EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0194

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

COM/2016/0194 final - 2016/0106 (COD)

An Bhruiséil,6.4.2016

COM(2016) 194 final

2016/0106(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

{SWD(2016) 114 final}
{SWD(2016) 115 final}
{SWD(2016) 116 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúlra

I mí Feabhra 2013, chuir an Coimisiún chun tosaigh pacáiste de thograí reachtacha maidir le Teorainneacha Cliste chun bainistiú teorainneacha seachtracha i limistéar Schengen a nuachóiriú. Trí thogra a bhí sa phacáiste: (1) Rialachán maidir le Córas Dul Isteach/ Imeachta (EES) le haghaidh faisnéis a thaifeadadh faoi am agus áit dul isteach agus imeachta náisiúnach tríú tír atá ag dul isteach i limistéar Schengen agus ag imeacht as, (2) Rialachán maidir le Clár do Thaistealaithe Cláraithe (RTP) a chuirfeadh ar a chumas do náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh réamh-ghrinnfhiosrúchán orthu tairbhe a bhaint as éascú seiceálacha teorann ag teorainn sheachtrach an Aontais, (3) Rialachán lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen 1 chun bunú EES agus RTP a thabhairt i gcuntas 2 .

Sa chéad scrúdú ar an bpacáiste a cuireadh i gcrích i mí Feabhra 2014, chuir na comhreachtóirí in iúl gur údar imní dóibh gnéithe áirithe de dhearadh na gcóras ar chúiseanna teicniúla, airgeadais agus oibríochtúla. Níor ceistíodh, áfach, na roghanna beartais tosaíochta a moladh in 2013 (i.e. córais láraithe bunaithe ar bhithmhéadracht). Chuir Parlaimint na hEorpa an togra faoi bhráid a Coiste um Shaoirsí Sibhialta, Cheartas agus Gnóthaí Baile (LIBE). Níor eisigh an Pharlaimint rún reachtach maidir leis na tograí.

Chun measúnú breise a dhéanamh ar thionchar teicniúil, eagraíochtúil agus airgeadais na roghanna beartais a moladh, chuir an Coimisiún, le tacaíocht ón dá chomhreachtóir, tús le próiseas ina bhfuil dhá chéim agus ar a dtugtar an "cruthúnas coincheapa":

staidéar teicniúil maidir le Teorainneacha Cliste ("an staidéar teicniúil" anseo feasta) faoi stiúir an Choimisiúin a foilsíodh i nDeireadh Fómhair 2014 3 , agus

céim tástála faoi stiúir euLISA ar thionchar úsáid aitheantóirí éagsúla bithmhéadracha ar na próisis rialaithe teorann ("an treoirthionscadal" anseo feasta) ar foilsíodh tuarascáil ina leith i Samhain 2015 4 .

Bunaithe ar thorthaí an staidéir theicniúil, ar thorthaí an treoirthionscadail, ar an bplé teicniúil a rinneadh leis na comhreachtóirí agus na páirtithe leasmhara mar aon le comhairliúchán poiblí 5 , d'ullmhaigh an Coimisiún measúnú tionchair mionsonraithe a ghabhann leis an togra seo. Cuireann an measúnú tionchair seo leis na measúnuithe tionchair 6 atá ag gabháil le tograí 2013 agus díríonn sé ar eilimintí de thograí 2013 áit a moltar mionathruithe, go háirithe (a) ailtireacht an chórais, (b) sonraí bithmhéadracha atá le húsáid, (c) úsáid éascaitheoirí próisis, (d) coinneáil sonraí agus (e) rochtain ag údaráis forghníomhaithe dlí.

Ar bhonn na nullmhúchán forleathan sin, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar na feabhsuithe agus ar na simpliúcháin is gá a dhéanamh ar thograí 2013. Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún:

athbhreithniú a dhéanamh ar an togra a rinne sé in 2013 le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES);

athbhreithniú a dhéanamh ar an togra a rinne sé in 2013 le haghaidh Rialachán lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen chun na hathruithe teicniúla a eascraíonn as an togra nua le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta a chomhtháthú (EES);

an togra a rinne sé in 2013 le haghaidh Rialachán maidir le Clár do Thaistealaithe Cláraithe (RTP) a tharraingt siar. 

 An réasúnaíocht is bun le Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a bhunú don Aontas Eorpach

Mar a míníodh sa mheasúnú tionchair, meastar gur gá Córas Dul Isteach/Imeachta a bhunú don Aontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo a leanas:

1. Chun aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna ag na seiceálacha teorann agus ar cháilíocht na seiceálacha teorann ar náisiúnaigh tríú tír a fheabhsú

Tá na sreabha paisinéirí ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh ag méadú agus leanfaidh an méadú sin sa todhchaí. Tuartar go dtiocfaidh méadú ar an líon trasnuithe rialta teorann go 887 milliún faoi 2025, agus meastar gur náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal go tíortha Schengen ar chuairt ghearrthéarma a bheidh in aon trian nó mar sin díobh. Déantar "seiceálacha íosta" ar shaoránaigh an Aontais agus ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu, ach bíonn náisiúnaigh tríú tír atá ag trasnú teorainneacha seachtracha limistéar Schengen faoi réir "seiceálacha críochnúla" a dhéantar de láimh ag na teorainneacha faoi láthair (ar dhul isteach agus ar imeacht dóibh).

Níl aon fhorálacha i gCód Teorainneacha Schengen maidir le taifeadadh gluaiseachtaí trasteorann taistealaithe isteach i limistéar Schengen nó amach as. De ghnáth, bíonn an ceart ag náisiúnaigh tríú tír dul isteach le haghaidh gearrfhanachta nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Faoi láthair, is é an stampa ar an doiciméad taistil a léiríonn na dátaí dul isteach agus imeachta an taon bhealach atá ag na gardaí teorann agus ag na húdaráis inimirce chun fad fanachta náisiúnaigh tríú tír a ríomh agus chun a fhíorú an bhfuil duine éigin ag fanacht níos faide ná a thréimhse fanachta údaraithe. Is deacair uaireanta ciall a bhaint as na stampaí sin: féadfaidh siad a bheith doléite nó góchumtha. Ar an gcaoi chéanna, is deacair do chonsalachtaí a mbíonn orthu iarratais ar víosa a phróiseáil dlíthiúlacht víosaí a eisíodh roimhe sin a dheimhniú ar bhonn stampaí atá sa doiciméad taistil. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil an próiseas ar fad tugtha d’earráidí agus nach gcuirtear chun feidhme é go córasach i gcónaí.

A bhuí le EES:

– cuirfear faisnéis bheacht ar fáil, go pras agus ar éileamh, do ghardaí teorann le linn seiceálacha teorann, in ionad an chórais reatha mhalltriallaigh neamhiontaofa atá ann faoi láthair, mar atá stampáil pasanna de láimh; déanfar faireachán níos fearr dá bharr ar an bhfanacht údaraithe agus cuirfear seiceálacha teorann níos éifeachtúla i bhfeidhm;

– cuirfear faisnéis ar fáil do ghardaí teorann faoi dhiúltú cead isteach do náisiúnaigh tríú tír agus beifear in ann an diúltú cead isteach a sheiceáil go leictreonach in EES;

– cuirfear faisnéis bheacht ar fáil do thaistealaithe faoi fhad uasta a bhfanachta údaraithe;

– d'fhéadfaí rialuithe uathoibrithe teorann a chur ar bun do náisiúnaigh tríú tír faoi mhaoirseacht na ngardaí teorann i gcomhréir leis na coinníollacha a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 8(d) den togra athbhreithnithe maidir le Cód Teorainneacha Schengen a leasú.

2. Féachaint chuige go ndéantar 'rófhantóirí' a aithint go córasach agus go hiontaofa 

Áirítear i measc na ninimirceach neamhrialta daoine atá tar éis an teorainn a thrasnú go neamhrialta – go hiondúil ag áit nach pointe oifigiúil trasnaithe teorann é – mar aon leo siúd ar a dtugtar "rófhantóirí": daoine a tháinig isteach san Aontas Eorpach go dleathach ag pointe oifigiúil trasnaithe teorann ach a d'fhan níos faide ná fad a bhfanachta údaraithe. Tugann EES aghaidh ar an gcatagóir sin d'imirce neamhrialta. De bharr nach gcláraítear faoi láthair na trasnuithe teorann a dhéanann náisiúnaigh tríú tír, ní féidir liostaí rófhantóirí a chur le chéile.

A bhuí le EES:

– cuirfear ar fáil faisnéis bheacht faoi cé atá ag fanacht níos faide ná fad a bhfanachta údaraithe, rud a chuideoidh leis an bpróiseas chun imircigh neamhrialta a ghabháil a dhéanamh níos éifeachtúla;

– beidh tacaíocht ar fáil chun imircigh neamhrialta a shainaithint; trí shonraí bithmhéadracha a stóráil in EES ar gach duine nach bhfuil faoi réir an cheanglais víosa, agus ag cur san áireamh go stóráiltear sonraí bithmhéadracha sealbhóirí víosa i VIS, beidh sé ar chumas údaráis na mBallstát aon imirceach neamhrialta a aimsítear ar an gcríoch nach bhfuil doiciméad taistil aige a shainaithint má tháinig sé trasna na teorann seachtraí go dleathach; éascóidh sé seo ar a sheal an próiseas um fhilleadh;

– beifear in ann cur chuige fianaise-bhunaithe a chur i bhfeidhm trí anailís a ghinfear sa chóras. Maidir le beartas víosa, cuir i gcás, tabharfaidh EES sonraí beachta faoi cibé acu an bhfuil fadhb ann i dtaobh rófhantóirí ó náisiúntacht ar leith nó nach bhfuil, rud a bheadh tábhachtach agus cinneadh á dhéanamh maidir le hoibleagáid víosa a fhorchur ar an tríú tír i dtrácht nó fáil réidh léi;

3. An tslándáil inmheánach agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí a neartú 

Is iomaí trasnú teorann a bhíonn i gceist de bharr gníomhaíochtaí coiriúla amhail gáinneáil ar dhaoine, smuigléireacht daoine nó smuigléireacht earraí neamhdhleathacha, gníomhaíochtaí a éascaítear de bharr nach gcláraítear trasnuithe teorann na náisiúnach tríú tír lena mbaineann. Ar an dóigh chéanna, mura ndéantar trasnuithe teorann a chlárú, féadfaidh sé go rachaidh sé sin chun sochair d'eagraíochtaí sceimhlitheoireachta agus do dhaoine radacaithe. Maidir le rialuithe ar náisiúnaigh tríú tír ag teorainneacha seachtracha, déantar seiceálacha céannachta agus cuardach i mbunachair shonraí ar gach duine nó grúpa is eol ar bagairt thromchúiseach é don tslándáil phoiblí agus ar ceart é a ghabháil nó cead isteach ar an gcríoch a dhiúltú dó. I gcás, áfach, ina scriosann náisiúnach tríú tír a chuid doiciméad agus é laistigh de limistéar Schengen, bíonn sé andeacair ar na húdaráis forghníomhaithe dlí an duine sin a shainaithint más rud é go bhfuil amhras faoi go ndearna sé coir nó gur íospartach coire é.

A bhuí le EES:

– beidh tacaíocht ar fáil le sainaithint iontaofa a dhéanamh ar sceimhlitheoirí agus ar choirpigh mar aon le hamhrastaigh agus íospartaigh;

– cuirfear ar fáil taifead ar stair taistil náisiúnach tríú tír, ina measc amhrastaigh choire. Ar an gcaoi sin, dhéanfaí comhlánú ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gCóras Faisnéise Schengen.

Athruithe ábhartha ó 2013

Agus an togra athbhreithnithe seo á ullmhú aige, chuir an Coimisiún san áireamh freisin athruithe ábhartha ar an timpeallacht pholaitiúil, dhlíthiúil agus institiúideach a tharla ó 2013 i leith, tráth ar tíolacadh na tograí bunaidh maidir le Teorainneacha Cliste:

Cuireadh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) i bhfeidhm ina iomláine. Cuireadh i gcrích leathnú amach an chórais chuig consalachtaí na mBallstát i ngach tríú tír ábhartha i Samhain 2015. Tá sé éigeantach anois fíorú bithmhéadrach a dhéanamh i VIS ar shealbhóirí víosa ag teorainneacha seachtracha Schengen. Chun críocha sainaithint agus imscrúdú a dhéanamh, tá ag méadú ar an úsáid a bhaineann na húdaráis forghníomhaithe dlí as VIS.

Cuireadh i gcrích nó cuireadh dlús leis an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí le tíortha sna Balcáin Thiar agus ar theorainneacha Oirthear agus Oirdheisceart an Aontais agus, mar thoradh air sin, tiocfaidh méadú ar an sciar taistealaithe a bheidh ag teacht isteach san Aontas a bheidh díolmhaithe ó cheanglas víosa. Meastar go leanfaidh an treocht sin sna blianta amach romhainn.

Glacadh an Ciste Slándála Inmheánaí, agus cuireadh EUR 791 milliún den chiste sin i leataobh ar mhaithe le Teorainneacha Cliste a fhorbairt, agus úsáidfear an tairgead sin nuair a ghlacfar an bunús dlí ábhartha.    

Leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 7 go raibh "bainistiú teorainneacha" ar cheann de na "ceithre cholún chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce". Má táthar chun teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus iad a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, ní mór úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna a chuireann córais agus teicneolaíochtaí TF ar fáil. Ina theannta sin, ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile agus ag an gComhairle Eorpach i Nollaig 2015, leag na Ballstáit béim ar an ngá atá ann feabhas a chur ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha trí theicneolaíochtaí nua a úsáid.

Is "éadroime" agus is "tapúla" an chaoi ar féidir taistealaithe a chlárú agus a fhíorú de bharr go bhfuil mearfhorbairtí déanta i réimse na teicneolaíochta bithmhéadraí, ní amháin i gcás méarlorg ach i gcás íomhánna den aghaidh chomh maith.

Thug an breithiúnas Cúirte ar an Treoir um Choinneáil Sonraí soiléireacht dhlíthiúil ar na coinníollacha agus na cosaintí is gá a urramú i gcás stóráil agus úsáid shonraí EES.

Cuirfear ar bun ar fud an Aontais creat nua-aimseartha cosanta sonraí mar thoradh ar chomhaontú polaitiúil na gcomhreachtóirí i Nollaig 2015 maidir le leasú ar rialacha cosanta sonraí an Aontais. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Treoir um Chosaint Sonraí a ghlacadh go foirmiúil le linn 2016.

Príomheilimintí phacáiste leasaithe na dteorainneacha cliste

Áirítear i raon feidhme an Chórais nua Dul Isteach/Imeachta na trasnuithe teorann a dhéanann gach náisiúnach tríú tír a bhfuil cuairt á tabhairt aige ar limistéar Schengen le haghaidh gearrfhanachta (tréimhse nach mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá), idir thaistealaithe a bhfuil ceanglas víosa orthu agus iad siúd atá díolmhaithe ó cheanglas víosa nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte 8 (víosa ar feadh bliana ar a mhéid).    

Ba cheart baill de theaghlach saoránaigh den Aontas ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta nó baill de theaghlach náisiúnach tríú tír ag a bhfuil na cearta céanna chun saorghluaiseachta agus atá ag saoránaigh an Aontais ach nach bhfuil cárta cónaithe acu go fóill, ba cheart iad a chlárú in EES ach ní bheidh siad faoi réir riail an ghearrfhanachta, agus déanfar seiceálacha ar an gcatagóir sin i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE 9 . Ní chuirtear san áireamh in EES na baill sin de theaghlach ag a bhfuil an cárta cónaithe dá dtagraítear i dTreoir 2004/38/CE.

Baileofar sonraí sa chóras agus clárófar ann taifid ar dhul isteach agus imeacht chun go néascófar an trasnú teorann do thaistealaithe bona fide agus chun gur fusa rófhantóirí a shainaithint. Mar aon leis sin, déanfar aon diúltú maidir le dul isteach a thugtar do náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme EES a thaifeadadh sa chóras.

Is iad seo a leanas na príomhdhifríochtaí idir an togra modhnaithe agus tograí 2013:

Ailtireacht an chórais: ní mholtar ach an taon chóras amháin, is é sin an Córas Dul Isteach/Imeachta. Déanfar an ceangal idir na bonneagair teorann náisiúnta agus córas lárnach EES trí chomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta, comhéadan a bheidh mar an gcéanna i ngach Ballstát, agus a bhuí léis sin, beifear in ann na córais náisiúnta dul isteach/imeachta atá ann cheana a úsáid. Ní féidir, áfach, sonraí ón gcóras lárnach a chóipeáil isteach sna córais náisiúnta dul isteach/imeachta sin atá ann cheana.

– Déantar idir-inoibritheacht EES agus VIS a áirithiú chun gur éifeachtúla agus gur tapúla na seiceálacha teorann. Chuige sin, déanfar córais lárnacha EES agus VIS a cheangal agus déanfar rochtain dhíreach eatarthu a rialáil chun críocha sonracha. Laghdófar an dúbailt a dhéantar ar phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an bprionsabal "príobháideacht d'aon ghnó".

 

Aitheantóirí bithmhéadracha: cé go raibh tograí 2013 maidir le EES bunaithe ar dheich méarlorg a úsáid roimhe seo, moltar sna tograí athbhreithnithe maidir le EES ceithre mhéarlorg a úsáid i dteannta le híomhá den aghaidh mar aitheantóirí bithmhéadracha ón uair a thosaigh EES ag feidhmiú. Ar an ábhar sin, i bhfianaise cé chomh mór agus a mheastar a bheidh EES, beifear in ann fíorú agus sainaithint atá cruinn go leor a dhéanamh ach an líon sonraí a choimeád ar leibhéal atá réasúnach agus dlús a chur le rialuithe teorann ag an am céanna, agus beifear in ann úsáid níos forleithne a bhaint as córais féinfhreastail ag pointí trasnaithe teorann. Úsáidtear na ceithre mhéarlorg tráth an chlárúcháin chun seiceáil an bhfuil an náisiúnach tríú tír cláraithe cheana sa chóras agus is féidir úsáid a bhaint as íomhá den aghaidh chun fíorú tapa agus iontaofa (uathoibríoch) a dhéanamh tráth aon dula isteach ina dhiaidh sin gurb é an duine céanna é an duine atá faoi réir an rialaithe teorann agus an duine atá cláraithe cheana in EES.

Cosaint sonraí pearsanta: beidh laghdú suntasach ar an líon sonraí pearsanta a dhéanfar a thaifeadadh in EES: déanfar 26 mhír sonraí a thaifeadadh in EES in áit 36. Déantar ceart rochtana ar shonraí pearsanta mar aon le ceart iad a cheartú agus iad a scriosadh a shainiú go soiléir agus a chosaint. Is iad an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí a bheidh i gceannas ar mhaoirseacht ar phróiseáil sonraí.

An tréimhse choinneála sonraí: Cúig bliana atá sa tréimhse choinneála le haghaidh sonraí stóráilte. Mar gheall ar an tréimhse choinneála cúig bliana le haghaidh sonraí, beidh laghdú ar an líon uaireanta is gá athchlárú agus rachaidh sé sin chun sochair gach taistealaí agus, lena chois sin, cuirfidh sé ar chumas an gharda teorann an anailís riosca is gá a dhéanamh faoi Chód Teorainneacha Schengen a chur i gcrích, sula dtugann sé údarás do thaistealaí dul isteach i limistéar Schengen. Dá ndéanfaí, mar a moladh in 2013, an taifead ar an bhfaisnéis in EES a scriosadh go córasach tar éis 181 lá, gheobhadh sé sin réidh le gach rian de stair taistil an náisiúnaigh tríú tír i ndáil le dul isteach i limistéar Schengen nó imeacht as, faisnéis atá riachtanach má tá an garda teorann le hanailís riosca a dhéanamh. Maidir leis an bhfiúntas a bhaintear as an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair, céim ar gcúl a bheadh ann d'éifeachtúlacht obair an gharda teorann: is minic a bhíonn faisnéis a théann siar roinnt mhaith blianta le feiceáil sna stampaí ar dhoiciméad taistil. Is gá, mar sin, fad a chur leis an tréimhse choinneála sonraí chun a chur ar chumas an gharda teorann an anailís riosca is gá a dhéanamh faoi Chód Teorainneacha Schengen sula núdaraíonn sé do thaistealaí dul isteach i limistéar Schengen. Mar chuid den phróiseáil a dhéantar ar iarratas ar víosa in aon phost consalach is gá freisin anailís a dhéanamh ar stair taistil an iarratasóra chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a baineadh as víosaí roimhe seo agus ar urramú na gcoinníollacha fanachta. In áit pasanna a stampáil, déanfar EES a cheadú. Ar an ábhar sin, ba cheart go gcumhdódh an stair taistil atá le fáil sa chóras tréimhse ama ar leor é chun críche víosa a eisiúint.

De dhroim na tréimhse coinneála sonraí a bheith níos faide, laghdófar minicíocht an athchlárúcháin, rud a rachaidh chun sochair do gach taistealaí de bharr go dtiocfaidh laghdú ar an meánam trasnaithe teorann agus ar an tréimhse feithimh ag pointí trasnaithe teorann. Fiú i gcás taistealaí nach bhfuil ag dul isteach ach uair amháin i limistéar Schengen, de bharr nach mbeidh ar thaistealaithe eile atá cláraithe cheana in EES athchlárú, tiocfaidh laghdú ar an tréimhse feithimh ag an teorainn ina chás.

Má úsáidtear luasairí próiseála agus córais féinfhreastail chun trasnuithe teorann a éascú, beidh sé riachtanach freisin fad a chur leis an tréimhse choinneála sonraí. Is ag brath ar na sonraí atá cláraithe sa chóras a bheidh an téascú sin. I gcás tréimhse choinneála sonraí níos giorra ba lú an líon taistealaithe a rachadh an téascú chun sochair dóibh, rud a bhainfeadh an bonn den chuspóir atá leagtha amach do EES, is é sin trasnuithe teorann a éascú.

Maidir le baill de theaghlach saoránach den Aontas, nach saoránaigh den Aontas iad féin agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin, déanfar gach taifead ar dhul isteach/imeacht a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná bliain i ndiaidh an imeachta deiridh. Is ceart a sainchomhad a choinneáil go ceann cúig bliana agus, ar an dóigh sin, beidh an ball teaghlaigh sin in ann tairbhe a bhaint as éascú na dtrasnuithe teorann

Maidir le rófhantóirí nach bhfuil teacht orthu ag deireadh na tréimhse coinneála sonraí, is féidir foláireamh atá bunaithe ar shonraí EES a chruthú i gCóras Faisnéise Schengen, má chinntear sin ar an leibhéal náisiúnta, sula scriosfar sonraí EES.

Éascú trasnuithe teorann: tá an cur chuige maidir leis an éascú sin bunaithe ar chur chun feidhme córas féinfhreastail agus ríomhgheataí a chuirfidh ar chumas an náisiúnaigh tríú tír tús a chur leis an bpróiseas chun cead isteach thar an teorainn a fháil, próiseas a chuirfidh sé i gcrích trí fhaisnéis bhreise a chur ar fáil don gharda teorann arna iarraidh. Tá úsáid na luasairí sin (arna dtabhairt isteach leis an togra lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen) roghnach do na Ballstáit, tá siad ar fáil d'fhormhór na dtaistealaithe agus ní gá aon chóras nua a fhorbairt lena naghaidh.

– Ina theannta sin, beidh bunús dlí comhchuibhithe ann (arna thabhairt isteach freisin leis an togra lena leasaítear Cód Teorainneacha Schengen) chun go mbeidh na Ballstáit in ann Clár do Thaistealaithe Cláraithe a bhunú, ar bhonn deonach.

Rochtain ag údaráis forghníomhaithe dlí: ón uair a thosóidh EES ag feidhmiú, beidh rochtain ag na húdaráis forghníomhaithe dlí i ngach Ballstát agus ag Europol air, faoi choinníollacha a shainítear go soiléir. In EES, beidh teacht ar shonraí iontaofa maidir le dátaí dul isteach agus imeachta náisiúnach tríú tír a thagann faoi raon feidhme EES, sonraí a d'fhéadfadh a bheith ríthábhachtach i gcás comhaid forghníomhaithe dlí duine aonair, agus ar ar cheart rochtain a thabhairt i gcomhréir le cuspóir na hionstraime agus le hurraim ar na rialacha cosanta sonraí.

Tá sé cruthaithe cheana a úsáidí is atá rochtain ar shonraí VIS chun críocha fhorghníomhú an dlí. Thuairiscigh na Ballstáit cásanna inar maraíodh daoine go foréigeanach agus nárbh fhéidir iad a shainaithint murach rochtain a bheith ar VIS. Baineann cásanna eile a tuairiscíodh le gáinneáil ar dhaoine, le sceimhlitheoireacht nó le gáinneáil ar dhrugaí arb é an rochtain ar shonraí VIS a chuidigh leis na himscrúdaitheoirí dul chun cinn maith a dhéanamh.

Na costais: i dtograí 2013, cuireadh EUR 1.1 billiún i leataobh mar mhéid táscach chun EES agus RTP a fhorbairt. I gcás an togra athbhreithnithe, más é córas aonair EES ar a mbeidh rochtain ag na húdaráis forghníomhaithe dlí rogha na tosaíochta, meastar go mbeidh costas EUR 480 milliún air sin.

Is é an togra athbhreithnithe maidir le Rialachán lena mbunaítear EES an chroí-ionstraim le haghaidh chreat dlí EES. Áirítear ann freisin leasuithe iarmhartacha ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana (i.e. leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 10 , ar Rialachán (AE) Uimh. 767/2008 11 agus ar an gCoinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme).Tá an togra comhlántach maidir le Cód Teorainneacha Schengen a leasú i ndáil le húsáid an chórais mar chuid den phróiseas bainistithe teorann á chur i láthair go comhthreomhar leis an togra seo.

 Forálacha atá ann faoi láthair a bhaineann leis an togra

Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena mbunaítear Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen).

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (CE) Uimh. 1931/2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha talún seachtracha na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen.

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (CE) Uimh. 767/2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS).

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí.

Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE.

2.COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar an gcomhairliúchán a rinneadh leis na páirtithe leasmhara sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo in Iarscríbhinn 2. Le linn 2015, rinne an Coimisiún comhairliúcháin spriocdhírithe chun tograí athbhreithnithe a ullmhú maidir le Teorainneacha Cliste i gceardlann le EDPS an 20 Márta 2015, leis an tsochaí shibhialta ag cruinniú an 5 Bealtaine 2015, le hiompróirí agus le hoibreoirí iompair, turasóireachta agus bonneagair ag cruinniú an 28 Bealtaine 2015, agus leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha ag dhá chruinniú an 22 Meitheamh agus an 23 Iúil 2015. Lena chois sin, d'eagraigh an Coimisiún cruinniú le cleachtóirí forghníomhaithe dlí na mBallstát an 9 Iúil 2015 agus dhá chruinniú theicniúla le saineolaithe ó na Ballstáit an 24 Meán Fómhair 2015 agus an 26 Deireadh Fómhair 2015.

Le linn comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl ón 29 Iúil go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2015, bailíodh tuairimí daoine aonair, eagraíochtaí, iompróirí agus údarás poiblí (mínítear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí go mion in Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair).

D'eagraigh Coiste LIBE Pharlaimint na hEorpa coiste idirpharlaiminteach leis na parlaimintí náisiúnta maidir le Teorainneacha Cliste an 23–24 Feabhra 2015.

Measúnú tionchair

Cuireadh an chéad mheasúnú tionchair 12 i gcrích in 2008 tráth a ullmhaíodh Teachtaireacht ón gCoimisiún ar an ábhar seo agus cuireadh ball críche ar an dara ceann in 2012 13 agus tograí 2013 á nullmhú.

Cuireadh ball críche ar an tríú measúnú tionchair in 2016. Agus an staidéar teicniúil á chur san áireamh, mar aon leis an tuarascáil ar an treoirthionscadal, toradh an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara agus an plé a rinneadh sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa, rinneadh anailís sa mheasúnú tionchair ar roghanna agus ar fho-roghanna ríthábhachtacha cur chun feidhme do EES agus do RTP araon. Ar na príomhathruithe a mholtar sa togra seo atá beartaithe le hais thograí 2013, áirítear na roghanna tosaíochta a tháinig as an measúnú tionchair (féach pointe 1 "Príomheilimintí an togra athbhreithnithe").

Rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) athbhreithniú ar an dréachtmheasúnú tionchair agus thug sé tuairim dhearfach uaidh an 22 Eanáir 2016.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe

Ní mór an fheidhm, na feidhmiúlachtaí agus na freagrachtaí a bhaineann leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta a shainiú. Ina theannta sin, is gá sainordú a thabhairt don Ghníomhaireacht chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (euLISA) chun an córas a fhorbairt agus chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh air. Tugtar míniú mionsonraithe ar an togra athbhreithnithe seo, Airteagal ar airteagal, i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin.

Mar gheall ar an togra seo, ní mór leasuithe a dhéanamh freisin ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, Rialachán (AE) Uimh. 767/2008 agus an (Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme) dá dtagraítear i bpointe 1.

Bunús dlí

I gcás an togra athbhreithnithe seo, is é Airteagal 77(2)(b) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a úsáideann sé mar bhunús dlí an Rialacháin seo. Is é Airteagal 77(2)(b) agus (d) an bunús dlí iomchuí chun na bearta a mhionshonrú tuilleadh maidir le trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus caighdeáin agus nósanna imeachta a fhorbairt lena gcloífidh na Ballstáit le linn dóibh seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag na teorainneacha sin. Is é Airteagal 77(2)(b) agus (d) an bunús dlí le haghaidh bhunú EES. Lena chois sin, is ag brath ar Airteagal 87(2)(a) mar bhunús dlí atá an togra athbhreithnithe chun cead rochtana ar EES a thabhairt chun críocha fhorghníomhú an dlí agus ar Airteagal 88(2)(a) chun cead rochtana a thabhairt do Europol, agus iad sin araon faoi dhianchoinníollacha. Éilíonn na bunúis bhreise dlí maidir le rochtain ar shonraí EES do na húdaráis forghníomhaithe dlí agus do Europol an gnáthnós imeachta reachtach céanna is infheidhme faoi Airteagal 77(2)(b) agus (d).

