Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0489

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle

    COM/2017/0489 final - 2017/0226 (COD)

    An Bhruiséil,13.9.2017

    COM(2017) 489 final

    2017/0226(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle

    {SWD(2017) 298 final}
    {SWD(2017) 299 final}


    CLÁR NA nÁBHAR

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN    4

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA4

    1.1.Forais agus cuspóirí an togra4

    1.2.An gá caighdeáin agus oibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme agus déileáil ar shlí éifeachtach le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid6

    1.3.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana6

    1.4.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais8

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT9

    2.1.Bunús dlí9

    2.2.Geoiméadracht athraitheach10

    2.3.Coimhdeacht10

    2.4.Comhréireacht11

    2.5.An rogha ionstraime11

    3.TORTHAÍ Ó MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR11

    3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana11

    3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara12

    3.3.Measúnú tionchair15

    3.4.Oiriúnacht rialála agus simpliú16

    3.5.Cearta bunúsacha17

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA18

    5.EILIMINTÍ EILE18

    5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe18

    5.2.Doiciméid mhíniúcháin18

    6.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA18

    6.1.Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe18

    6.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra21

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle    26

    TEIDEAL I: ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE    32

    TEIDEAL II: CIONTA    34

    TEIDEAL III: DLÍNSE AGUS IMSCRÚDÚ    36

    TEIDEAL IV: FAISNÉIS A MHALARTÚ AGUS COIR A THUAIRISCIÚ    37

    TEIDEAL V: CÚNAMH d’ÍOSPARTAIGH AGUS COSC    38

    TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA    38

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1.Forais agus cuspóirí an togra

    Is é Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac 1 an píosa reachtaíochta atá ag an Aontas Eorpach faoi láthair lena leagtar síos rialacha íosta coiteanna maidir le coir a dhéanamh as calaois íocaíochtaí neamhairgid.

    Admhaítear sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 2 nach bhfuil an Cinneadh Réime ag teacht a thuilleadh le saol an lae inniu agus nach dtugann sé aghaidh a dhóthain ar dhúshláin nua ná ar fhorbairtí teicneolaíochta, e.g. airgeadraí fíorúla agus íocaíochtaí móibíleacha.

    In 2013, rinneadh luach EUR 1.44 billiún de chalaois ar chártaí a eisíodh sa limistéar aonair d'íocaíochtaí euro (SEPA); b’shin fás 8 % ar an mbliain roimhe sin. Cé gur le híocaíochtaí cártaí amháin a bhaineann na sonraí calaoise atá ar fáil, is cártaí an ionstraim íocaíochta neamhairgid is tábhachtaí san Aontas Eorpach ó thaobh líon na nidirbheart de 3 .

    Is tábhachtach déileáil ar shlí éifeachtach le calaois íocaíochtaí neamhairgid ós rud é gur baol atá ann don tslándáil. Is foinse ioncaim do ghrúpaí coireachta eagraithe an chalaois íocaíochtaí neamhairgid, agus, dá bhrí sin, is í an chalaois sin a fhágann gur féidir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí coiriúla eile, amhail an sceimhlitheoireacht agus an gháinneáil ar dhrugaí agus ar dhaoine. Dar le Europol, úsáidtear ioncam a fhaightear ón gcalaois íocaíochtaí neamhairgid chun an méid seo a leanas, go háirithe, a mhaoiniú:

    ·Taisteal:

    ·eitiltí: léiríonn an taithí a fuarthas le linn oibríochtaí a dhéanamh don Global Airline Action Day 4 idir 2014 agus 2016 go bhfuil nasc soiléir idir calaois íocaíochtaí neamhairgid, calaois ticéad aerlíne agus coireanna tromchúiseacha agus eagraithe eile, an sceimhlitheoireacht san áireamh. Roinnt de na daoine a d’úsáid ticéid taistil a fuarthas go calaoiseach, b'eol do na húdaráis, nó bhí amhras orthu, go raibh baint acu le cionta eile.

    ·calaois eile taistil (i.e. ticéad a fuarthas go calaoiseach a dhíol nó a úsáid le taisteal). Cártaí creidmheasa amhrasacha an modh íocaíochta is coitianta le ticéid mhídhleathacha a cheannach. Ar roinnt de na modhanna eile tá pointí ar chártaí dílseachta goidte, fioscaireacht a dhéanann gníomhaireachtaí taistil agus calaois dearbhán. Ní hiad na coirpigh amháin a úsáideann ticéid taistil a fuarthas go calaoiseach. Ar dhaoine eile tá daoine a ndearnadh gáinneáil orthu agus daoine a ghníomhaíonn mar "mhiúileanna airgid" 5 .

    ·Cóiríocht: tá sé tugtha le fios, freisin, ag lucht forfheidhmithe dlí go mbaintear leas as calaois íocaíochtaí neamhairgid chun coireanna eile a dteastaíonn cóiríocht shealadach dóibh a éascú, e.g. an gháinneáil ar dhaoine, an inimirce mhídhleathach agus an gháinneáil ar dhrugaí.

    Tá sé tugtha le fios ag Europol freisin go bhfuil forlámhas ar mhargadh coiriúil na calaoise cártaí íocaíochta san Aontas Eorpach ag grúpaí coireachta eagraithe atá dea-eagraithe agus atá gníomhach ar fud an domhain 6 .

    Thairis sin, tá dhá chaoi ann a gcuireann an chalaois íocaíochtaí neamhairgid bac ar fhorbairt an mhargaidh aonair dhigitigh:

    ·is cúis í le caillteanas eacnamaíoch díreach mar a léiríonn an meastachán thuas de EUR 1.44 billiún de chalaois cártaí. Cailleann na haerlínte, mar shampla, isteach is amach le USD 1 billiún in aghaidh na bliana ar bhonn domhanda i ngeall ar chalaois cártaí 7 ;

    ·baineann sé den mhuinín atá ag tomhaltóirí as an margadh aonair digiteach, agus is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin go dtiocfadh laghdú ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus gur beag déileáil a bheadh ag tomhaltóirí leis an margadh sin. Léiríonn an suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí ar Chibearshlándáil 8 go bhfuil formhór úsáideoirí an idirlín (85 %) den tuairim go bhfuil an baol cibearchoireachta ag dul i méid. Ina theannta sin, bíonn imní ar 42 % d’úsáideoirí faoi shlándáil íocaíochtaí ar líne. De thoradh imní faoi chúrsaí slándála, tá 12 % d’úsáideoirí ar lú an seans go ndéanfaidh siad idirbhearta digiteacha ar nós baincéireacht ar líne.

    I meastóireacht a rinneadh ar an gcreat reachtach 9 atá ag an Aontas Eorpach faoi láthair, aithníodh go bhfuil trí fhadhb ann a spreagann an chalaois íocaíochtaí neamhairgid san Aontas:

    1.Ní féidir imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar roinnt coireanna faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair agus ní féidir daoine a ionchúiseamh ina leith.

    2.Ní féidir imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar roinnt coireanna de bharr bacainní oibríochtúla agus ní féidir daoine a ionchúiseamh ina leith.

    3.Baineann coirpigh leas as bearnaí sna bearta coisctheacha agus éiríonn leo dul i mbun calaoise.

    Tá trí chuspóir shonracha sa togra seo chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin:

    1.A áirithiú go bhfuil beartas/creat dlíthiúil atá soiléir, daingean agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i bhfeidhm.

    2.Deireadh a chur le bacainní oibríochtúla a chuireann bac ar imscrúdú agus ar ionchúiseamh.

    3.Bearta coisctheacha a fheabhsú.

    1.2.An gá caighdeáin agus oibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme agus déileáil ar shlí éifeachtach le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid

    I gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) 10 i dTeideal 2 (Cionta a bhaineann leis an ríomhaireacht) ceanglaítear ar na páirtithe sa Choinbhinsiún brionnú a bhaineann leis an ríomhaireacht (Airteagal 7) agus calaois a bhaineann leis an ríomhaireacht (Airteagal 8) a leagan síos mar chionta coiriúla ina gcuid dlíthe náisiúnta. Tá an Cinneadh Réime atá ann faoi láthair i gcomhréir leis na forálacha sin. An tathbhreithniú seo ar na rialacha, cuirfidh sé leis an gcomhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus na húdaráis forfheidhmithe dlí agus eintitis phríobháideacha, rud a chabhróidh le cuspóirí ginearálta an Choinbhinsiúin a bhaint amach agus le bheith i gcomhréir le forálacha ábhartha an Choinbhinsiúin.

    1.3.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá cuspóirí an togra seo i gcomhréir leis an mbeartas agus leis na forálacha reachtacha seo a leanas i réimse an dlí choiriúil:

    1.Sásraí comhair uile-Eorpacha in ábhair choiriúla lena néascaítear comhordú an imscrúdaithe agus an ionchúisimh (an nós imeachta coiriúil):

    ·Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit 11 ;

    ·An Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh 12 ;

    ·Treoir 2014/41/AE maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla 13 ;

    ·Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais 14 ;

    ·Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle ar easaontachtaí maidir le feidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú 15 ;

    ·Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit 16 ;

    ·Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta 17 ;

    ·Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Europol 18 ;

    ·Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle lena mbunaítear Eurojust 19 ;

    ·Conclúidí ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás 20 .

    I bprionsabal, ní thugann an togra seo isteach forálacha a bhaineann go sonrach le calaois íocaíochtaí neamhairgid a d’imeodh ó na hionstraimí níos ginearálta sin, i gcaoi is nach dtarlóidh ilroinnt a d’fhéadfadh trasuí agus cur chun feidhme na reachtaíochta sna Ballstáit a dhéanamh níos casta. Is é an taon eisceacht amháin Treoir 2012/29/AE maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus is comhlánú ar an Treoir sin an togra seo.

    2.Gníomhartha dlí lena ndéantar coir as iompar áirithe a bhaineann le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid (dlí coiriúil substainteach):

    ·Treoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise 21 :

    ·is comhlánú ar Threoir 2013/40 an togra seo mar go dtugann sé aghaidh ar ghné dhifriúil den chibearchoireacht 22 . Freagraíonn an dá ionstraim d’fhorálacha éagsúla de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) 23 atá ina shlat tomhais dlí idirnáisiúnta ag an Aontas Eorpach 24 ;

    ·tá an togra seo i gcomhréir freisin le Treoir 2013/40 mar go bhfuil sé bunaithe ar chur chuige den chineál céanna maidir le saincheisteanna sonracha, e.g. dlínse nó an sainmhíniú ar leibhéil déine uasta agus íosta maidir le pionóis.

    ·Treoir 2014/62/AE ar chosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh tríd an dlí coiriúil 25 :

    ·is comhlánú ar Threoir 2014/62/AE an togra seo mar go gcuimsíonn sé góchumadh ionstraimí íocaíochta neamhairgid, agus go gcuimsíonn Treoir 2014/62/AE góchumadh airgid thirim;

    ·tá sé i gcomhréir, freisin, le Treoir 2014/62/AE mar go núsáidtear an cur chuige céanna i leith roinnt forálacha, e.g. i leith uirlisí imscrúdaitheacha.

    ·Treoir 2017/541/AE maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac:

    ·is comhlánú ar Threoir 2017/541/AE an togra seo mar go bhfuil sé beartaithe leis méid iomlán na gcistí a thagann as calaois íocaíochtaí neamhairgid a laghdú. Is grúpaí coireachta eagraithe a fhaigheann formhór an airgid sin chun dul i mbun coireanna tromchúiseacha, an sceimhlitheoireacht san áireamh.

    ·An togra le haghaidh Treoir maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil:

    ·is comhlánú ar an togra le haghaidh Treoir maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil an togra seo mar go gcuirfí ar fáil leis an Treoir sin an creat dlíthiúil a theastaíonn chun cur in aghaidh sciúradh fáltas ó choireacht de thoradh calaois íocaíochtaí neamhairgid ("miúileanna airgid").

    1.4.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo i gcomhréir leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil agus le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh toisc feabhas a chur ar an tslándáil a bheith ina phríomhchuspóir leis na hionstraimí sin.

