Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0522

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

    /* COM/2013/0522 final - 2013/0248 (COD) */

    52013PC0522

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh /* COM/2013/0522 final - 2013/0248 (COD) */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

    Bunaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an AE (CDAE) in 2002[1] chun é a chur ar chumas an AE freagairt do mhórthubaistí laistigh den AE agus i dtíortha atá i mbun caibidlíochta maidir le haontachas. Tá an ionstraim sin ag baint amach a cuspóirí go maith den chuid is mó ach meastar nach bhfuil sí freagrúil ná infheicthe go leor agus go bhfuil sí róchasta agus ródhoiléir maidir le critéir áirithe a bhaineann lena gníomhachtú.

    In 2005, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin nua maidir le CDAE a bhunú.[2]. Cé go raibh Parlaimint na hEorpa fabhrach don togra[3], níor glacadh sa Chomhairle é. Tharraing an Coimisiún an togra siar go hoifigiúil i Meitheamh 2012.

    I nDeireadh Fómhair 2011, thíolaic an Coimisiún Teachtaireacht maidir le Todhchaí an Chiste Dlúthpháirtíochta[4] ina bhfuil meastóireacht ar oibríochtaí na hionstraime atá ann faoi láthair agus ina moltar roghanna maidir lena feidhmiú a fheabhsú. Lena chois sin, cuireadh anailís ar an mbeartas atá ann faoi láthair i gcaibidil ar leith de thuarascáil bhliantúil CDAE do 2008[5].

    Baineann an togra seo le comhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil nua do na blianta 2014‑2020.

    Sa bhreis air sin, comhlánaíonn an togra an comhthogra a tháinig amach le déanaí ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí le haghaidh socruithe cur chun feidhme don Chlásal Dlúthpháirtíochta atá cumhdaithe in Airteagal 222 den CFAE[6] ina gcuirtear béim ar ról an Chiste Dlúthpháirtíochta mar cheann de phríomhionstraimí an Aontais le haghaidh foráil sin an Chonartha a chur i bhfeidhm.

    2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

    Úsáideadh an Teachtaireacht a cuireadh amach i nDeireadh Fómhair 2011 agus plé á dhéanamh leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus le páirtithe leasmhara eile.

    Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Parlaimint na hEorpa tuarascálacha ina a raibh an anailís chéanna, a bheag nó a mhór, a bhí sa Teachtaireacht agus thacaigh siad leis na moltaí a thíolaic an Coimisiún maidir leis an gCiste a fheabhsú trí roinnt coigeartuithe a dhéanamh ar an Rialachán[7][8].

    Chuir na Ballstáit a dtuairimí in iúl i gcruinnithe de chuid Choiste Comhordúcháin na gCistí agus Mheitheal um Bearta Struchtúracha na Comhairle.

    3.           Substaint an Togra

    Is é is príomhchuspóir don togra feidhmiú ionstraime an Chiste Dlúthpháirtíochta atá ann cheana a fheabhsú trína freagairt a dhéanamh níos gasta agus trína déanamh níos infheicthe do shaoránaigh agus níos simplí ó thaobh úsáide de agus trína forálacha a shoiléiriú. Tá sin le baint amach le líon teoranta coigeartuithe teicniúla ar an Rialachán. Níor athraíodh prionsabail na hionstraime ná a modh cistithe (lasmuigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil) ná an leibhéal caiteachais is dócha a bheidh i gceist.

    Tá na coigeartuithe sin ar Rialachán CDAE a pléadh sa Teachtaireacht maidir le Todhchaí an Chiste Dlúthpháirtíochta a cuireadh amach in 2011 sa togra:

    · Sainiú soiléir ar raon feidhme CDAE nach mbaineann ach le tubaistí nádúrtha, lena n‑áirítear tubaistí de dhéantús an duine ar iarmhairt dhíreach tubaiste nádúrtha iad (éifeachtaí cascáideacha). Cealóidh sin neamhchinnteachtaí dlí atá ann faoi láthair maidir leis an raon feidhme agus, mar gheall air sin, ní chuirfear iarratais isteach nach gcomhlíonann na coinníollacha.

    · Critéar aonair a bheidh nua agus simplí maidir le húsáid eisceachtúil CDAE i gcás tubaistí réigiúnacha neamhghnácha, mar a thugtar orthu, a bheidh bunaithe ar thairseach a bhaineann leis an olltáirgeacht intíre. Mar a léiríodh sa Teachtaireacht a cuireadh amach in 2011, cealófar an doiléire maidir le húsáid eisceachtúil CDAE tríd an tairseach damáiste do thubaistí réigiúnacha a shocrú ag 1.5 % den olltáirgeacht intíre ar leibhéal NUTS 2. Simpleoidh sin go mór ullmhúchán iarratas na Stát is incháilithe agus an measúnú a dhéanann an Coimisiún orthu, agus cuirfidh sé dlús leis an dá phróiseas sin. Chomh maith leis sin, laghdóidh sé go mór líon na n‑iarratas a dhiúltaítear, ós rud é go mbeidh a fhios ag na hiarrthóirí ón tús an bhfuil an critéar comhlíonta. Moltar ráta 1.5 % den olltáirgeacht intíre réigiúnach mar thairseach nua mar gur léirigh anailís mhionsonraithe ar iarratais a rinneadh roimhe seo gur fíorbheag idir na torthaí a thiocfaidh as sin agus na torthaí a bhí ann roimhe, ach go mbainfear amach simpliú mór agus go gcuideofar go mór dlús a chur le cinnteoireacht agus le deontais a íoc.

    · An deis a thabhairt isteach airleacain a íoc go gasta arna iarraidh sin ag an mBallstát lena mbaineann, laistigh de 10 % de shuim na cabhrach airgeadais a bhfuil súil léi, suim atá caidhpeáilte ag EUR 30 milliún. Ba cheart aisghabhálacha ó na Ballstáit, ón gCiste Dlúthpháirtíochta agus ó na hIonstraimí Comhtháthaithe (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe) go dtí uas‑suim bhliantúil a chur ar fáil mar ioncam sannta chun gealltanais maidir le hairleacain a chur ar fáil i mbuiséad an Aontais. Sa bhreis ar fhoráil shonrach a chur isteach i Rialachán an Chiste Dlúthpháirtíochta, ní mór foráil a chur isteach i Rialachán na bhForálacha Coiteanna[9] maidir le Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe agus sna forálacha idirthréimhseacha maidir leis an tréimhse reatha clárúcháin chun an cuspóir sin a bhaint amach. Tá sé beartaithe go dtíolacfaidh an Coimisiún togra leasúcháin a ghlacfar go comhuaineach leis an togra seo.

    · Foráil shonrach a chur isteach le haghaidh tubaistí malltriallacha amhail triomach. Cealófar deacrachtaí dlí a thagann as an oibleagáid atá ann faoi láthair iarratais a chur isteach faoi cheann 10 seachtaine ó dháta an chéad damáiste trí dháta tosaigh na dtubaistí sin a shainiú mar an dáta a rinne na húdaráis phoiblí na chéad fhrithbhearta ina leith.

    · Forálacha áirithe a thabhairt isteach lena gcothófar cosc níos éifeachtaí ar thubaistí amhail an tairbhí gealltanas a thabhairt go dtabharfaidh sé isteach bearta coisctheacha ábhartha, lena n‑áirítear reachtaíocht an Aontais maidir le cosc a chur chun feidhme ina iomláine, an cistiú ón Aontas atá ar fáil le haghaidh infheistíochtaí gaolmhara a úsáid agus tuairisciú ar na bearta sin a fheabhsú. I gcás ina mbíonn tubaiste ann arb ionann cineál dó agus do thubaiste ar úsáideadh an Ciste lena aghaidh roimhe sin agus nár comhlíonadh na gealltanais a rinne an tairbhí sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú dáiríre dtaobh iarratas nua a dhiúltú nó gan ach suim laghdaithe cúnaimh a dhámhachtain.

