EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018AA0001

Tuairim Uimh. 1/2018 (de bhun Airteagal 322(1)(a) CFAE) i dtaca le togra an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit

ECA_OPI_2018_1

IO C 291, 17.8.2018, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.8.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM Uimh. 1/2018

(de bhun Airteagal 322(1)(a) CFAE)

i dtaca le togra an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit

(2018/C 291/01)

AN CLÁR

 

Mír

Leathanach

RÉAMHRÁ…

1 – 8

2

Cúlra…

1 – 4

2

Togra an Choimisiúin…

5 - 8

3

BARÚLACHA GINEARÁLTA…

9 – 18

3

An aidhm fhoriomlán buiséad an Aontais a chosaint…

9 – 11

3

Sásra nua lena dtugtar a lán cumhacht lánroghnach don Choimisiún…

12 – 16

4

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán sonrach le geallsealbhóirí…

17

4

Ní dhearnadh measúnú tionchair ar bith…

18

4

BARÚLACHA SONRACHA…

19 – 30

5

Níor sonraíodh go soiléir na foinsí treorach ná na critéir…

19 – 23

5

Níl aon spriocdhátaí le haghaidh an Choimisiúin…

24

6

Níl an Coimisiún faoi aon oibleagáid shoiléir measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta a chur i leataobh dá thionscnamh féin…

25

6

Níl aon cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar na tairbhithe deiridh agus na buiséid náisiúnta…

26 – 29

6

Níl an comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh infheidhme maidir leis na Ballstáit uile…

30

7

CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 322(1)(a) de, mar aon leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint do thogra an Choimisiúin le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit (“an Togra”) (1),

Ag féachaint don iarraidh ón gCoimisiún ar thuairim maidir le Togra thuasluaite an 3 Bealtaine 2018, arna fáil ag an gCúirt an 14 Bealtaine 2018,

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A GHLACADH:

RÉAMHRÁ

Cúlra

1.

I dteachtaireacht 2014 ón gCoimisiún “Creat AE nua chun an Smacht Reachta a threisiú” (2) leagadh amach creat nua chun cosaint éifeachtach agus comhleanúnach an smachta reachta a áirithiú sna Ballstáit uile. Sa chreat sin cuireadh struchtúr ar fáil a bhféadfaí dul i ngleic le bagairt shistéamach ar an smacht reachta laistigh de agus réiteach a fháil uirthi, d’fhonn féachaint le bagairtí ar an smacht reachta a sheachaint sna Ballstáit amach anseo sula gcomhlíonfar na coinníollacha le haghaidh ghníomhachtú na sásraí in Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Beartaíodh go mbeadh an creat ina chomhlánú ar shásraí Airteagal 7 CAE agus ní dhéanann sé dochar d’úsáid na nósanna imeachta um shárú faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

2.

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún in 2018 “A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that delivers efficiently on its priorities post-2020 (3)” (“Creat Airgeadais Ilbhliantúil úr nua-aimseartha le haghaidh Aontas Eorpach a bhainfidh a thosaíochtaí amach go héifeachtach tar éis 2020”), mínítear gur “pobal faoin dlí é an tAontas agus gurb iad luachanna an Aontais bunús agus croí an Aontais féin. Tá na luachanna sin ina gcuid lárnach dá struchtúr institiúideach agus dleathach ar fad agus de gach beartas agus clár atá aige. Dá bhrí sin, ní mór a áirithiú go ndéanfar na luachanna sin a urramú i mbeartais uile an Aontais. Tá buiséad an Aontais san áireamh ansin, áit a bhfuil urraim do na luachanna bunúsacha ina réamhchoinníoll riachtanach le haghaidh bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE. Tá an urraim don smacht reachta tábhachtach do shaoránaigh Eorpacha, agus do thionscnaimh ghnó, don nuálaíocht agus don infheistíocht chomh maith. Bíonn an borradh is mó faoin ngeilleagar Eorpach nuair a bhíonn an creat dlí agus institiúideach ag cloí go hiomlán le luachanna coiteanna an Aontais.”

