This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012SC0442
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT Accompanying the document Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on occurrence reporting in civil aviation
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht shibhialta
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht shibhialta
/* SWD/2012/0442 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le tuairisciú tarluithe san eitlíocht shibhialta /* SWD/2012/0442 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le tuairisciú tarluithe san
eitlíocht shibhialta 1. An Fhadhb a shainiú 1.1. Comhthéacs agus fadhbanna a
sainaithníodh Is córas frithghníomhach go príomha é an córas
sábháltachta eitlíochta atá ann faoi láthair a bhraitheann ar dhul chun cinn
teicneolaíoch, ar reachtaíocht fhónta bunaithe ar mhaoirseacht rialála éifeachtúil,
agus ar imscrúduithe tionóiscí mionsonraithe a mbíonn moltaí le haghaidh
feabhsuithe sábháltachta mar thoradh orthu. Mar sin féin, cé gur den tábhacht é
a bheith in ann ceachtanna a fhoghlaim ó thionóiscí, is léir anois go bhfuil
teorainn le cumas córas atá go hiomlán frithghníomhach feabhsuithe a thabhairt
chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs na dúbailte atáthar a thuar a thiocfaidh
ar aerthrácht faoi 2030. Dá bhrí sin ba cheart córais shábháilteachta a
bhogadh i dtreo próiseas sábháilteachta atá níos onnghníomhaí agus bunaithe ar
fhianaise agus ina ndírítear ar thionóiscí a chosc trí anailís a dhéanamh ar an
bhfaisnéis sábháilteachta ar fad atá le fáil, lena n‑áirítear faisnéis
faoi tharluithe eitlíochta sibhialta. Cé gur thosaigh an tAontas Eorpach (AE) an t‑aistriú
sin le glacadh Threoir 2003/42/CE[1]
agus a cuid rialacha cur chun feidhme[2],
ní leor na hiarrachtaí a dhéantar faoi láthair chun cosc a chur ar an méadú ar
líon na dtionóiscí agus na mbásanna a bheidh ann mar thoradh ar an bhfás atá tuartha
ar aerthrácht. Faoi láthair níl cumas leordhóthanach ag an Aontas Eorpach ná ag
a Bhallstáit aiseolas faoi thaithí a úsáid chun tionóiscí a chosc. Tá an fhadhb sin ann de dheasca roinnt easnamh. Ar an gcéad dul síos, dealraíonn sé, cé go bhfuil
sonraí ríthábhachtach chun guaiseacha sábháilteachta a shainaithint, nach
bhfuil feasacht leordhóthanach ann faoi tharluithe sábháilteachta. Is amhlaidh
atá toisc, i bpáirt, neamhréiteach a bheith ann idir na Ballstáit maidir le
raon na dtarluithe a thuairiscítear. Ina theannta sin bíonn eagla ar dhaoine
aonair tuairisciú (saincheist an "Chultúir Chóir"). Go deimhin, le go
mbeifí in ann an sprioc le haghaidh tuairisciú a bhaint amach, mar atá
tuairisciú iomlán, ní mór lánmhuinín a bheith ag daoine aonair sa chóras, mar
go n‑iarrtar orthu go háirithe tuairisciú a dhéanamh ar bhotúin a
d'fhéadfadh a bheith déanta acu féin nó ar chuir siad leo. Mar sin féin, ní
thugtar an chosaint chéanna do dhaoine aonair sna Ballstáit uile agus is eagal
leo go n-ionchúiseofaí iad nó go ngearrfadh a gceannasaithe pionós orthu. Ina
theannta sin, ní leor mar a thiomsaítear tarluithe de dheasca tosca eile
freisin, amhail easpa oibleagáide scéim thuairiscithe dheonach a bhunú chun na
scéimeanna éigeantacha a chomhlánú, agus easpa soiléireachta maidir le
hoibleagáidí tuairiscithe tarluithe agus maidir leis an sreabhadh faisnéise. Ar an dara dul síos, ní dhéantar sonraí tarluithe
a chomhtháthú ar bhealach comhchuibhithe agus struchtúrtha, rud a fhágann go
mbíonn an fhaisnéis ar chaighdeán íseal agus go mbíonn na sonraí neamhiomlán.