    · An cinneadh lena ndámhtar an cúnamh agus na comhaontuithe cur chun feidhme a chumasc in aon ghníomh amháin. Cuideoidh an beart riaracháin sin dlús a chur le próiséail iarratas laistigh den Choimisiún agus féadfar cúnamh a íoc níos tapa dá bharr sin.

    Cuirtear san áireamh moltaí na tuarascála iniúchóireachta maidir le feidhmíocht ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i ndáil le cabhair airgeadais don Iodáil de bharr chrith talún L'Aquila[10] trí shainmhíniú níos soiléire ar na téarmaí 'cóiríocht shealadach' agus 'oibríochtaí éigeandála láithreacha' a chur isteach maille le foráil maidir le gineadh ioncaim.

    Ar a bharr sin, cuireadh roinnt eilimintí eile isteach sa togra, amhail foráil shonrach maidir le hincháilitheacht cánach breisluacha agus eisiamh cúnaimh theicniúil, foráil lena leagtar síos go n‑urramófar acquis an Aontais, foráil athbhreithnithe chun cistiú dúbailte a sheachaint, síneadh ar thuairisciú ex‑post­ ar bhearta coisctheacha agus foráil maidir le húsáid an euro agus a chomhshó isteach in airgeadraí náisiúnta.

    Ar deireadh, tugtar isteach roinnt modhnuithe chun an Rialachán a chur i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais arna leasú in 2012. Ní le téarmaíocht amháin a bhaineann sin ach le rialacha agus le hoibleagáidí áirithe, go háirithe iad siúd a bhaineann leis na Ballstáit an Ciste a chur chun feidhme de réir phrionsabal na bainistíochta comhroinnte agus le tíortha is iarrthóirí (tíortha atá i mbun caibidlíochta maidir le haontachas leis an Aontas) an Ciste a chur chun feidhme de réir phrionsabail na bainistíochta dírí. Os a choinne sin, ionas nach gcuirfear i mbaol cuspóirí an Chiste, i.e. cabhair airgeadais a chur ar fáil a luaithe is féidir tar éis mórthubaiste, is gá maolú ar fhorálacha áirithe sa Rialachán Airgeadais, go háirithe forálacha maidir leis an bpróiseas, ar fadálach é de ghnáth, lena n‑ainmnítear na húdaráis cur chun feidhme, lena n‑áirítear na húdaráis iniúchóireachta agus rialaithe, agus na forálacha maidir leis an gclár ama do thuairisciú bliantúil.

    4.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    Bunús dlí

    Is é is bunús dlí don togra seo an tríú mír d'Airteagal 175 agus an dara fomhír d'Airteagal 212, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá ar comhréir le bunús dlí an Rialacháin atá ann faoi láthair. Is gá tagairt d’Airteagal 212 chun go n‑áireofar stáit nach Ballstáit iad atá i mbun caibidlíochta maidir le haontachas leis an AE.

    Cé gur cheart glacadh leis na gCiste Dlúthpháirtíochta mar cheann d’ionstraimí an Aontais le haghaidh an Clásal Dlúthpháirtíochta atá cumhdaithe in Airteagal 222 den CFAE a chur chun feidhme, ní iomchuí an tAirteagal sin a bheith ina bhunús dlí ag an gCiste. Ní bhaineann Airteagal 222 ach leis na géarchéimeanna is tromchúisí, ach fágann sainmhíniú na gcritéar maidir le húsáid an Chiste Dlúthpháirtíochta go n‑úsáidtear an Ciste roinnt uaireanta in aghaidh na bliana. Faoin nós imeachta reachtach dá bhforáiltear in Airteagal 222, cuirtear Parlaimint na hEorpa ar an eolas ach níl ról gníomhach aici. Níl sin i gcomhréir le forálacha an Chiste lena dtugtar ról iomlán don Pharlaimint i mbailiú na leithreasuithe do chabhair airgeadais an Chiste Dlúthpháirtíochta. Ar a bharr sin, cuimsíonn an Ciste Dlúthpháirtíochta stáit áirithe nach Ballstáit iad nach gcumhdaítear faoi Airteagal 222.

    Prionsabal na coimhdeachta

    Urramaítear leis an togra seo prionsabal na coimhdeachta agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chiste Dlúthpháirtíochta, mar a socraíodh in 2002, a bhaint amach. Tá Rialachán an Chiste Dlúthpháirtíochta féin bunaithe ar phrionsabal na coimhdeachta. Dá réir sin, ní idirghabhann an Ciste ach i gcásanna nach bhfuil an tír ar bhuail tubaiste í in ann an cás a láimhseáil léi féin níos mó. Níl sé de chuspóir ag an togra tubaistí a láimhseáil ar leibhéal an AE, ach cabhair airgeadais a dhámhachtain do na tíortha lena mbaineann chun cuidiú leo an t‑ualach airgeadais a iompar a tháinig orthu de dheasca tubaiste nádúrtha. Ní bhaineann an togra leis na prionsabail bhunaithe sin agus ní athraítear leis na critéir incháilitheachta maidir le cé na cásanna a nglacfar leo mar thubaistí.

    Prionsabal na comhréireachta

    Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha síos cheana san ionstraim atá ann faoi láthair a bhaint amach.

    5.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014 – 2020 lena bhforáiltear don sásra atá ann faoi láthair a chothabháil lena mbailítear na hacmhainní buiséadacha is gá chun cabhair airgeadais a dhámhachtain sa bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil le cinneadh ón údarás buiséid laistigh de leithdháileadh bliantúil EUR 500 milliún (praghsanna 2011), cuirtear san áireamh é sa togra.

    [Níl aon tionchar díreach ag méid uas‑leithdháileadh bliantúil an chiste atá socruithe ag EUR 500 milliún ar an togra ó nach bhfuil an modh lena gcinntear méid an chúnaimh i gcás áirithe leagtha síos sa Rialachán féin.]

    An cinneadh uas‑leithdháileadh an Chiste a shloinneadh i bpraghsanna 2011 (in ionad é a shloinneadh i bpraghsanna an lae inniu), tá a mhacasamhail sa togra, ina gcuirtear an bonn céanna i bhfeidhm ar an tsuim EUR 3 billiún ar ceann amháin í den dá thairseach damáiste le haghaidh 'mórthubaistí' a shainiú. Ní dhéantar difear don tairseach eile, a shainítear mar 0.6 % den ghlanioncam náisiúnta.

    I gcásanna inar íocadh airleacan, cuirfear suim an airleacain sin san áireamh agus an íocaíocht deiridh as an gCiste á déanamh.

    2013/0248 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú fomhír d'Airteagal 175 agus Airteagal 212(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ([11]),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún ([12]),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)       Bunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh ('an Ciste')[13] le Rialachán (AE) Uimh. 2012/2002 an 11 Samhain 2002.

    (2)       Ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag léiriú dlúthpháirtíochta le tíortha atá i mbun caibidlíochta maidir le haontachas faoi láthair. Chun go mbeidh na tíortha sin cumhdaithe faoin Rialachán seo, is gá Airteagal 212 den Chonradh a úsáid mar bhunús dlí.

