Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0650

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin

/* COM/2012/0650 final - 2012/0309 (COD) */

52012PC0650

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin /* COM/2012/0650 final - 2012/0309 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs ginearálta agus forais an togra

I gcomhréir le hAirteagal 62(2)(b)(i) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[1] ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha nach foláir dá náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu agus iad ag dul thar na teorainneacha seachtracha (dá ngairtear an liosta diúltach, Iarscríbhinn I) agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (dá ngairtear 'an liosta dearfach', Iarscríbhinn II). Tá na liostaí sin luaite in Airteagal 61 de Chonradh CE i measc na mbeart tionlacain atá nasctha go díreach le saorghluaiseacht daoine i limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Is é Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí ábhartha feasta.

D'fhonn cinneadh a dhéanamh cé na tríú tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, agus cé na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe uaidh, déantar measúnú breithnithe ar gach cás ar leith de réir roinnt critéar a bhaineann inter alia le hinimirce mhídhleathach, beartas poiblí agus slándáil phoiblí agus caidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh le tríú tíortha; meastar na himpleachtaí do chomhleanúnachas réigiúnach agus do chómhalartacht freisin. I bhfianaise critéar a bhaineann leis an ord poiblí agus le hinimirce mídhleathach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shlándáil doiciméad taistil freisin arna n‑eisiúint ag na tríú tíortha lena mbaineann.

Ós rud é gur féidir leis na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 fabhrú thar am i ndáil le tríú tíortha, ba cheart comhdhéanamh an liosta dhiúltaigh agus an liosta dhearfaigh a athbhreithniú go tráthrialta. I gClár Stócólm a glacadh i mí na Nollag 2009 d’iarr an Chomhairle Eorpach go sonrach ar an gCoimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na liostaí de na tríú tíortha a bhfuil nó nach bhfuil a náisiúnaigh faoi réir ceanglais víosa, i gcomhréir le critéir iomchuí a bhaineann le hinimirce mhídhleathach, beartas poiblí agus slándáil phoiblí, ag cur chuspóirí inmheánacha agus seachtracha beartais an Aontais san áireamh ag an am céanna.

Dá bhrí sin, rinneadh leasú ocht n‑uaire[2] ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ó glacadh é. In 2010 a rinneadh an leasú is déanaí air; leasú a bhain le haistriú na Téaváine go dtí an liosta dearfach agus leis an idirphlé i ndáil le léirscaoileadh víosa freisin a raibh mar thoradh air an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a aistriú chuig an liosta dearfach.

Tá roinnt leasuithe ar fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 arna moladh ag an gCoimisiún á gcaibidliú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, mar atá [3]: clásal cosanta víosa a thabhairt isteach lena bhfionrófar go sealadach an tarscaoileadh víosa do thríú tír atá ar an liosta dearfach i gcás éigeandála; deimhneacht dhlíthiúil a neartú trí rialacha a chur ar fáil le haghaidh dálaí áirithe nár cuimsíodh cheana faoin Rialachán; agus coigeartú a dhéanamh ar fhorálacha i bhfianaise na n‑athruithe a tháinig as Conradh Liospóin agus dlí díorthaithe le gairid, mar shampla glacadh an Chóid maidir le Víosaí (Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ón gComhairle).[4]

Ní mór athmheasúnú rialta a dhéanamh ar na liostaí atá i gceangal le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 trí chéile i bhfianaise na gcritéar iomchuí thuasluaite atá sainithe sa Rialachán.

Mar sin, is é is aidhm don athbhreithniú seo ar na liostaí atá i gceangal leis an Rialachán:

· féachaint chuige go gcomhlíonann comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha na critéir atá leagtha amach in aithris 5 den Rialachán, go háirithe na critéir i ndáil le hinimirce mhídhleathach agus beartas poiblí agus tíortha a aistriú ó iarscríbhinn amháin chuig iarscríbhinn eile de réir mar is iomchuí;

· féachaint chuige, i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE, go ndéanfar cinneadh deifrídeach sa Rialachán an bhfuil náisiúnach tríú tír le bheith faoi réir an cheanglais víosa nó an bhfuil sé le bheith díolmhaithe uaidh.

