Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0610

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críche (EGTC) i dtaca le bunú agus cur chun feidhme grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

    /* COIM/2011/0610 leagan deireanach - 2011/0272 (COD) */

    52011PC0610

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críche (EGTC) i dtaca le bunú agus cur chun feidhme grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú /* COIM/2011/0610 leagan deireanach - 2011/0272 (COD) */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

    Is é an togra an dara cuid de chomhall na hoibleagáide a fhorchuirtear le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ag an gCoimisiún. Ar an 29 Iúil 2011 tharchur an Coimisiún Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin[1]. Sonraítear sa tuarascáil réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú agus corpraítear sa dréacht-Rialachán leasaitheach seo na hathruithe sonracha a chuirfidh na feabhsuithe sin i gcrích.

    Is féidir an fhealsúnacht a bhaineann leis na hathruithe a chur in iúl le trí eochairfhocal: Leanúnachas; Soiléireacht; Solúbthacht.

    – Leanúnachas: toisc nach n-athrófar nádúr bunúsach EGTC agus nár cheart go gcaithfeadh aon EGTC atá ann cheana a reachtanna ná bealaí feidhmiúcháin a athrú;

    – Soiléireacht: toisc go modhnófar an Rialachán (a) chun Conradh Liospóin a chur san áireamh (b) chun gnéithe áirithe a shimpliú agus a shoiléiriú toisc gur léiríodh gur chuir siad mearbhall ar dhaoine (c) chun níos mó infheictheachta agus cumarsáid maidir le bunú agus maidir le feidhmiú EGTCanna a áirithiú;

    – Solúbthacht: tríd EGTCanna a oscailt d’aon ghné de chomhar críche (agus ní bainistiú clár agus tionscadal atá maoinithe ag CFRE ‘go príomha’) agus trí bhunúis dlí a chur faoi rannpháirtíocht údarás agus réigiún ó thríú tíortha páirt a ghlacadh mar chomhaltaí.

    2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

    Baintear leas sa Rialachán seo as comhairliúchán forleathan leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ballstáit, réigiúin agus comhaltaí EGTCanna atá ann cheana agus EGTCanna atá beartaithe. Bhí Coiste na Réigiún, a fheidhmíonn ‘Ardán’ chun faisnéis a mhalartú maidir le EGTCanna[2], thar a bheith fiúntach mar chomhpháirtí. Seo a leanas imeachtaí sonracha a chuir le torthaí na Tuarascála agus a chuir lena bhfuil sna tograí reatha: comhairliúchán forleathan le gach páirtí leasmhar a rinneadh i gcomhar le Coiste na Réigiún maidir le feidhmiú agus maidir le breisluach na hionstraime EGTC[3], an Chomhdháil Eorpach maidir le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche (EGTCanna) an 27 agus 28 Eanáir 2011, an Chomhdháil maidir le EGTC agus Rialachas Il-leibhéil arna chur in eagar ag Uachtaránacht na hUngáire an 21‑23 Márta 2011 agus roinnt cruinnithe le coistí agus le grúpaí ó Pharlaimint na hEorpa, an ceann is deireanaí an 22 Meitheamh 2011.

    Ba léir an teachtaireacht ó na grúpaí ar fad, go háirithe an teachtaireacht ó na EGTCanna gníomhacha agus na EGTCanna atá á n-ullmhú: tá an ionstraim úsáideach agus tá an cumas inti dul níos faide ná mar a measadh a dhéanamh léi, ach tá na nósanna imeachta oibriúcháin agus go háirithe nósanna imeachta chun na EGTCanna a bhunú níos casta agus níos éiginnte ná mar ba cheart dóibh a bheith.

    Cé gur mhol Coiste na Réigiún ina thuairim arna ghlacadh in Eanáir 2011[4] go bhféadfaí feidhm a bhaint as dreasachtaí airgeadais agus as dreasachtaí eile chun úsáid EGTCanna a chur chun cinn, agus thacaigh roinnt grúpálacha leis sin, tá an Coimisiún den tuairim gur cheart gur rogha saor agus neamhchlaonta a bheadh i gceist le leas a bhaint as EGTC do na páirtithe lena mbaineann, gan aon dreasacht sonrach seachas áirgiúlacht bhunúsach na hionstraime.

    3.           EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    Iarrann Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ar an gComhairle gníomhaíochtaí sonracha den sórt sin a ghlacadh de réir mar is gá chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn.

    Ceadaíonn Airteagal 209 agus 212 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh a éascaíonn comhar, cibé acu chun críche forbartha nó nach ea, le tríú tíortha.

    4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Ní rialachán airgeadais é an Rialachán EGTC agus ní bhaineann aon impleacht bhuiséadach leis don Aontas ná do na Ballstáit. Féadfar na EGTCanna a chistiú ó chistí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta agus féadfaidh siad gníomhaíochtaí atá á gcómhaoiniú ag cistí Eorpacha a chur i gcrích.

    5.           ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN

    Déantar athruithe leis an Rialachán Leasaitheach seo ar lámh amháin, chun an téarmeolaíocht a tugadh isteach leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a urramú agus ar an lámh eile mar fhreagra ar na laigí agus réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú a sonraíodh sa Tuarascáil dá dtagraítear thuas.

    Baineann na hathruithe seo le Ballraíocht, gach a bhfuil sa Choinbhinsiún agus Reachtanna EGTC, a aidhm, an próiseas formheasta ag údaráis náisiúnta, an dlí is infheidhme maidir le fostaíocht agus soláthar, cur chuige do EGTCanna a bhfuil dliteanas difriúil ag a gcuid comhaltaí le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta níos trédhearcaí maidir le cumarsáid.

    Maidir le Ballraíocht, tá bunúis dlí nua in úsáid anois chun go bhféadfaidh réigiúin agus comhlachtaí i dtíortha nach Ballstáit iad a bheith ina gcomhaltaí de EGTC, cibé acu ó Bhallstát amháin nó cúpla Ballstát na comhaltaí eile. Soiléirítear incháilitheacht ballraíochta comhlachtaí faoin dlí príobháideach freisin.

    Athshainítear an coinbhinsiún agus na reachtanna agus leagtar béim ar an idirdhealú sa nós imeachta formheasta.

    Sonraítear na critéir maidir le ceadú nó diúltú a dhéanann údaráis náisiúnta agus moltar am teoranta d’iniúchadh arna bheartú (seo é an gearán is coitianta a chloistear ó EGTCanna atá ann cheana agus atá beartaithe).

    Moltar réitigh, i gcomhréir le acquis an Aontais, do réimis chánacha agus do réimis slándála sóisialta d’fhostaithe EGTC, a d’fhéadfadh a bheith fostaithe in aon cheann de na Ballstáit a gcuimsítear a chríocha san EGTC. Tá macasamhail de chur chuige beartaithe do rialacha soláthair.

