Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0329

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh líonraí teileachumarsáide tras-Eorpaigh agus Cinneadh Uimh. 1336/97/CE a aisghairm

/* COM/2013/0329 final - 2011/0299 (COD) */

52013PC0329

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte le haghaidh líonraí teileachumarsáide tras-Eorpaigh agus Cinneadh Uimh. 1336/97/CE a aisghairm /* COM/2013/0329 final - 2011/0299 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Comhthéacs ginearálta

Tá an tionscnamh seo bunaithe sa Straitéis ‘Eoraip 2020’, atá dírithe ar fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach[1], agus a thugann tús áite do bhonneagair dhigiteacha mar chuid den príomhthionscnamh dar teideal “Clár Oibre Digiteach don Eoraip”[2]. D’aibhsíodh ann Leis an gClár Oibre Digiteach iarrtar, i measc rudaí eile, seirbhísí ar líne poiblí trasteorann a úsáid, le soghluaisteach gnólachtaí agus saoránach a éascú. Go háirithe, tá gá le hidir-inoibritheacht seirbhísí poiblí i gcás ina bhfuil reachtaíocht agus tionscnaimh margaidh aonair (amhail an Treoir maidir le Seirbhísí nó an Plean Gníomhaíochta ríomhSholáthair) ag brath ar an deis a bheith ag gnólachtaí idirghníomhú agus gnó a dhéanamh le riaracháin phoiblí trí mheán leictreonach agus thar teorainneacha.  Sa Chlár Digiteach leagtar béim freisin ar an ngá le rolladh amach agus glacadh leathanbhanda don uile dhuine, ag luasanna níos tapúla, a áirithiú trí theicneolaíochtaí fosaithe agus gan sreang, agus le hinfheistíocht i líonraí idirlín nua an-tapaidh agus iomaíocha a éascú, líonraí atá bheidh mar chrann taca don gheilleagar amach anseo nua-aimseartha. Tá spriocanna uaillmhianacha sonraithe ag an AE i ndáil le rolladh amach agus glacadh leathanbhanda faoi 2020.

An 29 Meitheamh 2011, ghlac an Coimisiún leis an Teachtaireacht dar teideal "Buiséad don Eoraip 2020" faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (MFF) (2014-2020)[3], a mhol go gcruthófaí Áis Chónasctha don Eoraip (CEF) chun cur i gcrích bonneagar tosaíochta fuinnimh, iompair agus digiteach a chur chun cinn trí chiste aonair EUR 40 billiún; ciste ar mhol an Coimisiún a bhfuil EUR 9.2 billiún de curtha a chur ar leataobh do líonraí agus do sheirbhísí digiteacha.

An 8 Feabhra 2013, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir le MFF nua ina socraítear an buiséad do “CEF Digiteach” ag EUR 1 billiún. Ar an mbonn sin, beartaíonn an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialacháin maidir le treoirlínte do líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha a mhodhnú.  Agus na doiciméid seo á scríobh, níl an chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile curtha i gcrích fós. Ar an dóigh céanna, tá caibidlíocht faoin togra le haghaidh Rialacháin lena mbunófar CEF ag leanúint ag aghaidh.

Sa togra modhnaithe cuirtear san áireamh, a mhéid is féidir, na seasaimh is déanaí sa Chomhairle agus i gcoiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa. Is é is aidhm leis idirghabháil CEF a dhíriú ar líon níos lú bonneagar seirbhíse digití, ar bhonn sraithe déine criteár maidir le beartú tosaíochta, agus ranníocaíocht theoranta do leathanbhanda trí ionstraimí airgeadais, d’fhonn infheistíocht phríobháideach chomh maith le hinfheistíocht ó fhoinsí poiblí seachas CEF, a ghiaráil. In ainneoin a ranníocaíochta airgeadais teoranta i ndáil le leathanbhanda, leagtar amach creat sa togra lenar féidir ranníocaíochtaí níos leithne a bheith ann ó imreoirí gnó agus institiúideacha amhail Banc Eorpach Infheistíochta.

Cuspóir an togra

Is é an aidhm atá leis an Rialachán seo ná sraith treoirlínte a bhunú a chumhdaíonn na cuspóirí agus na tosaíochtaí atá luaite le líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach i réimse na teileachumarsáide i gcomhthéacs an hÁise Cónasctha don EoraipCEF.

Aithnítear leis na treoirlínte in iarscríbhinn na tionscadail leasa choitinn a bhaineann le húsáid líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach agus líonraí leathanbhanda. Cuirfidh na tionscadail seo le feabhsú iomaíochas gheilleagar na hEorpa, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, idirnasc agus idir-inoibritheacht líonraí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chur chun cinn mar aon le rochtain ar líonraí dá leithéid sin, agus tacú le forbairt Margadh Aonair Digiteach. Beidh siad incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na hionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán maidir leis an Áis Chónasctha don Eoraip a ghabhann leis an Rialachán seo.

Is é is aidhm leis an Rialachán seo deireadh a chur leis Is é an cur chuige atá sonraithe sa Rialachán seo, ná iarracht a dhéanamh ar dheireadh na caolais tráchta a chuireann bac ar chur i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh .i. nascacht a sholáthar chuig an líonra, mar aon le rochtain, thar theorainneacha san áireamh, ar bhonneagar na seirbhísí digiteacha poiblí. Tá tionchar ag na constaicí seo, i dtéarmaí oibríochtúla, ar na líonraí teileachumarsáide, i gcodarsnacht le m.sh. cuarbhóthar mórthimpeall ar phríomhchathair a mhaoiniú, obair atá riachtanach chun sreabhántacht sa lána iompair a áirithiú,  soláthar agus éileamh araon san áireamh. I ndáil le soláthar, baineann na srianta le teipeanna staid margaidh fho-optamach agus na cásanna gaolmhara laga gnó d’infheistíocht i líonraí leathanbhanda agus seachadadh seirbhísí riachtanacha ar mhaithe le leas an phobail (m.sh. rShláinte, rAitheantas, rSholáthar agus a gcuid idir-inoibritheachta trasteorann). Ó thaobh éilimh de, tá an Margadh Aonair Digiteach, a bhfuil acmhainneacht fáis nach beag aige, ag brath ar na saoránaigh uile, gnólachtaí agus riaracháin a bheith ceangailte leis na líonraí digiteacha.

Tá sé mar aidhm ag an Áis Chónasctha don Eoraip úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais nuálacha chun infheistíocht bonneagair a dhreasú trí riosca infheistíochta a laghdú agus maoiniú fadtéarmach a sholáthar d’infheisteoirí malartacha agus d’infheisteoirí atá ann faoi láthair. Is ionann ionstraimí airgeadais nuálacha agus éifeachtacht thábhachtach giarála ar infheistíocht eile phríobháideach agus phoiblí, le linn a bheith ag brath ar mheicníochtaí margaidh. I gcás go bhfuil an cás gnó d'infheistíocht bonneagair lag measann an Áis Chónasctha don Eoraip go mbeidh an fhéidearthacht ann freisin cómhaoiniú a thairiscint i bhfoirm deontas.

I réimse na líonraí leathanbhanda, tacóidh gníomhaíochtaí atá ag cur le tionscadail leasa choitinn sa réimse leathanbhanda le hinfheistíochtaí i líonraí a bheidh in ann, faoi 2020, spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a chur i gcrích trí chlúdach uilíoch ag 30 Mbps a áirithiú; nó go mbeadh suibscríbhinn ag 50 %, ar a laghad, de theaghlaigh, ar luas sa bhreis ar 100 Mbps. Cruthófar punann chothrom de thionscadail 30 agus 100 Mbps agus tabharfar aird mar is cuí do riachtanais infheistíochta na mBallstát a meastar a bheidh cothrom le suas le EUR 270 billiún bunaithe ar mheasúnú táscach.

I gcás bhonneagar bhonneagair na seirbhíse digití, dírítear ar na caolais tráchta i dtéarmaí úsáide seirbhíse laistigh de na creata idir-inoibritheacha trí sholáthar agus scéimeanna deontais dhírigh, i gcásanna áirithe den chuid is mó a bhfuil rátaí arda cómhaoinithe acu maoiniú iomlán ardán ar leibhéal an AE acu, mar nach bhfuil aon úinéirí nádúrtha bonneagair Eorpaigh seirbhíse digití ann. Go deimhin, ní áiritheoidh Ballstáit aonair, ná infheisteoirí príobháideacha úsáid seirbhíse laistigh de chreataí idir-inoibritheachaseirbhísí trasteorann. Dá réir sin, tá an breisluach AE ard.

Tá liosta de na tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití liostaithe san Iarscríbhinn a thugann tosaíocht ar dtús do bhloic thógála agus áirítear ina measc naisc ardluais cnámh droma tras-Eorpacha do riaracháin phoiblí, seachadadh trasteorann de sheirbhísí rRialtais bunaithe ar aitheantas agus deimhniú idir-inoibritheach (m.sh. nósanna imeachta leictreonacha ar fud na hEorpa:  gnó a bhunú; do sholáthar trasteorann, r-Cheartas seirbhísí rShláinte trasteorann); rochtain ar fhaisnéis san earnáil phoiblí a cheadú, acmhainní digiteacha d'oidhreacht Eorpach, data.eu agus acmhainní ilteangacha; sábháilteacht agus slándáil (idirlíon níos sábháilte agus bonneagair seirbhíse criticiúla) agus seirbhísí fuinnimh chliste. D’fhéadfadh go n-áireodh tionscadail leasa choitinn feidhmiú seirbhísí poiblí leictreonacha freisin atá á gcur i bhfeidhm faoi chláir Phobail eile dála clár ISA (“Réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha”). Ar bhonn bliantúil, de réir an chistithe a bheidh ar fáil, sainaithneofar Bonneagair shonracha na Seirbhíse Digití san Iarscríbhinn d’fhonn iad a úsáid.

I gcás líonraí leathanbhanda, is beag an méid acmhainní a bheidh ar fáil dóibh faoin Rialachán seo. Cé gur bailí fós an réasúnaíocht maidir le tacaíocht airgeadais phoiblí i réimsí nach leor infheistíocht phríobháideach iontu, ní mór an tacaíocht phoiblí a theacht go príomha ó fhoinsí seachas CEF, go háirithe ó fhoinsí náisiúnta agus ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, i gcás inar dócha go n‑áireofar Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide ar na cuspóirí téamúla faoi chumhdach ceanglas maidir le díriú téamúil de réir tosaíochta.

Mar sin féin, i bhfianaise fíorthábhachta líonraí leathanbhanda le haghaidh fáis agus post, agus i bhfianaise na ndúshlán – idir airgeadais agus theicniúil – a bhaineann le hinfheistíocht phoiblí san earnáil, déantar foráil sa Rialachán seo maidir le hidirghabháil chumasúcháin theoranta. Tabharfaidh CEF ranníocaíocht bheag chun ionstraimí airgeadais a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘Aontas’ anseo feasta) go háirithe i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus beifear ábalta úsáid éifeachtúil acmhainní eile poiblí chomh maith le acmhainní príobháideacha a éascú. Dá thoradh sin, beidh CEF ábalta líon teoranta tionscadal leathanbhanda a chistiú léi féin, agus an méid sin amháin, ach sa bhreis air sin éascóidh sí leithdháileadh éifeachtúil, mar shampla, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), trí chur ar chumas na nÚdarás Bainistíochta ranníocaíocht a dhéanamh ó chláir oibríochtúla. Beidh na ranníocaíochtaí sin imfhálaithe le húsáid sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann agus d'fhéadfadh siad mais chriticiúil agus barainneachtaí scála a éascú agus tionscadail á seachadadh. Agus creat lena gcumasaítear ranníocaíochtaí níos leithne ó ghnó agus imreoirí institiúideacha á bhunú, iarrtar leis an togra  leibhéal na ranníocaíochtaí do thionscadail leathanbhanda leasa choitinn a iolrú go maith thar leibhéal an chistithe tríd an Rialachán seo.

Beidh gníomhaíochtaí ag cur le tionscadail leasa choitinn incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na hionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán lena mbunaítear CEF Áis Chónasctha don Eoraip.[4] Chuige sin ní mór breathnú ar an togra reatha i gcomhar leis an togra le haghaidh an Rialacháin sin. Sonraíonn an Rialachán na critéir freisin i ndáil le sainaithint na dtionscadal leasa choitinn nua, bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin ar thosaíochtaí polaitiúla athraitheacha, ar fhorbairtí teicneolaíochta nó ar staid na margaí ábhartha.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Maidir le rolladh amach leathanbhanda, táthar tar éis comhairliúcháin iomadúla le Ballstáit, páirtithe leasmhara tionscail agus sóisialta a chur i gcrích. Ina measc sin, ach go háirithe, bhí cruinniú comhchéime idir Leas-Uachtarán Kroes agus POFanna ó sholáthraithe ábhair, déantóirí trealaimh, infheisteoirí agus oibreoirí teileachumarsáide ó phríomhchuideachtaí an domhain amhail le Nokia, Alcatel Lucent, Google, Ericsson, News Corp s.rl., agus an chéad Tionól um an Clár Oibre Digiteach, a reáchtáladh sa Bhruiséil ar an 16ú agus 17ú Meitheamh 2011, ag tabhairt sa bhreis ar 1,000 páirtithe leasmhara ó na hearnálacha príobháidí agus poiblí le chéile, mar aon leis an tsochaí shíbhialta. Ar na hócáidí seo agus ar ócáidí eile nach iad, bhí na páirtithe leasmhara ag teacht le measúnú an Choimisiúin nach bhfuil an tsamhail reatha d’infheistíocht teileachumarsáide feiliúnach do rolladh amach bonneagar leathanbhanda inacmhainne agus ardchaighdeán do gach saoránach Eorpach, agus fáiltíonn siad roimh phlean an Choimisiúin úsáid a bhaint as infheistíocht phoiblí spriocdhírithe, m.sh. trí an infheistíocht bonneagair riachtanaigh a ghiaráil ar mhaithe le tacú le samhlacha infheistíochta malartacha agus níos inbhuanaithe.

D’aithin Parlaimint na hEorpa i ndréacht-tuarascáil faoi thodhchaí an Chreata Airgeadais Ilbhliantúla (MFF) an tábhacht a bhaineann leis an mbuiséad a úsáid ar mhaithe le hinfheistíocht i leathanbhanda a ghiaráil.

Maidir le bonneagair thrasteorann na seirbhíse digití, tá blianta fada caite ag an gCoimisiún i mbun oibre le grúpaí éagsúla páirtithe leasmhara. Tugann meastóireachtaí agus comhairle saineolaithe maidir le gníomhaíochtaí reatha, cosúil le Europeana (d’oidhreacht chultúrtha) nó an clár um Idirlíon Níos Sábháilte le fios nach mór leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí, agus cur leo.

I bhfianaise ghearradh siar an bhuiséid tháscaigh a ó  EUR 9.2 billiún go  EUR 1 billiún, tá sé soiléir gur gá raon feidhme an chláir a theorannú. I gcás bonneagar do sheirbhíse digití , d’fhéadfaí an méid sin a bhaint amach cibé acu trí líon na seirbhísí arna mbeartú ar dtús a laghdú, nó trí sraith critéar níos déine maidir le maoiniú a thabhairt isteach. Le togra reatha ón gCoimisiún, ar ndóigh, déantar an dá rud: Tá dhá sheirbhís nár coinníodh san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo (“Naisc ardluais chnáimh dhroma thras-Eorpacha do riaracháin phoiblí”, “Réitigh do theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide le haghaidh lionraí fuinnimh chliste agus le haghaidh soláthair Seirbhísí Fuinnimh Chliste”) ar chúiseanna buiséadacha, agus cuireadh bonneagar seirbhíse ginearálta amháin leis an iarscríbhinn (féach thíos).

Sa caibidlíocht reachtach go dtí an pointe seo, mhol Meitheal na Comhairle um Theileachumarsáid bonneagair breise seirbhíse digití a chur le “Nósanna imeachta leictreonacha chun gluaiseacht ó thír Eorpach amháin go ceann eile”, Ardán Eorpach chun fostaíocht agus seirbhísí slándála sóisialta a idirnascadh” agus “Ardáin um chomhar riaracháin ar líne”. Ar chúiseanna buiséadacha, ní choinnítear iad uile san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra reatha.

Rinne Coiste um Thionsclaíocht, Taighde agus Fuinneamh Pharlaimint na hEorpa bonneagair sheirbhíse digití bhreise a chur leis maidir le “hÚsáid bonneagar san iompar poiblí lena a bhféadtar seirbhísí gaireachta móibíleacha idir-inoibritheacha a úsáid”, “Ardán um Réiteach Díospóidí ar Líne”, Ardán Eorpach um Rochtain ar Acmhainní  Oideachais” agus “Seirbhísí sonrasctha leictreonacha idir-inoibritheacha trasteorann”. Coinnítear roinnt acu san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra reatha.

