This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012SC0201
COMMISSION STAFF WORKING DOCUMENT EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT REPORT ON THE REVISION OF THE 'CLINICAL TRIALS DIRECTIVE' 2001/20/EC Accompanying the document Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on clinical trials on medicinal products for human use, and repealing Directive 2001/20/EC
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN DEN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR AR ATHBHREITHNIÚ NA 'TREORACH MAIDIR LE TRIALACHA CLINICIÚLA' 2001/20/CE a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN DEN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR AR ATHBHREITHNIÚ NA 'TREORACH MAIDIR LE TRIALACHA CLINICIÚLA' 2001/20/CE a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN DEN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR AR ATHBHREITHNIÚ NA 'TREORACH MAIDIR LE TRIALACHA CLINICIÚLA' 2001/20/CE a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN DEN TUARASCÁIL AR AN
MEASÚNÚ TIONCHAIR AR ATHBHREITHNIÚ NA 'TREORACH MAIDIR LE TRIALACHA CLINICIÚLA'
2001/20/CE a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trialacha cliniciúla ar
tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir
2001/20/CE 1. Sainiú
na Faidhbe 1. Imscrúduithe
ar na héifeachtaí atá ag cógais ar dhaoine is ea iad trialacha cliniciúla i
gcomhthéacs na Treorach maidir le Trialacha Cliniciúla, i gcás ina dtugtar na
cógais lasmuigh den ghnáthchleachtas cliniciúil ar bhonn prótacail taighde. Is
ar shonraí a ghintear i dtrialacha cliniciúla a bhíonn iarratais ar údarú
margaíochta agus foilseacháin in irisleabhair mhíochaine bunaithe. Dá bhrí sin,
tá trialacha cliniciúla bunriachtanach chun táirgí míochaine a fhorbairt agus
cóireáil mhíochaine a fheabhsú. 2. Rialaítear trialacha
cliniciúla leis an Treoir maidir le Trialacha Cliniciúla 2001/20/CE. Is é atá
mar phríomhaidhm ag an Treoir sábháilteacht agus cearta an duine is ábhar do
thriail chliniciúil a áirithiú chomh maith le hiontaofacht agus láidreacht na
sonraí a ghintear i dtriail den sórt sin. 3. Déanann na geallsealbhóirí
uile cáineadh ar an Treoir maidir le Trialacha Cliniciúla (idir othair, lucht
taighde agus lucht tionscail) toisc gurb í ba chúis, dar leo, leis an meath mór
ar tharraingteacht an taighde othardhírithe agus ar léann gaolmhar san AE. Ina
theannta sin, thit líon na n-iarratas a rinneadh san AE ar thrialacha
cliniciúla ó 5028 (2007) go 4400 sa bhliain 2010. Laghdaítear go mór leis an
treocht seo iomaíochas na hEorpa i réimse an taighde chliniciúil, agus dá bhrí
sin, bíonn tionchar diúltach aici ar fhorbairt cóireálacha nua agus nuálaíocha
agus cógas nua agus nuálaíoch. Baineann na príomhfhadhbanna a sainaithníodh
leis na saincheisteanna seo a leanas: 4. Cur isteach ar leith iarratas
ar thrialacha cliniciúla agus éagsúlachtaí sna measúnuithe agus bearta
leantacha rialála ar na hiarratais sin: Tá trialacha cliniciúla faoi réir ag
údarú (maidir le hiarratas a chur isteach agus a mheasúnú) agus ag bearta
leantach rialála/maoirseacht rialála. Is mar phróisis ar leith ar fad i
mBallstáit éagsúla a dhéantar an cur isteach, an measúnú agus na bearta
leantacha rialála don triail chliniciúil chéanna. De bhreis ar an méid
sin, laistigh de gach Ballstát, tá dhá chomhlacht shainiúla bainteach: an
t-údarás inniúil náisiúnta agus ceann amháin, nó níos mó, de Choistí Eitice.
Spreagann an córas seo tromualaí méadaithe riaracháin, agus constaicí anásta ar
thaighde a dhéanamh, le moilleanna rochtana bainteacha ar chóireáil nuálaíoch
lena bhféadfaí beatha a shábháil. 5. Breis deacrachtaí bainteach
le trialacha cliniciúla a dhéanamh toisc nach bhfuil ceanglais rialúcháin in
oiriúint do ghnéithe praiticiúla agus riachtanais phraiticiúla: Is féidir
éagsúlacht mhór a bheith i gceist le leibhéil an riosca do shábháilteacht othar
i dtriail chliniciúil, ag brath go háirithe ar mhéid an eolais agus na
réamhthaithí ar an míochaine is ábhar don triail chliniciúil (is é sin an
'táirge míochaine imscrúdaithe’). Tá se
ríthábhachtach a chur san áireamh má tá an táirge míochaine imscrúdaithe
údaraithe cheana féin san AE nó in áit éigin eile. Ach, ní thugann an Treoir
maidir le Trialacha Cliniciúla aghaidh ar na difríochtaí seo idir rioscaí ná ní
chuireann san áireamh iad ar bhealach leordhóthanach. Ina ionad sin, tá feidhm
ag na hoibleagáidí agus ag na srianta atá leagtha síos sa Treoir tríd is
tríd, gan aird ar leibhéal an riosca do shábháilteacht an duine is ábhar don
triail agus gan iad a chur in oiriúint do ghnéithe praiticiúla agus ceanglais
