EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0840

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt

/* COIM/2011/0840 leagan deireanach - 2011/0406 (COD) */

52011PC0840

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt /* COIM/2011/0840 leagan deireanach - 2011/0406 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Mórfhadhb go fóill is ea líon na ndaoine a mhaireann sa bhochtaineacht i dtíortha i mbéal forbartha. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach bainte amach, níl formhór na dtíortha i mbéal forbartha gar do Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFManna) a bhaint amach agus níl siad in ann tús a chur go rathúil le gach gné den fhorbairt inbhuanaithe – an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta agus an ghné chomhshaoil. Áirítear leis an ngné chomhshaoil maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.

Ina theannta sin, tá dúshláin dhomhanda shuntasacha le sárú go fóill agus bhí tíortha i mbéal forbartha thíos go mór leis an tsraith géarchéimeanna a thit amach le déanaí, as ar eascair inter alia éagobhsaíocht shóisialta agus gheilleagrach, imirce mhéadaithe, easpa slándála an tsoláthair bia, agus leochaileacht mhéadaithe i leith suaití seachtracha i measc tionchar eile, agus cuireann na nithe sin ar fad leis an bhfadhb. Tá sé ag éirí níos soiléire go bhfuil acmhainní comhshaoil agus acmhainní nádúrtha, rudaí atá ríthábhachtach maidir le fás inbhuanaithe socheacnamaíoch, i mbaol níos mó ón athrú aeráide agus ó fhás tapa daonra. D'fhéadfadh sé sin cur le staid atá leochaileach cheana féin i dtíortha i mbéal forbartha agus mórghníomhartha áirithe forbartha a chealú.

Tá an AE tiomanta i gcónaí cabhrú le tíortha i mbéal forbartha an bhochtaineacht a laghdú agus í a dhíothú faoi dheoidh. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, bunaíodh an Rialachán i ndáil leis an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (DCI) le haghaidh na tréimhse 2007‑2013 arb é an príomhchuspóir agus an cuspóir uileghabhálach leis an bhochtaineacht a dhíothú i dtíortha agus i réigiúin chomhpháirtíochta. Is éard atá ann trí chatagóir chlár: (i) cláir dhéthaobhacha agus réigiúnacha gheografacha ina gcuimsítear comhar leis an Áise, Meiriceá Laidineach, an Áise Láir, an Meánoirthear agus leis an Afraic Theas; (ii) cláir théamacha ina gcuimsítear na saincheisteanna a leanas: infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, an comhshaol agus bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear fuinneamh, gníomhaithe neamhstáit agus údaráis áitiúla, slándáil bia, chomh maith le himirce agus le tearmann; agus (iii) bearta tionlacain i leith tíortha táirgeachta siúcra.

Rachaidh rialachán reatha an DCI in éag an 31 Nollaig 2013. Tugadh aitheantas sna hathbhreithnithe éagsúla a rinneadh ar an DCI dá bhreisluach foriomlán agus don mhéid a chuireann sé le baint amach na Spriocanna Forbartha na Mílaoise, ach leagadh béim iontu freisin ar roinnt easnamh. Spreag dúshláin nua, mar aon leis na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Straitéis Eoraip 2020 agus i mbeartas forbartha is déanaí an AE, an Coimisiún chun togra a dhéanamh le hathbhreithniú agus oiriúnú a dhéanamh ar Rialachán an DCI i gcomhréir leis an teachtaireacht A Budget For Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020) an 29 Meitheamh 2011 agus leis an teachtaireacht Increasing the Impact of EU Development Policy: An Agenda for Change (Tionchar Bheartas Forbartha an AE a mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe) an 13 Deireadh Fómhair 2011.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán Poiblí

Thionól an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le cistiú amach anseo do ghníomhaíocht sheachtrach an AE idir an 26 Samhain 2010 agus 31 Eanáir 2011. Bhí an próiseas sin bunaithe ar cheistneoir ar líne ag gabháil le páipéar cúlra What funding for EU external action after 2013? (Cén cistiú le haghaidh ghníomhaíocht sheachtrach an AE tar éis 2013?). Go ginearálta, níor léirigh na freagraí go bhfuil gá le hathrú suntasach ar struchtúr reatha na n‑ionstraimí atá ann cheana féin. Mar sin féin, aithníodh roinnt saincheisteanna agus cuireadh san áireamh iad nuair a bhí an Rialachán DCI nua á dhréachtú:

· Luaigh formhór na bhfreagróirí (thart ar 70 %) go raibh breisluach mór le hidirghabháil airgeadais an AE. Luaigh freagróirí gur cheart don AE úsáid mhaith a bhaint as a bhuntáiste comparáideach atá bainteach lena láithreacht san ardán domhanda, lena shaineolas fadréimseach, lena nádúr ilnáisiúnta agus lena ról mar éascaitheoir comhordaithe.

· Thacaigh beagnach gach freagróir (92 %) le cur chuige níos difreálaithe, arna oiriúnú do chás na tíre is tairbhí, chun tionchar ionstraimí airgeadais an AE a mhéadú. Ar aon dul leis sin, déantar difreáil idir na tíortha is tairbhithe a neartú.

· Bhí tacaíocht leathan i measc freagróirí d'imscrúdú a dhéanamh ar an gcoinníollacht, bunaithe ar an urramú atá ag an tír is tairbhí ar chearta an duine, ar na mionlaigh, ar an dea-rialachas agus ar éagsúlacht na léirithe cultúrtha (78 %) agus ar chaighdeán a cuid beartas agus ar a cumas agus ar a toilteanas beartais fhónta a chur chun feidhme (63 %). Aithnítear leis an Rialachán atá beartaithe an tábhacht a bhaineann le pleananna forbartha náisiúnta agus le straitéisí an AE arna bhforbairt go comhpháirteach mar bhonn le haghaidh comhair. Leagtar béim leis an Rialachán freisin ar luachanna bunúsacha agus ar phrionsabail bhunúsacha de chuid an AE agus, dá bhrí sin, neartaítear leis an Rialachán an choinníollacht agus an chuntasacht fhrithpháirteach.

· Thug tromlach suntasach de na freagróirí tacaíocht do sholúbthacht mhéadaithe maidir le cur chun feidhme, go háirithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin thrasréigiúnacha, rud a mheastar a bheith bactha le 'teorainn gheografach' ionstraimí ar leith (tá an CFE teoranta do thíortha ACC, tá an DCI teoranta do Mheiriceá Laidineach, don Áise, don Áise Láir, don Mheánoirthear agus don Afraic Theas, agus tá an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht teoranta do thíortha comharsanachta). Foráiltear leis an Rialachán atá beartaithe do ghníomhaíochtaí cur chun feidhme a bhfuil tábhacht thrasréigiúnach ag baint leo agus grúpáiltear leis an Rialachán na haiseanna téamacha éagsúla d’fhonn solúbthacht a mhéadú agus an cur chun feidhme a shimpliú.

· D'aontaigh tromlach de na freagróirí go bhféadfadh comhchlárú agus cómhaoiniú leis na Ballstáit (agus leis na tíortha is tairbhithe, b'fhéidir) méadú a dhéanamh ar thionchar agus chomhtháthú ghníomhaíocht sheachtrach an AE, simpliú a dhéanamh ar sheachadadh na cabhrach, agus laghdú a dhéanamh ar chostais fhoriomlána idirbheartaíochta. Caitear go cuí leis sin sa Rialachán atá beartaithe.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Rinne an Coimisiún athbhreithniú inmheánach ar thuarascálacha éagsúla (meastóireachtaí, iniúchóireachtaí, staidéir, athbhreithnithe meántéarma). San athbhreithniú, féachadh ar an méid ar éirigh leis agus ar an méid nár éirigh leis, agus foghlaimíodh ceachtanna maidir le dréachtú na n‑ionstraimí airgeadais.

Léiríodh san athbhreithniú gur rannchuidigh an DCI reatha le dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha na Mílaoise i dtíortha i mbéal forbartha. Mar gheall ar mhódúlachtaí cur chun feidhme an DCI, amhail tacaíocht bhuiséadach agus "cur chuige ar fud na hearnála", is ann do chomhar níos doimhne le tíortha comhpháirtíochta agus do roinnt níos éifeachtaí an tsaothair trí chómhaoiniú idir deontóirí anois.

Mar sin féin, aithníodh roinnt easnamh san athbhreithniú.

· Tá beartais éagsúla inmheánacha an AE ag éirí níos tábhachtaí i ngníomhaíocht sheachtrach an AE anois. Ar aon dul leis an Straitéis Eoraip 2020 agus le Conradh Liospóin, bhí gá le hatreisiú frithpháirteach gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha. Bhí an struchtúr reatha neamhleor chun ligean don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh go héifeachtach ar scála dóthanach. Cuirfear feabhas suntasach ar an staid trí aiseanna téamacha éagsúla a ghrúpáil faoi cheannteideal amháin.

· I roinnt cásanna, bhí na cláir théamacha ró-ilroinnte le freagairt ar ghéarchéimeanna domhanda (mar shampla, géarchéim na bpraghsanna bia, an fliú éanúil) nó ar ghealltanais idirnáisiúnta a rinneadh ar an leibhéal polaitiúil ab airde (mar shampla, an bhithéagsúlacht agus an t-athrú aeráide). Mar sin de, bhí níos mó solúbthachta ag teastáil ó úsáid an chiste théamaigh trí na cláir théamacha éagsúla a ghrúpáil agus ceadaíonn an úsáid sin rannpháirtíocht fhadtéarmach atá níos comhtháite agus níos cuimsithí le hearraí poiblí domhanda agus le dúshláin phoiblí dhomhanda, agus freagairt ar na suaití éagsúla a théann i bhfeidhm ar na daoine is boichte.

· Cuimsítear faoi Rialachán reatha an DCI réimse leathan tíortha i mbéal forbartha, idir na Tíortha is Lú Forbairt agus Tíortha Ard‑Mheánioncaim. Mar gheall ar an méadú a tháinig le déanaí ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta i measc tíortha comhpháirtíochta agus ar fhorbairt na gcuspóirí nua, tá gá le difreáil fheabhsaithe. Soláthraítear leis an Rialachán nua atá beartaithe treoir bhreise maidir le difreáil trí ligean don AE deontais a dhíriú áit a bhfuil an gá is mó leo agus áit a mbeidh an tionchar is mó acu. Chun an meascán beartais a chur i gcrích, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ionstraim nua a chruthú (Ionstraim um Chomhpháirtíocht) chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí a théann níos faide ná cúnamh a bhaineann le forbairt amháin.

· Ba dheacair tacú le tionscnaimh thrasréigiúnacha i ngeall ar struchtúr reatha na n‑ionstraimí cúnaimh sheachtraigh. Bhí sé sin amhlaidh go háirithe i gcás chur chun feidhme Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice. Is éard atá sa rialachán DCI nua bunús dlí níos fearr maidir le cur chun feidhme Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice.

· I Rialachán reatha an DCI, ní leor na forálacha maidir le stáit agus tíortha leochaileacha i staideanna iar-ghéarchéime: gannmheastar leis na forálacha an gá atá le tacaíocht a thabhairt do phróisis pholaitiúla a neartaíonn an smacht reachta agus an rialachas. Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin trasdula, tá gá le sraith freagraí ar leibhéal tíre, atá bunaithe ar riachtanais shonracha agus a bhaineann le straitéis choiteann (cur chuige iomlánaíoch). Leis an Rialachán nua, cuirtear na dúshláin sin san áireamh ar bhealach níos fearr agus tugtar aghaidh ar dholúbthacht an phróisis chinnteoireachta maidir le cionroinnt ciste, maidir le clárú agus maidir le cur chun feidhme.

· Is éard atá i Rialachán reatha an DCI cionrannta táscacha do gach réigiún, gan aon chistí neamh‑chionroinnte. Laghdaíonn sé sin an raon feidhme chun acmhainní a úsáid chun freagairt ar riachtanais gan choinne (tosaíochtaí polaitiúla nua, tubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine, etc.). Moltar leis an Rialachán nua roinnt cistí a fhágáil neamh‑chionroinnte a bheidh le húsáid mar fhreagra ar imeachtaí gan choinne.

· Ar deireadh, measadh an próiseas reatha maidir le clárú agus le cur chun feidhme don DCI a bheith róchasta. Ní cheadaítear leis ailíniú a dhéanamh ar chóras cláraithe an AE leo siúd atá ag a chomhpháirtithe, ní éascaítear comhchlárú leis na Ballstáit ná ní cheadaítear leis oiriúnaithe tapa, más gá leo. Caitear go díreach leis na heasnaimh sin go léir i Rialachán nua an DCI.

Measúnú Tionchair

Rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair (MT) inar breithníodh trí bhunrogha beartais: Rialachán an DCI a choinneáil gan aon leasú air (rogha 1) agus dhá rogha maidir leis an DCI a leasú i leith gach faidhbe a aithníodh sa DCI reatha (Rogha 2A agus Rogha 2B).

Níor glacadh le Rogha 1 toisc nach réiteofaí leis na fadhbanna a aithníodh. Réitíonn forogha A agus forogha B faoi Rogha 2 na fadhbanna a aithníodh go céimeanna éagsúla, agus tá impleachtaí polaitiúla ar leith agus impleachtaí eile ar leith ag an dá cheann acu. Cinneadh sa MT gur fearr forogha B ar na cúiseanna seo a leanas:

· tugtar cuspóirí an DCI i gcomhréir leis na treochtaí is déanaí i mbeartas forbartha an AE;

· déantar difreáil shoiléir i measc tíortha comhpháirtíochta;

· cumhdaítear an dea-rialachas, an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta i gcúnamh ón AE;

· éascaítear cur chun feidhme Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice;

· sruthlínítear na cláir théamacha chun an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil;

· áirithítear meicníochtaí solúbtha d’fhonn freagairt níos éifeachtaí an AE a éascú ar chásanna atá ag teacht chun cinn go mear i stáit ina bhfuil géarchéim, stáit iar‑ghéarchéime agus stáit atá i gcásanna leochaileacha ;

· cuirtear feabhas ar sholúbthacht na gcionrannta ciste; agus

· feabhsaítear éifeachtacht chabhair an AE trí bhíthin na nósanna imeachta um chlárú agus um chur chun feidhme a shimpliú agus a dhéanamh níos solúbtha, d’fhonn comhchlárú a éascú agus cúnamh ón AE a ailíniú le timthriallacha cláraithe tíortha comhpháirtíochta.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Soláthraítear i gCuid a Cúig, Teideal III, Caibidil 1 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an creat dlí le haghaidh comhair le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta. Tá an Rialachán DCI atá beartaithe bunaithe go háirithe ar Airteagal 209(1) den Chonradh, agus tá sé arna thíolacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 294. Forálfar leis an Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le Beartas Forbartha an Aontais Eorpaigh: The European Consensus (an Comhdhearcadh Eorpach) an 20 Nollaig 2005, le teachtaireacht an 13 Deireadh Fómhair 2011 Increasing the impact of EU development Policy - An Agenda for Change (Tionchar Bheartas Forbartha an AE a mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe) agus le haon teachtaireacht amach anseo lena mbunófar treoshuímh agus prionsabail bhunúsacha maidir le beartas forbartha an Aontais, agus le haon chonclúidí nó mhodhnuithe ina dhiaidh sin ina leith, an creat ginearálta, na treoshuímh ghinearálta agus an fócas ginearálta le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo.

Tá an AE i suíomh uathúil atá neamhchlaonta chun cuid de chúnamh seachtrach an AE a sholáthar ar son na mBallstát agus leis na Ballstáit, gníomh trína gcruthaítear creidiúnacht fheabhsaithe dó sna tíortha ina bhfeidhmíonn sé. Níl sé de chumas ná de thoilteanas ag cuid mhór Ballstát ionstraimí seachtracha domhanda a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá idirghabháil ar leibhéal an AE ar an mbealach is fearr le leasanna agus luachanna foriomlána an AE a chur chun cinn agus le láithreacht an AE ar fud an domhain a áirithiú. Toisc go bhfuil 27 Ballstát ag gníomhú i gcomhréir le comhbheartais agus le comhstraitéisí, tá mais chriticiúil ag an AE chun freagra a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, go háirithe maidir le baint amach Spriocanna Forbartha na Mílaoise. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit amháin cuspóirí an Rialacháin arna bheartú a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus chuimsiú an ghnímh, iad a bhaint amach ar leibhéal an AE, féadfaidh an AE bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

Neartaítear freisin leis an Rialachán nua atá beartaithe an acmhainn chomhordaithe agus éascaítear leis comhchlárú leis na Ballstáit, rud a áirithíonn roinnt éifeachtach an tsaothair agus seachadadh éifeachtach cabhrach. Ní mór do bheartas forbartha an AE agus beartas forbartha na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú. Chun na críche sin, ba cheart do chúnamh an AE díriú ar a bhféadann sé an tionchar is mó a bheith aige, ag féachaint dá acmhainn chun gníomhú ar scála domhanda agus chun freagairt ar dhúshláin dhomhanda. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh, ní théann an Rialachán nua atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach.

Cuirfear san áireamh i bhfeidhmiú an Rialacháin nua atá beartaithe gné sheachtrach thosaíochtaí earnálacha éagsúla an AE, agus áiritheofar sinéirgíochtaí comhordaithe agus feabhsúcháin, i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha síos sa Rialachán, agus i gcomhréir leis an gcreat dlí agus beartais thuasluaite.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 96 billiún a chionroinnt don tréimhse 2014-2020 ar mhaithe le hionstraimí seachtracha[1]. Is é EUR 23 294.7 milliún an chionroinnt atá beartaithe le haghaidh an DCI. Léirítear na gealltanais bhuiséid bhliantúla tháscacha don DCI sa tábla thíos. Tá na cionrannta táscacha airgeadais in aghaidh an chláir aonair den DCI léirithe in Iarscríbhinn VII den Rialachán. Tá sé beartaithe nach ndéanfar níos lú ná 50 % den chlár le haghaidh Earraí agus Dúshlán Poiblí Domhanda a chaitheamh ar chuspóirí maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol[2] agus go ndéanfar 20 % ar a laghad a chaitheamh ar chuimsiú sóisialta agus ar fhorbairt dhaonna. Ar bhonn domhanda, i gcomhréir leis an Teachtaireacht Increasing the impact of EU Development Policy: an Agenda for Change (Tionchar Bheartas Forbartha an AE a mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe), déantar foráil do thacaíocht leanúnach do chuimsiú sóisialta agus d'fhorbairt dhaonna trí 20 % ar a laghad de chúnamh forbartha an Aontais. Ar deireadh, tá sé beartaithe leis an Rialachán seo rannchuidiú le 20 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a úsáid chun sochaithe ísealcharbóin agus sochaithe atá athléimneach ó thaobh aeráide de a chruthú, mar a fhoráiltear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún A Budget for Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020).

D’fhonn a intuarthacht a áirithiú, cuirfear cistiú ar fáil do ghníomhaíochtaí ardoideachais i dtríú tíortha i gcomhthéacs an chláir Erasmus for All (Erasmus do Chách), i gcomhréir le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an AE, trí dhá chionrannta ilbhliantúla nach gcuimseoidh ach na chéad 4 bliana agus na 3 bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Léireofar an cistiú sin sa chlárú ilbhliantúil táscach DCI, i gcomhréir le riachtanais agus tosaíochtaí sainaitheanta na dtíortha lena mbaineann. D'fhéadfaí na cionrannta a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí seachtracha an AE. Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. [---] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear "Erasmus do Chách"[3] maidir le húsáid na gcistí sin.

An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt* || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2014-2020

2 716.7 || 2 903.1 || 3 100.3 || 3 308.7 || 3 525.3 || 3 751.7 || 3 989 || 23 294.7

*Praghsanna reatha in EUR milliún

5.           PRÍOMHEILIMINTÍ

Simpliú

Tosaíocht don Choimisiún sa Rialachán nua seo, mar atá i gcláir eile faoi chuimsiú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (an CAI), is ea an timpeallacht rialála a shimpliú agus rochtain ar chúnamh an Aontais a éascú do thíortha comhpháirtíochta agus do réigiúin chomhpháirtíochta, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, etc. sa mhéid go rannchuidíonn siad le cuspóirí an Rialacháin.

Simpleofar ionstraimí seachtracha trí iad a leagan amach níos soiléire agus trí fhorluití eatarthu a laghdú, le go bhféadfar gach ceann ar leith a shainaithint le cuspóirí beartais atá sainithe go soiléir.

Déanfar simpliú agus laghdú costas idirbheartaíochta do thíortha comhpháirtíochta agus do réigiúin chomhpháirtíochta a bhaint amach freisin trí bhíthin nósanna imeachta clárúcháin solúbtha lena ndéantar foráil do chur i bhfeidhm na bprionsabal a bhaineann le hÉifeachtacht Cabhrach. Mar shampla, d'fhéadfadh an tAontas ailíniú le pleananna forbartha náisiúnta na dtíortha comhpháirtíochta, trína gcuirfí deireadh leis an ngá do thíortha comhpháirtíochta caibidliú a dhéanamh ar pháipéir straitéise a bheidh sonrach don AE agus a ghlacfaidh an Coimisiún, agus trína gcuimseofaí anailís níos dírithe a d'fhéadfaí a chur san áireamh sa doiciméad ilbhliantúil pleanála. Mar an gcéanna, d'fhéadfaí comhordú deontóirí agus roinnt an tsaothair a atreisiú trí chomhchlárú leis na Ballstáit.