    Agus maidir le dliteanas, i gcás ina bhfuil ceanglas ar chomhlachtaí réigiúnacha de réir a ndlíthe náisiúnta dliteanas teoranta a bheith acu agus go bhfuil ceanglas ar chomhlachtaí réigiúnacha eile, i mBallstáit eile, dliteanas neamhtheoranta a bheith acu, moltar réiteach bunaithe ar árachas mar atá in úsáid do Chuibhreannais Bhonneagair Taighde Eorpaigh (ERIC)[5].

    Ar deireadh, ceanglófar ar Bhallstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon fhoráil a glacadh chun an Rialachán EGTC a chur chun feidhme, mar atá sé leasaithe, agus ba cheart do gach EGTC nuabhunaithe a aidhm agus a ballraíocht a chur in iúl don Choimisiún, d’fhonn é a fhoilsiú san Iris Oifigiúil (Sraith C).

    2011/0272 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críche (EGTC) i dtaca le bunú agus cur chun feidhme grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a fheabhsú

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don tríú fomhír d’Airteagal 175 i gcomhcheangal le hAirteagail 209(1) agus 212(1) de,

    Ag féachaint do thogra an Choimisiúin Eorpaigh,

    Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,[6],

    Ag féachaint don Tuairim ó Choiste na Réigiún[7],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críche (EGTC)[8] (‘Rialachán EGTC’ anseo feasta), ghlac an Coimisiún an 29 Iúil 2011 an "Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche (EGTC)"[9].

    (2) D’fhógair an Coimisiún, sa Tuarascáil sin, go bhfuil sé ar intinn aige líon teoranta modhnuithe a mholadh ar Rialachán EGTC chun bunú agus feidhmiú na EGTCanna a éascú, agus ina theannta sin soiléiriú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe atá ann cheana. Ba cheart fáil réidh le bacainní in aghaidh EGTCanna nua a bhunú agus ag an am céanna feidhmiú EGTCanna atá ann cheana a éascú agus leanúnachas a chothabháil iontu, rud a chiallóidh go mbeifear in ann úsáid níos forleithne a bhaint as EGTCanna chun cur le comhar agus comhchuibheas beartais níos fearr i measc comhlachtaí poiblí gan ualach breise a chur ar rialtais náisiúnta ná ar rialtais Eorpacha.

    (3) Is faoina chomhaltaí agus a n-údarás náisiúnta é an cinneadh EGTC a chruthú agus ní bhaineann sé go huathoibríoch le haon bhuntáistí dlíthiúla nó airgeadais ar leibhéal an Aontais.

    (4) Chuir Conradh Liospóin an ghné chríche leis an mBeartas Comhtháthaithe agus tá “Aontas” curtha in ionad “Comhphobal” anois. Ba cheart, dá bhrí sin, an téarmeolaíocht nua a thabhairt isteach i Rialachán EGTC.

    (5) Léiríonn taithí le EGTCanna atá bunaithe go dtí seo go bhfuil an ionstraim dlí nua á húsáid chun comhoibriú a dhéanamh chun beartais Eorpacha eile a chur chun feidhme. Ba cheart éifeachtúlacht agus éifeachtacht EGTCanna a fheabhsú trí nádúr EGTCanna a leathnú.

    (6) Is buntréith de chuid EGTC go bhfeidhmíonn sé i níos mó ná Ballstát amháin. Dá réir sin, cé go gceadaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán EGTC sular leasaíodh é go bhféadfaí an dlí is infheidhme a lua sa choinbhinsiún agus sna reachtanna maidir le ceisteanna sonracha agus cé go dtugann ráitis den sórt sin - laistigh d'ordlathas an dlí is infheidhme atá leagtha síos san Airteagal sin - tosaíocht do dhlíthe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe an EGTC, ba cheart é sin a shoiléiriú. Ag an am céanna, ba cheart forálacha an dlí is infheidhme a leathnú go dtí gníomhartha agus gníomhaíochtaí EGTC.

    (7) Is é an toradh a bhíonn ar stádas difriúil a bheith ag comhlachtaí áitiúla agus réigiúnacha i mBallstáit éagsúla go bhféadfadh inniúlachtaí a bheith réigiúnach ar thaobh amháin de theorainn, ach náisiúnta ar an taobh eile, go háirithe i mBallstáit láraithe nó i mBallstáit níos lú. Dá réir sin, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh údaráis náisiúnta a bheith ina gcomhaltaí d’EGTC le cois an Bhallstáit.

    (8) Cé go gceadaítear i bpointe (d) d’Airteagal (3)(1) den Rialachán EGTC go bhféadfaidh comhlachtaí bunaithe faoi dhlí príobháideach a bheith ina gcomhaltaí d’EGTC ar choinníoll go meastar gur ‘comhlachtaí dlí poiblí’ iad i dtéarmaí Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le comhordú na nósanna imeachta chun conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain[10], féadfar EGTCanna a úsáid sa todhchaí chun seirbhísí poiblí a bhfuil leas eacnamaíoch coiteann ag baint leo nó bonneagair a chomhbhainistiú. Dá bhrí sin, féadfaidh gníomhaithe dlí príobháideacha nó poiblí a bheith ina gcomhaltaí d’EGTC freisin. Dá réir sin, ‘gnóthais phoiblí’ de réir bhrí Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear nósanna imeachta soláthair aonán atá ag feidhmiú in earnálacha an uisce, an fhuinnimh,  an iompair agus na seirbhísí poist[11] ba cheart iad a chumhdach freisin.

    (9) Ní fhoráiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 175 den Chonradh go gcuimseofar aonáin ó thríú tíortha i reachtaíocht atá bunaithe ar an bhforáil sin. Níor cuireadh as an áireamh go sainráite go bhféadfadh aonáin ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach in EGTC a bunaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás ina gceadaítear é sin i reachtaíocht tríú tíre nó i gcomhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha ar an dóigh sin.

    (10) Léiríonn taithí gur chruthaigh rannpháirtíocht údarás nó comhlachtaí eile ó thríú tíortha, atá coibhéiseach leo siúd atá incháilithe laistigh de na Ballstáit, deacrachtaí cur chun feidhme nuair atá rannpháirtíocht i gceist ó údaráis nó ó chomhlachtaí eile ó thríú tíortha, atá coibhéiseach leo siúd atá incháilithe laistigh de na Ballstáit. Mar sin féin, níl i rannpháirtíocht den sórt sin in EGTCanna arna mbunú ag comhaltaí ó dhá Bhallstát nó níos mó ach gné choimhdeach den chomhar laistigh den Aontas agus idir na Ballstáit. Dá réir sin, ba cheart rannpháirtíocht den sórt sin a shoiléiriú gan dul in iontaoibh bunús dlí eile sa Chonradh.

