Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0282

    Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar

    COM/2017/0282 final - 2017/0113 (COD)

    An Bhruiséil,31.5.2017

    COM(2017) 282 final

    2017/0113(COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SWD(2017) 196 final}
    {SWD(2017) 197 final}
    {SWD(2017) 198 final}
    {SWD(2017) 199 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    I dTreoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar 1 déantar foráil maidir le híosleibhéal oscailte margaidh i dtaca le feithiclí fruilithe le haghaidh earraí a úsáid sa mhargadh aonair. Ar an dóigh sin, is éard is aidhm di (i) acmhainní a leithdháileadh ar an mbealach is fearr trí shrian a chur le húsáid dhiomailteach tosca táirgeachta (e.g. caipiteal atá sáite i bhfeithiclí tearcúsáidte) agus (ii) cur le solúbthacht agus táirgiúlacht na ngnóthas lena mbaineann. Baineann na cuspóirí uile le húsáid feithiclí fruilithe.

    San am céanna, áfach, leis an Treoir seo ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí ar mó ná sé thona a nollmheáchan feithicle faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin. Ceadaítear leis freisin srian a chur le húsáid feithicle arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige.

    Baineann na srianta sin ó éifeachtacht na Treorach. Anuas air sin, leagann siad ualach rialacháin gan ghá ar ghnóthais mar aon le meascán mearaí de rialacha a chruthú ar údar mearbhaill ag oibreoirí iad. Bunchuspóir de chuid Chlár an Aontais um Oiriúnacht Rialála (REFIT), a bhfuil an togra seo mar chuid de, is ea an tualach riaracháin ar ghnóthais a laghdú agus na rialacha a shoiléiriú.

    Moltar, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an bhféidearthacht úsáid feithiclí fruilithe a shrianadh faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin. Ar a bharr sin, ceadófar ar feadh ceithre mhí ar a laghad úsáid feithicle arna fruiliú i mBallstát eile ionas go mbeidh ar chumas gnóthas freastal ar phointí buaicéilimh sealadacha nó séasúracha agus/nó feithiclí lochtacha nó damáistithe a athsholáthar. Dealraíonn sé gur den riachtanas é ligean do na Ballstáit teorainn ceithre mhí a chur le húsáid feithicle arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige chun gur féidir saobhadh féideartha a sheachaint i bhfianaise na mórdhifríochtaí ó Bhallstát go chéile idir na leibhéil chánach a ghearrtar ar fheithiclí bóthair.

    Tríd is tríd, áirithítear leis an togra seo go mbeidh rochtain chomhionann ag oibreoirí iompair ar fud an Aontais ar mhargadh na bhfeithiclí fruilithe. Áirithítear leis freisin go mbeidh creat aonfhoirmeach rialála i bhfeidhm fud fad an Aontais agus cuirtear ar a gcumas d'oibreoirí iompair a ngníomhaíochtaí iompair a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtúla is féidir. Toisc gur gnách feithiclí fruilithe a bheith níos nuaí agus níos sábháilte agus gur gnách níos lú truaillithe á dhéanamh acu, maolaíonn an togra seo na seachtrachtaí diúltacha a bhaineann le hiompar de bhóthar.

