Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0532

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75

    COM/2016/0532 final - 2016/0257 (COD)

    An Bhruiséil,23.8.2016

    COM(2016) 532 final

    2016/0257(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n
    x001e
    aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Is éard is aidhm leis an togra athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán lenar bunaíodh An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) in 1975. Tá dhá chúis leis an athbhreithniú.

    Déanfaidh an tathbhreithniú ar an Rialachán lenar bunaíodh Cedefop forálacha áirithe an Rialacháin atá ann faoi láthair lena rialaítear Cedefop a ailíniú leis an gCur Chuige Comhchoiteann maidir le Gníomhaireachtaí Díláraithe.

    Leis an athbhreithniú, tá deis ann freisin cuspóirí agus cúraimí Cedefop a thabhairt cothrom le dáta. Ón uair a bhunaithe in 1975, chuir an Lárionad a chuid gníomhaíochtaí in oiriúint d'fhorbairtí foriomlána na sochaí agus do na forbairtí institiúideacha agus eacnamaíocha agus do na treochtaí a tháinig chun cinn i mbeartais Eorpacha i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Tá forbairtí teicniúla san áireamh freisin, mar go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann na gairmeacha as na teicneolaíochtaí digiteacha le tamall. Le freagairt don eabhlóid atá tagtha ar an gcomhthéacs athraitheach beartais, cumhdaíonn gníomhaíochtaí Cedefop níos mó ná an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus tá obair maidir le cáilíochtaí san áireamh freisin, go háirithe an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, ó thaobh anailís a dhéanamh ar scileanna agus bheith in ann réamhfhaisnéis a thabhairt maidir leo, agus bailíochtú a dhéanamh ar fhoghlaim sheachfhoirimiúil agus neamhfhoirmiúil, leaganacha foghlama ar cheart a shainaithint. Déanfar na cuspóirí agus cúraimí nua a choigeartú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na forbairtí sin.

    Ní tionscnamh an tathbhreithniú seo atá faoi chuimsiú an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT).

    An dá Ghníomhaireacht thríthaobhacha eile, mar a thugtar orthu, de chuid an Aontais Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EUOSHA) agus An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), déanfar athbhreithniú orthu sin freisin maidir lena Rialacháin Bhunaidh ag an am céanna le Cedefop.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

    Rinneadh an Rialachán lenar bunaíodh Cedefop a leasú cúig huaire, i 1993, i 1994, i 1995, in 2003 agus in 2004, go príomha chun an méadú a tháinig ar an Aontas Eorpach nó athruithe ar Chonarthaí a chur san áireamh. Mar sin féin, ba bheag athrú a rinne na leasuithe sin ar bhunphrionsabail na Gníomhaireachta.

    Déanfaidh an tathbhreithniú ról Cedefop a shainiú ar bhonn níos cruinne ó thaobh tacaíocht a thabhairt chun beartais a mhúnlú agus a chur chun feidhme maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint, scileanna agus cáilíochtaí. Tabharfaidh sé sainordú Cedefop cothrom le dáta mar lárionad anailíse, taighde agus faireacháin ar bheartais sna réimsí beartais sin.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Ó tharla go bhfuil Cedefop ag comhéadan an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus mhargadh an tsaothair, cuireann an tathbhreithniú beartais maidir le hoideachas agus oiliúint san Aontas Eorpach, atá ann faoi láthair, san áireamh 1 agus beartais maidir le scileanna 2 , ar lámh amháin agus beartais maidir le fostaíocht ar an lámh eile. Tá sé beartaithe go gcomhlánófar an taighde atá idir lámha faoi láthair agus an taighde atá á phleanáil sa réimse sin, rud a dhéanfar le maoiniú ón Aontas Eorpach, amhail taighde a fuair maoiniú faoi chlár maoinithe an Aontais Eorpaigh.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é Airteagal 166(4) an bunús dlí atá molta mar aon le tagairtí do bheartas maidir le gairmoiliúint, beartas a thacóidh le gníomhaíocht na mBallstát agus a dhéanfaidh í a fhorlíonadh, agus san am céanna freagracht na mBallstát a urramú go hiomlán maidir le hinneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna; Airteagal 165(4) mar aon le tagairtí do rannchuidiú an Aontais maidir le hoideachas ar ardchaighdeán a fhorbairt tríd an gcomhar idir na Ballstáit a chothú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán na gcóras oideachais a urramú san am céanna; Airteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina ndéantar tagairt do bhearta dreasachta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar a chothú idir na Ballstáit agus chun tacú lena ngníomhaíocht i réimse na fostaíochta.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Leis an togra seo tugtar aghaidh ar ghnéithe áirithe a bhaineann leis an dóigh a noibríonn an ghníomhaireacht seo de chuid an Aontais Eorpaigh go hinmheánach agus taobh istigh de chreat institiúideach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir cuspóirí an togra seo a bhaint amach trí ghníomhú ar an leibhéal náisiúnta.

    Comhréireacht

    An tathbhreithniú ar an Rialachán Bunaidh, ba cheart é a mheas i dtéarmaí an tionchair a bheidh aige ar an ualach riaracháin agus ar chostais bhuiséadacha ionas go nurramófar prionsabal na comhréireachta. Prionsabal ginearálta a bheidh ina threoir don athbhreithniú is ea gur gá téacs an Rialacháin Bhunaidh a choinneáil simplí, soiléir, solúbtha, agus san am céanna a bheith i dtuilleamaí cineálacha eile rialála (e.g. Rialacha Nós Imeachta) maidir le forálacha mionsonraithe. Ba cheart saolré meántéarma a bheith ag an Rialachán Bunaidh agus ba cheart go ndéanfadh sé solúbacht a áirithiú chun forbairtí a d'fhéadfadh bheith ann san eagraíocht amach anseo a cheadú gan aon ghá le tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh.

    An rogha ionstraime

    Is é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena naisghairtear an Rialachán (CEE) 337/75 agus a chuirtear ina ionad, an ionstraim a bheidh ann.

