This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52014PC0556
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the manufacture, placing on the market and use of medicated feed and repealing Council Directive 90/167/EEC
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid agus lena n-aisghairtear Treoir 90/176/CEE ón gComhairle
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid agus lena n-aisghairtear Treoir 90/176/CEE ón gComhairle
/* COM/2014/0556 final - 2014/0255 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid agus lena n-aisghairtear Treoir 90/176/CEE ón gComhairle /* COM/2014/0556 final - 2014/0255 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Cothaítear ainmhithe saothraithe in AE le
gairbhseach, ábhair beatha agus beatha chumaisc (meascán ábhar beatha). Má
bhíonn ainmhithe breoite agus más gá cóireáil dóibh, féadfar táirgí íocshláinte
tréidliachta a riar ar bhonn oidis tréidliachta. Bíonn frithmhiocróbaigh nó
frithsheadáin i bhformhór mór na beatha íocleasaithe d'ainmhithe saothraithe. Maidir le riar béil na gcógas d'ainmhithe, is
féidir leis na sealbhóirí ainmhithe cógais a chur leis an mbeatha ainmhithe nó
leis an uisce óil iad féin, sin nó úsáid a bhaint as beatha íocleasaithe ar
chuir siad féin nó monaróir formheasta eile an cógas isteach ann. Is gnách go n-úsáidtear beatha íocleasaithe chun
galair ainmhithe a chóireáil i ngrúpaí móra ainmhithe, go háirithe i muca agus
éanlaith chlóis. Tá comhghaol soiléir idir leibhéal na gcaighdeán um monarú
agus cáilíocht na cóireála trí bheatha íocleasaithe. Is ionann caighdeáin arda
agus dáileadh maith, aonchineálach an chógais sa bheatha, comhoiriúnacht mhaith
an chógais leis an mbeatha agus mar thoradh air sin dea-dháileogacht agus
cóireáil éifeachtúil an ainmhí agus tuliompar íseal an chógais sa bheatha
ainmhithe nach spriocbheatha í. Tá 13.7 milliún gabháltas ainmhithe in AE. Is é
EUR 157 billiún luach an aschuir feirmeoireachta beostoic in AE. Meastar luach
EUR 3.3 billiún a bheith ar dhobharshaothrú AE, lena n-áirítear táirgeadh
crústach, moileasc, agus iasc eite. Is iad ainmhithe peataí an dara cineál
ainmhithe is mó a choimeádtar in AE. Tá thart ar 64 milliún cat, 60 milliún
madra, 40 milliún peata éin, 25 milliún mamach beag agus go leor milliún iasc
ornáideach. Tharlódh go mba ghá cógais do na hainmhithe saothraithe sin go
léir, do na speicis dhobharshaothraithe agus na peataí, ag brath ar a
bhfolláine. Is é is aidhm d'athbhreithniú na rialacha um
beatha íocleasaithe monarú, margú agus úsáid táirgí beatha íocleasaithe agus
idirmheánacha in AE a chomhchuibhiú ar leibhéal ard sábháilteachta agus an dul
chun cinn teicniúil sa réimse sin a léiriú. Tugann an dréacht-togra an
reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le beatha íocleasaithe cothrom le dáta
trí aisghairm a dhéanamh ar Threoir 90/167/CEE ina leagtar amach na
coinníollacha faoina bhféadfar beatha íocleasaithe d'ainmhithe a mhonarú, a
chur ar an margadh agus a úsáid laistigh d'AE. Bunaíodh an Treoir roimh chruthú
an mhargaidh inmheánaigh agus ní dhearnadh aon oiriúnú substainteach uirthi
riamh. Thug trasuíomh náisiúnta na hionstraime dlí sin saoirse do na Ballstáit
maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na bhforálacha dlí, ach tharraing an
tsolúbthacht sin roinnt fadhbanna. Ní thugtar aon léiriú sa Treoir ar na
caighdeáin atá le cur i bhfeidhm maidir le monarchana a fhormheas ná na
teicnící atá inghlactha chun beatha íocleasaithe a tháirgeadh, cibé acu ba
cheart na caighdeáin a bheith bunaithe ar theicneolaíocht nó a bheith bunaithe
ar thorthaí, ní dhéantar foráil inti maidir le critéir aonchineálacha, ní
dhéantar aon tagairt inti don choincheap beatha íocleasaithe a thuliompar idir
baisceanna, do lipéadú beatha íocleasaithe ná do bheatha íocleasaithe do
pheataí agus tá sí doiléir cibé acu an bhféadfaí beatha a ullmhú roimh oideasú
sa mhuileann beatha nó nach bhféadfai, rud a chiallaíonn gur féidir leis na
Ballstáit teacht ar léirmhínithe éagsúla. Rud eile de, is
dócha go mbuanófar leis an reachtaíocht atá ann cheana na neamhréireachtaí ina
cur chun feidhme idir na Ballstáit. Cruthaíonn sé sin easpa cothromais do na
hoibreoirí gairmiúla ar an margadh aonair. Is gá cur chun feidhme na
reachtaíochta a chomhchuibhiú, ualaí costais agus riaracháin a laghdú agus tacú
leis an nuáil. Leis an dréacht-togra beifear in ann táirgeadh réamh-mheasta beatha íocleasaithe a
dhéanamh, meascadh soghluaiste agus ar an bhfeirm, agus san am céanna bunófar
na paraiméadair le haghaidh na scéimeanna sin. Tá bearta sna forálacha maidir
le beatha íocleasaithe nach n-úsáidtear a dhiúscairt ar an bhfeirm. Leagfar
síos teorainneacha ar fud AE maidir le cógais tréadliachta a thuliompar i
mbeatha ba cheart a oiriúnú de réir mheasúnú an riosca d'ainmhithe agus don
duine ó thaobh na gcineálacha éagsúla substaintí gníomhacha. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR Cuireann an measúnú tionchair leis na torthaí ar
staidéar seachtrach dar teideal 'Meastóireacht ar Chreat Reachtach AE i réimse
na Beatha Íocleasaithe' a rinne an Cuibhreannas um Meastóireacht an
Bhiashlabhra (FCEC) in 2009/2010. Thairis sin, tá sé bunaithe ar chomhairliúchán
leathan leis na páirtithe leasmhara i gcomhthéacs na meastóireachta a rinneadh
in 2009/2010, faoinar tharla comhairliúcháin inmheánacha agus plé leis na
Ballstáit ina dhiaidh. Ina theannta sin, le linn an phróisis iomláin rinneadh
comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ar imeall an Ghrúpa Chomhairligh um
an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe agus Plandaí, an Choiste
Chomhairligh um Shláinte Ainmhithe agus le meitheal um dhobharshaothrú an
Choiste Chomhairligh um Iascach agus Dhobharshaothrú. Thairis sin, eagraíodh
comhairliúchán spriocdhírithe leis an gCónaidhm Idirnáisiúnta um Shláinte
Ainmhithe san Eoraip, Cónaidhm Monaróirí Beatha na hEorpa, Cónaidhm na
dTréidlianna san Eoraip agus le Feirmeoirí agus Agraichomharchumainn AE. Tar éis chomhairliúchán na bpáirtithe leasmhara,
agus an mheastóireacht FCEC ar siúl, rinneadh suirbhé nua ar na páirtithe
leasmhara, ar an ngréasán, ó 30 Márta-31 Bealtaine 2011, inar baineadh úsáid as
ceistneoir idirghníomhach um Cheapadh Beartais chun barúlacha maidir leis na
roghanna beartais a bhailiú. Ar deireadh, chuathas i mbun agallamh le
saineolaithe ón tionscal agus ó na húdaráis, go háirithe chun sonraí a bhailiú
chun na roghanna éagsúla a mheasúnú. I Meitheamh 2009 cuireadh ceistneoir chuig na
Ballstáit agus an Iorua agus an Eilvéis chun faisnéis a bhailiú ó na húdaráis
inniúla maidir leis an status quo i réimse na beatha íocleasaithe. Ina theannta sin, chuaigh an Coimisiún i
gcomhairle go rialta le meitheal na bPríomhoifigeach Tréidliachta, leis an
mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (an Rannóg um Chothú
Ainmhithe) agus leis an gCoiste Cógaisíochta Tréidliachta, agus thuairiscigh sé
chucu. Is é ba chuspóir don mheasúnú tionchair tacú le
hathruithe a moladh ar an reachtaíocht maidir le beatha íocleasaithe (Treoir
90/167/CEE) i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach i gclár oibre an
Choimisiúin. Baineann sé sin le hobair leanúnach chomhchosúil atá ar siúl i
réimse na dtáirgí míochaine tréidliachta. Ghníomhaigh an Ard-Stiúrthóireacht
Sláinte agus Tomhaltóirí ar a tionscnamh féin chun Treoir 90/167/CEE a
athbhreithniú an t-am céanna leis an athbhreithniú ar an reachtaíocht um
tháirgí íocshláinte tréidliachta. Thug na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara
éagsúla atá i gceist sa réimse sin le fios ar roinnt ócáidí gur bhain tábhacht
lena áirithiú go gcuirfí sainiúlachtaí na hearnála san áireamh san
athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le beatha íocleasaithe . Ní féidir é
sin a dhéanamh ach trí chur chuige neamhspleách a chuireann leis na naisc leis
an reachtaíocht maidir le beatha agus ar an reachtaíocht maidir le táirgí
íocshláinte tréidliachta. Sonraíodh sa mheasúnú
tionchair na príomhghnéithe seo a leanas inar gá athrú ar an gcóras chun
aghaidh a thabhairt ar imní na bpáirtithe leasmhara: iarmhair cógais
tréidliachta i mbeatha, dáileogacht mhíchruinn cógas tréidliachta, rochtain
dhodhéanta ar an margadh beatha íocleasaithe do pheataí agus bacainní trádála
ar bheatha íocleasaithe laistigh d'AE. Measadh sa mheasúnú tionchair gur ag Rialachán de
chuid AE maille le rialacha mionsonraithe a bheadh an tionchar is dearfaí agus
gurbh í sin an tslí is fearr chun cuspóirí AE a bhaint amach. Ba cheart go
mbeadh tionchar dearfach suntasach aige ar éifeachtúlacht costais agus ar fhás
eacnamaíoch na hearnála monaraíochta beatha íocleasaithe, i bhfianaise chur i
bhfeidhm na gcógas nuálach tréidliachta freisin. Bheifí ag súil go dtiocfadh
feabhas ar shláinte ainmhithe agus sláinte an phobail i mBallstáit ina bhfuil
caighdeáin scaoilte faoi láthair maidir le beatha íocleasaithe agus i
mBallstáit ina bhfuil caighdeáin an-dian freisin. Mar thoradh ar leibhéil
lamháltais shábháilte maidir le tuliompar cógais tréidliachta i mbeatha bheadh
cothrom iomaíochta ann don tionscal agus do na húdaráis rialaithe. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Is é is aidhm don togra seo Treoir 90/167/CEE a
aisghairm leis an Rialachán atá beartaithe. Forálacha ginearálta Faoi raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe
cumhdaítear monarú, cur ar an margadh agus úsáid beatha íocleasaithe lena
húsáid i bpeataí agus i mbia-ainmhithe laistigh den Aontas. Níl feidhm aige
maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáidtear mar chomhpháirt
íocshláinte beatha íocleasaithe (ar a dtugtaí 'réamh-mheascáin íocleasaithe'
roimhe seo), a ndéileáiltear leo faoin reachtaíocht maidir le táirgí
íocshláinte tréidliachta. Leagtar síos leis an Rialachán rialacha maidir le
comhdhéanamh beatha íocleasaithe agus beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar
an margadh agus a úsáid. Tá feidhm ag na ceanglais ghinearálta maidir le
monarú atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. Thairis sin, ní
fhéadfar beatha íocleasaithe a mhonarú ach amháin ó tháirgí íocshláinte
tréidliachta atá údaraithe faoin reachtaíocht maidir le táirgí íocshláinte
tréidliachta. Leagtar síos rialacha freisin maidir le hoibreoirí gnólachtaí
beatha agus na rialacha nach mór dóibh a chomhlíonadh chun beatha íocleasaithe
a mhonarú. Leagtar síos sa Rialachán rialacha maidir le táirgí íocshláinte
tréidliachta a ionchorprú ar bhealach aonchineálach i mbeatha íocleasaithe agus
na ceanglais chun tuliompar substaintí gníomhacha ó tháirgí íocshláinte
tréidliachta i mbeatha nach spriocbheatha í a sheachaint. Maidir le lipéadú, tá feidhm ag na forálacha
ginearálta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 767/2009. Leagtar síos
rialacha sonracha maidir le hoideasú, bailíocht an oidis, úsáid beatha
íocleasaithe ina bhfuil frithmhiocróbaigh i mbia-ainmhithe agus na cainníochtaí
is gá chun ainmhithe a chóireáil le beatha íocleasaithe. Ní mór do
mhonaróirí, dáileoirí agus úsáideoirí beatha íocleasaithe taifid laethúla a
choinneáil chun beatha íocleasaithe a rianú ar bhealach éifeachtach. I gcás
táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraíodh ar an leibhéal náisiúnta, leagtar
síos sa Rialachán rialacha maidir le trádáil beatha íocleasaithe chun saobhadh
iomaíochta a chosc. Leagtar síos rialacha sa togra maidir le
gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ar bhonn an
Rialacháin. Bunús dlí Déantar foráil in Airteagal 43 agus Airteagal 168(4)(b) de CFAE
maidir le bunús dlí an togra. Bunaíodh Treoir 90/167/CEE ar Airteagal 43 den Chonradh ag bunú
Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Airteagal 43 de CFAE anois), lenar
cuireadh an Comhbheartas Talmhaíochta chun feidhme. Is iad cuspóirí an
bheartais sin cur le táirgiúlacht talmhaíochta, caighdeán cóir maireachtála a
áirithiú do phobal na talmhaíochta, margaí a chobhsú, a áirithiú go mbíonn
soláthairtí ar fáil agus a áirithiú go mbíonn soláthairtí le fáil ag
tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta. Is féidir an léirmhíniú a bhaint as an
Airteagal sin freisin go bhfuiltear ag féachaint le coinníollacha
comhchuibhithe, leordhóthanacha táirgthe a bhunú d'fheirmeoirí beostoic AE. Cumhdaíonn Airteagal 168(4)(b) den CFAE bearta
i réimsí na tréidliachta agus na fíteasláintíochta arb é is cuspóir dóibh
go díreach an tsláinte phoiblí a chosaint. Tá an togra i bhfoirm Rialacháin ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle. Ní bheadh modhanna eile iomchuí toisc
gurb éifeachtúla is féidir cuspóirí an bhirt a bhaint amach trí cheanglais atá
comhchuibhithe go hiomlán ar fud an Aontais. 2014/0255 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN
gCOMHAIRLE maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a
chur ar an margadh agus a úsáid agus lena n-aisghairtear Treoir 90/176/CEE ón
gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 agus
Airteagal 168(4)(b) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[1],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Is ionann Treoir 90/167/CEE[3] ón gComhairle agus
creat rialála an Aontais chun beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an
margadh agus a úsáid. (2) Cuid an-tábhachtach de
thalmhaíocht an Aontais is ea táirgeadh beostoic. Bíonn tionchar suntasach ag
na rialacha a bhaineann le beatha íocleasaithe ar choimeád agus ar thógáil
ainmhithe, lena n-áirítear ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, agus ar tháirgeadh
táirgí de thionscnamh ainmhíoch. (3) Ar cheann de chuspóirí
bunúsacha dhlí an bhia tá leibhéal ard cosanta do shláinte an duine a bhaint
amach, mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh.178/2002 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle [4],
agus ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail ghinearálta atá leagtha síos
sa Rialachán sin maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid gan dochar
do reachtaíocht níos sonraí de chuid an Aontais. Ina theannta sin, is é ceann
de chuspóirí ginearálta dhlí bia AE sláinte ainmhithe a chosaint. (4) Tá sé léirithe sa taithí a
fuarthas ar Threoir 90/167/CEE a chur i bhfeidhm gur cheart tuilleadh beart a
dhéanamh chun feidhmiú éifeachtach an Mhargaidh Inmheánaigh a neartú agus ionas
gur féidir, go sonrach, cóir leighis a chur ar ainmhithe nach bia-ainmhithe iad
trí bheatha íocleasaithe agus cur leis an deis é sin a dhéanamh. (5) Tá beatha íocleasaithe ar
cheann de na bealaí chun táirgí íocshláinte tréidliachta, a ionchorpraítear sa
bheatha, a riar. An t-údarú chun na táirgí íocshláinte tréidliachta sin a
úsáid i mbeatha, chomh maith le monarú, dáileadh, fógraíocht agus maoirsiú na
dtáirgí sin, rialaítear iad le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle[5]. (6) Mar chineál beatha, tá beatha
íocleasaithe faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[6],
Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[7], Rialachán (CE) Uimh.
