadfaidís díobháil a dhéanamh do chleachtais rangaithe, rud a d’fhéadfadh dul i gcion ar úsáideoirí gnó.

Ag an am céanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an creat rialála reatha éifeachtach chun cuid de na cleachtais sin a chosc, ná cúiteamh éifeachtach a chur ar fáil. Éiríonn an timpeallacht rialála níos casta arís leis an ilroinnt rialála shuntasach atá ag teacht chun cinn san AE. Cé go nimrítear tionchar ar úsáideoirí gnó go príomha dá bharr sin, téann an cás sin i gcion ar na gníomhairí ar fad sna héiceachórais ardán iltaobhach ar líne, lena náirítear tomhaltóirí a d’fhéadfadh laghdú teacht ar an rogha earraí agus seirbhísí iomaíocha atá acu.

Tá an togra seo comhlánaithe le Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear an grúpa saineolaithe don Fhaireachlann ar Gheilleagar na nArdán ar Líne a mbeidh sé de chúram bunúsach air monatóireacht a dhéanamh ar deiseanna agus dúshláin atá ann don Aontas i ngeilleagar na nardán ar líne, lena náirítear saincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin atá á bheartú ag an gCoimisiún anois.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Níl aon reachtaíocht ar leibhéal an Aontais ina dtugtar aghaidh ar na gaolta gnólacht le gnólacht idirmheánaithe ar líne a phléitear anseo.

Díríonn dlí na hiomaíochta san Aontas inter alia ar iompar frithiomaíochta ag gnóthais. Na cleachtais trádála aontaobhacha a chumhdaítear leis an tionscnamh seo a d’fhéadfadh bheith díobhálach; ní gá gur sárú iad ar dhlí iomaíochta AE faoi Airteagal 101 ná Airteagal 102 den CFAE. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí aghaidh i ndlí na hiomaíochta ar na cineálacha uile saincheisteanna a chumhdaítear faoin tionscnamh. 

Sa dlí maidir le tomhaltóirí tugtar aghaidh ar réimse cleachtas tráchtála a d’fhéadfadh bheith díobhálach, ar leibhéal AE go sonrach trí Threoir 2005/29/CE maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha 4 agus Treoir 93/13/CEE maidir le Téarmaí Éagóracha i gConarthaí Tomhaltóirí 5 . Éilítear ardleibhéal trédhearcachta agus ‘dúthrachta gairmiúla’ leis na Treoracha sin. Mar sin féin, tá a raon feidhme teoranta d’idirbhearta gnólacht le tomhaltóirí. Os a choinne sin, cumhdaítear gaolta áirithe gnólacht le gnólacht faoi Threoir 2006/114/CE 6 maidir le Fógraíocht Mhíthreorach agus Chomparáideach. Is é is aidhm léi trádálaithe a chosaint ar fhógraíocht mhíthreorach agus a niarmhairtí éagóracha, agus leagtar síos na coinníollacha inti faoina gceadaítear don fhógraíocht chomparáideach. Tá na forálacha a leagtar amach san ionstraim dheireanach teoranta do chleachtais fógraíochta, áfach; agus go ginearálta ní thugtar aghaidh ar na cleachtais trádála thuasluaite a d’fhéadfadh bheith díobhálach, rud a tharlaíonn mar chuid de ghaol conarthach reatha idir ardáin ar líne agus úsáideoirí gnó.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Dírítear sa togra reatha ar thimpeallacht dhlíthiúil atá cóir, intuartha, inbhuanaithe agus iontaobhach a chinntiú d’úsáideoirí gnó, úsáideoirí suíomhanna corparáideacha, soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh ar líne , rud a chuirfidh teorainn ar mhinicíocht agus ar thionchar díobhálach na gcleachtas trádála ardán le gnó, a tharlaíonn mar chuid de ghníomhaíochtaí áirithe ar líne agus tabharfar cosaint dá réir sin d’iontaofacht i ngeilleagar na nardán ar líne agus coiscfear ilroinnt dhlíthiúil an Mhargaidh Aonair Dhigitigh.

Dá réir sin rannchuidíonn an tionscnamh le spriocanna na Straitéise um Margadh Aonair Digiteach trí thimpeallacht dhlíthiúil atá soiléir trédhearcach cobhsaí a chruthú do sholáthraithe seirbhíse gnólacht le tomhaltóir ar líne agus dá núsáideoirí gnó, chun dul i ngleic le hilroinnt an mhargaidh agus deis a thabhairt do na himreoirí ar fad leas a bhaint as dinimic mhargaidh úr faoi choinníollacha córa cothromaithe lena mbainfidh méid cuí trédhearcachta.

Tá an togra comhsheasmhach freisin le líon beartas agus rialacha eile de chuid an Aontais. Comhlánaítear leis go sonrach rialacha na hiomaíochta agus an dlí um chosaint tomhaltóirí thuasluaite, agus ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm na rialacha leis.

Lena chois sin, go háirithe nuair a bhíonn sásamh i gceist, ba cheart an togra a thuiscint os coinne chúlra rialacha dhlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta, amhail Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála 7 , Rialachán (AE) Uimh. 593/2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha 8 , Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha 9 agus Treoir (CE) 2008/52 maidir le gnéithe áirithe d’idirghabháil in ábhair shibhialta agus tráchtála 10 .

Comhlánaítear leis an oibleagáid maidir le tuairisc a chur ar fáil ar na príomhpharaiméadair rangaithe na ceanglais ar thrádálaithe faoi dhlí AE maidir le cosaint tomhaltóirí. Ní mór a lua i ndáil leis seo go bhfuil leasaithe molta ag an gCoimisiún mar chuid den Bheart Nua do Thomhaltóirí 11 , ina bhfuil ceanglas maidir le haon torthaí cuardaigh a chuirtear chun cinn ar bhonn íocaíochta a shainaithint go soiléir, mar aon le ceanglas faisnéis a chur ar fáil maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú ar mhargaí ar líne.

Ar deireadh, tá an togra seo comhoiriúnach le Treoir (CE) 2000/31 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go sonrach an trádáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach 12 , lena leagtar síos creat ginearálta maidir le soláthar seirbhísí na sochaí faisnéise san Aontas.

Ní dhéanfaidh an Rialachán atá beartaithe difear do ghníomhartha reatha dhlí an Aontais thuasluaite.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ós rud é (i) gur croíchuid den straitéis um Margadh Aonair Digiteach é an tionscnamh, (ii) cineál sainiúil trasteorann na seirbhísí ar líne atá á mbreithniú, agus (iii) ilroinnt an mhargaidh aonair atá ag teacht chun cinn trí reachtaíocht náisiúnta shonrach ar na saincheisteanna atá cumhdaithe; is é Airteagal 114 CFAE an bonn dlíthiúil ábhartha don tionscnamh seo.

Is é is cuspóir le hAirteagal 114 CFAE forálacha sna Ballstáit a neasú agus a áirithiú go bhfuil rialacha soiléire, neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm ar fud an Aontais. Le cur i bhfeidhm rialacha comhchoiteanna dá leithéid ar fud an Aontais téitear i ngleic le héagsúlachtaí idir Ballstáit agus seachnaítear na héagsúlachtaí sin agus áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, agus mar sin féadfaidh gnóthais agus tomhaltóirí leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh. Mar sin, cuireann an tionscnamh le bunú agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Tugtar le tuiscint le cineál sainiúil trasteorann na seirbhísí ar líne i gceist nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí a bhaint amach go héifeachtúil astu féin. Bunaítear príomhsholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne i mBallstát amháin, ach cuireann siad rochtain ar fáil do bheagnach dhaonra iomlán AE, óna ngnátháit chónaithe agus nuair a bhíonn siad ag taisteal ar fud an Aontais araon. Go tábhachtach, san am céanna baintear úsáid as cineálacha áirithe seirbhísí ar líne le haghaidh cumarsáid tráchtála trí láithreacht ar líne a bheith ag 90% de na freagróirí ar ghníomhaíochtaí bailithe faisnéise an Choimisiúin maidir le gaolta ardán le gnó.

Mar sin is í gníomhaíocht an Aontais an taon bhealach lena áirithiú go mbeidh rialacha comhchoiteanna, oiriúnacha agus éifeachtacha i bhfeidhm ar sholáthraithe na seirbhísí lena mbaineann agus úsáideoirí na seirbhísí sin beag beann ar an dlí agus ar an bhfóram atá sainaitheanta sna téarmaí agus sna coinníollacha. Maidir leis an tacar saincheisteanna sonrach a thuairiscítear anseo, chuir an Chomhairle Eorpach “béim ar an ngá atá le trédhearcacht mhéadaithe i gcleachtais agus úsáidí ardán” 13 mar chuid den chreat rialála atá dírithe ar an todhchaí don Aontas.

Comhréireacht

Is é is aidhm leis an togra seo timpeallacht ghnó níos fearr a thairiscint d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a bhíonn ag trádáil san Aontas. San am céanna, beidh an tsaoirse fós ag na soláthraithe seirbhíse ar líne lena mbaineann, i bprionsabal, na beartais ghinearálta a leagan síos dá náiteanna margaidh; agus tabharfar an deis dóibh a gceangaltais deonacha a mhúnlú trí bhíthin cóid iompair tionscail faoi réir chreat dlíthiúil prionsabalbhunaithe. Dá réir sin féachtar le freagairt imleor a thabhairt ar an bhfadhb a sainaithníodh agus, san am céanna, cumas nuálaíochta soláthraithe seirbhíse ar líne á chosaint. Lena chois sin, cuideoidh rogha an Rialacháin leis na soláthraithe a seirbhísí a mhéadú rud a rachaidh chun leasa na ngníomhairí uile i seirbhísí idirmheánaithe ar líne, agus, má bhíonn rialacha comhchoiteanna i bhfeidhm ar fud an Aontais, laghdófar na costais chomhlíonta go bunúsach agus feabhsófar an deimhneacht dhlíthiúil go háirithe d’oibríochtaí trasteorann.

Tá comhréireacht na rogha tosaíochta i gcomhcheangal rialacha bunaithe ar phrionsabail an Aontais chomh maith, mar aon le raon feidhme tábhachtach do ghníomhaíocht tionscail agus monatóireacht spriocdhírithe. Tá an cur chuige sin saincheaptha de réir timpeallacht theicneolaíoch agus eacnamaíoch ar líne atá ag athrú go gasta. Leanfaidh an grúpa saineolaithe don Fhaireachlann ar Gheilleagar na nArdán ar Líne, a chuirfear ar bun i gcomhar leis an togra seo teacht chun cinn ginearálta an gheilleagair ardán ar líne i gcoitinne agus na saincheisteanna sonracha atá cumhdaithe anseo, a bhfuil bonn eolais curtha fúthu i measc eile leis na hoibleagáidí trédhearcachta dlíthiúla. Dá réir sin tá an cur chuige atá curtha i bhfeidhm leis an Rialachán seo atá beartaithe fós comhréireach leis na saincheisteanna a sainaithníodh sna gaolta gnólacht le gnólacht ar líne.

Ag cur san áireamh ualach riaracháin chomhpháirteanna éagsúla an tionscnaimh seo, bainfidh fiontair bheaga leas as díolúine spriocdhírithe ón oibleagáid maidir le córas éifeachtúil inmheánach um láimhseáil gearán a chur i bhfeidhm. Ba cheart a shonrú nach leagfar amach san oibleagáid faoi leith seo ach critéir éifeachtúlachta agus inrochtaineachta ar leibhéal sách ard, lena bhfágfar soláthraithe saor le réitigh theicniúla cost-éifeachtacha a chur chun feidhme, óna dtiocfaidh costais níos lú ná an meán. Is leis an díolúine spriocdhírithe a áiritheofar i gcás nach féidir ualach riaracháin a thiocfaidh as an tionscnamh a eisiamh go hiomlán nach gcumhdófar ach gnóthais a ghineann go leor ioncaim leis an méid sin a iompar.