I réimse an leathanbhanda, ní fhorálfadh an clár maidir le haon idirghabháil, nó d’fhorálfadh sé maidir le hidirghabháil theoranta lena n-iarrfaí cistí príobháideacha agus cistí poiblí eile a ghiaráil. Toisc go mbeidh cistí de chuid an AE ar fáil don leathanbhanda faoin CSIE, go háirithe mar cheathrú téama tosaíochta maidir le díriú faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus toisc gur dúshlán é cistí struchtúracha a úsáid don leathanbhanda, foráiltear sa togra reatha go mbunófar ionstraimí airgeadais d’fhonn bealach éifeachtúil a sholáthar chun cistí struchtúracha, inter alia, a leithdháileadh.

Tá an Chomhairle agus an Pharlaimint araon den tuairim nár cheart go gcuirfí idirghabháil in ionad infheistíochta príobháidí. Bhí an dá institiúid den tuairim freisin gur cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabal na neodrachta teicneolaíche – mar sin féin, thug Parlaimint na hEorpa isteach spriocluais tarchuir an-uaillmhianacha (“1Gbps agus níos mó nuair is féidir”, agus d’iarr roinnt Ballstát togra bunúsach an Choimisiúin ina nascfaí idirghabháil CEF le sprioc an dara Clár Oibre Digiteach don Eoraip de 30 Mbps, a mhaolú. Trí sheasamh air go gcuirfear cistí de chuid an AE in ord tosaíochta do theicneolaíochtaí úrscothacha, cé do dtugann sé solúbthacht do na Ballstáit i dtaca le rogha tionscadal ina dtíortha, a thairbheodh de rochtain fadtéarmach ar chistí, dearbhaítear athuair sa togra reatha an nasc le spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh, agus meas ar thosaíochtaí arna gcur in iúl ag an dá institiúid a choinneáil ag an am céanna. Bhí tuilleadh plé ar an modh roghnaithe idirghabhála, i.e. deontais nó ionstraimí airgeadais (iasachtaí, ráthaíochtaí, bannaí tionscadail, cothromas). I bhfianaise na n-acmhainní teoranta, ní dhéanann an togra reatha foráil ach amháin maidir le hionstraimí airgeadais a bhunú, mar fhoinsí cistí fadtéarmacha ar phraghas éifeachtúil, atá curtha in oiriúint leis na riachtanais bonneagair.

I dtaca le pointí cothrománacha, rinneadh foráil sa togra bunúsach ón gCoimisiún maidir le cumhachtaí Gnímh Tharmligthe chun an liosta Tionscadal Leasa Choitinn san Iarscríbhinn a leasú. Sa togra reatha, cuirtear san áireamh na hábhair is cúram do na Ballstáit, go háirithe, agus ina ionad sin déantar foráil ann maidir le foclaíocht a bheidh solúbtha go leor san Iarscríbhinn, agus aithnítear ann go ndéanfar na coigeartuithe is gá ar an gclár trí bhíthin Gnímh Chur Chun Feidhme.

Le linn na caibidlíochta reachtaí agus buiséid, rinne roinnt mhaith eagraíochtaí geallsealbhóirí, amhail Digital Europe, an Foras Eorpach, an Chomhghuaillíocht um Fhaisnéis don Earnáil Phoiblí, Comhghuaillíocht Teicneolaíochta Ilteangach na hEorpa, Comhlachas Oibreoirí Líonraí Teileachumarsáide na hEorpa, Comhlachas Teileachumarsáide Iomaíoch na hEorpa agus Comhairle FTTH, CEF a fhormhuiniú.

Sa tuarascáil bhunaidh ar Mheasúnú Tionchair, a cuireadh i gcrích in 2011, pléadh pléitear dhá rogha. Faoin gcéad rogha bhunlíne, meastar foráladh nach mbeadh aon mhaoiniú AE á leithdháileadh do leathanbhanda, seachas, b’fhéidir trí chistí struchtúracha CSIE agus trí leanúint leis an gClár Iomaíochais agus Nuálaíochta do bhonneagair na seirbhíse digití mar chuid de threoirthionscadail amháin. Sa chás seo, ní bheadh sé indéanta ach mais chriticiúil nó úsáid seirbhísí digiteacha a bhaint amach, ní bheadh infheistíocht i leathanbhanda leordhóthanach agus bheadh sé maoinithe go neamhéifeachtúil ina lán réigiún mar gheall ar easpa brú iomaíoch agus riosca ard tráchtála. A dhála sin, is féidir glacadh leis nach ndéanfar dóthain forbartha ar sheirbhísí poiblí ar líne agus nach mbeidh na seirbhísí sin idir-inoibritheach thar theorainneacha mar gheall ar bhloghadh nó iarrachtaí fo-optamacha agus réiteach teicniúil, easpa mais chriticiúil, costais arda do sholáthraithe seirbhíse agus do thairbhithe seirbhísí. Chuige sin, ní chabhródh an rogha seo le Margadh Aonair Digiteach a bhaint amach, agus bheadh go leor de mhuintir na hEorpa fós gan deiseanna digiteacha oiriúnacha.

Moltar faoin dara rogha go bhforbrófar uirlis uirlisí maoinithe a chomhlánfadh agus a ghiarálfaidh na hacmhainní maoinithe atá ar fáil faoi láthair faoin gcéad rogha. Tá sé seo ag teacht lena bhfuil luaite i dtogra MFF arna eisiú ag an gCoimisiún Eorpach ar 29 Meitheamh 2011, is é sin "Áis Chónasctha don Eoraip" a bhunú agus é mar aidhm bonneagar a mhaoiniú. Maoineoidh an áis nua seo tionscadail bonneagair a bhfuil breisluach ard AE ag gabháil leo, ní hamháin bonneagar 'crua', ach bonneagar 'bog agus cliste' agus struchtúir rialachais a thacóidh leis an "croíghréasán" iompair, "lánaí tosaíochta" fuinnimh mar aon leis an mbonneagar digiteach. Bheadh an áis seo dírithe ar thionscadail a bhfuil breisluach ard Eorpach luaite leo, dála idirnaisc thrasteorann nó úsáid córas ar fud an AE, tionscadail nach mór a chur i bhfeidhm faoi 2020. D’fhonn an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as an tionchar sin, áiritheodh forálacha cuí meascán d'ionstraimí margadh-bhunaithe agus tacaíocht dhíreach AE, d’fhonn rannpháirtíocht infheisteoirí speisialta bonneagair a spreagadh. I ndáil le deontais, bheadh an Coimisiún freagrach as pleanáil agus as roghnú tionscadal, agus b’fhéidir go mbeadh tacaíocht ar fáil ó ghníomhaireacht feidhmiúcháin, agus bheadh tionscnóirí tionscadail freagrach as an gcur chun feidhme ar an talamh. I ndáil le hionstraimí airgeadais, beidh an cur chun feidhme tarmligthe d’institiúidí speisialta airgeadais, ach is é an Coimisiún a chinnfidh incháilitheacht. Cuirfidh Ballstáit leis an iarracht trí phleananna náisiúnta a fhorbairt le haghaidh idirlín ardluais de réir na spriocanna leathanbhanda, agus aithneoidh mapáil an bhonneagair agus na seirbhísí leathanbhanda (ag leibhéal AE agus náisiúnta/réigiúnach) bearnaí sa chlúdach mar aon le tionscnaimh ó infheisteoirí príobháideacha agus poiblí a spreagadh. Ní athraíonn an togra nua sprid ná modhanna na hidirghabhála a anailísíodh sa dara rogha ó bhonn,  ach laghdaíonn sé a raon feidhme trí chritéir cháilíochta níos déine.

Is ann cheana féin do roinnt mhaith seirbhísí digiteacha trasteorann, lena gcuirtear chun feidhme malartuithe idir riaracháin phoiblí na hEorpa a thacaíonn le beartais an AE. Agus réitigh nua á gcur ar fáil, tá sé tábhachtach leas a bhaint a bhaint as réitigh atá ann cheana a cuireadh ar bun mar chuid de thionscnaimh Eorpacha eile, athobair a sheachaint, agus féachaint chuige go gcomhordófar agus go gcuirfear ar aon dul le chéile na cuir chuige agus na réitigh atá á n-úsáid i ngach tionscnamh agus beartas, cuir i gcás clár ISA, clár Fiscalis agus Fís 2020.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Bunús Dlí

Déanfaidh an Rialachán beartaithe Cinneadh 1336/97 Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 17 Meitheamh 1997 ar shraith Treoirlínte le haghaidh líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha a aisghairm agus a ionadú.

Beidh an idirghabháil beartaithe de bhun Airteagal 172 CFAE, a sholáthraíonn an bunús dlí le haghaidh idirghabhála AE a thacaíonn le bunú agus forbairt líonraí tras-Eorpacha i réimsí na mbonneagar iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh.

Coimhdeacht agus comhréireacht

Éilíonn forbairt chomhordaithe líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha le tacú le húsáid bonneagar leathanbhanda agus cur chun cinn seirbhísí laistigh de mhargadh aonair Eorpach agus comhtháthú geilleagrach, sóisialta agus críche, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais de bhrí nach féidir leis na Ballstáit aonair na gníomhaíochtaí a chur i gcrích.

Tá prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh ag an togra seo, agus tá sé laistigh den scóip gníomhaíochta a bhaineann le réimse na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha, mar atá sainmhínithe in Airteagal 170 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Rogha na hionstraime dlí

Moladh agus glacadh leis na Treoirlínte Teileachumarsáide reatha mar Chinneadh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle atá dírithe ar na Ballstáit, rud a chiallaíonn go bhfuil na Treoirlínte ceangailteach ina n-iomláine i gcás na mBallstát uile.

Mar sin féin, éascóidh an ionstraim úsáid bonneagair teileachumarsáide agus cur chun cinn seirbhísí i measc aonán príobháideach (lena n-áirítear oibreoirí, fóntais, déantóirí trealaimh s.rl.) agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla ach go háirithe. Ó tharla níos mó gníomhairí le cois na mBallstát a bheith páirteach anois i bpleanáil, i bhforbairt agus in oibriú líonraí teileachumarsáide digiteacha, tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go mbeidh cách faoi cheangal na dTreoirlínte. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún tar éis Rialachán a roghnú mar an ionstraim dlí don togra seo.

Cistiúchán

Beidh tionscadail leasa choitinn incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na hionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán lena mbunaítear CEF Áis Chónasctha don Eoraip  [XXX/20012]. Soláthrófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna nglacadh ag an Aontas, de réir tosaíochtaí maoinithe agus infhaighteacht acmhainní.

Cumhachtaí a tharmligean

Tá líonraí teileachumarsáide ag déanamh dul chun cinn gasta agus b’fhéidir go gcaithfí an liosta tionscadal leasa choitinn a mhionathrú amach anseo chun an éabhlóid tapa seo a léiriú. Chun an méid seo a bhaint amach, moltar gur cheart an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún.

Impleachtaí do thograí eile de chuid an Choimisiúin

Déanann an modhnú reatha ar thogra an Choimisiúin difear do chomhad eile atá sa phróiseas reachtach faoi láthair, eadhon Rialachán lena mbunaítear CEF. Sa Rialachán seo cinntear na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta maidir le cabhair airgeadais ón Aontas a sholáthar do líonraí tras-Eorpacha in earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide.

Ní dhéanfaidh na hathruithe is gá aon difear d’eilimintí cothrománacha an Rialacháin CEF cé is moite dena shainaithint go bhfuil an Rialachán ábhartha don LEE, go le bhféadfaidh tíortha LEE bheith rannpháiteach ann.

Beidh teorainn leis na hathruithe ar an Rialachán CEF agus féadfar go n-áireofar orthu ath-fhoirmliú aithrisí áirithe chun an t-athrú ar fhócas na hidirghabhála a léiriú agus coigeartú nó scriosadh forálacha áirithe, lena n-áirítear Airteagal 7(4) maidir le hincháilitheacht agus coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais i réimse na teileachumarsáide agus Airteagal 10(4). (b) maidir leis na rátaí cistiúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an leathanbhanda. In Airteagal 20 ní bheidh gá a thuilleadh le tarmligean na cumhachta  chun an chuid den Iarscríbhinn a bhaineann le teileachumarsáid a leasú.

4.           IMPLEACHT BUISÉADACH

Ní bheidh aon chostas breise ag gabháil leis an togra seo do bhuiséad an AE.

Tá nasc idir an togra le haghaidh Rialacháin maidir le treoirlínte do chur chun feidhme líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha agus an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear  CEF Áis Chónasctha don Eoraip (CEF) a sholáthróidh an creat reachtach agus airgeadais. I Sa togra ón gCoimisiúin le haghaidh MFF nua rinneadh foráil maidir le méid €EUR 9.2 billiún[5] a leithdháileadh ar  do theileachumarsáid laistigh de chlúdach CEF. I gConclúidí na Comhairle Eorpaí an 8 Feabhra 2013 maidir le MFF 2014-2020 le haghaidh roinn teileachumarsáide CEF leagadh amach méid EUR 1.0 billiún (i bpraghsanna 2011). Cuirfear an méid críochnaitheach arna leithdháileadh ar theileachumarsáid in iúl a luaithe is a bhainfear amach comhaontú polaitiúil faoi fhigiúirí an MFF agus a ghlacfaidh an Údarás Reachtach an bunús dlí nua.

2011/0299 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le treoirlínte le haghaidh líonraí teileachumarsáide tras-Eorpaigh agus Cinneadh Uimh. 1336/97/CE a aisghairm

(Téacs le hábharthacht LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Is bonneagair atá bunaithe ar an idirlíon níos mó ná riamh iad seirbhísí agus líonraí teileachumarsáide, le líonraí leathanbhanda agus seirbhísí digiteacha atá idirghaolmhar go dlúth.. Is ardán ceannasach an t-idirlíon anois le haghaidh cumarsáide, seirbhísí agus gnó. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain ar an Idirlíon gasta agus na seirbhísí digiteacha chun leasa an phobail ar fáil go tras-Eorpach le haghaidh fáis eacnamaíoch agus an Mhargadh Aonair.

(2)       An 17 Meitheamh 2010, thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an gClár Oibre Digiteach don Eoraip[8], clár arb é is aidhm leis plean a ullmhú féachaint a oiread leasa is féidir a bhaint as an bpoitéinseal eacnamaíoch agus sóisialta atá i dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Tá sé ceaptha spreagadh a thabhairt do sholáthar agus éileamh bonneagar ardluais idirlín atá iomaíoch agus seirbhísí digiteacha atá bunaithe ar an idirlíon, féachaint fhíor-Mhargadh Digiteach Aonair a chur ar bun, rud nach féidir fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach dá uireasa.

(3)       Is le Rialachán (AE) Uimh. […/…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle […] lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip[9] (CEF – Connecting Europe Facility) a chinntear na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta i leith an Aontas cabhar airgeadais a thabhairt do líonraí tras-Eorpacha, i réimse an iompair, réimse an fhuinnimh agus réimse na teileachumarsáide. Ó tharla go bhfuil dúshláin agus deiseanna comhchosúla sna hearnálacha a chuimsíonn Rialachán CEF, tá deis mhaith ann leas a bhaint as sineirgíochtaí, mar shampla maoiniú a bhaineann leis an Áis Chónasctha don Eoraip a chur le foinsí eile maoiniúcháin.

(4)       Is ann cheana féin do roinnt mhaith seirbhísí digiteacha trasteorann trína ndéanann riaracháin phoiblí Eorpacha malartuithe le chéile ar mhaithe le beartais an AE a chomhlíonadh. Agus réitigh nua á gcur ar fáil, tá sé tábhachtach leas a bhaint as réitigh atá ann cheana agus a cuireadh ar bun mar chuid de thionscnaimh eile Eorpacha, athobair a sheachaint, agus féachaint chuige go gcomhordófar agus go gcuirfear ar aon dul le chéile cuir chuige agus réitigh gach tionscnamh agus beartas, cuir i gcás clár ISA, clár Fiscalis agus Fís 2020. Ar an gcuma chéanna, tá sé tábhachtach go gcomhlíonfaidh réitigh na caighdeáin, na sonraíochtaí agus na treoshuímh a comhaontaíodh, mar shampla an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta do Sheirbhísí poiblí Eorpacha[10].

(5)       Trí bhíthin tionscadal piolótach mórscála idir na Ballstáit arna gcómhaoiniú ag an gClár um Iomaíochas agus Nuálaíocht, e.g. PEPPOL, STORK, epSOS, eCODEX, agus SPOCS, daingníodh seirbhísí trasteorann bunriachtanacha sa mhargadh inmheánach, seirbhísí atá bunaithe ar bhloic thógála chomhchoiteanna. Tá na tionscadail sin aibí a ndóthain cheana féin, nó ní fada go mbeidh, lena gcur ar obair. Tá léirithe ag tionscadail leasa choitinn atá ann cheana féin an bhreisluach follasach a leanann gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach, i réimsí amhail an oidhreacht chultúrtha (Europeana), cosaint leanaí (Idirlíon Níos Sábháilte), an tslándáil shóisialta (EESSI), agus i réimsí eile, amhail cosaint tomhaltóirí (réiteach diospóidí ar líne), moladh tionscadal eile.