1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8] agus Threoir 2002/32/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[9].
Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha maidir le beatha íocleasaithe
agus táirgí idirmheánacha a bhunú maidir le saoráidí agus trealamh, pearsanra,
rialú cáilíochta monaraíochta, stóráil agus iompar, taifid a choimeád, gearáin
agus táirgí a aisghairm, nósanna imeachta atá bunaithe ar phrionsabail anailíse
guaise agus pointí rialúcháin criticiúla (AGPRC) a chur i bhfeidhm agus
lipéadú. (7) Ní mór beatha íocleasaithe a allmhairítear isteach san Aontas
na hoibleagáidí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (CE)
Uimh. 178/2002 agus na coinníollacha allmhairiúcháin atá leagtha síos i
Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 agus i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh[10]. Laistigh den chreat
sin, tá beatha íocleasaithe a allmhairítear isteach san Aontas le cur san
áireamh mar bheatha íocleasaithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. (8) Gan dochar do na hoibleagáidí ginearálta atá leagtha síos in
Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir le honnmhairí beatha chuig
tríú tíortha, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir
le táirgí beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonaraítear, a
stóráiltear, a iompraítear nó a chuirtear ar an margadh laistigh den Aontas
agus é mar rún iad a onnmhairiú. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag
na ceanglais shonracha maidir le lipéadú, oideasú agus beatha íocleasaithe a
úsáid agus níor cheart feidhm a bheith ag táirgí idirmheánacha maidir le táirgí
atá beartaithe lena n-onnmhairiú. (7) Níor cheart beatha
íocleasaithe a mhonarú ach amháin le táirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe
agus ba cheart comhoiriúnacht gach beatha cumaisc atá in úsáid a áirithiú chun
críche sábháilteacht agus éifeachtacht an táirge. Ba cheart foráil a dhéanamh
maidir le ceanglais shonracha nó treoracha sonracha sa bhreis i dtaca leis na
táirgí íocshláinte tréidliachta a chur i mbeatha chun a áirithiú go ndéantar na
hainmhithe a chóireáil ar bhealach sábháilte agus éifeachtúil. (8) Ionchorprú aonchineálach an
táirge íocshláinte tréidliachta isteach sa bheatha, tá sé ríthábhachtach
freisin chun beatha íocleasaithe sábháilte, éifeachtúil a mhonarú. Dá bhrí
sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an deis ar chritéir a bhunú,
amhail spriocluachanna, le haghaidh aonchineálacht na beatha íocleasaithe. (9) Féadfaidh oibreoirí
gnólachtaí beatha raon leathan beathaí do sprioc-ainmhithe éagsúla, ina bhfuil
cineálacha éagsúla beatha chumaisc amhail breiseáin bheatha nó táirgí
íocshláinte tréidliachta, a tháirgeadh laistigh de bhunaíocht amháin.
D'fhéadfadh bheith mar thoradh ar chineálacha éagsúla beatha a mhonarú i
ndiaidh a chéile sa líne tháirgthe chéanna rianta substainte a bheith le fáil
ar an líne a théann isteach i dtús táirgthe beatha eile. 'Tuliompar' a thugtar
ar aistriú rianta substainte ó luchtóg táirgthe amháin go ceann eile. (10) Le linn beatha a bheith á
táirgeadh, á próiseáil, á stóráil agus á hiompar d'fhéadfadh tuliompar tarlú i
gcás ina n-úsáidtear an trealamh céanna táirgthe agus próiseála, na saoráidí stórála
nó an modh iompair céanna le haghaidh beatha ina bhfuil comhpháirteanna
éagsúla. Chun críocha an Rialacháin seo, úsáidtear an coincheap de "tuliompar"
go sonrach chun aistriú rianta substaint ghníomhach atá i mbeatha íocleasaithe chuig
beatha nach spriocbheatha í, agus tá an téarma "tras-éilliú" le meas
mar éilliú a eascraíonn as aon substaint neamhbheartaithe a thuliompar nó a aistriú
isteach i mbeatha. Ba cheart tuliompar substaintí gníomhacha ó tháirgí
íocshláinte tréidliachta chuig beatha nach spriocbheatha í a sheachaint nó a
choinneáil chomh híseal agus is féidir. Chun sláinte ainmhithe, sláinte an
duine agus an comhshaol a chosaint, ba cheart uasleibhéil tuliompair le
haghaidh substaintí gníomhacha atá i mbeatha íocleasaithe a bhunú, a bheadh
bunaithe ar mheasúnú riosca eolaíoch a dhéanfadh an tÚdarás Eorpach um
Shábháilteacht Bia agus aird ar dhea-chleachtas monaraíochta agus an prionsabal
ALARA (chomh híseal agus is indéanta le réasún) a chur i bhfeidhm. Ba cheart
teorainneacha ginearálta a leagan amach sa Rialachán seo agus an tuliompar
dosheachanta agus an riosca a bheadh i gceist leis na substaintí gníomhacha
lena mbaineann á gcur san áireamh. (11) Ba cheart lipéadú beatha
íocleasaithe na prionsabail ghinearálta atá leagtha síos i Rialachán (CE)
Uimh. 767/2009 a chomhlíonadh agus a bheith faoi réir ceanglas lipéadaithe
sonrach chun an fhaisnéis is gá a sholáthar don úsáideoir ionas gur féidir leis
an bheatha íocleasaithe a riar i gceart. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart
teorainneacha a bhunú maidir le diallais ábhar lipéadaithe na beatha
íocleasaithe ón inneachar iarbhír. (12) Ba cheart beatha íocleasaithe
a mhargú i gcoimeádáin shéalaithe ar chúiseanna sábháilteachta agus chun leas
an úsáideora a chosaint. (13) Maidir le trádáil beatha íocleasaithe
laistigh den Aontas, ba cheart a áirithiú gur údaraíodh an táirge íocshláinte
tréidliachta atá inti go hiomchuí sa Bhallstát is ceann scríbe de réir
Threoir 2001/82/CE. (14) Oibreoirí gnólachtaí beatha a
mhonaraíonn, a stórálann nó a iompraíonn beatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha, nó a chuireann ar an margadh iad, is cuma má oibríonn siad i
muileann beatha, le leoraí a bhfuil fearas ar leith air nó ar an bhfeirm, ba
cheart iad a bheith formheasta i gcomhréir leis an gcóras formheasa atá leagtha
síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005, chun sábháilteacht beatha agus
inrianaitheacht táirgí araon a áirithiú. Déantar foráil maidir le nós imeachta
idirthréimhse i ndáil le bunaíochtaí atá formheasta cheana faoi Threoir
90/167/CEE. (15) Chun úsáid shábháilte beatha
íocleasaithe a áirithiú, ba cheart é a sholáthar agus a úsáid faoi réir oideas
tréidliachta a thíolacadh atá bailí agus a eisíodh tar éis na hainmhithe a
bhfuiltear le cóireáil a scrúdú. Mar sin féin, níor cheart an deis a chur as an
áireamh beatha íocleasaithe a mhonarú sula dtíolactar oideas don mhonaróir. (16) Chun úsáid stuama beatha
íocleasaithe le haghaidh bia-ainmhithe a áirithiú agus, dá bhrí sin, an bonn le
haghaidh ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a chur ar fáil, ba cheart
foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha maidir le húsáid agus le
bailíocht an oidis, maidir leis an tréimhse aistarraingthe a chomhlíonadh agus
maidir le taifid a choimeád ag an sealbhóir ainmhí. (17) Agus an riosca tromchúiseach
don tsláinte phoiblí a bhaineann le friotaíocht frithmhiocróbán á chur san
áireamh, is iomchuí teorainn a chur le húsáid na beatha íocleasaithe ina bhfuil
frithmhiocróbáin do bhia-ainmhithe. Go háirithe, níor cheart cead a thabhairt
í a úsáid chun cosc nó feabhas a chur ar fheidhmíocht bia-ainmhithe. (18) Ba cheart córas a bhunú chun
táirgí nár úsáideadh nó atá imithe in éag a bhailiú chun aon riosca a rialú a
d'eascródh as táirgí den sórt sin maidir le cosaint ainmhithe, sláinte an duine
nó an comhshaol. (19) Chun cuspóir an Rialacháin seo
a chomhlíonadh agus dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san
áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean
chuig an gCoimisiún i ndáil le teorainneacha sonracha tuliompair a bhunú agus
na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Sna hIarscríbhinní
sin tá forálacha maidir le hoibleagáidí ar oibreoirí gnólachtaí beatha a
bhaineann le beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonarú, a
stóráil, a iompar agus a chur ar an margadh, an táirge íocshláinte tréidliachta
a ionchorprú sa bheatha, na sonraí lipéadaithe maidir le beatha íocleasaithe
agus táirgí idirmheánacha, na lamháltais a cheadaítear do lipéadú comhdhéanaimh
beatha íocleasaithe nó táirgí idirmheánacha agus an fhoirm shamplach atá le
húsáid don oideas tréidliachta. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na
doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí,
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (20) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo maidir
le critéir aonfhoirmeachta beatha íocleasaithe a bhunú, ba cheart cumhachtaí
cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a
fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na
rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le
rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[11](IO L 55, 28.2.2011, lch. 13). (21) Ba cheart do na Ballstáit
pionóis a leagan síos i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba
cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun
feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus
athchomhairleach. (22) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ardleibhéal cosanta shláinte an
duine agus sláinte ainmhithe a áirithiú, faisnéis leordhóthanach d’úsáideoirí a
sholáthar mar aon le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a neartú, a
bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bharr sin, is féidir iad a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá
leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN
RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil I
Raon feidhme agus sainmhínithe Airteagal 1
Raon feidhme Beidh feidhm ag
an Rialachán seo maidir le: (a) beatha
íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonarú, a stóráil agus a iompar; (b) beatha
íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a chur ar an margadh, lena n-áirítear í
a allmhairiú, agus a úsáid; (c) beatha
íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a onnmhairiú go tríú tíortha. Ní bheidh
feidhm, áfach, ag Airteagail 9, 15, 16 agus 17 maidir le beatha íocleasaithe
agus táirgí idirmheánacha nuair a léirítear ar a lipéad go bhfuil sé beartaithe
iad a onnmhairiú go tríú tíortha. Airteagal 2
Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin
seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (a)
na sainmhínithe ar 'beatha', 'gnólachtaí beatha',
agus 'a chur ar an margadh' faoi mar atá leagtha síos in Airteagal 3 de
Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 iad; (b)
na sainmhínithe ar 'breiseán bia' agus 'candam
laethúil' faoi mar atá leagtha síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh.