    Thairis sin, tá an togra seo i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach mar go bhfuil sé beartaithe leis an straitéis sin cur leis an muinín atá ag an úsáideoir as an margadh digiteach, rud atá ar cheann de phríomhchuspóirí an togra seo. Maidir leis an Straitéis sin, tá roinnt ionstraimí dlí ann lena néascaítear slándáil íocaíochtaí ar fud an Aontais, agus tá an togra seo i gcomhréir leo:

    ·An Treoir athbhreithnithe um Sheirbhísí Íocaíochta (PSD2) 26 ina bhfuil bearta éagsúla a chuirfidh leis na ceanglais slándála maidir le híocaíochtaí leictreonacha agus a chuirfidh creat dlíthiúil agus maoirseachta ar fáil do na rannpháirtithe atá ag teacht chun cinn i margadh na níocaíochtaí.

    ·Treoir 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí 27 . Seo an ceathrú Treoir um an bhFrithsciúradh Airgid agus cuimsíonn sí an cás ina mbaineann coirpigh mí-úsáid as ionstraimí íocaíochta neamhairgid d'fhonn a ngníomhaíochtaí a cheilt. Is comhlánú ar an Treoir sin an togra seo mar go dtugann an togra aghaidh ar an gcás ina ndearna na coirpigh, mar shampla, ionstraimí íocaíochta neamhairgid a shealbhú ar shlí neamhdhleathach, a ghóchumadh nó a fhalsú.

    ·Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí 28 , agus is é an sainmhíniú céanna ar airgeadraí fíorúla atá sa togra sin agus sa togra seo. Má thagann athrú ar an sainmhíniú sin agus an togra sin á ghlacadh, ba cheart an sainmhíniú sa togra seo a chur in oiriúint dá réir.

    ·Ar ghníomhartha dlí ábhartha eile tá Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí 29 ; Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach 30 ; Rialachán (AE) 2012/260 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro 31 ; agus Treoir (AE) 2016/1148 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (Treoir NIS) 32 .

    Go ginearálta, cabhraíonn na gníomhartha dlí sin bearta coisctheacha níos déine a chur i bhfeidhm. Is comhlánú ar na bearta coisctheacha sin an togra seo mar go gcuirtear bearta breise i bhfeidhm lena ngearrtar pionós i leith gníomhaíochtaí coiriúla agus lena bhféadfar coirpigh a ionchúiseamh sna cásanna sin inar theip ar na bearta coisctheacha.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    2.1.Bunús dlí

    Is é Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí leis an togra seo, Airteagal ina luaitear go sainráite gur réimsí den choireacht fhíorthromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo iad góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe:

    "Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach trí bhíthin treoracha, rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.

    Is iad seo a leanas na réimsí coireachta: an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus an teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí, an gháinneáil aindleathach ar airm, sciúradh airgid, an éillitheacht, góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe."

    2.2.Geoiméadracht athraitheach

    Tá feidhm sna Ballstáit uile le Cinneadh Réime 2001/413/CGB maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac.

    I gcomhréir le Prótacal 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis na Conarthaí, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire a chinneadh a bheith rannpháirteach nuair a bheidh an togra seo á ghlacadh. Beidh an rogha sin acu freisin tar éis an togra a ghlacadh.

    Ós rud é gur thug an Ríocht Aontaithe fógra an 29 Márta 2017 go bhfuil sé de rún aici an tAontas a fhágáil, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar nó, dá uireasa sin, dhá bhliain tar éis an fhógra, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh ama a chur leis an tréimhse sin. Dá bharr sin, agus gan dochar d’aon fhorálacha sa chomhaontú um tharraingt siar, beidh feidhm ag an tuairisc thuasluaite ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa togra seo go dtí go scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát, agus go dtí an uair sin amháin.

    Faoi Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle na bearta de bhun Theideal V CFAE (ach amháin an beartas víosaí). Faoi na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair, dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfar an togra seo agus ní bheidh sí faoi cheangal aige.

    2.3.Coimhdeacht

    Tá gné an-tábhachtach thrasteorann ag baint le calaois íocaíochtaí neamhairgid san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin araon. Sampla de chás is ea dá ndéanfaí sonraí cárta a scimeáil (a chóipeáil) i dtír amháin san Aontas, go núsáidfí na sonraí sin le cárta bréige a chruthú, agus go núsáidfí an cárta bréige lasmuigh den Aontas chun teacht timpeall ar na hardchaighdeáin slándála. Is ar líne, níos mó ná a mhalairt anois, a dhéantar na coireanna sin.

    Ní féidir na coireanna sin a chomhrac go héifeachtach, dá bhrí sin, más ag gníomhú as a stuaim féin atá na Ballstáit nó más ag gníomhú ar shlí neamh-chomhordaithe atá siad:

    ·cruthaíonn na coireanna sin cásanna ina mbíonn an tíospartach, déantóir na coire agus an fhianaise faoi chuimsiú creataí dlíthiúla náisiúnta éagsúla laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Mar thoradh air sin, ceal rialacha íosta coiteanna, glacann sé an-chuid ama ar thíortha aonair teacht roimh na gníomhaíochtaí coiriúla sin go héifeachtach agus bíonn a lán dúshlán ann dóibh;

    ·nuair a ritheadh an reachtaíocht atá ag an Aontas maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (an Cinneadh Réime), tuigeadh go raibh gá le beart ar leibhéal an Aontais;

    ·tá sé léirithe freisin sna tionscnaimh chun bearta na mBallstát a chomhordú sa réimse seo ar leibhéal an Aontais go bhfuil tuiscint ann go bhfuil gá leis na bearta a dhéantar ar an leibhéal Eorpach, e.g. tá foireann ar leith ag Europol a bhíonn ag obair ar chalaois íocaíochtaí 33 agus faoi chuimsiú thimthriall beartais EMPACT, bunaíodh tosaíocht maidir le comhar oibríochtúil i gcoinne calaois íocaíochtaí neamhairgid 34 . Cuireadh in iúl go mion minic sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus an togra seo á ullmhú, go háirithe sna cruinnithe saineolaithe, go bhfuil fiúntas sna tionscnaimh sin cabhrú leis na Ballstáit na coireanna sin a chomhrac.

    Buntáiste eile a bhaineann le beart Eorpach sa réimse seo is ea go néascaítear an comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, rud atá tábhachtach mar go dtéann gné idirnáisiúnta na calaoise íocaíochtaí neamhairgid thar theorainneacha an Aontais go minic. Dá mbeadh rialacha íosta coiteanna ann san Aontas Eorpach d’fhéadfadh sin tionchar dearfach a imirt ar thíortha nach bhfuil san Aontas, rud a d’éascódh comhar trasteorann ar bhonn domhanda.

    2.4.Comhréireacht

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, ní théann an Treoir nua atá beartaithe thar an méid is gá agus is comhréireach chun caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme agus na cionta sa réimse seo a chur in oiriúint do bhagairtí nua. Maidir leis na bearta a bhaineann le húsáid uirlisí imscrúdaitheacha agus le malartú faisnéise, ní áirítear iad ach an méid is gá le go bhfeidhmeoidh an creat dlí choiriúil atá beartaithe go héifeachtach.

    Is é an sainmhíniú ar raon feidhme na gcionta coiriúla sa togra seo gach cineál iompair ábhartha, ach gan dul thar an méid is gá agus is comhréireach.

    2.5.An rogha ionstraime

    I gcomhréir le hAirteagal 83(1) CFAE, ní féidir rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimse na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi, lena náirítear góchumadh modhanna íocaíochta agus coireacht ríomhairí, ach amháin trí bhíthin Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna glacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

    3.TORTHAÍ Ó MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    3.1.Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Rinne an Coimisiún meastóireacht 35 ar an gcreat reachtach atá ag an Aontas Eorpach faoi láthair agus d’eagraigh sé measúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo (tá tuilleadh eolais sa Doiciméad Inmheánach Oibre comhfhreagrach de chuid an Choimisiúin).

    Braitheadh sa mheastóireacht go bhfuil trí thoisc ann ar cúis le fadhbanna iad, agus go bhfuil gach ceann de na tosca sin roinnte i bhfothosca:

    Tosca

    Fothosca

    1.Ní féidir imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar roinnt coireanna faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair agus ní féidir daoine a ionchúiseamh ina leith.

    a.Ní féidir daoine a ionchúiseamh go héifeachtach i gcoireanna áirithe mar nach ionann an chaoi a gcuirtear an dlí i bhfeidhm sna Ballstáit i gcás cionta a dhéantar ar ionstraimí íocaíochta áirithe (go háirithe ionstraimí neamhchorpracha).

    b.Ní féidir gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhaineann le calaois íocaíochtaí neamhairgid a ionchúiseamh go héifeachtach mar nach ionann an chaoi a gcuirtear an dlí i bhfeidhm sna Ballstáit i gcás na ngníomhaíochtaí sin.

    c.Is féidir bac a bheith ar imscrúduithe trasteorann mar nach ionann déine na bpionós a ghearrtar sna Ballstáit éagsúla i gcás cionta áirithe.

    d.Is féidir le laigí maidir le sannadh dlínse baint ó éifeachtacht an imscrúdaithe agus an ionchúisimh.

    2.Ní féidir imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar roinnt coireanna de bharr bacainní oibríochtúla agus ní féidir daoine a ionchúiseamh ina leith.

    a.Is féidir go nglacann sé an iomarca ama faisnéis a chur ar fáil in iarrataí ar chomhar trasteorann, rud a chuireann bac ar an imscrúdú agus ar an ionchúiseamh.

    b.De dheasca srianta sa chomhar poiblí príobháideach tá méid mór coireanna ann nach dtuairiscítear do lucht forfheidhmithe dlí, rud a chuireann bac ar éifeachtacht na nimscrúduithe agus na nionchúiseamh.

    3.Baineann coirpigh leas as bearnaí sna bearta coisctheacha agus éiríonn leo dul i mbun calaoise.

    a.Cuireann na bearnaí atá ann maidir le faisnéis a mhalartú sa chomhar poiblí príobháideach isteach ar bhearta coisctheacha.

    b.Baineann na coirpigh leas as easpa feasachta na níospartach.

    Léiríonn na tosca sin gur teip rialála, den chuid is mó, atá i gceist mar nach bhfuil feidhm ar bith le codanna den chreat reachtach atá ag an Aontas Eorpach (an Cinneadh Réime), sin de bharr forbairtí teicneolaíochta den chuid is mó. Tugadh le fios sa mheastóireacht nach leor an reachtaíocht is déanaí a ritheadh leis an mbearna rialála sin a líonadh.

    3.2.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Gníomhaíochtaí comhairliúcháin:

    Eagraíodh trí chineál gníomhaíochta comhairliúcháin: comhairliúchán poiblí oscailte, comhairliúchán spriocdhírithe a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus comhairliúchán spriocdhírithe a d’eagraigh conraitheoir:

    1. Comhairliúchán poiblí oscailte

    Sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí oscailte an 1 Márta 2017. Bhí sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán sin aiseolas a fháil ón bpobal i gcoitinne i dtaobh shainmhíniú na faidhbe, ábharthacht agus éifeachtacht an chreata dhlíthiúil reatha i réimse na calaoise íocaíochtaí neamhairgid, agus i dtaobh na roghanna maidir leis na saincheisteanna atá ann a réiteach agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na roghanna sin. Cuireadh clabhsúr ar an gcomhairliúchán tar éis 12 sheachtaine, an 24 Bealtaine 2017.

    Thug 33 chleachtóir agus 21 dhuine den phobal i gcoitinne freagraí ar cheistneoirí an chomhairliúcháin. Thug ceathrar cleachtóirí aiseolas breise in aighneachtaí i scríbhinn. I measc na gcleachtóirí bhí:

    ·cuideachtaí príobháideacha (an earnáil phríobháideach);

    ·údaráis phoiblí náisiúnta agus idirnáisiúnta (gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, údaráis bhreithiúnacha agus institiúidí agus comhlachtaí AE);

    ·comhlachais trádála, ghnó nó ghairme (e.g. cónaidhmeanna náisiúnta baincéireachta);

    ·eagraíochtaí, ardáin nó gréasáin neamhrialtasacha;

    ·cuideachtaí gairmiúla sainchomhairleoireachta, gnólachtaí dlí, sainchomhairleoirí féinfhostaithe.

    2. Comhairliúchán spriocdhírithe a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach:

    ·ollchruinnithe saineolaithe ina raibh ionadaithe thar ceann údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha as gach Ballstát (a roghnaigh na Ballstáit féin) agus saineolaithe ón earnáil phríobháideach (forais airgeadais, soláthraithe seirbhísí íocaíochta, ceannaithe, scéimeanna cártaí);

    ·roinnt cruinnithe le saineolaithe agus páirtithe leasmhara as an saol acadúil, as gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, tionscail airgeadraí fíorúla, agus ionadaithe thar ceann eagraíochtaí tomhaltóirí, institiúidí airgeadais príobháideacha agus rialtóirí airgeadais.