(6)       Bonneagair na seirbhíse digití arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha[11], déanfaidh siad éascaíocht d'idirghníomhú leictreonach trasteorann agus trasearnálach idir riaracháin phoiblí Eorpacha.  Fágfaidh sé sin go bhféadfar seirbhísí bunriachtanacha a sholáthar i réimsí amhail sainaithint agus soláthar leictreonach, idirnascadh trasteorann clár gnó, seirbhísí sláinte trasteorann leictreonacha idirinoibritheacha, agus comhar trasteorann i leith na cibearshlándála, rud a neartóidh an Margadh Aonair Digiteach. Déanfar an t-idirghníomhú sin idir riaracháin trí ardáin chroísheirbhíse idir‑inoibritheacha a chruthú agus/nó a fheabhsú, agus iad tógtha ar bhloic thógala chomhchoiteanna atá ann cheana agus/nó trí bhloic thógála nua a leagan síos nach féidir croí-sheirbhísí eile a fhorbairt dá huireasa, agus trí sheirbhísí cineálacha gaolmhara a bheadh ag nascadh bonneagar náisiúnta le hardáin croí-sheirbhísí chun seirbhísí digiteacha a sholáthar.

(7)       Maidir le bonneagair na seirbhíse digití, beidh an tosaíocht ag bloic thógála thar bhonneagair de chineálacha eile de chuid na seirbhísí dhigiteacha eile, ráite nach féidir na seirbhísí eile sin a sholáthar d'uireasa bloc tógála. Is éard ba cheart go ndéanfadh bonneagair na seirbhíse digití, i measc nithe eile, breisluach Eorpach a chruthú agus féachaint i ndiaidh riachtanas nach féidir déanamh dá n-uireasa. Ba cheart iad a bheith aibí a ndóthain lena gcur ar obair, go teicniúil agus go hoibríochtúil, agus é sin a bheith léirithe ag píolótú ráthúil. Ba cheart iad a bheith bunaithe ar phlean cinnte inbhunaitheachta d'fhonn a áirithiú go leanfaidh na hardáin chroísheirbhíse de bheith ag feidhmiú go neamhspleách ar CEF. Dá bhrí sin, aon uair is féidir é, ba cheart deireadh a chur i leaba a chéile le cabhair airgeadais a thugtar faoin Rialachán seo agus foinsí maoiniúcháin seachas CEF a úsáid.

(8)       Bonneagair na seirbhíse digití a theastaíonn chun oibleagáidí dlí faoi dhlí an AE a chomhlíonadh agus/nó a fhorbraíonn nó a chuireann bloic thógála ar fáil, agus a bhféadfadh mórthionchar a bheith acu ar fhorbairt seirbhísí poiblí uile-Eorpacha, ba cheart tosaíocht mhaoiniúcháin a bheith acu, féachaint bhonneagair na seirbhíse digití den iliomad sórt a bheith ann, agus, de réir a chéile, córas idir‑inoibritheachta Eorpach a thógáil.  Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn oibleagáidí dlí forálacha sonracha a cheanglaíonn forbairt nó úsáid bhonneagair na seirbhíse digití, nó a cheanglaíonn torthaí nach féidir a bhaint amach ach le bonneagair Eorpacha do sheirbhísí digiteacha.

(9)       Ba cheart do na Ballstáit údaráis áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh le bheith páirteach ar dhóigh iomlán agus éifeachtach i rialú bhonneagair na seirbhíse digití, agus féachaint chuige go gcuirfear moltaí an Chreata Eorpaigh Idir‑inoibritheachta do Sheirbhísí poiblí Eorpacha san áireamh i dtionscadal leasa choitinn a bhaineann le ríomhsheirbhísí an rialtais a chur ar bun thar theorainneacha.

(10)     Ina Rún dár dáta an 6 Iúil 2011 'Leathanbhanda Eorpach: Infheistíocht san Fhás Digiteach'[12], chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht nach féidir tionscadal an Aontais a bheith iomaíoch gan seirbhísí leathanbhanda agus go gcuireann na seirbhísí sin go mór leis an bhfás eacnamaíoch, leis an gcomhtháthú sóisialta agus le cruthú fostaíochta d'ardchaighdeán san Aontas.

(11)     Deirtear sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip gur cheart, faoi 2020, rochtain a bheith ag gach Eorpach ar luasanna idirlín os cionn 30 Mbps agus gur cheart go mbeadh nasc idirlín os cionn luas 100 Mbps ag 50% nó níos mó de theaghlaigh na hEorpa.

(12)     Ba cheart príomhról a bheith ag an earnáil phríobháideach i gcur ar bun agus i nuachóiriú lionraí leathanbhanda, agus creat rialála iomaíoch atá fabhrach don infheistíocht a bheith ag tacú leis sin. I gcás easpa infheistíocht phríobháideach a bheith ann, ba cheart do na Ballstáit an méid is gá a dhéanamh chun spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh a bhaint amach. Maidir le cabhair airgeadais a thabhairt ar son an leathanbhanda, ba cheart í a bheith teoranta do chláir nó tionscnaimh atá dírithe ar thionscadail nach féidir leis an earnáil phríobháideach a mhaoiniú léi féin, agus measúnú ex-ante a léiríonn gurb ann do neamhfhoirfeachtaí sa mhargadh nó do chásanna infheistíochta fo-optamaí a bheith ina dhearbhú air sin.

(13)     Níor cheart go ndéanfadh ionstraim(í) airgeadais saobhadh míchuí ar an iomaíocht, ná infheistíochtaí príobháideacha a phulcadh amach ná oibritheoirí príobháideacha a dhíspreagadh le hinfheistíocht a dhéanamh. Go háirithe, comhlíonfaidh siad Airteagail 101, 102, 106 agus 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(14)     Ó tharla na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi CEF a bheith teoranta, ba cheart cabhair airgeadais a bheith dírithe ar bhunú sásraí maoiniúcháin ar leibhéal an Aontais chun infheistíochtaí breise a mhealladh, chun éifeacht iolraitheora a chur chun cinn, agus ar an dóigh sin úsáid éifeachtach foinsí príobháideacha agus foinsí infheistíochta poiblí eile a éascú. Fágann an cur chuige sin gur féidir le lucht gnó agus institiúidí ranníocaíochtaí a dhéanamh atá i bhfad níos mó ná an maoiniú is incheadaithe go díreach faoi CEF.

(15)     Ba cheart an tacaíocht a thugtar faoi CEF ar mhaithe le húsáid an leathanbhanda a bheith ina chomhlánú ar chabhair a thugtar faoi thionscadail agus tionscnaimh eile de chuid an Aontais, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa san áireamh, i gcásannna ina léiríonn measúnú ex‑ante gurb ann do theipeanna margaidh nó do chásanna infheistíochta fo‑optamaí agus inar chinn na húdaráis bhainistíochta air sin. Cabhair airgeadais a thugtar faoi CEF ar mhaithe le húsáid leathanbhanda, ba cheart go gcuideodh sí le cuid iarrachtaí na mBallstát go díreach agus trí ranníocaíochtaí deonacha, imfhálaithe ó fhoinsí eile a mhealladh, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa san áireamh, agus ar an dóigh sin ligean do na Ballstáit leas a bhaint as saineolas agus éifeachtaí scála na saoráidí a bhainistíonn an AE féachaint airgead poiblí a chaitheamh ar dhóigh níos éifeachtúla.

(16)     Féadfaidh an tAontas tacú le húsáid lionraí leathanbhanda a chuidíonn spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach i ngach sórt limistéir, réigiúin bhruachbhailteacha, réigiúin tuaithe, réigiúin faoi líon beag daoine agus réigiúin thearcfhorbartha san áireamh. Áirítear sa mhéid sin úsáid lionraí leathanbhanda chun oileáin, réigiúin thalamhiata, réigiúin shléibhtiúil, réigiúin iargúlta agus imeallacha, agus Ballstáit ar oileáin iad, a nascadh le réigiúin láir an Aontais agus/nó gníomhaíochtaí atá ceaptha feabhas a chur ar iontaofacht nó feidhmiú nasc idir na réigiúin sin agus réigiúin láir an Aontais.

(17)     Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart an modh idirghabhála a bheith ag teacht le saintréithe na ngníomhaíochtaí i gceist. Dá bhrí sin, i réimse bhonneagair na seirbhíse digití, ba cheart tosaíocht mhaoiniúcháin i bhfoirm soláthair a bheith ag ardáin chroísheirbhíse nach féidir a mhaoiniú le foinsí eile, nó, ar bhonn eisceachtúil, i bhfoirm deontas, ach maidir le seirbhísí cineálacha, níor cheart ach cabhair shrianta airgeadais a thabhairt lena n-aghaidh faoi CEF. Ina theannta sin, ba cheart aon chabhair airgeadais a thugtar faoi CEF a bheith ceaptha sa chaoi is go mbainfear úsáid éifeachtach as cistí an Aontais, agus dá bhrí sin, ba cheart ionstraimí airgeadais a úsáid chun tacú le lionraí leathanbhanda, arae is airde an éifeacht ghiarála atá acu ná atá ag deontais.

(18)     Ba cheart a bheith d'aidhm ag an idirghabháil a dhéanfar faoin Rialachán seo sineirgíochtaí agus idir-inoibritheacht a bhaint amach idir tionscadail leasa choitinn éagsúla a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn, mar aon le sineirgíochtaí agus idir-inoibritheacht le bonneagair eile, lena n-áirítear bonneagair iompair agus fuinnimh a dtacaíonn CEF leo, bonneagair ábhartha thaighde a fhaigheann tacaíocht, inter alia, ó Fhís 2020 agus bonneagair ábhartha a dtacaíonn Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa leo, agus san am céanna athobair agus ualach míchuí riaracháin a sheachaint.

(19)     Ba cheart gníomhaíochtaí cothrománacha a bheith ina gcomhlánú ar an gcabhair airgeadais a thugtar do thionscadal leasa choitinn, lena n-áirítear cabhair theicniúil, comhordú agus beartú um spreagadh éilimh, gníomhaíochtaí ar cheart a bheith d'aidhm acu an tionchar atá ag idirghabháil an AE a uasmhéadú.

(20)     Agus cistí á ngealladh chun idirghabháil a dhéanamh i líonraí leathanbhanda, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar thorthaí na meastóireachtaí ar ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana.

(21)     Is mar chuid de chlár oibre bhliantúil an Choimisiúin a dhéanfar na gníomhaíochtaí nua atá le maoiniú faoi CEF, agus a leibhéal maoiniúcháin, a roghnú.

(22)     Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Grúpa Saineolaithe comhdhéanta d'ionadaithe de chuid na mBallstát, grúpa a rachfar i gcomhairle leis agus a thabharfaidh cuidiú chun, inter alia, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte, pleanáil a dhéanamh, meastóireacht a dhéanamh agus déileáil le fadhbanna cur chun feidhme.

(2)       Ar 26 Márta 2010, ba chúis áthais do Comhairle an Aontais Eorpaigh togra an Choimisiúin maidir le straitéis Eoraip 2020 a sheoladh. Ceann de thrí thosaíochtaí Eoraip 2020 is ea fás cliste trí gheilleagar atá bunaithe ar fhaisnéis agus ar nuálaíocht a fhorbairt. Gné riachtanach d’fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach an Aontais é infheistíocht i dteileachumarsáid, líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach go háirithe.

(3)       Ar 17 Meitheamh 2010, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Clár Oibre Digiteach don Eoraip[13] agus d’iarr ar gach institiúid a bheith lánpháirteach ina chur chun feidhme. Tá sé mar aidhm leis an gClár Oibre Digiteach cúrsa a leagan amach chun an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as acmhainneacht shóisialta agus eacnamaíoch teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, go háirithe trí úsáid a bhaint as líonraí leathanbhanda ardluais, agus é mar aidhm faoi 2020, go mbeadh rochtain ag pobal uile na hEorpa ar luasanna idirlín os cionn 30 Mbps agus go mbeadh suibscríbhinn ag 50 % nó níos mó de theaghlaigh Eorpacha ar naisc idirlín os cionn 100 Mbps. Tá sé mar aidhm leis an gClár Oibre Digiteach creat dlí cobhsaí a bhunú chun infheistíochtaí a spreagadh i mbonneagar idirlín ardluais atá oscailte agus iomaíoch agus i seirbhísí gaolmhara; margadh aonair d’inneachar agus do sheirbhísí ar líne; tacaíocht ghníomhach do dhigitiú oidhreacht shaibhir chultúrtha na hEorpa, cur chun cinn rochtana idirlín agus rátaí glactha idirlín, go háirithe trí thacú le litearthacht dhigiteach agus le hinrochtaineacht dhigiteach. Ina theannta sin, ba cheart do Bhallstáit pleananna náisiúnta oibríochtúla a chur chun feidhme le haghaidh idirlín ardluais, agus maoiniú poiblí a spriocdhíriú ar réimsí nach bhfuil freastal mar is cuí á dhéanamh ag infheistíochtaí príobháideacha i mbonneagair idirlín iontu agus úsáid seirbhísí nua-aimseartha, inrochtana, ar líne a chur chun cinn.

(4)       Sonraíonn an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún - Leathanbhanda san Eoraip: infheistiú i bhfás digiteach[14] go gciallaíonn an ról ríthábhachtach atá ag an idirlíon gur léir gur mó na buntáistí don tsochaí trí chéile ná na dreasachtaí príobháideacha a bhaineann le hinfheistiú i líonraí níos tapúla. Dá réir sin, baineann fíorthábhacht le tacaíocht phoiblí, ach níor cheart go saobhfadh sí an iomaíocht ach oiread.

(5)       Aithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún – Buiséad don Eoraip 2020[15] cruthú na hÁise Cónasctha don Eoraip i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúla d’fhonn díriú ar riachtanais bonneagair sna réimsí iompair, fuinnimh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Baineann fíorthábhacht le sineirgíochtaí idir na hearnálacha seo agus le cláir infheistíochta eile de chuid an Aontais de réir mar a thagann dúshláin chosúla chun solais a dteastaíonn réitigh uathu a chothaíonn fás, a théann i ngleic le bloghadh, a thacaíonn le comhthathú, agus atá i bhfabhar ionstraimí airgeadais nuálacha a úsáid le déileáil le teipeanna margaidh mar aon le deireadh a chur le caolais tráchta a chuireann bac ar fhorbairt an Mhargaidh Aonair.

(6)       Is é Rialachán (AE) Uimh. […/…] Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle […] lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip[16] a chinneann na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh airgeadais an Aontais a sholáthar do líonraí Eorpacha, ar mhaithe le tacú le tionscadail i réimse na mbonneagar iompair, fuinnimh agus teileachumarsáide.

(7)       Beidh gníomhaíochtaí i réimse na líonraí leathanbhanda ag teacht le beartais, rialachán agus treoir ábhartha an Aontais. Áiríonn sé seo an tsraith rialacha agus treoirlínte do na margaí teileachumarsáide agus go háirithe an Creat Rialála do chumarsáid leictreonach ar glacadh leis in 2009, creat a sholáthraíonn cur chuige soiléir, iontaofa agus cur chuige i ndáil le rialú líonraí agus seirbhísí leictreonacha cumarsáide i margaí atá ag gluaiseacht go tapa. Tá na rialacha seo á gcur chun feidhme ag údaráis rialála náisiúnta agus ag Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Tá sé mar aidhm le Moladh NGA[17] ar glacadh leis in 2010 forbairt Margadh Aonair a chothú trí dheimhneacht dhlíthiúil a fhorbairt agus infheistíocht, iomaíochas agus nuálaíocht a chur chun cinn sa mhargadh le haghaidh seirbhísí leathanbhanda go háirithe i ndáil leis an athrú chuig líonraí rochtana den chéad ghlúin eile (NGAanna).

(8)       Beidh na gníomhaíochtaí seo i gcomhlíonadh Airteagail 101, 102 agus 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar aon le Treoirlínte an Chomhphobail i ndáil le cur i bhfeidhm rialacha cúnaimh Stáit i ndáil le húsáid tapa líonraí leathanbhanda, ar glacadh leo in 2009, rialacha a sholáthraíonn creat do pháirtithe leasmhara agus do Bhallstáit chun luas a chur faoi úsáid leathanbhanda agus an úsáid atá á baint as leathanbhanda a fhorbairt. Soláthraíonn treoir an AE le haghaidh samhlacha infheistíochta NGA d’údaráis bhainistíochta an AE agus do ghníomhaireachtaí ábhartha eile (foilsithe i nDeireadh Fómhair 2011) cur chuige céim ar chéim maidir le cur chun feidhme raon samhlacha a áirithíonn iomaíocht chothrom i measc na soláthraithe go léir agus a bhfuil sé mar aidhm acu na cuspóirí i ndáil le beartais chomhtháthaithe agus forbartha tuaithe a fhíorú.

