Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0903

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach maidir le déimeagrafaíocht

    /* COIM/2011/0903 leagan deireanach - 2011/0440 (COD) */

    52011PC0903

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach maidir le déimeagrafaíocht /* COIM/2011/0903 leagan deireanach - 2011/0440 (COD) */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    - AIDHMEANNA AGUS CUSPÓIRÍ AN TOGRA

    Is é aidhm don togra seo Rialachán a ullmhú maidir le staidreamh déimeagrafaíochta, rud a rialódh comhchuibhiú agus soláthar sonraí maidir leis an daonra agus maidir le teagmhais bheatha a bhfuil baint acu leis an daonra.

    - Comhthéacs ginearálta

    I ngeall ar dhúshláin chasta déimeagrafacha atá ag méadú, tá gá soiléir tagtha chun cinn maidir le comhreachtaíocht ar leibhéal an Aontais maidir le staidreamh déimeagrafach. Ní mór don Choimisiún Eorpach faisnéis ardchaighdeáin a bheith aige faoin daonra agus faoi teagmhais bheatha a bhfuil baint acu leis an daonra san Aontas. I mbeagnach gach réimse beartais ina bhfuil an AE gníomhach, bíodh baint aige le cúrsaí geilleagracha, le cúrsaí sóisialta nó le cúrsaí comhshaoil, bíonn staidreamh déimeagrafach ardchaighdeáin riachtanach d’fhonn cabhrú le cuspóirí oibriúcháin a fhoirmliú agus chun dul chun cinn a mheas, mar shampla d'fhonn comparáidí bailí a dhéanamh idir na Ballstáit. D’fhéadfaí na sonraí a úsáid go díreach nó chun táscairí de chineálacha éagsúla a cheapadh (táscairí déimeagrafacha agus táscairí ‘per capita’).

    Tá próiseas daonlathach an Aontais ag brath ar mheastacháin daonáirimh bhliantúla den scoth a bheith ar fáil. Gach bliain, úsáidtear sonraí maidir le daonra iomlán na mBallstát, sonraí a bhailíonn agus a fhoilsíonn Eurostat, le linn phróisis chinnteoireachta an Aontais (vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle). Critéar amháin atá ann faoi láthair is ea, ar iarratas ó Bhallstát, gurb ionann tromlach cáilithe agus Ballstáit a chuimsíonn 62 % ar a laghad de dhaonra an AE arna ríomh de réir na bhfigiúirí i leith an daonra. Beidh tábhacht níos mó fós ag ualúcháin daonra nuair a cheanglófar, faoi théarmaí Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, amhail ón 1 Samhain 2014, go saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, ag cuimsiú cúig chomhalta dhéag ar a laghad agus ag cuimsiú Ballstáit a bhfuil 65 % ar a laghad de dhaonra an AE iontu ('tromlach dúbailte’).

    Déantar measúnú fadtéarmach ar inbhuaine airgeadas poiblí na mBallstát, i measc nithe eile, ar bhonn réamh-mheastachán daonra Eurostat; bíonn siad sin ag brath ar amshraitheanna tráthúla cruinne iontaofa comhsheasmhacha ar an daonra, ar bhreitheanna agus ar bhásanna, mar aon le toimhdí fónta maidir le hathruithe torthúlachta, ionchas saoil agus sreafaí imirce amach anseo.

    Is trí thuarascáil faireacháin Eurostat, ina n-úsáidtear amshraitheanna maidir le cóimheasa spleáchais seanaoise, rátaí torthúlachta agus ionchas saoil san AE, a dhéantar faireachán ar Straitéis an Aontais Eorpaigh um Fhorbraíocht Inbhuanaithe, arna sheoladh ag an gComhairle Eorpach in Göteborg in 2001 agus arna athnuachan in 2006.

    Is trí thuarascálacha atá bunaithe, i measc nithe eile, ar shonraí déimeagrafacha réigiúnacha Eurostat a dhéantar faireachán ar an dul chun cinn atá á dhéanamh san AE maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach.

    - Forálacha atá ann maidir leis an saincheist a ndírítear uirthi sa togra

    Níl aon fhorálacha ann cheana maidir leis an tsaincheist atá faoi chaibidil sa togra seo.

    - Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE

    Cuireann reachtaíocht an AE ceangal ar Eurostat sonraí den scoth a chur ar fáil faoin daonra. Ina theannta sin, is iomaí réimse beartais a bhfuil an AE gníomhach ann a mbíonn faisnéis faoi theagmhais bheatha a bhaineann leis an daonra riachtanach dóibh d'fhonn cabhrú le cuspóirí oibriúcháin a cheapadh agus dul chun cinn a mheas. Ní mór na sonraí a bheith tráthúil, cruinn, iomlán, comhtháite agus inchomparáide ar leibhéal an AE. Ina cheann sin, an leibhéal sonraí réigiúnacha a iarrtar go minic, agus an miondealú athraitheach agus an cháilíocht, ní féidir sin a ráthú ach le reachtaíocht Eorpach maidir le staidreamh déimeagrafach.

    An Rialachán maidir le staidreamh Eorpach maidir le déimeagrafaíocht atá beartaithe, cumhdaíonn sé prionsabail Chód Chleachtais an Staidrimh Eorpaigh maidir le tiomantas do cháilíocht, modheolaíocht fhónta, éifeachtacht ó thaobh costais, ábharthacht, cruinneas agus iontaofacht, comhtháiteacht agus inchomparáideacht.

    Luaitear i gCinneadh Uimh. 1578/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 maidir le Clár Staidrimh an Chomhphobail 2008 go 2012[1] gurb é an príomhchuspóir a bheidh ag staidreamh déimeagrafach an tacar cuimsitheach sonraí agus na hanailísí is gá a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí atá ag athruithe déimeagrafacha san Eoraip.

    Tá na sonraí a chuimsítear faoin togra seo bailithe cheana féin ar bhonn deonach le roinnt blianta anuas. D’fhéadfaidís a bheith éagsúil óna chéile ó thaobh sainmhínithe déimeagrafacha, coincheap agus na modhanna a úsáideadh sna Ballstáit, agus tá mórbhaol ilchineálachta, easpa comparáideachta, neamh-chomhsheasmhachta agus easpa tráthúlachta ag baint leo freisin. Lena chois sin, ó tharla go bhfuil glactha anois Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh comhphobail maidir le himirce agus cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú[2] agus Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus áirimh tithíochta[3], tá an togra seo ceaptha comhchuibhiú réimse na sonraí maidir leis an daonra a chur i gcrích.

    2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    - MALARTUITHE EOLAIS AGUS PLÉ INMHEÁNACH IDIR SEIRBHÍSÍ AN CHOIMISIÚIN

    Ba iad príomhsheirbhísí an Choimisiúin a bhí i gceist le linn an phróisis forbartha DG SG, DG EMPL, DG REGIO, DG SANCO, DG ECFIN agus DG AGRI. Iarradh a dtuairimí orthu go hoifigiúil trí bhíthin comhairliúchán i scríbhinn le linn céime ullmhúcháin an togra (meastóireacht ex-ante). Bhí cumarsáid ar siúl go minic agus go rialta i rith an phróisis forbartha, lena n-áirítear díospóireachtaí déthaobhacha agus freastal rialta ar an nGrúpa Oibre Déimeagrafaíochta. Thug gach ceann de na seirbhísí a ndeachthas i gcomhairle leo tuairim fhabhrach i leith an tionscadail, agus leag siad béim ar a gcuid riachtanas féin agus ar bhunús dlí agus polaitiúil na riachtanas sin.

    - Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Tá a fhios ag na Ballstáit le tamall anuas go bhfuil Eurostat ag pleanáil tionscnamh reachtach i réimse na sonraí déimeagrafacha. Ó bhí 2007 ann tá obair ullmhúcháin de chineálacha éagsúla ar siúl ar dhréacht-Rialachán réime maidir le staidreamh déimeagrafach bliantúil mar chuid de chláir oibre staitistiúla bliantúla an Choimisiúin.