phraiticiúla. 6. Iontaofacht na sonraí
cliniciúla i dtimpeallacht taighde domhandaithe: Tá treocht ann i bhfabhar
domhandaithe an taighde chliniciúil, go háirithe i dtíortha atá i mbéal a
dtionsclaithe. Tá taighde cliniciúil ar scála domhanda ina shochar do na
tíortha rannpháirteacha, ina shochar dá muintir agus do shláinte phoiblí an
domhain. Ach, cruthaíonn domhandú an taighde dúshláin maidir le maoirseacht a
dhéanamh ar chomhlíontacht le dea-chleachtas cliniciúil. 2. Anailís ar choimhdeacht 7. Tá reachtaíocht an Aontais ar
thrialacha cliniciúla bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh (CFAE). Bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE, feidhmíonn an
AE inniúlacht atá roinnte. 8. Le rialacha comhchuibhithe
chruthófaí an deis tagairt do thorthaí agus do chinntí trialacha cliniciúla in
iarratais ar údarú chun táirge míochaine a chur ar mhargadh an Aontais. Tá sé
seo ríthábhachtach toisc go ndéantar formhór mór na mórthrialacha cliniciúla i
níos mó ná aon Bhallstát amháin. Ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar an
gceist seo, leagtar síos sa Treoir maidir le Trialacha Cliniciúla, ar leibhéal
an Aontais, na rialacha nós imeachta atá le comhlíonadh maidir le trialacha
cliniciúla. 9. Cé go dtagann rialú trialacha
cliniciúla le prionsabal na coimhdeachta, tá teorainneacha socraithe sna
Conarthaí is gá a chur san áireamh agus na roghanna beartais á bhfoirmiú:
Socraíonn an Conradh teorainneacha i ndáil le comhchuibhiú gnéithe eiticiúla
(i.e. go háirithe, i ndáil leis an ngá atá ann ‘toiliú feasach' a fháil ón
duine is ábhar don triail). De bhreis ar an méid sin, tá roinnt gnéithe ann de
bhunchineál náisiúnta, ar nós na rialacha lena socraítear cé atá ag gníomhú mar
‘ionadaí dlíthiúil’ don duine is ábhar don triail agus rialacha maidir le
dliteanais i gcás damáistí a bhaineann do dhuine is ábhar do thriail. 3. Cuspóirí ·
Cuspóir Uimh. 1:
Creat rialála nua-aoiseach chun iarratais ar thrialacha cliniciúla a chur
isteach, a mheasúnú agus chun obair leantach rialála a dhéanamh, agus aird á
tabhairt ar an timpeallacht taighde ilnáisiúnta. Ciallaíonn sé seo laghdú ar
thromualaí riaracháin agus costais oibriúcháin a bheith ina gcuspóirí
oibriúcháin chomh maith le moilleanna ar reáchtáil trialacha cliniciúla a
laghdú, sa mhéid is gur rialúchán is cúis leis na moilleanna sin. ·
Cuspóir Uimh. 2:
Ceanglais rialúcháin atá in oiriúint do ghnéithe praiticiúla, srianta praiticiúla
agus riachtanais phraiticiúla, gan cur isteach ar shábháilteacht, ar dhea-bhail
ná ar chearta rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla agus gan cur isteach ar
láidreacht na sonraí. Ciallaíonn sé seo go bhfuil mar chuspóirí oibriúcháin
laghdú ar thromualaí riaracháin agus ar chostais oibriúcháin maidir le dhá
phríomhcheanglas rialúcháin: an tuarascáil bhliantúil sábháilteachta agus an
t-árachas éigeantach/an tslánaíocht éigeantach. · Cuspóir Uimh. 3: Aghaidh a thabhairt ar
ghné dhomhanda na dtrialacha cliniciúla agus ar chomhlíontacht le dea‑chleachtas
cliniciúil á áirithiú. Ciallaíonn sé seo go bhfuil mar chuspóir oibriúcháin
comhlíontacht le dea-chleachtas cliniciúil maidir le trialacha cliniciúla a
dhéantar i dtíortha neamh-AE a áirithiú. 4. Roghanna beartais 4.1. Cuspóir
Uimh. 1 — Creat rialála nua-aoiseach chun iarratais a chur isteach, a
mheasúnú agus chun bearta leantacha rialála a reáchtáil maidir le trialacha
cliniciúla. 4.1.1. Rogha beartais Uimh. 1/1
— Gan aon ghníomhaíocht ar leibhéal an AE agus a bheith ag brath ar chomhar
deonach na mBallstát (an rogha bhunúsach) 4.1.2. Rogha beartais Uimh. 1/2
— Iarratas aonair le measúnú ar leith 10. Iarratas lárnach a bheadh i
gceist sa rogha beartais seo, trí gheata TF bunaithe ar leibhéal an AE, agus
measúnú ar leith dá éis i ngach Ballstát lena mbaineann. 4.1.3. Rogha beartais Uimh. 1/3
— Iarratas aonair le cómheasúnú ag na Ballstáit ar shaincheisteanna nach
mbaineann le gnéithe eiticiúla 11. Iarratas lárnach a bheadh sa
rogha beartais seo agus cómheasúnú ag na Ballstáit dá éis i gcás ina dtarlaíonn
triail chliniciúil. Faoin rogha beartais seo bheadh rannpháirteachas an
Choimisiúin nó na Gníomhaireachta (seachas an pointe aonair chuig a gcuirfear
iarratais, féach thuas) teoranta do thacaíocht theicniúil don chómheasúnú, agus
d'fheidhmiú mar 'áisitheoir' sa chómheasúnú. 4.1.4. Rogha beartais Uimh. 1/4
— Iarratas aonair le measúnú lárnach ag an nGníomhaireacht ar shaincheisteanna
nach mbaineann le gnéithe eiticiúla 12. Iarratas lárnach a bheadh sa
rogha beartais seo agus measúnú lárnach dá éis ag coiste eolaíoch lonnaithe