(9)       Laistigh de chreat de chóras margaí oscailte agus iomaíocha, tá gá le hidirghabháil an Aontais sa chás gur gá teipeanna margaidh a shárú. Trí thacaíocht airgeadais agus breis giarála maoinithe do thionscadail bonneagair a sholáthar, féadfaidh an tAontas cur le bunú agus le forbairt líonraí tras-Eorpacha sa réimse teileachumarsáide, agus dá réir sin, níos mó buntáistí a fhorbairt i dtéarmaí tionchair ar an margadh, éifeachtacht riaracháin agus úsáid acmhainní.

(10)     Tá nasc idir buntáistí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta, buntáistí nach féidir le hinfheisteoirí a ghabháil ná luach a chur leo, agus luasanna níos airde leathanbhanda. Baineann fíorthábhacht le leathanbhanda gasta agus sárghasta mar phríomhbhonneagar a thacaíonn le forbairt agus le húsáid seirbhísí digiteacha, atá ag brath ar infhaighteacht, luas, iontaofacht agus solúbthacht na líonraí fisiciúla. Ceadaíonn úsáid agus roghnú na líonraí níos tapúla do sheirbhísí nuálaíochta a shaothraíonn luasanna níos airde. Teastaíonn gníomhaíocht ag leibhéal Aontais chun an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as na sineirgíochtaí agus na hidirghníomhaíochtaí idir an dá chuid seo de na líonraí digiteacha teileachumarsáide.

(11)     Rachaidh úsáid leathanbhanda fíorthapa chun tairbhe na bhfiontar beaga agus meánmhéide (FBManna) nach mbíonn in ann tairbhe a bhaint as seirbhísí gréasán-bhunaithe dála 'néalríomhaireacht' go minic mar gheall ar nascacht agus luas mífheiliúnach nasc reatha leathanbhanda. Ba chóir go mbeadh sé seo mar bhonn le deiseanna suntasacha táirgiúlachta a chruthú le haghaidh FBManna.

(12)     Trí dheiseanna gnó a chruthú, úsáid líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digiteach, cuirfear dlús faoi chruthú poist san Aontas. Beidh éifeacht láithreach baill ag tógáil líonraí leathanbhanda ar fhostaíocht, go háirithe san earnáil innealtóireachta sibhialta.

(13)     Cuirfidh forbairt líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digití le cuspóir an Aontais astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú trí réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a chumasú ina lán earnálacha i ngeilleagar na hEorpa. Beidh an éifeacht dhearfach seo faoi shrian, go pointe áirithe, ag an éileamh méadaithe a bheidh ar fhuinneamh agus ar acmhainní a bhaineann den chuid is mó le tógáil líonraí leathanbhanda agus oibriú bonneagair na seirbhíse digití.

(14)     Trí idir-inoibritheacht líonraí leathanbhanda agus bonneagar na seirbhíse digití a bhaineann le líonraí fuinnimh cumasaítear cumarsáid chomhtháite chun líonraí digiteacha atá tíosach ar fhuinneamh, iontaofa agus cost-éifeachtach a chur ar fáil. Os a choinne sin, leathnófar coinbhéirseacht chun níos mó ná nascacht a chur san áireamh agus béim a leagan ar sholáthar pacáistithe seirbhísí fuinnimh agus teileachumarsáide a mbeidh soláthraithe seirbhísí fuinnimh agus teileachumarsáide faoi seach freagrach astu.

(15)     Cuireann forbairt, úsáid agus soláthar fadtéarmach seirbhísí trasteorann idir-inoibritheachta rRialtais le feidhmiú an Mhargaidh Aonair. Glactar leis go soláthraíonn Rialtais seirbhísí poiblí ar líne a chuireann le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na hearnála poiblí agus príobháidí

(16)     Beidh oibriú seirbhísí poiblí leictreonacha coiteanna curtha chun feidhme ag teacht de réir Threoir 922/2009/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 16 Meán fómhair 2009[18] atá dírithe ar infhaighteacht seirbhísí coiteanna atá ag tacú le hidirghníomhaíocht thrasteorann agus thrasearnála idir riaracháin phoiblí Eorpacha.

(17)     Soláthraíonn Treoir 2011/24/AE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 9 Márta 2011 ar chur chun feidhme ceart na n-othar i gcúram sláinte trasteorann[19] an creat dlí do sholáthar trasteorann cúram sláinte, lena n-áirítear seirbhísí rShláinte san Eoraip. Táthar ag súil go mbeidh a n-úsáid mar bhonn leis an gcaighdeán cúraim agus le sábháilteacht na n-othar a fheabhsú, mar aon le costais leighis a laghdú, cur le nuachóiriú córas náisiúnta cúram sláinte agus a n-éifeachtúlacht a mhéadú, agus iad a chur in oiriúint do riachtanais aonair saoránach, othar, gairmithe sláinte, agus déileáil leis na dúshláin atá á gcruthú ag sochaí atá ag dul in aois.

(18)     Cothóidh rochtain mhéadaithe agus chothaithe ar inneachar agus ar shonraí saibhre agus éagsúla cultúrtha atá i seilbh údarás poiblí, agus a áitithiú gur féidir an méid sin a athúsáid ag féachaint do chearta cóipchirt agus cearta gaolmhara, cruthaitheacht mar aon le nuálaíocht agus le fiontraíocht a chothú. Cabhróidh rochtain neamhshrianta ar acmhainní ath-inúsáidte, ilteangacha le bacainní teanga a shárú, bacainní a bhaineann an bonn de mhargadh inmheánach seirbhísí ar líne agus a chuireann srian ar rochtain ar fhaisnéis.

(19)     I ndáil le sábháilteacht agus le slándáil, cuirfidh ardán AE chun acmhainn, córais faisnéise agus uirlisí bogearraí a roinnt le timpeallacht níos sábháilteachta ar líne a chruthú do leanaí. Cuirfidh sé ar chumas ionad atá ag déileáil leis na céadta mílte iarratas agus fógraí gach bliain feidhmiú ar fud na hEorpa. Cuirfidh bonneagair na Faisnéise Criticiúla le cumas an Aontais a bheith ullamh, faisnéis a roinnt, agus bagairtí ar chibhearshlándáil a chomhordú agus déileáil leis na bagairtí sin.

(20)     Meastar go bhforbrófar feidhmchláir nuálacha tráchtála a bheidh bunaithe ar bhonneagair na seirbhíse digiteacha. D’fhéadfaí iniúchadh agus tástáil na bhfeidhmchlár sin a chómhaoiniú mar chuid de thionscadail taighde agus nuálaíochta faoi chlár Horizon 2020 agus a n-úsáid faoin mbeartas comhtháthaithe.

(21)     Chun na bhforbairtí i réimsí na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba chóir an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasú na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Is é cuspóir an tarmligin seo déileáil le forbairtí nua teicneolaíocha agus margaidh, tosaíochtaí nó deiseanna polaitiúla atá ag teacht chun cinn chun sineirgíochtaí nua idir bonneagair dhifriúla a iniúchadh, lena n-áirítear iad siúd sna réimsí Iompair agus Fuinnimh. Tá scóip an tarmligin teoranta don tuairisc ar thionscadail leasa choiteann a mhodhnú, ag cur tionscadail leasa choitinn san áireamh nó ag cur deiridh le tionscadail leasa choitinn atá imithe i léig de réir critéar réamhbhunaithe, soiléir agus trédhearcach.

(22)     Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(23)     Cuimsíonn Cinneadh Uimh. 1336/97/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 17 Meitheamh 1997 ar shraith treoirlínte do líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha cuspóirí[20], tosaíochtaí agus téarmaí ginearálta na mbeart a samhlaítear sna líonraí tras-Eorpacha i réimse an bhonneagair teileachumarsáide. I bhfianaise na bhforbairtí a rinneadh le déanaí, ba chóir an Cinneadh sin a ionadú.

(24)     Dá réir sin, ba chóir Cinneadh Uimh. 1336/97/CE a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar

1.           Leagann an Rialachán seo amach treoirlínte maidir le húsáid tráthúil agus idir‑inoibritheacht tionscadal leasa choitinn i réimse na líonraí cumarsáide tras-Eorpacha chun na líonraí teileachumarsáide tras Eorpacha sin lena dtacófar i gcomhréir le Rialachán XXX (Rialachán CEF) ina gcuid forbartha, cur chun feidhme, úsáide, idirnaisc, agus idir-inoibritheachta a chinneadh.

Déanann na treoirlínte seo foráil maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí na dtionscadal leasa choitinn, sainaithnítear tionscadail leasa choitinn agus leagtar amach critéir maidir le tionscadail leasa choitinn nua a shainaithint.

2.           Go háirithe, foráiltear leis an Rialachán seo maidir le:

(a) tosaíochtaí tionscadal leasa choitinn;

(b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh tionscadail leasa choitinn a bheith incháilithe do chabhair airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. xxx/2012 [Rialachán CEF] a fhad a bhaineann lena bhforbairt, a gcur chun feidhme, a n-úsáid, a n-idirnascthacht agus a n‑idir‑inoibritheacht.

(c) na critéir maidir le leagan síos tosaíochtaí tionscadal leasa choitinn a gheobhaidh nó a thairbheoidh de chúnamh airgeadais ón Aontas.

             

Airteagal 2 Cuspóirí

Tabharfaidh na tionscadail leasa choitinn faoi na nithe seo a leanas:

(1) cuirfear le fás eacnamaíoch agus tacófar le forbairt an Mhargaidh Aonair a bheidh mar bhonn le feabhsú an iomaíochas gheilleagar na hEorpa, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)

(2) cuirfear le feabhsuithe ar an saol laethúil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do rialtais trí idirnasc agus idir-inoibritheacht na líonraí teileachumarsáide náisiúnta a chur chun cinn mar aon le rochtain ar líonraí dá leithéid.

(3) spreagfaidh siad úsáid uile-Eorpach na líonraí leathanbhanda ghasta agus shárghasta a éascóidh, ar a seal, forbairt agus úsáid na seirbhísí digiteacha tras-Eorpacha.

(4) éascóidh siad úsáid inbhuanaithe bhonneagair tras-Eorpacha na seirbhíse digití, a gcuid idir-inoibritheachta agus a gcuid comhordúcháin ar leibhéal Eorpach, a gcur chun feidhme, a gcothabháil agus a n-uasghrádú.

(5) cuirfidh siad le laghduithe na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa, mar aon leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú.

Airteagal 2 3 Sainmhínithe

1.           Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. xxx/2012 (Rialachán CEF). beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

2.           Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) Ciallaíonn “líonraí teileachumarsáide” líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digití.

(b) Ciallaíonn 'bonneagair na seirbhíse digití' bonneagair lenar féidir seirbhísí líonraithe a sheachadadh go leictreonach, tríd an idirlíon de ghnáth, agus seirbhísí idir-inoibritheacha tras-Eorpacha a sholáthar atá le leas coiteann saoránach, gnólachtaí agus/nó rialtas. Tá bonneagair na seirbhíse digití comhdhéanta d'ardáin chroísheirbhíse agus de sheirbhísí cineálacha.

(c) Ciallaíonn 'bloic thógála' bonneagair na seirbhíse digití is in-athúsáidte.

(d) Ciallaíonn 'ardáin chroísheirbhíse' moil lárnacha bhonneagair na seirbhíse digití arb é is aidhm leo idirnascthacht tras-Eorpach, rochtain agus idir‑inoibritheacht a áirithiú. Beidh teacht ag na Ballstáit ar ardáin chroísheirbhíse agus b'fhéidir teacht a bheith ag aonáin eile orthu freisin.

(e) Ciallaíonn 'seirbhísí cineálacha' seirbhísí a nascann bonneagar náisiúnta amháin nó níos mó le hardán croísheirbhíse amháin nó níos mó d'fhonn seirbhísí digiteacha trasteorann a sheachadadh.

(f) Ciallaíonn 'líonraí leathanbhanda' líonraí rochtana sreangaithe agus gan sreang (lena n-áirítear satailít), bonneagar coimhdeach agus lárghréasáin atá in ann nascacht thar a bheith tapa a sheachadadh, agus ar an dóigh sin a chuidíonn na spriocanna maidir le leathanbhanda atá i gClár Oibre Digiteach don Eoraip a bhaint amach.

(g) Ciallaíonn “bonneagair na seirbhíse digití” seirbhísí líonraithe seachadta ar bhonn leictreonach, trí mheán an idirlín go tipiciúil, a sholáthraíonn seirbhísí idir-inoibritheacha tras-Eorpaigh chun leasa an phobail agus a bhfuil carachtar cumasúcháin acu le haghaidh saoránach, gnóthas, agus/nó rialtas.

(h) Ciallaíonn “breisluach Eorpach” an luach a thagann as idirghabháil AE atá sa bhreis ar an luach a bheadh bainte amach ag gníomhaíocht de chuid Ballstáit amháin nó ag gníomhaíocht de chuid grúpa Ballstáit.       Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm freisin leis na sainmhínithe leagtha amach i Rialachán XXX (Rialachán CEF).

Airteagal 3 Cuspóirí

1.           Leanfaidh na tionscadail leasa choitinn de bheith ina gcuidiú na cuspóirí ginearálta atá sonraithe in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. xxx/2012 [Rialachán CEF] a bhaint amach.

2.           Anuas ar na cuspóirí ginearálta, beidh na tionscadail leasa choitinn ceaptha ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leanas a bhaint amach:

(a) borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus tacaíocht a thabhairt an Margadh Aonar Digiteach a chur i gcrích ar mhaithe le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa, iomaíochas fiontar beaga agus meánmhéide san áireamh.

(b) feabhas a chur ar shaol laethúil na saoránach, gnólachtaí, agus rialtas trí idirnascthacht agus idir-inoibritheacht na líonraí teileachumarsáide náisiúnta, réigiúnach agus áitiúla, mar aon le rochtain ar na líonraí sin, a chur chun cinn.

3.           Trí bhíthin na dtosaíochtaí oibríochtúla seo a leanas cuideofar na spriocanna atá luaite i mír (1) agus i mír (2) a bhaint amach:

(a) idir-inoibritheacht, idirnascthacht, úsáid inbhuanaithe, oibriú agus uasghrádú bhonneagair thras-Eorpacha na seirbhíse digití agus a gcuid bloc tógála, agus comhordú ar an leibhéal Eorpach.

(b) sreabhadh éifeachtach infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí chun úsáid agus nua-aoisiú líonraí leathanbhanda a spreagadh d'fhonn cuidiú a thabhairt na spriocanna maidir le leathanbhanda atá i gClár Oibre Digiteach don Eoraip a bhaint amach.

Airteagal 4 Tosaíochtaí do thionscadail leasa choitinn

Ag féachaint do na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2, is mar seo a leanas a bheidh na tosaíochtaí do thionscadail leasa choitinn:

(a) líonraí leathanbhanda sárghasta a úsáid ag áirithiú luas tarchurtha sonraí de 100 Mbps agus os a chionn;

(b) líonraí leathanbhanda a úsáid chun réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a nascadh le réigiúin lárnacha an Aontais lena áirithiú sna réigiúin sin go mbeidh luas tarchurtha sonraí leordhóthanach chun go mbeidh nasthacht leathanbhanda de 30 Mbps agus níos mó iontu.

(c) tacú le hardáin croísheirbhíse i réimse bhonneagair na seirbhísí digiteacha

(d) gníomhartha a cheadaíonn sineirgíochtaí agus idir-inoibritheacht a bhaint amach idir tionscadail leasa choitinn éagsúla i réimse na Teileachumarsáide, idir tionscadail leasa choitinn a bhaineann le cineálacha éagsúla bonneagar, lena n-áirítear Iompar agus Fuinneamh, idir tionscadail leasa choitinn i réimse na Teileachumarsáide agus tionscadail le tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, mar aon le bonneagair taighde ábhartha.

Airteagal 4 5 Tionscadail leasa choitinn

1.           Cuirfidh tionscadail leasa choitinn leagtha amach san Iarscríbhinn le gnóthú na gcuspóirí leagtha amach in Airteagal 2.

1.           Le tionscadail leasa choitinn déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) Féachfar le cruthú agus/nó feabhsú ardán croísheirbhíse gona mbloic thógála choiteanna, a bheadh idir-inoibritheach agus nuair ab fhéidir é, comhoiriúnach go hidirnáisiúnta, maille le seirbhísí cineálacha le haghaidh bhonneagair na seirbhísí digití.

(b) cuirfear dóigh éifeachtach ar fáil le hinfheistíocht a dhéanamh sa leathanbhanda, catagóirí nua infheisteoirí agus tionscnóirí tionscadal a mhealladh agus inmhacashamhailteacht tionscnamh agus múnlaí gnó a spreagadh.

2.           Féadfaidh tionscadal tionscadail leasa choitinn a thimthriall dtimthriall iomlán a chuimsiú, lena n-áirítear staidéir féidearthachta, cur chun feidhme, feidhmiú leanúnach, comhordú agus meastóireacht.

3.           Féadfar gníomhaíochtaí cothrománacha a úsáid chun tacú le tionscadail leasa choitinn.

4.           Tá tuairisc níos mionsonraithe ar thionscadail leasa choitinn agus gníomhaíochtaí a chuireann leo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.           Glacfaidh Ballstáit agus/nó aonáin eile atá i gceannas ar chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn nó ar chuidiú lena gcuid cur chun feidhme leis na bearta dlíthiúla, riaracháin, teicniúla agus airgeadais cuí i gcomhréir le sonraíochtaí comhfhreagracha an Rialacháin seo.