3.

An 14 Márta 2018, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún “sásra a mholadh trínar féidir Ballstáit nach n-urramaíonn na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chur faoi réir iarmhairtí airgeadais’ agus thug sí rabhadh, áfach, ‘nach féidir tairbhithe deiridh bhuiséad an Aontais a bheith thíos, ar aon chaoi, le sáruithe ar rialacha nach bhfuil siad freagrach astu’. Dhearbhaigh sí go raibh sí cinnte dearfa de, ar an ábhar sin, nárbh é buiséad an Aontais an ionstraim cheart chun dul i ngleic leis an mainneachtain Airteagal 2 CAE a chomhlíonadh, agus gur cheart don Bhallstát aon iarmhairt airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann a sheasamh gan beann ar chur chun feidhme an bhuiséid” (4).

4.

De réir an Choimisiúin, “níl aon sásra i bhfeidhm faoi láthair chun airgead cáiníocóirí an Aontais Eorpaigh a chosaint i gcás easnaimh maidir leis an smacht reachta i mBallstát” (5). Faoi na rialacha reatha tá sé de cheangal ar na Ballstáit a léiriú go bhfágann a gcuid córas agus nósanna imeachta bainistithe agus rialaithe atá dírithe ar chistí AE a chur chun feidhme, go bhfágann siad go bhfuil cosaint a ndóthain do leasanna airgeadais an Aontais ann (6), agus mura ndéanfar sin go ndéanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht cheartaitheach (cuir i gcás trí íocaíochtaí a fhionraí nó trí cheartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm). Más rud é go n-aithníonn an Coimisiún sáruithe ar dhlí an Aontais, féadfaidh sé tús a chur le nós imeachta um shárú in aghaidh Ballstáit, ar bhonn Airteagal 258 CFAE. Ina theannta sin, mura n-urramaíonn Ballstát na luachanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear an smacht reachta, féadfaidh an Coimisiún an sásra in Airteagal 7 CAE a ghníomhachtú, rud as a bhféadfadh fionraí ceart áirithe a eascairt ar deireadh (lena n-áirítear cearta vótála sa Chomhairle; féach mír 15).

Togra an Choimisiúin

5.

I bhfianaise aidhm fhoriomlán an Togra rannchuidiú le cur chun feidhme cuí bhuiséad an Aontais Eorpaigh, roghnaigh an Coimisiún Airteagal 322(1)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é an bunús dlí céanna é agus atá sa Rialachán Airgeadais. Is rialachán neamhspleách an Togra laistigh den phacáiste rialála don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

6.

Go sonrach, is é aidhm an Togra ón gCoimisiún “bunú na rialacha is gá le haghaidh buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i dtaca leis an smacht reachta i mBallstáit”, rud a dhéanann difear nó a d’fheadfadh difear a dhéanamh, do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ar an ábhar sin, tugann sé de cheart don Choimisiún tús a chur leis an nós imeachta sula dtiocfaidh ann do na rioscaí sin. Trí chur leis an gcosaint in aghaidh cleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann nó easnaimh údarás náisiúnta, a sháraíonn an smacht reachta, tá sé beartaithe leis an Togra tionchar dearfach a imirt ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

7.

Foráiltear leis an Togra go ndéanfaidh an Coimisiún, tar éis dó faisnéis agus barúlacha a fuarthas ón mBallstát lena mbaineann a chur san áireamh, go ndéanfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh gníomh cur chun feidhme maidir le bearta iomchuí (ag brath ar chineál, tromchúis agus raon feidhme an easnaimh ghinearálaithe i dtaca leis an smacht reachta). Measfar an togra seo a bheith glactha ag an gComhairle, ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, diúltú don togra ón gCoimisiún nó an togra a leasú, laistigh d’aon mhí amháin. D’fhéadfadh bearta iomchuí a bheith i bhfoirm fionraí, laghdú nó srianadh ar an rochtain atá ag Ballstát ar chistiú AE, bíodh sin go hiomlán nó i bpáirt.

8.