1831/2003 iad; (c)
na sainmhínithe ar 'bia-ainmhí', 'ábhair bheatha',
'beatha chumaisc', 'beatha chomhlántach', 'beatha mianraí', 'lipéadú',
'lipéad', 'tréimhse íosta stórála' agus 'baisc' mar atá leagtha síos in
Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009; (d)
an sainmhíniú ar 'bunaíocht' mar atá leagtha síos
in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005; (e)
na sainmhínithe ar 'rialú oifigiúil' agus 'údarás
inniúil' mar atá leagtha síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 882/2004; (f)
na sainmhínithe ar 'táirge íocshláinte
tréidliachta', 'tréimhse aistarraingthe', 'neart' agus 'oideas tréidliachta'
mar a leagtar síos in Airteagal 1 de Threoir 2001/82/CE iad. 2. Beidh feidhm freisin ag na
sainmhínithe seo a leanas: (g)
'beatha íocleasaithe': meascán de tháirge
íocshláinte tréidliachta amháin nó níos mó nó táirgí idirmheánacha a bhfuil
beatha amháin nó níos mó iontu agus atá ullamh le hainmhithe a chothú go
díreach leo gan a thuilleadh próiseála; (h)
'táirge idirmheánach': meascán de tháirge
íocshláinte tréidliachta amháin nó níos mó le beatha amháin nó níos mó, atá
beartaithe lena úsáid chun beatha íocleasaithe a mhonarú; (i)
'substaint ghníomhach': substaint lena mbaineann
gníomhaíocht cógaseolaíochta; (j)
'beatha nach spriocbheatha í': beatha nach bhfuil
sé beartaithe aon táirge íocshláinte tréidliachta sonrach a bheith inti; (k)
'tuliompar': aistriú rianta substainte gníomhaí ina
mbeatha nach spriocbheatha í; (l)
ciallaíonn 'oibreoir gnólachta beatha' aon duine
nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais
an Rialacháin seo laistigh den ghnólacht beatha atá faoina rialú; (m)
'dáileoir': aon oibreoir gnólachtaí beatha a
sholáthraíonn beatha íocleasaithe, atá pacáistithe agus ullamh lena húsáid, don
sealbhóir ainmhithe; (n)
'meascthóir soghluaiste': oibreoir gnólachtaí
beatha a bhfuil bunaíocht beatha aige ina bhfuil leoraí atá feistithe go sonrach
chun beatha íocleasaithe a mhonarú; (o)
'meascthóir ar an bhfeirm': oibreoir gnólachtaí
beatha a mhonaraíonn beatha íocleasaithe ar an bhfeirm ina n-úsáidfear í. Caibidil II
Monarú, stóráil, iompar agus cur ar an margadh Airteagal 3
Oibleagáidí ginearálta Oibreoirí gnólachtaí beatha, déanfaidh siad
beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonarú, a stóráil, a iompar
agus a chur ar an margadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I. Airteagal 4
Anailís guaise agus córas um pointí rialúcháin criticiúla Oibreoirí gnólachtaí beatha a stórálann, a
iompraíonn agus a chuireann beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha ar an
margadh, déanfaidh siad nós imeachta buan nó nósanna imeachta buana i scríbhinn
atá bunaithe ar an anailís guaise agus phointí rialúcháin criticiúla a chur ar
bun, a chur chun feidhme agus a choimeád (dá ngairfear anseo feasta: 'AGPRC'),
córas dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. Airteagal 5
Comhdhéanamh 3. Ní dhéanfar beatha
íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonarú ach amháin as táirgí
íocshláinte tréidliachta atá údaraithe chun beatha íocleasaithe a mhonarú i
gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i dTreoir 2001/82/CE. 4. Áiritheoidh an monaróir
beatha íocleasaithe an méid seo a leanas: (p)
go ndéanfar an táirge íocshláinte tréidliachta a
ionchorprú sa bheatha i gcomhréir le hIarscríbhinn II; (q)
go ndéanfar an bheatha íocleasaithe a mhonarú i
gcomhréir leis na coinníollacha ábhartha atá leagtha síos san achoimre ar
shaintréithe an táirge dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2001/82/CE, a
bhaineann leis na táirgí íocshláinte tréidliachta atá le hionchorprú sa bheatha
íocleasaithe; (r)
nach féidir idirghníomhaíocht a bheith ann idir na
táirgí íocshláinte tréidliachta agus an bheatha rud a chuirfeadh sábháilteacht
nó éifeachtúlacht na beatha íocleasaithe i mbaol; (s)
nach ndéanfar breiseán beatha a bhfuil cainníocht
uasta leagtha síos dó sa ghníomh údarúcháin lena mbaineann a ionchorprú sa
bheatha íocleasaithe má tá sé in úsáid cheana mar shubstaint ghníomhach sa
táirge íocshláinte tréidliachta. Airteagal 6
Aonchineálacht 5. Oibreoirí gnólachtaí beatha a
mhonaraíonn beatha íocleasaithe, áiritheoidh siad go ndéanfar an táirge
íocshláinte tréidliachta nó an táirge idirmheánach a ionchorprú go
haonchineálach sa bheatha. 6. Féadfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, critéir a bhunú maidir leis an táirge
íocshláinte tréidliachta a ionchorprú go haonchineálach sa bheatha íocleasaithe
nó sa táirge idirmheánach, agus airíonna sonracha na dtáirgí íocshláinte
tréidliachta agus na teicneolaíochta measctha á gcur san áireamh aige. Glacfar
na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2). Airteagal 7
Tuliompar 7. Oibreoirí gnólachtaí beatha a
mhonaraíonn, a stórálann nó a iompraíonn beatha íocleasaithe nó táirgí
idirmheánacha nó a chuireann ar an margadh iad, cuirfidh siad bearta i bhfeidhm
i gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4 chun tuliompar a sheachaint. 8. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 a bhaineann
le teorainneacha sonracha tuliompair a bhunú do shubstaintí gníomhacha. I gcás nach bhfuil aon teorainneacha sonracha
socraithe maidir le substaint ghníomhach, beidh feidhm ag na teorainneacha
tuliompair seo a leanas: (t)
i gcás substaintí gníomhacha frithmhiocróbacha, 1%
den substaint ghníomhach sa bhaisc dheireanach den bheatha íocleasaithe nó den
táirge idirmheánach a táirgeadh sular táirgeadh an bheatha nach spriocbheatha í;
(u)
i gcás na substaintí gníomhacha eile, 3% den
substaint ghníomhach sa bhaisc dheireanach den bheatha íocleasaithe nó den
táirge idirmheánach a táirgeadh sular táirgeadh an bheatha nach spriocbheatha
í; Airteagal 8
Táirgeadh réamh-mheasta Féadfar beatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha a mhonarú agus a stóráil sula n-eiseofar an t-oideas dá
dtagraítear in Airteagal 15. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le
meascthóirí ar an bhfeirm ná i gcás beatha íocleasaithe nó táirgí idirmheánacha
a mhonarú ó tháirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le hAirteagal 10
nó Airteagal 11 de Threoir 2001/82/CE. Airteagal 9
Lipéadú 9. Chomh maith le Airteagail
11(1), 12 agus 14 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009, comhlíonfaidh lipéadú
beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha Iarscríbhinn III a ghabhann leis
an Rialachán seo. 10. Nuair a úsáidtear coimeádáin
in ionad ábhair pacáistíochta, beidh ag gabháil leo doiciméid a chomhlíonann
mír 1. 11. Na lamháltais i dtaca le
neamhréitigh idir luachanna comhdhéanaimh lipéadaithe na beatha íocleasaithe nó
an táirge idirmheánaigh agus na luachanna a ndéantar anailís orthu i rialuithe
oifigiúla a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, leagtar
amach in Iarscríbhinn IV iad. Airteagal 10
Pacáistiú Ní chuirfear beatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha ar an margadh ach amháin i bpacáistí séalaithe nó i gcoimeádáin
shéalaithe. Déanfar pacáistí nó coimeádáin a shéalú sa chaoi go ndéanfar
damáiste don séala nuair a osclófar an pacáiste nó an coimeádán agus nach
bhféadfar é a úsáid arís. Airteagal 11
Trádáil laistigh den Aontas I gcás nach ionann an Ballstát ina monaraítear
beatha íocleasaithe agus an Ballstát ina n-úsáideann an sealbhóir ainmhithe í,