Cuimsítear na rialacha cur chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh [--] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [--] lena mbunaítear na rialacha agus na nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do ghníomhaíocht sheachtrach.

Difreáil

Tá sé beartaithe leis an gcur chuige difreáilte atá leagtha amach sa Teachtaireacht "Increasing the Impact of EU Development Policy: An Agenda for Change" (Tionchar Bheartas Forbartha an AE a mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe) tionchar chomhar forbartha an AE a fheabhsú trína acmhainní a dhíriú ar na réimsí is mó leo ina bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhair ar bhochtainteacht a laghdú agus ar na réimsí ina bhféadfadh an tionchar is mór a bheith acu. Ba cheart an méid sin a chur chun i bhfeidhm ar an gcéad dul síos i dtéarmaí incháilitheachta maidir le cláir comhair dhéthaobhaigh um fhorbairt agus ar an dara dul síos i dtéarmaí cabhair a chionroinnt.

I bprionsabal, d'imeodh tíortha ardioncaim, tíortha ard‑mheánioncaim agus tíortha móra meánioncaim eile, atá ag bogadh i dtreo na forbartha inbhuanaithe agus/nó a bhfuil rochtain acu ar mhóracmhainní baile agus seachtracha chun a straitéisí forbartha féin a mhaoiniú, d'imeoidís ar aghaidh ó na cláir cúnaimh dhéthaobhaigh. Tá an domhan ag forbairt: léiríonn an liosta OECD/DAC d'fhaighteoirí ODA (athbhreithnithe in 2011) go bhfuil níos mó ná 20 tír imithe ar aghaidh ó chatagóirí ísealioncaim go meánioncaim nó ó chatagóirí íseal-mheánioncaim go hard‑mheánioncaim, bunaithe ar OIN per capita. Is léir nach bhfuil anseo ach táscaire amháin agus ní mór forbairt dhaonna, spleáchas ar chúnamh agus gnéithe eile, lena n‑áirítear dinimicí an phróisis forbartha, a chur san áireamh agus prionsabal na difreála á chur i bhfeidhm.

Go háirithe, tá ról nua atá i mbun fáis ag go leor tíortha meánioncaim ar leibhéil réigiúnacha agus/nó ar leibhéil domhanda. Ba cheart don AE, dá bhrí sin, an cineál caidrimh atá againn leo, lena n‑áirítear ár dtosaíochtaí agus ionstraimí comhair, a oiriúnú. Níor cheart an caidreamh a laghdú dá bharr sin, ach ba cheart foireann níos nua-aimseartha a bheith mar thoradh air. Ba cheart don AE dul i mbun comhpháirtíochtaí nua le tíortha a imíonn ar aghaidh ó na cláir chúnaimh dhéthaobhaigh, go háirithe ar bhonn na gclár réigiúnach agus téamach faoin DCI nua, ionstraimí téamacha airgeadais i dtaca le gníomhaíocht sheachtrach de chuid an AE agus Ionstraim nua Comhpháirtíochta.

Gníomhartha Tarmligthe

Tá sé beartaithe go ndéanfar solúbthacht a atreisiú trí úsáid a bhaint as gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ionas go bhféadfar leasú a dhéanamh ar eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán a dhéanann difear don chlárú ina dhiaidh sin (e.g. iarscríbhinní maidir le tíortha incháilithe, réimsí le haghaidh comhair agus cionroinnt airgeadais táscach in aghaidh an chláir do 2014-2020).

Míniúchán mionsonraithe

Sa roinn seo, tugtar tráchtaireacht mhionsonraithe ina mínítear na príomhsmaointe a bhaineann le Rialachán nua an DCI faoi gach ceann de na hairteagail bheartaithe.

(0)          Ábhar agus raon feidhme (Airteagal 1 Teideal I)

Is é an t-aon athrú ata beartaithe in Airteagal 1 an Clár Pan‑Afracach a chur san áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin.

Dá bhrí sin, cuimsítear faoin Rialachán gach tír, críoch agus réigiún i mbéal forbartha seachas: na tíortha sin atá incháilithe don Ionstraim um Réamhaontachas.

(1)          Cuspóirí agus Prionsabail Ghinearálta (Teideal II) – Airteagal 2 agus Airteagal 3

Leagtar amach in Airteagal 2 (Cuspóirí agus critéir incháilitheachta) príomhchuspóirí agus cuspóirí uileghabhálacha an Rialacháin agus saintréithe de chomhar forbartha geografach agus téamach an Aontais. Tá na cuspóirí ar aon dul le hAirteagal 208 den Chonradh, na teachtaireachtaí réamhluaite ón gCoimisiún A Budget For Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020) agus Increasing the Impact of EU Development Policy: An Agenda for Change (Tionchar Bheartas Forbartha an AE a mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe).

Foráiltear leis an Airteagal do thacaíocht le haghaidh gach foirme de chomhar le tíortha i mbéal forbartha. Ceanglaítear ann go gcomhlíonfar na critéir maidir le Cúnamh Forbartha Oifigiúil (CFO) atá bunaithe ag OECD/DAC, faoi réir eisceachtaí féideartha do na cláir théamamacha agus Phan‑Afracacha. Déantar foráil maidir le 10 % solúbthachta do ghníomhaíochtaí neamh‑ODA do na cláir sin chun an caiteachas a chumhdach, nach caiteachas é atá i gcomhréir le ODA i bhfírinne, ach a d'fhéadfadh a bheith de dhíth chun na gníomhaíochtaí faoi na cláir sin a chur chun feidhme go leordhóthanach.

Leagtar amach in Airteagal 3 (Prionsabail Ghinearálta) na príomhphrionsabail lena rialaítear cur chun feidhme an Rialacháin, is iad siúd: an daonlathas, urramú ar chearta an duine agus ar bhunsaoirsí agus an smacht reachta; cur chuige difreáilte i leith na dtíortha comhpháirtíochta, agus a gcuid riachtanas, a gcuid acmhainní, a gcuid tiomantas agus a gcuid feidhmíochta, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an AE á gcur san áireamh; eochair-shaincheisteanna leathana (amhail comhionannas inscne agus cumhachtú na mban); comhchuibheas neartaithe maidir le gníomhaíocht sheachtrach an AE; comhordú feabhsaithe leis na Ballstáit agus le deontóirí déthaobhacha nó iltaobhacha eile; agus próiseas forbartha comhpháirtíochta atá treoraithe ag tíortha agus ag réigiúin; trí chur chuige cuimsitheach agus rannpháirteach i leith na forbartha, trí úsáid a bhaint as rialacha mionsonraithe éifeachtacha agus nuálacha maidir le comhar i gcomhréir le dea-chleachtas de chuid OECD/DAC, rud a chuirfeadh feabhas ar thionchar na cabhrach agus a laghdódh forluí agus dúbailt.

(2)          Cláir Gheografacha agus Théamacha (Teideal III) – Airteagal 4 go hAirteagal 9

Tuairiscítear in Airteagal 4 (Cur Chun Feidhme Chúnamh an Aontais) ar an gcineál clár faoina ndéanfar cúnamh an AE a sheachadadh.

Cuimsítear faoi Airteagal 5 (Cláir Gheografacha) na réimsí féideartha maidir le comhar agus déantar idirdhealú san Airteagal idir comhar réigiúnach agus comhar déthaobhach. Déanfar prionsabal na difreála atá leagtha síos in Airteagal 3 a chur chun feidhme. Dá thoradh sin, chuirfí cúnamh forbartha déthaobhach ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta sin a bhfuil an gá is mó acu leis agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais is gá acu ar mhaithe lena bhforbairt féin. Chomh maith leis sin, cuirtear san áireamh i bprionsabal na difreála an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta. Tá na tíortha comhpháirtíochta a bhainfidh leas as cúnamh forbartha déthaobhach liostaithe in Iarscríbhinn III. Ní áirítear leis an Iarscríbhinn sin tíortha atá "imithe ar aghaidh" de réir na gcritéar seo a leanas: tíortha comhpháirtíochta ar ionann iad agus níos mó ná 1 % d'olltáirgeacht intíre an domhain ná tíortha ard‑mheánioncaim de réir an liosta d'fhaighteoirí an Chúnaimh Forbartha Oifigiúil (CFO) de chuid OECD/DAC, déantar iad a chur as an áireamh i bprionsabal; mar sin féin, baintear úsáid as breis critéar a bhaineann le riachtanas agus le hacmhainn, amhail an tInnéacs um Fhorbairt Dhaonna, an tInnéacs um Leochaileacht Eacnamaíoch agus spleáchas ar chabhair, chomh maith le fás eacnamaíoch agus infheistíocht dhíreach eachtrach. Chomh maith leis sin, cuirtear iontaofacht na sonraí atá ar fáil san áireamh.

Mar sin féin, bhainfeadh gach tír chomhpháirtíochta atá san áireamh in Iarscríbhinn I leas as cláir réigiúnacha agus théamacha.

Ní dhéantar leis an Rialachán seo réimsí comhair nó idirghabhála an AE a shrianadh. Is chun críocha léiriúcháin amháin a thugtar aon liostú de na réimsí sin. D'fhéadfaí réimsí a roghnú toisc go bhfuil siad tábhachtach maidir leis na haidhmeanna atá leagtha amach sa Chonradh a bhaint amach, maidir le hoibleagáidí agus tiomantais idirnáisiúnta an AE nó maidir leis na cuspóirí sonracha dá bhforáiltear sna comhaontuithe le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta. Mar sin féin, ba cheart iad a mholadh le tagairt do chuspóir an AE ar chúnamh a dhíriú, d'fhonn a áirithiú go ndéanfaidh beartas an AE agus beartais na mBallstát a chéile a chomhlánú mar a éilítear faoi Airteagal 208 den Chonradh[4] agus i bhfianaise na dteachtaireachtaí ón gCoimisiún (go háirithe an teachtaireacht ón gCoimisiún An Agenda for Change (Clár Oibre le haghaidh Athraithe) agus na rún iomchuí ón gComhairle agus ón bParlaimint.

Cuimsítear faoi Airteagal 6 (Cláir Théamacha) na cláir théamacha, a mbeidh a gcuspóirí ginearálta agus a bhfairsinge ghinearálta ag luí le cuspóir agus raon feidhme foriomlán an Rialacháin seo, agus na coinníollacha faoina gcuirfear na cláir théamacha chun feidhme.

Tuairiscítear in Airteagal 7 (Earraí Poiblí Domhanda agus Dúshláin Phoiblí Dhomhanda) an clár téamach um Earraí Poiblí Domhanda agus Dhúshláin Phoiblí Dhomhanda a dhíreoidh ar na príomhearraí domhanda agus ar na príomhdhúshláin dhomhanda ar bhealach atá solúbtha agus leathan. Déantar cur síos breise ar na príomhréimsí gníomhaíochtaí a shaothrófar faoin gclár seo in Iarscríbhinn V, agus áirítear leo, inter alia, an comhshaol agus an t‑athrú aeráide, fuinneamh inbhuanaithe[5], forbairt dhaonna (lena n‑áirítear sláinte, oideachas, comhionannas inscne, fostaíocht, scileanna, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta mar aon le gnéithe a bhaineann le forbairt eacnamaíoch amhail fás, poist, trádáil agus ceangaltas na hearnála príobháidí), slándáil bia agus imirce agus tearmann. A bhuí leis an gclár téamach seo, beifear in ann freagairt go tapa ar imeachtaí agus ar ghéarchéimeanna domhanda gan choinne (e.g. géarchéim na bpraghsanna bia, an fliú éanúil). Laghdófar ilroinnt an chomhair um fhorbairt de chuid an AE agus ceadófar atreisiú agus comhchuibheas iomchuí na ngníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha.

Tuairiscítear in Airteagal 8 (Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla) an clár téamach um Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla, a bhunaíonn é féin ar an iarchlár um Ghníomhaithe Neamhstáit agus Údaráis Áitiúla. Géaraíodh fócas an chláir seo agus tugadh aird níos mó ar fhorbairt acmhainne Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus na nÚdarás Áitiúil. Déanfar sochaí shibhialta chuimsitheach agus chumhachtaithe agus údaráis áitiúla chuimsitheacha agus chumhachtaithe a chur chun cinn leis an gclár, méadófar feasacht agus freagairt ar shaincheisteanna forbartha, agus neartófar an acmhainn le haghaidh comhphlé beartais maidir le forbairt.

Tuairiscítear in Airteagal 9 (an Clár Pan‑Afracach) an Clár Pan‑Afracach atá á chur ar bun chun Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice (JAES) a chur chun feidhme. Beidh an clár comhlántach agus comhleanúnach le hionstraimí airgeadais eile, go háirithe an IEC, an CEF agus na cláir théamacha faoi DCI. Cé go ndíríonn an IEC agus an CFE ar idirghabhálacha ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta san Afraic, úsáidfear an clár Pan‑Afracach chun tacaíocht shonrach a sholáthar do chuspóirí an JAES, agus tacóidh sé go háirithe le gníomhaíochtaí de chineál trasréigiúnach, ilchríochach agus traschríochach chomh maith le tionscnaimh ábhartha JAES ar an ardán domhanda. Beidh an Clár Pan‑Afracach ag feidhmiú i ndluthchomhar/i gcomhbheartú le hionstraimí eile agus díreoidh sé ar thionscnaimh shonracha arna gcomhaontú faoi chuimsiú JAES agus a Phleananna Gníomhaíochta nach féidir aon fhoinse cistiúcháin eile a úsáid ina leith agus áireofar, dá bhrí sin, an comhleanúnachas agus an tsineirgíocht is gá agus ní dhéanfar dúbailt ná forluí.

(3)          Clárú agus cionroinnt cistí le haghaidh Comhair Thrasteorann (Teideal IV) – Airteagal 10 go hAirteagal 14

Leagtar síos in Airteagal 10 (Creat Ginearálta maidir le Clárú agus Cionroinnt Cistí) an creat ginearálta maidir le clárú geografach agus téamach, agus maidir le cionroinnt na gcistí faoin Rialachán seo. Agus é sin á dhéanamh, úsáidfear na critéir chionroinnte a aithnítear in Airteagal 3(2). D’fhonn sineirgí agus comhlántacht a áirithiú idir bearta an Aontais agus bearta na mBallstát, beidh páirt iomlán ag na Ballstáit sa phróiseas cláraithe. Beidh deontóirí agus gníomhaithe forbartha eile, mar aon leis an tsochaí shibhialta agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, páirteach sa phróiseas comhairliúcháin freisin.

Déantar foráil i Mír 4 go ndéanfar méid áirithe cistí a fhágáil gan chionroinnt d'fhonn méadú a dhéanamh ar sholúbthacht na hionstraime agus ar an gcumas chun freagairt ar imeachtaí gan choinne (tosaíochtaí polaitiúla nua, tubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine, etc.).

Leagtar amach in Airteagal 11 (Doiciméid chlárúcháin le haghaidh clár geografach) an ceanglas agus na prionsabail maidir le páipéir straitéise a ullmhú do na tíortha agus do na réigiúin a fhaigheann cionroinnt tháscach faoin Rialachán seo agus, bunaithe orthu sin, faoi chláir ilbhliantúla tháscacha. Liostaítear san Airteagal freisin eisceachtaí do chásanna nach mbeadh gá le páipéar straitéise a ullmhú iontu d'fhonn an próiseas cláraithe a shimpliú agus d'fhonn taobhú le comhchlárú leis na Ballstáit agus le hailíniú le cláir náisiúnta na dtíortha forbartha.

D'fhonn úinéireacht tíre agus prionsabail na héifeachtachta cabhraí a áirithiú, déanfar na páipéir straitéise a dhréachtú i gcomhphlé leis na tíortha comhpháirtíochta agus leis na réigiúin chomhpháirtíochta, le rannpháirtíocht iomchuí na sochaí sibhialta agus na n‑údarás réigiúnach agus áitiúil. Beidh na Ballstáit, chomh maith le deontóirí eile, páirteach i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

Tugtar isteach san Airteagal gur féidir Creatdoiciméad Comhpháirteach a bheith ann ina leagfaí síos straitéis chuimsitheach Aontais, straitéis a mbeadh beartas forbartha mar chuid di.

D'fhéadfaí na Cláir Ilbhliantúla Tháscacha arna n‑ullmhú a bhunú ar aon doiciméid chlárúcháin a aithnítear san Airteagal seo, ach amháin i gcásanna nach mbeadh an chionroinnt iomlán níos mó ná EUR 30 milliún. Is féidir Cláir Ilbhliantúla Tháscacha a oiriúnú trí athbhreithniú meántéarma nó ad hoc, i bhfianaise na gcuspóirí a baineadh amach, agus i bhfianaise riachtanas nua-aitheanta, amhail iad siúd a thig ó staideanna géarchéime, iar‑ghéarchéime nó leochaileachta.

Leagtar béim in Airteagal 12 (Clárú do thíortha atá i staid ghéarchéime, iar-ghéarchéime nó leochaileachta) ar riachtanais agus imthosca speisialta i dtíortha ina bhfuil géarchéim, i dtíortha iar-ghéarchéime nó i dtíortha atá i gcásanna leochaileacha, ar cheart a chur san áireamh nuair a bheidh na creatdoiciméid uile á ndréachtú. Léirítear i Mír 2 d'Airteagal 12 an gá a d'fhéadfadh a bheith ann le freagra tapa i dtíortha den sórt sin agus foráiltear sa mhír nós imeachta speisialta (nós imeachta coiste ex post, Airteagal 14(3)) d'athbhreithniú ad hoc ar an bpáipéar straitéise agus ar an gclár ilbhliantúil táscach.

Tuairiscítear in Airteagal 13 (Doiciméid chlárúcháin le haghaidh clár téamach) na ceanglais agus an nós imeachta maidir le doiciméid chlárúcháin théamaigh a dhréachtú. Foráiltear leis an Airteagal freisin gur féidir athbhreithniú meántéarma nó ad hoc a dhéanamh, de réir mar is gá.

Foráiltear le hAirteagal 14 (Páipéir Straitéise a fhormheas agus Cláir Ilbhliantúla Tháscacha a ghlacadh) go ndéanfaidh an Coimisiún doiciméid chlárúcháin ilbhliantúla (i.e. páipéir straitéise, cláir ilbhliantúla tháscacha do thíortha comhpháirtíochta agus do réigiúin chomhpháirtíochta) a ghlacadh tar éis dó tuairim a ghlacadh ó choiste ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit agus atá faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún (coiste a bheadh bunaithe faoi Airteagal 24 den Rialachán seo).

Soláthraítear san Airteagal freisin solúbthacht agus simpliú do chásanna inar féidir maolú a bheith ann ar na gnáthnósanna imeachta coiste (e.g. gan nósanna imeachta coiste a úsáid i gcás oiriúnuithe teicniúla nó mionathruithe ar na cionrannta foriomlána) agus do chásanna inar féidir nósanna imeachta coiste a chur i bhfeidhm tar éis leasuithe an Choimisiúin a ghlacadh agus a chur chun feidhme (e.g. cásanna géarchéime, iar-ghéarchéime agus leochaileachta nó i gcásanna bagairtí ar an daonlathas agus ar chearta an duine).

(4)          Foráil dheireanach (Teideal V) – Airteagal 15 go hAirteagal 22

D'fhonn cúnamh an Aontais a dhéanamh níos comhtháite agus níos éifeachtaí, agus go háirithe d'fhonn cláir atá roinnte suas i measc ionstraimí éagsúla a sheachaint, leagtar amach in Airteagal 15 (Rannpháirtíocht ag tríú tír nach bhfuil incháilithe faoin Rialachán seo) gur féidir incháilitheacht an Rialacháin seo a leathnú le go n‑áireofar leis gach tríú tír, críoch agus réigiún, sa mhéid go gcuirfidh sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin.

Leagtar síos in Airteagal 16 (Cúnamh a chur ar fionraí) an nós imeachta a chuirfear i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach i dTeideal II agus fionraí faoi dheoidh an chúnaimh faoin Rialachán seo.

Tugtar isteach le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 18 (Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún) gur féidir an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VI (I) ag gabháil leis an Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh. Tuairiscítear in Airteagal 28 na saintréithe agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an tarmligean cumhachta sin. Tabharfar fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach agus ar an toirt nuair a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe den sórt sin, agus ní thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm ach amháin sa chás nach bhfuil aon agóid curtha in iúl ag an dá institiúid laistigh de 2 mhí (tréimhse ar féidir í a shíneadh ar feadh 2 mhí bhreise) tar éis an fhógra.

Bunaítear le hAirteagal 19 (Coiste) an coiste ábhartha a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.[6].