An rogha ionstraime

Is féidir gníomhaíocht an Aontais a theorannú do gníomhaíocht dheonach tionscail agus bearta tionlacain áirithe a chur chun cinn, ach is cosúil nach mbeidh siad éifeachtach toisc go mbraithfeadh sé sin go bunúsach ar dhreasachtaí an tionscail féin agus ar an toilteanas an status quo a athrú. Cé gur leas le soláthraithe seirbhíse agus úsáideoirí gnó araon idirghníomhaíocht agus idirbhearta le tomhaltóirí ar a nardáin a uasmhéadú, níl ach ailíniú neamhfhoirfe déanta ar a leasanna gearrthéarmacha maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna a thagann chun cinn ina ngaolta gnó. Léirítear chomh maith le taithí roimhe sin ar an Tionscnamh um an Slabhra Soláthair san earnáil bhia nach noireann tionscnaimh atá go hiomlán deonach do chruthú agus d’fheidhmiú sásra sásaimh neamhspleách agus rialacha cothroime atá mealltach agus inchreidte don dá thaobh den mhargadh. In ainneoin roinnt dul chun cinn (míniú breise ar phrionsabail an dea-chleachtais agus grúpa rialachais a bhunú), níor chláraigh soláthraithe talmhaíochta – atá ina ainm bheith ina bpríomhthairbhithe den scéim – leis an scéim mar gheall ar imní maidir le rúndacht agus forfheidhmiúchán. Idir an dá linn, ghlac 21 Ballstát reachtaíocht agus tionscnaimh náisiúnta cheana féin chun dul i ngleic le cleachtais trádála sa bhiashlabhra a d’fhéadfadh bheith díobhálach.

Ar an gcúis sin, ní féidir dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna a sainaithníodh ach amháin le hionstraim reachtach. Ian theannta sin is fearr rialachán toisc go bhfuil sé infheidhme go díreach ar na Ballstáit, bunaítear leis an leibhéal céanna oibleagáidí do pháirtithe príobháideacha, agus éascaítear leis cur i bhfeidhm comhleanúnach na trádála idirmheánaithe ar líne agus an chuardaigh ar líne ar bhonn bunúsach trasteorann. Rachaidh sé sin i ngleic chomh maith le hilroinnt an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus déanfaidh sé í a chosc.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ba é conclúid na tuarascála maidir leis an tSeiceáil Oiriúnachta Dlíthe Tomhaltais agus Margaíochta 14 go raibh gá ann le breathnú ar athruithe a dhéanamh ar na rialacha maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach i ngaolta gnólacht le gnólacht, inar dearbhaíodh den chuid ba mhó torthaí na Teachtaireachta 2012 ón gCoimisiún inar fógraíodh an rún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir sin 15 . Leagadh béim sa Mheasúnú Tionchair Tionscanta ar athbhreithniú spriocdhírithe ar threoracha AE um dhlí tomhaltóirí, áfach, go gcuirfeadh torthaí na Seiceála Oiriúnachta bonn eolais faoin tionscnamh seo um ghaolta ardáin gnólacht le gnólacht go sonrach laistigh de chomhthéacs an Mhargaidh Aonair Dhigitigh. Dá réir sin, cuireann an tionscnamh leis na torthaí a fuarthas le linn na Seiceála Oiriúnachta is déanaí a rinneadh ar an dlí maidir le Tomhaltóirí agus Margaíochta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinne an Coimisiún comhairliúchán fairsing maidir le saincheisteanna gaolmhara gnólacht le gnólacht a thagann ó éiceachórais ardán ar líne. Ar an gcéad dul síos, roimh Theachtaireacht mhí na Bealtaine 2016 16 maidir le hardáin ar líne, cuireadh sainiú ní ba leithne ar fáil ar an spás fadhbach agus tús le grinnchleachtadh bailithe eolais mar thoradh ar chomhairliúchán fairsing. Ar an dara dul síos, cuireadh bonn eolais faoi shainiú na faidhbe le sraith ceardlann agus comhairliúchán fairsing trí roinnt suirbhéanna, agus bhí réamhroghanna beartais mar thoradh air. Ar deireadh, chuir grúpaí mionfhócais, ceardlanna, ceistneoir agus cur i láthair oscailte leis na Ballstáit le dearadh agus tástáil na roghanna beartais. Le cois na nuirlisí comhairliúcháin a úsáideadh, bhuail seirbhísí an Choimisiúin le sraith geallsealbhóirí nó chuir siad agallamh orthu trí chruinnithe déthaobhacha.

Tacaíonn úsáideoirí gnó, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide le gníomh reachtach chun roghanna éifeachtacha cúitimh agus níos mó trédhearcachta ar chleachtais rangaithe, clásail náisiún barrfhabhair (paireacht praghsanna), agus trédhearcachta i bpróisis díliostaithe a áirithiú.

Aontaíonn formhór na soláthraithe seirbhíse ar líne lena mbaineann lena ndeachthas i gcomhairle gur oibleagáid dhlíthiúil réasúnta é míniú a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar dhíliostú nó ar bhaint anuas tairisceana, ar choinníoll go léirítear urramaítear a noibleagáidí dlíthiúla maidir le hábhar neamhdhleathach a bhaint anuas agus comhoibriú in imscrúduithe. D’áitigh na soláthraithe a ndeachthas i gcomhairle leo nach bhfeiceann siad breisluach an réitigh sheachtraigh díospóidí mar go bhfuil muinín acu acu sa gcóras inmheánach réitigh díospóidí féin. Is amhlaidh go ginearálta nach bhfeiceann siad fadhb le tréimhsí fógra i gcomhair athruithe ar théarmaí agus ar choinníollacha a chur chun feidhme, ach mar sin féin níl siad i bhfabhar tréimhsí fógra dochta. Maidir le trédhearcacht i dtaca le rangú agus úsáid sonraí, aontaíonn na soláthraithe de ghnáth le hoibleagáidí nochta ardleibhéil faoi mar atá sa tionscnamh seo, ach tugann siad rabhadh faoi “chluichíocht” agus ionramháil algartam lena mbaineann barraíocht trédhearcachta. Tacaíonn soláthraithe go ginearálta leis an smaoineamh monatóireacht a dhéanamh ar gheilleagar na nardán ar líne ar choinníoll go ndéanfar an mhonatóireacht sin agus urraim iomlán á léiriú dá rúin trádála.

Tá a lán saineolaithe náisiúnta ó riaracháin na mBallstát den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach maidir le gach saincheist gnólacht le gnólacht ar líne go rachfar i ngleic le saincheisteanna i dtaca le téarmaí agus coinníollacha. Measann siad chomh maith go mbraithfeadh comhréireacht oibleagáide um thrédhearcacht ar an bhfoclaíocht bheacht agus ar mhéid an tsoláthraí. Maidir le saincheisteanna amhail tréimhsí fógra, bhí difríocht sna dearctha ag brath ar thaithí ar an leibhéal náisiúnta, ón dearcadh nach raibh gá ar bith le rialáil go dtí an dearcadh téarmaí fógra seasta éigeantacha. Ceapann roinnt saineolaithe náisiúnta chomh maith gur cheart téarmaí agus coinníollacha a shimpliú chun iad a dhéanamh trédhearcach agus áisiúil do ghnólachtaí. Tacaíonn na saineolaithe náisiúnta a ndeachthas i gcomhairle leo le hoibleagáid dhlíthiúil trédhearcachta maidir le ráiteas ar na cúiseanna le díliostú a chur ar fáil. Tá an dearcadh céanna acu gur cheart ceanglais a bhaineann le díliostú a ailíniú le nósanna imeachta um ábhar neamhdhleathach/um fhógra agus gníomh. Meastar ar an iomlán go bhfuil oibleagáid trédhearcachta maidir le critéir aicmithe comhréireach agus dlisteanach. Tacaíonn na saineolaithe a bhfuil níos mó taithí acu ar shaincheisteanna rangaithe leis na bearta lena réiteofaí go tráthúil na fadhbanna a tharlaíonn, cé go ndeir cuid díobh gur cheart an tsaincheist a fhágáil faoi dhlí na tráchtála agus na hiomaíochta. Is í an tuairim atá ann go forleathan rogha ghinearálta chun (i) oibleagáid trédhearcachta a roghnú faoina gcumhdófar cleachtais rangaithe go ginearálta, agus (ii) oibriú i dtreo dea-chleachtais a shainaithint. Maidir le sonraí, mhol saineolaithe neamh-idirdhealaithe agus MFN go dteastaíonn tuilleadh machnaimh. Mar sin féin, tá comhaontú foriomlán ann i measc saineolaithe maidir leis an tábhacht a bhaineann le sásamh. Tá roinnt buarthaí ann go bhféadfadh na córais inmheánacha um láimhseáil gearán bheith ina nualach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Tá roinnt saineolaithe náisiúnta i bhfabhar dea-chleachtais a chur chun cinn (b’fhéidir mar chuid de bheart féinrialála). Aithníonn na saineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar na núdarás náisiúnta ar an iomlán leas an chleachtaidh mhonatóireachta. Go ginearálta, ní aontaíonn siad, áfach le comhlacht nó Gníomhaireacht Eorpach úr a bhunú chun na críche sin.

Is le cineál spriocdhírithe agus comhrialála an tionscnaimh seo, atá bunaithe ar bhearta trédhearcachta agus sásaimh mar aon le monatóireacht fheabhsaithe tríd an ngrúpa saineolaithe a bunaíodh go comhuaineach, a léirítear na forais chomhchoiteanna i ndearctaí ghrúpaí éagsúla na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuir an Coimisiún nó conraitheoirí seachtracha roinnt suirbhéanna, comhairliúchán poiblí agus líon staidéar i gcrích idir na blianta 2015 agus 2017. Cuireadh bonn eolais breise faoin Measúnú Tionchair is bun leis an tionscnamh seo le taighde eacnamaíoch inmheánach chomh maith le tacaíocht deartha beartais ón Airmheán Comhpháirteach Taighde. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit chomh maith trí bhíthin comhairliúchán ar líne a chuir le cruinniú de chuid an ghrúpa saineolaithe ríomh-thráchtála atá tiomanta don tionscnamh seo. Ar deireadh, d’eagraigh an Coimisiún líon mór seimineár le saineolaithe acadúla, a chuir a ndearctha leis an straitéis um chóiriú faidhbe agus um bailiú faisnéise.

Measúnú tionchair

Tá an togra seo bunaithe ar Mheasúnú Tionchair. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhiúltach ar dtús ina raibh ráitis chuimsitheacha maidir leis an Measúnú Tionchair seo an 1 Nollaig 2017. Tar éis athbhreithniú suntasach ar an Measúnú Tionchair, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach ina dhiaidh sin lena raibh forchoimeádais an 22 Márta 2018. Áirítear tuairim an Bhoird, moltaí agus míniú ar an dóigh ar cuireadh san áireamh iad in Iarscríbhinn 1 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra seo. Tugtar forléargas in Iarscríbhinn 4 ar na daoine a ndéanfadh an togra seo difear dóibh agus ar an dóigh a ndéanfaí difear dóibh.