Cuireann an Togra de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i gcás inar chuir an Ballstát lena mbaineann fianaise isteach a léiríonn go bhfuil na heasnaimh ghinearálaithe a cinneadh leigheasta nó go bhfuil deireadh leo go hiomlán nó i bpáirt, agus más dearfach an measúnú, togra a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh lena gcuirfear na bearta sin i leataobh go hiomlán nó i bpáirt. Mura ndéanfaí an cinneadh sin faoi bhliain n+2, chaillfeadh an Ballstát lena mbaineann go cinntitheach na gealltanais le haghaidh bhliain n arna gcur ar fionraí.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

An aidhm fhoriomlán buiséad an Aontais a chosaint

9.

Is mór againn aidhm thionscnamh reachtach an Choimisiúin buiséad an Aontais a chosaint ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát (féach Bosca 1), a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó a bhfuil an baol ann go ndéanfaidís difear dóibh sin.

Bosca 1 — Smacht Reachta san Aontas

Is iad cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, chomh maith le doiciméid arna dtarraingt suas ag An Chomhairle Eorpach, ag cur go háirithe leis an saineolas atá i gCoimisiún na Veinéise, a thugann treoir maidir le bunbhrí an smachta reachta mar luach coiteann de chuid an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 2 CAE.

Áirítear sna prionsabail sin a leagadh síos: dlisteanacht, arb é a thuigtear as sin próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolrach chun dlíthe a ghníomhachtú; cinnteacht dhlíthiúil, toirmeasc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cúirteanna atá neamhspleách agus neamhchlaonta; athbhreithniú breithiúnach éifeachtach lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha; agus comhionannas os comhair an dlí.

10.

Tugaimid dár n-aire go bhfuil an sásra atá beartaithe ag an gCoimisiún bunaithe ar an ngá atá le hurraim don smacht reachta mar réamhchoinníoll chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais i leith cistí AE. Aontaímid le dearcadh an Choimisiúin go bhféadfadh cinntí neamhdhleathacha agus treallacha, arna ndéanamh ag údaráis phoiblí atá freagrach as bainistiú cistí agus as athbhreithniú breithiúnach, dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais.

11.

Inár gcáil mar uasfhoras iniúchóireachta an Aontais, aithnímid go bhfuil muinín shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh agus na n-údarás náisiúnta uile as feidhmiú an smachta reachta ríthábhachtach d’fhorbairt bhreise an Aontais Eorpaigh ina “limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha” (7). Aithnímid freisin go bhfuil neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna bunriachtanach chun bainistíocht fhónta airgeadais agus cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir le héilimh dhlíthiúla a fhorfheidhmiú ar bhonn breithiúnach, an comhrac i gcoinne na calaoise agus leasanna dlisteanacha eile an Aontais Eorpaigh.

Sásra nua lena dtugtar a lán cumhacht lánroghnach don Choimisiún

12.

Tugaimid dár n-aire go bhfuil an sásra atá beartaithe níos sonraí ó thaobh cuspóra, raon feidhme, agus an réimse beart a d’fhéadfaí a dhéanamh ná sásraí Airteagal 7 CAE, agus tá sé níos tapúla é a chur i bhfeidhm. Tugann an dréacht-rialachán níos mó cumhacht lánroghnach don Choimisiún sa phróiseas ná mar a thugann na rialacha reatha chun cur i gcoinne aon sárú ar cheann de na luachanna bunúsacha a leagtar amach in Airteagal 2 CAE.

13.

Chuirfeadh an Coimisiún tús leis an nós imeachta má chinneann sé go bhfuil “forais réasúnacha” ann chun a chreidiúint go bhfuil na coinníollacha in Airteagal 3 den Togra comhlíonta. Agus an méid sin á dhéanamh aige, féadfaidh sé an fhaisnéis ábhartha uile a luaitear in Aithris 12 den Togra a chur san áireamh, lena n-áirítear cinntí arna dtabhairt ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí de chuid na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha (féach mír 19). Mar sin féin, níl na critéir maidir le tús a chur leis an nós imeachta agus le haghaidh an mheasúnaithe cháilíochtúil sainithe go soiléir (féach míreanna 20-23).