Leagtar síos in Airteagal 20 (Forálacha airgeadais) an tsuim thagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin.

Leagtar béim in Airteagal 21 (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí) go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle, lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí[7], go háirithe Airteagal 9 de.

Foráiltear le hAirteagal 22 (Teacht i bhfeidhm) do theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus dá chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014, gan dáta éaga a shocrú.

2011/0406 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is é atá sa Rialachán seo ceann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé ionadú ar Rialachán Uimh. 1605/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt[8] a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2013.

(2) Tá an comhrac i gcoinne na bochtaineachta mar phríomhchuspóir bheartas forbartha an Aontais Eorpaigh i gcónaí, faoi mar atá leagtha síos i dTeideal V, Caibidil 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i dTeideal III, Caibidil 1 de Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFManna)[9], nó le cuspóirí eile arna nglacadh ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát.).

(3) In An Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt[10] agus i dteachtaireachtaí ón gCoimisiún Increasing the impact of EU development Policy - An Agenda for Change (Tionchar Bheartas an AE a mhéadú – Clár Oibre le haghaidh Athraithe)[11], agus in The future approach of EU budget support to third countries (Cur chuige amach anseo thacaíocht bhuiséadach an AE do thríú tíortha)[12], chomh maith le haon teachtaireacht amach anseo lena mbunófar treoshuímh agus prionsabail bhunúsacha maidir le beartas forbartha an Aontais, agus a gcuid conclúidí ina dhiaidh sin, forálfar an creat beartais ginearálta, na treoshuímh ghinearálta agus an fócas chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a threorú.

(4) Tá an tAontas bunaithe ar luachanna an daonlathais, an smacht reachta, uilechoitinne agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí agus urramú ar chearta an duine agus ar na bunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Féachann sé le forbairt agus comhdhlúthú a dhéanamh ar ghealltanas do na luachanna sin i dtíortha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta trí chomhphlé agus trí chomhar.

(5) Tá sé mar aidhm ag an Aontas freisin comhchuibheas a áirithiú le réimsí eile dá chuid gníomhaíochta seachtraí. Ba cheart é sin a áirithiú agus beartas an AE maidir le comhar um fhorbairt á chur le chéile agus ina chlárú pleanála straitéisí agus i gcur chun feidhme beart.

(6) D’fhonn comhchuibheas agus ábharthacht na cabhrach a áirithiú agus na costais arna n‑iompar ag tíortha comhpháirtíochta a laghdú ag an am céanna, tá cabhair níos éifeachtaí, comhlántacht níos mó agus comhchuibhiú níos fearr, ailíniú le tíortha comhpháirtíochta, agus comhordú nósanna imeachta, idir an tAontas agus a chuid Ballstát agus i gcaidreamh le deontóirí eile agus gníomhaithe forbartha araon fíor-riachtanach. Trí bhíthin a bheartais forbartha, tá an tAontas tiomanta do na conclúidí sin ón Dearbhú maidir le hÉifeachtacht Chúnaimh arna ghlacadh ag an bhFóram Ardleibhéil um Éifeachtacht Chúnaimh, a tionóladh i bPáras, an 2 Márta 2005, ó Chlár Oibre Accra do Ghníomhaíocht arna ghlacadh an 4 Meán Fómhair 2008 agus a nDearbhú leantach arna ghlacadh in Busan an 1 Nollaig 2011 a chur chun feidhme. Ba cheart athneartú a dhéanamh ar an gcuspóir chun comhchlárú i measc an Aontais agus a Bhallstát a bhaint amach. Tá na gealltanais sin ina gcúis le roinnt conclúidí ón gComhairle agus ó chruinniú Ionadaithe Rialtais na mBallstát leis an gComhairle, amhail Cód Iompair an AE maidir le Comhlántacht agus Roinnt an tSaothair i mBeartas Forbartha[13], agus an Creat Oibriúcháin um Éifeachtacht Cabhrach[14].

(7) Ba cheart do chúnamh an Aontais tacú le Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice[15] agus lena cuid Pleananna Gníomhaíochta comhleantacha atá mar chuid den chreat le haghaidh comhair leathain agus chomhthairbhigh laistigh de Chomhpháirtíocht Straitéiseach arb é is príomhthréith inti saothrú na gcuspóirí coiteanna ar bhonn cothrom.

(8) Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit feabhas a chur ar chomhchuibheas agus ar chomhlántacht a gcuid beartas faoi seach maidir le comhar um fhorbairt, go háirithe trí fhreagairt ar thosaíochtaí tíortha comhpháirtíochta agus ar thosaíochtaí réigiún comhpháirtíochta ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach. Lena áirithiú go ndéanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú, is iomchuí foráil a dhéanamh do nósanna imeachta maidir le comhchlárú ar cheart iad a chur chun feidhme nuair is féidir agus nuair is ábhartha.

(9) Tá beartas agus gníomhaíocht idirnáisiúnta an AE le haghaidh comhair um fhorbairt á stiúradh ag Spriocanna Forbartha na Mílaoise, amhail díothú na dianbhochtaineachta agus an dianocrais, lena n‑áirítear aon leasuithe ina dhiaidh sin ina leith, agus ag na cuspóirí forbartha agus ag na prionsabail forbartha arna bhformheas ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát, lena n‑áirítear maidir lena gcomhar laistigh de na Náisiúin Aontaithe (NA) agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile i réimse an chomhair um fhorbairt.

(10) Ba cheart don Aontas cur chuige cuimsitheach a chur chun cinn mar fhreagra ar staideanna géarchéime agus ar staideanna tubaiste agus ar staideanna a ndéanann coinbhleacht difear dóibh agus ar staideanna leochaileachta, lena n‑áirítear staideanna trasdula. Ba cheart dó sin cur go háirithe le conclúidí na Comhairle maidir le Slándáil agus Forbairt[16]  maidir le freagairt an AE ar staideanna leochaileachta[17] maidir le coinbhleachtaí a chosc[18] chomh maith le haon chonclúidí ábhartha ina dhiaidh sin. Ba cheart dó sin an meascán is gá de chur chuige, d’fhreagraí agus d'ionstraimí a sholáthar go háirithe trí chothromaíocht iomchuí idir cur chuige atá dírithe ar shlándáil, cur chuige atá dírithe ar fhorbairt agus cur chuige atá dírithe ar dhaonnúlachas a áirithiú agus trí fhreagra gearrthéarmach a nascadh le tacaíocht fhadtéarmach.

(11) Ba cheart do chúnamh an Aontais díriú ar an áit a bhfuil an tionchar is mó aige, ag féachaint dá acmhainn chun gníomhú ar scála domhanda agus chun freagairt ar dhúshláin dhomhanda amhail díothú na bochtaineachta, forbairt inbhuanaithe chuimsitheach agus cur chun cinn domhanda an daonlathais, an dea-rialachais, chearta an duine agus an smachta reachta, agus dá ghealltanas fadtéarmach agus intuartha do chúnamh forbartha agus dá ról maidir le comhordú a dhéanamh lena chuid Ballstát. D'fhonn an toradh sin a áirithiú, ba cheart prionsabal na difreála a chur chun feidhme, ní amháin ar leibhéal na cionranna cistí, ach ar leibhéal an cláraithe freisin, lena áirithiú go ndíreofar spriocanna comhair dhéthaobhaigh um fhorbairt ar thíortha comhpháirtíochta a bhfuil an gá is mó acu leis, lena n‑áirítear stáit leochaileacha agus stáit an‑soghonta, agus orthu siúd a bhfuil acmhainn theoranta acu foinsí eile maoinithe a rochtain chun tacú lena gcuid forbartha féin, ag féachaint don tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta. Dá thoradh sin, dhíreodh clárú déthaobhach ar thíortha den sórt sin, de bhun cur i bhfeidhm critéar oibiachtúil bunaithe ar riachtanais agus acmhainní na dtíortha sin, agus ar thionchar chúnamh an AE.

(12) Ba cheart don Rialachán seo creat cumasúcháin don chlárú a sholáthar, lena ndéanfaí foráil do chomhchuibheas feabhsaithe idir beartais an Aontais trí úsáid a bhaint as creatdoiciméad comhpháirteach mar bhonn do chlárú. Ba cheart dó ailíniú iomlán idir tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta a chumasú trína bheith ag brath, nuair is iomchuí, ar phleananna forbartha náisiúnta nó ar dhoiciméid forbartha chuimsitheacha den chineál céanna; agus ba cheart dó comhordú níos fearr i measc deontóirí, go háirithe idir an tAontas agus a chuid Ballstát, a shaothrú trí chlárú comhpháirteach.

(13) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(14) I saol domhanda, tá beartais éagsúla inmheánacha an AE, amhail an comhshaol, an t‑athrú aeráide, fostaíocht (lena n‑áirítear obair chuibhiúil do gach duine), comhionannas inscne, fuinneamh, uisce, iompar, sláinte, oideachas, ceartas agus slándáil, taighde agus nuálaíocht, an tsochaí faisnéise, imirce, talmhaíocht agus iascach, ag éirí níos tábhachtaí i ngníomhaíocht sheachtrach an AE anois. Leagtar béim i dTeachtaireacht ón gCoimisiún An Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach[19] ar ghealltanas an Aontais le cur chun cinn a dhéanamh ina chuid beartas inmheánach agus seachtrach ar fhás cliste, cuimsitheach agus inbhuanaithe lena dtugtar trí cholún le chéile: colún eacnamaíoch, colún sóisialta agus colún an chomhshaoil.

(15) Tá an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil i measc na ndúshlán mór atá roimh an Aontas agus tá gá práinneach sa dá cheann acu le gníomhaíocht idirnáisiúnta. I gcomhréir leis an rún atá luaite i dTeachtaireacht ón gCoimisiún A Budget for Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020) an 29 Meitheamh 2011[20], ba cheart don Rialachán seo rannchuidiú leis an gcuspóir le 20 % ar a laghad de bhuiséad an AE a chaitheamh ar shochaí ísealcharbóin agus ar shochaí atá athléimneach ó thaobh aeráide de, agus ba cheart don chlár um earraí poiblí domhanda agus um dhúshláin phoiblí dhomhanda 25 % ar a laghad dá chistí a úsáid chun an t‑athrú aeráide agus an comhshaol a chumhdach. Ba cheart go mbeadh tacaíocht fhirthpháirteach ag teacht ó ghníomhaíochtaí sa dá réimse sin, nuair is féidr, chun a dtionchar a neartú.

(16) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Increasing the impact of EU development Policy: An agenda for Change (Tionchar Bheartas an AE a mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe)[21] déantar foráil do thacaíocht leanúnach do chuimsiú sóisialta agus d’fhorbairt dhaonna trí 20 % ar a laghad de chúnamh forbartha an Aontais. D'fhonn rannchuidiú leis sin, ba cheart do 20 % ar a laghad den chlár um earraí poiblí domhanda agus dhúshláin phoiblí dhomhanda tacaíocht a thabhairt do réimse sin na forbartha.

(17) Ba cheart na liostaí de thíortha comhpháirtíochta faoin Rialachán seo a oiriúnú ar bhonn na n‑athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar a gcuid stádais faoi mar a shocraigh Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD/DAC), agus ar bhonn athruithe tábhachtacha i bhforbairt dhaonna, spleáchas ar chabhair, géarchéimeanna, leochaileacht agus gnéithe eile lena n‑áirítear dinimicí an phróisi forbartha. Is ionann eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo agus nuashonruithe den sórt sin, athbhreithnithe ar na tíortha comhpháirtíochta atá incháilithe do chomhar um fhorbairt agus modhnuithe ar na sainmhínithe atá ar réimsí mionsonraithe de chomhar agus de ghníomhaíochtaí, agus oiriúnaithe don chionroinnt tháscach airgeadais in aghaidh an chláir. Dá réir sin, d'fhonn a raon feidhme a oiriúnú don chás atá ag athrú go tapa i dtríú tíortha, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d’fhonn nuashonrú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, ar a n‑áirítear an liosta de na tíortha comhpháirtíochta agus de na réigiúin chomhpháirtíochta atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais, an sainmhíniú ar réimsí mionsonraithe comhair faoi chláir gheografacha agus théamacha agus na cionrannta táscacha in aghaidh an chláir. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(18) Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(19) Ba cheart na cumhachtaí a bhaineann le páipéir straitéise agus le cláir ilbhliantúla tháscacha atá leagtha síos in Airteagal 11 go hAirteagal 14 den Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[22]. Agus aird a thabhairt ar chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, agus go háirithe iad a bheith dírithe ar bheartais agus ar a n‑impleachtaí buiséadacha, ba cheart, go ginearálta, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin le haghaidh beart ar mhionscála airgeadais. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh láithreach i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón Aontas, inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

(20) Tá rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ...[23], 'an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme' anseo feasta.

(21) Tá tuairisc ar eagrúchán agus ar fheidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle[24],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

RÉAMHRÁ

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Faoin Rialachán seo, féadfaidh an tAontas na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

(a) cláir gheografacha atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chomhar le tíortha, críocha agus réigiúin i mbéal forbartha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I (dá ngairtear 'tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta' anseo feasta), atá san áireamh sa liosta d'fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil (CFO) de chuid OECD/DAC atá leagtha amach in Iarscríbhinn II. Tá na tíortha comhpháirtíochta a bhainfidh leas as cúnamh forbartha déthaobhach liostaithe in Iarscríbhinn III.

(b) cláir théamacha chun aghaidh a thabhairt ar earraí poiblí domhanda agus ar dhúshláin phoiblí dhomhanda agus chun tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d'údaráis áitiúla i dtíortha, i gcríocha agus i réigiúin atá incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi chláir gheografacha, i gcomhréir le hIarscríbhinn I den Rialachán seo, Rialachán (AE) Uimh. [.../ ...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht[25], agus Cinneadh [2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú[26]], agus sínitheoirí Chomhaontú Comhpháirtíochta an ACC-an AE arna shíniú an 23 Meitheamh 2000 i dtíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC).

(c) clár Pan‑Afracach chun tacú le Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice sna tíortha, sna críocha agus sna réigiúin atá cuimsithe ag an Straitéis sin.

2. Chun críocha an Rialacháin seo, tá réigiún sainithe mar aonán geografach ina bhfuil níos mó ná tír amháin i mbéal forbartha.

TEIDEAL II

CUSPÓIRÍ AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 2

Cuspóirí agus critéir incháilitheachta

1. Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais

(a) is é cuspóir príomhúil an chomhair faoin Rialachán seo ná an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad;

(b) rannchuideoidh comhar faoin Rialachán seo le cuspóirí eile ghníomhaíocht sheachtrach an AE a bhaint amach, go háirithe:

(i)         forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chomhshaoil inbhuanaithe a chothú, agus

(ii)         daonlathas, an smacht reachta, dea-rialachas agus urramú ar chearta an duine a chur chun cinn.

Déanfar baint amach na gcuspóirí seo a thomhas trí úsáid a bhaint as táscairí iomchuí, go háirithe SFM 1 le haghaidh fhomhír (a) agus SFM 1 go 8 le haghaidh fhomhír (b), agus táscairí eile arna gcomhaontú ag an Aontas agus ag Ballstáit an Aontais.

2. Dearfar gníomhaíochtaí faoi na cláir gheografacha chun na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh.

Dearfar gníomhaíochtaí faoi na cláir Phan‑Afracacha agus na cláir théamacha chun na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh, ach amháin:

(a) má éilíonn saintréithe an tairbhí a mhalairt, nó

(b) má chuireann an ghníomhaíocht tionscnamh domhanda, tosaíocht beartais an Aontais nó oibleagáid nó gealltanas idirnáisiúnta an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 6, chun feidhme agus nach bhfuil de thréithe ag an ngníomhaíocht na critéir maidir le CFO a chomhlíonadh.

Gan dochar do phointe (a), déanfaidh 90 % ar a laghad den chaiteachas a ndéantar foráil dó faoi na cláir Phan‑Afracacha agus na cláir théamacha na critéir maidir le CFO atá bunaithe ag OECD/DAC a chomhlíonadh.

3. Ní dhéanfar cistiú ar ghníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil[27] agus atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin Rialachán seo, i bprionsabal, ach amháin má tá gá ann comhar leanúnach a áirithiú ó dhálaí géarchéime go dálaí seasta le haghaidh forbartha.

Airteagal 3

Prionsabail ghinearálta

1. Is é aidhm an Aontais prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, urramú do chearta an duine agus do bhunsaoirsí ar a bhfuil sé bunaithe a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, trí agallamh agus trí chomhar le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta.

2. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme agus d’fhonn tionchar mór a áirithiú do chúnamh an Aontais, saothrófar cur chuige difreálaithe i measc tíortha comhpháirtíochta, d'fhonn a áirithiú go gcuirtear comhar sonrach saincheaptha ar fáil dóibh bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a) a gcuid riachtanas:

(b) a gcumas acmhainní airgeadais a ghiniúint agus rochtain a fháil orthu agus a gcumas ionsúcháin; agus

(c) a gceangaltais agus a bhfeidhmíocht.

Saothrófar an cur chuige difreálaithe freisin ag féachaint don tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta.

Tabharfar tosaíocht do na tíortha a bhfuil an gá is mó acu leis, go háirithe na tíortha is lú forbairt, tíortha ísealioncaim agus tíortha ina bhfuil géarchéim, tíortha iar‑ghéarchéime nó tíortha atá i gcásanna leochaileacha sa phróiseas cionroinnte acmhainní.

3. Déanfar príomhshruthú ar na saincheisteanna trasearnálacha seo a leanas a chur chun cinn i ngach clár: cearta an duine, comhionannas inscne, cumhachtú na mban, neamh‑idirdhealú, daonlathas, dea-rialachas, cearta an linbh agus cearta daoine dúchasacha, cuimsiú sóisialta agus cearta daoine faoi mhíchumas, inbhuanaitheacht chomhshaoil, lena n‑áirítear dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus VEID/SEIF a chomhrac.

4. Díreofar aird ar leith freisin ar an smacht reachta a neartú, rochtain ar cheartas a fheabhsú agus tacú leis an tsochaí shibhialta, le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, le rochtain ar TFCanna, agus le sláinte agus slándáil an tsoláthair bhia, chomh maith le hidirphlé, rannpháirtíocht agus athmhuintearas a chur chun cinn, agus tógáil institiúidí.

5. Áiritheofar comhsheasmhacht le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí an Aontais agus le beartais ábhartha eile an Aontais i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Chuige sin, beidh na bearta a mhaoineofar faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear iad siúd arna mbainistiú ag an BEI, bunaithe ar na beartas um chomhar atá nó a bheidh leagtha amach in ionstraimí amhail comhaontuithe, dearbhuithe agus pleananna gníomhaíochta idir an tAontas agus na tríú tíortha agus réigiúin lena mbaineann, agus ar chinntí, leasanna sonracha, tosaíochtaí beartais agus straitéisí an Aontais chomh maith.

6. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit malartuithe faisnéise rialta minice a lorg, lena n‑áirítear le deontóirí eile, agus cuirfidh siad comhordú agus comhlántacht níos fearr i measc na ndeontóirí chun cinn trí bheith ag obair i dtreo chomhchláraithe ilbhliantúil, bunaithe ar straitéisí laghdaithe bochtaineachta na dtíortha comhpháirtíochta nó ar straitéisí coibhéiseacha, trí chomh‑mheicníochtaí cur chun feidhme lena n‑áirítear anailís chomhroinnte, trí chomh‑mhisin na ndeontóirí uile agus trí úsáid a bhaint as socruithe cómhaoinithe agus socruithe um chomhar tarmligthe.

7. Faoi chuimsiú a n‑inniúlachtaí faoi seach, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit cur chuige iltaobhach chun cinn i ndáil le dúshláin dhomhanda agus, nuair is iomchuí, cothóidh siad comhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí déthaobhacha eile.

8. Cuirfidh an tAontas comhar éifeachtach le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta chun cinn i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Tiocfaidh méadú i gcónaí ar a mhéad a bheidh a thacaíocht á hailíniú le straitéisí forbartha náisiúnta nó réigiúnacha, beartais athchóirithe agus nósanna imeachta na gcomhpháirtithe. Rannchuideoidh sé le próiseas na cuntasaíochta frithpháirtí idir rialtais agus institiúidí na gcomhpháirtithe agus deontóirí a neartú, agus cuirfidh sé saineolas áitiúil agus fostaíocht áitiúil chun cinn. Chuige sin, cuirfidh sé na nithe seo a leanas chun cinn:

(a) próiseas forbartha atá faoi cheannas agus faoi úinéireacht na tíre comhpháirtíochta nó an réigiúin chomhpháirtíochta;

(b) cineálacha cur chuige cuimsitheacha agus rannpháirteacha maidir le forbairt agus rannpháirtíocht leathan gach aicme den tsochaí sa phróiseas forbartha agus san idirphlé náisiúnta agus réigiúnach, lena n‑áirítear idirphlé polaitiúil;

(c) módúlachtaí agus ionstraimí comhair éifeachtacha agus nuálacha mar atá leagtha amach in Airteagal 4 den an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme, amhail deontais agus iasachtaí agus meicníochtaí eile roinnte riosca a mheascadh in earnálacha agus tíortha roghnaithe agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, i gcomhréir le dea-chleachtas OECD/DAC. Déanfar na módúlachtaí agus ionstraimí sin a oiriúnú do na dálaí ar leith i ngach tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta, le béim ar chineálacha cur chuige atá bunaithe ar chláir, ar mhaoiniú cabhrach intuartha a sholáthar, ar acmhainní príobháideacha a úsáid, ar fhorbairt agus úsáid chórais na dtíortha agus ar chineálacha cur chuige atá bunaithe ar thorthaí maidir le forbairt lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, spriocanna agus táscairí atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta amhail iad sin atá ag Spriocanna Forbartha na Mílaoise; agus

(d) tionchar na mbeartas agus an chláraithe a fheabhsú trí chomhordú agus comhchuibhiú i measc na ndeontóirí chun forluí agus dúbailt a laghdú, comhlántacht a fheabhsú agus tacú le tionscnaimh na ndeontóirí uile.