    Ó bhí Márta 2008 ann tá faisnéis á cur ar fáil go rialta ag Eurostat do na Ballstáit ag cruinnithe an Ghrúpa Oibre Déimeagrafaíochta. I mí na Samhna 2009, d'admhaigh an Grúpa Oibre Déimeagrafaíochta an gá atá le reachtaíocht Eorpach maidir le bailiú sonraí déimeagrafacha. Ar an ócáid sin, cuireadh i láthair meastóireacht ex-ante ar an togra agus pléadh é mar aon le chéad dhréacht an Rialacháin. Fuarthas tuairimí maidir leis an gcéad dréacht ó Bhallstáit agus ionchorpraíodh iad sa dréacht athbhreithnithe a seoladh ag deireadh na bliana 2010 chun tuairimí breise a fháil. Ionchorpraíodh an dara babhta barúlacha sa dara leagan den Rialachán a pléadh sa Ghrúpa Oibre Déimeagrafaíochta i mí Aibreáin 2011. Coinníodh na Stiúrthóirí Eorpacha Staidrimh Shóisialaigh ar an eolas go tráthrialta maidir leis an dul chun cinn.

    Tíolacadh an togra don Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach freisin an 17 Samhain 2011.

    Sa bhreis ar chruinnithe rialta, scaipeadh faisnéis trí shuíomh Gréasáin tiomnaithe de chuid CIRCA.

    - Bailiú agus úsáid saineolais

    Is iad moltaí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Daonáirimh agus Áirimh Tithíochta agus maidir le Staidreamh Beatha foinse thagartha na sainmhínithe atá beartaithe.

    - Anailís ar éifeachtaí agus ar impleachtaí

    Áirithíonn an creat atá beartaithe do staidreamh déimeagrafaíochta an Aontais Eorpaigh go mbeidh na sonraí níos tráthúla, níos comhtháite, níos inchomparáide, agus níos comhsheasmhaí agus ar an gcaoi sin níos ábhartha d’úsáideoirí ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon. Ina theannta sin tá sé d'aidhm aige féachaint leis nach n-áireofar gach cónaitheoir, breith agus bás ar leith ach aon uair amháin sna staitisticí.

    3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    - ACHOIMRE AR AN NGNÍOMHAÍOCHT ATÁ BEARTAITHE

    Tá sé de chuspóir ag an Rialachán seo creat coiteann a bhunú chun soláthar córasach a dhéanamh ar staidreamh de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le déimeagrafaíocht, trí staidreamh comhchuibhithe an Aontais Eorpaigh ar dhaonra agus ar theagmhais bheatha a dhéanfaidh na Ballstáit a bhailiú, a thiomsú, a phróiseáil agus a tharchur.

    - Bunús dlí

    Tá Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina bhunús dlí ag an staidreamh Eorpach. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staidreamh a sholáthar, nuair is gá, chun ghníomhaíochtaí an Aontais a chur i gcrích. Leagtar amach ann na ceanglais a bhaineann le staidreamh Eorpach a ullmhú, agus sonraítear nach mór caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíochta, éifeachtúlachta costais, agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh. Ní ceart ualaí iomarcacha a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.

    - Prionsabal na coimhdeachta

    Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar an gcúis seo a leanas.

    Comhchuibheas agus inchomparáideacht an dá phríomhábhar imní ó thaobh cáilíochta de a bhaineann le sonraí staidrimh de chineál ar bith. Cé go n-úsáidtear sonraí maidir leis an daonra agus sonraí maidir le teagmhais bheatha chun cabhrú le reachtaíocht an AE a chomhlíonadh, chun beartais an AE a mheas nó chun comparáid a dhéanamh idir beartais náisiúnta ar leibhéal Eorpach, is léir nach mór sonraí bunúsacha, atá inchomparáide ar leibhéal Eorpach, a úsáid. Ní féidir leis na Ballstáit an toradh sin a bhaint amach mar is gá de cheal chreat soiléir de chuid an AE, i.e. reachtaíocht de chuid an AE ina leagtar amach coincheapa coiteanna staidrimh agus ceanglais cháilíochta. Chuige sin, tá sé beartaithe Rialachán maidir le déimeagrafaíocht a ghlacadh. D’uireasa staidrimh den sórt sin, arna mbailiú agus arna dtiomsú ag baint úsáide as creat coiteann de chuid an AE, thiocfadh laghdú ar ábharthacht agus ar éifeachtacht na gcóras náisiúnta um staidreamh déimeagrafach.