    (11) Táthar ag tacú le comhar críche Eorpach le hionstraimí airgeadais faoin mBeartas Comhtháthaithe ó 1990 agus sa chomhthéacs seo bhítí ábalta i gcónaí comhar a chur ar bun i líon teoranta cásanna idir Ballstát amháin agus tríú tír. Dá réir sin, ba cheart ionstraim dlí EGTC a oscailt do chomhthéacs comhair den sórt sin freisin.

    (12) Nuair a chuirtear san áireamh, don tréimhse idir 2014 agus 2020, go mbeidh leithdháileadh speisialta breise ann do chomhar idir na réigiúin is forimeallaí san Aontas, le cois údarás agus comhlachtaí ó thríú tíortha, ba cheart go mbeadh údaráis agus comhlachtaí ó thíortha thar lear (‘críocha thar lear’) mar atá siad liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh rannpháirteach freisin. Ceadaítear comhoibriú den sórt sin le hAirteagal 203 den Chonradh.

    (13) Rinneadh idirdhealú sa Rialachán EGTC idir an coinbhinsiún lena leagtar síos eilimintí bunaithe an EGTC sa todhchaí agus na reachtanna lena leagtar amach na heilimintí cur chun feidhme. Mar sin féin, b’éigean fós forálacha an choinbhinsiúin ar fad a bheith sna reachtanna. Ba cheart a shoiléiriú dá bhrí sin gur doiciméid faoi leith iad an coinbhinsiún agus na reachtanna agus - cé go seolfar iad araon chuig Ballstáit - ba cheart don nós imeachta formheasta a bheith teoranta don choinbhinsiún. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí sa choinbhinsiún roinnt gnéithe atá cumhdaithe sna reachtanna faoi láthair.

    (14) Léiríonn taithí ó EGTCanna a chur ar bun gurbh annamh a tugadh urramú don tréimhse trí mhí chun formheas Ballstáit a fháil. Ba cheart mar sin síneadh a chur leis an tréimhse go dtí sé mhí. Ar an láimh eile, chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú i ndiaidh na tréimhse sin, ba cheart go measfaí an coinbhinsiún a bheith formheasta trí chomhaontú intuigthe. Cé go bhféadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar an nós imeachta le haghaidh formheasta den sórt sin nó go bhféadfaidh siad rialacha sonracha a chruthú faoi chuimsiú na rialacha náisiúnta ag cur chun feidhme an Rialachán EGTC, ba cheart go gcuirfí maoluithe ar an bhforáil maidir le comhaontú intuigthe as an áireamh tar éis na tréimhse sé mhí.

    (15) Ba cheart a shoiléiriú gur cheart do Bhallstáit an coinbhinsiún a fhormheas mura measann siad nach bhfuil rannpháirtíocht comhalta ionchasaigh i gcomhréir le Rialachán EGTC, le forálacha eile dhlí an Aontais maidir le gníomhaíochtaí EGTC mar atá leagtha síos sa dréacht-choinbhinsiún nó leis an dlí náisiúnta substainteach maidir le hinniúlachtaí an chomhalta ionchasaigh, mura bhfuil bonn údair le rannpháirtíocht den sórt sin ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail nó le beartas poiblí an Bhallstáit sin, ach aon dlí náisiúnta lena gceanglaítear rialacha nó nósanna imeachta eile nó rialacha agus nósanna imeachta níos déine ná iad siúd dá bhforáiltear le Rialachán EGTC a chur as an áireamh ó raon feidhme an iniúchta.

    (16) Toisc nach féidir feidhm a bheith ag Rialachán EGTC i dtríú tíortha nó i gcríocha thar lear, ba cheart a shonrú gur cheart don Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe an EGTC atá beartaithe lonnaithe a áirithiú, agus rannpháirtíocht na gcomhaltaí ionchasacha bunaithe faoina dhlí á fhormheas, go bhfuil na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá coibhéiseach leo siúd i Rialachán EGTC nó atá i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe faoi acquis Chomhairle na hEorpa, curtha i bhfeidhm ag na tríú tíortha nó ag na críocha thar lear. Ba cheart a shonrú freisin i gcás rannpháirtíocht roinnt Ballstát agus tríú tíre nó críche amháin thar lear nó níos mó, gur cheart gur leor é comhaontú den sórt sin a bheith curtha i gcrích idir an tríú tír i gceist nó an chríoch thar lear agus Ballstát rannpháirteach amháin.

    (17) Chun aontachas comhaltaí breise le EGTC atá ann cheana a spreagadh, ba cheart an nós imeachta a shimpliú chun coinbhinsiúin i gcásanna den sórt sin a leasú. Dá réir sin, níor cheart leasuithe den sórt sin a chur in iúl do gach Ballstát rannpháirteach, ach don Bhallstát amháin a bhfuil an comhalta ionchasach nua bunaithe faoina dhlí náisiúnta. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an simpliú seo i gcás comhalta ionchasaigh nua ó thríú tír nó ó chríoch thar lear chun cur ar chumas gach Ballstáit rannpháirtigh a sheiceáil an bhfuil an t-aontachas sin i gcomhréir lena leas poiblí nó lena bheartas poiblí.

    (18) Toisc nach mbeidh gach foráil den choinbhinsiún sna reachtanna, ba cheart idir choinbhinsiún agus reachtanna a chlárú agus/nó a fhoilsiú. Ina theannta sin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart fógra a fhoilsiú maidir leis an gcinneadh lena mbunaítear EGTC i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart an fógra sin a bhunú i gcomhréir le teimpléad coiteann.

    (19) Ba cheart cuspóir EGTC a leathnú le héascú agus le cur chun cinn comhair chríche i gcoitinne a chuimsiú, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach agus bainistíocht ceisteanna réigiúnacha agus áitiúla i gcomhréir leis an mbeartas Comhtháthaithe agus le beartais eile de chuid an Aontais, rud a chuirfidh le Straitéis Eoraip 2020 nó le cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha. Ina theannta sin, ba cheart a shoiléiriú go mbeadh inniúlacht atá ag teastáil le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach EGTC ag comhalta amháin ar a laghad as gach Ballstát a bhfuil ionadaíocht aige.

    (20) Sa chomhthéacs seo, ba cheart a dhaingniú nach bhfuil sé d'aidhm ag an ionstraim seo dul timpeall an chreata arna sholáthar ag acquis Chomhairle na hEorpa, acquis a thairiscíonn deiseanna difriúla agus creataí inar féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla comhoibriú thar theorainneacha lena n-áirítear na Grúpálacha Eora-Réigiúnacha Comhair a bunaíodh le déanaí[12] ná nach bhfuil sé d'aidhm aici tacar comhrialacha sonracha a sholáthar a rialódh go haonfhoirmeach socruithe den sórt sin ar fud an Aontais.

