Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0874

    Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the establishment of a Programme for the Environment and Climate Action (LIFE)

    52011PC0874




    (...PICT...)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2014-2020 (Teachtaireacht an chreata airgeadais ilbhliantúil/an CAI anseo feasta) [1] leagtar amach an creat buiséadach agus na príomhthreochtaí maidir leis an Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach [2]. Ina thogra, chinn an Coimisiún dul i ngleic le gníomhú ar son na haeráide agus leis an gcomhshaol mar dhlúthchuid de na príomhionstraimí agus na príomh-idirghabhálacha go léir. Tugtar le tuiscint leis an gcur chuige ‘príomhshruthaithe’ seo gur gá “cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a léiriú sna príomhionstraimí go léir lena áirithiú go rannchuidíonn siad le geilleagar ísealcharbóin a fhorbairt atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus éifeachtúil ar acmhainní, lena gcuirfear feabhas ar iomaíochas na hEorpa, lena gcruthófar níos mó post agus poist ghlaise, lena neartófar slándáil fuinnimh, agus lena mbainfear amach leasanna sláinte."

    Mar sin féin, ní théitear i ngleic leis na riachtanais shonracha chomhshaoil agus aeráide uile i bpríomhionstraimí cistiúcháin an Aontais. Tá cur chun feidhme na reachtaíochta comhshaoil agus aeráide fós neamhchothrom agus neamhleor ar fud an Aontais, agus comhdhlúthaítear fadhbanna comhshaoil agus aeráide dá bhrí sin. Tá gá le bealaí nua agus níos éifeachtúla chun reachtaíocht a chur chun feidhme sa chás seo, mar aon le forbairt agus leathadh dea-chleachtas ar fud an Aontais lena áirithiú go bhfoghlaimíonn na Ballstáit agus páirtithe leasmhara óna chéile.

    Is ar an gcúis sin, de bhreis ar phríomhshruthú, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint le Clár LIFE arna rialáil faoi Rialachán LIFE+ faoi láthair [3]. Má dhéantar an cur chuige príomhshruthaithe a chomhcheangal le hionstraim shonrach méadófar comhleanúnachas agus breisluach idirghabháil an Aontais. Trí bhíthin ionstraime tiomnaithe, cuirtear ar chumas an Choimisiúin tosaíochtaí a mhúnlú ar bhealach níos fearr, faireachán díreach a dhéanamh ar chur chun feidhme, agus a áirithiú go mbaintear úsáid éifeachtach as na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus na haeráide. Trí bhíthin an chur chuige sin cuirtear deis ar fáil don Choimisiún na tionscadail is fearr a roghnú ar fud an Aontais, agus ar an gcaoi sin dul i ngleic le clistí comhordaithe.

    Ina theannta sin, bíonn gné den leas poiblí ag baint le sócmhainní comhshaoil agus go mbíonn siad scaipthe go míchothrom ar fud an Aontais. Tá gá le cur i bhfeidhm comhsheasmhach phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta chun an oibleagáid i leith chaomhnú agus chosaint na sócmhainní sin a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, in Airteagal 8 den Treoir maidir le Gnáthóga [4] nasctar go sainráite baint amach na mbeart caomhnaithe le soláthar cómhaoinithe ón Aontas. Tá ról fíor-riachtanach ag LIFE maidir le dáileadh níos fearr na comhroinnte freagrachta agus na dlúthpháirtíochta chun leas coiteann aeráide agus comhshaoil an Aontais a chaomhnú.

    Déanfar an méid seo a leanas trí chlár cistiúcháin sonrach don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide:

    · áirithítear idirghabháil níos éifeachtaí ná gníomhaíocht aonair na mBallstát trí chomhthiomsú méadaithe acmhainní agus saineolais, agus trí chomhpháirtíochtaí a mhealladh a bheadh sé deacair iad a bhunú seachas sin;

    · soláthraítear an t-ardán chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a mhalartú chun eolas a chomhroinnt, athruithe a fheabhsú, a chatalú agus a luathú i gcur chun feidhme an acquis aeráide agus comhshaoil, agus chun deis a thabhairt do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí foghlaim óna chéile agus dul i ngleic leis na dúshláin seo ar bhealach níos éifeachtúla;

    · cruthaítear sineirgíochtaí ar fud Chistí an Aontais agus cistí náisiúnta trína gcuid gníomhaíochta a chomhordú go comhpháirteach i dtreo cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, fad is a dhéantar cistí breise na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí a ghiaráil. Ar an gcaoi sin, méadaítear comhleanúnachas agus éifeachtacht idirghabháil an Aontais agus cothaítear cur chun feidhme níos aonchineálaí an acquis;

    · méadaítear infheictheacht na gníomhaíochta ar son na haeráide agus an chomhshaoil tríd an Aontas a thabhairt níos cóngaraí dá shaoránaigh agus trí thiomantas an Aontais do chuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a léiriú, agus dá bhrí sin, na cuspóirí sin a dhéanamh níos ábhartha.

    I roinnt meastóireachtaí [5] daingnítear gur ionstraim rathúil é Clár LIFE chun beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chur chun feidhme, a bhfuil breisluach suntasach ann. Mar sin féin, tarraingíodh aird sna meastóireachtaí sin ar an gcaoi a bhfuil tionchar bheartas Chlár LIFE teoranta de bharr na heaspa béime straitéisí ann. Is é a chur chuige ó bhun aníos i leith tionscadail a roghnú is cúis leis sin i bpáirt, mar ní raibh an Coimisiún in ann éileamh a stiúradh bunaithe ar riachtanais bheartais aeráide agus comhshaoil an Aontais dá thoradh. Dá bhrí sin, tá gá le béim níos soiléire ar ghníomhaíochtaí agus ar earnálacha ina bhféadfadh LIFE difríocht a dhéanamh.

    I bhfianaise na ndúshlán nua amach romhainn agus bhaint amach dhúshláin agus spriocanna na straitéise Eoraip 2020, ní mór athruithe a dhéanamh ar an gClár. Áirítear dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an tAontas a dhéanamh níos athléimní i leith na rioscaí gaolmhara ar roinnt de na dúshláin is mó atá os comhair an Aontais agus is gá gníomhaíocht phráinneach a ghlacadh de réir mar atá léirithe sa Straitéis Eoraip 2020. Aithníonn an Coimisiún an dúshlán sin agus tá sé sonraithe i dTeachtaireacht an chreata airgeadais ilbhliantúil uaidh go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an cion de bhuiséad an Aontais a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide a mhéadú go dtí 20 % ar a laghad le ranníocaíocht ó bheartais éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) rannchuidiú leis an sprioc sin.

    2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Baintear leas sa Rialachán seo as anailís fhairsing ar na roghanna a dtugtar aghaidh orthu sa Mheasúnú Tionchair [6] agus as comhairliúchán leathan le páirtithe leasmhara. Go háirithe, rinneadh na staidéir agus na comhairliúcháin seo a leanas:

    – an mheastóireacht ex-post ar Chlár LIFE (1996-2006) [7] agus an mheastóireacht mheántéarma ar Chlár LIFE+ (2007-2009); [8]

    – staidéir arna gcoimisiúnú ó shainchomhairleoirí seachtracha, eadhon: Combined impact assessment and ex-ante evaluation of the review of the LIFE+ Regulation (Measúnú tionchair agus meastóireacht ex-ante comhcheangailte maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán LIFE+) [9] agus Climate Change in the future multiannual financial framework (An tAthrú Aeráide sa chreat airgeadais ilbhliantúil amach anseo); [10]

    – comhairliúchán oscailte ar líne maidir le ‘Do Ghuth san Eoraip'; [11]

    – comhairliúchán arna dhéanamh ag Coiste na Réigiún; [12]

    – comhairliúchán le comhaltaí Choiste LIFE+ agus attachés comhshaoil na mBallstát agus cruinniú ad hoc de pháirtithe leasmhara. [13]

    Ba é toradh na gcomhairliúchán go meastar go bhfuil ag éirí go maith le Clár LIFE go ginearálta ó thaobh an chomhshaoil agus an bhreisluacha de. Tacaíonn geallsealbhóirí le leanúint de LIFE, mar aon leis na hidirghabhálacha agus na tograí éagsúla a rinne an Coimisiún, lena n-áirítear tograí le haghaidh cineál nua tionscadail, Tionscadail Chomhtháite.

    Cé go dtacaíonn páirtithe leasmhara le LIFE chun díriú níos mó ar chur chun feidhme agus ar comhtháthú cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid i mbeartais eile, ní thacaíonn siad le teorannú sna réimsí téamacha arna gcumhdach. Ar an gcaoi chéanna, cé go dtacaíonn na geallsealbhóirí go ginearálta leis an aistriú ó chur chuige ó bhun aníos go hiomlán go dtí cur chuige ó bharr anuas, tá siad i gcoinne tosaíochtaí bliantúla agus uileghabhálacha a bhunú. Is é an phríomhchúis leis sin gur cheart go mbeadh na réimsí tosaíochta réasúnta cobhsaí le cur ar chumas iarratasóirí féideartha tograí a phleanáil, a ullmhú agus a chur isteach.

    Dá bhrí sin, bhí an Measúnú Tionchair dírithe ar mholtaí ó na meastóireachtaí agus ón gCúirt Iniúchóirí [14] agus é mar aidhm leis éifeachtacht agus breisluach LIFE a mhéadú, fad is a gcuirtear príomhábhair imní agus príomh-mholtaí na ngeallsealbhóirí ar áireamh.

    Déantar iarracht leis na roghanna chun tosaíochtaí a bhunú, a ndearnadh anailís orthu sa Mheasúnú Tionchair, chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá le cobhsaíocht le haghaidh iarratasóirí féideartha agus an gá díriú níos mó ar riachtanais bheartais an Aontais. Rinneadh anailís ar thrí chás. Is é an status quo an chéad cheann, le cur chuige ó bhun aníos arna cheartú go páirteach trí acmhainní atá curtha in áirithe a dhíriú ar ghníomhú ar son na haeráide. Is cur chuige solúbtha ó bharr anuas é an dara ceann le haghaidh gach cineáil tionscadail, trína bhforbraíonn an Coimisiún cláir oibre ilbhliantúla ina sonraítear tosaíochtaí téamacha a bhaineann le spriocanna sonracha a bhaint amach, agus lena spreagtar an t-éileamh chun dul i ngleic le tosaíochtaí téamacha faoi chuimsiú na gcomhpháirteanna éagsúla. Ní dhíreofar Tionscadail Chomhtháite, i bhfianaise a saintréithe, ach ar earnálacha áirithe go dtí go mbainfear spriocanna amach. Is comhcheangal den chur chuige ó bharr anuas le haghaidh Tionscadal Comhtháite agus den chur chuige ó bhun aníos le haghaidh gach cineáil eile tionscadail é an tríú cás. Faoin rogha sin, chuirfeadh an Coimisiún teorainn ex-ante ar fhócas téamach na dTionscadal Comhtháite ar cheithre earnáil san fhochlár don Chomhshaol go dtí go mbainfear spriocanna amach, fad is féidir le hiarratasóirí tograí a chur isteach maidir le cineálacha eile tionscadail sna hearnálacha comhshaoil uile. Is é cur chuige solúbtha ó bharr anuas an rogha tosaíochta.

    Rinneadh anailís leis an Measúnú Tionchair ar roghanna le haghaidh réimsí ar ar cheart go mbeadh Tionscadail Chomhtháite dírithe, agus cinneadh gurb iad Natura 2000, uisce, dramhaíl agus aer na hearnálacha ina raibh an acmhainneacht is airde le haghaidh rathúlachta agus ina bhféadfaí an líon is mó tairbhí comhshaoil a bhaint amach. Luaigh na geallsealbhóirí, go háirithe údaráis réigiúnacha, na hearnálacha sin chomh maith. Toisc go bhfuil an fochlár don Ghníomhú ar son na haeráide nuabhunaithe, féadfar Tionscadail Chomhtháite atá ábhartha don mhaolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a thabhairt isteach de réir a chéile tar éis 2 bhliain nó 3 bliana den tréimhse chlárúcháin. Rinneadh anailís sa Mheasúnú Tionchair freisin le fáil amach an raibh an 50 % d’acmhainní tionscadail a cuireadh in áirithe le haghaidh an dúlra agus na bithéagsúlachta fós bailí agus baineadh de thátal as go raibh. Go deimhin, mheas na geallsealbhóirí go léir gurb é an bhithéagsúlacht an tosaíocht is tábhachtaí le haghaidh LIFE. Rinneadh measúnú sa Mheasúnú Tionchair freisin ar roghanna maidir le dáileadh geografach tionscadal, lena n-áirítear an fhéidearthacht maidir le leithdháiltí náisiúnta (cosúil le Rialachán LIFE+). Bhí trí rogha beartaithe: córas bunaithe ar fhiúntas amháin gan aon chritéir gheografacha a bheith i gceist maidir le roghnú; córas um chothromaíocht gheografach arna háirithiú ag an gCoimisiún i gcomhréir le prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta; agus córas leithdháiltí náisiúnta le haghaidh Tionscadal Comhtháite. Is í an rogha tosaíochta cothromaíocht gheografach a áirithiú le haghaidh Tionscadal Comhtháite.

    Ar deireadh, cuireadh béim láidir ar shimpliú chun cur leis na hathruithe arna ngabháil ar láimh ag LIFE+, amhail úsáid ríomhthograí. Ba iad seo a leanas na réimsí a aithníodh le haghaidh simpliú bhreise: cur chuige dhá chéim chun Tionscadail Chomhtháite a roghnú, úsáid níos mó a bhaint as cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, agus neamh-incháilitheacht costas áirithe. Lena áirithiú nach gcuirfear tairbhithe faoi mhíbhuntáiste de bharr an tsimplithe sin, rinneadh iniúchadh sa Mheasúnú Tionchair ar an rogha chun na rátaí cómhaoinithe a mhéadú. Mar chuid de na bearta simplithe, rinneadh anailís freisin ar roghanna chun an chuid is mó de na cúraimí bainistíochta a sheachtrú go dtí Gníomhaireacht Feidhmiúcháin reatha, lena n-áirítear seachtrú iomlán agus rogha hibrideach.

    3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    Tá cuspóirí comhshaoil an Aontais cumhdaithe i dTeideal XX den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is é Airteagal 192 den CFAE an bunús dlí is coitianta le haghaidh reachtaíochta comhshaoil agus aeráide lena dtugtar cumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle cinneadh a dhéanamh cén ghníomhaíocht ar cheart don Aontas a ghlacadh d’fhonn na cuspóirí comhshaoil atá leagtha amach in Airteagal 191 den CFAE a bhaint amach. Trí Chonradh Liospóin go háirithe, neartaíodh an bhéim ar ghníomhú ar son na haeráide trí dhul i ngleic leis an athrú aeráide a dhéanamh ina chuid fhollasach de na cuspóirí comhshaoil.

    Leagtar amach in Airteagal 11 den CFAE an oibleagáid ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme ghníomhaíochtaí agus bheartais an Aontais, go háirithe d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

    Ina theannta sin, in Airteagal 8 den Treoir maidir le Gnáthóga nasctar go sainráite baint amach na mbeart caomhnaithe le soláthar cómhaoinithe ón Aontas.

    Tá an togra seo le haghaidh Rialachán nua LIFE ceaptha mar Chlár LIFE ina bhfuil dhá fhochlár: ceann amháin don Chomhshaol agus ceann eile don ghníomhú ar son na haeráide. Trí fhochlár an ghníomhaithe ar son na haeráide a chruthú, déantar an iar-shraith théamach ‘an t-athrú aeráide’ faoin gcomhpháirt maidir le Rialachas agus Beartas Comhshaoil de LIFE+ a uasghrádú.

    Tá féidearthacht mhór ann do shineirgíochtaí idir cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar d’fhéadfadh tairbhe a bheith ag tionscadail le haghaidh ilchuspóirí. Mar shampla, d’fhéadfadh comhthairbhí maidir leis an mbithéagsúlacht agus maolú ar athrú aeráide a bheith mar thoradh ar thionscadail a bhaineann le cosaint foraoisí, trí athfhoraoisiú a fheabhsú agus dá bhrí sin an cumas ionsúite carbóin a fheabhsú freisin. Féadfaidh tionscadail athchóirithe tuilemhánna an t-oiriúnú don athrú aeráide agus an trasdul i dtreo sochaí atá níos athléimní ó thaobh aeráide de a éascú.

    Tá sé de chuspóir ag Clár LIFE a bheith ina chatalaíoch le cur chun feidhme agus comhtháthú cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chur chun cinn i mbeartais eile agus i gcleachtas na mBallstát. Cuirtear béim speisialta ar rialachas níos fearr mar tá sé nasctha go dlúth le cur chun feidhme a fheabhsú.

    Is athrú tábhachtach chun éifeachtúlacht Chlár LIFE a fheabhsú agus chun naisc níos dlúithe le tosaíochtaí beartais an Aontais a chruthú é an t-aistriú ó chur chuige ó bhun aníos go dtí cur chuige solúbtha ó bharr anuas. Déanfaidh an Coimisiún cláir oibre a bheidh bailí le haghaidh dhá bhliain ar a laghad a dhréachtú i gcomhairliúchán leis na Ballstáit. Cumhdófar leo sin e.g. tosaíochtaí, leithdháileadh acmhainní idir cineálacha cistiúcháin, agus spriocanna don tréimhse. Ní bheidh na tosaíochtaí arna gcur ar áireamh iontu sin uileghabhálach d’fhonn deis a thabhairt d’iarratasóirí tograí a chur isteach i réimsí eile chomh maith agus tuairimí nua a ionchorprú agus freagairt do dhúshláin nua. Ar an gcaoi sin, cabhróidh Coiste Chlár LIFE maidir leis an gComhshaol agus leis an Athrú Aeráide leis an gCoimisiún. Beidh dhá chuid sa Choiste sin agus, go háirithe, beidh cathaoirligh éagsúla agus comhdhéanamh éagsúil ag an gCoiste, ag brath ar cibé acu an mbaineann na saincheisteanna atá i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol nó leis an bhfochlár don Ghníomhú ar son na hAeráide. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, gnéithe sonracha eile de Chlár LIFE, amhail critéir incháilitheachta a shonrú maidir le tionscadail a roghnú, critéir a shonrú maidir le cothromaíocht gheografach a chur i bhfeidhm i leith Tionscadal Comhtháite, agus táscairí feidhmíochta a shonrú is infheidhme maidir le tosaíochtaí téamacha sonracha.