    3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

    Sa mheastóireacht is déanaí a rinne an Coimisiún, a tugadh i gcrích in 2013, moladh an Rialachán lenar bunaíodh Cedefop a leasú chun obair na Gníomhaireachta maidir le scileanna agus cáilíochtaí a léiriú mar cheann dá cuid cúraimí agus an obair maidir le tuairisciú beartas chomh maith le huirlisí agus tionscnaimh Eorpacha comhchoiteanna a chomhtháthú ar bhonn níos soiléire.

    Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

    Chuathas i gcomhairle le lucht bainistíochta agus le lucht saothair ar leibhéal an Aontais Eorpaigh maidir leis an treo ina bhféadfadh gníomhaíocht an Aontais a dhíriú agus maidir le hinneachar an togra atá beartaithe chomh maith. Leag idir lucht bainistíochta agus lucht saothair béim ar a dtuairim agus d'áitigh siad gur cheart cineál tríthaobhach na Gníomhaireachta a choinneáil agus gur cheart sin a léiriú i gcuspóirí na Gníomhaireachta agus in ionadaíocht gach grúpa ina struchtúr rialála.

    Choinnigh an Coimisiún páirtithe leasmhara ábhartha ar an eolas maidir le cinntí leathana a bhaineann leis an athbhreithniú seo agus chuaigh sé i gcomhairle leo nuair ba ghá sin.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Ní bhaineann le hábhar.

    Measúnú tionchair

    I bhfianaise an athbhreithnithe theoranta ar an ngníomh bunaidh, ní dhearnadh measúnú tionchair.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Ní bhaineann le hábhar. Níl aon bhaint ag an togra seo le REFIT.

    Cearta bunúsacha

    Ní bhaineann le hábhar.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Na himpleachtaí buiséadacha i dtéarmaí acmhainní daonna agus airgeadais, arna gcur i láthair ar dhóigh níos mionsonraithe sa Ráiteas Airgeadais Reachtach, tá siad i gcomhréir leis an Teachtaireacht (2013)519 ón gCoimisiún.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    I gcomhréir leis an gCur Chuige Comhchoitiann, tá foráil sa togra maidir leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht. Le cois an togra seo a dhéanamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht chrosghearrthach a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chuspóirí, ar shainorduithe, ar rialáil agus ar chúraimí na Gníomhaireachta, agus maidir le Gníomhaireachtaí eile a ghniomhaíonn i réimse mhargadh an tsaothair freisin, measúnú a dhéanamh ar dhálaí oibre, ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint agus ar scileanna.

    Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

    Ní bhaineann le hábhar.

    Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Le hathbhreithniú an Rialacháin Bhunaidh, tá deis ann cuspóirí agus cúraimí Cedefop a thabhairt cothrom le dáta chun na forbairtí laistigh den Ghníomhaireacht agus an comhthéacs ina noibríonn sí a léiriú, comhthéacs atá ann ó glacadh an Rialachán Bunaidh. Beifear in ann ról Cedefop a athdheimhniú maidir le tacú leis an gCoimisiún ó thaobh beartais a mhúnlú agus a chur chun feidhme maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint, scileanna agus cáilíochtaí.

    Thairis sin, leis an athbhreithniú cruthaítear deis chun foráil a dhéanamh do bhearta frithchalaoise, do bheartais maidir le coinbhleacht leasa, do mheastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh agus do chomhaontú maidir le ceanncheathrú a bhunú.

    Déanfaidh an tathbhreithniú na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a chomhoiriúnú arna leagan síos ag an gcreatRialachán Airgeadais athbhreithnithe. Dá bharr sin, déanfar nós imeachta cheapachán an Stiúrthóra (An Stiúrthóir Feidhmiúcháin) a mhodhnú agus a ailíniú leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa Chur Chuige Comhchoiteann. Tabharfar ról an údaráis cheapacháin do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Déanfar téarmaíocht an struchtúir bainistíochta a ailíniú leis an gCur Chuige Comhchoiteann. Ní dhéanfar athbhreithniú ar ghnéithe áirithe den Rialachán Bunaidh i bhfianaise an Chur Chuige Chomhchoiteanna i gcreat an togra seo, go dtí go ndéanfar tuilleadh meastóireachta.

    Maidir leis an gComhairle comhaltaí an Bhoird Bainistíochta a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann eagraíochtaí fosaitheoirí agus fostaithe ó gach Ballstát, táthar a bheartú go ndéanfar sin ar bhonn liosta a thíolacfaidh eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta an Aontais Eorpaigh.

    2016/0257 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , agus go háirithe Airteagal 166(4), Airteagal 165(4) agus Airteagal 149 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ;

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach;

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Ba le Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle 5 a bunaíodh an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún cothú agus forbairt na gairmoiliúna agus na hoiliúna inseirbhíse a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais.

    (2)Ón uair a bunaíodh é bhí ról tábhachtach ag Cedefop maidir le tacaíocht a thabhairt agus comhbheartas gairmoideachais agus gairmoiliúna á fhorbairt. Ag an am céanna, tá athrú tagtha ar na coincheapa agus ar an tábhacht a bhaineann leis an ngairmoiliúint faoi anáil athruithe ar na margaí saothair, forbairtí teicneolaíocha, go háirithe sa réimse digiteach, agus méaduithe ar shoghluaisteacht lucht saothair. Tá athrú tagtha dá réir sin ar na beartais gairmoiliúna sa dóigh go gcuimsíonn siad sraith ionstraimí agus tionscamh a bhfuil cuid acu, mar atá na cinn a bhaineann le scileanna agus cáilíochtaí, lena náirítear bailíochtú foghlama, lasmuigh de ghnáthraon an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna toisc gur gá sin. Dá bhrí sin, ba cheart nádúr ghníomhaíochtaí Cedefop a leagan amach go soiléir agus an téarmaíocht ábhartha a choigeartú, ach ba cheart cloí le raon feidhme na bhforálacha den Chonradh maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint agus sin á dhéanamh.

