EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0550

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta

/* COM/2013/0550 final - 2013/0265 (COD) */

52013PC0550

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta /* COM/2013/0550 final - 2013/0265 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           FORAIS AGUS CUSPÓIRÍ AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm leis an togra reatha cuidiú le margadh íocaíochtaí uile-AE a fhorbairt, ionas gur féidir le tomhaltóirí, miondíoltóirí agus gnóthais eile leas iomlán a bhaint as sochair mhargadh inmheánach an AE lena n‑áirítear ríomhthráchtáil, i gcomhréir leis an Straitéis Eoraip 2020 agus an Clár Oibre Digiteach.

Chun an méid sin a bhaint amach, agus chun seirbhísí uile-AE, éifeachtúlacht agus nuálaíocht i réimse na n-ionstraimí íocaíochta le cárta, agus idirbhearta íocaíochta le cárta i dtimpeallacht as líne, ar líne agus mhóibíleach, a chur chun cinn, ba cheart soiléire dhlíthiúil agus deiseanna cothroma iomaíochta a bheith ann. Sa bhreis air sin, ba cheart rialacha gnó agus coinníollacha eile a thoirmeasc má chuireann siad cosc ar thomhaltóirí agus miondíoltóirí faisnéis bheacht a fháil faoi tháillí arna n‑íoc i ndáil le hidirbhearta íocaíochta agus, dá bhrí sin, bac ar mhargadh inmheánach iomlán éifeachtach a chruthú.

Comhthéacs ginearálta

Forbraíodh an creat rialála agus reachtach maidir le híocaíochtaí miondíola san AE le 12 bhliain anuas, agus chuir teacht isteach an euro luas faoi. Le Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 maidir le comhionannas muirear d'íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann in euro spreagadh tuilleadh tionscnamh maidir le Margadh Inmheánach Íocaíochtaí a thabhairt chun críche.

Comhlánaíodh an creat rialála agus reachtach trí roinnt imscrúduithe agus cinntí faoi dhlí iomaíochta an AE a rinne an Coimisiún le blianta beaga anuas i réimse na n‑íocaíochtaí miondíola.

Tá íocaíochtaí leictreonacha atá slán, éifeachtúil agus nuálach ríthábhachtach don mhargadh inmheánach sna táirgí agus sna seirbhísí go léir, agus tá tionchar méadaitheach aige de réir mar a ghluaiseann an domhan ar aghaidh ó thrádáil nithiúil go ríomhthrádáil. Sa chomhthéacs sin cuireadh bac ar mhargadh inmheánach atá ag feidhmiú go héifeachtach a bhaint amach i réimse na gcártaí íocaíochta trí rialacha agus cleachtais ghnó sriantacha áirithe a chur i bhfeidhm go forleathan. De thoradh ar na rialacha agus na cleachtais sin bíonn easpa faisnéise ann faoi chostais agus faoi phraghsáil idirbheart do thomhaltóirí agus do mhiondíoltóirí, rud as a dtagann torthaí fo‑optamacha margaidh lena n‑áirítear praghsanna neamhéifeachtúla.

Ar na príomhchleachtais a chuireann bac ar mhargadh comhtháite a bhaint amach tá úsáid fhorleathan na scéimeanna 'ceithre pháirtí', an cineál scéimeanna cártaí is coitianta, rud ar a dtugtar Táillí Idirmhalartaithe Iltaobhacha (Multilateral Interchange Fees /MIFanna). Is éard atá iontu táillí idirbhainc a chomhaontaítear i dteannta a chéile de ghnáth idir na soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála agus na soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna a bhaineann le scéim áirithe. Bíonn na táillí idirmhalartaithe sin a íoctar trí sholáthraithe seirbhíse íocaíochta fála mar chuid de na táillí a ghearrann siad ar cheannaithe (Muirir Seirbhíse Ceannaí), a ghearrann ceannaithe ar thomhaltóirí ina dhiaidh sin. Mar sin, de thoradh ar cheannaithe a bheith ag íoc Táillí Idirmhalartaithe arda bíonn praghsanna deiridh níos airde ar earraí agus seirbhísí, praghsanna a íocann gach tomhaltóir.  Is léir sa chleachtas go bhfuil an iomaíocht idir scéimeanna cártaí dírithe tríd is tríd ar a áitiú ar an méid is mó is féidir soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna a gcuid cártaí a eisiúint, rud as a dtagann táillí níos airde seachas níos ísle de ghnáth, i gcodarsnacht leis an ngnáthéifeacht smachta praghsanna a thagann as iomaíocht i ngeilleagar margaidh. 

Faoi láthair, níl aon reachtaíocht san AE lena rialáiltear táillí idirmhalartaithe , ach amháin go hindíreach i gcás na Danmhairge le haghaidh MSCanna d'idirbhearta aghaidh ar aghaidh. Mar sin féin, bíonn imeachtaí leanúnacha ar siúl maidir le forfheidhmiú an dlí iomaíochta ag roinnt mhaith údarás náisiúnta iomaíochta, lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin agus an Iodáil. Ina theannta sin, tá roinnt Ballstát i mbun reachtaíocht a ghlacadh, lena n‑áirítear sa Pholainn, san Ungáir, sa Ríocht Aontaithe agus san Iodáil.

Tionchar ar thomhaltóirí

Leis na méaduithe ar phraghsanna a thagann as táillí idirmhalartaithe déantar dochar do thomhaltóirí, ar daoine iad nach gnách dóibh bheith ar an eolas faoi na táillí a íocann ceannaithe ar an ionstraim íocaíochta a úsáideann siad.  San am céanna, trí bhíthin sraithe cleachtas dreasaithe a chuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna i bhfeidhm (amhail dearbháin taistil, bónais, lacáistí, árachas in aisce, etc.), déantar tomhaltóirí a stiúradh i dtreo ionstraimí íocaíochta a ghineann táillí arda do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna. I ngeall ar rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus cleachtais arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta, is gnách go mbíonn ceannaithe agus tomhaltóirí aineolach ar éagsúlachtaí idir táillí agus laghdaítear trédhearcacht an mhargaidh, mar shampla trí tháillí a 'chumasc' nó trí cheannaithe a thoirmeasc branda cárta níos saoire a roghnú ar chártaí comhbhrandáilte nó tomhaltóirí a stiúradh chun na cártaí níos saoire sin a úsáid. Fiú má tá ceannaithe ar an eolas faoi na costais éagsúla, is minic a chuireann na rialacha scéime bac orthu gníomhú leis na táillí a laghdú. Is den tábhacht iad na rialacha ar a dtugtar 'Rialacha maidir le glacadh le gach cárta' (Honour All Cards Rules/HACRs) lena gcuirtear de cheangal ar cheannaithe glacadh le gach táirge a eisítear faoin mbranda céanna, fiú más féidir athrú faoi fhactóir 3-4 teacht ar na táillí do cheannaithe ar na cártaí sin laistigh den chatagóir chéanna cártaí (ie. cártaí creidmheasa/dochair) nó faoi fhachtóir suas le 25 idir catagóirí cártaí, amhail cártaí creidmheasa emium agus cárta dochair ísealchostais.  Is é toradh na dtáillí a comhaontaíodh le chéile agus na mbeart um laghdú trédhearcachta nach mbíonn ar na bainc dul san iomaíocht maidir leis an ngné sin dá gcuid táillí, rud as a dtagann praghsanna níos airde do thomhaltóirí, lena n‑áirítear iad siúd nach n-íocann le cárta nó a íocann le cártaí ísealtáille. I gcleachtas, tá na tomhaltóirí a íocann le cártaí ísealtáille ag fóirdheonú na húsáide a bhaineann tomhaltóirí níos saibhre as modhanna íocaíochta níos costasaí trí phraghsanna miondíola níos airde. Sa bhreis ar rogha theoranta i dtaca le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, nuálaíocht laghdaithe agus praghsanna níos airde ar sheirbhísí íocaíochta, tugann na táillí idirmhalartaithe faoin gceist i ndáil le beartas an Choimisiúin maidir le húsáid íocaíochtaí leictreonacha a chur chun cinn agus a éascú chun sochair tomhaltóirí[1]. Ar deireadh, i ngeall ar an easpa rogha maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, lena n‑áirítear ar leibhéal uile-Eorpach, cuirtear cosc ar thomhaltóirí na sochair ar fad a bhaint as an margadh inmheánach, go háirithe ó thaobh ríomhthráchtála de.

Tionchar ar an margadh inmheánach

Faoi láthair tá raon leathan táillí idirmhalartaithe ann a chuirtear i bhfeidhm laistigh de scéimeanna cártaí íocaíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta, rud as a dtagann ilroinnt an mhargaidh agus cosc ar mhiondíoltóirí agus ar thomhaltóirí leas a bhaint as sochair an mhargaidh inmheánaigh d'earraí agus do sheirbhísí. Fiú mura ndéantar trácht ach ar na scéimeanna cártaí íocaíochta idirnáisiúnta amháin, tá difríocht suas le fachtóir 10 idir táillí idirmhalartaithe, rud as a dtagann éagsúlachtaí costais nach beag idir miondíoltóirí sna tíortha faoi seach. De thoradh na n‑éagsúlachtaí móra idir táillí ó Bhallstát go Ballstát, tá deacracht ag miondíoltóirí teacht ar straitéis praghsanna a bheadh ar fud an AE dá gcuid táirgí agus seirbhísí, ar líne agus as líne araon, chun dochair do thomhaltóirí. Ní féidir le miondíoltóirí na héagsúlachtaí sna táillí a shárú trí úsáid a bhaint as seirbhísí glactha cártaí a thairgeann bainc i mBallstáit eile; i rialacha sonracha a chuireann scéimeanna íocaíochta i bhfeidhm forordaítear an táille idirmhalartaithe a chur i bhfeidhm ag an 'Díolphointe' (tír an mhiondíoltóra) i gcás gach idirbhirt íocaíochta. Cuireann an méid sin cosc ar bhainc fála a gcuid seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasteorann agus cosc ar mhiondíoltóirí a gcuid costas íocaíochta a laghdú chun sochair a gcuid tomhaltóirí.

Teacht isteach sa mhargadh

I ngeall ar tháillí idirmhalartaithe cuirtear srian le teacht isteach sa mhargadh mar feidhmíonn a n-ioncam do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna mar íostairseach chun a thabhairt ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna cártaí íocaíochta nó ionstraimí íocaíochta eile a eisiúint, amhail ar an idirlíon agus réitigh íocaíochta ar fhóin phóca, a thairgeann iontrálaithe nua. Anuas air sin, bíonn sé deacair i gcónaí ar ghníomhaithe uile-Eorpacha teacht isteach sa mhargadh, mar go mbíonn éagsúlacht mhór idir táillí idirmhalartaithe intíre ó Bhallstát go Ballstát agus bheadh ar iontrálaithe nua táillí idirmhalartaithe atá inchomparáide ar a laghad leis na cinn atá ann cheana a thairiscint i ngach margadh a bhfuil siad ag iarraidh teacht isteach ann. Tá tionchar ag an méid sin ar inmharthanacht a samhla gnó i.e. déanann sé difear do bharainneachtaí ionchasacha scála agus scóipe. Sin an fáth freisin a ndeachaigh scéimeanna cártaí náisiúnta (níos saoire de ghnáth) in éag i roinnt Ballstát. I ngeall ar na bacainní ar theacht isteach arna gcruthú ag táillí idirmhalartaithe do réitigh íocaíochta ar an idirlíon agus ar fhóin phóca, bíonn níos lú nuálaíochta ann freisin.

Mar a dúradh, níl aon reachtaíocht lena rialáiltear táillí idirmhalartaithe i bhfeidhm san AE faoi láthair, cé is moite den Danmhairg. Mar sin féin, bíonn imeachtaí leanúnacha ar siúl maidir le forfheidhmiú an dlí iomaíochta ag roinnt mhaith údarás náisiúnta iomaíochta. Chomh maith leis sin, tá roinnt Ballstát i mbun reachtaíocht a ghlacadh. Tá an baol ann go dtiocfaidh margadh níos ilroinnte fós as conair ama éagsúla na n-imeachtaí náisiúnta agus as an reachtaíocht bheartaithe.

Sa togra reatha, dá bhrí sin, tá sé beartaithe comhrialacha maidir le táillí idirmhalartaithe a chruthú san Aontas Eorpach trí uasleibhéil táillí a thabhairt isteach d'idirbhearta le cártaí íocaíochta a úsáideann tomhaltóirí go forleathan  agus a bhfuil sé deacair do mhiondíoltóirí iad a dhiúltiú nó a fhormhuirearú ar an gcaoi sin. Leis sin cruthófar cothrom iomaíochta a chuirfidh deireadh le hilroinnt an mhargaidh atá ann faoi láthair de thoradh táillí eisréimneacha. Dá thoradh sin féadfaidh daoine nuathagtha uile-Eorpacha teacht isteach sa mhargadh go rathúil agus beidh nuálaíocht ann a bheidh bunaithe ar bhonneagar a thugann 'cothrom iomaíochta'. Bainfidh tomhaltóirí agus miondíoltóirí tairbhe as rogha níos leithne soláthraithe seirbhíse íocaíochta (nua agus atá ann faoi láthair), lena n‑áirítear ar leibhéal uile-Eorpach. Molfar sa rialachán freisin bearta trédhearcachta le gur féidir le miondíoltóirí agus le tomhaltóirí roghanna níos eolaí a dhéanamh ó thaobh ionstraimí íocaíochta de.

Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Comhlánfaidh an tionscnamh seo an creat dlíthiúil atá ann cheana do sheirbhísí íocaíochta laistigh den AE, go háirithe i ndáil leis an margadh inmheánach íocaíochtaí a thabhairt chun críche, agus an t-ascnamh go hionstraimí íocaíochta uile-Eorpacha.

Tá sé d'aidhm ag Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta)[2] coinníollacha agus cearta caighdeánaithe a bhunú le haghaidh seirbhísí íocaíochta a chuirtear ar fáil sa mhargadh ar mhaithe le tomhaltóirí agus cuideachtaí ar fud an Aontais. Leis an Treoir sin, atá á hathbhreithniú san am céanna agus atá an togra reatha á ullmhú, cruthaítear an creat ginearálta d'íocaíochtaí san AE. Comhlántar é le roinnt rialachán amhail Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann nó Rialachán (CE) Uimh. 260/2012 lena leagtar síos spriocdhátaí ascnaimh chun gach aistriú creidmheasa agus gach dochar díreach in euro san AE a aistriú ó scéimeanna náisiúnta go scéimeanna uile-Eorpacha. I Rialachán (CE) Uimh. 260/2012 soiléirítear freisin nach féidir aon Táillí Idirmhalartaithe Iltaobhacha a ghearradh do gach idirbheart dochair dhírigh.

Sa bhreis ar an gcreat reachtach, le 20 bliain anuas, sheol an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta roinnt imeachtaí in aghaidh trustaí inar díríodh ar chleachtais fhrithiomaíocha sa mhargadh íocaíochtaí le cárta. I mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta i mBealtaine 2012[3] deimhníodh torthaí an Choimisiúin ina Chinneadh maidir le Mastercard i Nollaig 2007[4] go gcuireann MIFanna srian le hiomaíocht toisc go méadaíonn siad costas ghlacadh an chárta ag ceannaithe gan aon sochair do thomhaltóirí a theacht as. Dhiúltaigh an Chúirt don argóint maidir leis na MIFanna a bheith fíor-riachtanach d'fheidhmiú córais íocaíochta le cárta. Chun díriú ar cheisteanna iomaíochta, ghlac an Coimisiún le gealltanais ó Visa agus ó Mastercard MIFanna níos ísle a ghearradh i leith idirbheart trasteorann (agus intíre i roinnt cásanna): tiomantais ó Mastercard in 2009 (uasteorainneacha 0.2 % ar MIFanna do thomhaltóirí trasteorann do chártaí dochair agus uasteorainneacha 0.3 % do chártaí creidmheasa agus athruithe ar na rialacha a fhorchuireann sé ar mhiondíoltóirí tríd na soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála), agus gealltanais Visa Europe 2010, le huasteorainneacha atá teoranta do dhochar ach a chumhdaíonn freisin MIFanna intíre nuair a shocraíonn Visa Europe féin iad seachas na bainc náisiúnta. In 2013, thug Visa Europe gealltanais i leith idirbheart trasteorann le cárta creidmheasa maidir le tíortha áirithe ina socraíonn Visa Europe na muirir sin, agus maidir le rialacha fála trasteorann. Tá imeachtaí iomaíochta ar siúl ar bhonn leanúnach i roinnt Ballstát eile, lena n‑áirítear an Pholainn, an Ungáir, an Iodáil, an Laitvia, an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin agus an Fhrainc. Mar shampla, rinne Údarás Iomaíochta na Fraince gealltanais cheangailteacha ón Groupement des Cartes Bancaires – an scéim cártaí intíre – an 7 Iúil 2011 lena tháillí idirmhalartaithe a laghdú go leibhéil atá coibhéiseach leis na leibhéil a chomhaontaigh Mastercard agus Visa dá gcuid idirbheart trasteorann.