Prionsabal na coimhdeachta

Faoi Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá cumhacht ag an Aontas bearta a ghlacadh i ndáil leis na seiceálacha ar dhaoine agus le faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát. Is gá forálacha reatha an Aontais maidir le trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát a mhodhnú chun a chur san áireamh nach bhfuil modh iontaofa ann faoi láthair chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta i ngeall ar chastacht agus ar mhoille na hoibleagáide stampála reatha, stampáil nach leor í chun go mbeidh údaráis na mBallstát in ann an fanacht údaraithe a mheasúnú agus seiceáil á déanamh ar an taistealaí ag an teorainn nó le linn seiceálacha ar an gcríoch, agus i ngeall ar an bhfiúntas anteoranta atá ag córais náisiúnta ó thaobh seiceálacha a dhéanamh i limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

Maidir le faisnéis faoi cé dár diúltaíodh cead isteach ar chríoch an Aontais, faoi cé atá ar chríoch an Aontais agus faoi cé a chloíonn leis an ngearrfhanacht uasta de 90 lá i dtréimhse 180 lá, agus maidir le faisnéis faoi náisiúnachtaí agus grúpaí taistealaithe (atá díolmhaithe ón gceanglas víosa nó a bhfuil ceanglas víosa orthu) a fhanann níos faide ná an fanacht údaraithe agus chun tacú le seiceálacha randamacha ar an gcríoch chun teacht ar dhaoine a fhanann go neamhrialta, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil chun éifeachtúlacht bhainistiú na himirce a fheabhsú.

Tá córas comhchoiteann riachtanach chun rialacha comhchuibhithe a bhunú maidir le diúltú cead isteach agus gluaiseachtaí trasteorann a thaifeadadh agus maidir le faireachán a dhéanamh ar ghearrfhanachtaí údaraithe i limistéar Schengen ar an iomlán.

Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit cuspóir sin an togra a bhaint amach go leordhóthanach.

Is gá freisin athbhreithniú a dhéanamh ar thogra 2013 maidir le EES chun go mbeidh rochtain ag údaráis forghníomhaithe dlí ar shonraí EES chun críche an chomhraic i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí agus chun leibhéal ard slándála inmheánaí a áirithiú. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach de bharr gurb é an Coimisiún amháin is féidir leasú den sórt sin a mholadh.

Prionsabal na comhréireachta

Luaitear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh beart de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. Ní mór foirm a roghnú le haghaidh an bhirt seo ón Aontas lenar féidir cuspóir an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir. Is éard atá sa tionscnamh atá beartaithe forbairt bhreise ar acquis Schengen chun a áirithiú go gcuirfear comhrialacha i bhfeidhm ag teorainneacha seachtracha ar an mbealach céanna i ngach Ballstát ina bhfuil deireadh curtha le rialuithe inmheánacha. Cruthaítear leis an tionscnamh ionstraim lena gcuirtear faisnéis ar fáil don Aontas Eorpach faoi cé mhéad náisiúnach tríú tír a théann isteach agus a imíonn amach as críoch an Aontais, rud atá ríthábhachtach le haghaidh déanamh beartas inbhuanaithe agus fianaise-bhunaithe i réimse na himirce agus víosaí. Lena chois sin, tugtar rochtain d'údaráis forghníomhaithe dlí ar EES, ar bealach tráthúil, beacht, sábháilte agus costéifeachtúil é chun náisiúnaigh a shainaithint atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus ar amhrastaigh (nó íospartaigh) sceimhlitheoireachta nó choire tromchúisí iad agus chun go mbeidh na húdaráis in ann breathnú siar ar stair taistil an tsealbhóra víosa agus an náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ar amhrastaigh (nó íospartaigh) choireanna den sórt sin iad.

Tá an togra arb iad prionsabail na príobháideachta d'aon ghnó is bunús leis comhréireach maidir leis an gceart sonraí pearsanta a chosaint sa mhéid agus nach gá tuilleadh sonraí a bhailiú agus a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá d’fheidhmiú an chórais agus do bhaint amach a chuspóirí. Ina theannta sin, déanfar foráil maidir leis na bearta cosanta agus na sásraí uile is gá chun cosaint éifeachtach a dhéanamh ar chearta bunúsacha taistealaithe agus chun cosaint a dhéanamh go háirithe ar a saol príobháideach agus ar a sonraí pearsanta agus cuirfear chun feidhme na bearta sin.

Ní bheidh gá le haon phróiseas ná le haon chomhchuibhiú eile ar leibhéal an Aontais chun go noibreoidh an córas; ar an gcaoi sin, tá an beart atá beartaithe comhréireach sa mhéid agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach maidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí arna sainiú a bhaint amach.

Tá rogha na tosaíochta comhréireach freisin i dtéarmaí costas, ag cur san áireamh an tairbhe a bheidh le fáil ag gach Ballstát maidir le bainistiú na teorann coitinne seachtraí agus maidir le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo beartas coiteann imirce don Aontas.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

Rogha ionstraime

Ionstraimí atá beartaithe: Rialachán.

Ní bheadh modhanna eile leordhóthanach ar na cúiseanna seo a leanas:

Cuirfidh an togra seo córas láraithe ar bun trína gcomhoibreoidh na Ballstáit le chéile, rud a éilíonn ailtireacht chomhchoiteann agus rialacha comhchoiteanna oibriúcháin. Mar aon leis sin, leagfar síos ann rialacha maidir le seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le rochtain ar an gcóras chun críche fhorghníomhú an dlí, rialacha a bheidh aonfhoirmeach do gach Ballstát. Dá thoradh sin, is Rialachán is ceart a roghnú mar ionstraim dlí.

Cearta bunúsacha

Beidh tionchar ag an Rialachán atá beartaithe ar chearta bunúsacha, go háirithe ar an gceart chun dínite (Airteagal 1 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), an toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe (Airteagal 5 den Chairt), an ceart chun saoirse agus slándála (Airteagal 6 den Chairt), meas ar shaol an teaghlaigh agus ar an saol príobháideach (Airteagal 7 den Chairt), sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), an ceart chun tearmainn (Airteagal 18 den Chairt) agus cosaint i gcás ina dtarlaíonn aistriú, díbirt nó eiseachadadh (Airteagal 19 den Chairt), an ceart chun neamh-idirdhealaithe (Airteagal 21 den Chairt), cearta an linbh (Airteagal 24 den Chairt) agus an ceart chun leigheas éifeachtach (Airteagal 47 den Chairt).

Tionchar dearfach a bheadh ag cur chun feidhme EES ar an toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe agus, lena chois sin, ar an gceart chun saoirse agus slándála. Más fearr agus más cruinne an chaoi a ndéantar náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn teorainn sheachtrach limistéar Schengen a shainaithint (tríd an úsáid a bhaintear as an mbithmhéadracht), is fusa mar sin calaois aitheantais, gáinneáil ar dhaoine (go háirithe i gcás mionaoiseach) agus coiriúlacht trasteorann a bhrath agus cuidíonn sé, dá bhrí sin, le slándáil na saoránach i limistéar Schengen a fheabhsú.

Maidir leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint, tá bearta cosanta sa togra maidir le sonraí pearsanta, go háirithe maidir le rochtain ar na sonraí sin, rud ar cheart a theorannú go docht d'fheidhm an Rialacháin seo agus do na húdaráis inniúla atá ainmnithe ann chuige sin. Anuas air sin, áirítear ar na bearta cosanta maidir le sonraí pearsanta ceart rochtana ar shonraí nó an ceart sonraí a cheartú nó a scriosadh. De bharr go gcuirtear teorainn leis an tréimhse choinneála sonraí a ndéantar tagairt di i gcaibidil 1 den mheabhrán míniúcháin seo, cuirtear béim ar urraim sonraí pearsanta mar cheart bunúsach.

Déantar foráil sa togra seo maidir le rochtain ar EES chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus chun críocha náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha a shainaithint agus chun críche rochtain a fháil ar shonraí maidir lena stair taistil. Mar atá leagtha síos in Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór aon teorannú ar chearta cosanta sonraí pearsanta a bheith iomchuí i dtaca leis an gcuspóir inmhianaithe a bhaint amach agus gan dul thar a bhfuil gá leis chun é a bhaint amach. Aithnítear in Airteagal (8)2 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine chomh maith go bhféadfadh údar a bheith le cur isteach ag údarás poiblí ar cheart duine chun príobháideachais ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, leis an tsábháilteacht phoiblí nó le coireacht a chosc, faoi mar atá sa togra seo. D'aithin Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBE) 14 go bhfuil an comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coiriúlachta tromchúisí, go háirithe an comhrac i gcoinne na coiriúlachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta, go bhfuil sé ríthábhachtach go deimhin chun an tslándáil phoiblí a áirithiú agus go bhféadfadh a éifeachtúlacht a bheith ag brath cuid mhór ar theicnící nua-aimseartha imscrúdúcháin agus dá bhrí sin, go bhféadfadh údar cuí a bheith le rochtain ar shonraí pearsanta a cheadú chun na críocha sonracha sin má mheastar gur gá sin.

Déantar foráil sa togra seo maidir le rochtain ar EES chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus chun críocha náisiúnaigh tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha a shainaithint agus chun críche rochtain a fháil ar shonraí maidir lena stair taistil. Níor cheart a bheith in ann EES a rochtain chun críocha sainaithint a dhéanamh ach amháin más rud é go ndearnadh cuardach roimh ré i mbunachair shonraí náisiúnta agus gur theip ar an gcuardach sin agus, i gcás cuardach ar mhéarloirg, go ndearnadh cuardach roimh ré sa chóras uathoibrithe um fhíorú méarlorg faoi Chinneadh 2008/615/JHA. In ainneoin go bhfuil teacht ar shonraí faoi shealbhóirí víosa i VIS, níl aon sonraí faoi náisiúnaigh atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ná sonraí faoi ghluaiseachtaí taistil le fáil in aon bhunachar sonraí eile de chuid an Aontais.

Ní cheadófar rochtain ar shonraí EES chun críocha fhorghníomhú an dlí ach amháin chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú mar aon le cionta coiriúla tromchúiseacha eile mar atá sainithe i gCinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac agus i gCinneadh Réime 2002/584/CGB maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus ní dhéanfar sin ach amháin má tá gá leis i gcás sonrach. Thairis sin, ní fhéadfaidh údaráis ainmnithe forghníomhaithe dlí rochtain ar shonraí EES a iarraidh ach amháin má tá forais réasúnacha chun a cheapadh go bhféadfadh an rochtain sin cuidiú go mór chun an cion cóiriúil i dtrácht a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Déanann údarás ainmnithe forghníomhaithe dlí iarraidh den sórt sin a fhíorú le seiceáil an gcomhlíontar na dianchoinníollacha i dtaobh rochtain ar EES a iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí.

Ina theannta sin, leagann an togra síos freisin dianbhearta slándála sonraí d'fhonn slándáil sonraí pearsanta a phróiseáiltear a áirithiú agus cuirtear ar bun maoirseacht ar na gníomhaíochtaí próiseála ag údaráis neamhspleácha um chosaint sonraí poiblí agus doiciméadú ar na cuardaigh uile a dhéantar. Luaitear sa togra freisin go mbeidh an phróiseáil uile a dhéanann údaráis forghníomhaithe dlí ar shonraí pearsanta arna stóráil in EES, tar éis na sonraí sin a asbhaint, faoi réir Chinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle.

Bunaítear faoin togra dianrialacha rochtana ar EES agus na cosaintí a bhfuil gá leo. Lena chois sin, déantar foráil sa togra maidir le cearta an duine aonair i ndáil le rochtain, sásaimh, agus i ndáil le sonraí a cheartú nó a scriosadh, agus go háirithe an ceart leigheas breithiúnach a fháil agus déantar foráil maidir le húdaráis neamhspleácha poiblí maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála. Dá bhrí sin, tá an togra seo i lánchomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus tá sé i gcomhréir freisin le hAirteagal 16 CFAE (an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), a thugann ráthaíocht do gach duine maidir leis an gceart sonraí pearsanta a chosaint.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

I dtogra 2013 maidir le EES, rinneadh tagairt do thogra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile inar áiríodh togra le haghaidh EUR 4.6 billiún don Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014–2020. I dtogra 2013 maidir le EES, cuireadh EUR 1.1 billiún i leataobh mar mhéid táscach chun Córas Dul Isteach/Imeachta agus Clár do Thaistealaithe Cláraithe a fhorbairt agus é le tuiscint go dtiocfadh na costais forbartha i gceist ó 2015 ar aghaidh. Is bunaithe ar fhorbairt agus ar bhainistiú oibríochtúil dhá chóras ar leith a rinneadh an méid sin a ríomh agus ar thrí bliana forbartha agus ceithre bliana oibríochtaí.

In Airteagal 5(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2000/CE (an Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha) rinneadh foráil EUR 791 milliún a leithdháileadh chun córais TF a fhorbairt, córais a bheadh bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó atá nua, agus a thacódh le bainistiú sreabha imirce thar teorainneacha seachtracha. Chumhdaigh an EUR 791 milliún sin trí bliana forbartha (2017–2019 san áireamh) mar aon le roinnt gníomhaíochtaí ullmhúcháin in 2016 agus é mar sprioc go gcuirfí tús leis na hoibríochtaí in 2020.

Tar éis an staidéar teicniúil agus an measúnú tionchair a dhéanamh, is ar an rogha tosaíochta de Chóras aonair Dul Isteach/Imeachta atá an togra seo bunaithe agus meastar go mbeidh costas EUR 480 milliún air sin, figiúr ina gcuirtear san áireamh rochtain chun críocha fhorghníomhú an dlí. Ar an ábhar sin, tá san áireamh sa togra seo togra le haghaidh leasú ar an Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha sa dóigh is go mbeidh sé ag teacht leis an gcostas nua laghdaithe.

Chumhdódh an tacaíocht airgeadais sin ní amháin costais na gcomhpháirteanna lárnacha do thréimhse iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil (EUR 288 milliún – ar leibhéal an Aontais, idir chostais forbartha agus chostais oibríochtúla trí bhainistíocht indíreach) ach na costais maidir leis na bonneagair teorann náisiúnta atá ann sna Ballstáit cheana a chomhtháthú le EES trí na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta freisin (EUR 120 milliún – trí bhainistíocht dhíreach). Ach tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do chostais náisiúnta chomhtháthaithe d’áiritheofaí nach gcuirfeadh imthosca deacra eacnamaíocha ar an leibhéal náisiúnta na tionscadail i mbaol ná moill orthu. Le linn na tréimhse forbartha (2017–2019), caithfidh an Coimisiún EUR 52.7 milliún san iomlán (trí bhainistíocht dhíreach) chun na costais a bhaineann leis na hoibríochtaí sna Ballstáit a chumhdach.

A luaithe is a thosódh an córas nua ag feidhmiú, d'fhéadfaí tacú le costais oibríochtúla sna Ballstáit amach anseo trína gcláir náisiúnta i gcreat an Ciste Slándála Inmheánaí (bainistíocht chomhroinnte). Tá EUR 20 milliún curtha i leataobh chun na críche sin laistigh den chlúdach iomlán de EUR 480 milliún. Áireofar leis sin tacaíocht oibríochtúil ar feadh bliana.

Mínítear an múnla costais atá in úsáid in Iarscríbhinn 6 den mheasúnú tionchair – Múnla Costais le haghaidh Chóras EES.

5.EOLAS BREISE

Rannpháirtíocht

Cuireann an togra seo le acquis Schengen sa mhéid agus go mbaineann sé le trasnú teorainneacha seachtracha. Dá bhrí sin, ní mór na hiarmhairtí seo a leanas a chur san áireamh i ndáil leis na prótacail agus leis na comhaontuithe éagsúla le tíortha comhlachais:

An Danmhairg: I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart ag an gComhairle de bhun Teideal V de Chuid a trí de CFAE.

Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

An Ríocht Aontaithe agus Éire: I gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) ná in aon ionstraimí reachtacha eile ar a dtugtar "acquis Schengen" de ghnáth, viz. na hionstraimí reachtacha lena neagraítear agus lena dtacaítear le díothú rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha agus leis na bearta tionlacain maidir le rialuithe ag teorainneacha seachtracha.

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar an acquis, agus dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná níl siad faoi réir a chur i bhfeidhm.

I gcomhréir leis an mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais i gcás C-482/08, an Ríocht Aontaithe v an Chomhairle, ECLI:EU:C:2010:631, agus toisc gurb iad Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a) mar aon le hAirteagal 77(2)(b) agus (d) CFAE atá mar bhunús dlí ag an Rialachán, ní bheidh aon éifeacht aige sin ar an gconclúid thuas de bharr go bhfuil an rochtain chun críocha fhorghníomhú an dlí coimhdeach le bunú an Chórais Dul Isteach/Imeachta.

An Íoslainn agus an Iorua: Maidir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Chomhaontú Comhlachais arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle agus ag Poblacht na hÍoslainne agus ag Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an Iorua acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, tá siad infheidhme, toisc go gcuireann an togra reatha le acquis Schengen mar atá sainithe in Iarscríbhinn A den Chomhaontú sin 15 .

An Eilvéis: Is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 16 .

Lichtinstéin: Is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an bPrótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 17 .

An Chróit, an Chipir, an Bhulgáir agus an Rómáin: Gabhann an Rialachán seo lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta ionad na hoibleagáide i ndáil le pas náisiúnach tríú trí a stampáil. Bhí na Ballstáit aontacha leis an bhforáil sin a chur i bhfeidhm tráth a naontachais leis an Aontas Eorpach.

2016/0106 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 19 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá cuntas sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2008 dar teideal "Na chéad chéimeanna eile i mbainistiú teorainneacha san Aontas Eorpach a ullmhú" 20 ar an ngá atá ann córas dul isteach/imeachta a bhunú mar chuid de straitéis chomhtháite um bainistiú teorainneacha na hEorpa, córas lena gclárófaí am agus áit dul isteach agus imeachta náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach i limistéar Schengen le haghaidh gearrfhanachta, agus lena ríomhfaí fad fhanacht údaraithe na ndaoine sin.

(2)Chuir Comhairle Eorpach an 19 agus an 20 Meitheamh 2008 béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint de straitéis chomhtháite an Aontais Eorpaigh um bainistiú teorainneacha a fhorbairt, go háirithe úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí nuaaimseartha chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú.

(3)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2009 dar teideal "Limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhónann don saoránach", moltar córas leictreonach a chur ar bun chun aon dul isteach i gcríoch na mBallstát agus aon imeacht aisti thar theorainneacha seachtracha a thaifeadadh lena áirithiú go ndéantar rochtain ar an gcríoch sin a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí.

(4)D’iarr Comhairle Eorpach an 23 agus an 24 Meitheamh 2011 an obair ar "theorainneacha cliste" a dhéanamh go hanphras. D’fhoilsigh an Coimisiún an Teachtaireacht Smart borders – options and the way ahead [Teorainneacha cliste – na roghanna agus an bealach chun cinn] an 25 Deireadh Fómhair 2011.

(5)Sna treoirlínte straitéiseacha a ghlac sí i mí an Mheithimh 2014, dúirt an Chomhairle Eorpach an méid seo: "ní mór bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha coiteanna an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go gcosnófaí limistéar Schengen, limistéar inar féidir le daoine taisteal gan dul faoi rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, agus ní mór an bainistiú sin freisin i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an líon daoine atá ag taisteal chuig an Aontas Eorpach. Ní mór don Aontas na huirlisí uile atá ar fáil dó a úsáid chun tacú leis na Ballstáit an cúram atá orthu a chomhlíonadh. Chuige sin, ba cheart bainistiú comhtháite teorainneacha seachtracha a nuachóiriú ar bhealach costéifeachtúil chun bainistiú na dteorainneacha cliste a áirithiú, cuir i gcás le córas dul isteach/imeachta agus le tacaíocht ón ngníomhaireacht nua le haghaidh córais teicneolaíochta faisnéise ar mhórscála (euLISA)."

(6) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2015 dar teideal "Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce" dúradh seo: "thiocfadh ann do chéim nua le teacht i bhfeidhm thionscnamh na dteorainneacha cliste, céim a mhéadódh éifeachtúlacht na dtrasnuithe teorann, a éascódh trasnuithe i gcás fhormhór mór na dtaistealaithe tríú tír atá "bona fide", agus a neartódh, san am céanna, an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta trí thaifead a choinneáil ar na gluaiseachtaí trasteorann uile dá ndéanann náisiúnaigh tríú tír, agus prionsabail na comhréireachta a urramú go hiomlán san am céanna." 

(7)Is gá cuspóirí an chórais dul isteach/imeachta (EES) agus a ailtireacht theicniúil a shonrú, rialacha maidir lena oibriú agus a úsáid a leagan síos agus sainiú a dhéanamh ar fhreagrachtaí an chórais, na catagóirí sonraí atá le hiontráil sa chóras, cuspóirí iontrála na sonraí sin, critéir a niontrála, na húdaráis a bheidh údaraithe na sonraí a rochtain agus rialacha breise maidir le próiseáil sonraí agus cosaint sonraí pearsanta.

(8)Ba cheart feidhm a bheith ag EES maidir le náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach i limistéar Schengen le haghaidh gearrfhanachta. Ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta.

(9)Ba cheart é a bheith de chuspóir ag EES rialú teorainneacha seachtracha a fheabhsú, inimirce neamhrialta a chosc agus bainistiú sreabh inimirce a éascú. Ba cheart EES a bheith ina chuidiú, nuair is ábhartha, chun aon duine a shainaithint nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha a bhaineann le fad a fhanachta ar chríoch na mBallstát.

(10)D'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart sonraí alfauimhriúla agus sonraí bithmhéadracha (méarloirg agus íomhá den aghaidh) a phróiseáil in EES. Tá údar le sonraí bithmhéadracha a úsáid, in ainneoin a tionchair ar phríobháideacht taistealaithe, ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, modh iontaofa is ea bithmhéadracht chun náisiúnaigh tríú tír atá ar chríoch na mBallstát a shainaithint nach bhfuil doiciméid taistil ná aon cineál eile doiciméid aitheantais ina seilbh acu, seift a mbaineann imircigh neamhrialta leas as go minic. Ar an dara dul síos, a bhuí leis an mbithmhéadracht is féidir sonraí dul isteach agus imeachta taistealaithe dleathacha a mheaitseáil ar bhealach níos iontaofa. I gcás ina núsáidtear íomhá den aghaidh i gcomhar le sonraí méarlorg, is féidir an líon méarlorg a chláraítear a laghdú, gan aon tionchar a imirt ar chruinneas na sainaitheanta.

(11)Ba cheart ceithre mhéarlorg de chuid náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a chlárú in EES, má tá sin indéanta go fisiciúil, d'fhonn fíorú cruinn agus sainaithint chruinn a dhéanamh (agus d'fhonn a dheimhniú nach bhfuil an náisiúnach tríú tír cláraithe cheana féin faoi ainm bréige nó le doiciméad taistil eile) agus chun a áirithiú gur leor na sonraí atá ann i ngach cás. Déanfar méarloirg sealbhóirí víosa a sheiceáil sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) arna bhunú le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle 21 . Ba cheart íomha d'aghaidh náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus náisiúnach tríú tír ar sealbhóirí víosa iad araon a chlárú in EES agus ba cheart í a bheith ar an bpríomhaitheantóir bithmhéadrach a úsáidtear chun céannacht náisiúnach tríú tír a cláraíodh cheana féin in EES a fhíorú nó go scriosfar a sainchomhad. Sin, nó ba cheart an fíorú a dhéanamh le méarloirg.

(12)Is éard ba cheart a bheith in EES lárchóras, a oibreoidh bunachar sonraí láir ríomhairithe de shonraí bithmhéadracha agus alfa-uimhriúla, , comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta i ngach Ballstát, bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS, agus an bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta. Ba cheart do gach Ballstát a bhonneagair náisiúnta teorann a cheangal leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta.

(13)Ba cheart idir-inoibritheacht EES agus VIS a bhunú trí bhíthin bealach cumarsáide díreach idir na lárchórais chun go mbeidh sé ar chumas na núdarás teorann atá ag úsáid EES VIS a cheadú d'fhonn sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil chun sainchomhad a chruthú nó a nuashonrú, agus chun go mbeidh na húdaráis teorann in ann bailíocht na víosa agus céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú trí bhíthin méarloirg a chur i gcomparáid go díreach lena bhfuil i VIS ag teorainneacha seachtracha agus chun go mbeidh na húdaráis teorann in ann céannacht náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a fhíorú trí mhéarloirg a chur i gcomparáid go díreach lena bhfuil i VIS. Ba cheart go gcuirfeadh an idir-inoibritheacht ar chumas na núdarás teorann atá ag úsáid VIS EIS a rochtain go díreach ó VIS chun críocha iarratais ar víosa agus cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin a scrúdú, agus ba cheart a chur ar a gcumas na sonraí sin a bhaineann le víosaí a nuashonrú in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 767/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 a leasú dá réir sin.

(14)Ba cheart a shainiú sa Rialachán seo cé na húdaráis de chuid na mBallstát a údarófar EES a rochtain chun sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú chun críocha sonracha EES, a mhéid agus is gá dóibh chun a gcúraimí a dhéanamh.

(15)Ba cheart aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí EES a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí atá le baint amach agus a bheith riachtanach chun cúraimí na núdarás inniúil a dhéanamh. Agus EES á úsáid acu, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go nurramaítear dínit agus sláine na ndaoine a bhfuil a sonraí á niarraidh agus níor cheart dóibh aon idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine bunaithe ar aon fhorais amhail gnéas, dath, bunadh ciníoch nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, duine a bheith ina bhall de mhionlach náisiúnta, réadmhaoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéis.

(16)Tá sé fíor-riachtanach sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile an fhaisnéis is iomláine agus is úire dá bhfuil ann a bheith ag na húdaráis forghníomhaithe dlí chun go bhféadfaidh siad a gcúraimí a dhéanamh. Is léir cheana féin a úsáidí is atá rochtain ar shonraí ó VIS chun críocha fhorghníomhú an dlí i dtaobh daoine a maraíodh le foréigean a shainaithint, nó chun cabhrú le himscrúdaitheoirí dul chun cinn mór a dhéanamh i gcásanna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, sceimhlitheoireacht nó gáinneáil ar dhrugaí. Is gá rochtain a bheith ar an bhfaisnéis atá in EES chun críocha na cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle 23 nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle 24 , chun iad sin a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. D'fhéadfadh na sonraí a fhaightear ó EES a bheith ina gcúnamh do na húdaráis forghníomhaithe dlí i gcás ina bhfuil a chuid doiciméad scriosta ag an náisiúnach tríú tír agus freisin i gcás ina bhfuil na húdaráis forghníomhaithe dlí ag fiosrú coireachta, agus méarloirg nó íomhá den aghaidh á núsáid acu chuige, agus inar mian leo céannacht duine a shuíomh. D'fhéadfaí na sonraí sin a úsáid freisin mar uirlis faisnéise coiriúla arb é ab fheidhm léi fianaise a chur le chéile trí aistir amhrastach nó íospartach coire a rianadh. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí atá in EES a bheith ar fáil d'údaráis ainmnithe na mBallstát agus don Oifig Eorpach Póilíní (Europol), faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

(17)Thairis sin, tá ról lárnach ag Europol sa chomhar idir údaráis na mBallstát i réimse an imscrúdaithe coireachta trasteorann arae tacaíonn sé le coireanna a chosc, a anailísiú agus a imscrúdú ar fud an Aontais. Ar an ábhar sin, ba cheart rochtain a bheith ag Europol ar EES faoi chuimsiú a chúraimí agus i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 2009/371/CGB ón gComhairle 25 .

(18)Is éard atá in EES a rochtain chun críche cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ná cur isteach ar chearta bunúsacha i dtaca le saol príobháideach daoine aonair agus le sonraí pearsanta daoine a ndéantar próiseáil ar a sonraí sin in EES. Aon chur isteach dá leithéid, ní mór é a bheith i gcomhréir leis an dlí, ní mór a fhoirmliú a bheith beacht a dhóthain chun gur féidir le daoine aonair a niompraíocht a athrú, ní mór dó daoine aonair a chosaint ar aon treallachas agus ní mór dó raon feidhme na lánrogha a bhronntar ar na húdaráis inniúla agus modh a fheidhmithe a bheith léirithe ar bhealach atá soiléir a dhóthain. Aon chur isteach a dhéantar i sochaí dhaonlathach, ní mór gá a bheith leis chun leas dlisteanach agus comhréireach a chosaint agus ní mór é a bheith comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá le baint amach.

(19)Is cuid bhunúsach den chomhar póilíneachta é comparáidí a dhéanamh idir sonraí ar bhonn méarlorg neamhfhollas, is é sin an rian dachtalascópach is féidir a bheith ar láthair coire. Maidir leis an bhféidearthacht méarlorg neamhfhollas a chur i gcomparáid leis na sonraí méarlorg atá stóráilte in EES i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhféadfadh an duine a rinne an choir nó an duine atá thíos leis an gcoir a bheith cláraithe in EES, ba cheart sin a bheith ina uirlis rí-úsáideach ag údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, mar shampla nuair nach bhfuil ar láthair coire d'fhianaise ach méarloirg neamhfhollasa.