    (21) Ba cheart idir chúraimí sonracha EGTC agus an fhéidearthacht atá ag Ballstáit teorainn a chur leis na gníomhaíochtaí a bhféadfadh EGTCanna tabhairt fúthu gan tacaíocht airgeadais ón Aontas, ba cheart iad a ailíniú leis na forálacha a rialaíonn na Cistí Struchtúracha i rith na tréimhse 2014 -2020.

    (22) Cé go bhfuil sé leagtha síos nach mbaineann na cúraimí, i measc nithe eile, le ‘cumhachtaí rialúcháin’, a d’fhéadfadh iarmhairtí dlíthiúla difriúla a bheith acu i mBallstáit áirithe, ba cheart ina ainneoin sin a shonrú go bhféadfadh tionól EGTC téarmaí agus dálaí úsáide mhír de bhonneagar atá faoi bhainistíocht an EGTC a bhainistiú a shainiú, lena n-áirítear na taraifí agus na táillí atá le híoc ag na húsáideoirí.

    (23) De thoradh EGTCanna a oscailt do chomhaltaí ó thríú tíortha nó ó chríocha thar lear, ba cheart a shonrú gur cheart socruithe le haghaidh a rannpháirtíochta a bheith sa choinbhinsiún.

    (24) Ba cheart a shonrú ní amháin gur cheart an tagairt a athrá sa choinbhinsiún don dlí is infheidhme i gcoitinne mar atá leagtha síos cheana féin in Airteagal 2, ach gur cheart rialacha sonracha an Aontais nó na rialacha náisiúnta sonracha is infheidhme maidir leis an EGTC mar chomhlacht dlíthiúil nó maidir lena ghníomhaíochtaí a liostáil ann. Ina theannta sin, ba cheart a shonrú go bhféadfadh reachtaíocht nó rialacha náisiúnta den sórt sin a bheith ionann leo sin sa Bhallstát ina bhfeidhmíonn orgáin reachtúla a gcuid cumhachtaí, go háirithe i gcás ina bhfuil an fhoireann atá ag obair faoi chúram an stiúrthóra lonnaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe aige, nó ina ndéanann an Ballstát a chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sé ag bainistiú seirbhísí poiblí a bhfuil leas ginearálta eacnamaíoch ag baint leo nó bonneagair.

    (25) Níor cheart don Rialachán seo fadhbanna atá nasctha le soláthar trasteorann a mbíonn ag EGTCanna a chumhdach.

    (26) Ba cheart a shoiléiriú gur cheart don choinbhinsiún - agus i ngeall ar thábhacht na ceiste seo, ní do na reachtanna - na rialacha is infheidhme maidir le foireann an EGTC a shonrú chomh maith leis na prionsabail a rialaíonn na socruithe maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta. Ba cheart roinnt roghanna a bheith ar fáil do na EGTCanna. Mar sin féin, ba cheart déileáil sna reachtanna leis na socruithe sonracha maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta.

    (27) Ba cheart do Bhallstáit úsáid bhreise a bhaint as na féidearthachtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú[13] le foráil a dhéanamh de thoil a chéile maidir le heisceachtaí ar Airteagail 11 go 15 (An reachtaíocht is infheidhme a chinneadh) den Rialachán sin ar mhaithe le daoine áirithe nó catagóirí áirithe daoine agus chun foireann EGTCanna a mheas mar chatagóir daoine den sórt sin.

    (28) Ba cheart a shoiléiriú gur cheart don choinbhinsiún - agus i ngeall ar thábhacht na ceiste seo, ní do na reachtanna - na socruithe maidir le dliteanas comhaltaí i gcás EGTC faoi dhliteanas teoranta a chumhdach.

    (29) Ba cheart na socruithe éagsúla a shoiléiriú ina ndéantar tagairt do rialú bhainistíocht cistí poiblí ar láimh amháin agus rialú iniúchóireacht chuntais an EGTC ar an láimh eile.

    (30) I gcás ina bhfuil sé mar chuspóir eisiach ag ECTC clár comhair nó cuid de a dtacaíonn CFRE leis a bhainistiú, nó i gcás ina mbaineann EGTC le comhar nó le líonraí idir‑réigiúnacha, ba cheart a shonrú nach bhfuil gá le faisnéis maidir leis an gcríoch ina bhféadfaidh an EGTC a chuid cúraimí a chur i gcrích. Sa chéad chás, saineofar (agus leasófar) an chríoch sa chlár comhair ábhartha. Sa dara cás, cé go mbaineann sé i bhformhór na gcásanna le gníomhaíochtaí neamhábhartha, chuirfeadh ceanglas maidir leis an bhfaisnéis sin aontachas comhaltaí nua le comhar idir-réigiúnach nó le líonraí idir‑réigiúnacha i mbaol.

    (31) Ba cheart idirdhealú níos soiléire a dhéanamh idir EGTCanna a bhfuil dliteanas teoranta ag a gcuid comhaltaí agus iad sin a bhfuil dliteanas neamhtheoranta ag a gcuid comhaltaí. Ina theannta sin, chun cur ar chumas EGTCanna a bhfuil dliteanas teoranta ag a gcuid comhaltaí gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh fiacha a chruthú a chur chun feidhme, ba cheart a cheadú do Bhallstáit a cheangal go nglacann EGTCanna den sórt sin árachas iomchuí chun na rioscaí a bhaineann go sonrach lena ngníomhaíochtaí a chumhdach.

    (32) Ba cheart a shoiléiriú go gcuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhorálacha arna nglacadh chun Rialachán EGTC a chur chun feidhme agus go dtíolacfaidh siad na forálacha sin chomh maith le haon leasuithe orthu. Chun an fhaisnéis agus an comhordú a fheabhsú idir an Coimisiún, na Ballstáit agus Coiste na Réigiún, ba cheart a shonrú go ndéanfaidh an Coimisiún na forálacha sin a tharchur chuig na Ballstáit agus chuig Coiste na Réigiún. Tá ardán EGTC bunaithe ag an gCoiste sin inar féidir leis na geallsealbhóirí uile a dtaithí agus dea-chleachtais a mhalartú agus cumarsáid maidir le deiseanna agus dúshláin EGTC a fheabhsú, rud a éascaíonn malartú taithí maidir le bunú EGTCanna ar leibhéal críochach agus sa chaoi sin roinntear eolais maidir le dea-chleachtais i dtaca le comhar críche.