    (3)       Ba cheart é a bheith de chumas ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh go tapa maidir le hacmhainní airgeadais sonracha a ghealladh agus iad a úsáid a luaithe is féidir. Ba cheart nósanna imeachta riaracháin a choigeartú dá réir agus a laghad acu a bheith ann is féidir. Chun na críche sin, tá Comhaontú Idirinstitiúideach tugtha i gcrích ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún an [ll/mm/bbbb] maidir le maoiniú an Chiste, smacht buiséadach agus feabhsú an nós imeachta bhuiséadaigh.

    (4)       Ba cheart an téarmaíocht agus na nósanna imeachta faoi Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a chur i gcomhréir le nósanna imeachta Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002[14].

    (5)       Ba cheart gan aon débhrí a bheith leis an sainmhíniú ar thubaiste nádúrtha, sainmhíniú lena gcinntear raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

    (6)       An damáiste a dhéanann cineálacha eile tubaiste atá ina n‑iarmhairt dhíreach, ag tubaiste nádúrtha mar gheall ar éifeacht chascáideach, ba cheart, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, a mheas go bhfuil sé ina chuid den damáiste díreach a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

    (7)       Chun an cleachtas seanbhunaithe a chódú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hiarratais, ba cheart a shonrú go bhfuil ranníocaíochtaí as an gCiste le dámhachtain i gcás damáiste dhírigh amháin.

    (8)       Ba cheart 'mórthubaiste nádúrtha' de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a shainmhíniú mar thubaiste a rinne damáiste díreach os cionn tairsí arna sloinneadh i dtéarmaí airgeadais agus ba cheart é a shloinneadh i bpraghsanna bliana tagartha, nó mar chéatadán d’ollioncam náisiúnta an Stáit lena mbaineann.

    (9)       Chun gur fearr a chuirfear san áireamh cineál sonrach na dtubaistí sin nach mbaineann amach an scála is gá chun a bheith incháilithe do ranníocaíocht as an gCiste d’ainneoin a dtábhachta, ba cheart na critéir le haghaidh tubaistí réigiúnacha neamhghnácha a shocrú ar bhonn an damáiste is inríofa trí thagairt don olltáirgeadh intíre. Ba cheart na critéir sin a shocrú go soiléir simplí chun an dóchúlacht a laghdú go gcuirfear iarratais isteach nach gcomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

    (10)     Chun a dhéanamh amach cá mhéad damáiste díreach a rinneadh, ba cheart sonraí i bhformáid chomhchuibhithe arna soláthar ag EUROSTAT a úsáid chun gur féidir caitheamh le hiarratais go cothrom.

    (11)     Ba cheart don Chiste cuidiú a thabhairt an bonneagar a thabhairt ar ais chun feidhme, na limistéir ar bhuail an tubaiste iad a ghlanadh suas agus costais na seirbhísí tarrthála agus na cóiríochta sealadaí don phobal lena mbaineann a íoc ar feadh na tréimhse cur chun feidhme. Ba cheart an fad ama a shainiú freisin ina bhféadfar glacadh leis gur cóiríocht shealadach í cóiríocht na ndaoine ar bhain an tubaiste a ndídean díobh.

    (12)     Ba cheart forálacha Rialachán (CE) Uim. 2012/2002 a chur i gcomhréir le beartas cistithe ginearálta an Aontais maidir le cáin bhreisluacha.

    (13)     Ba cheart a shonrú freisin nár cheart caiteachas ar chúnamh teicniúil a áireamh ar oibríochtaí incháilithe.

    (14)     Chun a áirithiú nach mbainfidh Stáit is tairbhithe glanbhrabús as idirghabháil an Chiste, ba cheart na coinníollacha faoina bhféadfaidh oibríochtaí a mhaoinítear leis an gCiste ioncam a ghineadh a shonrú.

    (15)     Bíonn cineálacha áirithe tubaiste nádúrtha, amhail triomach, ag teacht chun cinn le tamall fada sula mbíonn a n‑éifeachtaí tubaisteacha soiléir. Ba cheart foráil a dhéanamh chun gur féidir an Ciste a úsáid sna cásanna sin freisin.

    (16)     Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh na Stáit is incháilithe na hiarrachtaí is gá chun cosc a chur le tarlú tubaistí agus chun a n-éifeachtaí a mhaolú, trí reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú a chur chun feidhme ina hiomláine agus trí úsáid cistiú de chuid an Aontais atá ar fáil d'infheistíochtaí ábhartha chomh maith le modhanna eile. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh, i gcás nár chomhlíon Ballstát reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, tar éis dó ranníocaíocht as an gCiste a fháil le haghaidh tubaiste nádúrtha a bhí ann roimhe sin, gur féidir, mar gheall air sin, an t‑iarratas a dhiúltú nó méid na ranníocaíochta a laghdú má dhéantar iarratas eile ar bhonn tubaiste den chineál céanna.

    (17)     Is féidir go dteastóidh tacaíocht airgeadais ó Bhallstát chun freagairt a thabhairt ar thubaiste níos tapa ná mar is féidir de réir an ghnáthnós imeachta. Chun na críche sin, is iomchuí foráil a dhéanamh gur féidir airleacan a íoc arna iarraidh sin ag an mBallstát lena mbaineann go gairid tar éis dó iarratas ar ranníocaíocht as an gCiste a chur isteach chuig an gCoimisiún. Níor cheart an ranníocaíocht a bheith os cionn méid áirithe agus ba cheart í a chur san áireamh agus suim dheireanach na ranníocaíochta á híoc. Lena chois sin, suimeanna as an gCiste agus as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus as an gCiste Comhtháthaithe a aisghabhadh ó na Ballstáit, ba cheart a mheas go bhfuil siad, go dtí uasmhéid, ina n‑ioncam sannta inmheánach chun gealltanais maidir le hairleacain a chur ar fáil i mbuiséad an Aontais. Ba cheart íoc an airleacain a bheith gan dochar don chinneadh deireanach maidir leis an gCiste a úsáid.

    (18)     Ba cheart nósanna imeachta lena réitítear an bealach chun ranníocaíocht a dhéanamh a bheith chomh simplí tapa is féidir. I gcás na mBallstát, ba cheart forálacha mionsonraithe maidir leis an ranníocaíocht as an gCiste a chur chun feidhme a bheith sna cinntí cur chun feidhme lena ndámhtar an ranníocaíocht. Os a choinne sin, i gcás Stát is tairbhithe nach Ballstáit den Aontas iad fós, ba cheart comhaontaithe cur chun feidhme ar leith a bheith ann fós ar chúiseanna dlí.

    (19)     Le Rialachán (EU, Euratom) Uimh. 966/2012, tugadh isteach athruithe maidir le bainistíocht atá comhroinnte agus bainistíocht atá indíreach, lena n‑áirítear ceanglais shonracha tuairiscithe ba cheart a chur san áireamh. Ba cheart a ghiorra atá tréimhse chur chun feidhme oibríochtaí an Chiste a chur san áireamh sna hoibleagáidí tuairiscithe. Ba cheart cineál na hionstraime a chur san áireamh sna nósanna imeachta maidir le comhlachtaí a ainmniú a bheidh freagrach as cistí an Aontais a bhainistiú agus a rialú agus níor cheart dóibh moill a chur ar dhéanamh na ranníocaíochta as an gCiste. Dá bhrí sin, is gá maolú ar Rialachán (EU, Euratom) Uimh. 966/2012.

    (20)     Ba cheart foráil a dhéanamh chun nach ndéanfaidh ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais nó ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhaineann le damáiste sonrach a chúiteamh dúbailt ar mhaoiniú oibríochtaí a mhaoinítear as an gCiste.

