Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0281

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d'fhonn iad a oiriúnú d'fhorbairtí san earnáil

    COM/2017/0281 final - 2017/0123 (COD)

    An Bhruiséil,31.5.2017

    COM(2017) 281 final

    2017/0123(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d'fhonn iad a oiriúnú d'fhorbairtí san earnáil

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SWD(2017) 194 final}
    {SWD(2017) 195 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 maidir le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar 1 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta iompair de bhóthar 2 ("Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009", "Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009" nó "na Rialacháin") mar chuid de phacáiste beart a bhí dírithe ar nuachóiriú na rialacha lena rialaítear rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar agus rochtain ar an margadh iompair de bhóthar.

    Mar chuspóir foriomlán, tacaíonn na Rialacháin le dea-fheidhmiú mhargadh aonair an iompair de bhóthar, agus le héifeachtúlacht agus iomaíochas an mhargaidh sin.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 leagtar síos na forálacha nach mór do ghnóthais a chomhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar (paisinéirí agus lastas) a rochtain. Leagtar síos leis freisin forálacha áirithe chun an forfheidhmiú ar leibhéal na mBallstát a rialáil agus a chumasú.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 leagtar síos na forálacha nach mór do ghnóthais a bhfuil sé beartaithe acu oibriú sa mhargadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar agus i margaí náisiúnta cé is moite dá margaí féin (cabatáiste) a chomhlíonadh. Áirítear ann forálacha a bhaineann leis na doiciméid atá le heisiúint ag Ballstát an chlárúcháin do na gnóthais sin (ceadúnas Comhphobail), agus do thiománaithe ó thríú tíortha (fianú tiománaí).

    Rinneadh meastóireacht ex-post ar na Rialacháin in 2014–2015 3 agus baineadh de thátal aisti nach raibh na Rialacháin éifeachtach ach i bpáirt i dtaca lena mbunchuspóir a bhaint amach, mar atá dálaí iomaíochta oiriúnacha a chothú sa mhargadh. Ba iad na deacrachtaí ba mhó a bhí ann easnaimh sna rialacha agus i bhforfheidhmiú na rialacha sin. Tá an togra seo, ar tionscnamh de chuid REFIT é 4 , ceaptha na heasnaimh sin a réiteach chomh maith.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Is cuid é an togra seo d'athbhreithniú leanúnach níos cuimsithí atá ar siúl ar an reachtaíocht maidir le hiompar de bhóthar. Tá dlúthbhaint aige le gníomhartha dlí eile maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe an reachtaíocht shóisialta maidir le hiompar de bhóthar (Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 5 , Treoir 2002/15/CE 6 , Treoir 2006/22/CE 7 agus Rialachán (AE) 165/2014 8 ). Beidh sé níos éasca, dá bhrí sin, "rialacha an mhargaidh" a fhorfheidhmiú i gceart, mar atá molta sa togra seo, i ngeall ar na sinéirgíochtaí atá ann cheana agus, os a choinne sin, cuideoidh forfheidhmiú na rialacha sin ar bhealach indíreach le forfheidhmiú na reachtaíochta sóisialta.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Cuidíonn an togra seo go díreach chun ceann de thosaíochtaí an Choimisiúin reatha a chur chun cinn, mar atá margadh aonair níos doimhne agus níos cothroime a chur chun cinn. Tá sé mar phríomhchuspóir aige tuilleadh feabhais a chur ar mhargadh aonair an iompair de bhóthar trí leasuithe a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh fáil réidh leis na cúiseanna atá leis na difríochtaí agus forfheidhmiú níos fearr na rialacha a áirithiú.

    Comhlíonann an togra cuspóir REFIT trí éifeachtúlacht a mhéadú agus trí na hualaí riaracháin agus rialála atá ar ghnólachtaí a laghdú. Tugann sé an deis do na Ballstáit freisin roinnt de na costais cur chun feidhme neamhriachtanacha a bhaineann le forfheidhmiú na rialacha a laghdú.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é bunús dlí na Rialachán agus an leasaithe atá beartaithe Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") (Airteagal 71 CAE roimhe seo). Is é an tAirteagal sin is bunús le reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh a ghlacadh ina leagtar síos an méid seo a leanas go háirithe: (i) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó (Airteagal 91(1)(a) CFAE); agus (ii) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát (Airteagal 91(1)(b)CFAE).

    Coimhdeacht

    De bhun Airteagal 4(2)(g) CFAE, is ag an Aontas Eorpach agus na Ballstáit i dteannta a chéile atá an inniúlacht rialáil a dhéanamh i réimse an iompair. Mar sin féin, is é reachtóir an Aontais Eorpaigh amháin is féidir leasuithe a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana.

    Chomh maith leis sin, na difríochtaí atá ann faoi láthair idir cleachtais na mBallstát éagsúil agus na laigí atá ann i ndáil le forfheidhmiú, tá siad díobhálach d'oibriú an mhargaidh aonair agus tá dlúthbhaint idir iad agus na heasnaimh sa chomhchuibhiú, agus mar sin is é an tAontas amháin is féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach.

    Comhréireacht

    Mar a luaitear i Roinn 6.3 den mheasúnú tionchair, tá an togra beartais i gcomhréir leis na fadhbanna a sainaithníodh agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun iad a réiteach. Go hiondúil, níor cheart go mbeadh aon tionchar díréireach ag na bearta beartais atá beartaithe, go háirithe maidir le FBManna. Tá an togra dírithe den chuid is mó ar an gcreat rialála atá ann cheana a shimpliú agus a shoiléiriú agus ar cheanglais forfheidhmiúcháin níos láidre a chur i bhfeidhm, agus ní chruthaíonn sé ceanglais bhreise rialála do na páirtithe leasmhara nach mbeadh i gcomhréir leis na fadhbanna a sainaithníodh.

    An rogha ionstraime

    Ós rud é gur rialacháin iad na gníomhartha dlí atá le leasú ba cheart, i bprionsabal, gur san fhoirm chéanna a bheadh an gníomh leasaitheach.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireacht ex-post/seiceáil oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

    Bhí na Rialacháin faoi réir meastóireacht ex-post 9 . Rinneadh staidéar seachtrach 10 mar chomhlánú ar an meastóireacht sin.

    Maidir leis an bhforfheidhmiú, is iad seo na saincheisteanna is mó a sainaithníodh:

    Tá leibhéil éagsúla rialála sna Ballstáit, go háirithe i dtaca leis na critéir maidir le bunaíocht chobhsaí agus dea-cháil is gá a chomhlíonadh chun an ghairm a rochtain, agus maidir le hoibríochtaí neamhdhleathacha cabatáiste.

    Tá easpa comhair idir (cuid de) na Ballstáit, go háirithe i dtaca leis na critéir maidir le bunaíocht chobhsaí agus éifeachtach is gá a chomhlíonadh chun an ghairm a rochtain.

    Ar na heasnaimh eile atá sna rialacha tá an easpa sonraí i dtaca le ceisteanna ar leith nó an iomarca scóipe follasaí a bheith ag na Ballstáit bearta aontaobhacha a dhéanamh. Tá éagsúlachtaí ann, dá bhrí sin, i gcleachtas a mbíonn éifeacht dhiúltach acu ar oibriú an mhargaidh aonair:

    fágann an sainmhíniú ar bhunaíocht chobhsaí agus éifeachtach, an téarma lárionad oibríochta san áireamh, go leor ceisteanna gan fhreagairt. Tá cleachtais éagsúla tagtha chun cinn, dá bhrí sin.

    Ní shainítear ná ní rialaítear ar bhealach ar bith eile i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 fad na tréimhse is gá sula ndéanfar dea-cháil a fháil ar ais, agus tá éagsúlachtaí móra idir fad na tréimhse sin sna Ballstáit.

    Déanann roinnt Ballstát Airteagal 3(2) de Rialachán Uimh. 1071/2009 a agairt chun coinníollacha breise a leagan síos maidir le gairm an tarlóra de bhóthar a rochtain.