    Togra de thograí éagsúla é seo i réimse an iompair de bhóthar a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a ghlacadh in 2017 ionas go mbeidh an creat reachtach lena rialaítear earnáil an iompair de bhóthar san Aontas oiriúnach don saol atá amach romhainn.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Déantar tagairt d'fheithiclí fruilithe le haghaidh earraí i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 2 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 3 araon i dtaca le coinníollacha maidir le bunaíocht chobhsaí oibreora iompair (ar ceann amháin de shraith riachtanas é le haghaidh rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar) agus i dtaca leis na rialacha maidir leis an gceadúnas Comhphobail, ar gá cóip dheimhnithe de sin a chur ar fáil do shealbhóir ceadúnais gach feithicle fruilithe. Ar an gcuma sin, tá tábhacht le hoibriú feithiclí fruilithe maidir le rochtain a fháil ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar. An dá Rialachán sin agus an Treoir, is iad an creat dlí iad a mbíonn an earnáil tarlaithe de bhóthar ag oibriú faoina chuimsiú san Aontas Eorpach. Tá dlúthbhaint ag forfheidhmiú fhorálacha na dtrí ghníomh reachtacha seo le chéile. Go háirithe, i gcás fhorfheidhmiú na teorann ama (roghnaí) atá beartaithe, is é sin teorainn ceithre mhí a chur le húsáid feithicle arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige, is ábhartha an togra leasaitheach a rinneadh i leith Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009. De réir an togra sin, bheadh d'oibleagáid ar na Ballstáit uimhirphláta gach feithicle atá ar fáil d'oibreoir iompair a shonrú ina chlár leictreonach náisiúnta féin. Ba mhór an cuidiú an riail sin i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon teorann ama dá dtagraítear thuas.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra comhsheasmhach go hiomlán le tosaíocht an Aontais margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a chur ar bun. Neartófar an margadh inmheánach do sholáthar seirbhísí iompair a úsáideann feithiclí fruilithe le haghaidh earraí agus do sholáthar seirbhísí fruilithe agus léasaithe feithiclí. Ina theannta sin, tá sé ag teacht le cuspóirí an chomhbheartais iompair mar a thuairiscítear iad sa Pháipéar Bán (2011) Roadmap to a Single European Transport Area - Towards a competitive and resource efficient transport system [Treochlár um Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní] 4 . Ina cheann sin, leis an togra seo laghdaítear an tualach riaracháin ar oibreoirí agus soiléirítear an creat dlí – ar dhá chuspóir iad sin de chuid chlár REFIT an Aontais.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don Treoir seo.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    De bhun Airteagal 4(2)(g) CFAE, is ag an Aontas Eorpach agus na Ballstáit araon atá an inniúlacht chun rialáil a dhéanamh i réimse an iompair.

    Tá ag treisiú i leaba a chéile ar ghné idirnáisiúnta an iompair de bhóthar. Tá méadú tagtha ar an sciar de ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta iompair lastais de bhóthar i 28 dtír an Aontais ó 28 % in 2000 go beagnach 36 % in 2014 arna thomhas de réir gníomhaíochtaí foriomlána iompair lastais de bhóthar san Aontas 5 . Is é an tAontas amháin atá in ann creat aonfhoirmeach dlí a chur ar fáil le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh do sholáthar seirbhísí iompair de bhóthar, ar margadh é atá ag éirí níos comhtháite. Murach idirghabháil sin an Aontais, ní bheadh ar chumas na mBallstát an cothrom iomaíochta atá de dhíth ar an margadh aonair a chur ar fáil. Is trí bhearta ar leibhéal an Aontais amháin is féidir deireadh a chur leis an meascán mearaí de rialacha náisiúnta atá ann faoi láthair. Ach creat aonfhoirmeach dlí a bheith ann, laghdófaí na costais chomhlíonta agus forfheidhmiúcháin ar fud an Aontais. Ó cheadaítear faoi láthair do na Ballstáit leis an Treoir srian a chur le húsáid feithiclí fruilithe ar choinníollacha áirithe, is gá an Treoir sin a leasú má táthar chun laghdú a dhéanamh ar chumas na mBallstát úsáid feithiclí fruilithe a shrianadh, rud is féidir a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal sin amháin.

    Comhréireacht

    Mar a luaitear i Roinn 7.4 den mheasúnú tionchair, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun dul i ngleic leis na fadhbanna a sainaithníodh. Leasuithe spriocdhírithe amháin ar an Treoir atá sa togra arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an gcreat reachtach a mbíonn an earnáil tarlaithe de bhóthar agus an earnáil fruilithe agus léasaithe feithiclí ag oibriú faoina chuimsiú san Aontas Eorpach.

    An rogha ionstraime

    Ós Treoir atá sa ghníomh atá le leasú, ba cheart i bprionsabal an gníomh leasaitheach a bheith i bhfoirm Treorach freisin.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Glacadh an doiciméad inmheánach oibre a bhaineann leis an meastóireacht ex-post ar Threoir 2006/1/CE in éineacht leis an togra seo 6 . Rinneadh staidéar seachtrach in 2015-2016. Foilsíodh tuarascáil deiridh an staidéir sin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin 7 .