    3. Comhairliúchán spriocdhírithe a d’eagraigh conraitheoir:

    D’eagraigh conraitheoir comhairliúcháin spriocdhírithe ina raibh suirbhéanna ar líne agus agallaimh. Cuireadh na réamhthorthaí os comhair grúpa fócais um bailíochtú agus thug an grúpa sin aiseolas agus rinne sé torthaí an chomhairliúcháin a fhíorú.

    Ghlac 125 pháirtí leasmhara as 25 Bhallstát páirt sa chomhairliúchán.

    Na príomhthorthaí:

    ·Gné na coireachta:

    Braitheadh i gcoitinne go bhfuil costas ard ag baint le calaois íocaíochtaí neamhairgid agus meastar go nardóidh an costas sin sna blianta amach romhainn. Níor tháinig sé go héasca le haon duine, sna catagóirí uile páirtithe leasmhara, an feiniméan coiriúil a chainníochtú. Is tearc iad staitisticí sa réimse seo agus ní i gcónaí is féidir teacht orthu. Thug ionadaithe eile, áfach, fianaise bunaithe ar a gcuid taithí, lenar tugadh le fios an tábhacht a bhaineann le cineálacha áirithe calaoise íocaíochtaí neamhairgid thar chineálacha eile.

    ·Creat dlí choiriúil:

    Bhí formhór na bpáirtithe leasmhara den tuairim nach bhfuil ach codanna den chreat dlíthiúil atá ag an Aontas Eorpach faoi láthair ábhartha maidir leis na riachtanais slándála atá ann, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar ionstraimí íocaíochta agus cionta coiriúla. Dhearbhaigh roinnt daoine gur ghá na creataí dlíthiúla náisiúnta a leasú.

    ·An nós imeachta coiriúil:

    Ainneoin an chreata dhlíthiúil atá ann, braitheadh nach bhfuil an comhar idir na Ballstáit i ndáil le himscrúduithe agus ionchúisimh sásúil a dhóthain. Tá eolas forleathan ar an tacaíocht a thugann Europol chun an comhar trasteorann a éascú.

    ·Tuairisciú leis na húdaráis forfheidhmithe dlí:

    Bhí dearcthaí éagsúla ann faoin tuairisciú a dhéantar leis na húdaráis forfheidhmithe dlí: bhí roinnt ionadaithe sásta den leibhéal tuairiscithe atá ann, ach chreid ionadaithe eile gur cheart é a fheabhsú. Bhí na páirtithe leasmhara éagsúla ar aon intinn faoi nach mór na roghanna beartais a bheidh ann amach anseo i dtaobh tuairisciú a bheith i gcomhréir leis na hacmhainní iarbhír atá sna húdaráis forfheidhmithe dlí le go bhféadfaidh siad na cásanna a fhiosrú go cuí.

    ·Comhar poiblí príobháideach:

    Bhí na páirtithe leasmhara den tuairim gur fiúntach é an comhar idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha, ar an iomlán, agus bhí siad ar aon fhocal faoi gur chóir a leithéid de chomhar a spreagadh le gur fearr is féidir dul i ngleic le calaois íocaíochtaí neamhairgid, go háirithe i gcás bearta coisctheacha.

    Bhí formhór na bpáirtithe leasmhara den tuairim gur cheart feabhas a chur ar an gcomhar poiblí príobháideach ar mhaithe leis an gcalaois íocaíochtaí neamhairgid a chomhrac. Ba léir gurbh iad ionadaithe na hearnála príobháidí ba lú a bhí sásta. Ar na príomhbhacainní ar chomhar a braitheadh bhí, mar shampla, srianta maidir leis an deis faisnéis a mhalartú le húdaráis forfheidhmithe dlí agus maidir leis na huirlisí gaolmhara a úsáidtear chun an malartú sin a dhéanamh.

    Bhí formhór na bpáirtithe leasmhara ar aon fhocal faoi gur chóir go mbeadh cead ag forais airgeadais cuid de shonraí pearsanta an íospartaigh (e.g. ainm, cuntas bainc, seoladh, etc.) a roinnt as a stuaim féin le póilíní náisiúnta nó le póilíní i mBallstát eile, sin ar mhaithe le coirpigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    Luaigh roinnt páirtithe leasmhara, áfach, go mbíonn comhar lag idir údaráis phoiblí agus údaráis phríobháideacha ina bhac ar iarrachtaí chun an chalaois íocaíochtaí neamhairgid a throid.

    Ba é an tuairim a bhí ag gnólachtaí príobháideacha, údaráis phoiblí, agus comhlachais trádála, ghnó agus ghairme go bhfuil an reachtaíocht, mí-ailíniú tosaíochtaí agus easpa muiníne, mar aon le saincheisteanna praiticiúla agus eagrúcháin, ina mbac ar chomhar rathúil idir údaráis phoiblí agus eintitis phríobháideacha nuair nach mbíonn na rannpháirtithe lonnaithe sa Bhallstát céanna. Luaigh gnólachtaí príobháideacha agus údaráis phoiblí go bhfuil easpa teicneolaíochta cuí (e.g. bealach cumarsáide) ina shrian mór freisin.

    ·Cearta an íospartaigh:

    Leag na páirtithe leasmhara béim ar an tábhacht a bhaineann le híospartaigh chalaoise a chosaint. Bhí roinnt páirtithe leasmhara den tuairim nach gcosnaítear íospartaigh a ndóthain, cé gur mór acu na bearta a dhéantar ar leibhéal an Bhallstáit le hiad a chosaint. Tá sásraí dea-chomhair cruthaithe ag cumainn íospartach in éindí le húdaráis forfheidhmithe dlí. Bhí roinnt páirtithe leasmhara den tuairim gur chóir íospartaigh a chosaint níos fearr ar ghoid aitheantais, agus braitheadh go mbaineann an ghoid aitheantais le daoine nádúrtha an oiread agus a bhaineann sí le daoine dlítheanacha. Ba cheart íospartaigh a chosaint, dá bhrí sin, beag beann ar a gcineál ó thaobh dlí de.

    3.3.Measúnú tionchair

    I gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr 36 , rinne an Coimisiún measúnú tionchair 37 chun an gá le togra reachtach a mheas.

    Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, agus pléadh leis an mBord é, an 12 Iúil 2017. D’aithin an Bord na hiarrachtaí atá ar siúl chun na costais agus na sochair a thomhas. Thug sé tuairim dhearfach uaidh 38 , agus mhol sé an tuarascáil a fheabhsú i ndáil leis na gnéithe seo a leanas:

    1.Ní leor, sa tuarascáil, an míniú a thugtar ar an gcomhthéacs beartais, lena náirítear an gaol idir na sásraí comhair bhreithiúnaigh agus na sásraí comhair uile-Eorpacha atá ann agus atá beartaithe agus an chaoi a gcomhlánaíonn siad a chéile.

    2.Is cosúil go bhfuil áibhéil déanta i gcuspóir fáis an tionscnaimh.

    Rinneadh an tuarascáil ar an measúnú tionchair a athbhreithniú agus cuireadh an taiseolas a tugadh sa tuairim dhearfach ón mBord san áireamh.

    Tar éis na bearta beartais a d’fhéadfaí a úsáid chun dul i ngleic le gach fadhb ar leith a aithníodh sa mheastóireacht a mhapáil, agus anailís a dhéanamh ar na bearta ba chóir agus na bearta nár chóir a choinneáil, rinneadh na bearta a ghrúpáil de réir roghanna beartais. Ceapadh gach rogha beartais ar leith sa chaoi is go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna uile a aithníodh. Ba roghanna carnacha, i.e. le leibhéal méadaitheach de bheart reachtach AE, na roghanna beartais éagsúla a rinneadh a mheas. Ós rud é gur teip rialála, go bunúsach, atá i gceist leis an bhfadhb, ba thábhachtach réimse iomlán na nuirlisí rialála a mheas chun an beart is comhréirí a chinneadh.

    Is iad na roghanna éagsúla a rinneadh a mheas:

    ·Rogha A: cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a fheabhsú agus féinrialáil a éascú ar mhaithe le comhar poiblí príobháideach;

    ·Rogha B: creat reachtach nua a thabhairt isteach agus féinrialáil a éascú ar mhaithe le comhar poiblí príobháideach;

    ·Rogha C: mar an gcéanna le Rogha B ach forálacha a bheith ann maidir le tuairisciú, seachas féinrialáil, a spreagadh ar mhaithe le comhar poiblí príobháideach, agus forálacha nua chun feasacht a mhúscailt;

    ·Rogha D: mar an gcéanna le Rogha C ach forálacha breise maidir le dlínse a bheith ann mar chomhlánú ar an Ordú Imscrúdaithe Eorpach agus ar na rialacha maidir le hurghairí.

    Ba í Rogha C an rogha thosaíochta, ar bhonn cáilíochtúil agus i bhfianaise na gcostas agus na sochar.

    Maidir leis na sochair, réiteodh an rogha thosaíochta an bealach i dtreo beart forfheidhmithe dlí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla i gcoinne na calaoise íocaíochta neamhairgid, trí na rialacha a chur i bhfeidhm ar shlí níos comhleanúnaí ar fud an Aontais, comhar trasteorann níos fearr a bheith ann mar aon le comhar poiblí príobháideach agus malartú faisnéise níos tréine. Chothódh an tionscnamh muinín, freisin, as an margadh aonair digiteach, tríd an tslándáil a neartú.

    Maidir leis na costais, meastar go bhfuil costas aonuaire atá isteach is amach le EUR 561 000 i gceist do na Ballstáit maidir le tionscnamh nua a leagan amach agus leis na costais a bhaineann le cur chun feidhme. Meastar go mbeidh na costais leanúnacha ar na Ballstáit maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú isteach is amach le EUR 2 285 140 sa bhliain (costas iomlán ar na 28 mBallstát le chéile).

    Ós rud é nach bhfuil sé beartaithe leis an togra rialacha éigeantacha a thabhairt isteach maidir le tuairisciú, níor cheart go mbeadh aon impleachtaí aige maidir le costais bhreise ar ghnólachtaí, FBManna san áireamh. Na forálacha eile a chuirfí sa togra, ní bheadh aon impleachtaí acu do FBManna.

    Ar an iomlán, tá súil leis go mbeidh an tionchar carnach ar na costais riaracháin agus airgeadais a bheadh ag na bearta atá beartaithe leis an togra seo níos airde ná na leibhéil atá ann faoi láthair, mar go gcuirfeadh líon na gcásanna a bheadh le himscrúdú brú ar na hacmhainní forfheidhmithe dlí sa réimse seo, agus bheadh gá cur leo. Is iad na príomhchúiseanna leis sin:

    ·go bhfuil gach dóchúlacht ann go dtiocfaidh ardú ar líon na gcásanna a mbeidh ar na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha déileáil leo de thoradh sainmhíniú níos ginearálta ar na modhanna íocaíochta agus ar chionta breise (gníomhaíochtaí ullmhúcháin);

    ·go mbeadh gá le hacmhainní breise chun dlús a chur leis an gcomhar trasteorann;

    ·go gcruthófaí ualach riaracháin breise de bharr dualgas a bheith ar na Ballstáit staitisticí a bhailiú.

    Mar sin féin, dá mbunófaí creat dlíthiúil soiléir a dhíreodh ar na rudaí sin a fhágann gur féidir dul i mbun calaois íocaíochtaí neamhairgid, thabharfaí deis gníomhaíochtaí a bhaineann le calaois a bhrath ag céim níos luaithe agus daoine a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh ina leith. Thairis sin, cé go bhfuil costas acmhainní i gceist má chuirtear feabhas ar an gcomhar poiblí príobháideach, bheadh toradh ar an infheistíocht láithreach maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart forfheidhmithe dlí.

    3.4.Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Ar bhonn cáilíochtúil, tá acmhainn sa togra seo simpliú a dhéanamh i roinnt réimsí, e.g.:

    ·dá ndéanfaí comhfhogasú breise ar na creataí náisiúnta dlí choiriúil (e.g. trí shainmhínithe coiteanna agus leibhéal déine íosta coiteann a leagan síos maidir leis na pionóis is déine) shimpleofaí agus d’éascófaí an comhar idir na gníomhaireachtaí náisiúnta forfheidhmithe dlí nuair a bhíonn orthu cásanna trasteorann a imscrúdú agus daoine a ionchúiseamh;

    ·d’fhéadfaí na nósanna imeachta agus na cleachtais chomhair a shimpliú a thuilleadh, go háirithe, trí rialacha níos soiléire a thabhairt isteach maidir le dlínse, ról níos láidre a bheith ag na pointí teagmhála náisiúnta agus sonraí agus faisnéis a bheith á malartú idir údaráis phóilíneachta náisiúnta agus le Europol.