    (21)     Ba cheart é a bheith chomh simplí is féidir caiteachas a dhearbhú a rinne tíortha as ranníocaíocht as an gCiste. Dá bhrí sin, ba cheart ráta malartaithe aonair a úsáid ar feadh thréimhse chur chun feidhme na ranníocaíochta i gcás tíortha nach baill de limistéar an euro iad.

    (22)     Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a chur chun feidhme i leith an ranníocaíocht as an gCiste a dhámhachtain, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (23)     Ba cheart na forálacha maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint a dhéanamh níos sonraí chun go sainaithneofar go soiléir bearta le haghaidh neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú agus cistí arna gcailleadh, arna n‑íoc go mícheart nó arna n‑úsáid go mícheart a aisghabháil.

    (24)     Ó nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá, gníomhaíocht dlúthpháirtíochta a áirithiú ar fud na hEorpa chun tacú le Stát ar bhuail tubaiste é, a bhaint amach go leordhóthanach ar bhonn ad hoc agus gur fearr is féidir, trí mhodh córasach rialta cothrom a chur i bhfeidhm i ndáil le tacaíocht airgeadais a thabhairt a chuimseoidh gach Ballstát, ag brath ar a gcumas, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (25)     Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a leasú dá réir.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 mar seo a leanas:

    (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    'Airteagal 2

    1.       Arna iarraidh sin ag Ballstát nó ag tír atá i mbun caibidlíochta leis an Aontas maidir le haontachas, is féidir cúnamh as an gCiste a úsáid i gcás ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ar dhálaí maireachtála, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar i gceann amháin nó níos mó de réigiúin an Stáit sin nó na tíre sin ag mórthubaiste nádúrtha nó ag tubaiste nádúrtha réigiúnach a tharla i gcríoch an Stáit chéanna nó na tíre céanna, i mBallstát comharsanachta nó i dtír chomharsanachta atá i mbun caibidlíochta leis an Aontas maidir le haontachas ('Stát is incháilithe' anseo feasta). Measfar damáiste díreach a rinne tubaiste de dhéantús an duine ar iarmhairt dhíreach tubaiste nádúrtha é a bheith ina chuid den damáiste díreach a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

    2.       Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn 'mórthubaiste nádúrtha' aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i mBallstát nó i dtír atá i mbun caibidlíochta leis an Aontas maidir le haontachas, a meastar a chostas a bheith os cionn EUR 3 000 000 000 i bpraghsanna 2011, nó os cionn 0.6 % dá ghlan ioncam náisiúnta.

    3.       Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn 'tubaiste nádúrtha réigiúnach' aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i réigiún i mBallstát nó i dtír atá i mbun caibidlíochta leis an Aontas maidir le haontachas ar leibhéal NUTS 2, a bhfuil a chostas os cionn 1.5 % d'olltáirgeacht intíre an réigiúin sin. I gcás ina mbaineann an tubaiste le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm ar mheán-olltáirgeacht intíre ualaithe na réigiún sin.

    4.       Is féidir cúnamh as an gCiste a úsáid freisin i gcás aon tubaiste nádúrtha i Stát is incháilithe más mórthubaiste nádúrtha é i mBallstát comharsanachta nó i dtír atá i mbun caibidlíochta leis an Aontas maidir le haontachas.

    5.       Chun críche an Airteagail seo, úsáidfear staitisticí comhchuibhithe arna soláthar ag EUROSTAT.'

    (2) Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

    '1.         Is i bhfoirm ranníocaíocaíochta as an gCiste a bheidh an cúnamh. Dámhfar aon ranníocaíocht amháin do Bhallstát is incháilithe in aghaidh an tubaiste nádúrtha.

    2.          Is é is aidhm don Chiste comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann agus cuid dá gcaiteachas poiblí a chumhdach chun cuidiú leis an Stát is incháilithe na hoibríochtaí éigeandála agus aisghabhála riachtanacha a dhéanamh, de réir chineál an tubaiste:

    (a) an bonneagar agus na gléasraí a thabhairt ar ais chun feidhme i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais;

    (b) cóiríocht shealadach a chur ar fáil agus seirbhísí tarrthála a mhaoiniú chun riar ar riachtanais an phobail lena mbaineann;

    (c) bonneagair choisctheacha agus bearta cosanta na hoidhreachta cultúrtha a dhaingniú;

    (d) limistéir ar bhuail tubaiste iad a ghlanadh suas, criosanna nádúrtha san áireamh.

    Chun críocha phointe (b), ciallaíonn 'cóiríocht shealadach' cóiríocht a chuirfear ar fáil go dtí gur féidir leis an bpobal lena mbaineann filleadh ar a ndídean bhunaidh tar éis a ndeisithe nó a n‑atógála.

    3.          Ní dhéanfar íocaíochtaí as an gCiste ach le haghaidh beart maoiniúcháin lena maolaítear damáiste nach féidir a árachú agus aisghabhfar iad má íocann tríú páirtí an costas atá ar an damáiste a leigheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3)',

    (b) Cuirfear mír 4 agus mír 7 isteach mar seo a leanas:

    '4.         Ní bheidh cáin bhreisluacha ina caiteachas incháilithe ag oibríocht, ach amháin cáin bhreisluacha nach féidir a aisghabháil de réir reachtaíochta náisiúnta maidir le cáin bhreisluacha.

    5.          Níl cúnamh teicniúil, lena n‑airítear bainistíocht, faireachán, faisnéis agus cumarsáid, réiteach gearán agus rialú agus iniúchóireacht, incháilithe do ranníocaíocht as an gCiste.

    6.          Ní ghinfear ioncam os cionn chostas iomláin na n‑oibríochtaí éigeandála agus aisghabhála a bhí ar Bhallstát mar gheall ar an ranníocaíocht iomlán as an gCiste. Cuirfidh an Stát is tairbhí ráiteas dá réir sin sa tuarascáil ar chur chun feidhme ranníocaíocht an Chiste de bhun Airteagal 8(3).

    7.          An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, ba cheart an ceathrú cuid ar a laghad d’uasmhéid bhliantúil a bheith fós ar fáil chun na riachtanais a thiocfaidh chun cinn go dtí deireadh na bliana a chumhdach.';

    (3) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    '1.         A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná deich seachtaine tar éis chéad tarlú an damáiste a rinne tubaiste nádúrtha, féadfaidh Stát iarratas ar ranníocaíocht as an gCiste a chur isteach chuig an gCoimisiún ina mbeidh an fhaisnéis uile atá ar fáil ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

    (a) iomlán an damáiste dhírigh a rinne an tubaiste agus a thionchar ar an bpobal, ar an ngeilleagar agus ar an timpeallacht lena mbaineann;

    (b) meastachán ar chostas na n‑oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

    (c) aon fhoinsí eile de chuid chistiú an Aontais;

    (d) aon fhoinsí eile cistithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, lena n‑áirítear cumhdach árachais, idir phoiblí agus phríobháideach, a d’fhéadfadh cuidiú na costais ar an damáiste a chumhdach.

    (e) cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú a bhaineann le cineál an tubaiste;

    (f) aon fhaisnéis ábhartha eile ar bhearta coisctheacha agus maolúcháin a bhaineann le cineál an tubaiste.’,

    (b) Cuirtear isteach mír 1a:

    '1a.       I gcás tubaiste nádúrtha mhalltriallaigh, tosóidh an cuntas ar an tréimhse deich seachtaine dá dtagraítear i mír 1 don iarratas a chur isteach ón dáta a dhéanfaidh údaráis phoiblí an Stáit is incháilithe beart oifigiúil den chéad uair i gcoinne éifeachtaí an tubaiste.',

    (c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    '2.         Ar bhonn na faisnéise dá bhforáiltear i mír 1, agus aon soiléirithe atá le tabhairt ag an Stát is incháilithe, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gCiste a úsáid comhlíonta agus socróidh sé méid aon ranníocaíochta is féidir a dhéanamh as an gCiste a luaithe is féidir laistigh de theorainneacha na n‑acmhainní airgeadais atá ar fáil.