Scrúdaigh an Coimisiún roghanna éagsúla beartais chun cuspóir ginearálta an tionscnaimh reatha a bhaint amach, is é sin éiceachóras gnó cóir intuartha, inbhuanaithe iontaobhach a bhunú, agus san am céanna éiceachóras nualaíochtbhunaithe i dtaca le hardáin ar líne a spreagadh ar fud an Aontais. Sa timpeallacht ghnó sin ba cheart na coimircí riachtanacha chun díobháil ó chleachtais trádála éagothroma a chosc a bheith ag trádálaithe gnó agus an cumas sásamh éifeachtach a lorg i gcás inar gá. Leis sin ba cheart go rachfaí i ngleic le hilroinnt rialála agus go gcuirfí cosc uirthi ar fud an Aontais. Ba laistigh de dhearadh comhrialála roghnaithe a theastaíonn chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht d’úsáideoirí gnó a áirithiú agus acmhainneacht nuálaíochta soláthraithe seirbhíse ar líne á cosaint, ab amhlaidh a coimeádadh ceithre rogha bheartais ar deireadh. Sna roghanna beartais sin ar fad dhéanfaí foráil maidir le hoibleagáidí dlíthiúla trédhearcachta agus sásaimh prionsabail-bhunaithe ar sholáthraithe, ach ní raibh comhaontú eatarthu maidir le fairsinge na gcleachtas trádála a d’fhéadfadh bheith díobhálach a chumhdófaí leo. Lena chois sin, ba le dhá rogha as na ceithre rogha a cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm na hoibleagáide dlíthiúla trédhearcachta ar rangú chuig soláthraithe inneall cuardaigh ginearálta ar líne, chun éifeachtacht a uasmhéadú agus cóir chothrom a áirithiú. Ar deireadh, i gceann den dá rogha dheireanacha bhí oibleagáid aonair ní b’fhorleithne do sholáthraithe maidir le deis a thabhairt d’úsáideoirí gnó cead a iarraidh ar chustaiméirí, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 17 , a seoltaí ríomhphoist a fháil agus a phróiseáil i ndiaidh idirbheart a chur i gcrích trí úsáid na seirbhísí.

Maidir leis an rogha bheartais lena ndéanfaí foráil maidir le hoibleagáidí dlíthiúla trédhearcachta a chur ar líon ní ba theoranta cleachtas trádála a d’fhéadfadh bheith díobhálach, measadh go raibh a héifeachtacht teoranta. Cé go méadófaí deimhneacht dhlíthiúil trí bhíthin bhearta dlíthiúla trédhearcachta agus sásaimh, leanfadh an baol, rud tábhachtach, go ndéanfaí díobháil dhíreach do ghnólachtaí agus agus an baol ilroinnte de bheith fós ann go tábhachtach toisc gur measadh gur chosúil nach rachfaí i ngleic go himleor le roinnt cleachtas trádála ardtionchair (rangú, sonraí, idirdhealú, náisiún bharrfhabhair) trí bhíthin na féin rialála.

Maidir leis na trí rogha bheartais eile ina ndéanfaí foráil maidir le hoibleagáidí dlíthiúla trédhearcachta ar réimse iomlán na gcleachtas trádála a d’fhéadfadh bheith díobhálach arna sainiú mar chuid den tionscnamh seo, measadh go raibh siad go léir éifeachtach. Maidir leis sin measadh dá sínfí raon feidhme chur i bhfeidhm na noibleagáidí dlíthiúla trédhearcachta faoi leith ar rangú chuig soláthraithe inneall cuardaigh ginearálta ar líne measadh go mbainfí an méid coibhneasta ab airde éifeachtachta amach i ndáil leis sin. An rogha chun oibleagáid aonair chomhroinnte sonraí ní b’fhorleithne a chur san áireamh díréireach, measadh go raibh an rogha sin díréireach, ag cur san áireamh ar an taobh amháin cuspóir sonrach um acmhainneacht nuálaíochta gheilleagar na nardán ar líne a choimeád, agus, ar an taobh eile, bearta neamhreachtacha a chur i láthair go comhuaineach chun beartais chóra le haghaidh comhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht a chothú. Ina theannta sin cuimsítear sa rogha bheartais a coimeádadh go ngabhfadh mionscrúdú seachtrach feabhsaithe ar chleachtais trádála ardán ar líne leis na hoibleagáidí dlíthiúla trédhearcachta, ar toisc thábhachtach é sin chun timpeallacht chóir agus intuartha a dhreasú d’úsáideoirí gnó.

Dá réir sin is í an rogha bheartais optamach oibleagáidí trédhearcachta agus sásaimh atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir leis an réimse iomlán cleachtas trádála a d’fhéadfadh bheith díobhálach arna sainaithint mar chuid den tionscnamh seo, lena náirítear trédhearcacht maidir leis an gceist um rangú i gcuardach ginearálta ar líne (nach mbeadh feidhm ach an ag an bhforáil maidir le forfheidhmiú sásaimh chomhchoitinn seachas forálacha sásaimh eile an Rialacháin seo chomh maith, chun comhréireacht a áirithiú). Chomh maith le poitéinseal Mhargaidh Aonair gheilleagar na nardán ar líne a chumhdach, meastar go mbeifí ábalta iarmhairt mhaolaithe idir EUR 0.81 billiún agus EUR 4.05 billiún ar a laghad ar gheilleagar na nardán ar líne a eascraíonn as easpa muiníne úsáideoirí gnó a chur ina cheart. Bainfidh tionchar sóisialta dearfach leis chomh maith, toisc go mbeidh méadú ar an láimhdeachas do líon méadaitheach ghnóthais AE a bhainfidh úsáid as seirbhísí idirmheánaithe ar líne mar thoradh air, agus dá réir sin, meastar go ndéanfar deiseanna fostaíochta breise a chur ar fáil.

Cé go bhféadfadh seachadadh fisiciúil earraí arna soláthar ag úsáideoirí gnó do thomhaltóirí bheith i gceist le láithreacha margaidh ríomh-thráchtála ar ceann de na cineálacha éagsúla soláthraithe atá cumhdaithe faoin tionscnamh; meastar nach mbeidh drochthionchar suntasach ag an úsáid mhéadaithe ag an gcineál sin seirbhíse ar an gcomhshaol mar thoradh ar an togra. Meastar go mbeidh na costais chomhlíonta a bhainfidh leis an togra teoranta, agus go mbainfidh siad go príomha le soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus inneall cuardaigh ar líne. Is leis an oibleagáid dhlíthiúil atá beartaithe do bhunú córais inmheánaigh um láimhseáil gearán a chuirfear an tualach féideartha comparáideach is mó ar sholáthraithe, agus is iad soláthraithe níos lú is dóichí a mbeidh costas comhlíonta éigin le híoc acu. Dá bharr sin díolmhaítear na fiontair bheaga sin, mar a shainmhínítear i Moladh ón gCoimisiún 2003 18 maidir le FBManna, ón bhforáil shainiúil sin. Meastar dá bharr sin chomh maith go bhfuil an togra comhréireach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Faoi mar a luadh thuas, bainfidh fiontair bheaga leas as díolúine spriocdhírithe ón oibleagáid córas inmheánach um láimhseáil gearán a chur i bhfeidhm. Dírítear leis an togra go sonrach ar fhás inbhuanaithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne a éascú agus tá sé ceaptha a bheith neodrach go hiomlán ó thaobh na teicneolaíochta de.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas tiomanta do chaighdeáin arda um chearta bunúsacha. Cuireann an cuspóir sonrach um shásamh tráthúil agus éifeachtach d’úsáideoirí gnó le feabhas a chur ar cheart úsáideoirí gnó chun leigheas éifeachtúil agus chun triail chóir a fháil (Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), a mhéid is a bhainfeadh sé le rochtain ní b’fhearr ar an mbreithiúnacht.

Anuas air sin, cuirfidh an timpeallacht dhlíthiúil chóir agus iontaobhach - a bhfuil sé d’aidhm léi an togra seo í a chruthú - le cothromaíocht iomchuí idir saoirse soláthraithe seirbhísí agus saoirse a núsáideoirí chun gnó a stiúradh (Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh). Go sonrach, tá na bearta trédhearcachta atá leagtha síos sa Rialachán ina réamhchoinníoll maidir le monatóireacht a dhéanamh ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an ceart bunúsach chun gnó a stiúradh srianta go míchuí a mhéid is a bhaineann sé leis an bpáirtí is laige sa ghaol gnólacht le gnólacht.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh impleachtaí ar bith ag an togra maidir le buiséad AE.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá monatóireacht ar theacht chun cinn na dtionchar ina cuid thábhachtach den idirghabháil atá beartaithe sa réimse seo, toisc go bhfuil geilleagar na nardán ar líne fós ina réimse dinimiciúil den gheilleagar atá ag teacht chun cinn go gasta. Déantar an mhonatóireacht a roinnt ina dhá chuid straitéiseacha dá bhrí sin:

Cuirfear cuid amháin ar iontaoibh grúpa saineolaithe agus tascfhórsa tiomanta de chuid an Choimisiúin lena gcomhdhéanfar Faireachlann AE ar Geilleagar na nArdán ar Líne. Mar a leagtar amach i gCinneadh C(2018)2393 ón gComhairle cuirfidh an grúpa saineolaithe comhairle ar fáil ar theacht chun cinn gheilleagar na nardán ar líne agus soláthróidh sí anailís go háirithe maidir le cinnteoireacht algartamach, rochtain ar shonraí, luach saothair le haghaidh ábhar a thaispeántar ar líne, trédhearcacht agus cuntasacht i ngaolta gnólacht le gnólacht i bhfógraíocht ar líne, cóir dhifreáilte agus srianta ar úsáideoirí gnó coinníollacha éagsúla a thairiscint agus bealaí dáilte eile á núsáid acu. Déanfaidh sí idirchaidreamh chomh maith le grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus le hionaid barr feabhais arna mbunú ag AE agus na Ballstáit.

Is é atá sa dara cuid monatóireacht shonrach a dhéanamh ar theacht chun cinn na dtionchar a bhaineann le comhpháirteanna rialála agus féinrialála an togra.

Déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar tháscairí an mhargaidh le haghaidh timpeallachta ardán ar líne go sonrach trí Fhaireachlann AE ar Gheilleagar na nArdán ar Líne. Áirítear leis an anailís sin sonraí amhail: líon agus cineálacha na ngnólachtaí atá ag trádáil i seirbhísí idirmheánaithe ar líne, líon agus cineál na ngearán a láimhsítear trí shásamh inmheánach agus seachtrach, líon na gcásanna a réitíodh go rathúil, an méid ama a theastaíonn chun an cás a réiteach, an áit bhunaithe, méid na soláthraithe atá ag trádáil laistigh den AE, lena náirítear an láimhdeachas a baineadh amach i margadh AE mar idirghabhálaí ar líne. Laistigh de dhá bhliain ó ghníomhachtú Fhaireachlann AE, ullmhóidh seirbhísí an Choimisiúin tuarascáil bunaithe ar ghníomhaíocht Fhaireachlann AE ina ndéanfar machnamh ar an gcás mar atá, an dul chun cinn a bheidh déanta i dtreo na gcuspóirí beartais agus saincheisteanna neamhréitithe a bhaint amach.

Lena chois sin déanfar monatóireacht ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an togra ag baint úsáid as táscairí réamhshainithe, chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais maidir le teacht chun cinn cleachtas trádála a d’fhéadfadh bheith díobhálach. Dá bharr sin, déanfar tionchar na hidirghabhála a mheasúnú ó thaobh cleachtaidh mheastóireachta de, agus cuideoidh an measúnú sin, i gcás inarb iomchuí, leis an athbhreithniú ar an Rialachán atá beartaithe mar a shonraítear sa chlásal athbhreithnithe de, a dhéanfar gach trí bliana ina dhiaidh sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is in Airteagal 1 a shainítear ábhar agus raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe. Tugtar míniú ann go leagtar síos oibleagáidí ann do sholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne maidir le trédhearcacht chuí a chur ar fáil dá núsáideoirí gnó agus deiseanna sásaimh áirithe a thairiscint dóibh. Tugtar míniú ann chomh maith maidir le raon feidhme geografach an Rialacháin atá beartaithe, rud a thagann le cineál bunúsach trasteorann na seirbhísí idirmheánaithe ar líne i gcás gur féidir le comhlachtaí nach bhfuil bunaithe san Aontas idirbhearta a dhéantar laistigh den Aontas a idirghabháil.

Is in Airteagal 2 a chuimsítear na sainmhínithe dlíthiúil is infheidhme.

Le hAirteagal 3 bunaítear ceanglais maidir le soiléireacht agus inrochtaineacht téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha réamhshainithe arna núsáid ag soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne.