    Dá ngníomhódh na Ballstáit ina n-aonar dhéanfaí dochar do leasanna na mBallstát ar an gcúis seo a leanas:

    Gan comhchreat AE ina mbainfear úsáid as coincheapa agus sainmhínithe coiteanna, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair, nó dodhéanta féin, staidreamh déimeagrafach ardchaighdeáin a thiomsú. Taispeánann an taithí a fuarthas go dtí seo nach dtagann ó chomhaontuithe neamhfhoirmiúla nach bhfuil creatlach chomhaontaithe ag gabháil leo atá soiléir agus faoi mhaoirseacht, nach dtagann astu staitisticí den cháilíocht a bheidh ag teastáil feasta.

    Is fearr a éireoidh le gníomhaíocht ar leibhéal Eorpach cuspóirí an togra a bhaint amach ar na cúiseanna seo a leanas:

    Is féidir cuspóirí an togra a chur i gcrích níos fearr ar leibhéal Eorpach ar bhonn ghníomh dlíthiúil de chuid an AE, mar gurb é an Coimisiún amháin is féidir an comhchuibhiú faisnéise staidrimh a chomhordú ar leibhéal an AE. Is féidir, áfach, leis na Ballstáit bailiú sonraí agus tiomsú staidrimh inchomparáide maidir le déimeagrafaíocht a eagrú trí na foinsí agus na modhanna iomchuí a úsáid chun an fhaisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an AE beart a dhéanamh dá bhrí sin chun na críche sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

    Is é aidhm an togra comhchuibhiú a dhéanamh ar choincheapa, ar na hábhair atá faoi chaibidil, ar shaintréithe na faisnéise a cheanglaítear, ar chuimsiú, ar chritéir cháilíochta agus ar spriocdhátaí tuairiscithe agus ar thorthaí, chun staidreamh Eorpach atá ábhartha, tráthúil, inchomparáide agus comhtháite a chur ar fáil.

    Tiomsóidh na Ballstáit na sonraí ag baint úsáide as a bhfoinsí agus as a gcleachtais náisiúnta féin, ach ceanglaítear orthu cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur a áirithiú, agus a áirithiú go bhfuil na sainmhínithe coiteanna á gcomhlíonadh ag na foinsí sonraí agus ag an mhodheolaíocht a roghnaíodh. Ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na foinsí sonraí, na sainmhínithe agus na modhanna meastacháin a úsáideadh chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh agus ní mór dóibh faisnéis a sholáthar faoi aon athruithe a dhéantar orthu. Soláthróidh siad gach faisnéis is gá do Eurostat chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

    - Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis seo a leanas:

    Níl sa Rialachán ach an méid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin. Roghnú saor na bhfoinsí sonraí i gcomhréir le dlíthe agus le prionsabail náisiúnta, mar aon leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as teicnící meastacháin agus modhanna staidrimh, ba cheart go laghdóidís an t-ualach airgeadais agus riaracháin ar fhreagróirí, ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla agus ar shaoránaigh.

    - Rogha na n-ionstraimí

    An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas:

    Braitheann roghnú na hionstraime iomchuí ar an gcuspóir reachtach. I bhfianaise na riachtanas faisnéise atá ann ar leibhéal Eorpach, is gnách, i réimse an staidrimh Eorpaigh, rialacháin a úsáid in ionad treoracha mar ghníomhartha bunúsacha. Is fearr rialachán mar go leagann sé síos an dlí céanna ann ar fud an AE, agus ní féidir leis na Ballstáit é a chur i bhfeidhm go neamhiomlán ná ní féidir leo ach codanna de a chur i bhfeidhm. Tá sé infheidhme go díreach, rud a chiallaíonn nach gá é a thrasuí sa dlí náisiúnta. Os a choinne sin, i gcás treoracha, arb é is aidhm leo dlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú, tá a gcuspóirí ceangailteach ar na Ballstáit, ach fágtar faoi na húdaráis náisiúnta an rogha a dhéanamh maidir leis an bhfoirm a úsáidtear chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ní mór iad a thrasuí sa dlí náisiúnta freisin. Tá úsáid rialacháin i gcomhréir le gníomhartha dlíthiúla staidrimh eile Eorpacha a glacadh ó bhí 1997 ann.

    4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais.