14.

Mar fhreagairt ar thorthaí an Choimisiúin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil agus féadfaidh sé a bharúlacha a thíolacadh, ar cheart don Choimisiún iad a chur san áireamh. Chinnfeadh an Coimisiún cén beart ab iomchuí i ngach cás aonair. Dearbhaítear sa Togra go ndéanfadh an Coimisiún amhlaidh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus go ndéanfadh sé meastóireacht ar gach cás ar a fhiúntas féin (tromchúis, an tráth a tharla, an fad a mhair, an méid uaireanta a tharla, rún an iompair sin agus méid an chomhair agus éifeachtaí an easnaimh sin ar chistí AE faoi seach). Níl na critéir maidir le rogha agus raon na mbeart sainithe go soiléir ach oiread (féach mír 20).

15.

Le hAirteagal 7 CAE ceanglaítear tromlach ceithre chúigiú ón gComhairle chun a shuíomh gan dabht ar bith go bhfuil riosca sáraithe thromchúisigh ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2. Ina theannta sin, ceanglaítear aontoilíocht na Comhairle Eorpaí —bunaithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa — chun sárú tromchúiseach agus leanúnach arna dhéanamh ag Ballstát ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 a chinneadh. Tar éis di a chinneadh gurb ann don sárú sin, is féidir leis an gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cearta ballraíochta áirithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fionraí, lena n-áirítear cearta vótála sa Chomhairle. Sa sásra seo atá molta, áfach, meastar an togra ón gCoimisiún a bheith inghlactha mura rud é go ndiúltaíonn an Chomhairle dó nó go ndéanann sí leasú air. Chun togra ón gCoimisiún a chur faoi bhac theastódh tromlach cáilithe den Chomhairle laistigh de 1 mhí amháin (“vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe”). Ní chuirfí Parlaimint na hEorpa ar an eolas ach amháin faoi aon bhearta molta nó glactha.

16.

Rannchuidíonn an easpa critéar le haghaidh cinntí cinniúnacha tábhachtacha i leith chur chun feidhme an rialacháin atá beartaithe agus le haghaidh ghlacadh an togra ón gCoimisiún faoi vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe arna déanamh ag an gComhairle, rannchuidíonn sí leis an gcumhacht lánroghnach a bhronntar ar an gCoimisiún sa Togra.

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán sonrach le geallsealbhóirí

17.

Cuireann Airteagal 11(3) CAE de cheangal ar an gCoimisiún “dul i mbun comhairliúcháin leathana le páirtithe lena mbaineann d’fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú”. Go sonrach, ordaítear le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, atá i gceangal leis an gConradh, “go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leathan sula molfaidh sé gníomhartha reachtacha”. Cé go dtugaimid dár n-aire go ndearnadh díospóireacht fhorleathan ar an ábhar lena n-áirítear i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, measaimid go mbeadh sé fíorthábhachtach don Choimisiún tabhairt faoi chomhairliúchán sonrach le geallsealbhóirí sula bhfoilseofaí an Togra.

Ní dhearnadh measúnú tionchair ar bith

18.

De réir an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún measúnuithe tionchair a dhéanamh ar aon cheann dá thionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha, dá ghníomhartha tarmligthe agus dá bhearta cur chun feidhme, a bhfuiltear ag súil go mbeidh tionchar suntasach eacnamaíoch, comhshaoil nó sóisialta acu. D’ainneoin an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar thairbhithe deiridh (féach mír 26) agus gur dóchúil go bhfágfar cuid de bhuiséad an Aontais lasmuigh den sásra (féach mír 28), tugaimid dár n-aire nach ndearnadh aon mheasúnú tionchair. Measann an Coimisiún go dtugann na rialacha a ghlactar faoi Airteagal 322 CFAE an creat ginearálta le haghaidh cur chun feidhme clár caiteachais, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon iarmhairtí díreacha eacnamaíocha, comhshaoil nó sóisialta ar a bhféadfaí anailís úsáideach a dhéanamh. Táimid den tuairim, áfach, go bhféadfadh na comhlachtaí reachtacha cinnteoireacht níos eolaí a dhéanamh dá mba rud é go ndearnadh measúnú tionchair sular foilsíodh an Togra.