    (3)Ba é conclúid na tuarascála meastóireachta a rinneadh i leith Cedefop in 2013 gur cheart Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a leasú chun obair na Gníomhaireachta maidir le scileanna a chur san áireamh mar chúraimí dá cuid agus an obair maidir le tuairisciú beartais chomh maith le huirlisí agus tionscnaimh Eorpacha comhchoiteanna a chomhtháthú ar bhonn níos soiléire.

    (4)Chun beartas gairmoideachais agus gairmoiliúna a chur chun feidhme is gá díriú ar an gcaidreamh idir an toideachas agus an oiliúint agus saol na hoibre, agus a áirithiú go gcuirtear le hinfhostaitheacht an duine, i margadh saothair atá ag athrú, de bharr an eolais, na scileanna agus na ninniúlachtaí a fhaigheann sé, agus go bhfuil na nithe sin i gcomhréir le riachtanais na saoránach agus na sochaí.

    (5)Leasaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart é a aisghairm ar mhaithe le soiléireacht.

    (6)Ba cheart an Ghníomhaireacht a rialú agus a oibriú i gcomhréir le prionsabail an Ráitis Chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 a mhéid is féidir. Dá bhrí sin, tá an togra seo gan dochar d'aon leasuithe eile ar an Rialachán lenar bunaíodh Cedefop ba mhian leis an gCoimisiún a mholadh i ndiaidh tuilleadh meastóireachta, mar a fhoráiltear sa ghníomh seo nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chuspóirí, ar shainordú, ar rialachas agus ar chúraimí na ngníomhaireachtaí uile de chuid an Aontais Eorpaigh a ghníomhaíonn i réimsí an mhargaidh saothair, na ndálaí oibre, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus scileanna.

    (7)Ós rud é go ndíríonn na gníomhaireachtaí ar a dtugtar na gníomhaireachtaí trípháirteacha, mar atá Cedefop, an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EUOSHA), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre agus leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú idir na trí ghníomhaireacht sin agus ba cheart leas a bhaint as na bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus sineirgíochtaí. Ina theannta sin, más ábhartha, ba cheart don Ghníomhaireacht iarracht a dhéanamh comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na seirbhísí taighde atá ag an gCoimisiún féin.

    (8)Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a ailíniú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún 6 .

    (9)Ba cheart na forálacha maidir le foireann Cedefop a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a ailíniú le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh ('na Rialacháin Foirne') agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle 7 .

    (10)Ba cheart don Ghníomhaireacht na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. Más gá, ba cheart do Cedefop rialacha slándála a ghlacadh mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún 8 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún.

    (11)Is gá foráil a dhéanamh maidir le forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta agus maidir le foireann Cedefop chun leanúnachas gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú go dtí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    CUSPÓIR AGUS CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

    Airteagal 1 – Bunú agus cuspóirí na Gníomhaireachta

    1.Bunaítear leis seo ina ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh an Lárionad Eorpach um Fhobairt na Gairmoiliúna ('an Ghníomhaireacht') nó 'Cedefop'.

    2.Is é cuspóir na Gníomhaireachta cúnamh a thabhairt don Choimisiún beartais a mhúnlú agus a chur chun feidhme maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus maidir le scileanna agus cáilíochtaí. Chuige sin, soláthróidh an Ghníomhaireacht fianaise agus seirbhísí le haghaidh déanamh beartais agus comhroinnt eolais i measc na ngníomhairí de chuid an Aontais agus na ngníomhairí náisiúnta, go háirithe na rialtais agus na comhpháirtithe sóisialta.

    Airteagal 2 – Cúraimí

    1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas i ndáil le beartais an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus scileanna agus cáilíochtaí:

    (a)anailís a dhéanamh ar fhorbairtí agus anailís chomparáideach a sholáthar maidir le beartais agus cleachtais i dtíortha éagsúla;

    (b)anailís a dhéanamh ar threochtaí i margadh an tsaothair maidir le scileanna agus cáilíochtaí;

    (c)anailís a dhéanamh agus rannchuidiú a thabhairt maidir le forbairtí a bhaineann le cáilíochtaí a cheapadh agus bhronnadh, le cáilíochtaí a eagrú i gcreataí agus leis an bhfeidhm atá le cáilíochtaí i margadh an tsaothair d'fhonn trédhearcacht agus aitheantas na gcáilíochtaí sin a fheabhsú;

    (d)anailís a dhéanamh agus rannchuidiú a thabhairt maidir le forbairtí i réimse an bhailíochtaithe ar fhoghlaim sheachfhoirimiúil agus neamhfhoirmiúil;

    (e)staidéir a dhéanamh nó a choimisiúnú agus taighde a dhéanamh maidir le forbairtí socheacnamaíocha ábhartha agus na saincheisteanna gaolmhara beartais;

    (f)fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir rialtais, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ar an leibhéal náisiúnta, agus tacú le hathchóirithe agus beartais a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;

    (g)faisnéis a scaipeadh chun rannchuidiú le beartais agus chun cur leis an bhfeasacht agus leis an tuiscint atá ann i dtaobh na hacmhainne atá sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint infhostaitheacht daoine, táirgiúlacht cuideachtaí agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chothú agus a thacú;

    (h)uirlisí, tacair sonraí agus seirbhísí le haghaidh scileanna, gairmeacha agus cáilíochtaí a bhainistiú agus a chur ar fáil do shaoránaigh, do chuideachtaí, do lucht déanta beartais, do chomhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara eile.

    2.Agus í i mbun a cuid gníomhaíochtaí cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh na naisc atá ann idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus na hearnálacha eile den oideachas agus den oiliúint.

    3.Agus a cúraimí á ndéanamh aici, beidh idirphlé dlúth ag an nGníomhaireacht, go háirithe, le comhlachtaí speisialaithe, bídís poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, le húdaráis phoiblí, le hinstitiúidí oideachais agus le heagraíochtaí oibrithe agus fostóirí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan dochar dá haidhmeanna féin, comhar a áirithiú le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh chun forluí a sheachaint agus chun sineirgíocht agus comhlántacht ina ngníomhaíochtaí a chur chun cinn, go háirithe i dtaca leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna, Eurofound agus EUOSHA.