    5. FAISNÉIS BHREISE

    - AISGHAIRM NA REACHTAÍOCHTA ATÁ ANN CHEANA

    Ní dhéanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm de thoradh an togra a ghlacadh.

    - An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

    Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

    2011/0440 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le staidreamh Eorpach maidir le déimeagrafaíocht

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. I gcomhréir le hAirteagal 16 (4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, amhail ón 1 Samhain 2014, saineofar tromlach cáilithe ar bhonn dhaonra na mBallstát.

    2. Tugann Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sainordú go rialta don Choiste um Beartas Geilleagar chun measúnú a dhéanamh ar inbhuaine fhadtéarmach agus ar cháilíocht an airgeadais phoiblí ar bhonn réamh-mheastacháin daonra a chuireann Eurostat ar fáil.

    3. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le bunú rangú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS)[4], ba cheart rangú NUTS a úsáid i dtaca le staidreamh na mBallstát go léir a tharchuirfear chuig an gCoimisiún agus a mhiondealófar de réir aonad críochach. Dá réir sin, d’fhonn staidreamh réigiúnach inchomparáide a bhunú, ba cheart na haonaid chríche a shainiú i gcomhréir leis an aicmiú NUTS.

    4. De bhun Airteagail 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gach trí bliana cuireann an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na Réigiún ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach. Chun na tuarascála sin a thabhairt ar aird agus chun faireachán rialta a dhéanamh ar athruithe déimeagrafacha agus ar dhúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo i réigiúin an AE, lena n-áirítear cineálacha éagsúla réigiún amhail réigiúin trasteorann, réigiúin cathrach, réigiúin tuaithe, agus réigiúin sléibhe nó oileánda, tá sonraí réigiúnacha bliantúla ar leibhéal réigiúnach NUTS 3. Ós rud é go mbíonn difríochtaí móra réigiúnacha le sonrú in aosú an daonra, iarrtar ar Eurostat réamh-mheastacháin réigiúnacha a ullmhú ar bhonn rialta d'fhonn an cur síos déimeagrafach ar réigiúin NUTS 2 san Aontas Eorpach a chomhlánú.

    5. I gcomhréir le hAirteagal 159 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí Airteagail 151 a bhaint amach, lena n-áirítear an staid dhéimeagrafach san Aontas.

    6. Ina Theachtaireacht "Dlúthpháirtíocht i gcúrsaí sláinte: éagothroime sláinte a laghdú san AE"[5] thacaigh an gCoimisiún le forbairt agus bailiú breise sonraí agus táscairí sláinte de réir aoise, gnéis, stádais shocheacnamaíoch agus toisí geografacha.

    7. Is éard is aidhm le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Fhorbraíocht Inbhuanaithe, arna sheoladh ag an Chomhairle Eorpach in Göteborg in 2001 agus arna athnuachan i mí an Mheithimh 2006, feabhas leanúnach a chur ar cháilíocht beatha na glúine seo agus na nglún atá le teacht. I dtuarascáil faireacháin Eurostat, a fhoilsítear gach dhá bhliain, tugtar cur síos oibiachtúil staitistiúil ar an dul chun cinn atá déanta, ar bhonn shraith táscairí de chuid an AE maidir le forbairt inbhuanaithe.

    8. Tá sonraí staitistiúla bliantúla maidir le déimeagrafaíocht ríthábhachtach chun staidéar a dhéanamh ar raon leathan polasaithe agus iad a shainiú, go háirithe ó thaobh saincheisteanna sóisialta agus eacnamaíocha, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Ainmneoir tábhachtach, i gcás go leor táscairí beartas, is ea staidreamh Eorpach maidir leis an daonra.

    9. Cuid shár-riachtanach den mheastachán ar an daonra iomlán a dhéantar faoi Chóras Eorpach na gCuntas is ea staidreamh déimeagrafaíochta maidir leis an daonra.

    10. D’fhonn cáilíocht na sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil, ó thaobh inchomparáideachta de go háirithe, a áirithiú, agus d’fhonn forbhreathnú iontaofa a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ba cheart na sonraí a úsáidtear a bheith bunaithe ar na coincheapa céanna agus ba cheart iad bheith ag tagairt don dáta céanna nó don tréimhse thagartha chéanna.

    11. Ba cheart an fhaisnéis maidir le déimeagrafaíocht a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ábhartha arna bailiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú[6] agus Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus áirimh tithíochta [7].

