EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017SC0149

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

SWD/2017/0149 final - 2017/090 (COD)

An Bhruiséil,4.5.2017

SWD(2017) 149 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe trí chontrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

{COM(2017) 208 final}
{SWD(2017) 148 final}












Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

An measúnú tionchar ar leasuithe féideartha ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

A. An gá atá le gníomhaíocht

Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ('EMIR'), tugadh freagra ar an ngealltanas a rinne ceannairí G20 i Meán Fómhair 2009 ceanglais áirithe maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a chur chun feidhme go domhanda. Le EMIR leantar den chuspóir an riosca sistéamach a laghdú trí thrédhearcacht mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar a mhéadú, an riosca creidmheasa contrapháirtí a laghdú agus an riosca oibríochtúil a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú. Tá cuid de na ceanglais a tugadh isteach chun na críche sin tagtha i bhfeidhm, ach tá roinnt ceanglas nach bhfuil i bhfeidhm fós. Léirigh an faireachán a rinne an Coimisiún ar an margadh agus an taiseolas a fuarthas ó gheallsealbhóirí agus ó chomhaltaí agus údaráis de chuid AE go raibh tacaíocht leitheadach ann do chuspóirí foriomlána EMIR ach léirigh siad freisin go raibh roinnt fadhbanna ann agus nár baineadh amach cuspóirí EMIR chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil ab fhéidir de dheasca na bhfadhbanna sin. Baineann na fadhbanna sin go háirithe le (i) costais chomhlíontachta dhíréireacha a sháraíonn, i roinnt cásanna, na tairbhí stuamachta, (ii) gan suíomhanna díorthach agus neamhchosaintí thar an gcuntar a bheith chomh trédhearcach agus ba cheart agus (ii) rochtain neamh-leordhóthanach ar imréiteach ag roinnt contrapháirtithe.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Na roghanna atá leagtha amach, tá an creat a chuir EMIR ar bun slán iontu, ach tá siad dírithe ar chur i bhfeidhm EMIR a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla trí chomhréireacht na rialacha a mhéadú, trédhearcacht na suíomhanna díorthach agus neamhchosaintí thar an gcuntar a mhéadú agus na bacainní roimh rochtain ar imréiteach a laghdú. Chun na críche sin rinneadh roinnt coigeartuithe spriocdhírithe ar EMIR a phlé agus a mheas i dtaca le cuspóir foriomlán EMIR, mar atá an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú.

Cad é an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh? 

Tá Rialachán EMIR ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Na coigeartuithe spriocdhírithe ar EMIR mar atá faoi láthair atá leagtha amach sa tionscnamh seo, is ar leibhéal AE amháin ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is féidir iad a dhéanamh.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?

Is éard atá sa tionscnamh, athbhreithniú ar Rialachán EMIR mar atá faoi láthair. Dá bhrí sin, baineann na roghanna a pléadh le coigeartuithe spriocdhírithe ar fhorálacha (reachtacha) sonracha. Chun na cuspóirí atáthar á niarraidh a bhaint amach, sainaithníodh roinnt roghanna beartais tosaíochta:

·foráil a dhéanamh chun go mbeidh díolúine eatramhach nua ag na socruithe do scéimeanna pinsean ón oibleagáid imréitigh;

·raon feidhme na hoibleagáide imréitigh a laghdú do chontrapháirtithe neamhairgeadais;

·contrapháirtithe airgeadais an-bheag a bhaint as raon feidhme na hoibleagáide réitigh;

·deireadh a chur leis an oibleagáid "cúl-ualúcháin";

·contrapháirtithe neamhairgeadais a dhíolmhú ón oibleagáid idirbhearta laistigh de ghrúpa a thuairisciú;

·i gcás idirbhearta díorthach a thrádáiltear ar mhalartán, tuairisciú aontaobhach a dhéanann contrapháirtithe lárnacha a thabhairt isteach.

·i gcás idirbhearta seachas idirbhearta díorthach a thrádáiltear ar mhalartán, foráil a dhéanamh maidir le contrapháirtí na trádála le contrapháirtí neamhairgeadais beag tuairisciú a dhéanamh;

·na rialacha agus na nósanna imeachta tuairiscithe a chomhchuibhiú a thuilleadh agus é a chur de cheangal ar na stórtha trádála cáilíocht na sonraí a áirithiú;

·na huasteorainneacha leis na méideanna fíneálacha bunúsacha as sáruithe ar cheanglais EMIR arna ndéanamh ag stórtha trádála a mhéadú;

·an tidirghníomhú idir uirlisí bainistíochta mainneachtana agus rialacha náisiúnta dócmhainneachta a shoiléiriú agus an prionsabal a thabhairt isteach in EMIR gur cheart seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha;

Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla?