    CAIBIDIL II

    EAGAR NA GNÍOMHAIREACHTA

    Airteagal 3 – Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

    Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

    (a)Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 5;

    (b)Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na feidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 10;

    (c)Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na freagrachtaí atá leagtha amach in Airteagal 11.

    ROINN 1

    AN BORD BAINISTÍOCHTA

    Airteagal 4 – Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

    1.Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:

    (a)comhalta amháin a bheidh ina ionadaí don Rialtas ó gach ceann de na Ballstáit;

    (b)comhalta amháin a bheidh ina ionadaí do na heagraíochtaí fostóirí ó gach ceann de na Ballstáit;

    (c)comhalta amháin a bheidh ina ionadaí do na heagraíochtaí fostaithe ó gach ceann de na Ballstáit;

    (d)triúr comhaltaí a bheidh ina nionadaithe don Choimisiún.

    Beidh cearta vótála ag na comhaltaí uile dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

    Is í an Chomhairle a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) ar bhonn liostaí d'iarrthóirí a chuirfidh na Ballstáit agus eagraíochtaí na bhfostóirí Eorpacha agus eagraíochtaí na bhfostaithe Eorpacha faoi seach faoina bráid. Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí a bheidh ina nionadaithe dó.

    2.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta agus é nó í as láthair. Ceapfar na comhaltaí malartacha de réir an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad mhír.

    3.Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha i bhfianaise a gcuid eolais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, scileanna agus cáilíochtaí, ag cur san áireamh scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athrúcháin a nionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an bhoird a áirithiú. Féachfaidh na páirtithe uile le hionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

    4.Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha. Féadfar an tréimhse sin a fhadú. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtéarma oifige nó i gcás dóibh éirí as oifig, fanfaidh comhaltaí in oifig go ndéanfar a gceapachán a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina nionad.

    5.Laistigh den Bhord Bainistíocht, beidh ionadaithe na rialtas, ionadaithe na neagraíochtaí fostóirí agus ionadaithe na neagraíochtaí fostaithe ina ngrúpaí. Ainmneoidh gach grúpa comhordaitheoir chun an plé a fheabhsú laistigh de na grúpaí agus eatarthu. Ionadaithe dá neagraíochtaí ar an leibhéal Eorpach a bheidh i gcomhordaitheoirí grúpaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus ní gá iad a ainmniú as measc na gcomhaltaí atá ceaptha ar an mBord. Déanfaidh comhordaitheoirí nach bhfuil ceaptha ina gcomhaltaí den bhord de réir bhrí mhír 1 páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála acu.

    Airteagal 5 – Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

    1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

    (a)treorú ginearálta a chinneadh le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus doiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta a ghlacadh gach bliain trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí atá i dteideal vótáil agus i gcomhréir le hAirteagal 6;

    (b)buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i dteideal vótáil, agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil III;

    (c)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh maille lena mheasúnú ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus iad a chur, faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ar fáil don phobal;

    (d)na rialacha airgeadais a ghlacadh is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 16;

    (e)straitéis fhrithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;

    (f)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí;

    (g)na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

    (h)a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

    (i)i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar sna Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche ("cumhachtaí an údaráis ceapacháin");

    (j)rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

    (k)an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, más ábhartha, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 18;

    (l)Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid dualgas;

    (m)faireachán a dhéanamh go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);

    (n)gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta agus, más gá, maidir le modhnú na struchtúr sin, ag cur san áireamh riachtanais ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta chomh maithe le haird a thabhairt ar bhainistiú buiséadach fónta;

    (o)bunú socruithe oibre i gcomhréir le hAirteagal 29 (1) a údarú.

    2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

    Nuair is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    Airteagal 6 – Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

    1.Gach bliain, déanfaidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 11(5)c, doiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún 9 agus ag cur san áireamh treoirlínte a shocróidh an Coimisiún.

    2.Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí chomh maith le haon leagan den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta tráth níos déanaí.

    Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

    3.Beidh cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena náirítear táscairí feidhmíochta, sa chlár oibre bliantúil. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

    4.Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil.

    5.Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena náirítear cuspóirí, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin, lena náirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Cuimseofar ann straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 29, na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrú na nacmhainní gaolmhara.

    Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta más iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 27.

    Airteagal 7 – Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

    1.Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach amháin agus trí Leas-Chathaoirleach mar a leanas – duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit, duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na heagraíochtaí fostóirí, duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na heagraíochtaí fostaithe agus duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún. Toghfar an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

    2.Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

    Airteagal 8 – Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

    1.Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    2.Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.

    3.Beidh gnáthchruinniú amháin in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.

    4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine a bhféadfadh a thuairimí a bheith ina nábhar spéise freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir.

    5.Is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

    Airteagal 9 – Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

    1.Gan dochar d’Airteagal 5(1)(a) agus (b) agus d’Airteagal 18(7), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu.

    2.Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil cearta vótála aige. Má tá comhalta a bhfuil ceart vótála aige as láthair, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

    3.Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

    4.Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.

    5.Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

    ROINN 2

    AN BORD FEIDHMIÚCHÁIN

    Airteagal 10 – An Bord Feidhmiúcháin

    1.Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

    2.Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:

    (a)na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

    (b)faireachán a dhéanamh, maille leis an mBord Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);

    (c)gan dochar d’fheidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11 iad, cabhrú leis/léi agus comhairle a chur air/uirthi maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

    3.Más gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena náirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí agus cúrsaí buiséadacha.

    4.Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, na trí Leas-Chathaoirleach, comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus ionadaí amháin don Choimisiún. Féadfaidh gach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(5) suas le dhá chomhalta mhalartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta má tá na lánchomhaltaí as láthair. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.

    5.Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Féadfar an tréimhse sin a fhadú. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta.

    6.Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile trí huaire sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí.

    7.Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

    ROINN 3

    AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN

    Airteagal 11 – Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.

    2.Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé ná ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

    3.Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas.

    4.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.