agus riartha laistigh den Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
('Gníomhaireacht'). 13. De
bhreis air sin, d'eiseodh gach Ballstát i gceist cinneadh náisiúnta a chlúdódh
gnéithe eiticiúla na trialach cliniciúla. 4.1.5. Rogha beartais Uimh. 1/5
– Rogha na foirme dlíthiúla: téacs na Treorach maidir le Trialacha Cliniciúla
a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin 4.1.6. Rogha
beartais Uimh. 1/6 – Cumasc de roghanna beartais Uimh. 1/3
(cómheasúnú) agus Uimh. 1/5 (foirm dhlíthiúil Rialacháin) 4.2. Cuspóir Uimh. 2 —
Ceanglais rialúcháin oiriúnaithe do ghnéithe praiticiúla agus riachtanais
phraiticiúla 4.2.1. Rogha beartais Uimh. 2/1
— Gan aon ghníomhaíocht ar leibhéal an AE (an rogha bhunúsach) 4.2.2. Rogha beartais Uimh. 2/2
— Méadú ar raon feidhme trialacha neamh-idirghabhálacha 14. Is
maidir le 'trialacha idirghabhálacha' amháin agus ní maidir le trialacha
'neamh-idirghabhálacha', atá feidhm ag an Treoir maidir le Trialacha
Cliniciúla. Is ionann Trialacha neamh-idirghabhálacha agus trialacha le cógais
údaraithe, i gcás nach mbíonn na daoine is ábhar don triail sannta roimhré agus
nach dtarlaíonn aon idirghabháil bhreise. Leathnódh an rogha beartais seo raon
feidhme na dtrialacha neamh-idirghabhálacha tríd an gceanglas deireanach a chur
as an áireamh (breis idirghabhála). Dá bhrí sin, chúngófaí raon feidhme na
Treorach maidir le Trialacha Cliniciúla. 4.2.3. Rogha beartais Uimh. 2/3
— Gan ‘urraitheoirí neamhthráchtála’ a áireamh 15. Tá na ceanglais a leagtar síos
leis an Treoir maidir le Trialacha Cliniciúla an-dochraideach d'urraitheoirí
nach mbíonn ar a gcumas ná d'acmhainn acu iad a chomhlíonadh. Is le
'urraitheoirí neamhthráchtála' go mór mór a bhaineann sé seo. Is ionann
'urraitheoirí neamhthráchtála' de ghnáth agus ollscoileanna nó institiúidí
acadúla, fondúireachtaí nó eagrais charthanais. Leanfadh an rogha beartais seo
sampla S.A.M. agus na Seapáine trí 'urraitheoirí neamhthráchtála' a fhágáil as
an áireamh maidir le raon feidhme rialúchán na dtrialacha cliniciúla. 4.2.4. Rogha beartais Uimh. 2/4
— Ceanglais rialúcháin a bhaint ar bhonn an méid eolais atá ar an táirge
míochaine imscrúdaithe 16. Chuirfeadh an rogha beartais
seo ceanglais áirithe rialúcháin (mar shampla árachas éigeantach/slánaíocht éigeantach
agus an tuarascáil bhliantúil sábháilteachta éigeantach) as an áireamh i gcás
trialacha cliniciúla a bhaineann le táirgí míochaine údaraithe a úsáidtear le
haghaidh an táisc údaraithe nó a bhaineann le táirgí míochaine imscrúdaithe i
bhfeidhmiú aithnidiúil. 4.2.5. Rogha beartais Uimh. 2/5
— Árachas/‘Sásra náisiúnta slánaíochta' roghnach 17. Níl an rogha beartais seo
ábhartha ach amháin maidir le heisiúint an árachais éigeantaigh/na slánaíochta
éigeantaí. Chuirfeadh sé oibleagáid ar Bhallstáit sásra slánaíochta a
sholáthar do thrialacha cliniciúla a dhéantar ar a gcríoch féin, ag cur an
chórais dlí náisiúnta maidir le dliteanas san áireamh. Bheadh rogha ag
urraitheoirí a bheith páirteach sa sásra náisiúnta slánaíochta seo. 4.2.6. Rogha beartais Uimh. 2/6
– Cumasc de roghanna beartais Uimh. 2/4 agus Uimh. 2/5 18. Níl an rogha beartais seo
ábhartha ach chomh fada lena mbaineann sé le hárachas éigeantach/slánaíocht
éigeantach: Chuirfí trialacha cliniciúla íosriosca as an áireamh ón
árachas/slánaíocht éigeantach (rogha beartais Uimh 2/4) Bheadh trialacha
cliniciúla eile clúdaithe ag an sásra slánaíochta éigeantaí (rogha beartais Uimh. 2/5). 4.3. Cuspóir
Uimh. 3 — Aghaidh a thabhairt ar an ngné dhomhanda de thrialacha
cliniciúla agus ar chomhlíontacht le dea-chleachtas cliniciúil á áirithiú. 4.3.1. Rogha beartais Uimh. 3/1:
An cás a fhágáil mar atá (an rogha bhunúsach) 19. Chiallódh an rogha
'féinrialaithe' go leanfaí de bheith ag brath ar thiomantas deonach na
n-urraitheoirí chun a áirithiú go ndéantar trialacha cliniciúla i dtíortha
neamh-AE i gcomhréir le dea‑chleachtas cliniciúil, le maoirseacht rialála
agus le hiniúchtaí arna ndéanamh ag tíortha neamh-AE ina ndlínsí féin, agus le
roinnt iniúchtaí arna ndéanamh ag cigirí ó Bhallstáit faoi chuimsiú iarratas ar
údarú margaíochta. 4.3.2. Rogha beartais Uimh. 3/2:
Iniúchtaí maidir le dea‑chleachtas cliniciúil a éascú trí thrédhearcacht
a mhéadú 20. Chuirfeadh an rogha seo
oibleagáid ar urraitheoirí clárú a dhéanamh ar gach triail chliniciúil a
úsáidfí dá éis sin in iarratais ar údarú trialach cliniciúla nó in iarratas ar
údarú margaíochta do tháirge míochaine. Cheadódh sé seo do na húdaráis
forfheidhmithe idiragairt agus póilíniú a dhéanamh ar na trialacha cliniciúla