Fuarthas aiseolas ó gheallsealbhóirí ar fheidhmiú EMIR trí dhá chomhairliúchán phoiblí a reáchtáil an Coimisiún. Ardaíodh roinnt ceisteanna sonracha le linn an chomhairliúcháin ach níor cuireadh béim ar aon roghanna beartais nithiúla a d'fhéadfaí a phlé. Bhí tacaíocht leitheadach ann ó na grúpaí geallsealbhóirí uile do mhéadú ar chomhréireacht na rialacha. Tugadh an-aird ar thuairisciú trádála. D'iarr freagróirí, fiontair chorparáideacha agus comhlachais tionsclaíochta den chuid is mó, laghdú ar na ceanglais tuairiscithe ar chontrapháirtithe neamhairgeadais. Lena chois sin, mheas cuid mhór freagróirí as aicmí éagsúla geallsealbhóirí gur cheart an tuairisciú aontaobhach a chur in ionad an tuairiscithe dhéthaobhaigh – rogha a ndearnadh measúnú uirthi ach a diúltaíodh sa mheasúnú tionchair seo. Chomh maith leis sin, luaigh freagróirí go raibh gá ann díolúintí ó cheanglais imréitigh agus chorrlaigh a thabhairt isteach do chontrapháirtithe nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo.

Bhí na roghanna beartais sonracha a pléadh ina gcuid de na pléití a rinneadh le saineolaithe as na Ballstáit ina dhiaidh sin. Bhí formhór shaineolaithe na mBallstát ar son na roghanna tosaíochta a coinníodh sa mheasúnú tionchair seo.

C. Tionchair na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí  na rogha tosaíochta (más ann do rogha thosaíochta; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

Ar an gcéad dul síos, laghdóidh na mionathraithe atá beartaithe na costais chomhlíontachta agus an tualach comhlíontachta ar rannpháirtithe sa mhargadh gan dochar a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais. Rachaidh an méadú ar an gcomhréireacht i gcur i bhfeidhm na rialacha imréitigh chun sochair do na contrapháirtithe neamhairgeadais ós rud é go náiritheofar leis na bearta atá beartaithe go mbeidh cothrom iomaíochta níos fearr ann mar gurb iad na contrapháirtithe neamhairgeadais is mó agus iad sin amháin a bheidh i raon feidhme na gceanglas imréitigh de bharr an ardaithe ar an tairseach. Má dhéantar athchalabrú ar cén cineál contrapháirtí airgeadais bhig ar a mbeadh an ceanglas imréitigh, is lú an tualach airgeadais a bheidh ar contrapháirtithe airgeadais beaga (an-bheag) nach féidir leo imréiteach lárnach a dhéanamh ar chúiseanna eacnamaíocha. Bainfidh socruithe do scéimeanna pinsean tairbhe as díolúine eatramhach nua ó imréiteach ar an mbonn nár tháinig aon réiteach teicniúil ar imréiteach chun cinn go dtí seo. Bainfidh na contrapháirtithe uile leas as an laghdú ar an ualach a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe, amhail deireadh a bheith curtha leis an gceanglas "cúl-ualúcháin". Ar an dara dul síos, de thoradh méadú ar thrédhearcacht na suíomhanna díorthach thar an gcuntar agus na neamhchosaintí, beidh údaráis in ann aon fhadhbanna féideartha a bheidh ann a shainaithint tráth níos luaithe agus gníomhú go luath chun aghaidh a thabhairt ar aon rioscaí a bheidh ann, rud a chuirfidh le buanseasmhacht na margaí airgeadais. Ar an tríú dul síos, ós rud é go mbeidh feabhas ar an rochtain ar imréiteach, beidh rannpháirtithe breise sa mhargadh in ann a rioscaí a bhainistiú agus a fhálú agus, tríd an dóchúlacht go mbeidh suaití tobanna agus cur isteach ar ghnó ann a ísliú, ní bheidh forbairt ghnó agus sábháilteacht poist a bhfostaithe chomh luaineach agus a bhí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann do rogha thosaíochta; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

