Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0093

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí i bhforim bannaí faoi chumhdach

    COM/2018/093 final - 2018/042 (COD)

    An Bhruiséil,12.3.2018

    COM(2018) 93 final

    2018/0042(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí i bhforim bannaí faoi chumhdach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SWD(2018) 50 final}
    {SWD(2018) 51 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Ghlac an Coimisiún pacáiste beart inniu chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú in éineacht leis an Teachtaireacht “Aontas na Margaí Caipitil a chur i gCrích faoi 2019 - tá sé in am dlús a chur leis an bpróiseas”. Sa phacáiste áirítear an togra seo, chomh maith le togra le haghaidh creat cumasúcháin de chuid an Aontais maidir le bannaí faoi chumhdach, togra lena néascófar dáileadh trasteorann cistí infheistíochta, togra le haghaidh creat cumasúcháin maidir le Soláthraithe Seirbhísí Sluachistiúcháin Eorpacha do ghnólachtaí, chomh maith le togra maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh teideal de agus Teachtaireacht maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí dílsithe na nidirbheart urrús.

    Is éard is bannaí faoi chumhdach ann oibleagáidí fiachais arna neisiúint ag institiúidí airgeadais agus arna gcosaint ar chomhthiomsú sócmhainní imfhálaithe, ina bhfuil iontaoibh dhíreach ag sealbhóirí bannaí mar chreidiúnaithe fabhracha. San am céanna, beidh sealbhóirí bannaí i dteideal fós éileamh a chur isteach in aghaidh an eintitis eisiúna mar ghnáthchreidiúnaithe. Tugtar an sásra ‘déiontaoibhe’ ar an éileamh dúbailte sin in aghaidh an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus an eisitheora.

    Iad na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus, mar sin, is foinse chistiúcháin thábhachtach éifeachtúil le haghaidh bainc Eorpacha iad. Éascaíonn siad maoiniú na niasachtaí morgáiste agus na hearnála poiblí, agus tacú níos forleithne ar an gcaoi sin le hiasachtaí. Buntáiste mór atá le bannaí faoi chumhdach i gcomparáid le cineálacha eile foinsí cistiúcháin bainc amhail urrúis de bhun sócmhainní go gcoinníonn eisitheoirí an riosca ar a gcláir chomhardaithe agus go mbíonn teidil dhíreacha ag infheisteoirí ar an mbanc. Dá bhrí sin, cuirtear ar chumas na mbanc ní hamháin iasachtaí níos mó a thabhairt, ach sin a dhéanamh ar bhealach níos sábháilte. Ní he sin an chúis is lú ar éirigh go maith le bannaí faoi chumhdach le linn na géarchéime airgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile cistiúcháin. B'fhoinse chistiúcháin iontaofa chobhsaí iad le haghaidh bainc Eorpacha nuair a bhí bealaí eile cistiúcháin ag éirí gann.

    Chuirfeadh creat cumasúcháin do bhannaí faoi chumhdach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena núsáid mar fhoinse chistiúcháin chobhsaí chostéifeachtach le haghaidh institiúidí creidmheasa, go háirithe i gcás nach bhfuil na margaí chomh forbartha sin sna hinstitiúidí sin, chun cuidiú a thabhairt an fíorgheilleagar a mhaoiniú i gcomhréir le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil. Leis an gcreat cumasúcháin, chuirfí réimse níos leithne agus níos sábháilte deiseanna ar fáil d’infheisteoirí agus chuideodh sin cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Beidh ar na Ballstáit na rialacha sin a thrasuí, agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh na creataí náisiúnta um bannaí faoi chumhdach na ceanglais prionsabal-bhunaithe atá leagtha amach sa togra seo. Dá bhrí sin, ní mór na bannaí faoi chumhdach uile ar fud na hEorpa na híoscheanglais chomhchuibhiúcháin atá leagtha amach sa togra seo a chomhlíonadh.

    Tá trácht ar an gcreat cumasúcháin um bannaí faoi chumhdach i gClár Oibre an Choimisiúin 2018 1 . Sa litir intinne a lean a aitheasc is déanaí ar Staid an Aontais Eorpaigh, dhearbhaigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go seolfaí nó go gcuirfí chun críche creat cumasúcháin um bannaí faoi chumhdach faoi dheireadh 2018 chun margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a áirithiú 2 . Dhearbhaigh an Coimisiún an intinn sin san Athbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Mheitheamh 2017 maidir le hAontas na Margaí Caipitil 3 .

    Tá forbairt na mbannaí faoi chumhdach i mBallstáit an mhargaidh aonair míchothrom; tá siad an-tábhachtach i roinnt Ballstát ach níl siad chomh tábhachtach sin i roinnt Ballstát eile. Thairis sin, ní thugtar aghaidh orthu go hiomlán i ndlí an Aontais. Cé go mbaineann siad leas as láimhseáil fhabhrach rialála agus stuamachta i gcásanna éagsúla ós rud é go mbaineann rioscaí níos lú leo (e.g. ní bhíonn ar na bainc a bhíonn ag infheistiú iontu oiread caipitil rialála a chur i leataobh agus a chuireann siad agus iad ag infheistiú i sócmhainní eile), ní thugtar aghaidh go cuimsitheach i ndlí an Aontais ar a bhfuil i gceist le banna faoi chumhdach. Ina áit sin, tugtar láimhseáil fhabhrach do bhannaí faoi chumhdach, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE 4 . Dréachtaíodh an sainmhíniú sin, áfach, agus sprioc shonrach leis - srian a chur leis an méid a d'fhéadfadh gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) infheistiú a dhéanamh - agus níl sé oiriúnach do mhórchuspóirí beartais Aontas na Margaí Caipitil.

    Ba cheart go gcuirfeadh creat reachtach an Aontais le haghaidh bhannaí faoi chumhdach le cumas na ninstitiúidí creidmheasa, agus go háirithe le cumas na mbanc, maoiniú a chur isteach san fhíorgheilleagar agus rannchuidiú le bannaí faoi chumhdach a fhorbairt ar fud an Aontais, go háirithe sna Ballstáit sin nach bhfuil margadh ann dóibh faoi láthair.

    Leis an gcreat freisin, mhéadófaí sreabha trasteorann caipitil agus infheistíochta. Dá bhrí sin, chuirfeadh sé le hAontas na Margaí Caipitil agus go háirithe le giaráil bhreise ar chumas na ninstitiúidí creidmheasa tacú leis an ngeilleagar i gcoitinne. D'áiritheofaí leis, go háirithe, go mbeadh fáil ag na bainc ar raon leathan uirlisí sábháilte éifeachtúla don chistiú.

    Treoir agus Rialachán atá sa chreat - ba cheart féachaint ar an dá ionstraim mar phacáiste aonair.