seo. Chuirfeadh sé tuilleadh brú ar urraitheoirí a bheith comhlíontach le dea‑chleachtas
cliniciúil chomh maith . 4.3.3. Rogha beartais Uimh. 3/3:
Iniúchtaí ar chórais rialála trialacha cliniciúla i dtíortha neamh-AE 21. Tugann an rogha seo deis don
Choimisiún nó don Ghníomhaireacht 'iniúchtaí córais' a dhéanamh i dtíortha
neamh-AE, chun a mheas an ionann a gcóras rialála agus forfheidhmithe do
thrialacha cliniciúla agus na cinn san AE. 4.3.4. Rogha beartais Uimh. 3/4:
Iniúchtaí maidir le dea‑chleachtas cliniciúil arna ndéanamh ag an
nGníomhaireacht i dtíortha neamh-AE. 22. Faoin mbeartas seo bheadh sé
de chumhacht ag an nGníomhaireacht nó ag an gCoimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar
shuíomhanna trialacha cliniciúla i dtíortha neamh-AE gan bheith ag brath ar
acmhainneacht iniúchtaí a fháil go deonach ó na Ballstáit. 4.3.5. Rogha beartais Uimh. 3/5:
Cumasc de roghanna beartais Uimh. 3/2 agus Uimh. 3/3 5. Measúnú tionchair 5.1. Cuspóir Uimh. 1 — Creat
rialála nua-aoiseach chun iarratais a chur isteach, a mheasúnú agus bearta
leantacha rialála a reáchtáil maidir le trialacha cliniciúla 5.1.1. Rogha beartais Uimh. 1/1:
Gan aon ghníomhaíocht ar leibhéal an AE agus a bheith ag brath ar chomhar
deonach na mBallstát (an rogha bhunúsach) 23. I dtéarmaí tionchar sóisialta/sláinte,
ní ionann an éagsúlacht atá i gceist faoi láthair le nósanna imeachta
measúnaithe ar leith do thrialacha cliniciúla i ngach Ballstát agus an
caighdeán is airde measúnaithe a áirithiú san AE. De bhreis ar an méid sin,
d'fhéadfadh an triail chliniciúil chéanna a bheith faoi réir athruithe agus
coigeartuithe éagsúla sa nós imeachta údaraithe. Is féidir leis na
héagsúlachtaí sin tionchar a bheith acu ar na sonraí a thagann ón triail. Má
dhéantar an iomarca eisréimnithe i reáchtáil agus i ndearadh na trialach,
beartaíonn urraitheoirí an triail chliniciúil a aistharraingt ó Bhallstát
amháin nó níos mó. Ciallaíonn sé seo go mbaintear de na hothair sna Ballstáit
sin na buntáistí féideartha a bhaineann le taighde cliniciúil, rud a fhágann
éagothroime sláinte phoiblí dá thoradh. 24. I dtéarmaí an tionchair
eacnamaíochta, cruthaítear costais riaracháin leis an Treoir maidir le
Trialacha Cliniciúla de EUR 306 milliún go neasach in aghaidh na bliana agus
costais oibriúcháin neamhriaracháin de EUR 2,200 milliún go neasach in aghaidh
na bliana. 5.1.2. Rogha
beartais Uimh. 1/2 — Iarratas aonair le measúnú ar leith 25. Maidir leis an tionchar i
dtéarmaí sláinte agus sábháilteachta othar, ní bheadh aon athrú i
gcomparáid le mar atá faoi láthair. 26. I dtéarmaí tionchair
eacnamaíochta, laghdódh an rogha beartais seo na costais riaracháin go EUR
45.5 milliún. I dtéarmaí costais oibriúcháin, áfach, bheadh an cás comhionann
le rogha beartais Uimh. 1/1, toisc an rogha beartais seo a bheith teoranta
d'uirlis TF chun faisnéis a chur isteach. I dtéarmaí na gcostas cur chun
feidhme, bíonn éagsúlacht leathan i gceist leis na costais aonuaire do TF agus
na costais reáchtála ag brath ar an réiteach teicniúil. Thiocfadh le hidir EUR 1.62 milliún
agus EUR 6.3 milliún a bheith i gceist i gcostais aonuaire, móide costais
reáchtála idir EUR 0.34 milliún (móide 0.25 FTE) agus EUR 1.26 milliún
(móide 19 FTE). Tá dlúthbhaint ag an rogha maidir le cén réiteach
teicniúil a roghnófar leis an gcinneadh atá le déanamh maidir le cá mbeidh an
pointe aonair chuig a gcuirfear iarratais lonnaithe, is é sin sa
Ghníomhaireacht nó sa Choimisiún. Is cinneadh polaitiúil é seo a dhéanfar níos
faide anonn, agus feidhmíonn an measúnú tionchar mar thacaíocht dó sin. 5.1.3. Rogha beartais Uimh. 1/3
— Iarratas aonair le cómheasúnú ag na Ballstáit ar shaincheisteanna nach
mbaineann le gnéithe eiticiúla 27. I dtéarmaí tionchair
shóisialta/sláinte, thiocfadh feabhas ar chosaint, ar shábháilteacht agus
ar chearta rannpháirtithe i gcomparáid leis an rogha bhunúsach, óir thabharfaí
saineolas na mBallstát éagsúil le chéile. Chuirfeadh freagairt aonfhoirmeach ar
iarratas ar thrialacha cliniciúla a dhéanamh tús níos tapúla le triail
chliniciúil ar bhonn prótacail chomhionainn, ag cur as an áireamh an
éagothroime a sainíodh sa rogha bhunúsach. 28. I dtéarmaí tionchair
eacnamaíochta, bheadh an tionchar céanna a bheag nó a mhór ag an rogha
beartais seo agus ag rogha beartais Uimh. 1/2. Laghdódh sé na costais
riaracháin go EUR 34.3 milliún, sábháil de EUR 271.7 milliún
in aghaidh na bliana i gcomparáid leis an rogha bhunúsach. I dtéarmaí na
gcostas oibriúcháin, laghdódh an rogha beartais seo go mór na costais a
ghabhann le trialacha cliniciúla a dhéanamh san AE (shábhálfaí suas le EUR 440 milliún).
