Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0040

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS

    /* COM/2013/040 final - 2013/0022 (COD) */

    52013PC0040

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS /* COM/2013/040 final - 2013/0022 (COD) */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

    Tá riachtanais slándála i gcroílár cheapadh, chur i bhfeidhm agus shaothrú na n‑infreastruchtúr atá ag eascairt as cláir Galileo agus EGNOS, cláir a bhféadfadh a n‑úsáid cur isteach ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát. I ngeall ar an ngné straitéiseach atá acu is infreastruchtúir íogaire iad córais loingseoireachta satailíte ar féidir úsáid mhailíseach a bhaint astu. Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an úsáid atáthar a bhaint as an loingseoireacht satailíte in go leor réimsí, d'fhéadfadh cur isteach ar an soláthar seirbhíse dochar mór a dhéanamh do shochaí an lae inniu.

    Le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo)[1] a chur chun feidhme tuilleadh, déantar foráil maidir le gach gné de shlándáil an dá chórais arna mbunú faoi Galileo agus EGNOS a bheith á bainistiú ag an gCoimisiún. Mar sin féin, tá slándáil na gcóras féin faoi réir creidiúnú arb é is aidhm leis comhréireacht na gcóras leis na ceanglais slándála a fhíorú agus féachaint chuige go bhfuiltear ag comhlíonadh na rialacha ábhartha is infheidhme maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gCoimisiún. Dála gach gníomhaíochta creidiúnaithe ní mór creidiúnú slándála an dá chóras loingseoireachta satailíte Eorpacha a dhéanamh ar bhealach neamhspleách, go háirithe i dtaca le gach gníomhaí a bhíonn ag plé lena gceapadh, lena ndéanamh agus lena n‑oibriú.

    Is í an Ghníomhaireacht GNSS Eorpach atá freagrach as an ngníomhaíocht creidiúnaithe seo de bhun fhorálacha comhcheangailte Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht GNSS Eorpach, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008[2]. Is é an ceann deireanach acu sin a shonraíonn coinníollacha an chúraim chreidiúnaithe atá ar an nGníomhaireacht agus foráiltear leis go ndéanfar na cinntí creidiúnaithe slándála go neamhspleách ar an gCoimisiún agus ar eintitis atá freagrach as cur i bhfeidhm na gclár. Ní mór feidhm a bheith ag oibleagáid an neamhspleáchais maidir le na cúraimí eile na Gníomhaireachta.

    D'fhonn a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála go neamhspleách, go háirithe i dtaca le cúraimí eile na Gníomhaireachta GNSS Eorpaí, tugann Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 comhlacht neamhspleách don Ghníomhaireacht, an Bord um Chreidiúnú Slándála, ar comhlacht amháin é, in éindí leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Bord Riaracháin, de na trí chomhlacht a bhfuil an Ghníomhaireacht comhdhéanta díobh. Tá an Bord um Chreidiúnú Slándála ar comhstádas leis an mBord Riaracháin agus is é féin amháin atá inniúil cinntí maidir le creidiúnú a dhéanamh. Mar sin féin, is in ainm na Gníomhaireachta a dhéantar na cinntí sin, mar an gcéanna le cinntí an Bhoird Riaracháin, agus cuireann siad ceanglas ar an nGníomhaireacht, óir ó thaobh dlí de is aici amháin atá pearsantacht dhlítheanach.

    Tá struchtúr inmheánach na Gníomhaireachta GNSS neamhchoitianta toisc go bhfuil deighilt inti idir na gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú slándála córas agus gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta, is é sin bainistiú an lárionaid slándála, rannchuidiú leis an ullmhú do mhargú na gcóras agus gach gníomhaíocht a d'fhéadfadh an Coimisiún a chur de chúram ar an ngníomhaireacht trí bhíthin tarmligean.

    An 30 Samhain 2011 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur ar bun agus saothrú córas Eorpach loingseoireachta satailíte[3]. Gabhfaidh an Rialachán GNSS sin atá le teacht ionad Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 amhail ón 1 Eanáir 2014 agus is leis a chinnfear creat rialachais na gclár le linn na tréimhse 2014–2020. Foráiltear leis, go háirithe, gur ar an nGníomhaireacht GNSS Eorpach a chuirfear de chúram tromlach na gcúraimí a bhaineann le saothrú Galileo agus EGNOS. Tá sé curtha in iúl ag an gCoimisiún ina thogra gur mian leis na cúraimí sin a tharmligean chuig an nGníomhaireacht, agus tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, a bhfuil an téacs á scrúdú acu ó thús 2012, ar aon intinn léi ina leith sin. An 7 Meitheamh 2012 ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta páirteach (doiciméad 11105/12 an 11 Meitheamh 2012) á dhearbhú sin.

    Is í ceist gníomhaíochtaí creidiúnaithe na Gníomhaireachta amach anseo a chinnfidh cé acu a bhainisteoidh nó nach mbainisteoidh an Ghníomhaireacht GNSS Eorpach an dá chóras i ndiaidh 2013. I ngeall ar chúiseanna a bhaineann leis an mbaol coinbhleachtaí leasa agus toisc nach féidir breithiúnas a thabhairt agus a bheith mar pháirtí leasmhar san am céanna, dealraíonn sé nach bhfuil an riachtanas cinntí creidiúnaithe slándála a dhéanamh go neamhspleách so-inréitithe leis na cinntí sin a bheith á ndéanamh laistigh de ghníomhaireacht a bhfuil cúram saothraithe uirthi, fiú amháin más amhlaidh, mar atá mínithe thuas, a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 maidir le méid áirithe saoirse a bheith ag an mBord um Chreidiúnú Slándála. Ina thogra le haghaidh Rialacháin GNSS atá le teacht, mhol an Coimisiún, agus cuimhne aige ar an deacracht sin, creidiúnú slándála corás a bheith ar cheann de chúraimí na Gníomhaireachta "ar a dhéanaí go dtí an 30 Meitheamh 2016", tráth a bheidh na gníomhaíochtaí saothraithe faoi lán seoil. Dá bhrí sin, d'fhág an Coimisiún ar oscailt ceist thodhchaí na ngníomhaíochtaí creidiúnaithe i ndiaidh an dáta sin, agus beidh an cheist sin ina hábhar ag togra eile amach anseo.

    Bhí tacaíocht fhorleathan ag moladh an Choimisiúin maidir leis an dáta an 30 Meitheamh 2016 nuair a scrúdaigh baill de na coistí éagsúla parlaiminte an téacs. Sa Chomhairle, chuir na Ballstáit i dtábhacht an gá atá leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe a dhéanamh go neamhspleách agus chuir siad in iúl gur mhian leo go réiteofaí ceist thodhchaí chreidiúnú slándála na gcóras i ndiaidh an 1 Eanáir 2014 a luaithe ab fhéidir é. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle dearbhú an 7 Meitheamh 2012 (doiciméad 11279/12 ADD 1) inar dúradh gur cheart na gníomhaíochtaí creidiúnaithe a dhéanamh ar bhealach lán‑neamhspleách ar chúraimí eile na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS, gur cheart deighilt struchtúrach éifeachtach chuige sin a dhéanamh sa Ghníomhaireacht idir a gníomhaíochtaí éagsúla ar a dhéanaí an 1 Eanáir 2014 agus gurbh é Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, agus eisean amháin, ba cheart a bheith freagrach as na gníomhaíochtaí creidiúnaithe. Dá réir sin d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún togra a thíolacadh go tráthúil ag leasú Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 chuige sin.

    Tá sé tábhachtach an cheist faoina bhfuil i ndán do chreidiúnú slándála na gcóras Eorpach loingseoireachta satailíte a réiteach le linn chreat airgeadais 2014–2020. Ciallaíonn sé sin Rialachán (UE) Uimh. 912/2010 a leasú.

    Agus Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 á leasú beidh faill ann athruithe a dhéanamh ar an Rialachán a fhágfaidh go bhféadfar Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a chur i gcomhréir leis na prionsabail atá i gcur chuige coiteann Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, arna fhaomhadh ag an gCoimisiún an 12 Meitheamh 2012.

    Ar deireadh, an togra thuasluaite le haghaidh Rialachán GNSS atá le teacht a ghlac an Coimisiún an 30 Samhain 2011 ina bhforáiltear go bhféadfaí cúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS a leathnú agus cúraimí saothraithe a thabhairt di, déanfaidh sé difear mór do riachtanais phearsanra na Gníomhaireachta, agus dá bhrí sin, ar an mbuiséad a bheidh aici amach anseo. Ar an ábhar sin tá sé tábhachtach an ráiteas airgeadais reachtach atá ag gabháil le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a leasú.

    2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE IARMHARTA

    Ní dhearnadh measúnú tionchair ar an togra ón gCoimisiún ná comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara ina leith.

    A fhad a bhaineann leis na hathruithe atá ceaptha forálacha Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a ailíniú le prionsabail an chuir chuige idirinstitiúidigh i leith gníomhaireachtaí díláraithe, ní raibh aon ghá le measúnú tionchair ná le comhairliúcháin fhoirmiúla leis na páirtithe leasmhara arae ba é an cur chuige sin go díreach an toradh a tháinig as na comhairliúcháin idir an Coimisiún, an Comhairle agus Parlaimint na hEorpa.

    A fhad a bhaineann leis na hathruithe ar chreidiúnú slándála na gcóras loingseoireachta satailíte, tá sé tábhachtach a rá gurb iad na Ballstáit, a bhfuil mórbhaint acu le gach gné den tslándáil, ar an mórgóir, an príomhpháirtithe leasmhara sa chás áirithe, nó go deimhin an t‑aon pháirtí leasmhar, lasmuigh d'institiúidí an Aontais agus den Ghníomhaireacht GNSS Eorpach. Chuathas i gcomhairliúchán domhain leis na Ballstáit faoin bponc áirithe seo le linn an phlé sa Chomhairle ar an Rialachán GNSS atá le teacht, agus chuir an Chomhairle a seasamh in iúl sa dearbhú thuasluaite dar dáta an 7 Meitheamh 2012. Thairis sin, rinneadh plé mionsonrach leis an nGníomhaireacht GNSS Eorpach ar na socruithe a glacadh sa deireadh thiar thall. Tá an togra le haghaidh Rialacháin GNSS atá le teacht faighte ag an bParlaimint ach níor thug sí uaithi aon tuairim ina leith go fóill.

    Lena chois sin, rinneadh scrúdú ar na réitigh éagsúla a bhféadfaí úsáid a bhaint astu chun slándáil córas a chreidiúnú i ndiaidh 2013. Tá siad sé cinn ann:

    1) An creidiúnú a chur de chúram ar an earnáil phríobháideach:

    Téann creidiúnú slándála na gcóras loingseoireachta satailíte Eorpach i bhfeidhm go díreach ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát, agus ó tharla gur mian leis na Ballstáit ról lárnach a bheith acu san obair creidiúnaithe agus sna cinntí maidir le creidiúnú, níl féidir a mheas go bhfuil aon dealramh leis an rogha seo an creidiúnú sin a chur de chúram ar an earnáil phríobháideach.

    2) Gníomhaireacht nua rialála a chruthú a phléifeadh leis an gcreidiúnú

    D'fhéadfaí a mheas go mbeadh ciall le gníomhaireacht nua a chruthú a phléifeadh le creidiúnú slándála na gcóras Eorpach GNSS, ach bheadh sin ag teacht salach ar an tiomantas comhpháirteach atá ag na hinstitiúidí Eorpacha le blianta beaga anuas gan gníomhaireachtaí nua rialála a chruthú. Chomh maith leis sin bheadh costas nach beag air sin nó fiú costas a bheadh ar neamhréir leis na fíor-riachtanais atá ann. Is amhlaidh atá isteach is amach le deichniúr san fhoireann bhuan a bhíonn ag plé le creidiúnú slándála na gcóras.

    3) An creidiúnú a chur de chúram ar ghníomhaireacht rialála atá ann cheana:

    Seachas gníomhaireacht nua a chruthú d'fhéadfaí an creidiúnú a chur de chúram ar ghníomhaireacht rialála atá ann cheana. De ghníomhaireachtaí éagsúla an Aontais, dealraíonn sé nach mbeadh ach an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus, go pointe áirithe, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint in ann slándáil chórais chasta ar nós Galileo agus EGNOS a chreidiúnú.

    Ní mór a rá nach bhfuil cúram creidiúnaithe den sórt seo ar cheann de na cúraimí atá ar na gníomhaireachtaí sin faoi láthair. Maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint a mbeadh sé de chúram air EGNOS a chreidiúnú, tá baol tromchúiseach coinbhleachta leasa ann idir an ról creidiúnaithe sin agus aon chúram creidiúnaithe slándála eile a d'fhéadfaí a chur uirthi. Maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint arb é is príomhchúram di comhar ó thaobh arm agus an tionscail arm a chur chun cinn idir na Ballstáit, dá gcuirfí creidiúnú slándála Galileo agus EGNOS de chúram uirthi d'fhéadfadh an chuma a bheadh air sin go mbeadh sin ag teacht salach ar an maíomh go bhfuil an dá chóras sin faoi stiúradh sibhialta.

    4) An creidiúnú a chur de chúram ar an gCoimisiún:

    In 2007 le linn na réamhoibre ullmhúcháin do Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 lena ndearnadh athchóiriú ar rialachas na gclár, breithníodh creidiúnú slándála na gcóras loingseoireachta satailíte a chur de chúram ar an gCoimisiún. Cuireadh as an áireamh i ndeireadh na dála é mar bhí an chuma air go mbeadh sé ag teacht salach ar oibleagáid an neamhspleáchais dá mbeadh 'gach gné de shlándáil na gcóras' á bainistiú ag an gCoimisiún. Tá an deacracht chéanna fós ann inniu arae sa Rialachán GNSS atá le teacht atáthar a bheartú a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 amhail ón 1 Eanáir 2014 foráiltear gurb é an Coimisiún a fhéachfaidh i ndiaidh shlándáil na gclár, slándáil na gcóras san áireamh. Lena chois sin tá an‑luí ag na Ballstáit leis an mBord um Chreidiúnú san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair sa Ghníomhaireacht GNSS Eorpach agus ba dheacair, ar leibhéal an riaracháin, comhlacht dá shórt a ionchorprú sa Choimisiún.

    5) An creidiúnú a chur de chúram ar an gComhairle:

    Tá roinnt buntáistí ag baint le creidiúnú slándála na gcóras GNSS Eorpach a chur de chúram ar an gComhairle. Ar an gcéad dul síos, níl aon pháirt ag an gComhairle i mbainistiú na gclár agus ní fhéadfaí aon amhras a chur ar a neamhspleáchas. Chomh maith leis sin tá saineolas áirithe aici ar chórais chasta a chreidiúnú nó tá tuairim is caoga córas creidiúnaithe aici dá cuid riachtanas féin. Fairis sin, is ise is ábalta an fhreagracht a ghlacadh chuici féin as impleachtaí polaitíochta cinntí a bhaineann leis an gcreidiúnú, cinntí a bhféadfadh mórimpleachtaí a bheith acu ar na cláir ó thaobh costas agus sceidealú. Agus ar deireadh, maidir leis na Ballstáit, ar mian leo dlúthbhaint a bheith acu leis an bpróiseas creidiúnaithe, is fearr i bhfad ar ndóigh an ionadaíocht atá acu sa Chomhairle ná in aon chomhlacht eile de chuid an Aontais.