    Leis an Rialachán seo atá beartaithe, leasófar go príomha Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (RCC)). De thoradh na leasuithe, forbrófar an láimhseáil stuamachta atá ann faoi láthair ach cuirfear leis na ceanglais maidir le híos-rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh agus le sócmhainní ionadaíochta. Neartóidís na ceanglais maidir le láimhseáil fhabhrach caipitil a thabhairt do bhannaí faoi chumhdach.

    Leis an togra atá beartaithe, sonrófar buneilimintí na mbannaí faoi chumhdach agus cuirfear sainmhíniú comhchoiteann ar fáil agus é ina phointe tagartha comhsheasmhach mionsonraithe go leor chun críocha na rialála stuamachta, a mbeidh feidhm aige sna hearnálacha airgeadais ar fad. Bunófar leis gnéithe struchtúracha na hionstraime, maoirseacht phoiblí a bhaineann le bannaí faoi chumhdach go sonrach, rialacha lena gceadófar úsáid an lipéid ''Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach'' agus oibleagáidí foilsithe na núdarás inniúil i réimse na mbannaí faoi chumhdach.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Cuid den obair leantach is ea an togra seo lena áirithiú go mbeidh cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach ard go leor chun cúis mhaith a bheith lena láimhseáil fhabhrach leanúnach.

    Forbairt ar obair leantach an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaí (ÚBE) atá ann chun dea-chleachtais a shainaithint maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint 5 . Freagairt is ea an obair sin ar an moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) go ndéanfaí dea-chleachtais a shainaithint agus go ndéanfaí faireachán orthu chun a áirithiú go mbeidh creataí daingne comhsheasmhacha maidir le bannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais 6 .

    Leis an togra seo, leasaítear reachtaíocht atá ann cheana, mar a mhol ÚBE, rud a fhágann go bhfuil sí iomlán comhsheasmhach le forálacha beartais i réimse na gceanglas stuamachta d’institiúidí a infheistíonn i mbannaí faoi chumhdach.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Ar na cuspóirí is tábhachtaí atá ag an gCoimisiún tá infheistíocht a spreagadh agus poist a chruthú. Tá roinnt tionscnamh seolta ag an gCoimisiún lena áirithiú go mbeidh an córas airgeadais ag rannchuidiú go hiomlán ina leith sin. An chéad cheann acu sin Aontas na Margaí Caipitil, lena mbaineann sraith tionscnamh chun cistiú i gcomhair fhás na hEorpa a chur ar fáil. Ba cheart bannaí faoi chumhdach a chur i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil, ós rud é gurb é an maoiniú ó na bainc an sruth cistiúcháin is tábhachtaí san Eoraip agus tá sé ar cheann de ghníomhaíochtaí Aontas na Margaí Caipitil tuilleadh giarála a dhéanamh an gcumas baincéireachta chun tacú leis an ngeilleagar ar fad. Uirlis chistiúcháin éifeachtúil chobhsaí do na bainc Eorpacha is ea na bannaí faoi chumhdach. Ba cheart creat reachtach chun bannaí faoi chumhdach a chomhchuibhiú a chur i gcomhthéacs an bheartais níos leithne seo.

    Cuspóir tábhachtach eile de chuid an Choimisiúin i réimse na margaí airgeadais is ea a áirithiú go léireoidh ceanglais chaipitil na mbanc na rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní ina gcláir chomhardaithe. Dá réir sin, áirithítear le ceanglais RCC go mbeidh na bannaí faoi chumhdach a dtugtar an láimhseáil is fabhraí dóibh ar ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta infheisteoirí. Os a choinne sin, ar an ábhar nach dtugtar aghaidh go cuimsitheach i ndlí an Aontais ar a bhfuil i gceist le banna faoi chumhdach (féach thuas), tá gá le comhchuibhiú chun a áirithiú go mbeidh tréithe struchtúracha comhchosúla ag na bannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais, sa dóigh go mbeidh siad comhleanúnach leis na ceanglais stuamachta ábhartha. Dá bhrí sin, tá comhchuibhiú na mbannaí faoi chumhdach i gcomhréir le haidhm an Choimisiúin go mbeidh cobhsaíocht airgeadais ann, mar atá leagtha amach sa rialachán ar mhargaí airgeadais.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an leasú atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i.e. an bunús dlí céanna atá leis an ngníomh atá á leasú.

    Coimhdeacht (maidir le hnniúlacht neamheisiatach) 

    Ó thugtar láimhseáil fhabhrach caipitil do bhannaí faoi chumhdach le reachtaíocht an Aontais, ní mór na ceanglais ghaolmhara a leasú ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, meastar gur gá déileáil leis na ceanglais maidir le láimhseáil fhabhrach caipitil ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh an méid cosanta a thabharfar d'infheisteoirí comhsheasmhach agus go mbeidh cothrom iomaíochta ann d’institiúidí creidmheasa Eorpacha.

    Comhréireacht

    Tá cothromaíocht bainte amach sa togra idir creat ar leor a stóinseacht do bhannaí faoi chumhdach a bhfuil láimhseáil fhabhrach acu a áirithiú agus méadú díréireach ar chostas an eisiúna a sheachaint. Agus é ag iarraidh teacht ar an gcothromaíocht cheart, chuir an Coimisiún na costais ghaolmhara agus na buntáistí ionchasacha ar fad san áireamh (féach an measúnú tionchair a ghabhann leis seo). Is forbairt é an togra seo ar na moltaí a rinneadh i dTuarascáil ÚBE 2016, ach ceadaítear leis roinnt diallas (i.e. tá níos lú mionsonraithe i roinnt forálacha ná mar a tuaradh sa tuarascáil de chuid ÚBE). Déantar é sin chun níos mó saoirse a chruthú d’fhonn na córais náisiúnta dhea-fheidhmiúla atá ann cheana a chosaint, rud a mhol na páirtithe leasmhara go láidir le linn na gcomhairliúchán agus a neartaíonn comhréireacht an togra. Ní bhaineann bunghnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach ná an faireachán orthu leis na diallais.

    Tá forálacha togra seo maidir le marthanú na mbannaí atá ann cheana d’fhonn na costais ar a neisitheoirí agus ar na margaí a íoslaghdú. Mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair, is féidir a bheith ag súil le costais atá comhréireach i dtaca leis na tairbhí ionchasacha.