4.           Féadfaidh an tAontas cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn a éascú trí bhearta rialála, nuair is cuí, trí chomhordú, trí bhearta tacaíochta agus trí thacaíocht airgeadais chun a gcuid úsáide agus roghnaithe a spreagadh, mar aon le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach.

5.           Beidh gníomhaíochtaí ag cur le tionscadail leasa choitinn incháilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais AE faoi na coinníollacha agus ionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán lena mbunaítear an Áis Chónasctha don Eoraip [TAG]. Soláthrófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna nglacadh ag an Aontas, de réir tosaíochtaí maoinithe agus infhaighteacht acmhainní.

6.           Beidh cumhacht ag an gCoimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe chun an cur síos ar thionscadail leasa choitinn atá san áireamh san Iarscríbhinn a mhionathrú, tionscadail leasa choitinn nua a chur leis an Iarscríbhinn, nó tionscadail leasa choitinn atá imithe i léig a bhaint ón Iarscríbhinn, i gcomhréir le míreanna 7, 8 agus 9 thíos agus i gcomhréir le hAirteagal 8.

7.           Agus é ag glacadh leis an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in mír 6 thuas, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfreagraíonn mionathrú ar an gcur síos ar thionscadal leasa choitinn nó tionscadal leasa choitinn nua a chruthú do na riachtanais a éiríonn astu seo a leanas:

(a) forbairtí teicneolaíochta agus margaidh nua;

(b) tosaíochtaí polaitiúla atá ag teacht chun cinn;

(c) deiseanna nua chun sineirgíochtaí a shaothrú idir bonneagair éagsúla, lena n-áirítear iad sin i réimse an Iompair agus an Fhuinnimh.

8.           I dteannta leis na critéir a bunaíodh i mír 7, má bhaineann an gníomh tarmligthe le tionscadal leasa choitinn nua, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin maidir le cibé an gcomhlíonann tionscadal dá leithéid na critéir seo a leanas go carnach:

(a) an gcuireann siad le gnóthú na gcuspóirí leagtha amach in Airteagal 2;

(b) an bhfuil siad bunaithe ar theicneolaíocht aibí réidh le haghaidh úsáide;

(c) an léiríonn siad breisluach Eorpach.

9.           Agus é ag glacadh le hacht tarmligthe a bhaineann tionscadal leasa choitinn atá imithe i léig ón Iarscríbhinn, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfreagraíonn tionscadal dá leithéid do na riachtanais atá leagtha amach i mír 7 nó nach gcomhlíonann sé na critéir leagtha amach i mír 8 níos mó.

Airteagal 5 Modhanna idirghabhála

1.           I réimse bhonneagair na seirbhíse digití, is é an tAontas go príomha a chuirfidh chun feidhme ardáin chroísheirbhíse, ach is iad na páirtithe a bheidh á nascadh leis an ardán croísheirbhíse ábhartha a chuirfidh seirbhísí cineálacha chun feidhme. Is í an earnáil phríobháideach is mó a dhéanfaidh infheistíochtaí i líonraí leathanbhanda. Ní thabharfar tacaíocht phoiblí ach i gcás teipeanna margaidh nó infheistíocht fho‑optamach a bheith ann.

2.           Is iad na Ballstáit, lena n‑áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus/nó aonáin eile atá i gceannas ar chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn nó a chuidíonn iad a chur chun feidhme, a dhéanfaidh na bearta dlíthiúla, riaracháin, teicniúla agus airgeadais cuí i chun sonraíochtaí an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

3.           Beidh gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn incháilithe do thacaíocht airgeadais ón AE faoi na coinníollacha agus faoi na hionstraimí atá ar fáil faoi Rialachán Uimh. xxx/2012 [Rialachán CEF]. Soláthrófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna nglacadh ag an Aontas, de réir tosaíochtaí cistithe agus infhaighteachta acmhainní. Go háirithe:

(a) Is féidir tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití le:

(a) soláthar agus/nó

(b) deontais.

(b) Is féidir tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda leo seo a leanas:

(a) ionstraimí airgeadais de réir an tsainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. xxx/2012 [Rialachán CEF], ar féidir ranníocaíochtaí a chuir leo ó chodanna eile den Áis Chónasctha don Eoraip, ionstraimí eile, cláir agus línte buiséid i mbuiséad an Aontais, na Ballstáit, lena n‑áirítear údaráis áitiúla, agus aon infheisteoirí eile, lena n‑áirítear infheisteoirí príobháideacha i gcomhréir le hAirteagal 15.2 de Rialachán (AE) Uimh. xxx/2012 [Rialachán CEF] agus/nó

(b) meascán d’ionstraimí airgeadais agus de dheontais ó fhoinsí poiblí seachas CEF, bídís ina bhfoinsí de chuid an AE nó ina bhfoinsí náisiúnta.

(c)  Úsáidfear iad seo chun tacú le gníomhaíochtaí cothrománacha:

(a) soláthar agus/nó

(b) deontais.

4.           I gcás ina gcomhlánaíonn tacaíocht ón CEF tacaíocht ó CHISTÍ STRUCHTÚRACHA AGUS INFHEISTÍOCHTA NA HEORPA agus tacaíocht phoiblí dhíreach eile, féadfar cruthú sineirgíochtaí idir ghníomhaíochtaí de chuid CEF agus tacaíocht ó CHISTÍ STRUCHTÚRACHA AGUS INFHEISTÍOCHTA NA HEORPA a neartú trí shásra comhordaithe cuí a úsáid.

Airteagal 6

Critéir incháilitheachta agus tosaíochtaí do mhaoiniú

1.           Gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití, ní mór dóibh na coinníollacha seo a leanas go léir a chomhlíonadh le bheith incháilithe do mhaoiniú:

(a) bheith aibí a ndóthain lena n-úsáid, agus é sin a bheith cruthaithe le píolótú rathúil go háirithe, faoi chláir amhail cláir de chuid an Aontais a bhaineann le nuálaíocht agus taighde,

(b) cur le beartais agus le gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a thacaíonn leis an margadh aonair;

(c) breisluach Eorpach agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach, nuair is ábhartha, a chruthú trí fhoinsí maoinithe seachas CEF, agus é sin léirithe ag measúnú féidearthachta agus costais is tairbhe;

(d) caighdeáin, sonraíochtaí agus treoshuímh a comhaontaíodh, amhail an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta a chomhlíonadh agus leas a bhaint as réitigh atá ann cheana.

2.           Bloic thógála nach féidir bonneagair eile de chuid na seirbhíse digití atá liostaithe san Iarscríbhinn a fhorbairt, a úsáid ná a oibriú ina n‑éagmais, agus ar féidir a léiriú gur dealraitheach go n‑úsáidfear iad chuige sin, tabharfar tosaíocht mhaoiniúcháin dóibh.

3.           Ina ndiaidh siúd, tabharfar tosaíocht mhaoiniúcháin do bhonneagair de chuid na seirbhíse digití a thacaíonn le forálacha sonracha de chuid reachtaíocht an AE agus atá bunaithe ar bhloic thógála atá ann cheana.

4.           Ar bhonn na gcuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus de réir an bhuiséid atá ar fáil, féadfaidh critéir bhreise incháilitheachta agus tosaíochta i réimse bhonneagair na seirbhíse digití a shocrú leis na cláir oibre.

5.           Ní mór do ghníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda na critéir seo a leanas go léir a chomhlíonadh le bheith incháilithe do mhaoiniú:

(a) cuidiú mór a thabhairt cuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach.

(b) bheith aibí a ndóthain a fhad a bhaineann le forbairt agus ullmhú an tionscail, agus sásraí cur chun feidhme éifeachtacha a bheith ag tacú leo.

(c) aghaidh a thabhairt ar neamhfhoirfeachtaí margaidh nó ar chásanna d’infheistíocht fho‑optamach.

(d) gan saobhadh ar an margadh agus pulcadh amach infheistíochta príobháidí a theacht astu

(e) an teicneolaíocht a úsáid a mheastar a bheith ar an teicneolaíocht is oiriúnaí le dul i ngleic le riachtanais an limistéir atá i gceist agus tosca geografacha, sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh ar bhonn critéar oibiachtúil agus i gcomhréir leis an neodracht theicneolaíoch.

(f) teicneolaíocht úrscothach a úsáid agus/nó bheith bunaithe ar shamhlacha gnó nuálacha, agus ardacmhainn a bheith ann iad a mhacasamhlú.

6.           Ní bheidh na critéir atá luaite i bpointe (f) den mhír roimhe seo ina gceanglas i gcás tionscadal arna maoiniú le ranníocaíochtaí imfhálaithe breise dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 15.2 de Rialachán (AE) Uimh. xxx/2012 [Rialachán CEF]

7.           Leagfar amach critéir incháilitheachta maidir le gníomhaíochtaí cothrománacha sna cláir oibre.

Airteagal 7 6

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Féadfaidh an tAontas teagmhálacha a bhunú, faisnéis a phlé agus a mhalartú agus oibriú i gcomhar le húdaráis phoiblí nó le haon eagraíochtaí eile i dtríú tíortha chun aon chuspóir atá á saothrú leis na treoirlínte seo a bhaint amach i gcás ina dtagann breisluach Eorpach chun cinn de bharr comhair dá leithéid. I dteannta cuspóirí eile, déanfar iarracht leis an gcomhar seo an idir-inoibritheacht idir na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha líonraí teileachumarsáide san Aontas agus líonraí teileachumarsáide de chuid tríú tíortha a chur chun cinn.

2.           D’fhéadfadh an tAontas teagmhálacha a bhunú a thuilleadh, faisnéis a phlé agus a mhalartú agus comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le haonáin dlíthiúla atá bunaithe i dtríú tíortha d'fhonn aon chuspóir atáthar sa tóir orthu ag na treoirlínte seo a bhaint amach.

Airteagal 8 7 Malartú faisnéise, monatóireacht agus tuairisciúathbhreithniú

1.           Ar bhonn na faisnéise a fuarthas faoi Airteagal 21 de Rialachán XXX lena mbunaítear CEF Áis Chónasctha don Eoraip, malartóidh Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na dtreoirlínte seo.

2.           Cuideoidh Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Sainghrúpa, comhdhéanta d’ionadaí ó gach Ballstát, agus cuideoidh an Sainghrúpa sin leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtreoirlínte seo, chun pleanáil a dhéanamh trí na straitéisí náisiúnta d'idirlíon ardluais agus do mhapáil bonneagar, agus chun faisnéis a mhalartú. Féadfaidh an Sainghrúpa breithniú a dhéanamh freisin ar aon saincheist eile a bhaineann le forbairt na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpach. Go háirithe, cuideoidh an Sainghrúpa leis an gCoimisiún:

(a) faireachán a dhéanamh ar na treoirlínte sin agus iad a chur chun feidhme;

(b) pleananna náisiúnta nó straitéisí náisiúnta a phleanáil, más infheidhme;

(c) bearta a dhéanamh chun cur chun feidhme na gclár oibre i dtéarmaí airgeadais agus teicniúil a mheas;

(d) aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn maidir le tionscadail a chur chun feidhme.

Féadfaidh an Sainghrúpa breithniú a dhéanamh freisin ar aon saincheist eile a bhaineann le forbairt na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha.

3.           I gcomhar leis an meastóireacht lárthéarma agus leis an meastóireacht ex-post ar an Rialachán XXX lena mbunaítear CEF Áis Chónasctha don Eoraip agus tar éis dul i mbun comhairle leis an Sainghrúpa, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn atá á dhéanamh ar chur chun feidhme na dtreoirlínte seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

4.           Sna tuarascálacha sin, déanfaidh an Coimisiún a mheas freisin an áirítear fós faoi raon feidhme na dtionscadal leasa choitinn tosaíochtaí polaitíocha, forbairtí agus nuálachtaí teicneolaíocha le cois forbairtí rialála nó forbairtí margaidh agus eacnamaíocha agus ar cheart, i bhfianaise na bhforbairtí sin agus an ghá le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach, deireadh a chur, i leaba a chéile, le maoiniú aon tionscadail leasa choitinn lena dtacaítear, nó foinsí eile a aimsiú lena aghaidh nó na cúinsí sna margaí ábhartha. I gcás mórthionscadal ar dócha go mbeidh móréifeachtaí acu ar an gcomhshaol, beidh anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol sna tuarascálacha seo, agus, más cuí, riachtanais maidir le maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus athléimneacht ó thubaistí á gcur san áireamh. Féadfar meastóireacht athbhreithniú dá leithéid a dhéanamh tráth ar bith eile freisin de réir mar a mheastar é a bheith oiriúnach.

5.           Déanfar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí earnála atá leagtha amach in Airteagal 3 a mheas ex post leis na critéir seo a leanas, inter alia:

(a) a mhéid atá bonneagair na seirbhíse digití ar fáil, arna mheas le líon na mBallstát atá nasctha le gach bonneagar seirbhíse digití.

(b) céatadán na saoránach agus na ngnólachtaí atá ag úsáid bhonneagair na seirbhíse digití agus a mhéid atá na seirbhísí sin ar fáil thar theorainneacha.

(c) méid na n‑infheistíochtaí a mealladh i réimsí an leathanbhanda agus an éifeacht ghiarála.

Airteagal         8 An tarmligean a fheidhmiú

1.           Bronntar an chumhacht i ndáil le gníomhartha tarmligthe a ghlactha ar an gCoimisiún faoi réir na gcoinníollacha leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Bronnfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6) ar an gCoimisiún le haghaidh tréimhse neamhtheoranta ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(6) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí ná sin a shonrófar ann. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún é sin in iúl go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 9 Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE, arna leasú ag Cinneadh Uimh. 1376/2002/CE.

Airteagal 10 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

TIONSCADAIL LEASA CHOITINN

Roinn 1. Bonneagair na Seirbhíse Digití

Bíonn idirghabhálacha i réimse bhonneagar na seirbhíse digití ag brath ar chur chuige dhá leibhéal: Ardáin chroísheirbhíse agus seirbhísí cineálacha. Ó nach féidir bonneagar seirbhíse digití a bhunú in éagmais an ardáin chroísheirbhíse, beidh tús áite ag an tacaíocht d'ardáin chroísheirbhíse agus dá mbloic thógála choiteanna ar sheirbhísí cineálacha.

Le hardáin chroísheirbhíse agus lena mbloic thógála coiteanna, féchtar chuig riachtanais idir‑inoibritheachta agus slándála tionscadal leasa choitinn. Tá siad ceaptha chun gur féidir idirghníomhaíochtaí digiteacha a beith ann idir údaráis phoiblí agus saoránaigh, idir údaráis phoiblí agus gnólachtaí agus eagraíochtaí, nó idir údaráis phoiblí Ballstát éagsúil, trí ardáin idirghníomhaíochta chaighdeánaithe trasteorann atá so-úsáidte. Beidh tús áite ag bonneagair na seirbhíse digití ar bloic thógála iad ar bhonneagair eile na de chuid na seirbhíse digití , ó nach féidir na seirbhísí eile sin a sholáthar in éagmais bloc tógála. Is iad na seirbhísí cineálacha a fheidhmíonn mar nasc leis na hardáin chroísheirbhíse agus is dá mbarr is féidir do na seirbhísí náisiúnta breisluacha na hardáin chroísheirbhíse a úsáid. Feidhmíonn siad mar phasáiste idir seirbhísí náisiúnta agus ardáin chroísheirbhíse agus is dá mbarr is féidir le húdaráis phoiblí agus le heagraíochtaí, le gnólachtaí agus/nó le saoránaigh rochtain a fháil ar an ardán croísheirbhíse chun a gcuid idirbheart trasteorann a dhéanamh. Áiritheofar cáilíocht na seirbhísí agus na tacaíochta do gheallsealbhóirí a bhfuil baint acu le hidirbhearta trasteorann. Tacóidh siad le húsáid ardán croísheirbhíse agus spreagfaidh siad an úsáid sin.

Ní hamháin ar chruthú bhonneagair na seirbhíse digití agus seirbhísí gaolmhara a bheifear dírithe ach ar an rialachas a bhaineann leis na hardáin sin a oibriú freisin.

Beidh ardáin chroísheirbhíse nua bunaithe go príomha ar ardáin atá ann cheana agus ar a mbloic thógála agus/nó, más féidir é, cuirfidh siad bloic thógála nua leis na cinn atá ann cheana.

1.           Ag seo bonneagair na seirbhíse digití ar bloic thógála iad a sainaithníodh a priori le bheith ina gcuid de na cláir oibre i gcomhréir le hAirteagal 6.1 agus le hAirteagal 6.2:

(a) Sainaithint agus deimhniú leictreonacha: tagraíonn an téarma seo do sheirbhísí atá ann chun gur féidir ríomhaitheantas agus ríomhshíniú a shainaithint agus a bhailíochtú thar theorainneacha.

