EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0688

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú

COM/2016/0688 final - 2013/013 (COD)

An Bhruiséil,24.10.2016

COM(2016) 688 final

2013/0013(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)


2013/0013 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

1.Cúlra

An 30 Eanáir 2013, ghlac an Coimisiún pacáiste cuimsitheach ina raibh sé thogra reachtacha arb é is aidhm dóibh seirbhísí iarnróid ar cháilíocht níos fearr a chur ar fáil san Eoraip agus rogha níos leithne de na seirbhísí sin a sholáthar.

Is gá feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí agus ar a néifeachtúlacht ionas gur mó an tóir a bheidh ag paisinéirí ar an gcóras iarnróid de rogha ar chóracha taistil eile agus ionas go spreagfar iad le hiompú feasta ar an modh taistil sin. Is féidir cost-éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht níos fearr a bhaint amach i gcomhthéacs ina bhfuil ganntanas sna cistí poiblí.

De bhreis air sin, is éard is aidhm don phacáiste nuálaíocht a spreagadh in earnáil iarnróid an Aontais Eorpaigh chun ionchais lucht úsáidte traenacha a shásamh. Baintear sin amach ar thrí dhóigh ar leith a bhfuil baint acu le chéile:

(1)margaí na bpaisinéirí intíre a oscailt d’iomaitheoirí eile agus é a bheith éigeantach conarthaí i gcomhair seirbhísí poiblí a chur amach ar tairiscint;

(2)neamhspleáchas bainisteoirí bonneagair a neartú chun go mbeidh feidhmeanna lárnacha uile an líonra iarnróid faoina rialú, agus rochtain chothrom ar na hiarnróid a chinntiú do chách;

(3)ról Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a neartú ionas gur “ionad ilfhreastail” a bheidh inti feasta a eiseoidh údaruithe feithiclí lena gcur ar an margadh chomh maith le deimhnithe sábháilteachta d’oibreoirí fud fad an Aontais Eorpaigh.

An dáta a cuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2013) 26 final — 2013/0013 COD):




31 Eanáir 2013

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:


11 Iúil 2013

Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún:

8 Deireadh Fómhair 2013

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

26 Feabhra 2014

An dáta a glacadh seasamh na Comhairle:

17 Deireadh Fómhair 2016    

2.Cuspóir an Togra ón gCoimisiún

Is é cuspóir ginearálta don togra ón gCoimisiún Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú a aisghairm, is cuspóir ginearálta dó deireadh a chur le neamhréireachtaí i gcóras dlí an Aontais agus, i gcomhréir le cuspóirí chlár REFIT an Choimisiúin, simpliú a dhéanamh trí dheireadh a chur le gníomh dlí atá imithe i léig.

Ar chúiseanna éagsúla tá Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 (“an Rialachán”) ar neamhréir leis na bearta reachtacha atá i bhfeidhm faoi láthair agus neamhchomhoiriúnach dóibh:

Ar an ábhar nach mór gnóthais iarnróid a bhainistiú de réir prionsabail a bhfuil feidhm acu maidir le cuideachtaí tráchtála, ní ceadmhach aon chúiteamh stáit in árachas, i bpinsin ná i gcostais eile oibriúcháin a thabhairt (eisceacht is ea cúiteamh i soláthar seirbhísí poiblí). Ní amháin go bhfuil éirim an phrionsabail sin bunaithe sna rialacha maidir le státchabhair atá leagtha síos sna Conarthaí, tá sé leagtha amach ar dhóigh níos mionsonraithe sna treoirlínte maidir le státchabhair a bhaineann le gnóthais iarnróid (2008/C 184/07).

An liosta de ghnóthais iarnróid atá incháilithe do chúiteamh a fháil faoin Rialachán agus an taicmiú atá déanta ar na cineálacha cúitimh is féidir a íoc le gnóthais iarnróid, tá siad bunaithe ar an tuiscint go bhfuil bainistiú bonneagair ionchorpraithe i ngníomhaíochtaí gnóthas iarnróid, rud atá ar neamhréir leis an bprionsabal feidhmeanna sárriachtanacha a bheith scartha ó chéile agus leis an bprionsabal cuntais a bheith scartha ó chéile.

Sa Rialachán, níl ach 40 gnóthas iarnróid liostaithe atá incháilithe do chúiteamh. Nuair a glacadh an Rialachán, níor léir go bhféadfadh fadhb teacht as sin arae an tráth úd is le córacha eile iompair amháin, agus ní hé le gnóthais eile iarnróid, a bhíodh gnóthais iarnróid in iomaíocht. Sa mhargadh liobrálaithe, áfach, ina bhfuil gnóthais iarnróid in iomaíocht dhíreach leis na monaplachtaí seanbhunaithe, níl údar níos mó le cúiteamh airgeadais a leithdháileadh ar ghnóthais áirithe iarnróid, agus orthu siúd amháin. Má bhíonn coinníollacha éagsúla airgeadais ann do ghnóthais éagsúla, de thoradh an Rialacháin, ní féidir deimhin a dhéanamh de go mbeidh coinníollacha rochtana neamhidirdhealaitheacha ag gnóthais nua atá ag teacht isteach sa mhargadh. Mar shampla, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag comhlachtaí nua sa mhargadh baill foirne a mhealladh ó na gnóthais iarnróid seanbhunaithe ós rud é go bhféadfaidís siúd coinníollacha níos fabhraí pinsin a thairiscint a bhuí leis na fóirdheontais a fhaigheann siad faoin Rialachán.

Na híocaíochtaí cúitimh a leagtar síos in Aicme IV den Rialachán (costais saoráidí crosairí comhréidhe), sin é an taon ní amháin ag teacht leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair. Costais iad na híocaíochtaí sin a bhaineann le feidhmeanna bainisteora bonneagair, bainisteoir ar féidir leis, faoi Airteagal 8 de Threoir 2012/34/AE, tairbhiú de mhaoiniú stáit. Dá bhrí sin, tá forálacha an Rialacháin maidir le híocaíochtaí a leagtar síos in Aicme IV iomarcach freisin.

3.Tráchtanna ar sheasamh na Comhairle

An seasamh ar an gcéad léamh a ghlac an Chomhairle an 17 Deireadh Fómhair 2016, tacaíonn sé le príomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún ar a shon gur thoiligh an Chomhairle go gcuirfí siar aisghairm fhorálacha an Rialacháin is infheidhme maidir le cuntais a bhaineann le hAicme IV a normalú, forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar an ábhar sin, beidh feidhm ag na forálacha sin go dtí an 31 Nollaig 2017.

4.Conclúid

Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle agus, dá bharr sin, tugtar caoi do Pharlaimint na hEorpa an téacs deiridh a ghlacadh ar an dara léamh. Go deimhin, measann an Coimisiún go dtiocfadh den cholún margaidh agus den cholún teicniúil a ghlacadh go ndéanfaí na sochair i dtaca le cáilíocht na seirbhíse, le héifeachtúlacht agus le hiomaíochas an tionscail iarnróid a uasmhéadú.

Top