    An rogha ionstraime

    Is Rialachán an ionstraim iomchuí, mar go dtagann na forálacha ina nionad sin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le hincháilitheacht bannaí faoi chumhdach do láimhseáil fhabhrach caipitil. Beidh an éifeacht dhlíthiúil dhíreach chéanna aige sin agus atá ag an Rialachán atá ann faoi láthair, rud a áiritheoidh go mbainfear cuspóirí an togra amach go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus go gcruthófar, dá bhrí sin, níos mó cinnteachta agus cothrom iomaíochta d’eisitheoirí agus infheisteoirí.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Baineann an tionscnamh seo maidir le bannaí faoi chumhdach le réimse nach dtugtar aghaidh uirthi mórán i reachtaíocht an Aontais faoi láthair.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara roinnt uaireanta agus é ag ullmhú an togra seo, go háirithe trí bhíthin:

    i)    comhairliúchán poiblí oscailte faoi bhannaí faoi chumhdach (Meán Fómhair 2015 go dtí an 6 Eanáir 2016);

    ii)    measúnú ar thionchar tionscanta a fhoilsiú (9 Meitheamh 2017);

    iii)    dhá chruinniú a bhí ag an Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas agus cruinniú amháin a bhí ag an gComhairle um Maoirseacht Foraoisí (FSC).

    Faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, an cuspóir a bhí leis an gcomhairliúchán poiblí measúnú a dhéanamh ar laigí agus leochaileachtaí i margaí náisiúnta na mbannaí faoi chumhdach agus meastóireacht a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le creat Eorpach. Cé go raibh imní ar fhreagróirí go bhféadfadh comhchuibhiú bunaithe ar ‘chur chuige amháin do chách’ cur isteach ar mhargaí dea-fheidhmiúla agus solúbthacht agus an raon táirgí atá ar fáil a laghdú, chuir siad in iúl go raibh siad i bhfabhar, más go cáiréiseach féin, ghníomhaíocht spriocdhírithe an Aontais ar choinníoll go mbeidh an comhchuibhiú bunaithe ar phrionsabail, go dtógfaidh sé ar chreataí atá ann cheana agus go gcuirfear sainiúlachtaí na margaí náisiúnta san áireamh. Pléadh torthaí an chomhairliúcháin ag éisteacht phoiblí an 1 Feabhra 2016 7 .

    Fuair an Coimisiún ceithre fhreagra ar an measúnú tionchair tosaigh, agus thacaigh na freagraí sin go léir go léir le tionscnamh reachtach an Aontais Eorpaigh. Thug na freagróirí aghaidh ar ghnéithe faoi leith de na creataí náisiúnta (e.g. leachtacht) agus dhearbhaigh siad go raibh siad i bhfách, go ginearálta, le comhchuibhiú a dhéanamh gan dochar do na córais náisiúnta atá ag feidhmiú go maith a chur i mbaol.

    Ag an gcéad chruinniú den Sainghrúpa maidir le Baincéireacht, Íocaíochtaí agus Árachas (an 9 Meitheamh 2017), chuir formhór na mBallstát in iúl go raibh siad i bhfabhar chreat an Aontais maidir le bannaí faoi chumhdach bunaithe ar chomhairle ÚBE 2016, ar choinníoll go mbeidh sé fós bunaithe ar phrionsabail. Ag an dara cruinniú (an 28 Meán Fómhair 2017), rinneadh plé ní ba mhionsonraithe, ach ar an iomlán thacaigh na Ballstáit fós le cur chuige bunaithe ar phrionsabail. Chuir na Ballstáit tuairimí a bhí ar an dul céanna in iúl ag cruinniú FSC in Iúil 2017.

    Beidh an togra seo bunaithe ar níos mó cruinnithe le páirtithe leasmhara agus le hinstitiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh. Dhírigh na páirtithe leasmhara, i gcoitinne, (agus an fócas acu de ghnáth ar an ngné is ábhartha dá gcás féin), ar chomhordú a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcreat atá ann faoi láthair a athrú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le stuamacht agus leis an mian gan cur isteach ar chórais náisiúnta atá ag feidhmiú go maith. Fuarthas aiseolas ar ábhair imní stuamachta maidir le láimhseáil fhabhrach na mbannaí faoi chumhdach go príomha ó BERS, ó ÚBE agus ón Banc Ceannais Eorpach, agus roinnt aiseolais den chineál céanna ó na húdaráis inniúla sna Ballstáit ag a bhfuil margaí bannaí faoi chumhdach atá dea-fhorbartha agus ó ghníomhaireachtaí rátála. San am céanna, fuarthas aiseolas ar mhargaí náisiúnta atá ag feidhmiú go maith go príomha ó na Ballstáit ag a bhfuil margaí bhannaí faoi chumhdach atá dea-fhorbartha, ó eisitheoirí agus ó infheisteoirí.

    Chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go raibh sí i bhfabhar gníomhaíochta freisin, agus d'iarr sí creat reachtach le haghaidh bannaí faoi chumhdach 8 .

    Bailiú agus úsáid saineolais

    An 1 Iúil 2014, d’eisigh ÚBE tuarascáil inar sainaithníodh dea-chleachtais agus é mar sprioc leis creataí daingne comhsheasmhacha maidir le bannaí faoi chumhdach a áirithiú ar fud an Aontais 9 . Rinneadh an tuarascáil sin mar fhreagairt ar mholadh BERS Nollaig 2012, faoi na hinstitiúidí creidmheasa a chistiú 10 . Leagadh amach inti freisin tuairim ÚBE i dtaca le leordhóthanacht na láimhseála stuamachta atá ann faoi láthair, ó chuir an Coimisiún glao amach ar chomhairle i mí na Nollag 2013 ar bhonn Airteagal 503 CRR 11 .

    Mar obair leantach, mhol BERS go ndéanfadh ÚBE faireachán ar fheidhmiú mhargadh na mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais a shainaithin sé agus d’iarr sé ar ÚBE bearta breise a mholadh dá mbeadh ghá leo.

    Mar fhreagairt air sin, d’eisigh ÚBE Tuarascáil ar bhannaí faoi chumhdach - moltaí faoi na creataí um bannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach a chomhchuibhiú i mí na Nollag 2016. Sa tuarascáil sin bhí anailís chuimsitheach ar fhorbairtí rialála i gcreataí um bannaí faoi chumhdach i mBallstáit aonair, agus cuireadh béim ar leith ar leibhéal an ailínithe leis na dea-chleachtais a sainaithníodh sa tuarascáil dheireanach. Mar fhorbairt ar thorthaí na hanailíse, d’iarr ÚBE beart reachtach chun bannaí faoi chumhdach ar a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais.

    Forbairt is ea an togra seo ar anailís agus comhairle ÚBE. Ní imíonn sé ón gcomhairle sin ach i mionréimsí, e.g. maidir le leibhéal na sonruithe lena mbaineann na díorthaigh ar leis an gcomhthiomsú cumhdaigh iad; i leith monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh gan bheith éigeantach; agus, i dtaca le leibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh.

