EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017SC0115

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú

SWD/2017/0115 final - 2017/063 (COD)

An Bhruiséil,22.3.2017

SWD(2017) 115 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú

{COM(2017) 142 final}
{SWD(2017) 114 final}
{SWD(2017) 116 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar fheabhas a chur ar an iomaíocht san Aontas Eorpach (AE) chun tairbhe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí – Cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta AE a threisiú i measc na núdarás iomaíochta náisiúnta

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Cuireadh córas díláraithe le haghaidh fhorfheidhmiú rialacha iomaíochta AE i bhfeidhm sa bhliain 2004 le Rialachán 1/2003. Bhí sé mar aidhm leis an gcóras sin forfheidhmiú níos fearr a áirithiú trí chumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach. Cé go bhfuil feabhas suntasach curtha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta ar fhorfheidhmiú rialacha iomaíochta AE le deich mbliana anuas, d’fhéadfaidís an scéal sin a fheabhsú arís eile go fóill. Cailltear suim €181-320 billiún gach bliain mar gheall ar na gníomhaíochtaí de chuid cairtéal nár aimsíodh go fóill. I bhformhór na gcásanna, tá na cairtéil sin freagrach as méadú idir 17 % agus 30 % ar phraghsanna. Léirítear i suirbhéanna agus in obair a rinneadh faoi phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh le déanaí go bhfuil easpa iomaíochta ann i roinnt earnálacha ar fud na hEorpa go fóill. Tá nasc dea-bhunaithe ann idir ról agus cumas na núdarás iomaíochta náisiúnta chun gníomhaíocht a dhéanamh agus chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú go hiomlán agus an cumas atá acu chun an iomaíocht a áirithiú sna margaí.

Tá ceithre thoisc bhunúsacha ann a dhéanann difear do chumas na núdarás iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí agus don chóras díláraithe a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán 1/2003, is iad sin:

1.an easpa uirlisí éifeachtacha iomaíochta atá ar fáil

2.an easpa cumhachtaí éifeachtacha atá ar fáil chun fíneálacha díspreagthacha a fhorchur

3.na héagsúlachtaí atá ann i gcláir thrócaire, ar éagsúlachtaí iad a chuireann drogall ar chuideachtaí roimh an bhfírinne lom a dhéanamh ar fud na hEorpa

4.an easpa coimircí atá ann lena gcumasaítear do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun gníomhú go neamhspleách le linn dóibh rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú agus a fhágann go bhfuil acu na hacmhainní a theastaíonn chun a gcuid oibre a dhéanamh.

Mura féidir leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta a lánacmhainneacht a bhaint amach, lagófar ceann de na príomhghnéithe den mhargadh aonair ag an am céanna, is é sin, a áirithiú nach saobhfar an iomaíocht san Eoraip. Más laige an ghníomhaíocht forfheidhmithe i measc na núdarás iomaíochta náisiúnta, is amhlaidh nach náiritheofar na dálaí a theastaíonn le haghaidh fheidhmiú éifeachtúil na margaí. Ní féidir le gnólachtaí dul in iomaíocht go cothrom bunaithe ar a mbuanna féin agus bíonn bacainní ann ar a niontráil sa mhargadh dá bharr. Chomh maith leis sin, cailleann tomhaltóirí na tairbhí a bhaineann le forfheidhmiú iomaíochta, is iad sin, praghsanna níos ísle, cáilíocht níos fearr, rogha níos leithne agus táirgí nuálacha.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Dá gcumasófaí do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí, d’áiritheofaí go mbainfí amach lánacmhainneacht an chórais dhíláraithe forfheidhmithe a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán 1/2003. Chuirfeadh sé sin go mór le forfheidhmiú rialacha iomaíochta AE i measc na núdarás iomaíochta náisiúnta agus le feidhmiú na margaí san Eoraip (cuspóir ginearálta). Chun an méid sin ar fad a dhéanamh, beidh gá ann leis na cuspóirí sonracha seo a leanas a ghnóthú:

1.A áirithiú go mbeidh uirlisí éifeachtacha imscrúdaithe agus cinnteoireachta ag gach údarás iomaíochta náisiúnta;

2.A áirithiú go bhféadfar fíneálacha díspreagthacha a fhorchur;

3.A rathú go mbeidh clár dea-dheartha trócaire i bhfeidhm ag gach údarás iomaíochta náisiúnta, ar clár é lena néascaítear iarratas a dhéanamh ar thrócaire i níos mó ná dlínse amháin; agus

4.A áirithiú go mbeidh acmhainní dóthanacha ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus go bhféadfaidh siad rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú go neamhspleách.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)? 