    (33) Ba cheart sprioc-am nua le haghaidh na chéad tuarascála eile a shocrú. I gcomhréir le gluaiseacht an Choimisiúin i dtreo ceapadh beartais atá bunaithe níos mó ar fhianaise, ba cheart don tuarascáil sin déileáil leis na príomhcheisteanna meastóireachta lena n‑áirítear éifeachtacht, éifeachtúlacht, breisluach Eorpach, ábharthacht agus inbhuanaitheacht. Ba cheart a shonrú freisin gur cheart an tuarascáil sin a chur ar aghaidh chuig Coiste na Réigiún freisin agus an chéad fhomhír d’Airteagal 307 den Chonradh á cur san áireamh.

    (34) Ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil oibleagáid ar EGTCanna reatha a gcoinbhinsiún agus a gcuid reachtanna a oiriúnú do leasuithe ar an Rialachán EGTC.

    (35) Ba cheart a shonrú freisin cé na rialacha faoinar cheart na EGTCanna sin a bhfuil tús curtha le nós imeachta formheasa ina leith cheana féin roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhormheas.

    (36) Chun rialacha reatha náisiúnta a oiriúnú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme sula gcaithfear cláir faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart go mbeadh dáta tosaigh a churtha i bhfeidhm 6 mhí i ndiaidh dháta a theacht i bhfeidhm.

    (37) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin ionstraim dlí EGTC a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a bhaint amach dá réir sin ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, ó tharla dul in iontaoibh EGTC a bheith roghnach, i gcomhréir le an córas bunreachtúil gach Ballstáit,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 mar seo a leanas:

    (1) Leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:

    (a)      Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1agus mhír 2:

    “1. Féadfar Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche, dá ngairtear "EGTC" anseo feasta, a bhunú ar chríoch an Aontais faoi na coinníollacha agus faoi réir na socruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

    “2. Beidh sé mar chuspóir ag EGTC comhar críochach, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na cineálacha comhair seo a leanas a éascú agus a chur chun cinn idir a chomhaltaí mar atá leagtha amach in Airteagal 3(1), agus é mar aidhm aige comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú: comhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach.”

    (b)     Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “5. Beidh oifig chláraithe EGTC lonnaithe i mBallstát a bhfuil duine de na comhaltaí ar a laghad bunaithe faoina dhlí.”

    2.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad míre d'Airteagal 2:

    “1.     Rialóidh na nithe seo a leanas EGTC agus a chuid gníomhartha agus gníomhaíochtaí:

    (a) an Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, dlí eile de chuid an Aontais maidir le gníomhaíochtaí an EGTC;

    (b) i gcás ina bhfuil sé údaraithe go sonrach ag an Rialachán seo, forálacha an choinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 8;

    (c) i gcás ábhar nach bhfuil rialaithe, nó nach bhfuil ach rialaithe i bpáirt ag an Rialachán seo, dlí an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC nó, i gcás ina bhfuil sé ceadaithe faoin Rialachán seo, dlí an Bhallstáit ina bhfeidhmíonn orgáin reachtúla a gcumhachtaí nó ina ndéanann an EGTC a ghníomhaíochtaí.

    Measfar gur aonán de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe aige a bheidh in EGTC chun an dlí is infheidhme a chinneadh.”

    3.           Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2 d'Airteagal 3:

    “1.     Féadfaidh na haonáin seo a leanas a bheith ina gcomhaltaí d'EGTC:

    (a) Ballstáit nó údaráis ar an leibhéal náisiúnta;

    (b) údaráis réigiúnacha;

    (c) údaráis áitiúla;

    (d) gnóthais phoiblí de réir bhrí Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14] nó comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí Airteagal 1(9) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15];

    (e) údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla nó comhlachtaí nó fiontair phoiblí atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear faoi phointe (d) ó thríú tíortha nó ó chríocha thar lear, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 3a(1).”

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. Beidh EGTC comhdhéanta de chomhaltaí ó chríoch dhá Bhallstát ar a laghad, seachas mar a fhoráiltear in Airteagal 3a(2).”

    (4)          Cuirtear an tAirteagal 3a seo a leanas isteach:

    "Airteagal 3a Aontachas comhaltaí ó thríú tíortha nó ó chríocha thar lear

    1.       I gcomhréir le hAirteagal 4(3a), féadfaidh EGTC a bheith comhdhéanta de chomhaltaí ó chríoch dhá Bhallstát ar a laghad agus ó thríú tír amháin nó ó chríoch amháin thar lear nó níos mó, i gcás ina ndéanann na Ballstáit agus na tríú tíortha nó críocha thar lear sin gníomhartha comhair chríche go comhpháirteach nó ina gcuireann siad cláir chun feidhme a dtacaíonn an tAontas leo."

    2.       Féadfaidh comhaltaí arna nglacadh ó chríoch Ballstáit amháin agus ó thríú tír nó ó chríoch amháin thar lear a bheith in EGTC, i gcás ina measann an Ballstát sin go bhfuil EGTC den sórt sin comhsheasmhach le raon feidhme a chomhair chríche nó a chaidrimh dhéthaobhaigh leis an tríú tír nó críoch thar lear.”

    (5)          Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

    (a)      Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.     Tar éis fógra faoi mhír 2 a fháil ó chomhalta ionchasach, formheasfaidh an Ballstát lena mbaineann an coinbhinsiún, ag cur san áireamh a struchtúir bhunreachtúil, agus rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh san EGTC, mura measann sé nach bhfuil rannpháirtíocht den sórt sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, le dlí eile de chuid an Aontais maidir le gníomhaíochtaí an EGTC nó le dlí náisiúnta maidir le hinniúlachtaí an chomhalta ionchasaigh nó nach bhfuil bonn údair le rannpháirtíocht den sórt sin ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail nó le beartas poiblí an Bhallstáit sin. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an Ballstát ráiteas ar na fáthanna atá aige comhaontú a choinneáil siar nó molfaidh sé na leasuithe is gá ar an gcoinbhinsiún chun rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh a chumasú.

    Tiocfaidh an Ballstát ar a chinneadh laistigh de sprioc-am sé mhí ón dáta a gheofar iarratas i gcomhréir le mír 2. Mura bhfreagraíonn an Ballstát lena mbaineann laistigh den teorainn ama atá leagtha síos, measfar an coinbhinsiún a bheith formheasta.

    Agus cinneadh á dhéanamh faoi rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh san EGTC, féadfaidh Ballstáit a gcuid rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm."