(20)Is gá údaráis inniúla na mBallstát a ainmniú agus an lárphointe rochtana trína gcuirtear isteach na hiarrataí ar rochtain ar shonraí EES agus liosta a choimeád de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe an rochtain sin a iarraidh chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(21)Maidir le hiarrataí ar rochtain ar na sonraí atá stóráilte sa lárchóras, ba cheart do na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe na hiarrataí sin a chur chuig an lárphointe rochtana agus ba cheart údar a bheith leis na hiarrataí sin. Na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe rochtain ar shonraí EES a iarraidh, níor cheart dóibh gníomhú mar údarás fíoraithe. Ba cheart do na lárphointí rochtana gníomhú go neamhspleách ar na húdaráis ainmnithe agus ba cheart iad a bheith freagrach, ar dhóigh neamhspleách, as deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar ina niomláine na coinníollacha rochtana a bhunaítear leis an Rialachán seo. I gcásanna eisceachtúla práinne inar gá rochtain luath a thabhairt chun freagairt do bhagairt shonrach iarbhír a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó le cionta cóiriúla tromchúiseacha eile, ba cheart don lárphointe rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus gan an fíorú a dhéanamh go dtí go mbeidh sé sin déanta.

(22)Chun críocha sonraí pearsanta a chosaint agus chun cuardaigh chórasacha a chosc, níor cheart sonraí EES a phróiseáil ach i gcásanna ar leith agus nuair is gá chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Dá bhrí sin, níor cheart do na húdaráis ainmnithe ná do Europol rochtain ar ESS a iarraidh ach amháin nuair atá forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfaighidh siad faisnéis de thoradh na rochtana sin a chuideoidh go mór leo cion sceimhlitheoireachta nó cion coiriúil tromchúiseach eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(23)Ina theannta sin, níor cheart cead rochtana ar EES a thabhairt d'fhonn amhrastaigh, déantóirí nó íospartaigh anaithnide cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha a shainaithint, níor cheart an cead rochtana sin a tabhairt chun daoine dá leithéid a shainaithint ach amháin ar choinníoll nach raibh toradh ar an gcuardach i mbunachair shonraí náisiúnta méarlorg agus i gcórais mhéarlorgaireachta uathoibrithe na mBallstát uile eile a rinneadh faoi Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle 26 , nach raibh toradh ar gcuardach i dtaca le céannacht an duine is ábhar do na sonraí a shuíomh. Ina theannta sin, ba cheart údar cuí a thabhairt le EES a rochtain chun críche taifid ar dhul isteach/imeacht duine aithnid a cheadú.

(24)Chun críche sonraí pearsanta a chur i gcomparáid agus a mhalartú ar bhealach éifeachtúil, ba cheart do na Ballstáit na comhaontuithe idirnáisiúnta atá ann faoi láthair a chur chun feidhme ina niomláine agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na comhaontuithe sin agus as an reachtaíocht sin de chuid an Aontais maidir le sonraí pearsanta a mhalartú atá i bhfeidhm cheana féin, agus go háirithe Cinneadh 2008/615/CGB.

(25)Níor cheart na sonraí pearsanta atá stóráilte in EES a choimeád níos faide ná mar is gá chun críocha EES. Is iomchuí sonraí náisiúnach tríú tír a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana chun críocha bainistiú teorainneacha ionas nach gá do náisiúnaigh tríú tír athchlárú in EES roimh dheireadh na tréimhse sin. Maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas, saoránach a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE 27 maidir leis nó ball de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe dá dtagraítear i dTreoir 2004/38/CE aige, is iomchuí gach taifead cúpláilte ar dhul isteach/imeacht a stóráil ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin tar éis dháta a nimeachta dheiridh.

(26)Tá tréimhse choinneála sonraí cúig bliana riachtanach chun é a chur ar chumas an gharda teorann an anailís riosca is gá a dhéanamh faoi mar atá sé leagtha amach i gCód Teorainneacha Schengen sula núdaraíonn sé taistealaí le dul isteach i limistéar Schengen. Agus iarratas ar víosa á phróiseáil i bpoist chonsalacha is gá freisin anailís a dhéanamh ar stair taistil an iarratasóra chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a baineadh as víosaí roimhe sin agus ar urramú na gcoinníollacha fanachta. In áit pasanna a stampáil, déanfar EES a cheadú. Ar an ábhar sin, an stair taistil atá le fáil sa chóras, ba cheart go gcumhdódh sí tréimhse a bheadh fada a dóthain chun críche víosa a eisiúint. De dhroim na tréimhse coinneála sonraí cúig bliana, laghdófar minicíocht an athchlárúcháin, rud a rachaidh chun sochair do gach taistealaí de bharr go dtiocfaidh laghdú ar an meánam trasnaithe teorann agus ar an tréimhse feithimh ag pointí trasnaithe teorann. Fiú an taistealaí nach bhfuil ag dul isteach ach uair amháin i limistéar Schengen, laghdóidh an tréimhse feithimh ag an teorainn ina chás siúd de bharr nach mbeidh ar thaistealaithe eile atá cláraithe cheana in EES athchlárú. Má úsáidtear luasairí próiseála agus córais féinfhreastail chun trasnuithe teorann a éascú, beidh sé riachtanach fad a chur leis an tréimhse choinneála sonraí. Is ar na sonraí atá cláraithe sa chóras atá an téascú sin ag brath. B'fhaide a mhairfeadh na rialuithe ag teorainneacha dá mbeadh tréimhse choinneála sonraí níos giorra ann. Ach tréimhse choinneála sonraí níos giorra a bheith ann, ba lú an líon taistealaithe a rachadh an téascú chun sochair dóibh, rud a thiocfadh salach ar an gcuspóir atá leagtha amach do EES, is é sin trasnuithe teorann a éascú.

(27)An tréimhse choinneála sonraí sin de chúig bliana, bheadh sé riachtanach i gcónaí i gcás sonraí faoi dhaoine nár imigh as críoch na mBallstát faoi dheireadh an fhanachta údaraithe chun cuidiú leis an bpróiseas maidir le sainaithint agus filleadh agus i gcás daoine dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte]. Ba cheart na sonraí a scriosadh tar éis na tréimhse cúig bliana, ach amháin má tá forais ann lena scriosadh roimhe sin.

(28)Ba cheart rialacha beachta a leagan síos maidir leis na freagrachtaí i ndáil le forbairt agus feidhmiú EES agus na freagrachtaí atá ar na Ballstáit nascadh le EES. Is í an Ghníomhaireacht chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 is ceart a bheith freagrach as forbairt agus bainistiú oibríochtúil EES láraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ba cheart forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 a leasú dá réir.

(29)Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le dliteanas na mBallstát i ndáil le damáiste a thiocfadh as aon sáruithe ar an Rialachán seo.

(30)Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ach amháin más iad údaráis ainmnithe nó fíoraithe na mBallstát a dhéanann an phróiseáil sin chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

(31)An phróiseáil a dhéanann údaráis na mBallstát ar shonraí pearsanta chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ba cheart í a bheith faoi réir caighdeán cosanta do shonraí pearsanta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus ba cheart an chaighdeán sin a bheith i gcomhréir le Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle 30   .

(32)Níor cheart sonraí pearsanta a fhaigheann na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a aistriú ná a chur ar fáil do thríú tír, d'eagraíocht idirnáisiúnta ná d'aon pháirtí príobháideach atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas, ach amháin más gá sin i gcásanna aonair d'fhonn cuidiú chun náisiúnach tríú tír a shainaithint i ndáil lena fhilleadh, agus sin faoi réir dianchoinníollacha.

(33)Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 maidir le gníomhaíochtaí institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus a gcúraimí á ndéanamh acu i gcás ina bhfuil siad freagrach as bainistiú oibríochtúil EES.

(34)Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 95/46/CE faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit, agus ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí institiúidí agus comhlachtaí an Aontais i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus do na húdaráis mhaoirseachta obair i gcomhar le chéile chun faireachán a dhéanamh ar EES.

(35)Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta chun críocha fhorghníomhú an dlí a dhéanann na Ballstáit, agus ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Chinneadh 2009/374/CGB faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht gníomhaíochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh ag Europol.

(36)"(...) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh.45/2001 agus thug sé tuairim uaidh maidir le ...

(37)Leis an togra seo bunaítear rialacha dochta maidir le EES a rochtain agus bunaítear na cosaintí a bhfuil gá leo. Lena chois sin, leagtar amach ann cearta an duine aonair i ndáil le rochtain, ceartú, scriosadh agus sásamh, go háirithe an ceart leigheas breithiúnach a fháil agus údaráis neamhspleácha phoiblí maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála. Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun dínite (Airteagal 1 den Chairt); an toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe (Airteagal 5 den Chairt); an ceart chun saoirse agus slándála (Airteagal 6 den Chairt), meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7 den Chairt), sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt), an ceart chun neamh-idirdhealaithe (Airteagal 21 den Chairt), cearta an linbh (Airteagal 24 den Chairt), cearta daoine scothaosta (Airteagal 25 den Chairt), cearta daoine faoi mhíchumas agus an ceart chun leigheas éifeachtach (Airteagal 47 den Chairt).

(38)Is gá meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

(39)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 .

(40)Ní féidir leis na Ballstáit EES coiteann a bhunú ná ní féidir leo oibleagáidí, coinníollacha agus nósanna imeachta coiteanna a cheapadh maidir le húsáid sonraí ach is féidir, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus thionchar na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(41)Tar éis do EES teacht i bhfeidhm, ba cheart Airteagal 20(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme a leasú arae tá sé ag teacht salach ar Airteagal 77(2)(a) agus (c) den Chonradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpaigh toisc nach féidir an comhbheartas maidir le víosaí a bhunú ar chomhaontuithe déthaobhacha um víosa a tharscaoileadh a bheith nó gan a bheith curtha i gcrích ag na Ballstáit, agus toisc nár cheart fad fanachta údaraithe náisiúnach tríú tír a bheith bunaithe ar líon agus ar inneachar na gcomhaontuithe déthaobhacha sin. Ina theannta sin, ní chuirfear san áireamh in EES, ná ní ríomhfar ann, fad fanachta údaraithe náisiúnach tríú tír nach bhfuil ceanglas víosa orthu a thairbheoidh de na comhaontuithe déthaobhacha sin agus ba cheart iad sin a chur as an áireamh.

(42)Is lú costas measta EES ná an buiséad atá curtha i leataobh do Theorainneacha Cliste i Rialachán (AE) 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Dá réir sin, tar éis an Rialachán seo a ghlacadh de bhun Airteagal 5(5)(b) de Rialachán (AE) 515/2014, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe, an méid atá curtha i leataobh faoi láthair chun córais TF a fhorbairt chun tacú le bainistiú sreabh imirce, ba cheart dó an méid sin a ath-leithdháileadh.

(43)Leis an Rialachán seo lena mbunaítear EES, cuirtear deireadh leis an oibleagáide pasanna náisiúnach tríú tír a stampáil, oibleagáid is infheidhme ag na Ballstáit aontacha uile. Aon fhanacht sna Ballstáit sin nach bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ina iomláine go fóill acu i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais, níor cheart é a chur san áireamh agus fad an fhanachta údaraithe i limistéar Schengen á ríomh. Ba cheart do na Ballstáit sin fanacht náisiúnaigh tríú tír a chlárú in EES, ach níor cheart don áireamhán uathoibrithe atá sa chóras é a ríomh mar chuid den fhanacht údaraithe.

(44)Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Treoir 2004/38/CE.

(45)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(46)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 34 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(47)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 35 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl an Rialachán ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(48)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 36 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 37 .

(49)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 38 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 39 agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle. 40  

(50)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 41 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 42 agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE 43 .

(51)Is é atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen, faoi seach, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

1. Bunaítear leis an Rialachán seo Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) d'fhonn faisnéis a thaifeadadh agus a stóráil faoi am agus áit dul isteach agus imeachta náisiúnach tríú tír atá ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát, d'fhonn fad fhanacht na ndaoine sin a ríomh agus foláirimh a thabhairt do na Ballstáit nuair atá fanacht údaraithe istigh agus d'fhonn taifead a dhéanamh, i gcás daoine dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte], ar am, dáta agus áit dhiúltú an cheada isteach agus ar údarás an Bhallstáit a rinne an diúltú agus ar chúiseanna an diúltaithe..

2.Leagtar síos i gCaibidil IV den Rialachán seo freisin na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis forghníomhaithe dlí ainmnithe na mBallstát agus an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) rochtain a fháil ar EES chun críocha cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon náisiúnach tríú tír dá dtugtar cead isteach i gcríoch na mBallstát le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte] faoi réir seiceálacha teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 agus é ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát. I dtaca le dul isteach i gcríoch na mBallstát ná imeacht aisti, tá feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas, saoránach a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nó baill de theaghlach náisiúnaigh ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe aige dá dtagraítear i dTreoir 2004/38/CE.

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanacht ar bhonn víosa chamchuairte] ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399.

3.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a) baill de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo agus a bhfuil cárta cónaithe acu de bhun na Treorach sin;

(b) baill de theaghlach náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cárta cónaithe acu de bhun Threoir 2004/38/CE;

(c)sealbhóirí na gceadanna cónaithe dá dtagraítear i bpointe 16 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 cé is moite díobh sin atá cumhdaithe ag pointe (a) agus (b) den mhír seo;

(d) sealbhóirí víosa fadfhanachta;

(e) náisiúnaigh Andóra, Mhonacó agus San Mairíne;

(f) daoine nó catagóirí daoine atá díolmhaithe ó éascú an trasnaithe teorann nó a bhainfidh tairbhe as an éascú, dá dtagraítear in Airteagal 6a(3)(d), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2016/399

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na baill teaghlaigh a luaitear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír fiú mura bhfuil siad á dtionlacan ag an saoránach den Aontas nó ag an náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta nó ag dul ag bualadh leis an saoránach nó an náisiúnach sin.

4.Na forálacha atá sa Rialachán seo maidir le fad an fhanachta a ríomh agus foláireamh a thabhairt do na Ballstáit nuair atá fanacht údaraithe istigh, níl feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis ná baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe dá dtagraítear i dTreoir 2004/38/CE acu.

Airteagal 3Sainmhínithe

1. Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn "teorainneacha seachtracha" teorainneacha seachtracha mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2016/399;

(2)ciallaíonn "údaráis teorann" na húdaráis inniúla ar cuireadh de chúram orthu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag pointí trasnaithe teorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399;

(3)ciallaíonn "údaráis inimirce" na húdaráis inniúla ar cuireadh de chúram orthu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na coinníollacha a bhaineann le fanacht náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát a scrúdú agus cinntí a dhéanamh i dtaobh an fhanachta sin;

(4)ciallaíonn "údaráis víosaí" na húdaráis inniúla i ngach Ballstát, lena náirítear na húdaráis víosaí láir agus na húdaráis atá freagrach as víosaí a éisiúint ag an teorainn sheachtrach, atá freagrach as iarratais ar víosa a scrúdú, as cinntí a dhéanamh i dtaobh iarratais ar víosa, agus as cinntí a dhéanamh i dtaobh víosaí a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi;

(5)ciallaíonn "náisiúnach tríú tír" aon duine nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20 den Chonradh, cé is moite de dhaoine a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach le cearta shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontuithe idir an tAontas, nó an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tíortha, ar an taobh eile;

(6)ciallaíonn "doiciméad taistil" pas nó a chothrom de dhoiciméad a thugann ceart don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar féidir víosa a ghreamú de;

(7)ciallaíonn "gearrfhanacht" tréimhse fanachta ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá;

(8)ciallaíonn "víosa ghearrfhanachta" údarú arna eisiúint ag Ballstát le haghaidh an fhanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá;

(9)ciallaíonn "víosa chamchuairte" údarú arna eisiúint ag Ballstát le haghaidh fanacht atá beartaithe ar chríoch dhá Bhallstát nó níos mó ar faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá é, ar choinníoll nach bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir fanacht níos faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá ar chríoch an Bhallstáit chéanna;

(10)ciallaíonn "iompróir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach arb é daoine a iompar a ghairm;

(11)ciallaíonn "an Bállstát atá freagrach" an Ballstát a d’iontráil na sonraí sa Chóras Dul Isteach/Imeachta;

(12)ciallaíonn "fíorú" an próiseas arb é atá ann comparáid a dhéanamh idir tacair sonraí chun bailíocht na céannachta a mhaítear a bheith ag duine a shuíomh (sampla amháin a chur i gcomparáid le sampla eile);

(13)ciallaíonn "sainaithint" an próiseas arb é atá ann céannacht duine a dheimhniú trí chuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí in iliomad tacar sonraí (samplaí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile);

(14)ciallaíonn "sonraí alfa-uimhriúla" sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le spásanna nó le comharthaí poncaíochta;

(15)ciallaíonn "sonraí méarlorg" sonraí mhéarloirg na corrmhéire, na méire láir, mhéar an fháinne agus an lúidín ar an lámh dheas, nuair is ann dóibh, nó ina néagmais sin ar an lámh chlé, nó méarlorg neamhfhollas;

(16)ciallaíonn "íomhá den aghaidh" íomhá dhigiteach den aghaidh ar leor a taifeach agus a cáilíocht leis an íomhá a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe;

(17)ciallaíonn "sonraí bithmhéadracha" sonraí méarlorg agus íomhá den aghaidh;

(18)ciallaíonn "rófhantóir" náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le gearrfhanacht ar chríoch na mBallstát;

(19)ciallaíonn "euLISA" an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011;

(20)ciallaíonn "Frontex" an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(21)ciallaíonn "údarás maoirseachta" na húdaráis mhaoirseachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 95/46/CE;

(22)ciallaíonn "údarás maoirseachta náisiúnta", chun críocha fhorghníomhú an dlí, na húdaráis mhaoirseachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 25 de Chinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle;

(23)ciallaíonn "comhlacht maoirseachta náisiúnta" na comhlachtaí maoirseachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Chinneadh 2009/371/CGB;

(24)ciallaíonn "sonraí EES" na sonraí uile atá stóráilte sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagail 13, 14, 15, 16, 17 agus 18;

(25)ciallaíonn "forghníomhú an dlí" cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

(26)ciallaíonn "cionta sceimhlitheoireachta" na cionta faoin dlí náisiúnta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in Airteagail 1 go 4 de Chinneadh Réime 2002/475/CGB nó atá coibhéiseach leo;

(27)ciallaíonn "cionta coiriúla tromchúiseacha" na cionta a fhreagraíonn do na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB, nó atá coibhéiseach leo, má tá siad inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é trí bliana ar a laghad a uastréimhse;

2. An chiall atá leis na téarmaí atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE, sin í an chiall a bheidh leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche atá leagtha síos in Airteagal 5 den Rialachán seo.

3. An chiall atá leis na téarmaí atá sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoir Réime 2008/977/CGB, sin í an chiall a bheidh leo sa Rialachán seo a mhéid a dhéanann údaráis na mBallstát na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha fhorghníomhú an dlí.

Airteagal 4
EES a Bhunú

Beidh de chúram feasta ar an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais ('euLISA') EES a fhorbairt agus chun a áirithiú go ndéantar bainistiú ar a chuid oibríochtaí, lena náirítear na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f) agus in Airteagal 15 a bhaineann le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil.

Airteagal 5

Cuspóir EES

Déanfaidh EES taifead ar dháta, am agus áit dul isteach agus imeachta agus diúltuithe cead isteach náisiúnach tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus déanfaidh sé na sonraí sin a stóráil, agus rochtain a thabhairt do na Ballstáit orthu, agus a bhuí leis sin:

(a)déanfar éifeachtúlacht na seiceálacha teorann a fheabhsú trí fhad an fhanachta údaraithe a ríomh agus faireachán a dhéanamh air ar dhul isteach agus ar imeacht do náisiúnaigh tríú tír dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanachta ar bhonn víosa chamchuairte];

(b)beidh cúnamh ar fáil chun aon duine a shainaithint nach gcomhlíonann anois, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha le haghaidh dul isteach i gcríoch na mBallstát nó fanacht uirthi;

(c)beifear in ann rófhantóirí a shainaithint agus chun teacht orthu (ar an gcríoch freisin) le gur féidir le húdaráis inniúla náisiúnta na mBallstát bearta iomchuí a dhéanamh lena náirítear na féidearthachtaí maidir le filleadh a mhéadú

(d)beifear in ann diúltuithe cead isteach a sheiceáil go leictreonach in EES;

(e)beidh tuilleadh acmhainní rialuithe teorann ar fáil trí na seiceálacha is féidir a uathoibriú a mhéadú agus beifear in ann díriú níos fearr ar náisiúnaigh tríú tír a mheasúnú;

(f)cuirfear ar chumas consalachtaí rochtain a fháil ar fhaisnéis i ndáil le húsáid dhleathach víosaí roimhe sin;

(g)cuirfear náisiúnaigh tríú tír ar an eolas faoi fhad a bhfanachta údaraithe;

(h)staitisticí a thiomsú faoi dhul isteach agus faoi imeacht, faoi dhiúltú dul isteach agus faoi rófhanacht náisiúnaigh tríú tír chun an measúnú riosca a fheabhsú agus chun tacú le beartas imirce an Aontais a dhéanamh bunaithe ar fhianaise;

(i)déanfar calaois aitheantais a chomhrac;

(j)cuideofar chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(k)beifear in ann amhrastaigh sceimhlitheoireachta, coiriúla a shainaithint agus breith orthu mar aon le híospartaigh atá ag trasnú na dteorainneacha seachtracha;

(l)beifear in ann faisnéis a ghiniúint faoi stair taistil amhrastach sceimhlitheoireachta, coiriúil agus stair taistil íospartach chun críche imscrúduithe a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le coireacht thromchúiseach.

Airteagal 6

Ailtireacht theicniúil EES

1.Is é a bheidh in EES:

(a)lárchóras;

(b)comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta i ngach Ballstát bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna agus iad ar aon dul lena chéile sna Ballstáit uile le gur féidir ceangal a dhéanamh idir an lárchóras agus na bonneagair teorann náisiúnta sna Ballstáit;

(c)bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS;

(d)bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta.

2.    Is é euLISA a dhéanfaidh lárchóras EES a óstáil ar an dá shuíomh theicniúla atá ar fáil dóibh. Cuirfidh sé na feidhmiúlachtaí atá leagtha síos sa Rialachán seo ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le hinfhaighteacht, cáilíocht agus luas de bhun Airteagal 34(3).

3.    Gan dochar do Chinneadh 2008/602/CE ón gCoimisiún 44 , roinnfear comhpháirteanna áirithe de chrua-earraí agus de bhogearraí bhonneagar cumarsáide EES le bonneagar cumarsáide VIS dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Chinneadh 2004/512/CE. Bunófar líonra príobháideach fíorúil ar leithligh a bheidh tiomnaithe do EES le cois an líonra fhíorúil phríobháidigh atá ann faoi láthair chun a áirithiú go gcoimeádfar sonraí VIS agus EES scartha ó chéile ar bhonn loighciúil.

Airteagal 7
Idir-inoibritheacht le VIS

1.Bunóidh euLISA bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS le go mbeidh idir-inoibritheacht ann idir EES agus VIS. Ní féidir ceadú díreach a dhéanamh idir na córais ach amháin má dhéantar foráil sa Rialachán seo agus i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir leis.

2.Cuirfidh ceanglas na hidir-inoibritheachta ar chumas na núdarás teorann sin a úsáideann EES VIS a cheadú ó EES chun:

(a)na sonraí sin a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach ó VIS chun seanchomhad aonair sealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)na sonraí sin a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach ó VIS chun EES a nuashonrú i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo agus le hAirteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 18a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(c)barántúlacht agus bailíocht na víosa a fhíorú nó a fhíorú an bhfuil na coinníollacha le haghaidh dul isteach i gcríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 á gcomhlíonadh de bhun Airteagal 21 den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(d)a fhíorú ag na teorainneacha seachtracha ar cláraíodh cheana náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa i VIS i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo agus le hAirteagal 19(b) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(e)céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú ag na teorainneacha seachtracha – i gcás nach féidir sin a dhéanamh in EES – trí mhéarloirg a fhíorú i VIS i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh.767/2008.

3. Cuirfidh ceanglas na hidir-inoibritheachta ar chumas na núdarás víosa sin a úsáideann VIS EES a cheadú ó VIS chun:

(a)iarratais ar víosa a scrúdú agus cinntí a ghlacadh a bhaineann leis na hiarratais sin i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo agus le hAirteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)na sonraí a bhaineann le víosaí a nuashonrú in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo agus le hAirteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Airteagal 8
Rochtain ar EES chun críche sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh agus a cheadú

1.Is ag foireann chuíúdaraithe gach Ballstáit agus ag an bhfoireann sin amháin a bheidh rochtain ar EES chun críche na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 13, 14, 15, 16, 17 agus 18 a iontráil, a leasú, a scriosadh agus a cheadú, agus beidh an fhoireann sin inniúil chun na gcríoch sin atá leagtha síos in Airteagail 21 go dtí 32. Beidh an rochtain sin teoranta an méid is gá le go ndéanfar na cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gcuspóir sin, agus beidh sé comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach.

2.Déanfaidh gach Ballstát na húdaráis inniúla náisiúnta a ainmniú, lena náirítear na húdaráis teorann, víosaí agus imirce. Beidh rochtain ag an bhfoireann chuí-údaraithe ar EES chun sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta na núdarás sin in iúl do euLISA gan mhoill. Sonrófar sa liosta sin cad chuige a mbeidh rochtain ag gach údarás ar shonraí EES.

Laistigh de thrí mhí tar éis do EES teacht i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 60, foilseofar liosta comhdhlúite na núdarás sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar leasuithe air, foilseoidh euLISA liosta comhdhlúite a nuashonrófar uair sa bhliain.

Airteagal 9
Prionsabail ghinearálta

1.Áiritheoidh gach údarás inniúil atá údaraithe EES a rochtain go bhfuil úsáid EES riachtanach, iomchuí agus comhréireach.

2.Agus EES á úsáid aige, áiritheoidh gach údarás inniúil nach ndéanfar idirdhealú i gcoinne náisiúnaigh tríú tír ar aon fhorais amhail gnéas, bhunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó chreideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis agus go lánurramófar dínit agus sláine an duine. Tabharfar aird ar leith ar chás sonrach leanaí, daoine aosta agus daoine a bhfuil míchumas orthu. Go háirithe, i gcás ina gcoinnítear sonraí linbh, is é leas an linbh an tosaíocht.

Airteagal 10
An t
áireamhán uathoibrithe agus an oibleagáid náisiúnaigh tríú tír a chur ar an eolas faoin bhfanacht údaraithe atá fágtha

1.Áireofar in EES áireamhán uathoibrithe lena léireofar an fad fanachta uasta údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 do náisiúnaigh tríú tír atá cláraithe in EES agus dá dtugtar cead isteach le haghaidh gearrfhanachta [nó le haghaidh fanachta ar bhonn víosa chamchuairte].

Ní bheidh feidhm ag an áireamhán maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas, saoránach a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis nó náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe dá dtagraítear faoi Threoir 2004/38/CE aige.

2.Déanfaidh an táireamhán uathoibrithe an méid seo a leanas:

(a)na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoin bhfad fanachta údaraithe ar dhul isteach agus iad a chur ar an eolas má sháraigh an náisiúnach tríú tír cheana féin an líon dul isteach údaraithe de réir na víosaí dul isteach uair amháin nó dhá uair;

(b)náisiúnaigh tríú tír a d’fhan rófhada a shainaithint ar imeacht dóibh.

3. Cuirfidh na húdaráis teorann an náisiúnach tríú tír ar an eolas faoi uaslíon laethanta an fhanachta údaraithe agus cuirfidh siad san áireamh ann an líon dul isteach agus fad an fhanachta arna údarú leis an víosa sin {nó ag an víosa chamchuairte sin}, i gcomhréir le hAirteagal 8(9) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399.

4.Na fanachtaí sna Ballstáit sin nach bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ina iomláine go fóill acu i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais féin, ní chuirfear san áireamh iad i dtaca le ríomh an fhaid fhanachta údaraithe i limistéar Schengen. Déanfaidh na Ballstáit sin fanachtaí na náisiúnach tríú tír sin a chlárú in EES. An táireamhán uathoibrithe sa chóras, ní dhéanfaidh sé na fanachtaí a ríomh sna Ballstáit sin nach bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ina iomláine acu, áfach, mar chuid den fhad fanachta údaraithe.

Airteagal 11
An sásra faisnéise

1.Áireofar in EES sásra lena sainaithneofar go huathoibríoch cé na taifid ar dhul isteach/imeacht nach bhfuil sonraí imeachta iontu go díreach tar éis an dáta a rachaidh an fad fanachta údaraithe in éag agus déanfaidh sé na taifid sin a shainaithint inar sáraíodh an fanacht uasta is ceadmhach.

2.Cuirfidh an córas liosta ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta ainmnithe, ar a mbeidh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15 maidir leis na rófhantóirí uile a sainaithníodh.

Airteagal 12
Seirbhís gréasáin

1.    Chun go mbeidh náisiúnaigh tríú tír in ann a fhíorú ag tráth ar bith an fad fanachta údaraithe atá fágtha acu, cuirfear rochtain shlán idirlín, arna hóstáil ag euLISA, ar a dhá shuíomh theicniúla ar fáil dóibh agus a bhuí leis an tseirbhís sin beidh na náisiúnaigh tríú tír sin in ann na sonraí is gá a chur ar fáil de bhun Airteagal 14(1)(b) mar aon leis na dátaí ar a bhfuiltear ag súil leis an dul isteach agus imeacht le haghaidh dul isteach agus imeachta. Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra TÁ nó NÍL dóibh. Úsáidfidh an tseirbhís gréasáin bunachar sonraí ar leith, a bheidh inléite amháin, a ndéanfar nuashonrú air go laethúil tríd an méid íosta is gá den fhothacar sonraí a bhaint as EES.

2.    Féadfaidh iompróirí an rochtain shlán idirlín ar an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun a fhíorú cé acu ar úsáideadh an víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair atá ina sheilbh ag náisiúnach tríú tír úsáidte cheana féin aige nó nár úsáideadh. Soláthróidh an tiompróir na sonraí atá liostaithe in Airteagal 14(1)(d). Ar an mbonn sin, tabharfaidh an tseirbhís gréasáin freagra TÁ nó NÍL do na hiompróirí. Féadfaidh iompróirí an fhaisnéis a chuirfear chucu a stóráil mar aon leis an bhfreagra a gheobhaidh siad.