Ba cheart don Aontas Eorpach gníomhaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic leis na fadhbanna a sainaithníodh toisc go bhfuil rialacha lena mbaineann gné thrasteorann á gcur i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta. D’fhéadfadh go ndéanfadh gníomhaíocht forfheidhmithe ag an údarás iomaíochta náisiúnta i mBallstát amháin dul i bhfeidhm ar an iomaíocht, ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí i mBallstáit eile, e.g. is gnách go ndéanann cairtéal náisiúnta iomaitheoirí as Ballstáit eile a eisiamh óna mhargadh féin. Mura bhfuil ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta na hacmhainní agus na hionstraimí a theastaíonn uathu chun rialacha a fhorfheidhmiú (e.g. má tá acmhainní in easnamh orthu), d’fhéadfadh go mbeadh drochiarmhairtí díreacha ann do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí i mBallstát an údaráis iomaíochta náisiúnta lena mbaineann agus do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí i mBallstáit eile freisin. D’fhéadfadh go ndéanfaí dochar don chumas atá ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun comhoibriú le chéile ar fud na hEorpa freisin. Ní fhéadfaidh Ballstát Y aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainní agus ionstraimí atá ag an údarás iomaíochta náisiúnta i mBallstát Y. Dá bhrí sin, is le gníomhaíocht AE amháin is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb sin.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?

Rogha 1: gan aon ghníomhaíocht AE a dhéanamh (an cás bunlíne)

Rogha 2:gan ach gníomhaíocht bhog a dhéanamh

Rogha 3: gníomhaíocht reachtach AE a dhéanamh chun acmhainní agus ionstraimí íosta a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ionas gur féidir leo rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus leas á bhaint as roinnt gníomhaíochta boige agus roinnt rialacha mionsonraithe teoranta nuair is cuí

Rogha 4:gníomhaíocht reachtach AE a dhéanamh chun modhanna agus ionstraimí mionsonraithe aonfhoirmeacha a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta

Is í rogha 3 an rogha tosaíochta.

Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Tá gach catagóir páirtithe leasmhara (lena náirítear cuideachtaí agus comhlachais tionscail, gnólachtaí dlí, eagraíochtaí do thomhaltóirí agus údaráis phoiblí) den tuairim gur cheart gníomhaíocht a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Deimhníodh an tuairim sin le linn comhairliúchán poiblí a dúnadh an 12 Feabhra 2016 agus le linn cruinnithe le páirtithe leasmhara.

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

Dá neartófaí na húdaráis iomaíochta náisiúnta trí mhodhanna agus ionstraimí íosta a thabhairt dóibh chun rialacha a fhorfheidhmiú mar is ceart, d’fhorfheidhmeofaí rialacha iomaíochta AE ar bhealach níos éifeachtaí agus chuirfí cultúr na hiomaíochta chun cinn arís eile ar fud na hEorpa. Mar thoradh air sin, chruthófaí margaí iomaíocha níos oscailte ina rachadh cuideachtaí in iomaíocht ar bhealach níos cothroime agus bunaithe ar a mbuanna, rud a chumasódh dóibh saibhreas a ghiniúint, poist a chruthú agus bheith níos tarraingtí d’infheisteoirí. Dá mbeadh iomaíocht níos fearr ann, chuirfí borradh faoi tháirgiúlacht freisin – rud a bhrúnn fás eacnamaíoch chun cinn. Dá mbeadh forfheidhmiú níos éifeachtaí iomaíochta ann, thabharfaí cosaint do thomhaltóirí Eorpacha ar chleachtais ghnó a fhágann go bhfuil na praghsanna ar earraí agus seirbhísí ard go saorga agus mhéadófaí an rogha earraí agus seirbhísí nuálacha a bheadh ar fáil dóibh ar phraghsanna réasúnta. Dá dtabharfaí caighdeáin chomhchoiteanna íosta isteach maidir le huirlisí imscrúdaithe agus pionósaithe, laghdófaí na torthaí difriúla do chuideachtaí agus bheadh sé níos éasca forfheidhmiú rialacha iomaíochta AE i measc na núdarás iomaíochta náisiúnta a thuar. Bheadh údaráis iomaíochta in AE in ann obair i gcomhar le chéile ar bhealach níos fearr. Bheadh laghdú ann ar na costais a bhaineann le hoiriúnú do chreataí dlíthiúla difriúla i measc gnólachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann. Tá formhór na bpáirtithe leasmhara i bhfách leis an rogha seo. Sa mheasúnú ar thairbhí na rogha tosaíochta, ó thaobh cúrsaí cáilíochtúla agus cainníochtúla araon de (mar shampla, an tionchar dearfach a bheadh ag an rogha ar Tháirgiúlacht na bhFachtóirí Uile, ar príomhghné d’Olltáirgeacht Intíre í), léirítear gur mhó na tairbhí a bhainfí amach ná na costais chur chun feidhme.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)? 