    (b)     Cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    “3a.    I gcás EGTC a bhfuil comhaltaí ionchasacha ó thríú tíortha nó ó chríocha thar lear aige, áiritheoidh an Ballstát ina mbeidh oifig chláraithe bheartaithe an EGTC lonnaithe go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 3a agus go bhfuil rannpháirtíocht an chomhalta ionchasaigh formheasta ag an tríú tír nó ag an mBallstát a bhfuil críoch thar lear bunaithe faoina dhlíthe de réir coinníollacha agus nósanna imeachta atá coibhéiseach leo siúd atá leagtha síos sa Rialachán seo, nó i gcomhréir le comhaontú arna thabhairt i gcrích idir Ballstát amháin ar a laghad a bhfuil comhalta ionchasach bunaithe faoina dhlíthe agus tríú tír nó críoch thar lear den sórt sin. Beidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo.”

    (c)      Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6:

    “5.     Aontóidh na comhaltaí ar an gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8, agus comhsheasmhacht leis an bhformheas nó leis na leasuithe arna moladh ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo á háirithiú.”

    “6.     Cuirfidh an EGTC aon leasú ar an gcoinbhinsiún nó ar na reachtanna in iúl do na Ballstáit a bhfuil a chomhaltaí bunaithe faoin gcuid dlíthe.

    Déanfaidh na Ballstáit aon leasú ar an gcoinbhinsiún a fhormheas de réir an nós imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.

    Mar sin féin, i gcás aontachas comhalta nua ó Bhallstát a bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige cheana féin le EGTC atá ann cheana, ní dhéanfaidh ach an Ballstát a bhfuil an comhalta nua bunaithe faoina chuid dlíthe an t-aontachas sin a fhormheas. Beidh feidhm ag mír 3 den Airteagal seo.

    I gcás aontachas comhalta nua ó thríú tír nó ó chríoch thar lear le EGTC atá ann cheana, déanfaidh gach Ballstát a bhfuil an coinbhinsiún formheasta aige aontachas den sórt sin a fhormheas. Beidh feidhm ag mír 3a den Airteagal seo.”

    (6)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    "Airteagal 5 Pearsantacht dhlítheanach a fháil agus foilsiú san Iris Oifigiúil

    1.       Clárófar nó foilseofar, nó clárófar agus foilseofar, an coinbhinsiún agus na reachtanna agus aon leasuithe orthu ina dhiaidh sin de réir an dlí náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC lena mbaineann. Gheobhaidh an EGTC pearsantacht dhlítheanach ar lá an chlárúcháin nó an fhoilsithe, cibé acu is túisce a tharlóidh. Cuirfidh na comhaltaí na Ballstáit lena mbaineann, an Coimisiún agus Coiste na Réigiún ar an eolas faoi chlárú nó faoi fhoilsiú an choinbhinsiúin.

    2.       Áiritheoidh an EGTC laistigh de dheich lá oibre ó chlárú nó ó fhoilsiú an choinbhinsiúin, go gcuirfear iarraidh chuig an gCoimisiún a leanann an teimpléad atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Aistreoidh an Coimisiún ansin an iarraidh seo chuig Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh ionas go bhfoilseofar fógra i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar bunú an EGTC, agus na sonraí leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.”

    (7)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 d'Airteagal 6:

    “4.     D’ainneoin mhíreanna 1, 2 agus 3, i gcás ina gcuimsíonn cúraimí EGTC atá luaite faoi Airteagal 7(3) gníomhaíochtaí atá cómhaoinithe ag an Aontas, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha maidir le rialú na gcistí sin.”

    (8)          Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

    (a)      Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2.     Gníomhóidh EGTC laistigh de shrianta na gcúraimí a thugtar dó, is é sin comhar críche a éascú agus a chur chun cinn chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú agus cinnfidh a chomhaltaí na cúraimí sin ar an mbonn go dtagann siad faoi inniúlacht faoin dlí náisiúnta comhalta amháin ar a laghad ó gach Ballstát a bhfuil ionadaíocht aige san EGTC sin.”

    “3.     Féadfaidh EGTC gníomhartha sonracha comhair chríche a dhéanamh idir a chomhaltaí chun an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach, le tacaíocht airgeadais ón Aontas nó dá huireasa.

    Go sonrach, féadfaidh baint a bheith ag cúraimí EGTC le cur chun feidhme clár comhair nó codanna díobh nó oibríochtaí a dtacaíonn an tAontas leo trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus/nó tríd an gCiste Comhtháthaithe.

    Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le gníomhaíochtaí a fhéadfaidh EGTCanna a dhéanamh gan tacaíocht airgeadais acu ón Aontas. Mar sin féin, ní chuirfidh Ballstáit as an áireamh na gníomhaíochtaí sin atá cuimsithe ag na tosaíochtaí infheistíochta faoi Bheartas Comhtháthaithe an Aontais arna ghlacadh le haghaidh na tréimhse 2014 - 2020.”

    (b)     I mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    “Féadfaidh tionól EGTC dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a), áfach, téarmaí agus coinníollacha úsáide mhír de bhonneagar atá á bainistiú ag EGTC a shainiú, lena n‑áirítear na taraifí agus na táillí atá le híoc ag na húsáideoirí.”

    (9)          Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 8:

    “2.     Sonrófar sa choinbhinsiún:

    (a) ainm an EGTC agus a oifig chláraithe;

    (b) méid na críche ina bhféadfaidh an EGTC a chúraimí a chur i gcrích;

    (c) cuspóir agus cúraimí an EGTC;

    (d) a fhad agus na coinníollacha le haghaidh a dhíscaoilte;

    (e) liosta a chomhaltaí;

    (f) an dlí sonrach de chuid an AE nó an dlí náisiúnta sonrach is infheidhme maidir le léirmhíniú agus forfheidhmiú an choinbhinsiúin;

    (g) an socrú do rannpháirtíocht comhaltaí ó thríú tíortha nó ó chríocha thar lear más iomchuí;

    (h) an dlí sonrach de chuid an AE nó an dlí náisiúnta sonrach is infheidhme maidir lena ghníomhaíochtaí, cé go bhféadfadh dlí an Bhallstáit ina bhfeidhmíonn orgáin reachtúla a gcumhachtaí nó ina ndéanann an EGTC a ghníomhaíochtaí a bheith sa dara ceann;

    (i) na rialacha is infheidhme maidir le foireann EGTC chomh maith leis na prionsabail a rialaíonn na socruithe maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta;

    (j) i gcás EGTC faoi dhliteanas teoranta, na socruithe maidir le dliteanas na gcomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 12(3);

    (k) na socruithe iomchuí le haghaidh comhaitheantais, lena n-áirítear maidir le rialú airgeadais bhainistíocht cistí poiblí; agus

    (l) na nósanna imeachta chun an coinbhinsiún a leasú, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5.