    Má dhámh an Coimisiún ranníocaíocht as an gCiste ar bhonn iarratais a fuarthas tar éis [ll//mm/bbbb] i gcás tubaiste de chineál áirithe, féadfaidh sé iarratas breise ar ranníocaíocht den chineál céanna a dhiúltú nó an tsuim atá le dámhachtain a laghdú i gcás ina bhfuil imeachtaí um shárú ar siúl i gcoinne an Bhallstáit agus i gcás inar léiríodh tuairim réasúnaithe ina leith nár chuir sé chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú a mbaineann a hábhar le cineál an tubaiste a bhuail é.

    Caithfidh an Coimisiún go cothrom leis na hiarratais uile ar ranníocaíocht as an gCiste.',

    (d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    '4.         Nuair a bheidh na leithreasuithe curtha ar fáil ag an údarás buiséadach, glacfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme lena ndámhfar an ranníocaíocht as an gCiste agus déanfaidh sé an ranníocaíocht sin láithreach in aon tráthchuid amháin don Stát is tairbhí. Má íocadh airleacan de bhun Airteagal 41, ní íocfar ach an t‑iarmhéid.',

    (e) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    '5.         Beidh an caiteachas incháilithe ó dháta an chéad damáiste dá dtagraítear i mír 1. I gcás tubaiste mhalltriallaigh, beidh an caiteachas incháilithe ón dáta dá dtagraítear i mír 1a.';

    (4) Cuirtear isteach Airteagal 4a mar seo a leanas:

    'Airteagal 4a

    1.       Agus iarratas ar ranníocaíocht as an gCiste á chur faoi bhráid an Choimisiúin aige, féadfaidh Ballstát airleacan a iarraidh.

    Déanfaidh an Coimisiún réamh-mheasúnú féachaint an gcomhlíonann an t-iarratas na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 4(1), agus le hinfhaighteacht acmhainní buiséadacha a fhíorú. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin agus ina bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh an t‑airleacan a dhámhachtain agus íocfar é gan mhoill sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4). Déanfar airleacan a íoc gan dochar don chinneadh deireanach maidir leis an gCiste a úsáid.

    2.       Ní bheidh méid an airleacain níos mó ná 10 % de mhéid na ranníocaíochta a bhfuiltear ag súil léi, agus ní bheidh sé níos mó ná EUR 30 000 000. A luaithe a chinnfear méid cinntitheach na ranníocaíochta, cuirfidh an Coimisiún san áireamh méid an airleacain sula n-íocfar iarmhéid na ranníocaíochta. Déanfaidh an Coimisiún aon airleacan a íocadh go míchuí a aisghabháil.

    3.       D'fhonn a áirithiú go mbeidh acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil, cuirfear na méideanna as an gCiste, as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus as an gCiste Comhtháthaithe a aisghabhadh ó na Ballstáit, suas le huasmhéid EUR 50 000 000, ar fáil don Chiste i bhfoirm ioncaim shannta inmheánaigh. Maidir le méideanna a chaithfear ar airleacain nó méideanna a shaorfar sa bhuiséad, cuirfear ar ais iad a luaithe a aisghabhfar méideanna nua ó na Ballstáit.'

    (5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    'Airteagal 5

    1.       Cuimseofar san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4), forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste.

    Déanfar cur síos sna forálacha sin, go háirithe, ar chineál agus ar shuíomh na n‑oibríochtaí atá le maoiniú as an gCiste tar éis iarratas a fháil ón Stát is incháilithe.

    2.       Sula n-íocfar ranníocaíocht as an gCiste le Stát is incháilithe nach Ballstát é, tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin i gcrích leis an Stát sin ina leagfar síos forálacha mionsonraithe le haghaidh an ranníocaíocht as an gCiste dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012** ón gCoimisiún, mar aon leis na hoibleagáidí a bhaineann le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú.

    3.       Ar an Stát is tairbhí a bheidh an fhreagracht oibríochtaí aonair a roghnú agus an ranníocaíocht as an gCiste a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 3(2) agus (2), an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4) lena ndámhtar an ranníocaíocht as an gCiste agus, nuair is infheidhme, an comhaontú tarmligin dá dtagraítear i mír 2.

    4.       Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht as an gCiste le Ballstát faoi chuimsiú bainistíochta atá comhroinnte i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

    Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht as an gCiste le tír atá i mbun caibidlíochta maidir le haontachas leis an Aontas faoi chuimsiú bainistíochta indírí i gcomhréir leis an Rialachán sin.

    5.       Gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme, glacfaidh na Ballstáit is tairbhithe freagracht as bainistiú oibríochtaí lena dtacaíonn an Ciste agus as rialú airgeadais na n‑oibríochtaí. Ar na bearta a dhéanfaidh siad beidh:

    (a) a fhíorú gur socraíodh bearta bainistíochta agus rialaithe agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme ar bhealach a áiritheoidh go bhfuil cistí an Aontais á n-úsáid go héifeachtúil agus go cuí, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

    (b) a fhíorú go ndearnadh na bearta arna maoiniú i gceart;

    (c) a áirithiú go bhfuil an caiteachas arna mhaoiniú bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe, agus go bhfuil sé ceart agus rialta;

    (d) neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil mar aon le hús ar íocaíochtaí déanacha nuair is iomchuí. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon neamhrialtachtaí den chineál sin agus coimeádfaidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí riaracháin agus dlíthiúla.

    6.       Ainmneoidh na Stáit is tairbhithe comhlachtaí a bheidh freagrach as na hoibríochtaí lena dtacaíonn an Ciste a bhainistiú agus a rialú i gcomhréir le hAirteagal 59 agus Airteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh siad san áireamh na critéir i ndáil le timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireachán. Féadfaidh na Ballstáit na comhlachtaí a ainmníodh cheana faoin [Rialachán na bhForálacha Coiteanna][15] a ainmniú.

    Cuirfidh na comhlachtaí ainmnithe sin an fhaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 59(5) nó in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ar fáil don Choimisiún agus cuimseofar san fhaisnéis sin an tréimhse cur chun feidhme ar fad agus an tuarascáil á cur isteach, agus an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Rialachán seo.

    7.       Déanfaidh an Stát is tairbhí na ceartuithe airgeadais is gá i gcás ina n-aimsítear neamhrialtacht. Beidh páirtchealú nó lánchealú na ranníocaíochta as an gCiste sna ceartuithe a dhéanfaidh an Stát is tairbhí. Déanfaidh an Stát is tairbhí aon mhéid a chailltear de dheasca neamhrialtachta a bhraitear a aisghabháil.

    8.       Gan dochar do chumhachtaí Chúirt na nIniúchóirí ná do na seiceálacha arna ndéanamh ag an Stát is tairbhí i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, rialacháin agus forálacha riaracháin, féadfaidh oifigigh an Choimisiún nó státseirbhísigh eile seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar na hoibríochtaí arna maoiniú as an gCiste. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Stát is tairbhí d'fhonn an cúnamh go léir is gá a fháil. Féadfaidh oifigigh nó státseirbhísigh eile an Bhallstáit lena mbaineann páirt a ghlacadh sna seiceálacha sin.