Cuireann sé sin isteach ar chomhsheasmhacht agus ar fhónamh na faisnéise
agus cuireann sé teorainn lena húsáid chun críocha sábháilteachta. Tá an
baol ann freisin go gcuirfí treochtaí míthreorach ar fáil a d'fhéadfadh
iarrachtaí a chur amú trína dhíriú isteach ar réimsí nach bhfuil gá leo iontu
nó níos measa arís gan fadhb sábháilteachta a shainaithint. Ar an tríú dul síos, tá teorainn ar mhalartú
faisnéise idir na Ballstáit ar an ábhar go bhfuil constaicí dlí agus eagrúcháin
ar rochtain leordhóthanach a áirithiú ar fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach,
ina dtiomsaítear na sonraí náisiúnta go léir. Go deimhin de réir na
reachtaíochta Eorpaí ní mór faisnéis áirithe a chur ó aithint. Cé gurb é
cuspóir forálacha den sórt sin sonraí sábháilteachta íogaire a chosaint, is é
an iarmhairt phraiticiúil air nach mbíonn fíricí tábhachtacha maidir le
sábháilteacht, amhail an tuairisc iarbhír ar na tarluithe, ar fáil do na
húdaráis. Is amhlaidh atá, go háirithe, de dheasca easpa muiníne sna Ballstáit
maidir le húsáid na sonraí. Ar deireadh, níl aon cheanglas ann maidir le
húsáid na sonraí tarluithe arna mbailiú. Bíonn easpa anailíse ar tharluithe mar
thoradh air sin agus ina dhiaidh sin ní ghlactar na gníomhartha iomchuí atá ceartaitheach
agus coisctheach chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shábháilteachta. Is iad na páirtithe leasmhara is mó a mbeidh
tionchar ag an tionscnamh seo orthu na daoine agus na heagraíochtaí ar fad a
bhfuil baint acu leis an gcóras eitlíochta sibhialta, nó a thairbhíonn
d'aershábháilteacht, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach
araon. 1.2. Anailís ar choimhdeacht Tá tuairisciú tarluithe fíor-riachtanach
d'fheidhmiú iomchuí aeriompair, i gcomhréir le cuspóir Airteagal 91 den
Choradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ós rud é go bhfuil feidhm ag
prionsabal na coimhdeachta, ní foláir údar iomchuí a bheith le gníomhaíocht an
AE maidir le tuairisciú tarluithe. Ar an gcéad dul síos, ní fhéadfadh na Ballstáit
cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a bhaint amach go leordhóthanach ar an
ábhar go bhfuil gá leis na rialacha a chomhchuibhiú maidir le tarluithe a
thuairisciú agus dá bhrí sin rialacha aonfhoirmeacha agus éifeachtacha a
áirithiú san Eoraip. Ina theannta sin ní féidir rialacha a bhaineann le
bunachar sonraí Eorpach agus le Gníomhaireacht de chuid an AE a bhunú ach trí
Reachtaíocht Eorpach. Ar an dara dul síos, tagann luach breise
ghníomhaíocht an AE as na sochair shábháilteachta a bhaineann le neartú agus
forbairt a dhéanamh ar bhearta onnghníomhacha bunaithe ar anailís ar tharluithe
ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE. Ina theannta sin, is féidir le
himeacht a bhfuil an chuma uirthi gur tarlú ar leithlis í i mBallstát amháin an
gá le gníomhaíocht a léiriú, nuair a bhreathnaítear uirthi i gcomhthéacs an
Aontais ina iomláine. 2. Cuspóirí thionscnamh an AE Ba é príomhchuspóir an tionscnaimh tacú leis an
laghdú ar líon na dtionóiscí aerárthaigh agus na mbásanna, trí na córais atá
ann faoi láthair a fheabhsú, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na