déanfar an táirge íocshláinte tréidliachta a údarú i gcomhréir le Treoir
2001/82/CE i mBallstát a húsáide. Caibidil III
Bunaíochtaí a fhormheas Airteagal 12
Oibleagáid formheasa Oibreoirí gnólachtaí beatha a mhonaraíonn, a
stórálann nó a iompraíonn beatha íocleasaithe nó táirgí idirmheánacha nó a chuireann
ar an margadh iad, áiritheoidh siad go bhformheasfaidh an t-údarás inniúil na
bunaíochtaí atá faoina rialú. Airteagal 13
An Nós imeachta um fhormheas agus liostaí na mbunaíochtaí formheasta 12. Ní fhormheasfaidh an t-údarás
inniúil bunaíochtaí ach amháin i gcás inar taispeánadh trí chuairt a thabhairt
ar an láthair, sula gcuirtear tús le haon ghníomhaíocht, go gcomhlíonann an
córas a cuireadh i bhfeidhm chun beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha
a mhonarú, a stóráil, a iompar agus a chur ar an margadh ceanglais Chaibidil
II. 13. An nós imeachta maidir le
formheas bunaíochtaí a thabhairt, a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a leasú,
beidh sé faoi réir Airteagail 13(2), 14, 15, 16 agus 17 de Rialachán (CE)
Uimh. 183/2005. 14. Déanfar na bunaíochtaí a
thaifeadadh sa liosta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de
Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 faoi uimhir aitheantais aonair a tugadh san
fhoirm atá leagtha amach i gCaibidil II d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an
Rialachán sin. Airteagal 14
Bunaíochtaí atá formheasta i gcomhréir le Treoir 90/167/CEE 15. Bunaíochtaí a thagann faoi
raon feidhme an Rialacháin seo agus atá formheasta cheana féin i gcomhréir le
Treoir 90/167/CEE, féadfaidh siad leanúint lena gcuid gníomhaíochtaí faoi réir
dearbhú a chur isteach faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta
18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], chuig
an údarás inniúil ábhartha ar ina limistéar atá a n-áiseanna lonnaithe, ii
bhfoirm arna cinneadh ag an údarás inniúil sin, go gcomhlíonann siad na
ceanglais maidir le formheas dá dtagraítear in Airteagal 13(1). 16. Déanfaidh na húdaráis inniúla
formheas na mbunaíochtaí sin a athnuachan, a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a
leasú i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha dá
dtagraítear in Airteagal 13 (1) den Rialachán seo agus in Airteagail 13(2), 14,
15 agus 16 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. I gcás nach gcuirtear isteach an
dearbhú dá dtagraítear i mír 1 laistigh den tréimhse shonraithe, déanfaidh an
t-údarás inniúil an formheas atá ann a chur ar fionraí i gcomhréir le
hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. Caibidil IV
Oideasú agus úsáid Airteagal 15
Oideasú 17. Beidh soláthar beatha
íocleasaithe do shealbhóirí ainmhithe faoi réir oideas tréidliachta a chur ar
fáil agus, i gcás ina monaraíonn meascthóirí ar an bhfeirm í, faoi réir oidis
tréidliachta agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6. 18. San oideas beidh an fhaisnéis
atá leagtha amach in Iarscríbhinn V. Ba cheart don mhonaróir, nó, más iomchuí,
don dáileoir, an t-oideas bunaidh a choinneáil. Déanfaidh an duine a eisíonn
an t-oideas agus an sealbhóir ainmhithe cóip den oideas a choinneáil.
Coinneofar an t-oideas bunaidh agus na cóipeanna ar feadh trí bliana tar éis an
dáta eisiúna. 19. Cé is moite de bheatha
íocleasaithe d'ainmhithe nach bia-ainmhithe iad, ní úsáidfear beatha
íocleasaithe do bhreis is cóireáil amháin faoin oideas céanna. 20. Beidh an t-oideas bailí ar
feadh tréimhse uasta sé mhí d'ainmhithe nach bia-ainmhithe iad
agus trí seachtaine do bhia-ainmhithe. 21. Ní fhéadfar an bheatha
íocleasaithe oideasaithe a úsáid ach amháin d'ainmhithe atá scrúdaithe ag an
duine a d'eisigh an t-oideas agus do ghalar diagnóisithe. Fíoróidh an duine
a d'eisigh an t-oideas an bhfuil bonn cirt leis an gcógas sin do na
sprioc-ainmhithe ar fhorais tréidliachta. Thairis sin, áiritheoidh sé nach
bhfuil riar an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann gan a bheith ag
luí le cóireáil ná úsáid eile agus nach bhfuil aon fhritásc ná aon
idirghníomhaíocht i gceist i gcás ina n-úsáidtear roinnt táirgí íocleasaithe. 22. Léireoidh san oideas, i
gcomhréir le hachoimre thréithe táirge an táirge íocshláinte tréidliachta, ráta
cuimsithe an táirge íocshláinte tréidliachta arna ríomh ar bhonn na
bparaiméadair ábhartha. Airteagal 16
Úsáid i mbia-ainmhithe 23. Oibreoirí gnólachtaí beatha a
sholáthraíonn beatha do shealbhóir bia-ainmhithe, nó meascthóirí beatha íocleasaithe
ar an bhfeirm do bhia-ainmhithe, ní mór dóibh a áirithiú nach dtéann na
cainníochtaí arna soláthar nó arna meascadh thar: (v)
na cainníochtaí a thugtar san oideas agus (w)
na cainníochtaí is gá do mhí amháin cóireála, nó
dhá sheachtain i gcás beatha íocleasaithe ina bhfuil táirgí íocshláínte
tréidliachta frithmhiocróbacha. 24. Beatha íocleasaithe ina bhfuil
táirgí íocshláínte tréidliachta frithmhiocróbacha, ní ceadmhach í a úsáid chun
cosc a chur ar ghalair i mbia-ainmhithe ná chun feabhas a chur ar
a bhfeidhmíocht. 25. Agus beatha íocleasaithe á
riar aige, déanfaidh sealbhóir bia-ainmhithe a áirithiú go gcomhlíontar an
tréimhse aistarraingthe dá bhforáiltear san oideas tréidliachta. 26. Oibreoirí gnólachtaí beatha a
thugann beatha íocleasaithe do bhia-ainmhithe, coinneoidh siad taifid i
gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2001/82/CE. Coinneofar na taifid ar feadh
cúig bliana tar éis an dáta a riaradh beatha íocleasaithe, lena n-áirítear
nuair a mharaítear an t-ainmhí le linn na tréimhse cúig bliana. Airteagal 17
Córais Bailiúcháin na dtáirgí neamhúsáidte nó atá in éag Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córais
bailithe iomchuí i bhfeidhm le haghaidh beatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha atá imithe in éag nó i gcás ina bhfuair an sealbhóir ainmhithe
cainníocht beatha íocleasaithe atá níos mó ná mar a úsáideann sé dáiríre don
chóireáil dá dtagraítear san oideas tréidliachta. Caibidil V
Forálacha nós imeachta agus críochnaitheacha Airteagal 18
Leasú ar Iarscríbhinní Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 19 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinní I go V,
chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh. Airteagal 19
An tarmligean a fheidhmiú 27. Is faoi réir
na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar
an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 28. Tabharfar an tarmligean
cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 18 don Choimisiún
ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 29. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa
nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7
agus in Airteagal 18 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh
cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú
an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos
déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht
aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 30. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 31. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 18 i bhfeidhm ach
amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an
gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a
thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh
dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.
Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na
hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 20
Nós imeachta coiste 32. Beidh de chúnamh ag an
gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna
bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, dá
ngairtear ‘an Coiste’ anseo feasta. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir
bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 33. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 34. I gcás ina mbeidh tuairim an
Choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a
fhoirceannadh gan toradh, más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim
sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an Choiste amhlaidh nó go n-iarrann
tromlach simplí de chomhaltaí an Choiste é. Airteagal 21
Pionóis 35. Leagfaidh na Ballstáit síos na
rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar
fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a
áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear
a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. 36. Tabharfaidh na Ballstáit fógra
don Choimisiún faoi na forálacha sin faoi … [Oifig na bhFoilseachán: cuir
isteach dáta [12] mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a
dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú a dhéanfar
ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh. Airteagal 22
Aisghairm Aisghairtear Treoir 90/167/CEE. Déanfar na tagairtí don Treoir atá
aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir
leis an gclár comhghaoil in Iarscríbhinn VI. Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [Oifig na
bhFoilseachán, cuir isteach dáta [12] mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo]. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na
hEorpa Thar ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán [1] IO C , , lch. . [2] IO C , , lch. . [3] Treoir 90/167/CEE ón gComhairle an 26 Márta 1990 lena
leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear ábhair bheathúcháin íocleasaithe
a ullmhú, a chur ar an margadh agus a úsáid sa Chomhphobal (IO L 92, 7.4.1990,
lch. 42). [4] Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos
prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena
mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos
nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (IO L 31, 01.02.2002,
lch. 1). [5] Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le
táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1). [6] Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos na ceanglais i
ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1) [7] Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a
úsáid (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1). [8] Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i
gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29). [9] Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i
mbeatha ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10). [10] Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla
chun comhlíonadh dhlí an bhia agus na beatha, rialacha sláinte agus leasa
ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1). (Ceartúchán : (IO L 191,
28.5.2004, lch. 1) [11] (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13) IARSCRÍBHINN I Ceanglais
ar oibreoirí gnólachtaí beatha, dá dtagraítear in Airteagal 3 ROINN 1
SAORÁIDÍ AGUS TREALAMH Úsáidfidh oibreoirí gnólachtaí beatha saoráidí agus
trealamh a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas. 1.
Déanfar saoráidí agus trealamh agus an timpeallacht
timpeall orthu a choimeád glan agus cuirfear cláir srianta lotnaidí
éifeachtacha i bhfeidhm. Tabharfar cláir ghlantacháin isteach. Áiritheofar leis
na cláir sin go n‑íoslaghdófar aon éilliú, lena n‑áirítear ó
iarmhair glantach agus táirgí bithicíde, agus aon traséilliú, lena n‑áirítear
de thoradh tuliompair. 2.
Le leagan amach, ceapadh, tógáil agus méid na
saoráidí agus an trealaimh: (a)
déanfar an riosca maidir le hearráidí a íoslaghdú
agus aon éifeacht dhíobhálach ar shábháilteacht agus cáilíocht na dtáirgí go
ginearálta a sheachaint; (b)
beifear in ann glantachán agus dífhabhtú
leordhóthanach a dhéanamh; (c)
beifear in ann innealra a bhíonn i dtadhall le
beatha a thriomú tar éis aon phróisis glantacháin fhliuch. 3.
Déanfar seiceálacha iomchuí go rialta ar shaoráidí
agus trealamh a úsáidfear le haghaidh monaraíochta, i gcomhréir le nósanna
imeachta scríofa arna réamhbhunú ag monaróirí an trealaimh. Beidh gach meá agus feisteas méadraithe oiriúnach
do raon na meáchan nó na dtoirteanna a bheidh le tomhas agus déanfar a
mbeachtas a thástáil go rialta. Beidh gach meascthóir
oiriúnach do raon na meáchan nó na dtoirteanna a bheidh le meascadh, agus
beifear in ann meascáin aonchineálacha oiriúnacha a mhonarú. Léireoidh
oibreoirí éifeachtacht na meascthóirí maidir le haonchineálacht. 4.
Beidh soilsiú nádúrtha nó saorga leordhóthanach i
saoráidí. 5.
Beidh na saoráidí draenála leordhóthanach chun na
críche a ceapadh dóibh; déanfar iad a dhearadh agus a thógáil chun an riosca
maidir le héilliú beatha a sheachaint. 6.
Beidh an t‑uisce a úsáidfear sa mhonarú de
cháilíocht atá oiriúnach d'ainmhithe; beidh na seolphíobáin le haghaidh uisce
de chineál támh. 7.
Déanfar múnlach, dramhaíl agus uisce báistí a
dhiúscairt ar bhealach lena n‑áirithítear nach ndéantar difear do threalamh
ná do shábháilteacht agus cáilíocht beatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha. 8.
Más iomchuí, coinneofar an
teocht chomh híseal agus is féidir d'fhonn comhdhlúthú agus milleadh a
sheachaint. 9.
Coinneofar srian ar mhilleadh agus deannach d'fhonn
ionradh lotnaidí a chosc. 10.
Ní mór a chruthú, más gá, go gcoisceann fuinneoga
agus oscailtí eile lotnaidí. Ní mór dorais a bheith dlúthfheistithe agus a
chruthú go gcoisceann siad lotnaidí agus iad dúnta. 11.
Más gá, déanfar síleálacha agus suiteacha lasnairde
a cheapadh, a thógáil agus a chur i gcrích sa chaoi go ndéantar bailiú
salachair a chosc, agus comhdhlúthú, fás múscán neamh‑inmhianaithe agus
caitheamh cáithníní a laghdú, nithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do
shábháilteacht agus cáilíocht beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha. ROINN 2
PEARSANRA 12.
Beidh foireann leordhóthanach ag a bhfuil na
scileanna agus cáilíochtaí is gá chun na táirgí lena mbaineann a mhonarú ag
oibreoirí gnólachtaí beatha. Déanfar na dualgais agus na freagrachtaí atá orthu
agus na cumhachtaí atá acu a chur in iúl i scríbhinn don fhoireann ar fad, go
háirithe i gcás ina ndéantar aon athrú, sa chaoi go mbainfí amach an cháilíocht
inmhianaithe don táirge. Ainmneofar duine cáilithe a mbeidh an cúram air
beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonarú agus duine cáilithe a
mbeidh cúram an rialaithe cáilíochta air. 13.
Déanfar cairt eagraíochta a tharraingt suas inar
leagfar amach cáilíochtaí na foirne maoirseachta agus na freagrachtaí atá orthu
agus cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla í i gcás cigireachta. ROINN 3
MONARÚ 14.
Áiritheoidh oibreoirí gnólachtaí beatha go ndéanfar
céimeanna éagsúla an táirgthe a chur i gcrích i gcomhréir le nósanna imeachta
scríofa réamhbhunaithe. 15.
Déanfar bearta teicniúla nó eagraíochtúla chun aon
traséilliú nó earráidí a sheachaint, chun seiceálacha le linn monarú a dhéanamh
agus chun a áirithiú go ndéantar rianú éifeachtach ar na táirgí a úsáidtear
chun beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonarú. 16.
Déanfar faireachán ar shubstaintí neamh‑inmhianaithe
de réir bhrí Threoir 2002/32/CE agus ar éilleáin eile i dtaca le sláinte an
duine agus sláinte ainmhithe, agus déanfar bearta iomchuí chun iad a íoslaghdú. 17.
Stórálfar na táirgí a úsáidtear don mhonarú agus
beatha neamhphróiseáilte ar leithligh ó bheatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha chun aon traséilliú a sheachaint. 18.