29. Is idir 1.5 agus 7 FTE a
bheidh de dhíth ó thaobh acmhainní de ag brath ar fhairsinge na riachtanas a
bheidh ag an struchtúr tacaíochta. Tá baint idir an rogha maidir le scála an
struchtúir tacaíochta agus an cinneadh a dhéanfar faoi cé a sholáthróidh an
struchtúr tacaíochta: an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún. Is cinneadh
polaitiúil é seo a dhéanfar níos faide anonn, agus feidhmíonn an measúnú
tionchar mar thacaíocht dó sin. 5.1.4. Rogha beartais Uimh. 1/4:
Iarratas aonair le measúnú lárnach ag an nGníomhaireacht ar shaincheisteanna
nach mbaineann le gnéithe eiticiúla 30. I dtéarmaí tionchair shóisialta/sláinte,
tá sé de bhuntáiste ag an rogha beartais seo go gcuimsíonn sé rannpháirteachas
na mBallstát uile, agus dá bhrí sin chruinneofaí saineolais na rialaitheoirí is
fearr atá ar fáil. Mar sin féin, d'fhéadfadh an rogha beartais seo moilleanna
breise a chur ar thosú trialach cliniciúla toisc dóchúlacht gur contrárthachtaí
a leanfadh an córas ceadaithe dúbailte (leibhéal náisiúnta agus leibhéal an
AE), agus dá bhrí sin chruthófaí moilleanna breise ina réiteach. De bhreis air
sin, de thoradh gach Ballstát a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear
Ballstáit nach mbaineann an scéal leo, chuirfí le castacht na bpléití agus leis
an deacracht teacht ar chomhréiteach. Ina theannta sin, bheadh 'leanúntas
institiúideach' idir an nós imeachta údaraithe do thrialacha cliniciúla le linn
forbartha táirge míochaine agus an t-údarú margaíochta mar thoradh ar an rogha
beartais seo. Tá baol leis seo go gcuirfí ar ceal na 'súile úra' a dhéanann
measúnú ar na sonraí ag deireadh an phróisis forbartha le linn iarratais
údaraithe margaíochta. 31. I dtéarmaí tionchair
eacnamaíochta/costais, shábhálfaí EUR 264.2 milliún i gcostais
riaracháin, de thoradh ar an rogha beartais seo. I dtéarmaí na gcostas
oibriúcháin, bheadh an tionchar cosúil leis an tionchar a bheadh ag rogha
beartais Uimh. 1/3, i.e. shábhálfaí EUR 440 milliún go neasach. I
dtéarmaí na gcostas cur chun feidhme, bhainfeadh siad sin den chuid is mó le
ról breise na Gníomhaireachta. D'fhéadfaí a mheas go dteastódh tuairim is 4,000 FTE
le riachtanais bhreise foirne. 5.1.5. Rogha beartais Uimh. 1/5
— Rogha na foirme dlíthiúla — Téacs na Treorach maidir le Trialacha Cliniciúla
a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin 32. Áirithíonn an rogha beartais
seo go mbunódh na Ballstáit an measúnú a dhéanfaidh siad ar iarratas ar údarú
trialach cliniciúla ar théacs comhionann, agus ní ar bhearta náisiúnta trasuite
atá éagsúil. 5.1.6. Rogha beartais Uimh. 1/6
– Cumasc de roghanna beartais Uimh. 1/3 (cómheasúnú) agus Uimh. 1/5
(foirm dhlíthiúil Rialacháin) 33. Sa rogha beartais seo dhéanfaí
an cómheasúnú (rogha beartais Uimh. 1/3) a neartú le téacs dlíthiúil i
bhfoirm Rialacháin (Uimh. 1/5) D’éascódh sin comhar idir Bhallstáit sa
mheasúnú ar iarratas ar thriail chliniciúil. 5.2. Cuspóir Uimh. 2 —
Ceanglais rialúcháin oiriúnaithe do ghnéithe praiticiúla agus riachtanais
phraiticiúla 5.2.1. Rogha beartais Uimh. 2/1:
Gan aon ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (an rogha bhunúsach) 34. Áirithíonn árachas
éigeanteach/slánaíocht éigeantach, i gcás damáistí de thoradh ar thriail
chliniciúil, go bhfaigheann an duine is ábhar don triail chliniciúil cúiteamh —
is cuma cad iad acmhainní airgeadais an urraitheora nó an imscrúdaitheora. Is
féidir leis an tuarascáil bhliantúil sábháilteachta a bheith úsáideach mar
uirlis d’údaráis inniúla náisiúnta nó do choistí eitice chun maoirseacht agus
obair leantach a dhéanamh ar phróifíl sábháilteachta táirge míochaine
imscrúdaithe, go háirithe mura bhfuil eolas mór ar an gcumasc agus má tá sé gan
údarú go fóill. 35. Bíonn EUR 222.8 milliún go
neasach mar chostais in aghaidh na bliana ar an árachas éigeantach/slánaíocht
éigeantach, móide EUR 7.2 milliún ar chostais riaracháin. Ar an taobh
eile, éiríonn le 0.025 % de na daoine go léir arbh ábhar dóibh na
trialacha cliniciúla ina n-éilimh ar chúiteamh as damáistí a bhain dóibh i
dtriail chliniciúil. Is fiú idir EUR 3, 000 agus EUR 6, 000, ar an
meán, gach éileamh ar dhamáistí. 5.2.2. Rogha beartais Uimh. 2/2
— Méadú ar raon feidhme trialacha neamh-idirghabhálacha 36. I dtéarmaí tionchair
shóisialta/sláinte, is é a bheadh mar thionchar láithreach gurbh iad na
Ballstáit a dhéanfadh na staidéir seo a rialáil ar an leibhéal náisiúnta.