    I Lúnasa 2016, bhí staidéar coimisiúnaithe ag an gCoimisiún ó ICF 12 chun feidhmiú na margaí bannaí faoi chumhdach atá ann faoi láthair a mheas, maille leis na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith le bearta an Aontais Eorpaigh. Sa staidéar, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2017, scrúdaíodh na tairbhí agus na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist le moltaí ÚBE. Bhí an chonclúid ann gur mhó, ar an iomlán, na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith le tionscnamh reachtach ná na costais a d’fhéadfadh a bheith leis, agus dá bhrí sin, bhí bunús le beart reachtach.

    I Nollaig 2017, thug Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) chun críche na hathchóirithe rialála iar-ghéarchéime a bhí fós gan réiteach i gcreat idirnáisiúnta rialála Basel III do bhainc 13 . Mar chuid de na hathchóirithe, rinne Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) athbhreithniú ar an gcur chuige caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa trí, inter alia, caighdeáin nua um neamhchosaint ar bhannaí faoi chumhdach a chur san áireamh. Den chéad uair riamh ar an leibhéal náisiúnta tá na caighdeáin nua an-chosúil le cur chuige an Aontais Eorpaigh in RCC, rud a fhágann go mbainfidh ualaí riosca níos ísle le neamhchosaintí ar bhannaí faoi chumhdach faoi réir coinníollacha áirithe. Dá réir sin, aithnítear go bhfuil láimhseáil an Aontais Eorpaigh i dtaca le bannaí faoi chumhdach inmharthana ó thaobh stuamachta de agus go bhfuil údar léi i ngeall ar bhuntréithe na hionstraime.

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, measúnú a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 6 Deireadh Fómhair 2017 agus a formheasadh an 17 Samhain 2017 14 .

    Mhol RSB an measúnú tionchair as bheith cuimsitheach agus struchtúrtha go maith agus d’aithin sé go gcuireadh a loighic idirghabhála i bhfeidhm ann go córasach agus go bhfuil leibhéal ard cainníochtaithe mar bhunús lena chonclúidí. Mhol RSB cur leis an tuarascáil ar roinnt dhóigheanna teoranta:

    a)    na cúiseanna a measadh go raibh ‘29ú córas’ mítharraingteach;    agus

    b)    soiléire níos mó i dtaca le buneilimintí chur chuige an ‘chomhchuibhithe íosta’, cé acu a imíonn siad ó chomhairle ÚBE nó nach nimíonn (cuireadh isteach Iarscríbhinn 6 chun na críche seo) agus conas a íomíonn siad ón gcomhairle sin.

    Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir, agus tugadh aghaidh ar thuilleadh moltaí ó RSB:

    i)    míniú níos mionsonraithe maidir leis an mbille urraithe Eorpach (ESN);

    ii)    réasúnú níos mionsonraithe ar na buntáistí atá le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

    iii)    anailís níos cuimsithí ar thionchar an chomhchuibhithe rialála ar thrádáil trasteorann (eisiúint, infheistíocht) i mbannaí faoi chumhdach;

    iv)    rogha curtha i leataobh nach mbaineann ach le láimhseáil stuamachta na mbannaí faoi chumhdach a choigeartú;

    v)    míniú níos cuimsithí ar an ‘éifeacht faoi bhealach’ arna mheas i litríocht airgeadais; agus

    vi)    tábla ar a dtaispeántar an bhaint idir faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht agus na tairbhí tagarmharc.

    Mheas an Coimisiún roinnt roghanna beartais chun margaí na mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt agus lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní stuamachta. Tá siad éagsúil le chéile ó thaobh leibhéal an chomhchuibhithe, ó rogha neamh-rialála go roghanna lena mbaineann comhchuibhiú iomlán, mar atá:

    ·Bonnlíne: Gan aon ní a dhéanamh;

    ·rogha 1: Rogha neamhrialála;

    ·rogha 2: Comhchuibhiú íosta bunaithe ar na córais náisiúnta;

    ·rogha 3: Comhchuibhiú iomlán in ionad na gcóras náisiúnta; agus

    ·rogha 4: an ‘29ú córas’ a bheadh comhthreomhar leis na córais náisiúnta.

    Measadh go raibh rogha 1 (neamhrialáil) neamhéifeachtach i leith na cuspóirí a bhaint amach, mar nach féidir glacadh leis go leanfaidh na Ballstáit na dea-chleachtais. Le rogha 3 (comhchuibhiú iomlán), is dócha go mbainfí na cuspóirí amach, ach d’fhéadfadh sé cur isteach ar mhargaí dea-fheidhmiúla atá ann cheana. Tá rogha 4 (‘29ú córas’, mar atá córas lánpháirtithe d’eisitheoirí ar bhonn deonach in ionad dlíthe náisiúnta maidir le bannaí faoi chumhdach, gan an gá a bheith ann athchóirithe a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta atá ann cheana) ag brath ar rannpháirtíocht na tionsclaíochta le bheith éifeachtach. I bhfianaise na gcomhairliúchán, is cosúil nach dócha go mbeidh a leithéid de rannpháirtíocht ann; laghdódh sin an dóchúlacht go mbainfí na cuspóirí atá luaite amach. Ina theannta sin, chuirfeadh córas comhthreomhar le tuilleadh ilroinnte agus le dúbailt costas.

    Is í an rogha a glacadh rogha 2 (comhchuibhiú íosta bunaithe ar na córais náisiúnta). Leis an rogha a glacadh baintear amach formhór chuspóirí an tionscnaimh ar chostas réasúnta. Thairis sin, tá cothromaíocht déanta inti idir an tsolúbthacht is gá chun freastal ar shainiúlachtaí na mBallstát agus an aonfhoirmeacht is gá chun go mbeidh comhleanúnachas ar leibhéal an Aontais. Is dócha gurb í an rogha is éifeachtaí í chun na cuspóirí a bhaint amach, agus san am céanna beidh sí éifeachtúil agus íoslaghdófar léi an cur isteach agus na costais aistrithe. Tá sí ar cheann de na roghanna is uaillmhianaí i dtéarmaí rialála freisin, agus an ceann is mó a bhfuil na páirtithe leasmhara ina fabhar.

    Dá gcuirfí an rogha seo i bhfeidhm cheapfaí nó d'fhorbrófaí margaí bannaí faoi chumhdach in áiteanna nach bhfuil siad ann nó nach bhfuil siad sách forbartha fós. Laghdófaí costais chistiúcháin an eisitheora freisin, b'fhusa dá barr an bonn infheisteoirí a éagsúlú, d’éascófaí infheistíochtaí trasteorann agus mheallfaí infheisteoirí nach as na Ballstáit iad. Ar an iomlán, laghdófaí costais iasachtaíochta leis an rogha seo.

    Leis an rogha seo, thabharfaí aghaidh ar ábhair imní stuamachta, lena náirítear ábhair imní maidir le nuálaíocht sa mhargadh, agus chinnteofaí an tairbhe stuamachta a bhaineann le gnéithe struchtúracha an táirge a ailíniú le láimhseáil stuamachta fhabhrach ar leibhéal an Aontais. Threiseofaí cosaint infheisteoirí agus laghdódh a gnéithe feabhsaithe creidmheasa a gcostais díchill chuí.

