Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016SC0371

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

SWD/2016/0371 final - 2016/0351 (COD)

An Bhruiséil,9.11.2016

SWD(2016) 371 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

{COM(2016) 721 final}
{SWD(2016) 370 final}
{SWD(2016) 372 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar athrú is féidir a dhéanamh ar an modh lena ríomhtar dumpáil i dtaca le Daon-Phoblacht na Síne (agus tíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu).

A. An gá atá le beart

Cén fáth? Cad é an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?

Ceadaíodh, de bhun Roinn 15 den Phrótacal Aontachais leis an EDT a shínigh an tSín, modheolaíocht shonrach a úsáid agus an dumpáil á ríomh. I ngeall ar an saobhadh forleathan atá ar gheilleagar na Síne, meastar praghsanna agus costais na Síneach a bheith neamhiontaofa; ríomhtar, dá bhrí sin, an corrlach dumpála – agus imscrúduithe cosanta trádála á ndéanamh ag an Aontas Eorpach – ar bhonn praghsanna agus gcostais de chuid tríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici (‘tír analógach’, mar a deirtear). De bhrí go ndeachaigh roinnt d’fhorálacha na roinne sin in éag an 15 Nollaig 2016, tharlódh go gcaithfí an mhodheolaíocht seo a athrú. Ó tharla an saobhadh seo fós ar gheilleagar na Síne, ba ionann agus tuairisc easnamhach, i gcásanna go leor, ar leibhéal iarbhír na dumpála úsáid a bhaint as praghsanna agus costais na Síneach chun an dumpáil a ríomh; ní réiteach éifeachtach ar an díobháil a dhéanfaí de bharr na n-allmhairí dumpáilte a bheadh in aon bheart a chuirfí i bhfeidhm de bhun na tuairisce easnamhaí sin. Drochthionchar amach is amach a bheadh aige sin ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais Eorpaigh (ó tharla gur leis an tSín a bhaineann thart ar 50% de na bearta cosanta trádála atá i bhfeidhm faoi láthair). De réir staidéar neamhspleách amháin, d’fhéadfadh laghdú suas le 30 pointe céatadáin teacht ar na leibhéil dleachta agus d’fhéadfaí thart ar 200.000 post de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i mbaol.

Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?

Is iad príomhchuspóirí an tionscnaimh an tsaorthrádáil chóir a chur chun cinn, iomaíochas an Aontais Eorpaigh a mhéadú, agus an fhostaíocht atá san Aontas a chruthú agus a chaomhnú. Dá réir sin, i dteannta déileáil go leordhóthanach le dul in éag na bhforálacha sin i Roinn 15 den Phrótacal Aontachais leis an EDT a shínigh an tSín, ní mór éifeachtacht leanúnach ionstraimí cosanta trádála an Aontais Eorpaigh a áirithiú freisin. Chuige sin, is inmhianaithe freagairt éifeachtúil a thabhairt ar an saobhadh leanúnach atá ar gheilleagar na Síne agus a áirithiú go réitítear go leordhóthanach an díobháil a eascraíonn as allmhairí a thrádáiltear go héagóir (allmhairí a dumpáladh / ar tugadh fóirdheontas ina leith). San am céanna, is ceart dlúthcheangal a choinneáil leis an tSín, agus sin a bheith bunaithe ar leas an dá pháirtí.

Cad é an breisluach atá le beart ar leibhéal an Aontais? 

De réir Airteagal 5(3) CAE, ní bhíonn feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sna réimsí sin ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas Eorpach. De réir Airteagal 3.1(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh an comhbheartas tráchtála. Leagtar amach in Airteagal 207 CFAE gur ar phrionsabail uilíocha an chomhbheartais tráchtála a bhunófar ‘‘bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas’’. Dá réir sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta i dtaca leis an tionscnamh seo. Tá ceangal ar an Aontas Eorpach a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais idirnáisiúnta an Aontais.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a rinneadh a mheas? An bhfuil rogha tosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth? 