    5.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

    (a)riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

    (b)cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

    (c)an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

    (d)an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

    (e)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

    (f)plean gníomhaíochta a ullmhú ag féachaint do chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus d'imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-chalaoise (OLAF), mar aon le tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún, agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin;

    (g)leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

    (h)straitéis frith-chalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

    (i)na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú;

    (j)dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme.

    6.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí na Gníomhaireachta a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, oifig áitiúil amháin nó níos mó a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó. Chun an cinneadh sin a dhéanamh ní mór réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ina mbunófar an oifig áitiúil. Leis an gcinneadh sin sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar san oifig áitiúil sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta a dhéanamh faoi dhó.

    CAIBIDIL III

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 12 – Buiséad

    1.Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.

    2.Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

    3.Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na Gníomhaireachta:

    (a)ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

    (b)aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit;

    (c)táillí ar fhoilseacháin agus aon seirbhís eile a sholáthróidh an Ghníomhaireacht;

    (d)aon ranníocaíocht ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear in Airteagal 29.

    4.Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.

    Airteagal 13 – An buiséad a bhunú

    1.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtmheastachán sealadach a tharraingt suas gach bliain ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, lena náirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

    2.Ar bhonn an dréachta shealadaigh sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn.

    3.Cuirfear an dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

    4.Cuirfidh an Coimisiún na dréachtmheastacháin chuig an údarás buiséadach maille le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

    5.Ar bhonn na ndréachtmheastachán, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 den Chonradh.

    6.Is é an túdarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a thabharfar don Ghníomhaireacht.

    7.Is é an túdarás buiséadach a ghlacfaidh plean bunaíochta na Gníomhaireachta.

    8.Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad na Gníomhaireachta. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais. Más gá, coigeartófar é dá réir.

    9.I gcás aon tionscadail ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.

    Airteagal 14 – An buiséad a chur chun feidhme

    1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

    2.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

    Airteagal 15 – Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

    1.Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

    2.Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

    Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

    3.Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 148 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh sé cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhord Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

    4.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

    5.Déanfaidh an toifigeach cuntasaíochta, faoin 1 Iúil i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha agus an tuairim ón mBord Bainistíochta a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    6.Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

    7.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

    8.Aon fhaisnéis atá ag teastáil chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm ar bhealach rianúil don bhliain airgeadais lena mbaineann, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin di, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais.

    9.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

    Airteagal 16 – Rialacha airgeadais

    Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin i gcás ina mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’fheidhmiú na Gníomhaireachta agus go dtoileoidh an Coimisiún leis roimh ré.

    CAIBIDIL IV

    AN FHOIREANN

    Airteagal 17 – Forálacha ginearálta

    1.Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann na Gníomhaireachta.

    2.Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

    Airteagal 18 – An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    1.Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhall foirne agus is mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht a fhostófar é faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

    2.Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

    Chun críche an conradh a thabhairt chun críche leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

    3.Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

    4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéad.

    5.Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena chonradh páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

    6.Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

    7.Is ar bhonn tromlaigh dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    Airteagal 19 – Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

    1.Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht.

    2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 20 – Stádas dlíthiúil

    1.Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

    2.I ngach ceann de na Ballstáit, tabharfar don Ghníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe féin. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

    3.Is in Thessaloniki na Gréige a bheidh an Ghníomhaireacht lonnaithe.

    4.Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí áitiúla a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó, faoi réir a dtoilithe agus i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

    Airteagal 21 – Pribhléidí agus díolúintí

    Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

    Airteagal 22 – Socruithe teanga

    1.Beidh feidhm maidir leis an nGníomhaireacht ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1.

    2.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh ar na teangacha a úsáidfidh an Ghníomhaireacht ina feidhmiú inmheánach.

    3.Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a chuirfidh na seirbhísí aistriúcháin is gá ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

    Airteagal 23 – Trédhearcacht

    1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 maidir le doiciméid i seilbh na Gníomhaireachta.

    2.Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

    3.Is faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil. Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, leagfaidh an Bord Bainistíochta síos bearta don Ghníomhaireacht chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm, lena náirítear bearta a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí a cheapadh don Ghníomhaireacht. Déanfar na bearta sin a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    Airteagal 24 – Calaois a chomhrac

    1.Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 , laistigh de sé mhí ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, aontóidh sé do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChaloise (OLAF) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta ag úsáid an teimpléid atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

    2.Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

    3.Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí gan choinne, d'fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a mbeadh tionchar aige ar leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96.

    4.Gan dochar do mhír 1, mír 2 agus mír 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais na Gníomhaireachta, forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.

    Airteagal 25 – Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

    Glacfaidh an Ghníomhaireacht a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 12 agus i gCinneadh 2015/444 (AE, Euratom) 13 ón gCoimisiún. Cuimseoidh rialacha slándála na Gníomhaireachta, inter alia, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

    Airteagal 26 – Dliteanas

    1.Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

    2.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

    3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

    4.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.

    5.Beidh dliteanas pearsanta a foirne i leith na Gníomhaireachta rialaithe ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir léi.

    Airteagal 27 – Meastóireacht

    1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiúnú i gcomhlíonadh threoirlínte an Choimisiúin chun feidhmíocht na Gníomhaireachta a mheasúnú ó thaobh a chuid cuspóirí, a shainordú agus a thascanna de, tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 36, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin.

    2.I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh leis an nGníomhaireacht leanúint ar aghaidh maidir leis na cuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm.

    3.Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

    Airteagal 28 – Imscrúduithe riaracháin

    Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir imscrúduithe an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh.

    Airteagal 29 – Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

    1.A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát, institiúidí an Aontais agus na Gníomhaireachta faoi seach, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus/nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

    Chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chruthófar leis na socruithe sin oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit.

    2.Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an Aontas.

    Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair na Gníomhaireachta, lena náirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.

    3.Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag an nGníomhaireacht ina leith.

    Airteagal 30 – Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin

    1.Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann na Gníomhaireachta agus a dteaghlach, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe.