    Ní féidir an acmhainn simpliúcháin a chainníochtú mar nach leor na sonraí atá ar fáil chuige sin (agus i gcásanna áirithe nach bhfuil an deis ann éifeachtaí an Chinnidh Réime a aithint).

    Is beag acmhainn oiriúnachta rialála atá ag an togra seo ar an iomlán:

    1.Ar an gcéad dul síos, is gníomh dlí simplí go leor, mar atá sé, Cinneadh Réime 2001, agus is beag deis atá ann simpliú breise a dhéanamh air.

    2.Ar an dara dul síos, is é is aidhm don tionscnamh seo cur leis an tslándáil trí aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann faoi láthair. Is mó seans go gcruthódh sin costas riaracháin breise maidir le coireanna nach dtagann faoi chuimsiú na reachtaíochta faoi láthair a imscrúdú agus a ionchúiseamh, seachas airgead a shábháil de thoradh shimpliú an chomhair trasteorann.

    3.Ar an tríú dul síos, níl sé leagtha amach leis an tionscnamh aon oibleagáidí dlíthiúla breise a chur ar ghnólachtaí ná ar shaoránaigh. Iarrtar ar na Ballstáit tuairisciú a spreagadh agus a éascú trí na bealaí cuí (seachas tuairisciú éigeantach a fhorchur), rud atá i gcomhréir le hionstraimí eile AE, e.g. Treoir 2011/93 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac (Airteagal 16(2)).

    3.5.Cearta bunúsacha

    Áirítear sa togra forálacha lena gcuirfear an creat dlíthiúil maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac in oiriúint do bhagairtí nua atá ag teacht chun cinn agus forálacha lena ndéanfar cineálacha calaoise íocaíochtaí neamhairgid nach dtagann faoi chuimsiú na reachtaíochta faoi láthair a rialú.

    Is é cuspóir deiridh na mbeart sin cearta íospartach agus cearta daoine a d'fhéadfadh a bheith ina níospartaigh (íospartaigh ionchasacha) a chosaint. Trí chreat dlíthiúil soiléir a chruthú a chabhródh leis na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha gníomhú má tharlaíonn gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanann difear díreach do shonraí pearsanta na níospartach, lena náirítear coir a dhéanamh as gníomhaíochtaí ullmhúcháin, d’fhéadfaí tionchar dearfach a imirt ar an gcosaint atá ag íospartaigh agus ag íospartaigh ionchasacha maidir lena gceart chun príobháideachta agus a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

    Ar an gcaoi chéanna, urramaíonn na bearta uile dá bhforáiltear sa togra seo cearta agus saoirsí bunúsacha de réir mar a aithnítear iad i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus ní mór iad a chur chun feidhme dá réir. Tá aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 52(1) den Chairt, mar atá go bhfuil siad faoi réir phrionsabal na comhréireachta maidir leis na haidhmeanna dlisteanacha go bhfreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna naithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Ní mór foráil le dlí do na teorannuithe sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí a leagtar amach sa Chairt a urramú.

    Cuireadh cearta agus saoirsí bunúsacha éagsúla a chumhdaítear sa Chairt san áireamh ina leith sin, lena náirítear: an ceart chun saoirse agus slándála; meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh; saoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh; saoirse chun gnó a sheoladh; an ceart chun maoine; an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil; toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil; prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon leis an gceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna.

    Urramaíonn an togra seo, go háirithe, an prionsabal nach mór do chionta coiriúla agus pionóis a bheith leagtha síos sa dlí agus a bheith comhréireach. Déantar raon feidhme na gcionta a theorannú a mhéid is gá chun go bhféadfar gníomhartha atá ina mbagairt ar leith ar an tslándáil a ionchúiseamh go héifeachtach agus tugtar isteach rialacha íosta maidir le déine na bpionós i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ag féachaint do chineál an chiona.

    Ceapadh an togra seo, freisin, chun a áirithiú i gcás daoine a bhfuil amhras ann go ndearna siad na cionta a liostaítear sa Treoir, go ndéanfar a sonraí a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus leis an reachtaíocht is infheidhme atá ann, lena náirítear maidir le comhar poiblí príobháideach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí buiséadacha láithreacha ag an togra seo don Aontas.

    5.EILIMINTÍ EILE

    5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Treorach bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit faoi na bearta arna ndéanamh chun na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm.

    Dhá bhliain tar éis an lá is gá an Treoir seo a chur chun feidhme, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

    Ina theannta sin, sé bliana tar éis an lá is gá an Treoir seo a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na himpleachtaí a bhí ag an Treoir seo chun a áirithiú go bhfuil tréimhse fada go leor ann chun éifeachtaí an tionscnaimh a mheas tar éis dó a bheith curtha chun feidhme ina iomláine sna Ballstáit go léir.

    5.2.Doiciméid mhíniúcháin

    Ní mheastar go bhfuil aon doiciméid mhíniúcháin maidir le trasuí na Treorach ag teastáil.

    6.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    6.1.Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

    Cé go ndéantar Cinneadh Réime 2001/413/CGB a aisghairm leis an togra seo, nuashonraítear roinnt mhaith de na forálacha atá ann agus tá an togra i gcomhréir le torthaí na meastóireachta agus an mheasúnaithe tionchair (e.g. maidir leis an rogha thosaíochta).

    Léirítear sa tábla seo a leanas an gaol idir an togra seo agus an Cinneadh Réime. Feictear cé na hairteagail ar airteagail nua iad agus cé na hairteagail ón gCinneadh Réime a nuashonraíodh:

    TREOIR

    CINNEADH RÉIME

    Nótaí

    Airteagal

    Aithris

    Airteagal

    Aithris

    I. Ábhar agus sainmhínithe

    1. Ábhar

    1-6

    Dada

    1-7

    Nua

    2. Sainmhínithe

    7-8

    1. Sainmhínithe

    10

    Nuashonraithe

    II. Cionta

    3. Ionstraimí íocaíochta a úsáid go calaoiseach

    9

    2. Cionta a bhaineann le hionstraimí íocaíochta

    8-10

    4. Cionta ar gníomhaíochtaí ullmhúcháin iad chun ionstraimí íocaíochta a úsáid go calaoiseach

    5. Cionta a bhaineann le córais faisnéise

    3. Cionta a bhaineann le ríomhairí

    6. Uirlisí a úsáidtear chun cionta a dhéanamh

    4. Cionta a bhaineann le gléasanna sainoiriúnaithe

    7. Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

    5. Rannpháirteachas, gríosú agus iarracht a dhéanamh

    8. Pionóis ar dhaoine nádúrtha

    10-11

    6. Pionóis

    9

    9. Dliteanas daoine dlítheanacha

    Dada

    7. Dliteanas daoine dlítheanacha

    Dada

    10. Smachtbhannaí ar dhaoine dlítheanacha

    8. Smachtbhannaí ar dhaoine dlítheanacha

    III. Dlínse agus imscrúdú

    11. Dlínse

    12-14

    9. Dlínse

    10. Eiseachadadh agus ionchúiseamh

    11

    12. Imscrúduithe éifeachtacha

    15

    Dada

    Dada

    Nua

    IV. Faisnéis a mhalartú agus coir a thuairisciú

    13. Malartú faisnéise

    16-18

    11. Comhar idir na Ballstáit

    12. Malartú faisnéise

    11

    Nuashonraithe

    14. Coir a thuairisciú

    19

    Dada

    Dada

    Nua

    V. Cúnamh agus tacaíocht d'íospartaigh agus cosc

    15. Cúnamh agus tacaíocht d’íospartaigh

    20-22

    Dada

    16. Cosc

    23

    Dada

    VI. Forálacha críochnaitheacha

    17. Faireachán agus staidreamh

    24

    Dada

    18. An Cinneadh Réime a ionadú

    25

    Dada

    19. Trasuí

    Dada

    14. Cur chun feidhme [14(1)]

    Nuashonraithe

    20. Meastóireacht agus tuairisciú

    14. Cur chun feidhme [14(2)]

    21. Teacht i bhfeidhm

    15. Teacht i bhfeidhm

    Dada

    26-29

    13. Cur i bhfeidhm críochach

    Scriosta

    Is é a dhéantar, go háirithe, sa togra seo:

    ·go sainmhínítear na hionstraimí íocaíochta ar shlí níos uilechuimsithí agus níos daingne lena gcuimsítear, freisin, ionstraimí íocaíochta neamhchorpracha agus modhanna malairte digiteacha;

    ·go dtugtar isteach mar chion ann féin, amach ó ionstraim dá leithéid a úsáid, ionstraim íocaíochta a shealbhú, a dhíol, a sholáthar lena húsáid, a allmhairiú, a dháileadh nó a chur ar fáil ar bhealach eile más ionstraim í a goideadh nó a sealbhaíodh ar shlí neamhdhleathach eile, nó a góchumadh nó a falsaíodh;

    ·go gcuirtear le raon feidhme na gcionta a bhaineann le córais faisnéise le go gcuimseofar gach idirbheart íocaíochta, idirbhearta trí mhodhanna malairte digiteacha san áireamh;

    ·go dtugtar isteach rialacha maidir le déine na bpionós, go háirithe leibhéal déine íosta maidir leis na pionóis is déine;

    ·go náirítear tromchionta sna cásanna seo a leanas:

    ·cásanna ina ndéantar na gníomhartha coiriúla faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB, beag beann ar an bpionós dá bhforáiltear ann;

    ·cásanna ina bhfuil an gníomh coiriúil ina chúis le damáiste mór foriomlán nó an-leas eacnamaíoch do na ciontóirí. Tá sé beartaithe díriú ar na cásanna sin ina dtarlaíonn méid mór caillteanais, ach gur beag an caillteanas do dhaoine aonair, go háirithe calaois agus gan an cárta i láthair.

    ·go soiléirítear raon feidhme na dlínse maidir leis na cionta dá dtagraítear sa togra trína áirithiú go mbeidh dlínse ag na Ballstáit i gcás cionta ina núsáidtear córas faisnéise atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit ach go bhfuil an ciontóir lonnaithe lasmuigh de nó i gcás cionta ina bhfuil an ciontóir lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit ach go bhfuil an córas faisnéise lonnaithe lasmuigh de;

    ·go soiléirítear raon feidhme na dlínse maidir le héifeachtaí ciona trína áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann a ndlínse a fheidhmiú i gcás inarb é an cion sin is cúis le damáiste ina gcríoch, lena náirítear damáiste a tharlaíonn de thoradh aitheantas duine a ghoid;

    ·go dtugtar isteach bearta chun an comhar idir na córais dlí choiriúil san Aontas a fheabhsú tríd an struchtúr atá ann agus úsáid na bpointí teagmhála oibríochtúla a neartú;

    ·go gcuirtear feabhas ar na dálaí inar féidir le híospartaigh agus eintitis phríobháideacha coir a thuairisciú;

    ·go dtugtar aghaidh ar an ngá le sonraí staidrimh a sholáthar maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid trína cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas oiriúnach i bhfeidhm chun sonraí staidrimh maidir leis na cionta dá dtagraítear sa treoir atá beartaithe sa togra seo a thaifead, a tháirgeadh agus a sholáthar;

    ·go ndéantar foráil maidir le rochtain a bheith ag íospartaigh ar a gcearta agus ar an gcúnamh agus an tacaíocht atá ar fáil, is cuma murab í an tír ina bhfuil cónaí orthu an tír ina bhfuil cónaí ar an duine a rinne an chalaois ná an tír ina ndéanfar na himscrúduithe coiriúla.

    6.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Airteagal 1: Ábhar is é leagtar amach san Airteagal seo tuairisc ar raon feidhme agus ar chuspóir an togra.

    Airteagal 2: Sainmhínithe — is é a leagtar amach san Airteagal seo na sainmhínithe atá in úsáid san ionstraim. Tá an sainmhíniú ar airgeadraí fíorúla a thugtar in Airteagal 2 mar an gcéanna leis an sainmhíniú a thugtar sa Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí agus lena leasaítear Treoir 2009/101/CE 39 . Má thagann athrú ar an sainmhíniú sin agus an togra sin á ghlacadh, ba cheart an sainmhíniú ar airgeadraí fíorúla san Airteagal seo a chur in oiriúint dá réir.