2. Eilimintí an togra

2.1 Tríú tíortha a aistriú ón liosta diúltach (Iarscríbhinn I) go dtí an liosta dearfach (Iarscríbhinn II)

Ar aon dul leis an gcur chuige a glacadh maidir le hathruithe a rinneadh cheana ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, chun críocha na liostaí a athbhreithniú go rialta, d'fhiafraigh an Coimisiún de na Ballstáit ar mheas siad an raibh na hiarscríbhinní atá i gceangal leis an Rialachán mar atá, fós ag teacht leis na critéir arna gcinneadh sa Rialachán. Ní dhearna na Ballstáit aon mholtaí maidir le tríú tíortha a aistriú ón liosta dearfach go dtí an liosta diúltach. Fuair an Coimisiún moltaí maidir le roinnt tríú tíortha a aistriú ón liosta diúltach go dtí an liosta dearfach, áfach. Chuaigh roinnt tríú tíortha i dteagmháil leis an gCoimisiún á iarraidh air go n‑aistreofaí go dtí an liosta dearfach iad. Rinneadh anailís ar an bhfaisnéis a tharchuir na Ballstáit (fuair an Coimisiún 20 freagra), agus ar fhaisnéis ó fhoinsí eile, lena n‑áirítear Toscaireachtaí an AE atá freagrach as na tríú tíortha lena mbaineann, agus ar staidreamh a sholáthair Eurostat i ndáil le sreafaí inimirce, bearta tearmainn agus bearta um fhorghníomhú i gcoinne imirce neamhdhlíthiúla.[5] Bhain an Coimisiún de thátal as an anailís gur cheart na tíortha agus na saoránaigh Bhriotanacha atá liostaithe sna fo‑ailt thíos a aistriú go dtí an liosta dearfach.

2.1.1 Náisiúin Oileánda Mhuir Chairib

Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, lena n‑áirítear staidreamh maidir le gach ceann de na tríú tíortha a mhol na Ballstáit. Tugadh aird ar leith ar an méid seo a leanas: leibhéal forbartha eacnamaíche agus sóisialta na tíre, an baol go dtiocfadh inimircigh neamhdhlíthiúla ón tír sin chuig an Aontas Eorpach, agus saincheisteanna maidir le caidreamh seachtrach agus comhleanúnachas réigiúnach.

Is éard a chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis ann a thuilleadh le ceanglas víosa a fhorchur ar náisiúnaigh de chuid Dhoiminice, Ghreanáda, Oileán Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia ná San Uinseann agus na Greanáidíní. Mhol líon suntasach Ballstát na tíortha sin a aistriú ón liosta diúltach go dtí an liosta dearfach. Níl aon bhaol go dtiocfadh inimircigh neamhdhlíthiúla ón na cúig thír sin chuig Ballstáit an Aontais ná ní baol oird phoiblí agus slándála do Bhallstáit an Aontais iad na tíortha sin i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in aithris 5 den Rialachán. Ina theannta sin, is tríú tíortha iad ina bhfuil an daonlathas seanbhunaithe. Tá caighdeán maith maireachtála sa réigiún agus geilleagar cobhsaí atá ag fás agus ag forbairt de shíor. Tá sé cruthaithe acu go bhfuil siad in ann an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda atá ann faoi láthair a sheasamh agus an caidreamh maith atá acu leis an Aontas agus leis na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta a fheabhsú tuilleadh. Aistríodh ceithre thír atá sa réigiún céanna go dtí an liosta dearfach cheana leis an athbhreithniú a rinneadh in 2006 ar Rialacháin (CE) Uimh. 539/2001[6] agus ní raibh aon tionchar diúltach ag an tarscaoileadh víosa do shaoránaigh na gceithre thír sin i ndáil le himirce neamhdhlíthiúil nó slándáil. Moltar dá réir sin Doiminice, Greanáda, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia agus San Uinseann agus na Greanáidíní a aistriú ón liosta diúltach go dtí an liosta dearfach.

Is fiú a lua freisin go bhfuil ionadaíocht ag ceithre Bhallstát in Oileán na Tríonóide agus Tobága (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír agus an Spáinn). Níl consalacht ach ag aon Bhallstát amháin (an Fhrainc) in Saint Lucia, ar ceann scríbe do thuarasóirí é a bhfuil móréileamh air. Ó tharla nach bhfuil ionadaíocht ag aon Bhallstát i nGreanáda, i nDoiminice ná i San Uinseann agus na Greanáidíní, ní mór dá saoránaigh víosaí Schengen a iarraidh thar lear agus tá costais mhóra ag baint leis sin. Maidir le Greanáda agus Saint Lucia níl acu ach ionadaíocht amháin i mBallstáit Schengen agus Ard‑Choimisiún sa Ríocht Aontaithe acu.