    9.       Áiritheoidh an Stát is tairbhí go gcoinneofar na doiciméid tacaíochta ar fad maidir leis an gcaiteachas arna thabhú agus go mbeidh siad ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Iniúchóirí ar feadh tréimhse trí bliana tar éis fhoirceannadh an chúnaimh as an gCiste.'

    ______________

    * IO L 298, 26.10.2012, lch 1.

    ** IO L 362, 31.12.2012, lch.1.';

    (6) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    '2.      Áiritheoidh an Stát is tairbhí nach ndéanfar an caiteachas a aisíocfar i gcomhréir leis an Rialachán seo a aisíoc trí bhíthin ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais, go háirithe trí bhíthin ionstraimí beartais comhtháthaithe, talmhaíochta nó iascaigh

    3.       Maidir le damáiste a leigheastar faoi chuimsiú ionstraimí an Aontais nó ionstraimí idirnáisiúnta a bhaineann le cúiteamh damáiste ar leith, ní bheidh sé incháilithe do chúnamh as an gCiste.';

    (7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

    'Airteagal 7

    Beidh na hoibríochtaí arna maoiniú as an gCiste i gcomhréir le forálacha an Chonartha agus ionstraimí arna nglacadh faoin gConradh seo, le beartais agus bearta an Aontais, go háirithe i réimsí an bhainistithe airgeadais agus an tsoláthair phoiblí, agus le hionstraimí cúnaimh réamhaontachais. Cuideoidh na hoibríochtaí seo, nuair is féidir, cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le cosaint chomhshaoil, baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú, agus oiriúnú don athrú aeráide.';

    (8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 agus Airteagal 9:

    'Airteagal 8

    1.       Úsáidfear an ranníocaíocht as an gCiste laistigh de bhliain ón dáta ar a d'eisíoc an Coimisiún méid iomlán an chúnaimh. Maidir le haon chuid den ranníocaíocht nár n-úsáideadh faoin spriocdháta sin nó a úsáideadh le haghaidh oibríochtaí nach raibh incháilithe, aisghabhálfaidh an Coimisiún í ón Stát is tairbhí.

    2.       Féachfaidh na Stáit is tairbhithe leis an gcúiteamh ar fad is féidir a fháil ó thríú páirtithe.

    3.       Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don tréimhse bliana dá dtagraítear i mír 1 dul in éag, tíolacfaidh an Stát is tairbhí tuarascáil maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste mar aon le ráiteas lena dtabharfar údar maith le caiteachas ina léireofar aon fhoinse maoinithe eile do na hoibríochtaí lena mbaineann, lena n‑áirítear socraíochtaí árachais agus cúiteamh ó thríú páirtithe.

    Tabharfar mionsonraí sa tuarascáil cur chun feidhme ar na bearta coisctheacha a tugadh isteach nó a beartaíodh ag an Stát is tairbhí d'fhonn damáiste amach anseo a shrianadh agus chun atarlú an tubaiste den sórt sin a sheachaint, a mhéid is féidir, lena n‑áirítear úsáid cistí struchtúrtha agus infheistíochta an Aontais chun na críche sin, agus an staid ag a bhfuil cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le baol tubaiste a chosc agus a bhainistiú. Tabharfaidh sé tuairisc freisin ar thaithí arna fáil ón dtubaiste agus ar na bearta arna ndéanamh nó arna mbeartú chun athléimneacht a áirithiú i ndáil le hathrú aeráide agus tubaistí.

    Beidh ag gabháil leis an tuarascáil cur chun feidhme tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta, arna tarraingt suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta, lena suítear gur léargas fíréanta agus cothrom atá sa ráiteas lena dtugtar údar don chaiteachas agus go bhfuil an ranníocaíocht as an gCiste dlíthiúil agus rialta, i gcomhréir le hAirteagal 59(5) agus Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

    Ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún an cúnamh as an gCiste a fhoirceannadh.

    4. I gcás ina n-íocann tríú páirtí ina dhiaidh sin as an damáiste a leigheas, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar an Stát is tairbhí méid comhfhreagrach a aisíoc ón ranníocaíocht as an gCiste.';

    Airteagal 9

    Maidir le hiarratais ar ranníocaíocht as an gCiste agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 4(4), mar aon leis an gcomhaontú tarmligin, sloinnfear na méideanna in euro i dtuarascálacha nó in aon doiciméad gaolmhar eile.

    Comhshófar méideanna an chaiteachais arna thabhú in airgeadra náisiúnta isteach in euro ag meán na rátaí laethúla malairte arna bhfoilsiú i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh arna gcinneadh thar an tréimhse ina gcuirtear na hoibríochtaí arna gcumhdach leis an ranníocaíocht as an gCiste chun feidhme. I gcás nach bhfoilsítear aon ráta laethúil malairte don euro in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh don airgeadra i dtrácht, déanfar an comhshó ag meán na rátaí míosúla cuntasaíochta arna mbunú ag an gCoimisiún, arna gcinneadh thar an tréimhse sin. Úsáidfear an ráta malartaithe aonair agus an ranníocaíocht as an gCiste á cur chun feidhme agus mar bhunús leis an tuarascáil deiridh cur chun feidhme agus an ráiteas maidir leis an gcur chun feidhme agus na heilimintí den ranníocaíocht arna gceangal faoi Airteagal 59(5) nó Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.';

    (9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 10:

    '2.      I gcás ina ndéantar luacháil i bhfad níos ísle ar an damáiste, arna léiriú le heilimintí nua, aisíocfaidh an Stát is tairbhí an chuid den ranníocaíocht is comhfhreagrach leis sin as an gCiste leis an gCoimisiún.';

    (10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

    'Airteagal 11

    1.       Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear chun feidhme bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

    2.       Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí cistiúcháin, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

    3.       Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16] agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96[17] ón gComhairle d'fhonn a shuí an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfaidh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le conradh a bhaineann le cistí an Aontais.

    4.       Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe tarmligin le tríú tíortha, sna conarthaí agus sna cinntí lena ndámhtar ranníocaíocht as an gCiste de thoradh an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den chineál sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí féin.'

    (11) Scriostar Airteagal 13 agus Airteagal 14.

    Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.

    1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[18]

    Ciste Dlúthpháirtíochta an AE; Gníomhaíocht ABB 13.06

    1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[19]

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

    1.4.        Cuspóirí

    1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh. Neamhbhainteach

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann 13.06

    1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

    Is é is príomhchuspóir don togra feidhmiú ionstraim an Chiste Dhlúthpháirtíochta atá ann cheana a fheabhsú trína freagairt a dhéanamh níos gasta, trína déanamh níos infheicthe do shaoránaigh agus níos simplí ó thaobh úsáide de agus trína forálacha a shoiléiriú. Féachfar leis an méid sin a dhéanamh trí líon teoranta coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar an Rialachán. Níor athraíodh prionsabail na hionstraime ná a modh cistithe lasmuigh de bhuiséad an AE bunaithe ar chomhaontú idirinstitiúideach ná an leibhéal caiteachais is dócha a bheidh i gceist.

    1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

    Ní idirghabhann an Ciste ach i gcásanna nach bhfuil an tír ar bhuail tubaiste í in ann an cás a láimhseáil léi féin níos mó (prionsabal na coimhdeachta). Ní hé is cuspóir déileáil le tubaistí ar leibhéal an AE, ach cúnamh airgeadais a dhámhachtain do na tíortha sin lena mbaineann chun cuidiú leo an t‑ualach airgeadais a iompar a tháinig orthu de dheasca tubaiste nádúrtha..