Le hAirteagal 4 bunaítear ceanglais le haghaidh ráiteas cúiseanna ó sholáthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne má chuireann sé nó sí úsáid úsáideora gnó as a seirbhísí idirmheánaithe ar fionraí nó má chuireann sé nó sí deireadh leis an úsáid sin.

Le hAirteagal 5 bunaítear ceanglais le haghaidh cur síos ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú úsáideoirí gnó i dtorthaí cuardaigh, lena náirítear cur síos i gcás go bhfuil tionchar ag úsáideoir gnó a thugann luach saothair díreach nó indíreach dóibh ar an rangú, sna téarmaí agus coinníollacha a úsáideann soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne. Bunaítear leis an Airteagal ceanglas comhchosúil chun na príomhpharaiméadair a sholáthar lena gcinntear an rangú le haghaidh soláthraithe inneall cuardaigh ar líne trí bhíthin cur síos ar féidir teacht air go héasca agus atá ar fáil go poiblí. Ceanglaítear leis freisin go dtabharfaí tuiscint dhóthanach leis na príompharaiméadair lena gcinntear rangú do na húsáideoirí gnó nó do na húsáideoirí suíomhanna gréasáin lena mbaineann maidir leis an gcomhghaol idir tréith na nearraí nó na seirbhísí a thairgeann siad, ábharthacht na dtréithe sin do na tomhaltóirí, chomh maith le hábharthacht deartha na suíomhanna gréasáin a úsáidtear i gcomhthéacs na ninneall cuardaigh ar líne.

Le hAirteagal 6 bunaítear ceanglais le haghaidh cur síos ar an gcóir dhifreáilte a thugtar do na hearraí agus na seirbhísí a thairgeann soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne é nó í féin, nó a thairgeann úsáideoirí gnó faoina rialú, sna téarmaí agus coinníollacha a úsáideann soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne.

Le hAirteagal 7 bunaítear ceanglas chun cur síos a chuimsiú ar an rochtain ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile a sholáthraíonn úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí do sheirbhísí idirmheánaithe ar líne, nó a ghintear tríd na seirbhísí sin, sna téarmaí agus coinníollacha a úsáideann soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne.

Le hAirteagal 8 bunaítear ceanglas chun cur síos a sholáthar agus a fhoilsiú maidir leis na forais le srian a chur ar an gcumas d’úsáideoirí gnó coinníollacha éagsúla a thairiscint do thomhaltóirí as earraí nó seirbhísí a fháil ar bhealaí eile seachas an tseirbhís idirmheánaithe ar líne, sna téarmaí agus coinníollacha a úsáideann soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne.

Le hAirteagal 9 bunaítear ceanglas do sholáthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne maidir le soláthar a dhéanamh do chóras inmheánach le haghaidh láimhseála gearán ó úsáideoirí gnó mar aon le ceanglais a bhaineann le láimhseáil na ngearán sin, lena náirítear oibleagáidí maidir le breithniú cuí ar ghearáin go tapa agus go héifeachtúil agus an toradh a chur in iúl go soiléir agus gan athbhrí don úsáideoir gnó. Bunaítear leis chomh maith ceanglas maidir le faisnéis áirithe ar an gcóras inmheánach chun déileáil le gearáin a chur san áireamh sna téarmaí agus coinníollacha. Chomh maith leis sin, bunaítear leis oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne tuarascálacha a fhoilsiú maidir le líon na ngearán a taisceadh, ábhar na ngearán, an tréimhse ama a theastaíonn chun na gearáin a phróiseáil agus an cinneadh a rinneadh maidir leis na gearáin.

Le hAirteagal 10 bunaítear ceanglas do sholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne maidir le hidirghabhálaí amháin nó níos mó a liostú ina dtéarmaí agus coinníollacha a bhfuil an soláthraí sásta oibriú leo chun teacht ar chomhaontú lasmuigh den chúirt ar dhíospóid, mar shampla i gcás nár réitíodh fadhb tríd an gcóras inmheánach um láimhseáil gearán (bunaithe faoi Airteagal 9). Lena chois sin, bunaítear leis ceanglais áirithe do na hidirghabhálaithe, lena náirítear neamhchlaontacht, inrochtaineacht, inniúlacht agus acmhainní chomh maith le hoibleagáid do sholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne chun dul i mbun idirmheánaithe le dea-intinn. Tá ceanglais an Airteagail gan dochar do cheart ceachtar páirtí chun imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh.

Le hAirteagal 11 bunaítear ceanglas don Choimisiún chun soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne a spreagadh le heagraíochtaí idirghabhálaithe neamhspleácha amháin nó níos mó a bhunú ina naonar nó i gcomhpháirt chun éascú do réiteach, lasmuigh den chúirt, díospóidí a thagann chun cinn i gcúrsa seirbhísí idirmheánaithe ar líne, go háirithe nuair a chuirtear a gcineál trasteorann san áireamh.

Le hAirteagal 12 bunaítear an ceart go dtionscnódh eagraíochtaí, comhlachais ionadaíocha nó comhlachtaí poiblí imeachtaí breithiúnacha chun neamhchomhlíonadh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne maidir leis na ceanglais atá cuimsithe sa Rialachán a stopadh nó a thoirmeasc. Anuas air sin, ceanglaítear leis ar eagraíochtaí nó comhlachais ionadaíocha ceanglais áirithe a chomhlíonadh amhail tréith neamhbhrabúsach a bheith acu, bheith bunaithe mar eintiteas dlíthiúil faoi dhlí an Bhallstáit ábhartha, agus féachaint le cuspóirí ar mhaithe le leas comhchoiteann na núsáideoirí gnó ar a ndéanann siad ionadaíocht.

Le hAirteagal 13 bunaítear ceanglas don Choimisiún maidir le spreagadh thabhairt do sholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus na heagraíochtaí agus na comhlachais ar a ndéanann siad ionadaíocht chun cóid iompair a dhréachtú.

Le hAirteagal 14 bunaítear ceanglas don Choimisiún maidir le meastóireacht rialta a dhéanamh ar an Rialachán, trí bliana i ndiaidh an dáta ar tháinig an Rialachán i bhfeidhm den chéad uair.

Le hAirteagal 15 bunaítear an dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm sé mhí i ndiaidh dháta an fhoilsithe.

2018/0112 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirmheánaithe ar líne

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 19 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 20 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is áis fhíorthábhachtach don fhiontraíocht, don trádáil agus don nuálaíocht iad na seirbhísí idirmheánaithe ar líne, is féidir leo feabhas a chur ar leas tomhaltóirí agus tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí astu. Cuireann siad rochtain ar fáil ar mhargaí nua agus ar dheiseanna tráchtála nua, rud a chuireann ar a gcumas do ghnóthais leas a bhaint as tairbhí an mhargaidh aonair. Thairis sin, cuireann siad ar a gcumas do thomhaltóirí san Aontas leas a bhaint as na tairbhí sin, go háirithe tríd an rogha earraí agus seirbhísí a thairgtear ar líne a mhéadú.

(2)Maidir leis na gnóthais a úsáideann seirbhísí idirmheánaithe ar líne chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí, is féidir leis na seirbhísí sin a bheith ríthábhachtach ó thaobh a rathúnais tráchtála de. De thoradh an mhéadaithe ar an líon idirbheart idirmheánaithe arna ndéanamh trí bhíthin seirbhísí idirghabhála, ar éifeachtaí láidre indíreacha gréasáin sonraíbhunaithe is cúis leis, tá méadú ag teacht ar spleáchas na núsáideoirí gnó sin, lena náirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar na seirbhísí sin chun tomhaltóirí a shroicheadh. I bhfianaise an mhéadaithe ar spleáchas sin, is minic a bhíonn cumhacht mhargála níos mó ag soláthraithe na seirbhísí sin rud a fhágann go mbíonn siad in ann, go bunúsach, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlíthiúla a núsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas.

(3)Ar an gcaoi chéanna, is féidir innill chuardaigh ar líne bheith ina bhfoinsí tábhachtacha tráchta idirlín do ghnóthais a thairgeann earraí agus seirbhísí do thomhaltóirí ar líne trí shuíomhanna gréasáin agus dá bhrí sin is féidir leo difear mór a dhéanamh do rathúnas tráchtála na núsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a thairgeann a nearraí agus a seirbhísí ar líne ar an margadh inmheánach. I ndáil leis sin, imríonn an rangú a dhéanann soláthraithe innill chuardaigh ar líne, lena náirítear na suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a nearraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na núsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha sin. Toisc nach mbíonn aon ghaol conarthach acu leis na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, bíonn soláthraithe innill chuardaigh ar líne in ann, go bunúsach, gníomhú go haontaobhach ar bhealach a d’fhéadfadh bheith éagórach agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do leasanna dlíthiúla a núsáideoirí gnó agus, go hindíreach, do leasanna tomhaltóirí san Aontas.

(4)Mar thoradh ar an spleáchas atá ag úsáideoirí gnó ar sheirbhísí idirghabhála ar líne is minic nach mbíonn ach deis theoranta ag úsáideoirí gnó sásamh a lorg i gcásanna ina bhfuil díospóid ann de dheasca gníomhaíochtaí aontaobhacha na soláthraithe a chuireann na seirbhísí sin ar fáil. Is minic nach gcuireann na soláthraithe sin córais inmheánacha éifeachtacha inrochtana ar fáil chun déileáil le gearáin. Is féidir sásraí réitithe díospóide bheith neamhéifeachtach freisin ar chúiseanna éagsúla, lena náirítear easpa idirghabhálaithe speisialaithe agus an eagla a bhíonn ar úsáideoirí gnó roimh dhíoltas.

(5)Ó nádúr, baineann poitéinseal trasteorann le seirbhísí idirghabhála ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne, agus leis na hidirbhearta tráchtála a éascaíonn siad, agus baineann tábhacht ar leith leo maidir le feidhmiú iomchuí mhargadh aonair an Aontais sa gheilleagar atá ann faoi láthair. Mar gheall ar na cleachtais trádála atá ag soláthraithe áirithe a chuireann na seirbhísí sin ar fáil, ar cleachtais iad a d’fhéadfadh bheith éagórach agus díobhálach i ndáil le húsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, cuirtear bac ar leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal sin agus imrítear tionchar diúltach ar fheidhmiú am mhargaidh aonair. Ina theannta sin, cuirtear bac ar leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal sin, agus imrítear tionchar diúltach ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh, de dheasca éagsúlacht na ndlíthe atá ag Ballstáit áirithe lena rialaítear, le leibhéil éagsúla éifeachtachta, na seirbhísí sin, agus tá Ballstáit eile ag cuimhneamh ar dhlíthe den sórt sin a ghlacadh.

(6)Ba cheart dá bharr sin tacar rialacha éigeantacha aonfhoirmeacha spriocdhírithe a bhunú ar leibhéal an Aontais chun timpeallacht ghnó ar líne atá iontaofa inbhuanaithe intuartha cóir a áirithiú, trína áirithiú go háirithe go dtugtar trédhearcacht iomchuí mar aon le deiseanna éifeachtacha chun sásamh a fháil ar fud an Aontais d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála. Ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha sin maidir le trédhearcacht iomchuí i dtaca le húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a rangú sna torthaí cuardaigh a ghintear le innill chuardaigh ar líne. Mar sin féin, ba cheart cosaint a thabhairt leis na rialacha sin don phoitéinseal tábhachtach nuálaíochta atá sa gheilleagar ardáin ar líne i gcoitinne.