(e) Beidh comhordú ar bun sna tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta ag baint úsáide as treoirlínte comhaontaithe agus prionsabail chomhaontaithe an dea-chleachtais maidir le comhordú agus éifeachtacht cabhrach.

9. Tacóidh an tAontas, inter alia, le cur chun feidhme an chomhoibrithe agus an idirphlé dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh, comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair thriantánaigh.

10. Déanfaidh an Coimisiún malartuithe faisnéise rialta a lorg leis an tsochaí shibhialta.

TEIDEAL III

CLÁIR GHEOGRAFACHA AGUS THÉAMACHA

Airteagal 4

Cúnamh ón Aontais a chur chun feidhme

I gcomhréir le críoch ghinearálta agus raon feidhme ginearálta, agus le cuspóirí agus le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo, déanfar cúnamh ón Aontas a chur chun feidhme trí chláir gheografacha, théamacha agus Phan‑Afracacha agus i gcomhréir leis an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme.

Airteagal 5

Cláir gheografacha

1. Cuirfear gníomhaíochtaí comhair an Aontais faoin Airteagal seo chun feidhme i ndáil le gníomhaíochtaí de chineál náisiúnta, réigiúnach, tras‑réigiúnach agus ilchríochach.

2. Gan dochar d’Airteagal 1(1)(a), cuimseoidh clár geografach comhar i réimsí iomchuí gníomhaíochta,

(a) go réigiúnach leis na tíortha comhpháirtíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus

(b) go déthaobhach leis na tíortha comhpháirtíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

3. Féadfar cláir gheografacha a tharraingt ó na réimsí comhair atá sa “Chomhdhearcadh Eorpach”, i measc cinn eile, d’fhonn na cuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) a bhaint amach.

Leagtar amach comh‑réimsí comhair agus réimsí sonracha comhair do gach réigiún in Iarscríbhinn IV.

4. Laistigh de chlár gach tíre, díreoidh an tAontas a chúnamh ar thrí earnáil i bprionsabal.

Airteagal 6

Cláir théamacha

I gcomhréir le críoch ghinearálta agus raon feidhme ginearálta, agus le cuspóirí agus le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo, cuirfidh gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu trí chláir théamacha luach le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chláir gheografacha, agus déanfaidh siad comhlánú orthu.

Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le clárú na ngníomhaíochtaí téamacha:

(a) ní féidir cuspóirí beartais an Aontais faoin Rialachán seo a bhaint amach ar bhealach iomchuí nó ar bhealach éifeachtach trí na cláir gheografacha;

(b) téann na gníomhaíochtaí i ngleic le tionscnaimh dhomhanda a thacaíonn le spriocanna atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, nó le hearraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda, agus sa chás sin, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí i mBallstáit, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha agus i dtríú tíortha eile a bheidh san áireamh leo, de mhaolú ar Airteagal 9 den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme, mar atá beartaithe sa chlár téamach ábhartha;

agus/nó

(c) is gníomhaíochtaí de na cineálacha seo a leanas iad na gníomhaíochtaí;

– ilréigiúnach agus/nó tras‑earnálach;

– beartais agus/nó tionscnaimh nuálacha a bhfuil sé mar chuspóir acu bonn eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo;

– gníomhaíochtaí i gcásanna nach bhfuil comhaontú ar bith ann faoin ngníomhaíocht leis an rialtas comhpháirtíochta nó na rialtais chomhpháirtíochta;

– gníomhaíochtaí ina léirítear tosaíocht beartais an Aontais nó oibleagáid nó gealltanas idirnáisiúnta an Aontais; agus

– nuair is iomchuí, gníomhaíochtaí i gcásanna nach bhfuil aon chlár geografach ann nó inar cuireadh an clár geografach ar fionraí.

Airteagal 7

Earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda

1. Beidh sé mar chuspóir ag cúnamh an Aontais faoin gclár ‘Earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda’ tacú le gníomhaíochtaí i réimsí amhail an comhshaol agus an t-athrú aeráide, fuinneamh inbhuanaithe, forbairt dhaonna, slándáil bia, agus imirce agus tearmainn.

2. Leagtar amach réimsí mionsonraithe gníomhaíochtaí atá le leanúint ag an gcúnamh ón Aontas faoin Airteagal seo in Iarscríbhinn V.

Airteagal 8

Eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla

1. Beidh sé mar chuspóir ag an gclár maidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le húdaráis áitiúla maoiniú a dhéanamh ar thionscnaimh i réimse na forbartha ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla a thagann ó thíortha comhpháirtíochta, ón Aontas, ó thíortha is iarrthóirí agus ó iarrthóirí ionchasacha, nó ina gcomhair.

2. Leagtar amach réimsí mionsonraithe gníomhaíochtaí atá le leanúint ag an gcúnamh ón Aontas faoin Airteagal seo in Iarscríbhinn V, mar aon le liosta táscach de chatagóirí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n‑údarás áitiúil.

Airteagal 9

An clár Pan‑Afracach

1. Tacóidh an cúnamh ón Aontas le chur chun feidhme Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice, agus go háirithe a pleananna Gníomhaíochta leantacha, chun gníomhaíochtaí de chineál tras‑réigiúnach, ilchríochach nó domhanda a chuimsiú.

Cuirfidh an Clár Pan‑Afracach comhlántacht agus comhsheasmhacht le hionstraimí airgeadais eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais chun cinn, go háirithe an Ciste Eorpach Forbraíochta agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht.

2. Leagtar amach réimsí mionsonraithe comhair atá le leanúint ag an gcúnamh ón Aontas faoin Airteagal seo in Iarscríbhinn VI.

3. Déanfar an clár ilbhliantúil táscach don chlár Pan‑Afracach a dhréachtú ar bhonn Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice agus a pleananna gníomhaíochta.

TEIDEAL IV

CLÁRÚ AGUS COMHROINNT CISTÍ

Airteagal 10

Creat ginearálta an chláraithe agus na comhroinnte cistí

1. Maidir le cláir gheografacha, déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta a dhréachtú ar bhonn doiciméid straitéise, mar a fhoráiltear in Airteagal 11.

Maidir le cláir théamacha, déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha a dhréachtú mar a fhoráiltear in Airteagal 13.

Glacfaidh an Coimisiún leis na bearta cur chun feidhme atá leagtha síos in Airteagal 2 den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme ar bhonn na ndoiciméad clárúcháin dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 13. I gcúinsí áirithe, áfach, féadfar tacaíocht an Aontais a sholáthar i bhfoirm beart nach bhfuil cumhdaithe sna doiciméid seo, dá bhforáiltear sa Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme.

2. Rachaidh an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhairle le chéile, agus i gcomhairle le deontóirí agus gníomhaithe forbartha eile, lena n‑áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, go luath sa próiseas cláraithe d’fhonn comhlántacht agus comhsheasmhacht a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí comhair. D’fhéadfadh sé go rachaidh an tAontas agus a Bhallstáit i mbun comhchláraithe de thoradh ar an gcomhairliúchán seo.

3. Socróidh an Coimisiún na comhrannta ilbhliantúla táscacha laistigh de gach clár geografach i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo, bunaithe ar na critéir atá leagtha síos in Airteagal 3(2), agus na deacrachtaí ar leith á gcur san áireamh nach mór do thíortha nó réigiúin atá i mbun géarchéime, atá leochaileach, atá i mbun coinbhleachta nó i mbaol tubaistí aghaidh a thabhairt orthu, in éineacht le sainiúlacht na gclár éagsúil.

4. Féadfar cistí a fhágáil gan iad a chomhroinnt. Faoi réir chionroinnt, nó ath‑chionroinnt na gcistí sin ina dhiaidh sin mar a fhoráiltear in Airteagail 11(5) agus 13, cinnfear úsáid na gcistí sin níos déanaí i gcomhréir leis an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme.

Airteagal 11

Doiciméid chlárúcháin le haghaidh clár geografach

1. Is doiciméid iad páipéir straitéise arna ndréachtú ag an Aontas chun creat comhtháite a sholáthar do chomhar forbartha idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann, i gcomhréir le críoch agus le raon feidhme ginearálta, cuspóirí, prionsabail agus beartas an Aontais.

Comhlíonfaidh ullmhúchán agus cur chun feidhme na bpáipéar straitéise na prionsabail um éifeachtacht cabhrach: úinéireacht náisiúnta, comhpháirtíocht, comhordú, comhchuibhiú, ailíniú le córais na tíre nó an réigiúin is faighteoir, cuntasacht fhrithpháirteach agus díriú na dtorthaí mar atá leagtha síos in Airteagail 3(5) go (8).

Chuige sin, beidh páipéir straitéise bunaithe, i bprionsabal, ar idirphlé idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta, le baint ag na Ballstáit ábhartha, nuair is iomchuí, agus an tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta, le baint ag an tsochaí shibhialta agus ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla, d’fhonn a áirithiú go nglacfaidh an tír nó an réigiún lena mbaineann úinéireacht leordhóthanach ar an bpróiseas agus d’fhonn tacaíocht a spreagadh le haghaidh straitéisí forbartha náisiúnta, go háirithe iad siúd chun an bhochtaineacht a laghdú.

2. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar na páipéir straitéis ag lár a dtéarma, nó ar bhonn ad hoc más gá, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta atá leagtha síos sna comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair arna gcur i gcrích leis na tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta, de réir mar is iomchuí.

3. Déanfar páipéir straitéise a dhréachtú do na tíortha comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta ábhartha, ach amháin más rud é gur dréachtaíodh doiciméad comhchreata ina leagtar síos straitéis chuimsitheach Aontais, lena n‑áirítear beartas forbartha, don tír chomhpháirtíochta nó don réigiún comhpháirtíochta lena mbaineann.

Ní bheidh aon pháipéar straitéise ag teastáil le haghaidh na dtíortha nó na réigiún seo a leanas:

(a) tíortha a bhfuil straitéis forbartha náisiúnta acu i bhfoirm plean forbartha náisiúnta nó doiciméad forbartha dá shamail a ghlacfaidh an Coimisiún leis mar bhonn don chlár ilbhliantúil táscach comhfhreagrach, agus an doiciméad deireanach sin a luadh á ghlacadh;

(b) tíortha nó réigiúin ar comhaontaíodh doiciméad comhchlárúcháin ilbhliantúil ina leith idir an tAontas agus na Ballstáit;

(c) réigiúin a bhfuil straitéis acu a comhaontaíodh go comhpháirteach leis an AE.

4. Ní bheidh páipéir straitéise riachtanach do na tíortha nó réigiúin a fhaigheann cionroinnt de chistí an Aontais faoin Rialachán seo nach mó é ná EUR 50 milliún don tréimhse 2014-2020.

5. Déanfar cláir ilbhliantúla tháscacha a dhréachtú do gach ceann de na tíortha nó réigiúin a fhaigheann cionroinnt tháscach de chistí an Aontais faoin Rialachán seo. Déanfar na doiciméid sin a dhréachtú ar bhonn na bpáipéar straitéise nó na ndoiciméad comhchosúil dá dtagraítear san Airteagal seo, ach amháin le haghaidh na dtíortha nó réigiún a luaitear i mír 4.

Chun críocha an Rialacháin seo, i gcás ina gcloíonn sé leis na prionsabail agus na coinníollacha a bhunaítear sa mhír seo, lena n‑áirítear cionroinnt tháscach cistí. Agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 14, féadfar an doiciméad comhchlárúcháin ilbhliantúil dá bhforáiltear i mír 3(b) a mheas mar an clár ilbhliantúil táscach.

Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha na réimsí tosaíochta arna roghnú lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta agus an chionroinnt airgeadais tháscach, go foriomlán agus in aghaidh na réimse tosaíochta araon. Nuair is iomchuí, féadfar an chionroinnt sin a thabhairt i bhfoirm raoin agus/nó féadfar cistí áirithe a fhágáil gan iad a chionroinnt.

Ba cheart na cláir ilbhliantúla tháscacha a leasú más gá, agus athbhreithniú lár téarma nó ad hoc ar an doiciméad straitéise ar a bhfuil siad bunaithe á chur san áireamh.

De bhun phrionsabal na cuntasachta frithpháirtí maidir le tabhairt faoi na cuspóirí comhaontaithe agus iad a bhaint amach, lena n‑áirítear iad siúd a dhéanann tagairt don dea-rialachas, daonlathas agus urramú ar chearta an duine agus ar an smacht reachta, féadfar cionrannta táscacha a mhéadú nó a laghdú de thoradh ar na hathbhreithnithe, go háirithe i bhfianaise riachtanas speisialta amhail iad sin ag eascairt as staid ghéarchéime, iar-ghéarchéime nó leochaileachta, nó i gcás ina raibh feidhmíocht den scoth nó feidhmíocht mhíshásúil i gceist.

Airteagal 12

Clárú le haghaidh tíortha i staideanna géarchéime, iar-ghéarchéime nó leochaileacha

1. Agus na doiciméid chlárúcháin á ndréachtú do thíortha ina bhfuil géarchéim, thíortha iar-ghéarchéime nó thíortha atá i gcásanna leochaileacha, tógfar leochaileacht, riachtanais speisialta agus dálaí na dtíortha nó na réigiún lena mbaineann san áireamh mar is iomchuí.

Ba cheart díriú i gceart ar choinbhleachtaí a chosc, stáit agus suíochán a thógáil, athshlánú iarchoinbhleachta agus bearta atógála.

Sa chás go bhfuil baint dhíreach ag tíortha comhpháirtíochta nó grúpaí tíortha comhpháirtíochta le staid ghéarchéime, iar-ghéarchéime nó leochaileachta, nó go bhfuil tionchar aici orthu, leagfar béim ar leith ar bhorradh a chur ar chomhordú idir faoiseamh, athshlánú agus forbairt le cabhrú leo an t-athrú a dhéanamh ó staid éigeandála chuig céim na forbartha. Déanfar foráil sna cláir le haghaidh tíortha agus réigiún leochaileacha nó cinn ina dtarlaíonn tubaistí nádúrtha go rialta d’ullmhacht maidir le tubaistí agus do thubaistí a chosc agus maidir le iarmhairtí na dtubaistí den sórt sin a bhainistiú.

2. I gcás na staideanna géarchéime, iar-ghéarchéime agus leochaileachta nó bagairtí don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha a bhfuil freagairt thapa ón Aontas ag teastáil ina leith, féadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 15(4) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme chun an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 11 a leasú tar éis athbhreithnithe ad hoc ar straitéis chomhair na tíre nó an réigiúin.

Féadfar straitéis shonrach oiriúnaithe a mholadh in athbhreithnithe den sórt sin chun an t-athrú chuig comhar agus forbairt fhadtéarmach a áirithiú, agus comhordú agus trasdul níos fearr á gcur chun cinn idir na hionstraimí beartais daonnúla agus forbartha.

Airteagal 13

Doiciméid chlárúcháin le haghaidh clár téamach

1. Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh na gclár téamach straitéis an Aontais don téama lena mbaineann, na tosaíochtaí arna roghnú lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na bpríomh‑chomhpháirtithe. Nuair is infheidhme, leagfar síos na tosaíochtaí maidir le hacmhainní agus le hidirghabháil don rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda. Beidh na cláir ilbhliantúla tháscacha ag teacht leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

2. Tabharfar an chionroinnt airgeadais tháscach sna cláir ilbhliantúla tháscacha, go foriomlán agus de réir réimse tosaíochta araon. Nuair is iomchuí, féadfar an chionroinnt sin a thabhairt i bhfoirm raoin agus/nó féadfar cistí áirithe a fhágáil gan iad a chionroinnt. Ba cheart na cláir ilbhliantúla tháscacha a leasú más gá ar mhaithe le beartas a chur chun feidhme go héifeachtach, agus athbhreithniú lár téarma nó ad hoc ar bith á chur san áireamh.

3. Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhairle le chéile, agus i gcomhairle le deontóirí agus gníomhaithe forbartha eile, lena n‑áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, go luath sa próiseas cláraithe d’fhonn comhlántacht a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí comhair.

Airteagal 14

Páipéir straitéise a fhaomhadh agus cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh

1. Déanfaidh an Coimisiún páipéir straitéise a fhaomhadh agus cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin maidir le hathbhreithnithe shubstaintiúla a bhfuil d’éifeacht acu an straitéis nó clárú na straitéise a leasú go suntasach.

2. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 maidir le leasuithe neamhshubstaintiúla ar pháipéir straitéise agus ar chláir ilbhliantúla tháscacha, le coigeartuithe teicniúla a dhéanamh, le cistí laistigh de na cionrannta táscacha de réir réimse tosaíochta a athshannadh, nó le méid na cionroinnte táscaí tosaigh a mhéadú nó a laghdú níos lú ná 20 %, ar an gcoinníoll nach ndéanann na leasuithe sin difear do na réimsí tosaíochta agus do na cuspóirí atá leagtha amach sna doiciméid sin. Sa chás sin, cuirfear coigeartuithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de mhí.

3. Ar fhorais riachtanacha phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann, inter alia, leis na dálaí dá dtagraítear dóibh in Airteagal 12(2), féadfaidh an Coimisiún páipéir straitéise agus cláir ilbhliantúla tháscacha a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 15(4) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Rannpháirtíocht tríú tíre nach bhfuil incháilithe faoin Rialachán seo

I gcúinsí ina bhfuil údar cuí leo agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach nó tras‑réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, gan dochar d’Airteagal 2(3), incháilitheacht na ngníomhaíochtaí a leathnú chuig tíortha, críocha agus réigiúin nach mbeadh incháilithe do mhaoiniú ar shlí eile de bhun Airteagal 1, sa chás go bhfuil an ghníomhaíocht a bheidh le cur chun feidhme de chineál domhanda, réigiúnach, tras‑réigiúnach nó trasteorann. D’ainneoin fhorálacha Airteagal 8(1) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme, is féidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha ó thíortha, ó chríocha agus ó réigiúin lena mbaineann rannpháirtíocht a ghlacadh sna nósanna imeachta lena ndéantar gníomhaíochtaí dá leithéid a chur chun feidhme.

Airteagal 16

Cúnamh a chur ar fionraí

Gan dochar do na forálacha maidir le cúnamh a chur ar fionraí i gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair le tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta, i gcás ina mainníonn tír chomhpháirtíochta urramú a thabhairt do na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 3(1), tabharfaidh an tAontas cuireadh don tír chomhpháirtíochta comhairliúcháin a thionól d'fhonn teacht ar réiteach is inghlactha ag an dá pháirtí, ach amháin i gcásanna práinne speisialta. I gcás nach bhfuil réiteach is inghlactha ag an dá pháirtí mar thoradh ar chomhairliúcháin leis an tír chomhpháirtíochta, nó más rud é go ndiúltaítear do chomhairliúcháin nó i gcásanna práinne speisialta, féadfaidh an Chomhairle bearta iomchuí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 215(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a bhféadfadh fionraí iomlán nó páirteach chúnamh an Aontais a bheith i gceist leo.

Airteagal 17

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun Iarscríbhinní I go VII a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh.

Airteagal 18

Feidhmiú an tarmligin

1. Go ceann tréimhse bhailíocht an Rialacháin seo a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. Nuair a dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

3. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4. Seachas sna cásanna a luaitear i mír 5, ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna nglacadh i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin.

5. Is í seachtain amháin a bheidh mar thréimhse neamh‑agóide maidir le hIarscríbhinn I, II agus III a ailíniú le cinntí OECD/DAC ina ndéantar athbhreithniú ar liosta na bhfaighteoirí atá leagtha síos in Airteagal 1(a).

Airteagal 19

An Coiste

Tabharfaidh an Coiste DCI cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Méid tagartha airgeadais

1. EUR 23 294 700 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme sa tréimhse 2014-2020.

2. Leagtar síos in Iarscríbhinn VII na méideanna táscacha íosta a chionroinnfear ar gach clár dá dtagraítear in Airteagail 5 go 9 don tréimhse 2014-2020. Féadfar na méideanna a ath‑chionroinnt idir na cláir le gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18. Féadfar na méideanna laistigh den chlár um earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda a ath‑chionroinnt i measc na bhfocheannteideal le cinneadh ón gCoimisiún a chuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de mhí amháin tar éis a ghlactha.