    Níl na forálacha cabatáiste sonrach maidir le pointí áirithe agus tá éagsúlachtaí i gcleachtais na mBallstát dá bhrí sin. Tá cuid de na Ballstáit sásta glacadh le roinnt oibríochtaí luchtaithe agus/nó díluchtaithe san oibríocht chabatáiste chéanna, ach níl an chuid eile.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ceadaítear do na Ballstáit a bhforálacha a chur i bhfeidhm ar fheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tona (feithiclí éadroma tráchtála –LCVanna), agus bíonn ceanglais éagsúla ann do na feithiclí céanna sna Ballstáit éagsúla dá bhrí sin.

    Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara

    Na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a rinneadh agus an togra seo á ullmhú, chomhlíon siad na híoschaighdeáin le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2002 (COM(2002) 704 final).

    Bhí dhá chineál gníomhaíochta i gceist sa phróiseas comhairliúcháin – bailiú tuairimí agus bailiú sonraí. Baineadh leas as modhanna comhairliúcháin oscailte agus spriocdhírithe agus as uirlisí éagsúla comhairliúcháin lena linn.

    Maidir leis an gcomhairliúchán oscailte, reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar líne idir an 15 Meitheamh agus an 15 Meán Fómhair 2016. Ag seo na príomhchuspóirí a bhí leis: (i) faisnéis bhreise a bhailiú maidir leis na fadhbanna a sainaithníodh le linn na meastóireachta ex-post, agus faisnéis a bhailiú lena bhféadfaí na fadhbanna sin a chainníochtú, (ii) tuairim páirtithe leasmhara a lorg maidir le bearta beartais féideartha agus (iii) an tionchar a bhfuiltear ag súil leis ó na bearta beartais féideartha a mheas. Fuair an Coimisiún 175 fhreagra: 23 fhreagra ó ghnólachtaí meánmhéide agus móra (tarlóirí agus seoladóirí ag a bhfuil 50 fostaí nó níos mó); 18 bhfreagra ó ghnólachtaí beaga (tarlóirí agus seoladóirí ag a bhfuil 49 fostaí nó níos lú); 17 bhfreagra ó ionadaithe an tionscail lóistíochta; 33 fhreagra ó chomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe iompair de bhóthar; 48 bhfreagra ó chomhlachais oibreoirí iompair de bhóthar; 18 bhfreagra ó údaráis náisiúnta agus ó chomhlachais ábhartha; agus 18 bhfreagra ó fhreagróirí eile.

    Thairis sin, mar chuid den chomhairliúchán poiblí chuir páirtithe leasmhara éagsúla 22 pháipéar seasaimh isteach lena náirítear comhlachais tionscail, eagraíochtaí oibrithe, údaráis náisiúnta, eagraíochtaí forfheidhmiúcháin, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saineolaithe.

    Tá an páipéar comhairliúcháin, na freagraí a fuarthas agus achoimre ar na freagraí sin ar fáil ar leathanach gréasáin de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair dar teideal A road transport strategy for Europe [Straitéis um iompar de bhóthar don Eoraip] agus ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin dar teideal "Do ghuthsa san Eoraip" 11 .

    Chuimsigh an próiseas comhairliúcháin spriocdhírithe an méid seo a leanas:

    ·Dhírigh suirbhé ar phainéal a bhí ag plé le FBManna ar shaincheisteanna i dtaca le húsáid LCVanna in iompar de bhóthar agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag bearta beartais maidir le raon feidhme an chreata dhlíthiúil a fhairsingiú chun LCVanna a chuimsiú. Fuarthas 17 bhfreagra ar an iomlán, lena náirítear 7 soláthróir seirbhísí iompair lastais de bhóthar a úsáideann feithiclí ar leo féin iad nó feithiclí fruilithe ar fruiliú nó ar luaíocht, 7 ngnólacht a úsáideann feithiclí ar leo féin iad nó feithiclí fruilithe chun a nearraí féin a a iompar ("oibreoirí ar a gcuntas féin") agus 8 núsáideoir seirbhísí iompair lastais de bhóthar.

    ·Rinneadh suirbhé ar údaráis chun dearcadh na núdarás náisiúnta a fháil i dtaobh na mbeart beartais arna mbeartú anseo i dtéarmaí an tionchair a mheastar a bheidh acu ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú an chreata dhlíthiúil agus chun sonraí a fháil faoin gcostas a d'fhéadfadh a bheith ag na bearta sin do na húdaráis, nó chun meastacháin a fháil ar na costais sin. Fuarthas 18 bhfreagra ar an iomlán ó 16 Bhallstát 12 agus ceann amháin ó Euro-Contrôle-Route.

    ·Rinneadh suirbhé ar tharlóirí chun sonraí ábhartha a fháil ó oibreoirí iompair, i dtaobh costais agus tréithe oibríochtaí, a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh an mheasúnaithe tionchair (mar chuid den chás bunlíne) agus chun a ndearcadh a fháil mar aon le meastacháin uathu ar chostais nó coigiltis a d'fhéadfadh a bheith de thoradh ar na bearta beartais atá á meas. Thug 80 gnólacht san iomlán freagra ar an suirbhé ar tharlóirí.

    ·Agallaimh ar an nguthán le páirtithe leasmhara (31 agallamh ar ghnólachtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar na comhlachais agus údaráis náisiúnta ábhartha) chun léargas níos mionsonraithe a fháil ar thuairimí páirtithe leasmhara ar na bearta éagsúla atá á meas, chun sonraí nó meastacháin a fháil maidir le costais agus chun tuairimí a fháil faoi dheacrachtaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn i dtaca le gach ceann de na bearta.

    ·Eagraíodh roinnt seimineár, cruinnithe agus imeachtaí eile do na páirtithe leasmhara le linn chéim na meastóireachta ex-post agus an mheasúnaithe tionchair den tionscnamh seo, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus ghlac an Coimisiún páirt freisin i roinnt tionscnamh a d'eagraigh na comhpháirtithe sóisialta.

    Ba léir ón bhfaisnéis a bailíodh le linn an chomhairliúcháin gurb ann do na príomhfhadhbanna a sainaithníodh le linn chéim na meastóireachta, agus ba léir freisin tábhacht phríomhchuspóirí na hidirghabhála.

    Maidir leis na bearta beartais féideartha a sainaithníodh le linn an chomhairliúcháin, bhí tacaíocht láidir ann do bhearta a bhí dírithe ar an bhforfheidhmiú a neartú.

    Maidir le hathruithe ar na srianta cabatáiste, thacaigh roinnt grúpaí de pháirtithe leasmhara leis na hathruithe ach bhí leisce ar chuid eile acu glacadh leo. Go hiondúil, is fearr leis na Ballstáit ina níoctar tuarastail arda rialacha níos déine maidir le cabatáiste, rud lena dtacaíonn na ceardchumainn, ach is fearr leis na Ballstáit ina níoctar tuarastail ísle tuilleadh léirscaoilte i dtaca leis na rialacha cabatáiste, rud lena dtacaíonn formhór na gcomhlachas tarlóirí.

    Cuireadh fáilte roimh an moladh bearta a ghlacadh arb é is aidhm dóibh na critéir is bonn le ceanglas na bunaíochta cobhsaí a neartú. Ba é tuairim go leor de na páirtithe leasmhara gur gá a áirithiú nach mbeadh feidhm leis na rialacha i dtrácht ach maidir le cásanna gníomhaíochta iarbhír sa Bhallstát bunaíochta.

    Mheas tromlach na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo gur beart dearfach é LCVanna a chuimsiú i raon feidhme na Rialachán.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Ghlac conraitheoir seachtrach páirt sa mheastóireacht ex-post agus i staidéar a bhí ag gabháil leis an measúnú tionchair 13 , a cuireadh i gcrích araon in Aibreán 2017.

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an tionscnamh ar chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach in iúl ina thaobh fara agúis áirithe. . Mar atá mínithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an measúnú tionchair, tugadh aghaidh ar na hagúis sin trí mhíniú níos mionsonraithe a thabhairt ar mhéid na bhfadhbanna a sainaithníodh agus ar thréithe REFIT an tionscnaimh, rud a chuireann leis an réasúnaíocht is bonn le struchtúr na roghanna beartais agus a mhíníonn ar bhealach níos fearr na hidirghníomhaíochtaí idir an togra seo agus an tionscnamh maidir le reachtaíocht shóisialta de bhóthar.

