This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0566
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the accelerated phasing-in of double-hull or equivalent design requirements for single-hull oil tankers
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le riachtanais dhá chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar dhóigh bhrostaithe do thancaeir ola aonchabhlach
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le riachtanais dhá chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar dhóigh bhrostaithe do thancaeir ola aonchabhlach
/* COIM/2011/0566 leagan deireanach - 2011/0243 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le riachtanais dhá chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar dhóigh bhrostaithe do thancaeir ola aonchabhlach /* COIM/2011/0566 leagan deireanach - 2011/0243 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Chinn[1]
an Coimisiún, an 1 Aibreán 1987, treoir a thabhairt dá fhoireann gach
gníomh reachtach a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, á chur
i bhfios dóibh gur bunriachtanas é sin agus gur cheart iarracht a dhéanamh na
téacsanna a bhfuil siad freagrach astu a chódú laistigh d'agaí níos giorra fós
lena áirithiú go mbeidh na forálacha iontu soiléir sothuigthe. 2. Chuir an Coimisiún tús le códú
Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 18 Feabhra 2002 maidir le riachtanais dhá
chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar dhóigh
bhrostaithe do thancaeir ola aon chabhlach agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 2978/94 [2]ón
gComhairle. Beartaíodh go nglacfadh an Rialachán nua ionad na ngníomhartha
éagsúla a chuimsítear ann.[3] 3. Idir an dá linn, tháinig Conradh
Liospóin i bhfeidhm. Le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh ceadaítear don reachtóir an chumhacht a tharmligean chuig an
gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a
fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh
reachtach sin a ghlacadh. Sa chonradh nua is 'gníomhartha tarmligthe'
(Airteagal 290(3)) a thugtar ar na gníomhartha dlí a ghlacann an Coimisiún ar
an mbealach sin. 4. Tá foráil i Rialachán
Uimh. 417/2002 a mbeadh sé tráthúil tarmligean cumhachta den sórt sin a
dhéanamh ina leith. Is iomchuí, dá bhrí sin, athmhúnlú a dhéanamh ar chódú
Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 d'fhonn na leasuithe is gá a ionchorprú ann. 5. Tarraingíodh suas an togra athmhúnlaithe
ar bhonn réamh-chomhdhlúthú Rialachán (CE) Uimh. 417/2002
agus na n-ionstraimí lena leasaítear é, sna teangacha oifigiúla go léir. Is í
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras
próiseála sonraí. I gcás inar tugadh uimhreacha nua do na hAirteagail,
taispeántar an comhghaol idir na seanuimhreacha agus na huimhreacha nua i
dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán
athmhúnlaithe. ê 417/2002
(oiriúnaithe) 2011/0243 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le riachtanais dhá chabhail nó
riachtanais deartha choibhéiseacha a chéimniú isteach ar dhóigh bhrostaithe do
thancaeir ola aonchabhlach (Athmhúnlúchán) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal Ö 100 Õ (2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[4], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: ò nua (1)
Rinneadh Rialachán (CE)
Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Feabhra 2002 maidir le riachtanais dhá chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha a
chéimniú isteach ar dhóigh bhrostaithe do thancaeir ola aon chabhlach agus lena n‑aisghairtear Rialachán
(CE) Uimh. 2978/94[6]
ón gComhairle a leasú go substainteach roinnt uaireanta[7]: Ós rud é go bhfuil tuilleadh