3. Mar a thagraítear dó i mír 2 d'Airteagal 13 den Rialachán "Erasmus do Chách", d'fhonn gné idirnáisiúnta an ardoideachais a chur chun cinn, déanfar méid táscach EUR 1 812 100 000 ó na hionstraimí seachtracha éagsúla (an Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt, an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus an Ciste Eorpach Forbraíochta) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtai soghluaiseachta foghlama go dtí tíortha neamh‑AE agus uathu, agus ar chomhar agus idirphlé beartais le húdaráis/institiúidí/eagraíochtaí sna tíortha sin. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin “Erasmus do Chách” maidir le húsáid na gcistí sin.

Cuirfear an cistiú ar fáil trí dhá leithdháileadh ilbhliantúla nach gcuimseoidh ach na chéad ceithre bliana agus na trí bliana ina dhiaidh sin faoi seach. Beidh an cistiú sin léirithe i gclárú táscach ilbhliantúil na n‑ionstraimí sin, i gcomhréir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí a aithníodh sna tíortha lena mbaineann. D'fhéadfaí na cionranna a athbhreithniú i gcás mórchúinsí gan choinne nó athruithe tábhachtacha polaitiúla i gcomhréir le tosaíochtaí seachtracha an AE.

Airteagal 21

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Is i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle, lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a chuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

TÍORTHA COMHPHÁIRTIOCHTA AGUS RÉIGIÚIN CHOMHPHÁIRTÍOCHTA ATÁ INCHÁILITHE FAOI AIRTEAGAL 1(1)(a)

Meiriceá Laidineach

1. an Airgintín

2. an Bholaiv

3. an Bhrasaíl

4. an tSile

5. an Cholóim

6. Cósta Ríce

7. Cúba

8. Eacuadór

9. an tSalvadóir

10. Guatamala

11. Hondúras

12. Meicsiceo

13. Nicearagua

14. Panama

15. Paragua

16. Peiriú

17. Uragua

18. Veiniséala

An Áise

19. an Afganastáin

20. an Bhanglaidéis

21. an Bhútáin

22. an Chambóid

23. An tSín

24. an India

25. an Indinéis

26. Daon‑Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

27. Laos

28. an Mhalaeisia

29. Oileáin Mhaildíve

30. an Mhongóil

31. Maenmar/Burma

32. Neipeal

33. an Phacastáin

34. na hOileáin Fhilipíneacha

35. Srí Lanca

36. an Téalainn

37. Vítneam

An Áise Láir

38. an Chasacstáin

39. Poblacht na Cirgise

40. an Táidsíceastáin

41. an Tuircméanastáin

42. an Úisbéiceastáin

An Meánoirthear

43. An Iaráin

44. an Iaráic

45. Éimin

An Afraic Theas

46. an Afraic Theas

IARSCRÍBHINN II

LIOSTA OECD/DAC NA bhFAIGHTEOIRÍ CFO

Éifeachtach le tuairisciú a dhéanamh ar shreafaí 2011, 2012 agus 2013

IARSCRÍBHINN III

TÍORTHA COMHPHÁIRTÍOCHTA AGUS RÉIGIÚIN CHOMHPHÁIRTÍOCHTA LE COMHAR DÉTHAOBHACH DE RÉIR AIRTEAGAL 5(2)

Bainfidh na tíortha comhpháirtíochta seo a leanas leas as cúnamh forbartha déthaobhach faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 5(2):

1. an Bholaiv

2. Cúba

3. an tSalvadóir

4. Guatamala

5. Hondúras

6. Nicearagua

7. Paragua

8. an Afganastáin

9. an Bhanglaidéis

10. an Bhútáin

11. an Chambóid

12. Daon‑Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

13. Laos

14. an Mhongóil

15. Maenmar/Burma

16. Neipeal

17. an Phacastáin

18. na hOileáin Fhilipíneacha

19. Srí Lanca

20. Vítneam

21. Poblacht na Cirgise

22. an Táidsíceastáin

23. an Tuircméanastáin

24. an Úisbéiceastáin

25. an Iaráic

26. Éimin.

27. an Afraic Theas

IARSCRÍBHINN IV

RÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR GHEOGRAFACHA

A. COMH‑RÉIMSÍ COMHAIR FAOI CHLÁIR GHEOGRAFACHA

Féadfar cláir gheografacha a tharraingt, inter alia, ó na réimsí comhair a aithnítear anseo feasta, rud nár cheart a léamh mar a bheith comhionann le hearnálacha. Bunófar tosaíochtaí i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún Increasing the impact of EU development Policy: An Agenda for Change (Tionchar Bheartas an AE a mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe) agus leis na conclúidí ina dhiaidh sin ó institiúidí na Comhairle.

I. Cearta an duine, daonlathas agus príomhghnéithe eile den dea-rialachas

(a)          Daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta;

(b)          Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban;

(c)          Bainistíocht na hearnála poiblí;

(d)          Beartas agus riarachán cánach;

(e)          Éilliú;

(f)           An tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla;

(g)          Acmhainní nádúrtha; agus

(h)          An nasc idir an fhorbairt agus an tslándáil.

II. Fás cuimsitheach agus inbhuanaithe don fhorbairt dhaonna

(a)          Cosaint shóisialta, sláinte, oideachas agus jabanna;

(b)          Timpeallacht an ghnó, lánpháirtíocht réigiúnach agus margaí domhanda; agus

(c)          Talmhaíocht agus fuinneamh inbhuanaithe.

III. Réimsí suntasacha eile maidir le Comhchuibheas Beartais le haghaidh Forbartha

(a)          An t-athrú aeráide agus an comhshaol;

(b)          Imirce agus tearmann; agus

(c)          An t-athrú ó chabhair dhaonnúil agus freagairt ar ghéarchéimeanna go comhar um fhorbairt fadtéarmach.

B. RÉIMSÍ SONRACHA COMHAIR DE RÉIR RÉIGIÚIN

Tacóidh cúnamh ón Aontas Eorpach le gníomhaíochtaí agus idirphléanna earnála i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le críoch fhoriomlán agus raon feidhme foriomlán, cuspóir foriomlán agus prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo. Tógfar na réimsí a bhfuil cur síos orthu thíos san áireamh mar is iomchuí, ag léiriú straitéisí atá comhaontaithe go comhpháirteach, agus comhaontuithe comhpháirtíochta, comhair agus trádála. Bunófar tosaíochtaí i gcomhréir leis an Teachtaireacht An Agenda for Change (Clár Oibre le haghaidh Athraithe) agus le conclúidí na Comhairle ina dhiaidh sin.

Meiriceá Laidineach

(a)          comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil agus cothromas, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban;

(b)          dul i ngleic le saincheisteanna rialachais agus tacú le hathchóirithe beartais, go háirithe i réimsí na mbeartas sóisialta, bhainistíocht an airgeadais phoiblí agus an chánachais, na slándála (lena n‑áirítear drugaí, coiriúlacht agus éilliú), dea-rialachas agus institiúidí poiblí a atreisiú (lena n‑áirítear trí mheicníochtaí nuálacha maidir le comhar teicniúil a sholáthar, m.sh. TAIEX agus nascadh), cearta an duine a chosaint, lena n‑áirítear cearta na ndaoine dúchasacha agus shliocht na hAfraice, an comhshaol, comhrac in aghaidh an idirdhealaithe, agus comhrac in aghaidh drugaí a tháirgeadh, a thomhailt agus a gháinneáil;

(c)          tacú le próisis éagsúla a bhaineann le lánpháirtíocht réigiúnach agus le hidirnascacht an bhonneagair líonra, agus comhlántacht a áirithiú ag an am céanna le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ó institiúidí eile;

(d)          dul i ngleic leis an nasc idir an tslándáil agus an fhorbairt;

(e)          tacú le beartais i réimse an oideachais agus comh‑réimse ardoideachais Mheiriceá Laidinigh a fhorbairt;

(f)           dul i ngleic le leochaileacht eacnamaíoch agus rannchuidiú le hathrú mór struchtúrach trí chomhpháirtíochtaí láidre a bhunú i ndáil le trádáil, infheistíochtaí, fios gnó agus taighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht, agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn i ngach foirm, ag díriú aird ar leith ar na dúshláin maidir le sreafaí imirce, slándáil bia (lena n‑áirítear talmhaíocht agus iascach inbhuanaithe), an t-athrú aeráide, fuinnimh inbhuanaithe agus seirbhísí bithéagsúlachta agus an éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n‑áirítear uisce agus foraoisí, mar aon le díriú ar infheistíocht níos tairbhiúla le haghaidh níos mó jabanna agus jabanna níos fearr sa gheilleagar glas;

(g)          bearta leantacha a áirithiú tar éis beart éigeandála gearrthéarmach chun dul i ngleic le hathshlánú i ndiaidh tubaistí nó le hathshlánú iar-ghéarchéime arna gcur chun feidhme trí ionstraimí airgeadais eile.

An Áise

(a)          comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil, agus cothromas agus comhionannas inscne;

(b)          comhpháirtíochtaí cuimsitheacha a bunú i ndáil le trádáil, infheistíocht, cabhair, imirce, taighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht;

(c)          institiúidí agus comhlachtaí poiblí dlisteanacha, éifeachtacha agus cuntasacha a thógáil agus a neartú, trí athchóirithe institiúide a chur chun cinn (lena n‑áirítear athchóiriú i ndáil le dea‑rialachas agus frith‑éilliú, le bainistíocht airgeadais phoiblí, le cánachas agus le riarachán poiblí) agus athchóirithe reachtaíochta, riaracháin agus rialála a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe i stáit leochaileacha agus tíortha i staideanna coinbhleachta agus iar‑choinbhleachta;

(d)          tacú le sochaí shibhialta ghníomhach eagraithe le haghaidh comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a fhorbairt agus a chothú;

(e)          tacú le maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn chomh maith le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana, fuinnimh inbhuanaithe, iompar, talmhaíocht agus iascach inbhuanaithe, seirbhísí bithéagsúlachta agus an éiceachórais a chosaint agus a fheabhsú, lena n‑áirítear uisce agus foraoisí, agus jabanna cuibhiúla a chruthú sa gheilleagar glas;

(f)           lánpháirtíocht agus comhar réigiúnach méadaithe a spreagadh ar bhealach atá dírithe ar na torthaí trí thacú le próisis dhifriúla na lánpháirtíochta agus an idirphlé réigiúnaigh;

(g)          rannchuidiú le rioscaí sláinte a chosc agus freagairt a thabhairt orthu, lena n‑áirítear iad sin a thionscnaítear ag an bpointe teagmhála idir ainmhithe, daoine agus a dtimpeallachtaí éagsúla;

(h)          i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, comhrac in aghaidh éillithe agus na coireachta eagraithe, in aghaidh drugaí a tháirgeadh, a thomhailt agus a gháinneáil, agus in aghaidh cineálacha gáinneála eile, agus tacú le bainistiú éifeachtach teorann agus comhar trasteorann;

(i)           tacú le hullmhacht maidir le tubaistí agus athshlánú fadtéarmach tar éis tubaistí, lena n‑áirítear i réimse na slándála bia agus cothaithe agus cúnamh do dhaoine díbrithe.

An Áise Láir

I gcomhréir leis na comhchuspóirí a leagadh síos i Straitéis an AE agus na hÁise Láir um Chomhpháirtíocht Nua a glacadh in 2007:

(a)          athchóiriú bunreachtúil agus comhfhogasú reachtach, rialála agus riaracháin a chur chun cinn leis an Aontas, lena n‑áirítear tuilleadh daonlathaithe agus sochaí shibhialta eagraithe bhreise, tacaíocht don smacht reachta, dea-rialachas, cánachas agus institiúidí agus comhlachtaí náisiúnta a neartú, amhail comhlachtaí toghcháin, parlaimintí, athchóiriú ar riarachán poiblí agus bainistíocht airgeadais phoiblí;

(b)          fás cuimsithe inbhuanaithe eacnamaíochta a chur chun cinn, dul i ngleic le héagothromais shóisialta agus réigiúnacha, agus tacú le beartais i réimsí amhail an t‑oideachas, taighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht, sláinte, obair chuibhiúil, fuinneamh inbhuanaithe, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide a chothú, agus spreagadh a thabhairt d’fhorbairt ar gheilleagar an mhargaidh, do thrádáil agus don infheistíocht, lena n‑áirítear athchóirithe rialála agus don tacaíocht maidir le lánpháirtíocht san EDT;

(c)          tacú le bainistiú teorann agus comhar trasteorann éifeachtach chun forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn i réigiúin teorann; i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus gáinneála de gach cineáil, lena n‑áirítear an comhrac in aghaidh drugaí a tháirgeadh agus a thomhailt mar aon leis na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn acu, lena n‑áirítear VEID/SEIF;

(d)          comhar, idirphlé agus comhtháthú déthaobhach agus réigiúnach a chur chun cinn, lena n‑áirítear le tíortha a chumhdaítear san Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus in ionstraimí eile an Aontais chun tacú le hathchóirithe beartais, lena n‑áirítear trí fhorbairt acmhainní poiblí trí thógáil institiúidí, cúnamh teicniúil (e.g. TAIEX), malartú faisnéise agus nascadh, agus le heochair-infheistíochtaí trí bhíthin meicníochtaí iomchuí chun acmhainní airgeadais an AE a úsáid in earnálacha an oideachais, an chomhshaoil agus an fhuinnimh, uisce/sláintíocht, forbairt maidir le hastaíochtaí ísle/solúbthacht maidir le tionchar an athraithe aeráide, chomh maith le slándáil agus sábháilteacht an tsoláthair fuinnimh idirnáisiúnta agus oibríochtaí iompair, idirnaisc, líonraí agus a n‑oibreoirí, lena n‑áirítear trí bhíthin gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón BEI.

An Meánoirthear

(a)          dul i ngleic le saincheisteanna maidir le rialachas (lena n‑áirítear i réimse an chánachais), cearta an duine agus comhionannas polaitiúil, go háirithe i stáit leochaileacha, le cuidiú chun institiúidí poiblí dlisteanacha, daonlathacha, éifeachtacha agus cuntasacha agus sochaí shibhialta ghníomhach eagraithe a thógáil;

(b)          comhtháthú sóisialta a spreagadh, go háirithe cuimsiú sóisialta, obair chuibhiúil, agus cothromas agus comhionannas inscne;

(c)          na nithe seo a leanas a chur chun cinn: athchóiriú agus éagsúlú eacnamaíoch inbhuanaithe, trádáil, forbairt ar gheilleagar an mhargaidh, infheistíocht tháirgiúil inbhuanaithe sna príomh‑earnálacha (amhail fuinneamh, lena n‑áirítear fuinneamh in‑athnuaite), comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus lánpháirtíocht na dtíortha comhpháirtíochta san EDT;

(d)          comhar, idirphlé agus lánpháirtíocht réigiúnach a chur chun cinn, lena n‑áirítear le tíortha a chumhdaítear san Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus Stáit na Murascaille a chumhdaítear san Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus in ionstraimí eile an AE lena n‑áirítear, inter alia, tacú le hiarrachtaí lánpháirtíochta laistigh den réigiún, go táscach maidir le geilleagar, fuinneamh, uisce, iompar agus dídeanaithe;

(e)          acmhainní a úsáidtear faoin ionstraim seo a chomhlánú trí obair chomhchuibhithe agus tacaíocht trí bhíthin ionstraimí eile an AE, a d’fhéadfadh a bheith ag díriú ar lánpháirtíocht réigiúnach níos leithne, leasanna an AE a chur chun cinn i réimsí amhail an geilleagar, fuinneamh, taighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht, comhrac i gcoinne drugaí a tháirgeadh, a thomhailt agus a gháinneáil i gcomhthéacs an naisc idir an tslándáil agus an fhorbairt, mar aon le bainistiú a dhéanamh ar imirce agus cabhrú le daoine easáitithe agus dídeanaithe i gcomhthéacs an naisc idir an forbairt agus an imirce.

An Afraic Theas

(a)          tacú le comhdhlúthú ar shochaí dhaonlathach, dea-rialachas agus stát arna rialú ag an smacht reachta agus a rannchuidíonn le cobhsaíocht agus lánpháirtíocht réigiúnach agus ilchríochach;

(b)          tacaíocht a sholáthar do na hiarrachtaí chun oiriúnú a dhéanamh de thoradh ar limistéir éagsúla saorthrádála a bhunú;

(c)          obair chuibhiúil a chur chun cinn, tacú leis an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta, an neamhionannais agus an eisiaimh, lena n‑áirítear trí dhul i ngleic le riachtanais bhunúsacha na bpobal a bhí faoi mhíbhuntáiste roimhe seo;

(d)          leochaileacht eacnamaíocht a shárú agus athrú mór struchtúrach a bhaint amach le béim ar fhostaíocht chuibhiúil trí fhás marthanach cuimsitheach eacnamaíochta, geilleagar glas atá íseal ó thaobh carbóin de agus forbairt inbhuanaithe de gach cineál (lena n‑áirítear talmhaíocht agus iascach inbhuanaithe) agus feabhsú ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus an éiceachórais;

(e)          dul i ngleic le foréigean bunaithe ar ghnéas agus ar inscne agus saincheisteanna sláinte, lena n‑áirítear VEID/SEIF agus an tionchar atá acu ar an tsochaí.

IARSCRÍBHINN V

RÉIMSÍ GNÍOMHAÍOCHTA FAOI NA CLÁIR THÉAMACHA

A. AN CLÁR MAIDIR LE hEARRAÍ POIBLÍ DOMHANDA AGUS DÚSHLÁIN PHOIBLÍ DHOMHANDA

I gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6, tá sé mar aidhm ag an gclár Earraí poiblí domhanda agus dúshláin phoiblí dhomhanda comhar, malartú eolais agus taithí agus cumas na dtíortha comhpháirtíochta a neartú. Féadfar an clár a tharraingt inter alia ó na réimsí comhair seo a leanas, chun an tsineirgíocht is mó a áirithiú uathu i bhfianaise na hidirnascachta láidir eatarthu:

An comhshaol agus an t-athrú aeráide

(a)          rannchuidiú le cur chun feidhme na gné comhshaoil agus aeráide idirnáisiúnta d’fhís 2020 an AE;

(b)          oibriú níos faide anonn chun cúnamh a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha chun Spriocanna Forbartha na Mílaoise, a bhaineann le húsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní nádúrtha agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, a bhaint amach;

(c)          cur chun feidhme thionscnaimh agus ghealltanais chomhaontaithe an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta agus réigiúnach agus/nó trasteorann, go háirithe i réimsí an athraithe aeráide trí bhíthin na nithe seo a leanas a chur chun cinn: straitéisí athléimneacha aeráide, go háirithe straitéisí oiriúnaithe a bhfuil comhleasanna ó thaobh na bithéagsúlachta de acu, seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais, foraoisí lena n‑áirítear FLEGT, fairsingiú fásaigh, bainistiú comhtháite ar acmhainní uisce, bainistiú ar acmhainní nádúrtha, bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl, éifeachtúlacht acmhainní agus an geilleagar glas;

(c)          rannchuidiú le lánpháirtíocht agus príomhshruthú na gcuspóirí athraithe aeráide agus comhshaoil i gcomhar chabhair an AE trí thacaíocht d’obair mhodheolaíochta agus taighde lena n‑áirítear meicníochtaí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, mapáil, measúnú agus luacháil ar éiceachórais, saineolas comhshaoil a fheabhsú agus gníomhaíochtaí nuálacha agus comhchuibheas beartais a chur chun cinn;

(d)          rialachas comhshaoil a neartú agus tacú le forbairt beartais idirnáisiúnta, lena n‑áirítear freisin trí bheith ag obair i dtreo comhchuibhis idir colún an chomhshaoil agus na colúin eile den rialachas idirnáisiúnta um fhorbairt inbhuanaithe, trí chúnamh a thabhairt d’fhaireachas agus measúnú comhshaoil réigiúnach agus idirnáisiúnta agus trí bhearta comhlíonta agus forghníomhaithe éifeachtacha a chur chun cinn le haghaidh comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha.

Fuinneamh Inbhuanaithe

(a)          rochtain ar sheirbhísí fuinnimh slána, inacmhainne, glana agus inbhuanaithe mar phríomh‑thiománaí do dhíothú na bochtaineachta agus don fhás cuimsitheach, le béim ar leith ar fhoinsí fuinnimh áitiúla a úsáid;

(b)          spreagadh a thabhairt chun úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus straitéisí forbartha le hastaíochtaí ísle a chur chun cinn;

(c)          slándáil fuinnimh a chur chun cinn, mar shampla trí éagsúlú na bhfoinsí agus na mbealaí, ag cur san áireamh saincheisteanna maidir le luaineacht praghsanna, le poitéinseal astaíochtaí a laghdú, agus na margaí a fheabhsú agus idirnaisc agus trádáil fuinnimh a chothú.