    2.Déanfaidh Ballstát aíochta na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go hiomchuí, lena náirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti, agus naisc iomchuí iompair.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    Airteagal 31 – Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

    1.Déanfar téarma oifige chomhaltaí Bhord Rialúcháin Cedefop mar a bunaíodh ar bhonn Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 é a fhoirceannadh an… [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    2.Is é an Bord Rialúcháin a bunaíodh ar bhonn Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a dhéanfaidh, laistigh den tréimhse idir ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus ... [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo.

    Airteagal 32 – Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

    Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige, is ar an Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht a ceapadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a bheidh cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha.

    Airteagal 33 – Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

    Is i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a chuirfear an nós imeachta urscaoilte maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 i gcrích.

    CAIBIDIL VII

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 34 – Aisghairm

    Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a aisghairm ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 35 – Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin a choinneáil i bhfeidhm

    Fanfaidh na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 i bhfeidhm tar éis an [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

    Airteagal 36 – Teacht i bhfeidhm

    1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.Beidh feidhm aige ón [dáta an chur i bhfeidhm].

    3.Beidh feidhm ag Airteagal 31, ag Airteagal 32 agus ag Airteagal 33 áfach, ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    4.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair acmhainní daonna Cedefop

    3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 14  

    04: Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú

    04 03: Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú

    04 03 13: An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    ◻Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

    Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 15  

    ⌧Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

    ◻Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Cuspóirí/luach breise an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an straitéis d'Eoraip 2020, an Creat straitéiseach (ET2020) le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint, mar a tugadh cothrom le dáta sa Tuarascáil Chomhpháirteach 2015 arna glacadh ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún i Samhain 2015, i gConchlúidí Ríge ó Mheitheamh 2015 agus sa Chlár Oibre maidir le Scileanna Nua don Eoraip 16 a glacadh le déanaí:

    - Foghlaim bunaithe ar gach sórt oibre, agus aird ar leith á cur ar phrintíseachtaí, trí comhpháirtithe sóisialta, cuideachtaí, comhlachais agus soláthróirí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, chomh maith le nuálaíocht agus fiontraíocht a spreagadh;

    - Sásraí dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt tuilleadh sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint i gcomhréir le moladh EQUAVET agus, mar chuid de chóras dearbhaithe cáilíochta, cur chuige a bhunú lena náirítear go bhfaightear aiseolas go leanúnach sna córais I-VET agus C-VET bunaithe ar thorthaí foghlama;

    - Rochtain a fheabhsú ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint agus ar cháilíochtaí do gach duine trí chórais níos solúbtha agus níos tréscaoilte a chur ar fáil, go háirithe trí sheirbhísí treoracha níos éifeachtúla agus níos comhtháite, agus bailíochtú a dhéanamh ar fhoghlaim sheachfhoirimiúil agus neamhfhoirmiúil;

    - Inniúlachtaí ríthábhachtacha a neartú tuilleadh i gcuraclaim an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus deiseanna níos éifeachtacha a chur ar fáil chun na scileanna sin a fháil nó a fhorbairt trí I-VET agus C-VET;

    - Cuir chuige chórasacha a thabhairt isteach maidir le forbairt ghairmiúil thionscantach agus forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, d'oiliúnaithe agus do mheantóirí i láthair scoileanna agus sa láthair oibre;

    - soghluaisteacht foghlama a éascú;

    - Uirlisí trédhearcachta agus aitheantais de chuid an Aontais Eorpaigh a neartú agus a shimpliú;

    - Faisnéis maidir le scileanna a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar aon ghanntanas scileanna in earnálacha eacnamaíocha ar leith, lena náirítear an cumas teacht roimh na scileanna is gá le haghaidh mhargadh an tsaothair, agus forbairtí teicneolaíochta á gcur san áireamh.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh.

    Beidh an Lárionad de chúnamh ag an gCoimisiún chun an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus bearta maidir le scileanna agus cáilíochtaí a mhúnlú agus a chur chun feidhme.

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    04 03 13 An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) – Ranníocaíocht faoi Theideal 1, faoi Theideal 2 agus faoi Theideal 3.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Aidheamanna an athbhreithnithe ar an Rialachán Bunaidh:

    An Rialachán lenar bunaíodh Cedefop a chur in oiriúint d'fhorálacha an Chur Chuige Chomhchoiteanna maidir le Gníomhaireachtaí Díláraithe.

    Sainordú agus cúraimí na Gníomhaireachta a chur in oiriúint do thosaíochtaí agus do straitéisí beartais atá ann faoi láthair, lena gcuirtear san áireamh forbairtí beartais atá tagtha chun cinn le déanaí i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, scileanna agus cáilíochtaí, chomh maith le forbairtí institiúideacha agus eacnamaíocha agus forbairtí sa tsochaí, forbairtí a tharla san Aontas Eorpach ó cruthaíodh an Lárionad i 1975.

    Leagtar amach misean Cedefop sa Rialachán lenar bunaíodh é i 1975:

    Is é is aidhm leis an lárionad bheith ina Chúnamh ag an gCoimisiún chun cur chun cinn agus forbairt na gairmoiliúna agus na hoiliúna inseirbhíse a spreagadh, ar leibhéal an Chomhphobail.

    Chuige sin, faoi chuimsiú na dtreorlínte arna leagan síos ag an gComhphobal, rannchuideoidh sé, trína chuid gníomhaíochtaí eolaíocha agus teicniúla, le cur chun feidhme comhbheartais ghairmoiliúna.

    Déanfaidh sé, go háirithe, malairt faisnéise agus comparáid ar thaithí a spreagadh.

    Oibríonn Cedefop chun an comhar Eorpach a neartú agus chun an fhianaise a sholáthar ar a mbunófar na beartais Eorpacha maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint, scileanna agus cáilíochtaí. Is é ardcháilíocht a nanailísí comparáideacha agus a chuid saineolais a tiomsaiodh trí thaighde agus trí líonrú an luach breise atá ag Cedefop.

    OibríonnCedefop go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach, le rialtais na Ballstát, le hionadaithe fostóirí agus ceardchumann agus le lucht taighde agus cleachtais an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Cuireann sé faisnéis ar fail dóibh atá cothrom le dáta maidir le forbairtí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, agus cuireann sé deiseanna le haghaidh díospóireachta ar fáil maidir le beartas chomh maith.