    Rinneadh ceithre phacáiste beartais a mheas, rud a léiríonn leibhéal níos mó idirghabhála rialála agus a chiallaíonn go bhfuiltear ag súil le tionchar níos mó a bheith ann. Dhírigh an chéad phacáiste beartais ar an gcreat dlíthiúil a shoiléiriú. Dhírigh an dara pacáiste ar an bhforfheidhmiú a neartú. Dhírigh an tríú pacáiste ar athruithe substainteacha ar na rialacha, go háirithe na rialacha maidir le cabatáiste agus bunaíocht, le cois na mbeart arna gcumhdach faoin gcéad dá phacáiste beartais. Dhírigh an ceathrú pacáiste ar raon feidhme na Rialachán a fhairsingiú chun LCVanna a chuimsiú.

    Is é an rogha thosaíochta an tríú pacáiste beartais, ach leasuithe a dhéanamh ar na rialacha cabatáiste agus na forálacha bunaíochta, in éineacht le fairsingiú páirteach Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 chun LCVanna a chuimsiú ann.

    Ar an iomlán, is í an rogha sin an rogha is éifeachtúla agus meastar go nginfear leis thart ar EUR 2.7-2.5 billiún de choigiltis le haghaidh ghnólachtaí na 28 mBallstát idir 2020 agus 2035. Táthar ag súil, dá bharr sin, le laghdú suas le 62 % ar na sáruithe ar rialacha cabatáiste agus le laghdú thart ar 10 % ar bhunú cuideachtaí caocha agus beidh tionchar dearfach ag an méid sin ar dhálaí oibre. D'fhéadfadh proifisiúnú níos mó i measc oibreoirí LCVanna a bheith mar thoradh ar an méid sin freisin. Tiocfaidh den rogha thosaíochta, áfach, costais níos mó i dtaca le cur chun feidhme agus forfheidhmiú thart ar EUR 65-166 mhilliún le haghaidh údaráis inniúla na 28 mBallstát idir 2020 agus 2035. Tiocfaidh de chur i bhfeidhm páirteach Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 maidir le LCVanna costais bhreise comhlíonta a chur ar ghnólachtaí, mar atá méadú thart ar 4-10 % i gcostais oibríochta.

    Tá an togra ag teacht leis an rogha thosaíochta atá sa mheasúnú tionchair.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Díríonn an togra ar chuspóir de chuid REFIT, mar atá éifeachtúlacht a mhéadú agus na hualaí riaracháin agus rialála atá ar ghnólachtaí a laghdú. Déantar sin trína cheangal ar údaráis náisiúnta forfheidhmiúcháin glacadh le doiciméid leictreonacha iompair don iompar idirnáisiúnta agus trí rialacha níos soiléire agus níos comhchuibhithe a leagan síos maidir le rochtain ar an ngairm. Cé go bhfuiltear ag súil le méadú ar na costais forfheidhmiúcháin atá ar údaráis phoiblí, is lú an méadú sin go mór ná na coigiltis a bheidh ann do ghnólachtaí agus tá údar leis ar aon chaoi i ngeall ar an bhfeabhas a thiocfaidh ar na coinníollacha iomaíochta; beidh níos lú sáruithe ar rialacha cabatáiste, cuirfear níos lú cuideachtaí caocha ar bun agus beidh dálaí oibre níos fearr ann d'oibreoirí iompair.

    Cearta bunúsacha

    Urramaítear sa togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, a mhéid a dhéantar foráil ann maidir le sonraí breise a áireamh i gcláir leictreonacha náisiúnta na ngnóthas iompair de bhóthar agus a phróiseáil ag na húdaráis náisiúnta, comhlíonann sé Airteagal 8 den Chairt, ós rud é go bhfuil gá leis na sonraí sin chun cuspóir an fhorfheidhmithe níos fearr ar an leibhéal náisiúnta agus ar bhonn trasteorann a bhaint amach i dtaca le forálacha na Rialachán.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Ní bheidh aon impleachtaí ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Ba cheart cur leis an bhfaisnéis atá ann faoina forleithne atá LCVanna san iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fruiliú nó ar luaíocht. Dá bhrí sin, tá gá le dlúthfhaireachán agus bailiú sonraí chun treochtaí ábhartha an mhargaidh a leanúint i ndáil leis sin. Déanfar sin trí shonraí a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta agus trí thuarascálacha a fháil ó na Ballstáit. Ba cheart tús a chur leis an bhfaireachán sin díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Is iad seo a leanas príomheilimintí an togra:

    Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

    Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme

    Le hAirteagal 1(4)(a) mar atá faoi láthair, eisiatar ó raon feidhme an Rialacháin tarlóirí a oibríonn le LCVanna amháin, ach amháin má fhorálann na Ballstáit dá mhalairt (féach an abairt réamhráiteach). Chun íosleibhéal proifisiúnaithe tarlóirí in earnáil na LCVanna a áirithiú trí bhíthin comhrialacha a chur i bhfeidhm agus dálaí iomaíochta idir oibreoirí a chomhfhogasú ar an gcaoi sin, tá sé beartaithe an fhoráil seo a scriosadh agus rialacha áirithe a dhéanamh éigeantach don chatagóir oibreoirí sin freisin.

    Chuige sin, tá sé beartaithe mír 6 nua a chur isteach lena neiseofar tarlóirí a oibríonn le LCVanna amháin ó chuid de cheanglais an Rialacháin, ach ní ó na ceanglais ar fad. Níl sé beartaithe go mbeidh na ceanglais maidir le bainisteoir iompair, dea-cháil, inniúlacht ghairmiúil agus oibleagáidí a bhaineann leis na ceanglais sin éigeantach, ach bheadh an rogha ag na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm faoi mar atá á dhéanamh acu go nuige seo. Os a choinne sin, tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag na ceanglais maidir le bunaíocht éifeachtach agus chobhsaí agus seasamh iomchuí airgeadais i dtaca leis na tarlóirí sin i ngach Ballstát. Laghdófaí an scóip difríochtaí a bheith ann idir na Ballstáit ar an gcaoi sin.

    Airteagal 3 – Ceanglais maidir le gabháil do ghairm an oibreora iompair de bhóthar

    Tá sé beartaithe mír 2 a scriosadh, mír lena gceadaítear coinníollacha breise a fhorchur maidir le rochtain ar an ngairm, sa bhreis ar na ceithre chritéar a leagtar síos in Airteagal 3(1). I ngeall ar an bhféidearthacht sin, bhí éagsúlachtaí ann go dtí seo maidir leis na coinníollacha i dtaobh rochtain ar an ngairm. Dá bhrí sin, agus toisc nár léir go raibh géarghá leis an bhféidearthacht sin, ba cheart fáil réidh léi.

    Airteagal 5 – Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

    Tá sé beartaithe téarmaí Airteagal 5 a shoiléiriú chun a áirithiú go mbíonn fíorghníomhaíocht leanúnach ag na gnóthais arna mbunú i mBallstát sa Bhallstát sin. Go sonrach, beartaítear an méid seo a leanas: i bpointe (a), cuirtear isteach tagairt do chonarthaí tráchtála agus saothair agus, dá bhrí sin, ba ghá iad a choinneáil freisin in áitribh atá lonnaithe sa Bhallstát bunaíochta; roinntear pointe (c) i bpointe (c) agus pointe (d) chun gur féidir idirdhealú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí riaracháin agus tráchtála agus oibríochtaí feithiclí; cuirtear pointe (e) isteach chun ceangal a chur ar ghnóthais a sócmhainní a bheith acu sa Bhallstát bunaíochta agus chun foireann a fhostú ansin i gcomhréir le gníomhaíocht na bunaíochta.