    Mórathrú eile is ea cineál nua tionscadal a chruthú: “Tionscadail Chomhtháite”. Tá sé d’aidhm leo sin cur chun feidhme an bheartais chomhshaoil agus aeráide agus a gcomhtháthú i mbeartais eile a fheabhsú, go háirithe trí shlógadh comhordaithe cistí eile an Aontais, cistí príobháideacha agus cistí náisiúnta i dtreo cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol nó leis an aeráid a áirithiú.

    Feidhmeofar Tionscadail Chomhtháite ar mhórscála críochach (go háirithe ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, nó náisiúnta, agus ar bhealach trasearnála) agus díreofar iad i dtreo chur chun feidhme pleananna nó straitéisí maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide nó chomhshaoil a cheanglaítear le reachtaíocht comhshaoil nó aeráide, de bhun gníomhartha eile an Aontais nó arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát. Díreofar Tionscadail Chomhtháite le haghaidh an fhochláir don Chomhshaol go príomha ar chur chun feidhme pleananna agus clár a bhaineann leis an Treoir maidir le hÉin [15] agus Gnáthóga, an Chreat-Treoir Uisce [16], agus leis an reachtaíocht um cháilíocht Aeir agus um Dhramhaíl. Ba cheart go gcumasófaí leis na Tionscadail Chomhtháite seo torthaí a bhaint amach i réimsí beartais eile, go háirithe an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí [17]. I gcás an fhochláir don Ghníomhú ar son na hAeráide, féadfar Tionscadail Chomhtháite a dhíriú ar chur chun feidhme pleananna gníomhaíochta agus straitéisí maolúcháin agus oiriúnaithe. Beidh sé d’aidhm le Tionscadail Chomhtháite freisin, nuair is féidir, foinsí cistiúcháin eile an Aontais a shlógadh trí leas a bhaint as sineirgíochtaí agus comhsheasmhacht a áirithiú idir cláir chistiúcháin éagsúla an Aontais. Trína mbíthin, soláthrófar samplaí do na húdaráis fhreagracha den chaoi ina bhféadfaí comhordú a dhéanamh ar ionstraimí cistiúcháin éagsúla chun reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr. Ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaí an comhordú sin idir Clár LIFE agus cláir chistiúcháin eile an Aontais a bhunú faoi chuimsiú an Chomhchreata Straitéisigh.

    Soláthraítear sainiú níos soiléire ar na gníomhaíochtaí arna gcistiú i gcás gach réimse tosaíochta sa Rialachán seo chomh maith. Tá trí réimse tosaíochta san fhochlár don Chomhshaol, agus aistreofar a bhfócas go dtí cur chun feidhme agus comhtháthú. Síneann an réimse tosaíochta Bithéagsúlacht a chuid tacaíochta go dtí dea-chleachtais a fhorbairt le haghaidh dúshlán bithéagsúlachta níos leithne, fad is a gcoinnítear a fócas ar Natura2000. Aistrítear fócas an réimse tosaíochta An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní go dtí cur chun feidhme bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus eisiatar uaidh nuálaíocht atá dírithe ar mhacasamhlú sa mhargadh, toisc go gcumhdófar níos fearr í in “Fís 2020” [18]. Mar chuid den fhócas méadaithe ar rialachas níos fearr a chur chun cinn, cuirtear an réimse tosaíochta Rialachas agus Faisnéis in ionad na hiar-chomhpháirte Faisnéis agus Cumarsáid de LIFE+ agus déanfar leathadh eolais le haghaidh cinnteoireachta agus forbairt dea-chleachtas le haghaidh comhlíonadh níos fearr agus níos éifeachtaí, i dteannta feachtas múscailte feasachta, a chur chun cinn ar bhealach níos gníomhaí dá thoradh.

    Admhaítear in Treochlár 2050 [19] go mbeidh tástáil cineálacha nua cur chuige i leith an mhaolaithe ar athrú aeráide fós fíor-riachtanach chun bogadh i dtreo geilleagair ísealcharbóin. Ní mór oiriúnú don athrú aeráide mar thosaíocht trasearnála an Aontais a áirithiú chomh maith. Ina theannta sin, tá cur chun cinn an rialachais agus múscailt feasachta bun-riachtanach d’fhonn torthaí cuiditheacha a bhaint amach agus chun rannpháirtíocht geallsealbhóirí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don fhochlár don Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le hiarrachtaí lena rannchuideofar le trí réimse tosaíochta shonracha: Maolú ar Athrú Aeráide, Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Faisnéis agus Rialachas Aeráide.

    Is é príomhchuspóir Chlár LIFE catalú a dhéanamh ar athruithe i bhforbairt agus i gcur chun cinn beartas trí réitigh agus dea-chleachtais a sholáthar agus a leathadh chun spriocanna maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach. Dá bhrí sin, cuirtear deiseanna cómhaoinithe ar fáil le haghaidh tionscadal a mbaineann tairbhí soiléire comhshaoil nó aeráide leo agus cuirtear leis an mbonn eolais reatha. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh sineirgíochtaí idir Clár LIFE agus ionstraimí eile an Aontais, e.g. féadfaidh sé leas a bhaint as torthaí taighde agus nuálaíochta de thoradh ar “Fís 2020” agus ar Chreatchláir roimhe sin i réimsí an taighde agus na nuálaíochta.

    Ba cheart do Chlár LIFE gach cineál cistiúcháin atá riachtanach a chumhdach chun dul i ngleic lena chuspóirí agus a thosaíochtaí. Go háirithe, is ionann deontais ghníomhaíochta chun tionscadail a mhaoiniú agus an phríomh-idirghabháil airgeadais. D’fhéadfadh deontais oibriúcháin le haghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha agus aonán eile atá chun leasa an Aontais, atá gníomhach i réimse an chomhshaoil nó na haeráide go príomha, a bheith i gceist chomh maith. Ceadaítear úsáid ionstraimí airgeadais le Clár LIFE [20]. Ba cheart don Choimisiún úsáid soláthair phoiblí ghlais a spreagadh agus deontais ghníomhaíochta á gcur chun feidhme.

    Déanann Clár LIFE a raon feidhme críochach a mhéadú le cur chuige níos solúbtha maidir le cistiú don chomhshaol agus don aeráid lasmuigh den Aontas: ar an gcéad dul síos, trí ghníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas a cheadú go foirmiúil i gcásanna eisceachtúla agus i ndálaí sonracha agus i dtíortha atá rannpháirteach sa chlár nach bhfuil san Aontas freisin; agus ar an dara dul síos, trí bhunús dlí a sholáthar le haghaidh comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar díol spéise iad ó thaobh beartas comhshaoil agus aeráide de ach nach gá go dtagann siad faoi raon feidhme ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais (e.g. staidéir idirnáisiúnta).

    Mar chuid den phróiseas simplithe, glacann Clár LIFE nósanna imeachta níos simplí. Tá sé tábhachtach go mbeadh na Ballstáit páirteach i dtosaíochtaí a shocrú maidir le Clár LIFE, go háirithe lena áirithiú go léireofaí na difríochtaí idir na Ballstáit ar bhealach leormhaith sna tosaíochtaí sin agus go gcabhróidís go héifeachtach chun cur chun feidhme beartas comhshaoil agus aeráide a fheabhsú agus a luathú.

    Ina theannta sin, leanfaidh Clár LIFE d’fheabhas a chur ar chórais TF chun cur isteach leictreonach iarratas a luathú agus a éascú. D’fhonn rannpháirtíocht geallsealbhóirí beaga, amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, a éascú a thuilleadh tabharfar aird faoi leith ar fhoirmeacha iarratais atá soiléir agus aontaithe ar féidir iad a léamh go héasca, ar spriocdhátaí lena ligfear go leor ama chun iarratais a chur isteach, ar chúnamh le hiarratais a ullmhú, agus ar spriocdhátaí a bheith ar fáil go poiblí maidir le tograí tionscadail a dhiúltú nó a dhámhachtain, mar aon le cúiseanna soiléire leis an diúltú. Déanfar anailís ar thionchair shocheacnamaíocha tionscadail nuair a bheidh iarratas á mheasúnú.

    Méadófar úsáid rátaí comhréidhe agus cnapshuimeanna dá thoradh freisin chun próiseas an iarratais agus an próiseas tuairiscithe a éascú, agus laghdófar na riachtanais tuairiscithe maidir le Tionscadail Chomhtháite. Go háirithe, d’fhéadfaí cur chuige dhá chéim a thabhairt isteach maidir le roghnú Tionscadal Comhtháite. D’fhéadfadh tuairisciú agus athchlárú a bheith bunaithe ar thimthriall dhá bhliain agus d’fhéadfaí oiriúnú a dhéanamh ar an sceideal íocaíochta d’fhonn sreabhadh airgid níos comhleanúnaí chuig an tionscadal a áirithiú.

    Ar an gcaoi chéanna, ní mheasfar costais áirithe, a bhí ródhian i dtéarmaí faireacháin agus tuairiscithe, a bheith incháilithe a thuilleadh (e.g. CBL), agus d’fhéadfaí incháilitheacht costas eile, amhail costais pearsanra a bhaineann le baill foirne bhuana nár earcaíodh don tionscadal sin go sonrach iad, a theorannú nó a eisiamh, fad is a choinneofar meicníocht chun a ranníocaíocht leanúnach le gníomhú an tionscadail a chumasú. D'fhonn a áirithiú nach gcuirfear tairbhithe faoi mhíbhuntáiste agus chun leibhéil chomhchosúla tacaíochta a choinneáil le haghaidh tionscadal arna maoiniú trí bhíthin deontas gníomhaíochta amhail Rialachán LIFE+, ba cheart go ndéanfaí na rátaí cómhaoinithe a mhéadú ón 50 % atá i gceist faoi láthair go dtí 70 %, agus go dtí 80 % i gcásanna sonracha, fad is a dhéanfar an éifeacht ghiarála chéanna atá ann inniu a áirithiú. Bheadh feidhm ag an ráta níos airde 80 % i leith Tionscadal Comhtháite mar chúiteamh, mar cé go mbeadh ionchuir shuntasacha de dhíth ó bhaill foirne bhuana le haghaidh na dtionscadal sin, d’fhéadfaí nach measfaí costais na mball foirne buan a bheith ina gcostais incháilithe. Bheadh feidhm ag an ráta sin freisin i leith tionscadal sonrach mar thaca le riachtanais áirithe maidir le reachtaíocht nó beartas an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, i bhfianaise luach straitéiseach na dtionscadal sin agus d’fhonn ráta cómhaoinithe mealltach a áirithiú.

    Ar deireadh, ba cheart go leanfaí de bhainistiú lárnach a dhéanamh ar Chlár LIFE chun naisc le beartais, cáilíocht idirghabhálacha, bainistíocht fhónta airgeadais agus acmhainní cobhsaí a uasmhéadú, agus lena áirithiú go nglacfaí torthaí thionscadail LIFE+ i gceapadh beartas an Aontais. Measann Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí gur sócmhainn bhun-riachtanach é sin. Mar sin féin, d’fhéadfaí an bhainistíocht reatha a fheabhsú trí mórán de na tascanna a tharmligean chuig Gníomhaireacht Feidhmiúcháin atá ann cheana féin. I bhfianaise shaintréithe Chlár LIFE agus d’fhonn sineirgíochtaí le cláir chistiúcháin eile an Aontais a mhéadú, déanfaidh an Coimisiún iniúchadh ar an bhféidearthacht mórán de roghnúchán agus faireachán na gcúraimí a tharmligean chuig an nGníomhaireacht Eorpach um Iomaíochas agus Nuálaíocht, fad is a choinneofaí rialachas Chlár LIFE laistigh den Choimisiún.

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na ngníomhaíochtaí arna mbeartú, mar atá leagtha amach in Airteagal 3, i ngeall ar a nádúr féin, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr na fairsinge agus chlúdach an ghnímh, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin freisin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Is é EUR 3,618 milliún, arna shloinneadh i bpraghsanna reatha, an clúdach airgeadais iomlán do Chlár LIFE i dTeachtaireacht an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014-2020 [21]. As an tsuim sin, leithdháiltear EUR 2,713.5 don fhochlár don Chomhshaol, agus déanfar leath de na hacmhainní atá tiomnaithe do thionscadail arna maoiniú le deontais ghníomhaíochta a leithdháileadh ar thacaíocht do chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta. Leithdháiltear EUR 904.5 milliún don fhochlár don Ghníomhú ar son na haeráide.

    2011/0428 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le Clár a bhunú don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)"

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [22],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún [23],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Tá beartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais tar éis feabhsuithe substaintiúla a chur ar staid an chomhshaoil. Mar sin féin, tá mórdhúshláin chomhshaoil agus aeráide fós ann, agus mura rachfar i ngleic leo beidh iarmhairtí suntasacha i ndán don Eoraip.

    (2) Ba cheart na dúshláin chomhshaoil agus aeráide seo, i ngeall ar a méid agus a gcastacht, a chistiú go príomha trí bhíthin mhórchláir chistiúcháin an Aontais. Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún A Budget for Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020) [24] (“Teachtaireacht an chreata airgeadais ilbhliantúil/an CAI”), inar aithníodh dúshlán an athraithe aeráide, luaigh an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige an cion de bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go dtí 20 % ar a laghad le ranníocaíocht ó bheartais éagsúla. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis an sprioc sin a bhaint amach.

    (3) Mar sin féin, ní féidir dul i ngleic leis na riachtanais shonracha uile maidir leis an gcomhshaol agus maidir le gníomhú ar son na haeráide sna cláir chistiúcháin sin de chuid an Aontais. Maidir leis an gcomhshaol agus gníomhú ar son na haeráide, tá gá le cineálacha sonracha cur chuige chun plé le comhtháthú míchothrom a gcuspóirí i gcleachtas na mBallstát, le cur chun feidhme míchothrom agus neamhleor na reachtaíochta sna Ballstáit, agus le cur chun cinn agus leathadh neamhleor spriocanna beartais. Is iomchuí leanúint de Chlár LIFE arna rialáil ag Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) [25] agus Rialachán nua a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunófaí leis an Rialachán seo Clár cistiúcháin tiomnaithe don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na haeráide (“Clár LIFE”).

    (4) Tá sócmhainní comhshaoil leithdháilte go míchothrom ar fud an Aontais, ach téann a dtairbhí i gcion ar an Aontas ina iomláine. I bhfianaise oibleagáid an Aontais na sócmhainní sin a chosaint, tá gá le cur i bhfeidhm comhsheasmhach phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta, lena dtugtar le tuiscint gur féidir dul i ngleic le roinnt fadhbanna comhshaoil agus aeráide san Aontas ar bhealach níos fearr ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Tá ról fíor-riachtanach ag Clár LIFE maidir le dáileadh níos fearr na comhroinnte freagrachta agus na dlúthpháirtíochta chun leas coiteann aeráide agus comhshaoil an Aontais a chaomhnú.

    (5) De bharr a shaintréithe agus a mhéid, ní féidir le Clár LIFE gach fadhb chomhshaoil agus aeráide a réiteach. Ina ionad sin, ba cheart go mbeadh sé ina phríomhchuspóir aige catalú a dhéanamh ar athruithe i bhforbairt agus i gcur chun cinn beartas trí réitigh agus dea-chleachtais a sholáthar agus a leathadh chun spriocanna maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach.

    (6) Leagtar amach leis an Rialachán seo, le haghaidh fad tréimhse iomlán Chlár LIFE, clúdach airgeadais EUR 3,618 milliún [26] arb é an phríomhthagairt é, de réir bhrí phointe 17 den Togra ón gCoimisiún le haghaidh Comhaontaithe Idirinstitiúidigh an 29 Meitheamh 2011 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais [27], don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (7) I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí i Lucsamburg i Nollaig 1997, agus na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki i Meitheamh 2003, ba cheart go mbeadh na tíortha is iarrthóirí agus tíortha na mBalcán Thiar atá sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, mar aon le tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa, incháilithe chun a bheith rannpháirteach i gcláir an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos leis na comhaontuithe déthaobhacha ábhartha arna gcur i gcrích leis na tíortha sin.

    (8) Le go mbeidh infheistíochtaí a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus leis an gcomhshaol laistigh den Aontas éifeachtach, ní mór roinnt gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lasmuigh dá theorainneacha. D’fhéadfadh sé nach ndéanfaí na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú faoi infheistíochtaí gníomhaíochta seachtraí an Aontais i gcónaí. Ba cheart go bhféadfaí idirghabhálacha a dhéanamh i dtíortha nach bhfuil rannpháirteach go díreach i gClár LIFE, agus ba cheart go bhféadfadh daoine dlítheanacha atá bunaithe sna tíortha sin páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Chlár LIFE go heisceachtúil ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaí coinníollacha sonracha.

    (9) Ba cheart go ndéanfaí creat a sholáthar leis an Rialachán seo chomh maith le haghaidh comhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus chun tacú leo, d’fhonn riachtanais bheartais chomhshaoil agus aeráide a áirithiú nach dtagann faoi raon feidhme ionstraimí gníomhaíochta seachtraí, amhail staidéir áirithe.

    (10) Ba cheart lánpháirtiú i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí an Aontais a dhéanamh ar cheanglais chomhshaoil agus aeráide. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh Clár LIFE comhlántach le cláir chistiúcháin eile an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa [28], Ciste Sóisialta na hEorpa [29], an Ciste Comhtháthaithe [30], an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta [31], an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe [32], an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh [33], agus “Fís 2020” [34]. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit an chomhlántacht sin a áirithiú ar gach leibhéal. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart comhlántacht a áirithiú trí chomhar struchtúrtha a bhunú idir Clár LIFE agus cláir chistiúcháin an Aontais ar a ndéantar bainistíocht chomhpháirteach sa Chomhchreat Straitéiseach [35], go háirithe chun cistiú gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear Tionscadail Chomhtháite a chur chun cinn nó chun tacú le húsáid réiteach, modhanna agus cineálacha cur chuige arna bhforbairt faoi Chlár LIFE. Ba cheart do Chlár LIFE roghnú torthaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ó "Fís 2020” a spreagadh. Sa chomhthéacs sin ba cheart don chlár deiseanna cómhaoinithe a chur ar fáil le haghaidh tionscadal a mbaineann tairbhí soiléire comhshaoil agus aeráide leo d’fhonn sineirgíochtaí a áirithiú. Ní mór comhordú a dhéanamh chun cistiú dúbailte a chosc.