Cé nach bhfuil aon reachtaíocht i bhfeidhm maidir le táillí idirmhalartaithe san AE, ach amháin go hindíreach sa Danmhairg[5], tá roinnt Ballstát i mbun reachtaíocht a ghlacadh, lena n‑áirítear an Pholainn, an Ungáir, an Ríocht Aontaithe agus an Iodáil. Sa Pholainn, tá an Pharlaimint ag cíoradh dréachtreachtaíochta lena rialáiltear táillí idirmhalartaithe, ina rachadh uasteorainneacha MIFanna i laghad go céimnitheach go dtí 0.5 % faoi thús 2016, ins ndíothófaí an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta agus ina gceadófaí fomhuirearú (do chártaí creidmheasa amháin). San Ungáir, táthar ag plé togra reachtach a chuirfeadh uasteorainn le táillí idirmhalartaithe creidmheasa agus dochair intíre ag a leibhéal trasteorann faoi seach, agus bheadh Banc Ceannais na hUngáire freagrach as na táillí sin a ríomh.  San Iodáil, foilsíodh dréacht‑Fhorógra ón Aireacht  Geilleagair agus Airgeadais le haghaidh comhairliúcháin i Nollaig 2012, ina ndírítear ar theorainneacha le cumasc, inchomparáideacht táillí idirmhalartaithe agus muirir seirbhíse ceannaí, mar ba cheart go gcuirfí san áireamh leis na muirir seirbhíse ceannaí líon na n-idirbheart agus ba cheart iad a bheith níos ísle i gcás íocaíochtaí ar luach íseal. Sa Ríocht Aontaithe, tá an rialtas ag moladh na córais íocaíochta a thabhairt faoi rialáil eacnamaíoch, lena mbunófaí rialaitheoir nua iomaíocht-dhírithe, atá bunaithe ar an stíl atá ann cheana do chórais íocaíochta miondíola[6].

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Tá cuspóirí an togra seo ag teacht leis na beartais agus na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas. Ar an gcéad dul síos feabhsóidh siad feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí íocaíochta agus, ar bhonn níos leithne, do gach earra agus seirbhís chun sochair tomhaltóirí agus cuideachtaí Eorpacha. Ar an dara dul síos, tacaíonn siad a bheag nó a mhór le beartais eile an Aontais, go háirithe beartas iomaíochta (trí oibleagáidí, cearta agus deiseanna comhionanna a bhunú do ghníomhaithe uile an mhargaidh agus trí sholáthar seirbhísí íocaíochta trasteorann a éascú, agus a chuireann le leibhéal na hiomaíochta dá bharr). Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo baineadh de thátal as go ndéanfadh na bearta beartaithe comhtháthú margaidh a chur chun cinn do thomhaltóirí agus do cheannaithe, go dtaobhóidís le teacht isteach uile-Eorpach sa mhargadh agus go dtiocfadh níos mó cinnteachta dlíthiúla astu maidir le samhlacha gnó do scéimeanna cártaí atá ann cheana agus d'iontrálaithe nua. Dhíreoidís freisin ar an mbagairt maidir le samhlacha a 'onnmhairiú' bunaithe ar chleachtais frithiomaíocha atá ann do sheirbhísí íocaíochta nuálacha nua.

In ainneoin bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta a dheimhníonn meastóireacht an Choimisiúin gur chuir MIFanna, mar a cuireadh i bhfeidhm iad laistigh de chóras MasterCard, srian le hiomaíocht agus nár tháinig éifeachtúlachtaí astu ar mó iad ná an dochar do cheannaithe agus do thomhaltóirí, ní léir gur mian le scéimeanna cártaí a  san AE faoi láthair a gcleachtais a choigeartú go réamhghníomhach chun rialacha iomaíochta Eorpacha agus náisiúnta a chomhlíonadh. Cé go bhfuil na hÚdaráis Iomaíochta Náisiúnta, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, ag díriú ar an bhfadhb sin, d'fhéadfadh sé nach dtiocfaidh torthaí atá cuimsitheach agus tráthúil go leor as forfheidhmiú iomaíochta de réir amlínte agus cleachtas atá éagsúil chun comhtháthú agus nuáil an mhargaidh is gá a dhíghlasáil chun iomaíochas an mhargaidh íocaíochta a áirithiú ar leibhéal domhanda. Ag cur san áireamh rialacha iomaíochta an AE agus taithí an Choimisiúin i gcásanna iomaíochta íocaíochtaí, is éard is aidhm leis an togra reatha soiléire dhlíthiúil a thabhairt chun comhtháthú agus iomaíocht éifeachtach a áirithiú, agus a chuirfeadh le leas eacnamaíoch na bpáirtithe leasmahara uile agus go háirithe na dtomhaltóirí dá bharr.  Trí idirbhearta eacnamaíocha san Aontas a éascú, beifear in ann spriocanna níos ginearálta Straitéis 2020 an AE a bhaint amach.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Ar an 11 Eanáir 2012, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Páipéar Uaine ''Towards an integrated European market for cards, internet and mobile payments (I dtreo margaidh chomhtháite Eorpaigh d'íocaíochtaí le cártaí, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca)[7] ar lean comhairliúcán poiblí é. Fuair an Coimsiún breis is 300 freagra ar a chomhairliúchán poiblí. Ón aiseolas cuimsitheach ó pháirtithe leasmhara[8] fuarthas faisnéis ábhartha faoi roinnt forbairtí úrnua agus faoi riachtanais fhéideartha i dtaca le hathruithe a dhéanamh ar an gcreat íocaíochtaí atá ann cheana.

Tharla éisteacht phoiblí ar an 4 Márta 2012 agus d'fhreastail tuairim is 350 páirtí leasmhar uirthi.

Ar an 20 Samhain 2012 ghlac Parlaimint na hEorpa rún ''Towards an integrated European market for card, internet and mobile payments (I dtreo margadh Eorpach comhtháite d'íocaíochtaí le cárta, ar an idirlíon agus ar fhóin phóca')[9] ar tuarascáil ar an bPáipéar Uaine é.

Achoimre ar na freagraí agus ar an tslí ar cuireadh san áireamh iad

Tríd an bpróiseas comhairliúcháin sainaithníodh roinnt barúlacha tábhachtacha maidir le raon feidhme an Rialacháin seo. Bhí páirtithe leasmhara ó gach catagóir ar aon fhocal go seasta go bhfuil gá le tuilleadh soiléire dlíthiúla maidir le táillí idirmhalartaithe iltaobhacha (MIFanna). Cheap soláthraithe seirbhíse íocaíochta go raibh an méid sin an-ábhartha i bhfianaise na gcásanna iomaíochta leanúnacha arna lainseáil ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta. Ar an dara dul síos, dhírigh ceannaithe go háirithe, ach páirtithe leasmhara chomh maith, aird ar bhacainní maidir leis an bhfáil trasteorann, ar gá iad a réiteach le go dtiocfaidh fíor‑Mhargadh Aonair do sheirbhísí íocaíochta  chun cinn. Léiríodh an-suim freisin i rialacha gnó a phlé, cé go raibh idirdhealú idir na tuairimí de réir chatagóirí na bpáirtithe leasmhara.

Mheas na soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus scéimeanna cártaí nach raibh fadhb le difríocht shuntasach a bheith idir MIFanna ó thír go tír agus i gcás íocaíochtaí trasteorann faoin scéim cártaí céanna agus ba é a dtuairim nár chuir siad bac ar chomhtháthú an mhargaidh.  Ar an taobh eile, mheas ceannaithe, eagraíochtaí tomhaltóirí agus roinnt soláthraithe seirbhíse íocaíochta neamhbhainc nach bhfuil bonn cirt leis na difríochtaí sin agus gur cheart na MIFanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta náisiúnta agus trasteorann, agus ar fud na mBallstát. Mheas na húdaráis phoiblí gur cheart na MIFanna a chomhchuibhiú chun margadh comhtháite a bhaint amach. Ba dhóigh go raibh soláthraithe seirbhíse íocaíochta i gcoinne tionscnaimh rialála maidir le táillí idirmhalartaithe agus mhaígh siad go dtiocfadh táillí níos airde as do shealbhóirí cárta, agus nach gcuirfeadh miondíoltóirí na sochair ar aghaidh chuig na tomhaltóirí. Ar an taobh eile, bhí miondíoltóirí den tuairim go dtagann iomaíocht inbhéartach as na MIFanna, rud a thaobhaíonn leis an modh íocaíochta is costasaí agus a chruthaíonn bacainní do theacht isteach sa mhargadh, agus a chruthaíonn baol go mbeadh éifeacht iarmharta ann idir cártaí agus íocaíochtaí ar fhóin phóca agus ar an idirlíon. Thacaigh formhór na n-eagraíochtaí tomhaltóirí le hanailís na gceannaithe ar thionchar diúltach na MIFanna ar iomaíocht  agus ar leas tomhaltóirí ach ba chúis imní dóibh go dtiocfadh táillí níos airde ar chártaí agus muirir eile ar thomhaltóirí  as na MIFanna a laghdú.  Thacaigh údaráis iomaíochta leis an ngá atá le gníomhaíocht chun MIFanna a ísliú, go háirithe do scéimeanna aibí ceithre pháirtí.  Ní raibh na húdaráis phoiblí eile ar aon tuairim.

Maidir le fáil trasteorann, ghlac formhór na scéimeanna agus na soláthraithe seirbhíse íocaíochta leis go raibh gá le caighdeáin áitiúla agus rialacha áitiúla a chomhchuibhiú, agus bhí ceannaithe agus tomhaltóirí ar aon tuairim go raibh roinnt mhaith bacainní áitiúla ar fháil trasteorann ann. Murab ionann is soláthraithe agus scéimeanna seirbhíse íocaíochta, bhí ceannaithe i bhfábhar réiteach rialála seachas caighdeánú féinrialáilte.  Bhí scéimeanna agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta i bhfábhar an MIF sa tír ina ndéantar an díol a chur i bhfeidhm agus bhí formhór na gceannaithe agus SSIanna neamhbhainc i bhfábhar MIF comhchoiteann a chuirfí i bhfeidhm ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba iad soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus scéimeanna cártaí atá ann faoi láthair amháin a bhí i bhfabhar an údarúcháin éigeantaigh roimh ré don fháil trasteorann.

I dtaca le rialacha gnó, ní rabhthas ar chomhthoil in aon chor faoi na sochair agus an gá a bhaineann le stiúradh a rialáil agus an Riail maidir le Glacadh le gach Cárta a chuireann de cheangal ar cheannaithe glacadh le gach cárta laistigh den bhranda céanna má ghlacann siad le catagóir amháin cártaí laistigh den bhranda sin. Bhí formhór na scéimeanna agus na soláthraithe seirbhíse íocaíochta i bhfabhar an status quo agus bhí ceannaithe, tomhaltóirí, údaráis iomaíochta agus formhór na n‑údarás poiblí i bhfabhar ligean do cheannaithe tomhaltóirí a stiúradh i dtreo meán íocaíochta níos saoire trí rialáil cé go raibh tomhaltóirí i gcoinne formhuiriú. Dhiúltaigh soláthróirí agus scéimeanna seirbhíse íocaíochta do dhíothú an HACR ach thacaigh páirtithe leasmhara eile leis – trí bhíthin rialála – ionas gur féidir leis an gceannaí gan ach meáin íocaíochta níos saoire a ghlacadh agus go mbeadh tionchar dearfach aige ar iomaíocht, agus na tomhaltóirí níos faichillí faoi. Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara le cumasc muirear seirbhísí ceannaithe i leith miondíoltóirí – agus bhí soláthraithe agus scéimeanna seirbhíse íocaíochta den tuairim go raibh neamhchumasc curtha chun feidhme cheana féin tar éis Thiomantais Mastercard agus Ghealltanais Visa.

Tá forbhreithniú mionsonraithe ar bharúlacha páirtithe leasmhara agus na mBallstát faoi tháillí idirmhalartaithe ar fáil sa Tuarascáil Aiseolais ar an gcomhairliúchán poiblí ar an bPáipéar Uaine[10].

Ina tuarascáil féintionscnaimh ar an bPáipéar Uaine d'aithin Parlaimint na hEorpa na cuspóirí agus na dúshláin maidir le comhtháthú a sonraíodh sa Pháipéar Uaine agus d'iarr siad beart reachtach i roinnt réimsí a bhaineann le híocaíochtaí le cárta, agus mhol siad cur chuige níos faichillí i dtaca le híocaíochtaí ar an idirlíon agus ar fhóin phóca toisc nach bhfuil na margaí sin chomh haibí céanna.  Thairis sin, ghlac an Pharlaimint seasamh daingean i bhfábhar faisnéis shoiléir  faoi tháilli idirmhalartaithe a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh agus chuir sí in iúl go bhfuil sí i bhfabhar cur chuige céimnithe as a dtiocfadh toirmisc ar tháillí idirmhalartaithe trí rialáil.

Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair atá liostaithe sa Chlár Oibre. Ullmhaíodh an measúnú tionchair sin i gcomhairliúchán leis an BCE. Sa mheasúnú tionchair díríodh san am céanna ar roghanna i dtaca le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Seirbhís Íocaíochta agus ar roghanna chun Táillí Idirmhalartaithe Iltaobhacha a rialáil.

Sa mheasúnú tionchair pléitear ceist na hiomaíochta neamhéifeachtaí san íocaíocht le cárta agus i margaí íocaíochta bunaithe ar chárta, rud as a dtagann torthaí fo-optamacha agus táillí atá sách ard a chuirtear ar aghaidh chuig na ceannaithe agus ina seal chuig na tomhaltóirí. Leagtar béim freisin ar chomhtháthú margaidh teoranta, deiseanna laghdaithe do ghníomhaithe uile-Eorpacha nua teacht isteach sa mhargadh, imeacht as scéimeanna cártaí náisiúnta (níos saoire de ghnáth) agus nuálaíocht theoranta sa chomhthéacs sin.  Aithnítear Táillí Idirmhalartaithe mar fhachtóir mhíniúcháin thábhachtach atá taobh thiar de na forbairtí sin. Is bac é chomh maith ar chomhtháthú margaidh leibhéil an-éagsúla na dtáillí idirmhalartaithe idir Ballstáit. Neartaítear na héifeachtaí sin le roinnt rialacha gnó, a bhfuil tionchar acu ar thrédhearcacht, ar chumas na miondíoltóirí faighteoir a roghnú i mBallstát eile ('fáil trasteorann') agus ar chumas miondíoltóirí a gcustaiméirí a stiúradh i dtreo meán íocaíochta níos éifeachtaí nó diúltiú do chártaí costasacha (an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta).

Sa mheasúnú tionchair déantar sé chás do tháillí idirmhalartaithe a mheas: (i) Gníomhaíocht ar bith ón gCoimisiún, (ii) Fáil trasteorann agus leibhéal na dtáillí idirmhalartaithe d'idirbhearta trasteorann a rialáil, (iii) Sainordú do na Ballstáit táillí idirmhalartaithe a shocrú ar bhonn modheolaíochta comhchoitinne, (iv) Uasleibhéal comhchoiteann ar fud an AE do tháillí idirmhalartaithe a rialáil, (a) cibé acu a chumhdaíonn an uasteorainn do tháillí idirmhalartaithe – ar leibhéal difriúil do chartaí dochair agus do chártaí creidmheasa – cártaí dochair agus creidmheasa araon nó cártaí dochair amháin agus (b) cibé acu atá na táillí idirmhalartaithe d'idirbhearta le cárta dochair le toirmeasc ar fad nó díreach le laghdú go leibhéal íseal, (v) cibé acu atá cártaí tráchtála agus cárta arna n-eisiúint ag scéimeanna trí pháirtí (níos costasaí de ghnáth) le díolmhú ó rialáil na dtáillí idirmhalartaithe agus (vi) Muirir Seirbhíse Ceannaí a rialáil i.e. na táillí a íocann an miondíoltóir lena bhanc fála a rialáil.