    Is troime na míbhuntáistí a bhaineann leis an réiteach seo a chur i bhfeidhm ná na buntáistí, áfach. Is amhlaidh nach comhlacht riaracháin bhainistíochta í an Chomhairle, agus cé go bhfuil taithí aici ar chreidiúnú roinnt córas, ní raibh i gceist leis sin go dtí seo ach córais inmheánacha de chuid na Comhairle a bhí ceaptha a dea-fheidhmiú féin a chinntiú. Fairis sin, maidir leis an struchtúr atá comhdhéanta den Bhord um Chreidiúnú agus dá fhochomhlachtaí san fhoirm ina bhfuil siad, mar aon lena bhaill foirne, oifigigh bhuana san áireamh, a ionchorprú in Ardrúnaíocht na Comhairle, bheadh na deacrachtaí céanna ag baint leis sin agus a bheadh ag baint lena n‑ionchorprú sa Choimisiún.

    6) An deighilt idir gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta GNSS Eorpaí a athneartú:

    Is éard atá i gceist leis seo eagrú inmheánach na Gníomhaireachta a athrú sa chaoi is nach mbeadh aon amhras faoi neamhspleáchas a cuid gníomhaíochtaí creidiúnaithe i dtaca leis na gníomhaíochtaí eile a dhéanann sí.

    Leis an réiteach seo, a chiallódh deighilt níos mó a dhéanamh idir gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta GNSS Eorpaí agus neamhspleáchas an dá chomhlachta a athneartú faoi aon díon amháin dlí, chuirfí ar fáil an méid ceart neamhspleáchais ó thaobh gníomhaíochtaí creidiúnaithe a dhéanamh agus, gach rud sa mheá, dealraíonn sé a bheith ar an réiteach is lú deacracht, is mó simplíocht agus is fusa le cur i bhfeidhm. Ina theannta sin, is é an réiteach céanna é a mhol an Chomhairle an 7 Meitheamh 2012.

    3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    A fhad a bhaineann leis an ngá atá le féachaint chuige go mbeidh a gníomhaíochtaí creidiúnaithe neamhspleách agus, chuige sin, ar an ngá atá le hathneartú ar an deighilt idir na gníomhaíochtaí sin agus gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta GNSS Eorpaí, foráiltear go príomha sa togra maidir le cumhachtaí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála agus cumhachtaí Chathaoirligh an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a mhéadú trína n‑ailíniú go páirteach le cumhachtaí an Bhoird Riaracháin agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin faoi seach.

    Foráiltear, leis, go n‑ullmhóidh agus go bhformheasfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le creidiúnú slándála córas mar aon leis an gcuid sin den tuarascáil bhliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta ó thaobh gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála córas, agus go gcuirfear go tráthúil iad sin chuig an Bord Riaracháin d'fhonn a n‑ionchorpraithe i gclár oibre agus i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta. Ní mór don Bhord údarás smachta a bheith aige ar a Chathaoirleach freisin.

    An ról atá ag Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála ó thaobh gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála de, tá sé inchurtha le ról an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i ngníomhaíochtaí eile de chuid na Gníomhaireachta. Mar aon leis an ról atá aige ionadaíocht a dhéanamh don Ghníomhaireacht, ról a ndéantar foráil maidir leis i Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 faoi mar atá sé faoi láthair, bainisteoidh sé feasta na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála faoi stiúir an Bhoird um Chreidiúnú Slándála agus féachfaidh sé chuige go gcuirfear chun feidhme an chuid sin de chlár oibre na Gníomhaireachta a bhaineann le creidiúnú. Féadfaidh sé, leis, ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, tuarascáil a thíolacadh faoi chur i gcrích a chuid misean agus ráiteas a dhéanamh os comhair na n‑institiúidí sin.

    A fhad a bhaineann leis an gcur chuige idirinstitiúideach a chur i bhfeidhm maidir leis na gníomhaireachtaí díláraithe, déanfaidh an t‑ailíniú leis na prionsabail atá leagtha amach sa chur chuige sin difear, go háirithe: do na rialacha maidir le cinntí an Bhoird Riaracháin a ghlacadh; d'fhad an tsainordaithe atá ag baill an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird um Chreidiúnú agus ag a n‑uachtaráin; do chlár oibre ilbhliantúil a bheith ann; do chumhachtaí an Bhoird Riaracháin ó thaobh bainistiú foirne; do mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin; do chosc coinbhleachtaí leasa; agus do phróiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis íogair neamhaicmithe.

    4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí buiséadacha iontu féin ag eilimintí dlí an togra atá luaite thuas i bpointe 3.

    Mar sin féin, i ráiteas airgeadais reachtach Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, atá ag gabháil leis an togra agus ina bhfuil ionchorpraithe riachtanais foirne nua na Gníomhaireacht atá ag eascairt as na cúraimí nua atáthar ag tabhairt di, amhail saothrú na gcóras GNSS Eorpach, sloinntear i dtéarmaí airgid na riachtanais sin. I dtéarmaí buiséadacha, tá na méideanna is gá ar áireamh cheana féin i dtogra an Choimisiúin don chéad chreat airgeadais eile, 2014–2020. Maoineofar iad trí ath‑leithdháileadh a dhéanamh laistigh de línte buiséadacha na gclár GNSS ar aon dul le dóigh maoinithe riachtanais bhreise 2013. Tabhair faoi deara go ndéanfar na costais a bhaineann le riachtanais nua foirne na Gníomhaireachta a chúiteamh go páirteach trí laghdú 30 post i bplean bunaíochta an Choimisiúin le linn na tréimhse céanna 2014-2020. Tá na mionsonraithe buiséadacha le fáil sa ráiteas airgeadais reachtach san iarscríbhinn a ghabhann leis seo.

    Ar aon chaoi, tugtar faoi deara go bhfuil na figiúirí atá luaite sa ráiteas airgeadais reachtach, de pháirt amháin faoi réir an t‑údarás buiséadach creat airgeadais 2014–2020 a ghlacadh agus, de pháirt eile faoi réir ghlacadh an Rialacháin GNSS atá le teacht.

    2013/0022 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)       De bharr fhorálacha Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo)[6] a chur chun feidhme tuilleadh mar aon le forálacha Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[7], ní mór don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) creidiúnú slándála na gcóras Eorpach loingseoireachta satailíte (dá ngairtear ‘na córais’ anseo feasta) a áirithiú agus, chuige sin, is í a thionscnaíonn cur chun feidhme na nósanna imeachta slándála agus a dhéanann faireachán air sin, agus is í a dhéanann na hiniúchóireachtaí slándála.

    (2)       Leagtar amach go sainráite i bhforálacha Rialachán (CE) Uimh. 912/2010, go háirithe forálacha Chaibidil III den Rialachán, na coinníollacha nach mór don Ghníomhaireacht a cúraimí maidir le creidiúnú slándála na gcóras a chomhlíonadh fúthu. Foráiltear iontu go háirithe, mar phrionsabal, go ndéanfar na cinntí maidir le creidiúnú slándála go neamhspleách ar an gCoimisiún agus ar na heintitis atá freagrach as na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (dá ngairtear ‘na cláir’ anseo feasta) a chur chun feidhme agus gur comhlacht uathrialaitheach, laistigh den Ghníomhaireacht, a dhéanfaidh cinntí go neamhspleách a bheidh san údarás um chreidiúnú slándála na gcóras.

    (3)       I gcomhréir leis an bprionsabal sin, le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 bunaítear an Bord um Chreidiúnú na gCóras Eorpach GNSS (dá ngairtear ‘an Bord um Chreidiúnú Slándála’ anseo feasta) ar ceann de thrí chomhlacht na Gníomhaireachta é, maille leis an mBord Riaracháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is é an comhlacht sin a dhéanann na cúraimí atá tugtha don Ghníomhaireacht maidir le creidiúnú slándála agus tá de chumhacht aige cinntí maidir le creidiúnú slándála a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta agus ceapfaidh sé an Cathaoirleach a bheidh air.

    (4)       Le Rialachán (AE) Uimh. xxx/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córais Eorpacha loingseoireachta satailíte a chur ar bun agus a shaothrú[8], rialachán a ghlacann áit Rialachán (AE) Uimh. 683/2008 agus a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014, sainítear plean rialaithe phoiblí na gclár ar feadh na tréimhse 2014-2020. Méadaítear leis réimse na gcúraimí atá tugtha don Ghníomhaireacht agus déantar foráil ann go háirithe go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht ról mór a bheith aici i saothrú na gcóras.

    (5)       Sa chomhthéacs nua seo, is den riachtanas a áirithiú go bhféadfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála na cúraimí atá tugtha di a dhéanamh le neamhspleáchas iomlán, go háirithe maidir le comhlachtaí agus gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta. Dá bhrí sin, is den riachtanas, laistigh den Ghníomhaireacht féin, na gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú a scaradh tuilleadh ó na gníomhaíochtaí eile, amhail bainistíocht an ionaid slándála, an rannchuidiú le tráchtálú na gcóras agus na gníomhaíochtaí uile a d'fhéadfadh an Coimisiúin a shannadh don Ghníomhaireacht trí bhíthin tarmligean, go háirithe iad siúd a bhaineann le saothrú na gcóras. Chun na críche sin, ba cheart deighilt struchtúrach atá nithiúil agus éifeachtach a dhéanamh laistigh den Ghníomhaireacht idir na gníomhaíochtaí éagsúla faoin 1 Eanáir 2014 ar a dhéanaí.

    (6)       Chun é sin a dhéanamh, ní mór Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a mhodhnú chun uathriail agus cumhachtaí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála agus a Chathaoirligh a mhéadú, go príomha, agus chun na cumhachtaí sin a ailíniú cuid mhór le cumhachtaí Bhord Riaracháin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta faoi seach, ach foráil a dhéanamh maidir le comhar idir comhlachtaí éagsúla na Gníomhaireachta ag an am céanna.

    (7)       Is é an Bord um Chreidiúnú Slándála, seachas an Bord Riaracháin, a dhéanfaidh an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a ullmhú agus a fhormheas ina bhfuil tuairisc ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le creidiúnú slándála na gcóras maille leis an gcuid sin den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta a bhaineann le gníomhaireachtaí creidiúnaithe slándála na gcóras agus iad a chur, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig an mBord Riaracháin chun go gcomhtháthófar iad i gclár oibre agus i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta. Ba cheart dó údarás araíonachta a fheidhmiú ar a Chathaoirleach freisin.

    (8)       Maidir le Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, b’inmhianaithe ról a thabhairt dó, i ndáil le gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála, a bheadh inchurtha leis an ról a imríonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta. Dá bhrí sin, sa bhreis ar an bhfeidhm ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear cheana i Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 an 22 Meán Fómhair 2010, ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála atá faoi mhaoirseacht an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a bhainistiú agus cur chun feidhme an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a bhaineann le Creidiúnú a áirithiú. Ba cheart dó freisin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, bheith in ann tuarascáil a chur isteach maidir le comhlíonadh a chúraimí agus dearbhú a dhéanamh os comhair na n‑institiúidí sin.

    (9)       Ina theannta sin, chun críocha uathriail an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a chaomhnú agus aon choinbhleachtaí leasa a chosc, b’fhiú freisin, de pháirt amháin, an Bord um Chreidiúnú Slándála agus na baill foirne de chuid na Gníomhaireachta a cuireadh faoina rialú a gcuid oibre a dhéanamh in áit ina n‑áiritheofaí a n‑uathriail agus a neamhspleáchas ar ghníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta, go háirithe ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le saothrú na gcóras, agus den pháirt eile, b’fhiú do rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta maidir lena foireann uathriail agus neamhspleáchas ar na baill foirne a dhéanann gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta a áirithiú do na baill foirne atá ag déanamh na ngníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála.

    (10)     Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil roinnt tríú tíortha rannpháirteach sna cláir Eorpacha GNSS, lena n‑áirítear maidir le cúrsaí slándála, is iomchuí foráil a dhéanamh go sainráite go bhféadfaidh ionadaithe tríú tíortha bheith rannpháirteach, ar choinníollacha atá le sainiú, in obair an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

    (11)     Ina theannta sin, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 a chur i gcomhréir leis na prionsabail atá léirithe i gcur chuige comhchoiteann na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir leis na gníomhaireachtaí díláraithe, cur chuige a ghlac na trí institiúid sin an 5 Iúil, an 26 Meitheamh agus an 12 Meitheamh 2012 faoi seach, go háirithe an méid a bhaineann leis na rialacha maidir le cinntí an Bhoird Riaracháin a ghlacadh, téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird um Chreidiúnú Slándála maille le téarma oifige a gCathaoirleach, clár oibre ilbhliantúil a bheith ann, cumhachtaí an Bhoird Riaracháin i ndáil le bainistíocht foirne, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán, coinbhleachtaí leasa a chosc agus faisnéis íogair neamhrúnaicmithe a phróiseáil.

    (12)     Ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh thimthriall iomlán an chaiteachais, go háirithe trí neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, imscrúduithe a dhéanamh, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, más gá, trí phionóis a chur i bhfeidhm.

    (13)     Ar deireadh, ós rud é go ndéantar foráil in Airteagal [8] de Rialachán (AE) Uimh. xxx/2013 (an Rialachán maidir le GNSS a bheidh ann amach anseo) gur féidir leis na Ballstáit cistí breise a thabhairt chun eilimintí áirithe de na cláir a mhaoiniú, is iomchuí cead a thabhairt don Ghníomhaireacht comhchonarthaí a shíniú leis na Ballstáit i gcás inar gá sin le go bhféadfaidh sí a cúraimí a dhéanamh.

    (14)     Ba cheart Rialachán (UE) Uimh. 912/2010 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (UE) Uimh. 912/2010 mar seo a leanas:

    (1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    'Airteagal 3

    Comhlachtaí

    1.           Is iad comhlachtaí na Gníomhaireachta:

    a) an Bord Riaracháin;

    b) an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    c) an Bord um Chreidiúnú Slándála do chórais Eorpacha GNSS.

    2.           Déanfaidh orgáin na Gníomhaireachta a gcúraimí, mar atá sainithe in Airteagail 6, 8 agus 11, i gcomhréir leis na treoirlínte a eiseoidh an Coimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

    3.           Oibreoidh an Bord Riaracháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de pháirt amháin agus an Bord um Chreidiúnaithe Slándála na gCóras Eorpach GNSS agus a Chathaoirleach den pháirt eile i gcomhar le chéile chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe arna socrú i rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne agus na rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar dhoiciméid."

    (2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    'Airteagal 4

    Stádas dlíthiúil, oifigí áitiúla

    1.           Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

    2.           I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoi na dlíthe náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

    3.           Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit, ach sin faoi réir toiliú a fháil uathu, nó i dtríú tíortha atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 23.