    1.5.        Foras an togra/tionscnamh

    1.5.1.     Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Freagairt d'iarraidh ó thíortha is incháilithe (na Ballstáit agus tíortha atá i mbun caibidlíochta maidir lena n-aontachas leis an AE) ar chúnamh airgeadais tar éis tubaistí nádúrtha.

    1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Baineann an togra seo le comhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil nua do na blianta 2014‑2020.

    Sa bhreis air sin, comhlánaíonn an togra an comhthogra a tháinig amach le déanaí ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí le haghaidh socruithe cur chun feidhme don Chlásal Dlúthpháirtíochta atá cumhdaithe in Airteagal 222 den CFAE[20] ina gcuirtear béim ar ról an Chiste Dlúthpháirtíochta mar cheann de phríomhionstraimí an Aontais le haghaidh foráil sin an Chonartha a chur i bhfeidhm.

    1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

    Critéir níos soiléire agus nós imeachta níos simplí a thabhairt isteach mar aon leis an deis réamhíocaíocht a dhéanamh chun freagairt níos tapúla a sholáthar.

    1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Comhlánann an Ciste ionstraimí AE eile a bhaineann le baol a chosc agus a mhaolú agus le freagairt go tapa (go háirithe ionstraimí an Bheartais Comhtháthaithe agus an Sásra um Chosaint Shibhialta)

    1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

    ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

    – ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

    – ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

    ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    – Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

    – cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[21]

    Le haghaidh bhuiséad 2013: neamhbhainteach

    ¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

    ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    – ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    – ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[22]

    – ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu

    – ¨  daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

    ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

    ¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

    – I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Ó bhuiséad 2014:

    ¨ Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

    – ¨ ag a ranna, lena n-áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    – ¨  ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

    ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

    ¨ Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    – ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    – ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    – ¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    – ¨ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

    – ¨ comhlachtaí dlí phoiblí;

    – ¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    – ¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    – ¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    – I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Is iad na tíortha atá incháilithe maidir leis an gCiste:

    1.           Na Ballstáit lena mbaineann prionsabail na bainistíochta comhroinnte. Leagtar síos sa Rialachán na sonraí maidir le hainmniú na n-údarás a bheidh bainteach le cur chun feidhme, iniúchadh agus rialáil, lena n-áirítear oibleagáidí tuairiscithe.

    2.           Na tíortha atá i mbun caibidlíochta maidir lena a n-aontachas leis an Aontais, a mbaineann prionsabail na bainistíochta indírí leo. Sula n-íocfaidh an Coimisiún ranníocaíocht as an gCiste le Stát is incháilithe nach Ballstát é, tabharfaidh an Coimisiún comhaontú tarmligin i gcríoch leis an Stát sin ina leagfar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an ranníocaíocht as an gCiste a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais atá inchomparáide leis na forálacha is infheidhme i ndáil leis na Ballstáit.

    2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Ní dhéanann an togra seo modhnú ar an gcóras faireacháin atá ar bun, agus tá sé bunaithe ar chóras bainistíochta atá comhroinnte do na Ballstáit agus córas bainistíochta indírí i gcás tíortha is iarrthóirí atá incháilithe agus a bhfuil oibleagáidí inchomparáide acu. Tá sé oiriúnaithe é don tréimhse ghairid cur chun feidhme (bliain amháin) agus do shonraíocht na hionstraime chun freagairt a thabhairt ar éigeandálaí. Tá gá le tuarascáil deiridh maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste laistigh de shé mhí ó dhul in éag na tréimhse bliana. Ní foláir sonraí a bheith sa tuarascáil ar an gcóras cur chun feidhme a glacadh, lena n‑áirítear obair iniúchóireachta agus rialaithe mar aon le cur i láthar iomlán ar na hoibríochtaí. Ina theannta sin, beidh ar an gcomhlacht ainmnithe na ceanglais tuairiscithe faoi Airteagal 59(5) nó Airteagal 60(5) a chomhlíonadh, de réir mar is iomchuí, do thréimhse iomlán cur chun feidhme na hoibríochta.

    2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

    Seolfaidh an stát is tairbhí iarraidh ar a ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht. Má chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha, íocfar airleacan dar luach 10 %. Déantar an dúnadh ar bhonn na tuarascála deiridh, agus imréiteofar an t-airleacan 10 % an tráth céanna. Íocfar airleacain teicníce sonraí arna tabhairt isteach le Rialachán na gCistí Struchtúracha a úsáideann aisghabhálacha ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí an hEorpa agus as an gCiste Comhtháthaithe.. Is forbairt é an struchtúr beartaithe sin ar an staid atá ann faoi láthair.

    Cuirtear san áireamh moltaí na tuarascála iniúchóireachta maidir le feidhmíocht ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i ndáil le cabhair airgeadais don Iodáil de bharr chrith talún L'Aquila[23] trí shainmhíniú níos soiléire ar na téarmaí 'cóiríocht shealadach' agus 'oibríochtaí éigeandála láithreacha' a chur isteach maille le foráil maidir le gineadh ioncaim.

    Ina theannta sin, cuireadh roinnt eilimintí eile isteach sa togra, amhail foráil shonrach maidir le hincháilitheacht cánach breisluacha agus eisiamh cúnaimh theicniúil, foráil lena leagtar síos go n-urramófar acquis an Aontais, foráil athbhreithnithe chun cistiú dúbailte a sheachaint, síneadh ar thuairisciú ex‑post­ ar bhearta coisctheacha agus foráil maidir le húsáid an euro agus a chomhshó isteach in airgeadraí náisiúnta.

    2.2.2.     Faisnéis faoin gcóras rialaithe inmheánaigh

    San iarscríbhinn a bheidh ag gabháil le gach cinneadh, beidh forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste. I gcás stát nach Ballstáit iad, beidh na forálacha sin leagtha síos sa chomhaontú tarmligin. Níl aon athrú i gceist i gcomparáid leis an Rialachán atá ann faoi láthair. Is é an stát is tairbhí a ainmneoidh an comhlacht. Déanfar an ranníocaíocht as an gCiste a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta atá comhroinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Cuirfear ranníocaíocht as an gCiste le Stáit nach baill iad fós den Aontas chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta indírí.

    Gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, glacfaidh na Ballstáit is tairbhithe freagracht ar an gcéad dul síos as bainistiú beart lena dtacaíonn an Ciste agus as rialú airgeadais na mbeart. Chuige sin, fíoróidh siad gur socraíodh bearta bainistíochta agus rialaithe agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme ar bhealach lena n-áiritheofar go bhfuil cistí an Aontais á n-úsáid go héifeachtúil agus go cuí, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais; fíoróidh siad go ndearnadh na bearta arna maoiniú i gceart; agus áiritheoidh siad go bhfuil an caiteachas arna mhaoiniú bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe, agus go bhfuil siad ceart agus rialta.

    Déanfaidh an Coimisiún gach céim is gá chun a fhíorú go ndearnadh na bearta arna maoiniú i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Tá sé do fhreagracht ar an mBallstát is tairbhí a áirithiú go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe a fheidhmíonn go héifeachtúil aige. Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil na córais sin ar bun. Gan dochar do chumhachtaí Chúirt na nIniúchóirí ná na seiceálacha arna ndéanamh ag an Stát is tairbhí i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, rialacháin agus forálacha riaracháin, féadfaidh oifigigh an Choimisiún nó státseirbhísigh eile seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar na hoibríochtaí arna maoiniú as an gCiste. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Stát is tairbhí atá ina iarrthóir d'fhonn an cúnamh go léir is gá a fháil. Féadfaidh oifigigh nó státseirbhísigh an Stáit is tairbhí lena mbaineann páirt a ghlacadh i seiceálacha den sórt sin.