Na huasteorainneacha 0.2% agus 0.3% a scrúdaíodh faoi chás (ii) agus chás (iv) d'idirbhearta le cárta dochair agus le cárta creidmheasa faoi seach. Tá na leibhéil sin bunaithe ar rud ar a dtugtar 'Tastáil Neafaise an Cheannaí' a forbraíodh i litríocht na heacnamaíochta, lena n‑aithnítear an leibhéal táille a bheadh ceannaí sásta a íoc dá gcuirfeadh sé costas úsáide cárta íocaíochta don chustaiméir i gcomparáid le híocaíocht gan chárta (airgead tirim) (an táille a íoctar le bainc fála ar sheirbhís, i.e. an muirear seirbhíse ceannaí á cur san áireamh). Ar an gcaoi sin spreagtar úsáid ionstraimí íocaíochta éifeachtúla trí chur chun cinn na gcártaí sin a bhfuil sochair idirbhirt níos airde ag gabháil leo, agus san am céanna coisctear táillí díréireacha ar cheannaithe, rud as a dtiocfadh costais fholaithe do chustaiméirí eile. Murach sin d'fheadfadh táillí iomarcacha do cheannaithe bheith ann i ngeall ar shocruithe comhchoiteanna do tháillí idirmhalartaithe, toisc go bhfuil drogall ar cheannaithe cúl a thabhairt d'ionstraimí íocaíochta costasacha ar eagla go gcaillfidís deiseanna gnó. Cuirtear san áireamh freisin na leibhéil a mholann scéimeanna (Visa Europe, MasterCard, Groupement Cartes Bancaires) in imeachtaí iomaíochta agus a nglacann na húdaráis leis nach bhfuil aon bheart eile le déanamh ina dtaobh.

Baintear de thátal sa mheasúnú gurb é an rogha is fearr teaglaim den mhéid seo a leanas:

· sraith beart chun cur le feidhmiú éifeachtach margaidh lena n‑áirítear teorannú an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta(HACR) agus ag ceadú do cheannaithe an rogha branda cárta a chinneadh ag an ndíolphointe do na cártaí uile agus do na hidirbhearta uile le cárta atá bunaithe ar shamhlacha scéime ceithre pháirtí; agus

· uasteorainn a chur le leibhéal na dtáillí idirmhalartaithe d'idirbhearta trasteorann le cártaí dochair agus creidmheasa tomhaltóirí (i rith na chéad chéime) agus, i rith an dara céim, uasteorainnú a chur leis na táillí idirmhalartaithe freisin d'idirbhearta intíre le cártaí creidmheasa tomhaltóirí agus le cártaí dochair tomhaltóirí.

Lena chois sin, sa mheasúnú tionchair agus san iarscríbhinn a ghabhann leis tá míniú mionsonraithe ar bhearta eile atá beartaithe sa Rialachán chun a áirithiú go mbeidh an margadh trédhearcach agus go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtach, lena n‑áirítear cealú na mbeart lena dtoirmisctear aon stiúradh tomhaltóirí, rud a cheadóidh sainaithint cártaí, comhlipéadú, an oibleagáid ar na soláthraithe seirbhíse íocaíochta sonraisc a thabhairt d'íocaithe, agus díchumasc táillí a fhorchur.

Ba cheart go dtiocfadh méadú ar éifeachtacht an mhargaidh i gcás na g cártaí íocaíochta agus na n‑idirbheart uile le cárta atá bunaithe ar shamhlacha scéimeanna ( cártaí) ceithre pháirtí, as na bearta ginearálta trédhearcachta sin atá beartaithe sa Rialachán.

Os a choinne sin, ó d’éirigh úsáid catagóirí áirithe cártaí ag tomhaltóirí chomh leitheadach sin gur gnách nach féidir le ceannaithe an cineál sin cártaí a dhiúltú ná a n‑úsáid a dhímholadh do thomhaltóirí gan an baol a bheith ann go 'gcaillfidh siad gnó', is gá bearta breise chun margadh comhtháite, feidhmiú éifeachtach margaidh agus cealú cleachtas gnó frithiomaíoch a áirithiú sna réimsí sin. Baineann sin le cártaí dochair agus creidmheasa tomhaltóirí.

Is fiú a lua, dá ligfí, sa chéad chéim, do cheannaithe faighteoir a roghnú lasmuigh dá mBallstát ('fáil trasteorann') agus dá rialálfaí leibhéal an mhalartaithe trasteorann, thabharfaí soiléire dhlíthiúil isteach. Cé gur féidir nach mbeadh tionchar aige sin ach ar cheannaithe móra, chuideodh sé an margadh a chomhtháthú, agus d'fhéadfadh sé, ar aon dul lena mhacasamhail d'fhoráil Rialachán SEPA maidir le Dáta Deiridh, tionchar smachtaithe agus comhtháthaithe a imirt ar an leibhéal táillí idirmhalartaithe a bhíonn ann i gcomhthéacs intíre amháin.

Os a choinne sin, ba cheart go mbainfeadh miondíoltóirí níos lú ná sin tairbhe dhíreach as bearta as a dtagann táillí idirmhalartaithe níos éifeachtaí agus cothrom iomaíochta do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart, tar éis tréimhse eatramhaí, rialáil táillí idirmhalartaithe ar chártaí tomhaltóirí a leathnú le go gcumhdóidh sé táillí idirmhalartaithe intíre chomh maith. Faoi láthair, in ocht mBallstát de chuid an AE, níl aon táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta cártaí dochair, nó tá na táillí orthu an‑íseal, agus níl aon drochéifeachtaí suntasacha aige sin ar eisiúint ná ar úsáid cártaí; a mhalairt ar fad, is iad sin, den chuid is mó, na Ballstáit ina bhfuil an leibhéal is airde eisiúna agus úsáide cártaí. De réir treochtaí le deich mbliana anuas, is féidir bheith ag súil go leanfar den mhéadú ar eisiúint agus ar úsáid cártaí dochair sna blianta amach romhainn ionas gur féidir a mheas go mbeidh cártaí dochair 'ar fud' an AE tar éis na tréimhse eatramhaí dá bhforáiltear sa Rialachán agus nach mbeidh údar níos mó le heisiúint agus úsáid cártaí a spreagadh le táillí a chuirtear ar aghaidh ó mhiondíoltóirí chuig soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna. Is annamh cheana a osclaíonn duine cuntas íocaíochta gan cárta a bheith aige, rud a laghdaíonn na costais ar soláthraithe seirbhíse íocaíochta ann féin. Sa bhreis air sin, tá sé beartaithe sa togra le haghaidh Treorach[11] maidir le rochtain ar chuntas íocaíochta ag a bhfuil buntréithe inter alia go n‑áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh idirbhearta íocaíochta (lena n‑áirítear íocaíochtaí ar líne) le cárta íocaíochta ina cuid de chuntas íocaíochta ag a bhfuil buntréithe. Chun go mbainfidh miondíoltóirí tairbhe dhíreach as bearta as a dtagann táillí idirmhalartaithe agus cothrom iomaíochta do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta, bheadh sé riachtanach chomh maith táillí ar chártaí tomhaltóirí intíre a rialáil. Chun nach mbeidh idirdhealú á dhéanamh idir miondíoltóirí beaga agus miondíoltóirí móra, ar fusa dóibh tairbhe a bhaint as fáil trasteorann, tá sé beartaithe an uasteorainn atá beartaithe i leith idirbheart trasteorann le linn na chéad chéime a leathnú go dtí go gcumhdóidh sé idirbhearta le cárta creidmheasa sa dara céim. Os a choinne sin, measann an Coimisiún gur gá imscrúdú breise a dhéanamh ar aibíocht margaí sa LEE. go háirithe i gcás cártaí dochair a eisiúint agus riachtanas úsáide, agus a áirithiú nach bhfuil riachtanas ann táillí idirghabhálacha a ghearradh chun iad sin a dhreasú. Idir an dá linn, mar atá mínithe thuas, bheadh feidhm ag uasteorainneacha 0.2 % agus 0.3 % d'idirbhearta le cárta dochair agus le cárta creidmheasa.

Dá ndéanfaí uasteorannú ar tháillí idirghabhálacha, ar an iomlán, bhainfeadh miondíoltóirí tairbhe as táillí níos ísle, rud a d’fhágfadh go mbeadh coigilteas ann a rachadh cuid de ar aghaidh chuig na tomhaltóirí. Tá na tomhaltóirí ag díol cheana trí chorprú Táillí Idirghabhálacha (trí Mhuirir Sheirbhíse Ceannaí) sna praghsanna miondíola, agus is lú is dócha go gcuirfidh na bainc tairbhí as Táillí Idirghabhálacha ar aghaidh chuig a sealbhóirí cuntais ná go gcuirfidh ceannaithe ar aghaidh iad chuig a gcliaint, ós rud é gurb ísle an leibhéal iomaíochta san earnáil bhaincéireachta agus go bhfuil easpa soghluaiseachta tomhaltóirí ann i réimse na baincéireachta miondíola. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an cur ar aghaidh a dhéanann ceannaithe níos mó ar aon nós ná an cur ar aghaidh a dhéanann bainc. San Astráil, tar éis na hidirghabhála, is iad laghdú 0.67 AUD in aghaidh an cheannacháin agus laghdú 77.19 AUD in aghaidh an chuntais sa bhliain na meastacháin a rinneadh. Os a choinne sin, is féidir nach ionann an tionchar sna hearnálacha éagsúla de réir méid an cheannaí, a mhéad a úsáideann sé ionstraimí íocaíochta agus an 'chiseáin ceannachán'. Beidh sé deacair choíche an bhaint a dhéanamh amach atá idir éagsúlacht fachtóra eacnamaíoch shonraigh agus praghas sonrach ar tháirge nó ar sheirbhís i siopa miondíola áirithe.

Ní hionann sin agus a rá, áfach, go n‑aistreodh a mbainc na costais atá ar mhiondíoltóirí faoi láthair go huathoibríoch chuig tomhaltóirí. Is dual do chórais íocaíochta bheith casta: idirghníomhaíonn banc an tsealbhóra cárta leis an sealbhóir cárta, idirghníomhaíonn banc an cheannaí leis an gceannaí, agus bíonn iomaíocht le bainc eile agus imthosca éagsúla margaidh maidir lena n‑iompar i leith a gcustaiméirí ann dóibh araon, i bprionsabal. Dá bhrí sin, táthar ag súil go mbeidh dea‑thionchar ag uasteorannú táillí idirmhalartaithe ar ghlacadh le cártaí, ar féidir leis, ar bhonn éifeachtaí scála, dea‑thionchar a imirt ar eisiúint cártaí freisin. Is cosúil go bhfuil baint de ghnáth idir laghdú ar tháillí idirmhalartaithe arda sa chuid is mó de na tíortha agus glacadh níos airde le cártaí, agus is cosúil gurb airde úsáid cártaí i dtíortha ina bhfuil táillí idirmhalartaithe ghabhálacha ísle. Tá ceann de na rátaí úsáide cártaí is airde san AE ag an Danmhairg: 216 idirbheart per capita agus scéim dochair Táillí Idirmhalartaithe niallasacha. Is fíor sin i gcás scéimeanna idirnáisiúnta freisin: sa Eilbhéis, níl aon táille idirmhalartaithe ag Maestro, agus is é an príomhchóras cártaí dochair é. San Ísiltír, tá úsáid agus glacadh le cártaí ann atá ard agus atá ag dul i méid, ag teacht in ionad an airgid thirim. Tá táillí ísle ar chuntais bainc ina saintréith ag an Danmhairg agus ag an Ísiltír i gcomparáid le tíortha a bhfuil Táillí Idirmhalartaithe níos airde acu (e.g. an Fhrainc, tar éis forfheidhmiú iomaíochta féin, an Spáinn). Sa Spáinn, tháinig méadú ar úsáid cártaí tar éis na hidirghabhála, agus tháinig laghdú 15 % ar íocaíochtaí le cárta ó 2005 go dtí 2010. An tráth céanna, tháinig méadú ar mhéid agus ar luach idirbheart le cárta, de réir figiúirí oifigiúla ó Bhanc na Spáinne[12].

Mar atá léirithe thuas, tá na leibhéil is airde úsáide cártaí ina saintréith ag scéimeanna intíre nach bhfuil aon táillí idirmhalartaithe iontu (sonraí an BCE), agus tá táillí idirmhalartaithe measartha íseal ag an Ríocht Aontaithe agus ag an tSualainn.

Is deacair meastachán a dhéanamh ar thionchar foriomlán na laghduithe ar tháillí idirmhalartaithe ar ioncam soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna nó fála, ó b’fhéidir go gcúiteodh, go páirteach ar a laghad, méaduithe ar mhéid idirbheart le cárta (trí ghlacadh le níos mó) agus coigilteas ar SSLanna maidir le hairgead a láimhseáil na caillteanais a thiocfadh as uasteorainn ar tháillí idirmhalartaithe. B’fhéidir go dtiocfadh coigilteas eile ar chostais as laghdú ar aistarraingtí airgid thirim as UMBanna agus as teorannú breise ar mhéideanna Táillí Idirmhalartach is gá, de ghnáth, a íoc do bhainc fála UMBanna. Ní léir, mar sin, go laghdófar ioncam na mbanc eisiúna dá thoradh sin. Maidir le hinmharthanacht, is cosúil go bhfuil scéim cártaí dochair gan aon táille idirmhalartaithe iomlán inmharthana ó thaobh tráchtála de gan costais na gcuntas reatha ar thomhaltóirí a ardú. Tá Táille Idirmhalartaithe nialasach ag an Danmhairg, mar shampla, ar a scéim dochair intíre agus íocann meánsealbhóir cuntais táillí cuntais atá go maith faoi bhun mheán an AE. Mar an gcéanna, is é Maestro (atá ina chuid de MasterCard) an príomhlíonra cártaí dochair san Eilbhéis, agus níl aon Táillí Idirmhalartaithe Iltaobhacha air.

Is é rud nach bhfuil aon bhaint riachtanach idir laghdú ar Tháillí Idirmhalartaithe agus méadú ar tháillí bliantúla ar chártaí. Is cosúil gur mó an bhaint, mar shampla, idir táillí ar chártaí agus an leibhéal iomaíochta sa bhaincéireacht mhiondíola. Rinne na bainc sna Stáit Aontaithe táillí ar shealbhóirí cártaí a ardú tar éis rialáil táillí idirmhalartaithe, ach bhí orthu cúlú mar gheall ar mhíshástacht tomhaltóirí. Bhí laghdú ar tháillí ar shealbhóirí cárta san Eilbhéis a bhí comhuaineach leis an laghdú ar Tháillí Idirmhalartaithe. San Astráil, bhí méadú tapa faoi tháillí ar shealbhóirí cártaí sular tugadh isteach uasteorainneacha ar tháillí idirmhalartaithe agus tar éis na n‑athchóirithe tháinig moilliú ar an méadú faoi tháillí ar shealbhóirí cártaí (idir 1997 agus 2002: cártaí creidmheasa +218% agus idir 2003 agus2008: +122%). Sa Spáinn, ó bhí an idirghabháil ann, tá méadú EUR 6.18 i gcás cártaí dochair agus EUR 11.45 i gcás cártaí creidmheasa ag teacht ar mheántáillí bliantúla gach bliain. Os a choinne sin, tá méadú ag teacht ar phunann na mbanc agus tá méadú na gcártaí creidmheasa i bhfad níos mó ná méadú na gcártaí dochair, d’ainneoin na géarchéime eacnamaíche. Thuigfí as treochtaí eile, b’fhéidir, go bhfuil iomaíocht in earnáil baincéireachta na Spáinne measartha beag: mar shampla, dhúbail táillí ar chuntais reatha a chothabháil ó 2007 go dtí 2012 agus mhéadaigh táillí ar rótharraingtí. Is cosúil go bhfuil méaduithe ar tháillí baincéireachta miondíola forleathan sa Spáinn, gan aon bhaint a bheith aige sin le táillí idirmhalartaithe.

