Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0539

    Leasú ar thogra ar feitheamh le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint (Togra ón gCoimisiún maidir le EMIR II)

    COM/2017/0539 final - 2017/0136 (COD)

    An Bhruiséil,20.9.2017

    COM(2017) 539 final

    2017/0136(COD)

    EMPTY

    Leasú ar thogra ar feitheamh

    le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint (Togra ón gCoimisiún maidir le EMIR II)


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    An 13 Meitheamh 2017, chuir an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán i láthair lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint (Togra ón gCoimisiún maidir le EMIR II [COM (2017) 331 final]).

    Is é is aidhm don togra córas maoirseachta atá níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí maidir le CPLanna a chur ar bun in Aontas na Margaí Caipitil, ar mhaithe le comhtháthú breise an mhargaidh, leis an gcobhsaíocht airgeadais agus le cothrom iomaíochta. I measc nithe eile, tá sé beartaithe leis an togra comhar níos dlúithe a áirithiú idir údaráis náisiúnta inniúla um maoirseacht ar CPLanna agus na bainc cheannais atá freagrach as airgeadraí an Aontais. Dá réir sin, tá sé beartaithe comhlacht nua a bhunú laistigh den Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) (Seisiún Feidhmiúcháin na CPLanna) a bheidh freagrach as cúraimí a bhaineann le CPLanna i gcoitinne a láimhseáil agus as maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna san Aontas agus CPLanna tríú tír go háirithe. Beidh an Seisiún Feidhmiúcháin CPLanna comhdhéanta de chomhaltaí buana agus de chomhaltaí a bhaineann go sonrach le CPLanna. Ar na comhaltaí buana tá Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna agus beirt Stiúrthóirí neamhspleácha, a ghníomhóidh go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe le leas an Aontais trí chéile. Ar na comhaltaí a bhainfidh go sonrach le gach CPL tá ionadaí ar údarás inniúil na mBallstát ina bhfuil an CPL bunaithe, arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus ionadaí den bhanc ceannais/de na bainc cheannais i gceist. Leis an togra sin feabhsaítear ról ÚEUM sna coláistí, trína fhoráil go nglacfaidh comhaltaí buana Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna páirt i gcruinnithe coláiste do CPLanna faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus gurb é Ceann Sheisiún Feidhmiúcháin CPL a bheidh ina chathaoirleach ar na cruinnithe sin agus a dhéanfaidh iad a bhainistiú.

    Tá an doiciméad seo á chur i láthair chun togra EMIR II ón gCoimisiún a fhorlíonadh. Is cuid de phacáiste beart é a bhfuil sé de chuspóir aige cur leis an maoirseacht a dhéantar ar mhargaí airgeadais an Aontais trí fheidhmiú chóras na nÚdarás Eorpach Maoirseachta a fheabhsú. Beartaítear go sonrach leis an doiciméad seo cúram breise a thabhairt do Sheisiún Feidhmiúcháin na CPLanna. Meastar go bhfuil gá leis an mbreisiú sin i bhfianaise go mbunófar Seisiún Feidhmiúchán na CPLanna go héifeachtach sula ndéanfar an tathchóiriú atá beartaithe ar na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta.



    I bpointe 7 den Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (na hÚdaráis Eorpacha um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis an nós imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint [COM(2017)331 final], tá an pointe (-a) seo a leanas le cur isteach i mír 1 d'Airteagal 44b:

    "(-a)    cinntí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh faoi ghnóthaí a bhaineann le CPL ó thaobh Airteagail 17, 19, 29, 29a agus 30 den Rialachán seo;".

    Top