    Beidh na rialacha mionsonraithe maidir le bunú agus feidhmiú na Gníomhaireachta sna Ballstáit agus sna tríú tíortha aíochta agus maidir leis na buntáistí a chomhaontaigh na tríú tíortha leis an stiúrthóir feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Riaracháin, le foireann na Gníomhaireachta agus le baill dá dteaghlaigh, beidh siad faoi réir socruithe áirithe arna dtabhairt chun críche idir an Ghníomhaireacht agus na Stáit agus na tríú tíortha sin. Déanfaidh an Bord Riaracháin na socruithe áirithe a fhormheas.

    Is iad na Ballstáit agus na tríú tíortha aíochta a thugann an creat is fearr le haghaidh oibriú maith gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    a)       inrochtaineacht na n‑áitreabh,

    b)       bonneagair oideachais iomchuí do leanaí na mball foirne, agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht.

    c)       rochtain ar an margadh oibre, ar an gcóras slándála sóisialta agus ar an gcúram sláinte do theaghlaigh na mball foirne agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht.

    4.           Faoi réir Airteagal 11a(1)(d), feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin thar ceann na Gníomhaireachta.

    (3) leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

    a) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 2:

    « 2. Beidh an Bord Riaracháin comhdhéanta:

    a)          d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, arna cheapadh ag na Ballstáit féin;

    b)         de chúigear ionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún;

    c)          d’ionadaí gan ceart vótála arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.

    Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus féadfar é a athnuachan.

    Iarrfar ar ionadaí ón mBord um Chreidiúnú Slándála na gCóras Eorpach GNSS, ar ionadaí ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) agus ar ionadaí ón nGníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) freastal ar chruinnithe an Bhoird Riaracháin mar bhreathnóirí."

    d) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 4:

    « 4. Toghfaidh an Bord Riaracháin Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas‑Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas‑Chathaoirligh, ar téarma é a bheidh in‑athnuaite aon uair amháin, agus rachaidh an téarma sin in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.”

    e) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 6:

    « 6. Mura rud é go bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh an Bord Riaracháin a chuid cinntí a ghlacadh trí thromlach glan de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

    Is gá tromlach dhá thrian de na comhaltaí uile ag a bhfuil ceart vótála chun Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach an Bhoird Riaracháin a thoghadh agus chun an buiséad agus na cláir oibre a ghlacadh.'

    (4) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    'Airteagal 6

    Cúraimí an Bhoird Riaracháin

    1.           Áiritheoidh an Bord Riaracháin go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an obair ar fad a thugtar di faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus déanfaidh sé aon chinneadh is gá chun na críche sin, gan dochar do na cumhachtaí a thugtar don Bhord um Chreidiúnú Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le Caibidil III.

    2.           Ina theannta sin, déanfaidh an Bord Riaracháin na cúraimí seo a leanas:

    a) clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta don tréimhse atá faoi chumhdach an chreata airgeadais ilbhliantúil a ghlacadh, faoin 30 Meitheamh ar a dhéanaí de bhliain tosaigh an chreata airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tar éis dó an chuid sin den chlár a tharraing an Bord um Chreidiúnú Slándála suas i gcomhréir le hAirteagal 11, mír 3, pointe (b) a chur isteach ann, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil;

    b) clár oibre na Gníomhaireachta don chéad bhliain eile a ghlacadh faoin 15 Samhain ar a dhéanaí gach bliain, tar éis dó an chuid den chlár a tharraing an Bord um Chreidiúnú Slándála suas i gcomhréir le hAirteagal 11, mír 3, pointe (c) a chur isteach ann, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil;

    c) na dualgais i ndáil le buiséad dá bhforáiltear in Airteagal 13, míreanna 5, 6, 10 agus 11 agus in Airteagal 14, mír 5;

    d) maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú ionad slándála Galileo (dá ngairtear 'Ionad Faireacháin Slándála Galileo' nó 'IFSG' anseo feasta) dá dtagraítear in Airteagal 16(a)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008;

    e) na rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain sn phobail ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 21;

    f) an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus ionchais na Gníomhaireachta a ghlacadh tar éis dó an chuid sin a tharraing an Bord um Chreidiúnú Slándála suas i gcomhréir le hAirteagal 11, mír 3, pointe (d) a chur isteach inti agus í a chur, faoin 1 Iúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí;

    g) a áirithiú go ndéanfar obair leantach iomchuí maidir le conclúidí agus moltaí na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 26 agus maidir le conclúidí agus moltaí na n‑imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), agus gach tuarascáil iniúchta inmheánaí nó seachtraí, agus an fhaisnéis ábhartha uile maidir le torthaí na nósanna imeachta measúnaithe a chur chuig an údarás buiséadach;

    h) rachfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhairle leis maidir leis na comhaontuithe tarmligin idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht faoi Airteagal [15(1)d)] de rialachán [rialachán GNSS atá le bheith ann] roimh dóibh é iad a shíniú;

    i) a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

    3.           Maidir le foireann na Gníomhaireachta, feidhmeoidh an Bord Riaracháin cumhachtaí an údmaráis cheapacháin agus an údaráis a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a dhéanamh, cumhachtaí arna dtabhairt ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’).

    Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena dtarmligtear cumhachtaí ábhartha na n‑údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí seo a fhionraí. Údaraítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fhotharmligean

    I gcur i bhfeidhm na fomhíre roimhe seo, i gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta trí bhíthin cinnidh, tarmligean cumhachtaí na n‑údarás ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin arna bhfotharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    Glacfaidh an Bord Riaracháin na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 den Rialachán. Maidir le hearcaíocht, measúnú, athaicmiú na mball foirne atá i mbun na ngníomhaíochtaí atá i gCaibidil III agus na bearta araíonachta atá le glacadh ina leith, rachaidh sé i gcomhairle roimh ré leis an mBord um Chreidiúnu Slándála agus cuirfidh sé a bharúlacha san áireamh dá réir.

    Glacfaidh sé freisin na rialacha mionsonraithe maidir leis na saineolaithe ar iasacht dá dtagraítear in Airteagal 15c, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord um Chreidiúnú Slándála agus a bharulacha á gcur san áireamh go cuí.

    4.           Is é an Bord Riaracháin a ainmneoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus féadfaidh sé síneadh nó deireadh a chur lena théarma oifige i gcomhréir le hAirteagal 15 ter, mír 4. Is aige a bheidh údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    _________________

    (*)     IO L 145 an 31.5.2001, lch. 43.’

    (5) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 7:

    ‘Airteagal 7

    An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhainistíonn an Ghníomhaireacht, a fheidhmíonn a fheidhmeanna faoi stiúrú an Bhoird Riaracháin, gan dochar do na cumhachtaí arna mbronnadh ar an mBord um Chreidiúnú Slándála agus ar Uachtarán an Bhoird um Chreidiúnú Slándála faoi seach le hAirteagal 11 agus Airteagal 11a.’

    (6) leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

    'Airteagal 8

    Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas:

    (1) beidh sé freagrach as feidhmiú thar ceann na Gníomhaireachta, ach amháin maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí a dhéantar i gcomhréir le Caibidil II agus Caibidil III, agus beidh sé i bhfeighil bhainistiú na Gníomhaireachta; síneoidh sé na comhaontuithe tarmligin arna ndéanamh idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht faoi réir Airteagal [15(1)(d)] den Rialachán [rialachán GNSS atá le bheith ann]

    (2) ullmhóidh sé obair an Bhoird Riaracháin. agus beidh sé rannpháirteach in obair an Bhoird Riaracháin gan aon cheart vótála a bheith aige;

    (3) beidh sé freagrach as cláir oibre bhliantúla na Gníomhaireachta a chur chun feidhme faoi rialú an Bhoird Riaracháin, seachas an chuid sin de na cláir a bhaineann le Caibidil III;

    (4) déanfaidh sé gach beart is gá, go háirithe treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    (5) tarraingeoidh sé dréachtmheastachán suas ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 13 agus cuirfidh sé an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14;

    (6) ullmhóidh sé gach bliain, agus tuairimí Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le Caibidil III á gcur san áireamh go hiomchuí aige, dréacht‑tuarascáil ghinearálta agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í;

    (7) áiritheoidh sé go mbeidh an Ghníomhaireacht, ina cáil mar oibreoir an IFSG (Ionad Faireacháin Slándála GAlileo, in ann déanamh de réir treoracha a thabharfar faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES(Comhbheartas Eachtrach agus Slándála);

    (8) sainmhíneoidh sé struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin é lena fhormheas;

    (9) feidhmeoidh sé, i leith fhoireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6,(3), an chéad fhomhír, a mhéid is a tharmligtear na cumhachtaí sin dó i gcomhréir leis an dá fomhír den mhír;

    (10) tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin, féadfaidh sé na bearta is gá a ghlacadh chun oifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4;

    (11) áiritheoidh sé go ndéanfar an rúnaíocht agus na hacmhainní go léir atá riachtanach i ndáil le feidhmiú cuí a sholáthar don Bhord um Chreidiúnú Slándála agus do na comhlachtaí arna gcur ar bun faoi údarás an Bhoird sin dá dtagraítear in Airteagal 11(11);

    (12) ullmhóidh sé plean gníomhaíochta chun obair leantach ar chonclúidí agus moltaí na measúnuithe arna ndéanamh a áirithiú, agus cuirfidh sé tuarascáil leathbhliantúil dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin ;

    (13) déanfaidh sé na bearta seo a leanas chun leasanna airgeadais an Aontais:

    i) a chosaint: déanfaidh sé bearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí eile neamhdhleathacha agus trí bearta éifeachtúla rialaithe freisin;

    ii) nuair a bhraifear neamhrialtachtaí, déanfaidh sé na suimeanna arna n‑íoc go mícheart a aisghabháil agus, más gá, pionóis riaracháin agus airgeadais a bheadh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

    (14) leagfaidh sé amach straitéis frith‑chalaoise don Ghníomhaireacht agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin í lena formheas.’

    (7) cuirtear Airteagal 8a seo a leanas isteach:

    'Airteagal 8a

    Na cláir oibre agus an tuarascáil bhliantúil

    1.           Déantar foráil i gclár ilbhliantúil na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6 (2), pointe (a), maidir leis na gníomhaíochtaí nach mór don Ghníomhaireacht a chur i gcrích le linn na tréimhse atá cumhdaithe faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a bhaineann le caidreamh idirnáisiúnta agus leis an gcumarsáid a bhfuil sí freagrach astu. Cinnfear leis an gclár sin na hacmhainní daonna agus airgeadais a shannfar do gach gníomhaíocht. Áirítear ann toradh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 26.

    2.           Ar bhonn an chláir oibre ilbhliantúil, déanfar foráil sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(b) maidir leis na gníomhaíochtaí nach mór don Ghníomhaireacht a dhéanamh le linn na bliana dár gcionn, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcaidreamh idirnáisiúnta agus leis an gcumarsáid a bhfuil sí freagrach astu. Cinnfear leis an gclár sin na hacmhainní daonna agus airgeadais a shannfar do gach gníomhaíocht. Chun críocha faisnéise, luafar sa chlár sin na cúraimí arna dtarmligean chuig an nGníomhaireacht ag an gCoimisiún, más gá, i gcur i bhfeidhm Airteagal [15(1)(d)] de Rialachán (Rialachán GNSS atá le bheith ann).

    3.           Léireofar cur chun feidhme chláir oibre na Gníomhaireachta leis an tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 8(f)'

    (8) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) d'Airteagal 10:

    '(g) is comhlacht uathrialach é an t‑údarás um Chreidiúnú Slándála na gCóras Eorpach GNSS, laistigh den Ghníomhaireacht, a dhéanann a chuid cinntí le neamhspleáchas iomlán, lena n‑áirítear neamhspleáchas ar an gCoimisiún agus ar na heintitis eile atá freagrach as cur chun feidhme na gclár, chomh maith leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Bord Riaracháin na Gníomhaireachta;'

    (9) leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

    a) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 3:

    « 3. Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála na cúraimí seo a leanas:

    a)       déanfaidh sé obair chreidiúnú slándála na gcóras, mar atá, a fhíorú an gcomhlíonann na córais na ceanglais slándála dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 i gcomhréir leis na rialacha slándála ábhartha is infheidhme maidir leis an gComhairle agus maidir leis an gCoimisiún.

    b)      ullmhóidh agus formheasfaidh sé an chuid sin den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8a, mír 1, maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann leis an gcaibidil seo agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá lena gcur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil agus go hiomchuí chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

    c)       ullmhóidh agus formheasfaidh sé an chuid den chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8a, mír 2, maidir leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann leis an gcaibidil seo agus leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá lena gcur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil agus go hiomchuí chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

    d)      ullmhóidh agus formheasfaidh sé an chuid sin den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6, mír 2, pointe (f), maidir leis na gníomhaíochtaí agus na deiseanna de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann leis an gCaibidil seo maille leis na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá lena gcur i gcrích, agus cuirfidh sé go tráthúil agus go hiomchuí chuig an mBord Riaracháin í ionas go gcuirfear isteach sa chlár oibre ilbhliantúil í;

    e)       údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    f)       a rialacha nós imeachta a ghlacadh;'

    b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

    « 7. Beidh an Bord um Chreidiúnú Slándála comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, ionadaí amháin ón gCoimisiún agus ionadaí amháin ón Ardionadaí. Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, agus beidh sé in‑athnuaite. Tabharfar cuireadh d’ionadaí ón GES freastal ar chruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála mar bhreathnadóir. I gcás inarb iomchuí, déanfar rannpháirtíocht ionadaithe ó thríú tíortha agus coinníollacha na rannpháirtíochta sin a bhunú sna socruithe dá dtagraítear in Airteagal 23.

    8. Toghfaidh an Chomhairle Riaracháin Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach as measc a cuid comhaltaí le tromlach dhá thrian de na comhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu. Glacfaidh an Leas‑Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh.

    Beidh sé de chumhacht ag an mBord um Chreidiúnú Slándála an Cathaoirleach agus an Leas‑Chathaoirleach a chur as oifig. Glacfaidh sé an cinneadh sin le tromlach dhá thrian.

    Mairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas‑Chathaoirligh dhá bhliain agus féadfar é a athnuachan uair amháin. Rachaidh an téarma oifige sin in éag má scoireann an Cathaoirleach nó an Leas‑Chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Bhord Riaracháin.'

    c) scriostar mír 9;

    d) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 10:

    « 10. Beidh na hacmhainní daonna agus ábhartha uile is gá ar fáil don Bhord um Chreidiúnú Slándála chun na feidhmeanna iomchuí tacaíochta riaracháin a sholáthar agus chun é a bheith ar a chumas, i gcomhar leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 11, a chúraimí a chomhlíonadh go neamhspleách, go háirithe agus comhaid á láimhseáil aige, cur chun feidhme na nósanna imeachta slándála á thionscnamh aige agus faireachán á dhéanamh aige air sin agus iniúchtaí slándála á ndéanamh aige ar na córais, a chinntí a n‑ullmhú aige agus a chruinnithe á eagrú aige. Beidh rochtain aige freisin ar an bhfaisnéis uile is úsáideach maidir le comhlíonadh a chúraimí atá le fáil ag an nGníomhaireacht, gan dochar do phrionsabail na huathrialach agus an neamhspleáchais dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (g).”

    e) cuirtear isteach mír 17 seo a leanas:

    « 17. Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála agus na baill foirne de chuid na Gníomhaireachta a cuireadh faoina rialú a gcuid oibre sa chaoi is go bhfuil siad féinrialaitheach agus neamhspleách ó thaobh ghníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta, go háirithe gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le saothrú na gcóras.