    Airteagal 6 – Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas maidir le dea-cháil

    In Airteagal 6, beartaítear méid áirithe leasuithe chun measúnú na dea-cháile a shoiléiriú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh agus chun cur leis an liosta sáruithe a bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá mbarr. Go sonrach, beartaítear an méid seo a leanas:

    Leasaítear mír 1 chun teorainn a chur leis na catagóirí daoine ar cheart a niompar a chur san áireamh chun críocha dea-cháil gnóthais a mheas. Cuirtear pointe breise amháin, pointe (vii), le pointe (a) den tríú fomhír, chun go gcuirfear sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta cánach san áireamh sa mheasúnú ar dhea-cháil an bhainisteora iompair nó an ghnóthais iompair. Cuirtear dhá phointe breise, pointe (xi) agus pointe (xii), le pointe (b) den tríú fomhír, chun go gcuirfear sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le hoibrithe a phostú agus an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha san áireamh sa mheasúnú ar dhea-cháil an bhainisteora iompair nó an ghnóthais iompair. Leasaítear Airteagal 6(2) chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar an nós imeachta riaracháin is gá d'údarás inniúil Ballstáit bunaíochta gnóthais iompair nó bainisteora iompair a leanúint tar éis sárú tromchúiseach ar na rialacha náisiúnta nó ar rialacha an Aontais chun a chinneadh ar chaill an gnóthas iompair nó an bainisteoir iompair lena mbaineann a dhea-cháil. Cuirtear mír nua 2a in ionad phointe (b) d'Airteagal 6(2) agus sonraítear inti go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunaítear sáruithe ar rialacha an Aontais a bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá mbarr, sa bhreis ar na sáruithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Sa chomhthéacs sin, tá sé beartaithe a thabhairt de chumhacht don Choimisiún leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú, de réir a gcumais iomaíocht a shaobhadh (rud a bhaineann le rialacha cabatáiste go háirithe). De bharr an tionchair a bhíonn acu ar iomaíocht, ba cheart caitheamh le sáruithe a d'fhéadfadh an bonn a bhaint ó dhálaí oibre ar an gcaoi chéanna 14 .

    Airteagal 7 – Coinníollacha a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le seasamh airgeadais

    Tá sé beartaithe mír 1 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha nach bhfuil chomh dian céanna a bheith le comhlíonadh ag tarlóirí a oibríonn le LCVanna amháin. I mír 2, tá sé beartaithe na modhanna a shoiléiriú lenar féidir le gnóthais a seasamh airgeadais a chruthú in éagmais cuntais bhliantúla dheimhnithe, chun go mbeidh an lucht forfheidhmiúcháin in ann comhlíonadh an chritéir sin a mheas, go háirithe i gcás gnóthais nuabhunaithe nach bhfuil aon chuntais dheimhnithe acu go fóill.

    Airteagal 13 – Nós imeachta maidir le húdaruithe a fhionraí agus a tharraingt siar

    Déanann an leasú atá beartaithe ar Airteagal 13(1)(c) soiléiriú ar sheasamh na núdarás inniúil i gcás nach gcomhlíonann na gnóthais a thuilleadh an ceanglas maidir le seasamh airgeadais. Laistigh den teorainn ama a leagtar síos, táthar ag súil leis an ngnóthas a léiriú go bhfuil an ceanglas sin comhlíonta aige athuair (agus ní hamháin go ndéanfar é a chomhlíonadh amach anseo).

    Airteagal 14 – Dearbhú faoi mhí-oiriúnacht an bhainisteora iompair

    Tá sé beartaithe a shonrú nach féidir le húdarás inniúil bainisteoir iompair, atá tar éis a dhea-cháil a chailleadh, an dea-cháil sin a fháil ar ais tráth nach luaithe ná bliain amháin ón dáta a chaill sé a dhea-cháil (féach an fhomhír nua a cuireadh le mír 1). Is é is aidhm leis sin éagsúlachtaí cleachtas idir na Ballstáit i leith an phointe sin a sheachaint.

    Airteagal 16 – Cláir leictreonacha náisiúnta

    I mír 2, beartaítear eilimintí faisnéise a chur leis na cláir leictreonacha náisiúnta. Ba cheart go bhféadfaí na rialacha maidir leis an ngairm a rochtain a fhorfheidhmiú níos fearr dá bharr sin.

    Airteagal 18 – Comhar riaracháin idir Ballstáit

    Tá sé beartaithe téarmaí an chomhair idir na Ballstáit a shonrú a thuilleadh. Go háirithe, tá sé beartaithe uastréimhse a leagan síos do na Ballstáit chun freagraí a thabhairt ar iarrataí réasúnaithe ó na Ballstáit eile agus oibleagáid a chur ar na Ballstáit cigireachtaí a dhéanamh a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gcritéar maidir le bunaíocht ag gnóthais atá bunaithe ar a gcríoch, ar bhonn fianaise arna soláthar ag na Ballstáit eile.

    Airteagal 26 – Tuarascálacha

    Tá sé beartaithe a cheangal ar an Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na dtarlóirí ar a gcríoch a oibríonn le LCVanna (mír 3 nua). Déantar foráil i ndréachtmhír 4 nua maidir leis an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí roimh dheireadh 2024 maidir le hoibreoirí LCVanna a bheith páirteach in iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta de bhóthar agus, ar an mbonn sin, déanfar a mheas athuair an gá bearta breise a mholadh.

    Iarscríbhinn IV –Is iad seo a leanas na sáruithe is tromchúisí chun críocha Airteagal 6(2)(a)

    Leasaítear pointe (b) de mhír 1 chun go mbeidh sé ag teacht le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar 15 agus chun aon éiginnteacht dhlíthiúil maidir lena cur chun feidhme a sheachaint.

    Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009

    Airteagal 1 – Raon Feidhme

    Cuirtear fomhír nua le mír 1 chun a shoiléiriú go meastar gur iompar earraí ar fruiliú nó ar luaíocht é iompar coimeádán nó pailléad folamh más rud é go bhfuil an tiompar sin faoi réir conradh iompair idir coinsíní agus coinsíneoir.

    Airteagal 2 – Sainmhínithe

    Leasaítear pointe 6 chun a shoiléiriú gur féidir roinnt pointí luchtaithe, roinnt pointí seachadta nó roinnt pointí luchtaithe agus seachadta a bheith in oibríocht chabatáiste.

    Airteagal 8 – Cabatáiste – prionsabal ginearálta

    Beartaítear na leasuithe seo a leanas:

    I mír 2 baintear an tagairt don uasmhéid oibríochtaí cabatáiste is féidir a dhéanamh sa Bhallstát óstach tar éis iompar idirnáisiúnta a theacht isteach agus laghdaítear an tuaslíon laethanta chun an hoibríochtaí cabatáiste sin a dhéanamh. I gcomhréir le conclúidí an mheasúnaithe tionchair, is fusa na rialacha a fhorfheidhmiú a bhuí leis na leasuithe sin. I mír 3, cuirtear deireadh leis an gceanglas faisnéis a sholáthar ar gach oibríocht chabatáiste ós rud é go mbeadh sin iomarcach de bharr an leasaithe ar mhír 2. Sonraítear i ndréachtmhír nua 4a go ndéanfar fianaise ar chomhlíonadh na srianta cabatáiste a sholáthar le linn na seiceála cois bóthair agus gur féidir sin a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha, rud a dhéanfaidh na nósanna imeachta a shimpliú agus a chuirfidh deireadh leis an éiginnteacht dhlíthiúil maidir leis an uair is gá an fhianaise a chur i láthair.

    Airteagal 10 – An nós imeachta coimirce

    Tá sé beartaithe Airteagal 10(3) a leasú chun an tagairt don nós imeachta coiste ábhartha a thabhairt cothrom le dáta, tar éis Airteagal 15 a scriosadh, mar atá beartaithe.

    Airteagal 10a – Cabatáiste – córais seiceála

    Cuirtear Airteagal 10a isteach chun a cheangal ar na Ballstáit íoslíon seiceálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha cabatáiste (i.e. 2 % d'oibríochtaí cabatáiste ón 1 Eanáir 2020 agus 3 % ón 1 Eanáir 2022). Ceanglaíonn sé freisin ar na Ballstáit íoslíon dianseiceálacha cois bóthair a dhéanamh gach bliain (3 cinn) i dtaca le forálacha cabatáiste an Rialacháin.