    Mar sin féin, i gcás nach bhfuil EGTC ach ag bainistiú cláir chomhair nó cuid de faoi Bheartas Comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina mbaineann EGTC le comhar idir-réigiúnach nó le líonraí idir-réigiúnacha, níl gá le faisnéis faoi phointe (b).

    Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le foireann an EGTC dá dtagraítear i bpointe (i):

    (a) rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC;

    (b) rialacha an Bhallstáit ina bhfuil foireann an EGTC lonnaithe; nó

    (c) rialacha an Bhallstáit ar náisiúnach dá chuid an comhalta foirne.

    Ionas go gcaithfear ar bhealach comhionann leis an bhfoireann uile atá ag obair ag an suíomh céanna, féadfaidh na rialacha agus na dlíthe náisiúnta, bíodh rialacha agus dlíthe náisiúnta dlí phoiblí nó phríobháidigh iontu, a bheith faoi réir rialacha breise ad hoc daingnithe ag an EGTC.”

    (10)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 9:

    “2.     Beidh na nithe seo a leanas, ar a laghad, sna reachtanna:

    (d) forálacha oibríochta orgáin an EGTC agus a gcuid inniúlachtaí, chomh maith le líon ionadaithe na gcomhaltaí sna horgáin ábhartha;

    (e) nósanna imeachta cinnteoireachta an EGTC;

    (f) an teanga nó na teangacha oibre;

    (g) na socruithe maidir lena fheidhmiú;

    (h) na socruithe sonracha maidir le bainistíocht pearsanra agus nósanna imeachta earcaíochta;

    (i) na socruithe maidir le ranníocaíochtaí na gcomhaltaí;

    (j) na rialacha cuntasaíochta agus buiséid is infheidhme maidir le gach comhalta den EGTC maidir leis;

    (k) iniúchóir seachtrach neamhspleách chuntais an EGTC a ainmniú;

    (l) na socruithe maidir le dliteanas na gcomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 12(2); agus

    (m) na nósanna imeachta chun na reachtanna a leasú, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5.”

    (11)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 11:

    “2.     Beidh ullmhúchán a chuntas lena n-áirítear i gcás inar gá an tuarascáil bhliantúil a ghabhann leo agus iniúchadh agus foilsiú na gcuntas sin, á rialú ag dlí an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC.”

    (12)        Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:

    (a)      Cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 1:

    “Beidh EGTC faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach ar fad.”

    (b)     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    "2. D’ainneoin mhír 3, a mhéid is nach leor sócmhainní EGTC lena dhliteanas a chumhdach, beidh a chomhaltaí faoi dhliteanas maidir le fiacha an EGTC is cuma cén cineál iad, agus socrófar sciar gach comhalta i gcomhréir lena ranníocaíocht phearsanta. Socrófar na socruithe maidir le ranníocaíochtaí sna reachtanna.

    Féadfaidh na comhaltaí foráil a dhéanamh sna reachtanna go mbeidh siad faoi dhliteanas, tar éis dóibh scor de bheith ina gcomhaltaí EGTC, maidir le hoibleagáidí a eascraíonn as gníomhaíochtaí an EGTC le linn a mballraíochta.”

    “2a.    Má tá dliteanas comhalta amháin ar a laghad de EGTC teoranta nó curtha as an áireamh mar thoradh ar an dlí náisiúnta faoina bhfuil sé bunaithe, féadfaidh na comhaltaí eile teorainn a chur lena ndliteanas sa choinbhinsiún freisin.

    Áireofar an focal “teoranta” in ainm EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta.

    Beidh an ceanglas maidir le poiblíocht a thabhairt don choinbhinsiún, do reachtanna agus do chuntais EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta ar a laghad cothrom leis na cinn sin a cheanglaítear i gcás aonán dlíthiúil eile a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta agus atá bunaithe faoi dhlíthe an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC sin.

    I gcás EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta, féadfaidh Ballstáit a cheangal go mbeidh árachas iomchuí ag an EGTC chun na rioscaí a bhaineann go sonrach le gníomhaíochtaí an EGTC a chuimsiú.”

    (13)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre d'Airteagal 15(2):

    “2.     Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir le dlínse maidir le díospóidí lena bhfuil baint ag EGTC. I gcás ar bith nach bhfuil foráil déanta ina leith i reachtaíocht an Aontais den sórt sin, is iad a bheidh sna cúirteanna inniúla le haghaidh díospóidí a réiteach cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an EGTC.”

    (14)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre d'Airteagal 16(1):

    “1.     Déanfaidh Ballstáit cibé forálacha is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

    I gcás ina gceanglaítear a leithéid faoi théarmaí dhlí náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Ballstát sin liosta cuimsitheach a bhunú de na cúraimí atá ar chomhaltaí EGTC atá bunaithe faoina dhlíthe cheana féin, a fhad is a bhaineann le comhar críche de réir bhrí Airteagal 3(1) laistigh den Bhallstát sin.

    Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon fhorálacha arna nglacadh faoin Airteagal seo agus tíolacfaidh sé na forálacha sin nó leasuithe orthu. Cuirfidh an Coimisiún ansin na Ballstáit eile agus Coiste na Réigiún ar an eolas trína forálacha a tharchur.”

    (15)        Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

    “Faoi lár 2018, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste na Réigiún tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm, ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht, ar ábharthacht, ar bhreisluach Eorpach an Rialacháin seo agus ar a mhéid is féidir é a shimpliú.

    Beidh na tuarascálacha meastóireachta bunaithe ar tháscairí a ghlacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18.”

    (16)        Cuirtear isteach an tAirteagal 18 seo a leanas:

    "Airteagal 18 An tarmligean a fheidhmiú

    1.       Tugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

    2.       Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    3.         Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm am ar bith.

    I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.       A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    5.       Ní thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachfaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

    Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta i gcoinne an ghnímh tharmligthe ag Parliamint na hEorpa ná ag an gComhairle, foilseofar an gníomh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta atá luaite ann.

    Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag na tréimhse sin más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Coimisiún ar an eolas roimh an dáta sin go bhfuil sé beartaithe acu gan agóid a dhéanamh.

    Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe na cúiseanna lena hagóid.

    Airteagal 2 Foráil idirthréimhseach

    1. Níl oibleagáid ar EGTCanna a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a gcoinbhinsiún agus a reachtanna a ailíniú le forálacha an Rialacháin seo mar atá leasaithe.

    2. Clárófar EGTCanna ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 ina leith roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a bhfuil an clárú agus/nó foilsiú amháin ina leith faoi Airteagal 5 fós gan déanamh, clárófar agus/nó foilseofar iad de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 sula leasaítear é.

    3. Déanfar EGTCanna ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 4 ina leith níos mó ná sé mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhormheas de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 sula leasaítear é.