Táthar tar éis na trí rogha beartais a anailísiú agus a chomparáid:

-Rogha 1: (an cás bonnlíne) – gan aon athrú a dhéanamh ar an mbeartas. Ach ní féidir sin a mheas ina ghnáthrogha faoina bhfágtar beartas gan athrú ó tharla gur cinnte go rachaidh forálacha de chuid roinn 15 in éag agus go n-athrófar dá bharr sin an creat polaitiúil agus dlíthiúil.

-Rogha 2: dá gcuirfí i bhfeidhm an mhodheolaíocht chaighdeánach, d’fhágfadh sin go mbeifí ag caitheamh leis an tSín mar a chaithfí le geilleagar margaidh aon bhall eile de chuid EDT, rud a lagódh go mór ionstraimí cosanta trádála an Aontais Eorpaigh.

-Rogha 3: modheolaíocht nua atá anseo lena bhféadfaí an saobhadh neamh-mhargaidh a ghabháil go héifeachtach, agus lena neartófaí a thuilleadh na hionstraimí cosanta trádála. Dhá eilimint atá i bhfo-rogha 3.1: déileáil leis an saobhadh agus leis na hidirthréimhsí chun éifeachtacht na mbeart sin ar ann dóibh cheana féin a áirithiú. Déileáiltear, i bhfo-rogha 3.2., le riail na dleachta níos lú agus le heilimint an fhrith-fhóirdheontais.

Is í rogha 3 (cumasc an dá fho-rogha) rogha na tosaíochta. Is í an rogha is fearr í chun cuidiú leis na cuspóirí a bhaint amach.

Cé atá i bhfách le cén rogha? 

Is cosúil go bhfuil roinnt de na geallsealbhóirí (lucht tionscail den chuid is mó) ar fearr leo rogha 1 i.e. gan aon athrú a dhéanamh. Ach d’fhéadfadh impleachtaí dlíthiúla agus polaitiúla nach beag a bheith ag baint leis sin.

Tá roinnt onnmhaireoirí agus trádálaithe ann a thacaíonn le rogha 2. Ach dhéanfadh an rogha sin ionstraimí cosanta trádála (ICT) an Aontais Eorpaigh a lagú, leibhéil na dleachta a ísliú agus líon na n-allmhairí ísealphraghais a mhéadú. Laghdófaí go mór iomaíochas na tionsclaíochta san Aontas Eorpach agus chuirfí líon nach suaill de phoist i mbaol.

Déanann rogha 3 freastal ar an seasamh atá ag cuid mhór de na geallsealbhóirí i.e. éifeachtacht leanúnach ICT a chaomhnú, bonn ceart dlí a bheith leo, agus gan an caidreamh leis an tSín a ligean in olcas.

C. Tionchair rogha na tosaíochta

Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta, murab ann di cad iad na príomhshochair)? 

D’fhágfadh fo-rogha 3.1 go mbeadh leibhéil na dleachta beagán níos ísle (ísliú thart ar 4%) le hais mar atá faoin modheolaíocht reatha. D’fhágfadh fo-rogha 3.2 go dtiocfadh ardú thart ar 8% ar leibhéil na dleachta. Ar an ábhar sin, meastar gur neodrach a bheidh tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an dá fho-rogha arna gcumasc. Fágann sin go bhfanfadh leibhéil reatha na fostaíochta gan athrú. Ó tharla gur beag go maith atá tionchar maicreacnamaíocha na n-ionstraimí cosanta trádála (agus gan baint acu siúd díobh atá i bhfeidhm ach le 2% – 5% den trádáil iomlán a dhéantar leis an tSín), ní furasta a dhéanamh amach cén tionchar comhshaoil a bheadh ag aon athrú a dhéanfaí ar an modheolaíocht. Is fíor go bhfuil an táirgeadh a dhéantar san Aontas Eorpach níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ná mar atá táirgeadh na Síneach agus go bhfágtar tionchar diúltach ar na hastaíochtaí CO2 agus ar an lorg carbóin má bhíonn líon níos airde lastas i gceist.