    Airteagal 14a – Dliteanas

    Tá sé beartaithe a shonrú go mbeidh seoladóirí agus seoltóirí lasta faoi réir smachtbhannaí i gcás ina gcoimisiúnóidh siad go feasach seirbhís iompair a sháraíonn forálacha an Rialacháin.

    Airteagal 17 – Tuairisciú

    Tá sé beartaithe mír 1 agus mír 2 a leasú agus an dáta a shonrú faoina gceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt don Choimisiún maidir le líon na gceadúnas Comhphobail, na gcóipeanna dílse deimhnithe agus na bhfianuithe tiománaí a eisíodh sa bhliain féilire roimhe sin, i.e. faoin 31 Eanáir na bliana ina dhiaidh sin. Ceanglaíonn dréachtmhír nua 3 ar na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an líon seiceálacha cabatáiste a rinneadh an bhliain roimhe sin.

    2017/0123 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d'fhonn iad a oiriúnú d'fhorbairtí san earnáil

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 17 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Léiríodh le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 18 agus Rialachán (CE) Uimh 1072/2009 19 go raibh deis leis na rialacha dá dtagraítear sna rialacháin sin feabhas a dhéanamh maidir le roinnt pointí.

    (2)Go dtí seo, agus mura ndéantar foráil dóibh sa dlí náisiúnta, ní bhíonn feidhm ag na rialacha i dtaca le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar maidir le gnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar trí bhíthin mótarfheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna nó cónasc feithiclí nach dtéann thar an teorainn sin. Tá méadú tagtha ar líon na ngnóthas den chineál sin atá ag feidhmiú in oibríochtaí iompair náisiúnta agus in oibríochtaí iompair idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá cinneadh déanta ag roinnt Ballstát na rialacha i dtaca le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bóthar a chur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais sin, rialacha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009. Chun íosleibhéal gairmiúlachta a áirithiú in earnáil a úsáideann feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna i bhfoirm comhrialacha, agus dá bhrí sin chun coinníollacha iomaíochta idir na hoibreoirí ar fad a mheas, ba cheart an fhoráil seo a bhaint, agus ag an am céanna ba cheart na ceanglais maidir le bunaíocht éifeachtach chobhsaí agus seasamh airgeadais cuí a dhéanamh éigeantach.

    (3)Faoi láthair, tá na Ballstáit i dteideal ceanglais eile seachas na ceanglais a luaitear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 a chur ar rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Níor léiríodh go raibh géarghá leis an bhféidearthacht seo agus bhí éagsúlachtaí ann go dtí seo maidir le rochtain den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart é a scriosadh.

    (4)Tá sé riachtanach a áirithiú go bhfuil fíorláithreacht leanúnach ag oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe i mBallstát sa Bhallstát sin agus go ndéanann siad a gcuid gnó ón áit sin. Mar sin de, agus i bhfianaise na taithí, is gá na forálacha maidir le bunaíocht éifeachtach chobhsaí a shoiléiriú.

    (5)Sa mhéid go mbraitheann rochtain ar an ngairm ar dea-cháil an ghnóthais lena mbaineann, is gá soléirithe a dhéanamh maidir leis na daoine ar chóir a gcuid iompair a chur san áireamh, maidir leis na nósanna imeachta riaracháin ar gá iad a leanúint agus na tréimhsí feithimh maidir le hathshlánú i gcás ina gcailleann bainisteoir iompair a dhea-cháil.

    (6)I bhfianaise an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar na coinníollacha maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh tarlaithe de bhóthar, ní foláir sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta cánach a chur leis na gnéithe atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil.

    (7)I bhfianaise an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar an margadh tarlaithe de bhóthar, chomh maith le cosaint shóisialta oibreoirí, ní foláir sáruithe tromchúiseacha ar dhlí an Aontais maidir le postú oibrithe agus ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a chur leis na gnéithe atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil.

    (8)Mar gheall ar thábhacht na hiomaíochta córa ar an margadh, ba cheart sáruithe ar dhlí an Aontais atá ábhartha don cheist seo a chur san áireamh i measúnú ar dhea-cháil bhainisteoirí iompair agus ghnóthais iompair. Ba cheart cumhachtú an Choimisiúin leibhéal tromchúise sáruithe ábhartha a shoiléiriú dá réir.

    (9)Bhí deacrachtaí ag údaráis inniúla náisiúnta maidir le sainaithint na ndoiciméad a bhféadfaidh gnóthais iompair a chur isteach chun a seasamh airgeadais a chruthú, go háirithe in éagmais cuntais dheimhnithe bhliantúla. Ba cheart soléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an bhfianaise a theastaíonn chun seasamh airgeadais a chruthú.

    (10)Gnóthais atá ag feidhmiú mar oibreoir tarlaithe de bhóthar trí bhíthin mótarfheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna nó cónasc feithiclí nach dtéann thar an teorainn sin, ba cheart íosleibhéal seasaimh airgeadais a bheith ag na gnóthais sin, chun a áirithiú go bhfuil na modhanna acu oibríochtaí a chur i gcrích ar bhonn cobhsaí agus fad-téarmach. Ós rud é, áfach, go mbíonn teorainn ar mhéid na noibríochtaí de ghnáth, níor cheart go mbeadh na ceanglais chomhfhreagracha chomh crua céanna leis na ceanglais is infheidhme ar oibreoirí a núsáideann feithiclí nó cónaisc fheithiclí thar an teorainn sin.

    (11)Ba cheart an fhaisnéis faoi oibreoirí iompair atá sna cláir leictreonacha náisiúnta a bheith chomh hiomlán agus is féidir d'fhonn léargas leordhóthanach a bheith ag na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar fhorfheidhmiú na rialacha ábhartha maidir leis na hoibreoirí atá faoi imscrúdú. Go háirithe, le faisnéis maidir le cláruimhir na bhfeithiclí atá ag na hoibreoirí, méid na ndaoine atá á bhfostú acu, grádú riosca na noibreoirí agus an bhunfhaisnéis airgeadais ina leith, ba cheart go mbeadh forfheidhmiú náisiúnta agus trasteorainn níos fearr d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009. Ba cheart na rialacha ar an gclár leictreonach náisiúnta a leasú dá réir.

    (12)An sainmhíniú maidir leis an sárú is tromchúisí a bhaineann le dul thar an teorainn tiomána laethúil, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, ní théann sé leis an bhforáil ábhartha atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 . Leis an neamhréireacht cruthaítear éiginnteacht agus cleachtais éagsúla i measc údaráis náisiúnta agus cruthaítear deacrachtaí maidir le forfheidhmiú na rialacha atá i gceist. Ba cheart an sainmhíniú a shoiléiriú dá bharr sin chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an dá Rialachán.

    (13)Ba cheart go mbeadh na rialacha maidir le hiompar náisiúnta a dhéantar ar bhonn sealadach i mBallstát óstach ('cabatáiste'), ba cheart go mbeidís soiléir, simplí agus éasca a fhorfheidhmiú, agus ag an am céanna ba cheart go mbeadh an leibhéal léirscaoilte iontu a bheag nó a mhór mar an gcéanna.

    (14)Chuige sin, agus d'fhonn seiceálacha a éascú agus chun éiginnteacht a sheachaint, ba cheart an teorainn ar uimhir na noibríochtaí cabatáiste i ndiaidh iompar idirnáisiúnta a scriosadh, agus ba cheart an líon laethanta atá ar fáil le haghaidh oibríochtaí den sórt sin a laghdú.

    (15)Ba cheart na modhanna lenar féidir le hoibreoirí iompair de bhóthar a chruthú go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hoibríochtaí cabatáiste a shoiléiriú. Ba cheart úsáid agus tarchur fhaisnéis leictreonach maidir le hiompair a aithint mar mhodh den sórt sin, agus ba cheart go mbeadh sé níos simplí do na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha agus a láimhseáil a chur ar fáil dá réir. Ba cheart go ndéanfaí an fhormáidiú a úsáidfear chun na crích sin iontaofacht agus barántúlacht a áirithiú. Agus breithniú á dhéanamh ar mhalartú éifeachtach leictreonach faisnéise a bheith ag tarlú níos minice i gcúrsaí iompair agus lóistíochta, tá sé tábhachtach comhleanúnachas a áirithiú sna creata rialála agus sna forálacha lena dtugtar aghaidh ar shimpliú na nósanna imeachta rialacháin.