BARÚLACHA SONRACHA

Níor sonraíodh go soiléir na foinsí treorach ná na critéir

19.

Níl sé sonraithe go soiléir sa Togra cé na foinsí treorach ba cheart don Choimisiún a úsáid chun a mheasúnú cáilíochtúil a dhéanamh d’fhonn easnamh ginearálaithe a aithint i dtaca leis an smacht reachta, a chuireann bainistíocht fhónta airgeadais i mbaol. Ní dhearbhaítear ann ach go bhféadfaidh an Coimisiún a mheasúnú a bhunú ar fhaisnéis ó gach foinse atá ar fáil. Táimid den tuairim go bhféadfadh sonrú níos soiléire feabhas a chur ar thrédhearcacht, inrianaitheacht agus cumas iniúchta an tsásra atá beartaithe agus ar dheimhneacht dhlíthiúil agus neamhthreallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin a bheartaítear a bhronnadh ar an gCoimisiún chomh maith. I mbosca 2 léirítear roinnt foinsí treorach.

Bosca 2 — Samplaí d’fhoinsí féideartha treorach

D’fhéadfadh an Coimisiún treoir a fháil ó fhoinsí treorach i gcaibidil 23 (cearta breithiúnacha agus bunúsacha) agus caibidil 24 (ceartas, saoirse agus slándáil) a bhfuil feidhm acu maidir le caibidlíocht aontachais AE, agus ón Sásra Comhair agus Fíorúcháin don Bhulgáir agus don Rómáin, a úsáideadh chun díriú ar easnaimh i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh, éillithe nó na coireachta eagraithe. Ar na samplaí eile d’fhoinsí ábhartha nó d’fhoinsí treorach tá an Seicliosta um Smacht Reachta de chuid Choimisiún na Veinéise, Moladh CM/Rec (2010)12 ó Chomhairle na hEorpa “Breithiúna: neamhspleáchas, éifeachtúlacht agus freagrachtaí”, Tuarascáil Choimisiún na Veinéise ar Neamhspleáchas an Chórais Bhreithiúnaigh Cuid I: Neamhspleáchas na mBreithiúna (CDL-AD(2010)004), agus Tuarascáil Choimisiún na Veinéise ar Chuid II: an tSeirbhís Ionchúisimh (CDL-AD(2010)040).

20.

In Airteagal 4(3) den Togra foráiltear gur cheart na bearta arna ndéanamh a bheith comhréireach le cineál, tromchúis agus raon feidhme an easnaimh ghinearálaithe. Ba cheart an chomhréireacht a áirithiú trí thromchúis an cháis, a fhad, an méid uaireanta a tharla, rún agus méid an chomhair leis an mBallstát agus éifeachtaí an easnaimh ghinearálaithe ar na cistí AE faoi seach a chur san áireamh.

21.

Ba cheart na bearta molta a bheith “a mhéid is féidir, dírithe ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna an t-easnamh sin difear dóibh nó a bhféadfadh sé difear a dhéanamh dóibh”. Mar sin féin, níl aon chritéir shonracha socraithe le haghaidh cinntí cinniúnacha tábhachtacha, amhail an nós imeachta a thionscnamh nó rogha agus fairsinge na mbeart a chinneadh, rud a fhágann nach n-áirithítear cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bhforálacha.

22.

De réir an Choimisiúin, ní gá aon mhionsonrú breise a dhéanamh ar na critéir, rud a bheadh fritorthúil, toisc gur gá na heasnaimh ghinearálaithe i dtaca leis an smacht reachta a bhunú ar bhonn measúnú cáilíochtúil, rud a fhágann nach féidir critéir chainníochtúla a úsáid. D’fhágfadh aon chur chuige cainníochtúil go lagófaí an sásra go mór i ngeall ar an riosca nach bhfuil na cásanna uile cumhdaithe. Thairis sin, maíonn sé go bhfuil an dualgas cruthúnais maidir lena measúnú cáilíochtúil, atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle.