Tá fianaise starógach ann ar laghduithe praghsanna a bheith sna SA, bliain amháin tar éis don rialáil ar Tháillí IdirMhalartaithe Iltaobhacha teacht isteach. Sa bhreis air sin, de réir fianaise san Astráil, is cosúil go mbainfeadh miondíoltóirí tairbhe iomlán (100 %) as Táillí Idirmhalartaithe a bheith níos ísle – ó bhíonn claonadh ag margaí fála bheith níos iomaíche ná margaí eisiúna, cé nach bhfuil an méadú is féidir a bheith ar tháillí do shealbhóirí cártaí os cionn 30 - 40 % de mhéid an laghdaithe ar an Táillí Idirmhalartaithe. Sa bhreis air sin, tar éis uasteorannú a theacht ar tháillí idirmhalartaithe agus bearta trédhearcachta a bheith tugtha isteach, ní 'fhóirdheonóidh' tomhaltóirí a úsáideann modhanna íocaíochta ar chostais ísle na tomhaltóirí (ar saibhre iad go minic) a úsáideann modhanna íocaíochta níos costasaí, ó nach féidir le ceannaithe tomhaltóirí a stiúradh, go háirithe i gcás na cártaí 'is gá a úsáid'.

Ós rud é go n‑imreodh an iomaíocht a tionchar ar an scéal arís, bhainfeadh tomhaltóirí agus miondíoltóirí tairbhe as iontráil nua sa mhargadh íocaíochtaí. Má thagann méadú ar tháillí sealbhóirí cártaí féin – rud nach cinnte ós dócha go mbeidh an tionchar a bheith ag táillí idirmhalartaithe a uasteorannú éagsúil – is dócha fós go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as táillí idirmhalartaithe níos ísle mar go mbeidh praghsanna miondíola níos ísle, fiú mura rachaidh miondíoltóirí trí 100 % den choigilteas, agus as iontráil nua sa mhargadh íocaíochtaí. Ní mór a chur san áireamh freisin gur an‑dócha go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as na seirbhísí a thairgfidh iontrálaithe nua margaidh. Tá an Ísiltír ina shampla de seo san fhíorshaol, i gcás táillí idirmhalartaithe faoi bhun 0.2 %, áit ar forbraíodh an réiteach íoc ar líne a bheith saor (Ideal) go mór mór ó spreag na táillí idirmhalartaithe a bhí i réim ansin na bainc nuáil a dhéanamh. Dá bharr sin, ní gá do thomhaltóirí Ísiltíreacha táillí arda síntiúis ar chártaí creidmheas a íoc chun siopadóireacht a dhéanamh ar líne.

Ní chumhdófaí cártaí tráchtála agus  cártaí arna n‑eisiúint ag scéimeanna trí pháirtí, cé go bhfuil claonadh acu éirí níos daoire – mar atá beartaithe faoi rogha V – faoi na huasteorainneacha éagsúla atá beartaithe i leith cártaí tomhaltóirí ó tá scaireanna margaidh teoranta acu san AE agus struchtúir táillí éagsúla agus nach bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh athrú air sin amach anseo. Os a choinne sin, chuirfidh na bearta atá beartaithe i leith idirbheart tomhaltóirí le cárta i bhfeidhm ar na scéimeanna sin a mhéad is go n‑eisíonn siad na cártaí sin agus go mbaineann siad úsáid as soláthraithe seirbhíse íocaíochta ar dhóigh a fhágann go bhfeidhmíonn a scéim, i dtéarmaí praiticiúla, ar aon dul le scéim ceithre pháirtithe. Sa bhreis air sin, bheadh feidhm ag bearta feabhsaithe trédhearcachta maidir leis na scéimeann sin sna cásanna uile.

Dá rialálfaí muirir seirbhíse ceannaí, mar a luaitear i rogha vi, chumhdófaí ní amháin táillí idirmhalartaithe ach na táillí eile a ghearrtar ar cheannaithe freisin. B’ionann sin agus praghsanna do cheannaithe a rialú de facto, agus rialáil praghsanna a mhiondíol. I gcontrárthacht leis sin, b’ionann táillí idirmhalartaithe a uasteorannú agus praghsanna miondíola a rialáil chun iad a ailíniú leis an anailís i gcásanna iomaíochta chun margadh inmheánach a bhaint amach, ós rud é nach praghsanna deiridh do mhiondíoltóirí na táillí idirmhalartaithe, agus gur lú arís ar praghsanna deiridh iad do thomhaltóirí.

Bheadh príomhról ag bearta trédhearcachta agus stiúrtha fós chun cur chun cinn trom cártaí a bhfuil Táillí Idirmhalartaithe neamhrialáilte acu a chosc. Ba ghá bearta frithimchéimiúcháin a chur isteach freisin.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an mbeart atá beartaithe

Tá dhá phríomhchuid sa togra.

Leis an gcéad chuid, tugtar isteach rialacha maidir le táillí idirmhalartaithe. I ndáil leis na táillí sin, cruthaítear leis an togra limistéar 'rialáilte' agus limistéar 'neamhrialáilte'. Is éard atá sa limistéar rialáilte na hidirbhearta uile le cárta a úsáideann tomhaltóirí go forleathan agus ar deacair do mhiondíoltóirí diúltú dóibh ar an ábhar sin, i.e cártaí dochair agus creidmheasa tomhaltóirí agus idirbhearta íocaíochta le chárta. Is éard atá sa limistéar neamhrialáilte na hidirbhearta íocaíochta uile le cárta agus na hidirbhearta íocaíochta le cárta atá bunaithe orthusan uile nach cuid den limistéar rialáilte iad lena n‑áirítear na cártaí ar a dtugtar cártaí tráchtála agus cártaí arna n‑eisiúint ag scéimeanna trí pháirtí.

Sa 'limistéar rialáilte', le linn idirthréimhse dhá bhliain tar éis fhoilsiú an Rialacháin, gearrfar uasleibhéil táillí idirmhalartaithe i gcás idirbheart trasteorann (nuair a úsáideann an sealbhóir cárta a chárta i mBallstát eile) nó i gcás idirbheart faighte trasteorann (nuair a úsáideann ceannaí SSL i mBallstát eile), agus sna cásanna sin amháin.

Cé gur aithníodh go mbeadh cosc ar tháillí idirbheart i gcás cártaí dochar ina chuid den rogha is tairbhí sa Mheasúnú Tionchair, measann an Coimisiún gur gá aibíocht margaí sa LEE, go háirithe maidir le heisiúint agus úsáid cártaí dochair a imscrúdú níos mó agus gur gá a áirithiú nach bhfuil gá ann táillí idirmhalartaithe a ghearradh chun iad sin a spreagadh sula gcuirfear deireadh ar fad le táillí idirmhalartaithe ar chártaí dochair. Dá bhrí sin, tá se beartaithe go mbeidh feidhm ag na huasteorainneacha is infheidhme maidir le idirbhearta faighte trasteorann maidir le hidirbhearta intíre freisin tar éis na hidirthréimhse nach ndéanfar liobrálú agus rialáil ach ar fháil trasteorann. Dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena chur i bhfeidhm ina mbeidh meastóireacht ar chuibheas an leibhéil táille idirmhalartaithe, agus úsáid agus costas na modhanna éagsúla íocaíochta agus leibhéal iontrála gníomhaithe nua agus teicneolaíocht nua ar an margadh á gcur san áireamh aige.

Tar éis na hidirthréimhse beidh uastáille idirmhalartach 0.2 % ar na hidirbhearta le cárta dochair (trasteorann agus intíre) 'tomhaltóirí' agus ar idirbhearta le cárta atá bunaithe ar na hidirbhearta sin agus beidh uastáille idirmhalartach 0.3 % ar na hidirbhearta le cárta dochair (trasteorann agus intíre) tomhaltóirí atá bunaithe ar na hidirbhearta sin. Meastar go bhfuil na huasteorainneacha sin, ós rud é gur ghlac údaráis iomaíochta leis nach bhfuil bearta níos mó de dhíth orthu, ina dtagarmharcanna réasúnta a cuireadh i bhfeidhm cheana gan amhras a chur ar fheidhmiú scéimeanna cártaí idirnáisiúnta agus seirbhísí, soláthraithe íocaíochta agus miondíoltóirí agus ar leas tomhaltóirí, agus go soláthraíonn siad deimhneacht dhlíthiúil.

Baineann an dara cuid den Rialachán le rialacha maidir le rialacha gnó a bheidh infheidhme maidir gach catagóir d’idirbhearta le cárta agus d’idirbhearta íocaíochta le cárta atá bunaithe ar na hidirbhearta sin. Ó theacht i bhfeidhm don Rialachán, mar shampla:

· Beidh teorainn leis an 'Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta'. Dá ainneoin sin, ní cheadófar aon idirdhealú ar bhonn an bhainc eisiúna nó ar bhunadh an tsealbhóra cárta ná idir na cártaí a bhfuil an t‑aon leibhéal táille idirmhalartaithe leo.

· beidh toirmeasc le haon riail a chur i bhfeidhm lena gcoisctear ar cheannaithe nó lena gcuirtear srian lena gcumas custaiméirí a stiúradh i dtreo ionstraimí íocaíochtaí níos éifeachtaí ('rialacha lena gcoisctear stiúradh').

· soláthróidh Soláthraithe Seirbhíse Íocaíochta fála ráiteas ar tháillí do cheannaithe gach mí ar a laghad, agus sna ráitis sin beidh na táillí arna n‑íoc ag an gceannaí thar an mí is ábhartha a bhaineann le gach catagóir cártaí agus le gach branda ar leith i gcás ina bhfuil sé sonraithe cathain a soláthróidh faighteoir na seirbhísí fála.

· beidh toirmeasc le haon riail lena gcoisctear ar cheannaithe a nochtadh dá gcustaiméirí cé na táillí a íocann siad leis na faighteoirí seirbhíse íocaíochta.

Modhnaíodh an Tionchar Measúnaithe tar éis chruinniú an Bhoird Mheasúnaithe Tionchair an 20 Márta 2013. Ar na hathruithe suntasach tá soláthar faisnéise breise ar an margadh cártaí, ar fheidhmiú an mhargaidh sin agus ar chásdlí an AE a bhaineann le táillí idirmhalartaithe maille le hachoimre ar an litríocht eacnamaíoch a bhaineann le táillí idirmhalartaithe. Tugadh áit níos feiceálaí don tionchar is féidir a bheidh ag uastáillí idirmhalartaithe a chur ar tháillí sealbhóirí cárta, ar leas foriomlán tomhaltóirí agus ar ioncam banc, chun léiriú thionchar na roghanna is tábhachtaí sa phríomhthéacs a shruthlíniú. Míníodh ní b’fhearr an t‑idirspleáchas idir roghanna éagsúla agus idir phacáistí éagsúla maille leis an réasúnaíocht laistiar de phacáiste uilechuimsitheach ina n‑áirítear táillí idirmhalartaithe, sa dóigh is gur tugadh údar na gcúiseanna atá le táillí idirmhalartaithe a rialáil le reachtaíocht.

Bunús dlí

Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an AE.

Prionsabal na coimhdeachta

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéad is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach ar na cúiseanna seo a leanas:

Mar gheall ar an gcineál margaidh atá ann, teastaíonn cur chuige uile‑Aontais ó mhargadh íocaíochtaí comhtháite atá bunaithe ar líonraí is leithne ná teorainneacha náisiúnta ós rud é nach mór na prionsabail, na rialacha, na próisis agus na caighdeáin is infheidhme a bheith comhsheasmhach ar fud na mBallstát uile chun go mbainfear amach deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta do rannpháirtithe uile an mhargaidh. Mura mbeadh cur chuige uile‑Aontais ann, bheadh gá le córas beart náisiúnta forfheidhmithe rialála agus iomaíochta, nach mbeadh chomh héifeachtach le bearta de chuid an AE agus a mbeadh castacht níos mó agus costais níos airde leis ná a bheadh le reachtaíocht ar an leibhéal Eorpach. Dá bhrí sin, tá idirghabháil fhéideartha ar leibhéal an AE i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Tacaíonn an cur chuige sin leis an Limistéar Aonair d'Íocaíochtaí Euro (SEPA) agus tá sé comhsheasmhach leis an gClár Oibre Digiteach, go háirithe cruthú Margaidh Aonair Dhigitigh. Cuireann sé chun cinn nuálaíocht theicniúil agus cuireann sé le fás agus le poist, go háirithe i réimsí na ríomhthráchtála agus na m‑thráchtála.

Lena chois sin, ós rud é go mbíonn gné thrasteorann le margaí íocaíochtaí, chuirfeadh aon bheart a dhéanfadh údaráis phoiblí chun leibhéal táillí miondíola (táillí idirmhalartaithe) a laghdú nó a mhodhnú isteach ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh íocaíochtaí uile‑Chomhphobail agus ní chuideodh sé an margadh a chomhtháthú ós rud é nach dtiocfadh cothrom iomaíochta ar fud an AE as. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás beart náisiúnta éagsúil a bheadh dírithe ar tháillí idirmhalartaithe a rialáil nó a uasteorannú, mar atá beartaithe faoi láthair i roinnt Ballstát.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Ní théann an togra thar a bhfuil iomlán riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach, mar atá cuidiú a thabhairt margadh uile‑AE d’íocaíochtaí a fhorbairt, lenar féidir le tomhaltóirí, le miondíoltóirí agus le gnóthais eile na tairbhí iomlána a bhaint as margadh inmheánach an AE, lena n‑áirítear ríomhthráchtáil. Leis na deiseanna feabhsaithe iontrála sin ag gníomhaithe uile‑Eorpacha, an méadú ar nuálaíocht, an méadú ar chumas scéimeanna cártaí náisiúnta (a bheidh níos saoire, de ghnáth) maille leis an laghdú ar úsáid airgid thirim, is féidir le miondíoltóirí agus le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, bíodh siad ina mbainc nó ina n‑iontrálaithe margaidh nua. Tiocfaidh torthaí margaidh éifeachtacha, rogha níos leithne soláthraithe seirbhíse íocaíochta, lena n‑áirítear soláthraithe uile‑Eorpacha agus gníomhaithe nuálacha agus costais níos ísle ar mhiondíoltóirí agus ar thomhaltóirí as iomaíocht éifeachtach maidir le híocaíocht le cárta agus as margaí íocaíochta le cárta. Ba cheart do na ceannaithe an coigilteas costais sin a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí le praghsanna miondíola níos ísle.

Is bacainn iad na táillí idirmhalartaithe iontu féin agus an éagsúlacht mhór idir a leibhéil roimh chomhtháthú margaidh agus roimh iomaíocht éifeachtach, agus bíonn a n‑éifeachtaí níos láidre mar gheall ar roinnt rialacha gnó lena laghdaítear trédhearcacht do mhiondíoltóirí agus do thomhaltóirí, lena sriantar cumas miondíoltóirí faightear a roghnú i mBallstát eile agus lena gcoisctear ar mhiondíoltóirí tomhaltóirí a stiúradh i dtreo modhanna níos éifeachtúla íocaíochta.

Ar bhonn comhairliúchán le geallsealbhóirí, a bhfuil achoimre orthu sa Mheasúnú Tionchair, tá teaglaim beart beartaithe ag an gCoimisiún chun feidhmiú éifeachtach margaidh a fheabhsú trí leibhéal táillí idirmhalartaithe a uasteorannú d'idirbhearta trasteorann le dochar tomhaltóra agus le cártaí creidmheasa (chéad chéim) agus, le linn dara céim, leibhéal táillí idirmhalartaithe a uasteorannú chomh maith leis sin i gcás idirbheart intíre le cártaí creidmheasa tomhaltóirí agus le cártaí dochair tomhaltóirí.

Mura rialálfaí, d’fhágfaí gan réiteach na fadhbanna a bhaineann le méadú ar spleáchas ar dhá ghníomhaí margaidh idirnáisiúnta, rud as a dtiocfadh dul i léig malltriallach scéimeanna cártaí intíre (a bhíonn níos saoire, de ghnáth). Bheadh teorainn fós le barainneachtaí scála agus le deiseanna iontrálaithe uile‑Eorpacha agus gníomhaithe nuálacha ab fhéidir a bheith ann, agus leanfadh ceannaithe agus tomhaltóirí de bheith ag íoc as margadh íocaíochtaí ilroinnte daor an AE (os cionn 1 % d'olltáirgeacht intíre an AE nó EUR 130 billiún in aghaidh na bliana, de réir an BCE). Dá bhfágfaí na ceisteanna sin i muinín beart forfheidhmithe iomaíochta, go háirithe ar bhonn na breithe maidir le MasterCard, ba dhócha go n‑imeodh mórán blianta sula réiteofaí iad agus bheadh an réiteach sin i gcónaí de réir an cháis sa dóigh is nárbh fhéidir cothrom iomaíochta a bheith ann.