    (16)Is iad gnóthais iompair seolaithe na rialacha ar iompar idirnáisiúnta agus mar sin, tá siad faoi réir iarmhairtí aon sáruithe a dhéanann siad. D'fhonn mí-úsáid a sheachaint ó ghnóthais atá ag coimisiúnú seirbhísí iompair ó oibreoirí tarlaithe de bhóthar, ba cheart do Bhallstáit foráil a dhéanamh do smachtbhannaí ar sheoladóirí agus ar sheoltóirí lasta i gcás ina ndéanann siad seirbhísí iompair a choimisiúnú go feasach a bhfuil sáruithe ar fhorálacha Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009.

    (17)Sa mhéid go dtugann an Rialachán seo isteach leibhéal comhchuibhiúcháin i gcásanna áirithe nach raibh comhchuibhithe go fóill le dlí an Aontais, go háirithe maidir le hiompar le feithiclí tráchtála éadroma agus cleachtais forfheidhmiúcháin, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin, eadhon coinníollacha iomaíochta a mheas agus forfheidhmiú a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach ach mar gheall ar nádúr na gcuspóirí arna saothrú in éineacht le cineál trasteorann an iompair de bhóthar, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú.

    (18)Chun forbairtí ar an margadh agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha, sáruithe, mar aon leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, lena bhféadfaí dea-cháil a chailleadh, agus chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 21 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (19)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 mar a leanas:

    (1)Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 4 mar a leanas:

    (i) scriostar pointe (a);

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    '(b) gnóthais a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí iompair do phaisinéirí de bhóthar chun críocha neamhthráchtála go heisiach, nó a bhfuil príomhghairm acu seachas gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar.

    Aon iompar de bhóthar nach bhfaightear aisíocaíocht ina leith agus nach ndéanann aon ioncam a ghiniúint, mar shampla iompar daoine chun críocha carthanais nó chun críocha príobháideacha, déileáilfear leis an iompar sin mar iompar chun críocha neamhthráchtála go heisiach;';

    (b)cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:

    '6. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3(1)(b) ná (d) ná ag Airteagail 4, 6, 8, 9, 14, 19 ná 21 maidir le gnóthais a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar trí bhíthin mótarfheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna nó cónasc feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna.

    Féadfaidh na Ballstáit, áfach:

    (a)ceangal a chur ar na gnóthais sin roinnt de na forálacha nó na forálacha go léir dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm;

    (b)an teorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ísliú do gach catagóir oibríochtaí iompair de bhóthar nó do chuid díobh.';

    (2)in Airteagal 3, scriostar mír 2;

    (3)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    '(a) beidh áitreabh ag an ngnóthas ina gcoimeádfaidh sé a phríomhdhoiciméid ghnó, go háirithe a chonarthaí tráchtála, a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a chonarthaí fostaíochta, a dhoiciméid uile ina bhfuil sonraí maidir le ham tiomána agus tréimhsí sosa agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air d’fhonn comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a fhíorú;';

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    '(c) déanfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí riaracháin agus tráchtála ar mhodh éifeachtach, leanúnach agus leis an trealamh riaracháin agus leis na saoráidí is gá, ag lárionad oibríochta a bheidh suite sa Bhallstát sin;';

    (c)cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

    '(d) déanfaidh an gnóthas bainistíocht ar na hoibríochtaí iompair a dhéantar leis na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (b) leis an trealamh teicniúil is gá sa Bhallstát sin;';

    (d)cuirtear an pointe (e) seo a leanas isteach:

    '(e) beidh seilbh ag an ngnóthas ar shócmhainní agus fostóidh sé foireann i gcóimheas le gníomhaíocht na bunaíochta.';

    (4)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    'Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin maidir le dea-cháil comhlíonta ag gnóthas, cuirfidh na Ballstáit iompraíocht an ghnóthais, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin, a chomhpháirtithe ginearálta i gcás comhpháirtíochtaí ginearálta, a ionadaithe dlí eile agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, do phionóis nó do sháruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an ghnóthais féin, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin, a chomhpháirtithe ginearálta i gcás comhpháirtíochtaí ginearálta, a ionadaithe dlí eile agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh.';

    (ii) i bpointe (a) den tríú fomhír cuirtear an pointe (vii) seo a leanas isteach:

    '(vii) an dlí cánach.';

    (iii) i bpointe (b) den tríú fomhír cuirtear an pointe (xi) agus an pointe (xii) seo a leanas isteach:

    '(xi) oibrithe a phostú;

    (xii) an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha.';

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    '2. Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, i gcás ina ndéanfar an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair a chiontú i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás ina dtabhóidh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair pionós i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhunaíochta nós imeachta riaracháin a chur i gcrích ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil agus a chríochnófar mar is cóir, lena náireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an ghnóthais lena mbaineann.

    Le linn an nós imeachta riaracháin, tabharfar an ceart do bhainisteoir iompair an ghnóthais iompair nó d'ionadaithe dlí eile an ghnóthais iompair, de réir an cháis, chun a gcuid argóintí agus mínithe a chur i láthair.

    Le linn an nós imeachta riaracháin, déanfaidh an túdarás inniúil a mheas an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an túdarás inniúil san áireamh an líon sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta agus ar rialacha an Aontais dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, mar aon le líon na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, ar rinneadh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair a chiontú ina gcion nó ar gearradh pionóis orthu ina leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.

    I gcás ina shuíonn an túdarás inniúil go mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, cinnfidh sé go bhfuil dea-cháil ar an ngnóthas lena mbaineann i gcónaí. Déanfar na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thaifead sa chlár náisiúnta. Sonrófar líon na gcinntí sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 26(1).

    Má mheasann an túdarás inniúil nach mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis;';

    (c)cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:

    '2a. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 lena mbunaítear liosta de chatagóirí, de chineálacha agus de leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Aontais, dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, sáruithe, mar aon leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena bhféadfaí dea-cháil a chailleadh. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh faisnéis faoi na sáruithe sin, lena nairítear faisnéis a gheofar ó Bhallstáit eile, nuair a bheidh siad ag socrú na dtosaíochtaí le haghaidh seiceálacha de bhun Airteagal 12(1).

    Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

    (a)na catagóirí agus na cineálacha sáruithe is minice a gcastar orthu a leagan síos;

    (b)leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú de réir a gcumais chun baol báis nó baol maidir le gortú tromchúiseach a chruthú agus a gcumais chun iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh iompair de bhóthair, lena náirítear tríd an mbonn a bhaint ó dhálaí oibre oibrithe iompair;

       (c)    an mhinicíocht a sholáthar lena bhféachfar ar shraith sáruithe a théann thar an minicíocht sin mar sháruithe níos tromchúisí, ag cur san áireamh an líon tiománaithe a úsáidfear le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair a bhainisteoidh bainisteoir iompair.';

    (5)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    D’fhonn an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1)(c) a chomhlíonadh, beidh gnóthas in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh ar bhonn buan i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Taispeánfaidh an gnóthas, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal cothromais aige arb é EUR 9 000, ar a laghad, a móriomlán nuair nach núsáidtear ach aon fheithicil amháin agus EUR 5 000 gach bliain do gach feithicil bhreise arna úsáid. Taispeánfaidh gnóthais a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthair trí bhíthin mótarfheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna nó cónasc feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal cothromais aige arb é EUR 1 800, ar a laghad, a móriomlán nuair nach núsáidtear ach aon fheithicil amháin agus EUR 900 gach bliain do gach feithicil bhreise arna húsáid.';