(b) Ríomhsheachadadh doiciméad: tagraíonn an téarma seo do sheirbhísí a úsáidtear chun ríomhdhoiciméid a thraschur thar theorainneacha ar dhóigh slán inrianaithe.

(c) Uathaistriúchán: tagraíonn an téarma seo d’innill uathaistriúcháin agus do shainacmhainní teanga lena n‑áirítear na huirlisí agus comhéadain chlárúcháin is gá chun seirbhísí il‑Eorpacha a oibriú i dtimpeallacht ilteangach.

(d) Tacaíocht do bhonneagair dhigiteacha chriticiúla: tagraíonn an téarma seo do chainéil agus d’ardáin chumarsáide atá ceaptha feabhas a chur ar chumas na hEorpa a bheith ullamh, faisnéis a roinnt, comhordú a dhéanamh agus déileáil le cibearbhagairtí.

(e) Ríomhshonrascú: tagraíonn an téarma seo do sheirbhísí lenar féidir sonraisc a mhalartú go leictreonach.

2.           Ag seo bonneagair eile de chuid na seirbhísí digití a sainaithníodh a priori le bheith incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 6.1:

(a) Seirbhísí ríomhsholáthair idir-inoibritheacha trasteorann: Tagraíonn an téarma seo do ghrúpa seirbhísí is féidir le soláthróirí seirbhísí ríomhsholáthair san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a úsáid chun ardáin ríomhsholáthair trasteorann a chur ar bun. Leis an mbonneagar seo, féadfaidh aon ghnólacht san AE nósanna imeachta poiblí ó aon aonán nó údarás conarthach in aon Bhallstát a fhreagairt. Cuimseofar gníomhaíochtaí ríomhsholáthair réamh‑dhámhachtana agus iar‑dhámhachtana, lena n‑áirítear feidhmiúlachtaí amhail tairiscintí a chur isteach go leictreonach, sainchomhaid fhíorúla gnólachtaí, ríomhchatalóga, ríomhorduithe agus ríomhshonrascú.

(b) seirbhísí sláinte trasteorann leictreonacha idir‑inoibritheacha: Tagraíonn an téarma seo d’ardán lenar féidir saoránaigh/othair agus soláthraithe cúraim shláinte idirghníomhú le chéile, sonraí a tharchur idir institiúidí agus idir eagraíochtaí, nó cumarsáid piara le piara idir saoránaigh/othair agus/nó gairmithe sláinte agus institiúidí. Samplaí de na seirbhísí seo is ea rochtain trasteorann ar ríomhthaifid sláinte agus ar ríomhsheirbhísí ordaithe cógas comh maith le cianseirbhbhísí sláinte agus cuidithe maireachtála etc.

(c) Ardán Eorpach d’idirnasc na gclár gnó Eorpach: Tagraíonn an téarma seo d’ardán a sholáthraíonn sraith d’uirlisí lárnacha agus de sheirbhísí lárnacha lenar féidir do na cláir ghnó sna Ballstáit uile faisnéis a mhalartú faoi ghnólachtaí chláraithe, faoina gcuid brainsí, a gcumaisc agus a bhfoircinn. Soláthróidh sé freisin seirbhís chuardaigh ilnáisiúnta agus ilteangach d’úsáideoirí a úsáideann Pointe Rochtana Lárnach ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach ríomh-Cheartais.

(d) Rochtain ar fhaisnéis ath-inúsáidte san earnáil phoiblí: Tagraíonn an téarma seo don ionad ilfhreastail aonair ar na tacair sonraí ilteangacha (teangacha oifigiúla an AE) atá i seilbh chomhlachtaí poiblí san AE ar an leibhéal Eorpach, go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil; uirlisí fiosrúcháin agus léirshamhlaithe de chuid na dtacar sonraí; dearbhú go bhfuil na tacair shonraí atá ar fáil gan tréithe pearsanta luaite, ceadúnaithe agus, más infheidhme, go bhfuil praghas curtha ar a bhfoilsiú, a n‑ath-dháileadh agus a n‑athúsáid, lena n-áirítear rian iniúchta foinse sonraí.

(e) Nósanna imeachta leictreonacha maidir le gnólacht a chur agus a choinneáil ar bun i dtír Eorpach eile: Leis an tseirbhís seo féadfar na nósanna imeachta riaracháin ar fad a dhéanamh go leictreonach thar theorainneacha éagsúla trí Ionaid Ilfhreastail. Ceanglais de chuid Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach is ea an tseirbhís sin.

(f) Rochtain ar acmhainní digiteacha de chuid oidhreacht na hEorpa: Tagraíonn an téarma seo don ardán croísheirbhíse atá bunaithe ar an tairseach Eorpach atá ann faoi láthair. Beidh an t-ardán ina phointe rochtana aonair ar ábhar oidhreachta cultúrtha de chuid na hEorpa ar leibhéal míre, agus cuirfidh sé ar fáil tacar de shonraíochtaí comhéadain le haghaidh idirghníomhú a dhéanamh leis an mbonneagar (cuardach sonraí, íoslódáil sonraí), tacaíocht d’oiriúnú agus d’iontógáil meiteashonraí an ábhair nua, chomh maith le faisnéis faoi choinníollacha maidir le hathúsáid an ábhair is inrochtana leis an mbonneagar.

(g) Bonneagar seirbhísí ar mhaithe le hidirlíon níos sábháilte: Tagraíonn an téarma seo don ardán ina ndéantar áiseanna ríomhaireachta, bunachair sonraí agus uirlísí bogearraí a fháil, a oibriú agus a chothabháil do na hIonaid um Idirlíon Níos Sábháilte sna Ballstáit. Tagraíonn sé freisin d’oibríochtaí cúloifige a dhéantar chun tuairisciú ábhar mí‑úsáide gnéasaí a láimhseáil agus don nasc le húdaráis phóilíneachta, lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Interpol, agus, más cuí, féachaint chuige go ndéanfaidh na suímh ghréasáin i gceist an t-abhar sin a bhaint. Tacóidh bunachair shonraí choiteanna leis seo.

(h) Seirbhísí trasteorann idir-inoibritheacha ar líne. Tagraíonn an téarma seo d’ardáin a éascóidh idir‑inoibritheacht agus comhar idir na Ballstáit i réimsí an leasa choitinn, go háirithe chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a éascú, amhail ríomh‑Cheartas, lena bhféadfar rochtain trasteorann a bheith ag saoránaigh, ag gnólachtaí, ag eagraíochtaí agus ag cleachtóirí dlí ar mhodhanna/dhoiciméid dlí agus ar nósanna imeachta breithiúnacha, ar Réiteach Díospóidí ar Líne lenar féidir díospóidí trasteorann idir tomhaltóirí agus ceannaithe a réiteach agus Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) a dhéanamh, rud a chuideoidh le comhlachtaí slándála sóisialta ar fud an AE faisnéis a mhalartú ar dhóigh níos gasta agus níos sláine.

Roinn 2. Líonraí leathanbhanda

1.           Raon feidhme na ngníomhaíochtaí

Ceann amháin nó níos mó de na nithe seo thíos a bheidh sna gníomhaíochtaí:

(a) Úsáid bonneagair fhisiciúil éighníomhaigh, bonneagair fhisiciúil ghníomhaigh nó cumasc den dá rud agus d’eilimintí bonneagair coimhdeacha, chomh maith le seirbhísí is gá chun na bonneagair sin a oibriú.

(b) Áiseanna agus seirbhísí gaolmhara, amhail sreangú foirgneamh, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, crainn, dúnphoill agus caibinéid;

(c) Leas a bhaint as sineirgíochtaí is féidir a bheith ann idir cur i bhfeidhm na líonraí leathanbhanda agus líonraí fóntais eile (fuinneamh, iompar, uisce, séarachas, etc.), na seirbhísí sin a bhaineann le dáileadh cliste leictreachais go háirithe.

2.           Cuidiú a thabhairt spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach.

Beidh na tionscadail uile a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin Rialachán seo ina mórchuidiú spriocanna an Chlair Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach.

(a) Maidir le gníomhaíochtaí a mhaoineoidh an tAontas go díreach:

(a) beidh siad bunaithe ar theicneolaíocht úrscothach, le sreang nó gan sreang, lenar féidir seirbhísí leathanbhanda an‑ardluais a sheachadadh, sa dóigh is go sásófar an t‑éileamh ar fheidhmchláir a dteastaíonn bandaleithead ard lena n-aghaidh, nó

(b) beidh siad bunaithe ar shamhlacha gnó nuálacha agus/nó meallfaidh siad catagóirí nua tionscnóirí tionscadail nó infheisteoirí, nó

(c) beidh ardacmhainn inmhacasamhlaitheachta iontu, sa dóigh is gur féidir tionchar níos leithne a imirt ar an margadh de bharr a n‑éifeachta léiriúcháin.

(b)  Gníomhaíochtaí a mhaoineofar le ranníocaíochtaí imfhálaithe breise a sholáthrófar i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. xxxx/2012 [Rialachán CEF], cuirfidh siad go mór le cumas an mhargaidh ó thaobh seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, luasanna na seirbhisí sin agus a dtoilleadh. Tionscadail a sholáthraíonn luais traschuir sonraí faoi bhun 30 Mbp, ba cheart go méadóidis na luasanna sin go dtí 30 Mbp le himeacht ama.

3.           Measúnú tionscadail féachaint cinneadh ar an struchtúr maoinithe is fearr

Beidh cur chun feidhme gníomhaíochtaí bunaithe ar mheasúnú tionscadail cuimsitheach. Cuimseoidh an measúnú, inter alia, cúinsí margaidh, lena n‑áirítear faisnéis faoi bhonneagar atá ann cheana nó atá pleanáilte, oibleagáidí rialála tionscnóirí tionscadail, chomh maith le straitéisí trádála agus margaíochta. Go háirithe, freagróidh an measúnú tionscadail na ceisteanna seo a leanas:

(a) an gá aghaidh a thabhairt ar neamhfhoirfeachtaí margaí nó ar chásanna d’infheistíocht fho‑optamach,

(b) an cinnte nach dtiocfaidh saobhadh ar an margadh agus pulcadh amach infheistíochta príobháidí as.

Socrófar na critéir sin go príomha ar bhonn acmhainneacht ioncaim agus leibhél riosca an tionscadail agus an chineáil limistéir a mbaineann an ghníomhaíocht leis.

4.           Maoiniú

(a) Maoineofar tionscadail leasa choitinn i réimse an leathanbhanda le hionstraim airgeadais. Beidh an buiséad a leithdháilfear ar na hionstraimí sin leordhóthanach, ach ní bheidh sé níos mó ná an tsuim is gá chun idirghabháil lánoibreachtúil agus chun íosmhéid éifeachtach ionstraime a bhaint amach.

(b) Faoi réir rialacha an Rialacháin Airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. xxxx/2012 [Rialachán CEF] agus Rialacháin (AE) Uimh. xxxx (2013) [na Rialacháin uile maidir le Cistí.....], féadfar na hionstraimí airgeadais atá luaite i bpointe (a) a chur le ranníocaíochtaí breise ó na foinsí seo a leanas:

(a) codanna eile den Áis Chónasctha don Eoraip,

(b) ionstraimí eile, cláir agus línte buiséid i mbuiséad an Aontais;

(c) na Ballstáit, lena n‑áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, a chinnfidh ar a gcuid acmhainní féin nó acmhainní a bheidh ar fáil ó CHISTÍ STRUCHTÚRACHA AGUS INFHEISTÍOCHTA NA HEORPA a thabhairt. Beidh ranníocaíochtaí ó CHISTÍ STRUCHTÚRACHA AGUS INFHEISTÍOCHTA NA HEORPA imfhálaithe ar bhonn geografach chun a áirithiú go gcaithfear iad laistigh de Bhallstát nó de réigiún a thugann ranníocaíocht.

(d) aon infheisteoirí eile, lena n‑áirítear infheisteoirí príobháideacha.

(c) Féadfar freisin ionstraimí airgeadais atá luaite i bpointe (a) agus i bpointe (b) a chur le deontais ó na Ballstáit, lena n‑áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, ar mian leo a gcuid acmhainní féin nó acmhainní a bheidh ar fáil ó CHISTÍ STRUCHTÚRACHA AGUS INFHEISTÍOCHTA NA HEORPA a thabhairt, ar choinníoll:

(a) go gcomhlíonann an ghníomhaíocht i gceist na critéir uile maidir le cistiú faoin Rialachán seo, agus

(b) go bhfuarthas an cead is gá maidir le státchabhair a thabhairt.

Roinn 3. Gníomhaíochtaí cothrománacha

Maidir le húsáid na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha a chuideoidh deireadh a chur le caolais tráchta sa mhargadh aonair digiteach, beidh staidéar ag gabháil leo agus bunófar gníomhaíochtaí tacaithe clár lena n-aghaidh. Is féidir go mbeidh na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist:

(a) Cúnamh teicniúil a thabhairt chun cur ar obair agus rialachas gníomhaíochtaí cur chun feidhme a ullmhú nó chun tacú leo, agus chun dul i ngleic le fadhbanna cur chun feidhme atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn.

(b) Gníomhaíochtaí le haghaidh éileamh atá ann cheana a spreagadh nó le haghaidh éileamh nua ar bhonneagair na seirbhíse digití a chruthú.

(c) An tacaíocht a thabharfaidh an tAontas faoin Rialachán seo a chomhordú le cúnamh na bhfoinsí eile uile a bheidh ar fáil, agus san am céanna athdhéanamh bonneagair a sheachaint agus díláithriú infheistíochtaí príobháideacha a chosc.

Beidh sé mar aidhm ag na tionscadail leasa choitinn na caolais tráchta a chuireann isteach ar chomhlánú an Mhargaidh Aonair a bhaint .i. nascacht leis an líonra chomh maith le rochtain ar bhonneagair na seirbhíse digití, lena n-áirítear thar theorainneacha, a sholáthar.

Cuideoidh úsáid agus feabhsú líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha (líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digití) chun fás geilleagrach a chothú, poist a chruthú agus margadh aonair digiteach bríomhar a chruthú. Cabhróidh úsáid a bhaint as na nithe thuasluaite le rochtain níos tapa ar an idirlíon a sholáthar, áiseanna teicneolaíocht faisnéise chumasaithe a bheidh mar bhonn le saol laethúil saoránach a fheabhsú, saol leanaí agus daoine óga san áireamh, mar aon le gnóthais agus le rialtais, idir-inoibritheacht a mhéadú agus ailíniú nó inréimniú chuig caighdeáin a bhfuil glacadh coitianta leo a éascú.

Roinn 1. Tosaíochtaí cothrománacha

Gabhfaidh staidéir agus gníomhartha tacaíochta cláir le húsáid na líonraí teileachumarsáide tras-Eorpacha a chabhróidh chun na caolais tráchta atá i láthair sa

(a) Bainistíocht, mapáil & seirbhísí nuálacha. Cuimseoidh bearta cúnaimh theicniúil, nuair atá gá leo le haghaidh úsáide agus rialachais, pleanáil mhargadh aonair digiteach a bhaint. Is iad:tionscadail agus infheistíochta agus staidéir féidearthachta, ag tacú le bearta infheistíochta agus ionstraimí airgeadais. Forbróidh mapáil ar an mbonneagar leathanbhanda uile-Eorpach suirbhéireacht leanúnach mhionsonraithe fhisiceach agus doiciméadú ar shuímh ábhartha, anailís ar chearta slí, measúnú acmhainneachta maidir le huasghrádú na n-áiseanna atá ann cheana, s.rl. Ba cheart di prionsabail Threoir 2007/2/CE (Treoir INSPIRE) agus gníomhaíochtaí caighdeánaithe gaolmhara a leanúint. D’fhéadfadh bearta cúnaimh theicniúil tacú freisin le macasamhlú na samhlacha infheistíochta agus úsáide rathúla. D’fhéadfadh bearta cúnaimh theicniúil tacú freisin le macasamhlú na samhlacha infheistíochta agus úsáide rathúla.      D’fhéadfadh na bearta sin díonadh aeráide a chuimsiú freisin le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le haeráid agus chun athléimneacht tubaiste an bhonneagair a áirithiú, i gcomhréir le riachtanais ábhartha atá leagtha amach i reachtaíocht AE nó náisiúnta.

(b) Gníomhaíochtaí tacaíochta agus bearta tacaíochta teicniúla eile. Tá gá leis na bearta seo d’fhonn ullmhúchán a dhéanamh nó tacú le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn nó chun a gcuid glactha a luathú. I réimse na seirbhísí digiteacha, spreagfaidh agus cuirfidh gníomhaíochtaí tacaíochta ráta glactha na mbonneagar seirbhíse digití nua chun cinn freisin, bonneagair a d’fhéadfadh éirí riachtanach nó úsáideach bunaithe ar fhorbairtí teicneolaíochta, ar athruithe sna margaí ábhartha nó ar thosaíochtaí polaitiúla éiritheacha.