Forbairt dhaonna

(a)          Fás, jabanna agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí

Gníomhaíochtaí a chur chun cinn a bhfuil sé mar aidhm leo níos mó jabanna agus jabanna níos fearr a chruthú, i réimsí amhail iomaíochas agus solúbthacht na bhFiontar Beag agus Meánmhéide áitiúil a fhorbairt agus iad a lánpháirtiú sa gheilleagar domhanda, cúnamh a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha lánpháirtiú sa chóras trádála iltaobhach, an earnáil phríobháideach a fhorbairt agus timpeallacht an ghnó a fheabhsú, tacú le beartais nuálaíochta thionsclaíocha agus theicneolaíochta agus le beartais agus comhaontuithe trádála a shainiú agus a chur chun feidhme, tacú le hiarrachtaí lánpháirtíochta réigiúnaí, caidreamh infheistíochta a chur chun cinn idir an AE agus tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta agus infheistíocht phríobháideach agus phoiblí agus comhar a ghiaráil trí ionstraimí airgeadais nuálacha. An geilleagar glas, éifeachtúlacht acmhainní agus próisis tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe a chur chun cinn. Úsáid cumarsáidí leictreonacha a chur chun cinn mar uirlis chun tacú le fás sna hearnálacha ar fad d'fhonn an bhearna dhigiteach a líonadh, chun creat leordhóthanach beartais agus rialála a bhaint amach sa réimse sin agus chun forbairt an bonneagar is gá agus úsáid seirbhsí agus feidhmchlár bunaithe ar TFC a chur chun cinn.

(b)          Fostaíocht, scileanna, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta:

(i) Tacú le leibhéil arda d’fhostaíocht tháirgiúil chuibhiúil go háirithe le tacaíocht don mhéid seo a leanas: beartais agus straitéisí fostaíochta fónta, gairmoiliúint le haghaidh infhostaitheachta atá ábhartha ó thaobh riachtanais agus dhearcthaí mhargadh an tsaothair, do dhálaí oibre lena n‑áirítear sa gheilleagar neamhfhoirmiúil, obair chuibhiúil a chur chun cinn, lena n‑áirítear comhrac in aghaidh saothair leanaí, agus idirphlé sóisialta mar aon le soghluaisteacht an lucht saothair a éascú agus cearta na n‑imirceach a urramú ag an am céanna;

(ii) comhtháthú sóisialta a neartú go háirithe le córais inbhuanaithe um chosaint shóisialta a bhunú nó a neartú, lena n‑áirítear athchóiriú fioscach a bhaineann leis;

(iii) cuimsiú sóisialta a neartú le comhar maidir le rochtain chothrom ar sheirbhísí bunúsacha, fostaíocht do chách, cumhachtú agus urramú ar chearta ghrúpaí sonracha, go háirithe an óige, daoine faoi mhíchumas, mná agus grúpaí mionlaigh le go mbeidh an daonra ar fad in ann páirt a ghlacadh agus leas a bhaint as cruthú saibhris agus as éagsúlacht chultúrtha.

(c)          Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban:

(i) Tacú le cláir ar leibhéal na tíre chun cumhachtú eacnamaíoch agus sóisialta agus rannpháirtíocht pholaitiúil na mban a chur chun cinn;

(ii) tacú le tionscnaimh náisiúnta, réigiúnacha agus dhomhanda chun an tsaincheist seo a chomhtháthú sa chlár oibre um éifeachtacht cabhrach.

(d)          Sláinte

(i) Sláinte agus folláine na ndaoine i dtíortha i mbéal forbartha a fhorbairt trí rochtain ar sheirbhísí sláinte poiblí riachtanacha d’ardchaighdeán a mhéadú, agus soláthar cothrom de na seirbhísí sin a chur ar fáil agus go sonrach:

(ii) tacú le clár oibre beartais na dtionscnamh domhanda a bhfuil leas suntasach díreach acu do thíortha comhpháirtíochta agus é sin a mhúnlú, agus díriú na dtorthaí, éifeachtacht cabhrach agus an tionchar ar chórais sláinte á gcur san áireamh, lena n‑áirítear tacú le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic leis na tionscnaimh seo ar bhealach níos fearr;

(iii) tacú le tionscnaimh shonracha, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus domhanda, a neartaíonn córais shláinte agus a chabhraíonn le tíortha beartais sláinte náisiúnta fhónta atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus i réimsí tosaíochta (m.sh. sláinte máithreacha, sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, rochtain ar phleanáil clainne, earraí poiblí domhanda agus freagairt ar bhagairtí sláinte domhanda).

(e)          Oideachas, eolas agus scileanna:

(i) Tacú leis na spriocanna arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bhaint amach san oideachas trí thionscnaimh agus comhpháirtíochtaí domhanda, le béim ar leith ar eolas, scileanna agus luachanna a chur chun cinn le haghaidh forbartha cuimsithí agus inbhuanaithe;

(ii) malartú taithí, dea-chleachtais agus nuálaíochta a chur chun cinn, bunaithe ar chur chuige cothromaithe maidir le forbairt na gcóras oideachais;

(iii) rochtain chothrom agus caighdeán an oideachais a fheabhsú, lena n‑áirítear le haghaidh grúpaí leochaileacha, mná agus cailíní, agus na tíortha is faide ó spriocanna domhanda a bhaint amach.

Slándáil bia agus talmhaíocht inbhuanaithe

Déanfaidh an clár neartú ar chomhar, ar mhalartú eolais agus taithí ar chumas na dtíortha comhpháirtíocht maidir le ceithre cholún na slándála bia: infhaighteacht bia (táirgeadh), rochtain (lena n‑áirítear margaí, líontáin sábhála agus feasacht inscne), úsáid (idirghabhálacha um chothú ar bhealaí atá feasach ón taobh sóisialta de) agus cobhsaíocht, agus tabharfar tús áite do cheithre ghné ag an am céanna: meicníochtaí maidir le gabháltas talmhaíochta beag, le rialachas, le lánpháirtíocht réigiúnach agus le cúnamh do phobail leochaileacha.

(a)          Forbairt an ghabháltais talmhaíochta bhig inbhuanaithe a chur chun cinn trí bhíthin rochtana slána atá bunaithe ar an eiceachóras, a mbaineann carbón íseal léi agus atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a sholáthar ar theicneolaíocht (lena n‑áirítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide) agus trí bhíthin seirbhísí leathnaithe agus teicniúla, scéimeanna um fhorbairt tuaithe, beart táirgiúil infheistíochta, bainistithe acmhainní talún agus nádúrtha, éagsúlachta géinití a chosaint i dtimpeallacht eacnamaíoch chumasúcháin;

(b)          tacú le ceapadh beartais agus le rialachas atá feasach ón taobh eacnamaíoch agus sóisialta de i ndáil leis na hearnálacha ábhartha, le ról na ngníomhaithe poiblí agus neamhphoiblí ina chuid rialála agus ina chuid úsáide as earraí poiblí, a chuid cumais eagrúcháin, a chuid eagraíochtaí agus institiúidí gairmiúla;

(c)          an tslándáil bia agus cothaithe a neartú trí bheartais chuí, lena n‑áirítear trí na seirbhísí bithéagsúlachta agus eiceachórais a chosaint, trí bheartais um oiriúnú aeráide, trí chórais faisnéise, trí ghéarchéim a chosc agus a bhainistiú, agus trí straitéisí um chothú atá dírithe ar phobail leochaileacha;

(d)          cleachtais shábháilte agus inbhuanaithe a chothú ar fud shlabhra an tsoláthair bhia agus bheatha.

Imirce agus tearmann

(a)          Rialachas imirce a chur chun cinn ar gach leibhéal;

(b)          bainistiú níos fearr ar shreabha imirce a áirithiú ina gcuid gnéithe uile;

(c)          uasmhéadú a dhéanamh ar an tionchar forbartha atá ag soghluaisteacht mhéadaithe réigiúnach agus dhomhanda daoine, agus cearta na n‑imirceach a chur chun cinn agus a chosaint ag an am céanna trí thacaíocht a thabhairt do bheartais fhónta réigiúnacha agus náisiúnta maidir le himirce agus le tearmann a cheapadh agus a chur chun feidhme agus tríd an ngné imirce a lánpháirtiú isteach i mbeartas eile réigiúnacha agus náisiúnta;

(d)          feabhas a chur ar chomhthuiscint ar an nasc idir an imirce agus an fhorbairt, lena n‑áirítear ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha bheartais an rialtais, san imirce/sa tearmann nó in earnálacha eile.

B. AN CLÁR UM EAGRAÍOCHTAÍ NA SOCHAÍ SIBHIALTA AGUS ÚDARÁIS ÁITIÚLA

I gcomhréir le tacaíocht athdhearbhaithe an AE don daonlathas, do chearta an duine agus don dea-rialachas, déanfaidh an Clár um eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla atá i bhforbairt neartú ar chomhar, ar mhalartú eolais agus taithí agus ar acmhainní eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na n‑údarás áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta chun tacú le spriocanna forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

I gcomhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6, rannchuideoidh an clár leis na nithe seo a leanas:

(a)          sochaí chuimsitheach agus chumhachtaithe i dtíortha comhpháirtíochta trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus seirbhísí bunúsacha atá neartaithe a sheachadadh dóibh siúd atá i ngátar;

(b)          leibhéal méadaithe feasachta de chuid shaoránaigh na hEorpa ar shaincheisteanna forbartha agus tacaíocht ghníomhach phoiblí a shlógadh san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí féideartha agus i dtíortha is iarrthóirí don bhochtaineacht a laghdú agus do straitéisí forbartha inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta;

(c)          acmhainn mhéadaithe líonraí na sochaí sibhialta agus na n‑údarás áitiúil de chuid na hEorpa agus an Deiscirt chun idirphlé beartais atá substainteach agus leantach a áirithiú i réimse na forbartha.

Cuimseofar faoi na gníomhaíochtaí arna dtacú ag an gclár seo na nithe seo a leanas:

(a)          idirghabhálacha i dtíortha comhpháirtíochta a thacaíonn le grúpaí leochaileacha agus imeallaithe sna tíortha is lú forbairt trí sheirbhísí bunúsacha a chur ar fáil a sheachadfar trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus trí údaráis áitiúla;

(b)          acmhainn forbartha na ngníomhaithe spriocdhírithe atá comhlántach don tacaíocht arna deonú faoi chuimsiú an chláir náisiúnta, gníomhaíochtaí atá dírithe ar na nithe seo a leanas:

(i) neartú a dhéanamh ar acmhainn eagraíochtaí na sochaí sibhialta le bheith rannpháirteach go héifeachtach sa phróiseas forbartha;

(ii) éascú a dhéanamh ar idirghníomhú níos fearr idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an Stát agus gníomhaithe forbartha eile i gcomhthéacs na forbartha;

(iii) neartú a dhéanamh ar acmhainn na n‑údarás áitiúil le bheith rannpháirteach go héifeachtach sa phróiseas forbartha, ag tabhairt aitheantas ar a ról agus a ngnéithe ar leith;

(c)          feasacht an phobail a ardú ar shaincheisteanna forbartha agus oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil a chur chun cinn don fhorbairt san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí féideartha, chun beartas forbartha a neartú i sochaithe na hEorpa, chun tacaíocht phoiblí níos mó a fháil do ghníomhaíocht in aghaidh na bochtaineachta agus do chaidreamh níos cothroime idir tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha, chun feasacht a ardú ar na saincheisteanna agus ar na deacrachtaí atá roimh thíortha i mbéal forbartha agus roimh a gcuid pobal, agus chun an ghné shóisialta den domhandú a chur chun cinn;

(d)          comhordú, forbairt acmhainní agus neartú institiúide de líonraí na sochaí sibhialta agus na n‑údarás áitiúil, laistigh dá gcuid eagraíochtaí agus idir cineálacha éagsúla páirtithe leasmhara atá gníomhach sa díospóireacht phoiblí Eorpach maidir le forbairt mar aon le comhordú, forbairt acmhainní agus neartú institiúide de líonraí na sochaí sibhialta agus na n‑údarás áitiúil agus na mbrateagraíochtaí de chuid an Deiscirt.

Tá eagraíochtaí na sochaí sibhialta ina ngníomhaithe neamh‑Stáit neamhbhrabúis ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách agus cuntasach amhail iad seo a leanas: eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do phobail dhúchasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do mhionlaigh náisiúnta nó eitneacha, cumainn trádálaithe áitiúla agus grúpaí saoránach, comharchumainn, cumainn fostóirí agus ceardchumainn (comhpháirtithe sóisialta), eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do leasanna eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí a bhíonn ag troid in aghaidh an éillithe agus na calaoise agus a bhíonn ag cur an dea-rialachais chun cinn, eagraíochtaí cearta sibhialta agus eagraíochtaí a bhíonn ag dul i ngleic le hidirdhealú, eagraíochtaí áitiúla (lena n‑áirítear líonraí) atá páirteach i gcomhar díláraithe réigiúnach agus i lánpháirtíocht dhíláraithe réigiúnach, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí ban agus eagraíochtaí óige, eagraíochtaí comhshaoil, teagaisc, cultúrtha, taighde agus eolaíocha, ollscoileanna, eaglaisí agus comhlachais chreidimh agus pobail chreidimh, na meáin agus aon chomhlachais neamhrialtasacha agus aon fhondúireachtaí neamhspleácha, lena n‑áirítear fondúireachtaí polaitiúla neamhspleácha, ar dóigh dóibh rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

Cuimsítear le húdaráis áitiúla raon leathan de leibhéil fho-náisiúnta agus de bhrainsí fo-náisiúnta de rialtas, i.e. bardais, pobail, ceantair, contaetha, cúigí, réigiúin, etc.

***

IARSCRÍBHINN VI

RÉIMSÍ GNÍOMHAÍOCHTA FAOIN gCLÁR PAN‑AFRACACH

Tacófar tríd an gclár Pan‑Afracach le cuspóirí agus prionsabail ghinearálta Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice, go háirithe leis na nithe seo a leanas:

(a)          tacaíocht a chur ar fáil do na cuspóirí, do na tionscnaimh agus do na gníomhaíochtaí arna gcomhaontú i Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice agus dá cuid pleananna gníomhaíochta leantacha lena gclúdaítear, inter alia, na réimsí seo a leanas: an tsíocháin agus an tslándáil, rialachas daonlathach agus cearta an duine, trádáil, lánpháirtíocht agus bonneagar réigiúnach (lena n‑áirítear iompar), Spriocanna Forbartha na Mílaoise, fuinneamh, an t-athrú aeráide agus an comhshaol, imirce, soghluaisteacht agus fostaíocht, eolaíocht, an tsochaí faisnéise agus an spás, chomh maith lena cuid saincheisteanna leathana.

(b)          tacaíocht a chur ar fáil do thionscnaimh agus do ghníomhaíochtaí ábhartha eile arna gcomhaontú trí na socruithe oibre arna mbunú faoin Straitéis Chomhpháirteach;

(c)          an prionsabal 'caitheamh leis an Afraic mar ní amháin' a chur chun feidhme, agus comhchuibheas idir leibhéil réigiúnacha agus ilchríocha a chur chun cinn, ag díriú go háirithe ar ghníomhaíochtaí de chineál trasréigiúnach, ilchríochach nó domhanda, agus tacú le tionscnaimh chomhpháirteacha idir an Afraic agus an AE ar an leibhéal domhanda.

IARSCRÍBHINN VII

CIONROINNT AIRGEADAIS THÁSCACH DON TRÉIMHSE 2014-2020

(IN EUR MILLIÚN)

Cláir gheografacha    EUR 13 991.5

Clár um earraí poiblí domhanda agus dhúshláin phoiblí dhomhanda          EUR 6 303.2

Ina measc:

– An comhshaol agus an t-athrú aeráide – Fuinneamh inbhuanaithe – Forbairt dhaonna – Slándáil bia agus talmhaíocht inbhuanaithe – Imirce agus tearmann || 31.8 %[28] 12.7 % 20.0 % 28.4 % 7.1 %

Úsáidfear 50 % ar a laghad de na cistí, sula n‑úsáidfear na rianairí atá bunaithe ar mhodheolaíocht OECD (marcóirí Rio), le haghaidh gníomhaíochta aeráide agus cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol.

An clár téamach um Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla          EUR 2 000

An clár Pan‑Afracach EUR 1 000

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Rannpháirtíocht tríú páirtí sa mhaoiniú

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[29][30]

Teideal 19: Caidreamh eachtrach

19 02: Comhar le tríú tíortha i réimse na himirce agus an tearmainn

19 09: Caidreamh le Meiriceá Laidineach

19 10: Caidreamh leis an Áise, leis an Áise Láir agus leis an Meánoirthear (an Iaráic, an Iaráin, Éimin)

Teideal 21: Forbairt agus caidreamh le Stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC)

21 02: Slándáil bia

21 03: Gníomhaithe neamhstáit i bhforbairt

21 04: An comhshaol agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear fuinneamh

21 05: Forbairt dhaonna agus shóisialta

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

x Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[31]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is í aidhm an Rialacháin seo forbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach a chothú i dtíortha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta, agus tá sé mar phríomhaidhm aige an bhochtaineacht a dhíothú, agus an daonlathas, an smacht reachta, dea-rialachas agus urramú ar chearta an duine a chur chun cinn, mar a fhoráiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, i Meiriceá Laidineach, san Afraic agus san Áis, agus comhsheasmhacht a áirithiú ag an am céanna leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le beartas forbartha an AE Increasing the impact of EU Development Policy: An Agenda for Change (Tionchar Bheartas Forbartha an AE a Mhéadú: Clár Oibre le haghaidh Athraithe).

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Bunaítear leis an Rialachán seo na heilimintí sár-riachtanacha agus an bunús le hidirghabháil an AE. Sainítear aistriú chuspóirí an Rialacháin laistigh de na cláir éagsúla (cláir gheografacha, an clár um earraí poiblí domhanda agus dhúshláin phoiblí dhomhanda, an clár um eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus an clár Pan‑Afracach) ina gcuspóirí sonracha trí chlárú ilbhliantúil agus trí chláir bhliantúla ghníomhaíochtaí ina mionsonraítear na gníomhaíochtaí a mbeidh an AE le tabhairt fúthu, lena n‑áirítear na torthaí ionchasacha agus an tionchar a shaothraítear leis na gníomhaíochtaí i dtrácht. Dá bhrí sin, socraítear cuspóirí sonracha ag an uair sin, lena gcuirtear san áireamh tréithe ar leith na gníomhaíochta atá i gceist.

Beidh Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFM), nó na spriocanna chun an bhochtaineacht a mhaolú arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a chuirfear ina n‑áit tar éis 2015, ina dtáscairí feidhmíochta seanbhunaithe:

Uimh. 1. SFM1 – Deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an ocras

– Líon na ndaoine a bhfuil a gcuid ioncaim níos lú ná $1 in aghaidh an lae a laghdú faoina leath

– Fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do gach duine, lena n‑áirítear mná agus daoine óga, a bhaint amach

– Líon na ndaoine a bhfuil ocras ag cur orthu a laghdú faoina leath

Uimh. 2. SFM2 – Oideachas Uilíoch

A áirithiú go mbeidh leanaí i ngach áit, buachaillí agus cailíní araon, in ann cúrsa iomlán bunscolaíochta a chríochnú.

Uimh. 3. SFM3 – SFM3 – Comhionannas inscne

Deireadh a chur le neamhionannas inscne in oideachas bunscoile agus meánscoile, agus i ngach leibhéal d'oideachas.

Uimh. 4. SFM4 – Sláinte leanaí

Ráta mortlaíochta leanaí faoi chúig bliana d'aois a laghdú faoi dhá thrian.