I gcás Oileán na Tríonóide agus Tobága tá saoránaigh uile an AE díolmhaithe ón oibleagáid víosa faoi láthair, cé go mbaineann coinníollacha éagsúla leis sin agus cé go bhfuil tréimhsí éagsúla fanachta i gceist leis freisin (aon mhí amháin i gcás shaoránaigh na Slóvaice, na Slóivéine, Phoblacht na Seice, na Polainne, na Bulgáire, na Rómáine, na hUngáire, na Liotuáine, na Laitvia agus na hEastóine). I ngach ceann de na ceithre thír eile i Muir Chairib tá náisiúnaigh Bhallstáit uile an Aontais díolmhaithe ón gceanglas víosa i gcás tréimhsí fanachta a mhaireann suas le 180 lá.

Maidir le critéir a bhaineann leis an ord poiblí agus le hinimirce neamhdhlíthiúil, ba cheart, leis, aird ar leith a thabhairt ar shlándáil doiciméad taistil arna n‑eisiúint ag na tríú tíortha lena mbaineann. Nuair a modhnaíodh an Rialachán den uair dheireanach d’fhógair an Coimisiún gurbh fhéidir go mbraithfeadh aistrithe a dhéanfaí go dtí an liosta dearfach sa todhchaí ar choinníollacha sonracha a chomhlíonadh i ndáil le slándáil doiciméad taistil. Dá thoradh sin, leagadh síos eisiúint pasanna bithmhéadracha mar choinníoll chun tíortha na mBalcán Thiar a aistriú ón líosta diúltach víosa go dtí an liosta dearfach víosa i ngeall ar laigí i seanchóras pas na réigiún sin agus ar na fadhbanna a tháinig as sin. Mar sin féin, agus aird á tabhairt ar ardleibhéal slándála dhoiciméid taistil Chómhargadh Mhuir Chairib (CARICOM) na dtíortha lena mbaineann an leasú, agus ar an gcomhleanúnachas réigiúnach le sraith eile tíortha a aistríodh go dtí an liosta dearfach le leasú a rinneadh le gairid ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006) sa réigiún céanna, níor cheart éisiúint pasanna bithmhéadracha a bheith ina cheanglas maidir le Doiminice, Greanáda, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní nó Oileán Tríonóide agus Tobága a aistriú. Tá pasanna ard‑slándála meaisín‑inléite CARICOM ag na tríú tíortha sin agus tá sé i gceist acu pasanna bithmhéadracha a chur in ionad na bpasanna sin go luath.

Chun comhsheasmhacht le díolúintí víosa a deonaíodh cheana a áirithiú i gcás tíortha sa réigiún céanna i Muir Chairib, de bhrí nach raibh aon iarmhairtí diúltacha ag na díolúintí víosa sin, agus chun cómhalartacht iomlán leis na tíortha sin a ráthú sa todhchaí i leith tréimhsí gearra de thrí mhí saor ó víosa le linn tréimhse sé mhí (ní amhlaidh an scéal i gcás Oileán na Tríonóide agus Tobága), níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine víosa do náisiúnaigh na dtíortha sin go dtí go dtabharfar i gcrích comhaontú tarscaoilte víosaí idir an tAontas Eorpach agus na tíortha lena mbaineann agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2.1.2. Náisiúin Oileánda an Aigéin Chiúin

Tar éis na critéir a bhaineann le hinimirce mhídhleathach, beartas poiblí agus slándáil phoiblí agus caidreamh seachtrach an Aontais a scrúdú, measann an Coimisiún gur cheart Cireabaití, an Mhicrinéis, Nárú, Oileáin Marshall, Oileáin Palau, Oileáin Sholomón, Samó, Tíomór Thoir, Tonga, Tuvalu agus Vanuatú a aistriú go dtí liosta dearfach Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

Léiríonn staidreamh nua nach baol imirce neamhdhlíthiúla chun an AE aon cheann de na tíortha sin.