    Áitítear i bpríomhthorthaí na meastóireachta ex-post gur mhó an éifeacht a bheadh le Treoir 2006/1/CE chun na cuspóirí atá léi a bhaint amach mura gceadófaí do na Ballstáit úsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí a shrianadh i gcodanna áirithe den mhargadh agus ar choinníollacha áirithe. Nuair a chuirtear srian le fruiliú feithiclí earraí ar bhonn trasteorann cuirtear cosc ar oibreoirí úsáid a bhflíteanna a bharrfheabhsú, rud a dhéanfaidís trína gcuid feithiclí a chur ar fáil san áit is mó a bhfuil gá leo. Ar a bharr sin, is lú éifeachtúlacht na Treorach 2006/1/CE de dheasca srianta a chur le húsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí ar an ábhar go gcuireann siad leis na costais chomhlíonta a théann ar oibreoirí iompair agus comhlachtaí fruilithe/léasaithe feithiclí araon agus go gcuireann siad leis na costais cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin a théann ar údaráis phoiblí. Léiríodh cheana gur costais bheaga fhánacha a bhíonn i gceist nuair nach ann do na srianta sin.

    Ní hé leas an gheilleagair Eorpaigh é ach oiread, a fhad a bhaineann le solúbthacht agus éifeachtúlacht na noibríochtaí tarlaithe de bhóthar a mhéadú, cead a thabhairt do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí earraí fruilithe ná níl sin ag teacht go hiomlán leis na tosaíochtaí beartais atá ann faoi láthair, mar atá an margadh aonair a dhoimhniú agus úsáid feithiclí atá níos sábháilte, níos glaine agus níos éifeachtúla ó thaobh breosla de a chur chun cinn.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Is mó ná deis amháin a bhí ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl le linn na meastóireachta ex-post agus an phróisis measúnaithe tionchair araon. Le cois agallaimh spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara (rinneadh 27 nagallamh i bhfómhar 2015 le haghaidh na meastóireachta ex-post agus 33 cinn díobh sa dara leath de 2017 le haghaidh an mheasúnaithe tionchair), bhí comhairliúchán poiblí ar líne ar siúl ar feadh 12 sheachtain (a bhain leis an meastóireacht ex-post agus an measúnú tionchair araon) idir an 11 Lúnasa agus an 4 Samhain 2016 (ar ar tugadh 27 bhfreagra) agus comhairliúchán 7 seachtaine le FBManna a bhí ar siúl idir an 22 Meán Fómhair agus an 11 Samhain 2016 faoi choimirce phainéal na FBManna den Líonra Fiontar Eorpach. Bhí dhá cheistneoir ar leith le comhlánú ag na FBManna a ghlac páirt sa chomhairliúchán, ar bhain ceann díobh le húsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí (tugadh 156 fhreagra air sin) agus an ceann eile le húsáid busanna agus cóistí fruilithe (tugadh 94 fhreagra air sin).

    Fuarthas roinnt sonraí agus tuairimí luachmhara ábhartha ó chleachtóirí de dhroim an chomhairliúcháin. Fuarthas amach lena linn, mar shampla, nár dheacracht é dáiríre an chaoi nach raibh rialacha i bhfeidhm ag an Aontas maidir le húsáid busanna agus cóistí fruilithe agus fuarthas amach freisin nach raibh aon chuid ar leith den mhargadh ag plé le busanna agus cóistí fruilithe. I bhfianaise an eolais sin, cuireadh ceann amháin de na roghanna beartais a bhí beartaithe ar dtús as an áireamh mar ba é ab aidhm di raon feidhm na Treorach a leathnú chun úsáid busanna agus cóistí fruilithe a áireamh inti.

    Fuarthas eolas freisin de thoradh an chomhairliúcháin faoi na húdair a bhíonn ag na Ballstáit maidir le srianta a chur le húsáid feithiclí fruilithe. Is eagal le húdaráis phoiblí agus ionadaithe ceardchumainn áirithe gur mhó an brú iomaíochta a bheadh orthu dá mbainfí na srianta maidir le húsáid feithiclí fruilithe faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin agus gur dheacra a bheadh sé an reachtaíocht maidir le hiompar de bhóthar a fhorfheidhmiú dá gceadófaí úsáid feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát eile. Cé gur cuireadh san áireamh na húdair a tugadh le húsáid feithiclí fruilithe i mBallstát eile a shrianadh, níor údair áititheacha iad na cinn a luadh le húsáid feithiclí fruilithe faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin a shrianadh.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Bhí de chúnamh ag an gCoimisiún conraitheoir seachtrach a rinne staidéar ar mheastóireacht ex-post na Treorach agus staidéar tacaíochta ar an measúnú tionchair.