3.    Glacfar rialacha mionsonraithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú na seirbhíse gréasáin agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála a bhfuil feidhm acu maidir leis an tseirbhís gréasáin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 61(2).

CAIBIDIL II
Iontráil agus úsáid sonraí ag na húdaráis teorann

Airteagal 13
Nósanna imeachta maidir le sonraí a iontráil in EES

1.    Fíoróidh na húdaráis teorann, i gcomhréir le hAirteagal 21, ar cruthaíodh sainchomhad roimhe in EES don náisiúnach tríú tír sin agus dá chéannacht. I gcás ina núsáideann náisiúnach tríú tír córas féinfhreastail chun sonraí a réamhchlárú nó chun seiceálacha teorann a dhéanamh, féadfar fíorú den sórt sin a dhéanamh tríd an gcóras féinfhreastail.

2.I gcás inar cruthaíodh sainchomhad, déanfaidh an túdarás teorann sonraí an tsainchomhaid a nuashonrú, más gá, agus déanfaidh sé taifead ar dhul isteach/imeacht le haghaidh gach dul isteach/imeachta i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 nó, más infheidhme, taifead ar dhiúltú dul isteach i gcomhréir le hAirteagal 16. Déanfar an taifead sin a nascadh le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. Más infheidhme, cuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(1) leis an sainchomhad agus cuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(3) agus (4) le taifead ar dhul isteach/imeacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann. Na doiciméid taistil dhifriúla agus na céannachtaí éagsúla a bhíonn in úsáid ag náisiúnach tríú tír go dlisteanach, cuirfear le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin iad. I gcás inar cláraíodh comhad a bhí ann roimhe agus ina bhfuil doiciméad taistil ag an náisiúnach tríú tír nach ionann é agus an doiciméad a cláraíodh roimhe, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f) a nuashonrú freisin más féidir an íomhá den aghaidh atá ar shlis an doiciméid taistil nua a bhaint go leictreonach.

3.    I gcás inar gá sonraí sainchomhaid sealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú, féadfaidh na húdaráis teorann na sonraí a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 14(1) (d), (e) agus (g) a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach ó VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. 

4.    Más rud é nár cláraíodh náisiúnach tríú tír roimhe in EES, cruthóidh an túdarás teorann sainchomhad an duine sin, trí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14, Airteagal 15 agus Airteagal 16 a chur isteach de réir mar is infheidhme.

5.    I gcás ina núsáideann náisiúnach tríú tír córas féinfhreastail chun sonraí a réamhchlárú, beidh feidhm ag Airteagal 8(c) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 maidir leis. Sa chás sin, féadfaidh an náisiúnach tríú tír sonraí an tsainchomhaid a réamhchlárú nó, más infheidhme, na sonraí is gá a nuashonrú. Is é an garda teorann a dhéanfaidh na sonraí a dheimhniú tráth a bheidh an cinneadh déanta cead isteach a údarú nó a dhiúltú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/399. An fíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear i gcrích é tríd an gcóras féinfhreastail. Na sonraí atá liostaithe in Airteagal 14(1)(d), (e) agus (g), féadfar iad a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach ó VIS.

6.    I gcás ina núsáideann náisiúnach tríú tír córas féinfhreastail chun seiceálacha teorann a dhéanamh, beidh feidhm ag Airteagal 8(d) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 maidir leis. Sa chás sin, an fíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear i gcrích é tríd an gcóras féinfhreastail.

7.    I gcás ina núsáideann náisiúnach tríú tír ríomhgheata chun an teorainn sheachtrach a thrasnú, beidh feidhm ag Airteagal 8(d) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 maidir leis. Sa chás sin, is tríd an ríomhgheata a dhéanfar an taifead ar an dul isteach/imeacht ábhartha agus an nasc leis an sainchomhad lena mbaineann a chlárú.

8.    I gcás inar gá sainchomhad a chruthú nó íomhá den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f) a nuashonrú, ní féidir an íomhá den aghaidh a bhaint go leictreonach ó na doiciméid leictreonacha taistil meaisíninléite (eMRTD) agus a iontráil sa sainchomhad ach amháin i gcás inar fíoraíodh go bhfuil an íomhá den aghaidh atá cláraithe i slis an eMRTD ag teacht leis an íomhá bheo d'aghaidh an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 14
Sonraí pearsanta sealbhóirí víosa

1.Déanfaidh an túdarás teorann sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóir víosa é a chruthú trí na sonraí seo a leanas a iontráil:

(a)an sloinne (ainm an teaghlaigh); an chéad ainm (na chéad ainmneacha; dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;

(b)cineál agus uimhir an doiciméid nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir na tíre eisiúna;

(c)an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid (na ndoiciméad) taistil in éag;

(d)uimhir greamáin na víosa gearrfhanachta, lena náirítear cód trí litir an Bhallstáit eisiúna, an cineál víosa, an dáta a rachaidh an fanacht uasta in éag arna údarú leis an víosa agus nach mór a nuashonrú tráth gach dul isteach agus an dáta a rachaidh bailíocht na víosa in éag, más infheidhme;

(e)ar dhul isteach an chéad uair ar bhonn na víosa gearrfhanachta, an líon uaireanta is féidir dul isteach agus fad an fhanachta údaraithe de réir an ghreamáin víosa;

(f) íomhá den aghaidh, agus í bainte as eMRTD más féidir agus murar féidir sin, íomhá bheo den duine arna glacadh ar an láthair;

(g)uimhir greamáin na víosa camchuairte, an cineál víosa, agus an dáta a rachaidh bailíocht na víosa in éag, más infheidhme;

2.Tráth gach dul isteach don náisiúnach tríú tír ar sealbhóir víosa é ar an gcríoch, deanfar na sonraí seo a leanas a iontráil i dtaifead ar dhul isteach/imeacht. Déanfar an taifead sin a nascadh le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin tríd an uimhir thagartha aonair a úsáid a cruthaíodh trí EES tráth a cruthaíodh an comhad sin:

(a)dáta agus am an dula isteach;

(b)an pointe trasnaithe teorann agus an túdarás a d'údaraigh an dul isteach; 

3.Tráth gach imeachta as an gcríoch, déanfar na sonraí seo a leanas a iontráil i dtaifead ar dhul isteach/imeacht a nascfar le sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin ar sealbhóir víosa é:

(a)dáta agus am an imeachta;

(b)pointe trasnaithe teorann an imeachta.

4.I gcás nach ann do shonraí maidir le himeacht go díreach tar éis an dáta a rachaidh an fad fanachta údaraithe in éag, cuirfear marc nó bratach leis an taifead sa chóras agus cuirfear sonraí an náisiúnaigh tríú tír sin ar sealbhóir víosa é agus atá sainaitheanta mar rófhantóir ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 11.

5.    Chun sainchomhad náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóir víosa é a chruthú, féadfaidh an túdarás teorann na sonraí a ndéantar foráil maidir leis i mír 1(d),(e) agus (g) a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach ó VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. 

Airteagal 15
Sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa

1.Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, déanfaidh an túdarás teorann na sonraí a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 14(1)(a), (b), (c) agus (f) a iontráil ina sainchomhad. Ina theannta sin, iontrálfaidh sé sa sainchomhad sin méarlorg na corrmhéire, na méire láir, mhéar an fhainne agus an lúidín ón lámh dheas, agus nuair nach féidir sin na méara céanna ar an lámh chlé, i gcomhréir le sonraíochtaí maidir le gléineacht agus úsáid méarlorg arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 61(2). Maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, beidh feidhm ag Airteagal 14(2) agus ag Airteagal 14(4) maidir leo.

2.Beidh leanaí faoi 12 bhliain d’aois díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt ar chúiseanna dlí.

3.Na daoine sin nach féidir leo méarloirg a thabhairt ar chúis fhisiciúil, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt ar chúiseanna fíorasacha.

Mar sin féin, i gcás nach mbeadh sé dodhéanta ach go sealadach, ceanglófar ar an duine na méarloirg a thabhairt an chéad uair eile. Beidh na húdaráis teorann i dteideal tuilleadh soiléirithe a iarraidh maidir le cén fáth a bhfuil sé dodhéanta méarloirg a sholáthar.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí ann chun dínit an duine a ráthú i gcás deacrachtaí a bheith acu méarloirg a fháil.

4.I gcás ina bhfuil an duine lena mbaineann díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt ar chúiseanna dlí nó ar chúiseanna fíorasacha de bhun mhír 2 nó mhír 3, breacfar síos sa réimse sonraí sin "neamhbhainteach". Ceadóidh an córas idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna nach gá méarloirg a sholáthar ar chúiseanna dlí agus na cásanna nach féidir iad a sholáthar ar chúiseanna fíorasacha.

Airteagal 16Sonraí pearsanta náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead isteach

1.I gcás inar chinn údarás teorann, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 agus le hIarscríbhinn V den Rialachán sin, cead isteach ar chríoch na mBallstát a dhiúltú don náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo, agus i gcás nár cláraíodh aon chomhad roimhe in EES maidir leis an náisiúnach tríú tír sin, cruthóidh an túdarás teorann sainchomhad ina gcuirfidh sé na sonraí a cheanglaítear de bhun Airteagal 14(1) i gcás náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóirí víosa iad agus na sonraí is gá de bhun Airteagal 15(1) i gcás náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa.

2.Chun sainchomhad a chruthú do náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóirí víosa iad, féadfaidh an túdarás inniúil teorann na sonraí a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 14(1)(d), (e) agus (g) a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach ó VIS isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 18(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. 

3. I gcás náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóirí víosa iad agus náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, iontrálfar na sonraí seo a leanas i dtaifead ar leith ar dhiúltú cead isteach:

(a) dáta agus am an diúltaithe dul isteach,

(b) an pointe trasnaithe teorann,

(c) an túdarás a dhiúltaigh an cead isteach,

(d) an litir (na litreacha) ina dtugtar an chúis (na cúiseanna) leis an gcead isteach a dhiúltú, i gcomhréir le Cuid B d'Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2016/399.

4.I gcás ina bhfuil comhad ann cheana in EES, cuirfear na sonraí a ndéantar foráil maidir leo i mír 2 leis an gcomhad sin.

Airteagal 17Sonraí breise a bheidh le cur leis an taifead i gcás ina ndéantar údarú fanachta a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur leis

1.I gcás ina ndéantar cinneadh údarú fanachta nó víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó síneadh a chur le fad an údarú fanachta nó leis an víosa, cuirfidh an túdarás inniúil a rinne an cinneadh sin na sonraí seo a leanas sa sainchomhad:

(a)faisnéis faoin stádas lena léirítear go ndearnadh an túdarú fanachta nó an víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó gur cuireadh síneadh le fad an fhanachta údaraithe nó leis an víosa;

(b)céannacht an údaráis a rinne an túdarú fanachta údaraithe a chúlghairm nó a neamhniú nó a chuir síneadh le fad an fhanachta údaraithe nó leis an víosa;

(c)an áit a cinneadh an túdarú fanachta nó an víosa a chúlghairm nó a neamhniú nó síneadh a chur leo agus an dáta a rinneadh an cinneadh sin;

(d)uimhir greamáin nua na víosa lena náirítear cód trí litir na tíre eisiúna;

(e)fad an tsínithe ar fhad an fhanachta údaraithe;

(f)an dáta nua a rachaidh an túdarú fanachta nó an víosa in éag.

2.I gcás inar cinneadh víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi, déanfaidh an túdarás víosaí a ghlac an cinneadh na sonraí a ndéantar foráil maidir leo i mír 1 den Airteagal seo a aisghabháil agus a iompórtáil ó VIS go díreach isteach in EES i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. 

3.Cuirfear in iúl sa taifead ar dhul isteach/imeacht na forais le fanacht údaraithe a chúlghairm, beidh iontu, mar atá:

(a)na forais ar a bhfuil an duine á dhíbirt;

(b)aon chinneadh eile arna dhéanamh ag údaráis inniúla an Bhallstáit, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, a fhágann go ndíbreofar an náisiúnach tríú tír nó go bhfágfaidh sé, ar náisiúnach tríú tír é nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh dul isteach i gcríoch na mBallstát nó fanacht inti nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh aige a thuilleadh.

4.Cuirfear in iúl sa taifead ar dhul isteach/imeacht na forais le síneadh a chur leis an bhfanacht údaraithe.

5.Nuair a fhágann duine nó nuair a dhíbrítear é ó chríoch na mBallstát de bhun cinneadh dá dtagraítear i mír 3, iontrálfaidh an túdarás inniúil na sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), sa taifead sin ar dhul isteach/imeacht.

Airteagal 18
Sonraí a bheidh le hiontráil i gcás ina mbréagnófar an toimhde nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír na coinníollacha maidir le fad fanachta i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/399

Gan dochar d'Airteagal 20, más rud é nach bhfuil náisiúnach tríú tír atá ar chríoch Ballstáit cláraithe in EES, nó nach bhfuil sa taifead ar dhul isteach/imeacht don duine dáta imeachta atá i ndiaidh dháta éaga an fhanachta údaraithe, féadfaidh na húdaráis inniúla a thoimhdiú nach gcomhlíonann an duine na coinníollacha a bhaineann le fad an fhanachta ar chríoch na mBallstát, nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh iad.

Sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 agus má bhréagnaítear an toimhde sin trí fhianaise a thabhairt go gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann na coinníollacha maidir le coinníoll gearrfhanachta, cruthóidh na húdaráis inniúla sainchomhad don náisiúnach tríú tír sin in EES más gá, nó déanfaidh siad an taifead is déanaí ar dhul isteach/imeacht a nuashonrú trí na sonraí atá ar lár a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 nó déanfaidh siad an comhad atá ann a scriosadh i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 32.

Airteagal 19
Nósanna imeachta cúltaca i gcás neamhfhéidearthacht theicniúil a fhágann nach féidir sonraí a iontráil nó i gcás chliseadh EES

I gcás neamhfhéidearthacht theicniúil a fhágann nach féidir sonraí a iontráil sa lárchóras nó i gcás chliseadh an lárchóráis, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 14, 15, 16, 17 agus 18 a stóráil go sealadach sa chomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta a ndéantar foráil maidir leis in Airteagal 6. Murar féidir sin, stórálfar na sonraí go háitiúil ar bhonn sealadach. Sa dá chás sin, déanfar na sonraí a iontráil i Lárchóras EES a luaithe a leigheasfar an deacracht theicniúil nó an cliseadh. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí agus cuirfidh siad an bonneagar, an trealamh agus na hacmhainní is gá ar obair chun a áirithiú gur féidir stóráil áitiúil dá sórt a dhéanamh ag tráth ar bith agus sin ag aon cheann dá gcuid pointí trasnaithe teorann.

Airteagal 20
Idirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha

1.Go ceann tréimhse sé mhí tar éis do EES teacht i bhfeidhm, chun a fhíorú ar dhul isteach nár sháraigh duine an líon uaireanta atá siad údaraithe dul isteach leis an víosa dul isteach uair amháin nó dhá uair agus chun a fhíorú ar dhul isteach agus ar imeacht nár fhan duine atá ag teacht isteach le haghaidh gearrfhanachta, nár fhan sé níos faide ná uasfhad an fhanachta údaraithe, cuirfidh na húdaráis teorann inniúla san áireamh na fanachtaí ar chríocha na mBallstát le linn na 180 lá roimh an dul isteach nó roimh an imeacht ní amháin trí na sonraí dul isteach/imeachta atá ar taifead in EES a sheiceáil ach trí na stampaí a sheiceáil sna doiciméid taistil freisin.

2.I gcás inar tháinig duine isteach i gcríoch na mBallstát agus nár imigh sé amach as sular tháinig EES i bhfeidhm, cruthófar sainchomhad agus iontrálfar dáta an dul isteach sin, mar atá ar an bpas, sa taifead ar dhul isteach/imeacht i gcomhréir le hAirteagal 14(2) ar imeacht don náisiúnach tríú tír arís. Ní bheidh an riail seo teoranta don sé mhí tar éis do EES teacht i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina bhfuil neamhréir idir an stampa dul isteach agus an dáta atá ar taifead in EES, is ag an stampa a bheidh tosaíocht.  

Airteagal 21
Sonraí a úsáid chun críocha fíoraithe ag na teorainneacha seachtracha

1.Beidh rochtain ag údaráis teorann ar EES chun céannacht náisiúnaigh tríú tír agus aon uair a chláraíodh roimhe sin é a fhíorú, chun na sonraí atá cláraithe in EES a nuashonrú más gá agus chun na sonraí a cheadú sa mhéid is gá chun cúraimí rialaithe teorann a dhéanamh.

2.De bhun mhír 1, beidh na húdaráis teorann in ann cuardach a dhéanamh leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a), (b) agus (c).

Ina theannta sin, i dtaca leis na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun teorainneacha seachtracha a thrasnú, féadfaidh na húdaráis teorann cuardach a sheoladh i VIS go díreach ó EES agus na sonraí alfauimhriúla céanna á núsáid acu chun VIS a cheadú chun críocha fíorú ag teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Más amhlaidh go léiríonn an cuardach in EES leis na sonraí sin go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, déanfaidh na húdaráis teorann íomhá bheo den náisiúnach tríú tír a chur i gcomparáid leis an íomhá den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f). I gcás nach bhfuil an teicneolaíocht ar fáil ag an bpointe trasnaithe teorann le gur féidir an íomhá bheo den aghaidh a úsáid, i gcás náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, ansin déanfaidh na húdaráis teorann méarloirg a fhíorú trína seiceáil in EES agus i gcás náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóirí víosa iad, déanfaidh siad méarloirg a fhíorú trína seiceáil go díreach i VIS i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 767/2008. I gcás méarloirg sealbhóirí víosa a fhíorú i VIS, féadfaidh na húdaráis teorann an cuardach a sheoladh i VIS go díreach ó EES mar a fhoráiltear in Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 767/2008.

Murar féidir íomhá den aghaidh a fhíorú, déanfar an fíorú trí mhéarloirg a úsáid agus vice versa.

3.Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá leagtha amach i mír 2 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain don údarás inniúil ar na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin agus ar na taifid ar dhul isteach/imeacht atá nasctha leis an gcomhad sin.

4.Má léiríonn an cuardach leis na sonraí alfa-uimhriúla atá leagtha síos i mír 2 nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, i gcás nach féidir sonraí an náisiúnaigh tríú tír a fhíorú de bhun mhír 2 den Airteagal seo nó i gcás ina bhfuil amhras ann faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag na húdaráis teorann ar shonraí chun críocha sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25.

Ina theannta sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú, má léiríonn an cuardach i VIS a dhéantar ar bhonn na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, go bhfuil sonraí an duine ar taifead i VIS, déanfar fíorú méarlorg i VIS i gcomhréir le hAirteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Chuige sin, féadfaidh an túdarás inniúil cuardach a sheoladh ó EES go VIS a ndéantar foráil maidir leis in Airteagal 18(6) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2088. I gcásanna nárbh fhéidir an duine a fhíorú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, beidh rochtain ag na húdaráis teorann ar shonraí VIS chun críocha sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

(b)maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus nach bhfuil teacht orthu in EES tar éis iad a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 25, ceadófar VIS i gcomhréir le hAirteagal 19(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Féadfaidh an túdarás inniúil cuardach a sheoladh ó EES go VIS a ndéantar foráil maidir leis in Airteagal 19(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008."

5. Maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a gcuid sonraí ar taifead cheana in EES arb é Ballstát nach bhfuil faoi réir chur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais a chruthaigh a sainchomhad in EES, déanfaidh na húdaráis teorann VIS a cheadú i gcomhréir le pointe (a) nó (b) de mhír 4 den Airteagal seo nuair atá rún ag an náisiúnach tríú tír teorainneacha seachtracha Ballstáit atá faoi réir chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a thrasnú den chéad uair tar éis an sainchomhad a chruthú.

CAIBIDIL III
Iontráil sonraí agus úsáid EES ag údaráis eile

Airteagal 22
EES a úsáid chun iarratais ar víosa a scrúdú agus chun cinntí a dhéanamh ina leith

1.Ceadóidh údaráis víosaí EES chun iarratais ar víosa a scrúdú agus chun cinntí a bhaineann leis na hiarratais sin a ghlacadh, lena náirítear cinntí maidir le tréimhse bhailíochta víosa eisithe a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45

2.Tabharfar cead don údarás víosaí cuardach a dhéanamh in EES go díreach ó VIS le rogha amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas:

(a)na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a), (b) agus (c);

(b)uimhir an ghreamáin víosa, lena náirítear cód trí litir an Bhallstáit eisiúna dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(d);

(c)na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f) agus 15.

3.Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá leagtha amach i mír 2 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain do na húdarás víosaí ar na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin agus ar an taifead ar dhul isteach/imeacht nó ar na taifid ar dhul isteach/imeacht atá nasctha le comhad an náisiúnaigh tríú tír.

Airteagal 23
EES a úsáid chun iarratais ar rochtain ar chláir éascaithe náisiúnta a scrúdú

1.Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8(e) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 EES a cheadú chun críocha iarratais ar rochtain ar chláir éascaithe náisiúnta a scrúdú dá dtagraítear san Airteagal sin maidir le húsáid EES agus maidir le cinntí a ghlacadh a bhaineann leis na hiarratais sin, lena náirítear cinntí chun tréimhsí bailíochta na rochtana ar chláir éascaithe náisiúnta a dhiúltú, a chúlghairm nó síneadh a chur leo i gcomhréir leis an Airteagal sin.

2.Tabharfar cead don údarás inniúil cuardach a dhéanamh le rogha amháin nó níos mó de na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a), (b) agus (c).

3.Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá leagtha amach i mír 2 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain don údarás inniúil ar na sonraí i sainchomhad an náisiúnaigh tríú tír sin agus ar na taifid ar dhul isteach/imeacht atá nasctha leis an gcomhad sin.

Airteagal 24
Rochtain ar shonraí chun críocha fíorú ar chríoch na mBallstát

1.Chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír a fhíorú agus/nó chun a fhíorú an gcomhlíontar coinníollacha maidir le dul isteach nó fanacht ar chríoch na mBallstát, beidh rochtain ag na húdaráis is inniúil sna Ballstát chun seiceálacha a dhéanamh ar chríoch na mBallstát chun a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát beidh rochtain acu ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a), (b) agus (c) d'fhonn an cuardach sin a dhéanamh.

Más amhlaidh go léiríonn an cuardach go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, déanfaidh na húdaráis teorann íomhá bheo an náisiúnaigh tríú tír a chur i gcomparáid leis an íomhá den aghaidh dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f). I gcás nach bhfuil an teicneolaíocht ar fáil le gur féidir an íomhá bheo den aghaidh a úsáid, ansin déanfaidh na húdaráis inniúla méarloirg na náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a fhíorú in EES agus le fíorú na náisiúnach tríú tír ar sealbhóirí víosa iad i VIS i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

2.Má léirítear sa chuardach a dhéantar leis na sonraí atá leagtha amach i mír 1 go bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain don údarás inniúil ar na sonraí i sainchomhad an duine sin agus ar na taifid ar dhul isteach/imeacht atá nasctha leis.

3.Má léiríonn an cuardach leis na sonraí atá leagtha amach i mír 2 nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, i gcás nach féidir sonraí an náisiúnaigh tríú tír a fhíorú nó i gcás ina bhfuil amhras ann faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag na húdaráis teorann ar shonraí chun críocha sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25.

Airteagal 25
Rochtain ar shonraí chun críocha sainaithint a dhéanamh

1.Chun aon náisiúnach tríú tír a aithint a d'fhéadfadh bheith cláraithe roimhe in EES faoi chéannacht eile nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha le haghaidh dul isteach, le fanacht nó le cónaí ar chríoch na mBallstát, agus chuige sin amháin, beidh na húdaráis is inniúil seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 nó ar chríoch na mBallstát i ndáil le cé acu an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, beidh siad in ann cuardach a dhéanamh le sonraí bithmhéadracha an náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f) agus Airteagal 15(1).

Má léiríonn an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(f) agus in Airteagal 15(1) nach bhfuil na sonraí faoin náisiúnach tríú tír sin ar taifead in EES, tabharfar rochtain ar shonraí VIS chun críocha sainaithint a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Ag na teorainneacha seachtracha, sula ndéantar aon sonraí a fhíorú i VIS, déanfaidh na húdaráis inniúla VIS a rochtain ar dtús i gcomhréir le hAirteagal 18 nó le hAirteagal 19(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

I gcás nach féidir méarloirg an náisiúnaigh tríú tír sin a úsáid nó i gcás inar theip ar an gcuardach le méarloirg agus le híomhá den aghaidh, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a) nó (b) nó sa dá áit sin araon.

2.Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí atá leagtha amach i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an náisiúnach tríú tír ar taifead in EES, tabharfar rochtain don údarás inniúil ar na sonraí atá sa sainchomhad agus ar na taifid ar dhul isteach/imeacht atá nasctha leis.

CAIBIDIL IV:

Nós imeachta agus coinníollacha rochtana ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí.

Airteagal 26

Udaráis forghníomhaithe dlí arna nainmniú ag na Ballstáit

1.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis forghníomhaithe dlí atá i dteideal na sonraí atá stóráilte in EES a cheadú chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

2.Coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na húdaráis ainmnithe. Tabharfaidh gach Ballstát fógra i bhfoirm dearbhú do euLISA agus don Choimisiún maidir lena chuid údarás ainmnithe agus féadfaidh siad dearbhú eile a chur in ionad an dearbhaithe sin nó é a leasú tráth ar bith. Foilseofar na dearbhuithe sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.Ainmneoidh gach Ballstát lárphointe rochtana a mbeidh rochtain aige ar EES. Is é an lárphointe rochtana údarás an Bhallstáit atá freagrach as cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Fíoróidh an lárphointe rochtana go ndéanfar na coinníollacha a chomhlíonadh atá leagtha sios in Airteagal 29 maidir le rochtain a iarraidh ar EES.

Féadfaidh an túdarás ainmnithe agus an lárphointe rochtana bheith san eagraíocht chéanna, má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, ach gníomhóidh an lárphointe rochtana go neamhspleách agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. Beidh an lárphointe rochtana ar leithligh ó na húdaráis ainmnithe agus ní bhfaighidh sé treoracha uathu maidir le toradh an fhíoraithe.

Ag brath ar a struchtúr eagraíochtúil agus riaracháin, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná aon lárphointe rochtana amháin a ainmniú chun a gceanglais bhunreachtúla nó dhlíthiúla a chomhall.

4.Déanfaidh gach Ballstát fógra a thabhairt i bhfoirm dearbhú do euLISA agus don Choimisiún maidir lena gcuid lárphointí rochtana agus féadfaidh siad dearbhú eile a chur in ionad an dearbhaithe sin nó é a leasú tráth ar bith. Foilseofar na dearbhuithe sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.Ar an leibhéal náisiúnta, coimeádfaidh gach Ballstát liosta de na haonaid oibríochtúla laistigh de na húdaráis ainmnithe atá údaraithe rochtain a iarraidh ar shonraí atá stóráilte in EES trí na lárphointí rochtana.

6.Is í foireann chuí-chumhachtaithe na lárphointí rochtana agus í sin amháin a bheidh údaraithe EES a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 29.

Airteagal 27

Europol

1.Ainmneoidh Europol údarás atá údaraithe rochtain a iarraidh ar EES trína lárphointe rochtana ainmnithe chun cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Beidh an túdarás ainmnithe sin ina aonad oibríochtúil de chuid Europol.

2.Ainmneoidh Europol aonad speisialaithe ina mbeidh oifigigh chuí-chumhachtaithe Europol mar lárphointe rochtana. Fíoróidh an lárphointe rochtana go ndéanfar na coinníollacha a chomhlíonadh atá leagtha sios in Airteagal 30 maidir le rochtain a iarraidh ar EES.

I dtaca lena chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, gníomhóidh an lárphointe rochtana go neamhspleách agus ní bhfaighidh sé treoracha ón údarás ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 i dtaobh thoradh an fhíoraithe sin.

Airteagal 28
Nós imeachta le haghaidh rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí

1. Cuirfidh na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 26(5) iarraidh leictreonach réasúnaithe faoi bhráid na lárphointí rochtana dá dtagraítear in Airteagal 26(3) chun rochtain a fháil ar shonraí atá stóráilte in EES. Ar iarraidh a fháil ar rochtain, fíoróidh na lárphointí rochtana an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 29 comhlíonta. Más amhlaidh go bhfuil na coinníollacha rochtana comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in EES ar aghaidh chuig na haonaid oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 26(5) ar bhealach nach sáróidh slándáil na sonraí sin.

2. I gcás eisceachtúil práinne nuair is gá garchontúirt a chosc a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta nó le cion tromchúiseach coiriúil eile, déanfaidh na lárphointí rochtana an iarraidh a phróiseáil láithreach agus fíoróidh siad ex post ar comhlíonadh na coinníollacha uile in Airteagal 29, lena náirítear an raibh cás eisceachtúil práinne ann i ndáiríre. Déanfar an fíorú ex post gan moill mhíchuí i ndiaidh an iarraidh a phróiseáil.

3. I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú ex post nach raibh údar leis an rochtain ar shonraí EES, déanfaidh na húdaráis uile a cheadaigh na sonraí sin in EES an fhaisnéis a raibh rochtain acu uirthi a scriosadh agus cuirfidh siad an lárphointe rochtana ar an eolas faoin scriosadh sin.