Uimh. 5 – SFM5 – Sláinte máithreacha

– An cóimheas mortlaíochta máithreacha a laghdú faoi thrí cheathrú

– Rochtain uilíoch ar shláinte atáirgthe a bhaint amach faoi 2015

Uimh. 6. SFM6 – VEID/SEIF, maláire agus galair eile a chomhrac

– Scaipeadh VEID/SEIF a stad agus tús a chur leis an scaipeadh sin a aisiompú

– Rochtain uilíoch ar chóir leighis VEID/SEIF a bhaint amach do gach duine a bhfuil sí de dhíth orthu

– Minicíocht na maláire agus na ngalar mór eile a stad agus tús a chur leis an minicíocht sin a aisiompú

Uimh. 7 – SFM 7 – Inbhuanaitheacht chomhshaoil

– Prionsabail na forbartha inbhuanaithe a lánpháirtiú isteach i mbeartais tíortha agus i gcláir thíortha agus caillteanas na n‑acmhainní comhshaoil a aisiompú

– Caillteanas na bithéagsúlachta a laghdú, rud a bhainfidh amach laghdú suntasach ar an ráta caillteanais

– Líon an phobail nach bhfuil rochtain inbhuanaithe acu ar uisce óil sábháilte agus ar shláintíocht bhunúsach a laghdú faoina leath

– Feabhas suntasach a bhaint amach ar shaol 100 milliún cónaitheoir sluma ar a laghad faoin mbliain 2020

Uimh. 8 – SFM 8 – Comhpháirtíocht dhomhanda le haghaidh forbartha

– Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chóras trádála agus airgeadais atá oscailte, bunaithe ar rialacha, intuartha agus neamh‑idirdhealaitheach

– Aghaidh a thabhairt ar riachtanais speisialta na dtíortha is lú forbairt, na dtíortha talamhiata agus na stát oileáin beag i mbéal forbartha

– Déileáil go cuimsitheach le fiach na dtíortha i mbéal forbartha

– Rochtain a sholáthar, i gcomhar le cuideachtaí cógaisíochta, ar dhrugaí atá riachtanach agus atá ar phraghas réasúnta i dtíortha i mbéal forbartha

– I gcomhar leis an earnáil phríobháideach, tairbhí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, go háirithe Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide, a chur ar fáil

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

19 02 : Comhar le tríú tíortha i réimse na himirce agus an tearmainn

19 09 : Caidreamh le Meiriceá Laidineach

19 10 : Caidreamh leis an Áise, leis an Áise Láir agus leis an Meánoirthear (an Iaráic, an Iaráin, Éimin)

21 02 : Slándáil bia

21 03 : Gníomhaithe neamhstáit i bhforbairt

21 04 : An comhshaol agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear fuinneamh

21 05 : Forbairt dhaonna agus shóisialta

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe

Bunaítear leis an Rialachán seo na heilimintí sár-riachtanacha agus an bunús le hidirghabháil an AE. Sainítear na gníomhaíochtaí cruinne trí chlárú ilbhliantúil agus trí chláir bhliantúla ghníomhaíochtaí ina mionsonraítear na gníomhaíochtaí a mbeidh an AE le tabhairt fúthu, lena n‑áirítear na torthaí ionchasacha agus an tionchar a shaothraítear leis na gníomhaíochtaí i dtrácht. Socraítear táscairí sonracha ag an uair sin, lena gcuirtear san áireamh tréithe ar leith na gníomhaíochta atá i gceist.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh

Bunaítear leis an Rialachán seo na heilimintí sár-riachtanacha agus an bunús le hidirghabháil an AE. Sainítear na gníomhaíochtaí cruinne trí chlárú ilbhliantúil agus trí chláir bhliantúla ghníomhaíochtaí ina mionsonraítear na gníomhaíochtaí a mbeidh an AE le tabhairt fúthu, lena n‑áirítear na torthaí ionchasacha agus an tionchar a shaothraítear leis na gníomhaíochtaí i dtrácht. Socraítear táscairí sonracha ag an uair sin, lena gcuirtear san áireamh tréithe ar leith na gníomhaíochta atá i gceist.

Táthar feasach cheana féin maidir le spriocanna agus táscairí i ndáil le Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta ann ina leith. Is gá tagarmharcanna soiléire agus rialacha soiléire faireacháin agus tuairiscithe a bhunú do gach ionstraim beartais ábhartha an AE. Beidh dí-chomhbhailiú na dtáscairí tábhachtach maidir le faireachán a dhéanamh ar thorthaí cothroma a bhaint amach do na grúpaí is leochailí sa tsochaí le haghaidh cuimsithe shóisialta.

1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Féach Measúnú Tionchair agus Meabhrán Míniúcháin.

Tá an AE tiomanta i gcónaí cabhrú le tíortha i mbéal forbartha an bhochtaineacht a laghdú agus í a dhíothú faoi dheoidh i dtíortha comhpháirtíochta agus i réigiúin chomhpháirtíochta de bhun chuspóirí an chomhair um fhorbairt dá bhforáiltear sna Conarthaí.

1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá an AE i suíomh uathúil atá neodrach agus neamhchlaonta chun gníomhaíocht sheachtrach a sholáthar ar son na mBallstát agus leis na Ballstáit, gníomh trína gcruthaítear creidiúnacht fheabhsaithe dó sna tíortha ina n‑oibríonn sé. Is ag an AE amháin atá an cumas criticiúil le gur féidir freagairt ar dhúshláin dhomhanda, amhail an bhochtaineacht a laghdú agus an t-athrú aeráide. A bhuí lena scála mór agus le líonra reatha na gcomhaontuithe idirnáisiúnta, is féidir leis ár gcuid cabhrach a sheachadadh do na bochtáin i roinnt de na limistéir is iargúlta ar domhan, cabhair cur chun feidhme agus cabhair comhordaithe araon.

Ina ról mar thionscnóir cuimsitheachta agus iltaobhachais, is féidir leis an Aontas a bheith níos éifeachtaí ná aon eagraíocht idirnáisiúnta eile.

Ag gníomhú dó mar ní amháin, is féidir tionchar níos mó agus níos mó giarála a bheith ag an Aontas maidir le hidirphlé beartais agus comhar deontóirí.

Is éifeachtaí ó thaobh costais a dhéanfar an obair tríd an AE freisin, agus tá costais riaracháin níos ísle ag an AE ná an meánchostas riaracháin.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Léirítear sna meastóireachtaí, i dtuarascálacha na Cúirte Iniúchóirí, agus in athbhreithnithe meántéarma ar na cláir gheografacha go ndearnadh dul chun cinn maidir le roinnt de Spriocanna Forbartha na Mílaoise i dtíortha DCI i mbéal forbartha le tacaíocht DCI. Mar sin féin, de bhun phrionsabal na húinéireachta, tá sé de dhualgas ar na rialtais thairbhíocha na leasuithe agus na beartais is gá a bhí mar cheann tiomána na mórghníomhartha sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

A bhuí le módúlachtaí nua cur chun feidhme sa DCI, amhail tacaíocht bhuiséadach agus cur chuige earnála, is féidir leibhéal comhair níos doimhne a bheith ann le tíortha comhpháirtíochta: tá nasc soiléir idir leibhéal an idirphlé beartais le tíortha tairbhíocha agus an mhódúlacht maidir le cúnamh a sheachadadh. Ina theannta sin, mar gheall ar na módúlachtaí nua cur chun feidhme, is féidir roinnt níos éifeachtaí an tsaothair a bheith ann trí chómhaoiniú a cheadú i measc deontóirí.

Tugadh solúbthacht bhreise don Choimisiún chun déileáil le dúshláin shonracha trí bhíthin na gclár téamach, agus bhí siad freisin ina n‑ionstraim úsáideach maidir leis na cláir gheografacha a chomhlánú.

I dtimpeallacht dhomhanda, tá atreisiú frithpháirteach ar ghníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha ag teastáil. Mar phointe tosaigh, ní mór don lánpháirtíocht, seachas don dúbailt, a bheith ar an bhfocal is tábhachtaí. Ní raibh an struchtúr reatha leormhaith chun ligean don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh go tapa ar scála dóthanach, cé go raibh an struchtúr sin fíorthábhachtach maidir le héifeachtacht bheartais inmheánacha an AE a áirithiú.

I roinnt cásanna, ní raibh na cláir théamacha solúbtha a ndóthain le freagairt ar ghéarchéimeanna domhanda (mar shampla, géarchéim na bpraghsanna bia, an fliú éanúil) ná ar ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta a rinneadh ar an leibhéal polaitiúil ab airde (mar shampla, an bhithéagsúlacht agus an t-athrú aeráide). Mar sin de, tá breis solúbthachta ag teastáil ón gciste téamach d’fhonn rannpháirtíocht fhadtéarmach atá níos intuartha a cheadú mar fhreagra ar earraí poiblí domhanda agus ar dhúshláin phoiblí dhomhanda agus freagairt ar na suaití éagsúla a théann i bhfeidhm ar an bpobal is boichte.

Tá an comhar um fhorbairt ró-ilroinnte agus ró-uaillmhianach i gcónaí. Ina theannta sin, ba cheart an chomhlántacht idir na cláir gheografacha agus na cláir théamacha a neartú.

Níor tugadh dóthain airde ar riachtanais shonracha tíortha ina bhfuil géarchéim, tíortha iar-ghéarchéime agus tíortha atá i gcásanna leochaileacha agus, de dheasca dholúbthacht an phróisis chinnteoireachta maidir le cionroinnt cistí, clárú agus cur chun feidhme, bhí sé deacair don AE freagairt go tapa ar staideanna a bhí ag athrú go pras.

Bhí cionrannta táscacha in aghaidh an réigiúin sa DCI, gan aon chiste neamh‑chionroinnte a choinneáil, rud a fhágann gan ach féidearthacht theoranta le hacmhainní a úsáid chun freagairt ar riachtanais gan choinne.

Ar deireadh, tá an próiseas reatha cláraithe agus cur chun feidhme atá foráilte don DCI róchasta, ní cheadaítear leis ailíniú a dhéanamh ar thimthriall cláraithe an AE leo siúd atá ag a chomhpháirtithe, agus ní éascaítear a dhóthain comhchlárú leis na Ballstáit ach an oiread. Ina theannta sin, níl ann d’aon chreat dlí atá soiléir maidir le húsáid a bhaint as ionstraimí nuálacha atá á n‑úsáid ag deontóirí eile, amhail cumasc agus úsáid comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.

1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Tá an ionstraim leasaithe mar chuid lárnach de struchtúr foriomlán na n‑ionstraimí airgeadais um ghníomhaíocht sheachtrach a dhéanfar a eagrú thart ar cheithre phríomhchaibidil: caibidil atá bunaithe ar bheartas lena ndírítear go príomha ar chomhar le tíortha comhpháirtíochta laistigh agus lasmuigh den bhuiséad, caibidil ina n‑oibrítear ar thosaíochtaí agus luachanna leathana; caibidil bunaithe ar chúnamh daonnachtúil agus cosaint shibhialta; agus caibidil maidir leis an mbainistíocht géarchéime.

Thairis sin, do gach tír, comhlánóidh comhar um fhorbairt an "Ionstraim nua um Chomhpháirtíocht". Beidh idirghníomhaíocht idir an DCI, CFE agus an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus Chomhpháirtíocht láidir go háirithe faoi chiste téamach an DCI um an tsochaí shibhialta/údaráis áitiúla agus faoin gciste téamach um earraí domhanda agus dhúshláin dhomhanda, toisc go ndéanfaidh na cistí sin gníomhaíochtaí a chuimsiú nó a chomhlánú sna criosanna geografacha atá cuimsithe ag na hionstraimí sin faoi seach sna réimsí seo a leanas: tacaíocht don tsochaí sibhialta agus d'údaráis áitiúla, an t-athrú aeráide, fuinneamh, slándáil bia, forbairt dhaonna agus imirce.

Beidh idirghníomhaíocht leis an mbeartas Trádála, go háirithe na scéimeanna GSP/GSP plus (CGF/CGF) agus Everything But Arms (Gach Rud Ach Airm), an‑tábhachtach i gcónaí, mar a bheidh comhaontuithe trádála agus gníomhaíochtaí Cúnaimh Thrádála / gníomhaíochtaí a bhaineann le trádáil arna maoiniú faoin DCI, ar leibhéal déthaobhach agus ar leibhéal réigiúnach araon.

I dtimpeallacht dhomhanda, tá beartais éagsúla inmheánacha an AE (amhail an comhshaol, an t‑athrú aeráide, fostaíocht (lena n‑áirítear obair chuibhiúil do gach duine), comhionannas inscne, fuinneamh, uisce, iompar, ceartas agus slándáil, taighde, an tsochaí faisnéise, inimirce, iascach) ag éirí níos tábhachtaí i ngníomhaíocht sheachtrach an AE, agus i gcomhréir le clár oibre 2020 an AE agus le Conradh Liospóin, tá gá le hatreisiú frithpháirteach gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha. Mar phointe tosaigh, ní mór don lánpháirtíocht, seachas don dúbailt, a bheith ar an tosaíocht is tábhachtaí. Is iad seo a leanas na príomhargóintí: i) comhchuibheas ár gcuid gníomhaíochta seachtraí; ii) éifeachtacht cabhrach, go háirithe an gealltanas chun líon na ngníomhaithe agus na gclár a laghdú; agus iii) uasmhéadú a dhéanamh ar shineirgíochtaí idir cuspóirí beartais.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

x Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

· ¨  Togra/tionscnamh

· x Tionchar airgeadais ón 1/1/2014 go dtí an 31/12/2020

· x Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta in éifeacht ón 1/1/2014

· Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

· agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[32]

x Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

x Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

· x gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

· x comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[33]

· x comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

· ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

x Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

x Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach láraithe ón gCeanncheathrú nó trí bhíthin Thoscaireachtaí díláraithe an Aontais agus faoi aon mhodh bainistíochta eile dá bhforáiltear leis an Rialachán Airgeadais d'fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ar bhealach níos fearr.

Féadfar comhbhainistiú a fhoráil do ghníomhaíochtaí sonracha le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí na Náisiún Aontaithe, le hinstitiúidí Eorpacha nó le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Domhanda nó Banc Forbartha na hAfraice, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile atá gníomhach i réimse na forbartha.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Tá córais Faireacháin agus Meastóireachta an Choimisiúin Eorpaigh á ndíriú níos mó ar thorthaí. Baineann siad leis an bhfoireann inmheánach mar aon le saineolas seachtrach.

Déanann Bainisteoirí Cúraimí i dToscaireachtaí agus sa Cheanncheathrú faireachán leanúnach ar chur chun feidhme tionscadal agus clár ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear i ngach cás inar féidir é, cuairteanna ar an láthair. Faightear faisnéis luachmhar maidir le dul chun cinn trí fhaireachán; cuidíonn sé le bainisteoirí baic iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus gníomh ceartaitheach thráthúil a ghlacadh nuair is iomchuí.

Déantar saineolaithe seachtracha, neamhspleácha a chonrú chun feidhmíocht ghníomhaíochtaí seachtracha an AE a mheasúnú trí bhíthin trí chóras éagsúla. Cuireann na measúnuithe sin le cuntasacht agus le feabhas a chur ar idirghabhálacha leanúnacha; baineann siad leas as ceachtanna freisin ó thaithí roimhe seo chun beartais agus gníomhaíochtaí amach anseo a threorú. Baintear úsáid as critéir mheastóireachta OECD‑DAC, lena n‑áirítear tionchar (féideartha), i gcás na n‑uirlisí go léir.

Ar an gcéad dul síos, ar an leibhéal tionscadail, trí bhíthin an chórais Faireacháin atá Dírithe ar Thorthaí (ROM) cuirtear roghbhlúire fócasaithe achomair ar fáil maidir le cáilíocht sampla idirghabhálacha. Ag baint úsáide as modheolaíocht chaighdeánaithe, ardstruchtúrtha, tugann saineolaithe neamhspleácha ROM gráid lena léirítear láidreachtaí agus laigí an tionscadail agus tugann siad moltaí faoin gcaoi ar fearr éifeachtacht a fheabhsú.

Trí mheastóireachtaí ar leibhéal tionscadail arna mbainistiú ag Toscaireacht an AE atá i gceannas an tionscadail, baintear amach grinnanailís níos mionsonraithe agus cabhraítear le bainisteoirí tionscadail feabhas a chur ar idirghabhálacha leanúnacha agus cinn a ullmhú don todhchaí. Fostaítear saineolaithe seachtracha, neamhspleácha a bhfuil saineolas téamach agus geografach acu chun an anailís a dhéanamh agus aiseolas agus fianaise a bhailiú ó na páirtithe leasmhara go léir, go háirithe na tairbhithe deiridh.

Déanann an Coimisiún meastóireachtaí straitéiseacha ar a chuid beartas chomh maith, idir chlárú agus straitéis agus chur chun feidhme idirghabhálacha in earnáil shonrach (amhail sláinte, oideachas etc), i dtír nó i réigiún, nó maidir le hionstraim faoi leith. Is ionchur tábhachtach iad na meastóireachtaí sin chun beartais a chruthú agus chun ionstraimí agus tionscadail a cheapadh. Tá na meastóireachtaí sin go léir foilsithe ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus tá achoimre ar na torthaí ar áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Timpeallacht riosca

Tá na rioscaí seo a leanas maidir le gan cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach, bainistíocht airgeadais nach bhfuil barrmhaith, agus/nó gan na rialacha is infheidhme (dlíthiúlacht agus earráidí rialtachta) a chomhlíonadh ina saintréithe de thimpeallacht oibríochtúil na cabhrach faoin ionstraim seo:

– d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí agus moilleanna ann i gceapadh agus i gcur chun feidhme idirghabhálacha de bharr éagobhsaíocht eacnamaíche/polaitiúla agus/nó tubaiste nádúrtha, go háirithe i stáit leochaileacha;

– d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí agus moilleanna i dtíortha comhpháirtíochta i gceapadh agus i gcur chun feidhme idirghabhálacha de bharr easpa acmhainní institiúideacha agus riaracháin;

– d’fhéadfadh go gcruthódh tionscadail agus cláir atá scaipthe go geografach (lena gclúdaítear, a bheag nó a mhór, go leor stát/críoch/réigiún) dúshláin lóistíochta/acmhainní maidir le faireachán - agus go háirithe aon leanúint ‘ar an láthair’ gníomhaíochtaí;

– is féidir le héagsúlacht na gcomhpháirtithe/na dtairbhithe féideartha a bhfuil struchtúir agus cumais rialaithe inmheánaigh éagsúla acu éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n‑acmhainní atá ar fáil don Choimisiún chun tacú le cur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air a ilroinnt agus a laghdú dá bhrí sin;

– d’fhéadfaí bac a chur ar chumas an Choimisiúin torthaí a thuairisciú agus a bheith cuntasach ina leith mar gheall ar dhroch‑chaighdeán agus ar easpa sonraí atá ar fáil maidir leis na torthaí agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme an chúnaimh sheachtraigh / an phlean forbartha náisiúnta i dtíortha comhpháirtíochta;

An leibhéal riosca a mheastar a bhaineann le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme

Is é cuspóir comhlíontachta na hIonstraime an leibhéal stairiúil riosca a bhaineann le neamhchomhlíonadh (ráta earráide) le haghaidh na punainne EuropeAid, ar leibhéal iarmharach ‘glan’ earráide é, (ar bhonn ilbhliantúil tar éis na rialuithe agus na ceartuithe pleanáilte go léir a a bheith déanta ar chonarthaí dúnta) atá níos lú ná 2 % a choinneáil. Thugadh sé sin le tuiscint de ghnáth go mbeadh raon measta earráide 2-5 % i gceist i dtéarmaí sampla randamaithe d’idirbhearta arna ndéanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun críocha an Ráitis Dearbhaithe bhliantúil. Measann EuropeAid gurb é sin an riosca is lú maidir le neamhchomhlíonadh a d’fhéadfaí a bhaint amach i ndáil lena thimpeallacht ardriosca, ag féachaint don ualach riaracháin agus d’éifeachtúlacht chostais riachtanach na rialuithe um chomhlíonadh.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Struchtúr Rialaithe Inmheánaigh EuropeAid

Tá próiseas rialaithe inmheánaigh / bainistíochta EuropeAid deartha chun urrús réasúnach a sholáthar maidir le cuspóirí a bhaint amach i leith éifeachtacht agus éifeachtúlacht a chuid oibríochtaí, iontaofacht a chuid tuairiscithe airgeadais agus comhlíonadh an chreata ábhartha reachtaigh agus nós imeachta.

Éifeachtacht agus éifeachtúlacht

D’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht a oibríochtaí a áirithiú (agus chun an t-ardleibhéal riosca ina thimpeallacht um chúnamh seachtrach a mhaolú), de bhreis ar ghnéithe uile an phróisis Phleanála agus Bheartais Straitéisigh a bhaineann leis an gCoimisiún ar fad, na timpeallachta iniúchóireachta inmheánaí agus riachtanais eile Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, leanfaidh EuropeAid le creat oiriúnaithe um bainistíocht cabhrach a bheith aige, rud a bheidh i bhfeidhm faoi gach ceann dá chuid ionstraimí agus lena n‑áireofar na nithe seo a leanas:

– Bainistíocht dhíláraithe ar fhormhór na cabhrach seachtraí ó thoscaireachtaí an AE ar an láthair.

– Línte soiléire cuntasachta airgeadais atá curtha ar bhonn foirmiúil (ón Oifigeach Tarmligthe um Údarú (Ard‑Stiúrthóir)) trí bhíthin fotharmligin ón Oifigeach Fotharmligthe um Údarú (Stiúrthóir) sa Cheanncheathrú chuig Ceann na Toscaireachta;

– Tuairisciú rialta ó Thoscaireachtaí an AE don Cheanncheathrú (Tuarascálacha ar Bhainistíocht Cabhrach Seachtraí), lena n‑áirítear Ráiteas Dearbhaithe bliantúil ó Cheann na Toscaireachta;

– Clár suntasach oiliúna a chur ar fáil don fhoireann ag an gceanncheathrú agus i dtoscaireachtaí;

– Tacaíocht agus treoir shuntasach don Ceanncheathrú/do Thoscaireachtaí (lena n‑áirítear tríd an idirlín);

– Cuairteanna rialta 'fíoraithe' ar thoscaireachtaí “díláraithe” gach 3 go 6 bliana;

– Modheolaíocht bainistíochta ar thimthriall tionscadail agus cláir lena n‑áirítear:

– Uirlisí tacaíochta cáilíochta chun an idirghabháil agus modh seachadta, meicníocht chistiúcháin agus córas bainistíochta na hidirghabhála a cheapadh, agus chun aon chomhpháirtí cur chun feidhme a mheasúnú agus a roghnú, etc.