Is gá agus is comhréireach idirbhearta intíre a chumhdach agus ní amháin idirbhearta trasteorann, rud a bheadh le leas miondíoltóirí móra den chuid is mó. Is féidir idirbhearta a láimhseáil go grod, rud a chruthódh deiseanna do mhiondíoltóirí seirbhísí fála níos saoire a lorg thar teorainn agus a spreagfadh pobail bhaincéireachta intíre nó scéimeanna baincéireachta intíre a dtáillí fála a ísliú. Tharla próiseas den chineál chéanna cheana maidir le dochar díreach. Le Rialachán SEPA maidir le Dáta Deiridh, cuirtear teorainn le táillí idirmhalartaithe do dhochar díreach agus cuirtear deireadh le táillí idirmhalartaithe ar dhochar díreach ach ceadaítear táillí idirmhalartaithe intíre a choinneáil ar bun go dtí 2017. Dá bharr sin agus ós rud é go bhfuil roinnt ceannaithe ag aistriú a bhfaighteora go dtí tíortha comharsanacha, gheall na bainc deireadh a chur lena dtáillí idirmhalartaithe ar dhochar díreach ar dháta chomh luath leis an 1 Meán Fómhair 2013[13].

Mar gheall ar ghnóthais agus ar ghealltanais aontaobhacha ar glacadh leo i gcreat nósanna imeachta iomaíochta, urramaítear na huastáillí idirmhalartaithe is infheidhme maidir le céad chéim an Rialacháin seo i gcás lín mhóir idirbheart íocaíochta le cárta a dhéantar san Aontas. Dá bhrí sin, is féidir na heilimintí sin a thabhairt isteach go grod. Os a choinne sin, níor mhór na táillí idirmhalartaithe intíre a mhodhnú. Is gá, dá bhrí sin, idirthréimhse a cheadú i gcás idirbheart íocaíochta intíre. Ar a bharr sin, ní choisceann an togra Ballstáit ar uasteorainneacha níos ísle nó bearta arb ionann cuspóir dóibh a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach nó a chur i gcrích le reachtaíocht náisiúnta.

Ar a bharr sin, bhainfeadh miondíoltóirí tairbhe as táillí idirmhalartaithe a bheith uasteoranta, agus is dóichí go gcuirfidh miondíoltóirí ná bainc na tairbhí sin ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, ó tá leibhéil ísle iomaíochta agus aistrithe san earnáil bhaincéireachta.

San am céanna, tá tomhaltóirí ag íoc na dtáillí idirmhalartaithe cheana go hindíreach sna praghsanna miondíola, agus, faoi láthair, tá tomhaltóirí a úsáideann cártaí airgid thirim agus cártaí dochair ag fóirdheonú na húsáide a bhaineann tomhaltóirí eile as cártaí níos daoire. B’fhéidir a áiteamh go spreagfadh laghdú faoi tháillí idirmhalartaithe na bainc táillí ar shealbhóirí cárta a mhéadú. Os a choinne sin, níl aon fhianaise ann leis an nasc sin. Is cosúil gurb é leibhéal na hiomaíochta i mbaincéireacht mhiondíola is mó a shocraíonn táillí ar chártaí.

Cé go gcuirtear comhtháthú margaidh, iontráil i margadh agus leas tomhaltóirí agus miondíoltóirí chun cinn leis an togra seo, is fíorbheag cinnteachta atá ann go mbeadh drochthionchar aige ar soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus ar bhainc atá ann faoi láthair. Táthar ag súil go mbeidh dea‑éifeacht ag uasteorannú táillí idirmhalartaithe ar na leibhéil sin ar ghlacadh le cártaí ag ceannaithe agus go spreagfadh sé tomhaltóirí cártaí a úsáid níos mó ar an ábhar sin. Is féidir go dtabharfadh méaduithe ar mhéid na n‑idirbheart cártaí (trí ghlacadh le níos mó) agus an coigilteas ar láimhseáil airgid thirim cúiteamh, i bpáirt ar a laghad, do bhainc sna caillteanais ab fhéidir a bheadh ann mar gheall ar an uasteorainn ar tháillí idirmhalartaithe. Is féidir go dtiocfaidh coigilteas eile as níos lú aistarraingtí airgid thirim as UMBanna.

Tá na huasteorainneacha 0.2 % agus 0.3 % atá beartaithe bunaithe ar an 'Tástáil Neafaise Ceannaithe', mar a thugtar ar, lena sainaithnítear an leibhéal táillí a bheadh ceannaí sásta a íoc dá gcuirfeadh sé an costas ar an úsáid a bhaineann custaiméir as cárta íocaíochta i gcomparáid leis na costais ar íocaíochtaí (airgid thirim) gan chárta. Ríomhadh na figiúirí sin ar bhonn na tástála sin, le sonraí arna mbailiú ag ceithre bhanc náisiúnta. Ghlac Visa, MasterCard agus scéim cártaí intíre na Fraince darb ainm Groupement Cartes Bancaires leis na figiúirí sin. Dá bhrí sin, ta an togra comhréireach leis na cuspóirí thuasluaite. Cuireadh na rialacha ar fad atá beartaithe faoi thástáil comhréireachta chun rialáil iomchuí agus chomhréireach a áirithiú

Rogha Ionstraimí

Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas:

Teastaíonn caighdeánú ar leibhéal teicniúil agus an comhchuibhiú is iomláine is féidir ó leibhéil táillí idirmhalartaithe agus ó rialacha gnó sriantacha. Ina fhianaise sin, is fearr Rialachán ná Treoir. Ar a bharr sin, ós rud é go mbíonn líonra i gceist le tionscal na híocaíochta, ní thiocfaidh an chuid is mó de na tairbhí chun cinn ach amháin nuair a bheidh an t‑aistriú intíre go dtí ionstraimí íocaíochta uile‑Eorpacha curtha i gcrích i mBallstáit uile an AE. I gcás Treorach ab fhéidir a chuirfí chun feidhme go héagsúil sna Ballstáit, bheadh baol ann nach gcuirfí deireadh leis an ilroinnt sa mhargadh íocaíochtaí atá ann faoi láthair. Ar deireadh, chuirfeadh sé moill ar ascnamh mar gheall ar an am is gá chun aistriú náisiúnta a dhéanamh. Dá bhrí sin, moltar gur Rialachán an ionstraim dhlíthiúil a úsáidfear chun táillí idirmhalartaithe agus rialacha gnó sriantacha i margadh na n‑íocaíochtaí le cárta agus i margaí na n‑íocaíochtaí atá bunaithe ar na fóin phóca agus ar an idirlíon a rialáil.

Comhlíonann an Rialachán na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart gnóthas a chur ar bun, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

4.           Impleachtaí buiséadacha

Ní bheidh aon tionchar ag an togra seo ar Bhuiséad an AE.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

Tá clásal athbhreithnithe sa togra.

An Limistéar Eacnamaíoch Eorpach

Tá ábhar a bhaineann leis an LEE sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

Míniú mionsonraithe ar an togra

Tugtar an achoimre ghairid seo a leanas chun an chinnteoireacht a éascú trí éirim an Rialacháin a thabhairt.

In Airteagal 1 – ábhar agus raon feidhme – tá sé ráite go mbaineann an Rialachán le rialacha maidir leis na táillí idirmhalartaithe i dáil le hidirbhearta le cárta íocaíochta agus idirbhearta íocaíochta le cárta laistigh den AE i gcás ina bhfuil an t‑íocaí agus a sholáthraí seirbhíse íocaíochta atá rannpháirteach san idirbheart íocaíochta suite san AE agus baineann sé le rialacha gnó a bhfuil baint acu leis na híocaíochtaí sin.

In Airteagal 2 – sainmhínithe – tá na sainmhínithe curtha i gcomhréir, a mhead is féidir, leis na sainmhínithe i dTreoir 2007/64/AE. Os a choinne sin, ós rud é go bhfuil raon feidhme an Rialacháin teoranta i gcomparáid leis an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta, cuireadh cuid de na sainmhínithe in oiriúint do riachtanais an togra seo.

In Airteagal 3 – (Uastáille idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóra trasteorann le cárta dochair agus le cárta creidmheasa) socraítear uasteorainneacha maidir le táillí 0.2 % agus 0.3 % idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí dochair agus creidmheasa a íoctar le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, atá le teacht i bhfeidhm 2 mhí tar éis fhoilsiú an Rialacháin.

In Airteagal 4 – (Uastáillí idirmhalartaithe ar na hidirbhearta uile tomhaltóirí le cárta dochair agus le cárta creidmheasa) socraítear uasteorainneacha maidir le táillí 0.2 % agus 0.3 % idirmhalartaithe ar idirbhearta tomhaltóirí dochair agus creidmheasa a íoctar le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, atá le teacht i bhfeidhm 2 bhliain tar éis fhoilsiú an Rialacháin.

In Airteagal 5 – (Toirmeasc ar Tháillí imchéimniúcháin), chun críocha na huasteorainneacha faoi Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chur chun feidhme, suitear go mbeidh cúiteamh glan na dtáillí arna bhfáil agus arna n‑íoc idir an t‑eisitheoir agus an scéim ina chuid de ríomh na dtáillí idirmhalartaithe arna n‑íoc agus arna bhfáil chun imchéimniú is féidir a bheith ann a mheas.

In Airteagal 6 – (Ceadúnú), tá sé leagtha síos nár cheart ceadúnais a sheachadann scéimeanna chun críocha eisiúna nó fála a theorannú do chríoch shonrach ach gur cheart iad críoch iomlán an Aontais a chumhdach.

In Airteagal 7 – (Deighilt idir scéim agus próiseáil), tá cinneadh gur cheart deighilt eagrúcháin a bheith ann idir na scéimeanna agus na heintitis atá ag próiseáil na n‑idirbheart, agus tá toirmeasc ar idirdhealú de réir críche i rialacha próiseála agus tá sainordú tugtha d’idir‑inoibritheacht córas eintiteas próiseála.

In Airteagal 8 – (Comhlipéadú agus rogha feidhmchlár), tá sé ráite gurb é eisitheoir na hionstraime íocaíochta a chinneann an féidir don fheidhmchlár íocaíochta a bheith sa chárta céanna nó sa tiachóg chéanna. Is leis an gcustaiméir fós an rogha cén fheidhmchlár a úsáidtear agus ní féidir leis an eisitheoir an rogha sin a leagan síos roimh ré le sásraí uathoibríocha san ionstraim nó sa trealamh ag an díolphointe.

In Airteagal 9 – (Díchumasc) tá soiléiriú ann go dtairgfidh bainc fála d’íocaithe ar bhonn aonair agus go ngearrfaidh siad muirir orthu ar bhonn aonair i gcás catagóirí éagsúla agus brandaí éagsúla cártaí íocaíochta agus nach ngearrfaidh siad aon phraghas amháin, agus go gcuirfidh siad an fhaisnéis is ábhartha ar fáil ar mhéideanna is infheidhme maidir leis na catagóirí éagsúla agus na brandaí éagsúla.

In Airteagal 10 – (Riail maidir le glacadh le gach cárta), soiléiriú ann nach bhféadfaidh scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta iallach a chur ar mhiondíoltóirí glacadh le catagóir nó le branda má ghlacann sé le catagóir eile nó branda eile, ach amháin i gcás ina bhfuil branda nó catagóir faoi réir an táille idirdhealaithe rialáilte céanna agus atá an ceann roimhe sin. Mar shampla, ní féidir iallach a chur ar cheannaithe a ghlacann le cártaí dochair tomhaltóirí glacadh le cártaí creidmheasa tomhaltóirí ach is féidir cur orthu glacadh le cártaí dochair tomhaltóirí eile.

In Airteagal 11 – (Rialacha stiúrtha) tá soiléiriú nach bhféadfaidh scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta miondíoltóirí a chosc ar thomhaltóirí a stiúradh i dtreo ionstraimí íocaíochta sonracha, ar fearr leis an miondíoltóir iad, a úsáid. Tá an méid sin gan dochar do rialacha maidir le lascainí agus formhuirir arna bhunú sa Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta agus in Airteagal 19 den Treoir um Chearta Tomhaltóirí. Ní fhéadfaidh scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta miondíoltóirí a chosc ar thomhaltóirí a chur ar an eolas faoi tháillí idirmhalartaithe agus faoi mhuirir seirbhíse ceannaí.

In Airteagal 12 – (Faisnéis don íocaí ar idirbhearta íocaíochta aonair), tá an fhaisnéis a chuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta ar fáil don cheannaí tar éis idirbheart íocaíochta aonair a bheith tugtha i gcrích, agus tá foráil ann maidir leis an rogha an fhaisnéis sin a chur ar fáil go tréimhsiúil.

In Airteagal 13 – (Údaráis inniúla), tá rialáil ar na nósanna imeachta le haghaidh na húdaráis náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as forálacha sa Rialacháin a chur i bhfeidhm.

In Airteagal 14 – (Pionóis), tá sé leagtha síos go socróidh na Ballstáit rialacha maidir le smachtbhannaí i ndáil le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin, agus go dtabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith.

In Airteagal 15 – (Nósanna imeachta maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt), tá sé leagtha síos go socróidh na Ballstáit ceanglais shonracha maidir le díospóidí idir íocaithe agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a réiteach.

In Airteagal 16 – (Clásal athbhreithniúcháin) tá sé leagtha síos go mbeidh athbhreithniú ann ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, dírithe go háirithe ar an leibhéal idirmhalartaithe. Tá na sásraí le haghaidh cur i bhfeidhm éifeachtach na bhforálacha sa Treoir agus, más gá, athruithe air a bheartú.

In Airteagal 17 – (teacht i bhfeidhm) tá an dáta leagtha amach a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

2013/0265 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta le cárta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [14],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[15],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Déanann ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh díobháil don iomaíochas, don fhás agus do chruthú fostaíochta laistigh den Aontas. D'fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach is gá díothú a dhéanamh ar na bacainní díreacha agus na bacainní indíreacha a chuireann cosc ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ar chomhlánú margaidh chomhtháite d'íocaíochtaí leictreonacha, gan idirdhealú idir íocaíochtaí naisiúnta agus íocaíochtaí trasteorann.

(2)       Le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16] rinneadh foráil maidir le bonn dlí chun margadh inmheánach uile-Aontais a chruthú d'íocaíochtaí agus d'éascaigh sé go suntasach gníomhaíocht soláthraithe seirbhíse íocaíochta, ag cruthú rialacha aonfhoirmacha i dtaobh soláthair seirbhísí íocaíochta.

(3)       Le Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17] bunaíodh an prionsabal gurb ionann táillí a íocann úsáideoirí ar íocaíocht trasteorann in euro agus an íocaíocht comhfhreagracha laistigh de Bhallstát lena n-áirítear íocaíochtaí le cárta cumhdaithe ag an Rialachán seo.

(4)       I Rialachán (CE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] leagadh amach na rialacha d'fheidhmiú aistrithe creidmheasa agus d'fheidhmiú dochair dhírigh in euro sa mhargadh inmheánach cé gur coinníodh as an áireamh íocaíochtaí le cárta ina raon feidhme.

(5)       Le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19] déantar comhchuibhiú ar rialacha áirithe maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir thomhaltóirí agus trádálaithe, lena n-áirítear rialacha i dtaobh táillí ar mhodh íocaíochta a úsáid, ar an mbonn sin is gá do Bhallstáit toirmeasc a chur ar thrádálaithe ó bheith ag gearradh táillí ar thomhaltóirí, maidir le modh íocaíochta ar leith a úsáid, a sháraíonn na costais atá ar an trádálaí a íoc as an modh íocaíochta ar leith sin a úsáid.

(6)       Tá íocaíochtaí leictreonacha atá slán, éifeachtúil agus nuálach ríthábhachtach má tá tomhaltóirí, miondíoltóirí agus cuideachtaí leis na tairbhí iomlána a bhaint as margadh inmheánach agus is ag méadú atá an tábhacht sin de réir mar a ghluaiseann an domhan i dtreo na ríomhthrádála.