    (11) Tá stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta agus é a aisiompú agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú, mar aon le dul i ngleic le himní comhshaoil agus sláinte, fós ina bpríomhdhúshláin don Aontas. Tá iarrachtaí méadaithe ar leibhéal an Aontais riachtanach i leith na ndúshlán sin chun réitigh agus dea-chleachtais a sholáthar a chabhróidh le baint amach spriocanna na Teachtaireachta ón gCoimisiún “Eoraip 2020 – straitéis maidir le fás cliste inbhuanaithe agus cuimsitheach” (“an Straitéis Eoraip 2020” anseo feasta) [36]. Ina theannta sin, tá rialachas feabhsaithe, go háirithe trí múscailt feasachta agus trí rannpháirtíocht pháirtithe leasmhara, fíor-riachtanach chun cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh trí réimse tosaíochta le haghaidh gníomhaíochta i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol: An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní, Bithéagsúlacht, agus Faisnéis agus Rialachas Comhshaoil. Ba cheart go bhféadfadh tionscadail arna maoiniú le Clár LIFE rannchuidiú le cuspóirí sonracha ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin a bheith rannpháirteach iontu.

    (12) Ina theannta sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún “Treochlár maidir le hEoraip atá tíosach ar acmhainní” [37] (an “Treochlár maidir le hEoraip atá tíosach ar acmhainní” anseo feasta) leagadh síos na garspriocanna agus na gníomhaíochtaí atá riachtanach chun an tAontas a chur ar an mbealach ceart chun fás inbhuanaithe atá éifeachtúil ar acmhainní a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart don réimse tosaíochta An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní tacú le cur chun feidhme éifeachtach bheartas comhshaoil an Aontais ag na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, go háirithe sna hearnálacha comhshaoil arna gcumhdach sa Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní, trí fhorbairt agus comhroinnt réiteach nua agus dea-chleachtas a éascú. Mar sin féin, ba cheart go n-eiseofaí uaidh na gníomhaíochtaí éicea-nuálaíochta sin ag forluí le "Fís 2020".

    (13) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún “Ár n-árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis bithéagsúlachta an AE go 2020” [38] (“Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go 2020” anseo feasta) bunaíodh spriocanna chun stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta agus chun é a aisiompú. Áirítear leis na spriocanna sin, i measc spriocanna eile, cur chun feidhme iomlán Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú [39] agus Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir héin fhiáine a chaomhnú [40], mar aon le héiceachórais agus a gcuid seirbhísí a chothabháil agus a athchóiriú. Ba cheart do Chlár LIFE rannchuidiú leis na spriocanna sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart don réimse tosaíochta ‘Bithéagsúlacht’ díriú ar chur chun feidhme agus ar bhainistíocht líonra Natura 2000, arna bhunú le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle, go háirithe maidir leis na Creataí Gníomhaíochta Tosaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Treoir chéanna, maidir le forbairt agus leathadh dea-chleachtas i leith na bithéagsúlachta agus Treoir 2009/147/CE agus Treoir 92/43/CEE, mar aon leis na dúshláin bhithéagsúlachta níos leithne atá aitheanta i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go 2020;

    (14) Tá ról suntasach ag foraoisí i ndáil leis an gcomhshaol agus an aeráid maidir le bithéagsúlacht, uisce, ithir agus maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, i measc nithe eile. Cabhraíonn foraoisí agus ithreacha leis an aeráid a rialú trí dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghlacadh ón atmaisféar agus déanann siad méideanna ollmhóra carbóin a stóráil. Chun an ról sin a bharrfheabhsú, is gá faisnéis agus sonraí atá ábhartha agus comhoiriúnach a sholáthar. Dá bhrí sin ba cheart don Rialachán seo creat a léiriú freisin chun tacú le gníomhaíochtaí sineirgisteacha comhshaoil agus aeráide a bhaineann le foraoisí agus le hithreacha. I measc na réimsí eile le haghaidh sineirgíochtaí méadaithe, tá ganntanas uisce agus triomaigh, mar aon le rioscaí tuile a bhainistiú.

    (15) Ina theannta sin, admhaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún “Treochlár chun bogadh i dtreo geilleagair iomaíoch ísealcharbóin faoi 2050” [41] (“Treochlár 2050” anseo feasta) go mbeidh tástáil cineálacha nua cur chuige i leith an mhaolaithe ar athrú aeráide fós fíor-riachtanach chun bogadh i dtreo geilleagair ísealcharbóin. Ní mór oiriúnú don athrú aeráide mar thosaíocht trasnaí an Aontais a áirithiú chomh maith. Ina theannta sin, tá cur chun cinn an rialachais agus múscailt feasachta bun-riachtanach d’fhonn torthaí cuiditheacha a bhaint amach agus chun rannpháirtíocht geallsealbhóirí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don fhochlár don Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le hiarrachtaí lena rannchuideofar le trí réimse tosaíochta shonracha: Maolú ar Athrú Aeráide, Oiriúnú don Athrú Aeráide agus Faisnéis agus Rialachas Aeráide. Ba cheart go bhféadfadh tionscadail arna maoiniú le Clár LIFE rannchuidiú le cuspóirí sonracha ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin a bheith rannpháirteach iontu.

    (16) Ba cheart don réimse tosaíochta Maolú ar Athrú Aeráide tacú le forbairt agus cur chun feidhme bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a bhaineann leis an aeráid, go háirithe maidir le faireachán agus tuairisciú ar ghás ceaptha teasa, beartais a bhaineann le húsáid na talún, athruithe in úsáid na talún agus foraoiseacht, córas trádála astaíochtaí, iarracht na mBallstát chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, gabháil agus stóráil charbóin, fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar agus breoslaí, cosaint an chisil ózóin agus gáis fhluairínithe.

    (17) Is féidir na chéad iarmhairtí den athrú aeráide a fheiceáil san Eoraip agus ar fud an domhain cheana féin, amhail adhaimsir as a dtagann tuilte agus triomaigh, agus teochtaí agus leibhéil mara atá ag ardú. Dá bhrí sin, ba cheart don réimse tosaíochta Oiriúnú don Athrú Aeráide rannchuidiú le hoiriúnú do na tionchair sin thar dhaonraí, earnálacha eacnamaíocha agus réigiúin d’fhonn Aontas níos athléimní a áirithiú trí straitéisí agus trí bhearta oiriúnaithe sonracha. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí sa réimse sin comhlántach le gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin ionstraim airgeadais um chosaint shibhialta.

    (18) Tá cur chun feidhme iomlán na reachtaíochta agus na mbeartas comhshaoil agus aeráide nasctha go dlúth le rialachas níos fearr a bhaint amach, rannpháirtíocht geallsealbhóirí a fheabhsú agus faisnéis a leathadh. Dá bhrí sin, ba cheart do na réimsí tosaíochta Rialachas agus Faisnéis sa dá fhochlár tacú le forbairt ardán agus le comhroinnt dea-chleachtas le haghaidh comhlíonta agus forghníomhaithe níos fearr, agus chun tacaíocht a ghiniúint ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara i gcomhair iarrachtaí ceaptha beartas an Aontais i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide. Go háirithe, ba cheart dóibh tacú le feabhsuithe i leathadh an bhoinn eolais, múscailt feasachta, rannpháirtíocht phoiblí, rochtain ar fhaisnéis agus rochtain ar cheartas maidir le cúrsaí comhshaoil.

    (19) Faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach [42]. Ba cheart do thionscadail arna maoiniú de bhun Chlár LIFE critéir incháilitheachta a chomhlíonadh lena áirithiú go mbainfí an úsáid is fearr is féidir as Cistí an Aontais agus chun breisluach Eorpach a áirithiú. Ba cheart na tionscadail sin a mbeidh iarmhairtí trasearnálacha acu a spreagadh. Ba cheart don Choimisiún úsáid soláthair phoiblí ghlais a chur chun cinn agus a spreagadh, go háirithe agus tionscadail á gcur chun feidhme.

    (20) D’fhonn cothrom iomaíochta a chothú le haghaidh gach gnóthais atá gníomhach sa mhargadh inmheánach agus chun saobhadh míchuí ar an iomaíocht a sheachaint, ba cheart cistiú arna sholáthar faoi Chlár LIFE a chur i leith clistí margaidh, nuair is iomchuí. Ina theannta sin, i gcás inarb ionann an cistiú sin agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart é a cheapadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair i dtreo is go ndéanfaí saobhadh ar an margadh a chosc, amhail cistiú príobháideach a bhrú amach, struchtúir mhargaidh neamhéifeachta a chruthú nó gnólachtaí neamhéifeachtúlacha a bhuanú, agus ní féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún é i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh, ach amháin má chomhlíonann sé rialachán arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle an 7 Bealtaine 1998 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 92 agus Airteagal 93 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh i leith catagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí [43].

    (21) D’fhonn cur chun feidhme beartais chomhshaoil agus aeráide a fheabhsú agus lánpháirtiú cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid i mbeartais eile a fheabhsú, ba cheart do Chlár LIFE tionscadail a chur chun cinn lena dtacaítear le cineálacha cur chuige comhtháite i leith chur chun feidhme na reachtaíochta agus na mbeartas comhshaoil agus aeráide. Le haghaidh an fhochláir don Chomhshaol, ba cheart na tionscadail sin a dhíriú go príomha ar chur chun feidhme Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go 2020, go háirithe maidir le comhdhlúthú agus bainistíocht éifeachtach líonra Natura 2000 arna bhunú le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle trí bhíthin chur chun feidhme na gCreataí Gníomhaíochta Tosaíochta arna mbeartú in Airteagal 8 den Treoir chéanna, ar chur chun feidhme Threoir 2000/60/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat le haghaidh ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce [44], agus ar chur chun feidhme na reachtaíochta Dramhaíola agus Aeir. Beidh sásra seachadta ilchuspóireach (e.g. a bheidh dírithe ar thairbhí comhshaoil agus ar fhorbairt acmhainní) i gceist leis na tionscadail sin, fad is a dhíreofar ar na téamaí arna n-aithint, lena gcumasófar torthaí a bhaint amach i réimsí beartais eile, go háirithe Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) [45]. D’fhéadfadh na cineálacha tionscadail sin a bheith beartaithe i réimsí comhshaoil eile. I gcás an fhochláir don Ghníomhú ar son na hAeráide, ba cheart go mbainfeadh na tionscadail sin go háirithe le pleananna gníomhaíochta agus straitéisí maidir le maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin. Ba cheart do na cineálacha tionscadail sin tacú le sraith beart agus gníomhaíochtaí sonracha amháin, agus ba cheart gníomhaíochtaí eile lena gcomhlánaítear na cinn arna gcur san áireamh sa tionscadal a fháil ó chláir chistiúcháin eile an Aontais, agus ó chistí náisiúnta, cistí réigiúnacha agus cistí na hearnála príobháidí. Ba cheart do chistiú arna sholáthar trí bhíthin Chlár LIFE leas a bhaint as sineirgíochtaí agus ba cheart dó comhsheasmhacht idir foinsí cistiúcháin éagsúla an Aontais a áirithiú trí fhócas straitéiseach comhshaoil agus aeráide a sholáthar.

    (22) Tá an tAontas ina pháirtí de Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí agus Rochtain ar Cheartas i gcúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus” anseo feasta). Dá bhrí sin, ba cheart tacú le hobair eagraíochtaí neamhrialtasacha, ós rud é go bhfuil siad éifeachtach i dtacú le haidhmeanna Choinbhinsiún Aarhus trí ábhair imní agus dearcthaí shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn mar chuid den phróiseas forbartha beartas agus i dtacú lena chur chun feidhme, agus in múscailt feasachta ar fhadhbanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus freagraí beartais. Tá sé oiriúnach do Chlár LIFE tacú le raon leathan eagraíochtaí neamhrialtasacha atá chun leasa an Aontais, agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide, trí dheontais oibriúcháin a dhámhachtain ar bhealach iomaíoch agus trédhearcach, d’fhonn cabhrú leo rannchuidiú go héifeachtach le beartas an Aontais, mar aon lena gcumas a bheith ina bpáirtithe níos éifeachtaí a fhorbairt agus a neartú.

    (23) D'fhonn a ról a fheidhmiú i dtionscnamh fhorbairt agus chur chun feidhme beartais chomhshaoil agus aeráide, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as acmhainní ó Chlár LIFE chun tacú le hullmhú, cur chun feidhme agus príomhshruthú bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, lena n-áirítear seirbhísí agus earraí a cheannach. Cuimseofar sna hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo cumarsáid chorparáideach freisin maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais [46].

    (24) Is cosúil go leanfaidh an bhearna reatha atá sa mhargadh idir éileamh agus soláthar i dtaca le hiasachtaí, cothromas agus caipiteal riosca de bheith ann i gcomhthéacs géarchéime airgeadais agus, dá bhrí sin, is iomchuí úsáid ionstraimí airgeadais a cheadú chun tacú le tionscadail a bhfuil sé de chumas acu ioncam a ghiniúint i réimse an chomhshaoil nó i réimse na haeráide. Ba cheart ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó Chlár LIFE a úsáid chun dul i ngleic le riachtanais mhargaidh ar leith ar bhealach costéifeachtach, i gcomhréir le cuspóirí an chláir, agus níor cheart dóibh maoiniú príobháideach a bhrú amach. Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhthiomsú le deontais arna gcistiú ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear faoin Rialachán seo.

    (25) Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó ionstraimí roimhe seo, tarraingítear aird ar an ngá le clársceidealú a dhéanamh ar bhonn ilbhliantúil agus le hiarrachtaí a dhíriú ar thosaíochtaí tairbhiúla beartais chomhshaoil agus aeráide agus ar réimsí le haghaidh gníomhaíochta. Ba cheart do na cláir oibre ilbhliantúla sin a bheith solúbtha chun spriocanna agus cuspóirí Chlár LIFE a bhaint amach, fad is a sholáthrófar an chobhsaíocht is gá ó thaobh réimsí tosaíochta de le go mbeadh iarratasóirí féideartha in ann tograí a phleanáil, a ullmhú agus a chur isteach. Maidir leis sin, ba cheart go mbeadh na cláir oibre ilbhliantúla sin bailí ar feadh dhá bhliain ar a laghad, agus ní foláir nó go mbeadh tosaíochtaí neamh-uileghabhálacha ag gabháil leo.

    (26) D’fhonn simpliú a dhéanamh ar Chlár LIFE agus an t-ualach riaracháin a laghdú d’iarratasóirí agus do thairbhithe, ba cheart úsáid níos mó a bhaint as rátaí comhréidhe agus cnapshuimeanna, agus ba cheart cistiú a dhíriú ar chatagóirí costas níos sonraí. Mar chúiteamh ar chostais neamh-incháilithe agus d’fhonn an leibhéal éifeachtach tacaíochta arna soláthar ag Clár LIFE a choinneáil, ba cheart na leibhéil chómhaoinithe a shocrú ag 70 % mar riail ghinearálta agus ag 80 % i gcásanna sonracha.

    (27) Ba cheart faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar Chlár LIFE agus ar na fochláir bunaithe ar tháscairí comhfhreagracha d’fhonn coigeartuithe a chumasú. D’fhonn fianaise a sholáthar ar na comhthairbhí a bhainfeadh leis an dá fhochlár maidir le gníomhú ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta, agus d’fhonn faisnéis a sholáthar ar an leibhéal caiteachais, ba cheart rianú a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht san fhaireachán ar Chlár LIFE, mar atá sainithe i dTeachtaireacht an CAI. Ba cheart go ndéanfaí an rianú sin bunaithe ar mhodheolaíocht shimplí tríd an gcaiteachas a chur i gceann de thrí chatagóir: caiteachas a bhaineann leis an aeráid/le bithéagsúlacht amháin (le bheith ríofa mar 100 %), caiteachas a bhaineann go suntasach leis an aeráid/le bithéagsúlacht (le bheith ríofa mar 40 %), agus caiteachas nach mbaineann leis an aeráid/le bithéagsúlacht (le bheith ríofa mar 0 %). Níor cheart go n-eiseofaí úsáid modheolaíochtaí níos beaichte ón modheolaíocht sin, nuair b’iomchuí sin.

    (28) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis.

    (29) D’fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i dtaca le cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún [47].

    (30) Lena áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as cistí an Aontais agus chun breisluach Eorpach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le critéir incháilitheachta maidir le roghnú tionscadal, critéir le haghaidh chur i bhfeidhm na cothromaíochta geografaí maidir le “Tionscadail Chomhtháite”, agus táscairí feidhmíochta is infheidhme maidir le tosaíochtaí téamacha sonracha. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    (31) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 a aisghairm.

    (32) Chun trasdul éifeachtúil idir Clár LIFE agus na bearta arna nglacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 a áirithiú, is gá leanúint d’fhaireachán, d’iniúchóireacht agus de mheasúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán sin tar éis dó dul in éag.

    (33) Tagann breisluach Chlár LIFE ó shainiúlacht a chur chuige agus a fhócais trína gcuirfear a chuid idirghabhálacha in oiriúint go háirithe do na riachtanais chomhshaoil agus aeráide. Féadfaidh Clár LIFE rannchuidiú le cur chun feidhme níos éifeachtaí beartas comhshaoil ná gníomhaíocht aonair ag na Ballstáit trí chomhthiomsú méadaithe acmhainní agus saineolais. Ina theannta sin, soláthraítear leis an gclár an t-ardán chun dea-chleachtais agus eolas a fhorbairt agus a mhalartú, athruithe a fheabhsú, a chatalú agus a luathú i gcur chun feidhme an acquis, agus chun acmhainneacht a fhorbairt, chun tacú le gníomhaithe príobháideacha i dtástáil réiteach agus teicneolaíochtaí ar mhionscála, go háirithe ag Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, agus chun deis a thabhairt do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí foghlaim óna chéile. Ina theannta sin, cruthaítear sineirgíochtaí thar chistí an Aontais agus thar chistí náisiúnta trí Chlár LIFE, fad is a dhéantar giaráil ar chistí breise na hearnála príobháidí, agus mar sin méadaítear comhleanúnachas idirghabháil an Aontais agus cothaítear cur chun feidhme níos aonchineálaí an acquis.