Chiallódh sé seo rialú níos déine, níos scaoilte nó gan aon rialú ar staidéar
den chineál sin, ag brath ar na céimeanna arna nglacadh ag gach Ballstát. I
dtéarmaí tionchair eacnamaíochta/costais, shábhálfaí EUR 16.98
milliún i gcostais oibriúcháin, de thoradh ar an rogha beartais seo, móide EUR 219,000
i gcostais riaracháin. 5.2.3. Rogha beartais Uimh. 2/3
— Gan ‘urraitheoirí neamh-thráchtála’ a áireamh 37. I dtéarmaí tionchair
shóisialta/sláinte, ní bheadh cosaint ar leibhéal an AE ag daoine cláraithe
i dtriail chliniciúil arna heagrú ag 'urraitheoir neamhthráchtála'. Ná ní
bheadh rialacha an AE a áirithíonn láidreacht agus iontaofacht sonraí i
bhfeidhm. Bheadh sé seo ina mhíbhuntáiste ó thaobh cothrom iomaíochta a chruthú
do thrialacha cliniciúla san AE gan dochar a dhéanamh don chosaint ar chearta
agus sábháilteacht othar san AE ná do láidreacht sonraí san AE. Tionchar diúltach
ar shláinte phoiblí go ginearálta a bheadh ag an rogha beartais seo. Is féidir
tionchar tábhachtach a bheith ag trialacha cliniciúla eagraithe ag
'urraitheoirí neamhthráchtála' ar shláinte phoiblí toisc gur féidir na torthaí
a fhoilsiú agus, dá bhrí sin, is féidir tionchar a bheith acu ar réimse na
roghanna cóireála agus ar chóireáil go ginearálta. 38. I dtéarmaí tionchair
eacnamaíochta/costais, shábhálfaí EUR 73.9 milliún i gcostais
oibriúcháin, de thoradh ar an rogha beartais seo, móide EUR 926,000 i
gcostais riaracháin. 5.2.4. Rogha beartais Uimh. 2/4:
Ceanglais rialúcháin a bhaint ar bhonn an méid eolais atá ar an táirge
míochaine imscrúdaithe 39. Cuirtear sláinte phoiblí i
mbaol le trialacha cliniciúla a dhéantar le táirgí míochaine atá údaraithe, cé
nach mbíonn go tipiciúil ach beagán níos mó, ar éigin fiú, de bhaol breise ann
ná mar atá i gceist le cúram caighdeánach. Dá bhrí sin, is beag tionchar
inaitheanta a a bheadh ar chosaint an duine is ábhar don triail dá mbainfí as
an áireamh an t-árachas éigeantach/slánaíocht éigeantach agus an oibleagáid
tuarascáil sábháilteachta a sholáthar. Go háirithe, ó thaobh árachais de, má
tharlaíonn damáiste (rud nach dócha go dtarlódh sé), bheadh roinnt cineálacha
breise árachais ar fáil ar nós árachas dliteanais táirge an tsealbhóra
údaraithe margaíochta maidir leis an gcógas údaraithe, agus árachas faillí
gairmiúla an lia cóireála. 40. I dtéarmaí tionchair
eacnamaíochta/costais, shábhálfaí EUR 34 milliún (costais
oibriúcháin), de thoradh ar an rogha beartais seo, móide EUR 438,000 i
gcostais riaracháin. 5.2.5. Rogha beartais Uimh. 2/5
— Árachas/‘Sásra náisiúnta slánaíochta' roghnach 41. Thabharfadh sásra náisiúnta
slánaíochta an t-áirithiú céanna maidir le cúiteamh i leith damáistí a bhain do
dhuine arbh ábhar do thriail agus a thugann an t-árachas éigeantach/an
tslánaíocht éigeantach atá ina cheangal faoi láthair faoin Treoir maidir le
Trialacha Cliniciúla. 42. Costais theoranta riaracháin
agus oibriúcháin a bheadh ar urraitheoirí a dhéanfadh sábháil shuntasach i
gcomparáid leis an rogha bhunúsach. I dtéarmaí na gcostas cur chun feidhme, ós
rud é go mbeadh líon na ndeonuithe as éilimh ar chúiteamh an-teoranta, bheadh
an costas ar Bhallstáit teoranta do EUR 0.817 milliún go neasach in
aghaidh na bliana. 5.2.6. Rogha beartais Uimh. 2/6
– Cumasc de roghanna beartais Uimh. 2/4 agus Uimh. 2/5 43. Bheadh an tionchar i dtéarmaí
sláinte agus sábháilteachta othar cothrom le suim roghanna beartais Uimh. 2/4
agus Uimh. 2/5: Bheadh trialacha íosriosca clúdaithe ag scéimeanna eile
dliteanais (dliteanas táirge etc.). Chlúdófaí trialacha eile nach trialacha
íosriosca iad faoin scéim naisiúnta slánaíochta. I dtéarmaí tionchair eacnamaíochta/costais,
shábhálfaí leis an rogha beartais seo EUR 0.03 milliún níos mó ná mar
a dhéanfaí le rogha beartais Uimh. 2/5. 5.3. Cuspóir Uimh. 3: Aghaidh
a thabhairt ar an ngné dhomhanda de thrialacha cliniciúla agus ar
chomhlíontacht le dea-chleachtas cliniciúil á áirithiú. 5.3.1. Rogha beartais Uimh. 3/1:
An cás a fhágáil mar atá (an rogha bhunúsach) 44. Ní thabharfadh an rogha
beartais seo aghaidh ar na ceisteanna a tógadh i sainiú na faidhbe. 5.3.2. Rogha beartais Uimh. 3/2:
Iniúchtaí maidir le dea‑chleachtas cliniciúil a éascú trí thrédhearcacht
a mhéadú 45. Chuirfeadh an rogha beartais
seo le comhlíontacht le dea‑chleachtas cliniciúil a áirithiú le cuidiú ón
trédhearcacht treisithe. Is sna costais riaracháin den chuid is mó a mhothódh
urraitheoirí tionchar eacnamaíochta/costais (EUR 6.72 milliún
go neasach in aghaidh na bliana) as faisnéis ar thrialacha cliniciúla i
dtíortha neamh-AE a chur isteach ar chlár poiblí. 5.3.3. Rogha beartais Uimh. 3/3:
Iniúchtaí ar chórais rialála trialacha cliniciúla i dtíortha neamh-AE 46. Chuirfeadh an rogha beartais
seo le hiontaofacht agus le láidreacht na sonraí ó thrialacha cliniciúla dá
dtagraítear dóibh in iarratais mhargaíochta an AE a áirithiú. Neartódh sé an
riail ghinearálta go gcaithfidh sonraí cliniciúla ó thríú tíortha teacht ó
thrialacha cliniciúla atá bunaithe ar phrionsabail choibhéiseacha leo siúd san
AE. 47. I dtéarmaí tionchair
eacnamaíochta/costais, is iad na costais chur chun feidhme is ábhartha: tá 5 FTE