    Airteagal 3: Ionstraimí íocaíochta a úsáid go calaoiseach — liostaítear san Airteagal seo na cionta a bhaineann le hiompar coiriúil a dtagann calaois de láithreach, eadhon ionstraimí íocaíochta, ionstraimí goidte agus góchumtha san áireamh, a úsáid go calaoiseach. Beidh na cionta i bhfeidhm maidir le gach cineál ionstraime íocaíochta, bídís corprach nó neamhchorprach, rud a chiallaíonn go cuimseofar, dá bhrí sin, calaois a dhéantar trí dhintiúir íocaíochta nó taifid eile ghoidte nó fhalsaithe a úsáid chun gur féidir, nó chun, ordú íocaíochta nó aistriú airgid eile, lena náirítear aistriú airgeadra fhíorúil, a dhéanamh.

    Airteagal 4: Cionta ar gníomhaíochtaí ullmhúcháin iad chun ionstraimí íocaíochta a úsáid go calaoiseach — is é a leagtar amach san Airteagal seo na cionta sin a bhaineann le hiompar coiriúil nach ionann iad go díreach agus an chalaois iarbhír a dtagann caillteanas maoine de, ach ar cionta iad a dhéantar mar ullmhúchán chun calaois a dhéanamh. Ar na cionta sin tá ionstraim íocaíochta a ghoid nó a ghóchumadh, agus gníomhaíochtaí éagsúla a tharlaíonn le linn gáinneála ar na hionstraimí goidte nó góchumtha sin. Áirítear ionstraim íocaíochta a shealbhú, a dháileadh nó a chur ar fáil le gur féidir í a úsáid go calaoiseach, lena náirítear cásanna ina bhfuil an ciontóir ar an eolas go bhféadfadh úsáid chalaoiseach a bheith ar siúl (dolus eventualis). Fearacht Airteagal 3, cuimsítear na cionta uile a bhaineann le hionstraimí íocaíochta, bídís corprach nó neamhchorprach, agus beidh feidhm aige, dá bhrí sin, maidir le hiompar amhail dintiúir ghoidte a thrádáil agus fioscaireacht 40 .

    Airteagal 5: Cionta a bhaineann le córais faisnéise — is é a leagtar amach san Airteagal seo na cionta a bhaineann le córais faisnéise, cionta a mbeidh ar na Ballstáit coir a dhéanamh astu. Tá eilimintí sa liosta lena naithnítear cionta ó chur isteach neamhdhleathach ar chóras nó cur isteach neamhdhleathach ar shonraí faoi Threoir 2013/40/AE, e.g. luach airgeadúil a aistriú le gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh. Tugadh isteach an fhoráil seo d’fhonn coir a dhéanamh as iompar amhail ríomhaire nó gléas atá ag íospartach a haiceáil chun trácht an íospartaigh a atreorú chuig suíomh gréasáin baincéireachta bréige ar líne, rud a d’fhágfadh go ndéanfadh an tíospartach íocaíocht ar chuntas bainc atá faoi smacht an chiontóra (nó "miúileanna airgid") 41 . Cuimsítear cineálacha eile iompair choiriúil, amhail atreorú mailíseach 42 , ina mbaintear leas as córais faisnéise chun gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir na coire nó do dhuine eile.

    Airteagal 6: Uirlisí a úsáidtear chun cionta a dhéanamh — is é a leagtar amach san Airteagal seo na cionta a bhaineann leis na huirlisí a úsáidtear chun cionta dá dtagraítear in Airteagal 4(a), Airteagal 4(b) agus Airteagal 5 a dhéanamh agus beidh ar na Ballstáit coir a dhéanamh as na cionta sin. Is é is aidhm dó coir a dhéanamh as má dhéantar go hintinniúil gléasanna ar nós gléasanna scimeála a úsáidtear le dintiúir a ghoid, agus bogearraí mailíseacha agus suíomhanna gréasáin bréige a úsáidtear san fhioscaireacht, a tháirgeadh, a dhíol, a sholáthar lena núsáid, a allmhairiú, a dháileadh nó a chur ar fáil ar bhealach eile. Tá an tAirteagal seo bunaithe, den chuid is mó, ar Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2001/413/CGB agus Airteagal 3(d)(i) de Threoir 2014/62/AE ar chosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh tríd an dlí coiriúil.

    Airteagal 7: Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh — tá an tAirteagal seo infheidhme maidir le hiompar a bhaineann leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 6 agus ceanglaítear ar na Ballstáit coir a dhéanamh as gach cineál gníomhaíochta ullmhúcháin agus rannpháirtíochta. Tá an fhreagracht choiriúil as iarracht a dhéanamh cuimsithe maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 6.

    Airteagal 8: Pionóis ar dhaoine nádúrtha — le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a throid go héifeachtach, ní mór a áirithiú gur díspreagadh a bheidh sna pionóis sna Ballstáit uile. I gcomhréir le hionstraimí eile AE a dhéanann comhfhogasú ar leibhéal déine na bpionós coiriúil, ceanglaítear leis an Airteagal seo gur trí bliana príosúnachta, ar a laghad, ba cheart a bheith sa phionós uasta faoin dlí náisiúnta, ach amháin i gcás cionta faoi Airteagal 6 ar dhá bhliain príosúnachta, ar a laghad, ba cheart a bheith sa phionós uasta ina leith. Déantar foráil maidir le pionóis níos géire i gcás tromchionta, eadhon pionós uasta cúig bliana, ar a laghad, más eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe 43 a dhéanfaidh an choir, nó i gcás inar coir ar mhórscála í, rud a d’fhágfadh, ar an dóigh sin, go ndéanfaí damáiste mór nó forleathan, lena náirítear, go háirithe, cásanna ar beag a dtionchar ar dhaoine aonair ach a bhfuil méid mór damáiste foriomlán i gceist leo, nó i gcás ina dtiocfadh leas eacnamaíoch iomlán EUR 20 000, ar a laghad, as don chiontóir.

    Dealraíonn sé go bhfuil na cionta a liostaítear in Airteagal 2 go hAirteagal 5 de Chinneadh Réime 2001/413/CGB inphionóis trí bhíthin pionóis shonracha i bhformhór na mBallstát ina raibh fáil ar fhaisnéis. Mar sin féin, ní dhearnadh, i gcoitinne, aon chomhfhogasú: cé go bhfuil ag gach Ballstát, i gcásanna tromchúiseacha ar a laghad, pionóis a mbaineann cailleadh saoirse leo, tá éagsúlacht mhór idir déine na bpionós a ghearrtar i leith an iompair chéanna sna Ballstáit éagsúla. Fágann sin gur ísle an díspreagadh atá ann i mBallstáit áirithe thar a chéile.

    Is féidir leis na difríochtaí sin i leibhéal déine na bpionós bac a chur ar an gcomhar breithiúnach. Más íseal déine na bpionós íosta i gcód coiriúil Ballstáit áirithe, d’fhéadfadh sé tarlú nach mórán tosaíochta a thabharfadh na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha sa Bhallstát sin d’imscrúdú agus d’ionchúiseamh íocaíochtaí calaoiseacha agus gan an cárta i láthair. D'fhéadfadh sin bac a chur ar chomhar trasteorann má iarrann Ballstát eile cúnamh, go háirithe maidir le próiseáil thráthúil na hiarrata. Is iondúil gurb iad na ciontóirí is tromchúisí a bhaineann leas as na difríochtaí sin idir leibhéil déine na bpionós, i.e. grúpaí coireachta eagraithe trasnáisiúnta atá lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin.

    Airteagal 9 agus Airteagal 10: Dliteanas agus smachtbhannaí maidir le daoine dlítheanacha — tá na hAirteagail seo infheidhme maidir leis na cionta uile dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7. Ceanglaíonn na hAirteagail sin ar na Ballstáit dliteanas daoine dlítheanacha a áirithiú, gan dliteanas daoine nádúrtha a eisiamh, agus smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm maidir le daoine dlítheanacha. Liostaítear samplaí de na smachtbhannaí sin in Airteagal 10.

    Airteagal 11: Dlínse — bunaithe ar phrionsabail an chríochachais agus na pearsantachta, is é a liostaítear san Airteagal seo cásanna inar gá do na Ballstáit a ndlínse a shuí maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7.

    Tá eilimintí ann a baineadh as Airteagal 12 de Threoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise. I gcásanna de chalaois agus de ghóchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a dhéantar ar líne, is dócha go síneoidh an choir thar roinnt dlínsí éagsúla: is minic a úsáidtear córais faisnéise atá lasmuigh den chríoch ina bhfuil an ciontóir i láthair go fisiceach chun an choir a dhéanamh nó go mbíonn iarmhairtí ann i dtír eile ina bhféadfadh an fhianaise a bheith ar fáil. Is é is aidhm d’Airteagal 11, dá bhrí sin, é a áirithiú go gcuimsíonn dlínse chríochach cásanna ar i gcríocha éagsúla atá an ciontóir agus an córas faisnéise a úsáideann an ciontóir chun an choir a dhéanamh.

    Tá eilimint nua san Airteagal seo, eilimint a thugann aghaidh ar an ngá dlínse a dheimhniú má dhéantar damáiste, lena náirítear damáiste de thoradh aitheantas duine a ghoid, i ndlínse seachas sa dlínse inar tharla an tiompar. Is é is aidhm leis sin cásanna nach dtugtar aghaidh orthu i dTreoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise, rud a tharlaíonn go minic le linn calaois íocaíochtaí neamhairgid. Ar na cásanna sin tá cásanna nach ndearnadh aon cheann de na cionta a bhaineann leis an gcoir (e.g. goid dintiúr cárta, clónáil cárta, aistarraingt mhídhleathach as UMB) sa Bhallstát inar tharla an damáiste (e.g. an áit ina bhfuil an cuntas bainc as ar goideadh an tairgead ón íospartach). Sna cásanna sin is dóchúla ná a mhalairt go gcuirtear an teagmhas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit inar tugadh an caillteanas eacnamaíoch faoi deara. Ní mór don Bhallstát sin a bheith in ann dlínse a fheidhmiú chun imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach a áirithiú, agus feidhmeoidh sé mar thúsphointe le haghaidh na nimscrúduithe a bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin agus tíortha nach bhfuil san Aontas a bheith bainteach leo.

    Airteagal 12: Imscrúduithe éifeachtacha — is é is aidhm don Airteagal seo a áirithiú go bhféadfar na huirlisí imscrúdaitheacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta maidir le cásanna de choireacht eagraithe nó de choireacht thromchúiseach eile, go bhféadfar iad a úsáid i gcásanna de chalaois agus de ghóchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha. Tá an tAirteagal seo dírithe, freisin, ar é a áirithiú, i gcás urghairí dlí, go dtabharfar faisnéis do na húdaráis gan aon mhoill mhíchuí.

    Airteagal 13: Malartú faisnéise — is é is aidhm don Airteagal seo é a spreagadh go mbainfear úsáid níos forleithne as na pointí teagmhála oibríochtúla náisiúnta.

    Airteagal 14: Coir a thuairisciú — is é is aidhm don Airteagal seo díriú ar an riachtanas a aithníodh sa mheasúnú tionchair, is é sin méadú a chur ar líon na gcoireanna a thuairiscítear agus an chaoi a dtuairiscítear coireanna a éascú. Déantar iarracht a áirithiú go mbeidh bealaí cuí ar fáil ag íospartaigh agus ag eintitis phríobháideacha le go bhféadfaidh siad coireanna a thuairisciú, agus tuairisciú coireanna gan moill mhíchuí a spreagadh i gcomhréir le foráil den chineál céanna atá in Airteagal 16(2) de Threoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac. Tá samplaí de na bearta a dhéanfar tugtha in Aithris 19.

    Airteagal 15: Cúnamh agus tacaíocht d’íospartaigh — leis an Airteagal seo ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag íospartaigh calaoise íocaíochta neamhairgid rochtain ar fhaisnéis agus ar mhodhanna le coir a thuairisciú agus ar chomhairle maidir le conas iad féin a chosaint i gcoinne iarmhairtí diúltacha na calaoise agus i gcoinne aon droch-cháil a tharraingeodh an chalaois orthu.

    Cuimsíonn an tAirteagal seo daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha araon a ndearna iarmhairtí na gcionta a chumhdaítear sa togra seo difear dóibh. Tugtar isteach forálacha, freisin, chun daoine dlítheanacha a chuimsiú faoi chearta sonracha áirithe a leagtar síos maidir le daoine nádúrtha amháin i dTreoir 2012/29/AE.