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an tionscnamh ar chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach in iúl ina thaobh fara agúis áirithe. Tugadh aghaidh ar na hagúis sin trí eolas mionsonraithe faoi chomhthéacs an bheartais a chur ar fáil, trí mhíniú a thabhairt ar mhéid na bhfadhbanna a sainaithníodh agus cén fáth ar cheart aghaidh a thabhairt orthu anois, tríd an gcéad rogha beartais, mar atá raon feidhme na Treorach a leathnú chun úsáid busanna agus cóistí fruilithe a áireamh inti, a chur as an áireamh (ar an ábhar nárbh fhéidir áitiú le dealramh a dhéanamh ar a shon), trí chuntas a thabhairt ar na rioscaí a bheadh ann mura mbainfí amach toradh na rogha tosaíochta lena bhfuiltear ag súil (go háirithe i bhfianaise dreasachtaí féideartha don phleanáil chánach agus don íoslaghdú cánach agus i bhfianaise deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit agus reachtaíocht maidir le hiompar de bhóthar á forfheidhmiú acu) trí iarracht a dhéanamh ar an laghdú a thiocfaidh ar chostais riaracháin a thomhas agus trí bhreis faisnéise a chur ar fáil faoin gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara.

    Scrúdaíodh na roghanna beartais seo a leanas:

    Rogha 0: Treoirlínte agus moltaí a eisiúint.

    Rogha 1: Leasuithe reachtacha spriocdhírithe.

    Rogha 1a: Úsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin a cheadú ar fud an Aontais.

    Rogha 1b: Úsáid feithiclí earraí a d'fhruiligh oibreoir i mBallstát eile seachas a Bhallstát bunaíochta a cheadú ar feadh tréimhse áirithe (idir trí agus ceithre mhí) d'fhonn freastal ar phointí buaicéilimh sealadacha nó séasúracha.

    Rogha 1c: Teaglaim de Rogha 1a agus Rogha 1b.

    Rogha 2: Beidh na rialacha maidir le húsáid feithiclí fruilithe ar aon dul leis na rialacha maidir le húsáid feithiclí ar le gnóthais iad (nó ar a laghad ní bheidh na rialacha níos sriantaí ná sin).

    Is í Rogha 1c an rogha thosaíochta ós í an rogha is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna uile a sainaithníodh gan dul thar a bhfuil riachtanach chuige sin. Is fearr í ná Rogha 2 ar an ábhar nach gcuideodh an dara rogha sin deireadh a chur leis an meascán mearaí de rialacha san Aontas a bhaineann le húsáid feithiclí fruilithe. Ina leaba sin, leanfadh rialacha na mBallstát éagsúil de bheith i bhfeidhm chomh fada agus nach mbeadh feithiclí fruilithe níos measa as dá ndroim ná na feithiclí ar leis na hoibreoirí iad (e.g. ceanglais maidir le hathchlárú feithicle arna ceannach/arna fruiliú i mBallstát eile).

    Faoin rogha thosaíochta, d'fhéadfaí laghdú EUR 158 milliún san iomlán a dhéanamh ar chostais oibriúcháin tharlóirí an Aontais faoi 2030. Ba cheart go dtiocfadh laghdú 2 % ar chostais oibriúcháin oibreora a roghnóidh feasta feithiclí fruilithe in áit feithiclí ar úinéireacht. Ina theannta sin, ghnóthódh an earnáil fruilithe agus léasaithe feithiclí EUR 81 mhilliún, rud a d'fhágfadh EUR 240 milliún de leas eacnamaíoch iomlán bliantúil ann faoi 2030. Thiocfadh de sin freisin 5 000 post breise a chruthú, 2 900 díobh sin san earnáil fruilithe nó léasaithe feithiclí agus 1 700 díobh san earnáil tarlaithe de bhóthar.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Is cuid de chlár REFIT an Choimisiúin an togra seo. Is éard is aidhm dó na rialacha maidir le húsáid feithiclí fruilithe a shimpliú. Dá ndéanfaí an margadh a oscailt d'úsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin bhainfí aon bhacainní den tslí, rud a laghdódh a bhfuil de chostais chomhlíonta ar na hoibreoirí. Trí chreat aonfhoirmeach a chur ar fáil le haghaidh úsáid feithiclí arna bhfruiliú (ar feadh ceithre mhí ar a laghad) i mBallstát eile meastar go mbeidh soiléireacht dhlíthiúil ann agus go sábhálfaidh oibreoirí EUR 12.8 milliún de chostais a leanann díchlárú agus athchlárú a bhfeithiclí.