Airteagal 29 
Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí EES d'údaráis ainmnithe na mBallstát

1. Féadfaidh údaráis ainmnithe EES a rochtain chun é a cheadú má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) tá rochtain ar mhaithe le ceadú de dhíth chun críche cionta sceimhlitheoireachta nó cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, rud a fhágann go bhfuil cuardach an bhunachair sonraí comhréireach más amhlaidh go bhfuil údar sáraitheach imní maidir le slándáil phoiblí ann;

(b) tá rochtain ar mhaithe le ceadú de dhíth i gcás ar leith;

(c) má tá forais réasúnacha ann chun a mheas go bhféadfaidh ceadú shonraí EES a bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo;

2. Ceadófar rochtain ar EES mar uirlis sainaitheanta coirpeach chun críche amhrastach, déantóir nó íospartach anaithnid ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile a shainaithint, nuair a chomhlíontar na coinníollacha atá liostaithe i mír 1 agus nuair a dhéantar na coinníollacha breise seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) rinneadh cuardach roimh ré i mbunachair sonraí náisiúnta gan toradh air;

(b) i gcás cuardaigh le méarloirg, rinneadh cuardach roimh ré gan toradh air i gcóras uathoibrithe um fhíorú méarlorg na mBallstát eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil méarloirg a chur i gcomparáid.

Mar sin féin, ní gá an cuardach sin roimh ré a dhéanamh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint nach bhféadfaí céannacht an duine is ábhar do na sonraí a fhíorú mar thoradh ar chomparáid trí chomparáid a dhéanamh leis na sonraí i gcórais na mBallstát eile. Cuirfear na forais réasúnacha sin san áireamh san iarraidh leictreonach ar chomparáid a dhéanamh le sonraí EES a chuirfidh an túdarás ainmnithe chuig na lárphointí rochtana.

Os rud é nach stóráiltear sonraí méarlorg sealbhóirí víosa ach i VIS amháin, féadfaidh iarraidh a dhéanamh VIS a cheadú maidir leis an duine anaithnid go comhuaineach le hiarraidh chun EES a cheadú i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gCinneadh 2008/633/JHA ar choinníoll, de dheasca cuardaigh a rinneadh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den chéad mhír, nach rabhthas in ann céannacht an ábhair sonraí a shuí.

3.Ceadófar rochtain ar EES mar uirlis faisnéise coiriúla chun stair taistil nó tréimhsí fanachta i limistéar Schengen a cheadú maidir le hamhrastach, déantóir nó íospartach amhrasta aithnid ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile, nuair a chomhlíontar na coinníollacha atá liostaithe i mír 1 agus nuair atá údar cuí le taifid ar dhul isteach/imeacht an duine lena mbaineann a cheadú.

4. Déanfar ceadú EES chun críocha sainaithint a dhéanamh a theorannú do chuardaigh i gcomhad an iarratais le rogha amháin nó níos mó de na sonraí EES seo a leanas:

(a) Méarloirg (lena náirítear méarloirg neamhfhollasa) náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa;

(b)Íomha den aghaidh.

I gcás ina bhfaightear amas nuair a dhéantear EES a cheadú, tabharfar rochtain ar aon sonraí eile a bhaintear as an sainchomhad de réir mar atá liostaithe in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 15(1).

5. I gcás ina ndéantar EES a cheadú le haghaidh stair taistil an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, beidh sé teoranta do chuardach le rogha amháin nó níos mó de na sonraí EES a leanas sa sainchomhad nó sna taifid ar dhul isteach/imeacht:

(a) An sloinne (sloinnte) (ainm teaghlaigh); an chéad ainm (na chéad ainmneacha); dáta breithe, náisiúntacht nó náisiúntachtaí agus inscne;

(b) Cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(c) Uimhir an ghreamáin víosa agus an dáta a rachaidh bailíocht na víosa in éag.

(d) Méarloirg (lena náirítear méarloirg neamhfhollasa);

(e) Íomha den aghaidh;

(f) Dáta agus am dul isteach, an túdarás a údaraíonn an dul isteach agus an pointe trasnaithe teorann le haghaidh dul isteach;

(g)Dáta agus am imeachta agus an pointe trasnaithe teorann le haghaidh imeachta;

I gcás ina bhfaightear amas nuair a dhéantar EES a cheadú, tabharfar rochtain ar na sonraí atá liostaithe sa mhír seo agus ar aon sonraí eile ón sainchomhad chomh maith agus ar na taifid ar dhul isteach/imeacht lena náirítear sonraí maidir le fanacht údaraithe a chúlghairm nó síneadh a chur leis i gcomhréir le hAirteagal 17.

Airteagal 30

Nós imeachta agus coinníollacha le go mbeidh rochtain ag Europol ar shonraí EES

1. Beidh rochtain ag Europol ar EES i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) tá an ceadú de dhíth chun tacú le bearta na mBallstát agus chun iad a neartú i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile a thagann faoi réim shainordú Europol a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, rud a fhágann go bhfuil cuardach an bhunachair sonraí comhréireach más amhlaidh go bhfuil údar sáraitheach imní maidir le slándáil phoiblí ann;

(b) tá an ceadú de dhíth i gcás ar leith;

(c) má tá forais réasúnacha ann chun a mheas go bhféadfaidh an ceadú bheith ina mhórchuidiú chun aon cheann de na cionta coiriúla atá i gceist a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras bailíochtaithe go dtagann amhrastach, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó ciona choiriúil thromchúisigh eile faoi chatagóir atá cumhdaithe sa Rialachán seo.

2.Beidh feidhm ag na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 29 (2) go dtí (5) dá réir sin.

3. Féadfaidh údarás ainmnithe Europol iarraidh leictreonach réasúnaithe a dhéanamh chun na sonraí uile nó tacar sonraí ar leith atá stóráilte in EES a cheadú agus an iarraidh sin a chur chuig lárphointe rochtana Europol dá dtagraítear in Airteagal 27. Ar iarraidh a fháil ar rochtain, déanfaidh lárphointe rochtana Europol a fhíorú an bhfuil na coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta. Más amhlaidh go bhfuil na coinníollacha rochtana uile comhlíonta, déanfaidh foireann chuí-údaraithe na lárphointí rochtana na hiarrataí a phróiseáil. Cuirfear na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu in EES ar aghaidh chuig na haonaid oibríoctúla dá dtagraítear in Airteagal 27(1) ar bhealach nach sáraíonn slándáil na sonraí sin.

4. An phróiseáil ar fhaisnéis a fuair Europol trí shonraí EES a cheadú, beidh sí faoi réir údarú ón mBallstát tionscnaimh. Gheofar an túdarú sin trí aonad náisiúnta Europol sa Bhallstát sin.

CAIBIDIL V
Sonraí a choinneáil agus a leasú

Airteagal 31
Tréimhse choinneála i gcomhair sonraí a stóráil

1.Déanfar gach taifead ar dhul isteach/imeacht nó gach diúltú cead isteach atá nasctha le sainchomhad a stóráil ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis dáta an taifid ar imeacht nó an taifd ar dhiúltú cead isteach, de réir mar is infheidhme.

2. Déanfar gach sainchomhad mar aon leis an taifead ar dhul isteach/imeacht nó na taifid ar dhiúltú cead isteach a stóráil in EES ar feadh cúig bliana agus lá amháin tar éis dáta an taifid dheireanaigh ar imeacht, mura bhfuil aon taifead ar dhul isteach laistigh de chúig bliana ón taifead deireanach ar imeacht nó ón taifead deireanach ar dhiúltú cead isteach.

3.Mura ndéantar aon taifead ar imeacht tar éis don fhanacht údaraithe dul in éag, déanfar na sonraí a stóráil ar feadh cúig bliana tar éis lá deireanach an fhanachta údaraithe. Cuirfidh EES na Ballstáit ar an eolas go huathoibríoch faoi rófhantóirí trí mhí roimh an scriosadh sceidealaithe sonraí le go nglacfaidh siad na bearta iomchuí.

4.    De mhaolú ar mhír (2) agus de mhír (3) na taifid a chruthaítear ar dhul isteach/imeacht náisiúnach tríú tír ar baill iad de theaghlach saoránaigh den Aontas ar saoránaigh iad a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo nó ar baill iad de theaghlach náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil an cárta cónaithe dá dtagraítear i dTreoir 2004/38/CE acu, stórálfar na taifid uile sin ar dhul isteach/imeacht ar feadh bliain amháin ar a mhéad tar éis an taifead deireanach ar imeacht.

5.    Ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, scriosfar sonraí den sórt sin go huathoibríoch ón lárchóras

Airteagal 32
Sonraí a leasú agus sonraí a scriosadh roimh ré

1.Beidh sé de cheart ag an mBallstát atá freagrach sonraí atá iontráilte in EES aige a leasú, trí na sonraí sin a cheartú nó a scriosadh.

2Má tá fianaise ag an mBallstát atá freagrach a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ar bhonn fíorasach nó gur próiseáladh in EES iad de shárú ar an Rialachán seo, seiceálfaidh sé na sonraí lena mbaineann agus, más gá, déanfaidh sé iad a leasú nó a scriosadh in EES gan mhoill agus, más infheidhme, ar liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 11. Féadfar sin a dhéanamh arna iarraidh sin don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 46.

3.De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, má tá fianaise ag Ballstát seachas an Ballstát atá freagrach a thugann le tuiscint go bhfuil na sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ar bhonn fíorasach nó gur próiseáladh in EES iad de shárú ar an Rialachán seo, seiceálfaidh sé na sonraí lena mbaineann, más féidir sin a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus, más gá, déanfaidh sé iad a leasú nó a scriosadh in EES gan mhoill agus, más infheidhme, ar liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 11. Sin nó rachaidh an Ballstát i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach laistigh de 14 lá agus seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála laistigh de mhí amháin. Féadfar sin a dhéanamh arna iarraidh sin don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 46.

4.I gcás ina bhfuil fianaise ag an mBallstát atá freagrach nó ag Ballstát seachas an Ballstát atá freagrach a thugann le tuiscint go bhfuil sonraí a bhaineann le víosaí atá ar taifead in EES míchruinn ar bhonn fíorasach nó gur próiseáladh sonraí dá sórt in EES de shárú ar an Rialachán seo, seiceálfaidh sé cruinneas na sonraí sin ar dtús i VIS agus, más gá, déanfaidh sé iad a leasú in EES. Más amhlaidh gurb ionann na sonraí atá ar taifead i VIS agus in EES, cuirfidh sé an Ballstát atá freagrach as na sonraí sin a iontráil i VIS ar an eolas láithreach trí bhonneagar VIS i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí a iontráil i VIS na sonraí lena mbaineann agus más gá déanfaidh sé iad a cheartú nó iad a scriosadh láithreach i VIS agus cuirfidh séan Ballstát atá freagrach nó an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh ar an eolas faoi agus, más gá, déanfaidh an Ballstát sin na sonraí sin a leasú nó a scriosadh gan mhoill in EES agus, más infheidhme, ar liosta na rófhantóirí sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 11.

5. Déanfar na sonraí faoi dhaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 11 a scriosadh gan mhoill ar an liosta dá dtagraítear san Airteagal sin agus ceartófar in EES iad i gcás ina soláthraíonn an náisiúnach tríú tír fianaise, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach nó an Bhallstáit ar cuireadh an iarraidh isteach chuige, nach raibh de rogha aige ach an fanacht údaraithe a shárú de dheasca teagmhais thromchúiseacha nárbh fhéidir a thuar, agus go bhfuil ceart dlíthiúil aige fanacht nó déanfar iad a scriosadh gan mhoill i gcás earráidí. Beidh rochtain ag an náisiúnach tríú tír ar leigheas breithiúnach éifeachtach lena náirithiú go ndéanfar na sonraí a leasú.

6.I gcás ina bhfuil náisiúntacht Ballstáit faighte ag náisiúnach tríú tír nó gur tháinig sé faoi raon feidhme Airteagal 2(3) sula ndeachaigh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 31 in éag, déanfaidh na Ballstáit a leanas an sainchomhad agus na taifid atá nasctha leis i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 15 a scriosadh gan mhoill in EES agus ar liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 11, más infheidhme:

(a) an Ballstát a thug náisiúntacht don náisiúnach tríú tír, nó

(b) an Ballstát a d'eisigh an ceadúnas nó cárta cónaithe.

I gcás ina bhfuil náisiúntacht Andóra, Mhonacó nó San Marino faighte ag náisiúnach tríú tír, chuirfidh sé údaráis inniúla an chéad Bhallstáit eile a dtéann sé isteach ann ar an eolas faoin athrú sin. Scriosfaidh an Ballstát sin a chuid sonraí gan mhoill in EES. Beidh rochtain ag an náisiúnach tríú tír ar leigheas breithiúnach éifeachtach chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí a scriosadh.

7.Cuirfidh an lárchóras na Ballstáit uile ar an eolas faoin scriosadh sonraí sin in EES láithreach agus, más infheidhme, ar liosta na ndaoine sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 11.

CAIBIDIL VI
Forbairt, Oibríocht agus Freagrachtaí

Airteagal 33
Bearta cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún roimh fhorbairt

Glacfaidh an Coimisiún na bearta thíos is gá le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme teicniúil an lárchórais, na gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta agus an bhonneagair chumarsáide, go háirithe bearta maidir le:

(a) sonraíochtaí i dtaca le gléineacht agus úsáid méarlorg chun críche fíorú bithmhéadrach agus sainaithint a dhéanamh in EES;

(b) na sonraí a iontráil i gcomhréir le hAirteagail 14, 15, 16, 17 agus 18;

(c) na sonraí a rochtain i gcomhréir le hAirteagail 21 go 30;

(d) na sonraí a leasú, a scriosadh agus a réamhscriosadh i gcomhréir le hAirteagal 32;

(e) na taifid a choinneáil agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 41;

(f) ceanglais feidhmíochta;

(g) na sonraíochtaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 12;

(h) an bhileog choiteann eolais dá dtagraítear in Airteagal 44(3);

(i) na sonraíochtaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(3);

(j) an idir-inoibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 7 a bhunú agus a cheapadh ar ardleibhéal;

(k)na sonraíochtaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an lárstóras dá dtagraítear in Airteagal 57 (2).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 61(2).

Chun na bearta atá leagtha síos le haghaidh bhunú agus cheapadh ardleibhéil na hidir-inoibritheachta arna sonrú i bpointe (j) a ghlacadh, rachaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 61 den Rialachán seo i gcomhairle leis an gCoiste VIS arna bhunú le hAirteagal 49 de Rialachán (CE) 767/2008.

Airteagal 34
Forbairt agus bainistiú oibríochtúil

1.Is faoi euLISA a bheidh sé an lárchóras, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an bonneagar cumarsáide agus an bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS a fhorbairt. Ina theannta sin, is faoi euLISA a bheidh sé freisin an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 12 a fhorbairt i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus na coinníollacha arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 61(2).

Is é euLISA a shaineoidh dearadh ailtireacht fhisiceach an chórais lena náirítear a bhonneagar cumarsáide mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu i dtaca leis an lárchóras, na comhéadain aonfhoirmeacha, an bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS agus an bonneagar cumarsáide, a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta, faoi réir tuairim dhearfach ón gCoimisiún. Is é euLISA freisin a chuirfidh chun feidhme aon choigeartuithe is gá ar VIS a éiríonn as idir-inoibritheacht a bhunú le EES agus as cur chun feidhme na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 dá dtagraítear in Airteagal 55.

Déanfaidh euLISA an lárchóras, na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta, an bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS agus an bonneagar cumarsáide a fhorbairt agus a chur chun feidhme chomh luath agus is féidir tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm agus tar éis don Choimisiún na bearta a ndéantar foráil maidir leo in Airteagal 33 a ghlacadh.

Is éard a bheidh san fhorbairt mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus comhordú foriomlán an tionscadail.

2.    Le linn chéim an deartha agus na forbartha, bunófar Bord Bainistíochta an Chláir ar a mbeidh 10 gcomhalta ar a mhéad. Ar an mBord sin beidh ocht gcomhalta a cheapfaidh Bord Bainistíochta euLISA as measc a chuid comhaltaí féin, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach EES dá dtagraítear in Airteagal 62 agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. Na comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta euLISA, toghfar iad as na Ballstáit sin atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag euLISA agus as a measc sin amháin, agus atá rannpháirteach in EES. Tiocfaidh Bord Bainistíochta an Chláir le chéile uair amháin sa mhí. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha EES agus go mbeidh comhsheasmhacht ann idir tionscadail lárnacha agus náisiúnta EES. Cuirfidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta uair sa mhí maidir le dul chun cinn an tionscadail. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú aige chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta.

   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha nós imeachta Bhord Bainistíochta an Chláir a bhunú lena náireofar go háirithe rialacha maidir le:

(a) an chathaoirleacht;

(b) ionaid le haghaidh cruinnithe;

(c) ullmhú cruinnithe;

(d) saineolaithe a ligean isteach ar chruinnithe;

(e) pleananna cumarsáide a áiritheoidh go mbeidh an fhaisnéis iomlán ag comhaltaí an Bhoird Bainistíochta nach mbeidh rannpháirteach.

Beidh an chathaoirleacht ag an mBallstáit ag a bhfuil an Uachtaránacht ar choinníoll go bhfuil sé faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag euLISA nó, mura gcomhlíontar an ceanglas sin, beidh an chathaoirleacht ag an gcéad Bhallstát eile ag a mbeidh an Uachtarántacht agus a chomhlíonann an ceanglas sin.

Is é an Ghníomhaireacht a íocfaidh as gach costas taistil agus cothabhála a thabhóidh comhaltaí Bhord Bainistíochta an Chláir agus beidh feidhm ag Airteagal 10 de rialacha nós imeachta euLISA maidir leo mutatis mutandis. Déanfaidh euLISA rúnaíocht Bhord Bainistíochta an Chláir a áirithiú.

Le linn na céime deartha agus forbartha, beidh i nGrúpa Comhairleach EES dá dtagraítear in Airteagal 62 bainisteoirí tionscadal EES náisiúnta. Beidh cruinniú aige uair amháin sa mhí ar a laghad go dtí go dtiocfaidh EES i bhfeidhm. Tabharfaidh sé tuarascáil do Bhord Bainistíochta an Chláir tar éis gach cruinniú. Cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil chun tacú le cúraimí Bhord Bainistíochta an Chláir agus déanfaidh sé an obair leantach a bhaineann le hullmhacht na mBallstát.

3.Is é euLISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil an lárchórais, an bhealaigh cumarsáide sláin idir lárchóras EES agus lárchóras VIS agus na gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta. Áiritheoidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, go núsáidfear an teicneolaíocht is fearr a bheidh ar fáil, faoi réir anailís costais is tairbhe. Is é euLISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil an bhonneagair cumarsáide idir an lárchóras agus na comhéadain aonfhoirmeacha náisiúnta agus as an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 12.

Is éard a bheidh i mbainistiú oibríochtúil EES na cúraimí go léir a theastaíonn chun an córas sin a choinneáil ar bun 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá sa tseachtain i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go mbeidh an córas ag feidhmiú ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta oibríochtúla de, go háirithe maidir le haga freagartha chun an bunachar sonraí láir a iniúchadh de réir pointí trasnaithe teorann, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

4.Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, cuirfidh euLISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena baill foirne ar fad ar gá dóibh oibriú le sonraí EES. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na comhaltaí foirne sin imeacht ón oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

Airteagal 35
Freagrachtaí na mBallstát

1.Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

(a)lánpháirtiú bhonneagar reatha na dteorainneacha náisiúnta agus a cheangal leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta;

(b)bonneagar reatha a theorainneacha náisiúnta féin agus ceangal an Bhallstáit le EES a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil chun críche Airteagal 5 seachas pointí (j), (k) agus (l);

(c) na lárphointí rochtana agus a gceangal leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta a eagrú chun críche fhorghníomhú an dlí;

(d)bainistiú agus socruithe a dhéanamh chun go mbeidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na núdarás inniúil náisiúnta ar EES i gcomhréir leis an Rialachán seo; liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta.

2.Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta a thabharfaidh rochtain ar EES do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8. Ceanglóidh gach Ballstát an túdarás náisiúnta sin leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta. Ceanglóidh gach Ballstát agus Europol na lárphointí rochtana acu, dá dtagraítear in Airteagal 26 agus 27, leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta.

3.Úsáidfidh gach Ballstát nósanna imeachta uathoibrithe agus sonraí á bpróiseáil acu.

4.Sula dtabharfar údarás dóibh na sonraí atá stóráilte in EES a phróiseáil, cuirfear oiliúint iomchuí faoi shlándáil sonraí, faoi rialacha cosanta sonraí go háirithe, agus faoi chearta bunúsacha ábhartha, ar fhoireann na núdarás a mbeidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar an gcóras.

Airteagal 36
Freagracht as úsáid na sonraí

1.Maidir le próiseáil sonraí pearsanta in EES, ainmneoidh gach Ballstát an túdarás a mheasfar a bheith ina rialaitheoir i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Threoir 95/46/CE agus arb é an túdarás é a mbeidh freagracht láir air as próiseáil sonraí ag an mBallstát sin. Cuirfidh gach Ballstát sonraí an údaráis sin in iúl don Choimisiún.

Áiritheoidh gach Ballstát go bpróiseálfar na sonraí atá ar taifead in EES go dleathach, agus go háirithe gur ag an bhfoireann chuí-údaraithe amháin a bheidh rochtain ar na sonraí sin agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach, go háirithe:

(a)gur go dleathach agus le lánurraim do dhínit an náisiúnaigh tríú tír a bhaileofar na sonraí;

(b)gur go dleathach a chlárófar na sonraí in EES;

(c)go mbeidh na sonraí cruinn agus nuashonraithe nuair a tharchuirfear chuig EES iad.

2.Áiritheoidh euLISA go ndéanfar EES a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33. Go háirithe, déanfaidh euLISA:

(a)pé beart is gá a ghlacadh chun slándáil an lárchórais agus an bhonneagair cumarsáide atá idir an lárchóras agus an comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta a áirithiú, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit;

(b)a áirithiú gur ag an bhfoireann chuí-údaraithe amháin a bheidh rochtain ar shonraí a dhéanfar a phróiseáil in EES.

3.Cuirfidh euLISA Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi na bearta a dhéanfaidh sé de bhun mhír 2 maidir le teacht i bhfeidhm EES.

Airteagal 37
Sonraí a choinneáil i gcomhaid náisiúnta agus sna Córais Náisiúnta Dul Isteach agus Imeachta

1.Féadfaidh Ballstát na sonraí alfauimhriúla a d'iontráil sé in EES a choinneáil ina chomhaid náisiúnta féin agus sa Chóras Náisiúnta Dul Isteach agus Imeachta ach sin a bheith i gcomhréir le cuspóirí EES agus le lánurraim do dhlí an Aontais.

2.Ní choinneofar aon sonraí sna comhaid náisiúnta ná sna Córais Náisiúnta Dul Isteach agus Imeachta níos faide ná mar a choinneofar in EES iad.

3.Aon úsáid sonraí nach gcomhlíonfaidh mír 1, measfar gur mí-úsáid é faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit agus faoi dhlí an Aontais féin.

4.Ní fhéadfar an tAirteagal seo a fhorléiriú mar Airteagal lena gceanglaítear aon leasú teicniúil ar EES. Is ar a bpriacal agus ar a gcostas féin, agus lena gcuid acmhainní teicniúla féin amháin, a fhéadfaidh na Ballstáit sonraí a choinneáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 38
Sonraí a chur in iúl do thríú tíortha, d'eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do pháirtithe príobháideacha

1.Ní dhéanfar aon sonraí a stórálfar in EES a aistriú chuig an tríú tír, chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ná chuig aon pháirtí príobháideach ná ní chuirfear ar fáil dóibh na sonraí sin.

2.De mhaolú ar mhír 1, féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a), (b) agus (c) agus in Airteagal 15(1) a aistriú chuig an tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta atá liostaithe san Iarscríbhinn, nó na sonraí sin a chur ar fáil dóibh, más gá sin a dhéanamh i gcásanna aonair chun céannacht náisiúnaigh tríú tír a chruthú d'fhonn an duine sin a chur ar ais, más rud é:

(a)go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE, nó go mbeidh i bhfeidhm comhaontú um athligean isteach idir an Comhphobal agus an tríú tír sin, nó gurb infheidhme d'Airteagal 26(1)(d) de Threoir 95/46CE;

(b)go gcomhaontóidh an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta gan na sonraí sin a úsáid ach chun na críche ar chuici a cuireadh ar fáil iad;

(c)go naistreofar na sonraí, nó go gcuirfear ar fáil iad, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sin de dhlí an Aontais, go háirithe le comhaontuithe um athligean isteach, agus le forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a mbeidh na sonraí á naistriú nó á gcur ar fáil aige, lena náirítear na forálacha dlí is ábhartha do shlándáil sonraí agus do chosaint sonraí;

(d)go mbeidh a thoiliú tugtha ag an mBallstát a d’iontráil na sonraí in EES.

3.Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun mhír 2 dochar, go háirithe maidir le nonrefoulement, dá gcearta siúd a iarrfaidh nó a dtabharfar dóibh cosaint idirnáisiúnta.

4.    Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhainfidh Ballstát nó Europol as an lárchóras chun críocha fhorghníomhú an dlí, ní dhéanfar iad a aistriú chuig an tríú tír, chuig eagraíocht idirnáisiúnta ná chuig aon eintiteas príobháideach laistigh ná lasmuigh den Aontas nó ní chuirfear ar fáil dóibh iad. Beidh feidhm ag an toirmeasc seo freisin má dhéantar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ar an leibhéal náisiúnta nó idir Ballstáit de réir bhrí Airteagal 2(b) de Chinneadh 2008/977/CGB ón gComhairle.

Airteagal 39
Slándáil sonraí

1.Is é an Ballstát féin a bheidh freagrach as slándáil na sonraí roimh agus le linn a dtarchuir chuig an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta. Áiritheoidh gach Ballstát slándáil na sonraí a bhainfidh sé as EES.

2.I ndáil le bonneagar na dteorainneacha náisiúnta aige féin, glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá, lena náirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó, agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste, d'fhonn:

(a)sonraí a chosaint go fisiciúil, lena náirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)rochtain a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe ar shuiteálacha náisiúnta ina ndéanann an Ballstát oibríochtaí i gcomhréir le cuspóirí EES;

(c)léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar mheáin ar a mbeidh sonraí stóráilte a chosc;

(d)iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte a chosc;

(e)próiseáil neamhúdaraithe sonraí in EES agus modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí a próiseáladh in EES a chosc;

(f)a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar EES ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina núdarú rochtana, trí mheán aitheantas úsáideora indibhidiúil agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid;

(g)a áirithiú go gcruthóidh na húdaráis uile a mbeidh ceart rochtana ar EES acu próifílí lena dtabharfar tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh, a cheadú agus a chuardach, agus go gcuirfear na próifílí sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 49 agus do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 52(2) gan mhoill arna iarraidh sin dóibh;

(h)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid;

(i)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé na sonraí a próiseáladh in EES, cá huair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige a ndearnadh;

(j)cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig EES nó uaidh, nó meáin ar a mbeidh sonraí á stóráil;

(k)faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.I dtaca le feidhmiú EES, glacfaidh euLISA gach beart is gá chun na cuspóirí atá leagtha amach i mír 2 a bhaint amach lena náirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe a ghlacadh.

Airteagal 40
Dliteanas

1.Aon duine nó aon Bhallstát ar bhain damáiste dó de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach nó de bharr aon bhirt nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó. Beidh an Ballstát sin díolmhaithe ó aon dliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leis a chruthú nárbh é a bhí freagrach as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.

2.Má theipeann ar Bhallstát a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus sin a bheith ina chúis damáiste do EES, is é an Ballstát sin a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna euLISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach in EES bearta réasúnta chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.Ag forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit arb é an cosantóir é a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar in éadan Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 41
Taifid a choinneáil

1.Coimeádfaidh euLISA taifid in EES ar gach oibríocht próiseála sonraí. Léireofar sna taifid sin an cuspóir atá leis an rochtain dá dtagraítear in Airteagal 8, an dáta agus an tam, na sonraí a tarchuireadh agus dá dtagraítear in Airteagail 14 go 17, na sonraí a úsáideadh i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagail 21 go 25 agus ainm an údaráis a d’iontráil nó a d'aisghabh na sonraí. Ina theannta sin, coinneoidh gach Ballstát taifid ar na baill foirne atá cuí-údaraithe sonraí a iontráil nó a aisghabháil.

2.I dtaca leis na ceaduithe atá liostaithe in Airteagal 7, gach oibríocht próiseála sonraí a dhéantar in EES agus i VIS, coinneofar taifead air i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Áiritheoidh euLISA go gcoinneofar, go háirithe, na taifid sin is ábhartha do na hoibríochtaí próiseála sonraí atá i gceist nuair a sheolfaidh na húdaráis inniúla oibríocht próiseála sonraí go díreach ó chóras amháin go córas eile.

3.Ní fhéadfar na taifid sin a úsáid ach chun faireachán cosanta sonraí a dhéanamh ar inghlacthacht phróiseáil na sonraí agus chun slándáil sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na taifid sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus scriosfar na taifid bliain tar éis don tréimhse choinneála dá dtagraítear in Airteagal 31 a dhul in éag mura mbeidh gá leo i gcomhair nósanna imeachta faireacháin ar cuireadh tús leo cheana.

Airteagal 42
Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach údarás ag a mbeidh ceart rochtana ar shonraí EES na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, i gcás inar gá sin, leis an údarás maoirseachta.

Airteagal 43
Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit pé beart is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a ghearradh as aon úsáid a bhainfear, de shárú ar an Rialachán seo, as sonraí a iontráiltear in EES, lena náirítear pionóis riaracháin agus pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL VII
Cearta agus maoirseacht maidir le cosaint sonraí

Airteagal 44
Ceart chun faisnéise

1.Gan dochar don cheart chun faisnéise de bhun Airteagal 10 de Threoir 95/46/CE, i gcás aon náisiúnach tríú tír a gcuirfear a chuid sonraí ar taifead in EES, cuirfidh an Ballstát atá freagrach an méid seo a leanas in iúl i scríbhinn don duine sin:

(a)míniú, i dteanga shoiléir shothuigthe, lena dtabharfar le fios go bhféadfaidh na Ballstáit agus Europol EES a rochtain chun críocha fhorghníomhú an dlí;

(b)an gá go nglacfaí na méarloirg i gcás náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa;

(c)gach náisiúnach tríú tír a bheidh faoi réir clárú le EES, an gá go mbeidh íomhá dá naghaidh ar taifead;

(d)gur gá na sonraí a bhailiú chun scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha iontrála;

(e)go bhfuil ceart rochtana ag an duine ar shonraí a bhaineann leis, agus ceart aige a iarraidh go gceartófaí sonraí míchruinne a bhaineann leis nó go scriosfaí sonraí a bhaineann leis agus a próiseáladh go neamhdhleathach, lena náirítear an ceart faisnéis a fháil maidir leis na nósanna imeachta um fheidhmiú na gceart sin agus sonraí teagmhála na núdarás maoirseachta náisiúnta nó an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí más infheidhme, a éistfidh aon éileamh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2    An fhaisnéis sin a cuireadh ar fáil i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear sin ar fáil nuair a bheidh sainchomhad an té lena mbaineann á chruthú i gcomhréir le hAirteagal 14, Airteagal 15 nó Airteagal 16.