    (10) cuirtear Airteagal 11a seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 11:

    ' Airteagal 11a

    Cúraimí Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

    1.           Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála na cúraimí seo a leanas:

    a)       gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a bhainistiú faoi mhaoirseacht an Bhoird um Chreidiúnú Slándála;

    b)      cur chun feidhme an chuid sin de chláir oibre na Gníomhaireachta a bhaineann leis an gCaibidil seo a áirithiú faoi rialú an Bhoird um Chreidiúnú Slándála;

    c)       obair i gcomhar leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun cuidiú leis an dréachtphlean bunaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13, mír 3 a tharraingt suas;

    d)      áiritheoidh sé ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta i gcás na ngníomhaíochtaí agus na gcinntí a bhaineann leis an gCaibidil seo;

    e)       feidhmeoidh sé i leith fhoireann na Gníomhaireachta atá i mbun na ngníomhaíochtaí sa Chaibidil reatha na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), an chéad fhomhír arna dtarmligean chuige i gcomhréir leis an gceathrú fomhír den mhír sin.

    2.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iarraidh ar Chathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála tuarascáil a thabhairt ar chomhlíonadh a chúraimí agus dearbhú a dhéanamh os comhair na n‑institiúidí sin.'

    (11) leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

    a) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 3:

    « 3. Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas, i ndlúthchomhar le Cathaoirleach an Bhoird um Chreidiúnú Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le caibidil III, dréacht‑ráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn agus cuirfidh sé chuig an mBord Riaracháin agus chuig an mBord um Chreidiúnú Slándála é maille le dréachtphlean bunaíochta.”

    b) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 5:

    « 5. Gach bliain, ullmhóidh an Bord Riaracháin ráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain dár gcionn ar bhonn an dréacht‑ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas agus i ndlúthchomhar leis an mBord um Chreidiúnú Slándála maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le caibidil III.'

    (12) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10 d'Airteagal 14:

    ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh an 30 Aibreán sa bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N; cé is moite den pháirt de chur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le cúraimí a bhronntar, más gá, ar an nGníomhaireacht faoi Airteagal [15(1)(d)] den Rialachán [Rialachán GNSS atá le bheith ann], a bhfuil feidhm ina leith ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 164 agus Airteagal 165 den Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle.

    _________________

    (*)     IO L298, 26.10.2012, lch. 1.'

    (13) i ndiaidh Chaibidil IV, cuirtear Caibidil IVa seo a leanas isteach:

    "CAIBIDIL IVa

    ACMHAINNÍ DAONNA

    'Airteagal 15a

    Foireann

    1.           Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais, Coinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile agus na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir leis foireann arna fostú ag an nGníomhaireacht.

    2.           Rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta, amhail rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin, rialacha nós imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála, rialacha nós imeachta airgeadais is infheidhme ar an nGníomhaireacht, na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne agus na rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar na doiciméid, lena ráthaítear go mbeidh uathriail agus neamhspleáchas ar na baill foirne atá ag déanamh gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta ag na baill foirne atá ag déanamh gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála, i gcomhréir le hAirteagal 10(g).

    Airteagal 15b

    Ainmniú agus téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.           Earcófar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 2(a) de choinníollacha fostaíochta seirbhíseach eile.

    2.           Ainmneoidh an Bord Riaracháin an Stiúrthoir Riaracháin ar bhonn a thuillteanais agus a inniúlachtaí arna ndeimhniú i réimse an riaracháin agus na bainistíochta, ar bhonn a inniúlachtaí agus a thaithí sna réimsí i gceist, agus ar bhonn painéil iarrthóirí arna mholadh ag an gCoimisiún ag deireadh comórtais oscailte thrédhearcaigh, i ndiaidh glao ar léiriú spéise a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i bhfoilseacháin eile.

    Chun críocha conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chur i gcrích, déanfaidh Uachtarán na Comhairle ionadaíocht don Ghníomhaireacht.

    Is le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Riaracháin a chinneadh i dtaobh cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    3.           Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Ag deireadh a théarma oifige déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ina gcuirfear san áireamh feidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin chomh maith le cúraimí agus dúshláin na Gníomhaireachta sa todhchaí.

    Ar thogra ón gCoimisiún agus ag cur san áireamh an measúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Bord Riaracháin síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin aon uair amháin ar feadh tréimhse cúig bliana nó níos lú ná sin.

    Le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a ghlacfar an cinneadh tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh.

    Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ndearnadh síneadh ar a théarma oifige bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin don phost céanna ag deireadh shíneadh a théarma oifige.

    4.           Féadfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost, ar bhonn togra ón gCoimisiún, trí chinneadh arna ghlacadh ag dhá thrian dá chomhaltaí.

    5.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Stiúrthoir Feidhmiúcháin tuarascáil a chur isteach ar chur i gcrích a chúraimí agus dearbhú a thabhairt os comhair na n‑institiúidí sin.

    Airteagal 15c

    Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

    Ina theannta sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar iontaoibh saineolaithe náisiúnta. Tá na húdaruithe slándála iomchuí ag na saineolaithe sin’

    (14) leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

    'Airteagal 16

    Comhrac frithchalaoise

    1.           Chun críocha an calaois a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag an Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chuige sin, aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) (**) agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le baill foirne na Gníomhaireachta agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht trí úsáid a bhaint as an ‘gCinneadh Múnla’ atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

    2.           Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí maoirseacht a dhéanamh ar thairbhithe chreidmheasanna na Gníomhaireachta agus freisin ar na conraitheoirí agus na fochonraitheoirí a fuair cabhair ó chistí an Aontais tríd an nGníomhaireacht, ar bhonn doiciméad arna dtabhairt di nó ar bhonn na gcigireachtaí arna ndéanamh ar an láthair.

    3.           Faoi na fóirdheontais arna maoiniú nó na conarthaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht, féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (EURATOM, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (***), leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gach gníomhaíochta mídhleathaí eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais a dhéanamh.

    4.           Gan dochar do mhír 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, forálfar go sainráite sna comhaontuithe atá déanta ag an nGníomhaireacht le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí agus sna comhaontuithe deontais arna gcur i gcrích ag an nGníomhaireacht le tríú tíortha, agus gach cinneadh airgeadais arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí faoi seach.

    _________________

    (*)     IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

    (**)   IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

    (***) IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.'

    (15) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Airteagal 17:

    'Airteagal 17

    Pribhléidí agus díolúintí

    Tá feidhm ag prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, maidir leis an nGníomhaireacht agus a baill foirne.’

    (16) scriostar Airteagal 18;

    (17) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

    'Airteagal 22

    Rialacha slándála maidir le cosaint sonraí rúnaicmithe nó íogaire

    Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhmna rialacha i dtaobh shlándáil an Choimisiúin maidir le cosaint faisnéis rúnaicmithe an Aontais atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CECA, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena modhnaítear a rialachán inmheánach (*). Cuirfidh sí i bhfeidhm iad freisin maidir le faisnéis íogair nach bhfuil rúnaicmithe. Bainfidh an méid seo go háirithe leis na forálacha maidir le malartú, próiseáil agus stóráil na faisnéise sin.

    _________________

    (*)     IO L317, 3.12.2001, lch. 1.'

    (18) cuirtear isteach Airteagal 22a mar a leanas i ndiaidh Airteagal 22:

    'Airteagal 22a

    Coinbhleacht leasa

    1.           Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na hoifigigh atá ar iasacht ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún ar bhonn sealadach dearbhú oibleagáidí agus dearbhú leasa ina léireofar nach bhfuil aon leas díreach nó indíreach ab fhéidir a mheas a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas. Déanfar na dearbhuithe sin i scríbhinn agus tús á chur acu lena gcúraimí agus déanfar iad a athnuachan má bhíonn athrú ar a gcúinsí pearsanta.

    2.           Déanfaidh na saineolaithe seachtracha atá rannpháirteach sna meithleacha ad hoc a dhearbhú i scríbhinn, roimh gach cruinniú a mbeidh siad rannpháirteach ann, nach ann d'aon leas ab fhéidir a mheas a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas i bhfianaise itimí an chláir oibre.

    3.           Cuirfidh an Bord Riaracháin agus an Bord um Chreidiúnú Slándála beartas ar bun lenar féidir coinbhleachtaí leasa a sheachaint.'

    (19) cuirtear Airteagal 23a mar a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 23:

    'Airteagal 23a

    Soláthar poiblí comhpháirteach leis na Ballstáit

    Chun a cuspóirí a bhaint amach, beidh an Ghníomhaireacht údaraithe conarthaí a bhronnadh i gcomhpháirt leis na Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear i Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(*).

    _________________

    (*)     IO L 362, 31.12.2012, lch. 1.'

    (20) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

    'Airteagal 26

    Meastóireacht agus athbhreithniú ar an Rialachán seo

    1.           Faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an nGníomhaireacht ina ndíreofar go háirithe ar cén tionchar atá aici, cé chomh héifeachtúil atá sí, ar cé chomh maith a fheidhmíonn sí, ar a modhanna oibre, ar a riachtanais agus ar an úsáid a bhaintear as na hacmhainní a thugtar di. San áireamh sa mheastóireacht seo beidh, go háirithe, scrúdú ar athrú ab fhéidir a dhéanamh ar chúraimí na Gníomhaireachta agus ar thionchar airgeadais an athraithe sin.

    2.           Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta agus a chuid conclúidí féin maidir le hábhar na tuarascála sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBord Riaracháin agus chuig Bord um Chreidiúnú Slándála na Gníomhaireachta. Foilseofar torthaí na meastóireachta.

    3.           I meastóireacht amháin as gach dhá cheann, beidh scrúdú ar theist na Gníomhaireachta i bhfianaise a cuspóirí. Má mheasann an Coimisiún nach fiú an Ghníomhaireacht a choinneáil ar bun níos mó i bhfianaise a cuspóirí agus a chúraimí, féadfaidh an Coimisiún aisghairm an Rialachán seo a bheartú.'

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

                  1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

                  1.2.    Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

                  1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

                  1.4.    Cuspóirí

                  1.5.    Na forais atá leis an togra/tionscnamh

                  1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

                  1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

                  2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

                  2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

                  2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

                  3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

                  3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

                  3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

                  3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

                  3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna [an chomhlachta]

                  3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

                  3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

                  3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

                  3.4.    An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna an Choimisiúin

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS – leasú ar an ráiteas airgeadais.

    1.2.        Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[9]

    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB: Fiontraíocht agus Tionscal

    Caibidil 02 05: Na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo)

    1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[10]

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

    þ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

    1.4.        Cuspóirí

    1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Tacú le gníomhaíochtaí Eorpacha sa spás agus le forbairt na seirbhísí a bhaineann le satailítí.

    Is iad na cláir loingseoireachta satailíte ('cláir' anseo feasta) tionscadail shuaitheanta an Aontais. Is é is cuspóir do na cláir sin seirbhísí loingseoireachta a sholáthar, agus ginfidh siad forbairtí nach beag ina lán earnálacha gníomhaíochta, cothóidh siad nuálaíocht theicneolaíoch agus méadú i ngeilleagar na hEorpa agus tiocfaidh astu fostaíocht, ioncam tráchtála agus sochair shocheacnamaíocha. Dá bhrí sin, tá siad ag teacht faoin Straitéis ‘Eoraip 2020’ agus na beartais um fhorbairt inbhuanaithe.

    Le bheith níos sonraí, tá an clár Galileo ceaptha córas domhanda loingseoireachta satailíte Eorpach a bhunú ('GNSS' anseo feasta). A bhuí leis féadfar seirbhísí suite, sioncronaithe agus loingseoireachta a chur ar fáil d’úsáideoirí ar fud an domhain le haghaidh réimse leathain feidhmeanna amhail iompar, imréiteach urrús airgeadais, soláthar leictreachais, réamhaisnéis na haimsire agus dolaí bóthair.

    Maidir le EGNOS, is córas Eorpach atá ann a ceapadh chun feidhmíocht GPS na Stát Aontaithe a fheabhsú sa limistéar Eorpach. Fágann sé gur féidir na seirbhísí loingseoireachta satailíte atá ann faoi láthair a úsáid d'fheidhmeanna atá ríthábhachtach ó thaobh na slándála, amhail píolótaíocht agus tabhairt chun talún eitleáin nó stiúradh báid trí chainéal cúng, le cúpla sampla ó réimse an aeriompair agus an iompair ar muir a lua.

    Ar bhonn an struchtúir rialachais a mhol an Coimisiún ina thogra le haghaidh rialacháin maidir le córais Eorpacha um loingseoireachta satailíte[11] a chur ar bun agus a shaothrú agus ar bhonn an struchtúir rialachais ar thug Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tacaíocht dó ina gcur chuige ginearálta páirteach arna glacadh an 7 Meitheamh 2012, éireoidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (an 'Ghníomhaireacht' anseo feasta) ina gníomhaí mór nuair a thosóidh i céim saothraithe na gcóras.

    Os a choinne sin, ó tá an Rialachán maidir le córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú (an 'Rialachán GNSS' anseo feasta) á plé ag na chomhreachtóirí agus nár glacadh é fós, agus ó tá sé faoi réir an chinnidh chríochnaithigh maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, b’fhéidir go dtiocfadh athrú ar chuid de na bunsmaointe laistiar den ráiteas reachtach airgeadais atá ann faoi láthair.

    1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    I bhfianaise an róil níos gníomhaí a bheidh ag an nGníomhaireacht i gcéim saothraithe na gclár, tá d'aidhm ag an togra seo neamhspleáchas an Bhoird um Chreidiúnú Slándála (ceann de thrí chomhlacht na Gníomhaireachta) a dhaingniú agus acmhainní iomchuí daonna agus airgeadais a sholáthar chun go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a tugadh di a dhéanamh.

    1. Creidiúnú slándála:

    De bharr a dtábhachta straitéisí, is bonneagair ríthábhachtacha na córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte. Is féidir mí-úsáid a bhaint astu, rud a chuirfeadh slándáil an Aontais agus a Bhallstát i mbaol. Ina theannta sin, d’fhéadfadh aon chur isteach ar a seirbhísí bheith ina chúis le mórchaillteanas airgid sa gheilleagar Eorpach, ós rud é go bhfuil méadú faoi líon na n‑earnálacha eacnamaíocha atá ag brath ar an loingseoireacht satailíte.

    Chun slándáil na gcóras a ráthú, ní mór creidiúnú slándála neamhspleách a dhéanamh, rud nach bhféadfadh an córais déanamh dá n‑uireasa. Áiritheoidh an creidiúnú sin go mbeidh na córais slándála in ann an córas a chosaint ar chontúirtí agus ar laigí, nach mbeidh an córas féin faoi riosca doghlactha fad a mhairfidh sé agus go bhféadfaidh sé faisnéis íogair nó rúnaicmithe a phróiseáil, a stóráil agus a chur ar aghaidh gan rioscaí doghlactha, i gcomhréir le coinníollacha sonracha.

