Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0277

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (An Chosaiv*)

    COM/2016/0277 final - 2016/0139 (COD)

    An Bhruiséil,4.5.2016

    COM(2016) 277 final

    2016/0139(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

    (An Chosaiv*)


    *Tá an tainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Chuir an Coimisiún Eorpach tús le hidirphlé leis an gCosaiv maidir le léirscaoileadh víosaí an 19 Eanáir 2012. An 14 Meitheamh 2012, chuir an Coimisiún treochlár faoi bhráid na Cosaive inar sainaithníodh an reachtaíocht uile agus na bearta eile ba ghá don Chosaiv a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le léirscaoileadh víosaí. Gheall an Coimisiún go molfadh sé taisteal gan víosa do mhuintir na Cosaive le haghaidh gearrfhanachtaí san Aontas Eorpach (i.e. suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá) a luaithe a chomhlíonfaidh an Chosaiv na ceanglais ar fad agus na bearta eile atá leagtha amach sa treochlár um léirscaoileadh víosaí.

    D'áitigh an Coimisiún gur gá dul chun cinn leordhóthanach a dhéanamh maidir le hathligean isteach agus le hathimeascadh sula gcuirfí tús le hidirphlé leis an gCosaiv maidir le léirscaoileadh víosaí. Agus sraith d'athchóirithe tábhachtacha curtha chun feidhme ag an gCosaiv ó 2011 i leith, tá dul chun cinn sásúil déanta aici i dtaobh creat beartais feidhmiúil a bhunú i gcomhair athimeascadh na ndídeanaithe sa Chosaiv, mar a rinneadh cheana i gcás athligean isteach. Sna tuarascálacha a thug sé uaidh go tráthrialta, lean an Coimisiún ar aghaidh ag déanamh faireacháin agus meastóireachta ar dhul chun cinn na Cosaive i dtaca lena creat athligean isteach a fheabhsú agus le hathimeascadh éifeachtach fillithe.

    Bhí dhá chuid sa treochlár um léirscaoileadh víosaí: i gCuid I tugadh aghaidh ar athligean isteach agus ar athimeascadh; i gCuid II bhí ceithre 'bhloc' den idirphlé maidir le víosaí. Bhí ceanglais shainiúla sna ceithre bhloc den treochlár víosaí maidir le slándáil doiciméad; bainistiú teorainneacha agus imirce, lena náirítear tearmann; ord poiblí agus an tslándáil; agus cearta bunúsacha a bhaineann le saorghluaiseacht. Iarradh ar an gCosaiv an reachtaíocht atá leagtha síos sa treochlár a ghlacadh nó a leasú i gcomhréir le acquis an Aontais Eorpaigh i dtús báire agus ansin í a chur chun feidhme ina hiomláine.

    Rinne an Coimisiún an tidirphlé leis an gCosaiv maidir le víosaí i gcomhar leis an gComhairle, go háirithe trí ról a thabhairt don Chomhairle an treochlár víosaí a fhorbairt agus le rannpháirtíocht iomlán shaineolaithe ó na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na Cosaive maidir le ceanglais an treochláir a chomhlíonadh.

    Rinneadh an tidirphlé leis an gCosaiv maidir le víosaí gan dochar do sheasamh na mBallstát maidir le stádas 1 .

    I gcomhréir lena shainordú, 2 bhí ról tábhachtach ag Misean "Smacht Reachta" an Aontais Eorpaigh don Chosaiv (EULEX KOSOVO) maidir le faireachán agus meantóireacht a dhéanamh ar an gCosaiv agus comhairle a thabhairt di i dtaobh na nathchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus i dtaobh na gceanglas atá leagtha amach sa treochlár a chomhlíonadh. An comhar éifeachtach a bhí idir an Chosaiv agus EULEX, lena náirítear an Chosaiv a sainordú feidhmiúcháin a chomhlíonadh, bhí ról ríthábhachtach aige sa phróiseas.