go neasach in aghaidh na bliana i gceist, móide costais de EUR 76,000 go
neasach. 5.3.4. Rogha beartais Uimh. 3/4:
Iniúchtaí maidir le dea‑chleachtas cliniciúil arna ndéanamh ag an
nGníomhaireacht i dtíortha neamh-AE. 48. Chuirfeadh an rogha beartais
seo le comhlíontacht le dea-chleachtas cliniciúil a áirithiú i dtrialacha
cliniciúla a dhéantar i dtír neamh-AE. Mar sin féin, bheadh se dodhéanta i
gcónaí iniúchadh a dhéanamh ar na suíomhanna go léir ar bhonn rialta agus
córasach. De bhreis air sin, déantar iniúchtaí de ghnáth i gcomhthéacs nós
imeachta údaraithe margaíochta, i.e. roinnt mhaith blianta tar éis críoch a
bheith curtha leis an triail chliniciúil. 49. Bheadh na riachtanais bhreise
foirne, go neasach, ag 1,300 FTE. 5.3.5. Rogha beartais Uimh. 3/5:
Cumasc de roghanna beartais Uimh. 3/2 agus Uimh. 3/3 50. Neartódh an cumasc seo de
roghanna beartais an tionchar a bheadh ag na roghanna beartais go haonarach:
leis an trédhearcacht (rogha beartais Uimh. 3/2) d’fhéadfaí iniúchtaí níos
dírithe a dhéanamh ar chórais rialála tíortha neamh-AE. 6. Na roghanna a chur i
gcomparáid 6.1. Cuspóir Uimh. 1 — Creat
rialála nua-aoiseach chun iarratais a chur isteach, a mheasúnú agus chun bearta
leantacha rialála a reáchtáil maidir le trialacha cliniciúla 51. Ní leor cás na rogha bunúsaí
chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Cé go bhfuil eilimint amháin choiteann
(an pointe aonair chuig a gcuirfear iarratais) idir roghanna beartais Uimh. 1/2
(measúnú ar leith), Uimh. 1/3 (cómheasúnú ag na Ballstáit) agus Uimh. 1/4
(measúnú ag an nGníomhaireacht), tá siad comheisiatach. 52. Laghdófaí go mór na costais
riaracháin agus dá bhrí sin chuideofaí le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb, a
bhuí leis an eilimint choiteann ar cuid de roghanna beartais Uimh. 1/2, Uimh. 1/3
agus Uimh. 1/4 í. 53. Le rogha beartais Uimh. 1/2,
áfach, ba ar bhealach neamhleor a thabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna na
measúnuithe ar leith a dhéantar ar shaincheisteanna comhionanna maidir leis an
triail chliniciúil chéanna. Sa chiall seo, is fearr roghanna beartais Uimh. 1/3
agus Uimh. 1/4, lena dtabharfaí aghaidh ní amháin ar an bpróiseas
iarratais, ach ar phróiseas an mheasúnaithe a dhéantar ar iarratas ar thriail
chliniciúil. Nuair a dhéantar comparáid idir rogha beartais Uimh. 1/3 agus
rogha beartais Uimh. 1/4, feictear go gcruthófaí córas an-trom le rogha
beartais Uimh. 1/4 a bheadh tugtha do mhoileanna. Leis seo bheadh gach
Ballstát rannpháirteach, rud nach bhfuil gá leis i gcomhthéacs imlonnaithe
trialacha cliniciúla. Ní dhéantar imlonnú ach ar 6 % go neasach de
thrialacha cliniciúla in ocht mBallstát nó níos mó. Nuair a chuirtear an méid
seo san áireamh meastar gur neamhchomhréireach é bheith ag lorg
rannpháirteachas gach Ballstáit i measúnú na n-iarratas ar thrialacha
cliniciúla. Sa bhreis ar an gceadú dúbailte (AE agus náisiúnta) a eascraíonn ó
rogha beartais Uimh. 1/4 chuirfí castachtaí nua sa scéal a sheachnófaí le
rogha beartais Uimh. 1/3. 54. Nós imeachta ‘níos éadroime'
atá i gceist le rogha beartais Uimh. 1/3 seachas rogha beartais Uimh. 1/4.
Is leis an mBallstát sin amháin ina ndéantar an triail chliniciúil a bhaineann
an t-údarú tosaigh (chaithfí sásra a bhunú a cheadódh leathnú amach go
Ballstáit bhreise dá éis sin). Is dóchúla don cheadú a bheith níos saoire agus
níos tapúla faoi rogha beartais Uimh. 1/3 ná rogha beartais Uimh. 1/4.
Tá sé seo ina ábhar spéise go háirithe don taighde acadúil agus do FBManna 55. Ní rogha mhalartach ach
forlíontán atá i rogha beartais Uimh. 1/5 (Rialachán vs. Treoir). Dhéanfaí
a áirithiú leis go bhfuil cur chuige maidir le measúnú ar thrialacha cliniciúla
agus bearta leanúnacha bunaithe ar chritéir chomhionanna. 56. Cumasc is ea rogha beartais Uimh. 1/6
de rogha beartais Uimh. 1/3 agus Uimh. 1/5. Chuirfí a thuilleadh le
cuspóir Uimh. 1 a bhaint amach trí chreat dlí comhionann a sholáthar chun
trialacha cliniciúla a údarú, agus dá bhrí sin d’éascófaí an comhar idir
Bhallstáit mar atá tuartha faoi rogha beartais Uimh. 1/3. Chuideofaí leis
seo na cuspóirí oibriúcháin a chomhlíonadh a bhaineann go háirithe le tromualaí
agus le moilleanna riaracháin a laghdú. 6.2. Cuspóir Uimh. 2 —
Ceanglais rialúcháin oiriúnaithe do ghnéithe praiticiúla agus riachtanais
phraiticiúla 57. Ní thugann an rogha bhunúsach
aghaidh ar an bhfadhb luaite. An rialú a bhrú ar ais ar Bhallstáit an toradh a
bheadh ar rogha beartais Uimh. 2/2 (méadú ar raon feidhme thrialacha
cliniciúla neamh-idirghabhálacha) agus rogha beartais Uimh. 2/3 (eisiamh
"urraitheoirí neamhthráchtála"). Ina theannta sin, maidir le rogha
beartais Uimh. 2/3, is deacair a thuiscint cén fáth a mbeadh feidhm ag
rialacha arna gceapadh chun cosaint a thabhairt do shábháilteacht agus do
chearta na rannpháirtithe agus d’iontaofacht agus láidreacht na sonraí maidir
le cineálacha áirithe urraitheoirí amháin thar chineálacha eile. 58. Bheadh níos lú sábhála
d'urraitheoirí ag baint le rogha beartais Uimh. 2/4 (ceanglais a bhaint ar
bhonn eolais faoin táirge míochaine imscrúdaithe) ná rogha beartais Uimh. 2/3.