    Ós rud é go dtiocfaidh méadú ar an bpáirt a bheidh ag an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme na gclár sa struchtúir nua rialachais, ní mór an deighilt idir na gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú slándála agus na gníomhaíochtaí eile a dhaingniú chun coinbhleacht leasa a sheachaint idir an dá chineál gníomhaíochtaí sin agus chun neamhspleáchas an chreidiúnaithe slándála a chaomhnú.

    2. An margadh agus na feidhmchláir a fhorbairt:

    Ba cheart don Ghníomhaireacht rannchuidiú le margú seirbhísí Galileo agus EGNOS chun gur fusa don mhargadh iad a ghlacadh. Maidir le margú na seirbhísí, tá ríthábhacht ag baint leis an rud deireanach sin ó thaobh na sochar shocheacnamaíoch a bhfuiltear ag súil leo ón gcóras a mhéadú a oiread is féidir é.

    3. Na Galileo Security Monitoring Centres a shaothrú agus na feidhmchláir PRS a fhorbairt:

    Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as an GSMC (Galileo Security Monitoring Centre) a oibriú.

    Meastar gurb é an GSMC 'inchinn' an chórais Galileo i dtaca le slándáil iomlán de. Is ionad oibríochta nach féidir leis an gcóras déanamh dá uireasa. Beidh sé d’acmhainn aige anailís a dhéanamh ar chontúirtí nó ar ionsaithe éagsúla agus cur ina gcoinne. Dá bhrí sin, ní mór é bheith ar obair sula gcuirfear ar bun agus ar obair na seirbhísí Galileo agus ní mór é a bheith á oibriú 24 uair an chloig sa lá, seacht lá na seachtaine ag saineolaithe cáilithe. Tá sé bunaithe ar dhá shuíomh gheografacha, ceann sa Fhrainc, in Saint‑Germain‑en‑Laye, agus ceann sa Ríocht Aontaithe, in Swanwick.

    4. Saothrú na gcóras:

    Is é is cuspóir le saothrú na gcóras seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar chun riar ar riachtanais úsáideoirí agus gach beart is gá a dhéanamh chun go nglacfar na seirbhísí sin chomh forleathan agus chomh gasta agus is féidir. Ní mór an saothrú a struchtúrú mar is iomchuí chun feidhmíocht fhadtéarmach na gcóras a áirithiú agus chun na sochair shocheacnamaíocha a mhéadú a oiread is féidir é .

    Ní mór an creat rialachais a chur in oiriúint do na cláir éagsúla (Galileo agus EGNOS) ó tharla iad a bheith i gcéimeanna éagsúla forbartha. Ina theannta sin, ní mór é a chur in oiriúint do na céimeanna éagsúla ina mbeidh na cláir chun an baol go gcuirfí isteach ar sholáthar na seirbhísí a chosc. Tá EGNOS ar obair cheana agus é i gcéim an tsaothraithe, agus os a choinne sin tá Galileo ar tí céim ríthábhachtach ina fhorbairt a thabhairt arae is gairid go dtosófar ar sheirbhísí a sholáthar mar thús a chéime saothraithe.

    Maidir le EGNIS,

    - cuireadh tús le céim shaothraithe i nDeireadh Fómhair 2009;

    - tá bainistiú agus oibriú EGNOS faoin gCoimisiún faoi láthair. Tabharfar an fhreagracht sin don Ghníomhaireacht an 1 Eanáir 2014, agus tá sé beartaithe tús a chur leis sin i leaba a chéile ó 2012 ar aghaidh;

    - sa chreat rialachais nua atá beartaithe (as 2014 amach) bainisteoidh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí uile a bhaineann le hoibriú EGNOS agus seachfhoinseoidh sí cúraimí oibríochtúla áirithe chuig eintitis eile, chuig oibreoir an chórais EGNOS go háirithe.

    Maidir le Galileo,

    - beidh forluí idir chéimeanna éagsúla den chlár sna blianta amach romhainn;

    - le linn chéim an imlonnaithe, atá ar siúl faoi láthair, fágfar an t‑eagrú atá ann faoi láthair mar atá sé chun leanúnachas agus comhleanúnachas na céime sin a áirithiú. Chuige sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith freagrach as bonneagar Galileo a chríochnú;

    - le linn chéim an tsaothraithe, atá le tosú in 2014 nuair a sholáthrófar na chéad seirbhísí, tarmligfear de réir a chéile don Ghníomhaireacht bainistiú na ngníomhaíochtaí a bhaineann le céim an tsaothraithe faoi réir comhaontaithe tarmligthe leis an gCoimisiún. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as na cúraimí uile a bhaineann leis an gcóras a shaothrú, amhail an chothabháil, na cúraimí is gá chun dea-fheidhmiú an chórais a áirithiú, soláthar na seirbhísí agus cur chun feidhme na gcóras nua atá le teacht. Ina theannta sin, cuideoidh sí riachtanais na gcóras atá le teacht a shainiú trí aiseolas a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla agus ar riachtanais na n‑úsáideoirí. Céim nua ag an gclár agus ag bainistiú an chláir is ea an chéim saothraithe seo agus déanfar í a bhainistiú faoi réir tarmligin bainistíochta cláir ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht.

    Chun na cúraimí sin a bhaineann le saothrú na gcóras a dhéanamh, ní mór don Ghníomhaireacht foireann leordhóthanach a bheith aici. Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh na seirbhísí leanúnach agus go gcuirfear tús mar is ceart le céim saothraithe Galileo in 2014 tá sé ríthábhachtach na hidirthréimhsí is gá a chur ar bun roimh 2014.

    Cuspóir sonrach

    Bonneagar agus seirbhísí ar bhonn na loingseoireachta satailíte (Galileo) a fhorbairt agus a sholáthar.

    Gníomhaíochtaí AMB/ABB lena mbaineann

    02 05 NA CLÁIR EORPACHA UM LOINGSEOIREACHT SATAILÍTE (GALILEO AGUS EGNOS)

    1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Seoladh na cláir Eorpacha loingseoireachta satailíte breis is 10 mbliana ó shin agus ba é an aidhm pholaitiúil a bhí leo córas domhanda a fhorbairt agus a shaothrú lena bhféadfadh an tAontas Eorpach sochair eacnamaíocha agus straitéiseacha a bhaint astu agus seirbhísí loingseoireachta satailíte a sholáthar a bheadh saincheaptha d’úsáidí sibhialta.

    Bainfidh an tAontas Eorpach sochair thábhachtacha shocheacnamaíocha as Galileo agus EGNOS ar na cúiseanna seo a leanas:

    (i) sochair dhíreacha a thiocfaidh ón bhfás ar an margadh iartheachtach GNSS (faighteoirí agus feidhmchláir). Mar shampla, má bhíonn faighteoirí GNSS feistithe ar níos mó eitleán, bheidh ioncam breise á ghiniúint do mhonaróirí na bhfaighteoirí sin;

    (ii) sochair indíreacha a thiocfaidh ó fhorbairt feidhmchlár nua. Má thagann laghdú ar an bhfad a mhaireann eitiltí de bharr loingseoireachta níos fearr, ní bheidh an truailliú céanna á dhéanamh ag eitleáin agus beidh am gann paisinéirí á spáráil. Thairis sin, féadfar níos mó daoine a shábháil ón mbás i ngeall ar mhodhanna iompair níos sábháilte agus seirbhísí éigeandála níos éifeachtaí;

    (iii) sochair dhíreacha a thiocfaidh ón bhfás ar an margadh réamhtheachtach agus na impleachtaí teicneolaíocha in earnálacha eile. Rachaidh infheistíochtaí a rinneadh in GNSS sa mhargadh réamhtheachtach chun sochair don tionscal. Mar sin féin, bainfidh earnálacha eile leas as forbairtí nua in earnáil an spáis. Mar shampla, féadfar uirlisí a forbraíodh chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar shláinte struchtúrach láinseála agus umar breosla a úsáid i ngnólachtaí gluaisteán, foirgníochta, fuinnimh agus fóntais phoiblí.

    Más córas neamhspleách féin a bheidh sa chóras a chuirfear i bhfeidhm faoi chlár Galileo, déanfar a sheirbhísí a fheabhsú ós rud é go mbeidh sé idir-inoibritheach le córais eile ar nós GPS na Stát Aontaithe agus GLONASS na Rúise. Dá bhrí sin, féadfar na buntáistí don úsáideoir, don saoránach nó don gheilleagar i gcoitinne a uasmhéadú trí chomhar le tíortha eile a sholáthróidh seirbhísí loingseoireachta satailíte.

    Ós í a bheidh ag bainistiú shaothrú na gcóras creidiúnaithe slándála, is í an Ghníomhaireacht a bheidh ina dúshraith ag soláthar na seirbhísí. Ina theannta sin, beidh sí ina gníomhaí mór maidir le margadh iartheachtach a fhorbairt. Dá thoradh sin, beidh tionchar díreach ag feidhmíocht na Gníomhaireachta ar na sochair shocheacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo ó na córais sin.

    1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Is de réir gníomhaíochta, mar atá léirithe thíos, a chinnfear na táscairí lena bhféadfar feidhmíocht na Gníomhaireachta a leanúint::

    1. Creidiúnú slándála:

    Ní mór don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála i gceart agus in am i ngach céim de chlár Galileo (mar shampla, chun gur féidir gach satailít a lainseáil). Déanfar measúnú ar chur chun feidhme ar bhonn a mhéid a chuir sé le dea-imlonnú an bhonneagair agus ar bhonn líon na seiceálacha/cigireachtaí slándála a dhéanfar gach bliain.

    Is é a bheidh sna seiceálacha agus sna cigireachtaí sin mionscrúdú teicniúil a dhéanfaidh an t‑údarás iomchuí, nó a ionadaithe inniúla ainmnithe, nó a dhéanfar thar a gceann, ar na gnéithe de na córais a bhaineann leis an tsábháilteacht nó ar tháirge cripteagrafaíochta slándála nó táirge slándála ríomhaireachta. Deimhneofar sa mheastóireacht go bhfuil na feidhmiúlachtaí is gá ann agus déanfar measúnú ann ar a do-éillithe is atá na feidhmiúlachtaí sin. Sa mheastóireacht cinnfear cé chomh maith is a chomhlíontar ceanglais slándála an chórais agus suífear cé chomh iontaofa is atá an córas.

    Tá líon na seiceálacha/cigireachtaí a dhéanfar ag brath ar mhéid gníomhaíochta agus imlonnuithe stáisiún talún.

    Meastar go ndéanfar tuairim is 10 seiceáil/cigireacht gach bliain idir 2013 agus 2015, agus ina dhiaidh sin 5 cinn gach bliain idir 2016 agus 2020.

    2. An margadh agus na feidhmchláir a fhorbairt:

    Déanfar measúnú ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bhaineann le margú a seirbhísí ar bhonn an mhéid a ghlacfaidh an margadh na seirbhísí a sholáthróidh EGNOS agus Galileo ag úsáid táscairí sonracha a fhorbrófar do na seirbhísí nuair a bheidh siad ar obair, amhail líon na n‑aerfort ag a bhfuil gnáis ascnaimh atá bunaithe ar EGNOS, líon na dtarracóirí a bhfuil faighteoirí EGNOS orthu nó iomlán measta na sochar socheacnamaíocha is torthaí ar na córais.

    San am i láthair, tá nós imeachta ascnaimh forbartha ag 82 aerfort ar bhonn chóras EGNOS. Táthar ag iarraidh go mbeidh na nósanna imeachta mar sin forbartha, faoin mbliain 2020, ag 50 % de na haerfoirt chuí a bhfuil EGNOS ábhartha dóibh.

    3. Na Galileo Security Monitoring Centres a shaothrú agus na feidhmchláir PRS a fhorbairt:

    Is féidir méid feidhmíochta na ngníomhaíochtaí sin a thomhas de réir líon na nósanna imeachta oibríochtúla atá ar bun. Is é an cuspóir 500 nós imeachta a bheith ar bun in 2016. I láthair na huaire, ó nach bhfuil na hionaid ag feidhmiú, níor cuireadh ar bun na nósanna imeachta sin fós.

    4. Úsáid na gCóras:

    I gcomhréir leis an togra le haghaidh rialacháin maidir le córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a úsáid, beidh na gníomhaíochtaí a bhaineann le húsáid na gcóras bunaithe ar chomhaontú tarmligin idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht. Sa chomhaontú tarmligin sin beidh na táscairí oibríochtúla lena bhféadfar cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leanúint leagtha amach go mionsonraithe, mar atá i láthair na huaire i gcás EGNOS.

    1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

    1.5.1.     Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    I bhfianaise na bhfigiúirí atá ann faoi láthair maidir le forbairt na Gníomhaireachta, ní féidir na cúraimí nua a dhéanamh dá bhforáiltear sa togra le haghaidh rialacháin maidir le córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú, go háirithe iad siúd a bhaineann le céim an tsaothraithe. Ba cheart, mar sin, athbhreithniú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais chun é a chur in oiriúint d'fhíor-riachtanas foirne na Gníomhaireachta.

    Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh gur gá foireann theicniúil agus oibríochtúla iomchuí a bheith ag an nGníomhaireacht a bhfuil leibhéal ard saineolais i réimse an‑speisialaithe, chun an tsamhail rialachais atá beartaithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart, freisin, struchtúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta a bhunú ar shaintréithe na ngníomhaíochtaí atá le déanamh.

    Fiú mura ndéanfaidh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí uile go hinmheánach agus má sheachfhoinsíonn sí cuid mhór cúraimí a bhaineann le seirbhísí a sholáthar agus athruithe móra agus glúine nua córas a fhorbairt, beidh saineolaithe teicniúla iomchuí de dhíth uirthi chun na margaí poiblí is gá a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a seachfhoinsíodh agus chun tuarascálacha ardcháilíochta a tharraingt suas don Choimisiún. I bhfianaise a chasta atá na cláir, is tábhachtach freisin gach 'riosca intleachtúil' a sheachaint ar féidir go gcoiscfeadh sé ardcháilíocht i soláthar, i roinnt, i saothrú agus i gcur i bhfeidhm faisnéise atá riachtanach chun go n‑éireoidh leis na hoibríochtaí agus a chuirfeadh feidhmíocht chomhchuí, réasúnta agus éifeachtach na gclár i mbaol.

    Tiocfaidh an maoiniú ar an bhfoireann bhreise sin as ath‑imlonnú a dhéanamh laistigh de línte buiséadacha na gclár GNSS.

    1.5.2.     An breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Tá ceart gníomhaithe an AE bunaithe ar Airteagal 172 den Conradh ar Fheidhmiú an Aontais agus ar an Rialachán GNSS.

    Na córais a atáthar a bhunú faoi na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, is bonneagair iad atá á gcur ar bun mar ghréasáin thras‑Eorpacha ar leithne i bhfad a n‑úsáid ná teorainneacha náisiúnta na mBallstát. Thairis sin, rannchuidíonn na seirbhísí a thairgtear trí na córais sin gréasáin thras‑Eorpacha a fhorbairt i réimsí bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

    Ní féidir le Ballstát leis féin córais loingseoireachta satailíte a chur ar bun óir sháródh a leithéid de bheart a inniúlachtaí airgeadais agus teicniúla. Dá bhrí sin, ní fhéadfar a leithéid de bheart a dhéanamh ach ar leibhéal an AE.