    Airteagal 16: Cosc — tugtar aghaidh san Airteagal seo ar an ngá feasacht a mhúscailt agus an baol go ndéanfaí íospartach de dhuine a laghdú trí fheachtais faisnéise agus múscailte feasachta, agus cláir taighde agus oideachais, a eagrú. Tugadh le fios sa mheasúnú tionchair go bhfuil na bearnaí ó thaobh coisc de ar cheann de na tosca a chuireann leis an gcalaois íocaíochtaí neamhairgid. Tá cur chuige den chineál céanna san Airteagal seo agus atá in Airteagal 23 (Cosc) de Threoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac.

    Airteagal 17: Faireachán agus staidreamh — tugtar aghaidh san Airteagal seo ar an ngá le sonraí staidrimh a sholáthar maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid trína cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas cuí i bhfeidhm chun sonraí staidrimh a thaifead, a tháirgeadh agus a sholáthar maidir leis na cionta dá dtagraítear sa treoir atá beartaithe leis an togra seo, agus maidir le faireachán ar éifeachtacht na gcóras (gach céim bhreithiúnach san áireamh) atá i bhfeidhm acu chun an chalaois íocaíochtaí neamhairgid a chomhrac. Tá cur chuige den chineál céanna san Airteagal seo agus atá in Airteagal 14 (Faireachán agus staidreamh) de Threoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise, agus Airteagal 44 de Threoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (an ceathrú Treoir um an bhFrithsciúradh Airgid). Is é is aidhm dó freisin aghaidh a thabhairt ar an easpa sonraí calaoise atá ann faoi láthair, mar go gcabhródh a leithéidí sin de shonraí le héifeachtacht na gcóras náisiúnta a mheas maidir leis an gcalaois íocaíochtaí neamhairgid a throid.

    Airteagal 18: An Treoir seo a chur in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB — cuirtear an tAirteagal seo in ionad na bhforálacha atá ann faoi láthair i réimse na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid maidir le Ballstáit atá rannpháirteach sa Treoir seo.

    Airteagal 19, Airteagal 20 agus Airteagal 21 — is é atá sna hAirteagail seo forálacha breise maidir le trasuí na Treorach sna Ballstáit, meastóireacht agus tuairisciú a dhéanfaidh an Coimisiún agus teacht i bhfeidhm na Treorach.

    2017/0226 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Is bagairt don tslándáil iad calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid óir is foinse ioncaim iad do ghrúpaí coireachta eagraithe agus fágann siad, dá bhrí sin, gur féidir dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla eile, amhail an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhrugaí agus an gháinneáil ar dhaoine.

    (2)Ina theannta sin, is bac ar an margadh aonair digiteach iad calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid toisc go laghdaíonn siad an mhuinín a bhíonn ag tomhaltóirí as an margadh sin agus gur cúis dhíreach le caillteanais eacnamaíocha iad.

    (3)Ní mór Cinneadh Réime 2001/413/CGB 44 ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhlánú le forálacha breise maidir le cionta, pionóis agus comhar trasteorann.

    (4)Féadfaidh bearnaí i ndlíthe na mBallstát, agus difríochtaí móra eatarthu, i dtaca le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid srian a chur ar an gcomhrac i gcoinne an chineáil sin coireachta agus i gcoinne coireanna tromchúiseacha agus eagraithe eile atá bainteach leis agus ar féidir dul ina mbun dá bharr, agus féadfaidh na bearnaí agus na difríochtaí sin comhar éifeachtach póilíneachta agus breithiúnach sa réimse seo a dhéanamh casta.

    (5)Tá gné thábhachtach thrasteorann i gceist i gcalaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid de thoradh méadú ar an ngné dhigiteach, rud a léiríonn an géarghá le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun an reachtaíocht choiriúil sa réimse seo a chomhfhogasú.

    (6)Le blianta beaga anuas, ní hamháin gur tháinig méadú as cuimse ar an ngeilleagar digiteach ach chonacthas borradh faoin nuálaíocht freisin i réimsí go leor, lena náirítear teicneolaíochtaí íocaíochtaí. De bharr teicneolaíochtaí íocaíochtaí nua, is gá cineálacha nua ionstraimí íocaíochta a úsáid, agus cé go gcruthaíonn sin deiseanna nua do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, cruthóidh sé deiseanna nua dul i mbun calaoise freisin. Ar an ábhar sin, caithfidh an creat dlíthiúil a bheith ábhartha agus cothrom le dáta i gcónaí i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta sin.

    (7)Tá tábhacht ar leith le sainmhínithe comhchoiteanna chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhsheasmhach ag na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. Caithfidh na sainmhínithe cineálacha nua ionstraimí íocaíochta a chuimsiú sa reachtaíocht, amhail airgead leictreonach agus airgeadraí fíorúla.

    (8)Trí, go príomha, ionstraimí íocaíochta a dtugtar cineál speisialta cosanta dóibh ar aithris agus ar mhí-úsáid a chosaint leis an dlí coiriúil, tá sé i gceist oibreoirí a spreagadh le cineálacha speisialta cosanta a thabhairt d’ionstraimí íocaíochta a eisíonn siad, agus, ar an dóigh sin, go mbeidh cosc breise ann ar aithris agus ar mhí-úsáid na nionstraimí íocaíochta sin.

    (9)Is den riachtanas iad bearta dlí choiriúil atá éifeachtach agus éifeachtúil chun modhanna íocaíochta neamhairgid a chosaint ar chalaois agus ar ghóchumadh. Is gá, go háirithe, cur chuige comhchoiteann ó thaobh an dlí chóiriúil a bheith ann maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann an tiompar coiriúil, eilimintí a chuirfidh leis an úsáid iarbhír chalaoiseach a bhaintear as modhanna íocaíochta nó a réiteoidh an bealach le haghaidh na húsáide sin. Ba cheart, ar an ábhar sin, cion coiriúil ar leithligh a dhéanamh as iompar amhail bailiú agus sealbhú ionstraimí íocaíochta chun críocha calaoise, trí fhioscaireacht, mar shampla, nó scimeáil, agus dáileadh na nionstraimí sin, trí fhaisnéis cárta creidmheasa a dhíol ar an idirlíon, cuir i gcás, gan an tiompar sin a nascadh go díreach leis an úsáid iarbhír chalaoiseach a bhaintear as modhanna íocaíochta. Ba cheart freisin go gcuimseodh iompar coiriúil den sórt sin cásanna nuair nach gá go dtiocfadh úsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta de shealbhú, de sholáthar nó de dháileadh na nionstraimí íocaíochta sin, má tá an ciontóir ar an eolas faoin bhféidearthacht sin (dolus eventualis). Leis an Treoir seo, ní ghearrtar pionós ar úsáid dhleathach ionstraime íocaíochta, lena náirítear soláthar seirbhísí íocaíochtaí nuálacha agus maidir leis an soláthar sin, amhail seirbhísí ar gnách le cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais iad a fhorbairt.

    (10)Ba cheart na smachtbhannaí agus na pionóis maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar fud an Aontais.

    (11)Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le pionóis níos géire i gcás inar eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB 45 í, a dhéanfaidh an choir, nó i gcás ina ndéanfar coir ar mhórscála, rud a d’fhágfadh, ar an dóigh sin, go ndéanfaí damáiste mór nó forleathan do na híospartaigh nó go gcruthófaí leas foriomlán EUR 20 000 ar a laghad don chiontóir.

    (12)Ba cheart go náiritheodh rialacha dlínse go ndéanfar na cionta a leagtar síos sa Treoir seo a ionchúiseamh go héifeachtach. Is fearr, de ghnáth, don chóras dlí choiriúil sa tír inar tharla na cionta déileáil leo. Ar an ábhar sin, ba cheart do na Ballstáit a ndlínse a shuí ar chionta a rinneadh ina gcríoch, ar chionta a rinne a náisiúnaigh agus ar chionta is cúis le damáiste a dhéanamh ina gcríoch.

    (13)Mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as córais faisnéise, caitear amhras ar an gcoincheap traidisiúnta a bhaineann le críochachas óir, i bprionsabal, is féidir córais faisnéise a úsáid agus a chianrialú ó aon áit. I gcás ina ndeimhníonn na Ballstáit dlínse ar bhonn cionta a rinneadh ina gcríoch féin, dealraíonn sé gurb iomchuí raon feidhme a ndlínse a mheas maidir le cionta a rinneadh trí úsáid a bhaint as córais faisnéise chomh maith. Ba cheart, i gcásanna den chineál sin, go gcumhdódh an dlínse cásanna ina mbeadh an córas faisnéise lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit cé go bhféadfadh an ciontóir a bheith lonnaithe lasmuigh de, agus cásanna ina mbeadh an ciontóir lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit cé go bhféadfadh an córas faisnéise a bheith lonnaithe lasmuigh de.

    (14)Is gá aghaidh a thabhairt ar a chasta atá sé dlínse a shannadh maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag cion i ndlínse eile nach í an dlínse í inar tharla an cion iarbhír. Ba cheart, dá bhrí sin, dlínse a dheimhniú i leith cionta a rinne ciontóirí beag beann ar a náisiúntacht ná ar an áit a bhfuil siad lonnaithe, ach i bhfianaise aon damáiste a bheadh ann de thoradh cion den sórt sin i gcríoch an Bhallstáit.

    (15)I bhfianaise an ghá le huirlisí speisialta chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a imscrúdú, agus a ábhartha atá siad maidir le comhar idirnáisiúnta éifeachtach idir údaráis náisiúnta, ba cheart uirlisí imscrúdaitheacha a úsáidtear go hiondúil le haghaidh cásanna a bhaineann le coireacht eagraithe agus coireacht thromchúiseach eile a bheith ar fáil d’údaráis inniúla i ngach Ballstát chun cionta den sórt sin a imscrúdú. Agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, ba cheart úsáid na nuirlisí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a bheith ag teacht le cineál na gcionta faoi imscrúdú agus a thromchúisí atá siad. Ina theannta sin, ba cheart rochtain thráthúil ar fhaisnéis ábhartha a bheith ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis inniúla eile chun na cionta a leagtar síos sa Treoir seo a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    (16)Is minic, áfach, a bhíonn gníomhaíochtaí coireachta mar bhonn le teagmhais ar cheart a chur in iúl do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha faoi Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 . I gcás teagmhais den sórt sin, féadfaidh amhras a bheith ann gur de chineál cóiriúil iad fiú mura bhfuil an fhianaise sách soiléir ón tús go bhfuil cion cóiriúil i gceist. Sa chomhthéacs sin, ba cheart oibreoirí ábhartha seirbhísí riachtanacha agus soláthraithe ábhartha seirbhísí digiteacha a spreagadh chun na tuarascálacha is gá faoi Threoir (AE) 2016/1148 a roinnt le húdaráis forfheidhmithe dlí chun freagairt chuimsitheach agus éifeachtach a chur le chéile agus chun gur fusa cionta a leagan ar dhéantóirí na coire agus iad a thabhairt chun cuntais. Is gá, go háirithe, teagmhais de chineál coiriúil tromchúiseach a bhfuil amhras fúthu a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí ar bhealach córasach chun timpeallacht atá slán, sábháilte agus níos stóinsithe a chur chun cinn. Anuas air sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí a ainmnítear faoi Airteagal 9 de Threoir (AE) 2016/1148 a bheith rannpháirteach in imscrúduithe forfheidhmithe dlí d’fhonn faisnéis a sholáthar, de réir mar is iomchuí ar an leibhéal náisiúnta agus, chomh maith leis sin, d’fhonn saineolas maidir le córais faisnéise a sholáthar.

    (17)Féadfaidh bunús coiriúil a bheith le mórtheagmhais slándála mar a shainmhínítear in Airteagal 96 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 . I gcás inarb ábhartha, ba cheart soláthraithe seirbhísí íocaíochta a spreagadh chun na tuarascálacha is gá dóibh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina mBallstát baile faoi Threoir (AE) 2015/2366 a roinnt le húdaráis forfheidhmithe dlí.