3.    Ullmhóidh an Coimisiún bileog choiteann eolais agus cuirfear ar bun suíomh gréasáin ar a mbeidh, ar an gcuid is lú de, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 61(2). Beidh an bhileog choiteann eolais agus inneachar an tsuímh gréasáin soiléir simplí, agus ar fáil i dteanga a thuigfidh an té lena mbaineann nó i dteanga a shíltear le réasún a thuigfidh sé.

   Leagfar amach an bhileog choiteann eolais agus an suíomh gréasáin ar shlí a chuirfidh ar chumas na mBallstát iad a chomhlánú le faisnéis bhreise is sonrach do na Ballstáit éagsúla. Áireofar san fhaisnéis sin is sonrach don Bhallstát, ar an gcuid is lú de, cearta an duine is ábhar do na sonraí, faisnéis faoin gcabhair a d'fhéadfaí a fháil ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta mar aon le sonraí teagmhála oifig an rialaitheora agus na núdarás maoirseachta náisiúnta.

Airteagal 45
Feachtas eolais

Nuair a thosóidh EES ag feidhmiú, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, feachtas eolais a chur ar siúl chun an pobal a chur ar an eolas faoina chuspóirí, faoin bhfaisnéis a stóráladh, faoi na húdaráis ag a mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis sin, agus faoina gcearta siúd lena mbaineann.

Airteagal 46
An ceart rochtana ar shonraí, agus sonraí a cheartú agus a scriosadh

1.    Gan dochar d'Airteagal 12 de Threoir 95/46/CE, beidh sé de cheart ag aon náisiúnach tríú tír na sonraí sin a bhaineann leis agus atá ar taifead in EES a fháil, mar aon leis na sonraí a bhaineann leis an mBallstát a tharchuir an fhaisnéis sin chuig EES.

2.Más chuig Ballstát, seachas an Ballstát atá freagrach, a dhéantar iarraidh ar shonraí a cheartú nó a scriosadh, déanfaidh údaráis an Bhallstáit ar chuige a cuireadh an iarraidh cruinneas na faisnéise agus dlíthiúlacht na próiseála a rinneadh in EES a sheiceáil laistigh de mhí más féidir seo a dhéanamh gan dul i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach. Murar féidir, rachaidh an Ballstát (nach é an Ballstát atá freagrach é) i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit atá freagrach, laistigh de 14 lá, agus dearbhóidh an Ballstát atá freagrach, laistigh de mhí, cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála a rinneadh ar na sonraí sin.

3.I gcás ina bhfuil sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíricí de, nó gur taifeadadh sonraí go neamhdhleathach, ceartóidh nó scriosfaidh an Ballstát atá freagrach, nó i gcás inarb iomchuí, an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh, na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 32. Dearbhóidh an Ballstát atá freagrach, nó i gcás inarb iomchuí, an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh, i scríbhinn gan mhoill don duine lena mbaineann go bhfuil beart déanta aige chun na sonraí a bhaineann leis an duine sin a cheartú nó a scriosadh.

I gcás ina bhfuil sonraí a bhaineann le víosa atá ar taifead in EES mícheart ó thaobh fíricí de, nó gur taifeadadh sonraí go neamhdhleathach, seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach, nó i gcás inarb iomchuí, an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh, cruinneas na sonraí sin i VIS agus, más gá, leasóidh sé in EES iad. Más ionann na sonraí atá ar taifead i VIS agus in EES, rachaidh an Ballstát atá freagrach nó an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh i dteagmháil, laistigh de 14 lá, leis na húdaráis sa Bhallstát a bhí freagrach as na sonraí a iontráil i VIS. Laistigh de mhí, seiceálfaidh an Ballstát atá freagrach as na sonraí a iontráil i VIS cruinneas na sonraí a bhaineann leis an víosa agus dlíthiúlacht na próiseála a rinne an Ballstát in EES, agus cuirfidh sé ar an eolas an Ballstát atá freagrach nó an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh; más gá, leasóidh nó scriosfaidh an Ballstát na sonraí sin gan mhoill in EES agus, i gcás inarb iomchuí, ar liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

4.Mura naontaíonn an Ballstát atá freagrach nó, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát ar chuige a seoladh an iarraidh, go bhfuil sonraí atá ar taifead in EES míchruinn ó thaobh fíricí de nó gur go neamhdhleathach a taifeadadh iad, glacfaidh an Ballstát cinneadh riaracháin agus míneoidh sé i scríbhinn gan mhoill don duine lena mbaineann cad chuige nach bhfuil sé sásta na sonraí sin a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh.

5.Cuirfidh an Ballstát atá freagrach nó, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát chuig ar seoladh an iarraidh, faisnéis ar fáil don té lena mbaineann maidir leis na bearta is ceadmhach don té sin a ghlacadh i gcás nach nglacann an duine sin leis an míniú a thug an Ballstát ar an gcinneadh arna dhéanamh de bhun mhír 5. Áireofar san fhaisnéis sin an tslí le caingean a thabhairt nó le gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin, agus aon chúnamh, lena náirítear cúnamh ó na húdaráis mhaoirseachta, atá ar fáil i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit sin.

6.    Pé faisnéis is gá chun an duine is ábhar do na sonraí sin a aithint, lena náirítear méarloirg, beidh sin le fáil i gcás aon iarrata a dhéanfar de bhun mhír 1 agus de bhun mhír 2. Is chun feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a éascú a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus chuige sin amháin; déanfar í a scriosadh go díreach ina dhiaidh sin.

7.    Aon uair a iarrfaidh duine sonraí a bhaineann leis i gcomhréir le mír 2, coimeádfaidh an túdarás inniúil taifead mar dhoiciméid scríofa go ndearnadh a leithéid d'iarraidh, an bealach ar déileáladh leis an iarraidh, agus an túdarás a rinne sin, agus cuirfidh sé an doiciméad sin ar fáil gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

Airteagal 47
Comhar chun cearta cosanta sonraí a áirithiú

1.Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta atá leagtha síos in Airteagal 46(3), (4) agus (5) a fhorghníomhú.

2.I ngach Ballstát, cabhróidh an túdarás maoirseachta, arna iarraidh sin air, leis an duine lena mbaineann, agus cuirfidh sé comhairle air maidir le feidhmiú a chirt chun sonraí a bhaineann leis a choigeartú nó a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir 95/46/CE.

Chuige sin, comhoibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit sin atá freagrach agus a tharchuir na sonraí, comhoibreoidh sé le húdaráis mhaoirseachta na mBallstát ar faoina mbráid a cuireadh an iarraidh.

Airteagal 48
Leigheasanna

1.I ngach Ballstát, beidh sé de cheart ag aon duine caingean a thabhairt nó gearán a dhéanamh os comhair údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin a dhiúltaigh ceart rochtana ar na sonraí a bhaineann leis an duine sin, nó a dhiúltaigh an ceart na sonraí sin a choigeartú nó a scriosadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 46.

2.Beidh cúnamh ar fáil ó na húdaráis mhaoirseachta ó thús deireadh na nimeachtaí sin.

Airteagal 49
Maoirsiú arna dhéanamh ag an údarás maoirseachta náisiúnta

1.Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an túdarás maoirseachta náisiúnta nó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna nainmniú de bhun Airteagal 28(1) de Threoir 95/46/CE faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála arna déanamh ag an mBallstát lena mbaineann ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagail 13 go 19, lena náirítear tarchur na sonraí sin chuig agus as EES.

2.Áiritheoidh an túdarás maoirseachta go ndéanfar iniúchadh, gach ceithre bliana ar a laghad, ar na hoibríochtaí próiseála sonraí sa chóras náisiúnta i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a dhóthain acmhainní ag an údarás maoirseachta chun na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.Maidir le próiseáil sonraí pearsanta in EES, ainmneoidh gach Ballstát an túdarás a mheasfar a bheith ina rialaitheoir i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Threoir 95/46/CE agus arb é an túdarás é a mbeidh freagracht láir air as próiseáil sonraí ag an mBallstát sin. Cuirfidh gach Ballstát sonraí an údaráis sin in iúl don Choimisiún.

5.Soláthróidh gach Ballstát gach faisnéis a iarrfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus, go háirithe, aon fhaisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35, Airteagal 36(1) agus Airteagal 39. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain dóibh ar a dtaifid de bhun Airteagal 30 agus ceadóidh siad dóibh rochtain a bheith acu tráth ar bith ar gach áitreabh dá gcuid a bhaineann le EES.

Airteagal 50
Maoirseacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanfaidh euLISA gach gníomhaíocht próiseála sonraí dá chuid a bhaineann le EES.

2.Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha a dhéanfar iniúchadh, gach ceithre bliana ar a laghad, ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta na Gníomhaireachta. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig euLISA, chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar deis do euLISA tuairim a thabhairt sula nglacfar an tuarascáil.

3.Soláthróidh euLISA an fhaisnéis, a iarrfaidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí, tabharfaidh sé rochtain dó ar gach doiciméad agus ar na taifid dá dtagraítear in Airteagal 41 agus ceadóidh sé rochtain dó tráth ar bith ar gach áitreabh dá chuid.

Airteagal 51
Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta

agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.Comhoibreoidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go gníomhach faoi chuimsiú a gcuid freagrachtaí, agus áiritheoidh siad go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar EES agus ar na córais náisiúnta.

2.Déanfaidh siad faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhróidh siad le chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh siad measúnú ar fhadhbanna a bhaineann le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú chearta an duine is ábhar do na sonraí, ullmhóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair comhréiteach ar aon fhadhbanna, agus cuirfidh siad feasacht faoi chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3.Tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile chun na críche sin faoi dhó sa bhliain ar a laghad. Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a sheasfaidh costais na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirtíocht de réir mar is gá.

4.Seolfar comhthuarascáil ar a ngníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig euLISA gach re bliain. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ó gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit.

Airteagal 52
Sonraí pearsanta, arna soláthar chun críocha fhorghníomhú an dlí, a chosaint

1. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na forálacha a glacadh faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB chun feidhme, go mbeidh siad infheidhme freisin i dtaca le rochtain a thabhairt ar EES do na húdaráis náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(2).

2. Is iad na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna nainmniú de bhun Chinneadh Réime 2008/977/CGB a dhéanfaidh an faireachán ar dhlíthiúlacht na rochtana a thabharfar do na Ballstáit ar shonraí pearsanta chun na gcríoch atá liostaithe in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, lena náirítear tarchur na sonraí sin chuig agus as EES.

3. Déanfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Cinneadh 2009/371/CGB agus déanfaidh maoirseoir neamhspleách seachtrach ar chosaint sonraí maoirseacht air sin. Beidh feidhm ag Airteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 32 den Chinneadh sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag Europol de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh an maoirseoir neamhspleách seachtrach ar chosaint sonraí nach sárófar cearta an náisiúnaigh tríú tír.

4. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a gheofar as EES chun na gcríoch atá leagtha síos in Airteagal 1(2) a phróiseáil ach amháin d'fhonn an cás sonrach ar iarr Ballstát nó Europol na sonraí ina leith a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

5. Coinneoidh an lárchóras, na húdaráis ainmnithe, na lárphointí rochtana agus Europol taifead ar na cuardaigh chun go bhféadfaidh na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán a dhéanamh ar an tslí a bhfuil an phróiseáil sonraí i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais. Seachas i gcás na críche thuasluaite, scriosfar tar éis míosa sonraí pearsanta chomh maith leis na taifid atá sna comhaid náisiúnta agus i gcomhaid Europol uile ar na cuardaigh a rinneadh, ach amháin má tá na sonraí agus na taifid sin de dhíth chun críocha an imscrúdaithe choiriúil shonraigh atá fós ar siúl agus ar iarr an Ballstát nó Europol na sonraí ina leith.

Airteagal 53

Logáil agus doiciméadú

1.Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go ndéanfar gach oibríocht próiseála sonraí a thagann as iarrataí ar rochtain ar shonraí EES chun na gcríoch atá leagtha síos in Airteagal 1(2) a logáil nó a dhoiciméadú chun críocha inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus ar shláine agus ar shlándáil sonraí agus chun críocha féinfhaireacháin.

2.Léireoidh an logáil nó na doiciméid an méid seo a leanas:

(a)cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain ar shonraí EES, lena náirítear an cion sceimhlitheoireachta nó an cion tromchúiseach coiriúil eile lena mbaineann agus, i gcás Europol, cad é go baileach is cuspóir don iarraidh ar rochtain;

(b)na forais réasúnacha a luaitear chun nach ndéanfar comparáid le Ballstáit eile faoi Chinneadh 2008/615/CGB, i gcomhréir le hAirteagal 29(2)(b) den Rialachán seo;

(c)tagairt an chomhaid náisiúnta;

d)an dáta agus an tam baileach a d'iarr an pointe rochtana náisiúnta rochtain ar an lárchóras;

(f)más infheidhme, úsáid an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 28(2) agus an cinneadh arna ghlacadh maidir leis an bhfíorú ex-post;

(g)na sonraí a úsáideadh chun comparáid a dhéanamh;

(h)i gcomhréir le rialacha náisiúnta nó rialacha Chinneadh Uimh. 2009/371/CGB, marc aitheantais an oifigigh a rinne an cuardach agus an oifigigh a d'ordaigh an cuardach nó an soláthar.

3.Ní úsáidfear logálacha ná doiciméid den sórt sin ach amháin chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht próiseála sonraí agus freisin chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú. Ní ceadmhach a úsáid i gcomhair an fhaireacháin agus na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 64 ach logálacha ina bhfuil sonraí neamhphearsanta. Na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla atá freagrach as inghlacthacht na hiarrata a sheiceáil, as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus as sláine agus slándáil na sonraí, beidh rochtain acu ar na logálacha sin arna iarraidh sin dóibh d'fhonn a ndualgais a chomhlíonadh.

CAIBIDIL VIII

Leasuithe ar ionstraimí eile de chuid an Aontais

Airteagal 54
Leasú ar an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

In Airteagal 20 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Ní dhéanfaidh mír 1 difear don cheart atá ag gach páirtí conarthach, i gcásanna eisceachtúla, síneadh a chur le fanacht eachtrannaigh ar a chríoch tar éis 90 lá."

Airteagal 55
Leasuithe ar Rialachán (CE) 767/2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1) Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 13:

"3. I gcás ina gcinntear víosa arna heisiúint a neamhniú nó a chúlghairm, aisghabhfaidh agus easpórtálfaidh an túdarás víosaí a ghlac an cinneadh na sonraí sin láithreach as VIS go díreach isteach in EES, sonraí iad sin atá liostaithe faoi mhír 1 d'Airteagal 17 den [Rialachán Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí]*."

___________

* Rialachán Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí (IO …) [teideal iomlán + tagairt san IO]

___________

(2) Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 14:

"3. I gcás ina gcinntear síneadh a chur le tréimhse bhailíochta agus/nó le fad fanachta na víosa arna heisiúint, déanfaidh an túdarás víosaí a ghlac an cinneadh na sonraí sin atá liostaithe faoi mhír 1 d'Airteagal 17 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] a aisghabháil agus a easpórtáil láithreach as VIS go díreach go EES.

(3) leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c) de mhír 2:

''(b) an sloinne (ainm an teaghlaigh), an chéad ainm (na chéad ainmneacha); an dáta breithe, náisiúntacht; inscne;

(c) cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d'eisigh an doiciméad taistil, agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;''

(b) cuirtear leis na míreanna seo a leanas:

"4. Chun críocha EES a cheadú d'fhonn iarratais ar víosa a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh i gcomhréir le hAirteagal 22 [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], tabharfar don údarás inniúil víosaí rochtain ar EES díreach as VIS d'fhonn EES a chuardach le rogha amháin nó níos mó de na sonraí sin dá dtagraítear san Airteagal sin.

5. Má léiríonn an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i mír 2 nach bhfuil sonraí faoin náisiúnach tríú tír ar taifead in EES nó i gcás ina bhfuiltear in amhras faoi chéannacht an náisiúnaigh tríú tír, beidh rochtain ag an údarás inniúil víosaí ar shonraí chun críocha céannachta i gcomhréir le hAirteagal 20."

(4) Cuirtear isteach leagan nua de Airteagal 17a i gCaibidil III:

"Airteagal 17a

Idir-inoibritheacht le EES

1. Ón uair a thiocfaidh EES i bhfeidhm, faoi mar a luaitear in Airteagal 60(1) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], beidh idir-inoibritheacht ann idir EES agus VIS d'fhonn éifeachtúlacht seiceálacha teorann a áirithiú agus luas a chur leo. Chuige sin, bunóidh euLISA bealach cumarsáide slán idir lárchóras EES agus lárchóras VIS le go mbeidh idir-inoibritheacht ann idir EES agus VIS. Ní féidir ceadú díreach a dhéanamh idir na córais ach amháin má dhéantar foráil sa Rialachán seo agus i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir leis.

2. Cuirfidh ceanglas na hidir-inoibritheachta ar chumas na núdarás víosaí sin a bhaineann úsáid as VIS EES a cheadú as VIS chun:

(a)EES a cheadú agus iarratais ar víosa á scrúdú agus cinneadh á dhéanamh maidir leo faoi mar atá luaite in Airteagal 22 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], agus in Airteagal 15 (4) den Rialachán seo;

(b)aisghabháil agus easpórtáil a dhéanamh go díreach as VIS go EES ar na sonraí sin a bhaineann le víosaí i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 17 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], agus le hAirteagal 13 agus Airteagal14 den Rialachán seo.

3. Cuirfidh ceanglas na hidir-inoibritheachta ar chumas na núdarás teorann sin a úsáideann EES VIS a cheadú ón EES chun:

(a)na sonraí sin a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach as VIS go EES chun sainchomhad sealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 13, Airteagal14 agus Airteagal 16 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] agus le hAirteagal 18a den Rialachán seo;

(b)na sonraí sin a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a iompórtáil go díreach as VIS i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 17 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], agus le hAirteagal 13 agus Airteagal14 den Rialachán seo;

(c)barántúlacht agus bailíocht na víosa a fhíorú ag na teorainneacha seachtracha agus/nó a dheimhniú an bhfuil na coinníollacha le haghaidh dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 á gcomhlíonadh, faoi mar atá luaite in Airteagal 18(2) den Rialachán seo;

(d)a dheimhniú ag na teorainneacha seachtracha ar cláraíodh cheana náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus nach bhfuil acu sainchomhad in EES, ar cláraíodh cheana i VIS iad i gcomhréir le hAirteagal 21 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], agus le hAirteagal 19a den Rialachán seo;

(e)céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú ag na teorainneacha seachtracha – i gcás nach féidir sin a dhéanamh in EES – trí mhéarloirg a sheiceáil i VIS i gcomhréir le hAirteagal 21(2) agus 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], agus le hAirteagal 18(6) den Rialachán seo.

4. I gcomhréir le hAirteagal 33 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], glacfaidh an Coimisiún pé beart is gá chun an idir-inoibritheacht ar ardchaighdeán a bhunú agus a mhúnlú i gcomhréir le hAirteagal 34 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)]. D'fhonn an idir-inoibritheacht le EES a bhunú, déanfaidh an túdarás bainistíochta pé forbairtí agus/nó oiriúnaithe is gá ar an gcóras lárnach faisnéise víosaí, ar chomhéadan náisiúnta gach Ballstáit, agus ar an mbonneagar cumarsáide idir an córas lárnach faisnéise víosaí agus na comhéadain náisiúnta. Is iad na Ballstáit féin a dhéanfaidh na bonneagair náisiúnta a oiriúnú agus/nó a fhorbairt.

(5) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

''Airteagal 18 Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha

1. Chun céannacht sealbhóirí víosa a fhíorú, chun barántúlacht, bailíocht ama, bailíocht chríochach, agus stádas na víosa a fhíorú, agus chuige sin amháin, agus/nó chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399, agus chuige sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla d'fhonn seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, leis na sonraí seo a leanas:

(a)an sloinne (ainm an teaghlaigh), an chéad ainm (na chéad ainmneacha); an dáta breithe, náisiúntacht; inscne; cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d'eisigh an doiciméad taistil, agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;

(b)nó an uimhir atá ar an ngreamán víosa.

2. Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus chucu siúd amháin, i gcás ina seoltar cuardach in EES de bhun Airteagal 21(2) nó 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], féadfaidh an túdarás inniúil teorann cuardach a sheoladh i VIS go díreach as EES leis na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

3. Má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí i VIS faoi víosa amháin nó níos mó a eisíodh nó ar cuireadh síneadh léi/leo, agus na víosaí sin fós bailí ó thaobh na tréimhse bailíochta agus bailí don chríoch sin ar a bhfuil an teorainn á trasnú, beidh rochtain ag an údarás inniúil rialaithe teorann d'fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú sa chomhad a bhaineann leis an iarratas a rinneadh ar an víosa, maille le comhaid ghaolmhara, de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chucu siúd amháin:

(a)faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)grianghraif;

(c)na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14 a iontráladh i dtaca leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bailíochta.

Ina theannta sin, i gcás sealbhóirí víosa nach gá sonraí áirithe a thabhairt ina leith ar chúiseanna dlí nó ar chúiseanna fíorasacha, tabharfar fógra don údarás inniúil rialaithe teorann i dtaobh na réimsí sonraí sin agus breacfar iontu ‘neamhbhainteach’.

4. Má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí ar taifead i VIS faoin duine sin ach nach bhfuil an víosa a eisíodh fós bailí, beidh rochtain ag an údarás inniúil teorann d'fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú sa chomhad a bhaineann leis an iarratas a rinneadh ar víosa, maille le comhaid ghaolmhara, de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chucu siúd amháin:

(a)faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)grianghraif;

(c)na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal13 agus Airteagal14 a iontráladh i dtaca leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bailíochta.

5. Anuas ar an gceadú a rinneadh de bhun mhír 1, fíoróidh an túdarás inniúil teorann céannacht an duine i VIS i gcás ina léiríonn an cuardach a rinneadh leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí faoin duine sin ar taifead i VIS agus go sásaítear ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)ní féidir céannacht an tsealbhóra víosa a dheimhniú in EES i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], más rud é:

(i) nach bhfuil an sealbhóir víosa cláraithe fós in EES;

(ii) nach bhfuil an teicneolaíocht ar fáil ag an bpointe trasnaithe teorann le gur féidir an íomhá bheo den aghaidh a úsáid agus nach féidir, dá réir sin, céannacht an tsealbhóra víosa a dheimhniú in EES;

(iii) go bhfuil amhras ann i dtaobh chéannacht an tsealbhóra víosa;

(iv) nach féidir, ar chúis éigin eile, céannacht an tsealbhóra víosa a dheimhniú in EES;

(b)nach féidir céannacht an tsealbhóra víosa a dheimhniú in EES ach go bhfuil rún aige, den chéad uair ó cruthaíodh sainchomhad an duine sin, teorainneacha seachtracha Ballstáit ina bhfuil feidhm ag an Rialachán seo a thrasnú.

Fíoróidh na húdaráis teorann méarloirg an tsealbhóra víosa leo siúd atá ar taifead in EES. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir leas a bhaint as a gcuid méarlorg, is leis na sonraí alfa-uimhriúla amháin, a ndéantar foráil maidir leo i mír 1 den Airteagal seo, a dhéanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1.

6. Chun na méarloirg a fhíorú i VIS, faoi mar atá leagtha síos i mír 5, féadfaidh an túdarás inniúil cuardach in EES a sheoladh as EES go VIS.

7. I gcás ina dteipfidh ar fhíorú an tsealbhóra víosa nó ar fhíorú na víosa féin nó i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le céannacht an tsealbhóra víosa, maidir le barántúlacht na víosa agus/nó an doiciméid taistil, beidh rochtain ar shonraí d'fhoireann chuí-údaraithe na núdarás inniúil sin i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2).''

(6) Cuirtear isteach an tAirteagal 18a seo a leanas:

"Airteagal 18a

Aisghabháil sonraí as VIS chun sainchomhad an tsealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú lena chur in EES

1. Chun sainchomhad an tsealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES, agus chuige sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), Airteagal 14 agus Airteagal 16 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], tabharfar rochtain don údarás inniúil teorann chun na sonraí sin atá stóráilte i VIS agus atá liostaithe in Airteagal 14(1)(d), (e) agus (g) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] a aisghabháil as VIS agus a iompórtáil go EES.

(7) Cuirtear isteach an tAirteagal 19 a seo a leanas:

"Airteagal 19a

VIS a úsáid sula gcruthaítear in EES sainchomhaid do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa mar atá leagtha síos in Airteagal 10 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)].

1. Chun a fháil amach ar cláraíodh an duine i VIS cheana, na húdaráis inniúla sin a mbeidh freagracht orthu as seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (CE) 2016/399, ceadóidh siad VIS:

(a)sula gcruthóidh siad in EES sainchomhad do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa mar atá leagtha síos in Airteagal 15 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)];

(b)i gcás náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus ar i mBallstát nach infheidhme ann an Rialachán seo a cruthaíodh an sainchomhad dó in EES, nuair atá rún aige, den chéad uair ó cruthaíodh an sainchomhad sin, teorainneacha seachtracha Ballstáit ina bhfuil feidhm ag an Rialachán seo a thrasnú.

2. Chun críocha mhír 1, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] agus ina léiríonn an cuardach dá dtagraítear in Airteagal 25 sa Rialachán sin nach bhfuil ar taifead in EES sonraí faoi dhuine nó, más infheidhme, d'Airteagal 21(5) de [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], beidh rochtain ag an údarás inniúil teorann chun cuardach a dhéanamh ar bhonn na sonraí seo a leanas: an sloinne (ainm an teaghlaigh), an chéad ainm (na chéad ainmneacha); an dáta breithe, náisiúntacht; inscne; cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d'eisigh an doiciméad taistil, agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag.

3. Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus chucu siúd amháin, ar lorg cuardach a sheoltar in EES de bhun Airteagal 21(4) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)] nó i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 21(5) den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], féadfaidh an túdarás inniúil teorann cuardach a sheoladh i VIS go díreach as EES leis na sonraí alfauimhriúla céanna a ndéantar foráil maidir leo i mír 2.

4. Má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí atá liostaithe i mír 2 go bhfuil ar taifead i VIS sonraí faoin duine, beidh rochtain ag an údarás inniúil teorann d'fhonn na sonraí seo a leanas atá sa chomhad a bhaineann leis an iarratas a rinneadh ar víosa, maille le comhaid ghaolmhara, a cheadú de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chucu siúd amháin:

(a)faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4);

(b)grianghraif;

(c)na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14 a iontráladh i dtaca leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bailíochta.

5. Ina theannta sin, má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí atá liostaithe i mír 2 go bhfuil sonraí faoin duine sin ar taifead i VIS, fíoróidh an túdarás inniúil teorann méarloirg an duine sin leis na méarloirg atá ar taifead i VIS. Féadfaidh an túdarás inniúil rialaithe teorann an próiseas fíorúcháin sin a sheoladh as EES. Ina gcás siúd nach féidir leas a bhaint as a gcuid méarlorg, is leis na sonraí alfa-uimhriúla amháin, a ndéantar foráil maidir leo i mír 2 den Airteagal seo, a dhéanfar an cuardach.

6. I gcás ina dteipfidh ar an bhfíorú a ndéantar foráil maidir leis i mír 2 agus/nó mír 5 nó i gcás ina mbeidh amhras ann maidir le céannacht an tsealbhóra nó maidir le barántúlacht an doiciméid taistil, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe na núdarás inniúil ar shonraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (2). Féadfaidh an túdarás inniúil teorann an próiseas sainaithniúcháin sin dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo a sheoladh as EES."

(8) In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Chun críocha aon duine a shainaithint nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, le fanacht nó le cónaí a dhéanamh ar chríoch na mBallstát, agus chucu siúd amháin, beidh ag na húdaráis inniúla, d'fhonn seiceálacha a dhéanamh ag pointí trasnaithe na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 nó laistigh de chríoch na mBallstát an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, beidh ag na húdaráis sin rochtain d'fhonn cuardach a dhéanamh le méarloirg an duine sin.''

(9) In Airteagal 26, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

''(3a). [Sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)], is é an túdarás bainistíochta a bheidh freagrach as na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.''

(10) In Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Coinneoidh gach Ballstát agus gach údarás bainistíochta taifead ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar i VIS. Léireoidh na taifid sin cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus in Airteagail 15 go 22, mar aon leis an dáta agus leis an am, le cineál na sonraí a tharchuirtear dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14, le cineál na sonraí a úsáidtear i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagail 15(2), 17, 18(1), 18(5), 19(1), 19a(2), 19a(5), 20(1), 21(1) agus 22(1) mar aon le hainm an údaráis a iontrálann nó a aisghabhann na sonraí. Ina theannta sin, coinneoidh gach Ballstát taifid ar na baill foirne atá cuí-údaraithe sonraí a iontráil nó a aisghabháil.

1a. I dtaca leis na hoibríochtaí atá liostaithe in Airteagal 17a, coinneofar taifead ar gach oibríocht próiseála sonraí a rinneadh i VIS agus in EES i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 41 den [Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)].''

Airteagal 56
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 mar a leanas:

(1) In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

''2. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS), ar Eurodac, agus ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES).