    1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

    Níl infheidhme.

    1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Is féidir sineirgíochtaí a chothú le cláir spáis eile atá ann cheana nó atá le teacht, chun deighleoga úsáideoirí (feidhmchláir don mhargadh iartheachtach) a leathnú, mar shampla.

    Is gá sineirgíochtaí a lorg freisin le stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin Eorpaigh a fhad a bhaineann le taighde agus le nuálaíocht. Is féidir go mbeidh tionchar ag feidhmchláir agus ag teicneolaíochtaí a úsáideann córais loingseoireachta satailíte ar earnálacha éagsúla an gheilleagair agus na sochaí, amhail iompar, fuinneamh, seirbhísí faisnéise suite, seirbhísí baincéireachta, talmhaíocht. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh na cláir thaighde agus nuálaíochta comhordaithe ar leibhéal an Choimisiúin chun na sochair socheacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo as na cláir sna réimsí gníomhaíochta sin a uasmhéadú.

    Ina theannta sin, ba cheart an comhar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) a neartú. Tá sochar le baint ag na cláir as an saineolas eolaíoch agus teicniúil atá ag an JRC agus as a ghléasraí tástála agus tomhais úrscothacha i ngníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil na gcóras GNSS agus forbairt feidhmchlár GNSS.

    1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

    ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

    – ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

    – ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

    þ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    – Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2014 go 2016,

    – cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[12]

    þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    – ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    – þ  comhlachtaí arna mbunú ag an Aontas Eorpach[13]

    – ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    – ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    ¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Cruthaíodh an creat rialachais atá ann faoi láthair le haghaidh chéim cheaptha agus imlonnaithe Galileo agus le haghaidh shaothrú tosaigh EGNOS a dhéanfar le linn na tréimhse 2008-2013. Ní mór an creat sin a leasú agus é á chur san áireamh go mbeidh céim imlonnaithe Galileo fós ar siúl i ndiaidh 2013 agus go gcuirfear tús le céim nua den chlár in 2014, tráth a dhéanfar luathsheirbhísí a sholáthar. Ba cheart rialachas EGNOS a shainiú freisin nuair a bheidh an córas dulta chomh fada le céim na hoibríochta. Tá sé de chuspóir ag an Rialachán GNSS, atá á phlé faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus na Comhairle, creat rialachais na gclár a shainiú sa chomhthéacs nua sin.

    Mar a luadh cheana sa togra le haghaidh Rialacháin GNSS, ba cheart creat rialachais a shainiú a bheidh cobhsaí, inbhuanaithe agus fadtéarmach. Fágfaidh an creat sin go bhféadfar an úsáid a bhainfear as na struchtúir atá ann faoi láthair a optamú agus a chuíchóiriú agus áiritheoidh sé gur de réir a chéile a dhéanfar an t‑athrú ó chéim an imlonnaithe go céim an tsaothraithe, agus san am céanna leanúnachas na seirbhíse a chaomhnú.

    2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

    Agus í i mbun a príomhghníomhaíochtaí, cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm na rialacha faireacháin agus tuairiscithe atá leagtha amach sa chur chuige comhchoiteann maidir leis na gníomhaireachtaí díláraithe a ghlac an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Dá bhrí sin, molfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo:

    - creat straitéiseach (clár oibre ilbhliantúil) lena n‑áirítear na príomhghníomhaíochtaí, an buiséad measta agus an t‑amchlár is gá chun a cuspóirí a bhaint amach faoin 30 Meitheamh 2014 ar a dhéanaí;

    - clár oibre bliantúil ina sonrófar an creat straitéiseach i dtéarmaí beart mionsonraithe agus táscairí nach mór a mholadh faoin 15 Samhain den bhliain roimh ré ar a dhéanaí;

    - tuarascáil bhliantúil ina ndéanfar measúnú ar chomhlíonadh an chláir oibre bhliantúil.

    Ina theannta sin, i gceann gach cúig bliana, déanfar measúnú ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta de réir a cuspóirí agus a cúraimí. Déanfar athmheasúnú freisin ar a dlisteanacht i gceann gach deich mbliana.

    Lasmuigh de na bearta caighdeánacha sin, i gcás na gcúraimí arna dtarmligean ag an gCoimisiún chuici, ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéanfar foráil i ngach conradh agus i ngach comhaontú a shíneofar faoi chreat na gclár Galileo agus EGNOS maidir le faireachán agus rialú airgeadais. Ba cheart fócas ar leith a bheith sna sásraí faireacháin agus meastóireachta uile ar chostas na gclár a shrianadh agus san am céanna na seirbhísí a sholáthar in am.

    Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, agus é ag feidhmiú a chumhachtaí maoirseachta polaitiúla maidir le cláir Galileo agus EGNOS, na sásraí faireacháin agus measúnaithe a dhaingniú trí phleananna bainistíochta bliantúla agus tuarascálacha cur chun feidhme a iarraidh, trí chruinnithe rialta maidir le dul chun cinn an chláir a eagrú agus iniúchtaí airgeadais agus teicneolaíochta a dhéanamh

    Ar deireadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht sásra bainistíochta riosca agus uirlisí oiriúnacha bainistíochta chun feidhme chun costas na gclár a shrianadh ar bhonn measúnaithe costais níos fearr, agus an taithí a fuarthas cheana agus cur chun feidhme iarbhír na gcóras á gcur san áireamh aici.

    2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.     Na rioscaí a sainaithníodh

    Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as gníomhaíochtaí nach féidir na córais déanamh dá n‑uireasa, as a slándáil agus as a nglacadh ag an margadh.

    Mura mbeidh an struchtúr eagraíochtúil agus an fhoireann iomchuí aici chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, beidh na cláir ina n‑iomláine i mbaol.

    Is iad seo na príomhrioscaí a sainaithníodh:

    • Rioscaí margaidh: tá an glacadh an mhargaidh le seirbhísí na gcóras Eorpach loingseoireachta satailíte ag brath ar dhá thoisc mhóra: cáilíocht na seirbhísí a thairgtear agus fonnmhaireacht an mhargaidh na seirbhísí nua sin a ghlacadh. Má bhíonn feidhmíochtaí teicniúla faoi bhun an leibhéil a gealladh nó má bhíonn cur isteach ar na seirbhísí ann, déanfar dochar d’úsáideoirí ar fud an domhain agus ní úsáidfear na bonneagair dá dheasca sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar saothrú na gcóras go héifeachtach. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh faighteoirí iontaofa le fáil ag na seirbhísí uile atá le tairiscint ag Galileo, go háirithe ag an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí (PRS), agus go mbeidh úsáideoirí ar an eolas faoi na seirbhísí atá Galileo agus EGNOS a sholáthar chun an glacadh ag an margadh, agus, dá bharr sin, na sochair shocheacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo a uasmhéadú.

    • Rioscaí teicneolaíocha: úsáideann an loingseoireacht satailíte teicneolaíochtaí ceannródaíocha nach bhfuil bailíochtaithe fós agus a mbíonn a sonraíochtaí ag síorathrú. Ní mór próisis éifeachtacha a chur ar bun chun d'fhonn a áirithiú go mbeidh forás na nglún nua córas bunaithe ar na riachtanais is déanaí atá ag úsáideoirí agus ar na teicneolaíochtaí is airde feidhmíocht. Ní mór na hacmhainní iomchuí bheith ag an nGníomhaireacht chun na próisis sin a chur ar bun agus chun an fhaisnéis is gá a chur chuig an gCoimisiún ionas go bhféadfaidh sé tosaíochtaí maidir le forás misin a chinneadh.

    • Rioscaí tionsclaíocha: beidh baint ag líon mór gníomhaithe tionsclaíocha i roinnt tíortha le cur ar bun an bhonneagair; ní mór a gcuid oibre a chomhordú go héifeachtach chun go dtiocfaidh córais iontaofa agus comhtháite go hiomlán aisti, go háirithe i réimse na slándála. Cheal na cláir a chomhordú go héifeachtach, d’fhéadfadh sé go mbeadh easpa acmhainní sa Ghníomhaireacht agus go mbeadh moilleanna agus costais bhreise ann dá dheasca sin.

    • Rioscaí slándála: Ní mór don Ghníomhaireacht féachaint chuige go bhfuil slándáil na gcóras á cosaint go héifeachtach chun slándáil an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú.

    • Riosca rialachais: tá comhar idir na heintitis éagsúla de dhíth chun rialachas na gclár a áirithiú; dá bhrí sin, tá sé tábhachtach leibhéal iomchuí cobhsaíochta agus eagraithe a áirithiú. Beidh ról mór ag an nGníomhaireacht i saothrú na gclár agus, mar gheall air sin, beidh riosca rialachais mór ann mura féidir léi oibriú go héifeachtach.

    2.2.2.     Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    Cuirfear cuntais na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí lena bhformheas, agus faoi réir an nós imeachta urscaoilte. Is í Seirbhís Iniúchta Inmheánach an Choimisiúin iniúchóir inmheánach na Gníomhaireachta. Ina theannta sin, tá an Ghníomhaireacht ag obair ar dheimhniú cáilíochta agus slándála dá príomhphróisis atá le cur i bhfeidhm ó 2014 ar aghaidh.

    2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Beidh an Ghníomhaireacht faoi réir fhaireacháin ag an Oifig Frith‑Chalaoise.

    3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

    · Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

    Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([14]) || ó thíortha CSTE[15] || ó thíortha is iarrthóirí[16] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

    1 || 02.0502.01 An Ghníomhaireacht GNSS Eorpach (GSA) – Teidil 1 agus 2 02.0502.02 An Ghníomhaireacht GNSS Eorpach (GSA) – Teidil 3 || LD || IS FÉIDIR || NÍL || NÍL || NÍL

    · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

    Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

    || Níl aon línte nua buiséid á n‑iarraidh. || || || || ||

    3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    Roimh an gcur síos mionsonraithe ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra seo, tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an meastachán seo sealadach i láthair n huaire ó tá sé faoi réir an tÚdarás Buiséadach an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile (2014–2020)[17] a ghlacadh.

    Ina theannta sin, is féidir go dtiocfaidh athrú ar hipitéisí áirithe ar bunaíodh an ráiteas reachtach airgeadais reatha orthu. Ní sa togra reachtach seo ach sa Rialachán GNSS, atá á phlé i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, atá sainiú déanta ar chreat rialachais na gclár agus cúraimí na Gníomhaireacht atá ag teacht as sin. Is de bharr na gcúraimí nua a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht sa togra le haghaidh Rialacháin GNSS atá foireann níos mó de dhíth uirthi.

    Dá bhrí sin, coimeádann an Coimisiún an ceart a thogra a mhodhnú i gcás ina ndéanfar athruithe móra ar an maoiniú nó ar an gcreat rialachais a bheidh beartaithe i dtéacs an Rialacháin GNSS atá le teacht. Dá bhrí sin, má chinneann an tÚdarás Buiséadach an buiséad atá leithdháilte ar na cláir a laghdú go mór, beidh athmheasúnú le déanamh ar na cúraimí agus ar an bhfoireann a leithdháilfear ar an nGníomhaíocht. Mar an gcéanna, má chinneann an tÚdarás Buiséadach cúraimí breise a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht, beidh athmheasúnú le déanamh ar na riachtanais foirne. Ar an gcaoi sin, mar shampla, dréacht‑thuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa i dtaca leis an Rialachán maidir leis na cláir Eorpacha um Loingseoireachta Satailíte a bhunú agus a oibriú[18] (rapóirtéir : M. Marinescu) foráiltear go beidh sé de chúram ar an nGníomhaireacht na ‘lárionaid bharrfheabhais’ lena ndíreofar ar fhorbairt agus glacadh na bhfeidhmchlár GNSS a chur chun cinn, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí a leithdháil an Coimisiún uirthi ina thogra le haghaidh Rialachán GNSS.  

    3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || Ceannteideal 1 - Fás Cliste agus Cuimsitheach

    [Comhlacht]: <…….> || || || 2013[19][20] || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN 2014-2020

    Líne buiséadach 02.050201, An Ghníomhaireacht GNSS Eorpach (GSA) – Teidil 1 agus 2 || Gealltanais || (1) || 11,087[21] || 18,632 || 21,495 || 22,710 || 22,272 || 24,623 || 24,497 || 25,239 || 159,468

    Íocaíochtaí || (2) || 11,087 || 18,632 || 21,495 || 22,710 || 22,272 || 24,623 || 24,497 || 25,239 || 159,468

    Líne buiséadach 02.050202, An Ghníomhaireacht GNSS Eorpach (GSA) – Teidil 3 || Gealltanais || (1a) || 2,363 || 6,550 || 6,150 || 6,100 || 6,150 || 6,800 || 6,800 || 6,300 || 44,85

    Íocaíochtaí || (2a) || 2,363 || 6,550 || 6,150 || 6,100 || 6,150 || 6,800 || 6,800 || 6,300 || 44,85

    || || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || || || ||

    IOMLÁN na leithreasuithe don GSA || Gealltanais || =1+1a -3a || 13,450 || 25,182 || 27,645 || 28,810 || 28,422 || 31,423 || 31,297 || 31,539 || 204,318

    Íocaíochtaí || =2+2a -3b || 13,450 || 25,182 || 27,645 || 28,810 || 28,422 || 31,423 || 31,297 || 31,539 || 204,318

    Áiríodh buiséad na Gníomhaireachta do 2014-2020 cheana sa togra ón gCoimisiún maidir le creat airgeadais ilbhliantúil nua 2014-2020. Maoineofar na cúraimí nua agus na costais bhainteacha trí bhíthin áth‑imlonnú sa chlár GNSS dá bhforáileadh ar dtús do na blianta 2013 go 2020. Is mar seo a leanas an tionchar agus méadófar é go EUR 117,1 milliún.         