    Ó cuireadh tús leis an idirphlé maidir le víosaí, tá tuarascálacha rialta curtha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ag an gCoimisiún maidir lena mheasúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCosaiv ó thaobh ceanglais an treochláir a chomhlíonadh. Thug na tuarascálacha sin aghaidh ar cheanglais a bhaineann le hathligean isteach agus athimeascadh agus le bloic éagsúla an treochláir víosaí. I ngach tuarascáil baineadh úsáid as faisnéis a chuir an Chosaiv ar fáil, as misin mheasúnaithe a rinne an Coimisiún agus saineolaithe ó na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na Cosaive sna bloic éagsúla den idirphlé maidir le víosaí agus as sonraí a chuir EUROPOL, FRONTEX EASO agus EULEX ar fáil.

    Go dtí seo, ghlac an Coimisiún trí thuarascáil i dtaca le dul chun cinn na Cosaive san idirphlé maidir le víosa; glacadh an chéad cheann an 8 Feabhra 2013, 3 an dara ceann an 24 Iúil 2014 4 , an tríú ceann an 18 Nollaig 2015 5 , agus glacadh an ceathrú ceann inniu 6 . Bhí sna tuarascálacha sin measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCosaiv ó thaobh ceanglais an treochláir víosaí a chomhlíonadh, moltaí a díríodh ar an gCosaiv agus measúnú ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag léirscaoileadh víosaí ar chúrsaí imirce agus slándála.

    Sa tríú tuarascáil ón gCoimisiún leag sé amach ocht moladh atá comhfhreagrach d'ocht gceanglas den treochlár víosaí nach bhfuil comhlíonta go fóill, lena náirítear ceithre phríomhthosaíocht. Luadh ann go mba cheart don Chosaiv an comhaontú faoin teorainn le Montainéagró a dhaingniú sula ndeonófaí stádas saor ó víosaí ar mhuintir na Cosaive.

    Ina thuarascáil a ghabhann leis an togra seo deir an Coimisiún go bhfuil céimeanna tábhachtacha glactha ag an gCosaiv chun an ceanglas maidir lena comhaontú faoin teorainn le Montainéagró a chomhlíonadh agus go bhfuil gnéithe leordhóthanacha dá chuntas teiste curtha i bhfáth sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na caimiléireachta.

    Bunaithe ar an measúnú sin, agus i bhfianaise thoradh an fhaireacháin agus an tuairiscithe a rinneadh ar bhonn leanúnach ó seoladh an tidirphlé leis an gCosaiv maidir le léirscaoileadh víosaí, deimhníonn an Coimisiún go bhfuil na ceanglais ar fad dá treochlár um léirscaoileadh víosaí bainte amach ag an gCosaiv ar an tuiscint go mbeidh an comhaontú faoin teorainn le Montainéagró daingnithe ag an gCosaiv agus go mbeidh a cuntas teiste curtha i bhfáth sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na caimiléireachta faoin lá a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra seo.

    I bhfianaise na gcritéar uile ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, cás ar chás, cé na tríú tíortha sin a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, mar atá leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (arna thabhairt isteach le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014), chinn an Coimisiún togra reachtach a thíolaic chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus aistreofar an Chosaiv ó Iarscríbhinn I, Cuid 2 go dtí Iarscríbhinn II, Cuid 4 den Rialachán sin. De réir mar a shonraítear sa treochlár, ní chumhdaíonn an leasú sin ach na daoine aonair sin ón gCosaiv ar sealbhóirí pas bithmhéadraigh iad arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus le caighdeáin an Aontais Eorpaigh maidir le gnéithe slándála agus bithmhéadracht i ndoiciméid taistil 7 .

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

    I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Na Ballstáit ar fad – diomaite d'Éirinn agus den Ríocht Aontaithe – mar aon leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslann agus Lichtinstéin, cuireann siad Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 i bhfeidhm. Is cuid é an Rialachán seo de chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh maidir le gearrfhanachtaí 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

    Faoi láthair, is in Iarscríbhinn I, Cuid 2 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 atá an Chosaiv liostaithe i.e. tá sí ar cheann de na heintitis agus na húdaráis críche sin nach bhfuil aitheanta mar stáit ag Ballstát amháin ar a laghad. Tá ar dhaoine ó na heintitis sin víosa a bheith ina seilbh acu chun taisteal chuig críoch Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

    Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 8 , tráth a aistríodh an Mholdóiv go liosta na dtíortha atá saor ó cheanglas víosa ar an ábhar gur éirigh léi a plean gníomhaíochta maidir le léirscaoileadh víosaí a chur chun feidhme, agus le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 9 freisin, tráth a díolmhaíodh cúig thír i Muir Chairib 10 , agus aon tír déag san Aigéan Ciúin 11 , chomh maith leis an gColóim, an Pheiriú agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ó cheanglas víosaí faoi réir comhaontuithe tarscaoilte víosaí a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tríú tíortha lena mbaineann agus tar éis athbhreithniú tréimhsiúil a bheith déanta ar na liostaí víosa. An 9 Márta 2016 agus an 20 Aibreán 2016, mhol an Coimisiún Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú agus an tSeoirsia 12 agus an Úcráin 13 faoi seach a aistriú chuig an liosta tíortha atá saor ó cheanglas víosa.

    Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, cás ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, tá siad leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ar na critéir sin tá "inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach” 14 . Ní mór aird ar leith a thabhairt ar shlándáil na ndoiciméad taistil a eisíonn na tríú tíortha lena mbaineann.

    Tá díolmhú ón gceanglas víosa tugtha cheana féin ag an gCosaiv do gach saoránach den Aontas Eorpach le haghaidh fanachtaí suas le 90 lá in aon tréimhse 6 mhí. Dá ndéanfaí an cinneadh sin a aisghairm nó dá mbainfí míúsáid as an gcóras saor ó cheanglas víosa, d'fhéadfaí na sásraí cómhalartachta agus fionraíochta Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, mar a leasaíodh le Rialachán xxx a chur i ngníomh.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    An 6 Aibreán 2016, mhol an Coimisiún Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a bhunú chun teorainneacha seachtracha limistéar Schengen a neartú 15 . Is iad príomhaidhmeanna an togra sin feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann a dhéantar ar náisiúnaigh tríú tír agus deimhin a dhéanamh de go sainaithneofar rófhantóirí ar dhóigh chórasach iontaofa. Dá bhrí sin, nuair a bheidh EES bunaithe beidh sé ina uirlis thábhachtach le deimhin a dhéanamh de gur go dleathach a bheidh náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil ceanglas víosa orthu ag fanacht i limistéar Schengen, agus beidh sé ina chuidiú cosc a chur ar imirce neamhrialta ag náisiúnaigh nach bhfuil ceanglas víosa orthu. 

    Ina theannta sin, i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016 16 , fógraíodh go measfadh an Coimisiún a riachtanaí, a indéanta agus a chomhréire atá sé córas um fhaisnéis agus údarú taistil don Aontas Eorpach (ETIAS) a bhunú. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go scrúdóidh sé in 2016 an bhfuil sé indéanta agus comhréireach leibhéal eile rialuithe dá shórt sin a chur i bhfeidhm ar náisiúnaigh atá saor ó cheanglas víosa agus, chomh maith leis sin, an mbeadh a leithéid ina chuidiú le fírinne le slándáil limistéar Schengen a chaomhnú agus a neartú.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Ós rud é go ndéanfaidh an togra seo leasú ar chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh, is é pointe (a) d'Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Forbairt ar acquis Schengen a bheidh sa Rialachán atá beartaithe.

    Coimhdeacht, comhréireacht agus an rogha ionstraime

    Ós rud é gur gníomh dlí de chuid an Aontais Eorpaigh é Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, is le gníomh dlí atá coibhéiseach leis, agus leis sin amháin, is féidir é a leasú. Ní féidir le Ballstáit gníomhú ar bhonn aonair chun an cuspóir beartais sin a bhaint amach. Ní ann d'aon rogha bheartais eile (nach rogha bheartais reachtach é) lena bhféadfaí an cuspóir beartais a bhaint amach.

    3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Bhí comhphlé rialta ann leis na Ballstáit i Meitheal na Comhairle um Bhalcáin Thiar (COWEB), chomh maith le plé rialta le Parlaimint na hEorpa maidir leis an bpróiseas léirscaoilte víosaí.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Tá sonraí cuimsitheacha bailithe ag an gCoimisiún faoin méid atá ceanglais uile an treochláir um léirscaoileadh víosaí curtha chun feidhme ag an gCosaiv. Tá ag gabháil leis an gceathrú tuarascáil ón Coimisiún doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún ina leagtar amach an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag léirscaoileadh víosaí don Chosaiv ar chúrsaí imirce agus slándála, chomh maith leis an tsraith beart atá curtha chun feidhme ag an gCosaiv ó Nollaig 2015 i leith chun géarchéim imirce neamhrialta a chosc 17 .