    Faoi rogha na tosaíochta, táthar ag súil le méadú ar na costais riaracháin dhíreacha aon uaire amháin agus athfhillteacha atá ar eisitheoirí i ndlínsí ísealchostais (féach an measúnú tionchair). Bheadh méadú freisin ar chostais do mhaoirseoirí. San am céanna, d'íocfadh eisitheoirí costais chistiúcháin níos ísle agus, dá bharr sin, bheadh costais iasachtaíochta níos lú ar shaoránaigh. Ní thiocfadh méadú ar na costais d’infheisteoirí, de bharr na gcostas díchill chuí níos lú.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Tá sé de sprioc ag an bpacáiste maidir le bannaí faoi chumhdach, go háirithe an Treoir a ghabhann leis an togra seo, réimse a rialaítear go príomha ar an leibhéal náisiúnta faoi láthair a chomhchuibhiú. De bharr an chomhchuibhithe íosta sa Treoir, simpleofar bunailíniú bhuneilimintí na gcóras náisiúnta.

    Cearta bunúsacha

    Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach. Sa chomhthéacs sin, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta sin, a liostaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Sa togra le haghaidh Treoir nua maidir le bannaí faoi chumhdach, a ghabhann leis seo, áirítear plean ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i margaí na mbannaí faoi chumhdach, ina gcuirtear ceangal ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), agus, ar a laghad cúig bliana tar éis spriocdháta an trasuí, tuarascáil ar na príomhchonclúidí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa.

    Déanfar an mheastóireacht sin i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr. Lena chois sin, cumhdófar sa tuarascáil eisiúint bannaí faoi chumhdach i gcomhréir le Airteagal 129 RCC, forbairtí maidir leis na sócmhainní lena ndéantar eisiúint na mbannaí faoi chumhdach a chomhthaobhú, agus leibhéal an rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh.

    Níl sé i gceist go gcuirfear pleananna cur chun feidhme ná socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe i bhfeidhm don togra seo.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú

    Leasaítear Airteagal 129 d’fhonn ceanglais nua maidir le híos-rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh agus le sócmhainní ionadaíochta a thabhairt isteach. Aistrítear forálacha a bhí ann cheana agus lena rialaítear trédhearcacht chuig an gcuid nua den Treoir ina sainmhínítear bunghnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach.

    Le hAirteagal 129(1)(d)(ii) agus (f)(ii), ceadaítear d’aonaid shinsearacha arna neisiúint ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis choibhéiseacha a rialaíonn Ballstát a urrúsaíonn neamhchosaintí maoine cónaithe agus maoine tráchtála, a chomhthaobhú faoi choinníollacha áirithe, lena náirítear an fhoráil nach mbeidh na haonaid sin os cionn 10 % de mhéid ainmniúil na heisiúna gan íoc. Aisghairtear an fhéidearthacht sin mar nach ceadmhach urrúis chónaithe ná urrúis tráchtála ag a bhfuil taca morgáistí a chur san áireamh ach i líon beag de chreataí náisiúnta um bhannaí faoi chumhdach. Tá laghdú ag teacht ar úsáid na struchtúr sin agus meastar go gcuireann sé castacht nach gá le clár na mbannaí faoi chumhdach.

    Coinnítear forálacha eile de chuid Airteagal 129.

    Rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh

    Tugtar isteach leis na leasaithe atá beartaithe ceanglas nua maidir le híosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh (leibhéal comhthaobhachta atá os cionn na gceanglas cumhdaigh). Socraítear an leibhéal ag 2 agus 5 %, ag brath ar na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh, bunaithe ar mhodh ríofa ainmniúil. Tá an leibhéal sin i gcomhréir leis an gcomhairle ó ÚBE agus leis na torthaí ón staidéar a rinne ICF. Cé go bhfuil sé níos ísle ná na caighdeáin Basel nua, dhéanfadh sé an táirge ní ba shábháilte agus d’ardódh sé an leibhéal do mhórchuid na mBallstát ina bhfuil an tíosleibhéal is gá níos ísle faoi láthair.

    Airteagal 496 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a aisghairm

    Le hAirteagal 496 ceadaítear d’údaráis inniúla an tairseach 10 % dá dtagraítear in Airteagal 129(1)(d)(ii) agus (f)(ii) a tharscaoileadh i gcás bannaí faoi chumhdach áirithe.

    Aisghairtear Airteagal 129(1)(d)(ii) agus (f)(ii) agus, mar sin, níl aon ghá leis an bhféidearthacht maolú ar an tairseach. Dá bhrí sin, aisghairtear Airteagal 496.



    2018/0042 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí i bhforim bannaí faoi chumhdach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 15 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 17 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 lena dtugtar, ar choinníollacha áirithe, láimhseáil fhabhrach do bhannaí faoi chumhdach. Treoir (AE) 20xx/xx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) 20xx/xx maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE] lena sonraítear bunghnéithe na mbannaí faoi chumhdach agus lena bhforáiltear comhshainiú ar bhannaí faoi chumhdach.

    (2)An 20 Nollaig 2013 d'eisigh an Coimisiún glao ar chomhairle ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) maidir le hoiriúnacht na nualaí riosca a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De réir thuairim ÚBE, 19 is láimhseáil stuamachta iomchuí, i bprionsabal, láimhseáil fhabhrach na nualaí riosca a leagtar síos in Airteagal 129 den Rialachán sin. Mar sin féin, mhol ÚBE tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an deis na ceanglais incháilitheachta, mar a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a chomhlánú chun go gcumhdófar, ar a laghad, na réimsí a bhaineann le maolú riosca leachtachta, rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh, ról an údaráis inniúil, agus tuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh ar na ceanglais atá ann cheana maidir le nochtadh d'infheisteoirí 20 .

    (3)I bhfianaise Thuairim ÚBE, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú trí cheanglais bhreise maidir le bannaí faoi chumhdach a chur leis, rud a neartóidh cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach incháilithe do láimhseáil fhabhrach caipitil dá bhforáiltear in Airteagal 129 den Rialachán sin.