Maidir leis an rogha tosaíochta, bheadh costais ann d’údaráis riaracháin phoiblí i ndáil leis an tionscnamh reachtach a chur chun feidhme; bheadh roinnt costas i gceist le hoiliúint a sholáthar sna hathruithe a thabharfaí isteach agus le cleachtadh a fháil orthu; agus d’fhéadfadh go mbeadh méadú beag ann ar sholáthar foirne in údaráis iomaíochta náisiúnta áirithe. Bheadh ar chuideachtaí freastal ar chostais ísle oiriúnaithe tosaigh chun cleachtadh a fháil ar na rialacha nua (ar chostais iad a bheadh ag brath ar an mBallstát ina noibríonn siad).Tríd is tríd, bheadh laghdú ann ar na costais a bhaineann le hoiriúnú do chreataí dlíthiúla difriúla i measc gnólachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann, rud a threiseodh an margadh aonair.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Is as forfheidhmiú níos éifeachtaí iomaíochta a thagann margaí iomaíochta níos oscailte inar féidir le gnólachtaí, lena náirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, dul in iomaíocht go cothrom agus bunaithe ar a mbuanna agus fás a bhaint amach ar fud an mhargaidh aonair. 

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Tá creat bunúsach le haghaidh fhorfheidhmiú rialacha iomaíochta AE i bhfeidhm ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta cheana féin. Tá bearnaí nó laigí áirithe acu ina leith sin, áfach. Bheadh costais éagsúla chur chun feidhme i gceist, agus iad ag brath ar a mhéid atá rialacha i bhfeidhm cheana féin lena dtugtar cumhacht do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Bheadh costais ann freisin do na Ballstáit sin nach bhfuil ag a núdarás iomaíochta náisiúnta acmhainní dóthanacha chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist? 

Ní thabharfaí tuilleadh cumhachtaí éifeachtacha do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ach amháin a mhéid atá sé sin riachtanach agus comhréireach agus a mhéid a áirithíonn sé go nurramófar cearta bunúsacha go cuí.

Comhréireacht

Dá leagfaí caighdeáin íosta síos chun cumhacht a thabhairt do na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun rialacha iomaíochta AE a fhorfheidhmiú go héifeachtach, d’áiritheofaí go mbainfí cothromaíocht amach idir na cuspóirí ginearálta agus na cuspóirí sonracha a chomhlíonadh, gan cur isteach go míchuí ar thraidisiúin náisiúnta ag an am céanna. Bheadh na Ballstáit in ann caighdeáin níos airde a leagan síos agus rialacha a oiriúnú do shainiúlachtaí náisiúnta go fóill.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Déanfar faireachán agus meastóireacht ar an reachtaíocht nua AE le linn í a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta. Dhéanfaí meastóireacht ex post ar an reachtaíocht 5 bliana tar éis í a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta chun a mheasúnú cé acu a gnóthaíodh nó nár gnóthaíodh na cuspóirí atá léi.

Top