    (34) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na ngníomhaíochtaí arna mbeartú, eadhon rannchuidiú le cur chun feidhme agus forbairt bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, lena n-áirítear comhtháthú na gcuspóirí comhshaoil agus aeráide isteach i mbeartais eile, agus rialachas níos fearr a chothú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr na fairsinge agus chlúdach an ghnímh, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    An Chlár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)

    Airteagal 1

    Bunú

    Bunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide leis seo i gcomhair na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 (“Clár LIFE” anseo feasta).

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) ciallaíonn “treoirthionscadail” tionscadail lena gcuirtear i bhfeidhm teicníocht nó modh nár cuireadh i bhfeidhm nó nár tástáladh roimhe seo, ná in aon áit eile, agus lena gcuirtear buntáistí comhshaoil nó aeráide féideartha ar fáil i gcomparáid leis an dea-chleachtas reatha;

    (b) ciallaíonn “tionscadail taispeántais” tionscadail lena ndéantar gníomhaíochtaí, modheolaíochtaí nó cineálacha cur chuige éagsúla, atá úrnua nó anaithnid i gcomhthéacs sainiúil an tionscadail amhail comhthéacs geografach, éiceolaíoch nó socheacnamaíoch a chur i gcleachtas, a thástáil, a leathadh, agus lena ndéantar meastóireacht orthu, ar féidir iad a chur i bhfeidhm in áiteanna eile in imthosca comhchosúla;

    (c) ciallaíonn “tionscadail dea-chleachtais” tionscadail lena gcuirtear teicnící, modhanna agus cineálacha cur chuige atá éagsúil, úrscothach, iomchuí, agus cost-éifeachtúil i bhfeidhm agus comhthéacs sonrach an tionscadail á chur san áireamh;

    (d) ciallaíonn “tionscadail chomhtháite” tionscadail lena ndéantar straitéisí nó pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcomhshaol nó leis an aeráid a cheanglaítear le reachtaíocht comhshaoil nó aeráide, de bhun gníomhartha eile an Aontais nó arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát a chur chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, ar mhórscála críochach, go háirithe ar scála réigiúnach, ilréigiúnach nó náisiúnta;

    (e) ciallaíonn “tionscadail chúnaimh theicniúil” tionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le hullmhú tionscadal comhtháite dá dtagraítear i bpointe (d);

    (f) ciallaíonn “tionscadail ullmhúcháin” tionscadail lena dtacaítear le riachtanais shonracha maidir le beartas comhshaoil nó aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil nó aeráide an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt.

    Airteagal 3

    Cuspóirí agus táscairí

    1. Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas go háirithe ag Clár LIFE:

    (a) rannchuidiú leis an athrú i dtreo geilleagair ísealcharbóin a bheidh tíosach ar acmhainní agus athléimneach ó thaobh na haeráide de, agus le cosaint agus le feabhsú cháilíocht an chomhshaoil, agus le stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta agus é a aisiompú;

    (b) feabhas a chur ar fhorbairt, ar chur chun feidhme agus ar fhorghníomhú bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, agus chun comhtháthú agus príomhshruthú cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chatalú agus a chur chun cinn le beartais eile an Aontais agus le cleachtais na hearnála poiblí agus príobháidí, lena n-áirítear trí bhíthin a n-acmhainneacht a mhéadú;

    (c) tacú le rialachas comhshaoil agus aeráide níos fearr ar gach leibhéal.

    Ar an dóigh sin, rannchuideofar le forbairt inbhuanaithe agus le baint amach chuspóirí agus spriocanna na Straitéise Eoraip 2020 trí Chlár LIFE.

    2. Déanfar measúnú ar fheidhmíocht Chlár LIFE de réir na dtáscairí seo a leanas go háirithe:

    (a) feabhsuithe comhshaoil agus aeráide inchurtha, maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Maidir leis an gcuspóir chun rannchuidiú le stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta agus é a aisiompú, déanfar na feabhsuithe comhshaoil atá inchurtha a thomhas trí bhíthin an chéatadáin de líonra Natura 2000 atá athchóirithe nó curtha faoi réir ag bainistíocht imleor, dromchla na seirbhísí éiceachórais arna n-athchóiriú, agus líon agus cineál na ngnáthóg agus na speiceas a ndírítear orthu chun a stádas caomhantais a fheabhsú;

    (b) líon na n-idirghabhálacha arna bhforbairt nó arna ndéanamh lena ndéantar pleananna, cláir nó straitéisí a chur chun feidhme de bhun bheartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an Aontais, agus líon na n-idirghabhálacha atá oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe nó a n-aistrithe, de réir na gcuspóirí atá nasctha leis an bhforbairt agus leis an gcur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

    (c) líon na n-idirghabhálacha lena mbaintear sineirgíochtaí amach le cláir chistiúcháin eile an Aontais nó a ndéantar iad a phríomhshruthú iontu, nó a chomhtháthú i gcleachtas na hearnála poiblí nó príobháidí, de réir na gcuspóirí atá nasctha leis an gcomhtháthú agus leis an bpríomhshruthú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

    (d) líon na n-idirghabhálacha chun rialachas, leathadh faisnéise agus feasacht ar ghnéithe comhshaoil agus aeráide níos fearr a áirithiú maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1;

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 maidir leis na táscairí feidhmíochta i bhfianaise a chur i bhfeidhm maidir le tosaíochtaí téamacha faoi mar atá sainithe sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 24.

    3. Déanfar na cuspóirí dá dtagraítear in mír 1 a shaothrú trí bhíthin na bhfochlár seo a leanas (“fochláir” anseo feasta):

    (a) an fochlár don Chomhshaol;

    (b) an fochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

    Airteagal 4

    An Buiséad

    1. EUR 3 618 000 000 a bheidh sa chlúdach airgeadais chun Clár LIFE a chur chun feidhme [48].

    2. Is mar seo a leanas a bheidh an miondealú buiséadach le haghaidh na bhfochlár:

    (a) Leithdháilfear EUR 2 713 500 000 den chlúdach airgeadais foriomlán dá dtagraítear i mír 1 don fhochlár don Chomhshaol;

    (b) Leithdháilfear EUR 904 500 000 den chlúdach airgeadais foriomlán dá dtagraítear i mír 1 don fhochlár don Ghníomhú ar son na haeráide.

    Airteagal 5

    Rannpháirtíocht tríú tíortha i gClár LIFE

    Féadfaidh na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh i gClár LIFE:

    (a) Tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar páirtithe iad den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE);

    (b) tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha aontacha leis an Aontas;

    (c) tíortha lena mbaineann Beartas Comharsanachta na hEorpa;

    (d) tíortha ar comhaltaí iad den Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 993/1999 ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 lena leasaítear Rialachán (CCE) Uimh. 1210/90 maidir le bunú na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus an líonra Eorpaigh um fhaisnéis agus fhaireachán ar an gcomhshaol [49].

    Déanfar an rannpháirtíocht sin i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha faoi seach lena mbunaítear na prionsabail ghinearálta a ghabhann lena rannpháirtíocht i gcláir an Aontais.

    Airteagal 6

    Gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas

    1. Gan dochar d’Airteagal 5, féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas a chistiú trí Chlár LIFE, ar an gcoinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin fíor-riachtanach chun cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach nó chun éifeachtacht na n-idirghabhálacha a dhéantar sna Ballstáit a áirithiú.

    2. Féadfaidh duine dlítheanach atá suite lasmuigh den Aontas a bheith rannpháirteach sna tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18, ar an gcoinníoll go bhfuil an tairbhí a chomhordaíonn an tionscadal bunaithe san Aontas agus go gcomhlíonann an ghníomhaíocht atá le tabhairt chun críche lasmuigh den Aontas na ceanglais atá leagtha amach i mír 1.

    Airteagal 7

    Comhar idirnáisiúnta

    Agus an Clár LIFE á chur chun feidhme, beidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-institiúidí agus lena gcomhlachtaí indéanta de réir mar is gá ar mhaithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

    Airteagal 8

    Comhlántacht

    1. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go bhfuil an tacaíocht ó Chlár LIFE comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais agus go gcomhlánaíonn sí ionstraimí eile an Aontais.

    2. Comhlíonfaidh oibríochtaí arna maoiniú faoi Chlár LIFE dlí an Aontais agus dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha an Aontais maidir le státchabhair. Go háirithe, déanfaidh Ballstáit cistiú faoi Chlár LIFE arb ionann é agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don Choimisiún agus ní féidir é a chur i bhfeidhm go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún é i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh, ach amháin má chomhlíonann sé rialachán arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 994/98 ón gComhairle.

    3. I gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú idir Clár LIFE, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, d’fhonn sineirgíochtaí a chruthú, go háirithe i gcomhthéacs Tionscadal Comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 18 phointe (d), agus chun tacú le húsáid réiteach, modhanna agus cineálacha cur chuige éagsúla arna bhforbairt mar chuid de Chlár LIFE. Ar leibhéal an Aontais, reáchtálfar comhordú laistigh den Chomhchreat Straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán (AE) Uimh.... (Rialachán CCS).

    4. Áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht agus sineirgí freisin, agus seachnóidh sé forluí idir Clár LIFE agus beartais agus ionstraimí eile an Aontais, go háirithe “Fís 2020” agus na cinn sin faoi chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

    TEIDEAL II

    NA FOCHLÁIR

    CAIBIDIL 1

    An fochlár don Chomhshaol

    Airteagal 9

    Réimsí tosaíochta sonracha den fhochlár don Chomhshaol

    1. Beidh trí réimse tosaíochta i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol:

    – An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní;

    – Bithéagsúlacht;

    – Faisnéis agus Rialachas Comhshaoil.

    2. Déanfar ar a laghad 50 % de na hacmhainní buiséadacha arna leithdháileadh do thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontas gníomhaíochta faoin bhfochlár don Chomhshaol a thiomnú do thionscadail a thacaíonn le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta.

    Airteagal 10

    Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní

    Is iad seo a leanas go háirithe cuspóirí sonracha an fhochláir don Chomhshaol le haghaidh an réimse tosaíochta An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní:

    (a) cineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, dea-chleachtais agus réitigh ar dhúshláin chomhshaoil a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint, a bheidh oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe, lena n-áireofar maidir leis an nasc idir an comhshaol agus sláinte, agus mar thacaíocht le beartas agus le reachtaíocht a bhaineann le bheith tíosach ar acmhainní, lena n-áirítear an Treochlár maidir le hEoraip atá Tíosach ar Acmhainní;

    (b) tacú le feidhmiú, le forbairt, le tástáil agus le taispeáint cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh pleananna agus clár a chur chun feidhme de bhun bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go príomha i réimsí an uisce, na dramhaíola agus an aeir;

    (c) feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le beartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a fhorbairt agus a mheasúnú agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus maidir leis na fachtóirí, na brúnna agus ar na freagairtí a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol laistigh agus lasmuigh den Aontas a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.

    Airteagal 11

    Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta Bithéagsúlacht

    Is iad seo a leanas go háirithe cuspóirí sonracha an fhochláir don Chomhshaol le haghaidh an réimse tosaíochta Bithéagsúlacht:

    (a) rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais i réimse na bithéagsúlachta, lena n-áirítear Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go 2020, Treoir 2009/147/CE agus Treoir 92/43/CEE, go háirithe trí bhíthin cineálacha cur chuige, dea-chleachtais agus réitigh a fheidhmiú, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

    (b) tacú le forbairt bhreise agus le cur chun feidhme líonra Natura 2000 arna bhunú in Airteagal 3 Threoir 92/43/CEE agus tacú le bainistiú a dhéanamh air, go háirithe feidhmiú, forbairt, tástáil agus taispeáint cineálacha cur chuige comhtháite le haghaidh chur chun feidhme na gCreataí Gníomhaíochta Tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 92/43/CEE;

    (c) feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le beartas agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht a fhorbairt agus a mheasúnú agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus maidir leis na fachtóirí, na brúnna agus ar na freagairtí a mbíonn tionchar acu ar an mbithéagsúlacht laistigh agus lasmuigh den Aontas a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh orthu.

    Airteagal 12

    Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta Faisnéis agus Rialachas Comhshaoil

    Is iad seo a leanas go háirithe cuspóirí sonracha an fhochláir don Chomhshaol le haghaidh an réimse tosaíochta Faisnéis agus Rialachas Comhshaoil:

    (a) múscailt feasachta a chur chun cinn maidir le cúrsaí comhshaoil, lena n-áireofar tacaíocht ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara a chothú maidir le ceapadh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil, agus chun oideachas maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

    (b) tacú le cumarsáid, le bainistíocht, agus le leathadh faisnéise i réimse an chomhshaoil, agus comhroinnt eolais maidir le réitigh chomhshaoil rathúla agus cleachtas comhshaoil rathúil a éascú, lena n-áireofar trí bhíthin ardáin chomhair idir páirtithe leasmhara a fhorbairt mar aon le hoiliúint;

    (c) comhlíonadh níos éifeachtaí reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chur chun cinn agus rannchuidiú leis agus lena fhorghníomhú, go háirithe trí bhíthin fhorbairt agus leathadh na ndea-chleachtas agus na gcineálacha cur chuige éagsúla maidir le beartas;

    (d) rialachas comhshaoil níos fearr a chur chun cinn trí chur le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, sa chomhairliúchán maidir le beartas agus i gcur chun feidhme beartais.

    CAIBIDIL 2

    An fochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide.

    Airteagal 13

    Réimsí tosaíochta sonracha den fhochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide

    Beidh trí réimse tosaíochta i gceist leis an bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide:

    – An t-athrú aeráide a mhaolú;

    – Oiriúnú don athrú aeráide;

    – Faisnéis agus rialachas aeráide.

    Airteagal 14

    Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta An tAthrú Aeráide a Mhaolú

    Ag féachaint do rannchuidiú le laghdú astaíochtaí gháis cheaptha teasa, is iad seo a leanas go háirithe cuspóirí sonracha an réimse tosaíochta An tAthrú Aeráide a Mhaolú:

    (a) rannchuidiú le cur chun feidhme agus le forbairt bheartas agus reachtaíocht an Aontais i réimse an mhaolaithe, lena n-áirítear príomhshruthú ar fud na réimsí beartais, go háirithe trí bhíthin cineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, dea-chleachtais agus réitigh maidir le maolú ar athrú aeráide a fheidhmiú, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

    (b) feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le gníomhaíochtaí agus bearta éifeachtacha maolaithe a fhorbairt, a mheasúnú agus a chur chun feidhme agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus feabhas a chur ar an gcumas an t-eolas sin a fheidhmiú sa chleachtas;

    (c) forbairt agus cur chun feidhme cineálacha cur chuige comhtháite a éascú, amhail le haghaidh straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú, ar leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;

    (d) rannchuidiú le forbairt agus le taispeáint teicneolaíochtaí, córas, modhanna agus ionstraimí maidir le maolú atá nuálaíoch agus oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe.

    Airteagal 15

    Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta Oiriúnú don Athrú Aeráide

    Ag féachaint do rannchuidiú le tacú le hiarrachtaí as a dtiocfaidh athléimneacht mhéadaithe in aghaidh an athraithe aeráide, is iad seo a leanas go háirithe cuspóirí sonracha an réimse tosaíochta Oiriúnú don Athrú Aeráide:

    (a) rannchuidiú le cur chun feidhme agus le forbairt bheartas agus reachtaíocht an Aontais i réimse an oiriúnaithe, lena n-áirítear príomhshruthú ar fud na réimsí beartais, go háirithe trí bhíthin cineálacha cur chuige beartais nó bainistíochta, dea-chleachtais agus réitigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a fheidhmiú, a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint;

    (b) feabhas a chur ar an mbonn eolais maidir le gníomhaíochtaí agus bearta éifeachtacha oiriúnaithe a fhorbairt, a mheasúnú agus a chur chun feidhme agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus feabhas a chur ar an gcumas an t-eolas sin a fheidhmiú sa chleachtas;

    (c) forbairt agus cur chun feidhme cineálacha cur chuige comhtháite a éascú, amhail le haghaidh straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le hoiriúnú, ar leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;

    (d) rannchuidiú le forbairt agus le taispeáint teicneolaíochtaí, córas, modhanna agus ionstraimí maidir le hoiriúnú atá nuálaíoch agus oiriúnach le haghaidh a macasamhlaithe, a n-aistrithe nó a bpríomhshruthaithe.

    Airteagal 16

    Cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta Faisnéis agus Rialachas Aeráide

    Is iad seo a leanas go háirithe na cuspóirí sonracha le haghaidh an réimse tosaíochta Faisnéis agus Rialachas Aeráide:

    (a) múscailt feasachta a chur chun cinn maidir le cúrsaí aeráide, lena n-áireofar tacaíocht ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara a chothú maidir le ceapadh beartas an Aontais i réimse na haeráide, agus chun oideachas maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

    (b) tacú le cumarsáid, le bainistíocht, agus le leathadh faisnéise i réimse na haeráide, agus comhroinnt eolais maidir le réitigh aeráide rathúla agus cleachtas aeráide rathúil a éascú, lena n-áireofar trí bhíthin ardáin chomhair idir páirtithe leasmhara a fhorbairt mar aon le hoiliúint;

    (c) comhlíonadh níos éifeachtaí reachtaíocht aeráide an Aontais a chur chun cinn agus rannchuidiú leis agus lena fhorghníomhú, go háirithe trí bhíthin fhorbairt agus leathadh na ndea-chleachtas agus na gcineálacha cur chuige éagsúla maidir le beartas;

    (d) rialachas aeráide níos fearr a chur chun cinn trí chur le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, sa chomhairliúchán maidir le beartas agus i gcur chun feidhme beartais.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA COITEANNA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDIL 1

    Cistiú

    Airteagal 17

    Cineálacha cistiúcháin

    1. Féadfaidh cistiú an Aontais a bheith sna foirmeacha dlíthiúla seo a leanas:

    (a) deontais;

    (b) conarthaí soláthair phoiblí;

    (c) ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais i gcomhréir leis na forálacha ginearálta le haghaidh ionstraimí airgeadais atá leagtha amach in Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 agus le tuilleadh ceanglas oibriúcháin atá leagtha amach i ngníomhartha sonracha an Aontais;

    (d) idirghabháil ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

    2. Cuirfidh an Coimisiún an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

    3. Déanfar cistiú faoin Rialachán seo arb ionann é agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i gcomhlíonadh rialacha ábhartha an Aontais maidir le Státchabhair.