    Líne buiséadach 02.0501, Cláir Eorpach um Loingseoireachta Satailíte (EGNOS agus Galileo) || Gealltanais || (3a) || -1,750 || -13,482 || -15,645 || -16,610 || -16,022 || -18,723 || -18,297 || -18,339 || -117,118

    || Íocaíochtaí || (3b) || -1,750 || -13,482 || -15,645 || -16,610 || -16,022 || -18,723 || -18,297 || -18,339 || -117,118

    IOMLÁN na leithreasuithe don GSA sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha || Gealltanais || =1+1a +3a || || 11,700 || 12,000 || 12,200 || 12,400 || 12,700 || 13,000 || 13,200 || 87,200

    Íocaíochtaí || =2+2a +3b || || 11,700 || 12,000 || 12,200 || 12,400 || 12,700 || 13,000 || 13,200 || 87,200

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

    DG: <…….> ||

    Ÿ Acmhainní Daonna || || || || || || || || 0

    Ÿ Costais riaracháin eile || || || || || || || || 0

    IOMLÁN DG <…….> || Leithreasuithe || || || || || || || || 0

    IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreata airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán na ngealltanas) =Iomlán na n‑íocaíochtaí || || || || || || || ||

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    || || || Bliain N[22] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || || || || || || || || 0

    Íocaíochtaí || || || || || || || || 0

    3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe Ghníomhaireacht GSA - miondealú de réir cuspóra agus teidil

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    || Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || || Bliain 2020

    || ASCHUIR Saghas aschuir

    || Saghas || Líon na n‑aschur || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán || Costas iomlán

    || Cuspóir Uimh. 1 Creidiúnú Slándála GNSS || ||

    Teidil 1 agus 2 || || || || 2,123 || || 2,749 || || 2,804 || || 2,762 || || 2,637 || || 2,878 || || 2,845 || || 2,912 ||

    Teideal 3 || || || || 1,043 || || 1,400 || || 1,400 || || 1,400 || || 1,400 || || 1,400 || || 1,400 || || 1,400 ||

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || 3,166 || || 4,149 || || 4,204 || || 4,162 || || 4,037 || || 4,278 || || 4,245 || || 4,312 ||

    Cuspóir Uimh. 2 Forbairt an mhargaidh agus na bhfeidhmchlár, lena n‑áirítear deimhniú cáilíochta agus cumarsáid GNSS || ||

    Teidil 1 agus 2 || || || || 1,415 || || 1,833 || || 1,869 || || 1,688 || || 1,612 || || 1,759 || || 1,739 || || 1,780 ||

    Teideal 3 || || || || 664 || || 3,750 || || 3,250 || || 3,200 || || 3,250 || || 3,750 || || 3,750 || || 3,250 ||

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || 2,079 || || 5,583 || || 5,119 || || 4,888 || || 4,862 || || 5,509 || || 5,489 || || 5,030 ||

    Cuspóir Uimh. 3 Na Galileo Security Monitoring Centres shaothrú agus na feidhmchláir PRS a fhorbairt: || ||

    Teidil 1 agus 2 || || 3,303 || || 5,193 || || 5,763 || || 6,138 || || 5,861 || || 6,396 || || 6,322 || || 6,472 ||

    Teideal 3 || || 656 || || 1,400 || || 1,500 || || 1,500 || || 1,500 || || 1,650 || || 1,650 || || 1,650 ||

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 || || 3,959 || || 6,593 || || 7,263 || || 7,638 || || 7,361 || || 8,046 || || 7,972 || || 8,122 ||

    Cuspóir Uimh. 4 Na córais GNSS a shaothrú || ||

    Teidil 1 agus 2 || || 1,750 || || 6,567 || || 8,878 || || 9,974 || || 10,110 || || 11,352 || || 11,379 || || 11,811 ||

    Tacaíocht (margaí poiblí, airgeadas, acmhainní daonna, bainistiú tionscadail agus rialú, gnóthaí dlíthiúla, cumarsáid) || ||

    Teidil 1 agus 2 || || 2,496 || || 2,291 || || 2,181 || || 2,148 || || 2,051 || || 2,238 || || 2,213 || || 2,265 ||

    COSTAS IOMLÁN GSA || || 13,450 || || 25,182 || || 27,645 || || 28,810 || || 28,422 || || 31,423 || || 31,297 || || 31,539 ||

    Is iad seo a leanas na hipitéisí ar a bhfuil ríomh bhuiséad na Gníomhaireachta don tréimhse 2013–2020 bunaithe:

    – Tá an Rialachán nua GNSS, atá á phlé faoi láthair idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, le glacadh i gcomhréir leis na téarmaí atá beartaithe ag an gCoimisiún. Más amhlaidh atá, ba cheart go n‑aistreofaí bainistiú chéim saothraithe EGNOS chuig an Ghníomhaireacht agus go dtarmligfí bainistiú chéim saothraithe Galileo chuig an nGníomhaireacht ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh. Chun gur féidir léi na cúraimí tábhachtacha sin a dhéanamh, ní mór an fhoireann agus na hacmhainní buiséadacha iomchuí a thabhairt don Ghníomhaireacht chun céimeanna éagsúla an chláir a chur i gcrích. Ba cheart go dtiocfadh leathnú ar an nGníomhaireacht de bharr riachtanais na gclár GNSS agus a fhorás na gclár sin, leathnú faoina mbeidh borradh mór go dtí 2016, is dealraitheach, agus faoina mbeidh borrradh beag ina dhiaidh sin;

    – Tá cur ar bun na Galileo Security Monitoring Centres sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe á ullmhú faoi láthair. Ba cheart go mbeadh siad imlonnaithe go hiomlán idir 2013 agus 2014, agus tosóidh na tástálacha substaintiúla oibriúcháin a leanfaidh ar aghaidh ar feadh 24 mí as seo amach, agus sin an chúis a bhfuil gá le líon áirithe foirne breise agus le costais aonuaire in 2014. Is le linn na hoibre mionsonraithe le haghaigh ullmhú na seirbhísí a tarraingíodh aird ar an gá leis an lárionad sin. Ní foláir oibreoirí cáilithe bheith sa lárionad sin a ghabhfaidh de láimh na bogearraí agus an trealamh agus eolas cruinn acu ar ghnéithe slándála an chórais agus ní foláir oiliúint a bheith faighte acu le linn chéim an athlonnaithe agus an tsoláthair leanúnaigh seirbhísí. Ní foláir, go háirithe, go sásóidh said riachtanais úsáideoirí an PRS (Public Related Service (‘An tSeirbhís Phoiblí Bhainteach’) ó thaobh rochtain ar an PRS de. Ní foláir dóibh freisin na nósanna imeachta oibríochtúla a leagan amach agus faireachán agus bainistiú na dteagmhas slándála sa chóras iomlán a áirithiú.

    – go dtí Meitheamh 2017, ní bheidh cíos ar bith ar ionad na Gníomhaireachta i bPrág. I ndiaidh an dáta sin, beidh ar an nGníomhaireacht 25 % de luach tráchtála na n‑oifigí a íoc mar chíos leis na húdaráis Sheiceacha,. Tá meastachán déanta ar bhonn na bhfíorphraghsanna i bPrág. Ina theannta sin, beidh ar an nGníomhaireacht cíos eile a íoc ar na suímh eile ina mbeidh an Ghníomhaireacht ag deanamh a cúraimí, mar atá sa Fhrainc (Saint‑Germain‑en‑Laye, Toulouse), sa Ríocht Aontaithe (Swanwick) agus sa Bhreatain Bheag (Ionad ESTEC, an Ghníomhaireacht Spáis Eorpach);

    – Is ar bhonn mheánchostais an Choimisiúin a ríomhtar costais foirne na Gníomhaireachta. Áirítear sa ríomh freisin ráta rothlaithe foirne measartha mall agus cur i seirbhís ball foirne nua i bhFeabhra gach bliain ar an meán. Áirítear freisin comhéifeachtaí ceartaitheacha lena gcuirtear an costas maireachtála san áireamh (tá costas maireachtála Phrág 15 % faoi bhun chostas maireachtála an Bruiséile, agus tá costas na Bruiséile 16 % faoi bhun chostas na Fraince);

    – Is iad na costais atá faoi réir mhéadú bliantúil measta 3 % na tuarastail, na costais chíosa, na costais a bhaineann le teicneolaíocht na faisnéise agus na seirbhísí a sholáthróidh an Coimisiún, chomh maith le seirbhísí poist agus teileachumarsáide. Níl tionchar ag an mboilsciú ar na costais eile a ríomhadh, rud is ionann agus fíorlaghdú ar chostais na Gníomhaireachta;

    – ríomhadh na costais riaracháin reatha ar bhonn fhíorchostas 2011 agus 2012, gan méadú de dheasca boilsciú;

    – le linn na mblianta 2012 agus 2013, athnuafar go hiomlán líonraí agus trealamh ríomhaireachta na Gníomhaire de bharr aistriú shuíomh na Gníomhaireachta go Prág in Meán Fómhair 2012. Mar gheall ar dhímheas agus chaitheamh, ba cheart an trealamh sin a athnuachan in 2018, i suíomh na Gníomhaireachta agus sna Galileo Security Monitoring Centres;

    – le linn na tréimhse 2014–2020, cuirfear ar bun cuid de na gníomhaíochtaí cumarsáide is tábhachtaí: lainseáil luathsheirbhísí Galileo le linn 2014–2015, seoladh céim lánúsáidae Galileo le linn 2018–2019. Mar gheall ar na gníomhaíochtaí móra sin, is gá freisin níos mó deighleog margaidh i bhfeachtais chumarsáide iomlána na Gníomhaireachta a chuimsiú, agus athmhúnlú a dhéanamh ar na suímh ghréasáin agus ar na huirlisí cumarsáide atá ann faoi láthair (lena n‑áirítear feabhsú ar ábhar i bhfíoram);

    – Ríomhtar na costais ar bhonn na hipitéise nach dtiocfaidh dúbailt ar na seirbhísí riaracháin lárnacha as an daingniú ar an deighilt idir na gníomhaíochtaí a bhaineann le creidiúnú slándála agus gníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta.

    Léirítear sa tábla thíos buiséad mionsonraithe na Gníomhaireachta le linn na tréimhse 2013–2020.

    3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna agus buiséad na Gníomhaireachta

    3.2.3.1.  Achoimre

    – ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    – þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

    Oifigigh (Gráid AD) || || || || || || || || ||

    Oifigigh (Gráid AST) || || || || || || || || ||

    Gníomhairí ar conradh || || 1,125 || 1,276 || 1,376 || 1,393 || 1,435 || 1,478 || 1,522 || 9,606

    Gníomhairí sealadacha || || 9,768 || 11,081 || 13,071 || 12,960 || 13,550 || 14,061 || 14,599 || 89,090

    Saineolaithe náisiúnta ar iasacht || || || || || || || || ||

    IOMLÁN || || 10,893 || 12,357 || 14,447 || 14,353 || 14,985 || 15,539 || 16,122 || 98,696

    Ríomhtar na costais foirne ar bhonn na bpríomhhipitéisí seo a leanas:

    - ráta GS = meánráta an Choimisiúin (EUR 95 000 + boilsciú)

    - ráta AC = meánráta an Choimisiúin (FGIII móide FGIV = EUR 40 000 + boilsciú) ;

    boilsciú 3 % sa bhliain;

    - laghdú 3 % ar na costais foirne de bharr an rothlaithe;

    - laghdú 25 % ar na costais a bhaineann le hearcú foirne nua – cur i seirbhís an 1 Aibreán, de ghnáth;

    -costais suiteála i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne : maidir le cúiteamh suiteála, cúiteamh laethúil (trí mhí ar a mhéid), costais aistrithe, costais taistil.

    Foireann na Gníomhaireachta a bheidh riachtanach don tréimhse 2013-2020 (líon daoine)

    || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

    Gníomhairí sealadacha || 77 || 97 || 109 || 117 || 121 || 123 || 124 || 125

    SNIanna/GCanna || 17 || 25 || 29 || 31 || 31 || 31 || 31 || 31

    IOMLÁN || 94 || 122 || 138 || 148 || 152 || 154 || 155 || 156

    Foireann na Gníomhaireachta de réir gníomhaíochta (líon daoine)

    || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

    Foireann sannta go díreach do shaothrú chórais GNSS || 20 || 43 || 57 || 65 || 69 || 71 || 72 || 73

    Foireann sannta don GSMC || 28 || 34 || 37 || 40 || 40 || 40 || 40 || 40

    Foireann sannta do chúraimí riachtanacha an GSA (cúraimí atá ann faoi láthair) || 46 || 45 || 44 || 43 || 43 || 43 || 43 || 43

    IOMLÁN || 94 || 122 || 138 || 148 || 152 || 154 || 155 || 156

    Foireann na Gníomhaireachta de réir gníomhaíochta (mar % den iomlán)

    || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

    Céatadán fhoireann GSA sannta don saothrú || 21 % || 35 % || 41 % || 44 % || 45 % || 46 % || 46 % || 47 %

    Céatadán fhoireann GSA sannta don GSMC || 30 % || 29 % || 27 % || 26 % || 26 % || 26 % || 26 % || 26 %

    Céatadán fhoireann GSA sannta do chúraimí GSA féin (cúraimí atá ann cheana) || 49 % || 36 % || 32 % || 30 % || 29 % || 28 % || 28 % || 27 %

    IOMLÁN || 100% || 100% || 100% || 100% || 100% || 100% || 100% || 100%

    Mar a luadh cheana, is faoin nGníomhaireacht a bheidh sé na cúraimí éagsúla a dhéanamh, idir chúraimí nua agus chúraimí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí atá ann faoi láthair a bheidh á ndéanamh fós. Cuireadh i bhfeidhm an laghdú 5 % ar an bhfoireann atá sannta do chúraimí atá ag an nGníomhaireacht faoi láthair agus tháinig laghdú 3 Choibhéis Lánaimseartha le haghaidh na gcúraimí atá aici faoi láthair as sin, nó 1 Choibhéis Lánaimseartha in aghaidh gach ceann de na blianta 2014, 2015 agus 2016.

    Rinne an Coimisiún measúnú ar riachtanais foirne na Gníomhaireachta tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus ar bhonn staidéir inar leagadh amach go mionsonraithe na gníomhaíochtaí uile atá le déanamh chun na cláir a shaothrú[23].

    Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || 1. Creidiúnú slándála na gcóras GNSS (príomhchúram de chuid na Gníomhaireachta) 2. Bainistiú na Galileo Security Monitoring Centres (cúram na Gníomhaireachta féin, a neartófar go príomha in 2014, tar éis chéad phoist na mblianta 2012 agus 2013) 3. Forbairt an mhargaidh agus na bhfheidhmchlár GNSS, lena n‑áirítear na teicneolaíochtaí atá beartaithe d’úsáideoirí an PRS (príomhchúram de chuid na Gníomhaireachta agus cúraimí breise tarmligthe sa bhreis air, b'fhéidir) 4. Cumarsáid GNSS: (príomhchúram de chuid na Gníomhaireachta) 5. Saothrú na gcóras GNSS (cúram nua arna dtarmligean ag an gCoimisiún – aistriú inniúlachta ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht atá i saothrú EGNOS, ach tarmligean bainistíochta ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht atá i saothrú an chórais a bhaineann le céim shaothraithe chlár Galileo)    Na gníomhaireachtaí atá le déanamh le linn chéim shaothraithe na gclár, rinneadh iad a shainaithint agus a struchtúrú i Struchtúr Miondealaithe Oibre. Beidh na cúraimí saothraithe uile ar an nGníomhaireacht agus ní foláir di a gcomhordú a áirithiú ach ní bheidh cúram a gcur i gcrích de riachtanas uirthi i ngach cás. Ba cheart a lua go dtagann formhór na ngníomhaíochtaí sin as an ngá atá ann na hoibríochtaí soláthair seirbhísí a áirithiú agus nach dtugtar aghaidh ar na gníomhaíochtaí sin in eagrú na gclár mar atá sé faoi láthair. Sa tábla um miondealú na gcúraimí, féadfar na gníomhaíochtaí uile a baineann le saothrú a roinnt faoi na cúig théama seo a leanas : -           Bainistiú chur chun feidhme na gclár, arb iad seo a phríomhghnéithe: o          na cuspóirí ardleibhéil arna socrú ag an gCoimisiún agus sna comhaontaithe idirnáisiúnta agus idir-rialtais agus riachtanais slándála an chórais a mhionsonrú i “Mission Requirement Document” (Doiciméad maidir le Riachtanais An Mhisin); o          pleanáil, costais agus rioscaí na gclár a rialú; o          na coinbhinsiúin agus na conarthaí is gá chun na cláir a shaothrú a thabhairt i gcrích agus an obair leantach ina dhiaidh sin a dhéanamh. -           Forbairt na gclár, is é sin le rá forbairtí a mbeidh gá leo a cheapadh i gcomhréir leis an doiciméad maidir le riachtanais na gcúraimí, próisis chaighdeánaithe an chórais a comhordú agus a fhorbairt agus na bonneagair nua (lena n‑áirítear eisiúint bogearraí) a bhailíochtú, na cúraimí a fhorbairt agus fheidhmíocht an chórais a mheas. -           Bainistiú bonneagar maidir le bainistiú an tionscadail bhonneagair, feidhmíocht innealtóireachta córas, na bonneagair spáis agus thalún a thógáil agus nuashonraithe córais a imlonnú. -           Na seirbhísí a shaothrú agus a sholáthar, is é sin le rá soláthar na seirbhísí a bhainistiú, na bonneagair a shaothrú agus feidhmíocht na n‑oibríochtaí a mhonarú. -           Na seirbhísí a úsáid trí straitéis tráchtála a leagan síos agus a choinneáil ar bun, trí úsáid agus glacadh na seirbhísí a chur chun cinn agus trí fheidhmchláir nua a cheapadh agus a fhorbairt.