    (4)De bhun an tríú fomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh údaráis inniúla cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le neamhchosaintí chun cáiliú do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, mar a leagtar síos i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1), a tharscaoileadh i bpáirt, agus féadfaidh siad neamhchosaint a cheadú atá incháilithe do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, suas le huasmhéid 10 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc de chuid na hinstitiúide eisiúna. Is gá dul i gcomhairle roimh ré le ÚBE sula gcuirfear an tarscaoileadh i bpáirt sin i bhfeidhm agus ní chuirfear i bhfeidhm é ach amháin ar an gcoinníoll gur féidir fadhbanna móra comhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith sna Ballstáit lena mbaineann a dhoiciméadú mar thoradh ar chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le céim 1 den cháilíocht chreidmheasa. Ós rud é go bhfuil sé ag éirí níos deacra na ceanglais maidir le neamhchosaintí a cháiliú do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, mar a chuireann Institiúidí um Measúnú Creidmheasa Seachtrach ar fáil iad, a chomhlíonadh i bhformhór na mBallstát laistigh agus lasmuigh den limistéar euro, mheas na Ballstáit a óstálann na margaí is mó a bhaineann le bannaí faoi chumhdach go raibh sé riachtanach an tarscaoileadh sin a chur i bhfeidhm. Chun úsáid neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach a shimpliú agus chun dul i ngleic leis an deacracht sin, is gá Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú. In áit an deis a bheith ag na húdaráis inniúla na ceanglais a tharscaoileadh, is iomchuí riail a bhunú le haghaidh neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa suas le huasmhéid 10 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc de chuid institiúide eisiúna gan dul i gcomhairle le ÚBE.

    (5)I gcomhréir le pointe (d)(ii) agus pointe (f)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is sócmhainní incháilithe is féidir a úsáid mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach suas le huasmhéid 10 % de mhéid ainmniúil eisiúint na mbannaí faoi chumhdach gan íoc (an ‘tairseach 10 %’) iad iasachtaí arna nurrú ag aonaid shinsearacha a eiseoidh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó a eiseoidh eintitis urrúsaithe choibhéiseacha a urrúsaíonn neamhchosaintí ar mhaoin chónaithe nó maoin tráchtála. Mar sin féin, le hAirteagal 496 den Rialachán sin cuirtear ar chumas údarás inniúil an tairseach 10 % a tharscaoileadh. Ar deireadh, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 503(4) den Rialachán céanna athbhreithniú a dhéanamh ar oiriúnacht an mhaolaithe a chuireann ar chumas údarás inniúil an tairseach 10 % a tharscaoileadh. An 22 Nollaig 2013, d’iarr an Coimisiún ar ÚBE tuairim a thabhairt ina leith sin. An 1 Iúil 2014, dúirt ÚBE go neascródh ábhair imní stuamachta as aonaid shinsearacha, a d'eiseodh Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó eintitis urrúsaithe choibhéiseacha a urrúsaíonn neamhchosaintí maoine cónaithe nó maoine tráchtála, a úsáid mar chomhthaobhacht toisc an struchtúir dhá shraith atá ag clár na mbannaí faoi chumhdach atá tacaithe ag aonaid urrúsaithe, rud a mbeadh easpa trédhearcachta maidir le cáilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe chumhdaigh mar thoradh air. Dá bharr sin, mhol ÚBE deireadh a chur, tar éis an 31 Nollaig 2017, leis an maolú ar an tairseach 10 % ar aonaid urrúsaithe shinsearacha a leagtar síos faoi láthair in Airteagal 496 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 21 .

    (6)Ní cheadaítear urrúis atá tacaithe ag morgáistí cónaithe nó tráchtála ach i líon teoranta de chreataí náisiúnta um bannaí faoi chumhdach. Tá laghdú ag teacht ar úsáid na struchtúr sin agus meastar go gcuireann siad castacht nach gá leis na cláir bannaí faoi chumhdach. Is iomchuí, mar sin, deireadh a chur le húsáid struchtúr den chineál sin mar shócmhainní incháilithe go huile agus go hiomlán. Dá bhrí sin, ba cheart pointe (d)(ii) agus pointe (f)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar aon le hAirteagal 496 den Rialachán sin, a scriosadh.

    (7)Úsáideadh struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar chomhthaobhacht incháilithe freisin i gcomhréir le pointe (d)(ii) agus pointe (f)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) den Rialachán sin. Níl rioscaí breise ó thaobh na stuamachta ag baint le struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa mar ní chruthaíonn siad na deacrachtaí céanna castachta agus a chruthaíonn úsáid iasachtaí arna nurrú ag aonaid shinsearacha eisithe ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó ag eintitis urrúsaithe choibhéiseacha a urrúsaíonn neamhcosaintí maoine cónaithe nó maoine tráchtála. De réir ÚBE, ba cheart soláthar urrúis chomhthaobhaigh na mbannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú ag stuchtúir bhannaí faoi chumhdach a cheadú gan teorainneacha i gcoibhneas le líon na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag na hinstitiúidí creidmheasa eisiúna 22 . Dá réir sin, ba cheart pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 129(1) a leasú chun deireadh a chur leis an gceanglas teorainn 15 % nó 10 % a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa i struchtúir bhannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa. Is le hAirteagal 9 de Treoir (AE) 20../.... atá na struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú laistigh de ghrúpa sin á rialú. [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE].

    (8)Ceanglaítear le hAirteagal 129(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go mbeidh feidhm ag prionsabail luachála le haghaidh maoin dhochorraithe a chomthaobhaíonn bannaí faoi chumhdach, a leagtar amach in Airteagal 229(1) den Rialachán sin, maidir le bannaí faoi chumhdach ionas go gcomhlíonfaidh na bannaí sin na ceanglais a bhaineann le láimhseáil fhabhrach. Maidir leis na ceanglais incháilitheachta do shócmhainní a fheidhmíonn mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach, baineann siad leis na gnéithe cáilíochta ginearálta lena náirithítear stóinseacht an chomhthiomsaithe chumhdaigh agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith faoi réir Threoir (AE) 20../.... [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE]. Dá réir sin, ba cheart na forálacha maidir le modheolaíocht luachála a bheith faoi réir na Treorach sin freisin. Níor cheart, mar sin, feidhm a bheith ag na caighdeáin theicniúla rialála a shainordaítear in Airteagal 124(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na critéir cháilitheachta le haghaidh bannaí faoi chumhdach a leagtar amach in Airteagal 129 den Rialachán sin. Is gá, mar sin, Airteagal 129(3) den Rialachán sin a leasú chuige sin.

    (9)Tá teorainneacha iasachta/luacha riachtanach chun cáilíocht chreidmheasa na mbannaí faoi chumhdach a áirithiú. Bunaítear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na teorainneacha iasachta/luacha le haghaidh sócmhainní morgáiste agus loingis ach ní shonraítear conas is ceart na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm, rud ar féidir éiginnteacht a theacht as. Ba cheart na teorainneacha iasachta/luacha a chur i bhfeidhm mar theorainneacha cumhdaigh boga, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon teorainneacha le méid na bun-iasachta ach nach féidir iasacht den chineál sin a áireamh mar chomhthaobhacht ach amháin laistigh de na teorainneacha iasachta/luacha a fhorchuirtear ar na sócmhainní. Leis na teorainneacha iasachta/luacha cinntear sciar céatadáin na hiasachta a chuirfear san áireamh sa cheanglas maidir le cumhdach na ndliteanas. Is iomchuí, mar sin, a shonrú go bhfuil feidhm ag na teorainneacha iasachta/luacha maidir leis an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach an bhanna faoi chumhdach.