(7)Ós rud é gur gnách gné dhomhanda a bheith ag seirbhísí idirghabhála agus ag innill chuardaigh ar líne, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe na seirbhísí sin, is cuma cé acu i mBallstát nó lasmuigh den Aontas atá siad bunaithe ar choinníoll go gcomhlíonfar dhá choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos ba cheart na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin eile a bheith bunaithe san Aontas. Ar an dara dul síos, ba cheart do na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, trí na seirbhísí sin a chur ar fáil, a seirbhísí agus a nearraí a thairiscint do thomhaltóirí atá san Aontas i dtaca le cuid den idirbheart ar a laghad. Ba cheart na tomhaltóirí sin a bheith san Aontas ach ní gá dóibh a náit chónaithe a bheith san Aontas nó a náisiúntacht a bheith in aon Bhallstát. Dá réir sin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás nach bhfuil na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha bunaithe san Aontas nó i gcás ina bhfuil siad bunaithe san Aontas ach ina núsáideann siad seirbhísí idirghabhála ar líne nó innill chuardaigh ar líne chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lasmuigh den Aontas nó do dhaoine nach tomhaltóirí iad.

(8)Déanann soláthraithe a oibríonn seirbhísí iltaobhacha atá bunaithe i bhfírinne ar an tsamhail ghnó um thógáil éiceachórais idirmheánú ar éagsúlacht mhór caidrimh tráchtála idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Chun na seirbhísí ábhartha a chuimsiú, ba cheart seirbhísí idirghabhála ar líne a shainmhíniú go cruinn agus ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Go háirithe, ba cheart nach mbeadh sna seirbhísí sin seirbhísí de chuid na sochaí faisnéise, a bhfuil sé de shaintréith acu gurb é is aidhm leo tionscnamh idirbhearta díreacha idir úsáideoirí agus tomhaltóirí a éascú, beag beann ar cé acu an dtugtar na idirbhearta chun críche ar deireadh ar líne, ar thairseach ar líne sholáthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne atá i gceist nó ar thairseach an úsáideora gnó, nó as líne. Ina theannta sin, ba cheart na seirbhísí a sholáthar ar bhonn gaolta conarthacha idir na soláthraithe agus na húsáideoirí agus idir na soláthraithe agus na tomhaltóirí. Ba cheart a mheas gurb ann do ghaol conarthach den chineál sin i gcás ina gcuirfidh an dá pháirtí in iúl ar bhealach soiléir infhíoraithe go bhfuil fúthu bheith faoi cheangal, gan an gá comhaontú sainráite i scríbhinn a bheith ann.

(9)Dá bharr sin, ar na samplaí de na seirbhísí idirghabhála ar líne a chumhdaítear leis an Rialachán seo tá margaí ríomhthráchtála ar líne, lena náirítear margaí comhoibríocha ar a mbíonn úsáideoirí gnó gníomhach, seirbhísí um bogearraí feidhmchláir ar líne agus seirbhísí meán sóisialta a bheith. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le huirlisí seirbhíse fógraíochta ar líne ná maidir le malartáin fógraíochta ar líne nach gcuirtear ar fáil chun é a dhéanamh níos éasca idirbhearta díreacha a thionscnamh agus nach mbaineann gaol conarthach le tomhaltóirí leo. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí íocaíochta ar líne toisc nach gcomhlíonann na seirbhísí sin iad féin na ceanglais is infheidhme ach gur seirbhísí cúnta iad go bunúsach i ndáil le soláthar earraí agus seirbhísí do na tomhaltóirí i gceist.

(10)I gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ós rud é gur léir gur staid spleách í staid na núsáideoirí gnó go háirithe i ndáil le seirbhísí idirghabhála ar líne a fheidhmíonn mar thairseach do thomhaltóirí i bhfoirm daoine nádúrtha, ní mór a thuiscint gur ag tagairt do dhaoine nádúrtha, i gcás ina bhfeidhmíonn siad chun críocha atá lasmuigh dá dtrádáil, dá ngnó, dá gceird nó dá ngairm, atá an coincheap de thomhaltóir a úsáidtear chun raon feidhme an Rialacháin seo a leagan amach.

(11)Ar chúiseanna comhleanúnachais, ba cheart an sainmhíniú ar inneall cuardaigh ar líne a ailíniú leis an sainmhíniú a úsáidtear i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle 21 .

(12)D’fhonn úsáideoirí gnó a chosaint go héifeachtach i gcás inar gá, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, i gcás nach ndéanann na páirtithe lena mbaineann téarmaí agus coinníollacha gaoil chonarthaigh, gan beann ar a nainm ná ar a bhfoirm, a chaibidliú go leithleach. Is ar bhonn measúnú foriomlán ba cheart a chinneadh cé acu a ndearnadh nó nach ndearnadh téarmaí agus coinníollacha a chaibidliú go leithleach, agus ní toisc chinntitheach ann féin é caibidliú leithleach a bheith déanta ar fhorálacha áirithe díobh.

(13)Lena áirithiú go gcuirfidh téarmaí agus coinníollacha ginearálta gaoil chonarthaigh ar a gcumas d’úsáideoirí gnó na coinníollacha tráchtála ar úsáid, ar fhoirceannadh agus ar fhionraíocht seirbhísí idirghabhála ar líne a dhéanamh amach, agus le hintuarthacht maidir lena gcaidreamh gnó a bhaint amach, ba cheart na téarmaí agus na coinníollacha sin a dhréachtú i dteanga atá soiléir agus gan débhrí agus a thuigfeadh an gnáthúsáideoir gnó go héasca. Níor cheart a mheas gur dréachtaíodh téarmaí agus coinníollacha i dteanga atá soiléir agus gan débhrí i gcás ina bhfuil siad doiléir, neamhshonrach nó nach bhfuil siad mionsonraithe go leor maidir le saincheisteanna tráchtála agus ar an gcaoi sin nach dtugann siad leibhéal réasúnach intuarthachta d’úsáideoirí gnó maidir leis na gnéithe is tábhachtaí den ghaol conarthach.

(14)Féadann trédhearcacht na dtéarmaí agus na gcoinníollach ginearálta bheith ríthábhachtach maidir le gaolta gnó inbhuanaithe a chur chun cinn agus iompar éagóir díobhálach d’úsáideoirí gnó a chosc. Dá bharr sin ba cheart go náiritheodh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne go mbeadh na téarmaí agus na coinníollacha ar fáil go héasca ar feadh chéimeanna iomlána an ghaoil chonarthaigh, lena náirítear úsáideoirí gnó ionchasacha ag an gcéim réamhchonarthach, agus go gcuirfí aon mhodhnuithe ar na téarmaí sin in iúl d’úsáideoirí faoi cheann tréimhse fógra shocraithe atá réasúnach agus comhréireach i bhfianaise na nimthosca sonracha agus ar tréimhse cúig lá dhéag ar a laghad í. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse fógra sin i gcás ina ndéanfaidh an túsáideoir gnó lena mbaineann é a tharscaoileadh ar bhealach nach bhfuil débhríoch nó i gcás ina dtiocfaidh ann don ghá an modhnú a chur chun feidhme gan an tréimhse fógra a urramú de thoradh oibleagáid dhlíthiúil atá ar an soláthraí seirbhísí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, agus a mhéid is ann don ghá dá thoradh sin.

(15)Chun úsáideoirí a chosaint, ba cheart cúirt inniúil a bheith in ann a cinneadh a dhéanamh, maidir le téarmaí agus coinníollacha neamhchomhlíontacha, nach bhfuil siad ceangailteach ar an úsáideoir gnó lena mbaineann, agus éifeachtaí ex nunc a bheith ag an gcinneadh sin. Ba cheart nach mbainfeadh aon chinneadh cúirte den chineál sin ach le forálacha sonracha na dtéarmaí agus na gcoinníollacha nach bhfuil comhlíontach. Ba cheart an chuid eile de na forálacha leanúint de bheith bailí agus in-fhorfheidhmithe a mhéid is gur féidir iad a scaradh ó na forálacha neamhchomhlíontacha. Féadfaidh modhnuithe tobanna ar théarmaí agus coinníollacha atá ann cheana cur isteach go mór ar oibríochtaí úsáideoirí gnó. Dá bhrí sin, chun tionchar diúltach ar úsáideoirí gnó a theorannú, agus chun iompar den chineál sin a dhíspreagadh, ba cheart modhnuithe a dhéanfar de shárú ar an oibleagáid tréimhse sheasta fógra a thabhairt, ba cheart iad a bheith ar neamhní go hiomlán, is é sin le rá, ba cheart a mheas nárbh ann dóibh riamh le héifeacht erga omnes agus ex tunc.

(16)Féadfaidh cúiseanna dlisteanacha a bheith ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar líne cinneadh a dhéanamh deireadh a chur lena sheirbhísí a sholáthar, i bpáirt nó go hiomlán, d’úsáideoir gnó áirithe, lena náirítear earraí nó seirbhísí aonair de chuid úsáideoirí gnó áirithe a dhíliostú nó torthaí cuardaigh a bhaint go héifeachtach. Mar sin féin, ba cheart na cúiseanna leis sin a chur in iúl go hiomchuí don úsáideoir gnó lena mbaineann toisc go bhféadfadh na cinntí sin tionchar suntasach a imirt ar leasanna an úsáideora gnó sin. Ba cheart go gceadófaí d’úsáideoirí gnó leis an ráiteas faoi na cúiseanna fáil amach an bhfuil deis ann agóid a dhéanamh faoin gcinneadh, agus ar an gcaoi sin na deiseanna a bheadh ag úsáideoirí gnó sásamh éifeachtach a lorg a fheabhsú i gcás inar ghá. Ina theannta sin, an ceanglas ráiteas ar na cúiseanna a thabhairt, ba cheart go gcuideodh sin le cosc a chur le baint neamhbheartaithe aon ábhair ar líne a sholáthair úsáideoir gnó agus a mheas an soláthraí go contráilte a bheith mídhleathach, nó leis an mbaint sin a leigheas, i gcomhréir le Moladh (AE) Uimh 2018/334 ón gCoimisiún 22 . Ba cheart go sainaithneofaí foras oibiachtúil nó forais oibiachtúla an chinnidh sin sa ráiteas ar na cúiseanna, bunaithe ar na forais a bhí leagtha amach roimh ré ag an soláthraí sna téarmaí agus coinníollacha, agus go ndéanfaí tagairt ar dhóigh iomchuí do na himthosca ábhartha sonracha ba chúis leis an gcinneadh sin.

(17)I ndáil le rangú earraí agus seirbhísí ag soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne, imríonn sin tionchar tábhachtach ar rogha an tomhaltóra agus, dá bharr sin, ar rathúnas tráchtála na núsáideoirí gnó a thairgeann na hearraí agus na seirbhísí sin do thomhaltóirí. Dá bharr sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinnfear an rangú a leagan amach roimh ré, d’fhonn an intuarthacht a fheabhsú d’úsáideoirí gnó, chun ceadú dóibh feidhmiú an tsásra rangaithe a thuiscint níos fearr agus chun a chur ar a gcumas cleachtais rangaithe na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid. Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an coincheap príomhpharaiméadar d’aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú. Sa tuairisc ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear an rangú ba cheart míniú a bheith ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ag úsáideoirí gnó tionchar gníomhach a imirt ar rangú os coinne luach saothair, mar aon le míniú ar na éifeachtaí coibhneasta a bhaineann leis sin. Leis an tuairisc sin ba cheart tuiscint leordhóthanach a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar an gcaoi a gcuireann an sásra rangaithe tréithe na nearraí agus na seirbhísí iarbhír a thairgeann an túsáideoir gnó san áireamh agus a nábharthacht sin do thomhaltóirí na seirbhísí idirghabhála sonracha ar líne.