    Cearta bunúsacha

    Sa togra seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 8 .

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleacht ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar grinnfhaireachán ar chur chun feidhme na Treorach seo. Cuirfidh an Coimisiún isteach tuarascáil maidir le cur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis spriocdháta an trasuí. Trí úsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí a léirscaoileadh a thuilleadh, táthar ag súil leis go gcuirfidh an Treoir seo borradh faoin margadh atá ann d'fheithiclí fruilithe, go dtiocfaidh laghdú ar chostais dá droim agus go mbeidh breis solúbthachta agus brabúsacht mhéadaithe ann d'oibreoirí. Baileofar an fhaisnéis ábhartha ó na húdaráis inniúla náisiúnta, ó ionadaithe de chuid na hearnála fruilithe agus léasaithe feithiclí agus trí shuirbhé a scaipeadh ar oibreoirí iompair de bhóthar. Ina cheann sin, táthar ag súil leis go bhfaighfear faisnéis luachmhar ó chláir leictreonacha náisiúnta na ngnóthas iompair de bhóthar. Ós rud é go mbeidh ar oibreoirí iompair uimhirphláta na feithicle atá ar fáil acu a shonrú as seo amach, ba cheart gurbh fhurasta léargas a fháil sna cláir sin ar líon na bhfeithiclí arna gclárú thar lear atá i bhflít na bhfeithiclí.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Is iad seo a leanas príomheilimintí an togra:

    Leasú ar Airteagal 2 de Threoir 2006/1/CE

    Foráiltear le hAirteagal 2 an creat le haghaidh na rialacha a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir le húsáid feithiclí fruilithe ar a gcríoch féin ag gnóthais atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile. Sa chomhthéacs sin, an teorainn atá le raon feidhme an Airteagail seo, is é sin nach gcuimsítear leis ach "trácht idir na Ballstáit", is teorainn í atá as dáta ar an ábhar gur féidir feithiclí fruilithe a úsáid freisin faoi chomhair oibríochtaí cabatáiste i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009.

    Leis na forálacha atá ann faoi láthair ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithicle arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. Cruthaíonn sin meascán mearaí de rialacha fud fad an Aontais mar aon le héiginnteacht dhlíthiúil, rud a choisceann ar ghnóthais tairbhe a bhaint as margaí fruilithe i mBallstáit eile ar mhó an sochar eacnamaíoch a bhainfeadh leo. Moltar, dá bhrí sin, cead a thabhairt do ghnóthais feithiclí arna bhfruiliú in aon áit san Aontas a úsáid ar fud an Aontais.

    Ós rud é gur mór i gcónaí idir na rátaí cánach a ghearrtar ar fheithiclí ó Bhallstát go chéile san Aontas, féadfaidh na Ballstáit, chun saobhadh fioscach a sheachaint, teorainn ama nach lú ná ceithre mhí a chur le húsáid feithicle ar a gcríoch féin, is é sin feithicil arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. Is éard is aidhm don teorainn ama ceithre mhí seo a áirithiú go bhféadfar feithiclí arna bhfruiliú (agus arna gclárú) i mBallstát eile a úsáid chun freastal go háirithe ar phointí buaicéilimh gearrthéarmacha, sealadacha nó séasúracha nó chun feithiclí lochtacha nó damáistithe a athsholáthar.