(7)       Táthar ag réiteach reachtaíochta i roinnt Ballstát[20] chun táillí idirmhalaithe a rialáil, lena gcumhdaítear roinnt cheisteanna, lena n-áirítear uasteorainneacha ar tháillí ar idirmhalartú ar léibhéil éagsúla, táillí do cheannaithe, na rialacha maidir le Glacadh le Gach Cárta nó bearta stiúrtha. Tá éagsúlachtaí móra idir na cinntí riaracháin atá ann cheana i roinnt Ballstát. Ag féachaint don díobháil a dhéantar le táillí ar idirmhalartú do mhiondíoltóirí agus do thomhaltóirí araon, is féidir bheith ag tnúth le níos mó bearta rialúcháin ar an leibhéal náisiúnta agus iad dírithe ar aghaidh a thabhairt ar leibhéal agus ar éagsúlacht na dtáillí.  Ba dhóchúla gur bhacainní suntasacha ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh a bheadh mar thoradh ar bhearta náisiúnta den sórt sin i réimsí cártaí, idirlíon, íocaíochtaí ar fhóin phóca bunaithe ar chártaí agus dá bhrí sin bheadh siad ina mbac ar an saoirse seirbhísí a sholáthair.

(8)       Is iad cártaí íocaíochtaí an ionstraim íocaíochta leictreonaí is minicí a úsáidtear i gceannacháin mhiondíola. Ach, is fada ó cheanna scríbe atá comhtháthú mhargadh chártaí íocaíochta an Aontais toisc nach féidir le mórán réiteach íocaíochta forbairt thar a dteorainneacha náisiúnta nó toisc go gcuirtear bac ar sholáthraithe nua uile-Aontais ó dhul isteach sa mhargadh. Tá mar thoradh ar an easpa comhtháthaithe sa mhargadh inmheánach praghsanna níos airde agus rogha níos teoranta maidir le seirbhísí íocaíochta a bheith ag tomhaltóirí agus ag miondíoltóirí , agus deiseanna níos teoranta a bheith ann leas a bhaint as an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur leis na bacainní ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh cártaí, lena n-áirítear íocaíochtaí ar fhóin phóca agus ar an idirlíon atá bunaithe ar idirbhearta le cártaí lena gcruthaítear bacainní fós maidir le himscaradh margaidh atá go hiomlán comhtháite.

(9)       D'fhonn feidhmiú éifeachtach an margaidh inmheánaigh a chumasú, ba cheart úsáid íocaíochtaí leictreonacha a chur chun cinn agus a éascú ar mhaithe le miondíoltóirí agus ar mhaithe le tomhaltóirí. Is féidir cártaí mar aon le híocaíochtaí leictreonacha eile a úsáid ar shlí níos ildánai, lena n-áirítear deiseanna íocaiochtaí ar líne a dhéanamh d'fhonn leas a bhaint as an margadh inmheánach agus ríomhthráchtáil agus cuirtear íocaíochtaí a d'fhéadfadh bheith slán ar fáil  do mhiondíoltóirí chomh maith le híocaíochtaí leictreonacha. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh cártaí agus íocaíochtaí le cárta in áit úsáid a bhaint as airgead tirim a bheith tairbhiúil do mhiondíoltóirí agus do thomhaltóirí, ach na táillí ar na córais íocaíochta a bheith socraithe ar leibhéal éifeachtach, agus ag rannchuidiú le  nuálaíocht agus le hoibreoirí nua a theacht isteach sa mhargadh.

(10)     Ceann de na nósanna is mó a chuireann bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le cártaí agus íocaíochtaí le cártaí is ea go bhfuil táillí  idirmhalartaithe chomh forleathan ann, agus gan iad a bheith faoi réir ag aon reachtaíocht i bhformhór na mBallstát. Is éard atá i dtáillí idirmhalartaithe táillí idir-bhanc a ghearrtar idir na soláthraithe seirbhíse cárta íocaíochta fála agus na soláthróirí seirbhíse cárta íocaíochta eisiúna a bhaineann le scéim áirithe. Táillí ar idirmhalartú is ea mórchuid de na táillí a bhíonn á ngearradh ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála ar cheannaithe as gach idirbheart cárta. Cuireann ceannaithe, ar a seal, na costais chártaí seo le costais ghinearálta earraí agus seirbhísí.. Is léir sa chleachtas go bhfuil an iomaíocht idir scéimeanna cárta dírithe tríd is tríd ar a áitiú ar an méid is mó is féidir solátharaithe seirbhíse íocaíochta eisiúna (e.g. bainc) a gcuid cártaí a eisiúint, rud as a dtagann táillí idirmhalartaithe níos airde seachas  níos ísle ar an margadh i gcodarsnacht le gnáthéifeacht smachta praghsanna a thagann as iomaíocht i ngeilleagar margaidh.  Chuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh dá ndéandfaí táillí idirmhalartaithe a rialáil.

(11)     Tá éagsúlacht mhór agus leibhéal na dtáillí idirmhalartaithe a mhaireann faoi láthair ag cur bac le himreoirí 'nua' uile-Aontais a theacht chun cinn a bheadh bunaithe ar shamhlacha gnó le taillí idirmhalartaithe níos ísle agus chun aimhleasa barainneachtaí ionchasacha scála agus scóipe agus do na héifeachtúlacht a thiocfadh astu. Bíonn tionchar diúltach aige seo ar mhiondíoltóirí agus ar thomhaltóirí agus cuirtear bac ar nuálaíocht. Os rud é go mbeadh ar imreoirí uile-Aontais ar a laghad an leibhéal is airde táille idirmhalartaithe, atá ann cheana sa mhargadh ar mian leo dul isteach ann,  a thairiscint do bhainc eisiúna, toradh eile is ea go leantar den ilroinnt an mhargaidh.  D'fhéadfaí scéimeanna ina dtíortha féin atá gan táillí idirmhalartaithe nó ina bhfuil siad níos ísle, a bhrú amach as an margadh toisc an brú ó bhainc a bhíonn sa tóir ar an ioncam is mó ó tháillí idirmhalartaithe. Mar thoradh, tá ar thomhaltóirí agus ar cheannaithe araon aghaidh a thabhairt ar rogha níos teoranta agus caighdeán níos ísle seirbhísí íocaíochta cé go bhfuil srian ar a gcumas réitigh íocaíochta uile-Aontais a úsáid. Ina theannta sin, ní féidir le miondíoltóirí na difríochtaí táille a shárú trí úsáid a bhaint as seirbhísí glactha cártaí a thairgeann bainc i mBallstáit eile; i rialacha sonracha a chuireann scéimeanna íocaíochta i bhfeidhm forordaítear an táille idirmhalartaithe a chur i bhfeidhm ag an 'Díolphointe' (tír an miondíoltóra) do gach idirbheart íocaíochta. Cuireann sé seo cosc ar bhainc a seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasteorann go rathúil . Cuireann sé cosc chomh maith ar mhiondíoltóirí a gcostais íocaíochta a laghdú chun leasa  tomhaltóirí.

(12)     Níl ag éirí leis an gCoimisiún ná leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta trí bhíthin na reachtaíochta atá ann cheana a chur i bhfeidhm an cás seo a cheartú.

(13)     Dá bhrí sin, chun go seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus saobhadh suntasach san iomaíocht trí dhlíthe éagsúla agus cinntí riaracháin éagsúla, tá gá le, i gcomhréir le hAirteagal 114 CFAE, bearta a dhéanamh le aghaidh a thabhairt ar fhadhb seo na dtáillí idirmhalartaithe arda agus éagsúla, a chuirfeadh ar chumas soláthraithe seirbhísí íocaíochta a seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann agus ar chumas tomhaltóirí agus miondíoltóirí seirbhísí trasteorann a úsáid.

(14)     Cuirtear i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta naisiúnta ná gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais. Níor cheart dó cosc a chur le Ballstáit uasteorainneacha níos ísle nó bearta arb ionann cuspóir dóibh a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach nó a chur i gcrích le reachtaíocht náisiúnta.

(15)     Cur chuige céimnithe atá ag an Rialachán seo. Mar chéad chéim, tá sé riachtanach bearta a dhéanamh chun éascú a dhéanamh ar eisiúint agus fáil trasteorann idirbhearta le cártaí íocaíochtaí. Ba cheart  an soiléire dhlíthiúil a theastaíonn a chur ar fáil trína chur ar chumas ceannaithe faighteoir a roghnú lasmuigh dá mBallstát féin (fáil trasteorann) agus uasleibhéal a fhochur ar tháillí idirmhalartaithe trasteorann i gcás idirbhearta faighte trasteorann. De bhreis air sin, ba cheart ceadúnais eisiúna agus fála d'ionstraimí íocaíochta bheith bailí gan srianta geografacha laistigh den Aontas. D'éascódh na bearta seo feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh íocaíochtaí le cárta, idirlín agus ar fhóin phóca, chun sochair tomhaltóirí agus miondíoltóirí.

(16)     Mar gheall ar ghnóthais agus ar ghealltanais aontaobhacha a glacadh faoi chuimsiú nósanna imeachta iomaíochta, urramaítear na huastáillí idirmhalartaithe is infheidhme maidir le chéad chéim an Rialacháin seo i gcás mórán idirbheart íocaíochta le cárta a dhéantar san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart do na forálacha a bhaineann leis na hidirbhearta sin teacht i bhfeidhm go mear, rud a chruthódh deiseanna do mhiondíoltóirí seirbhísí fála a lorg thar teorainn agus a spreagfadh pobail bhaincéireachta nó scéimeanna baincéireachta sa tír féin a dtáillí fála a laghdú.

(17)     Teastaíonn idirthréimhse i gcás idirbheart intíre chun am a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta iad féin a chur in oirúint do na ceanglais nua. Da bhrí sin, tar éis tréimhse dhá bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le chomhlánú ar mhargadh inmheánach d'íocaíochtaí le cárta, ba cheart na huasteorainneacha ar tháillí idirmhalartaithe d'idirbhearta le cárta tomhaltóirí a shíneadh chun gach íocaíocht idir thrasteorann agus intíre a chumhdach.

(18)     D'fonn fáil trasteorann a éascú ba cheart uastáille idirmhalartaithe 0.20% a bheith ar gach (trasteorainn agus intíre) idirbheart ar chárta dochair 'tomhaltóra' agus uastáille idirmhalartaithe 0.30% a bheith ar gach (trasteorainn agus intíre) idirbheart ar chárta creidmheasa 'tomhaltóra' agus idirbhearta íocaíochta le cárta bunaithe orthu sin.

(19)     Tá na huasteorainneacha sin bunaithe ar rud ar a dtugtar 'Tastáil Neafaise an Cheannaí' a forbraíodh i litríocht na heacnamaíochta, lena n-aithnítear an leibhéal táille a bheadh ceannaí sásta a íoc dá gcuirfeadh sé costas úsáide cárta íocaíochta don chustaiméir i gcomparáid le híocaíocht gan chárta (airgead tirim) (ag cur san áireamh an táille a íoctar le bainc fála as seirbhís, i.e. muirear seirbhíse ceannaí a thagann anuas ar an táille idirmhalartaithe.). Ar an gcaoi sin spreagtar úsáid ionstraimí íocaíochta éifeachtúla trí chur chun cinn na gcártaí sin a thugann sochair idirbhirt níos airde, agus ag an am céanna coisctear táillí díréireacha ar cheannaithe, rud as a dtiocfadh costais fholaithe do chustaiméirí eile. Murach sin d'fheadfadh táillí iomarcacha do cheannaithe bheith ann i ngeall ar shocruithe comhchoiteanna do tháillí idirmhalartaithe, toisc go bhfuil drogall ar cheannaithe cúl a thabhairt d'ionstraimí íocaíochta costasacha ar eagla go gcaillfidís deiseanna gnó. Léiríonn an taithí go bhfuil na leibhéil sin comhréireach, toisc nach dtógtar ceist leo faoi oibriú scéimeanna idirnáisiúnta cártaí ná soláthraithe seirbhíse íocaíochta. Cuireann siad leasanna ar fáil do mhiondíoltóirí agus do thomhaltóirí chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil.

(20)     Leis an Rialachán seo ba cheart go gcumhdófaí gach idirbheart a bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaithe bunaithe san Aontas.

(21)     I gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche a leagtar amach sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hidirbhearta íocaíochta le cárta beag beann ar an timpeallacht ina dtárlaíonn an t-idirbheart sin, lena n-áirítear trí ionstraim íocaíochta mhiondíola agus seirbhísí ar feidir iad a bheith as líne, ar líne nó ar fhóin phóca.

(22)     Go ginearálta, déantar idirbhearta le cárta íocaíochta bunaithe ar dhá phríomhshamhail gnó, mar a deirtear le scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí (sealbhóir cárta – scéim fála agus eisiúna – ceannaí) agus scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí (sealbhóir cártaí – banc eisiúna – banc fála – ceannaí). Is mó scéim chártaí íocaíochta ceithre pháirtí atá ag úsáid táille idirmhalartaithe go follasach, iltaobhach don chuid is mó. Bíonn taillí idirmhalartaithe (táillí arna n-íoc ag bainc fála chun eisiúint agus úsáid cártaí spreagadh) intuigthe le scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí. D'fhonn a aithint gurb ann do tháillí idirmhalartaithe intuigthe agus d'fhonn rannchuidiú le machaire réidh  a chruthú, ba cheart glacadh le scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí a úsáideann soláthraithe seirbhíse íocaíochta mar eisitheoirí nó mar fhaighteoirí amhail is gur scéimeanna cártaí íocaíochta ceithre pháirtí iad agus ba bheart dóibh na rialacha céanna a leanúint, agus ba cheart feidhm a bheith ag bearta trédhearcachta agus bearta eile a bhaineann le rialacha gnó maidir le gach soláthraí.

(23)     Tá sé tábhachtach a áirithiú nach rachfaí timpeall ar na forálacha a bhaineann le táillí idirmhalartaithe a bheadh le híoc nó le fáil ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta trí shreabhadh malartacha táillí go soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna. D'fhonn an méid  seo a sheachaint, ba cheart glacadh leis an "glanchúiteamh" de tháillí íoctha agus faighte ag soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna ó scéim chártaí íocaíochta mar an taille idirmhalartaithe. Nuair a bhíonn an táille idirmhalartaithe á ríomhadh, chun  a shuíomh  an bhfuil imeacht timpeall ar bun, ba cheart iomlán na n-íocaíochtaí nó na ndreasachtaí faighte ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna ó scéim cártaí íocaíochta i dtaobh na n-idirbheart arna rialú lúide na táillí a d'íoc an soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna leis an scéim a chur san áireamh. D'fhéadfaí glacadh le híocaíochtaí, dreasachtaí agus táillí díreacha (i.e bunaithe ar a líon) nó go hindíreach (lena n-áirítear dreasachtaí margaidh, bónais, lacáistí as líon áirithe idirbheart a bhaint amach).

(24)     Is minic nach mbíonn tomhaltóiri ar an eolas faoi na táillí a íocann ceannaithe as an ionstraim a úsáideann siad. Ag an am céanna trí bhíthin sraithe cleachtas dreasaithe a chuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna i bhfeidhm (amhail dearbháin iompair, préimheanna, lacáistí, árachas saor, etc.) féadfar tomhaltóirí a stiúrú i dtreo ionstraimí íocaíochta a ghineann táillí arda do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna. Le cur ina choinne seo, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta a fhorchuireann bacainní ar thaillí idirmhalartaithe ach amháin i gcás cártaí íocaíochta atá anois ina n-olltáirgí agus a mbíonn deacracht go ginearálta ag ceannaithe diúltú dóibh de thoradh ar chomh forleathan is a eisítear iad agus a úsáidtear iad (i.e. cártaí dochair tomhaltoirí agus cártaí creidmheasa tomhaltóirí). Le súil agus feidhmiú éifeachtach an mhargaidh a neartú sna codanna neamhrialáilte sin den earnáil chomh maith leis an meid gnó a aistreoidh ó pháirt rialáilte go páirt neamhrialáilte na hearnála a choimeád faoi smacht, is gá sraith beartanna a ghlacadh, lena n-áirítear an scéim a scarúint ón mbonneagar, an t-íocóir arna stiúradh ag an t-íocaí agus glacadh roghnaitheach le hionstraimí íocaíochta ag an íocaí.