    (10)Chun soiléireacht níos fearr a áirithiú, ba cheart a shonrú freisin go mbeidh feidhm ag na teorainneacha iasachta/luacha ar feadh aibíocht iomlán na hiasachta. Níor cheart an cóimheas iasachta/luacha iarbhír a athrú ach ba cheart é a choinneáil ag teorainn 80 % de luach na maoine i gcás iasachtaí cónaithe, agus ag teorainn 60 % de luach na maoine i gcás iasachtaí tráchtála agus loingis.

    (11)Ionas gur féidir cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach dá dtugtar láimhseáil fhabhrach caipitil dá bhforáiltear in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fheabhsú a thuilleadh, ba cheart an láimhseáil fhabhrach sin a bheith faoi réir íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh, rud arb ionann é agus leibhéal comhthaobhachta a bheidh os cionn na gceanglas maidir le cumhdach dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir (AE) 20../... [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE]. Is é is cuspóir do cheanglas den chineál sin maolú a dhéanamh ar na rioscaí ab ábhartha a thiocfadh as dócmhainneacht an eisitheora nó a réiteach.

    (12)Ceann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 129(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 is ea go bhfaighidh an institiúid chreidmheasa atá ag infheistiú i mbannaí faoi chumhdach sonraí áirithe a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad. Is cuid bhunriachtanach de bhannaí faoi chumhdach iad na ceanglais trédhearcachta lena náirithítear leibhéal nochta aonfhoirmeach agus lenar féidir infheisteoirí an measúnú riosca is gá a dhéanamh, rud a fheabhsaíonn inchomparáideacht, trédhearcacht agus cobhsaíocht mhargaidh. Is iomchuí, mar sin, a áirithiú go mbeidh feidhm ag ceanglais trédhearcachta maidir le gach banna faoi chumhdach is féidir a bhaint amach trí na ceanglais i dTreoir (AE) 20../... a leagan síos [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE] mar ghné struchtúrach choiteann de bhannaí faoi chumhdach. Dá réir sin, ba cheart Airteagal 129(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a scriosadh.

    (13)Is ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha iad na bannaí faoi chumhdach agus mar sin de eisítear iad le haibíocht sceidealaithe roinnt blianta. Is gá, mar sin, a áirithiú nach gcuirfear isteach ar bhannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 nó roimh [OP: Cuir isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart díolúine fós a bheith ag bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 ó na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le sócmhainní, rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh agus sócmhainní ionadaithe. Ina theannta sin, ba cheart díolúine a bheith ag bannaí faoi chumhdach eile a chomhlíonann Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a eisíodh roimh [OP:  Cuir isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ó na ceanglais maidir le rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh agus sócmhainní ionadaithe, agus ba cheart iad a bheith fós incháilithe láimhseáil fhabhrach a fháil mar a leagtar amach sa Rialachán sin go dtí a naibíocht.

    (14)Ba cheart an Rialachán sin a chur i bhfeidhm i gcomhar le [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE]. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach creat nua lena mbunófar gnéithe struchtúracha i dtaca le bannaí faoi chumhdach agus na ceanglais leasaithe a bhaineann le láimhseáil fhabhrach, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar ionas go ndéanfar é i gcomhthráth leis an dáta óna bhfuil na Ballstáit chun na forálacha lena dtrasuitear an Treoir sin a chur i bhfeidhm.

    (15)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1
    Leasuithe ar Rialachán (AE) 575/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:

    1.Leasaítear Airteagal 129 mar a leanas:

    (a) leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)    leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

       cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

    "Le bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5, comhlíonfaidh bannaí faoi chumhdach, dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 20xx/xxxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE] na ceanglais a leagtar amach i mír 3, mír 3a agus mír 3b den Airteagal seo agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas:

    ______________________________

    *    [OP, cuir isteach tagairt do Threoir (AE) 20xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE (OJ C […], […], p. […])].";

       cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    "(c) neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa mar a leagtar amach sa Chaibidil seo.";

       i bpointe (d), scriostar pointe (ii);

       i bpointe (f), scriostar pointe (ii);

    (ii)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    "Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, maidir le neamhchosaintí a eascraíonn as tarchur agus bainistiú íocaíochtaí na bhféichiúnaithe i leith iasachtaí, nó i leith fáltais leachtaithe a bhaineann le hiasachtaí, arna nurrú ag maoin gheallta de chuid na naonad sinsearach nó de chuid na nurrús fiachais, ní chuirfear san áireamh iad i ríomh na dteorainneacha dá dtagraítear sna pointí sin.";

    (iii)    scriostar an tríú fomhír;

    (b) cuirtear isteach mír 1a, mír 1b agus mír 1c mar seo a leanas:

    "1a. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

    (a) maidir le neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ní bheidh siad os cionn 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag institiúid chreidmheasa eisiúna;

    (b) maidir le neamhchosaintí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, ní bheidh siad os cionn 10 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc de chuid na hinstitiúide creidmheasa eisiúna;

    (c) maidir leis an neamhchosaint iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, ní bheidh sí thar 15 % de neamhchosaint iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc de chuid na hinstitiúide creidmheasa eisiúna.

    Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le húsáid bannaí faoi chumhdach mar chomhthaobhacht incháilithe mar a cheadaítear de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 20xx/xxxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE].

    1b. Chun críocha phointe (d)(i) den chéad fhomhír de mhír 1, tagróidh an teorainn 80 % don sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach agus is infheidhme ar feadh aibíocht iomlán na hiasachta.

    1c. Chun críocha phointe (f)(i) agus phointe (g) den chéad fhomhír de mhír 1, tagróidh an teorainn 60 % don sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach agus is infheidhme ar feadh aibíocht iomlán na hiasachta.";

    (c)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3. Le haghaidh maoin dhochorraithe a chomthaobhaíonn bannaí faoi chumhdach atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208.";

    (d)    cuirtear isteach mír 3a agus mír 3b mar seo a leanas:

    "3a. Mar aon le bheith comhthaobhaithe ag na sócmhainní incháilithe a liostaítear i mír 1, beidh bannaí faoi chumhdach faoi réir íosleibhéal 5 % de rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(12) de Threoir (AE) 20xx/xxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE].

    Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh ar a laghad an luach céanna ag méid ainmniúil iomlán na sócmhainní uile sa chomhthiomsú cumhdaigh agus ag méid ainmniúil iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc ('prionsabal ainmniúil') agus is iad na sócmhainní incháilithe mar a leagtar amach i mír 1 atá i gceist leis na sócmhainní uile sin.