    Leasú ar Airteagal 3 de Threoir 2006/1/CE

    Foráiltear le hAirteagal 3 an creat le haghaidh na rialacha a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm maidir le húsáid feithiclí fruilithe ag gnóthais atá bunaithe ar a gcríoch féin. Tá feidhm ag na forálacha atá ann faoi láthair maidir le feithiclí fruilithe arna gclárú nó arna gcur i gcúrsaíocht go dleathach sa Bhallstát féin, "ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2." Ó cheadaítear le hAirteagal 2 leasaithe úsáid feithiclí fruilithe arna gclárú nó arna gcur i gcúrsaíocht go dleathach in aon Bhallstát, leasaítear mír 1 chun an neamhréir sin a chur ina ceart. Ba cheart an deis a bheith ann feithicil a úsáid arna fruiliú nó arna cur i gcúrsaíocht i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige, ba cheart an deis a bheith ann í a úsáid ní hamháin faoi chomhair oibríochtaí iompair in aon Bhallstát eile (i gcomhréir le Airteagal 2 leasaithe), ach freisin faoi chomhair oibríochtaí iompair i mBallstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige.

    Scriostar mír 2 ar an ábhar nár cheart a thuilleadh an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin. Ba cheart cead a thabhairt do ghnóthais ar fud an Aontais feithiclí fruilithe a úsáid faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin agus tairbhe a bhaint as na sochair a ghabhann léi. Níor cheart srian a bheith orthu gan ach feithiclí ar leo féin iad a úsáid nó an oibríocht iompair a sheachfhoinsiú le gnóthas a chuireann seirbhísí ar fruiliú agus ar luaíocht den sórt sin ar fáil. Na feithiclí sin ar le gnóthais iad a bhaineann úsáid astu faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin, is minic nach mbaintear úsáid iomlán astu agus, i gcomparáid le feithiclí fruilithe, is minic, ar an meán, na feithiclí sin níos sine, níos mó truaillithe á dhéanamh acu agus gan iad chomh sábháilte céanna.

    Airteagal 5a nua i dTreoir 2006/1/CE

    Céim chun cinn atá sa Treoir seo i dtaca leis an margadh a oscailt d'úsáid feithiclí fruilithe chun earraí a iompar de bhóthar. Trí chead a thabhairt, ar feadh ceithre mhí ar a laghad, feithicil a úsáid arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige, agus trí dheireadh a chur leis na srianta maidir le húsáid feithiclí fruilithe le haghaidh earraí faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin, cruthaítear leis an Treoir seo féidearthachtaí nua do ghnóthais atá i mbun feithiclí a fhruiliú agus do ghnóthais atá gníomhach san earnáil fruilithe / léasaithe feithiclí ar fud an Aontais.

    Ba cheart cur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach nua seo mar aon leis an tionchar a bheidh aici ar oibreoirí iompair ar a gcuntas féin nó ar fruiliú agus ar luaíocht, agus ar an earnáil fruilithe / léasaithe feithiclí, ba cheart iad sin a mheas i dtuarascáil a chuirfidh an Coimisiún isteach. Ba cheart sin a dhéanamh a luaithe a bheidh fianaise leordhóthanach ann agus ba cheart fáil a bheith uirthi sin cúig bliana tar éis dheireadh na tréimhse trasuí (sé bliana go leith tar éis don Treoir teacht i bhfeidhm), is é is dóichí. Ar bhonn na tuarascála sin, measfaidh an Coimisiún an gá aon bhearta eile a dhéanamh.

    2017/0113 (COD)

    Togra le haghaidh

    TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 9 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 10 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)I dTreoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 déantar foráil maidir le híosleibhéal oscailte an mhargaidh le haghaidh úsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar.

    (2)Trí fheithiclí fruilithe a úsáid is féidir na costais ar ghnóthais as earraí a iompar ar a gcuntas féin nó ar fruiliú agus ar luaíocht a laghdú agus cur lena solúbthacht oibríochtúil san am céanna. Uime sin, is féidir cur le táirgiúlacht agus iomaíochas na ngnóthas lena mbaineann. Anuas air sin, ós rud é, de ghnáth, gur óige na feithiclí fruilithe ná an gnáthfhlít, is gnách freisin iad níos sábháilte agus níos lú truaillithe á dhéanamh acu.

    (3)Faoi Threoir 2006/1/CE ní féidir le gnóthais leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le feithiclí fruilithe a úsáid. Leis an Treoir sin ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí earraí fruilithe ag a ngnóthais, feithiclí ar mó ná sé thona a nuasmheáchan ualaithe incheadaithe faoi chomhair oibríochtaí ar a gcuntas féin. Thairis sin, níl ceangal ar na Ballstáit úsáid feithiclí fruilithe ar a gcríoch féin a cheadú i gcás inar cláraíodh an fheithicil nó inar cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige.