(18)Ar an gcaoi chéanna, imríonn an rangú a dhéanann soláthraithe innill chuardaigh ar líne, go háirithe na suíomhanna suíomhanna gréasáin sin trína dtairgeann gnóthais a nearraí agus a seirbhísí do thomhaltóirí, imríonn sin tionchar mór ar rogha tomhaltóirí agus ar rathúnas tráchtála na núsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha. Dá bharr sin ba cheart do sholáthraithe inneall cuardaigh tuairisc a chur ar fáil ar na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na suíomhanna suíomhanna gréasáin innéacsaithe uile, lena náirítear suíomhanna úsáideoirí corparáideacha agus úsáideoirí suíomhanna eile. Mar aon le tréithe na nearraí agus na seirbhísí agus a ábhartha atá siad ó thaobh na dtomhaltóirí de, ba cheart a cheadú i gcás innill chuardaigh ar líne d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar líne tuiscint leordhóthanach a fháil an gcuirtear tréithe áirithe de dhearadh an tsuímh suíomhanna gréasáin a úsáidtear san áireamh, amhail iad a optamú lena dtaispeáint ar ghléasanna cumarsáide móibíleacha, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus an méid a dhéantar é. D’uireasa gaol conarthach idir soláthraithe inneall cuardaigh ar líne agus úsáideoirí suíomhanna corparáideacha, ba cheart an tuairisc sin a chur ar fáil don phobal in áit fhollasach atá inrochtana gan stró ar an inneall cuardaigh ábhartha ar líne. Chun intuarthacht a áirithiú d’úsáideoirí suíomhanna corparáideacha ba cheart an tuairisc a choinneáil cothrom le dáta, lena náirítear an deis aon athruithe ar na príomhpharaiméadair a bheith so-aitheanta. Cé nach gceanglófar ar na soláthraithe i gcás ar bith aon rúin trádála a nochtadh mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 agus an ceanglas na príomhpharaiméadair rangaithe a nochtadh á chomhlíonadh acu, ba cheart an tuairisc a thabharfar bheith bunaithe ar shonraí iarbhír maidir le hábharthacht na bparaiméadar rangaithe a úsáidfear.

(19)I gcás ina dtairgeann soláthraí seirbhísí idirghabhála féin earraí agus seirbhísí áirithe do thomhaltóirí trína sheirbhísí idirghabhála ar líne, nó ina ndéanann sé sin trí bhíthin úsáideoir gnó a bhfuil sé i gceannas air, féadann an soláthraí sin dul in iomaíocht go díreach le húsáideoirí gnó eile a bhaineann úsáid as a chuid seirbhísí idirghabhála ar líne nach bhfuil an soláthraí i gceannas orthu. Sna cásanna sin, go háirithe, tá sé tábhachtach go ngníomhóidh an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne ar bhealach trédhearcach agus go dtabharfaidh sé tuairisc ar aon chóir dhifreáilte, cibé acu trí mhodhanna dlíthiúla, tráchtála nó teicniúla, a d’fhéadfadh sé a dhéanamh i ndáil le hearraí nó seirbhísí a thairgeann sé féin i gcomparáid leis na hearraí sin a thairgeann úsáideoirí gnó eile. Chun an chomhréireacht a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le leibhéal na seirbhísí idirghabhála foriomlána ar líne seachas maidir le leibhéal na nearraí nó na seirbhísí aonair a thairgtear trí bhíthin na seirbhísí sin.

(20)Leis an gcumas sonraí a rochtain agus a úsáid, lena náirítear sonraí pearsanta, is féidir cruthú luacha tábhachtach a chumasú sa gheilleagar ardáin ar líne. Dá réir sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne tuairisc shoiléir d’úsáideoirí gnó ar raon feidhme agus cineál na rochtana atá acu ar chatagóirí áirithe sonraí agus na húsáide a bhaineann siad astu, agus na coinníollach a bhaineann leis an rochtain agus an úsáid sin. Ba cheart an tuairisc sin bheith comhréireach agus go dtagródh sé do choinníollacha ginearálta maidir le rochtain, de rogha ar shainaithint uileghabhálach sonraí nó catagóirí de shonraí, d’fhonn a chur ar a gcumas d’úsáideoirí gnó a dhéanamh amach an féidir leo na sonraí a úsáid chun cruthú luacha a fheabhsú, lena náirítear, b’fhéidir, trí tháille áirithíochta a thabhairt do sheirbhísí sonraí tríú páirtithe. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh leis an bpróiseáil sonraí pearsanta 24 .

(21)I gcásanna áirithe d’fhéadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne srian a chur, sna téarmaí agus coinníollacha, ar an gcumas atá in úsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí ar choinníollacha níos fabhraí ar bhealaí seachas trí na seirbhísí idirghabhála ar líne sin. Sna cásanna sin, ba cheart do na soláthraithe lena mbaineann na forais ar a ndéanfar an méid sin a dhéanamh a leagan amach, go háirithe i ndáil le príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí na srianta. Níor cheart a thuiscint go ndéanfaí difear leis an oibleagáid trédhearcachta do mheasúnú dhlíthiúlacht na srianta sin faoi ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena náirítear i réimsí na hiomaíochta agus na gcleachtas tráchtála éagóir, agus cur i bhfeidhm na ndlíthe sin.

(22)Lena chur ar a gcumas d’úsáideoirí gnó, lena náirítear na húsáideoirí sin a d’fhéadfadh an cead a bheadh acu na seirbhísí idirghabhála ar líne a úsáid a bheith curtha ar fionraí nó foirceannta, rochtain a fháil ar dheiseanna sásaimh láithreacha oiriúnacha éifeachtacha, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne foráil a dhéanamh maidir le córas inmheánach chun déileáil le gearáin. Leis an gcóras inmheánach chun déileáil le gearáin ba cheart go náiritheofaí gur féidir leis an soláthraí seirbhísí idirghabhála ar líne agus an úsáideoir gnó is ábhartha sciar suntasach de na gearáin a réiteach go déthaobhach. Ina theannta sin, dá náireofaí go bhfoilseodh na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne faisnéis maidir le feidhmiú agus éifeachtacht a gcóras inmheánach chun déileáil le gearáin ba cheart go gcuideodh sin le húsáideoirí gnó tuiscint a fháil ar na cineálacha saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcomhthéacs seirbhísí idirghabhála difriúla ar líne a sholáthar agus ar na deiseanna atá ann teacht ar réiteach déthaobhach gasta éifeachtach.

(23)Is é is aidhm le ceanglais an Rialacháin seo maidir le córais inmheánacha chun déileáil le gearáin méid réasúnach solúbthachta a cheadú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus na córais sin á bhfeidhmiú acu agus iad ag déileáil le gearáin aonair ionas go laghdófar aon ualach riaracháin a bheidh ann. Ina theannta sin, leis na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin ba cheart go gceadófaí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne dul i ngleic, i gcás inar gá, ar bhealach iomchuí le haon úsáid a ndéanfadh úsáideoirí gnó áirithe iarracht a bhaint as na córais sin de mheon mímhacánta. I gcásanna cé is moite d’aon neamhchomhlíonadh a líomhnaítear a bheith ann maidir le hoibleagáidí dlíthiúla an Rialacháin seo, níor cheart na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin bheith ar fáil chun déileáil le gearáin nach mbaineann ach le tionchar diúltach diomaibhseach ar an úsáideoir gnó lena mbaineann. I bhfianaise na gcostas a bhaineann leis na córais sin a bhunú agus a fheidhmiú, is iomchuí aon soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne ar fiontair bheaga iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún 25 .

(24)Leis an idirghabháil tugtar do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus dá núsáideoirí gnó modh chun díospóidí a réiteach ar bhealach sásúil gan an gá dul i mbun imeachtaí dlíthiúla, rud a bhíonn fadálach costasach uaireanta. Dá bharr sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne an idirghabháil a éascú, go háirithe, trí idirghabhálaithe a mbeidís sásta déileáil leo a shainaithint. Níor cheart idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí ar fáil ó áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin, i gcás ina núsáidtear na seirbhísí sin, má ráthaítear nach ndéanfar aon chosaint dlíthiúil a thugtar do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a cheilt orthu, lena náirítear ceanglais an Rialacháin seo agus an dlí is infheidhme a bhaineann le sonraí pearsanta agus rúin trádála a chosaint. Chun a bheith chomh hinrochtana cóir gasta éifeachtúil agus éifeachtach agus is féidir, ba cheart go gcomhlíonfadh na hidirghabhálaithe sin critéir shocraithe áirithe.

(25)Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála a sheasamh agus gnéithe ábhartha uile an cháis i dtrácht á gcur san áireamh. Chun na críche sin, ba cheart don idirghabhálaí a mholadh cé acu coibhneas is réasúnach i ngach cás aonair. Mar sin féin, ba cheart nár lú aon am an coibhneas sin ná leath na gcostas.

(26)D’fhonn réiteach díospóidí a bhaineann le soláthar seirbhísí idirmheánaithe ar líne a éascú trí idirghabháil a dhéanamh san Aontas, ba cheart don Choimisiún bunú eagraíochtaí idirghabhála speisialaithe a spreagadh, rud atá de dhíth faoi láthair. Rannpháirteachas idirghabhálaithe a mbeadh eolas speisialaithe acu ar sheirbhísí idirmheánaithe ar líne agus ar innill chuardaigh ar líne agus ar earnálacha sonrach den tionscal ina soláthraítear na seirbhísí seo, ba cheart go gcuirfeadh an rannpháirteachas sin leis an muinín atá ag an dá pháirtí as an bpróiseas idirghabhála agus ba cheart é a bheith níos dóchúla go dtiocfadh as an bpróiseas sin toradh gasta cóir sásúil.

(27)De thoradh tosca éagsúla, amhail acmhainní airgeadais teoranta, an eagla roimh dhíoltas agus gan ach an saghas sin rogha a bheith le fáil de réir na dtéarmaí agus coinníollacha, is féidir teorainn a bheith le héifeachtacht na ndeiseanna sásaimh bhreithiúnaigh atá ann, na deiseanna sin go háirithe lena gceanglaítear ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna corparáideacha gníomhú ina naonar nó ar bhealach ina naithneofaí iad. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an deis a thabhairt d’eagraíochtaí, do chomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, mar aon le comhlachtaí poiblí áirithe atá bunaithe sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta. Ba cheart gurbh é an aidhm le caingean den sórt sin os comhair cúirt náisiúnta sáruithe ar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc agus díobháil a chosc sa todhchaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint den ghaol gnó inbhuanaithe sa gheilleagar ardáin ar líne. Lena áirithiú go bhfeidhmeoidh na heagraíochtaí nó na comhlachais sin an ceart sin go héifeachtach agus go hiomchuí, ba cheart dóibh critéir áirithe a chomhlíonadh. I bhfianaise an stádais ar leith atá ag na comhlachtaí poiblí ábhartha sna Ballstáit inar cuireadh na comhlachtaí sin ar bun, ba cheart gurb ar na comhlachtaí sin amháin a cheanglófaí go leithleach, i gcomhréir le rialacha ábhartha an dlí náisiúnta, na caingne sin a thabhairt ar mhaithe le leasanna coiteanna na bpáirtithe lena mbaineann nó ar mhaithe leis an leas ginearálta, gan aon ghá a bheith ann na critéir sin a chur i bhfeidhm maidir leis na comhlachtaí sin. Ba cheart nach ndéanfadh caingne den sórt sin aon difear do na cearta atá ag úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna suíomhanna gréasáin caingean bhreithiúnach a thabhairt.

(28)Féadfar le cóid iompair, a tharraingeoidh suas na soláthraithe seirbhísí lena mbaineann, nó na heagraíochtaí nó na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, rannchuidiú le cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo agus dá bharr sin ba cheart an méid sin a spreagadh. Agus na cóid iompair sin á dtarraingt suas, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ghnéithe sonracha na nearnálacha lena mbaineann agus ar thréithe na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

(29)Ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a mheasúnú go tráthrialta, go háirithe d’fhonn an gá atá le leasuithe a mheas i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus forbairtí tráchtála.

(30)Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán á cur ar fáil, ba cheart riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh a mhéid is féidir, i gcomhréir le cuspóirí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) 26 .

(31)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon timpeallacht ghnó ar líne iontaofa inbhuanaithe intuartha cóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach ,a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir arna shaothrú a ghnóthú.