hEorpa araon, agus tarluithe eitlíochta sibhialta a úsáid chun easnaimh
shábháilteachta a cheartú agus cosc a chur orthu tarlú an athuair. Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha (CS): ·
A áirithiú go mbailítear gach tarlú a chuireann
sábháilteacht eitlíochta i mbaol nó a chuirfeadh i mbaol í agus go dtugann siad
pictiúr críochnúil soiléir maidir le rioscaí sábháilteachta san AE agus ina
Bhallstáit (CS1) ·
A áirithiú maidir le tuarascálacha tarluithe a
stóráiltear sna bunachair shonraí náisiúnta agus sa Stór Lárnach Eorpach go
bhfuil siad críochnúil agus go bhfuil sonraí d'ardcháilíocht iontu (CS2) ·
A áirithiú go bhfuil teacht leordhóthanach ag
údaráis inniúla ar an bhfaisnéis shábháilteachta ríthábhachtach ar fad arna
stóráil sa Stór Lárnach Eorpach agus go n‑úsáidtear í chun críocha feabhsú
sábháilteachta amháin (CS3) ·
A áirithiú go ndéantar anailís éifeachtúil ar
tharluithe, go sainaithnítear guaiseacha sábháilteachta agus go dtugtar aghaidh
orthu más iomchuí agus go ndéantar faireachán ar éifeachtúlacht shábháilteachta
na ngníomhaíochtaí a dtugtar fúthu (CS4). 3. Roghanna Beartais Is é an chéad rogha a sainaithníodh reachtaíocht
reatha an AE a aisghairm. I bhfianaise an riosca thromchúisigh a chuirfeadh an
rogha ar shábháilteacht saoránach, níor coinníodh leis an rogha sin agus
cuireadh i leataobh í. Chun cúiseanna na bhfadhbanna a réiteach
sainaithníodh roinnt beart beartais agus roinnt athghrúpaí i dtrí phacáiste
beartais. Tá sé mar aidhm ag pacáiste beartais 1 (PB1) an
córas atá ann faoi láthair a fheabhsú trí na buneilimintí a bhunú le haghaidh
córais tuairiscithe tarluithe iomláin agus a thionchar ar fheabhsú
sábháilteachta eitlíochta tríd an leasú íosta is gá a dhéanamh, agus sin
amháin, ar an reachtaíocht agus moltaí agus treoracha a ghlacadh más féidir. Is
ann atá na bearta beartais is lú déine dár sainaithníodh. Is é atá i bpacáiste beartais 2 (PB2) pacáiste
beart beartais níos uaillmhianaí lena bhfuil athbhreithniú suntasach i gceist
ar reachtaíocht an AE maidir le tuairisciú tarluithe. Sa phacáiste beartais 2
(PB2) féachtar leis an gcóras atá ann faoi láthair a fheabhsú trí na ceanglais
reachtaíochta is gá a leagan síos le haghaidh córas tuairiscithe tarluithe
éifeachtach a áirithiú ar gach leibhéal agus tacú le tionóiscí aerárthaí a
laghdú trí phróisis a bhunú le haghaidh anailíse ar shonraí arna mbailiú,
bearta iomchuí a ghlacadh agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an chórais
ó thaobh feabhsúcháin sábháilteachta. Tá sé mar aidhm ag pacáiste beartais 3 (PB3) an
córas atá ann faoi láthair a fheabhsú trí inniúlachtaí tuairiscithe tarluithe
na mBallstát a aistriú go leibhéal an AE agus, mar atá leagtha amach in PB2,
ceanglais a leagan síos le haghaidh anailíse ar tharluithe mar aon le glacadh
na ngníomhaíochtaí sábháilteachta is gá agus faireachán a dhéanamh ar
fheabhsúcháin. Faoi PB3, d'aistreofaí an fhreagracht as scéimeanna tuairiscithe
tarluithe a bhunú agus a bhainistiú chuig an nGníomhaireacht Eorpach um
Shábháilteacht Eitlíochta (EASA). Léirítear sna táblaí thíos na bearta beartais atá