    12. Tá Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009[8] maidir le Staidreamh Eorpach ina chreat tagartha ag an staidreamh Eorpach maidir le déimeagrafaíocht. Ceanglaítear leis, go háirithe, comhlíonadh na bprionsabal maidir le neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus éifeachtacht costais.

    13. Agus staidreamh Eorpach á thiomsú, á thabhairt ar aird agus á scaipeadh acu faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Eorpacha aird a thabhairt ar na prionsabail atá leagtha amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, arna athbhreithniú agus nuashonrú ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an 28 Meán Fómhair 2011.

    14. Áirithítear leis an Rialachán seo an ceart go n-urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, arna leagan amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.[9].

    15. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú chun staidreamh Eorpacha maidir le déimeagrafaíocht sna Ballstáit a thiomsú go córasach, nach féidir é a bhaint amach go leormhaith, agus gur fearr, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal Eorpach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    16. D’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na meicníochtaí maidir leis na Ballstáit a bheith ag déanamh rialú ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[10].

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann chun staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le teagmhais bheatha a fhorbairt, a ullmhú agus a scaipeadh.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    17. tá le 'náisiúnta' an chiall atá leis in Airteagal 2(f) de Rialachán (CE) Uimh 763/2008, agus is éard atá i gcríoch an sainiú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 sa leagan is infheidhme ag an am tagartha;

    18. tá le 'réigiúnach' an chiall atá leis in Airteagal 2(g) de Rialachán (CE) Uimh. 763/2008; i gcás tíortha nach ball iad den Aontas Eorpach, ciallaíonn sé na réigiúin staitistiúla ar leibhéal 1, 2 nó 3 arna gcomhaontú idir na tíortha sin agus an Coimisiún (Eurostat), de réir an leagain is infheidhme ag an am tagartha;

    19. ciallaíonn 'pobal gnáthchónaithe' gach duine a bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát ag an am tagartha;

    20. tá le 'gnáthchónaí' an chiall atá leis in Airteagal 2(d) sa chéad mhír de Rialachán (CE) Uimh. 763/2008. Na daoine seo a leanas, agus iadsan amháin, a mheasfar a bheith ina ngnáthchónaitheoirí sa limistéar geografach i gceist:

    21. daoine a bhfuil cónaí orthu ina ngnátháit chónaithe ar feadh tréimhse leanúnach 12 mhí ar a laghad roimh an dáta tagartha; nó

    22. daoine a tháinig chun cónaithe go dtí a ngnátháit chónaithe sa 12 mhí roimh an dáta tagartha agus é ar intinn acu fanacht ann ar feadh bliana ar a laghad.

    Agus an sainmhíniú ar 'gnátháit chónaithe' á chur i bhfeidhm acu, déileálfaidh na Ballstáit le cásanna speisialta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1201/2009 ón gCoimisiún[11].

    23. ciallaíonn 'beobhreith' breith linbh a análaíonn nó a léiríonn aon chomhartha eile bheatha, amhail bualadh an chroí, cuisle na sreinge imleacáin, nó gluaiseacht chinnte i matáin dheonacha, beag beann ar an tréimhse iompair;

    24. ciallaíonn 'bás' buandul ar ceal gach comhartha beatha am ar bith i ndiaidh beobhreithe;

    25. ciallaíonn 'teagmhais bheatha' beobhreitheanna agus básanna mar atá sainithe i bpointí Error! Reference source not found. agus (f);

    26. ciallaíonn 'sonraí bailíochtaithe' sonraí a chomhlíonann tacar critéar cáilíochta maidir le tiomsú sonraí, lena n-áirítear na seiceálacha go léir arna ndéanamh ar cháilíocht na sonraí atá le foilsiú nó a foilsíodh cheana.

    Airteagal 3

    Sonraí maidir le daonra agus maidir le teagmhais bheatha

    27. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) na sonraí maidir leis an daonra agus maidir le teagmhais bheatha an daonra dá dtagraítear in Airteagal 2(c) agus 2(d), ag an am tagartha. I gcás nach féidir na cúinsí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 2(d)(i) ná 2(d)(ii) a shuíomh, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) sonraí maidir leis an daonra ag a áit chónaithe dhlíthiúil nó ag a áit chónaithe chláraithe ag an am tagartha; sa chás sin déanfaidh siad iarracht réasúnta sonraí a ullmhú atá chomh cóngarach agus is féidir don daonra dá dtagraítear in Airteagal 2(c) agus 2(d).