Ar an iomlán, níor cheart go mbeadh aon chostas sóisialta agus eacnamaíoch ábhartha mór ann. De bharr an tsimplithe agus an mhéadaithe ar chomhréireacht rialacha maidir le tuairisciú atá beartaithe, beifear in ann cuspóirí EMIR a bhaint amach agus, san am céanna, an tualach riaracháin foriomlán a laghdú go mór atá ar chontrapháirtithe atá faoi réir ceanglais tuairiscithe faoi EMIR. Má bhítear ag beartú an oibleagáid tuairiscithe a aistriú, beidh na heintitis ar cheart dóibh an oibleagáid tuairiscithe a ghlacadh amach anseo níos ábalta an cúram sin a dhéanamh, agus, de bharr na mbarainneachtaí scála lena mbaineann, ba cheart go laghdófaí na costais chomhiomlána fhoriomlána. Is féidir, ar a mhéad, go mbeidh roinnt bheag costas riaracháin breise i gceist leis na bearta breise chun ríomh na dtairseach le haghaidh imréitigh ag na chéad chéimeanna den chur chun feidhme a chomhchuibhiú a thuilleadh, ach ba cheart go dtiocfadh éifeachtúlachtaí níos mó astu agus go laghdódh siad an tualach foriomlán sa mheántéarma. Mar an gcéanna, táthar ag súil nach mbainfidh ach costais bheaga riaracháin bhreise le seirbhísí imréitigh a sholáthar le ceanglas téarmaí tráchtála cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha a chomhlíonadh agus rachaidh an ceanglas sin chun sochair do chuid mhór contrapháirtithe.

Is é an tionchar a bheadh ag na roghanna tosaíochta uile le chéile, laghdú mór ar chostais. Tá na meastacháin ar na coigiltis is féidir a dhéanfar, arna ríomh chun críche an mheasúnaithe tionchair seo amháin agus na toimhdí foluiteacha uile ar a bhfuil tuairisc in Iarscríbhinn 8, idir EUR 2.3 billiún agus EUR 6.9 i gcostais sheasta (aon uaire) agus idir EUR 1.1 billiún agus EUR 2.66 billiún i gcostais oibríochtúla. Déanann roinnt teorainneacha difear d'iontaofacht na laghduithe costas measta sin. Ar an gcéad dul síos níl na meastacháin bailí ach san am i láthair. Níor cuireadh ceanglais a bheidh i bhfeidhm níos faide anonn, amhail cur i bhfeidhm céimnitheach na gceanglas corrlaigh, san áireamh sna ríomhanna. Ar an dara dul síos, tá na ríomhanna bunaithe ar líon teoranta sonraí atá ar fáil go poiblí agus ar fhaisnéis mhargaidh starógach, agus is féidir nach léireoidh siad sin go cruinn éagsúlacht agus sonraíocht na gcontrapháirtithe atá i gceist. Ar an tríú dul síos, tá na ríomhanna bunaithe ar an toimhde go gcuirfear na laghduithe costas ar aghaidh go hiomlán chuig na húsáideoirí deiridh. Ar an gceathrú dul síos, níor cuireadh san áireamh sa ríomh sin na costais choigeartúcháin íosta a thiocfaidh, mar shampla, as téarmaí tráchtála cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha (an tionchar a mheastar a bheidh ar chomhaltaí imréitigh) agus as bearta chun cáilíocht na sonraí a ardú (an tionchar a mheastar a bheidh ar stórtha trádála).

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Bainfidh cuideachtaí, FBManna agus micrea-fhiontair, go háirithe, tairbhe as na roghanna atá dírithe ar (i) na ceanglais rialála a laghdú i gcásanna inar cosúil go sáraíonn costais chomhlíontachta dhíréireacha na tairbhí stuamachta agus (ii) an rochtain ar imréiteach a fheabhsú. Bainfidh contrapháirtithe neamhairgeadais tairbhe as an gcoigeartú ar raon feidhm na hoibleagáide imréitigh. Bainfidh na contrapháirtithe uile, FBManna san áireamh, as an simpliú ar cheanglais tuairiscithe. Ar deireadh, beidh sé níos fusa do chuid mhór contrapháirtithe rochtain a fháil ar imréiteach mar gur tugadh isteach an prionsabal gur cheart seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar théarmaí cothroma réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid agus ar chórais riaracháin náisiúnta? 

Ní imreofar. Na leasuithe atáthar a phlé, níor cheart go gcuirfidís costais ar bhuiséid ná ar chórais riaracháin na mBallstát.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?  

Ní bheidh.

D. Obair Leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?  

Ós rud é gur tháinig ceanglais EMIR i bhfeidhm ag amanna éagsúla agus go bhfuil cuid acu nach bhfuil i bhfeidhm fós, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar EMIR ina iomláine, agus é dírithe go háirithe ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla atá sé ó thaobh cuspóirí tosaigh EMIR a bhaint amach. Ba cheart na leasuithe spriocdhírithe atá pléite sa tionscnamh atá ann faoi láthair a bheith ina gcuid den mheastóireacht sin agus ba cheart é a dhéanamh trí bliana ar a laghad tar éis chur i bhfeidhm na leasuithe sin. I gcásanna áirithe, agus i gcás socruithe do scéimeanna pinsean go háirithe, tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le réitigh a bheith ar fáil d'imréiteach socruithe scéimeanna pinsean ar bhonn leanúnach.

Top