Ní mór dramhaíl agus ábhair eile nach bhfuil
beartaithe lena n‑úsáid mar bheatha a dheighilt, a lipéadú go hiomchuí
agus a úsáid nó a dhiúscairt ar bhealach iomchuí agus ní mór gan iad a úsáid
mar bheatha. ROINN 4
RIALÚ CÁILÍOCHTA 19.
Mar chuid de chóras rialaithe cáilíochta beidh
rochtain ag oibreoirí gnólachtaí beatha ar shaotharlann ina mbeidh líon
leordhóthanach foirne agus trealaimh. 20.
Tarraingeofar plean um rialú cáilíochta suas i
scríbhinn agus déanfar é a chur chun feidhme. Cuimseofar ann go háirithe
seiceálacha ar chéimeanna criticiúla sa phróiseas monaraithe, nósanna imeachta
agus minicíocht samplála, modhanna agus minicíocht anailíse, comhlíonadh na
sonraíochtaí ó ábhair phróiseálta go dtí táirgí deiridh agus na bearta atá le
déanamh i gcás neamh‑chomhlíonta. 21.
Áiritheofar le seiceálacha rialta dá gcuid féin
comhlíonadh na gcritéar aonchineálach mar a leagtar síos i gcomhréir le
hAirteagal 6(2) iad, na teorainneacha maidir le tuliompar a leagtar síos i
gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus an tréimhse íosta stórála don bheatha
íocleasaithe. 22.
Tógfar samplaí i gcainníocht leordhóthanach de na
táirgí a úsáidtear chun beatha íocleasaithe agus tairgí idirmheánacha a mhonarú
agus de gach baisc beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha i gcomhréir le
plean samplála réamhbhunaithe chun inrianaitheacht a áirithiú. Déanfar na
samplaí a shéalú agus a lipéadú ionas gur féidir iad a shainaithint go héasca
agus stórálfar iad i ndálaí a choiscfidh aon athrú mínormálta ar chomhdhéanamh
an tsampla nó aon truailliú. Déanfar iad a choimeád ar fáil do na húdaráis
inniúla ar feadh tréimhse atá iomchuí ó thaobh na húsáide a gcuirtear an
bheatha íocleasaithe nó an táirge idirmheánach ar an margadh lena haghaidh. ROINN 5
STÓRÁIL AGUS IOMPAR Déanfar beatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha a stóráil i seomraí séalaithe oiriúnacha ar leith, nach mbeidh
rochtain ach ag daoine arna n‑údarú ag na hoibreoirí gnólachtaí beatha
orthu, nó déanfar iad a shéalú i gcoimeádáin heirméiteacha a saincheapadh chun
táirgí den chineál sin a stóráil. Stórálfar iad i limistéir a dhéantar a
cheapadh, a athchóiriú agus a chothabháil chun dálaí maithe stórála a áirithiú.
Déanfar beatha íocleasaithe agus táirgí
idirmheánacha a stóráil agus a iompar ar bhealach lenar féidir iad a
shainaithint go furasta. Déanfar beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha
a iompar i modhanna iompair oiriúnacha. ROINN 6
TAIFID A CHOINNEÁIL 23.
Déanfaidh oibreoirí gnólachtaí beatha a mhonaraíonn,
a stórálann nó a iompraíonn beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha nó a
chuireann ar an margadh iad sonraí ábhartha a thaifeadadh i gclár, ina mbeidh
sonraí maidir le ceannach, monarú, stóráil, iompar agus cur ar an margadh ar
mhaithe le rianú éifeachtach ó chéim an ordaithe go céim an tseachadta, lena n‑áirítear
onnmhairiú chuig an gceann scríbe deiridh. 24.
Sa chlár dá dtagraítear i mír 1 beidh: (d)
an doiciméadacht a bhaineann le hanailís guaise
agus pointí criticiúla rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(g) de
Rialachán (CE) Uimh. 183/2005. (e)
an plean um rialú cáilíochta agus torthaí na
rialuithe iomchuí, (f)
sonraíochtaí agus cainníochtaí táirgí íocshláinte
tréidliachta, ábhar beatha, beatha cumaisc, breiseán beatha, táirgí
idirmheánacha agus beatha íocleasaithe a ceannaíodh, (g)
sonraíochtaí agus cainníochtaí na mbaisceanna
beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a monaraíodh, lena n‑áirítear
na táirgí íocshláinte tréidliachta, ábhair bheatha, beatha chumaisc, breiseáin
bheatha agus táirgí idirmheánacha ar baineadh úsáid astu, (h)
sonraíochtaí agus cainníochtaí na mbaisceanna
beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a stóráladh nó a iompraíodh, (i)
sonraíochtaí agus cainníochtaí beatha íocleasaithe
agus táirgí idirmheánacha a cuireadh ar an margadh nó a onnmhairíodh chuig tríú
tíortha, (j)
faisnéis faoi mhonaróirí nó soláthraithe na beatha
íocleasaithe agus na dtáirgí idirmheánacha nó na dtáirgí a úsáidtear chun
beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha a mhonarú, lena n‑áirítear,
ar a laghad, a n‑ainm, a seoladh agus, más infheidhme, a n‑uimhir
aitheantais fhormheasta, (k)
faisnéis faoi fhaighteoirí na beatha íocleasaithe
agus na dtáirgí idirmheánacha, lena n‑áirítear, ar a laghad, a n‑ainm
agus a seoladh, agus, más infheidhme, a n‑uimhir aitheantais fhormheasta
agus (l)
faisnéis faoin duine a d'eisigh an t‑oideas,
lena n‑áirítear, ar a laghad, a ainm agus a sheoladh. Seachas na doiciméid atá de chineál buan, déanfar
na doiciméid a choinneáil sa chlár ar feadh trí bliana tar éis a ndáta eisiúna.
ROINN 7
GEARÁIN AGUS AISGHAIRM TÁIRGÍ 25.
Cuirfidh oibreoirí gnólachtaí beatha a chuireann
beatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha ar an margadh córas i bhfeidhm
chun gearáin a chlárú agus a phróiseáil. 26.
Cuirfidh siad córas ar bun chun beatha íocleasaithe
nó táirgí idirmheánacha a aistarraingt ón margadh go pras agus chun táirgí a
aistarraingt ón ngréasán dáileacháin, más gá, i gcás nach gcomhlíonann siad
ceanglais an Rialacháin seo. Sonróidh siad ceann scríbe aon táirgí
aistarraingthe trí bhíthin nósanna imeachta scríofa, agus déanfar athmheasúnú
um rialú cáilíochta ar na táirgí sin sula gcuirfear i gcúrsaíocht arís iad. IARSCRÍBHINN II An
táirge íocshláinte tréidliachta a ionchorprú sa bheatha dá dtagraítear in
Airteagal 5(2)(a) 27.
Ní bhainfidh meascthóirí soghluaiste ná meascthóirí
ar an bhfeirm úsáid as táirgí íocshláinte tréidliachta ach ar rátaí cuimsithe
os cionn 2 kg/t de bheatha. 28.
Déanfar dáileog laethúil an táirge íocshláinte
tréidliachta a ionchorprú i gcainníocht beatha íocleasaithe lenar féidir
iontógáil dháileog laethúil an spriocainmhí a áirithiú toisc go bhféadfadh
iontógáil beatha ag ainmhithe a bhfuil galair orthu a bheith difriúil ó
ghnáthchandam laethúil. 29.