    Déanann Cedefop a chuid faisnéise a leithdháileadh trína shuíomh gréasáin, a chuid foilseachán, trí na meáin shóisialta, trí líonraí, trí chomhdhálacha agus trí sheimineáir. Is é misean agus tosaíochtaí meántéarmacha Cedefop is treoir dá chuid gníomhaíochtaí.

    Déanann an Ghníomhaireacht a dhícheall chun an rochtain is leithne is féidir ar dhoiciméid atá aige a chur ar fáil don phobal trína shuíomh gréasáin.

    1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Tá córas cuimsitheach ann cheana féin ina ndéantar faireachán agus meastóireacht, ex-ante agus ex-post araon, ar na cláir ilbhliantúla oibre. Déanfar é a thabhairt i gcrích tríd an mheastóireacht agus an athbhreithniú a dhéanfaidh an Coimisiún gach cúig bliana.

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Le hAirteagal 166(4), déantar tagairt do bheartas gairmoiliúna a thacóidh le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a fhorlíonfaidh iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna á hurramú aige. Le hAirteagal 165(4), déantar tagairt don rannchuidiú a thugann an tAontas chun oideachas d'ardcháilíocht a fhorbairt trí chomhar idir na Ballstáit a spreagadh agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar teagaisc agus eagrúchán an chórais oideachais á hurramú aige.

    Rannchuidíonn Cedefop le hobair beartais fhadtéarmach de chuid an Choimisiúin maidir le:

    - Eolas agus fianaise sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus beartais maidir le scileanna agus cáilíochtaí a sholáthar;

    - Faireachán a dhéanamh ar threochtaí beartais agus anailís beartais maidir le forbairtí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus beartais maidir le scileanna agus cáilíochtaí a sholáthar;

    - An cumas a fheabhsú chun teacht roimh na scileanna a bheidh de dhíth amach anseo, lena n'áirítear i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, agus scileanna a chur in oiriúint do riachtanais mhargadh an tsaothair ar dhóigh níos fearr;

    - Sa ghearrthéarma, rannchuidíonn sé le cur chun feidhme comhbheartas gairmoiliúna agus le huirlisí Eorpacha i réimse an oideachais agus Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint (2011-2020), arna dtabhairt cothrom le dáta sa Tuarascáil Chomhpháirteach 2015 faoin gCreat Straitéiseach um Chomhar Eorpach san Oideachas agus san Oiliúint ET 2020 agus an Clár Oibre maidir le Scileanna nua don Eoraip a seoladh le déanaí.

    1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

    Tá luach breise Cedefop ag brath ar a chineál tríthaobhach lenar féidir leis anailísí chomparáideacha d'ardcháilíocht a fhorbairt i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, chomh maith le beartais maidir le scileanna agus cáilíochtaí bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó gníomhaithe éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Is é toradh an tsaineolais shaibhir sin gur féidir tacaíocht nithiúil a thabhairt chun beartas a fhorbairt ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn an Aontais Eorpaigh agus é a chur chun feidhme trí na cúraimí seo a leanas:

    (a)    anailís a dhéanamh ar fhorbairtí agus anailís chomparáideach a sholáthar maidir le beartais cleachtais i dtíortha éagsúla;

    (b)    anailís a dhéanamh ar threochtaí i margadh an tsaothair maidir le scileanna agus cáilíochtaí;

    (c)    anailís a dhéanamh ar fhorbairtí agus rannchuidiú leo, forbairtí a bhfuil baint acu le dearadh agus bronnadh cáilíochtaí, iad a eagrú ó thaobh an chreata ina bhfuil siad agus an fheidhme atá leo i margadh an tsaothair d'fhonn trédhearcacht agus aitheantas na gcáilíochtaí sin a fheabhsú;

    (d)    anailís a dhéanamh ar fhorbairtí agus rannchuidiú leo i réimse bhailíochtú na foghlama seachfhoirimiúla agus neamhfhoirmiúla;

    (e)    staidéir a dhéanamh nó a choimisiúnú agus taighde a dhéanamh maidir le forbairtí socheacnamaíocha ábhartha agus na saincheisteanna gaolmhara beartais;

    (f)    fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir rialtais, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ar an leibhéal náisiúnta agus tacú le cur chun feidhme athchóirithe agus beartas ar an leibhéal náisiúnta;

    (g)    faisnéis a leithdháileadh, mar rannchuidiú le beartais, agus feasacht agus tuiscint ar ionchas an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a ardú ó thaobh tacú le hinfhostaitheacht daoine agus í a chur chun cinn chomh maith le táirgeacht cuideachtaí agus foghlaim ar feadh an tsaoil;

    (h)    uirlisí, tacair sonraí agus seirbhísí le haghaidh scileanna, gairmeacha agus cáilíochtaí a bhainistiú agus a chur ar fáil do shaoránaigh, do chuideachtaí, do lucht déanta beartais, do chomhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara eile.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Déanann an Coimisiún meastóireacht sheachtrach ar Cedefop gach cúig bliana. Deimhníodh sna meastóireachtaí a rinneadh roimhe gur mór an rannchuidiú a thugann Cedefop d'obair anailíse agus beartais an Choimisiúin réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Rinneadh an mheastóireacht is déanaí ar Cedefop in 2013 (meastóireacht a chumhdaigh an tréimhse ó 2007 go lár na bliana 2012) 17 . De réir na tuarascála meastóireachta, tá an Lárionad tar éis céimeanna níos faide a ghlacadh i dtreo fócais ina ndírítear isteach ar thacaíocht a thabhairt do bheartas, diomaite den fheidhm níos traidisiúnta a bhí leis mar fhoinse oscailte. Ba cheart an Rialachán lenar bunaíodh Cedefop a leasú chun obair na Gníomhaireachta maidir le scileanna agus cáilíochtaí a chur san áireamh mar cheann dá cuid cúraimí agus an obair maidir le tuairisciú beartais chomh maith le huirlisí agus tionscnaimh Eorpacha comhchoiteanna a chomhtháthú ar bhonn níos soiléire.