    2.2.3.     Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

    Critéar aonair a bheidh nua agus simplí maidir le húsáid eisceachtúil Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) i gcás tubaistí réigiúnacha neamhghnácha, mar a thugtar orthu, a bheidh bunaithe ar thairseach a bhaineann leis an olltáirgeacht intíre. Mar a léiríodh sa Teachtaireacht a cuireadh amach in 2011, cealófar an easpa soiléireachta atá ann faoi na forálacha atá ann faoi láthair maidir leis na coinníollacha atá le CDAE a úsáid go heisceachtúil tríd an tairseach damáiste do thubaistí réigiúnacha a shocrú ag 1.5 % den olltáirgeacht intíre ar leibhéal NUTS 2. Simpleoidh sin go mór ullmhúchán iarratas do na Stáit is incháilithe agus an measúnú a dhéanann an Coimisiún orthu, agus cuirfidh sé dlús leis an dá phróiseas sin. Ag an am céanna, laghdóidh sé go mór líon na n-iarratas a dhiúltaítear, toisc go mbeidh a fhios ag iarratasóirí ón tús an bhfuil an critéar comhlíonta. Ba cheart go laghdódh sin costas na rialuithe.

    Níor tháinig saincheisteanna a chuirfeadh cosc le dearbhú réasúnta ar úsáid an Chiste roimhe seo chun cinn de thoradh na n-iniúchtaí a rinne an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tá an ráta foriomlán earráide measta faoin tairseach ábharthachta 2 %.

    2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Is faoin Stát is tairbhí go príomha atá sé an fhreagracht bearta iomchuí a dhéanamh i gcoinne calaoise agus míréireachtaí, agus ní foláir don Stát sin comhlacht iniúchóireachta a cheapadh agus, más gá, aisghabháil caiteachais mhírialta a éileamh. Ba cheart achoimre ar na hiniúchtaí agus na rialuithe arna ndéanamh le linn na tréimhse cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Féadfaidh iniúchóirí an Choimisiúin, an Chúirt Iniúchóirí nó OLAF iniúchtaí a dhéanamh tráth ar bith.

    3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

    · Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

    Uimhir    […][Ceannteideal………………………………………...……….] || LD/LN[24] || ó thíortha CSTE[25] || ó thíortha is iarrthóirí[26] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    3 || 13.060100 || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

    4 || 13.060200 || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

    · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

    Uimhir    […][Ceannteideal………………………………………...……….] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    || […][XX.YY.YY.YY] || || TÁ/ NÍL || TÁ/ NÍL || TÁ/ NÍL || TÁ/NÍL

    3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    [Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach tríd an scarbhileog ar shonraí buiséid de chineál riaracháin a úsáid (an dara doiciméad san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo) agus a uaslódáil chuig CISNET chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.]

    3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    Ní cuid den bhuiséad Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Beidh an caiteachas iarbhír ag brath ar iarratais ar chúnamh arna gcur isteach ag Stáit is incháilithe tar éis tubaistí nádúrtha (neamh-intuartha) agus uasmhéid an leithdháilte bhliantúil atá ar fáil don Chiste, de réir mar a chinneann Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Uimhir || […][Ceannteideal………...……………………………………………………………….]

    DG: <…….> || || || Bliain N[27] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

    Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

    Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1) || || || || || || || ||

    Íocaíochtaí || (2) || || || || || || || ||

    Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || ||

    Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || ||

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[28] || || || || || || || ||

    Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe  i gcomhair DG <….> || Gealltanais || =1+1a +3 || || || || || || || ||

    Íocaíochtaí || =2+2a +3 || || || || || || || ||

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

    Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

    Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

    Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

    Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5 || "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

    DG: REGIO ||

    Ÿ Acmhainní daonna || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 1.834

    Ÿ Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

    IOMLÁN DG <…….> || Leithreasuithe || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5  den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 1.834

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 1.834

    Íocaíochtaí || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 1.834

    3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    – ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    – ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas[29] || Meánchostas Líon || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[30]… || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2… || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

    COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

    3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.  Achoimre

    – ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    – ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    Acmhainní daonna || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 0.262 || 1.834

    Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[31] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    Acmhainní daonna || || || || || || || ||

    Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || ||

    Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    IOMLÁN || || || || || || || ||

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    – ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna.

    – ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

    Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || ||

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 0 || || || || || ||

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || 0 || || || || || ||

    10 01 05 01 (Taighde díreach) || 0 || || || || || ||

    Ÿ Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[32]

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 0 || || || || || ||

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || 0 || || || || || ||

    XX 01 04 yy[33] || - sa cheanncheathrú || 0 || || || || || ||

    - Toscaireachtaí || 0 || || || || || ||

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || 0 || || || || || ||

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || 0 || || || || || ||

    Línte buiséid eile (sonraigh) || 0 || || || || || ||

    IOMLÁN || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Faoi láthair, tá an obair ar bun ag oifigeach amháin AD agus oifigeach amháin AST.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach || Anailís ar iarrataí ar ranníocaíochtaí as an gCiste, cinntí deontais a ullmhú, bearta leantacha i ndáil le híocaíochtaí, meastóireacht ar thuarascálacha, etc.

    Pearsanra seachtrach || neamhbhainteach

    3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    – ¨  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    – ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    – ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[34].

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    – Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    – Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

    3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    Ní féidir é a mheas roimh ré

    – ¨  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

    – ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    – ¨  ar acmhainní dílse

    – ¨  ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[35]

    Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

    Airteagal 6150 agus Airteagal 6500 || || 50 || 50 || 50 || 50 || 50 || 50 || 50

    || || || || || || || ||

    I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    Ba cheart airleacain a mhaoiniú ó aisghabhálacha as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus as an gCiste Comhtháthaithe go dtí teorainn 50 milliún. Molfaidh an Coimisiún leasú ar Rialachán COM(2011) 615 final atá beartaithe ag an gCoimisiún.

    [1]               Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2012/2002

    [2]               COM(2005)108

    [3]               Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Dlúthpháirtíochta Eorpach, A6-0123/2006 of 31.3.2006

    [4]               COM(2011)613

    [5]               COM(2009)193

    [6]                      Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, IO C83/47 an 30.3.2010

    [7]               Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ar thodhchaí Dhlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh, ECO/319 an 28 Márta 2012

    [8]               Tuarascáil ar Chiste Dlúthpháirtíochta na hEorpa, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm, A7-0398/2012 an 20.12.2012

    [9]               Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006

    [10]             Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2012 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Freagairt Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh don chrith talún 2009 in Abruzzi: Ábharthacht agus costas oibríochtaí.

    [11]             IO C […]

    [12]             IO C […]

    [13]             IO L 311, 14.11.02, lch. 3.

    [14]             IO L 298, 26.10.12, lch. 1.

    [15]             …..

    [16]             IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

    [17]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

    [18]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

    [19]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

    [20]                    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, IO C83/47 an 30.3.2010

    [21]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

    [22]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

    [23]                    Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2012 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. Freagairt Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh don chrith talún 2009 in Abruzzi: Ábharthacht agus costas oibríochtaí.

    [24]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

    [25]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [26]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí .

    [27]             Is í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    [28]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [29]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn arna maoiniú, líon km de bhóithre arna thógáil, etc.).

    [30]             Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha…’

    [31]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [32]             CA= Ball foirne ar conradh; LA – Ball foirne áitiúil; SNE = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht).

    [33]             Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

    [34]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach (don tréimhse 2007-2013).

    [35]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

    Top