Beidh beatha íocleasaithe ina bhfuil dáileog
laethúil an táirge íocshláinte tréidliachta cothrom le 50 % ar a laghad
den chandam beatha laethúil de réir ábhair thirim. Maidir le hathchogantaigh,
beidh dáileog laethúil an táirge íocshláinte tréidliachta le fáil in 50 %
ar a laghad den bheatha chomhlántach, seachas i gcás beatha mianraí. IARSCRÍBHINN III Sonraí
lipéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) Beidh na sonraí a leanas ar an lipéad ar
bheatha íocleasaithe agus táirgí idirmheánacha: (1) na focail 'Beatha íocleasaithe' nó
'Táirge idirmheánach le haghaidh beatha íocleasaithe' agus na focail 'iomlán'
nó 'comhlántach', más iomchuí, agus an spriocspeiceas; (2) ainm nó ainm gnólachta agus seoladh
an oibreora gnólachta beatha atá freagrach as an lipéadú; (3) uimhir fhormheasta an duine a bhfuil
cúram an lipéadaithe air i gcomhréir le hAirteagal 12; (4) uimhir thagartha baisce na beatha
íocleasaithe nó an táirge idirmheánaigh; (5) cainníocht ghlan na beatha
íocleasaithe atá curtha in iúl mar aonaid mhaise i gcás beatha soladaí, agus
mar aonaid mhaise nó mar aonaid toirte i gcás beatha leachtaí; (6) na táirgí íocshláinte tréidliachta
ar a bhfuil ainm, substaint ghníomhach, neart, an chainníocht a cuireadh leis,
sealbhóir údaraithe margaíochta, agus an teideal 'cógas' rompu; (7) tásca teiripeacha na dtáirgí
íocshláinte tréidliachta, aon fhritásca a bhaineann leo agus teagmhais
dhíobhálacha a mhéid is gá na sonraí sin chun na táirgí a úsáid; (8) an tréimhse aistarraingthe i gcás
beatha íocleasaithe nó táirge idirmheánaigh atá ceaptha d'ainmhithe a
tháirgeann bia [nó na focail 'ní ann do thréimhse aistarraingthe'; (9) moladh maidir le bileog eolais na
dtáirgí íocshláinte tréidliachta a léamh, lena n‑áirítear hipearnasc ag
ar féidir teacht uirthi, rabhadh gur le haghaidh ainmhithe a chóireáil an
táirge agus le haghaidh sin amháin, agus rabhadh nach mór an táirge a choimeád
as radharc agus aimsiú leanaí; (10) liosta na mbreiseán beatha, agus an
teideal 'breiseáin' rompu, atá i mbeatha íocleasaithe le haghaidh ainmhithe a
tháirgeann bia i gcomhréir le Caibidil I d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le
Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 nó i gcomhréir le Caibidil I
d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin i gcás beatha íocleasaithe
le haghaidh ainmhithe nach dtáirgeann bia, chomh maith leis na ceanglais
lipéadaithe atá leagtha síos sa ghníomh faoi sceach maidir le breiseáin bheatha
a údarú, más infheidhme; (11) ainmneacha na n‑ábhar beatha
atá liostaithe sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán
(CE) Uimh. 767/2009 nó sa chlár dá dtagraítear in
Airteagal 24(6) den Rialachán sin. I gcás ina n‑úsáidtear roinnt
ábhar beatha sa mhonarú, déanfar iad a liostú i gcomhréir leis na forálacha atá
leagtha síos in Airteagal 17(1)(e) agus (2) de Rialachán
(CE) Uimh. 767/2009; (12) comhábhair anailíseacha beatha
íocleasaithe le haghaidh ainmhithe a tháirgeann bia i gcomhréir le Caibidil II
d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 nó
i gcomhréir le Caibidil II d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin
i gcás beatha íocleasaithe le haghaidh ainmhithe nach dtáirgeann bia. (13) i gcás beatha íocleasaithe le
haghaidh ainmhithe nach dtáirgeann bia, saoruimhir ghutháin nó meán iomchuí
cumarsáide eile ionas go mbeidh an ceannaitheoir in ann faisnéis a fháil, sa
bhreis ar na sonraí sainordaitheacha, faoi na breiseáin bheatha atá sa bheatha
íocleasaithe nó faoi na hábhair bheatha atá sa bheatha íocleasaithe ina n‑ainmnítear
iad de réir catagóire dá bhforáiltear in Airteagal 17(2)(c) de Rialachán
(CE) Uimh. 767/2009; (14) an cion taisce má tá sé os cionn
14 %; (15) na treoracha úsáide i gcomhréir leis
an oideas tréidliachta agus achoimre ar shaintréithe an táirge dá dtagraítear
in Airteagal 14 de Threoir 2001/82/CE; (16) an tréimhse íosta stórála mar gheall
ar chobhsaíocht na mbreiseán beatha agus na dtáirgí íocshláinte tréidliachta,
chomh maith le réamhchúraimí stórála speisialta, más iomchuí. IARSCRÍBHINN IV Lamháltais
cheadaithe i dtaca leis an lipéadú maidir le comhdhéanamh beatha íocleasaithe
nó táirgí idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 9(3) 30.
Áirítear ar na lamháltais a leagtar síos sa phointe
seo dialltaí teicniúla agus anailíseacha. I gcás go bhfaightear amach go bhfuil diall ann
idir comhdhéanamh beatha íocleasaithe nó táirge idirmheánaigh agus an méid de
shubstaint fhrithmhiocróbach ghníomhach léirithe ar an lipéad, beidh feidhm ag lamháltas
10 %. Beidh feidhm ag na lamháltais a leanas i gcás na substaintí
gníomhacha eile: Substaint ghníomhach in aghaidh an chileagraim beatha íocleasaithe || Lamháltas > 500 mg || ± 10% > 10 mg agus ≤ 500 mg || ± 20 % > 0,5 mg agus ≤ 10 mg || ± 30 % ≤ 0,5 mg || ± 40 % 31.
Maidir leis na sonraí lipéadaithe dá dtagraítear i
bpointe 10 agus i bpointe 12 d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán
seo beidh feidhm ag na lamháltais atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a
ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 767/2009, más iomchuí. IARSCRÍBHINN V Foirm
oidis dá dtagraítear in Airteagal 15(2) "OIDEAS LE hAGHAIDH BEATHA ÍOCLEASAITHE 32.
Sloinne, céadainm, seoladh agus uimhir
bhallraíochta ghairmiúil an duine atá ceadaithe oideas do tháirge íocshláinte
tréidliachta a thabhairt. 33.
Dáta eisiúna agus síniú nó sainaithint leictreonach
an duine atá ceadaithe oideas do tháirge íocshláinte tréidliachta a thabhairt. 34.
Ainm agus seoladh shealbhóir an ainmhí. 35.
Sainaithint agus líon ainmhithe. 36.
An galar diagnóisithe atá le cóireáil. 37.
Ainmniú na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, lena n‑áirítear
ainm na substainte gníomhaí nó ainmneacha na substaintí gníomhacha. 38.
Más faoi Airteagal 10 agus Airteagal 11
de Threoir 2001/82/CE a tugadh an t‑oideas, ráiteas ina leith sin. 39.
Ráta cuimsithe na dtáirgí íocshláinte tréidliachta
(cainníocht in aghaidh aonad meáchain na beatha íocleasaithe). 40.
Cainníocht na beatha íocleasaithe 41.
Treoracha úsáide do shealbhóir an ainmhí, fad na
cóireála san áireamh. 42.
Céatadán de bheatha íocleasaithe sa chandam
laethúil nó cainníocht beatha íocleasaithe in aghaidh an ainmhí agus an lae. 43.
Más infheidhme, an tréimhse aistarraingthe sula
gcuirtear táirgí ó ainmhithe cóireáilte ar an margadh. 44.
Aon rabhadh iomchuí. 45.
Maidir le hainmhithe a tháirgeann bia, na focail
'ní fhéadfar an t‑oideas seo a athúsáid'. 46.
Beidh na sonraí a leanas le comhlánú ag soláthraí
na beatha íocleasaithe nó ag an meascthóir ar an bhfeirm, más iomchuí: –
ainm nó ainm gnólachta agus seoladh; –
dáta seachadta nó an dáta a rinneadh an meascadh ar
an bhfeirm. 47.
Síniú an tsoláthraí nó an té a rinne an meascadh ar
an bhfeirm." IARSCRÍBHINN VI Tábla
comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 22 Treoir 90/167/CEE || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagal 1 Airteagal 2 || Airteagal 2 Airteagal 3(1) || Airteagal 5(1) Airteagal 3(2) || - Airteagal 4(1) || Airteagal 3, 4, 5(2), 6, Iarscríbhinn I agus II Airteagal 4(2) || - Airteagal 5(1) || Airteagal 10 Airteagal 5(2) || Airteagal 3, 7 agus Iarscríbhinn I - || Airteagal 8 Airteagal 6 || Airteagal 9 agus Iarscríbhinn III Airteagal 7 || - Airteagal 8(1) || Airteagal 15 Airteagal 8(2) || - Airteagal 8(3) || Airteagal 16(3) Airteagal 9(1) || Airteagal 12 agus Airteagal 16(1) Airteagal 9(2) || - Airteagal 9(3) || - Airteagal 10 || Airteagal 11 - || Airteagal 13 - || Airteagal 14 - || Airteagal 16(2) - || Airteagal 16(4) - || Airteagal 17 Airteagal 11 || - Airteagal 12 || Airteagal 18 - || Airteagal 19 - || Airteagal 20 - || Airteagal 21 - || Airteagal 22 - || Airteagal 23 Airteagal 13 || - Airteagal 14 || - Airteagal 15 || - Airteagal 16 || - Iarscríbhinn A || Iarscríbhinn V Iarscríbhinn B || - - || Iarscríbhinn IV