EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52012PC0172

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise

/* COM/2012/0172 final - 2012/0085 (COD) */

52012PC0172

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise /* COM/2012/0172 final - 2012/0085 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Is éard is aidhm don togra seo Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle an 26 Samhain 1990 maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise[1] a chur ag luí leis an idirdhealú idir cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a tugadh isteach le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Ní raibh aon ghá le comhairliúchán le páirtithe leasmhara ná le saineolas seachtrach ós rud é gur ábhar idir-institiúideach é an togra chun Rialachán (CE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle a ailíniú le Conradh Liospóin agus bainfidh sé le gach Rialachán ón gComhairle.

Measúnú tionchair

Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ós rud é gur ábhar idir-institiúideach é an togra chun Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle a ailíniú le Conradh Liospóin agus bainfidh sé le gach Rialachán ón gComhairle.

3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle a shainaithint agus an nós imeachta comhfhreagrach a bhunú chun na gníomhartha sin a ghlacadh.

Bunús dlí

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Déantar inniúlachtaí maidir le beartas talmhaíochta a roinnt idir an AE agus na Ballstáit. Is éard a chiallaíonn an méid sin fad nach ritheann an AE reachtaíocht san earnáil sin nach gcaillfidh na Ballstáit a n-inniúlachtaí féin. Ní dhéanann an togra seo ach na forálacha maidir le hallmhairí fabhracha ríse de thionscnamh na Banglaidéise a oiriúnú do cheanglais nua a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Ar an gcaoi sin, ní dhéanann an togra seo difear don chur chuige atá ag an Aontas cheana.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh ionstraimí eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: i bhfianaise nádúr an chomhbheartais talmhaíochta agus na riachtanas bainistíochta a bhaineann leis, tá cur i bhfeidhm díreach ina shaintréith fhíor‑riachtanach de reachtaíocht an chomhbheartais talmhaíochta.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an mbeart seo.

2012/0085 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[2],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       I gcomhthéacs Bhabhta Uragua, gheall an tAontas socruithe fabhracha allmhairiúcháin a thairiscint i gcás ríse de thionscnamh na dtíortha is lú forbairt. Thug an Bhanglaidéis, ceann de na tíortha ar tugadh an tairiscint dóibh, le fios go raibh spéis aici trádáil na ríse a fhorbairt. Chuige sin, glacadh Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 ón gComhairle an 26 Samhain 1990 maidir le hallmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise[3].

(2)       Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt de na forálacha atá ann a chur chun feidhme. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh). Ar mhaithe le soiléire, is iomchuí Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(3)       D’fhonn iontaofacht agus éifeachtúlacht an tsocraithe fhabhraigh allmhairiúcháin a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún le go bhféadfaidh sé rialacha a leagan síos faoina mbeadh rannpháirtíocht sa socrú faoi choinníoll urrús a thaisceadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(4)       D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[4]. I gcás inar gá an socrú fabhrach allmhairiúcháin a fhionraí, áfach, ba cheart cead a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm.

(5)       Faoi mhéid áirithe ríse scilligthe tá laghdú ar na dleachtanna ar allmhairí i gceist sna socruithe fabhracha allmhairiúcháin. Ba cheart na méideanna coibhéiseacha ag céimeanna eile muilleála seachas rís scilligthe a ríomh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena socraítear na rátaí comhshó, na costais phróiseála agus luach na bhfotháirgí sna céimeanna éagsúla den phróiseáil ríse[5].

(6)       D’fhonn na dleachtanna ar allmhairí atá infheidhme maidir le rís de thionscnamh na Banglaidéise a allmhairítear faoin Rialachán seo a shocrú, ba cheart forálacha ábhartha Rialachán Uimh. XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair)[6] a chur san áireamh.

(7)       D’fhonn a áirithiú nach mbainfidh buntáistí na socruithe fabhracha allmhairiúcháin ach le rís de thionscnamh na Banglaidéise, ba cheart don tír onnmhairithe deimhniú tionscnaimh a eisiúint agus cáin onnmhairíochta de mhéid a fhreagraíonn don laghdú ar na dleachtanna ar allmhairí a bhailiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon Feidhme

1.           Bunaítear leis an Rialachán seo socrú fabhrach allmhairiúcháin i gcomhair allmhairí ríse de thionscnamh na Banglaidéise a thig faoi chóid AC 1006 10 (ach amháin cód AC 1006 10 10), 1006 20 agus 1006 30.