    1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Oibríonn Cedefop i gcomhar le Gníomhaireachtaí eile an Aontais Eorpaigh i réimsí gaolmhara. Tá comhaontuithe comhair ann idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EUOSHA), An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF). Leis na comhaontuithe sin déantar foráil go háirithe don luathchomhairliúchán maidir le forbairt na gclár oibre agus déantar iad a chomhlánú le pleananna gníomhaíochta ina gcomhaontaítear foirmeacha breise malartaithe agus, más iomchuí, gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Áirithítear leis sin go mbeidh gníomhaíochtaí ag comhlánú a chéile ionas go mbeifear in ann sineirgí a bhaint amach.

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    ◻Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

    ⌧Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 

    Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

       ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    ◻eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    ◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    ⌧comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 208 agus Airteagal 209;

    ◻comhlachtaí dlí poiblí;

    ◻comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    ◻comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    ◻daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    Nótaí

    Neamhbhainteach

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Tá gníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh ag obair faoi dhianchóras faireacháin lena mbaineann comhordaitheoir um rialú inmheánach, Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin, an Bord Rialúcháin, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus an tÚdarás Buiséadach. Leanfar d'fheidhm a bheith ag an gcóras sin mar a leagtar síos sa Rialachán lenar bunaíodh Cedefop.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

    ní ann do cheann ar bith

    2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe

    Neamhbhainteach

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Áirítear le hAirteagal 24 den togra forálacha maidir le calaois a chomhrac.

    Ghlac Cedefop a straitéis Fhrith-Chalaoise an 22 Deireadh Fómhair 2014, mar aon leis an mBeartas maidir le coinbhleachtaí leasa ag Cedefop a chosc agus a bhainistiú. Mar chuid den straitéis Fhrith-Chalaoise, tá nós imeachta inmheánach maidir le neamhrialtachtaí, lena náirítear creat dlí agus bunphrionsabail. 

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghascaiteachais

    Ranníocaíocht

    Ceannteideal 1A – Iomaíochas ar mhaithe le fás agus poist

    LD/LN 18 .

    ó thíortha de chuid CSTE 19

    ó thíortha is iarrthóirí 20

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    15 02 11 An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

    Difreáilte

    NÍL

    NÍL

    Línte nua buiséid atá á niarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghascaiteachais

    Ranníocaíocht

    Ceannteideal 1A – Iomaíochas ar mhaithe le fás agus poist

    LD/LN

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    04 03 13 An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

    Difreáilte

    NÍL

    NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    An tionchar ar chaiteachas de réir mar a léirítear thíos, tá sé i gcomhréir le Teachtaireacht (2013)519 ón gCoimisiún.

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    1A

    Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

    An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

    2013

    2014

    2015

    2016

    2017

    2018

    2019

    2020

    IOMLÁN

    Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Uimhir na líne buiséid

    Gealltanais

    (1)

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,783

    18,138

    123,091

    Íocaíochtaí

    (2)

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,783

    18,138

    123,091

    Uimhir na líne buiséid

    Gealltanais

    (1a)

    Íocaíochtaí

    (2 a)

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 21  

    n/b

    n/b

    n/b

    n/b

    n/b

    n/b

    n/b

    n/b

    Uimhir na líne buiséid

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe
    don Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

    Gealltanais

    =1+1a +3

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,783

    18,138

    123,091

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,434

    17,783

    18,138

    123,091



    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair acmhainní daonna Cedefop

    3.2.2.1.Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    2016

    2017

    2018

    2019

    2020

    IOMLÁN

    Oifigigh (Iomlán - Gráid AD agus AST)

    16

    15

    14

    14

    14

    Baill foirne ar conradh

    25

    25

    25

    25

    25

    Baill foirne shealadacha

    78

    77

    77

    77

    77

    Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

    4

    4

    4

    4

    4

    IOMLÁN

    123

    121

    120

    120

    120

    3.2.2.2.Na riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh ag an máthair-Ard-Stiúrthóireacht

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    2016

    2017

    2018

    2019

    2020

    Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    1.5

    1.5

    1.5

    1.5

    1.5

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde díreach)

     Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 22

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 yy 23

    - sa Cheanncheathrú 24

    - i dToscaireachtaí

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

    10 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Seasamh an Choimisiúin i leith na Gníomhaireachta a chomhordú agus ionadaíocht a dhéanamh dó.

    Pearsanra seachtrach

    3.2.3.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 25 .

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.4.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    EUR



    2017

    2018

    2019

    2020

    Ranníocaíochtaí na hIorua agus na hÍoslainne

    475 949

    475 949

    485 480

    495 170

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

    475 949

    475 949

    485 480

    495 170

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

        Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       Maidir le hacmhainní dílse

       ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 26

    BliainN

    BliainN+1

    BliainN+2

    BliainN+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    […]

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    […]

    (1) Áirítear orthu sin an Creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (ET2020) a tugadh cothrom le dáta le déanaí sa Tuarascáil Chomhpháirteach in 2015 agus i bPróiseas Chóbanhávan lenar cuireadh le comhar Eorpach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint
    (2) De réir mar a leagtar amach sa Chlár Oibre do Scileanna Nua don Eoraip: Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2016) 381/2
    (3) IO
    (4) IO
    (5) Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle an 10 Feabhra 1975 ag bunú Lárionad Eorpach um Fhobairt na Gairmoiliúna (IO L 039, 13.2.1975, lch. 1).
    (6) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an gcreat-Rialachán airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
    (7) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
    (8) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
    (9) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an gcreat-Rialachán airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
    (10) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
    (11) Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).
    (12) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
    (13) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint. (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
    (14) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (15) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (16) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2016) 381/2
    (17) http://www.cedefop.europa.eu/en/content/final-report-external-evaluation-cedefop-9-december-2013
    (18) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
    (19) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (20) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina n-iarrthóirí.
    (21) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais Eorpaigh (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (22) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
    (23) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (24) Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI) go príomha.
    (25) Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020.
    (26) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top