    (18)Tá roinnt ionstraimí agus sásraí ar fáil ar leibhéal an Aontais lenar féidir faisnéis a mhalartú idir údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit chun coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Chun an comhar a éascú idir údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit agus chun dlús a chur leis agus chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is mó agus is féidir as na hionstraimí agus na sásraí sin, ba cheart go neartófaí leis an Treoir seo a thábhachtaí atá na pointí teagmhála oibríochtúla a tugadh isteach le Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an mbainfear úsáid as an líonra de phointí teagmhála oibríochtúla atá ann cheana, amhail an líonra a cuireadh ar bun le Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 . Ba cheart dóibh cúnamh éifeachtach a chur ar fáil, lena néascaítear faisnéis ábhartha a mhalartú, cuir i gcás, nó comhairle theicniúil nó faisnéis dhlíthiúil a sholáthar. Chun oibriú rianúil an líonra a áirithiú, ba cheart an cumas a bheith i ngach pointe teagmhála cumarsáid a dhéanamh go mear le pointe teagmhála Ballstáit eile. Toisc go mbaineann gné thábhachtach thrasteorann leis an réimse coireachta seo agus toisc chineál luaineach na fianaise leictreonaí go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in acmhainn déileáil go pras le hiarrataí práinneacha ón líonra seo de phointí teagmhála agus aiseolas a chur ar fáil laistigh d’ocht nuair an chloig.

    (19)Tá sé ríthábhachtach coireanna a thuairisciú do na húdaráis phoiblí gan moill mhíchuí chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac toisc gurb é an choir féin de ghnáth túsphointe an imscrúdaithe choiriúil. Ba cheart bearta a dhéanamh chun daoine nádúrtha agus dlítheanacha, agus go háirithe institiúidí airgeadais, a spreagadh le coireanna a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha. Is féidir na bearta sin a bheith bunaithe ar chineálacha éagsúla gníomhaíochta, lena náirítear bearta reachtacha, amhail an oibleagáid cás ina bhfuil amhras ann go ndearnadh calaois a thuairisciú, nó bearta neamhreachtacha, amhail eagraíochtaí nó sásraí lena gcuirfear malartú faisnéise, nó múscailt feasachta, chun cinn a chur ar bun nó tacú leo. Ba cheart go ndéanfaí aon bheart den sórt sin maidir le sonraí pearsanta daoine nádúrtha a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 . Ba cheart, go háirithe, go mbeadh aon tarchur faisnéise i dtaobh cionta maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chosc agus a chomhrac i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, agus leis na forais dhleathacha phróiseála go mór mór.

    (20)Féadfaidh calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid tionchar mór eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch a imirt ar na híospartaigh lena mbaineann. Nuair is goid aitheantais a bhíonn mar thoradh ar an gcalaois sin, is minic gur measa tionchar na calaoise toisc damáiste do chlú an duine agus mórdhíobháil mhothúchánach. Ba cheart do na Ballstáit bearta cúnaimh, tacaíochta agus cosanta a ghlacadh arb é is aidhm leo an tionchar sin a mhaolú.

    (21)Tá cearta ag daoine nádúrtha ar íospartaigh na calaoise maidir le modhanna íocaíochta neamhairgid iad, cearta a thugtar faoi Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 . Ba cheart do na Ballstáit bearta tacaíochta agus cúnaimh a ghlacadh i leith na níospartach sin, bearta a chuirfidh leis na bearta a cheanglaítear le Treoir 2012/29/AE ach lena bhfreagrófar ar bhealach níos dírí do riachtanais shonracha íospartaigh na calaoise maidir le goid aitheantais. Ba cheart, go háirithe, go náireofaí sna bearta sin tacaíocht síceolaíochta speisialaithe agus comhairle i dtaca le cúrsaí airgeadais, cúrsaí praiticiúla agus cúrsaí dlíthiúla, mar aon le cúnamh chun teacht ar chúiteamh atá ar fáil. Chomh maith leis sin, ba cheart faisnéis agus comhairle shonrach a chur ar fáil do dhaoine dlítheanacha i dtaca le cosaint i gcoinne iarmhairtí diúltacha na coireachta sin.

    (22)Leis an Treoir seo, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh an ceart ag daoine dlítheanacha rochtain a bheith acu ar fhaisnéis maidir leis na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh. Is gá, go háirithe, an ceart sin a bheith ag fiontair bheaga agus mheánmhéide 51 agus ba cheart go gcabhródh sé timpeallacht atá níos fabhraí do lucht gnó a chruthú le haghaidh na bhfiontar sin. Tairbhíonn daoine nádúrtha den cheart sin cheana féin faoi Threoir 2012/29/AE.

    (23)Ba cheart do na Ballstáit beartais a bhunú nó a neartú chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chosc, mar aon le bearta chun an baol go ndéanfar íospartach cionta den sórt sin de dhuine a laghdú, trí bhíthin feachtais faisnéise agus múscailte feasachta, agus cláir taighde agus oideachais.

    (24)Is gá sonraí inchomparáide maidir leis na cionta a leagtar síos sa Treoir seo a bhailiú. Ba cheart sonraí ábhartha a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí speisialaithe agus inniúla an Aontais, amhail Europol, i gcomhréir lena gcúraimí agus a riachtanais faisnéise. Bheadh sé mar aidhm leis sin léargas níos iomláine a fháil ar an bhfadhb a bhaineann le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid agus ar shaincheisteanna maidir le slándáil íocaíochta ar leibhéal an Aontais agus, ar an dóigh sin, cuidiú le freagairt níos éifeachtaí a fhoirmliú. Ba cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as sainordú agus inniúlachtaí Europol chun cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil do na himscrúduithe lena mbaineann trí fhaisnéis maidir le modus operandi na gciontóirí a chur faoi bhráid Europol chun críche anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a bhaineann le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 . Trí fhaisnéis a chur ar fáil, féadfar cabhrú tuiscint níos fearr a fháil ar bhagairtí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus cuideofar leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a leagan síos chun an choireacht a chomhrac agus chun na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme.

    (25)Is é is aidhm don Treoir seo forálacha Chinneadh Réime 2001/413/CGB a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a lín agus a gcineáil araon, ba cheart, ar mhaithe le breis soiléireachta, Cinneadh Réime 2001/413/CGB a ionadú ina iomláine i dtaca leis na Ballstáit atá faoi cheangal na Treorach seo.

    (26)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

    (26)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe [, le litir an …,] gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

    (26)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir an …,] gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

    AGUS/NÓ

    (26)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (26)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (26)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (27)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (28)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon a áirithiú go mbeidh calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid faoi réir pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chomh maith le comhar trasteorann idir údaráis inniúla, agus idir daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus údaráis inniúla, a fheabhsú agus a spreagadh, agus gur fearr, dá bhrí sin, mar thoradh ar a scála nó ar a néifeachtaí, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (29)Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena náirítear an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, saoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon leis an gceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go nurramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus ba cheart í a chur chun feidhme dá réir sin,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:



    TEIDEAL I: ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1
    Ábhar

    Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i réimse na calaoise agus an ghóchumtha maidir le modhanna íocaíochta neamhairgid.

    Airteagal 2
    Sainmhínithe

    Chun críche na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)ciallaíonn “ionstraim íocaíochta” gléas nó rud nó taifead atá cosanta, seachas airgead dlíthairgthe, a chuireann, as féin nó le nós imeachta nó sraith de nósanna imeachta, ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead nó luach airgeadúil a aistriú nó ordú íocaíochta a thionscnamh, lena náirítear trí bhíthin modhanna malairte leictreonacha;

    (b)ciallaíonn “gléas nó rud nó taifead atá cosanta” gléas nó rud nó taifead a chosnaítear i gcoinne aithris nó úsáid chalaoiseach, trí dhearadh, cuir i gcás, nó trí chódú nó trí shíniú;

    (c)ciallaíonn “ordú íocaíochta” ordú íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

    (d)ciallaíonn “modh malairte digiteach” aon airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 , agus airgeadraí fíorúla;

    (e)ciallaíonn “airgeadraí fíorúla” léiriú digiteach ar luach nár eisigh banc ceannais ná údarás poiblí, agus nach gá dó a bheith nasctha le hairgeadra fiat, ach atá inghlactha mar mhodh íocaíochta ag daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha agus is féidir a aistriú, a stóráil nó a thrádáil go leictreonach;

    (f)ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

    (g)ciallaíonn “úsáideoir seirbhíse íocaíochta” úsáideoir seirbhíse íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

    (h)ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

    (i)ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” idirbheart íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

    (j)ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó dlítheanach a shealbhaíonn cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann ordú íocaíochta nó a aistríonn airgeadra fíorúil;

    (k)ciallaíonn “íocaí” íocaí mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

    (l)ciallaíonn “córas faisnéise” córas faisnéise mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/40/AE;

    (m)ciallaíonn “sonraí ríomhaireachta” sonraí ríomhaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/40/AE.



    TEIDEAL II: CIONTA

    Airteagal 3
    Ionstraimí íocaíochta a úsáid go calaoiseach

    Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na gníomhartha seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil i gcás ina ndéantar go hintinniúil iad:

    (a)ionstraim íocaíochta a goideadh nó a sealbhaíodh ar shlí neamhdhleathach eile a úsáid go calaoiseach;

    (b)ionstraim íocaíochta a góchumadh nó a falsaíodh a úsáid go calaoiseach.

    Airteagal 4
    Cionta ar gníomhaíochtaí ullmhúcháin iad chun ionstraimí íocaíochta a úsáid go calaoiseach

    Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na gníomhartha seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil i gcás ina ndéantar go hintinniúil iad:

    (a)ionstraim íocaíochta a ghoid nó a shealbhú go neamhdhleathach;

    (b)ionstraim íocaíochta a ghóchumadh nó a fhalsú chun go bhféadfar í a úsáid go calaoiseach;

    (c)ionstraim íocaíochta a shealbhú, a sholáthar lena húsáid, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a iompar, a dháileadh nó a chur ar fáil ar bhealach eile más ionstraim í a goideadh nó a sealbhaíodh ar shlí neamhdhleathach eile, nó a góchumadh nó a falsaíodh chun go bhféadfar í a úsáid go calaoiseach.

    Airteagal 5
    Cionta a bhaineann le córais faisnéise

    Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar go hintinniúil iad, airgead, luach airgeadúil nó airgeadraí fíorúla a aistriú nó aistriú den chineál sin a chur faoi deara chun gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir na coire nó do thríú páirtí:

    (a)trí bhac a chur ar fheidhmiú an chórais faisnéise nó trí chur isteach air;

    (b)trí shonraí ríomhaireachta a thabhairt isteach, a athrú, a scriosadh, a tharchur nó a cheilt.

    Airteagal 6
    Uirlisí a úsáidtear chun cionta a dhéanamh

    Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar go hintinniúil iad, gléas nó ionstraim, sonraí ríomhaireachta nó aon mhodh eile a tháirgeadh, a sholáthar lena úsáid, lena húsáid nó lena núsáid, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a iompar, a dháileadh nó a chur ar fáil ar bhealach eile má ceapadh nó má cuireadh in oiriúint é, í nó iad go sonrach chun aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 4(a) agus (b) nó in Airteagal 5 a dhéanamh.

    Airteagal 7
    Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

    1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil cion dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 6 a ghríosú, nó cabhrú agus neartú le ceann de na cionta sin.

    2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil an iarracht cion dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 6 a dhéanamh.

    Airteagal 8
    Pionóis ar dhaoine nádúrtha

    1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7.

    2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5.

    3.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta dhá bhliain ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 6.

    4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta cúig bliana ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 más rud é:

    (a)go ndéanfar iad faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB, beag beann ar an bpionós dá bhforáiltear sa Treoir sin;

    (b)go ndéanfaidh na cionta damáiste mór nó forleathan nó go dtiocfaidh leas foriomlán EUR 20 000 ar a laghad astu.

    Airteagal 9
    Dliteanas daoine dlítheanacha

    1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a rinne aon duine chun a dtairbhe, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta ag an duine sin laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)ar chumhacht ionadaíoch an duine dhlítheanaigh;

    (b)ar údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

    (c)ar údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

    2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inar fhág easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil duine atá faoina údarás in ann aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin.

    3.Le dliteanas daoine dlítheanacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, ní eisiafar imeachtaí coiriúla i gcoinne na ndaoine nádúrtha sin a dhéanann nó a ghríosaíonn aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 nó atá ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.

    Airteagal 10
    Smachtbhannaí ar dhaoine dlítheanacha

    Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 9(1) faoi réir smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha, agus áireofar orthu sin fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus féadfaidh smachtbhannaí eile a bheith ar áireamh freisin, amhail an méid seo a leanas:

    (a)eisiamh ón teideal chun sochar poiblí nó cúnaimh;

    (b)dícháiliú sealadach nó buan chun gníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh;

    (c)cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

    (d)foirceannadh breithiúnach;

    (e)bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion a dhéanamh a dhúnadh go buan nó go sealadach.