    An measúnú tionchair

    Sa dhoiciméad inmheánach oibre atá luaite thuas, chuir an Coimisiún anailís nuashonraithe ar fáil mar aon le faisnéis staidrimh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag léirscaoileadh víosaí do shaoránaigh na Cosaive ar chúrsaí imirce agus slándála, agus ar an tsraith beart atá curtha chun feidhme ag an gCosaiv ó Nollaig 2015 i leith chun cosc a chur ar ghéarchéim imirce neamhrialta, bunaithe ar ionchur arna sholáthar ag na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus páirtithe leasmhara eile. Ní gá aon mheasúnú tionchair eile a dhéanamh.

    Cearta bunúsacha

    Ní bheidh aon tionchar diúltach ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach san Aontas Eorpach. Cuirfidh comhlíonadh thagarmharcanna an treochláir um léirscaoileadh víosaí feabhas ar chosaint chearta an duine sa Chosaiv.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Neamhbhainteach

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe maidir le faireachán, measúnú agus fógra a thabhairt

    Beidh feidhm dhíreach ag an Rialachán leasaithe ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm agus cuirfidh na Ballstáit chun feidhme é láithreach. Níl gá aon phlean cur chun feidhme a dhéanamh.

    Leanfaidh an Coimisiún d'fhaireachán a dhéanamh ar dul chun cinn na Cosaive maidir lena comhaontú faoin teorainn le Montainéagró a dhaingniú agus ar a cuntas teiste sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na caimiléireachta.

    Déanfar faireachán ar chur chun feidhme leanúnach na Cosaive maidir leis na ceanglais uile atá leagtha amach i gceithre bhloc an treochláir víosaí, chomh maith le hathimeascadh agus athligean isteach, le sásra faireacháin iarléirscaoileadh na víosaí, 18 leis an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais agus, más gá, trí shásraí leantacha ad hoc. Ba cheart don Chosaiv a áirithiú go bhfanfaidh bearta éifeachtacha i bhfeidhm chun cosc a chur ar mhíúsáid na scéime maidir le taisteal saor ó cheanglas víosa. Chomh maith le nithe eile, ba cheart don Chosaiv feachtais faisnéise spriocdhírithe a eagrú chun na cearta agus oibleagáidí a bhaineann le taisteal saor ó cheanglas víosa i limistéar Schengen a shoiléiriú agus na rialacha lena rialaítear fosaíocht a lorg laistigh de mhargadh saothair an Aontais a shoiléiriú chomh maith. Leanfaidh an Coimisiún d'fhaireachán a dhéanamh agus déanfaidh sé a dhícheall tacú leis an gCosaiv chun ceanglais an treochláir víosaí a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

    Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Leasófar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus aistreofar an Chosaiv ó Iarscríbhinn I, Cuid 2 (liosta na dtíortha a bhfuil víosaí de dhíth ar a náisiúnaigh) go dtí Iarscríbhinn II, Cuid 4 (liosta na dtíortha atá saor ó cheanglas víosa). Cuirfear isteach fonóta ina sonrófar go bhfuil an díolúine víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus le caighdeáin an Aontais Eorpaigh maidir le gnéithe slándála agus bithmhéadracht i ndoiciméid taistil (Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle).

    2016/0139 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

    (An Chosaiv*)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 77(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle 19 liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Comhdhéanamh na liostaí de thríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, ba cheart é a bheith ag teacht leis na critéir atá leagtha amach iontu, agus ba cheart go bhfanfadh sé amhlaidh. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó iarscríbhinn amháin go dtí an iarscríbhinn eile, de réir mar is iomchuí.

    (2)Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, cás ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, tá siad leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ar na critéir sin tá "inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach”.