    4. Déanfar EGTCanna seachas iad siúd faoi mhír 2 agus mhír 3 ar tosaíodh nós imeachta faoi Airteagal 3 ina leith roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhormheas de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 mar atá sé leasaithe ag an Rialachán seo.

    Airteagal 3 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige [Le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán le dáta sé mhí ón dáta a dtagann an Rialachán i bhfeidhm].

    Déanfaidh Ballstáit na leasuithe is gá ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 a thíolacadh tráth nach déanaí ná [...] [Le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán le dáta sé mhí ón dáta a dtagann an Rialachán i bhfeidhm].

    Airteagal 4

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN

    Teimpléad na faisnéise atá le tíolacadh faoi Airteagal 5(2)

    BUNÚ GRÚPÁLA EORPAÍ UM CHOMHAR CRÍCHE (EGTC)

    Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006

    (IO L 210, 31.7.2006, lch. 219)

    Áireofar an focal “teoranta” in ainm EGTC a bhfuil a chomhaltaí faoi dhliteanas teoranta. (Airteagal 12(2))

    Cuireann an réiltín* réimsí éigeantacha in iúl.

    I.1) Ainm, seoladh agus pointe/pointí teagmhála

    Ainm cláraithe*:

    Oifig chláraithe*:

    Baile*: || Cód Poist: || Tír*:

    Pointe/Pointí Teagmhála: Faoi bhráid: || Teileafón:

    Seoladh ríomhphoist: || Facs:

    Seoladh/seoltaí gréasáin (más infheidhme)

    I.2) FAD NA GRÚPÁLA*:

    Fad na Grúpála:  tréimhse éiginnte  go dtí: // (ll/mm/bbbb)

    Dáta an chláraithe/an fhoilsithe: // (ll/mm/bbbb)

    II. Cuspóirí*

    ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ Cód NUTS  Cód NUTS  Cód NUTS  Cód NUTS 

    III. Sonraí breise maidir le hainm na grúpála (más infheidhme)

    Ainm as (sonraigh, le do thoil, leagan iomchuí tíre) BE          BG      CZ     DK    DE    EE     IE      EL      ES    FR      IT       CY       LV      LT                                                            LU           HU     MT    NL     AT    PL      PT    RO     SI     SK     FI              SE           UK          Eile: _____                                                                    Ainm iomlán (más infheidhme):__________________________________________________________________ Ainm giorraithe (más infheidhme):__________________________________________________________________

    -----------------------------------------Tá  Roinn III le húsáid a mhinice agus is gá ----------------------------------

    IV. Comhaltaí*

    IV. 1) Líon iomlán na gcomhaltaí sa Ghrúpáil*:

    IV.2) Faisnéis faoi na comhaltaí*

    Ainm oifigiúil*:

    Seoladh poist:

    Baile: || Cód Poist: || Tír*:

    Pointe/Pointí Teagmhála: Faoi bhráid: || Teileafón:

    Seoladh ríomhphoist: || Facs:

    Seoladh/seoltaí gréasáin (más infheidhme)

    Saghas comhalta*:  Ballstát  Údarás náisiúnta  Údarás réigiúnach  Údarás áitiúil  Comhlacht arna rialú faoin dlí poiblí  Gnóthas poiblí  Comhlachas: · Ballstá(i)t          Iomlán:* · Údará(i)s náisiúnta         Iomlán:* · Údará(i)s réigiúnach(a)  Iomlán:* · Údará(i)s áitiúil/áitiúla    Iomlán:* · Comhlacht(aí) arna rialú faoin dlí poiblí            Iomlán:* · Gnótha(i)s p(h)oiblí       Iomlán:*  Tríú tír nó críoch thar lear

    ----------------------------------------- Tá Roinn IV.2 le húsáid a mhinice agus is gá ----------------------------------

    V. Faisnéis bhreise (más infheidhme)

    ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________ ________________________________________________________________________________________

    VI. Dáta seolta an fhógra seo:// (LL/mm/BBBB)

    [1]               Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur i bhFeidhm an Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 maidir le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche (EGTC) (Report from the Commission to the European Parliament and the Council: The application of the Regulation (CE) No 1082/2006 on a European Grouping of Territorial Cooperation) COIM(2011) 462 leagan críochnaitheach, 29.7.2011.

    [2]               http://portal.cor.europa.eu/egtc/en-US/Pages/welcome.aspx

    [3]               Foilsíodh torthaí i gConclúidí Choiste na Réigiún maidir leis an gcomhairliúchán- Athbhreithniú ar Rialachán (CE) 1082/2006 maidir le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críche, (Conclusions of the Committee of the Regions about the joint consultation – The review of regulation (CE) 1082/2006 on the European Grouping of Territorial Cooperation) Coiste na Réigiún, 2010, http://www.cor.europa.eu/COR_cms/ui/ViewDocument.aspx?contentid=366960dd-3c03-4efa-9230-665455fa6bb5

    [4]               Own-Initiative Opinion of the Committee of the Regions on New Perspectives for the Revision of the EGTC Regulation (Tuairim Féintionscnaimh Choiste na Réigiún maidir le Peirspictíochtaí Nua chun Rialachán EGTC a Athbhreithniú) (CdR 100/2000fin), Rapporteur: Alberto Núnez Feijóo.

    [5]               Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) ón gComhairle maidir le creat dlí an Chomhphobail le haghaidh Cuibhreannais Bhonneagair Taighde Eorpaigh (ERIC) (IO L 206, 8.8.2009, lch. 1): Más rud é nach bhfuil dliteanas airgeadais na gcomhaltaí neamhtheoranta, gheobhaidh ERIC árachas cuí chun na rioscaí a chlúdach arb iad na rioscaí a bhaineann go sonrach le tógáil agus le hoibriú an bhonneagair. ("If the financial liability of the members is not unlimited, the ERIC shall take appropriate insurance to cover the risks specific to the construction and operation of the infrastructure.")

    [6]               IO C, , lch .

    [7]               IO C, , lch. .

    [8]               IO L 210, 31.7.2006, lch. 19.

    [9]               COIM (2011) 462 leagan críochnaitheach.

    [10]             IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.

    [11]             IO L 134, 30.4.2004, lch. 1.

    [12]             Uimh. Phrótacail 3 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Achoimreach Eorpach maidir le Comhar Trasteorann idir Pobail nó Údaráis Chríochacha maidir le Grúpálacha Eora-Réigiúnacha Comhair (ECGanna), oscailte le haghaidh sínithe an 16 Samhain 2009.

    [13]             IO L 200, 7.6.2004, lch. 1.

    [14]             IO L 134, 30.4.2004, lch. 1.

    [15]             IO L 134, 30.4.2004, lch. 114

    Top