áirithe sna pacáistí beartais éagsúla. Saincheisteanna a sainaithníodh i roinn 2.2 || Bearta beartais || Mionsonraí maidir leis an mbeart beartais Cúis faidhbe 1: Níl bailiú na sonraí maidir le tarluithe barrmhaith (CF1) A Tá raon feidhme an tuairiscithe, ó thaobh chineál na dtarluithe de, difriúil ó Bhallstát go Ballstát rud a chruthaíonn neamhréitigh maidir le leibhéal an tuairiscithe || 1. Soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme na dtarluithe atá le bailiú trí threoir a thabhairt – PB1 2. Raon feidhme an tuairiscithe a chomhchuibhiú agus an t-ábhar atá le tuairisciú á shonrú in iarscríbhinn – PB2 agus PB3 B: Tá eagla ar dhaoine aonair tuairisciú (saincheist an "Chultúir Chóir") || 1. Treoir a thabhairt maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme Airteagal 8 – PB1 2. Na rialacha atá ann cheana a shoiléiriú agus a chomhlánú (an "Cultúr Cóir" a shainmhíniú, lárionad náisiúnta a bhunú, an prionsabal nach lochtaítear daoine a chur i bhfeidhm, tuarascálacha a chur ó aithint) – PB2 agus PB3 C: Níl aon oibleagáid ann Scéim Tuairiscithe Dheonaigh Tarluithe (STDT) a bhunú agus níl aon soiléiriú ann maidir le cad ba cheart a thuairisciú faoi STDT || 1. Moladh ón gCoimisiún caighdeán ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) a chur chun feidhme lena bhforchuirtear bunú STDT; treoir maidir leis an scéim tuairiscithe éigeantaigh tarluithe (STET) / - PB1 2. Caighdeán an EESI a chur chun feidhme i ndlí an AE lena bhforchuirtear bunú STDT; soiléiriú cad ba cheart a thuairisciú faoi STET/STDT - PB2 3. STDT Eorpach amháin a chur in ionad na STDTanna náisiúnta; soiléiriú cad ba cheart a thuairisciú faoi STET/STDT – PB3 D: Tá an iomarca oibleagáidí maidir le tuairisciú tarluithe in ionstraimí éagsúla reachtaíocht an AE, rud a chruthaíonn dúbailt agus doiléireacht || 1. Treoir lena sonraítear na hoibleagáidí ar fad maidir le tuairisciú agus na ceanglais is infheidhme do gach oibleagáid maidir le tuairisciú faoi seach; seisiúin traenála a eagrú – PB1 2. Na ceanglais ar fad maidir le tuairisciú a shimpliú agus a chomhchuibhiú; ceanglais maidir le tuairisciú a mhionathrú i reachtaíocht ábhartha eile an AE - PB2 agus PB3 E: Níl sreabha na faisnéise soiléir agus níl aon cheanglas ar eagraíochtaí sa Treoir maidir le faisnéis a bhailiú i dtaobh tarluithe || 1. Moladh ón gCoimisiún maidir leis an gcaighdeán de chuid an EESI a chur chun feidhme lena n-iarrtar ar na Ballstáit a áirithiú go mbunaítear Córas Bainistithe Sábháilteachta (CBS) laistigh dá dtionscal – PB1 2. An chuid sin de chaighdeán an EESI a bhaineann le tarluithe a thuairisciú lena n-iarrtar ar Bhallstáit a áirithiú go mbunaítear CBS laistigh dá dtionscal a chur chun feidhme – PB2 3. An chuid sin de chaighdeán an EESI a bhaineann le tarluithe a thuairisciú lena n-iarrtar ar Bhallstáit a áirithiú go mbunaítear CBS laistigh dá dtionscal a chur chun feidhme; an oibligeáid chun tarluithe a bhailiú a aistriú ó na Ballstáit chuig comhlacht uathúil a bhaileoidh gach tarlú a eascraíonn ón STET, go díreach agus go háirithe ón tionscal – PB3 || || Saincheisteanna a sainaithníodh i roinn 2.2 || Bearta beartais || Mionsonraí