Is pasanna meaisín‑inléite[7] iad na pasanna a eisítear sna tíortha sin agus tá líon leordhóthanach gnéithe slándála iontu. Mar a mhínítear thuas i gcás Náisiúin Oileánda Mhuir Chairib, níor cheart eisiúint pasanna bithmhéadracha ag Náisiúin Oileánda an Aigéin Chiúin a bheith ina réamhchoinníoll chun a náisiúnaigh a dhíolmhú ón gceanglas víosa.

Níl ionadaíocht ach ag dhá Bhallstát sna tíortha sin: An Phortaingéil i dTíomór Thoir agus an Fhrainc i Vanuatú. D'fhéadfadh sé go mbeadh costais mhóra le híoc ag iarratasóirí ar víosa Schengen i ngeall ar an easpa ionadaíochta sin sa réigiún.

Is cuid í Fidsí den réigiún seo ach i bhfianaise chúrsaí polaitíochta na tíre faoi láthair agus na heaspa dul chun cinn i gcomhlíonadh eilimintí sár‑riachtanacha Chomhaontú Cotonou, meastar nach iomchuí a mholadh go n‑aistreofaí go dtí an liosta dearfach í.

Tá Nua‑Ghuine Phapua sa réigiún freisin, ach is tír an‑éagsúil í leis na cinn eile ó thaobh líon daonra agus limistéar na tíre de. Ina theannta sin, tá staid pholaitíochta na tíre trína chéile faoi láthair, rud a chiallaíonn nach féidir í a chur san áireamh ar an liosta atá saor ó víosa um an dtaca seo.

Sa chuid is mó de Náisiúin Oileánda an Aigéin Chiúin tarscaoiltear an oibleagáid víosa i gcás náisiúnach fhormhór na mBallstát. Mar sin féin, chun cómhalartacht iomlán a ráthú amach anseo leis na Náisiúin Oileánda seo san Aigéin Chiúin i leith tréimhsí gearra de thrí mhí le linn tréimhse sé mhí don todhchaí, agus chun comhsheasmhacht le díolúintí víosa a deonaíodh cheana a áirithiú, níor cheart do náisiúnaigh na dtíortha sin tairbhiú den díolúine víosa go dtí go dtabharfar i gcrích comhaontú tarscaoilte víosa idir an tAontas agus na tíortha sin agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2.1.3. Catagóirí sonracha de náisiúnaigh Bhriotanacha

Rinneadh iarracht leis an athbhreithniú a rinneadh in 2006 ar Rialacháin (CE) Uimh. 539/2001[8] soiléiriú a dhéanamh ar chás na saoránach Briotanach nach náisiúnaigh de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann iad chun críocha dhlí an Aontais. Liostáladh cuid díobh (an grúpa de náisiúnaigh Bhriontanacha (thar sáile)) faoi roinn nua d’Iarscríbhinn II, agus rinneadh an chuid eile díobh (daoine is saoránaigh de chríocha Briotanacha thar sáile nach bhfuil ceart cónaithe acu sa Ríocht Aontaithe, Saoránaigh Bhriotanacha de chríocha thar sáile, Géillsinigh Bhriotanacha nach bhfuil ceart cónaithe acu sa Ríocht Aontaithe agus daoine Briotanacha faoi chosaint) a liostú faoi roinn nua d'Iarscríbhinn I. Measadh gur gá an t‑idirdhealú sin a dhéanamh ag an am, toisc, i measc cúiseanna eile, gur creideadh go raibh baol inimirce neamhdhlíthiúla ann.

Mar sin féin, léiríonn staidreamh a bailíodh le trí bliana anuas ar dhiúltú ag teorainneacha agus ar ghabhálacha imirceach neamhdhlíthiúil nach bhfuil baol ag baint le saoránaigh Bhriotanacha faoin oibleagáid víosa ó thaobh imirce neamhdhlíthiúla chuig limistéar Schengen, toisc go bhfuil a líon fíorbheag. Tá ceart cónaithe ag cuid acu sa Ríocht Aontaithe. Thairis sin, tá an chuid is mó díobh ina gcónaí in oileáin réigiún na Cairibe (Beirmiúda, Oileáin na dTurcach agus Caicos, Montsarat, etc.), atá an‑chosúil le tíortha an réigiúin chéanna atá á n‑aistriú de réir a chéile chuig Iarscríbhinn II (féach 2.1.1. thuas). Dá bhrí sin, níor mhór caitheamh leis na daoine seo ar dhóigh chomhchosúil chun comhleanúnachas réigiúnach a áirithiú. Meastar go bhfuil níos lú ná 300 000 duine sna ceithre ghrúpa de náisiúnaigh Bhriotanacha atá luaithe in Iarscríbhinn I faoi láthair.