    28. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) sonraí maidir le teagmhais bheatha beag beann ar an áit ar thit na teagmhais sin amach, ag an am tagartha. Is é sainmhíniú ar dhaonra a úsáidfidh na Ballstáit an sainmhíniú a úsáidtear i gcás na sonraí dá dtagraítear i mír 1.

    29. Úsáidfidh na Ballstáit an sainmhíniú céanna ar dhaonra do gach leibhéal náisiúnta agus réigiúnach arna sainmhíniú in Airteagal 2 (a) agus (b).

    30. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a ghlacfar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le miondealú na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus 2, agus maidir le minicíocht, spriocdhátaí agus athbhreithnithe sonraí.

    Airteagal 4

    An daonra iomlán chun críocha sonracha de chuid an Aontais

    Chun críocha vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún (Eurostat) sonraí ar an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta ag an am tagartha, dá dtagraítear in Airteagal 2(c), laistigh de 8 mí ó dheireadh na bliana tagartha. Chun críocha an Airteagail seo ní sholáthróidh na Ballstáit sonraí maidir leis an daonra ag a áit chónaithe dhlíthiúil nó ag a áit chónaithe chláraithe ag an am tagartha.

    Airteagal 5

    Am tagartha

    31. Meán oíche an 31 Nollaig an t-am tagartha i gcás sonraí maidir leis an daonra.

    32. An bhliain féilire inar tharla na teagmhais an t-am tagartha i gcás sonraí maidir le teagmhais bheatha.

    33. 2013 an chéad am tagartha a chuirfear san áireamh chun críocha an Rialacháin seo. 2027 an t-am tagartha deiridh.

    Airteagal 6

    Soláthar sonraí agus meiteashonraí

    Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le sonraí agus meiteashonraí a idirmhalartú arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí sin a tharchur tríd an bPointe Iontrála Aonair nó cuirfidh siad ar fáil iad ionas gur féidir leis an gCoimisiún (Eurostat) iad a fháil trí mheán leictreonach.

    Airteagal 7

    Foinsí sonraí

    Beidh na sonraí bunaithe ar na foinsí sonraí arna roghnú ag na Ballstát i gcomhréir le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Nuair is iomchuí, úsáidfear modhanna meastacháin staitistiúla atá eolaíoch agus dea-dhoiciméadaithe.

    Airteagal 8

    Ceanglais cáilíochta

    34. Déanfaidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí tarchurtha a áirithiú.

    35. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm maidir leis na sonraí atá le tarchur ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    36. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir leis na meiteashonraí tagartha i gcomhréir le Struchtúr Meiteashonraí Euro SDMX, agus déanfaidh siad tuairisc go háirithe maidir leis na foinsí sonraí, na sainmhínithe agus na modhanna meastacháin a úsáideadh don chéad bhliain tagartha agus coinneoidh siad an Coimisiún (Eurostat) an eolas faoi aon athruithe.

    37. Ar iarratas ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile dó is gá chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

    38. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí maidir leis an daonra a cheanglaítear le Airteagal 3 den Rialachán seo comhsheasmhach leis na sonraí a cheanglaítear le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

    Airteagal 9

    Coiste

    39. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    40. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 10

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Scoirfidh d'fheidhm a bheith ag an Rialachán seo an 31 Nollaig 2027.

    Arna dhéanamh [...],

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] IO L 344, 28.12.2007, lch. 15.

    [2] IO L 199, 31.7.2007, lch. 23.

    [3] IO L 218, 13.8.2008, lch. 14.

    [4] IO L 154, 21.6.2003, lch 1.

    [5] COIM(2009) 567

    [6] IO L 199, 31.7.2007, lch.23

    [7] IO L 218, 13.8.2008, lch. 14.

    [8] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

    [9] IO C 303, 14.12.2007, lch 1.

    [10] IO L 55, 28.2.2011, lch 13.

    [11] IO L 329, 15.12.2009, lch. 29.

    Top