23.

I gcomhthéacs ár n-iniúchtaí ar an nós imeachta um easnamh iomarcach agus ar an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha (8), thugamar dár n-aire go raibh critéir shoiléire ann ar bhaineamar de thátal astu go raibh laigí ann i gcur i bhfeidhm comhsheasmhach agus trédhearcach an dá nós imeachta. I bhfianaise an chúlra sin, measaimid gur gá critéir a fhorbairt lenar féidir tuiscint chriticiúil a fháil ar chomhsheasmhacht chur chun feidhme na bhforálacha d’fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le Ballstáit i gcás easnaimh ghinearálaithe i dtaca leis an smacht reachta, a chuireann bainistíocht fhónta airgeadais i mbaol.

Moladh 1

Molaimid go ndéanfaidh na comhlachtaí reachtacha critéir shoiléire shonracha a leagan síos lena shainiú cad is easnamh ginearálta maidir leis an smacht reachta ann, a chuireann bainistíocht fhónta airgeadais i mbaol, agus le fairsinge na mbeart a chinneadh, bíodh sé sa rialachán atá beartaithe nó i rialacha cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann. Agus na critéir á leagan síos, ba cheart na foinsí treorach, a d’úsáid an Coimisiún i gcomhthéacs na caibidlíochta aontachais AE, chomh maith leis an Sásra Comhair agus Fíorúcháin lena rianaítear dul chun cinn Ballstáit, ba cheart iad a chur san áireamh.

Níl aon spriocdhátaí le haghaidh an Choimisiúin

24.

D’ainneoin nach bhfuil aon spriocdhátaí socraithe don Choimisiún, tá spriocdhátaí dochta socraithe sa dréacht-rialachán nach mór don Bhallstát lena mbaineann freagra a thabhairt ar fhógra an Choimisiúin faoi na dátaí sin (laistigh de theorainn ama nach lú ná 1 mhí amháin), agus nach foláir don Chomhairle diúltú do chinneadh molta trí thromlach cáilithe faoi na dátaí sin (laistigh de mhí amháin). Tugaimid dár n-aire nach bhforordaíonn an Conradh aon spriocdhátaí maidir le sásra d’Airteagal 7 CAE ná le nós imeachta sáraithe Airteagal 258 CFAE. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn go bhfuil sé d’oibleagáid air, ar aon nós, gníomhú laistigh de thréimhse ama réasúnta (9).

Moladh 2

Molaimid go sonródh na comhlachtaí reachtacha an bunús le haghaidh shocrú na spriocdhátaí faoinar gá don Bhallstát lena mbaineann an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus spriocdhátaí dá samhail a thabhairt isteach don Choimisiún chomh maith, nuair is iomchuí, cuir i gcás maidir le bearta a chur i leataobh i gcás easnaimh ghinearálaithe fholuiteacha nach ann dóibh níos mó.

Níl an Coimisiún faoi aon oibleagáid shoiléir measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta a chur i leataobh dá thionscnamh féin

25.

De réir Airteagal 6(2) den Togra, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i dtaca le bearta a chur i leataobh tar éis iarraidh a fháil ón mBallstát lena mbaineann. Tugaimid dár n-aire, áfach, nach bhfuil foráil sa Togra a chuireann de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh in uireasa a leithéid d’iarraidh ar a thionscnamh féin, má tá forais ann a thugann údar dó. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn go ndéanfadh sé amhlaidh ar aon nós.

Níl aon cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar na tairbhithe deiridh agus na buiséid náisiúnta

26.