Is iad tionscal agus fostaithe an Aontais Eorpaigh an dá phríomhghrúpa tairbheach. Dhéanfaí iomaíochas an tionscail a áirithiú / a mhéadú agus chaomhnófaí poist.

Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann do rogha na tosaíochta, murab ann di cad iad na príomhshochair)? 

Tionchar dearfach, den chuid is mó, a bhaineann le rogha 3. Pé tionchar diúltach atá ann, onnmhaireoirí agus trádálaithe a aireoidh sin mar go mbeidh na dleachtanna frithdhumpála beagán níos airde i gcásanna áirithe le hais mar atá faoi láthair. Ina ainneoin sin, tá teorainn leis an tionchar diúltach sin ar an ábhar nach méadófaí leibhéil na dleachta ach de bheagán agus go mbeadh an deis ag onnmhaireoirí agus trádálaithe, den chuid is mó, aistriú chuig foinsí eile soláthair (nach bhfuil faoi réir dleachtanna cosanta trádála).

Níltear á thuar go mbeidh aon chostais chomhlíonta i gceist leis an tionscnamh mar nach mbeidh aon athrú i gceist do na páirtithe – le hais mar atá faoin gcleachtas reatha – i dtaca leis an nós imeachta imscrúdúcháin (bailiú sonraí, ríomhanna, etc.).

Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?

Bíonn tionchar thar a chéile ag ionstraimí cosanta trádála ar FBManna de réir mar is táirgeoir, úsáideoir nó onnmhaireoir/trádálaí an FBM. Is iondúil gur táirgí a tháirgtear d’úsáideoirí tionsclaíocha iad na táirgí sin a bhíonn faoi réir ag bearta cosanta trádála agus ní dhéantar aon difear díreach, go hiondúil, do FBManna ná do mhicrifhiontair dá mbarr. Ach féach gur minic gá le bearta cosanta trádála in earnálacha áirithe (e.g. gréithe, rothair) chun go dtiocfadh an tionscal féin slán; is amhlaidh atá i gcás comhlachtaí móra agus FBManna. I ngeall ar a méid agus ar a struchtúr sainiúil, is minic gur mór an baol an t-athrú do FBManna, rud a fhágann go bhféadfadh tionchar níos mó a bheith ag an athrú modheolaíochta ar FBManna ná ar chomhlachtaí is mó ná iad.

An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta? 

Níl aon tionchar ar fiú trácht air á thuar i dtaca leis an méid seo. I gcás go dtitfidh ualach breise oibre ar na húdaráis imscrúdúcháin (seirbhísí an Choimisiúin) i ngeall ar an modheolaíocht nua, meastar go gcúiteofar sin ó tharla nach mbeifear ag úsáid modheolaíocht na tíre analógaí níos mó (níor ghá feasta imscrúdú ná dearbhú-ar-an-láthair a dhéanamh sa tír analógach).

An mbeidh tionchair shuntasacha eile ann? 

Meastar go gcaomhnófar / go méadófar iomaíochas na tionsclaíochta san Aontas Eorpach de bharr rogha 3. Le rogha 3, ní tharraingeofaí aon mhíbhuntáiste ar an Aontas Eorpach le hais baill eile de ETD (e.g. SAM, agus an tSeapáin – nach bhfuil i gceist acu an mhodheolaíocht acu a athrú go fóill). Dhéanfadh na tíortha eile sin dleacht is airde ná dleacht an Aontais Eorpaigh a ghearradh (ach an tAontas leas a bhaint as an modheolaíocht chaighdeánach), rud ba shiocair, b’fhéidir, le sraonadh trádála chuig an Aontas Eorpach.

D. Obair leantach

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Tá sé i gceist an beartas seo a athbhreithniú tar éis cúig bliana, tréimhse ama ba leor le go mbeadh dóthain sonraí le dealramh ar fáil.

Top