    (4)Ionas gur mó an leas a fhéadfaidh gnóthais a bhaint as na buntáistí a ghabhann le feithiclí fruilithe a úsáid, ba cheart an deis a bheith acu feithiclí arna bhfruiliú in aon Bhallstát a úsáid seachas feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát bunaíochta na ngnóthas sin amháin. Dá réir sin, b'fhusa dóibh freastal go háirithe ar phointí buaicéilimh gearrthéarmacha, sealadacha nó séasúracha nó feithiclí lochtacha nó damáistithe a athsholáthar.

    (5)Is mór i gcónaí idir na leibhéil chánach ar iompar de bhóthar atá i bhfeidhm ó Bhallstát go chéile. Dá bhrí sin, tá údar maith fós le srianta áirithe, a dhéanann difear go hindíreach freisin don tsaoirse chun seirbhísí fruilithe feithiclí a chur ar fáil, tá údar maith leo fós d'fhonn saobhadh fioscach a sheachaint. Mar sin, ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit teorainn ama a chur le húsáid feithicle ar a gcríoch féin arna fruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige.

    (6)Chun gur féidir oibríochtaí iompair ar a gcuntas féin a dhéanamh ar bhonn níos éifeachtúla, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh srian a chur leis an bhféidearthacht feithiclí fruilithe a úsáid faoi chomhair oibríochtaí den sórt sin.

    (7)Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo agus iad a dhoiciméadú i bhfoirm tuarascála. Ba cheart aon ghníomhaíocht a dhéanfar feasta sa réimse sin a mheas i bhfianaise na tuarascála sin.

    (8)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr nádúr trasteorann an iompair de bhóthar agus na saincheisteanna ar de chúram na Treorach seo iad, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (9)Ba cheart Treoir 2006/1/CE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Treoir 2006/1/CE mar a leanas:

    (1)    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a) leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    "Ceadóidh gach Ballstát ar a gcríoch féin úsáid feithiclí arna bhfruiliú ag gnóthais atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile ar choinníoll:";

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    "(a)    go ndéantar an fheithicil a chlárú agus a chur i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Ballstáit;";

    (b) cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    "1a.    I gcás nach bhfuil an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Bhallstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige, féadfaidh na Ballstáit teorainn ama a chur le húsáid feithicle fruilithe ar a gcríoch féin. I gcás den sórt sin, ceadóidh na Ballstáit úsáid na feithicle sin, áfach, ar feadh ceithre mhí ar a laghad in aon bhliain féilire ar leith."

    (2)    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    "Airteagal 3

    Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh a ngnóthais feithiclí fruilithe a úsáid chun earraí a iompar de bhóthar faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le feithiclí ar leo féin iad, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2.”

    (3)    cuirtear isteach an tAirteagal 5a seo a leanas:

    "Airteagal 5a

    Faoin [OP: cuir isteach an dáta 5 bliana tar éis an spriocdháta chun an Treoir a thrasuí], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoi úsáid feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú arís an gá bearta forlíontacha a mholadh."

    Airteagal 2

    1.Na dlíthe, rialacháin nó forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [OP: cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta a teachta i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1) IO L 33, 4.2.2006, lch. 82.
    (2) IO L 300, 14.11.2009, lch. 51.
    (3) IO L 300, 14.11.2009, lch. 72.
    (4) COM(2011) 144 final, an 28.3.2011.
    (5) Féach Táblaí 2.2.4b agus 2.2.4c in Statistical Pocketbook 2016 – EU Transport in Figures; tá an leabhar ar fáil ar líne ag: http://ec.europa.eu/transport/facts-fundings/statistics/pocketbook-2016_en  
    (6) SWD(2017) XXX final [cuir an tagairt iomlán isteach nuair a bheidh fáil ar an uimhir].
    (7) https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/facts-fundings/evaluations/doc/2016-ex-post-evaluation-of-directive-2006-1-ec-final-report.pdf  
    (8) Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.
    (9) IO C , , lch. .
    (10) IO C , , lch. .
    (11) Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (leagan códaithe) (IO L 33, 4.2.2006, lch. 82).
    Top