    Airteagal 18

    Tionscadail

    Féadfar na tionscadail seo a leanas a mhaoiniú le deontais ghníomhaíochta:

    (a) treoirthionscadail;

    (b) tionscadail taispeántais;

    (c) tionscadail dea-chleachtais;

    (d) tionscadail chomhtháite go príomha i réimsí an dúlra, an uisce, na dramhaíola, an aeir, agus an mhaolaithe ar athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú sin;

    (e) tionscadail chúnaimh theicniúil;

    (f) tionscadail ullmhúcháin;

    (g) tionscadail faisnéise, feasachta agus leata;

    (h) tionscadal ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

    Airteagal 19

    Critéir incháilitheachta le haghaidh tionscadal

    1. Comhlíonfaidh tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 18 na critéir incháilitheachta seo a leanas:

    (a) is ar leas an Aontais a bheidh siad trí rannchuidiú suntasach a dhéanamh chun ceann amháin de chuspóirí Chlár LIFE atá leagtha amach in Airteagal 3 a bhaint amach;

    (b) áiritheofar leo cur chuige cost-éifeachtach agus beidh siad comhtháite ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de;

    (c) beidh siad fónta maidir leis an gcur chun feidhme arna bheartú.

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 maidir leis na coinníollacha le haghaidh chur i bhfeidhm an chritéir dá dtagraítear i mír 1(a) d’fhonn an critéar sin a oiriúnú le haghaidh na réimsí sonracha tosaíochta arna sainiú in Airteagal 9 agus in Airteagal 13.

    2. I gcásanna inar féidir, cuirfear sineirgíochtaí chun cinn idir na cuspóirí éagsúla agus cuirfear úsáid an tsoláthair phoiblí ghlais chun cinn trí bhíthin tionscadal arna maoiniú le Clár LIFE.

    3. Beidh geallsealbhóirí ag baint le tionscadail chomhtháite dá dtagraítear in Airteagal 18 pointe (d), nuair is iomchuí sin, agus cuirfear slógadh fhoinsí cistiúcháin eile an Aontais, agus comhordú leo, chun cinn trína mbíthin, nuair is féidir sin.

    Áiritheoidh an Coimisiún cothromaíocht gheografach i gcomhréir le prionsabail na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte díchill sa phróiseas dámhachtana maidir le Tionscadail Chomhtháite. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 maidir leis na critéir chun cothromaíocht gheografach a chur i bhfeidhm i ngach réimse téamach dá dtagraítear in Airteagal 18 pointe (d).

    4. Beidh aird ar leith ag an gCoimisiún ar thionscadail thrasnáisiúnta nuair a bhíonn comhar trasnáisiúnta fíor-riachtanach le cosaint an chomhshaoil agus cuspóirí aeráide a ráthú, agus déanfaidh sé a dhícheall lena áirithiú go roinnfear 15 %, ar a laghad, de na hacmhainní buiséadacha atá tiomnaithe do thionscadail ar thionscadail thrasnáisiúnta.

    Airteagal 20

    Rátaí cómhaoinithe agus incháilitheacht costas le haghaidh tionscadal

    1. 70 % de na costais incháilithe a bheidh san uasráta cómhaoinithe le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 18. Mar eisceacht, 80 % de na costais incháilithe a bheidh san uasráta cómhaoinithe le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (f) d’Airteagal 18.

    2. Ní bhreithneofar CBL mar chostas incháilithe le haghaidh tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 18.

    Breithneofar costais a bhaineann le ceannach talún a bheith incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas le haghaidh tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 18 ar na coinníollacha seo a leanas:

    – rannchuideoidh an ceannachán le feabhsú, le cothabháil agus le hathchóiriú shláine líonra Natura 2000 atá curtha ar bun in Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE;

    – gurb é ceannach talún an t-aon bhealach amháin nó an bealach is cost-éifeachtaí chun an toradh is inmhianaithe i dtaobh caomhnú de a ghnóthú,

    – go gcuirfear an talamh a cheannófar in áirithe go fadtéarmach d'úsáid a bheidh ag luí leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 11, Airteagal 14 nó Airteagal 15; agus

    – go n-áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, trí aistriú nó ar dhóigh eile, go gcuirfear an talamh sin in áirithe go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.

    Airteagal 21

    Deontas oibriúcháin

    1. Beidh deontais oibriúcháin ina dtacaíocht do chostais oibriúcháin agus riaracháin áirithe d’aonáin neamhbhrabúsacha a shaothraíonn aidhm atá ina leas ginearálta don Eoraip, atá gníomhach den chuid is mó i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide nó an dá rud agus atá bainteach le beartas agus reachtaíocht an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú.

    2. 70 % de na costais incháilithe a bheidh in uasráta cómhaoinithe an Aontais le haghaidh deontas oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 22

    Cineálacha eile gníomhaíochtaí

    Féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú trí Chlár LIFE chun tacú le tionscnamh, cur chun feidhme agus príomhshruthú bheartais agus reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ar mhaithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis na gníomhaíochtaí sin:

    (a) faisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear feachtais mhúscailte feasachta. Cuimseofar sna hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide de bhun an Rialacháin seo cumarsáid chorparáideach freisin maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

    (b) staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

    (c) ullmhú, cur chun feidhme, faireachán, seiceáil agus meastóireacht ar thionscadail, ar bheartais, ar chláir agus ar reachtaíocht;

    (d) ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;

    (e) líonrú agus ardáin dea-chleachtais;

    (f) gníomhaíocht ar bith eile a theastaíonn ar mhaithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

    Airteagal 23

    Tairbhithe

    Féadfar comhlachtaí poiblí agus príobháideacha a chistiú le Clár LIFE.

    CAIBIDIL 2

    Bearta cur chun feidhme

    Airteagal 24

    Cláir oibre ilbhliantúla

    1. Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre ilbhliantúla do Chlár LIFE. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

    2. Beidh fad tréimhse dhá bhliain ar a laghad i gceist le gach clár oibre ilbhliantúil agus leagfar amach an méid seo a leanas ann, i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 3:

    (a) fad tréimhse an chláir oibre ilbhliantúil;

    (b) leithdháileadh cistí idir gach réimse tosaíochta agus idir cineálacha éagsúla cistiúcháin faoi chuimsiú gach fochláir;

    (c) na tosaíochtaí téamacha maidir le tionscadail a mhaoineofar le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil;

    (d) torthaí, táscairí agus spriocanna atá cáilíochtúil agus cainníochtúil le haghaidh gach réimse tosaíochta agus cineáil tionscadail le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil;

    (e) critéir roghnúcháin agus dámhachtana maidir le deontais;

    (f) tráthchláir tháscacha le haghaidh na ngairmeacha ar thograí le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil;

    3. Déanfaidh an Coimisiún na cláir oibre ilbhliantúla a leasú nuair is iomchuí. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

    Airteagal 25

    Modhanna cur chun feidhme

    Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme de bhun na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de réir na modhanna bainistíochta atá leagtha síos in Airteagal 53 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, go háirithe bainistiú díreach nó indíreach ag an gCoimisiún ar bhonn láraithe, nó comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

    Airteagal 26

    Cúnamh riaracháin agus teicniúil

    D’fhéadfadh sé go gcumhdódh an leithdháileadh airgeadais do Chlár LIFE caiteachas riachtanach maidir le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, cumarsáide agus meastóireachta atá ag teastáil go díreach chun bainistíocht a dhéanamh ar Chlár LIFE agus chun a chuspóirí a bhaint amach.

    Airteagal 27

    Faireachán agus meastóireacht

    1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar chur chun feidhme Chlár LIFE agus a fhochlár, lena n-áirítear suim an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid agus an chaiteachais a bhaineann le bithéagsúlacht. Déanfaidh sé iniúchadh freisin ar shineirgíochtaí idir Clár LIFE agus cláir chomhlántacha eile an Aontais, agus go háirithe idir a fhochláir.

    2. Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún an méid seo a leanas:

    (a) tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2017, tuarascáil eatramhach mheastóireachta meántéarma ar Chlár LIFE (agus a fhochláir), lena n-áirítear gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla dá chur chun feidhme, suim an chaiteachais a bhain leis an aeráid agus an chaiteachais a bhain le bithéagsúlacht, agus a chomhlántacht le cláir ábhartha eile an Aontais, baint amach chuspóirí na mbeart uile (ar leibhéal na dtorthaí agus na dtionchar, nuair is féidir), éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus a breisluach Eorpach, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí na mbeart. Sa bhreis air sin díreoidh an mheastóireacht ar dheiseanna simpliúcháin, comhtháiteacht inmheánach agus sheachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, chomh maith leis an gcaoi ina rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais d'fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Cuirfear torthaí na meastóireachta maidir le hiarmhairt fhadtéarmach an chláir réamhtheachtaí san áireamh ann. Beidh ráitis ón gCoimisiún in éineacht leis an tuarascáil lena n-áirítear an bealach ina gcuirfear torthaí na meastóireachta meántéarma ar áireamh agus Clár LIFE á chur chun feidhme, agus, go háirithe, na cláir oibre ilbhliantúla á dtarraingt suas;

    (b) tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023, tuarascáil eatramhach mheastóireachta neamhspleách ex-post ina gcumhdófar cur chun feidhme agus torthaí Chlár LIFE agus a fhochlár, lena n-áirítear suim an chaiteachais a bhain leis an aeráid agus an chaiteachais a bhain le bithéagsúlacht, a mhéid atá Clár LIFE ina iomláine, agus gach ceann dá fhochlár, tar éis a chuspóirí a bhaint amach, agus rannchuidiú Chlár LIFE le cuspóirí agus spriocanna na Straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach.

    3. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí a dhéanfar de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal.

    Airteagal 28

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    1. Agus gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialacháin seo á gcur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear na bearta seo a leanas: bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith eile; seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil; agus, nuair is iomchuí, pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach a ghearradh.

    2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar bhonn seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin gClár.

    Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

    Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfar cead sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

    3. Coimeádfaidh tairbhí an chúnaimh airgeadais gach doiciméad tacaíochta a bhaineann leis an gcaiteachas ar aon tionscadal, ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh na híocaíochta deireanaí a rinneadh i leith an tionscadail sin, agus beidh siad ar fáil don Choimisiún.

    TEIDEAL IV

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 29

    An nós imeachta coiste

    1. Tabharfaidh an Coiste Chlár LIFE don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide cúnamh don Choimisiún.

    Coiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 30

    An tarmligean a fheidhmiú

    1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2. Is go ceann tréimhse neamhchinntithe ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] a thabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 19(1) agus in Airteagal 19(3) a ghlacadh.

    3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 19(1) agus Airteagal 19(3) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 19(1) agus Airteagal 19(3) i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 31

    Aisghairm

    Déantar Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 a aisghairm leis seo.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 32

    Bearta idirthréimhseacha

    1. I gcás beart a tosaíodh roimh an 31 Nollaig 2013 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, leanfaidh siad de bheith faoi rialú an Rialacháin sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad agus comhlíonfaidh siad na forálacha teicniúla arna sainiú ann. Glacfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 29(1) ionad an choiste a ndéantar foráil dó i Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    2. Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais do Chlár LIFE speansais maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, lena n-áirítear aon fhaireachán, cumarsáid agus meastóireacht éigeantach is gá de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 i ndiaidh dó dul in éag, chun an t-aistriú idir Clár LIFE agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 a áirithiú.

    3. Ní mheasfar na méideanna a theastóidh, laistigh den chlúdach airgeadais chun foráil a dhéanamh do bhearta faireacháin, cumarsáide agus iniúchóireachta sa tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020, a bheith deimhnithe ach amháin má bhíonn siad ag luí leis an gcreat airgeadais a bheidh infheidhme ón 1 Eanáir 2021.

    4. Úsáidfear na leithreasaí a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta ag eascairt as aisíoc suimeanna a íocadh go mícheart de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, chun Clár LIFE a mhaoiniú.

    Airteagal 33

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12.12.2011

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3. An cineál togra/tionscnaimh

    1.4. Cuspóirí

    1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh

    1.6. Fad agus tionchar airgeadais

    1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

    3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

    3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5. Rannpháirtíocht ó thríú páirtithe

    3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

    "Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)"

    1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB [50]

    AN COMHSHAOL AGUS GNÍOMHÚ AR SON NA hAERÁIDE

    1.3. An cineál togra/tionscnaimh

    Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

    Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht [51]

    X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

    Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

    1.4. Cuspóirí

    1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    2014-2020 Creat Airgeadais Ilbhliantúil

    1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh..

    1. An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní

    2. Bithéagsúlacht

    3. Faisnéis agus Rialachas Comhshaoil

    4. An tAthrú Aeráide a Mhaolú

    5. Oiriúnú don Athrú Aeráide

    6. Faisnéis agus Rialachas Aeráide

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann : (bunaithe ar ainmníocht 2011)

    07 03 – Forbairt agus cur chun feidhme bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais

    07 12 – Cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide

    1.4.3.& 1.4.4 An toradh agus na tionchair agus na táscairí a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe

    1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh

    1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Rannchuidiú le beartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an AE a chur chun feidhme, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt, lena n-áirítear beartais chomhshaoil agus aeráide a chomhtháthú i mbeartais eile, agus dá réir sin rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le baint amach chuspóirí agus spriocanna AE2020.

    1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Tagann breisluach Chlár LIFE ó thaobh an AE de ó shainiúlacht a chur chuige agus a fhócais trína gcuirfear a chuid idirghabhálacha in oiriúint go háirithe do na riachtanais chomhshaoil agus aeráide mar an t-aon ionstraim amháin lena mbaineann cistí atá tiomanta do chosaint an Chomhshaoil agus do Ghníomhú ar son na hAeráide.

    · Ós rud é gurb ionann Clár LIFE agus an t-ardán le haghaidh cleachtas a mhalartú agus eolas a chomhroinnt maidir le reachtaíocht agus beartais an AE a chur chun feidhme, cuireann LIFE ar chumas gníomhaithe ar fud an AE foghlaim ó thaithí a chéile maidir le dul i ngleic le fadhbanna sonracha comhshaoil ar bhonn níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Meallann Clár LIFE comhpháirtíochtaí a mbeadh sé deacair iad a bhunú ina mhalairt de chás agus leis sin áirithítear idirghabháil níos éifeachtaí ná gníomhaíocht aonair na mBallstát trí chomhthiomsú méadaithe acmhainní agus saineolais.

    · Trí bhíthin cúnamh a thabhairt do Bhallstáit ina bhfuil an caipiteal nádúrtha is luachmhara san AE nó a bhfuil fadhbanna comhshaoil agus aeráide trasteorann nó trasnáisiúnta acu, is féidir freagracht agus dlúthpháirtíocht a dháileadh ar bhealach níos fearr trí LIFE chun leas coiteann comhshaoil an AE a chaomhnú.

    · Feidhmíonn LIFE mar chatalaíoch do ghníomhaíocht thionscanta, trína soláthraítear infheistíocht aonuaire, lena ndíbrítear bacainní tosaigh ar chur chun feidhme bheartais chomhshaoil agus aeráide an AE agus lena dtástáiltear cineálacha cur chuige nua maidir le méadú ar scála amach anseo.

    · Trí bhíthin LIFE, téitear i ngleic le bearnaí agus le seachtrachtaí, músclaítear feasacht agus taispeántar tairbhí na cosanta comhshaoil agus an ghníomhaithe ar son na haeráide lena n-áirithítear inbhuanaitheacht agus fairsingiú thorthaí na dtionscadal.

    · Cuidíonn LIFE le Ballstáit agus le geallsealbhóirí cur chun feidhme reachtaíocht an AE a luathú agus a fheabhsú trí bhíthin sineirgíochtaí a chruthú idir Cistí an AE agus cistí náisiúnta agus san am céanna acmhainní breise na hearnála poiblí agus príobháidí a ghiaráil.

    · Comhleanúnachas méadaithe idirghabháil an AE: Trí bhíthin ionstraime tiomnaithe maidir leis an gComhshaol agus maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, cuirtear ar chumas an Choimisiúin tosaíochtaí a mhúnlú ar bhealach níos fearr agus a áirithiú go mbaintear úsáid as acmhainní go héifeachtach ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil agus le gníomhú ar son na haeráide, trí na tionscadail is fearr ar fud an AE a roghnú. Déantar reachtaíocht an AE a chur chun feidhme ar bhonn níos aonchineálaí a bhuí le leathadh na ndea-chleachtas (e.g. modheolaíochtaí arna bhforbairt agus a fheidhmítear go coitianta anois, pleananna bainistíochta, etc.).

    · Bearnaí a líonadh agus idirghabháil láraithe níos éifeachtaí: Bíonn ionstraim shonrach níos solúbtha agus maoinítear tionscadail dá réir nárbh fhéidir iad a mhaoiniú faoi chistí eile ina mhalairt de chás (e.g. tionscadail arna mbainistiú ag tairbhithe nach bhfuil incháilithe faoi chistí eile).

    · Trí ionstraim shonrach, mhéadófaí ard-infheictheacht an ghníomhaithe ar son na haeráide agus an chomhshaoil tríd an Aontas a thabhairt níos cóngaraí dá shaoránaigh agus trí thiomantas an AE do chuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a léiriú, agus dá bhrí sin, na cuspóirí sin a dhéanamh níos ábhartha.

    · Réitigh a sholáthar le haghaidh dúshláin comhshaoil atá ag teacht aníos ar le leas an AE iad: Bíonn fadhbanna comhshaoil ag geallsealbhóirí go minic nár aimsíodh réiteach ar bith ina leith go fóill agus, mura dtéitear i ngleic leo sin go luath, beidh costais níos airde i gceist.

    1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

    Daingnítear i meastóireachtaí LIFE gur ionstraim rathúil ríthábhachtach é Clár LIFE chun beartas comhshaoil an Aontais a chur chun feidhme, a mbaineann breisluach AE suntasach leis, mar aon le leibhéal leormhaith feidhmíochta, agus go bhfuil rannchuidiú suntasach ag baint leis maidir le cur chun feidhme bheartas comhshaoil agus reachtaíocht chomhshaoil an AE.