– Bainistíocht cláir agus tionscadail, uirlisí faireacháin agus tuairiscithe chun cur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh lena n‑áirítear faireachán seachtrach rialta ar an láthair ar thionscadail.

– Comhpháirteanna meastóireachta agus iniúchta suntasacha.

Tuairisciú Airgeadais agus Cuntasaíocht

Leanfaidh EuropeAid ar aghaidh ag saothrú na gcaighdeán is airde maidir le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais trí úsáid a bhaint as córas cuntasaíochta bunaithe ar fhabhruithe (ABAC) an Choimisiúin chomh maith le huirlisí sonracha um chabhair sheachtrach amhail Comhchóras Faisnéise Relex (CRIS).

Maidir le comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha agus an chreata nós imeachta, tá modhanna rialaithe um chomhlíonadh leagtha amach i roinn 2.3 (bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc)

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

I bhfianaise na timpeallachta ardriosca ina bhfeidhmíonn EuropeAid, ní foláir nó go ndéanfaí méid suntasach earráidí comhlíontachta féideartha (neamhrialtachtaí) in idirbhearta a réamh‑mheas lena chórais agus go gcuirfí leibhéal ard rialuithe coisctheacha, braiteacha agus ceartaitheacha san áireamh iontu a luaithe is féidir sa phróiseas íocaíochta. Ciallaíonn sé sin sa chleachtas go mbraithfidh rialuithe comhlíontachta EuropeAid ar sheiceálacha suntasacha ex‑ante ar bhonn ilbhliantúil den chuid is mó, arna ndéanamh ag iniúchóirí seachtracha agus ag foireann an Choimisiúin ar an láthair araon roimh íocaíochtaí deiridh an tionscadail (fad is atá roinnt seiceálacha agus iniúchtaí ex-post fós á ndéanamh), ag dul i bhfad thar na coimircí airgeadais a cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais. Tá na comhpháirteanna suntasacha seo a leanas, inter alia, i gcreat comhlíontachta EuropeAid:

Bearta coisctheacha

- Oiliúint lárnach éigeantach ina gcuimsítear saincheisteanna calaoise i gcomhair iniúchóirí agus foirne bainistíochta cabhrach;

-Treoir a sholáthar (lena n‑áirítear tríd an idirlíon) lena n‑áirítear an Practical Guide to Contracts (Treoir Phraiticiúil maidir le Conarthaí), doiciméad comhghabhálach EuropeAid, agus an tSraith Straitéisí Bainistíochta Airgeadais (i gcomhair comhpháirtithe cur chun feidhme);

- Measúnú ex-ante lena áirithiú go bhfuil bearta iomchuí frithchalaoise chun calaois i mbainistiú chistí an AE a chosc agus a bhrath i bhfeidhm sna húdaráis a bhainistíonn na cistí ábhartha faoi chomhbhainistíocht agus faoi bhainistíocht dhíláraithe);

- Scagadh ex-ante na meicníochtaí frithchalaoise atá ar fáil sa tír chomhpháirtíochta mar chuid den mheasúnú ar chritéir incháilitheachta na bainistíochta airgeadais phoiblí maidir le tacaíocht bhuiséadach a fháil (i.e. tiomantas gníomhach chun calaois agus éilliú a chomhrac, údaráis iniúchta leormhaithe, cumas breithiúnach leordhóthanach agus meicníochtaí éifeachtúla freagartha agus smachtbhanna);

- Shínigh an Coimisiún an Tionscnamh Trédhearcachta um Chabhair Idirnáisiúnta (IATI) in Accra in 2008, lenar comhaontaíodh caighdeán um thrédhearcacht cabhrach lena n‑áirithítear sonraí níos tráthúla, níos mionsonraithe agus níos rialta faoi shreafaí cabhrach agus faoi dhoiciméid.

- Ón 14 Deireadh Fómhair 2011, tá an chéad chéim de chaighdeán an IATI maidir le trédhearcacht na faisnéise cabhrach a fhoilsiú á cur chun feidhme ag an gCoimisiún roimh an gcéad Fhóram Ardleibhéil eile ar éifeachtacht cabhrach in Busan i Samhain 2011. Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le Ballstáit an AE ar fheidhmchlár TF comhpháirteach bunaithe ar an nGréasán ar a dtugtar TR-AID, lena n‑athraítear na sonraí faoi chabhair an AE arna soláthar tríd an IATI agus trí fhoinsí eile ina bhfaisnéis faoi chabhair atá éasca le tuiscint.

Bearta braiteacha agus ceartaitheacha

- Fíoruithe agus iniúchtaí seachtracha (cinn éigeantacha agus bunaithe ar riosca araon) lena n‑áirítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;

- Seiceálacha cúlghabhálacha (ar bhonn riosca) agus aisghabhálacha;

- Cistiú an AE a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil cás calaoise tromchúiseach ann, lena n‑áirítear éilliú ar mhórscála, go dtí go bhfuil gníomh iomchuí glactha ag na húdaráis d'fhonn calaois dá leithéid a cheartú agus a chosc amach anseo.

Ceapfaidh EuropeAid a straitéis frithchalaoise tuilleadh i gcomhréir le straitéis frithchalaoise nua an Choimisiúin (CAFS) a glacadh ar an 24 Meitheamh 2011 d’fhonn a áirithiú inter alia:

- go bhfuil rialuithe inmheánacha EuropeAid maidir le frithchalaois ar comhréim go hiomlán leis an CAFS;

- go bhfuil cur chuige EuropeAid maidir le bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus ar fhreagairtí imleora a shainaithint;

- trí bhíthin na gcóras a úsáidtear chun cistí an AE a chaitheamh i dtríú tíortha is féidir sonraí ábhartha a fháil d’fhonn na sonraí sin a chur san áireamh i mbainistíocht riosca calaoise (e.g. cistiú dúbailte);

- más gá, d’fhéadfaí grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe a bhunú atá tiomanta d’anailís a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann le hearnáil an chúnaimh sheachtraigh.

2.4. Meastachán ar chostais agus ar bhuntáistí na rialuithe

I gcás phunann EuropeAid ina hiomláine, is é EUR 658 milliún meán bliantúil measta na gcostas bainistíochta / rialaithe inmheánaigh ina n‑iomláine, in oibleagáidí i bpleanáil buiséid 2014-2020. Áirítear leis an bhfigiúr sin bainistiú an CFE, a fheidhmítear ar bhealach comhtháite faoi chuimsiú struchtúr bainistíochta EuropeAid. Is ionann na costais ‘neamhoibríochtúla’ seo agus thart ar 6.4 % den mheán bliantúil measta de EUR 10.2 billiún atá beartaithe le haghaidh oibleagáidí foriomlána (oibríochtúla + riaracháin) DEVCO ar a phunann caiteachais arna maoiniú ó Bhuiséad Ginearálta an AE agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta le haghaidh na tréimhse2014-2020.

Cuirtear san áireamh sna costais bhainistíochta sin foireann uile EuropeAid ag an gceanncheathrú agus sna Toscaireachtaí, bonneagar, taisteal, oiliúint, faireachán, meastóireacht agus conarthaí iniúchta (lena n‑áirítear na cinn sin arna seoladh ag tairbhithe).

Tá sé beartaithe ag EuropeAid an cóimheas idir gníomhaíochtaí bainistíochta / gníomhaíochtaí oibríochtúla a laghdú le himeacht ama de réir shocruithe simplithe agus feabhsaithe na n‑ionstraimí nua, ag cur le hathruithe is dóigh a thabharfar isteach faoin Rialachán Airgeadais athbhreithnithe. Réadaítear príomhthairbhí na gcostas bainistíochta seo i dtéarmaí cuspóirí beartais a bhaint amach, úsáid éifeachtúil agus éifeachtach as acmhainní, agus feidhmiú bearta coisctheacha cost-éifeachtúla stóinsithe agus seiceálacha eile chun úsáid dhleathach agus rialta cistí a áirithiú.

Fad is a leanfar de dhul i mbun feabhsuithe ar chineál agus ar dhíriú na ngníomhaíochtaí bainistíochta agus na seiceálacha comhlíontachta maidir leis an bpunann, tá na costais seo riachtanach ar an iomlán chun cuspóirí na n‑ionstraimí a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, agus an riosca íosta neamhchomhlíontachta i gceist (faoi 2 % d’earráid iarmharach). Tá na rioscaí sin i bhfad níos lú ná na rioscaí atá i gceist le rialuithe inmheánacha a bhaint nó a chúlú sa réimse ardriosca seo.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Ceannteideal IV An Eoraip Dhomhanda || LD/LN ([34]) || ó thíortha[35] CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[36] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

19 || 19 01 04 Caiteachas riaracháin réimse beartais ‘Caidreamh Eachtrach’ an DCI || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

19 || 19 02: Comhar le tríú tíortha i réimse na himirce agus an tearmainn || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

19 || 19 09: Caidreamh le Meiriceá Laidineach || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

19 || 19 10: Caidreamh leis an Áise, leis an Áise Láir agus leis an Meánoirthear (an Iaráic, an Iaráin, Éimin) || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

19 || 19 11: Straitéis beartais agus comhordú beartais le haghaidh an réimse beartais 'Caidreamh eachtrach' || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

21 || 21 01 04 Caiteachas riaracháin an réimse beartais ‘Forbairt agus caidreamh le Stáit ACC’ || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

21 || 21 02: Slándáil bia || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

21 || 21 03: Gníomhaithe neamhstáit i bhforbairt || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

21 || 21 04: An comhshaol agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear fuinneamh || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

21 || 21 05: Forbairt dhaonna agus shóisialta || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh [37]

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceann‑teideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || Ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| [XX.YY.YY.YY] || || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: 4 || Uimhir ||

AS: DEVCO || || || Bliain N[38] 2014 || Bliain N+1 2015 || Bliain N+2 2016 || Bliain N+3 2017 || Bliain N+4 2018 || Bliain N+5 2019 || Bliain N+6 2020 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (19.02, 19.09, 19.10, 21.02, 21.03, 21.04, 21.05, 21.06) || Oibleagáidí || (1) || 2.606,815 || 2.788,125 || 2.980,045 || 3.182,977 || 3.390,185 || 3.614,782 || 3.846,274 || 22.409,105

Íocaíochtaí || (2) || 411,383 || 579,190 || 1.206,218 || 1.765,760 || 2.383,491 || 3.257,677 || 12.805,385 || 22.409,105

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú  ó chiste na gclár sonrach[39] || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid 19.0104 01 agus 21.010401 || || (3) || 109,885 || 114,975 || 120,254 || 125,723 || 135,115 || 136,918 || 142,726 || 885,595

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair AS DEVCO || Oibleagáidí || =1+3 || 2.716,700 || 2.903,100 || 3.100,300 || 3.308,700 || 3.525,300 || 3.751,700 || 3.989,000 || 23.294,700

Íocaíochtaí || =2+3 || 521,268 || 694,165 || 1.326,472 || 1.891,483 || 2.518,606 || 3.394,595 || 12.948,111 || 23.294,700

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 2.606,815 || 2.788,125 || 2.980,045 || 3.182,977 || 3.390,185 || 3.614,782 || 3.846,274 || 22.409,105

Íocaíochtaí || (5) || 411,383 || 579,190 || 1.206,218 || 1.765,760 || 2.383,491 || 3.257,677 || 12.805,385 || 22.409,105

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste na gclár sonrach || (6) || 109,885 || 114,975 || 120,254 || 125,723 || 135,115 || 136,918 || 142,726 || 885,595

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL <4> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 2.716,700 || 2.903,100 || 3.100,300 || 3.308,700 || 3.525,300 || 3.751,700 || 3.989,000 || 23.294,700

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 521,268 || 694,165 || 1.326,472 || 1.891,483 || 2.518,606 || 3.394,595 || 12.948,111 || 23.294,700

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N 2014 || Bliain N+1 2015 || Bliain N+2 2016 || Bliain N+3 2017 || Bliain N+4 2018 || Bliain N+5 2019 || Bliain N+6 2020 || IOMLÁN

AS: DEVCO ||

Ÿ Acmhainní daonna || 85,041 || 84,182 || 83,329 || 82,480 || 82,480 || 82,480 || 82,480 || 582,473

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 3,909 || 3,818 || 3,781 || 3,755 || 3,755 || 3,755 || 3,755 || 26,528

IOMLÁN AS DEVCO || Leithreasaí || 88,950 || 88,000 || 87,110 || 86,235 || 86,235 || 86,235 || 86,235 || 609,001

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 88,950 || 88,000 || 87,110 || 86,235 || 86,235 || 86,235 || 86,235 || 609,001

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N 2014 || Bliain N+1 2015 || Bliain N+2 2016 || Bliain N+3 2017 || Bliain N+4 2018 || Bliain N+5 2019 || Bliain N+6 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 2.805,650 || 2.991,100 || 3.187,410 || 3.394,935 || 3.611,535 || 3.837,935 || 4.075,235 || 23.903,701

Íocaíochtaí || 610,218 || 782,165 || 1.413,582 || 1.977,718 || 2.604,841 || 3.480,830 || 13.034,346 || 23.903,701

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

· ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 go Bliain N+7 || IOMLÁN

ASCHUIR

|| || || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas iomlán

Cláir Gheografacha[40]… || || || || || || || || .

Fo-iomlán || 1 631,732 || 1 743,689 || 1 862,134 || 1 987,305 || 2 117,402 || 2 253,384 || 2 395,938 || 13 991,50

An clár téamach um earraí poiblí domhanda agus dhúshláin phoiblí dhomhanda... || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán || 735,099 || 785,536 || 838,895 || 895,285 || 953,894 || 1 015,154 || 1 079,375 || 6 303,20

An clár téamach um eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla... || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán || 233,246 || 249,250 || 266,181 || 284,073 || 302,670 || 322,108 || 342,485 || 2 000,00

An clár Pan‑Afracach || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán || 116,623 || 124,625 || 133,090 || 142,037 || 150,335 || 161,054 || 171,242 || 1 000,00

COSTAS IOMLÁN || 2 716,700 || 2 903,100 || 3 100,300 || 3 308,700 || 3 525,300 || 3 751,700 || 3 989,000 || 23 294.,70

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

· x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N [41] 2014 || Bliain N+1 2015 || Bliain N+2 2016 || Bliain N+3 2107 || Bliain N+4 2018 || Bliain N+5 2019 || Bliain N+6 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 85,041 || 84,182 || 83,329 || 82,480 || 82,480 || 82,480 || 82,480 || 582,473

Caiteachas riaracháin eile || 3,909 || 3,818 || 3,781 || 3,755 || 3,755 || 3,755 || 3,755 || 26,528

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 88,950 || 88,000 || 87,110 || 86,235 || 86,235 || 86,235 || 86,235 || 609,001

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[42] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 97,417 || 101,668 || 106,059 || 110,589 || 115,154 || 119,788 || 124,527 || 775,203

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 12,467 || 13,307 || 14,195 || 15,134 || 19,961 || 17,129 || 18,199 || 110,392

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 109,885 || 114,975 || 120,254 || 125,723 || 135,115 || 136,918 || 142,726 || 885,595

IOMLÁN || 198,835 || 202,976 || 207,364 || 211,958 || 221,350 || 223,152 || 228,961 || 1.494,596

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

· ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

· x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 2018 || Bliain N+5 2019 || Bliain N+6 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) ||

|| XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 357,2 || 353,6 || 350,1 || 346,6 || 346,6 || 346,6 || 346,6

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 157,8 || 156,2 || 154,6 || 153,0 || 153,0 || 153,0 || 153,0

|| XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[43] ||

|| XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “gciste iomlánaíoch") || 24,1 || 23,9 || 23,6 || 23,4 || 23,4 || 23,4 || 23,4

|| XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy [44] || - sa Cheanncheathrú[45] || 146,3 || 143,5 || 140,6 || 137,9 || 135,2 || 132,5 || 129,9

|| - i dtoscaireachtaí || 985,7 || 1032,7 || 1081,2 || 1131,2 || 1181,7 || 1232,9 || 1285,3

|| XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

|| IOMLÁN || 1.671,1 || 1.709,8 || 1.750,1 || 1.792,1 || 1.839,8 || 1.888,4 || 1.938,1

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha ||

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 2014-2020

· ý  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.

· ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

· ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[46].

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

· ý Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

· ¨ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

· ý  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

· ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[47]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               Tá an CFE, an Ciste Domhanda um Aeráid agus Bithéagsúlacht agus an Cúlchiste Cúnaimh Éigeandála de bhreis air sin, agus tá siad lasmuigh de bhuiséad an AE.

[2]               Beidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe bainteach le fuinneamh ar cheann de na príomhréimsí maidir le caiteachas i dtaca le hathrú aeráide. Mar an gcéanna, i bhfianaise príomhról seirbhísí sláintiúla eiceachórais maidir le táirgeadh bia, beidh bithéagsúlacht, go háirithe nuair a chuireann sí freisin le hathléimneacht aeráide, ar cheann de na príomhréimsí faoi shlándáil bia agus talmhaíocht inbhuanaithe.

[3]               IO L …

[4]               “Déanfaidh beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú” (Airteagal 208).

[5]               Maidir le slándáil soláthair fuinnimh agus comhar idirnáisiúnta, féach Teachtaireacht an 7.09.2011 The EU Energy Policy: Engaging with Partners beyond our borders (Beartas Fuinnimh an AE: I mBun Oibre lenár gComhpháirtithe lasmuigh dár dteorainneacha), COIM(2011) 539.

[6]               Rialachán (CE) 182/2011

[7]               Cinneadh Uimh. 2010/427 (AE) ón gComhairle

[8]               IO L 378, 27.12.2006, lgh 41-71

[9]               United Nations' Millennium Declaration (Dearbhú Mílaoise na Náisiún Aontaithe), Rún arna ghlacadh ag an gComhthionól Ginearálta, 18 Meán Fómhair 2000.

[10]             Dearbhú comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le beartas forbartha an Aontais Eorpaigh dar teideal An Comhdhearcadh Eorpach, IO C 46, 24.2.2006, lch. 1.

[11]             Teachtaireacht an 13 Deireadh Fómhair 2011, nár foilsíodh san IO go fóill.

[12]             Teachtaireacht an 13 Deireadh Fómhair 2011, nár foilsíodh san IO go fóill.

[13]             Conclúidí ón gComhairle an 15 Bealtaine 2007 maidir le Cód Iompair an AE maidir le Comhlántacht agus Roinnt an tSaothair i mBeartas Forbartha (doic. 9558/07).

[14]             Conclúidí ón gComhairle an 17 Samhain 2009 maidir le Creat Oibriúcháin um Éifeachtacht Cabhrach (doic. 15912/09), arna mhéadú agus arna chomhdhlúthú an 11 Eanáir 2011 (doic. 18239/10).

[15]             COMHPHÁIRTÍOCHT STRAITÉISEACH AN AE AGUS NA hAFRAICE Straitéis Chomhpháirteach an AE agus na hAfraice, arna glacadh ag Cruinniú Mullaigh Liospóin, an 9 Nollaig 2007.

[16]             Slándáil agus Forbairt - Conclúidí ón gComhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle an 20 Samhain 2007 (doic. 15097/07).

[17]             Freagairt an AE ar staideanna leochaileachta - Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle an 20 Samhain 2007 (doic. 11518/07).

[18]             Conclúidí ón gComhairle maidir le coinbhleachtaí a chosc, 3101ú cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2011.

[19]             COIM(2010) 2020 leagan críochnaitheach

[20]             COIM(2011) 500 leagan críochnaitheach

[21]             COIM(2011) 637 leagan críochnaitheach

[22]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13

[23]             IO L …

[24]             IO L 201, 3.8.2010, lch. 30

[25]             IO L …

[26]             IO L 314, 30.11.2001, lch. 1.

[27]             IO L 163, 2.7.1996, lch 1.

[28]             I bprionsabal, dhéanfaí cistí a chomhroinnt go cothrom idir an comhshaol agus an t-athrú aeráide.

[29]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí

[30]             Iarrfaidh DEVCO leasú ar na Réimsí Beartais i gcomhthreo do chleachtadh buiséid 2014.

[31]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[32]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[33]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[34]             LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[35]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[36]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[37]             Le líonadh isteach ag céim níos déanaí

[38]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[39]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[40]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha – níl ach na cláir éagsúla den Rialachán san áireamh sa tábla..."

[41]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[42]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[43]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[44]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[45]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[46]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[47]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

Top