Féadfar bearta iomchuí a ghlacadh faoi na modhanna bainistíochta díreacha, indíreacha agus comhroinnte, ar cheart go dtitfeadh a n-iarmhairtí, de réir mheabhrán míniúcháin an Togra, “orthusan atá freagrach as na heasnaimh shainaitheanta”. Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt sa chinneadh ón gComhairle, ní dhéanfaidh forchur na mbeart difear don oibleagáid atá ar eintitis rialtais nó atá ar Bhallstáit an clár nó an ciste a ndéanann an beart difear dó a chur chun feidhme, agus an oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh leis na tairbhithe deiridh (10). Tugaimid dár n-aire nach bhfuil foráil sa Togra maidir le conas an méid sin a áirithiú. Sa chleachtas, bheadh ar an mBallstát lena mbaineann seasamh sa bhearna agus íoc nó maoiniú na dtionscadal nó na gclár a áirithiú ar bhealach éigin eile.

27.

Sa chomhthéacs sin, tugaimid dár n-aire go bhféadfadh sé go mbeadh íocaíochtaí cistí náisiúnta agus AE ag brath ar infhaighteacht an chistiúcháin bhuiséadaigh, mar a nochtadh le linn ár n-iniúchtaí (11). Chuir an Coimisiún in iúl dúinn gur mhol sé rialacha (12) le haghaidh an chéad CAI eile, rialacha lena bhforchuirfí sraith oibleagáidí ar údaráis náisiúnta lena áirithiú go ndéanfaí íocaíochtaí leis na tairbhithe go hiomlán agus in am. Tugaimid dár n-aire, áfach, go bhfuil clásal freisin i rialachán na bhforálacha coiteanna atá beartaithe, lena mbeidh oibleagáid an údaráis náisiúnta maidir le háirithiú na híocaíochta leis an tairbhí, faoi réir cistiú a bheith ar fáil (13).

28.

Is é is aidhm don dréacht-rialachán buiséad an Aontais a chosaint ina iomláine. Agus an méid sin á dhéanamh, féachann sé, áfach, lena áirithiú go mbeidh aon tionchar ó na bearta arna ndéanamh ar na heintitis rialtais atá freagrach as na heasnaimh ghinearálaithe sainaitheanta, seachas ar thairbhithe deiridh neamhrialtasacha (14) (amhail mic léinn Erasmus, lucht taighde nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta) nó ar Bhallstáit eile (e.g. trí bhíthin Cláir um Chomhar Críche Eorpach). Agus aird á tabhairt ar an aidhm sin, foráiltear sa Togra, i gcás bainistíocht dhíreach agus indíreach, gur féidir bearta a chur i bhfeidhm i gcás inarb eintiteas rialtais é an tairbhí, agus sa chás sin amháin. Dá bharr sin, más eintiteas neamhrialtais an tairbhí, fágtar an cistiú AE a bhronnfaí ar a leithéid d’eintiteas, fágtar é lasmuigh de na bearta a mholfadh an Coimisiún. Gan measúnú tionchair lena bhféadfaí a shoiléiriú cé mhéid de bhuiséad an Aontais a d’fhanfadh lasmuigh de chosaint an tsásra bheartaithe sin, is deacair a shuíomh cé chomh mór agus a thig leis na hiarmhairtí a bheith.

Moladh 3

Molaimid go n-iarrfaidh na comhlachtaí reachtacha ar an gCoimisiún measúnú mionsonraithe a dhéanamh ina thogra chuig an gComhairle ar an gcaoi a ndéanfar leasanna dlisteanacha tairbhithe deiridh a chosaint. I gcás gach birt faoi Airteagal 4(1) den Togra (amhail laghdú na ngealltanas nó fionraí na ngealltanas nó n-íocaíochtaí), ba cheart cearta na dtairbhithe deiridh a chosaint.

29.

I gcásanna ina n-úsáidtear cistí náisiúnta le cur in ionad na gcistí AE atá curtha ar fionraí nó laghdaithe, ní mór na cistí sin a theacht as buiséad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Fágann sin go mbíonn iarmhairtí buiséadacha ann don Bhallstát (15), go háirithe i gcás laghduithe nó fionraí ar mhórscála.