    Bhí ról nach beag ag deontais ghníomhaíochta (arbh ionann iad agus 78 % de na leithreasaí i.e. méid dar luach EUR 300 milliún in 2013) maidir le cur chun feidhme na dTreoracha maidir le Gnáthóga agus le hÉin agus maidir le cineálacha cur chuige agus teicneolaíochtaí nua a thástáil, agus taispeánadh iontu cumas feidhmithe mar chatalaíoch le haghaidh cuid de na Treoracha is éilithí a chur chun feidhme, mar ullmhúchán le haghaidh bainistíochta leantaí trí bhíthin cistí eile. Méadaíodh feasacht ar cúram comhshaoil agus aeráide agus ar rochtain saoránach ar fhaisnéis ábhartha trí LIFE+ freisin, agus cruthaíodh ardáin chomhoibritheacha agus comhpháirtíochtaí comhoibritheacha chun dea-chleachtais a mhalartú. Trí dheontais oibriúcháin le haghaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha, éascaíodh a rannpháirtíocht siúd maidir le beartas comhshaoil agus aeráide agus reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide an AE a fhorbairt agus a chur chun feidhme, de réir mar a cheanglaítear le Coinbhinsiún Aarhus.

    Bhí sé ina thátal ag meastóireacht mheántéarma LIFE+ freisin gur méadaíodh cumas an Chláir breisluach AE a chur ar fáil mar aon le nasc le cuspóirí beartais an AE trí bhíthin na n-athruithe arna dtabhairt isteach i Rialachán LIFE+ (na trí chineál idirghabháil a chomhdhlúthú in aon bhunús dlí, an chomhpháirt dúlra a mhéadú ionas go mbeidh saincheisteanna bithéagsúlachta i gcoitinne san áireamh, méadú ar an gcomhpháirt chomhshaoil chun í a chur ar chomhréim le tosaíochtaí an 6ú Plean Gníomhaíochta don Chomhshaol agus comhpháirt nua ar a dtugtar Faisnéis agus Cumarsáid).

    Sainaithníodh réimsí freisin sna meastóireachtaí inar cheart feabhas a chur ar LIFE+ chun an acmhainneacht breisluacha uile a ghabhann leis le haghaidh an AE a imscaradh:

    · Fócas agus beartú tosaíochta ar bhonn níos fearr: is beag deis a chuirtear ar fáil don Choimisiún éileamh a spreagadh i réimsí ardtosaíochta, go háirithe i gcomhpháirt LIFE maidir leis an gComhshaol agus Rialachas (cuimsítear gníomhú ar son na haeráide freisin sa tsraith sin) mar gheall ar an gcur chuige ó bhun aníos agus raon feidhme ginearálta réimsí gníomhaíochta incháilithe;

    · Úsáid níos fearr a bhaint as torthaí na dtionscadal agus fios gnó a aistriú: cé go bhfuil gníomhaíochtaí cumarsáide agus líonraithe éigeantach i dtionscadail LIFE, ba cheart comhroinnt na ndea-chleachtas agus forbairt acmhainní le haghaidh acquis an AE a chur chun feidhme a atreisiú;

    · Sineirgíochtaí níos láidre le Cistí AE eile: cé go ndearnadh bearta agra-chomhshaoil a thástáil in LIFE+ agus go ndearnadh iad a chorprú ina dhiaidh sin i gcláir forbartha tuaithe na mBallstát, tá tuilleadh feabhais indéanta;

    · Sriantaí maidir le gníomhaíochtaí cistiúcháin lasmuigh den AE a bhaint: tá éifeachtacht an Chláir chun cuspóirí comhshaoil áirithe an AE a bhaint amach laghdaithe mar thoradh ar na srianta sin.

    Shocraigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i dtuarascáil speisialta arna foilsiú in 2009, gur clár dea-bhainistithe é LIFE, agus go bhfuil feabhsuithe leantacha déanta air i gcaitheamh na mblianta.

    1.5.4. Comhleanúnachas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

    Baineadh de thátal as an meastóireacht ex-post, as an meastóireacht mheántéarma agus as an meastóireacht ex-ante nach bhféadfaí ach cion beag na dtionscadal a mhaoiniú trí bhíthin Chistí eile an Aontais (go príomha ón gClár um Iomaíochas agus Nuálaíocht agus ó FP7) in éagmais LIFE+. Le haghaidh shraitheanna áirithe LIFE+, amhail Faisnéis agus Cumarsáid LIFE, is ar éigean a bhfuil foinsí malartacha cistiúcháin ar fáil.

    Mar sin féin, is cosúil go bhfreastalaítear ar nuálaíocht san earnáil phríobháideach atá faoi thionchar an mhargaidh chomh maith céanna go pointe áirithe i dtionscnamh eile amhail "Fís 2020” a bheidh ann sa todhchaí. Mar sin féin, ní bhaineann saothrú na héicea-nuálaíochta le forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí nua do thomhaltóirí a bheidh níos glaine agus níos glaise iontu féin amháin. Ina theannta sin baineann sé le cothú dea-chleachtas agus cineálacha cur chuige níos fearr ar fud an gheilleagair. Cé go dtugtar aghaidh ar chlistí margaidh ar bhonn leormhaith i gCistí eile an Aontais, ní hamhlaidh an scéal i gcás laigí institiúideacha. Tá sé sin an-ábhartha le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt réiteach a bheidh spreagtha ag beartas agus dírithe ar an earnáil phoiblí maidir le dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhfuil acmhainneacht theoranta ann nó nach bhfuil acmhainneacht ar bith ann iad a mhacasamhlú ar bhonn margaidh agus lena ndéantar bealaí cur chun feidhme atá úrnua agus níos cost-éifeachtúla a chur chun cinn.

    Ar an gcúis sin, díreofar Clár LIFE níos mó ar nuálaíocht atá dírithe ar an earnáil phoiblí agus ar aimsiú réiteach ar minic gur fearr iad a chur chun feidhme trí bhíthin comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha. Ar an dóigh chéanna, cuirtear bac ar fhorbairt teicneolaíochta ísealcharbóin de bharr éiginnteachta agus eisileadh neamhleor eolais. Ní mór teicneolaíochtaí nuafhorbartha a thástáil ar mhionscála. Cé go bhféadfadh macasamhlú ar bhonn margaidh agus réitigh mórscála a bheith faoi chuimsiú “Fís 2020” ar bhonn níos minice, fós féin tá deiseanna ann go fóill forbairt réiteach atá dírithe ar an earnáil áitiúil agus phoiblí mar aon le teicneolaíochtaí ar mhionscála atá dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chur chun cinn d’fhonn cuidiú leo feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil agus aeráide. Go traidisiúnta, chuaigh LIFE i ngleic leis na dúshláin sin trí bhíthin réiteach ar mhionscála a bhíonn an-inmhacashamhlaithe a chur ar fáil, agus ar bhonn trasteorann freisin.

    Bunófar comhar leis an straitéis “Fís 2020” a bheidh ann sa todhchaí agus le hionstraim an Iomaíochais agus na bhfiontar beag agus meánmhéide chun sineirgíochtaí a áirithiú go háirithe sna réimsí sin. Mar shampla, d’fhéadfaí a bheartú gur féidir smaointí arna bhforbairt faoi choimirce “Fís 2020” a thástáil agus a thaispeáint i gcomhthéacs reachtaíocht shonrach an Aontais a chur chun feidhme trí bhíthin thionscadal LIFE. Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfadh Clár LIFE cumas a fhorbairt agus feasacht a mhúscailt d’fhonn cur chun feidhme na dtorthaí taighde a chur chun cinn.

    Tá LIFE nasctha le cistí eile de chuid an Aontais freisin, amhail Cistí an Bheartais Chomhtháthaithe (CSE, CFRE, an Ciste Comhtháthaithe), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (an CETFT) nó an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Comhlánaítear na Cistí sin trí Chlár LIFE ós rud é go maoinítear leis cineálacha sonracha gníomhaíochtaí agus bearta arb ionann an príomhchuspóir agus tairbhí comhshaoil agus aeráide a bhaint amach nó lena mbaineann ceanglas reachtaíocht chomhshaoil agus aeráide a chur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, feidhmíonn Clár LIFE trí bhearnaí a líonadh. Dá réir sin, féadfaidh sé bheith ar cheann de na príomhionstraimí AE chun caomhnú dúlra a mhaoiniú (i réimsí nach féidir ról substaintiúil a bheith ag an CBT) agus cosaint an chomhshaoil a mhaoiniú i réigiúin níos forbartha ós rud é nach mbeidh ach rogha theoranta tosaíochtaí ag na réigiúin sin faoi ionstraimí nua an bheartais chomhtháthaithe.

    Ina theannta sin, neartófar ról catalaíoch agus giarála Chlár LIFE trí bheith ina spreagthóir le haghaidh Chistí eile an Aontais a shlógadh e.g. trí bhíthin Tionscadal Comhtháite. Chun na críche sin, beidh cur chuige níos comhleanúnaí le Cistí eile riachtanach. I dTeachtaireacht an chreata airgeadais ilbhliantúil (an CAI), bunaíodh caidreamh struchtúrtha trí bhíthin tagairt a dhéanamh do “Thionscadail Chomhtháite" sa Chomhchreat Straitéiseach (CCS). Forbrófar an caidreamh struchtúrtha sin go mion le haghaidh Tionscadal Comhtháite agus an CCS á dhréachtú agus féadfaidh coiste stiúrtha agus bealaí faisnéise struchtúrtha a bheith san áireamh.

    Bheartaigh an Coimisiún i dTeachtaireacht an CAI go bhfuil sé beartaithe aige an cion de bhuiséad an AE a bhaineann leis an aeráid a mhéadú go dtí 20 % ar a laghad le ranníocaíocht ó bheartais éagsúla, faoi réir ag measúnú tionchair. Rannchuideoidh an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (Clár LIFE) leis an gcuspóir sin. Tá fochlár maidir le Gníomhú ar son na hAeráide curtha san áireamh le Clár LIFE lena mbaineann acmhainní tiomanta agus cuspóirí sonracha maidir leis an aeráid, arna thionlacain ag táscairí ar thorthaí.

    1.6. Fad agus tionchar airgeadais

    Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

    – Togra/tionscnamh in éifeacht ón 1/1/2014 go dtí an 31/12/2020

    – Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023

    Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

    – Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

    – agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

    1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe [52]

    Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

    Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    – gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    – comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail [53]

    – comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    – daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

    Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

    Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta: d’fhéadfaí cúraimí breise a chur faoi iontaoibh an BCE, an CEI, nó institiúidí airgeadais, eagraíochtaí idirnáisiúnta eile nó comhlachtaí lena mbaineann misean seirbhíse poiblí, nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

    Breithníodh sa mheastóireacht mheántéarma go bhfuil an faireachán agus an mheastóireacht reatha éifeachtach agus éifeachtúil den chuid is mó. Mar sin féin, bheadh sé inmhianaithe díriú níos mór ar thorthaí. Dá réir sin, cuireann an creat faireacháin leis an gcreat atá molta don ionstraim reatha [54]. Tá an creat eagraithe ar dhá leibhéal:

    1. Faireachán ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair ar leibhéal tionscadail agus cláir

    Déanfar faireachán ar fheidhmíocht an Chláir ar leibhéal tionscadail agus cláir.

    Ar leibhéal an tionscadail, faoi mar atá anois, áireofar ceanglas go gcuirfí táblaí aschur ionchais san áireamh le tograí tionscadail. Feidhmeoidh na táblaí sin mar bhunús le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtionscadal. Oiriúnófar na táscairí aschuir i gcomhréir leis na táscairí atá san áireamh le roinn 1.4.4 chun gnéithe nua an Chláir a léiriú. Beidh sé éigeantach táblaí aschuir a nuashonrú agus iad a chur isteach in athuair i dteannta leis na tuarascálacha meántéarma agus deireanacha.

    Airítear leis an gcreat faireacháin cuairteanna ar na tionscadail go léir aon uair amháin in aghaidh na bliana agus cuairteanna fhoireann an Choimisiúin aon uair amháin ar a laghad i saolré na dtionscadal. Cruthófar comhad faireacháin ag tús gach tionscadail a bheidh ina thuarascáil ghearr lena n-áireofar cur síos ar an tionscadal mar aon le gníomhaíochtaí achoimrithe agus aschuir agus torthaí ionchais. Trí chuairteanna bliantúla na foirne faireacháin, éascaítear forbhreathnú a fháil ar chur chun feidhme an tionscadail in situ agus ar an gcaoi sin is féidir fadhbanna a shainaithint go luath. Cuirfear aiseolas ar fáil don tairbhí d’fhonn feidhmíocht a fheabhsú. Ina theannta sin, beidh ar thionscadail tuarascálacha a chur isteach le haghaidh measúnú níos mionsonraithe ar dhul chun cinn chun údar a thabhairt d’íocaíochtaí.

    Faoi mar atá i láthair na huaire, tá sé mar cheanglas sa tionscadal go ndéanfar plean iar-LIFE a chur isteach i dteannta leis an Tuarascáil Dheireanach lena n-áireofar inter alia liosta tionchar ionchais a fheidhmeoidh mar bhunús chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht thorthaí an tionscadail. Leanfar ar aghaidh leis an gcleachtas reatha de chuairteanna faireacháin ex-post le haghaidh tionscadal roghnaithe.

    Ar leibhéal an chláir, leagfar amach tosaíochtaí téamacha sonracha sna cláir oibre ilbhliantúla le haghaidh a dtréimhse mar aon le spriocanna sonracha le haghaidh gach tosaíochta i ngach réimse, lena n-áireofar aschuir ionchais (i.e. líon ionchais na dTionscadal Comhtháite, cumhdach Natura 2000 i dtionscadail LIFE, cumhdach ar an gCeantar Abhantraí i dtionscadail LIFE, agus araile). Ag deireadh an ghlao ar thograí gach bliain, déanfaidh an Coimisiún anailís ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil líon leordhóthanach tionscadal maoinithe le haghaidh réimse gníomhaíochta áirithe agus déanfaidh sé mionchoigeartuithe de réir mar is gá chun an clár oibre agus na spriocanna meántéarma a bhaint amach. Forbrófar tuarascálacha téamacha ina ndéantar achoimriú ar na mórghníomhartha le haghaidh tosaíochtaí áirithe tar éis dheireadh an chláir oibre ilbhliantúil. Feidhmeoidh sé sin freisin mar bhunús chun torthaí a leathadh agus iad a chur le forbairt agus le cur chun feidhme beartais. Leanfar de chomhdháil bhliantúil a eagrú le haghaidh gach fochláir.

    Déanfar meastóireacht mheántéarma agus meastóireacht ex-post ar an gClár freisin.

    2. Rianú ar chaiteachas ar leibhéal an tionscadail agus ar leibhéal an chláir

    Ina theannta sin, d’fhonn fianaise a sholáthar de na comhthairbhí a bhainfeadh leis an dá fhochlár maidir le tosaíochtaí sonracha, amhail gníomhú ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta, agus d’fhonn léiriú níos fearr a thabhairt ar an leibhéal caiteachais ar fáil ar feadh an chláir le haghaidh na dtosaíochtaí sin, áireofar leis an gcreat faireacháin modheolaíocht chun rianú a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht, mar atá sainithe i dTeachtaireacht an CAI agus ag leanúint ó “mharcóirí Rio” an ECFE.

    Maidir le gníomhú ar son na haeráide, sonraíodh i dTeachtaireacht an CAI gur gá do phríomhshruthú an ghníomhaithe ar son na haeráide a bheith infheicthe, stóinsithe agus oibleagáid trasnaí le sainaithint cén áit a gcothaítear gníomhú ar son na haeráide nó éifeachtúlacht fuinnimh sa Bhuiséad ag gabháil leis ionas gur féidir leis an AE an méid dá chaiteachas a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide a leagan amach go soiléir, trí bhíthin nós imeachta rianaithe coiteann a úsáid i gcás caiteachais a bhaineann leis an aeráid.

    Déanfar rianú ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid de réir trí chatagóir, bunaithe ar mhodheolaíocht shean-bhunaithe de chuid an ECFE (“marcóirí Rio”): caiteachas i gcás ina bhfuil an aeráid ar an bpríomhchuspóir (príomhúil) (arna ríomh mar 100 % - bainteach leis an aeráid amháin); caiteachas i gcás ina bhfuil aeráid ina cuspóir suntasach ach níl sí ar an gcuspóir is mó (arna ríomh mar 40 % - bainteach go suntasach leis an aeráid); agus caiteachas nach bhfuil dírithe ar chuspóirí aeráide (arna ríomh mar 0 % - neamhbhainteach leis an aeráid).

    Maidir leis an mbithéagsúlacht, comhtháthófar 'marcóirí Rio' arna mbunú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus a d'úsáid an Coimisiún cheana féin le haghaidh ionstraimí seachtracha sa mhodheolaíocht atá ann cheana leis an bhfeidhmíocht arna húsáid do chláir AE a thomhas. Beidh na marcóirí sin ina chúnamh freisin chun comhthairbhí na gcaiteachas aeráide agus bithéagsúlachta a léiriú, agus chun comhthairbhí bithéagsúlachta an chaiteachais aeráide ar REDD+ (Astuithe ó Dhíforaoisiú agus ó Dhíghrádú Foraoise a Laghdú) a thabhairt chun suntais.

    Ar leibhéal an tionscadail, déanfar rianú ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus ar chaiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht trí fhairsingiú an chleachtais reatha ina gcuirtear san áireamh leis na tograí rogha lena léireofar an féidir féachaint ar an tionscadal mar thionscadal atá bainteach leis an aeráid chun an bhithéagsúlacht a chumhdach freisin ionas gur féidir an tionscadal sin a chur san áireamh de réir “mharcóirí Rio”. Dá réir sin, beifear ábalta an caiteachas a bhainfidh leis an dá thosaíocht sin a shainaithint gach bliain.

    Ar leibhéal an chláir, ríomhfar meastacháin ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus ar chaiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht de réir mhodheolaíocht “mharcóirí Rio” ar bhonn na gclár oibre ilbhliantúil ina leagfar amach tosaíochtaí téamacha dá dtréimhse. Dá réir sin d’fhéadfaí leibhéal táscach an chaiteachais a bhaineann leis an dá thosaíocht sin ar fud Chlár LIFE a shainaithint gach bliain.