    (3)[Tá a chuid ceanglas i dtaobh an treochláir um léirscaoileadh víosaí comhlíonta ag an gCosaiv. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, agus i bhfianaise na gcritéar ar fad atá liostaithe in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, is iomchuí díolúine a thabhairt do dhaoine ón gCosaiv ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal chuig críoch na mBallstát.]

    (4)Dá réir sin, ba cheart an Chosaiv a aistriú ó Iarscríbhinn I, Cuid 2 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go dtí Iarscríbhinn II, Cuid 4, de. Níor cheart feidhm a bheith ag an tarscaoileadh víosa sin ach i gcás sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle 20 .

    (5)Tá an díolúine víosa sin ag brath ar chur chun feidhme leanúnach cheanglais an treochláir um léirscaoileadh víosaí. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go gníomhach ar chur chun feidhme na gceanglas seo leis an sásra iarléirscaoileadh víosaí. Féadfaidh an tAontas Eorpach an díolúine víosa a fhionraí i gcomhréir leis an sásra fionraíochta a bunaíodh le hAirteagal 1a de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, arna leasú ag Rialachán xxx má chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach san Airteagal sin.

    (6)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 21 . Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (7)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 22 . Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (8)Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 23 .

    (9)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 24 .

    (10)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 25 ,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

    (a)in Iarscríbhinn I, Cuid 2 (''EINTITIS AGUS ÚDARÁIS CHRÍCHE NACH bhFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD''), scriostar an tagairt don Chosaiv mar atá sainmhínithe le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999.

    (b)in Iarscríbhinn II, Cuid 4 (''EINTITIS AGUS ÚDARÁIS CHRÍCHE NACH bhFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD''), cuirtear isteach an tagairt seo a leanas:

    “An Chosaiv* (**)”

    ______________

    *    Tá an tainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    **    An díolúine ón gceanglas víosa, ní infheidhme dó ach do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag na Ballstáit IO L 385, 29.12.2004, lch. 1.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1) Ní dhéanann an cinneadh maidir le Rialachán 539/2001 a leasú agus deireadh a chur le ceanglas víosa an Aontais Eorpaigh do mhuintir na Cosaive difear do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir le stádas.
    (2) Cinneadh ón gComhairle 2014/349/CFSP an 12 Meitheamh 2014 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach  2008/124/CFSP maidir le Misean "Smacht Reachta" an Aontais Eorpaigh don Chosaiv (), EULEX an Chosaiv, IO L 174, 13.6.2014 lch. 42.
    (3) COM(2013) 66 final.
    (4) COM(2014) 488 final.
    (5) COM(2015) 906 final, a bhfuil SWD(2015) 706 final ag gabháil leis
    (6) COM(2016) 276 final.
    (7) Go háirithe Rialachán (CE) Uimh2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag na Ballstáit, IO L 385, 29.12.2004, lch1.
    (8) Rialachán (AE) Uimh259/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 105, 8.4.2014, lch. 9).
    (9) Rialachán (AE) Uimh509/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 149, 20.5.2014, lch. 67).
    (10) Doiminice, Greanáda, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní.
    (11) Cireabaití, an Mhicrinéis, Nárú, Oileáin Marshall, Palau, Oileáin Sholomón, Samó, Tíomór Thoir, Tonga, Tuvalu, Vanuatú.
    (12) COM(2016) 142 final.
    (13) COM(2016) 236 final.
    (14) Rialachán (CE) Uimh539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.
    (15) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí (COM(2016) 194 final).
    (16) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, "Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil" (COM(2016) 205 final).
    (17) SWD(2016) 160 final.
    (18) Ráiteas ón gCoimisiún maidir le sásra faireacháin an 8 Samhain 2010, 2010/0137 (COD).
    (19)

    *    an tainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

       Rialachán (CE) Uimh539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.03.2001, lch. 1).

    (20) Rialachán (CE) Uimh2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna neisiúint ag na Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).
    (21) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
    (22) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
    (23) Council Decision 1999/437/EC of 17 May 1999 on certain arrangements for the application of the Agreement concluded by the Council of the European Union and the Republic of Iceland and the Kingdom of Norway concerning the association of those two States with the implementation, application and development of the Schengen acquis, OJ L 176, 10.7.1999, p. 31.
    (24) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
    (25) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
    Top