    TEIDEAL III: DLÍNSE AGUS IMSCRÚDÚ

    Airteagal 11
    Dlínse

    1.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a shuí i gcás:

    (a)ina ndéanfar an cion go hiomlán nó go páirteach i gcríoch an Bhallstáit;

    (b)inar náisiúnaí dá chuid é an ciontóir;

    (c)inarb é an cion is cúis le damáiste ina chríoch, lena náirítear damáiste a tharlaíonn de thoradh aitheantas duine a ghoid.

    2.Agus dlínse á suí i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, áiritheoidh an Ballstát go bhfuil dlínse aige i gcás:

    (a)ina ndéanfaidh an ciontóir an cion agus é i láthair go fisiceach i gcríoch an Bhallstáit, is cuma an úsáidfear ríomhairí nó córas faisnéise ina chríoch chun an cion a dhéanamh nó nach núsáidfear;

    (b)ina núsáidfear ríomhairí nó córas faisnéise ina chríoch chun an cion a dhéanamh, is cuma an bhfuil an ciontóir, agus an cion á dhéanamh aige, i láthair go fisiceach ina chríoch nó nach bhfuil.

    3.I gcás ina gcinnfidh Ballstát dlínse a shuí ar chion dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún, lena náirítear sna cásanna seo a leanas:

    (a)go bhfuil gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch;

    (b)go ndearnadh an cion chun tairbhe duine dhlítheanaigh atá bunaithe ina chríoch;

    (c)go ndearnadh an cion i gcoinne duine dá náisiúnaigh nó i gcoinne duine a bhfuil gnáthchónaí air ina chríoch.

    Airteagal 12
    Imscrúduithe éifeachtacha

    1.Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail na cinn sin a úsáidtear sa choireacht eagraithe nó i gcásanna eile coireachta tromchúisí, ar fáil do dhaoine, d’aonaid nó do sheirbhísí a bheidh freagrach as na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

    2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar, i gcás ina gcuirfear, leis an dlí náisiúnta, d’iallach ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha faisnéis a sholáthar i dtaobh cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7, go gcuirfear an fhaisnéis sin, gan moill mhíchuí, chuig na húdaráis a bhfuil na cionta sin á nimscrúdú agus á nionchúiseamh acu.



    TEIDEAL IV: FAISNÉIS A MHALARTÚ AGUS COIR A THUAIRISCIÚ

    Airteagal 13
    Malartú faisnéise

    1.D’fhonn faisnéis faoi chionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a mhalartú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh pointe teagmhála oibríochtúil náisiúnta ar fáil acu 24 huair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine. Lena chois sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun acu chun gur féidir déileáil go pras le hiarrataí práinneacha ar chúnamh agus go dtabharfaidh an túdarás inniúil le fios ar a laghad, laistigh d’ocht nuair an chloig tar éis an iarraidh a fháil, an dtabharfar freagra ar an iarraidh, an uair a mheastar a thabharfar an freagra agus an fhoirm ina dtabharfar é. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbainfear úsáid as an líonra de phointí teagmhála oibríochtúla atá ann cheana.

    2.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, Europol agus Eurojust ar an eolas faoin bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 1 atá ceaptha acu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile.

    Airteagal 14
    Coir a thuairisciú

    1.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear modhanna tuairiscithe iomchuí ar fáil chun é a éascú go ndéanfar na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a thuairisciú gan moill mhíchuí d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis náisiúnta inniúla.

    2.D’fhonn na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun institiúidí airgeadais agus daoine dlítheanacha eile a fheidhmíonn ina gcríoch a spreagadh le hamhras faoi chalaois a thuairisciú gan moill mhíchuí d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis inniúla eile.



    TEIDEAL V: CÚNAMH d’ÍOSPARTAIGH AGUS COSC

    Airteagal 15
    Cúnamh agus tacaíocht d’íospartaigh

    1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis agus comhairle shonrach ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha ar bhain dochar dóibh de dheasca cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 maidir leis an gcaoi le hiad féin a chosaint i gcoinne iarmhairtí diúltacha na gcionta, amhail damáiste dá gclú.

    2.Maidir le daoine dlítheanacha ar íospartaigh cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 na Treorach seo iad, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, tar éis do na daoine sin teagmháil a dhéanamh den chéad uair le húdarás inniúil, faisnéis a thabhairt dóibh, gan moill mhíchuí, maidir leis na nithe seo a leanas:

    (d)na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh maidir leis an gcion agus an ról atá acu maidir leis na nósanna imeachta sin;

    (e)na nósanna imeachta atá ar fáil chun gearáin a dhéanamh mura nurramaíonn an túdarás inniúil a gcearta le linn imeachtaí coiriúla;

    (f)    na sonraí teagmhála le haghaidh comhfhreagras i dtaca lena gcás.

    Airteagal 16
    Cosc

    Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, lena náirítear tríd an idirlíon, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta, taighde agus cláir oideachais, i gcomhar le páirtithe leasmhara, i gcás inarb iomchuí, arb é is aidhm leo an chalaois a laghdú trí chéile, feasacht a mhúscailt agus an baol go ndéanfar íospartach calaoise de dhuine a laghdú.



    TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 17
    Faireachán agus staidreamh

    1.Faoin [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe le faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar iarmhairtí na Treorach seo. Leis an gclár faireacháin, leagfar amach na modhanna ar a mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá maille leis na tréimhsí ama ina ndéanfar sin. Sonrófar sa chlár faireacháin an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú, a roinnt agus a anailísiú.

    2.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córas i bhfeidhm chun na sonraí staidrimh lena dtomhaistear na céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar.

    3.Leis na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2, cumhdófar ar a laghad líon na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 a thuairisceofar do na Ballstáit, líon na gcásanna ar a ndéanfar imscrúdú, líon na ndaoine a ionchúiseofar sna cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7 agus a chiontófar sna cionta sin, agus sonraí maidir le feidhmiú na gcéimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha a bhaineann leis na cionta sin.

    4.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a chur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar athbhreithniú comhdhlúite ar na tuarascálacha staidrimh gach bliain agus go gcuirfear é faoi bhráid ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí speisialaithe agus inniúla an Aontais.

    Airteagal 18
    An Treoir seo a chur in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB

    Déantar Cinneadh Réime 2001/413/CGB a ionadú i dtaca leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

    Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Chinneadh Réime 2001/413/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

    Airteagal 19
    Trasuí

    1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

    2.Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

    3.Déanfaidh na Ballstáit téacs na mbeart a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 20
    Meastóireacht agus tuairisciú

    1.Déanfaidh an Coimisiún, faoin [48 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá d’fhonn an Treoir seo a chomhlíonadh. Tabharfaidh na Ballstáit pé eolas is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú.

    2.Déanfaidh an Coimisiún, faoin [96 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach], meastóireacht ar an Treoir seo maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    Airteagal 21
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa            Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán            An tUachtarán

    (1) IO L 149, 2.6.2001, lch. 1 .
    (2) Teachtaireacht ón gCoimisiún Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip  COM (2015) 192 final . 
    (3) Fourth report on card fraud , an Banc Ceannais Eorpach, Iúil 2015 (na sonraí is déanaí atá ar fáil).
    (4) Tá tuilleadh sonraí anseo .
    (5) Is é is brí leis an téarma " gníomhú mar mhiúil airgid " duine a dhéanann fáltais ó choireacht a aistriú ó thír amháin go tír eile. Faigheann na miúileanna airgid na fáltais sin ina gcuntais bhainc; ansin iarrtar orthu an tairgead a aistarraingt agus é a aistriú chuig cuntas eile, cuntas a bhíonn thar lear go minic, agus roinnt den airgead a choinneáil dóibh féin.
    (6) Situation Report: Payment Card Fraud in the European Union , Europol, 2012.
    (7) IATA , 2015.
    (8) Eorabharaiméadar Speisialta 423 — an Chibearshlándáil, an Coimisiún Eorpach, Feabhra 2015.
    (9) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac, SWD(2017)298.
    (10) Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185).
    (11) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit.
    (12) Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 lena mbunaítear, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh.
    (13) Treoir 2014/41/AE an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla.
    (14) Cinneadh Réime 2005/214/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar phionóis airgeadais.
    (15) Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 ar easaontachtaí maidir le feidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú.
    (16) Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit.
    (17) Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle.
    (18) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin.
    (19) Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena mbunaítear Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú.
    (20) Conclúidí ón gComhairle an 6 Meitheamh 2016 maidir le feabhas a chur ar an gceartas coiriúil sa chibearspás.
    (21) Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle.
    (22) Is é a thugtar le fios i Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh go dtagraíonn an chibearchoireacht do réimse leathan gníomhaíochtaí coiriúla ina núsáidtear ríomhairí agus córais faisnéise mar phríomhuirlis choireachta nó ina bhfuil siad ina bpríomhsprioc ag lucht coireachta. Cuimsíonn an chibearchoireacht cionta traidisiúnta (e.g. calaois, brionnú, agus goid aitheantais), cionta a bhaineann le hinneachar (e.g. pornagrafaíocht leanaí a dháileadh ar líne nó gríosú chun fuath ciníoch) agus cionta a bhaineann go sonrach le ríomhairí agus le córais faisnéise (e.g. ionsaithe ar chórais faisnéise, diúltú seirbhíse agus bogearraí mailíseacha).
    (23) Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185). Freagraíonn Treoir 2013/40 d’Airteagal 2 go hAirteagal 6 den Choinbhinsiún, ach d’fhreagródh an tionscnamh nua d’Airteagal 7 go hAirteagal 8 den Choinbhinsiún.
    (24) Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás atá Oscailte, Sábháilte agus Slán – an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
    (25) Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 ar chosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh tríd an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB ón gComhairle.
    (26) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE.
    (27) Treoir 2015/849/AE an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena naisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún.
    (28) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí agus lena leasaítear Treoir 2009/101/CE.
    (29) Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006.
    (30) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE.
    (31) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.
    (32) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais.
    (33) Féach suíomh gréasáin Europol .
    (34) Tá tuilleadh eolais anseo .
    (35) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac, SWD(2017)298.
    (36) Tá tuilleadh eolais faoi na Treoirlínte sin le fáil anseo .
    (37) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac, SWD(2017)298.
    (38) An Bord um Ghrinnscrúdú Rialála – Tuairim maidir leis an Measúnú Tionchair – Calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac, SEC(2017)390.
    (39) COM(2016) 450 final .
    (40) Is é is brí le fioscaireacht modh atá ag caimiléirí chun teacht ar shonraí pearsanta luachmhara, e.g. ainmneacha úsáideoirí agus pasfhocail. Is iondúil go seoltar ríomhphost chuig liosta fada seoltaí ríomhphoist agus go mbíonn an chosúlacht air gur gnólacht aitheanta agus iontaofa a sheol é. D’fhéadfadh sé go natreorófaí faighteoir an ríomhphoist chuig leathanach gréasáin bréige agus go niarrfaí air sonraí pearsanta a thabhairt.
    (41) Is é is brí leis an téarma "gníomhú mar mhiúil airgid" duine a dhéanann fáltais ó choireacht a aistriú ó thír amháin go tír eile. Faigheann na miúileanna airgid na fáltais sin ina gcuntais bhainc; ansin iarrtar orthu an tairgead a aistarraingt agus é a aistriú chuig cuntas eile, cuntas a bhíonn thar lear go minic, agus roinnt den airgead a choinneáil dóibh féin (ActionFraudUK, 2017). Uaireanta is eol dóibh gur fáltais ó choireacht atá san airgead; uaireanta eile cuirtear an dallamullóg orthu agus creideann siad nach bhfuil aon choir i gceist leis an airgead sin.
    (42) Is é atá i gceist le hatreorú mailíseach cleachtas sceamála ina suiteáiltear cód mailíseach ar ríomhaire pearsanta nó ar fhreastalaí, agus go míthreoraítear úsáideoirí, i ngan fhios dóibh nó gan a gcead a fháil, chuig suíomhanna gréasáin bréige.
    (43) IO L 300, 11.11.2008, lch. 42 .
    (44) Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (IO L 149, 2.6.2001, lch. 1).
    (45) Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).
    (46) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
    (47) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
    (48) Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).
    (49) Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
    (50) Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).
    (51) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
    (52) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
    (53) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena naisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
    Top