    Foireann sheachtrach || Den chuid is mó cúraimí tacaíochta/riaracháin, chun dea-fheidmiú na n‑oibríochtaí a áirithiú. Ó 2015 ar aghaidh, foireann tacaíochta a bheidh in 16 % d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, céatadán íseal i gcomparáid le gnáthchéatadán i ngníomhaireachtaí an Aontais (meastar gur 25 % an céatadán i gcás na ghníomhaireachtaí an Aontais atá faoi lán seoil agus tá an céatadán níos mó arís laistigh den Choimisiún).

    Léirítear sa tábla thíos líonta foirne mionsonraithe na Gníomhaireachta le linn na tréimhse 2013–2020.

    Sna poist AD den chuid is mó a bheidh an fhoireann bhreise atá de dhíth chun na córais a shaothrú, agus beidh níos lú ná 10 % díobh sannta do chúraimí bainistíochta (AD10-AD12). Líonfar formhór na bpost eile trí earcú faoi ghrád AD6-9 ós rud é gur deacair foireann a earcú a bhfuil taithí agus na hacmhainní teicniúla an‑sainiúil acu.

    3.2.3.2.  Riachtanais mheasta maidir le hacmhainní daonna don mháthair-Ard‑Stiúrthóireacht

    – þ  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

    Ní bheidh ar an gCoimisiún acmhainní daonna breise a úsáid de bharr an togra, ach a mhalairt mar go bhfuil laghduithe beartaithe agus tá siad sonraithe i mír 3.4.

    – ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    – þ  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil don bhliain 2013 agus – i dtaca leis na blianta ina dhiaidh sin – leis an togra ón gCoimisiún don chreat airgeadais 2014-2020.

    – ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    – ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[24].

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    – þ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    – Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

    3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    – þ  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

    – ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    – ¨            ar acmhainní dílse

    – ¨            ar ioncam ilghnéitheach

    3.4.        An tionchar a mheastar a bheidh ar acmhainní daonna an Choimisiúin

    Cé go bhfuil an ráiteas airgeadais sin dírithe ar an tionchar a bheidh ag tarmligean na bhfreagrachtaí nua maidir le bainistíocht oibríochtúil chláir GNSS ar an nGníomhaireacht, tá sé úsáideach aird a dhíriú ar an tiochar ab fhéidir a bheadh ag rialachas chláir GNSS ar acmhainní daonna an Choimisiúin amach anseo.

    Mar a míníodh thuas, is cúraimí nua den chuid is mó na cúraimí atá leithdháilte feasta ar nGníomhaireacht, cúraimí nach bhfuil a gcothrom in san eagar atá anois ar na cláir GNSS. Cé go bhfuiltear chun cúraimí a bhaineann le saothrú EGNOS a aistriú ón gCoimisiún go dtí an Ghníomhaireacht, is amhlaidh gur cúraimí nua iad na cúraimí arna n‑eascairt as clár Galileo agus arna dtarmligean chuig an nGníomhaireacht ós rud é nach bhfuil an córas sin ar obair fós. Is é sin an fáth nach soláthraíonn Galileo aon seirbhísí fós agus ar dhírigh na foirne a bhaineann leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht a ndíograis ar an mbonneagar a leagan amach. Chun athrú go dtí bonneagar a bheidh ag oibriú agus chun tús a chur le soláthar seirbhísí a mbeidh beatha daoine ag brath orthu beidh gá le gníomhaíochtaí iomlán nua agus le foireann bhreise. Cé go dtiocfaidh méadú carnach 31 % ar fhoireann an Choimisiúin agus na Gníomhaireacht as sin, tiocfaidh méadú 103 % ar an meánbhuiséad bliantúil bainistithe idir 2007 agus 2013 agus idir 2140 agus 2020.

    Ar feadh roinnt blianta agus go dtí go mbainfear amach an chéim is gá, leanfaidh an Coimisiún de bheith freagrach as leagan amach bhonneagar Galileo agus beidh air na foirne a choinneáil agus na hiarrachtaí seo a mhaoirsiú. Tar éis sin, ní bheidh ról an Choimisiúin dírithe ach ar mhaoirsiú polaitiúil na gclár. Dá thoradh sin, beidh ról an Choimisiúin dírithe ar mhaoirsiú bheartais na gclár agus ar an ábhar sin molann an Coimisiún 30 post san iomlán a bhaint dá thábla foirne le linn na tréimhse 2014-2020. Taispeánann an laghdú seo go háirithe:

    2) próiseas aistrithe i dtreo na Gníomhaireachta ghníomhaíochtaí saothraithe EGNOS (ós cúram nua an céim shaothraithe de chlár Galileo) as a dtiocfaidh laghdú ar fhoireann an Choimisiúin 3 Choibhéis Lánaimseartha (3,3 %);

    3) an prionsabal ar chinn an Coimisiún air laghdú a dhéanamh ar na baill foirne a phléann le gníomhaíochtaí atá ann faoi láthair, rud a mbeidh laghdú breise 12 gCoibhéis Lánaimseartha (13 %) de thoradh air.

    4) An prionsabal laghdú comhlántach 15 i gCoibhéis Lánaimseartha ar na baill foirne a thagann as ath‑imlonnú inmheánach sa Choimisiún.

    Is é seo a leanas, mar sin, an t‑athrú a thiocfaidh ar fhoireann an Choimisiúin do na seirbhísí GNSS:

    Baill foirne an Choimisiúin sannta do chúraimí an GNSS || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Laghdú iomlán

    Laghdú || 0 || -3 || || || -3 || -4 || -5 || 0 || -15

    IOMLÁN || 92 || 89 || 89 || 89 || 86 || 82 || 77 || 77 ||

    Beidh an laghdú comhlántach faoi phointe 3 thuas roinnte ar bhealach neamhlíneach thar na seacht mbliana. Beidh an laghdú 30 post neamhspleách agus mar sin tiocfaidh sé sa bhreis ar an laghdú cothrománach 5 % de bhaill foirne an Choimisiúin idir 2013 agus 2017; Bainfear na poist sin go hiomlán de thábla bhaill foirne an Choimisiúin.

    Laghdú comhlántach bhaill foirne an Choimisiúin.

    || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Laghdú iomlán

    Laghdú comhlántach IOMLÁN sa Choimisiúin || -2 || -3 || -3 || -2 || -2 || -2 || -1 || -15

    Le baill foirne na hArd‑Stiúrthóireachta atá freagrach cheana as bainistíocht na gníomhaíochta agus/nó arna n‑ath‑imlonnú go hinmheánach laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht a riarfar na riachtanais acmhainní daonna sin, agus cuirfear leis sin, de réir mar is gá, aon leithdháileadh breise is féidir a bhronnadh ar an Ard‑Stiúrthóireacht bainistíochta de réir nós imeachta an leithdháilte bhliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha a bheidh i bhfeidhm.

    Cuirfear an laghdú seo i bhfeidhm cé go mbeidh freagracht ghinearálta an Choimisiún maidir le cláir GNSS ann fós agus d’ainneoin na gcúraimí nua iomadúla Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall aghaidh a thabhairt ar na cúraimí nua sin trí bhíthin ath‑iomlonnuithe inmheánacha. Déanfaidh an Coimisiún iarracht dul i ngleic leis na cúraimí nua seo a bhuí le hathlonnuithe inmheánacha.

    Go sainráite, féadfar ról an Choimisiúin sa todhchaí a achoimriú trí bhíthin na sé bloc gníomhaíochtaí seo a leanas :

    – rannchuidiú le mórchuspóirí straitéiseacha an AE: is é an cuspóir cur isteach theicneolaíochtaí GNSS sna réimsí taighde éagsúla agus iad a chur san áireamh sna tionscnaimh straitéiseacha earnála a bhaineann le, mar shampla, modhanna iompair, talmhaíocht, soghluaisteacht daoine, sioncronú nó fuinneamh. Is é an cuspóir atá leis sin, a áirithiú go ndéanfar le beartais an AE sna hearnálacha saothrú níos fearr ar acmhainneacht nuálaíochta agus luach breise na gcóras Eorpacha loingseoireachta satailíte;

    – cuspóirí ardchaighdeáin na gclár a shainiú agus a fhorbair chun freagairt do na dúshláin pholaitiúla agus do riachtanais na ngeallsealbhóirí agus na n‑úsáideoirí eile agus straitéis agus riachtanais theicniúla a dhéanamh astu;

    – na coinníollacha chur chun feidhme a shainiú agus a chur in oiriúint. I gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiún maidir leis na cláir, ní mór na bearta is gá chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme a shainiú, amhail comhaontuithe maidir le tarmligean, mionsonrú a dhéanamh ar na comhaontuithe maidir le hostú suíomh agus na caighdeáin is iomchuí a leagan amach. Ina theannta sin, an Coimisiún a bheidh freagrach fós as slándáil na gcóras. Dá bhrí sin caithfidh an Coimisiún na riachtanais slándála a shainiú agus comhordú maidir le ceisteanna slándála a áirithiú;

    – na beartais maidir le GNSS a shainiú agus a fhorbairt, timpeallacht rialaitheach agus idirnáisiúnta a chruthú a éascóidh baint amach cuspóirí chláir GNSS. Mar chuid den obair ar chreat rialála chláir GNSS, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar cheist shábháilteacht agus shlándáil úsáideoirí GNSS, measfaidh sé a leochailí atá na córais agus na feistí loingseoireachta satailíte agus molfaidh sé bearta cothromaithe, áiritheoidh sé comhchuibhiú na seirbhísí Eorpacha loingseoireachta, daingneoidh sé an chobhsaíocht chun gur féidir don tionscal infheistíochtaí le déanamh a phleanáil agus daingneoidh sé an tsábháilteacht agus an tslándáil (mar shampla, trí bearta a chur ar bun chun spleáchas a laghdú maidir leis an GPS). Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tarraingeoidh sé suas agus caibidleoidh sé comhaontuithe idirnáisiúnta agus déanfaidh sé comhordú le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun comhoiriúnacht agus idiroibritheacht le córais GNSS eile a áirithiú;

    – faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár. Cé nach mbeidh an Coimisiún freagrach as bainistiú oibríochtúil na gclár, beidh sé freagrach fós go ginearálta as a bhfeidhmiú agus is air a bheidh an locht má tá aon chostais bhreise nó moill maidir leis an gclár ann. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Coimisiún go dlúth an cur chun feidhme a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Spáis Eorpach (i gcás chríochnú chéim an imlonnaithe) agus Gníomhaireacht Eorpach GNSS (i gcás chéim an tsaothraithe). Ina theannta sin, tá ceanglais an‑dian maidir le tuairisciú curtha isteach ag na Ballstáit agus ag Parlaimint na hEorpa trí bhíthin an togra le haghaidh Rialachán maidir le GNSS atá faoi chomhchinnteoireacht faoi láthair. Ar deireadh, áiritheoidh an Coimisiún go n‑ullmhófar, go gcuirfear isteach agus go gcraobhscaoilfear na tuarascálacha sin chuig coiste GNSS agus, go háirithe, chuig an údarás buiséadach;

    – an caidreamh leis na geallsealbhóirí a bhainistiú trí fhaisnéis nuashonraithe, dhearfach agus úsáideach a sholáthar dóibh maidir le dul chun cinn chláir EGNOS agus Galileo, agus trí tuarascálacha tráthrialta gairmiúla a ullmhú don phobal laistigh agus lasmuigh.

    [1]               IO L 196, 24.07.2008, Lch. 1.

    [2]               IO L 276, 20.10.10, Lch. 11.

    [3]               COM(2011) 814 final

    [4]               IO C …, lch .

    [5]               IO C …, lch .

    [6]               IO L 196, 24.7.2008, Lch. 1.

    [7]               IO L 196, 24.7.2008, Lch. 1.

    [8]               JO L … an …...2013, lch ...[Tabhair faoi deara, go dtí go nglacfar an Rialachán seo agus an Rialachán lena gcuirtear ar bun an creat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo, ní fhéadfar a mheas gur críochnaitheach réimse chúraimí na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS ná na leithreasaí buiséadacha a leithdháiltear di dá réir sin.

    [9]               ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid ar bhonn gníomhaíochtaí.

    [10]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

    [11]             COM(2011) 814 final

    [12]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_fr.html

    [13]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

    [14]             LD – Leithreasuithe difreáilte / LN – Leithreasuithe neamhdhifreáilte

    [15]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [16]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n iarrthóirí .

    [17]             "Buiséad le haghaidh na Straitéise Eorpaí 2020", COM(2011)500

    [18]             PE489.561v02-00

    [19]             Tá sé de dhifearr idir an tsuim seo agus an buiséad arna leithdháileadh ar an nGníomhaireacht don bhliain 2013 go n‑áirítear ann maoiniú 20 post breise in 2013 trí ath‑imlonnadh na gclár GNSS. Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid an Údaráis Bhúiséadaigh le linn 2013.

    [20]             Cuirtear leis an tsuim sin athíocaíocht iarmhéid an chuntais bhrabúis agus chaillteanais (0,709) agus ranníocaíocht na dtríú tíortha (0,325). Dá bhrí sin is é iomlán na gcreidmheas le fáil don bhliain 2013 14,484.

    [21]             Áirítear sa tsuim seo 1.75 chun 20 post breise a mhaoiniú in 2013. Sa mheastachán tá 6 mhí de thuarastal don bhliain 2013 i ngeall ar an am is gá chun daoine a earcú don 20 post nua.

    [22]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    [23]             Rinne an chuideachta chomhairleachta Roland Berger an staidéar sin in 2011 i gcás EGNOS agus in 2012 i gcás Galileo. Tarraingíodh suas miondealú maidir leis na cúraimí atá riachtanach chun na córais a shaothrú, lena n‑áirítear na baill foirne is gá chun na cúraimí a dhéanamh. Cuireadh achoimre ar na cúraimí isteach sa tábla maidir leis na cúraimí atá le déanamh.

    [24]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach

    Top