maidir leis an mbeart beartais Cúis faidhbe 2: Comhtháthú Sonraí: Caighdeán íseal na faisnéise agus neamhiomláine na sonraí (CF2) A: Bíonn cuma an-difriúil ar tharluithe éagsúla agus ní ionchódaítear ná ní aicmítear i mbunachair iad ar bhealach comhchuibhithe. || 1. Treoir maidir le tarlú a chomhdú traenáil agus aicmiú comhchuibhithe níos fearr a áirithiú laistigh de bhunachair náisiúnta agus ina measc – PB1 2. An próiseas tuairiscithe a chomhchuibhiú agus an próiseas iontrála sonraí a chur ar bhonn caighdeánach i measc na mBallstát; ábhar treorach a fhorbairt agus seisiúin traenála a eagrú – PB2 3. Úsáid formáid sonraí uathúil a fhorchur le haghaidh tuarascálacha tarluithe; bailiú ar leibhéal an AE trí eintiteas amháin a chur in ionad bailiú tarluithe sna Ballstáit – PB3 B: Is minic nach mbíonn próiseas rialaithe cáilíochta ann chun seasmhacht na sonraí a áirithiú || 1. Treoir maidir le cáilíocht sonraí uirlisí uathoibríocha a fhorbairt chun cáilíocht sonraí a sheiceáil agus iad a chur ar fáil do na Ballstáit; seisiúin traenála agus ceardlanna a eagrú – PB1 2. Prionsabal na seiceála ar cháilíocht a fhorchur ar eagraíochtaí agus ar na Ballstáit araon; an t-ábhar treorach atá ann faoi láthair maidir le cáilíocht sonraí a fhorbairt agus a chomhlánú; uirlisí uathoibríocha do sheiceáil cáilíochta sonraí a fhorbairt; seisiúin traenála agus ceardlanna a fhorbairt – PB2 agus PB3 C: Ní chuirtear gach faisnéis go dtí an Stór Lárnach Eorpach agus ní léirítear i gcónaí leis na sonraí arna bhailiú an fheidhmíocht sábháilteachta iarbhír || Leanúint de fhorbhreathnú na sonraí sa Stór Lárnach Eorpach a áirithiú agus nósanna imeachta a sheoladh más gá; d'fhéadfadh an reachtaíocht dul isteach i raon feidhme chigireachtaí caighdeánaithe an EASA – PB1,PB2 agus PB3 D: Níl na príomhréimsí sonraí uile líonta sa Stór Lárnach Eorpach i gcás cuid mhór tarluithe || 1. Ábhar treorach maidir le cad ba cheart a chomhlíonadh agus liosta réimsí a fhorbairt do gach catagóir tarluithe ábhartha – PB1 2. An reachtaíocht a mhionathrú chun prionsabal na réimsí éigeantacha a bhunú; iarscribhinn i gceangal leis an reachtaíocht maidir le réimsí éigeantacha le haghaidh gach catagóra ábhartha tarluithe faoi seach – PB2 agus PB3 || || Saincheisteanna a sainaithníodh i roinn 2.2 || Bearta beartais || Mionsonraí maidir leis an mbeart beartais Cúis faidhbe 3: Na baic dlí agus na baic eagrúcháin ar rochtain leordhóthanach a áirithiú ar fhaisnéis ón Stór Lárnach Eorpach (CF3) A: Níl rochtain ar fhaisnéis thábhachtach maidir le tarluithe (insint) || Rochtain níos leithne ar an Stór Lárnach Eorpach a áirithiú go sonrach chun rochtain a thabhairt d'údaráis inniúla shainaitheanta ar fhaisnéis sábháilteachta oiriúnach B: Easpa muiníne sna Ballstáit maidir le húsáid sonraí ón Stór Lárnach Eorpach || Úsáid sonraí ón Stór Lárnach Eorpach a theorannú chun críocha feabhsú sábháilteachta – PB1, PB2 agus PB3 Saincheisteanna a sainaithníodh i roinn 2.2 || Bearta beartais || Mionsonraí maidir leis an mbeart beartais Cúis faidhbe 4: Easpa anailíse tarluithe ar leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach agus