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    '2. De mhaolú ar mhír 1, in éagmais cuntas bliantúil deimhnithe aontóidh an túdarás inniúil go léiríonn gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe amhail ráthaíocht bhainc, doiciméad arna éisiúint ó institiúid airgeadais lena mbunaítear rochtain ar chreidmheas in ainm an ghnóthais, nó trí dhoiciméad atá ceangailteach lena gcruthaítear go bhfuil na méideanna a shonraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 aige.';

    (6)In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    '9. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 lena leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III d’fhonn iad a oiriúnú d'fhorbairtí margaidh agus don dul chun teicniúil.';

    (7)in Airteagal 11(4), scriostar an tríú fomhír;

    (8)in Airteagal 12(2), scriostar an dara fomhír;

    (9)in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    '(c) teorainn ama nach faide ná sé mhí i gcás nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais, d’fhonn a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan.';

    (10)In Airteagal 14(1), cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

    'Ní athshlánóidh an túdarás inniúil an bainisteoir iompair níos lú ná bliain amháin ón dáta a chailltear an dea-cháil.';

    (11)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i) cuirtear na pointí (g), (h) (i) agus (j) seo a leanas isteach:

    '(g) uimhir chlárúcháin na bhfeithiclí atá ar fáil don ghnóthas de bhun Airteagal 5(b);

    (h) líon na bhfostaithe;

    (i) sócmhainní, dliteanais, cothromas agus láimhdeachas iomlán le linn an dá bhliain dheireanacha;

    (j) grádú riosca an ghnóthais de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE.';

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír, an tríú mír agus an ceathrú mír:

    'Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) go pointe (j) den chéad fhomhír a choimeád i gcláir ar leithligh. Sa chás sin, cuirfear ar fáil na sonraí ábhartha arna niarraidh sin nó beidh siad inrochtana go díreach ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist. Cuirfear an fhaisnéis a iarrfar ar fáil laistigh de cúig lá oibre ón iarraidh a fháil. Beidh rochtain phoiblí ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

    Ar aon chuma, ní bheidh rochtain ag údaráis seachas na húdaráis inniúla ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) go pointe (j) den chéad fhomhír ach i gcás ina mbeidh cumhachtaí bronnta go cuí orthu a bhaineann le maoirseacht agus le forchur pionós in earnáil an iompair de bhóthar agus má tá a gcuid feidhmeannach faoi mhionn rúndachta nó faoi oibleagáid fhoirmiúil rúndachta.';

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    '4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na sonraí go léir sa chlár leictreonach náisiúnta cothrom le dáta agus cruinn.';

    (c)scriostar mír 7;

    (12)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

    'Airteagal 18

    Comhar riaracháin idir Ballstáit

    1. Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na Ballstáit eile maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí a bpointí teagmhála náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála go léir a thiomsú agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig na Ballstáit. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe maidir leis na pointí teagmhála in iúl don Choimisiún láithreach.

    2. Ballstát a gheobhaidh fógra faoi shárú tromchúiseach ar tháinig ciontú nó pionós i mBallstát eile dá thoradh le linn an dá bhliain dheireanacha, déanfaidh sé an sárú sin a thaifeadadh ina chlár leictreonach náisiúnta.

    3. Freagróidh na Ballstáit na hiarrataí ar fhaisnéis ó údaráis inniúla uile Bhallstáit eile agus nuair is gá, déanfaidh siad seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a bhaineann le leibhéal comhlíontachta an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 3(1)(a) ó oibreoirí iompair de bhóthar atá bhunaithe ina gcríoch. Aon iarrataí ar fhaisnéis a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát, beidh siad réasúnaithe. Chuige sin, áireofar le hiarrataí léirithe inchreidte ar sháruithe a d'fhéadfadh a bheith ann ar Airteagal 3(1)(a).

    4. I gcás ina measfaidh an Ballstát iarrtha nach bhfuil an iarraidh réasúnaithe go leor, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas dá réir laistigh de dheich lá oibre. Cuirfidh an Ballstát iarrthach go mór leis an iarraidh. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, féadfaidh an Ballstát an iarraidh a dhiúltú.

    5. I gcás ina bhfuil sé deacair nó dodhéanta glacadh le hiarraidh ar fhaisnéis nó le seiceálacha, cigireachtaí nó imscrúduithe a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát atá i gceist an Ballstát iarrthach ar an eolas laistigh de dheich lá oibre, le cúiseanna. Beidh plé ag na Ballstáit lena mbaineann d'fhonn réiteach a fháil maidir le haon deacracht a thagann chun cinn.

    6. Mar fhreagairt ar iarrataí faoi mhír 3, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a iarrtar ar fáil agus déanfaidh siad na seiceálacha, na cigearachtaí agus na himscrúduithe laistigh de cúig lá is fiche ón uair a gheobhaidh siad an iarraidh, ach amháin i gcás inar chuir siad an Ballstát iarrthach ar an eolas nach bhfuil réasúnú cuí leis an iarraidh nó faoin dodhéantacht nó faoi na deacrachtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5.

    7. Áiritheoidh na Ballstáit nach núsáidtear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil dóibh i gcomhréir leis an Airteagal seo ach maidir leis an ábhar/na hábhair ar iarraidh í ina leith.

    8. Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.

    9. Ní chuirfidh iarraidh ar fhaisnéis bac ar na húdaráis inniúla beartais a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais d'fhonn sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo a imscrúdú agus a chosc.';

    (13)Scriostar Airteagal 24;

    (14)cuirtear isteach an tAirteagal 24 a seo a leanas:

    'Airteagal 24a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus Airteagal 8(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

    3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus Airteagal 8(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.*

    5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi Airteagal 6(2) agus Airteagal 8(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    ___________________

    *IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.';

    (15)in Airteagal 25, scriostar mír 3;

    (16)in Airteagal 26, cuirtear na míreanna 3, 4 agus 5 seo a leanas isteach:

    '3. Gach bliain, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil a tharraingt suas maidir le húsáid mótarfheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna nó cónaisc fheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna ar a gcríoch agus cuirfidh siad an tuarascáil chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh an bhliain i ndiaidh dheireadh na tréimhse tuarascála. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin:

    (a) uimhir na núdaruithe a tugadh d'oibreoirí atá ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar trí bhíthin mótarfheithiclí nach nó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna nó cónaisc fheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna;

    (b) líon na bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna atá cláraithe sa Bhallstát i ngach bliain féilire;

    (c) líon iomlán na bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna atá cláraithe sa Bhallstát faoin 31 Nollaig gach bliain;

    (d) sciar measta na mótarfheithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3.5 tonna nó cónaisc fheithiclí nach mó a mais ualaithe ná 3.5 tonna i ngníomhaíocht iomlán iompair de bhóthar na bhfeithiclí go léir atá cláraithe sa Bhallstát, miondealaithe de réir oibríochtaí (náisiúnta, idirnáisiúnta agus cabatáiste).

    4. Ar bhonn na faisnéise arna bailiú ag an gCoimisiún faoi mhír 3 agus fianaise bhreise, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le heabhlóid líon na bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ná 3.5 tonna nó cónaisc fheithiclí nach mó a mais ualaithe ná 3.5 tonna atá ag gabháil d'oibríochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta iompair de bhóthar. Ar bhonn na tuarascála seo, déanfaidh sé measúnú arís an gá bearta forlíontacha a mholadh.