Roinn 2. Gréasáin leathanbhanda

Cuireann na hinfheistíochtaí leathanbhanda ar fad laistigh de chríoch an Aontais le hacmhainn an líonra mar aon le buntáistí a chruthú do na húsáideoirí ionchasacha ar fad, lena n-áirítear úsáideoirí ionchasacha atá i mBallstáit seachas sa tír atá ag déanamh na hinfheistíochta. Cruthóidh infheistíocht sna líonraí sin níos mó iomaíocht agus níos mó nuálaíochta sa gheilleagar, seachadfar seirbhísí poiblí níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, cuirfear le spriocanna an AE maidir le geilleagar ísealcharbóin agus le hiomaíochas agus táirgiúlacht foriomlán an AE.

Infheisteoirí príobháideacha den chuid is mó a d’infheistigh sa bhonneagar leathanbhanda agus meastar gur mar seo a bheidh amach anseo freisin. Éileoidh cur i gcrích spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh infheistíocht sna réimsí sin nach bhfuil cás gnó soiléir luaite leo nó sa chás go bhféadfadh sé a bheith riachtanach cás gnó a fheabhsú laistigh den téarma ama atá luaite leis na spriocanna. Féadfar príomhthréith a chur i leith na gcineálacha ceantar seo a leanas bunaithe ar an infheistíocht dhóchúil:

Is gnách go bhfreastalaíonn naisc mheánluais ar cheantair dlúis fo-uirbeacha/mheánacha ach go mbaineann easpa luasanna níos tapúla leo. Nuair a léirítear go bhfuil an cás gnó d’infheistíochtaí in ardteicneolaíochtaí neamhleor le haghaidh infheisteoirí príobháideacha sa ghearrthéarma, d’fhéadfadh tacaíocht airgeadais infheistíocht bhrabúsach a ghiniúint san fhadtéarma trí an mbearna inmharthanachta a laghdú agus iomaíocht a spreagadh.

Is gnách go bhfreastalaíonn naisc ísealluais ar cheantair dlúis tuaithe agus ar cheantair ísealdlúis agus i gcásanna áirithe ní dhéantar freastal orthu ar chor ar bith. Tá sé neamhdhóchúil go mbeidh an cás gnó le haghaidh infheistíochta inmharthana agus go mbainfear amach na spriocanna Eorpacha faoi 2020. Éilíonn infheistíocht sna ceantair seo tacaíocht airgeadais níos airde, arna sholáthar ag deontais, i gcomhcheangal le hionstraimí airgeadais b’fhéidir. I measc ceantar den chineál sin beidh réigiúin iargúlta agus réigiúin a bhfuil daonra scaipthe iontu, réigiúin a bhfuil na costais infheistíochta an-ard iontu nó a bhfuil an t-ioncam íseal iontu. Tá sé dóchúil go gcomhlánóidh an tacaíocht ón Áis Chónasctha don Eoraip sna ceantair sin na cistí comhtháthaithe infhaighte nó forbairt tuaithe agus tacaíocht phoiblí dhíreach eile.

Is gnách go bhfreastalaíonn naisc meánluais go hardluais ar cheantair ard-dlúis/dlúis uirbigh - gan roinnt réigiún ísealioncaim san áireamh – arna soláthar go minic ag tairiscintí iomaíocha de chuid oibreoirí cábla agus teileachumarsáide. Mar gheall ar an staid réasúnta sásúil sin, áfach, tá na dreasachtaí margaidh chun infheistíocht a dhéanamh i líonraí luais thar a bheith tapa, cosúil le snáithín chuig an teach, teoranta. Dá bhrí sin d’fhéadfaí tacaíocht airgeadais a bheartú freisin d’infheistíochtaí i gceantair uirbeacha le daonraí dlútha nach meallann go leor infheistíochta d’ainneoin na dtairbhí sochaíocha a ghinfeadh a leithéid, ar chuntar go bhfuil sí go hiomlán i gcomhréir le hAirteagail 101, 102 agus 106 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chomh maith le, más ábhartha, Treoirlínte an Chomhphobail ar fheidhmiú na rialacha um chúnamh stáit maidir le húsáid tapa a bhaint as líonraí leathanbhanda.

Sna réigiúin tearcfhorbartha, ba chóir go soláthrófaí tacaíocht d’úsáid líonraí leathanbhanda go príomha trí ionstraimí na gcistí struchtúracha agus comhtháthaithe. D’fhéadfadh deontais agus/nó ionstraimí airgeadais ón Áis Chónasctha don Eoraip tacaíocht dá leithéid a chomhlánú nuair is cuí d’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Féadfar cruthú sineirgíochtaí idir gníomhaíochtaí CEF sna réigiúin sin agus an tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe a threisiú trí mheicníocht comhordúcháin iomchuí[21].

Soláthraítear aicmiúchán ar na réigiún leis na catagóirí thuas go táscach sa léarscáil thíos.

Áireofar gníomhaíochtaí a bheidh ag cur leis an tionscadal leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda mar chuid de phunann chothrom a áiríonn gníomhaíochtaí a chuirfidh le spriocanna 30 Mbps agus 100 Mbps an Chláir Dhigitigh; a chumhdaíonn limistéir fho-uirbeacha agus tuaithe go háirithe agus limistéir ar fud an Aontais Eorpaigh chomh maith.

Tabharfaidh gníomhaíochtaí a bheidh ag cur leis an tionscadal leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda, beag beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear, faoi na nithe seo a leanas:

(a) Tacú le hinfheistíochtaí i líonraí leathanbhanda a bheidh in ann sprioc 2020 an Chláir Oibre Dhigitigh a chomhlíonadh, is é sin cumhdach 30 Mbps; or

(b) Tacú le hinfheistíochtaí i líonraí leathanbhanda a bheidh in ann sprioc 2020 an Chláir Oibre Dhigitigh a chomhlíonadh, is é sin go mbainfeadh 50 %, ar a laghad, de theaghlaigh suibscríbhinn amach le haghaidh luas níos airde ná 100 Mbps;

(c) Cloí leis an dlí is infheidhme, go háirithe le dlí na hiomaíochta

agus cuimseoidh siad go háirithe ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) Úsáid bonneagair éighníomhaigh fhisicigh nó úsáid bonneagair chomhcheangailte fhisicigh atá éighníomhach agus gníomhach, chomh maith le heilimintí bonneagair coimhdeacha, ina bhfuil na seirbhísí is gá chun an bonneagar sin a oibriú;

(b) Áiseanna agus seirbhísí gaolmhara, amhail sreangú foirgneamh, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, crainn, dúnphoill agus caibinéid;

(c) Tairbhe a bhaint as sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir rolladh amach líonraí leathanbhanda agus líonraí eile fóntas (fuinneamh, iompar, uisce, séarachas, s.rl.), go háirithe na nithe sin a bhaineann le dáileadh cliste leictreachais.

Tacófar le líonraí leathanbhanda a úsáid chun réigiúin oileánacha, talamhiata agus fhorimeallacha a nascadh le réigiúin an Aontais, lena n-áirófar i gcás inar gá cáblaí fomhuirí i gcás inar fíor-riachtanach é lena n-áirithiú go mbeidh rochtain ag pobail iargúlta ar leathanbhanda ag 30 Mbps nó níos mó. Ba cheart don tacaíocht seo cistí eile, cibé acu AE no náisiúnta, atá ar fáil chun na críche seo, a chomhlánú.

Chun amhras a sheachaint, níl seirbhísí a sholáthraíonn, nó a bhfuil smacht eagarthóireachta acu ar, ábhar a tharchuirtear ag baint úsáide as líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus as seirbhísí sochaí faisnéise mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 98/34/CE, nach mbaineann go hiomlán ná go príomha le comharthaí a chur in iúl ar líonraí cumarsáide leictreonaí, clúdaithe ag scóip na ngníomhaíochtaí a chuireann leis an tionscadal leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda.

Áirítear, ainneoin nach liosta teoranta é seo, i measc tairbhithe de thacaíocht an AE don tionscadal leasa choitinn a bhaineann le leathanbhanda:

(a) Oibreoirí teileachumarsáide (sealbhóirí, cibé ag déanamh infheistíochta ar bhonn díreach nó trí fho-chuideachta nó iontrálaí nua) ag seoladh infheistíochtaí i líonraí leathanbhanda gasta agus sárghasta.

(b) Cuideachtaí fóntas (m.sh. uisce, séarachas, fuinneamh, iompar), atáthar ag súil le hinfheistiú i líonraí éighníomhacha leathanbhanda, leo féin nó i gcomhpháirt le hoibreoirí.

(c) Cinnteoirí réigiúnacha, bardasachtaí san áireamh, a d’fhéadfadh lamháltais a bhunú le haghaidh bonneagair leathanbhanda. B’fhéidir go mbeadh spéis ag soláthraithe trealamh i socrú den sórt sin, trí chuideachta sainchuspóra a chruthú.

(d) Comhpháirtíochtaí idir roinnt oibreoirí atá gníomhach sna margaí le sreang agus gan sreang agus é mar aidhm an chéad ghlúin eile d’infheistíochtaí a fhorbairt.

I bhforbairt na punainne, tabharfar aird mar is cuí ar riachtanais infheistíochta na mBallstát maidir le líon na dteaghlach atá le nascadh le tacaíocht ón Áis Chónasctha don Eoraip.

Ina theannta sin, tacófar freisin le naisc ardluais le pointí rochtana idirlín phoiblí, go háirithe i saoráidí póiblí, amhail scoileanna, ospidéil, oifigí an rialtais áitiúil agus leabharlannaí.

Section3. Bonneagair na Seirbhíse Digití

Cuideoidh cur chun feidhme na mbonneagar seirbhíse digití le réadú an mhargaidh aonair dhigitigh trí na caolais tráchta atá ann i dtéarmaí úsáid seirbhíse a bhaint. Bainfear é sin amach trí ardáin idir-inoibritheacha um bonneagar na seirbhíse digití a chruthú agus/nó a fheabhsú, le bonneagair fhíor-riachtanacha, bhunúsacha na seirbhíse digití ag gabháil leo. Braithfidh sé ar chur chuige dhá shraith:

(1) Is codanna nó moil lárnacha do bhonneagair na seirbhíse digití iad na hardáin croísheirbhíse atá riachtanach d’fhonn nascacht thras-Eorpach, rochtain agus idir-inoibritheacht a áirithiú. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis seo trealamh fisiciúil amhail freastalaithe, líonraí tiomnaithe agus uirlisí bogearraí. Tá ardáin croísheirbhíse oscailte d'eintitis i ngach Ballstát.

(2) Is iad na seirbhísí cineálacha atá mar bhonn le feidhmiúlacht agus inneachar bonneagair na seirbhíse digití. D’fhéadfaí idirnasc a chruthú eatarthu trí ardán croísheirbhíse.

Seo a leanas na tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití:

Naisc ardluais cnámh droma tras-Eorpacha do riaracháin poiblí

Soláthróidh infreastruchtúr seirbhís chnámh droma phoiblí thras-Eorpach nascacht ardluais idir institiúidí poiblí an AE i réimsí amhail riarachán poiblí, cultúr, oideachas agus sláinte. Tacóidh an t-infreastruchtúr cnámh droma seo le seirbhísí poiblí a bhfuil luach Eorpach ag gabháil leo trí chaighdeán rialaithe seirbhíse agus rochtain shlán. Ar an tslí sin, beidh sé indéanta contanam digiteach do sholáthar seirbhíse poiblí a chur ar fáil a rachaidh chun tairbhe saoránach, gnóthaí agus riarachán. Chomh maith leis sin, ceadóidh sé comhiomlánú éilimh do nascacht, beidh sé indéanta mais chriticiúil a bhaint amach agus costais a laghdú.

Ardán croísheirbhíse:

Bunófar an bonneagar ar chnámh droma reatha an Idirlín agus áit ar gá bainfear úsáid as líonraí. Déanfar naisc go díreach nó trí bhonneagair atá á mbainistiú go réigiúnach nó go náisiúnta. Soláthróidh sé, go háirithe, nascacht do sheirbhísí tras-Eorpacha eile inter alia na seirbhísí atá luaite san Iarscríbhinn seo. Déanfar comhtháthú iomlán ar an mbonneagar sin san Idirlíon mar phríomhacmhainn le haghaidh seirbhíse poiblí tras-Eorpaí agus tacóidh sé le glacadh na gcaighdeán éiritheach (m.sh. prótacail Idirlín cosúil le IPv6[22]). D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar infrastruchtúr bunúsach tiomanta chun riaracháin phoiblí a nascadh má bhíonn gá leis ar chúiseanna slándála.

Seirbhísí cineálacha:

Éascófar comhtháthú an ardáin lárnaigh le seirbhísí poiblí Eorpacha trí úsáid a bhaint as seirbhísí cineálacha: údarú, fíordheimhniú, slándáil idir-fearainn agus bandaleithead ar éileamh, cónascadh seirbhísí, bainistiú soghluaisteachta, rialú cáilíochta agus rialú feidhmíochta, comhtháthú bonneagar náisiúnta.

Soláthróidh seirbhís idir-inoibritheach ‘néalríomhaireachta’ an fheidhm bonneagair chnámh droma trínar féidir néalta le haghaidh seirbhísí poiblí tras-Eorpacha a thairiscint. Áiríonn sé seo seirbhísí tras-Eorpacha líonra dála físchomhdháil, stóras fíorúil agus feidhmchláir thacaíochta ríomhaireachta, feidhmchláir a bhaineann le tionscadail leasa choitinn eile san áireamh freisin.

Seachadadh trasteorann na ríomhsheirbhísí Rialtais

Tagraíonn rRialtas don idirghníomhaíocht dhigiteach idir údaráis phoiblí agus saoránaigh, údaráis phoiblí agus gnóthaí agus eagraíochtaí, agus i measc údaráis phoiblí de chuid tíortha éagsúla. Cruthóidh ardáin idirghníomhaíochta chaighdeánaithe, thrasteorann, agus furasta le húsáid buntáistí ó thaobh éifeachtúlachta de sa gheilleagar trí chéile agus san earnáil phoiblí, mar aon le cur leis an Margadh Aonair.

Ardán croísheirbhíse:

Aitheantas agus deimhniú leictreonach idir-inoibritheach ar fud na hEorpa. Bainfear úsáid as sraith freastalaithe agus prótacal fíordheimhniúcháin atá nasctha agus daingnithe agus a áirithíonn idir-inoibritheacht na gcóras fíordheimhniúcháin, aitheantais agus údarúcháin éagsúil atá san Eoraip. Cuirfidh an t-ardán seo ar chumas saoránach agus gnóthaí rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne a chabhróidh le staidéar, obair, taisteal, cúram sláinte nó obair a dhéanamh thar lear, mar shampla. Is éard a bheidh ann ná an tsraith lárnach do na seirbhísí digiteacha óna dteastaíonn aitheantas agus deimhniú leictreonach: soláthar leictreonach, seirbhísí sláinte ar líne, tuairisciú gnó caighdeánaithe, malartú leictreonach na faisnéise breithiúnaí, clárú cuideachta tras-Eorpaí ar líne, seirbhísí r-Rialtais do ghnóthais, lena n-áirítear cumarsáid idir cláir ghnó a bhaineann le cumaisc trasteorann agus brainsí eachtracha. D’fhéadfadh an t-ardán seo acmhainní agus uirlisí de chuid an ardáin lárnaigh ilteangaigh a úsáid freisin.

Seirbhísí cineálacha:

(a) Nósanna imeachta leictreonacha le gnóthas a bhunú agus a reáchtáil i dtír Eorpach eile: Éascóidh an tseirbhís seo na nósanna imeachta riaracháin ar fad a dhéanamh go leictreonach thar theorainneacha éagsúla trí Ionaid Ilfhreastail. Is riachtanas de Threoir 2006/123/CE ar sheirbhísí sa mhargadh inmheánach an tseirbhís seo freisin.

(b) Seirbhísí soláthair leictreonacha idir-inoibritheacha trasteorann: Cuirfidh an tseirbhís seo ar chumas aon chuideachta san AE freagra a thabhairt ar thairiscintí poiblí Eorpacha ó aon Bhallstáit a chumhdaíonn gníomhaíochtaí soláthair leictreonacha réamh-dhámhachtana agus iar-dhámhachtana, a chomhtháthaíonn gníomhaíochtaí cosúil le tairiscintí a Thíolacadh go Leictreonach, Sainchomhad Cuideachta Fíorúil, rChatalóga, rOrduithe agus rShonraisc.