    Ní bheidh na sócmhainní a chuirtear san áireamh in íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh faoi réir na dteorainneacha ar mhéid neamhchosanta mar a leagtar amach i bpointe (b) agus pointe (c) den chéad fomhír de mhír 1 agus ní áireofar iad sna teorainneacha sin.

    Féadfaidh údaráis inniúla arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Threoir (AE) 20xx/xxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE] a chinneadh íosleibhéal níos ísle rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh a chur i bhfeidhm maidir le bannaí faoi chumhdach ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) go ríomhfar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh de réir múnla a chuireann ualaí riosca sannta na sócmhainní san áireamh nó de réir múnla ina bhfuil luacháil na sócmhainní faoi réir luach iasachta morgáiste mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(74);

    (b) nach féidir íosleibhéal rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh a bheith níos ísle ná 2 % bunaithe ar an bprionsabal ainmniúil.

    3b. Féadfar sócmhainní incháilithe dá dtagraítear i mír 1 a chur san áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh mar shócmhainní ionadaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) de Threoir (AE) 20xx/xxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2014/59/AE] le haghaidh na sócmhainní príomha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) den Treoir sin, faoi réir na dteorainneacha ar cháilíocht chreidmheasa agus ar mhéid neamhchosanta mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.";

    (e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7:

    "6. Níl bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 faoi réir cheanglais mhír 1, mhír 3, mhír 3a agus mhír 3b. Beidh siad incháilithe don láimhseáil fhabhrach faoi mhír 4 agus mhír 5 go dtí a naibíocht.

    7. Ní bheidh bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh [OP: cuir isteach dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] faoi réir cheanglais mhír 3a agus mhír 3b. Beidh siad incháilithe don láimhseáil fhabhrach faoi mhír 4 agus mhír 5 go dtí a naibíocht."

    (2)    i bpointe (a) d’Airteagal 416(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

    "(ii) is bannaí iad dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 20xx/xxxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE] cé is moite díobh sin dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo;";

    (3)    in Airteagal 425, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1. Tabharfaidh institiúidí tuairisc ar a ninsreabha leachtachta. Is éard is insreabha leachtachta caidhpeáilte ann na hinsreabha leachtachta arna dteorannú do 75 % d'eis-sreabha leachtachta. Féadfaidh institiúidí insreabha leachtachta as taiscí a taisceadh le hinstitiúidí eile agus a cháilíonn do na láimhseálacha a leagtar amach in Airteagal 113(6) nó (7) a dhíolmhú ón teorainn seo. Féadfaidh institiúidí insreabha leachtachta ó airgead dlite ó iasachtaithe agus ó infheisteoirí bannaí a bhaineann le hiasachtú morgáistí arna gcistiú ag bannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4), (5) nó (6) nó ag bannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 20xx/xxxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE] a dhíolmhú ón teorainn seo. Féadfaidh institiúidí insreabha a dhíolmhú ó iasachtaí spreagtha atá ceadaithe ag na hinstitiúidí. Faoi réir réamhfhaomhadh ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar bhonn aonair, féadfaidh an institiúid insreabha a dhíolmhú ina niomláine nó i bpáirt i gcás inar máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna é an soláthraí nó i gcás ina mbeidh an soláthraí nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE.";

    (4)    i bpointe (b) d’Airteagal 427(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (x):

    "(x) dliteanais a eascraíonn as urrúis eisithe a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) nó dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 20xx/xxxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE];";

    (5)    i bpointe (h) d’Airteagal 428(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

    "(iii) cistithe le cistiú meaitseála (faoi bhealach) trí bhannaí incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) nó trí bhannaí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 20xx/xxxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE];";

    (6)    Scriostar Airteagal 496;

    (7)    i bpointe (6) d'Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    "(c) is bannaí faoi chumhdach iad dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 20xx/xxxx [OP: Cuir isteach tagairt do Threoir (AE) maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE] cé is moite díobh sin dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo.".

    Airteagal 2
    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón [dáta óna bhfuil na Ballstáit chun na forálacha lena dtrasuitear Treoir (AE) .../... maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/AE agus Treoir 2014/59/AE a chur i bhfeidhm].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    COM(2017)650.
    (2)    An Coimisiún Eorpach (2017). “Staid an Aontais Eorpaigh 2017: Litir Intinne chuig an Uachtarán Antonio Tajani agus chuig an bPríomh-Aire Jüri Ratas
    (3)    COM(2017)292.
    (4)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch.  32).
    (5)    Tuarascáil ar chreataí an Aontais Eorpaigh um bannaí faoi chumhdach agus láimhseáil chaipitil, ÚBE (2014);    
    Tuarascáil ar bhannaí faoi chumhdach — moltaí faoi na creataí um bhannaí faoi chumhdach san Aontas a chomhchuibhiú, ÚBE (2016), EBA-Op-2016-23.
    (6)    Moladh an 20 Nollaig 2012 faoi institiúidí creidmheasa a chistiú, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS/2012/2) (2013/C 119/01).
    (7)    Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí le fáil anseo: http://ec.europa.eu/finance/consultations/2015/covered-bonds/index_en.htm  
    (8)    Réiteach an 4 Iúil 2017 ar an tuarascáil Towards a pan-European covered bonds framework (2017/2005(INI)).
    (9)    Tuarascáil ar chreataí an Aontais Eorpaigh um bannaí faoi chumhdach agus láimhseáil chaipitil, ÚBE (2014).
    (10)    Moladh an 20 Nollaig 2012 faoi institiúidí creidmheasa a chistiú, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS/2012/2) (2013/C 119/01).
    (11)    Glao chuig ÚBE ar chomhairle faoi cheanglais chaipitil na mbannaí faoi chumhdach, tagairt Ares(2013) 3780921 (20.12.2013).
    (12)    Bannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach: creataí dlí agus iompraíochtaí margaidh a chomhchuibhiú, ICF (2017).
    (13)    Basel III: athchóirithe iar-ghéarchéime a chur chun críche, Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (7.12.2017).
    (14)    SWD(2018) 51 agus SWD(2018) 50
    (15)    OI C , , lch.  .
    (16)    OI C , , lch.  .
    (17)    IO C , , lch.  .
    (18)    Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch.  1).
    (19)    Tuairim ón Údarás Baincéireachta Eorpach maidir le láimhseáil fhabhrach caipitil na mbannaí faoi chumhdach ÚBE/Op/2014/04.
    (20)    Moltaí AE COM 1-A go 1-D a leagtar amach i dTuairim ÚBE/Op/2014/04.
    (21)    Moladh AE COM 2 a leagtar amach i dTuairim ÚBE/Op/2014/04.
    (22)    Ibid.
    Top