Moladh 4

Molaimid go n-iarrfaidh na comhlachtaí reachtacha ar an gCoimisiún, sula ndéanfaidh sé cinneadh cé na bearta iomchuí a mholfaidh sé, measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a theacht as laghdú ar an gcistiú ón Aontas le haghaidh bhuiséad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe.

Níl an comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh infheidhme maidir leis na Ballstáit uile

30.

Is féidir go mbainfeadh easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta i mBallstát le comhar éifeachtach agus tráthúil leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Dírímid aird ar an bhfíoras nach bhfuil na Ballstáit uile mar chuid den chomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, rud a fhágann nach bhfuil feidhm ag na forálacha a bhaineann le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha ach amháin tar éis a bunaithe.

Moladh 5

Molaimid go soiléireoidh na comhlachtaí reachtacha nach bhfuil feidhm ag na forálacha a bhaineann le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, nach bhfuil feidhm acu ach amháin tar éis a bunaithe, maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim sin i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí acu an 12 Iúil 2018.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner LEHNE

An tUachtarán


(1)  COM(2018) 324 final an 2 Bealtaine 2018.

(2)  COM(2014) 158 final an 11 Márta 2014.

(3)  COM(2018) 98 final an 14 Feabhra 2018.

(4)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile: Seasamh na Parlaiminte maidir leis an CAI iar-2020 (2017/2052 (INI)) a ullmhú.

(5)  Féach bileog eolais an Choimisiúin “Buiséad AE don todhchaí — bainistíocht fhónta airgeadais agus an smacht reachta”, https://publications.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/20d5496b-526a-11e8-be1d-01aa75ed71a1/language-ga

(6)  De réir Airteagal 59(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Airgeadais) (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1), “agus cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid á ndéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá, lena n-áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ..[..].”

(7)  Airteagal 3(2) CAE agus Airteagal 67 CFAE; COM(2014) 158 final amhail ón 11 Márta 2014.

(8)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 10/2016 “Tá gá le tuilleadh feabhsuithe lena áirithiú go ndéanfar an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach a chur chun feidhme go héifeachtach” agus Tuarascáil Speisialta Uimh. 3/2018 2Iniúchadh ar an Nós Imeachta do Mhíchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha”.

(9)  Féach Cásanna Uamtha C-74/00 P agus C-75/00 P Falck SpA agus Acciaierie di Bolzano SpA v Coimisiún na gComhphobal Eorpach, EU:C:2002:524, mír 139-141, http://curia.europa.eu/juris/document/document.jsf?text=&docid=47692&pageIndex=0&doclang=FR&mode=lst&dir=&occ=first&part=1&cid=263967

(10)  Léiríonn sé sin pointe 119 den rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018, “An chéad CAI eile: Seasamh na Parlaiminte ar an CAI iar-2020 a ullmhú”, ina luaitear “nach féidir tairbhithe deiridh bhuiséad an Aontais a bheith thíos ar aon chaoi le sáruithe ar rialacha nach bhfuil siad freagrach astu”.

(11)  Le linn ár gcuid iniúchtaí i réimse na bainistíochta comhroinnte, d’aimsíomar conarthaí a tugadh i gcrích idir na húdaráis náisiúnta agus tairbhithe deiridh, ina raibh clásail choinníollacha lenar nascadh íocaíochtaí le hinfhaighteacht cistithe bhuiséadaigh.

(12)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (COM(2018)393 final) agus an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (COM(2018)375 final).

(13)  Féach Airteagal 68(1)(b) den togra le haghaidh rialachán na bhforálacha coiteanna.

(14)  Ag brath ar an rialachán a bhfuil maoiniú ón Aontas Eorpach bunaithe air, déantar tagairt do thairbhithe deiridh mar fhaighteoirí deiridh freisin.

(15)  Ina rún an 14 Márta 2018, dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa “nárbh é buiséad an Aontais an ionstraim cheart chun dul i ngleic le mainneachtain Airteagal 2 CAE a chomhlíonadh, agus gur cheart don Bhallstát aon iarmhairt airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann a sheasamh gan beann ar chur chun feidhme an bhuiséid”.


Top