(2) Cuirtear isteach Airteagal 5a nua i ndiaidh Airteagal 5:

"Airteagal 5 a

Cúraimí a bhaineann le EES

I ndáil le EES, comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas :

(a) na cúraimí arna dtabhairt don Ghníomhaireacht le Rialachán (AE) Uimh XXX/20XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an X.X.X lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí]*;

(b) cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil EES. "

(3) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

''5. Féadfar cúraimí a bhaineann le bainistiú oibríochtúil an bhonneagair cumarsáide a chur ar eintitis sheachtracha nó comhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) 1605/2002. Ina leithéid de chás, beidh na bearta slándála dá dtagraítear i mír 4 ina gceangal ar an soláthróir líonra agus ní bheidh rochtain aige, ar shlí ar bith, ar shonraí oibríochtúla SIS II, VIS, Eurodac nó EES, ná ar an malartú SIRENE a bhaineann le SIS II.

6. Gan dochar do na conarthaí ar ann dóibh cheana maidir le líonra SIS II, VIS, Eurodac agus EES, fanfaidh bainistiú na neochracha criptiúcháin faoi inniúlacht na Gníomhaireachta agus ní dhéanfar sin a chur amach chuig aon eintiteas seachtrach de chuid na hearnála príobháidí. "

(4) in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

''1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac, EES agus córais mhórscála faisnéise eile."

(5) In Airteagal 12, leasaítear mír 1 mar a leanas:

a) cuirtear isteach pointe nua (sa) i ndiaidh phointe (s):

''(sa) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt EES de bhun Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) XX/XX de XXX''.

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (t):

''(t) na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach, maidir le feidhmiú teicniúil VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB, agus maidir le feidhmiú teicniúil EES de bhun Airteagal 64(4) de Rialachán (AE) XX/XX de XXX.''

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

''(v) tráchtanna a dhéanamh ar thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí a rinneadhde bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus Airteagal 50(2) de Rialachán (CE) XX/XX de XXX, agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú".

(b) cuirtear isteach pointe nua (xa) i ndiaidh phointe x:

''(xa) na staitisticí a bhaineann le EES a fhoilsiú de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/XX.

(c) cuirtear pointe nua (za) le pointe z:

"(za) a áirithiú go bhfoilseofar, gach bliain, liosta d'údaráis inniúla de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/XX.

(6) In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, mar bhreathnóirí, ach ceist a bhaineann le SIS II, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB, a bheith ar an gclár oibre. Féadfaidh Europol freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin ach ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/CGB, nó ceist a bhaineann le Eurodac, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, nó ceist a bhaineann le EES, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) XX/XX an XXX a bheith ar an gclár oibre".

(7) In Airteagal 17,

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) de mhír 5:

"(g) gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, ceanglais rúndachta a bhunú chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB agus Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 agus Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) XX/XX de XXX] a chomhlíonadh;"

(8) Leasaítear Airteagal 19 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

''1. Soláthróidh na Grúpaí Comhairleacha seo a leanas saineolas don Bhord Bainistíochta ar saineolas é a bhaineann le córais mhórscála TF agus go háirithe i gcomhthéacs an clár oibre bliantúil agus na tuarascála bliantúla gníomhaíochta a ullmhú:

(a) Grúpa Comhairleach SIS II;

(b) Grúpa Comhairleach VIS;

(c) Grúpa Comhairleach Eurodac;

(d) Grúpa Comhairleach EES.''

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"Féadfaidh Europol agus Eurojust araon ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach SIS II. Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh ar Ghrúpaí Comhairleacha VIS, Eurodac, agus EES."

CAIBIDIL IX
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 57
Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staitisticí

1.Chun críocha tuairiscithe agus staitisticí agus chucu sin amháin, ach gan cead a bheith acu iarratasóirí aonair a aithint, beidh rochtain ag foireann chuíúdaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, euLISA agus Frontex ar na sonraí seo a leanas, d'fhonn iad a cheadú:

(a)faisnéis faoin stádas;

(b)náisiúntacht, inscne agus dáta breithe an náisiúnaigh tríú tír;

(c)dáta agus pointe trasnaithe teorann an dul isteach sa Bhallstát, dáta agus pointe trasnaithe teorann an imeachta as an mBallstát;

(d)cineál an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d'eisigh;

(e)an líon rófhantóirí a dtagraítear dóibh in Airteagal 11, a náisiúntacht, agus an áit ar thrasnaigh siad an teorainn ar dhul isteach dóibh;

(f)na sonraí a iontráladh i ndáil le haon fhanacht a cúlghairmeadh nó ar cuireadh síneadh leis;

(g)cód trí litir an Bhallstáit a d'eisigh an víosa ghearrfhanachta, [nó an víosa chamchuairte] más infheidhme;

(h)an líon daoine atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt de bhun Airteagal 15(2) agus (3);

(i) líon agus náisiúntachtaí na náisiúnach tríú tír dár diúltaíodh cead isteach, maille leis an gcineál teorann (teorainn talún, aeir nó mara) agus an pointe trasnaithe teorann ag ar diúltaíodh an cead isteach.

2.Chun críche mhír 1, déanfaidh euLISA lárstóras a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a chuid suíomhanna teicniúla ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1, ar sonraí iad nach bhféadfaí duine a shainaithint dá mbíthin, ach a bhféadfadh na húdaráis atá liostaithe i mír 1 a úsáid chun tuarascálacha agus staitisticí inoiriúnaithe a fháil faoi gach dul isteach agus imeacht, faoi gach diúltú cead isteach, agus faoi gach rófhanacht ag náisiúnaigh tríú tír chun an próiseas measúnaithe riosca i dtaca le rófhanacht agus éifeachtúlacht na seiceálacha teorann a fheabhsú, chun cuidiú le consalachtaí agus iad ag próiseáil iarratais ar víosa, agus chun tacú le déanamh beartas imirce an Aontais ar bhonn fianaise. Beidh sa lárstóras sin freisin staitisticí laethúla faoi na sonraí dá dtagraítear i mír 4. Is le slánrochtain via S-TESTA a thabharfar rochtain ar an lárstóras chun críocha tuairiscithe agus staitisticí, agus chucu sin amháin; rialálfar an rochtain sin agus próifílí na núsáideoirí.

Glacfar rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an lárstórais agus leis na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme maidir leis an lárstóras i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 61(2).

3.    Áireofar leis na nósanna imeachta a chuirfidh euLISA ar bun chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht EES dá dtagraítear in Airteagal 64(1) go bhféadfar staitisticí a sholáthar ar bhonn rialta d'fhonn an faireachán sin a áirithiú.

4.Foilseoidh euLISA staitisticí maidir le EES gach ráithe, go háirithe staitisticí faoi líon, faoi náisiúntacht agus faoi phointí trasnaithe na ndaoine seo: rófhantóirí, náisiúnaigh tríú tír dár diúltaíodh cead isteach (lena náirítear na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin), náisiúnaigh tríú tír a ndearnadh síneadh a chur lena bhfanacht nó é a neamhniú, agus náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

5.Is mar staitisticí do gach ráithe den bhliain sin a thiomsófar na sonraí staitistiúla ag ceann gach bliana. Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit le fáil sna staitisticí sin.

6. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh euLISA ar fáil dó staitisticí maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo maille le staitisticí de bhun mhír 3.

Airteagal 58
Costais

1. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca leis an lárchóras, leis an mbonneagar cumarsáide, agus leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta a bhunú agus a fheidhmiú.

2Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta a óstáil, agus i dtaca leis an mbonneagar teorann náisiúnta reatha a chomhtháthú agus a cheangal leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta sin.

Ní chuirfear san áireamh na costais seo a leanas:

(a)oifig bainistíochta tionscadal na mBallstát (cruinnithe, misin, oifigí);

(b)córais náisiúnta a óstáil (spás, forghníomhú, leictreachas, fuarú);

(c)córais náisiúnta a fheidhmiú (oibreoirí agus conarthaí tacaíochta);

(d)an rialú teorann reatha a oiriúnú maille le córais phóilíneachta do na córais náisiúnta dul isteach/imeachta;

(e)bainistíocht tionscadail do na córais náisiúnta dul isteach/imeachta;

(f)líonraí cumarsáide náisiúnta a dhearadh, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fheidhmiú agus a chothabháil;

(g)córais um rialú uathoibrithe teorann, córais féinfhreastail agus ríomhgheataí.

3.Is ar na Ballstáit a thitfidh na costais a thabhóidh na lárphointí rochtana chomh maith leis na costais a bhainfidh lena gceangal leis an gcomhéadan aonfhoirmeach náisiúnta.

4. Déanfaidh gach Ballstát agus Europol, ar a gcostas féin, an bonneagar teicniúil is gá chun Airteagal 5(2) a chur chun feidhme a chur ar bun agus a chothabháil, agus is iad a bheidh freagrach as íoc na gcostas a eascróidh as rochtain chun na críche sin a thabhairt ar EES.

Airteagal 59
Fógraí

1.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh an údaráis a mheasfar a bheith ina rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 49.

2.Tabharfaidh gach Ballstát fógra do euLISA i dtaobh na núdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8 a mbeidh rochtain acu ar EES d'fhonn sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh, a cheadú nó a chuardach.

3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis atá ainmnithe acu agus maidir leis na lárphointí rochtana náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26 agus tabharfaidh sé fógra gan mhoill maidir le haon leasú orthu sin.

4.Tabharfaidh Europol fógra don Choimisiún maidir leis an údarás atá ainmnithe aige agus maidir lena lárphointe rochtana náisiúnta féin dá dtagraítear in Airteagal 27 agus tabharfaidh sé fógra gan mhoill maidir le haon leasú orthu sin.

5.Tabharfaidh euLISA fógra don Choimisiún maidir le cur i gcríoch rathúil na tástála dá dtagraítear in Airteagal 60(1)(b).

6.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi de bhun mhír 1(a) ar fáil do na Ballstáit agus don phobal ar shuíomh gréasáin poiblí a nuashonrófar go leanúnach.

Airteagal 60
Teacht i bhfeidhm

1.Cinnfidh an Coimisiún an dáta a thosóidh EES ag feidhmiú ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta: 

(a)go mbeidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 33 glactha;

(b)go mbeidh sé dearbhaithe ag euLISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar EES tugtha chun críche go rathúil aige féin i gcomhar leis na Ballstáit;

(c)go mbeidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla maidir le bailiú agus tarchur na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 14 go 18 bailíochtaithe ag na Ballstáit agus fógra tugtha don Choimisiún ina leith;

(d)go mbeidh na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 59(1) agus (3) tugtha ag na Ballstáit don Choimisiún.

2.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na tástála arna déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.    Tosóidh gach Ballstát agus Europol ag úsáid EES ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 61
An nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 62
Grúpa comhairleach

Bunóidh euLISA grúpa comhairleach agus soláthróidh sé don ghrúpa sin an saineolas a bhaineann le EES, go háirithe agus a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta á nullmhú aige.

Airteagal 63
Oiliúint

Is é euLISA a dhéanfaidh cúraimí maidir le hoiliúint ar úsáid theicniúil EES a chur ar fáil.

Airteagal 64
Faireachán agus meastóireacht

1.Áiritheoidh euLISA go mbeidh nósanna imeachta ann chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt EES de réir cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú EES de réir cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.Faoi [Sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm – OPOCE, please replace with the actual date] agus gach sé mhí dá éis le linn chéim forbartha EES, cuirfidh euLISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt an lárchórais, na gcomhéadan aonfhoirmeach agus an bhonneagair cumarsáide idir an lárchóras agus na comhéadain aonfhoirmeacha. Ach críoch curtha leis an bhforbairt, cuirfear tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar a mhíniú go mionsonrach cé mar a baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costas, agus ina dtabharfar údar maith i gcás inar imíodh óna raibh socraithe.

3.Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag euLISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh in EES.

4.Dhá bhliain tar éis do EES teacht i bhfeidhm agus gach re bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh euLISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil EES, lena náirítear slándáil EES, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin.

5.Trí bliana tar éis do EES teacht i bhfeidhm, agus gach ceithre bliana dá éis, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar EES. Cumhdófar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú, de réir na gcuspóirí agus de réir a niarmhairt ar chearta bunúsacha, ar an méid a baineadh amach, maille le measúnú ar bhailíocht leantach na bunréasúnachta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar shlándáil EES agus ar aon impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar oibríochtaí sa todhchaí agus déanfar pé moladh is gá. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar an meastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

6.Tabharfaidh na Ballstáit agus Europol do euLISA agus don Choimisiún pé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 a dhréachtú de réir na dtáscairí cainníochtúla a réamhshaineoidh an Coimisiún agus/nó euLISA. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin aon mhodh oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti ina nochtfar foinsí, céannacht baill foirne ná imscrúduithe na núdarás ainmnithe.

7.Soláthróidh euLISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.

8.    Agus urraim á tabhairt d'fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, ullmhóidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí EES ina mbeidh faisnéis agus staidreamh, chun críocha fhorghníomhú an dlí, faoi na nithe seo a leanas:

(a)    cad é go baileach is cuspóir don cheadú (an chun críocha céannachta nó mar thaifid a bhaineann le dul isteach/dul amach é?) lena náirítear cineál an chiona sceimhlitheoireachta nó cineál an chiona thromchúisigh choiriúil;

(b)    na forais réasúnacha a tugadh maidir leis an amhras a bhfuil údar leis go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach i gcatagóir atá cumhdaithe ag an Rialachán seo;

(c)    na forais réasúnacha a luaitear gan córas uathoibrithe na mBallstát eile um fhíorú méarlorg a cheadú faoi Chinneadh 2008/615/CGB, i gcomhréir le hAirteagal 29(2)(b);

(d)    an líon iarrataí ar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí;

(e)    an líon agus na cineálacha cásanna inar éirigh leis na húdaráis an duine a shainaithint;

(f)    eolas faoin ngá agus faoin úsáid a bhaintear as an gcás práinne eisceachtúil, lena náirítear na cásanna sin nár glacadh leis an bpráinn sin iontu san fhíorú ex-post a rinne an lárphointe rochtana.

Tarchuirfear tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus Europol chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 lá de Mheitheamh na bliana dar gcionn.

Airteagal 65
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (CE) Uimh. XXX/2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XXX 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (Códú), dá ngairtear "Cód Teorainneacha Schengen Códaithe" anseo feasta.
(2) COM(2013) 95 FINAL, COM(2013) 97 FINAL agus COM(2013) 96 FINAL.
(3) staidéar teicniúil maidir le Teorainneacha Cliste, an Coimisiún Eorpach, AS HOME, 2014. http://ec.europa.eu/dgs/home-affairs/whatwe-do/policies/borders-and-visas/smartborders/index_en.htm
(4) An Tuarascáil Deiridh ar an Treoirthionscadal le haghaidh Teorainneacha Cliste, euLISA, Nollaig 2015. http://ec.europa.eu/dgs/home-affairs/whatwe-do/policies/borders-and-visas/smartborders/index_en.htm
(5) http://ec.europa.eu/dgs/home-affairs/whatis-new/public-consultation/2015/consulting_0030_en.htm
(6) SWD(2013)47 final agus SWD(2013)50 final
(7) COM (2015) 240 final
(8) Sa chás go mbunófar víosa chamchuairte i gcomhréir leis an togra atá tíolactha ag an gCoimisiún, is é sin an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear víosa chamchuairte agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 [COM(2014) 163 final].
(9) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais.
(11) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (CE) Uimh. 767/2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS).
(12) SEC (2008) 153.
(13) SWD (2013) 47.
(14) Breithiúnas ó CBE an 8 Aibreán 2014 i gcásanna uamtha C-293/12 agus C-594/12 Digital Rights Ireland Ltd agus Eile AE:C:2014:238, mír 51.
(15) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(16) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(17) IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.
(18) IO C , , lch. .
(19) IO C , , lch. .
(20) COM (2008) 69 final.
(21) Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(23) Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002 lch. 6).
(24) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002 lch.1).
(25) Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37).
(26) Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).
(27) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(28) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch 1).
(29) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(30) Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla (IO L 350, 30.12.2008, lch. 60).
(31) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(32) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(33) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(34) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, IO L 53, 1.6.2000, lch. 43).
(35) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2000 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(36) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(37) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(38) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(39) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(40) Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(41) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(42) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(43) Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le comhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
(44) Cinneadh 2008/602/CE ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2008 lena leagtar síos an ailtireacht fhisiciúil agus ceanglais na gcomhéadan náisiúnta agus an bhonneagair chumarsáide idir VIS Láir agus na comhéadain náisiúnta don chéim forbartha (IO L 194, 23.7.2008, lch. 3).
(45) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1)
Top

An Bhruiséil,6.4.2016

COM(2016) 194 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh

Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008
agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

{SWD(2016) 114 final}
{SWD(2016) 115 final}
{SWD(2016) 116 final}


IARSCRÍBHINN I
Liosta de na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 38(2)

1.    Eagraíochtaí de chuid na Náisiún Aontaithe (amhail UNHCR);

2.    An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII);

3.    Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.

IARSCRÍBHINN II

Ráiteas Airgeadais Reachtach

a ghabhann leis an

togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta de chuid an Aontais Eorpaigh

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1  

Réimsí beartais: Réimse na nGnóthaí Baile (teideal 18)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

⌧ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 2  

Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

- Bainistiú teorainneacha – beatha daoine a shábháil agus teorainneacha seachtracha a dhaingniú

Má táthar chun teorainneacha an Aontais Eorpaigh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, ní mór úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna atá ann de thoradh córais agus teicneolaíochtaí TF. A bhuí leis an tionscnamh "Teorainneacha Cliste" is éifeachtúla a bheidh an próiseas trasnaithe teorann, rud a éascóidh trasnuithe i gcás fhormhór mór na dtaistealaithe tríú tír atá ‘bona fide’, agus rud a neartóidh, san am céanna, an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta trí thaifead a choinneáil ar na gluaiseachtaí trasteorann uile ag náisiúnaigh tríú tír, agus prionsabal na comhréireachta á urramú go hiomlán.

- Malartú faisnéise níos fearr

Is den riachtanas caighdeáin arda chomhchoiteanna a bheith ann i dtaca le bainistiú teorainneacha chun coireacht thrasteorann agus sceimhlitheoireacht a chosc, ach sin a dhéanamh le lánurraim don smacht reachta agus do chearta bunúsacha.

Is cuid den fhorbairt leanúnach ar straitéis chomhtháite an Aontais Eorpaigh um bainistiú teorainneacha é an togra.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 2

Tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha, lena náirítear comhchuibhiú breise ar bhearta a bhaineann le bainistiú teorainneacha a chur chun cinn i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais agus trí fhaisnéis a chomhroinnt idir na Ballstáit féin agus idir na Ballstáit agus Gníomhaireacht Frontex, ionas go ndéanfar, ar láimh amháin, rialú agus cosaint aonfhoirmeach ardleibhéil na dteorainneacha seachtracha a áirithiú, lena náirítear trí dhul i ngleic le hinimirce neamhrialta, agus, ar an láimh eile, trasnú rianúil teorainneacha seachtracha a áirithiú i gcomhréir le acquis Schengen, agus fós rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a ráthú dóibh siúd atá ina gátar, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a chonraigh na Ballstáit i réimse chearta an duine, lena náirítear prionsabal an nonrefoulement.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Caibidil: An tSlándáil agus Saoirsí a Choimirciú: An tSlándáil Inmheánach


1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is iad seo a leanas na cuspóirí ginearálta beartais:

(1)    Bainistiú teorainneacha seachtracha a fheabhsú

(2)    Imirce neamhrialta a laghdú trí aghaidh a thabhairt ar fheiniméan an rófhanachta.

(3)    Rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí agus ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú.

Is féidir an feabhas a chuirtear ar bhainistiú teorainneacha a mheas ar bhonn a éifeachtaí agus a éifeachtúla atá sé. Áirítear éifeacht a bheith le bainistiú teorainneacha má thagann de go néascaítear a dtrasnú teorann do thaistealaithe dlisteanacha, ach san am céanna, go ndéantar a ndul isteach i limistéar Schengen a chosc ar na taistealaithe sin nach gcomhlíonann na coinníollacha dul isteach nó go mbeirtear orthu tráth a imíonn siad as an limistéar. Áirítear bainistiú teorainneacha a bheith éifeachtúil mura bhfágann méadú ar líon na dtrasnuithe teorann gur gá líon na ngardaí teorann a mhéadú an oiread céanna.

Ní foláir an chéad chuspóir díobh sin a chomhlíonadh má táthar chun an dara cuspóir a chomhlíonadh, ach, ina theannta sin, ní foláir do na húdaráis iomchuí laistigh de chríoch limistéar Schengen an Córas Dul Isteach/Imeachta a úsáid. Beidh EES ina chuidiú agus beartas an Aontais Eorpaigh maidir le filleadh náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach á chur chun feidhme.

Áiritheoidh cur chun feidhme EES gur féidir náisiúnaigh tríú tír a shainaithint ar shlí níos éifeachtúla agus gur féidir daoine a bhfuil níos mó ná aon chéannacht amháin in úsáid acu a bhrath. Cuideoidh sin go pointe áirithe leis an tríú cuspóir beartais a bhaint amach. Mar sin féin, ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach sa tslánchruinne nó go mbeidh rochtain ar an gcóras dul isteach/imeachta ag údaráis forghníomhaithe dlí.

Ní fhorbrófar aon bheartas nua i réimsí nua. Is cuid den fhorbairt leanúnach ar straitéis chomhtháite an Aontais Eorpaigh um bainistiú teorainneacha é an togra.

Cuspóirí sonracha beartais:

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí beartais an Chórais Dul Isteach/Imeachta agus na modhnuithe ar Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen):

(1)    Éifeachtúlacht seiceálacha teorann a fheabhsú ar dhul isteach agus ar imeacht trí fhaireachán a dhéanamh ar na cearta chun fanachta údaraithe;

(2)    Rófhantóirí a shainaithint agus a bhrath (laistigh den chríoch freisin) agus ligean d'údaráis náisiúnta na mBallstát bearta iomchuí a dhéanamh lena náirítear na féidearthachtaí maidir le filleadh a mhéadú;

(3)    Acmhainní rialaithe teorann a shaoradh ó sheiceálacha is féidir a dhéanamh go huathoibríoch ionas gur féidir díriú isteach níos fearr ar thaistealaithe a mheasúnú;

(4)    Trasnú theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh ag náisiúnaigh tríú tír a éascú trí bhíthin córais féinfhreastail agus córais leath-uathoibrithe nó uathoibrithe a fhad is nach gcuireann sin isteach ar na leibhéil slándála atá i bhfeidhm faoi láthair;

(5)    Cur ar chumas consalachtaí rochtain a fháil ar fhaisnéis i ndáil le húsáid dhleathach víosaí roimhe sin;

(6)    Náisiúnaigh tríú tír a chur ar an eolas faoi fhad a bhfanachta údaraithe;

(7)    An measúnú ar an riosca rófhanachta a fheabhsú;

(8)    Tacú le ceapadh bheartas imirce an Aontais Eorpaigh ar bhonn fianaise;

(9)    Calaois aitheantais a chomhrac.

(10)    Rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Le linn na forbartha

Tar éis an dréachttogra a bheith formheasta agus na sonraíochtaí teicniúla a bheith glactha déanfaidh eu-LISA an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a fhorbairt, mar aon le Comhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta coiteann (lena néascaítear comhtháthú bhonneagar náisiúnta na mBallstát le EES).

Ina theannta sin, comhordóidh eu-LISA an comhtháthú a dhéanfaidh na Ballstáit ar an gComhéadan sin ar an leibhéal náisiúnta. Tá sainiú déanta ar chóras mionsonraithe rialachais fhoriomláin le haghaidh na céime forbartha agus ar na ceanglais um thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Cuspóir sonrach: É a bheith réidh le tosú ag feidhmiú faoi dheireadh 2019 3 .

Táscaire: Ionas go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, beidh fógra tugtha ag eu-LISA á chur in iúl go bhfuil tástáil chuimsitheach ar EES tugtha chun críche go rathúil aige féin i gcomhar leis na Ballstáit

A luaithe a bheidh an córas oibríochtúil

Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh córais i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an Chórais Dul Isteach/Imeachta i bhfianaise na gcuspóirí atá leagtha síos. Dhá bhliain tar éis don chóras tosú ag feidhmiú agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, ba cheart do eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an chórais, lena náirítear slándáil an chórais sin, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin. Thairis sin, dhá bhliain tar éis don Chóras Dul Isteach/Imeachta tosú ag feidhmiú, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar an gcóras. Cuimseofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha chomh maith le measúnú ar an mbunréasúnaíocht a bheith fós bailí, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar shlándáil EES agus ar aon impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar oibríochtaí sa todhchaí, agus déanfaidh sé aon mholtaí is gá. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar an meastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Maidir leis an meastóireacht sin, tá tábhacht ar leith ag roinnt leis na táscairí a bhaineann le líon na rófhantóirí agus leis na sonraí faoin am trasnaithe teorann, agus sa dara cás sin d’fhéadfaí faisnéis a bhailiú freisin ar bhonn taithí ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS), chomh maith le grinnanailís ar an ngá le rochtain a thabhairt ar shonraí chun críocha fhorghníomhú an dlí. Ba cheart don Choimisiún an tuarascáil ar an meastóireacht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Cuspóir sonrach: éifeachtúlacht seiceálacha teorann a fheabhsú ar dhul isteach agus ar imeacht trí fhaireachán a dhéanamh ar na cearta chun fanachta údaraithe, agus an measúnú ar an riosca rófhanachta a fheabhsú;

Táscaire: Am próiseála ag na pointí trasnaithe teorann + Cuirtear gach náisiúnach tríú tír ar an eolas faoin bhfad fanachta údaraithe. Déantar an tam próiseála ag na pointí trasnaithe teorann a thomhas mar an tachar ama idir an tráth a léitear na sonraí atá sa doiciméad taistil den chéad uair, mar atá ar taifead in EES, agus tráth taifeadta an údaraithe dul isteach. Déantar faid tréimhse a thaifeadadh ar bhonn buan uathoibríoch agus is féidir staitisticí a chur ar fáil arna niarraidh sin. Déanfar comparáid le bonnlíne a shocrófar sula dtiocfaidh an córas i bhfeidhm.

Is féidir measúnú a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar an táscaire i gceist, mar atá gach náisiúnach tríú tír a chur ar an eolas faoin bhfad fanachta údaraithe, trí bhreathnú ar na próisis agus na gairis atá i bhfeidhm. Déanfar comparáid idir na blianta ó cheann go chéile.

Cuspóir sonrach: rófhantóirí a shainaithint agus a bhrath (laistigh den chríoch freisin) agus ligean d'údaráis náisiúnta na mBallstát bearta iomchuí a dhéanamh lena náirítear na féidearthachtaí maidir le filleadh a mhéadú;

Táscaire: Líon na rófhantóirí sainaitheanta de réir catagóire (ceanglas víosa/díolmhaithe ó cheanglas víosa), de réir chineál na teorann (talamh/muir/aer), de réir an Bhallstáit, de réir tíre tionscnaimh/náisiúnachta. Líon na bhfoláireamh ar dá dtoradh a ghabhtar rófhantóirí. Ríomhtar líon na rófhantóirí sainaitheanta ar bhonn na hanailíse a dhéantar ar shonraí ina dtaobh atá ar taifead in EES. Is féidir staitisticí a chur ar fáil tráth ar bith ach déanfar amhlaidh ar bhonn bliantúil más chun críocha meastóireachta é. Is féidir treochtaí a anailísiú ó bhliain go chéile.    
Is i gcomhbhailiúchán sonraí na mBallstát a thiocfar ar líon na bhfoláireamh ar dá dtoradh a gh
abhtar rófhantóirí. A bhuí le EES, ámh, is féidir, mar tháscaire tosaigh, líon na niarrataí ar fhíorú bithmhéadrach agus ar aitheantas bithmhéadrach a chur ar fáil, ar iarrataí iad a thagann chun cinn de thoradh seirbhísí forghníomhaithe inimirce, ar an ábhar gur féidir iarrataí dá leithéid a dhealú uathu sin a dhéantar chun críocha eile. Is féidir treochtaí a anailísiú ó bhliain go chéile.

Cuspóir sonrach: trasnú theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh ag náisiúnaigh tríú tír a éascú trí bhíthin córais leath-uathoibrithe nó uathoibrithe.

Táscaire: Meánfhad an trasnaithe teorann ag náisiúnaigh tríú tír ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh agus córais leath-uathoibrithe nó uathoibrithe maille le luasairí próisis á núsáid, arna gcur chun feidhme ag na pointí trasnaithe teorann ábhartha

Cuspóir sonrach: tacú le ceapadh bheartas imirce an Aontais Eorpaigh ar bhonn fianaise.

Táscaire: Tá staitisticí maidir le trasnú teorann agus leis an rófhanacht ar fáil ina dtugtar briseadh síos de réir saoránachta agus tréithe eile (e.g. aois an taistealaí, inscne agus pointe trasnaithe teorann). Is féidir staitisticí a chur ar fáil arna niarraidh sin, ach úsáidtear staitisticí bliantúla chun críocha meastóireachta. Déanfar comparáid idir na blianta ó cheann go chéile.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

(1) Ní foláir tuilleadh uathoibriúcháin a chomhtháthú le nósanna imeachta trasnaithe teorann chun déileáil leis an méadú 57 % a thiocfaidh ar thrácht na dtaistealaithe faoi 2025.

(2) Ní foláir an rialú a dhéanfar ar fhanacht údaraithe na náisiúnach tríú tír a bheith iontaofa, tapa, sophróiseáilte agus córasach.

(3) Ní mór an próiseas rialaithe teorann rófhantóirí a thuairisciú agus a shainaithint ar bhonn córasach éasca iontaofa; cuirtear faisnéis iontaofa ar an inimirce neamhrialta ar fáil, rud a chuidíonn leis an bpróiseas um fhilleadh.