easpa beart sábháilteachta iomchuí – (CF4) A: Níl anailís chórasach ann maidir le tarluithe ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an AE || 1. Moladh maidir le Caighdeán an EESI a chur chun feidhme lena n-iarrtar ar Bhallstáit anailís a dhéanamh ar shonraí a thagann ó STET agus ó STDT agus an gníomhú iomchuí is gá a chinneadh – PB1 2. Caighdeán an EESI a chur chun feidhme lena n-iarrtar ar Bhallstáit anailís a dhéanamh ar shonraí a thagann ó STET agus ó STDT agus gníomhú iomchuí is gá a chinneadh an ceanglas sin a fhorchur ar eagraíochtaí, ar Bhallstáit agus é sin a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa – PB2 3. Caighdeán an EESI a chur chun feidhme lena n-iarrtar ar Bhallstáit anailís a dhéanamh ar shonraí a thagann ó STET agus ó STDT agus an gníomhú iomchuí is gá a chinneadh an ceanglas sin a fhorchur ar eagraíochtaí, agus é sin a dhéanamh ar leibhéal an AE – PB3 B: Níl sásra beartais ann chun feabhsuithe sábháilteachta a ghnóthú agus é bunaithe ar anailís tarluithe || 1. Moladh chun moladh an ICAO a chur chun feidhme lena n-iarrtar gníomhartha iomchuí, ceartaitheacha agus cosantacha a chur chun feidhme arna sainaithint ó anailís tarluithe agus faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht – PP1 2. Caighdeán an EESI a chur chun feidhme lena n-iarrtar gníomhartha cuí, ceartaitheacha agus cosantacha a dhéanamh arna sainaithint ó anailís ar tharluithe ar leibhéal na heagraíochta, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an AE agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na ngníomhartha sin ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an AE – PB2 3. Caighdeán an EESI a chur chun feidhme lena n-iarrtar gníomhartha iomchuí, ceartaitheacha agus cosantacha a dhéanamh arna sainaithint ó anailís tarluithe ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na ngníomhartha sin ar leibhéal an AE – PB3 C: Níl uirlis ann chun ord tosaíochta a cheapadh d'anailís tarluithe || 1. Comhscéim aicmiúcháin riosca don AE a fhorbairt chun tarluithe a aicmiú ar dhóigh chomhchuibhithe; an uirlis sin a chur ar fáil moladh do na Ballstáit a gcuid tarluithe a aicmiú i gcomhréir leis an uirlis sin – PB1 2. Ceangal ar Bhallstáit nó ar eintiteas de chuid an AE tarluithe a aicmiú i gcomhréir le comhuirlis aicmiúchain riosca don AE; An uirlis sin a fhorbairt ar leibhéal an AE agus í a chur ar fáil do na Ballstáit agus don tionscal – PB2 agus PB3 4. Measúnú tionchar Déantar achoimre ar thionchair na bpacáistí
beartais sa tábla seo thíos: || Pacáiste beartais 1 || Pacáiste beartais 2 || Pacáiste beartais 3 An tionchar ar shábháilteacht || ÍSEAL DEARFACH || ARD DEARFACH || ÍSEAL DEARFACH Tionchair eacnamaíocha || || An tionchar ar an tionscal || NIALAS || MEÁN DEARFACH || ÍSEAL DIÚLTACH || An tionchar ar na Ballstáit || NIALAS || ÍSEAL DIÚLTACH || ARD DEARFACH || An tionchar ar an margadh inmheánach agus ar iomaíocht || ÍSEAL DEARFACH || ARD DEARFACH || ÍSEAL DEARFACH || Ualaí riaracháin / bliain || NIALAS || ÍSEAL DIÚLTACH - €831,133 || MEÁN DIÚLTACH - €2.235 MILLIÚN || An tionchar ar bhuiséad an AE / bliain || Gar do nialas - €165,000 || ÍSEAL DIÚLTACH - €530,000 || Ard diúltach - €12.1 milliún Tionchair shóisialta || || Caighdeáin agus cearta maidir le cáilíocht post || ÍSEAL DEARFACH || MEÁN DEARFACH || ARD DEARFACH || Fostaíocht || Neodrach || ÍSEAL DEARFACH || ÍSEAL DEARFACH || Sonraí pearsanta || NIALAS || MEÁN DEARFACH || MEÁN DEARFACH || Sláinte agus sábháilteacht an Phobail || ÍSEAL DEARFACH || ARD DEARFACH || ÍSEAL DEARFACH Tionchair ar an gcomhshaol || Gar do nialas || Gar do nialas || Gar do nialas Tionchair ar chearta bunúsacha || ÍSEAL DEARFACH || ARD DEARFACH || ÍSEAL DEARFACH Tionchair ar shimpliú na reachtaíochta atá ann cheana || NIALAS || ARD DEARFACH || ARD DEARFACH Tionchair ar thríú tíortha || ÍSEAL DEARFACH || ARD DEARFACH || ÍSEAL DEARFACH 5. Comparáid idir na roghanna Déantar measúnú ar na pacáistí beartais os coinne
chritéir na héifeachtúlachta, na héifeachtachta agus an chomhchuibhis. Ó thaobh na héifeachtúlachta de, is le PB2 is
fearr is féidir na cuspóirí sonracha uile a bhaint amach, cé go bhfuil PB3
éifeachtúil go maith ar bhealach ginearálta. Ní bhaineann PB1 ach CS3 amach go
hiomlán. Tá bearta in PB1 ar a bhfuil costais chur chun
feidhme nó costais riaracháin an-íseal de dhíth agus cuireann siad leis an CS a
ghnóthú, ach ar dhóigh theoranta, rud a fhágann nach bhfuil an beartas seo ar
an gceann is éifeachtaí maidir leis na cuspóirí a bhaint amach. Ó thaobh éifeachta de, is é PB3 is costasaí agus
níl sé chomh héifeachtach céanna le PB2. Is é PB1 is saoire ach níl sé chomh
héifeachtach céanna. Ó thaobh comhcuibhis de, tá na pacáistí beartais
ar fad mórán mar a gcéanna agus cúitíonn na cineálacha éagsúla tionchar a
chéile ar bhealach teoranta, ach is ó PB2 is lú a theastaíonn an cúiteamh sin. Ina fhianaise seo uile, is é PB2 an pacáiste a
mholtar mar gur mó go mór na sochair ná na costais. Táthar ag súil go gcuirfidh
sé seo le feabhsú sábháilteachta eitlíochta trí fheabhas a chur ar bhailiú
faisnéise i dtaobh tarluithe, trí fheabhas a chur ar cháilíocht sonraí, trí rochtain
níos iomchuí ar fhaisnéis agus trí ceanglais a thabhairt isteach maidir le
húsáid faisnéise ó tharluithe chun tionóiscí eitlíochta a laghdú. 6. Faireachán agus meastóireacht Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun
feidhme an Rialacháin trí bliana tar éis don reachtóir é a ghlacadh agus
dhéanfadh sé faireachán leanúnach ar thacar croítháscairí iompair atá le fáil
cheana. Úsáidfear na táscairí seo chun a mheas a mhéid agus a bhaineann an
rogha beartais arna glacadh na cuspóirí sonracha amach. [1] Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
tuairisciú ar tharluithe in eitlíocht shibhialta; IO L 167, 4.7.2003,
lch. 23. [2] Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1321/2007 lena leagtar síos rialacha
cur chun feidhme le haghaidh faisnéise maidir le tarluithe eitlíochta sibhialta
a chomhtháthú i stór lárnach, IO L 294 an 13.11.2007, lch. 3; Agus Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh.
1330/2007 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le faisnéis ar
tharluithe eitlíochta sibhialta a dháileadh ar pháirtithe leasmhara, IO L 295
an 14.11.2007, lch. 7.