(32)Is iomchuí a shoiléiriú nár cheart go nimreodh an Rialachán seo tionchar ar chur chun cinn na rialacha ábhartha de dhlí an Aontais is infheidhme i réimsí an chomhair bhreithiúnaigh ar ábhair shibhialta, na hiomaíochta, na cosanta tomhaltóirí, na ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais.

(33)Féachann an Rialachán lena áirithiú go dtabharfar urraim iomlán don cheart chun leigheas éifeachtaigh, chun trialach córa agus le cur chun cinn a dhéanamh ar an tsaoirse gnó a sholáthar, a leagtar amach in Airteagal 47 agus Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh faoi seach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha lena áirithiú go gcuirtear trédhearcacht iomchuí agus deiseanna éifeachtacha sásaimh ar fáil d’úsáideoirí gnó a bhaineann leas as seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha i dtaca le hinnill cuardaigh ar líne.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus innill cuardaigh ar líne a sholáthraítear, nó a thairgtear a sholáthar, d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, faoi seach, a bhfuil a náit bhunaíochta nó a náit chónaithe san Aontas agus a thairgeann, trí sheirbhísí idirmheánaithe ar líne nó trí innill cuardaigh ar líne, earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, beag beann ar áit bhunaíochta nó áit chónaithe sholáthraithe na seirbhísí sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘úsáideoir gnó’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí trí sheirbhísí idirmheánaithe ar líne chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(2)ciallaíonn ‘seirbhísí idirmheánaithe ar líne’ seirbhísí a chomhlíonann na riachtanais seo a leanas go léir:

(a)is é atá iontu seirbhísí de chuid na sochaí faisnéise de réir bhrí Airteagal 1(1)(b) de Threoir (AE) Uimh. 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 ;

(b)tugann siad deis d’úsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach idir na húsáideoirí agus na tomhaltóirí sin a éascú, beag beann ar an áit ina dtugtar na hidirbhearta sin chun críche;

(c)soláthraítear d’úsáideoirí gnó iad ar bhonn gaolta conarthacha idir soláthraí na seirbhísí sin ar an taobh amháin agus, ar an taobh eile, na húsáideoirí gnó agus na tomhaltóirí dá dtairgeann na húsáideoirí gnó sin earraí nó seirbhísí;

(3)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí idirmheánaithe ar líne d’úsáideoirí gnó, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(4)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(5)ciallaíonn ‘inneall cuardaigh ar líne’ seirbhís dhigiteach a thugann deis d’úsáideoirí cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó ar shuíomhanna gréasáin i dteanga faoi leith ar bhonn fiosraithe ar aon ábhar i bhfoirm eochairfhocail, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann ar ais naisc ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an ábhar a iarradh;

(6)ciallaíonn ‘soláthraí innill cuardaigh ar líne’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn innill cuardaigh ar líne do thomhaltóirí, nó a thairgeann iad a sholáthar dóibh;

(7)ciallaíonn ‘úsáideoir suímh gréasáin chorparáidigh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann suíomhanna gréasáin chun earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí chun críocha a bhaineann lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(8)ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhéiseach a thugtar do na hearraí nó na seirbhísí a thairgeann úsáideoirí gnó do thomhaltóirí trí sheirbhísí idirmheánaithe ar líne, nó do shuíomhanna gréasáin atá innéacsaithe de réir na dtomhaltóirí ag innill cuardaigh ar líne, arna gcur i láthair, arna neagrú agus arna gcur in iúl do na tomhaltóirí sin ag soláthraithe na seirbhísí idirmheánaithe ar líne nó ag soláthraithe innill cuardaigh ar líne, faoi seach, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagraíocht nó don chumarsáid sin;

(9)ciallaíonn ‘rialú’ úinéireacht ghnóthais, nó an cumas tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) 139/2004 ón gComhairle 28 ;

(10)ciallaíonn ‘téarmaí agus coinníollacha’ na téarmaí, coinníollacha, clásail agus faisnéis eile go léir, beag beann ar a nainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an gaol conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus a núsáideoirí gnó agus a chinneann soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne go haontaobhach.

Airteagal 3

Téarmaí agus coinníollacha

1.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne go bhfuil an méid seo a leanas i gceist lena gcuid téarmaí agus coinníollacha:

(a)tá siad dréachtaithe i bhfoclaíocht shoiléir gan débhrí; 

(b)tá siad ar fáil go héasca ag úsáideoirí gnó ar feadh chéimeanna iomlána an ghaoil tráchtála le soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne, lena náirítear ag an gcéim reámhchonarthach;

(c)leagtar amach iontu na forais oibiachtúla maidir le cinntí deireadh a chur lena seirbhísí idirmheánaithe ar líne a sholáthar, i bpáirt nó go hiomlán, d’úsáideoirí gnó, nó iad a chur ar fionraí.

2.Ní bheidh téarmaí agus coinníollacha, nó forálacha sonracha díobh, nach bhfuil ag teacht le ceanglais mhír 1 ina cheangal ar an úsáideoir gnó lena mbaineann i gcás ina bhfuil neamhchomhlíonadh den sórt sin cinntithe ag cúirt inniúil.

3.Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le haon mhodhnuithe atá beartaithe ar a dtéarmaí agus a gcoinníollacha.

Ní chuirfear na modhnuithe atá beartaithe chun feidhme sula rachaidh tréimhse fógra in éag atá réasúnta agus comhréireach le cineál agus réim na modhnuithe atá beartaithe agus lena niarmhairtí don úsáideoir gnó lena mbaineann. Beidh an tréimhse fógra sin 15 lá ar a laghad ón dáta a thugann an soláthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne fógra do na húsáideoirí gnó lena mbaineann faoi na modhnuithe atá beartaithe.

Féadfaidh an túsáideoir gnó lena mbaineann an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír a tharscaoileadh, cibé acu trí ráiteas i scríbhinn nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach.

4.Maidir le modhnuithe ar théarmaí agus coinníollacha arna gcur chun feidhme ag soláthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne contrártha le forálacha mhír 3, beidh siad ar neamhní go hiomlán.

5.Ní bheidh feidhm ag mír 3 i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne faoi réir oibleagáid dhlíthiúil a cheanglaíonn air a théarmaí agus a choinníollacha a athrú ar bhealach nach dtugann deis dó an tréimhse fógra dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a urramú.

Airteagal 4

Fionraí agus foirceannadh

1.I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne cinneadh deireadh a chur lena sheirbhísí a sholáthar, i bpáirt nó go hiomlán, d’úsáideoir gnó áirithe, nó é chur ar fionraí, cuirfidh sé ráiteas na gcúiseanna leis an gcinneadh sin ar fáil don úsáideoir gnó lena mbaineann, gan aon mhoill mhíchuí.

2.Beidh tagairt sa ráiteas faoi na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 do na fíricí sonracha nó do na cúinsí sonracha as a dtáinig an cinneadh ó sholáthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne, chomh maith le tagairt don fhoras oibiachtúil infheidhme nó na forais oibiachtúla infheidhme leis an gcinneadh sin dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(c).

Airteagal 5

Rangú

1.Leagfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne amach ina dtéarmaí agus ina gcoinníollacha na príomhpharaiméadair lena gcinntítear rangú agus na cúiseanna le tábhacht choibhéiseach na bpríomhpharaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile.

I gcás ina náirítear leis na príomhpharaiméadair sin an deis tionchar a imirt ar rangú in aghaidh aon luach saothair díreach nó hindíreach a íocfaidh úsáideoirí gnó le soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann, áireoidh an soláthraí seirbhísí idirmheánaithe ar líne sin ina théarmaí agus coinníollacha tuairisc ar na deiseanna sin agus ar na héifeachtaí atá ag luach saothair den sórt sin ar rangú.

2.Leagfaidh soláthraithe innill cuardaigh ar líne amach d’úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú, trí thuairisc a sholáthar atá ar fáil go héasca agus go poiblí agus atá dréachtaithe i bhfoclaíocht shoiléir gan débhrí maidir le hinnill cuardaigh ar líne na soláthraithe sin. Coinneoidh siad an tuairisc sin cothrom le dáta.

3.Beidh na tuairiscí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 cuimsitheach agus cruinn go leor chun gur féidir leis na húsáideoirí gnó nó na húsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha tuiscint leordhóthanach a fháil an gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an sásra rangaithe, agus má chuirtear, conas a dhéantar sin agus an méid a dhéantar é:

(a)airíonna na nearraí agus na seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí bhíthin na seirbhísí idirmheánaithe ar líne nó an innill cuardaigh ar líne;

(b)ábharthacht na nairíonna sin ó thaobh na dtomhaltóirí sin de;

(c)maidir le hinnill cuardaigh ar líne, airíonna de dhearadh an tsuímh gréasáin a úsáideann úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha.

4.Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne ná ar sholáthraithe innill cuardaigh ar líne, agus iad ag comhlíonadh ceanglais an Airteagail seo, aon rún trádála a nochtadh mar a shainítear é in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/943.

Airteagal 6

Cóir dhifreáilte

1.Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne ina dtéarmaí agus coinníollacha tuairisc ar aon chóir dhifreáilte a thugann siad, nó a d’fhéadfadh siad a thabhairt, i dtaca le hearraí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí trí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne sin ag an soláthraí féin nó ag aon úsáideoirí gnó a rialaíonn an soláthraí sin ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, úsáideoirí gnó eile.

2.Cumhdófar leis an an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb infheidhme, ar a laghad aon chóir dhifreáilte a dhéanfaidh soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne, a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas, trí bhearta sonracha nó trí iompar an tsoláthraí sin:

(a)rochtain atá ag an soláthraí, nó ag na húsáideoirí gnó atá á rialú ag an soláthraí sin, ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirmheánaithe ar líne nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin;

(b)rangú;

(c)aon luach saothair díreach nó indíreach a ghearrfar as úsáid na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann;

(d)rochtain ar sheirbhísí atá bainteach go díreach nó atá coimhdeach leis na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann, nó na coinníollacha a bhaineann le húsáid na seirbhísí sin.

Airteagal 7

Rochtain ar shonraí

1.Áireoidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, tuairisc ar an rochtain theicniúil agus chonarthach, nó easpa na rochtana sin, a bheidh ag úsáideoirí gnó ar aon sonraí pearsanta nó sonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin.

2.Tríd an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne an méid seo a leanas, ar a laghad, in iúl go leordhóthanach d’úsáideoirí gnó:

(a)cibé acu an bhfuil rochtain ag soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí ar fáil chun úsáid a bhaint as na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(b)cibé acu an bhfuil rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, a chuireann an túsáideoir gnó sin ar fáil i dtaca leis an úsáid a bhaineann sé as na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann nó a ghintear trí sholáthar na seirbhísí sin don úsáideoir gnó sin agus do thomhaltóirí a earraí nó a sheirbhísí, agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu;

(c)cibé acu an bhfuil, sa bhreis ar phointe (b), rochtain ag úsáideoir gnó ar shonraí pearsanta nó ar shonraí eile, nó iad araon, lena náirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe, arna soláthar ag na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile nó arna ngineadh trí sholáthar na seirbhísí idirmheánaithe ar líne do na húsáideoirí gnó agus tomhaltóirí uile agus, i gcás ina bhfuil, catagóirí na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhfuil rochtain aige orthu.

Airteagal 8

Srianta maidir le coinníollacha éagsúla a thairiscint ar bhealaí eile

1.I gcásanna ina gcuireann soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne, agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu, srian ar chumas úsáideoirí gnó na hearraí nó seirbhísí céanna a thairiscint do thomhaltóirí ar choinníollacha éagsúla ar bhealaí seachas trí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne sin, áireoidh siad forais an tsriain sin ina gcuid téarmaí agus coinníollacha agus cuirfidh siad ar fáil don phobal go héasca iad. Áireofar leis na forais sin príomhbhreithnithe eacnamaíocha, tráchtála nó dlí na srianta sin.