(4) Ní mór treisiú ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta, na sceimhlitheoireachta agus bagairtí slándála eile.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Ní féidir le haon Bhallstát amháin ina aonar aghaidh a thabhairt ar an inimirce neamhrialta. Féadfaidh duine teacht isteach i limistéar Schengen ag pointe trasnaithe teorann i mBallstát ina bhfuil clár náisiúnta sonraí dul isteach/imeachta in úsáid, ach féadfaidh siad dul amach trí phointe trasnaithe teorann nach núsáidtear córas den chineál sin ann. Ní féidir leis na Ballstáit dá bhrí sin faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le haon fhanacht údaraithe, más ag gníomhú leo féin atá siad. Tá náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach i limistéar Schengen in ann taisteal faoi shaoirse laistigh de. I gcás limistéar gan teorainneacha inmheánacha, ba cheart comhghníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne na hinimirce neamhrialta. Nuair a chuirtear na nithe sin uile san áireamh, is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach ná leis na Ballstáit na bearta iomchuí a dhéanamh.

Tá sé leagtha amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce go bhfuil "bainistiú teorainneacha" ar cheann de na "ceithre cholún chun an imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr". Má táthar chun teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus iad a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, ní mór úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna atá ann de thoradh córais agus teicneolaíochtaí TF. Is fearrde an bainistiú a dhéanfar ar na teorainneacha úsáid a bhaint as na trí cinn de chórais mhórscála TF (SIS, VIS agus Eurodac) atá ann cheana. Tiocfaidh ann do chéim nua a luaithe a chuirfear an Córas Dul Isteach/Imeachta chun feidhme, céim a mhéadóidh éifeachtúlacht na dtrasnuithe teorann, a éascóidh trasnuithe i gcás fhormhór mór na dtaistealaithe tríú tír atá ‘bona fide’, agus a neartóidh, san am céanna, an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta trí thaifead a choinneáil ar na gluaiseachtaí trasteorann uile ag náisiúnaigh tríú tír, agus prionsabal na comhréireachta á urramú go hiomlán.

Beidh mar thoradh ar chur chun feidhme an Chórais Dul Isteach/Imeachta fud fad an Aontais Eorpaigh tascanna agus gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le rialuithe ag teorainneacha a uathoibriú. A bhuí leis an uathoibriú sin, áiritheofar rialú aonchineálach córasach ar fhanacht údaraithe na náisiúnach tríú tír.

Tiocfaidh d’úsáid EES i gcomhar leis na féidearachtaí nua atá ann córais féinfhreastail agus réitigh rialaithe teorann de chineál uathoibrithe nó leath-uathoibrithe a úsáid, tiocfaidh díobh sin obair na ngardaí teorann a éascú agus beidh siad ina gcuidiú leis an méadú ar thrasnuithe teorann atá tuartha a mhaolú. Ó thaobh an taistealaí de, is é an toradh a bheidh air sin trasnú teorann a éascú, an tréimhse feithimh a laghdú agus dlús a chur le seiceálacha teorann.

Cé go bhféadfaidh na Ballstáit a gcórais náisiúnta féin a choinneáil i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta a bhaineann leis an tslándáil, chuirfeadh Corás Dul Isteach/Imeachta de chuid an Aontais Eorpaigh ar a gcumas d’údaráis na mBallstát rochtain a fháil ar shonraí faoi náisiúnaigh tríú tír a thrasnaigh teorainn sheachtrach an Aontais Eorpaigh i dtír amháin agus a d'imigh as thar theorainn tíre eile atá i limistéar Schengen.

Dá mbeadh faisnéis níos fearr ar fáil ar ghluaiseachtaí trasteorann na náisiúnach tríú tír ar leibhéal an Aontais Eorpaigh b'fhéidir bonn fíorasach a bhunú ar a bhféadfaí beartas imirce an Aontais a fhorbairt agus a chur in oiriúint, lena náirítear a bheartas maidir le víosaí. Chuideodh sin tosaíochtaí a leagan síos le haghaidh comhaontuithe um athghlacadh isteach agus comhaontú um eisiúint víosaí a éascú le tríú tíortha. Rannchuideodh sé le comhthuiscint a chothú ar shaincheisteanna agus tosaíochtaí inimirce san idirphlé beartais le tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Foghlaimíodh na ceachtanna seo a leanas ón taithí a fuarthas ar fhorbairt an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) agus ar fhorbairt an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS):

(1) Mar chosaint fhéideartha i gcoinne róchaiteachais agus moilleanna a thagann as ceanglais a athrú, ní dhéanfar aon chóras faisnéise nua i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais a fhorbairt, go háirithe má bhaineann sé le córas mórscála TF, sula nglacfar go cinntitheach na hionstraimí bunúsacha dlí ina leagfar amach a chuspóir, a raon feidhme, a fheidhmeanna agus na mionsonraí teicniúla.

(2) I dtaca le SIS II agus VIS, b'fhéidir forbairtí náisiúnta na mBallstát a chómhaoiniú faoin gCiste um Theorainneacha Seachtracha ach ní raibh sé éigeantach sin a dhéanamh. Ar an ábhar sin níorbh fhéidir forbhreathnú a fháil ar an méid dul chun cinn a bhí déanta ina gcás siúd nach ndearna foráil do na gníomhaíochtaí ábhartha ina gclársceidealú ilbhliantúil nó a raibh a gclársceidealú neamhchruinn. Dá bhrí sin, moltar anois go naisíocfaidh an Coimisiún na costais uile a ghabhann le comhdhlúthú a thabhaigh na Ballstáit, sa chaoi gur féidir faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na bhforbairtí sin.

(3) D’fhonn comhordú ginearálta an chur chun feidhme a éascú, ní hamháin go bhforbróidh eu-LISA an lárchóras ach forbróidh sé freisin comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta coiteann a úsáidfidh na ballstáit uile chun bonneagar TF reatha a theorainneacha náisiúnta féin a nascadh.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Ba cheart breathnú ar an togra seo mar chuid den fhorbairt leanúnach ar straitéis chomhtháite an Aontais Eorpaigh um bainistiú teorainneacha, agus go háirithe an Teachtaireacht ar Theorainneacha Cliste 4 , agus i gcomhar leis an Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha 5 , mar chuid den chreat airgeadais ilbhliantúil agus den Rialachán lena mbunaítear eu-LISA 6 . Sa ráiteas airgeadais reachtach atá i gceangal leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh na Gníomhaireachta 7 cumhdaítear na costais do na Córais TF EURODAC, SIS II, agus VIS atá ann cheana ach ní chumhdaítear na costais do na córais le haghaidh bainistiú teorainneacha a bheidh ann amach anseo agus nár cuireadh faoi chúram na Gníomhaireachta fós trí chreat dlíthiúil. Dá bhrí sin, tá foráil déanta sa Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha do mhéid EUR 791 mhilliún faoi Airteagal 5 lena ndéantar córais TF a fhorbairt, atá bunaithe ar chórais atá ann cheana agus/nó ar chórais nua, agus lena dtacaítear le sreabh imirce trasna na dteorainneacha seachtracha. Laistigh den Choimisiún is é AS um Imirce agus Gnóthaí Baile an ArdStiúrthóireacht atá freagrach as limistéar saorghluaiseachta a bhunú inar féidir le daoine teorainneacha inmheánacha a thrasnú gan dul faoi sheiceálacha teorann agus ina rialaítear agus ina mbainistítear teorainneacha seachtracha ar bhealach comhleanúnach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá na sineirgíochtaí seo a leanas ag an gcóras leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS):

(a) maidir le sealbhóirí víosaí, úsáidfear an Córas Meaitseála Bithmhéadraí freisin ar dhul isteach/ar imeacht;

(b) comhlánófar VIS leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta 8 . Níl ar fáil i VIS ach iarratais ar víosaí agus víosaí eisithe, ach in EES stórálfar, i gcás sealbhóirí víosaí, sonraí nithiúla freisin faoi dhul isteach agus faoi imeacht a bhaineann leis na víosaí eisithe.


1.6.Fad agus tionchar airgeadais

◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

⌧ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Tréimhse ullmhúcháin 2016

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2017 go 2019,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán in 2020 é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 9  

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

⌧ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Is é an Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha an ionstraim airgeadais trína náirítear an buiséad atá ann do chur chun feidhme phacáiste na dteorainneacha cliste.

Tá foráil in Airteagal 5 maidir le EUR 791 mhilliún a chur chun feidhme trí chlár chun córais TF a bhunú a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15.

I dtaca leis na modhanna cur chun feidhme, tá foráil déanta sa Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha mar leanas:

Leis an mír dheireanach d'Airteagal (5)4 foráiltear go '[n]déanfar modh/modhanna cur chun feidhme an bhuiséid le haghaidh an chláir maidir le forbairt córas TF, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua, a leagan amach i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais faoi réir a nglactha'.

Foráiltear le hAirteagal 15 mar leanas: '[go g]cuirfear an clár maidir le forbairt na gcóras TF, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua, chun feidhme faoi réir gníomhartha reachtacha an Aontais a ghlacadh ina sainmhínítear na córais TF sin agus a mbonneagar cumarsáide a bhfuil sé d’aidhm acu, go háirithe, feabhas a chur ar bhainistiú agus ar rialú sreabha taistil ag na teorainneacha seachtracha trí na seiceálacha a neartú agus dlús a chur le trasnuithe teorann do thaistealaithe rialta. I gcás inarb iomchuí, déanfar sineirgí le córais TF atá ann cheana a lorg chun caiteachas dúbailte a sheachaint.

Maidir le miondealú ar an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5), déanfar é i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais nó, tar éis na gníomhartha reachtacha sin a ghlacadh, trí ghníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17.'

Chinn an reachtóir go soiléir nach bhfuil sainiú déanta faoin Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha ar mhodh cur chun feidhme an bhuiséid atá ann do Theorainneacha Cliste agus nár mhór é a shainiú i "ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais" i.e. an Rialachán maidir leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta agus an Rialachán maidir le Clár do Thaistealaithe Cláraithe. I dtaca leis an miondealú ar an EUR 791 mhilliún, lean an reachtóir an réasúnaíocht chéanna (a áireofar i "ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais") ach d'fhág scóip ann chun an miondealú seo a shocrú trí ghníomh tarmligthe tar éis na rialacháin maidir le teorainneacha cliste a ghlacadh. Dá thoradh sin, cé gur cheart an modh cur chun feidhme a shainiú i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais, d'fhéadfaí an miondealú ar na costais a shainiú ina dhiaidh sin trí ghníomh tarmligthe, rud a d'fhágfadh solúbthacht áirithe ann i gcás ina modhnófaí an miondealú sin.

Is iad seo a leanas na modhanna cur chun feidhme atá beartaithe sa togra:

(1) Bainistíocht indíreach: I rith na tréimhse 2017-2019 is é eu-LISA a dhéanfaidh EES a fhorbairt. Leis sin cuimseofar an chuid forbartha de shraitheanna uile an tionscadail, i.e. lárchóras, Comhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta agus an bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus an Comhéadan. Le linn na noibríochtaí a gcuirfear tús leo in 2020 déanfaidh eu-LISA na gníomhaíochtaí oibríochtúla uile a bhaineann le cothabháil an lárchórais agus an bhonneagair cumarsáide.

Ó 2017 amach, tá sé beartaithe méid iomlán EUR 288 milliún a aistriú ón gCiste Slándála Inmheánaí go líne buiséid eu-LISA chun costas na ngníomhaíochtaí sin a chumhdach.

(2) Bainistíocht dhíreach: Le linn na céime forbartha (2017-2019) beidh méid iomlán EUR 120 milliún á chaitheamh ag an gCoimisiún chun bainistiú a dhéanamh ar na deontais do na Ballstáit le haghaidh chomhtháthú an Chomhéadain Aonfhoirmigh Náisiúnta.

(3) Bainistíocht chomhpháirteach: Le linn na céime forbartha (2017-2019) beidh méid iomlán EUR 52.7 milliún á chaitheamh ag an gCoimisiún chun na costais a bhaineann leis na hoibríochtaí sna Ballstáit a íoc. Le linn na noibríochtaí a gcuirfear tús leo in 2020 tá méid EUR 19.7 milliún curtha sa chúlchiste lena áirithiú go mbeidh an líon foirne is gá sna Ballstáit le haghaidh seal 24 huaire/24 huaire. Ina chomhair sin teastóidh athbhreithniú ar na cláir náisiúnta faoin Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha agus do Víosaí chun bearta sonracha nua a áireamh iontu. Déanfar beart breise sonrach a áireamh ar an dóigh sin le gníomh tarmligthe a luaithe a ghlacfar an rialachán maidir le teorainneacha cliste.

Bainfear úsáid as a mbeidh fágtha den líne buiséid do na Teorainneacha Cliste (leithdháileadh tosaigh EUR 791 milliún lúide buiséad Teorainneacha Cliste EUR 480 milliún = EUR 311 milliún) faoi mar atá sainithe in Airteagal 5(5)b de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 (maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha).



Bloic

Céim forbartha

(2017-2019)

An chéim

oibríochtúil

(2020)

Modh bainistíochta

Gníomhaí

Líonra

X

X

Indíreach

eu-LISA

Forbairt agus Cothabháil an Lárchórais

X

X

Indíreach

eu-LISA

Forbairt an Chomhéadain Aonfhoirmigh Náisiúnta

X

Indíreach

eu-LISA

Comhtháthú an Chomhéadain Aonfhoirmigh Náisiúnta agus riaracháin ghaolmhar le linn na forbartha

X

X

Díreach / Comhroinnte

COM

Cothabháil an Chórais Náisiúnta

X

Comhroinnte

COM


2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Déantar foráil in Airteagal 64 den togra maidir leis na rialacha maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES):

1.    Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt EES de réir cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais, agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú EES de réir cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.    Sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm agus gach sé mhí ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha EES, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt an Lárchórais, na gComhéadan Aonfhoirmeach agus an bhonneagair cumarsáide idir an Lárchóras agus na Comhéadain Aonfhoirmeacha. A luaithe a bheidh an fhorbairt tugtha chun críche cuirfear tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar go mionsonrach an chaoi ar baineadh amach na cuspóirí, go sonrach i dtaca le pleanáil agus le costais, agus ina dtabharfar údar maith le haon chás inar imíodh óna raibh socraithe.

3.    Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh in EES.

4.    Dhá bhliain tar éis do EES tosú ag feidhmiú agus gach re bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil EES, lena náirítear slándáil an chórais sin, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin.

5.    Trí bliana tar éis do EES tosú ag feidhmiú, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar an gCóras. Cuimseofar sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar na torthaí a fuarthas de réir na gcuspóirí a bhí ann agus ar an tionchar ar chearta bunúsacha chomh maith le measúnú ar an mbunréasúnaíocht a bheith fós bailí, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar shlándáil EES agus ar aon impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar oibríochtaí sa todhchaí, agus déanfaidh sé aon mholtaí is gá. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

6.    Tabharfaidh na Ballstáit agus Europol do eu-LISA agus don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 a dhréachtú de réir na dtáscairí cainníochtúla arna réamhshainiú ag an gCoimisiún agus/nó ag eu-LISA. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti a nochtfaidh foinsí, baill foirne ná imscrúduithe na núdarás ainmnithe.

7.    Soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.

8.    Agus urraim á tabhairt d'fhorálacha an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair a fhoilsiú, déanfaidh gach Ballstát agus Europol tuarascálacha bliantúla a ullmhú maidir le héifeachtacht na rochtana ar shonraí EES, chun críocha fhorghníomhú an dlí, ina mbeidh faisnéis agus staitisticí faoin méid seo a leanas:

   - cuspóir cruinn an cheadaithe (cé acu chun críocha sainaithint a dhéanamh nó chun críocha taifid ar dhul isteach/imeacht é) lena náirítear an cineál ciona sceimhlitheoireachta nó an cineál ciona choiriúil thromchúisigh,

   - na forais réasúnacha a tugadh i gcás amhras réasúnaithe go bhfuil amhrastach, déantóir nó íospartach cuimsithe ag an Rialachán seo

   - na forais réasúnacha a tugadh gan córais uathoibrithe na mBallstát eile um shainaithint méarlorg a cheadú faoi Chinneadh 2008/615/JHA, i gcomhréir le hAirteagal 29(2)(b).

   - líon na niarrataí ar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí

   - líon agus cineál na gcásanna ina rabhthas in ann sainaithint a dhéanamh

   - an gá agus an úsáid a bhaintear as an gcás práinne eisceachtúil, lena náirítear na cásanna sin nár glacadh leis an bpráinn sin iontu san fhíorú ex-post a rinneadh ag an lárphointe rochtana.

Tarchuirfear tuarascálacha bliantúla na mBallstát agus tuarascálacha bliantúla Europol chuig an gCoimisiún roimh an 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh sin.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

1) Deacrachtaí le forbairt theicniúil an chórais

Tá córais TF na mBallstát éagsúil lena chéile ó thaobh na teicneolaíochta de. Ina theannta sin, féadtar go bhfuil próisis rialaithe teorann éagsúil lena chéile de réir dálaí áitiúla (an spás atá ar fáil ag an bpointe trasnaithe teorann, sreabha taistil, etc.). Ní foláir EES a chomhtháthú leis an ailtireacht TF náisiúnta agus leis na próisis náisiúnta rialaithe teorann. Anuas air sin, ní foláir comhtháthú na gComhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta a bheith i gcomhréir go hiomlán leis na ceanglais lárnacha. Tá dhá phríomhriosca sainaitheanta sa réimse seo:

(a) An riosca go ndéanfaidh na Ballstáit gnéithe teicniúla agus dlíthiúla de EES a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla, toisc nach bhfuil an comhordú ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal náisiúnta leordhóthanach. Ba cheart go maolódh an Comhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta, mar atá beartaithe, an riosca sin.

(b) An riosca go mbeidh easpa comhleanúnachais ann i dtaca leis an gcaoi a núsáidtear an córas seo a bheidh ann, ag brath ar an dóigh a gcuireann na Ballstáit EES chun feidhme mar chuid de na próisis rialaithe teorann atá ann cheana.

(2) Deacrachtaí maidir le forbairt thráthúil an chórais

Ón taithí a fuarthas le linn VIS agus SIS II a fhorbairt, is féidir a thuar gur gné fhíorriachtanach do chur chun feidhme rathúil EES í forbairt thráthúil an chórais ag conraitheoir seachtrach. Mar ionad barr feabhais i réimse forbartha agus bainistithe córas mórscála TF, beidh eu-LISA freagrach as bronnadh agus bainistiú conarthaí, go háirithe i gcás obair forbartha an chórais a ligean ar fochonradh. Tá roinnt rioscaí ag baint le conraitheoir seachtrach a úsáid don obair forbartha seo:

(a) go háirithe, an riosca nach leithdháilfidh an conraitheoir go leor acmhainní ar an tionscadal nó go ndearfaidh sé agus go bhforbróidh sé córas nach córas úrscothach é;

(b) an riosca nach nurramófar go hiomlán teicnící agus modhanna riaracháin chun tionscadail mhórscála TF a láimhseáil toisc go bhfuil an conraitheoir ag iarraidh na costais a laghdú;

(c) ar deireadh, ní féidir an riosca go mbeidh deacrachtaí airgeadais ag an gconraitheoir, ar chúiseanna nach mbaineann leis an tionscadal seo, a chur as an áireamh go hiomlán.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Tá sé beartaithe go mbeidh an Ghníomhaireacht ina hionad barr feabhais i réimse forbartha agus bainistithe córas mórscála TF. Déanfaidh sí pé gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt agus oibríochtaí na coda lárnaí den chóras lena náirítear comhéadain aonfhoirmeacha sna Ballstáit agus sna líonraí. Leis sin ba cheart go seachnófaí formhór na míbhuntáistí a bhí roimh an gCoimisiún agus SIS II agus VIS á bhforbairt aige.

Le linn na céime forbartha (2017-2019) is é eu-LISA a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí forbartha uile. Leis sin cumhdófar an chuid forbartha de shraitheanna uile an tionscadail, i.e. Lárchóras, Comhéadan Aonfhoirmeach Náisiúnta, Líonraí agus Spás Oifige sna Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún bainistiú i bhfoirm deontas ar na costais a ghabhann le comhtháthú an Chomhéadain Aonfhoirmigh Náisiúnta chomh maith leis na costais a ghabhann le riar na gcóras sna Ballstáit le linn na forbartha.

Le linn na noibríochtaí a gcuirfear tús leo in 2020, beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil agus airgeadais an lárchórais, go sonrach as bronnadh agus bainistiú conarthaí fad is a dhéanfaidh an Coimisiún bainistiú ar na deontais do na Ballstáit faoi chomhair na gcostas a ghabhann le cothabháil na gcóras náisiúnta tríd an Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha (cláir náisiúnta).

Chun moilleanna a sheachaint ar an leibhéal náisiúnta, tá foráil le déanamh, sula gcuirfear tús leis an bhforbairt, maidir le rialáil éifeachtúil idir na páirtithe leasmhara uile. Mhol an Coimisiún sa dréachtRialachán sin go soláthróidh Grúpa Comhairleach, ina mbeidh saineolaithe náisiúnta na mBallstát, an saineolas don Ghníomhaireacht a bhaineann le EES.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

Neamhbhainteach

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Tá na bearta dá bhforáiltear chun calaois a chomhrac leagtha síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ina ndéantar foráil maidir leis an méid seo a leanas:

1. Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2. Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idir-Institiúideach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta.

3. Leagfar síos go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe cur chun feidhme agus na hionstraimí cur chun feidhme a thagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar fhaighteoirí maoinithe ón nGníomhaireacht agus ar na gníomhairí atá freagrach as an maoiniú sin a leithdháileadh.

I gcomhréir leis an bhforáil seo, an 28 Meitheamh 2012 glacadh Cinneadh Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc a dhéanfadh dochar do leasanna an Aontais.

Beidh feidhm ag straitéis AS um IMIRCE agus GNÓTHAÍ BAILE chun calaois a chosc agus a bhrath.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 3 - Slándáil agus Saoránacht

LD/LN 10 .

ó thíortha de chuid CSTE 11

ó thíortha is iarrthóirí 12

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3

18.020101 – Tacú le bainistiú teorainneacha agus comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3

18.020103 – Córais TF nua a chur ar bun a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha an Aontais

LD

NÍL

NÍL

NÍL

3

18.0207 – Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais (eu-LISA)

LD

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

[Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

3

Slándáil agus Saoránacht

Ard-Stiúrthóireacht: HOME

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
2021

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

18.02.01.03 (Teorainneacha Cliste)

Gealltanais

(1)

40,000

40,000

40,000

120,000

Íocaíochtaí

(2)

28,000

28,000

28,000

36,000

120,000

18.020101 (Teorainneacha agus Víosaí)

Gealltanais

16,236

16,236

20,196

19,710

72,378

Íocaíochtaí

11,365

11,365

14,137

13,797

21,713

72,378

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 13  

Uimhir na líne buiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi chomhair AS HOME

Gealltanais

=1+1a +3

56,236

56,236

60,196

19,710

192,378

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

39,365

39,365

42,137

49,797

21,713

192,378




eu-LISA

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Bliain
2021

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

1,876

1,876

1,876

4,221

9,849

Íocaíochtaí

(2)

1,876

1,876

1,876

4,221

9,849

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

54,569

57,513

144,326

21,606

278,014

Íocaíochtaí

(3b)

38,199

40,259

101,028

15,124

83,404

278,014

IOMLÁN leithreasuithe
faoi chomhair eu-LISA

Gealltanais

=1+1a +3a

56,445

59,389

146,202

25,827

287,863

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

40,074

42,135

102,904

19,345

287,863



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

AS HOME

Acmhainní daonna

Uimhir na líne buiséid 18.01

0,402

0,402

0,402

0

1,206

Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS HOME

Leithreasuithe

0,402

0,402

0,402

0

1,206

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,402

0,402

0,402

0

1,206

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 14

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

112,653

115,597

206,517

45,474

480,242

Íocaíochtaí

112,653

115,597

206,517

45,474

480,242

3.2.1.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.1.1.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair eu-LISA

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

eu-LISA

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 15

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 16

Lárchóras Forbartha

- Aschur

Conraitheoir

32,650

52,650

55,118

0

140,418

- Aschur

Bogearraí

8,051

0

46,560

3,555

58,166

- Aschur

Crua-earraí

4,754

0

22,853

0

27,607

- Aschur

Riarachán

50

50

1,682

0

1,782

- Aschur

Eile (oifig)

219

0

0

0

0,219

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

45,724

52,700

126,213

3,555

228,192

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Cothabháil an Lárchórais

- Aschur

Conraitheoir

0

0

1,734

1,748

3,482

- Aschur

Bogearraí

1,343

1,343

9,102

9,939

21,726

- Aschur

Crua-earraí

569

569

2,925

3,586

7,648

- Aschur

Riarachán

0

0

0

50

50

- Aschur

Eile (oifig)

0

90

90

90

271

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

1,912

2,002

13,851

15,413

33,178

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3

Líonra

6,118

1,995

2,520

2,310

12,944

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4

Cruinnithe/Oiliúint

816

816

1,741

327

3,700

COSTAS IOMLÁN eu-LISA

54,570

57,513

144,325

21,605

278,013

3.2.1.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair AS HOME

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

AS HOME

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 17

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 18

Ballstáit forbartha

- Aschur

Deontais do Bhallstáit faoi chomhair chomhtháthú an Chomhéadain Aonfhoirmigh Náisiúnta

40,000

40,000

40,000

120,000

- Aschur

Tacaíocht do Bhallstáit faoi chomhair riar an chórais

16,236

16,236

20,196

52,668

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

56,236

56,236

60,196

172,668

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Cothabháil an Chórais Náisiúnta

- Aschur

Riarachán

19,710

19,710

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

19,710

19,710

IOMLÁN AS HOME

56,236

56,236

60,196

19,710

192,378

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair acmhainní daonna eu-LISA

3.2.2.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Oifigigh (Gráid AD)

Oifigigh (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

Baill foirne shealadacha

1,876

1,876

1,876

4,221

9,849

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

1,876

1,876

1,876

4,221

9,849

Tá sé beartaithe foireann a earcú in Eanáir 2017. Ní mór fáil a bheith ar gach ball foirne go luath in 2017 le gur féidir tús a chur in am is i dtráth leis an tréimhse forbartha trí bliana d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh EES i bhfeidhm in 2020. Úsáidfear na hacmhainní sin faoi chomhair bhainistiú an tionscadail agus na gconarthaí maille le forbairt agus tástáil an chórais. Tá tuilleadh mionsonraí le fáil san iarscríbhinn.



Poist

2017

2018

2019

2020

Bonnlíne - Cumarsáid 19

115

113

113

113

Poist bhreise

14

14

14

14 *

Iomlán

129

127

127

127

* Cuirtear 14 phost bhreise san áireamh le haghaidh na gcéimeanna ó fhorbairt an chórais go plean bunaíochta eu-LISA. Déanfar athmheasúnú ar líon na bpost do 2020 agus do na blianta ina dhiaidh sin le linn do dhréachtbhuiséad an Aontais do 2020 a bheith á ullmhú, agus na riachtanais shonracha is gá leis an gcóras a oibriú 24 uair an chloig, seacht lá na seachtaine, á gcur san áireamh.

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2017 20

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní Daonna AS HOME

0,402

0,402

0,402

0

1,206

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,402

0,402

0,402

0

1,206

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 21
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile de chineál riaracháin

Fo-iomlán Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,402

0,402

0,402

0

1,206

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain 2019

Bliain 2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

18 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) AS HOME

3

3

3

0

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) FTE) 22

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  23

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

3

3

3

0

Is é 18 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach AS HOME

Pléifidh an fhoireann le bainistiú na ndeontas do na Ballstáit faoi na cláir bhliantúla de chuid an Chiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

⌧Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe




3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 24

Bliain
2017

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal 6313

4,798

6,983

8,932

6,315

I gcás ioncam ilghnéitheach atá "sannta", sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

18.02.01.03 (Teorainneacha Cliste) agus 18.0207 (eu-LISA)

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Áireofar sa bhuiséad ranníocaíocht ó thíortha a bhfuil baint acu le acquis Schengen agus na bearta a bhaineann le Eurodac, mar atá leagtha síos sna comhaontuithe faoi seach, a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. Is de chineál táscach amháin atá na meastacháin a thugtar agus tá siad bunaithe ar ríomhanna a rinneadh le déanaí i ndáil le hioncam do chur chun feidhme acquis Schengen ó na Stáit (an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis) a ranníocann suim bhliantúil don bhliain airgeadais ábhartha faoi láthair le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (íocaíochtaí atá caite), arna ríomh i gcomhréir lena holltáirgeacht intíre mar chéatadán d’olltáirgeacht intíre na Stát rannpháirteach uile. Tá an ríomh bunaithe ar fhigiúirí Mheitheamh 2015 ó EUROSTAT atá faoi réir éagsúlacht nach beag ag brath ar staid eacnamaíoch na Stát rannpháirteach.

(1) ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(2) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(3) Ar choinníoll go nglacfar creat dlíthiúil EES roimh dheireadh 2016, beifear in ann tús a chur leis an bhforbairt go luath in 2017.
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Teorainneacha Cliste – roghanna agus an bealach chun cinn (COM(2011)680.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Airteagal 1.3 "Féadfar freagracht a chur ar an nGníomhaireacht freisin as ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF seachas na córais sin dá dtagraítear i mír 2 sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais i gcás dá bhforáiltear amhlaidh le hionstraimí reachtacha ábhartha..."
(7) COM(2010)93 an 19 Márta 2010.
(8)

   Cinneadh 2008/633/JHA an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain a bheith ar Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe de chuid Ballstát agus ag Europol chun na sonraí ann a cheadú chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)

(9) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(10) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(11) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(12) Tíortha is iarrthóirí agus, más infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(13) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(14) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(15) Is éard atá in aschuir earraí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(16) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."
(17) Is éard atá in aschuir earraí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(18) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."
(19) COM(2013) 519 final: Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le clársceidealú acmhainní daonna agus airgeadais do ghníomhaireachtaí díláraithe 2014-2020.
(20) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(21) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(22) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(23) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(24) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top