    5. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis na hiarrataí atá déanta acu faoi Airteagal 18(3) agus (4), na freagraí a fuair siad ó Bhallstáit eile agus na bearta atá déanta acu ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh.';

    (17)in Iarscríbhinn IV, i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    '(b) dul 50 % nó níos mó thar an uasteorainn tiomána laethúil le linn tréimhse laethúla oibre.';

    Airteagal 2

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 mar a leanas:

    (1)i mír 1 d'Airteagal 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    'Measfar gur iompar earraí ar fruiliú nó ar luaíocht atá i gceist le hiompar coimeádán nó pailléad folamh nuair atá sé faoi réir conradh iompair.';

    (2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

    '6. ciallaíonn 'oibríocht chabatáiste' iompar náisiúnta ar fruiliú nó ar luaíocht a dhéantar ar bhonn sealadach i mBallstát óstach, lena náirítear an tiompar ó phiocadh suas na nearraí ag pointe lódála amháin nó níos mó go seachadadh na nearraí ag pointe seachadta amháin nó níos mó, mar a shonraítear sa nóta coinsíneachta;';

    (3)Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    'Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun an Rialachán seo a leasú d'fhonn uastréimhse bailíochta an cheadúnais Chomhphobail a oiriúnú d'fhorbairtí margaidh.';

    (b)i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    'Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leasú d’fhonn iad a oiriúnú don dul chun teicniúil.';

    (4)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    '4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun Iarscríbhinn III a leasú d’fhonn í a oiriúnú don dul chun teicniúil.';

    (5)Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    '2. A luaithe a mbeidh earraí a iompraíodh le linn an iompair idirnáisiúnta ó Bhallstát eile nó ó tríú tír seachadta ar Bhallstát óstach, ceadófar ceadaithe do tharlóirí dá dtagraítear i mír 1 oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát óstach nó i mBallstáit thadhlacha leis an bhfeithicil céanna, nó más de chónasc cúpláilte í an fheithicil, an chuid is mótarfheithicil í den fheithicil chéanna. Laistigh de 5 lá ón ndíluchtú deireanach sa Bhallstát óstach le linn an iompair idirnáisiúnta isteach a tharlóidh an díluchtú deireanach le linn oibríocht chabatáiste.';

    (b)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    'Ní mheastar seirbhísí tarlaithe de bhóthar náisiúnta arna ndéanamh sa Bhallstát óstach ag tarlóir neamhchónaitheach a bheith ag cloí leis an Rialachán seo ach amháin má tá an tarlóir in ann fianaise shoiléir a thabhairt faoin iompar idirnáisiúnta a rinneadh roimhe.';

    (c)cuirtear an mhír 4a seo a leanas isteach:

    '4a. Déanfar fianaise dá dtagraítear i mír 3 a chuir faoi bhráid oifigeach údaraithe cigireachta an Bhallstáit óstaigh nó a tharchur chuige arna iarraidh sin agus laistigh den tréimhse seiceála cois bóthair. Féadfaidh í a chuir faoina bhráid nó a tharchur chuige go leictreonach i bhformáid struchtúrtha is féidir a athbhreithniú agus is féidir a úsáid go díreach le haghaidh stórála agus próiséala ar ríomhairí, amhail an bille iompair trucaile leictreonach.* Le linn na seiceála cois bóthair, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair nó le haon duine nó eintiteas eile a bhféadfaidh an fhianaise dá dtagraítear i mír 3 a fhoráil.

    _________________

    * Nóta coinsíneachta leictreonach faoin 'gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar'.';

    (6)in Airteagal 10(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    Scrúdóidh an Coimisiún an staid, ar bhonn na sonraí ábhartha go háirithe agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,** cinnfidh sé laistigh de mhí ón iarratas a fháil ón mBallstát an gá nó nach gá bearta coimirce agus, más gá, glacfaidh sé iad.

    ________________

    ** Rialachán (CE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).';

    (7)cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:

    'Airteagal 10a

    Seiceálacha

    1. Eagróidh gach Ballstát seiceálacha sa dóigh go ndéanfar seiceáil i ngach bliain féilire ón 1 Eanáir 2020 ar 2 % ar a laghad de na hoibríochtaí cabatáiste uile a dhéanfar ar a gcríoch. Méadóigh siad an céatadán go 3 % ar a laghad ón 1 Eanáir 2022. Is é a bheidh mar bhonn i ríomh an chéatadáin sin gníomhaíocht chabatáiste iomlán sa Bhallstát i dtéarmaí tonnaí-cileaméadair sa bhliain t2, mar a thuairisceoidh Eurostat.

    2. Díreoidh na Ballstáit ar na gnóthais a aicmítear a bhfeicfear baol breise a bheith ag baint leo maidir le sárú a dhéanamh ar fhorálacha na Caibidle seo a bhaineann leo. Chun na críche sin, laistigh den chóras aicmithe rioscaí arna bhunú acu faoi Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*** agus arna leathnú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,**** déanfaidh na Ballstáit riosca sáruithe den sórt sin a láimhseáil mar riosca ina cheart féin.

    3. Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair ar oibríochtaí cabatáiste trí huaire sa bhliain ar a laghad. Déanfar na seiceálacha ag an am céanna ag na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar rialacha i réimse iompar de bhóthar a fhorfheidhmiú i dhá Bhallstát nó níos mó, iad ar fad ag feidhmiú ar a gcríoch féin. Na pointí teagmhála náisiúnta arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**** déanfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le líon agus cineál na sáruithe arna mbrath i ndiaidh na seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair.

    ______________________

    *** Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

    **** Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena naisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).';

    (8)cuirtear isteach Airteagal 14a agus Airteagal 14b seo a leanas:

    'Airteagal 14a

    Dliteanas

    Déanfaidh na Ballstáit foráil do smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gcás nach gcomhlíonann siad Caibidil II agus Caibidil III, i gcás ina gcoimisiúnann siad go feasach seirbhísí iompair a bhaineann sáruithe ar an Rialachán seo.

    Airteagal 14b

    An tarmligean a fheidhmiú

    1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2),agus (4) agus Airteagal 5(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

    3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (4) agus in Airteagal 5(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.*****

    5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi Airteagal 4(2), Airteagal 4(4) agus Airteagal 5(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    ___________________

    ***** IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.';

    (9)Scriostar Airteagal 15;

    (10)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

    'Airteagal 17

    Tuairisciú

    1. Faoi cheann 31 Eanáir gach bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na dtarlóirí a raibh ceadúnais Chomhphobail ina seilbh acu an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus líon na bhfíorchóipeanna deimhnithe a fhreagraíonn do na feithiclí a bhí i gcúrsaíocht an dáta sin.

    2. Faoi cheann 31 Eanáir gach bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na bhfianuithe tiománaithe arna neisiúint chuig tiománaithe sa bhliain féilire roimhe sin maille le líon na bhfianuithe tiománaithe sin an 31 Nollaig an bhliain féilire roimhe sin.

    3. Faoi cheann 31 Eanáir gach bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na seiceálacha cabatáiste a rinneadh sa bliain féilire roimhe sin de bhun Airteagal 10a. Beidh líon na bhfeithiclí a ndearnadh seiceálacha orthu agus líon na dtonna-ciliméádar a ndearnadh seiceálacha orthu san fhaisnéis seo.';

    Airteagal 3

    Athbhreithniú

    1.    Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo, ar thionchar Airteagal 2 go háirithe, faoi [3 bliana i ndiaidh dháta thrasuí na Treorach seo] agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún.

    2.    Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear in mír 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Treoir seo agus na torthaí meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    3.    I gcás inarb iomchuí, beidh tograí ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón [xx].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1) IO L 300, 14.11.2009, lch. 51.
    (2) IO L 300, 14.11.2009, lch. 72.
    (3) D'fhoilsigh an Coimisiún Doiciméad Inmheánach Oibre ina raibh torthaí na meastóireachta sin: https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/swd20160350.pdf
    (4) Tionscnamh Uimh. 10 in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Clár Oibre an Choimisiúin 2017.
    (5) IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.
    (6) IO L 80, 23.3.2002, lch. 35.
    (7) IO L 102, 11.4.2006, lch. 35.
    (8) IO L 60, 28.2.2014, lch. 1.
    (9) Féach fonóta 3.
    (10) http://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/facts-fundings/evaluations/doc/2015-12-ex-post-evaluation-regulations-2009r1071-and-2009r1072.pdf .
    (11) Féach http://ec.europa.eu/transport/node/4817 .
    (12) BE, BG, CY, DE, EE, EL, FI, HR, HU, LU, LV, NL, PL, RO, SE, UK.
    (13) Féach fonóta 10.
    (14) Bheadh deis ag an gCoimisiún go fóill leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú de réir a gcumais baol báis nó baol maidir le gortú tromchúiseach a chruthú.
    (15) Féach fonóta uimh. 5.
    (16) IO C , , lch. .
    (17) IO C , , lch. .
    (18) Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena naisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.09, lch. 51).
    (19) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).
    (20) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
    (21) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
    Top