Déanfar slándáil dhoiciméid taistil na náisiúnach Briotanach a áirithiú, toisc go réitítear na doiciméid sin sa Ríocht Aontaithe de réir sonraíochtaí teicniúla dochta. Is doiciméid meaisín‑inléite iad agus tá roinnt gnéithe slándála iontu.

2.2. An liosta diúltach a nuashonrú (Iarscríbhinn I): An tSúdáin Theas a chur san áireamh

D’fhógair an tSúdáin Theas neamhspleáchas foirmiúil an 9 Iúil 2011 ón tSúdáin, tír atá ar an liosta diúltach. Rinneadh ball de na Náisiúin Aontaithe í an 14 Iúil 2011. Ní mór Iarscríbhinn I a leasú dá bhrí sin chun tagairt a dhéanamh don tSúdáin Theas.

3. Príomheagraíochtaí/príomhshaineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit.

4. Measúnú tionchair

Níl aon ghá le measúnú tionchar.

5. Bunús Dlí

Is é Airteagal 62(2)(b)(i) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh an bunús a bhí ag Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Anois, áfach, i bhfianaise an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is forbairt ar an gcomhbheartas víosa an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE.

6. Prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta:

Liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 na tríú tíortha nach foláir dá náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu agus iad ag dul thar na teorainneacha seachtracha (an liosta diúltach) agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an liosta dearfach).

Más rud é go ndéanfar cinneadh na liostaí a athrú, tíortha a aistriú ón liosta diúltach go dtí an liosta dearfach nó a mhalairt, is laistigh d'inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a thagann sé i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE.

7. Roghnú na n‑ionstraimí

Tá Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 le leasú le Rialachán.

8. Impleachtaí buiséadacha

Níl aon impleachtaí do bhuiséad an AE ag an leasú atá beartaithe.

2012/0309 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Ba cheart comhdhéanamh na liostaí tríú tíortha in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 an 15 Márta 2001[9] ón gComhairle a bheith ag luí leis na critéir atá leagtha síos in aithris 5 den Rialachán sin, agus ba cheart dó leanúint de bheith ag luí leo. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

(2)       Níl aon údar níos mó le ceanglas víosa a chur ar náisiúnaigh Chireabaití, Dhoiminice, Ghreanáda, na Micrinéise, Nárú, Oileáin Marshall, Oileáin Palau, Oileáin Sholomón, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, Shamó, San Uinseann agus na Greanáidíní, Thíomór Thoir, Thonga, Tuvalu  agus Vanuatú. Ní baol imirce mídhleathaí ná baol do bheartas poiblí an Aontais na tíortha sin i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in aithris 5 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ar an ábhar sin ba cheart náisiúnaigh na dtíortha sin bheith díolmhaithe ón gceanglas víosa i gcás fanachta nach faide ná trí mhí san iomlán, agus ba cheart tagairtí do na tíortha sin a aistriú go hIarscríbhinn II.

(3)       An díolúine ó cheanglas víosa do náisiúnaigh Chireabaití, Dhoiminice, Ghreanáda, na Micrinéise, Nárú, Oileáin Marshall, Oileáin Palau, Oileáin Sholomón, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, Shamó, San Uinseann agus na Greanáidíní, Thíomór Thoir, Thonga, Tuvalu  agus Vanuatú, níor cheart di teacht i bhfeidhm go mbeidh comhaontuithe déthaobhacha maidir le víosaí a tharscaoileadh tugtha i gcrích idir an tAontas agus na tíortha sin, d'fhonn lánchómhalartacht a áirithiú.