2.Ní dhéanfaidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 difear d’aon toirmeasc ná teorainn i leith forchur na srianta sin a thagann chun cinn mar thoradh ar rialacha eile de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm nó rialacha náisiúnta eile atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus a bhfuil soláthraithe na seirbhísí idirmheánaithe ar líne faoina réir.

Airteagal 9

Córas inmheánach chun déileáil le gearáin

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne foráil do chóras inmheánach chun déileáil le gearáin ó úsáideoirí gnó.

Beidh rochtain éasca ag úsáideoirí gnó ar an gcóras inmheánach sin chun déileáil le gearáin. Tabharfaidh sé deis dóibh a ngearáin a thaisceadh go díreach leis an soláthraí lena mbaineann i dtaca le haon cheann de na saincheisteanna seo a leanas:

(a)neamhchomhlíonadh a líomhnaítear a bheith déanta ag an soláthraí sin maidir le haon oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sa Rialachán seo agus a dhéanann difear diúltach don ghearánaí;

(b)saincheisteanna teicneolaíocha a bhaineann go díreach le soláthar seirbhísí idirmheánaithe ar líne, agus a dhéanann difear diúltach don ghearánaí ar bhealach nach bhfuil diomaibhseach;

(c)bearta a dhéanann an soláthraí, nó iompar an tsoláthraí, a bhaineann go díreach le soláthar na seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus a bhfuil tionchar diúltach acu ar an ngearánaí ar bhealach nach bhfuil diomaibhseach.

2.Mar chuid dá gcóras inmheánach chun déileáil le gearáin, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne an méid seo a leanas:

(a)breithniú go cuí ar na gearáin a bheidh taiscthe agus ar an measúnú iar-iniúchta a d’fhéadfadh a bheith le tabhairt don ghearánaí acu chun dul i ngleic go leordhóthanach leis an tsaincheist a ardaíodh, ar bhealach atá comhréireach le tábhacht agus castacht na saincheiste sin;

(b)gearáin a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, agus tábhacht agus castacht na saincheiste a ardaíodh á gcur san áireamh;

(c)toradh an chórais inmheánaigh chun déileáil le gearáin a chur in iúl don ghearánaí go haonair, i bhfoclaíocht shoiléir gan débhrí.

3.An fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le rochtain ar a gcóras inmheánach chun déileáil le gearáin, agus lena fheidhmiú, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe an fhaisnéis san áireamh ina dtéarmaí agus ina gcoinníollacha.

4.Gach bliain déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne feidhmiú agus éifeachtúlacht a gcóras inmheánach chun déileáil le gearáin a leagan amach agus faisnéis maidir leis sin a chur ar fáil ar bhealach ina mbeidh fáil go héasca ag an bpobal air.

Áireofar leis an bhfaisnéis sin líon iomlán na ngearán a taiscfear, ábhar na ngearán, an tréimhse ama a bheidh de dhíth leis na gearáin a phróiseáil agus an cinneadh a dhéanfar maidir leis na gearáin.

5.Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne ar fiontair bheaga iad de réir bhrí Airteagal 2 (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/EC 29 .

Airteagal 10

Idirghabháil

1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne idirghabhálaí amháin nó níos mó a shainaithint ina dtéarmaí agus coinníollacha lena bhfuil siad sásta déileáil chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú le húsáideoirí gnó maidir le réiteach lasmuigh den chúirt ar aon díospóidí idir an soláthraí agus an úsáideoir gnó a eascróidh as soláthar na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann, lena náirítear gearáin nach bhféadfaí a réiteach tríd an gcóras inmheánach chun déileáil le gearáin dá dtagraítear in Airteagal 9.

Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne idirghabhálaithe a chuireann a seirbhísí idirghabhála ar fáil as áit atá lasmuigh den Aontas a shainaithint ach amháin i gcás ina náirithítear nach ndéanfar na buntáistí a ghabhann le haon choimircí dlíthiúla a leagtar síos i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát a cheilt ar na húsáideoirí gnó mar thoradh ar na seirbhísí sin a bheith á gcur ar fáil ag na hidirghabhálaithe lasmuigh den Aontas.

2.Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)tá siad neamhchlaonta agus neamhspleách;

(b)tá a seirbhísí idirghabhála inacmhainne ag gnáthúsáideoir gnó na seirbhísí idirmheánaithe ar líne lena mbaineann;

(c)tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar i dteanga na dtéarmaí agus na gcoinníollacha lena rialaítear an gaol conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus an túsáideoir gnó lena mbaineann;

(d)is féidir rochtain fhisiciúil a fháil orthu go héasca san áit ina bhfuil siad bunaithe nó in áit chónaithe an úsáideora gnó, nó go cianda trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide;

(e)tá siad in ann a seirbhísí idirghabhála a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí;

(f)tá tuiscint leordhóthanach acu ar ghaolta tráchtála ginearálta gnólacht le gnólacht, rud a thugann deis dóibh cuidiú go héifeachtach leis an iarracht díospóidí a réiteach.

3.Glacfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne páirt de mheon macánta in aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí idirghabháil aon duine de na hidirghabhálaithe a bheidh sainaitheanta acu i gcomhréir le mír 1, d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le réiteach na díospóide.

4.Seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne cion réasúnach de chostais uile na hidirghabhála i ngach cás aonair. Cinnfear cion réasúnach de na costais iomlána sin, ar bhonn moladh ón idirghabhálaí, trí ghnéithe ábhartha uile an cháis atá idir lámha a chur san áireamh, go háirithe an fiúntas coibhéiseach atá le héilimh na bpáirtithe sa díospóid, iompar na bpáirtithe, chomh maith le méid agus neart airgeadais na bpáirtithe i gcoibhneas lena chéile. Mar sin féin, seasfaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne leath den chostas iomlán ar a laghad.

5.Aon iarracht chun teacht ar chomhaontú trí bhíthin idirghabhála maidir le réiteach díospóide i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh sí difear do chearta sholáthraithe na seirbhísí idirmheánaithe ar líne agus na núsáideoirí gnó lena mbaineann i dtaca le himeachtaí breithiúnacha a thionscnamh aon tráth le linn an phróisis idirghabhála nó ina dhiaidh.

Airteagal 11

Idirghabhálaithe speisialaithe

Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne chomh maith leis na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu chun eagraíocht amháin nó níos mó a bhunú go haonair nó go comhpháirteach d’fhonn seirbhísí idirghabhála a sholáthar lena gcomhlíonfar na riachtanais a shonraítear in Airteagal 10(2), leis an gcuspóir sonrach réiteach lasmuigh den chúirt a éascú ar dhíospóidí le húsáideoirí gnó a eascróidh i dtaca le soláthar na seirbhísí sin, agus cineál trasteorann na seirbhísí idirmheánaithe ar líne á chur san áireamh go háirithe.

Airteagal 12

Imeachtaí breithiúnacha eagraíochtaí ionadaíocha nó comhlachais ionadaíocha agus comhlachtaí poiblí

1.Beidh sé de cheart ag eagraíochtaí agus ag comhlachais a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí gnó nó in ionadaíocht a dhéanamh ar úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha, chomh maith le comhlachtaí poiblí arna mbunú sna Ballstáit, caingean a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta san Aontas, i gcomhréir le rialacha dhlí an Bhallstáit ina dtabharfar an caingean, chun aon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne nó soláthraithe innill cuardaigh ar líne maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a stopadh nó a chosc.

2.Ní bheidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag eagraíochtaí nó comhlachais ach amháin i gcás ina bhfuil na ceanglais uile seo a leanas á gcomhlíonadh acu tráth a thabharfar an caingean:

(a)tá siad comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(b)saothraíonn siad cuspóirí atá ar mhaithe le leasanna coiteanna an ghrúpa soláthraithe gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha ar a ndéanann siad ionadaíocht;

(c)is de chineál neamhbhrabúsach iad.    

Sna Ballstáit ina bhfuil na comhlachtaí poiblí sin curtha ar bun, beidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 ag na comhlachtaí poiblí sin, i gcás ina gceanglófar orthu leasanna coiteanna úsáideoirí gnó nó úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha a chosaint nó comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

3.Beidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do chearta úsáideoirí gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin corparáideacha caingean a thabhairt go haonair os comhair cúirteanna inniúla náisiúnta, i gcomhréir le rialacha dhlí na mBallstáit ina dtugtar an caingean sin, chun dul i ngleic le haon neamhchomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne maidir leis na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 13

Cóid iompair

1.Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe seirbhísí idirmheánaithe ar líne, agus eagraíochtaí agus comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na nearnálacha éagsúla ina soláthraítear seirbhísí idirmheánaithe ar líne á gcur san áireamh mar aon le sainairíonna na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

2.Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe innill cuardaigh ar líne, agus na heagraíochtaí agus na comhlachais a dhéanann ionadaíocht orthu, chun cóid iompair a tharraingt suas atá beartaithe cuidiú le cur i bhfeidhm cuí Airteagal 5(2) agus (3).

Airteagal 14

Athbhreithniú

1.Faoin [dáta: trí bliana tar éis an dáta theacht i bhfeidhm], agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.Déanfar an chéad mheastachán ar an Rialachán seo, ach go háirithe, d’fhonn measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6, 7 agus 8, chomh maith le tionchar na noibleagáidí sin ar gheilleagar na nardán ar líne, agus cibé acu an bhfuil rialacha breise, lena náirítear maidir le forfheidhmiú, de dhíth chun timpeallacht ghnó ar líne iontaofa inbhuanaithe intuartha chóir a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach.

3.Soláthróidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha a éileoidh an Coimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

4.Agus an meastachán ar an Rialachán seo á dhéanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh na tuairimí agus na tuarascálacha a bheidh curtha faoina bhráid ag grúpa saineolaithe don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne arna bhunú i gcomhréir le Cinneadh C(2018)2393 ón gCoimisiún. Cuirfidh sé comhthéacs agus feidhmiú aon chóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 13 san áireamh freisin, i gcás inarb iomchuí. 

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón [dáta: sé mhí tar éis lá a fhoilsithe].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     Eacnamaíocht Chóbanhávan , “Idirghabhálaithe ar Líne: Tionchar ar gheilleagar AE” 2015.
(2)    Ibid.
(3)    Staidéir Dlíthiúil ar chleachtais tráchtála éagothroma laistigh de na ríomh-mhargaí gnólacht le gnólacht, ENTR/04/69 mí na Bealtaine 2006.
(4)    IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.
(5)    IO L 95, 21.4.1993, lch. 29.
(6)    IO L 376, 27.12.2006, lch. 21.
(7)    IO L 351, 20.12.2012, lch. 1.
(8)    IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.
(9)    IO L 199, 31.7.2007, lch. 40
(10)    IO L 136, 24.5.2008, lch. 3.
(11)    COM(2018) 185 (final) an 11 Aibreán 2018, féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1523880940100&uri=COM:2018:185:FIN
(12)    IO L 178, 17.7.2000, lch. 1
(13)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 19 Deireadh Fómhair 2017, ST 14 2017 INIT .
(14)    Chun forléargas a fháil ar Sheiceáil Oiriúnacha REFIT maidir le dlí tomhaltais agus margaíochta AE féach http://ec.europa.eu/newsroom/just/item-detail.cfm?item_id=59332  
(15)    COM (2012) 702 final.
(16)    COM (2016) 288 final.
(17)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(18)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(19)    IO C, , lch. .
(20)    IO C, , lch. .
(21)    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh leibhéal ard coiteann slándála líonra agus córas faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(22)    Moladh(AE) Uimh. 2018/334 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar mídhleathach ar líne (IO L 63, 6.3.2018, lch. 50).
(23)    Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(24)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1–88.
(25)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(26)    Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) ag an nasc: https://www.un.org/development/desa/disabilities/convention-on-the-rights-of-persons-with-disabilities.html
(27)    Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(29)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
Top