Mar sin féin, is fearr é ná rogha beartais Uimh. 2/3 i dtéarmaí sláinte
phoiblí agus sábháilteachta othar toisc go bhfágann sé ar leataobh an
t-idirdhealú idir urraitheoirí 'neamhthráchtála' agus urraitheoirí tionscail
agus díríonn ar critéar oibiachtúil: stádas údaraithe an táirge míochaine
imscrúdaithe. 59. D’fhéadfadh rogha beartais Uimh. 2/5
(sásra náisiúnta slánaíochta) a bheith ina huirlis úsáideach agus éifeachtach ó
thaobh costais de chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist shainiúil an árachais
éigeantaigh/na slánaíochta éigeantaí. 60. Cumasc is ea rogha beartais Uimh. 2/6
de roghanna beartais Uimh. 2/4 agus Uimh. 2/5. Dhéanfaí laghdú níos
suntasaí ar thromualaí riaracháin ná mar a dhéanfaí le rogha beartais Uimh. 2/5
gan sábháilteacht an othair a chur i gcontúirt. 6.3. Cuspóir Uimh. 3: Aghaidh
a thabhairt ar an ngné dhomhanda de thrialacha cliniciúla agus ar
chomhlíontacht le dea-chleachtas cliniciúil á áirithiú. 61. Ní rogha shásúil í an rogha
bhunúsach. Tionchar atá measartha cosúil le chéile i dtéarmaí comhlíonta an
chuspóra, cé gur éagsúil an cur chuige ag rogha beartais Uimh. 3/3
(Iniúchtaí ar chórais rialúcháin trialacha cliniciúla i dtíortha neamh-AE) agus
Uimh. 3/4 (Iniúchtaí maidir le dea-chleachtas cliniciúil arna ndéanamh ag
an nGníomhaireacht i dtíortha neamh-AE). Bheadh tionchar an dá rogha ar
acmhainní ar leibhéal an AE an‑éagsúil. Maidir le rogha beartais Uimh. 3/4,
ní cheadaíonn na srianta buiséadacha, faoi láthair, aon mhéadú i
ngníomhaíochtaí iniúchta mar a bheadh i gceist faoi rogha beartais Uimh. 3/4.
Léirítear sa mheasúnú ar thionchair rogha beartais Uimh. 3/3 gur féidir
mórán a bhaint amach le i bhfad níos lú acmhainní ná mar a shainítear i rogha
beartais Uimh. 3/4. 62. D’fhéadfadh rogha beartais Uimh. 3/2
(oibligeáid gach triail chliniciúil a chlárú) tionchar úsáideach a bheith aici
maidir le trialacha cliniciúla a dhéantar i dtíortha neamh-AE a rialú go
héifeachtach. Bheadh an t-ualach ar an urraitheoir inghlactha, agus é teoranta
do na costais riaracháin, i bhfianaise na sochar a chruthófaí leis an rogha
beartais seo. 63. Cumasc is ea rogha beartais Uimh. 3/5
de roghanna beartas Uimh. 3/2 agus Uimh. 3/4. Leis an gcumasc seo,
dhéanfaí na huirlisí chun comhlíontacht a fhíoradh agus a áirithiú a neartú
níos mó, toisc go gceadófaí iniúchtaí níos dírithe a dhéanamh. 7. Rogha na tosaíochta 64. Is í rogha Uimh. 1/6
rogha na tosaíochta maidir le cuspóir Uimh. 1, lena gceadófaí formheas
tapa gan maorlathas lárnach nua a bhunú. Ina theannta sin, le foirm dlí an
Rialacháin dhéanfaí comhar idir Bhallstáit a éascú leis an rogha beartais seo.
Maidir le cuspóir Uimh. 2, is í rogha beartais Uimh. 2/6 rogha na
tosaíochta, lena laghdófaí costais go mór (tromualaí riaracháin agus costais
oibriúcháin) gan sábháilteacht othar a chur i gcontúirt. Maidir le cuspóir Uimh. 3,
is í rogha beartais Uimh. 3/5 rogha na tosaíochta, lena mbeadh idir
iniúchtaí acmhainn-éifeachtach ar chórais rialála agus níos mó trédhearcachta,
ionas gur féidir iniúchtaí a bheith níos dírithe. 8. Faireachán agus
Meastóireacht 65. Príomhtháscaire maidir le
cuspóirí a bhaint amach is ea an líon trialacha cliniciúla a ndéantar iarratas
orthu san AE, an líon trialacha cliniciúla ilnáisiúnta a dhéantar san AE, na
costais ar thrialacha cliniciúla cruthaithe ag an reachtaíocht, agus na
moilleanna i seoladh oifigiúil trialach cliniciúla. Déanfaidh an Coimisiún
measúnú air seo trí bhíthin tuarascálacha rialta ó bhunachar an AE ar
thrialacha cliniciúla, trí chomhairliúchán poiblí agus trí fhóraim a eagrú ina
ndéanfaidh geallsealbhóirí an reachtaíocht a mheas agus trína bheith
rannpháirteach sna fóraim sin.