(c) Seirbhísí r-Cheartais idir-inoibritheacha trasteorann: Cuirfidh an tseirbhís seo ar chumas saoránach, gnóthas, eagraíochtaí agus cleachtóirí dlí rochtain thrasteorann ar líne a fháil ar mhodhanna/ar cháipéisí dlí agus ar nósanna imeachta breithiúnacha. Éascóidh sé idirghníomhaíocht thrasteorann ar líne (trí shonraí ar líne agus malartán doiciméad) idir údaráis dlí i mBallstáit dhifriúla agus ar an tslí seo, cásanna dlí trasteorann a phróiseáil ar bhonn níos éifeachtúla;

(d) Seirbhísí rShláinte idir-inoibritheacha trasteorann: Éascóidh na seirbhísí seo idirghníomhaíocht idir saoránaigh/othair agus soláthraithe cúram sláinte, tarchur sonraí idir institiúidí agus idir eagraíochtaí, nó cumarsáid piara le piara idir saoránaigh/othair agus/nó gairmithe sláinte agus institiúidí. Beidh an bonneagar a úsáidfear ag comhlíonadh na bprionsabal cosanta sonraí atá sonraithe, ach go háirithe, i dTreoir 95/46/CE agus 2002/58/CE, mar aon le rialacha idirnáisiúnta agus náisiúnta eiticiúla a bhaineann le húsáid taifead sláinte othar agus sonraí pearsanta eile.             Cuimseoidh na seirbhísí rochtain trasteorann ar thaifid sláinte leictreonacha agus ar sheirbhisí oidis leictreonacha mar aon le teilisheirbhísí sláinte/maireachtála cuidithe, seirbhísí séimeantacha ilteangacha trasteorann atá nasctha leis an ardán lárnach ilteangach, rochtain ar fhorbairt fhaisnéise slándála sóisialta ar infrastruchtúr an EESSI (Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta), s.rl.

(e) Ardán Eorpach d’idirnasc na gclár gnó Eorpach: Soláthróidh an áis seo sraith uirlisí agus seirbhísí lárnacha lena gcuirtear ar chumas na gclár gnó sna Ballstáit uile faisnéis a mhalartú faoi ghnóthais chláraithe, faoina gcuid brainsí, a gcumaisc agus a bhfoircinn. Soláthrófar seirbhís cuardaigh ilnáisiúnta agus ilteangach freisin d’úsáideoirí ag baint úsáide as Pointe Rochtana Lárnach atá inrochtana tríd an tairseach r-Cheartais

Rochtain ar fhaisnéis na hearnála poiblí agus ar sheirbhísí ilteangacha a chumasú

Rochtain ar acmhainní digiteacha um oidhreacht Eorpach

Is é cuspóir an bhonneagair seo ná bailiúcháin mhóra d'acmhainní cultúrtha Eorpacha a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach agus a gcuid athúsáide ag tríú páirtithe a chothú, i gcomhréir go hiomlán le cearta cóipchirt agus cearta gaolmhara.

Ardán croísheirbhíse:

Cuirfidh an fhorbairt ar an ardán seirbhíse lárnaí leis an tairseach Europeana reatha. Soláthróidh an t-ardán – a éilíonn go ndéanfaí forbairt, feidhmiú agus riarachán ar ríomhaireacht dáilte, áiseanna stórála sonraí agus bogearraí - pointe rochtana aonair ar ábhar oidhreachta cultúrtha na hEorpa ar leibhéal míre, sraith de shonraíochtaí comhéadain le hidirghníomhú a dhéanamh leis an infreastruchtúr (cuardaigh le haghaidh sonraí, íoslódáil sonraí) tacaíocht d’oiriúnú agus d’iontógáil meiteashonraí an ábhair nua, chomh maith le faisnéis faoi choinníollacha maidir le hathúsáid an ábhair atá inrochtana tríd an mbonneagar.

Soláthróidh sé modhanna freisin chun idirghníomhaíocht a bhunú le soláthraithe ábhair, le húsáideoirí (saoránaigh ag fáil rochtana ar an tairseach) agus le hath-úsáideoirí (tionscail chruthaitheachta), chun an t-ardán a chur chun cinn, líonraí gaolmhara a chomhordú agus faisnéis a mhalartú.

Seirbhísí cineálacha:

(a) Comhiomlánú inneachair i seilbh foras cultúrtha agus sealbhóirí príobháideacha inneachair sna Ballstáit

(b) Áiseanna sluafhoinsithe a spreagann idirghníomhaíocht agus a chuireann ar chumas úsáideoirí cur go gníomhach leis an suíomh

(c) Seirbhísí furasta le húsáid don tairseach a dhéileálann le ceisteanna cosúil le cuardach agus brabhsáil a fheabhsú mar aon le rochtain thras-teanga

(d) Malartú faisnéise faoi chearta agus bhonneagair cheadúnaithe;

(e) Ionaid inniúlachta ar dhigitiú agus ar chaomhnú oidhreacht chultúrtha dhigiteach

(f) Stórtha inneachair d’fhorais chultúrtha agus d’inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí agus caomhnú fadtéarmach na n-inneachar sin

Rochtain ar fhaisnéis in-athúsáidte de chuid na hearnála poiblí

Éascóidh an bonneagar seirbhíse digití seo rochtain le haghaidh athúsáid na faisnéise is ceadmhach a nochtadh atá i seilbh na hearnála poiblí san AE.

Ardán croísheirbhíse:

Soláthróidh ríomhaireacht dáilte, stóráil sonraí agus áiseanna bogearraí: pointe rochtana aonair ar na tacair sonraí ilteangacha (teangacha oifigiúla uile an AE) atá i seilbh chomhlachtaí poiblí san AE ar leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; uirlisí fiosrúcháin agus léirshamhlaithe de chuid na dtacar sonraí; dearbhú go bhfuil na tacair sonraí infhaighte ceadúnaithe le bheith foilsithe agus ath-dháilte, lena n-áirítear rian iniúchta foinse sonraí; tacar de chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár do chliaint bhogearraí le hidirghníomhú leis an infreastruchtúr (le sonraí a chuardach, staidreamh a bhailiú, sonraí a íoslódáil) chun feidhmchláir tríú páirtí a fhorbairt. Cuirfidh sé ar chumas freisin staidreamh a bhailiú agus a fhoilsiú faoi fheidhmiú na tairsí, infhaighteacht na sonraí agus na bhfeidhmchlár agus an bealach a mbaintear úsáid astu.

Seirbhísí cineálacha:

Bainfidh na nithe seo a leanas amach fairsingiú de réir a chéile ar an rochtain ar na tacair sonraí go léir atá i seilbh agus curtha ar fáil don phobal ag beagnach gach riarachán poiblí laistigh den AE, lena n-áirítear cuardach ilteangach:

(a) comhiomlánú tacar sonraí idirnáisiúnta/AE/náisiúnta/réigiúnach/áitiúil;

(b) idir-inoibritheacht tacar sonraí, ceisteanna dlí agus ceadúnaithe san áireamh, ar mhaithe le hathúsáid níos fearr a éascú;

(c) comhéadan le bonneagair oscailte shonraí i dtríú tíortha;

(d) stórtha sonraí agus seirbhísí caomhnaithe fadtéarmacha.

Rochtain ilteangach ar sheirbhísí ar líne

Cuirfidh an t-infreastruchtúr seirbhíse seo ar chumas aon soláthraithe seirbhíse ar líne reatha nó amach anseo a gcuid ábhair agus seirbhísí a thairiscint tríd an raon is leithne de theangacha AE sa bhealach is cost-éifeachtúla.

Ardán croísheirbhíse:

Cuirfidh an t-ardán ar chumas bailiúcháin mhóra de shonraí teanga beo agus uirlisí próiseála teanga ath-inúsáidte a ghnóthú, a choinneáil agus a chur ar fáil. Clúdóidh sé teangacha uile an AE agus cloífidh sé leis na caighdeáin ábhartha agus leis na riachtanais seirbhíse agus dlíthiúla chomhaontaithe. Ceadóidh an t-ardán do rannpháirtithe cur le sonraí agus uirlisí teanga agus iad a choimeád agus a mhionchoigeartú ar bhonn solúbtha, agus cinnteofar go mbeidh rochtain éasca, chothrom agus shlán ar mar aon le cuspóirí nua ag baint le hacmhainní dá leithéid ag eagraíochtaí a thairgeann nó a fhorbraíonn seirbhísí teanga-chumasaithe. Tabharfaidh an t-ardán tacaíocht freisin do chomhar agus do chomhoibriú le tionscnaimh agus le hionaid sonraí chomhchosúla, reatha nó atá le teacht, laistigh agus lasmuigh den AE.

Seirbhísí cineálacha:

Beidh raon leathan acmhainní bogearraí agus sonraí inúsáidte, a chumhdaíonn teangacha uile an AE, le fáil san ardán. Déanfaidh sé bailiú, comhchuibhiú agus comhtháthú ar ghnéithe sonraí agus bogearraí dá leithéid laistigh d’infreastruchtúr seirbhíse dáilte. Cuirfidh sé acmhainní bogearraí agus sonraí, atá le húsáid mar chlocha tógála chun seirbhísí ilteangacha nó geataí ilteangacha go seirbhísí ar líne a fhorbairt, a shaincheapadh agus a sheachadadh, ar fáil, agus déanfaidh sé forbairt nó fairsingiú orthu i réimsí áirithe.

Sábháilteacht agus slándáil

Bonneagar seirbhíse idirlín níos sábháilte

Soláthróidh an tacaíocht seirbhísí comhtháite agus idir-inoibritheacha ar leibhéal Eorpach, bunaithe ar fheasacht, acmhainní, uirlisí agus cleachtais roinnte agus dírithe ar leanaí, a dtuismitheoirí agus cúramóirí, agus múinteoirí a chumasú chun an leas is fearr a bhaint as an Idirlíon.

Ardán croísheirbhíse:

Ceadóidh an t-ardán croísheirbhíse do ghnóthú, d'fheidhmiú agus do chothabháil áiseanna ríomhaireachta, bunachar sonraí agus uirlisí bogearraí roinnte do na hIonaid um Idirlíon Níos Sábháilte (SICanna) sna Ballstáit, chomh maith le hoibríochtaí cúloifige chun tuairisciú ar ábhar mí-úsáide gnéasaí a láimhseáil lena n-áirítear an nasc le húdaráis phóilíneachta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta cosúil le Interpol san áireamh, agus nuair is cuí, láimhseáil a dhéanamh ar thaifeadadh an ábhair seo ag na láithreáin ghréasáin ábhartha. Tacóidh bunachair shonraí choiteanna leis seo.

Seirbhísí cineálacha:

(a) Línte cabhracha do leanaí, do thuismitheoirí agus do chúramóirí ar an mbealach is fearr do leanaí úsáid a bhaint as an Idirlíon ach bagairtí ó ábhair agus ó iompraíochtaí contúirteacha agus neamhdhleathacha a sheachaint, agus an t-infreastruchtúr cúloifige tacaíochta.

(b) Beolínte chun ábhar neamhdhleathach um mí-úsáid ghnéasach leanaí ar an Idirlíon a thuairisciú

(c) Uirlisí le rochtain ar inneachar agus ar sheirbhísí aoisfheiliúnacha a áirithiú,

(d) Bogearraí a éascaíonn tuairisciú tapa agus éasca d’inneachar mídhleathach agus a bhaint anuas, mar aon le grúmaeireacht agus le bulaíocht a thuairisciú.

(e) córais bhogearraí a cheadaíonn ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí (neamhthuairiscithe) ar an idirlíon a shainaithint níos fearr chomh maith le teicneolaíochtaí chun tacú le himscrúdaithe póilíneachta, go háirithe agus é mar aidhm íobartaigh leanaí, déantóirí agus trádáil tráchtála d'ábhar dá leithéid a shainaithint.

Bonneagair Faisnéise Criticiúla

Forbrófar agus úsáidfear cainéil agus ardáin chumarsáide d’fhonn an acmhainn uile-Eorpach maidir le hullmhacht, roinnt faisnéise, comhordú agus freagairt a fheabhsú.

Ardán croísheirbhíse:

Cuimseoidh an t-ardán croísheirbhíse líonra d'Fhoirne um Práinnfhreagairt Ríomhaire (CERTanna) Náisiúnta/Rialtasacha bunaithe ar shraith íosta d’acmhainní bunlíne. Beidh an líonra mar chnámh droma do Chóras Eorpach um Fholáireamh agus um Fhaisnéis a roinnt agus (EISAS) do shaoránaigh an AE agus do FBManna.

Seirbhísí cineálacha:

(a) Seirbhísí réamhghníomhacha – faire teicneolaíochta agus faisnéise a bhaineann le slándáil a scaipeadh agus a roinnt; measúnuithe slándála; treoirlínte a sholáthar ar chumraíocht slándála; seirbhísí braite ionsá a sholáthar;

(b) Seirbhísí réamhghníomhacha – láimhseáil teagmhais agus freagairt; foláirimh agus rabhaidh a eisiúint; anailís agus láimhseáil leochaileachta; láimhseáil déantán (foláirimh ardchaighdeáin a chruthú ar bhogearraí mailíseacha nua agus ar dhéantáin eile).

Imscaradh réiteach teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide i gcomhair gréasán fuinnimh cliste agus chun Seirbhísí Fuinnimh Cliste a sholáthar

Úsáideann seirbhísí fuinnimh chliste teicneolaíochtaí nua-aimseartha faisnéise agus cumarsáide le freastal ar riachtanais saoránach (agus d’fhéadfadh gur táirgeoirí mar aon le tomhaltóirí fuinnimh a bheadh iontu), soláthraithe fuinnimh agus údaráis phoiblí. Áiríonn seirbhísí fuinnimh chliste an idirghníomhaíocht idir saoránaigh agus soláthraithe fuinnimh, tarchur fuinnimh ó eagraíocht go heagraíocht, agus cumarsáide ó phiara go piara idir saoránaigh. Cruthaíonn siad deiseanna do ghníomhairí reatha agus nua sna margaí teileachumarsáide agus fuinnimh (m.sh. Cuideachtaí Seirbhísí Fuinnimh ESCOanna). Is féidir leo cuideachtaí agus saoránaigh a chumasú freisin chun na hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaineann lena gcinntí ceannaigh a rianú.

Ardáin CroíSheirbhíse

Bonneagar cumarsáide, le húsáid ag fóntais i gcomhpháirt le hoibreoirí teileachumarsáide, mar aon leis na crua-earraí riachtanacha TF atá le leabú i gcomhchodanna fuinnimh (m.sh. fostáisiúin). Áirítear iontu freisin na croísheirbhísí lena gcumasaítear faireachán sócmhainní, rialú do bhainistíocht chumhachta, uathoibriú agus bainistíocht agus cumarsáid sonraí idir na gníomhairí éagsúla (soláthraithe seirbhíse, oibreoirí líonra agus fóntais eile, tomhaltóirí, s.rl.).

Seirbhísí cineálacha:

Seachadfaidh raon leathan de ghníomhairí nua agus nuálacha, cosúil le soláthraithe seirbhíse fuinnimh, ESCOanna, comhiomlánóirí fuinnimh atá i mbun iontráil chineálacha éagsúla FBManna áitiúla a éascú ach go háirithe agus monaplacht an mhargaidh mhiondíola a chosc, Seirbhísí Cineálacha de ghnáth.

Cuirfidh siad feidhmiúlacht ar fáil do chustaiméirí chun a gcuid éileamh fuinnimh, a bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus a gcumas stórála a bhainistiú, agus é mar aidhm a n-úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú, billí fuinnimh agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, chomh maith le príobháideacht agus slándáil sonraí a áirithiú.

(a) Bonneagar méadraithe chliste le faisnéis ar ídiú fuinnimh a thomhas agus a chur in iúl. Chomh maith leis sin, áiríonn Seirbhísí Cineálacha trealamh bainistíochta fuinnimh d’áitreabh custaiméirí, .i. gléasanna crua-earraí TF a bhaineann le líonraí baile atá nasctha leis an méadar cliste

(b) Gníomhairí bogearraí atá in ann cinneadh a dhéanamh maidir le ceannach/díol fuinnimh, maidir le gléasanna a chasadh ar/as i ndáil le comharthaí praghais ón soláthraí fuinnimh, eolas maidir le réamhaisnéis aimsire, bainistíocht agus cumarsáid sonraí, gléasanna rialaithe agus uathoibrithe agus a gcuid réiteach líonraithe.

[1]               COM(2010) 2020.

[2]               COM(2010) 245.

[3]               COM(2011) 500/I final agus COM(2011) 500/II final (Cáipéisí Beartais).

[4]               IO C […], […], lch […].

[5]               Tugtar figiúirí i bpraghsanna  tairiseacha 2011

[6]               IO C […], […], lch […].

[7]               IO C […], […], lch […].

[8]               COM(2010) 245 final/2

[9]                      IO […], […], lch. […].

[10]                    Iarscríbhinn II de COM(2011) 744 final.

[11]                    Treoir Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha; IO L 260, 3.10.2009, Lch. 20.

[12]                    2013/C 33 E/09.

[13]             COIM(2010) 245 críochnaitheach/2.

[14]             COIM(2010) 472.

[15]             COM(2011) 500 final.

[16]             IO […], […], lch. […].

[17]             L 251, 25.9.2010, lch. 35.

[18]             IO L 260, 03.10.2009, Lch. 20.

[19]             IO L 88, 04.4.2011, Lch. 45.

[20]             IO L 183, 11.7.1997, Lch. 12.

[21]             Mar atá leagtha síos in Airteagal 11 (e) den Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 COM(2011) 615 final

[22]             Tagairt do chumarsáid ipv6: COM(2008)313 chun plean gníomhaíochta le húsáid leagan 6 (IPv6) den Phrótacal Idirlín a chur chun cinn san Eoraip.

Top