(25)     Ba cheart go bhféadfadh gach próiseálaí dul in iomaíocht le haghaidh chustaiméirí na scéimeanna ach an scéim agus an bonneagar a scarúint. Os rud é gurb é an costas próiseála cuid mhór den chostas iomlán atá ar ghlacadh le cártaí, ta sé tábhachtach go n-osclófaí an chuid seo den slabhra breisluacha i dtreo iomaíochais atá éifeachtach. Ar bhonn an scéim agus an bonneagar a scarúint óna chéile, ba cheart  scéimeanna cártaí agus eintitis próiseála bheith neamhspleách ó thaobh foirme dlíthiúla, eagrúcháin agus cinnteoireachta. Níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh , mar shampla, trí chóir fhabhrach a thabhairt dá chéile nó trí fhaisnéis phribhléide a roinnt nach bhfuil ar fáil ag a n-iomaitheoirí maidir lena ndeighleog féin den mhargadh, ná trí bharraíocht ceanglas faisneise a fhorchur ar a n-iomaitheoir ina ndeighleog féin den mhargadh, trí bheith ag tras-fhóirdheonú a gcuid imeachtaí faoi seach nó trí chomhshocruithe rialachais a bheith acu. Cuireann cleachtais idirdhealaitheacha mar iad le hilroinnt margaidh, le tionchar diúltach a bheith ar imreoirí nua  teacht isteach i margadh agus cuireann bac ar imreoirí uile-Aontais  teacht chun cinn agus dá bhrí sin tá siad ina mbacainní suntasacha ar chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh cártaí, idirlín, íocaíochtaí ar fhóin phóca agus tá siad díobhálach do mhiondíoltóirí, cuideachtaí agus tomhaltóirí.

(26)     I ngeall ar rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna agus cleachtais  cártaí íocaíochta arna gcur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta, is gnách go bhfanann ceannaithe agus tomhaltóirí aineolach faoi dhifríochtaí idir táillí agus laghdaítear trédhearcacht  margaidh, mar shampla trí tháillí a 'chumasc' nó trí cheannaithe a thoirmisc ó bhranda cárta níos saoire a roghnú ar chártaí comhbhrandáilte nó tomhaltóirí a stiúradh chun na cártaí níos saoire sin a úsáid. Fiú má tá ceannaithe ar an eolas faoi na costais dhifriúla, is minic a chuireann na rialacha scéime cosc orthu gníomhú leis na táillí a laghdú.

(27)     Beidh costais difriúla don íocaí le hionstraim íocaíochta, agus beidh ionstraim áirithe níos costasaí ná cinn eile. Seachas nuair atá ionstraim íocaíochta arna fhorchur ag an dlí i gcatagóirí áirithe íocaíochta nó nach feidir í a dhiúltú toisc a stádas mar airgead dlíthairgthe, ba cheart cead a chinn a bheith ag an íocaí íocóirí a threorú i dtreo úsáid a bhaint as ionstraim shonrach íocaíochta.  Forchuireann scéimeanna cártaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta roinnt srianta ar íocaithe sa chaoi seo, lena n-áirítear samplaí cosúil le srianta ar dhiúltú ón íocaí ionstraimí íocaíochta sonracha do shuimeanna beaga, ar sholáthar faisnéise don íocóir ar na táillí arna dtabhúag an íocaí as ionstraimí íocaíochta shonracha nó teorannú forchurtha ar an íocaí maidir leis an líon scipéad ina shiopa a ghlacann le hionstraimí íocaíochta sonracha. Ba cheart deireadh a chur leis na srianta sin.

(28)     I gcomhréir le hAirteagal 55 den togra COM (2013)547 féadfaidh an t-íocaí an t-íocóir a stiúradh i dtreo ionstraim íocaíochta shonrach a úsáid. Ach, níor cheart don íocaí taille ar bith a lorg as ionstraimí a úsáid a bhfuil taillí idirmhalartaithe rialaithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, toisc gur n-éiríonn na buntáistí a bhaineann le ró-ghearradh teoranta agus go gcruthaítear castacht sa mhargadh.

(29)     Tá dhá oibleagáid i gceist leis an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta arna forchur ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna agus ag scéimeanna cártaí íocaíochta ar íocaithe, ar an dtaobh amháin, glacadh leis na cartaí go léir ón mbranda céanna (eilimint 'Glacadh le gach Táirge'), beag beann ar chostais dhifriúla na gcártaí seo, agus ar an dtaobh eile beag beann ar an mbanc eisiúna aonair ata tar eis an cárta a eisiúint (eilimint 'Glacadh le gach Eisitheoir'). Is chun leasa an tomhaltóra é maidir leis an gcatagóir céanna cártaí, nach féidir leis an íocaí idirdhealú a dhéanamh idir eisitheoirí agus sealbhóirí cárta, agus is féidir le scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta oibleagáidí mar iad a fhorchur orthu. Dá bhrí sin, cé go bhfuil eilimint 'Glacadh le gach Eisitheoir' den Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta réasúnta laistigh de chóras cártaí íocaíochta, ós rud é go gcuirtear bac ar íocaithe  idirdhealú a dhéanamh idir bhainc aonair ata tar éis cárta a eisiúint, is cleachtas nasctha go bunúsach atá san eilimint 'Glacadh le gach Táirge'), a bhfuil d'éifeacht aige inghlacthacht chártaí ar tháillí ísle a nascadh le inghlacthacht chártaí ar tháillí arda. Dá mbainfí an eilimint 'Glacadh le gach Táirge' ón Riail maidir le Glacadh le Gach Carta chuirfí ar chumas ceannaithe an rogha cártaí íocaíochta a chuireann siad ar fáil a theorannú go dtí na cartaí íocaíochta  ar chostas íseal nó níos ísle, rud a bheadh chun leasa na dtomhaltóirí trí chostais laghdaithe ar cheannaithe. Ní bheadh brú ar cheannaithe a a ghlacann le cártaí dochair dá réir glacadh le cártaí creidmheasa ná ní bheadh brú orthu siúd ghlacann le cártaí creimheasa glacadh le cártaí tráchtála. Ach, chun an tomhaltóir a chosaint agus a chumas cártaí íocaíochta a úsáid chomh minic agus is féidir, ba cheart oibleagáid a bheith ar cheannaithe glacadh le gach cárta ata faoi réir ag an taille idirmhalartaithe rialáilte céanna. Bheadh níos mó iomaíochta i réim de thoradh ar theorannú mar sin i gcás cártaí le táillí idirmhalartaithe nach  rialáitear faoin Rialachán seo, toisc go mbeadh níos mó cumhachta idirbheartaíochta ag ceannaithe ó thaobh na ndálaí faoina nglacann siad le cártaí.

(30)     Tá faisneis áirithe fíor-riachtanach le go bhfeidhmeoidh go réidh na srianta ar an Riail maidir le Glacadh le Gach Cárta. Sa chéad áit, ba cheart d'íocaithe a bheith ábalta na catagóirí difriúla cárta a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na catagóirí éagsúla sothaitheanta don radharc agus go leictreonach ar an ngléas. Sa dara áit, ba cheart an –t‑íocóir a chur ar an eolas chomh maith maidir le glacadh lena iomstraime/ionstraimí ag díolphointe. Tá sé de riachtanas go mbeadh aon srian ar úsáid branda áirithe fógraithe ag an íocaí don íocóir ag an am céanna agus faoi na dálaí céanna agus an fhaisnéis a deir go bhfuil glacadh le branda áirithe.

(31)     D'fhonn a áirithiú gur féidir cúiteamh a dhéanamh i gcás ina mbíonn an Rialachán curtha i bhfeidhm go héagórach nó nuair a éiríonn díospóidí idir úsáideoirí seirbhíse íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí iocaíochta, ba cheart do Bhallstait nósanna imeachta gearáin agus cúitimh lasmuighdenchúirt a bhunú atá imleor agus éifeachtach. Ba cheart do Bhallstáit rialacha a leagadh síos i dtaobh na bpionós is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus go gcuirfear i bhfeidhm iad.

(32)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon le haghaidh ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh idirbhearta le cárta íocaíochta agus idirbhearta ar an idirlíon agus ar fhóin phóca atá bunaithe ar íocaíochtaí le cárta , agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

(33)     Comhlíonann an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1 Raon feidhme

1.           Leagtar síos sa Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha theicniúla agus ghnó maidir le hidirbhearta le cárta íocaíochta arna ndéanamh laistigh den Aontas, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bunaithe ann.

2.           Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hionstraimí íocaíochta nach féidir a úsáid ach laistigh de líonra teoranta a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bheachta trí ionstraimí íocaíochta nach bhfuil le húsáid ach ar bhealach teoranta, mar ní ligeann siad don sealbhóir ionstraime sonrach earraí ná seirbhísí a fháil ach ar áitreabh an eisitheora, laistigh de líonra teoranta soláthraithe seirbhíse atá faoi chomhaontú díreach tráchtála le heisitheoir gairmiúil, nó mar nach féidir iad a úsáid ach chun raon teoranta earraí nó seirbhísí a fháil.

3.           Ní feidhm ag Caibidil II maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) idirbhearta le cártaí tráchtála,

(b) aistarraingt airgid thirim ag uathmheaisíní bainc agus

(c) idirbhearta le cártaí arna n‑eisiúint ag scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí.

4.           Níl feidhm ag Airteagal 7 maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta trí pháirtí.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'faighteoir' soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil conradh aige go díreach nó go hindíreach le híocaí le haghaidh idirbhearta íocaíochta an íocaí a phróiseáil;

(2) ciallaíonn 'eisitheoir' soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil conradh aige go díreach nó go hindíreach le híocóir chun idirbhearta íocaíochta an íocóra a thionscnamh, a phróiseáil agus a shocrú;

(3) ciallaíonn 'tomhaltóir' duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó ná gairm an duine sin;

(4) ciallaíonn 'idirbheart le cárta dochair' idirbheart íocaíochta le cárta, lena n‑áirítear cártaí réamhíoctha, atá nasctha le cuntas reatha nó dochair a gcuirtear idirbheart dá dhochar laistigh de 48 uair an chloig tar éis an t‑idirbheart a bheith údaraithe/tionscanta;

(5) ciallaíonn 'idirbheart le cárta creidmheasa' idirbheart íocaíochta le cárta i gcás ina socraítear an t‑idirbheart níos mó ná 48 uair an chloig tar éis an t‑idirbheart a bheith údaraithe/tionscanta;

(6) ciallaíonn 'cárta tráchtála' aon chárta íocaíochta a eisítear do ghnóthais nó eintitis earnála poiblí a bhfuil a úsáid teoranta do chostais ghnó fostaithe nó státseirbhíseach, nó aon chárta a eisítear do dhaoine nádúrtha féinfhostaithe atá i mbun gníomhaíochta gnó a bhfuil a úsáid teoranta do chostais ghnó na ndaoine nádúrtha féinfhostaithe sin nó a bhfostaithe;

(7) ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta le cárta' seirbhís a úsáidtear chun idirbheart íocaíochta a chur i gcrích trí bhíthin aon chárta, aon fheiste nó bogearra teileachumarsáide, teicneolaíochta faisnéise nó atá digiteach más idirbheart le cárta íocaíochta a bheidh mar thoradh uirthi. Ní áirítear ar idirbhearta íocaíochta le cárta idirbhearta atá bunaithe ar chineálacha eile seirbhísí íocaíochta.

(8) ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta trasteorann' íocaíocht le cárta nó idirbheart íocaíochta le cárta a thionscnaíonn íocóir nó íocaí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i gcás ina n‑eisíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna atá bunaithe i mBallstát nach é Ballstát an díolphointe é an cárta íocaíochta.

(9) ciallaíonn 'táille idirmhalartaithe' táille a íoctar ar gach idirbheart go díreach nó go hindíreach (i.e. trí thríú páirtí) idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí atá i mbun idirbhirt le cárta íocaíochta nó idirbhirt atá bunaithe ar chárta íocaíochta;

(10) ciallaíonn 'muirear seirbhíse ceannaí' táille a íocann an t‑íocaí leis an bhfaighteoir ar gach idirbheart lena mbaineann an táille idirmhalartaithe, an scéim íocaíochta agus an táille próiseála agus corrlach an fhaighteora;

(11) ciallaíonn 'íocaí' duine nádúrtha nó dlítheanach a bheartaítear mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta;

(12) ciallaíonn 'íocóir' duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann ordú íocaíochta;

(13) ciallaíonn 'scéim cártaí íocaíochta' sraith aonair rialacha, cleachtas, caighdeán agus/nó treoirlínte cur chun feidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta a dhéanamh ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit, agus atá scartha ó aon bhonneagar nó córas íocaíochta lena dtacaítear lena feidhmiú;

(14) ciallaíonn 'scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí' scéim cártaí íocaíochta ina ndéantar íocaíochtaí ó chuntas íocaíochta shealbhóir an chárta chuig cuntas íocaíochta an íocaí trí idirghabháil na scéime, trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta a eisíonn cártaí íocaíochta (ar thaobh shealbhóir an chárta) agus trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta fála (ar thaobh an íocaí), agus idirbhearta le cárta atá bunaithe ar an struchtúr céanna;

(15) ciallaíonn 'scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí' scéim cártaí íocaíochta ina ndéantar íocaíochtaí ó chuntas íocaíochta atá i seilbh na scéime thar ceann shealbhóir an chárta chuig cuntas íocaíochta atá i seilbh na scéime thar ceann an íocaí, agus idirbhearta le cárta atá bunaithe ar an struchtúr céanna. Nuair a thugann scéim cártaí íocaíochta trí pháirtí ceadúnas do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta eile cártaí íocaíochta a eisiúint agus/nó a fháil, breathnaítear uirthi mar scéim cártaí íocaíochta ceithre pháirtí;

(16) ciallaíonn 'ionstraim íocaíochta' aon fheistí pearsantaithe agus/nó sraith nósanna imeachta atá comhaontaithe ag an úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus a úsáideann an t‑úsáideoir seirbhíse íocaíochta, nó a úsáidtear thar a cheann, chun ordú íocaíochta a thionscnamh;

(17) ciallaíonn 'ionstraim íocaíochta le cárta' aon ionstraim íocaíochta, lena n‑áirítear cárta, fón póca, ríomhaire nó aon fheiste theicneolaíoch eile ina bhfuil an feidhmchlár iomchuí, a úsáideann an t‑íocóir chun ordú íocaíochta a thionscnamh nach aistriú creidmheasa ná dochar díreach é mar atá sainithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012. ;

(18) ciallaíonn 'feidhmchlár íocaíochta' bogearra ríomhaireachta nó a choibhéis atá lódáilte ar thiomántán ionas gur féidir idirbhearta íocaíochta le cárta a thionscnamh agus gur féidir leis an íocóir orduithe íocaíochta a eisiúint;

(19) ciallaíonn 'ordú íocaíochta' aon treoir a thugann íocóir dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ina n‑iarrtar idirbheart íocaíochta a dhéanamh;

(20) ciallaíonn 'idirbheart le cárta íocaíochta' idirbheart íocaíochta a dhéantar le cárta íocaíochta nó lena n‑úsáidtear an bonneagar a bhaineann le hidirbheart le cárta íocaíochta agus atá bunaithe ar na rialacha gnó maidir le hidirbheart le cárta íocaíochta; '

(21) ciallaíonn 'soláthraí seirbhíse íocaíochta' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil údarú aige seirbhísí íocaíochta atá liostaithe san iarscríbhinn de Threoir 2007/64/CE a chur ar fáil. Is féidir le soláthraí seirbhíse íocaíochta bheith ina eisitheoir nó ina fhaighteoir nó ina eisitheoir agus ina fhaighteoir;

(22) ciallaíonn 'úsáideoir seirbhíse íocaíochta' duine nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta i gcáil íocóra nó íocaí, nó sa dá cháil sin;

(23) ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta' gníomh, a thionscnaíonn an t‑íocóir, nó a thionscnaítear thar a cheann, nó a thionscnaíonn an t‑íocaí a aistríonn cistí, cibé bunoibleagáidí atá idir an t-íocóir agus an t-íocaí;

(24) ciallaíonn 'próiseáil' seirbhísí próiseála d'idirbhearta íocaíochta a fheidhmiú ó thaobh na mbeart is gá chun treoir íocaíochta idir an faighteoir agus an t‑eisitheoir a láimhseáil. ;

(25) ciallaíonn 'eintiteas próiseála' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhísí próiseála d'idirbhearta íocaíochta ar fáil;

Caibidil II

Táillí idirmhalartaithe

Airteagal 3 Táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta trasteorann tomhaltóirí le cárta dochair nó creidmheasa

1.           Le héifeacht ón dara mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, i dtaca le hidirbhearta trasteorann le cárta dochair, táille idirmhalartaithe in aghaidh an idirbhirt nó luach saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach leis atá os cionn 0.2 % de luach an idirbhirt.