2.           Beidh teorainn 4 000 tona de rís scilligthe, in aghaidh na bliana féilire, leis an socrú fabhrach allmhairiúcháin.     Déanfar na méideanna ag céimeanna eile muilleála seachas rís scilligthe a chomhshó ag úsáid na rátaí comhshó atá socraithe in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1312/2008.

3.           Trí ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún gan cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 323(1) de Rialachán Uimh. XXXX/XXXX, déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an tsocraithe fhabhraigh allmhairiúcháin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a fhionraí a luaithe a bhfaighidh sé amach, le linn na bliana reatha, go bhfuil an teorainn atá luaite i mír 2 sroichte i gcás líon na n‑allmhairí atá cáilithe faoin socrú sin.

Airteagal 2

Dleachtanna ar allmhairí

1.           Faoin teorainn atá leagtha síos in Airteagal 1(2), beidh an dleacht ar allmhairí ríse:

— i gcás ríse gan scilligeadh a thig faoi chóid AC 1006 10, ach amháin cód AC 1006 10 10, cothrom leis na dleachtanna custaim a socraíodh sa Chomhtharaif Chustaim, lúide 50 % agus lúide EUR 4,34 breise;

— i gcás ríse scilligthe a thig faoi chód AC 1006 20, cothrom leis an dleacht a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 242 de Rialachán Uimh. XXXX/XXXX, lúide 50 % agus lúide EUR 4,34 breise;

— i gcás ríse leathmheilte agus meilte a thig faoi chód AC 1006 30, cothrom leis an dleacht a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 244 de Rialachán Uimh. XXXX/XXXX, lúide EUR 16,78, lúide 50 % agus lúide EUR 6,52.

2.           Beidh mír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)     go gcuirfear cruthúnas ar fáil gur bhailigh an Bhanglaidéis cáin onnmhairíochta de mhéid a fhreagraíonn don laghdú dá dtagraítear i mír 1

(b)     gur eisigh údarás inniúil na Banglaidéise deimhniú tionscnaimh

Airteagal 3

Cumhachtaí tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 lena leagtar síos rialacha faoina mbeidh rannpháirtíocht sa socrú fabhrach allmhairiúcháin a bhunaítear faoi Airteagal 1 faoi choinníoll urrús a thaisceadh.

Airteagal 4

An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.           Tabharfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3 a ghlacadh don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 5

Cumhachtaí cur chun feidhme

Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá maidir leis an méid seo a leanas a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme:

(a)          an modh riaracháin ba cheart a úsáid chun an socrú fabhrach allmhairiúcháin a bhainistiú;

(b)          an modh chun tionscnamh an táirge atá cumhdaithe faoin socrú fabhrach allmhairiúcháin a chinneadh;

(c)          leagan amach agus tréimhse bhailíochta an deimhnithe tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 2(2);

(d)          an cineál cruthúnais a theastóidh lena shuíomh gur íocadh an cháin allmhairíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(2);

(e)          tréimhse bhailíochta na gceadúnas allmhairíochta, nuair is iomchuí;

(f)           méid an urrúis nach foláir a thaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 3;

(g)          na fógraí a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal [323(2)] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/xxxx] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le CEM Aonair).

Airteagal 6

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 a aisghairm.

Déanfar tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Rialachán (CEE) Uimh. 3491/90 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 2

Airteagal 2(1) || Airteagal 1(2)

Airteagal 2(2) || Airteagal 1(3)

Airteagal 3 || Airteagail 3, 4 agus 5

[1]               IO L 337, 04.12.1990, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1532/2007 (IO L 337, 21.12.2007, lch. 19).

[2]               IO C […], […], lch. […].

[3]               IO L 337, 4.12.1990, lch. 1.

[4]               IO L 55, 28.2.2011, lch.13.

[5]               IO L 344, 20.12.2008, lch. 56.

[6]               OJ L […], […], lch. […].

Top