(4)       Léiríonn sonraí staidrimh nach baol imirce chun Limistéar Schengen na grúpaí de náisiúnaigh Briotanacha atá liostaithe i bpointe 3 d'Iarscríbhinn I agus go bhfuil a bhformhór ina gcónaí ar oileáin i réigiún Mhuir Chairib, oileáin a bhfuil dlúthcheangal acu le tíortha comharsanacha atá díolmhaithe ón oibleagáid maidir le víosa agus atá an‑chosúil leis an tíortha sin. Ar an ábhar sin ba cheart na grúpaí sin de náisiúnaigh Briotanacha bheith díolmhaithe ón gceanglas víosa i gcás fanachta nach faide ná trí mhí san iomlán, agus ba cheart tagairtí do na tíortha sin a aistriú go hIarscríbhinn II.

(5)       Aon athruithe sa dlí idirnáisiúnta a athraíonn stádas nó ainmniú stát nó eintiteas áirithe, ba cheart iad a léiriú sna hIarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ba cheart tagairt don tSúdáin Theas a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin ós rud é gur fhógair an tír sin a neamhspleáchas an 9 Iúil 2011 agus gur deonaíodh ballraíocht de na Náisiúin Aontaithe di an 14 Iúil 2011.

(6)       A fhad a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le baint an dá stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[10], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[11].

(7)       A fhad a bhaineann leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna shíniú ag an Aontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, agus forbairt acquis Schengen[12], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle[13].

(8)       A fhad a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle[14].

(9)       Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar na forálacha de chuid acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[15]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(10)     Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar na forálacha de acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[16]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)     Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(12)     Is éard atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)          i bpointe 1, scriostar na tagairtí do Chireabaití, Doiminice, Greanáda, an Mhicrinéis, Nárú, Oileáin Marshall, Oileáin Palau, Oileáin Sholomón, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, Samó, San Uinseann agus na Greanáidíní, Tíomór Thoir, Tonga, Tuvalu agus Vanuatú agus cuirtear isteach tagairt don tSúdáin Theas;

(b)          scriostar pointe 3;

2. Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)          I bpointe 1, cuirtear isteach na tagairtí seo a leanas:

"Cireabaití*"

"Doiminice*",

"Greanáda*",

"an Mhicrinéis*",

"Nárú*",

"Oileáin Marshall*",

"Oileáin Palau*",

"Oileáin Sholomón*",

"Oileán na Tríonóide agus Tobága*",

"Saint Lucia*",

"Samó*",

"San Uinseann agus na Greanáidíní*",

"Tíomór Thoir*",

"Tonga*",

"Tuvalu*", agus

"Vanuatú*".

_________________

* "Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa amhail ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe maidir le díolúine ó víosa a thabharfar i gcrích leis an Aontas Eorpach".

(b)          cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

"3. Saoránaigh Bhriotanacha nach náisiúnaithe de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann iad chun críocha dhlí an Aontais:

         Náisiúnaithe Briotanacha (Thar Sáile)

         Daoine is saoránaigh de Chríocha Briotanacha thar lear

         Saoránach Briotánach de chríocha thar sáile

         Daoine Briotanacha faoi chosaint

         Géillsinigh Bhriotanacha"

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann na Comhairle                              Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

[2]               Rialachán (CE) Uimh. 2414/2001 ón gComhairle an 7 Nollaig 2001 (IO L 327, 12.12.2001, lch. 1), Rialachán (CE) Uimh. 453/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 (IO L 69, 13.3.2003, lch. 10), Rialachán (CE) Uimh. 851/2005 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2005 (IO L 141, 4.6.2005, lch. 3), Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle an 20 Samhain 2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1), Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23), Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 (IO L 336, 18.12.2009, lch. 1), Rialachán (CE) Uimh. 1091/2010 ón gComhairle an 24 Samhain 2010 (IO L 329, 14.12.2010, lch. 1), agus Rialachán (CE) Uimh. 1211/2010 ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 (IO L 339 22.12.2010, lch.9).

[3]               COM (2011) 290 críochnaitheach.

[4]               IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

[5]               I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 (IO L 199 31.07.2007, lch. 23).

[6]               Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 an 21 Nollaig 2006 (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23).

[7]               Táthar ar tí phasanna Chireabaití a uasghrádú chuig pasanna meaisín‑inléite le tacaíocht ó Roinn Inimirce na hAstráile.

[8]               Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 an 21 Nollaig 2006 (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23).

[9]               IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

[10]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[11]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

[12]             IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[13]             IJ L 53, 27.2.2008, lch. 1.

[14]             IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

[15]             IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[16]             IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

Top