2.           Le héifeacht ón dara mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, i dtaca le hidirbhearta trasteorann le cárta creidmheasa, táille idirmhalartaithe in aghaidh an idirbhirt nó luach saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach leis atá os cionn 0.3 % de luach an idirbhirt.

Airteagal 4 Táillí idirmhalartaithe ar na hidirbhearta tomhaltóra uile le cárta dochair nó creidmheasa

3.           Le héifeacht ón dara bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh an idirbhirt nó luach saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach leis atá os cionn 0.2 % de luach an idirbhirt, i dtaca le haon idirbheart le cárta dochair.

4.           Le héifeacht ón dara bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ní thairgfidh ná ní iarrfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta táille idirmhalartaithe in aghaidh an idirbhirt nó luach saothair comhaontaithe eile a bhfuil cuspóir coibhéiseach nó éifeacht choibhéiseach leis os cionn 0.3 % de luach an idirbhirt, i dtaca le haon idirbheart le cárta creidmheasa.

Airteagal 5 Imchéimniú a thoirmeasc

1.           Chun críocha chur i bhfeidhm na n‑uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4, measfar gur cuid den táille idirmhalartaithe aon ghlanchúiteamh a gheobhaidh banc eisiúna ó scéim cártaí íocaíochta i ndáil le hidirbhearta íocaíochta nó gníomhaíochtaí lena mbaineann.

Caibidil III

Rialacha gnó

Airteagal 6 Ceadúnú

1.           Beidh toirmeasc ar aon srianta críche laistigh den Aontas nó rialacha ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach i gcomhaontuithe ceadúnúcháin maidir le cártaí íocaíochta a eisiúint nó idirbhearta le cárta íocaíochta a fháil.

2.           Beidh toirmeasc ar aon srianta críche laistigh den Aontas nó rialacha lena ngabhann éifeacht choibhéiseach sna rialacha maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta ceithre pháirtí.

3.           Beidh toirmeasc ar aon cheanglas nó oibleagáid maidir le ceadúnas nó údarú ó thír shonrach a fháil chun feidhmiú ar bhonn trasteorann nó riail ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach i gcomhaontuithe ceadúnúcháin maidir le cártaí íocaíochta a eisiúint nó idirbhearta le cárta íocaíochta a fháil.

4.           Beidh toirmeasc ar aon cheanglas nó oibleagáid maidir le ceadúnas nó údarú ó thír shonrach a fháil chun feidhmiú ar bhonn trasteorann nó rialacha ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach sna rialacha maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta ceithre pháirtí.

Airteagal 7 An scéim cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála a dheighilt

1.           Beidh scéimeanna cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála neamhspleách ó thaobh foirme dlíthiúla, eagrúcháin agus cinnteoireachta. Ní dhéanfaidh siad idirdhealú ar aon bhealach idir a bhfochuideachtaí nó a scairshealbhóirí ar thaobh amháin agus úsáideoirí na scéimeanna sin agus comhpháirtithe conarthacha eile ar an taobh eile agus ní chuirfidh siad aon choinníollacha le soláthar aon seirbhíse a thairgeann siad tar éis dá bpáirtí conarthach glacadh le haon seirbhís eile a thairgeann siad.

2.           Le scéimeanna cártaí íocaíochta beidh eintitis phróiseála éagsúla in ann teachtaireachtaí maidir le húdarú agus imréiteach i ndáil le hidirbhearta aonair le cárta a dheighilt agus a phróiseáil.

3.           Beidh toirmeasc ar aon idirdhealú críche sna rialacha maidir le próiseáil arna bhfeidhmiú ag scéimeanna cártaí íocaíochta.

4.           Áiritheoidh eintitis phróiseála laistigh den Aontas go bhfuil a gcóras idir‑inoibritheach ó thaobh teicniúlachta de le córais eile eintiteas próiseála laistigh den Aontas trí na caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí caighdeánaithe idirnáisiúnta nó Eorpacha a úsáid. Ina theannta sin, ní ghlacfaidh eintitis phróiseála na rialacha gnó lena gcuirtear srian le hidir‑inoibritheacht le heintitis phróiseála eile laistigh den Aontas ná ní chuirfidh siad i bhfeidhm iad.

Airteagal 8 Comhlipéadú agus rogha maidir le feidhmchláir íocaíochta

1.           Beidh toirmeasc ar aon rialacha scéimeanna agus aon rialacha i gcomhaontuithe ceadúnúcháin lena gcuirtear bac nó cosc ar eisitheoir dhá bhranda éagsúla ionstraimí íocaíochta nó níos mó a chomhlipéadú ar chárta, nó ar fheiste teileachumarsáide, dhigiteach nó teicneolaíochta faisnéise.

2.           Beidh bonn cirt oibiachtúil le haon éagsúlacht sa chaoi a gcaitear le heisitheoirí nó faighteoirí i rialacha scéimeanna agus rialacha maidir le comhaontuithe ceadúnúcháin i ndáil le comhlipéadú ar chárta nó ar fheiste teileachumarsáide, dhigiteach nó teicneolaíochta faisnéise agus ní bheidh aon idirdhealú i gceist.

3.           Ní fhorchuirfear le scéimeanna cártaí íocaíochta ceanglais maidir le tuairisciú, oibleagáidí maidir le táillí a íoc nó oibleagáidí eile a bhfuil an aidhm nó an éifeacht chéanna leo maidir le cártaí a eisiúint agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a fháil d'idirbhearta a dhéantar ar aon fheiste ar a bhfuil a mbranda i ndáil le hidirbhearta nach n‑úsáidtear a scéim lena n‑aghaidh.

4.           Maidir le haon phrionsabail ródúcháin a bhfuil sé mar aidhm leo idirbhearta a threorú trí bhealach nó próiseas sonrach agus caighdeáin agus ceanglais theicniúla agus slándála eile i ndáil le níos mó ná branda cárta íocaíochta amháin a láimhseáil ar chárta nó ar fheiste teileachumarsáide, ar fheiste dhigiteach nó ar fheiste teicneolaíochta faisnéise, beidh siad neamh‑idirdhealaitheach agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach.

5.           I gcás ina dtugtar rogha le feiste íocaíochta idir bhrandaí éagsúla ionstraimí íocaíochta, is é an t‑íocóir ag an díolphointe a chinnfidh an branda atá le cur leis an idirbheart íocaíochta tráth na heisiúna.

6.           Maidir le scéimeanna cártaí íocaíochta, eisitheoirí, faighteoirí agus soláthraithe bonneagair do láimhseáil cártaí íocaíochta, ní chuirfidh siad isteach sásraí uathoibríocha, bogearraí ná feistí san ionstraim íocaíochta ná sa trealamh a chuirtear i bhfeidhm ag an díolphointe lena gcuirtear teorainn le rogha feidhmchláir an íocóra agus é ag úsáid ionstraime íocaíochta comhlipéadaithe.

Airteagal 9 Díchumasc

1.           Tairgfidh faighteoirí d'íocaithe agus gearrfaidh siad orthu muirir seirbhíse ceannaí ar leith atá sonraithe maidir le catagóirí éagsúla agus brandaí éagsúla cártaí íocaíochta murab é go n‑iarrann ceannaithe ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta fála i scríbhinn muirir seirbhíse ceannaí chumaisc a ghearradh.

2.           San áireamh i gcomhaontuithe idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála agus íocaithe beidh faisnéis ar leith atá sonraithe maidir le méid na muirear seirbhíse ceannaí, na dtáillí idirmhalartaithe agus na dtáillí scéime is infheidhme i ndáil le gach catagóir agus gach branda cártaí íocaíochta.

Airteagal 10 Rialacha maidir le Glacadh le Gach Cárta

1.           Ní chuirfidh scéimeanna íocaíochta agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta aon riail i bhfeidhm a d'fhéadfadh oibleagáid a chur ar íocaithe a ghlacann le cártaí agus ionstraimí íocaíochta eile arna n‑eisiúint ag aon soláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna amháin faoi chreat scéime ionstraimí íocaíochta glacadh le hionstraimí íocaíochta eile freisin den bhranda céanna agus/nó as an gcatagóir chéanna arna n‑eisiúint ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna eile laistigh de chreat na scéime céanna, murab é gur faoi réir na táille idirmhalartaithe rialáilte céanna atá siad.

2.           Tá an srian leis na rialacha maidir le Glacadh le Gach Cárta dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do scéimeanna íocaíochtaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta a d'fhéadfadh foráil a dhéanamh nach bhféadfar cártaí áirithe a dhiúltú ar bhonn chéannacht an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta eisiúna nó ar bhonn chéannacht shealbhóir an chárta.

3.           Ceannaithe a chinneann gan glacadh le gach cárta nó ionstraimí íocaíochta eile ó scéim cártaí íocaíochta, cuirfidh siad tomhaltóirí ar an eolas ar bhealach soiléir agus aonchiallach an tráth céanna a chuirfidh siad an tomhaltóir ar an eolas faoi ghlacadh le cártaí eile agus ionstraimí íocaíochta de chuid na scéime. Beidh an fhaisnéis sin ar taispeáint in áit fheiceálach ag bealach isteach an tsiopa, ag an scipéad airgid nó ar an suíomh gréasáin nó ar mheán eile leictreonach nó soghluaiste is infheidhme, agus tabharfar an fhaisnéis sin don tomhaltóir go tráthúil sula ndéanfaidh sé comhaontú ceannacháin leis an íocaí.

4.           Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta eisiúna gur féidir a n‑ionstraimí íocaíochta a aithint ar bhealach sofheicthe agus leictreonach, ionas gur féidir le híocaithe a aithint go soiléir cé na brandaí agus na catagóirí cártaí réamhíoctha, dochair, creidmheasa nó tráchtála nó íocaíochtaí le cárta atá bunaithe orthu sin a roghnaíonn an t‑íocóir.

Airteagal 11 Rialacha maidir le stiúradh

1.           Beidh toirmeasc ar aon riail i gcomhaontuithe ceadúnúcháin, rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus i gcomhaontuithe idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála agus íocaithe ina gcuirtear cosc ar íocaithe custaiméirí a stiúradh i dtreo aon ionstraim íocaíochta a úsáid is rogha leis an íocaí. Cumhdófar sa chosc sin aon riail lena gcuirtear cosc ar íocaithe fabhar a dhéanamh d’fheistí íocaíochta scéime ar leith.

2.           Beidh toirmeasc ar aon riail i gcomhaontuithe ceadúnúcháin, rialacha scéime arna gcur i bhfeidhm ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus i gcomhaontuithe idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta fála agus íocaithe ina gcuirtear cosc ar íocaithe íocóirí a chur ar an eolas faoi tháillí idirmhalartaithe agus muirir seirbhíse ceannaí.

3.           Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar do na rialacha maidir le muirir, laghduithe nó stiúradh eile atá leagtha amach in Airteagal 55 de thogra COM (2013)547 agus in Airteagal 19 de Threoir 2011/83/AE[21].

Airteagal 12 Faisnéis a thabhairt don íocaí faoi idirbhearta íocaíochta aonair

1.           Tar éis idirbheart íocaíochta aonair a dhéanamh, tabharfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí an fhaisnéis seo a leanas don íocaí:

(a) an tagairt lenar féidir leis an íocaí an t‑idirbheart íocaíochta a shainaithint;

(b) méid an idirbhirt íocaíochta san airgeadra ina gcuirtear suim de shochar cuntas íocaíochta an íocaí;

(c) méid aon mhuirear ar an idirbheart íocaíochta, agus méid na táille idirmhalartaithe á chur in iúl go leithleach.

Le réamhthoiliú sainráite an íocaí féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhiomlánú le branda, feidhmchlár, catagóirí ionstraime íocaíochta agus rátaí na dtáillí idirmhalartaithe is infheidhme maidir leis an idirbheart.

2.           Féadfar foráil a áireamh sna conarthaí idir faighteoirí agus íocaithe go dtabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, nó go gcuirfear ar fáil í, ar bhonn tréimhsiúil, uair sa mhí ar a laghad, agus ar bhealach comhaontaithe ionas gur féidir le híocaithe faisnéis a stóráil agus a atáirgeadh gan athrú.

Caibidil IV

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13 Údaráis inniúla

1.           Ainmneoidh na Ballstáit údaráis inniúla a mbeidh sé de chumhacht acu forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú agus dá dtabharfaidh cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin.

2.           Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.

3.           Féadfaidh na Ballstáit údaráis inniúla éagsúla a ainmniú.

4.           Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla sin laistigh de dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú dá éis sin maidir leis na húdaráis sin.

5.           Beidh acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh a gcuid cúraimí a dhéanamh.

6.           Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo go héifeachtach agus gach beart is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.

7.           Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hainmnithe dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an chirt achomhairc.

Airteagal 14 Smachtbhannaí

1.           Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.           Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún laistigh de dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú dá éis sin a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 15 Díospóidí a réiteach, nósanna imeachta maidir le gearáin agus sásamh lasmuigh den chúirt

1.           Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha éifeachtacha maidir le gearáin agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo idir íocaithe agus a soláthraithe seirbhíse íocaíochta a réiteach. Chun na gcríoch sin, ainmneoidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana, más iomchuí, nó bunóidh siad comhlachtaí nua.

2.           Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí sin laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú dá éis sin maidir leis na comhlachtaí sin.

Airteagal 16

Clásal athbhreithnithe

Ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil ón gCoimisiún breathnófar go háirithe ar cé chomh hiomchuí atá leibhéil na dtáillí idirmhalartaithe agus ar shásraí stiúrtha amhail muirir, agus úsáid agus costas modhanna éagsúla íocaíochta agus an leibhéal ar a dtagann gníomhaithe agus teicneolaíocht nua ar an margadh san áireamh.

Airteagal 17 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Féach mar shampla an togra úrnua maidir le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil bunghnéithe acu (COM)2013) 266 final an 8 Bealtaine 2013.

[2]               http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2007:319:0001:01:EN:HTML

[3]               Cúirt Ghinearálta 24 Bealtaine 2012, Cás T 111/08, MasterCard and others vs Commission, nyr.

[4]               Cás COMP/34.579, MasterCard, Cinneadh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2007. http://ec.europa.eu/competition/antitrust/cases/dec_docs/34579/34579_1889_2.pdf

[5]                      Airteagal 80 den Acht Danmhargach maidir le Seirbhísí Íocaíochta agus Airgead Leictreonach, Acht Comhdhlúthúcháin Uimh. 365 an 26 Aibreán 2011, http://www.finanstilsynet.dk/en/Regler-og-praksis/Translated-regulations/~/media/Regler-og-praksis/2012/C_Act365_2011_new.ashx. Leis seo rialáiltear Muirir Seirbhíse Ceannaí (MSCanna) d'idirbhearta aghaidh ar aghaidh agus táille bliantúil atá le híoc ag ceannaithe atá roinnte de réir 8 chatagóir éagsúil costais agus is í an Aireacht Gnóthaí Eacnamaíochta a chinnfidh na méideanna.

[6]               https://www.gov.uk/government/consultations/opening-up-uk-payments

[7]               http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:52011DC0941:EN:NOT

[8]               http://ec.europa.eu/internal_market/payments/docs/cim/gp_feedback_statement_en.pdf

[9]               http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=-//EP//TEXT+TA+P7-TA-2012-0426+0+DOC+XML+V0//EN

[10]             http://ec.europa.eu/internal_market/payments/docs/cim/gp_feedback_statement_en.pdf

[11]             COM (2013) 266 final

[12]             Féach Measúnú Tionchar lch. 208

[13]             http://www.autoritedelaconcurrence.fr/user/standard.php?id_rub=418&id_article=1895

[14]             OJ C , , lch. .

[15]             OJ C , , lch. .

[16]             Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).

[17]             Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

[18]             Rialachán (AE) uimh. 260/2012 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

[19]             Treoir 2011/83/AE an 25 Deireadh Fómhair 2011 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

[20]             An Iodáil, an Ungáir, an Pholainn agus an Ríocht Aontaithe.

[21]             Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí...

Top