    2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

    Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún a bheidh sa mhodh bainistíochta le haghaidh Chlár LIFE agus déanfar í a tharmligean i bpáirt chuig Gníomhaireacht Feidhmiúcháin reatha. Ar an gcaoi sin, cabhróidh Coiste Chlár LIFE maidir leis an gComhshaol agus leis an Athrú Aeráide leis an gCoimisiún. Beidh dhá chuid sa Choiste sin agus, go háirithe, beidh cathaoirligh éagsúla agus comhdhéanamh éagsúil ag an gCoiste, ag brath ar cibé acu an mbaineann na saincheisteanna atá i gceist leis an bhfochlár don Chomhshaol nó leis an bhfochlár don Ghníomhú ar son na hAeráide.

    Is iad seo a leanas príomhghnéithe an chórais rialaithe inmheánaigh:

    – na ciorcaid airgeadais agus, go háirithe, rialú ex-ante na n-idirbheart;

    – na rialuithe airgeadais arna dtabhairt chun críche i rith an phróisis dhámhachtana;

    – tuairisciú bainistíochta de chineál airgeadais, cuntasaíochta agus eile; agus

    – na hiniúchóireachtaí ex-post arna bhfeidhmiú ar an láthair ar thairbhithe na ndeontas. Roghnaítear na deontais a ndéanfar iniúchadh orthu ar bhonn riosca (chun na hearráidí a bhrath agus a cheartú) nó ar bhonn samplála ionadaíche (chun urrús réasúnach a chur ar fáil don Oifigeach um Údarú maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart).

    Déantar na moltaí ó mheastóireachtaí an chláir, ó na tuarascálacha arna n-eisiúint ag an iniúchóir inmheánach agus Tuarascáil Speisialta na Cúirte Iniúchóirí a chur san áireamh sa straitéis rialaithe d’fhonn éifeachtacht agus breisluach Eorpach an chláir a mhéadú.

    2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

    Baineann na rioscaí arna n-aithint i rith chur chun feidhme an Chláir leis na catagóirí seo a leanas den chuid is mó:

    · Clistí comhordúcháin (leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin, le deontóirí eile nó le hinstitiúidí airgeadais);

    · Úsáid neamhéifeachtach as acmhainní riaracháin (comhréireacht theoranta riachtanas);

    · Riosca go mbeadh sainiú soiléir ar theorainneacha na bhfreagrachtaí in easnamh maidir le bainistiú agus rialú cúraimí arna dtarmligean chuig an ngníomhaireacht;

    · Riosca go n-úsáidfí cistí nach raibh dírithe go leor/a bhí dírithe ar bhealach neamh-éifeachtach mar aon leis an riosca go ndéanfaí cistí a roinnt go hiomarcach i ngeall ar raon feidhme críochach nó téamach níos mó;

    · Earráidí agus mí-éifeachtúlachtaí arna ndíorthú ó chastacht na rialacha (e.g. incháilitheacht costas), creat réimse théamaigh míchobhsaí, tosaíochtaí agus rialacha;

    · Laigí sna córais bhainistíochta agus rialaithe ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta agus ar leibhéal na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin;

    · Bheadh an rangú seo a leanas ó ardrioscaí a bhraitear go riosca íseal mar thoradh ar anailís riosca de réir chineál na n-idirbheart: Tionscadail chomhtháite (coincheap nua, bainistíocht chasta), deontais ghníomhaíochta le haghaidh tionscadal traidisiúnta níos lú, deontais oibriúchán, agus soláthar;

    · Cuimsítear dúshláin nua le cineál nua tionscadail (Tionscadal Comhtháite) maidir le comhoibriú agus comhar, comhthiomsú acmhainní agus comhroinnt dea-chleachtas agus saineolais.

    2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

    Struchtúr rialachais: simpliú agus sruthlíniú

    Tá sé beartaithe cuid de chúraimí bainistíochta an chláir a tharmligean chuig Gníomhaireacht Feidhmiúcháin reatha. Déanfaidh an ghníomhaireacht sin a creat rialaithe airgeadais féin a oiriúnú don chlár nua lena n-áirítear cill iniúchóireachta ex-post, arna maoirsiú ag an Oifigeach um Údarú, a chur ar bun. Beidh an chill sin faoi iniúchadh iniúchóireacht inmheánach na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin.

    D’fhonn córais bhainistíochta agus rialaithe aonchineálacha a áirithiú, ba cheart do na hArd-Stiúrthóireachtaí agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin dea-chleachtais agus eolas a mhalartú. Reáchtálfar cruinnithe treorach agus oiliúna chuige sin.

    Déanfaidh na hArd-Stiúrthóireachtaí maoirseacht ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin agus beidh de chumhacht acu na freagrachtaí a tharmligean mar aon leis an gcur chun feidhme a rialú. Beidh trí leibhéal sa chreat faireacháin agus maoirseachta: leibhéal polaitiúil agus straitéiseach, leibhéal riaracháin, agus leibhéal bainistíochta agus oibríochtúil. D’fhéadfaí iniúchóireacht a dhéanamh ar leibhéal na Gníomhaireachta nó ar leibhéal na dtairbhithe.

    Déine agus cineál na rialuithe i gcomhréir leis an riosca

    Soláthar: rialú agus faireachán ex-ante ar na comhaid ar fad.

    Tionscadail:

    - Roghnú tionscadal/meastóireacht ar thionscadail/caibidlíocht tionscadal: rialuithe coisctheacha ar na comhaid ar fad más cuí le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha;

    - Cur chun feidhme tionscadal trí bhíthin deontas: faireachán coisctheach agus braiteach, cuairteanna ar an láthair le haghaidh gach tionscadail uair amháin ar a laghad le linn a shaolré;

    - Roimh an íocaíocht dheiridh: rialuithe braiteacha agus ceartaitheacha, athbhreithniú deisce ar na comhaid ar fad lena n-áirítear úsáid fhairsing deimhnithe iniúchóireachta seachtraí.

    Déanfar rialuithe ex-post ar dheontais ar an láthair gach bliain. Ina theannta sin, tabharfar isteach cineál nua iniúchóireachta, “iniúchóireachtaí deisce”, d’fhonn seiceálacha bainistíochta a dhéanamh gan a bheith ar an láthair.

    Athbhreithniú ar an straitéis:

    Déanfar an straitéis seo a leasú trí ionadaíocht an daonra arna shampláil a fheabhsú faoi réir iniúchóireachtaí agus rialuithe.

    Na costais agus na tairbhí a bhaineann le rialuithe

    Sonraí stairiúla: B’ionann costais mheasta na rialuithe a bhain le deontais arna mbainistiú faoi LIFE+ in 2010 agus EUR 7.6 milliún, a fhreagraíonn do na nithe seo a leanas:

    - roghnú: EUR 0.6 milliún;

    - bainistíocht tionscadal: EUR 4.5 milliún;

    - rialuithe ex-ante ar an láthair: EUR 1.8 milliún;

    - deimhnithe iniúchóireachta seachtraí: EUR 0.1 milliún;

    - iniúchóireachtaí ex-post: EUR 0.6 milliún.

    Is ionann an tsuim sin agus 3.5 % den tsuim iomlán a íocadh mar dheontais in 2010.

    Measadh gurbh ionann an riosca maidir le neamhchomhlíonadh a bhí léirithe sa Tuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta 2010 agus 2.5 % den tsuim iomlán a íocadh mar dheontais agus níos lú ná 2 % den bhuiséad iomlán le haghaidh na gníomhaíochta.

    Meastar go dtiocfaidh laghdú beag ar shuim na gcostas rialuithe go EUR 7.5 milliún le haghaidh na tréimhse iomláine, agus go mbeidh an miondealú seo a leanas i gceist in 2020:

    - roghnú: EUR 0.5 milliún;

    - bainistíocht tionscadal: EUR 4 mhilliún;

    - rialuithe ex-ante ar an láthair: EUR 1.5 milliún;

    - deimhnithe iniúchóireachta seachtraí: EUR 0.5 milliún;

    - iniúchóireachtaí ex-post: EUR 1 mhilliún.

    Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar leibhéal measta an riosca maidir le neamhchomhlíonadh de bharr dhá phríomhghné:

    - an t-aistriú i dtreo úsáid fhairsing a bhaint as deimhnithe iniúchóireachta seachtraí. Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú 10 % ar an ráta earráidí dá bharr;

    - incháilitheacht costas foirne a theorannú do na baill foirne sin arna n-earcú go sonrach don tionscadal.

    Is ionann costais foirne agus 30 % de na costais agus beagnach 50 % de na hearráidí. Dá laghdófaí na costais foirne a bheidh le cómhaoiniú faoina leath trí bhíthin an bhirt seo, ba cheart go laghdófaí na hearráidí dóchúla faoina leath freisin. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil sé níos éasca an t-am arna chaitheamh ag baill foirne bhreise ar thionscadal a aithint ná an t-am arna chaitheamh ag baill foirne bhuana a bhíonn ag obair ar roinnt gníomhaíochtaí ag an am céanna go hiondúil. Mar sin, d’fhéadfaí a bheith ag súil le laghdú 5 % ar a laghad ar an ráta maidir le neamhchomhlíonadh.

    Cé go dtiocfaidh laghdú ar chostais ainmniúla rialuithe ó 7.6 milliún go 7.5 milliún, táthar ag súil go dtiocfadh laghdú 40 % ar an ráta earráidí, rud a chiallaíonn laghdú ó 2.6 % go 1.6 % ar an tsuim iomlán arna híoc mar dheontais.

    Bheadh sé mar chuspóir an rialaithe inmheánaigh do Chlár LIFE an ráta earráidí iarmharach (tar éis ceartúchán) a theorannú do raon idir an 1.6 % lena bhfuiltear ag súil agus an tairseach ábharthachta 2 % atá socraithe ag an gCúirt Iniúchóirí.

    2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Is iad seo a leanas príomhthairbhithe na ndeontas: údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta go príomha, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, fiontair mhóra, Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, ollscoileanna, institiúidí taighde, etc.

    Roghnaítear tograí de réir dhintiúir ghairmiúla agus chobhsaíocht airgeadais na dtairbhithe agus de réir critéar eile arna bhforchur leis an mbunús dlí.

    Baintear úsáid as an gcóras réamhrabhaidh i rith an phróisis roghnúcháin chun rioscaí féideartha a bhaineann le tairbhithe féideartha na ndeontas arna mbainistiú go lárnach a shainaithint.

    D’fhonn cistiú dúbailte a sheachaint, seoltar comhairliúchán idirsheirbhíse maidir leis an liosta tionscadal, agus tá an riosca cistiúcháin dhúbailte mar chuid de na critéir chun tionscadail a roghnú le hiniúchóireacht ar an láthair a dhéanamh orthu.

    Déantar seisiúin oiliúna ar chéimeanna éagsúla an timthrialla bainistíochta tionscadal a reáchtáil ar an áitreabh le haghaidh na mbainisteoirí tionscadal chun dul i ngleic le riachtanais shonracha bainistíochta agus airgeadais. Féadfar teagmháil dhíreach a dhéanamh le hoifigigh thionscadail agus airgeadais ag an gCoimisiún chun ceisteanna ar leith a fhreagairt.

    Míneofar príomhcheanglais na gcomhaontuithe deontais go cuí do na tairbhithe ag cuairteanna ar an láthair agus ag cruinnithe comhordúcháin.

    Reáchtálfar seisiúin faisnéise le haghaidh na n-iniúchóirí ex-post maidir leis na saintréithe calaoise a d’fhéadfaí a bhrath le linn iniúchóireachta ar an láthair ar ráitis airgeadais.

    Déanann iniúchóirí ex-post na rioscaí calaoise i ráitis airgeadais a shainaithint agus a mheasúnú, agus freagraíonn siad go leormhaith do chalaois nó do chalaois amhrasta arna sainaithint le linn na hiniúchóireachta trí chásanna a chur in iúl do OLAF. Úsáideann siad gach uirlis TF go háirithe. Cuirtear torthaí rialuithe ex-post san áireamh agus an córas rialaithe á mheasúnú agus á cheapadh.

    Déanfar na rialacha lena rialaítear incháilitheacht costas a shimpliú go háirithe i gcás na gcatagóirí sin a bhfuil fadhbanna ar leith ag baint leo, amhail costais foirne agus CBL.

    Beidh deimhnithe iniúchóireachta de dhíth le haghaidh íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh.

    Tá foráil déanta maidir le comhar (maidir le hoiliúint nó faisnéis) idir an bhainistíocht agus OLAF.

    Déanfar an modúl iniúchóireachta in ABAC a choimeád cothrom le dáta agus bainfear leas iomlán as chun cistiú dúbailte a chosc/a bhrath/a cheartú.

    D’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le foirne faireacháin chun maoirsiú ar an láthair a dhéanamh ar chéimeanna éagsúla chur chun feidhme an tionscadail.

    Sonraítear go sonrach sa bhunús dlí an ceart atá ag OLAF rochtain a bheith aige ar gach faisnéis ábhartha.

    I dteannta chur i bhfeidhm na sásraí rialaithe rialála ar fad, ceapfaidh Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil agus an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide straitéis frith-chalaoise i gcomhréir le straitéis nua frith-chalaoise an Choimisiúin a glacadh an 24 Meitheamh 2011 chun a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánacha frith-chalaoise ag teacht go hiomlán le straitéis frith-chalaoise an Choimisiúin agus go bhfuil a gcur chuige maidir le bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí ina bhfuil riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint. Más gá, bunófar grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe atá tiomanta d’anailís a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann le Clár LIFE. Déanfar an riosca calaoise a chomhtháthú sa phróiseas bainistíochta riosca.

    Tá comhfhreagraí leis an Líonra chun Calaois a Bhrath agus a Chosc ainmnithe ag na hArd-Stiúrthóireachtaí a bheidh rannpháirteach i líonraí/i ngrúpaí oibre ábhartha le grúpaí Ard-Stiúrthóireachtaí. Déanfaidh na hArd-Stiúrthóireachtaí feasacht a mhúscailt i measc na mball foirne maidir le calaois a d’fhéadfadh tarlú agus leathfaidh siad faisnéis maidir le húdaráis fhreagracha agus nósanna imeachta chun calaois a thuairisciú.

    3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

    · Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

    | Uimhir [Tuairisc………………………...……….] | LD/LN ( [55]) | ó thíortha [56] an CSTE | ó thíortha is iarrthóirí [57] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

    Ceannteideal 2: fás inbhuanaithe & acmhainní nádúrtha | An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide | Difreáilte. | TÁ | TÁ | NÍL | NÍL |

    · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

    | Uimhir Ceannteideal 2 | LD/LN | ó thíortha an CSTE | ó thíortha is iarrthóirí | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

    2 | 07 03 80 01 – An Comhshaol faoi Chlár LIFE nua (caiteachais oibríochtúla) | Difreáilte. | TÁ | TÁ | TÁ | NÍL |

    2 | 07 03 80 02 – Gníomhú ar son na haeráide faoi Chlár LIFE nua (caiteachais oibríochtúla)(nó ainmníocht nua a chruthófar faoi Cheannteideal sonrach buiséid) | Difreáilte. | TÁ | TÁ | TÁ | NÍL |

    2 | 07 01 04 02 – An Comhshaol faoi Chlár LIFE nua (caiteachais ar bhainistíocht riaracháin) | Neamhdhifreáilte. | TÁ | TÁ | TÁ | NÍL |

    2 | 07 01 04 06 – Gníomhú ar son na haeráide faoi Chlár LIFE nua (caiteachais ar bhainistíocht riaracháin)(nó ainmníocht nua a chruthófar faoi Cheannteideal sonrach buiséid) | Neamhdhifreáilte. | TÁ | TÁ | TÁ | NÍL |

    3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | 2 | Fás Inbhuanaithe: Acmhainní nádúrtha |

    DG: CLIMA + ENV | | | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | 2021 agus blianta tar éis sin | IOMLÁN |

    Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí | | | | | | | | | |

    07 03 80 01 (mír bhuiséadach nua le cruthú)Cuid ENV | Oibleagáidí | (1) | 291.500 | 314.250 | 341.250 | 371.000 | 404.250 | 437.750 | 420.500 | | 2,580.500 |

    | Íocaíochtaí | (2) | 22.238 | 155.963 | 151.764 | 249.364 | 265.615 | 296.415 | 361.226 | 1.077.916 | 2,580.500 |

    XX 03 80 02 (mír bhuiséadach nua le cruthú)(nó ainmníocht nua a chruthófar faoi Cheannteideal sonrach buiséid)Cuid CLIMA | Oibleagáidí | (1a) | 98.700 | 106.800 | 115.400 | 124.500 | 133.200 | 142.800 | 136.700 | | 858.100 |

    | Íocaíochtaí | (2a) | 13.845 | 60.140 | 59.596 | 94.411 | 101.872 | 105.185 | 138.201 | 284.850 | 858.100 |

    Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na bhfochlár sonrach [58] | | | | | | | | | |

    07 01 04 02 (mír bhuiséadach nua le cruthú)Cuid ENV- | | (3) | 19.000 | 22.500 | 23.250 | 22.000 | 18.000 | 14.500 | 13.750 | | 133.000 |

    XX 01 04 06 (mír bhuiséadach nua le cruthú)(nó ainmníocht nua a chruthófar faoi Cheannteideal sonrach buiséid)Cuid CLIMA | | | 4.800 | 5.450 | 6.100 | 6.500 | 7.550 | 7.950 | 8.050 | | 46.400 |

    IOMLÁN leithreasaí le haghaidh DG ENV | Oibleagáidí | | 310.500 | 336.750 | 364.500 | 393.000 | 422.250 | 452.250 | 434.250 | | 2,713.500 |

    | Íocaíochtaí | | 41.238 | 178.463 | 175.014 | 271.364 | 283.615 | 310.915 | 374.976 | 1,077.916 | 2,713.500 |

    IOMLÁN leithreasaí le haghaidh DG CLIMA | Oibleagáidí | | 103.500 | 112.250 | 121.500 | 131.000 | 140.750 | 150.750 | 144.750 | | 904.500 |

    | Íocaíochtaí | | 18.645 | 65.590 | 65.696 | 100.911 | 109.422 | 113.135 | 146.251 | 284.850 | 904.500 |

    IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí | Oibleagáidí | (4) | 390.200 | 421.050 | 456.650 | 495.500 | 537.450 | 580.550 | 557.200 | | 3,438.600 |

    | Íocaíochtaí | (5) | 36.083 | 216.103 | 211.360 | 343.775 | 367.487 | 401.600 | 499.427 | 1,362.766 | 3,438.600 |

    IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na bhfochlár sonrach | (6) | 23.800 | 27.950 | 29.350 | 28.500 | 25.550 | 22.450 | 21.800 | | 179.400 |

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil | Oibleagáidí | =4+ 6 | 414.000 | 449.000 | 486.000 | 524.000 | 563.000 | 603.000 | 579.000 | | 3,618.000 |

    | Íocaíochtaí | =5+ 6 | 59.883 | 244.053 | 240.710 | 372.275 | 393.037 | 424.050 | 521.227 | 1,362.766 | 3,618.000 |

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí | Oibleagáidí | (4) | | | | | | | | | |

    | Íocaíochtaí | (5) | | | | | | | | | |

    IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na bhfochlár sonrach | (6) | | | | | | | | | |

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) | Oibleagáidí | =4+ 6 | | | | | | | | | |

    | Íocaíochtaí | =5+ 6 | | | | | | | | | |

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | 5 [59] | "Ceannteideal 5" Riarachán |

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    DG ENV & CLIM | | | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | | IOMLÁN |

    Acmhainní daonna ENV (EUR milliúin) | 9.184 | 9.320 | 9.528 | 9.871 | 10.082 | 10.285 | 10.564 | | 68.834 |

    Acmhainní daonna CLIMA (EUR milliúin) | 3.175 | 3.222 | 3.575 | 3.792 | 4.020 | 4.100 | 4.180 | | 26.064 |

    IOMLÁN acmhainní daonna (EUR milliúin) | 12.359 | 12.542 | 13.103 | 13.663 | 14.102 | 14.385 | 14.744 | | 94.898 |

    Caiteachas riaracháin eile ENV | 0.392 | 0.400 | 0.409 | 0.417 | 0.425 | 0.434 | 0.442 | | 2.919 |

    Caiteachas riaracháin eile CLIMA | 0.173 | 0.177 | 0.194 | 0.199 | 0.202 | 0.220 | 0.224 | | 1.389 |

    IOMLÁN an chaiteachais riaracháin eile (EUR milliúin) | 0.565 | 0.577 | 0.603 | 0.616 | 0.627 | 0.654 | 0.666 | | 4.308 |

    IOMLÁN DG ENV & CLIM | Leithreasaí | 12.924 | 13.119 | 13.706 | 14.279 | 14.729 | 15.039 | 15.410 | | 99.206 |

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) | 12.924 | 13.119 | 13.706 | 14.279 | 14.729 | 15.039 | 15.410 | 99.206 |

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    | | Bliain 2014 [60] | Bliain 2015 | Bliain 2016 | Bliain 2017 | Bliain 2018 | Bliain 2019 | Bliain 2020 | Bliain 2021 agus blianta tar éis sin | IOMLÁN |

    IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | Oibleagáidí | 426.924 | 462.119 | 499.706 | 538.279 | 577.729 | 618.039 | 594.410 | - | 3,717.206 |

    | Íocaíochtaí | 72.807 | 257.172 | 254.416 | 386.554 | 407.766 | 439.089 | 536.637 | 1,362.766 | 3,717.206 |

    3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

    – Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

    – Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir | | | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN |

    | ASCHUIR |

    | Saghas aschuir [61] | Meánchostas an aschuir | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon iomlán na n-aschur | Costas iomlán |

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 - An Comhshaol agus Éifeachtúlacht Acmhainní | | | | | | | | | | | | | | | | |

    - Aschur | Tionscadail Chomhtháite [62] | €9.481 | 5 | €42.5 | 7 | €62.5 | 10 | €92.5 | 12 | €112.5 | 13 | €127.5 | 15 | €150 | 15 | €142.5 | 77 | €730 |

    - Aschur | Traidisiúnta [63] | €1.5 | 44 | €66.25 | 39 | €58.75 | 28 | €41.75 | 34 | €35.25 | 24 | €36.50 | 22 | €33.25 | 21 | €30.75 | 202 | €302.50 |

    - Aschur | Soláthar [64] | €0.282 | 68 | €19.25 | 72 | €20.35 | 74 | €20.90 | 78 | €22 | 82 | €23.10 | 84 | €23.65 | 88 | €24.75 | 546 | €154 |

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 | 117 | 128 | 118 | 141.60 | 112 | 155.15 | 114 | 169.75 | 119 | 187.10 | 121 | 206.90 | 123 | 198.00 | 825 | 1,186.50 |

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 [65]- An bhithéagsúlacht | | | | | | | | | | | | | | | | |

    - Aschur | Tionscadail Chomhtháite | €10 | 3 | €30 | 4 | €40 | 6 | €60 | 8 | €80 | 10 | €100 | 10 | €100 | 10 | €100 | 51 | €510 |

    - Aschur | Traidisiúnta | €1.5 | 60 | €89.50 | 58 | €87.00 | 52 | €78.00 | 46 | €69.50 | 43 | €65.00 | 51 | €76.25 | 44 | €66.50 | 355 | €531.75 |

    - Aschur | Soláthar | €0.282 | 15 | €4.20 | 16 | €4.44 | 18 | €4.56 | 17 | €4.80 | 18 | €5.04 | 18 | €5.16 | 19 | €5.40 | 119 | €33.60 |

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 | 78 | 123.70 | 78 | 131.44 | 74 | 142.56 | 71 | 154.30 | 71 | 170.04 | 79 | 181.41 | 73 | 171.90 | 525 | 1,075.35 |

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 - Rialachas Comhshaoil | | | | | | | | | | | | | | | | |

    - Aschur | Náisiúnta | €1.25 | 3 | €3.25 | 5 | €6 | 6 | €8 | 8 | €10 | 8 | €10 | 12 | €15 | 12 | €15 | 54 | €67.25 |

    - Aschur | ENV | €1.28 | 11 | €14 | 9 | €11.754 | 9 | €11.75 | 9 | €11.75 | 9 | €11 | 6 | €7.75 | 6 | €7.5 | 59 | €75.50 |

    - Aschur | Eagraíochtaí neamhrialtasacha | €0.300 | 36 | €11 | 37 | €11.25 | 38 | €11.25 | 40 | €12 | 41 | €12.25 | 42 | €12.5 | 44 | €13.25 | 278 | €83.5 |

    - Aschur | Soláthar | €0.282 | 41 | €11.55 | 43 | €12.21 | 44 | €12.54 | 47 | €13.20 | 49 | €13.86 | 50 | €14.19 | 53 | €14.85 | 328 | €92.40 |

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 | 91 | 39.80 | 94 | 41.21 | 98 | 43.54 | 104 | 46.95 | 107 | 47.11 | 111 | 49.44 | 115 | 50.60 | 720 | €318.65 |

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4 - Maolú ar an athrú aeráide | | | | | | | | | | | | | | | | |

    - Aschur | Tionscadail | €2.271 | 13 | €28.50 | 14 | €31.800 | 11 | €24.00 | 12 | €26.50 | 13 | €29.50 | 14 | €32.00 | 13 | €29.50 | 90 | €201.800 |

    - Aschur | Tionscadail Chomhtháite | €5.746 | 0 | €0 | 0 | €0 | 2 | €11.00 | 2 | €11.30 | 2 | €11.50 | 2 | €11.80 | 2 | €12.00 | 10 | €57.60 |

    - Aschur | Soláthar | €0.282 | 57 | €16.00 | 57 | €16.20 | 60 | €17.00 | 64 | €18.20 | 67 | €19.00 | 73 | €20.50 | 71 | €20.00 | 449 | €126.90 |

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 4 | 70 | €44.50 | 71 | €48.00 | 73 | €52.00 | 78 | €56.00 | 82 | €60.00 | 89 | €64.30 | 86 | €61.50 | 549 | €386.30 |

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 5 - Oiriúnú don athrú aeráide | | | | | | | | | | | | | | | | |

    - Aschur | Tionscadail | €2.254 | 16 | €36.500 | 18 | €40.000 | 14 | €32.500 | 16 | €35.600 | 17 | €39.200 | 19 | €43.200 | 17 | €39.000 | 117 | €266.000 |

    - Aschur | Tionscadail Chomhtháite | €5.746 | 0 | €0 | 0 | €0 | 2 | €11.000 | 2 | €11.300 | 2 | €11.500 | 2 | €11.800 | 2 | €12.000 | 10 | €57.600 |

    - Aschur | Soláthar | €0.282 | 28 | €8.000 | 28 | €8.000 | 30 | €8.500 | 32 | €9.100 | 33 | €9.300 | 33 | €9.300 | 37 | €10.500 | 221 | €62.700 |

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 5 | 44 | €44.500 | 46 | €48.000 | 46 | €52.000 | 50 | €56.000 | 52 | €60.000 | 54 | €64.300 | 56 | €61.500 | 348 | €386.300 |

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 6 - Rialachas Aeráide | | | | | | | | | | | | | | | | |

    - Aschur | Tionscadail | €1.132 | 4 | €4.000 | 4 | €4.700 | 5 | €5.300 | 5 | €5.500 | 5 | €6.000 | 6 | €6.500 | 6 | €6.500 | 35 | €38.500 |

    - Aschur | Soláthar | €0.282 | 9 | €2.500 | 10 | €2.800 | 10 | €2.800 | 11 | €3.000 | 11 | €3.200 | 12 | €3.400 | 10 | €2.900 | 73 | €20.600 |

    - Aschur | Eagraíochtaí neamhrialtasacha | €0.565 | 6 | €3.200 | 6 | €3.300 | 6 | €3.300 | 7 | €4.000 | 7 | €4.000 | 8 | €4.300 | 8 | €4.300 | 48 | €26.400 |

    Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 6 | 19 | €9.700 | 20 | €10.800 | 21 | €11.400 | 23 | €12.500 | 23 | €13.200 | 26 | €14.200 | 24 | €13.700 | 156 | €85.500 |

    | | | | | | | | | | | | | | | | | | |

    COSTAS IOMLÁN | 419 | 390.20 | 428 | 421.05 | 424 | 456.65 | 440 | 495.50 | 454 | 537.45 | 480 | 580.55 | 477 | 557.20 | 3.122 | €3,438.6 |

    3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

    3.2.3.1. Achoimre

    – Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

    – Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 | IOMLÁN |

    Acmhainní daonna ENV | 9.184 | 9.320 | 9.528 | 9.871 | 10.082 | 10.285 | 10.564 | 68.834 |

    Acmhainní daonna CLIMA | 3.175 | 3.222 | 3.575 | 3.792 | 4.020 | 4.100 | 4.180 | 26.064 |

    Caiteachas riaracháin eile ENV | 0.392 | 0.400 | 0.409 | 0.417 | 0.425 | 0.434 | 0.442 | 2.919 |

    Caiteachas riaracháin eile CLIMA | 0.173 | 0.177 | 0.194 | 0.199 | 0.202 | 0.220 | 0.224 | 1.389 |

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | 12.924 | 13.119 | 13.706 | 14.279 | 14.729 | 15.039 | 15.410 | 99.206 |

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 [66] den chreat airgeadais ilbhliantúil | | | | | | | | |

    Caiteachas eile ENV de chineál riaracháin | 19.000 | 22.500 | 23.250 | 22.000 | 18.000 | 14.500 | 13.750 | 133.000 |

    Caiteachas eile CLIMA de chineál riaracháin | 4.800 | 5.450 | 6.100 | 6.500 | 7.550 | 7.950 | 8.050 | 46.400 |

    Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | 23.800 | 27.950 | 29.350 | 28.500 | 25.550 | 22.450 | 21.800 | 179.400 |

    IOMLÁN | 36.724 | 41.069 | 43.056 | 42.779 | 40.279 | 37.489 | 37.210 | 278.606 |

    3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    – Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

    – Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

    | 2014 | 2015 | 2016 | 2017 | 2018 | 2019 | 2020 |

    Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) |

    07 01 01 01 01 ENV (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) | 64.0 | 64.0 | 64.0 | 65.0 | 65.0 | 65.0 | 65.0 |

    XX 01 01 01 02 CLIMA (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)(nó ainmníocht nua a chruthófar faoi Cheannteideal sonrach buiséid) | 21.0 | 21.0 | 23.0 | 24.0 | 25.0 | 25.0 | 25.0 |

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) | | | | | | | |

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach) | | | | | | | |

    10 01 05 01 (Taighde díreach) | | | | | | | |

    Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) [67] |

    07 01 02 01 ENV (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") | 8.0 | 8.0 | 8.0 | 8.0 | 8.0 | 8.0 | 9.0 |

    XX 01 02 02 CLIMA (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch")(nó ainmníocht nua a chruthófar faoi Cheannteideal sonrach buiséid) | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 | 5.0 |

    XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) | | | | | | | |

    XX 01 04 bb [68] | - sa Cheanncheathrú [69] | | | | | | | |

    | - i dtoscaireachtaí | | | | | | | |

    XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) | | | | | | | |

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) | | | | | | | |

    Línte buiséid eile (sonraigh) | | | | | | | |

    IOMLÁN | 98.0 | 98.0 | 100.0 | 102.0 | 103.0 | 103.0 | 104.0 |

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Déanfar méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú ag brath ar thorthaí an phróisis seachtraithe atá beartaithe.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | |

    Pearsanra seachtrach | |

    3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    – Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    – Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    Neamhbhainteach

    – Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil [70].

    Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    Neamhbhainteach

    3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    – Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    – Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Costas |

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe | | | | | | | | |

    IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe | | | | | | | | |

    3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    – Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

    – Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    – ar acmhainní dílse

    – ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim: | Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach | Tionchar an togra/tionscnaimh [71] |

    | | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) |

    Airteagal …………. | | | | | | | | |

    I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

    n/b

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    n/b

    [1] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún "Buiséad don Eoraip 2020", COIM(2011)500 críochnaitheach, 29.6.2011.

    [2] Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach COIM(2010) 2020 leagan deireanach, an Bhruiséil, 3.3.2010, arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 2010.

    [3] Rialachán (CE) Uimh. 614/2007, IO L 149, 9.6.2007, lch. 1.

    [4] Treoir 92/43/CEE, IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.

    [5] Meastóireacht ex-post LIFE arna déanamh ag COWI in 2009; Meastóireacht mheántéarma LIFE+ arna déanamh ag GHK in 2010; Combined impact assessment and ex-ante evaluation of the review of the LIFE+ Regulation (Measúnú tionchair agus meastóireacht ex-ante comhcheangailte maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán LIFE+) arna ndéanamh ag cuibhreannas faoi stiúir GHK in 2011 agus Climate Change in the future multiannual financial framework (An tAthrú Aeráide sa chreat airgeadais ilbhliantúil amach anseo) arna dhéanamh ag an Institiúid um Beartas Comhshaoil Eorpach in 2011.

    [6] [tagairt le cur ar áireamh nuair a bheidh sé foilsithe]

    [7] http://ec.europa.eu/environment/life/publications/lifepublications/evaluation/index.htm#expost.

    [8] http://ec.europa.eu/environment/life/publications/lifepublications/evaluation/index.htm#mte2010.

    [9] [tagairt le cur ar áireamh nuair a bheidh sé foilsithe]

    [10] [tagairt le cur ar áireamh nuair a bheidh sé foilsithe]

    [11] http://ec.europa.eu/environment/life/about/beyond2013.htm.

    [12] http://ec.europa.eu/environment/life/about/beyond2013.htm.

    [13] http://ec.europa.eu/environment/life/about/beyond2013.htm.

    [14] [tagairt le cur ar áireamh]

    [15] Treoir 2009/147/CE, IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.

    [16] Treoir 2000/60/CE, IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.

    [17] Treoir 2008/56/CE, IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.

    [18] Togra ón gCoimisiún le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Fís 2020 – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht.

    [19] COIM(2011) 112 críochnaitheach.

    [20] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, A framework for the next generation of innovative financial instruments - the EU equity and debt platforms (Creat maidir leis an gcéad ré eile d’ionstraimí airgeadais nuálacha - ardáin cothromais agus fiachais an AE), COIM(2011)662 críochnaitheach, 19.10.2011.

    [21] Is ionann é sin agus EUR 3.2 billiún i bpraghsanna tairiseacha.

    [22] IO C , , lch. .

    [23] IO C , , lch. .

    [24] COIM(2011)500 críochnaitheach, 29.6.2011.

    [25] IO L 149, 9.6.2007, lch.1.

    [26] Tá na figiúirí uile i bpraghsanna reatha.

    [27] COIM(2011) 403 críochnaitheach, 29.6.2011.

    [28] IO L …lch. [tag. CFRE]

    [29] IO L…lch. [tag. CSE]

    [30] IO L…lch. [tag. CC]

    [31] IO L…lch. [tag. an CERT]

    [32] IO L…lch. [tag. an CETFT]

    [33] IO L…lch. [tag. CEMI]

    [34] IO L…lch. [tag. "Fís 2020"]

    [35] [Tagairt le cur ar áireamh nuair a ghlacfar leis]

    [36] COIM(2010) 2020 críochnaitheach, 3.3.2010.

    [37] COIM(2011) 571 críochnaitheach, 20.9.2011.

    [38] COIM(2011) 244 críochnaitheach, 3.5.2011.

    [39] IO L 206, 22.7.1992, lch.7.

    [40] IO L 20, 26.1.2010, lch.7.

    [41] COIM(2011) 112 críochnaitheach, 8.3.2011.

    [42] IO L 248, 16.9.2002, lch.1.

    [43] IO L 142, 14.05.1998, lch.1.

    [44] IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.

    [45] IO L 164, 25.6.2008, lch 19.

    [46] COIM(2011) 500 críochnaitheach, 29.06.2011, Cuid II (Físeanna beartais), lch. 7.

    [47] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

    [48] Tá na figiúirí uile i bpraghsanna reatha.

    [49] IO L 117, 5.5.1999, lch. 1.

    [50] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí

    [51] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

    [52] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

    [53] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

    [54] An creat faireacháin agus meastóireachta atá molta le haghaidh Rialachán LIFE+, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, 2007

    [55] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

    [56] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [57] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

    [58] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [59] Déanfar na méideanna agus an leithdháileadh a choigeartú más gá i gcomhréir le thorthaí an phróisis seachtraithe i dtreo gníomhaireachta feidhmiúcháin atá beartaithe

    [60] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    [61] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

    [62] Tionscadail Chomhtháite.

    [63] Tionscadail thraidisiúnta.

    [64] Soláthar poiblí.

    [65] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”

    [66] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [67] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

    [68] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”).

    [69] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

    [70] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

    [71] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bhaint.

    --------------------------------------------------

    Top