leasuithe le déanamh air, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht. ê 417/2002
aithris 1 (oiriúnaithe) (2)
Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, Ö ba cheart Õ bearta a dhéanamh
chun sábháilteacht a fheabhsú agus chun truailliú a chosc ó thaobh muiriompair
de. ê 417/2002
aithris 2 (oiriúnaithe) (3)
Is cúis mhór imní don Ö Aontas
Eorpach Õ na tionóiscí loingis
a mbíonn tancaeir ola bainteach leo agus an truailliú a dhéanann na tionóiscí
sin dá imeallbhoird, dá fhlóra agus fauna agus d'acmhainní eile mara. ê 417/2002
aithris 3 (4)
Ina Theachtaireacht dar teideal 'comhbheartas
maidir le sábháilteacht ar muir', chuir an Coimisiún béim ar an iarraidh a
rinne an Chomhairle urghnách maidir leis an gComhshaol agus Iompar an 25 Eanáir
1993 tacú le gníomhaíocht na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) an bhearna
sábháilteachta idir longa nua agus longa atá ann cheana a chúngú trí longa atá
ann cheana a uasghrádú agus/nó a chéimniú amach de réir a chéile. ê 417/2002
aithris 4 (5)
Ina Rún i leith comhbheartais maidir le
sábháilteacht ar muir[8],
mhaígh Parlaimint na hEorpa gur chúis sásaimh Teachtaireacht an Choimisiúin
agus d'iarr sí, go háirithe, go ndéanfaí bearta chun caighdeáin sábháilteachta
tancaer a fheabhsú. ê 417/2002
aithris 5 (6)
Lena Rún an 8 Meitheamh 1993 i leith comhbheartais
maidir le sábháilteacht ar muir[9]
thacaigh an Chomhairle go huile agus go hiomlán le cuspóirí na Teachtaireachta
ón gCoimisiún. ê 417/2002
aithris 6 (7)
Ina Rún i leith an leo ola amach ó chósta na
Fraince a glacadh an 20 Eanáir 2000, mhaígh Parlaimint na hEorpa gur chúis
sásaimh a bheadh in aon iarracht a dhéanfadh an Coimisiún an dáta a thabhairt
ar aghaidh faoina mbeadh oibleagáid ar thancaeir ola dhá chabhail a bheith
iontu. ê 1726/2003
aithris 9 (8)
Ina Rún i leith thubaiste an tancaeir ola
'Prestige' a tharla amach ó chósta na Gailíse an 21 Samhain 2002, d'iarr
Parlaimint na hEorpa go mbeadh bearta ní ba láidre ann a d'fhéadfadh a theacht
i bhfeidhm ní ba sciobtha, agus mhaígh sí gur léiriú eile a bhí sa tubaiste sin
go bhfuil gá le bearta éifeachtacha ar leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal
an AE chun feabhas mór a chur ar shábháilteacht ar muir. ê 417/2002
aithris 7 (9)
Trí bhíthin an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um
Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973, agus trí bhíthin Phrótacal 1978 a bhaineann
leis (MARPOL 73/78), bhunaigh an IMO rialacha idirnáisiúnta maidir le truailliú
a chosc, rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus a dhéanann difear do
dhearadh agus d'oibriú tancaer ola. Is Páirtithe i MARPOL 73/78 na Ballstáit. ê 417/2002
aithris 8 (10)
De réir Airteagal 3.3 de MARPOL 73/78, ní bhaineann
an Coinbhinsiún sin le longa cogaidh, le longa cúntacha cabhlaigh ná le longa
eile ar leis an stát iad nó a oibríonn an stát agus nach n-úsáidtear ach chun
seirbhísí neamhthráchtála rialtais a chur ar fáil. ê 417/2002
aithris 9 (11)
Léiríonn staitisticí maidir le haois tancaer agus
maidir le tionóiscí, go mbaineann níos mó tionóiscí do longa atá níos sine.
Táthar ar aon fhocal, ar leibhéal idirnáisiúnta, go mbeidh leibhéal níos airde
cosanta ag tancaeir ola aonchabhlach i gcoinne truailliú taismeach le hola i
gcás iombhualadh nó tráchur tar éis ghlacadh leasuithe na bliana 1992 ar MARPOL
73/78, lena gceanglaítear go ndéanfar caighdeáin dhá chabhail nó caighdeáin
deartha choibhéiseacha a chur i bhfeidhm maidir le tancaeir ola aonchabhlach
nuair atá aois áirithe slánaithe acu. ê 417/2002
aithris 10 (oiriúnaithe) (12)
Is le leas an Ö Aontais
Eorpaigh Õ bearta a ghlacadh
d'fhonn a áirithiú go mbeidh Rialachán Ö 20 Õ d'Iarscríbhinn I a
ghabhann le MARPOL 73/78 arna leasú in Ö 2004 Õ le Rún Ö 117(52) Õ ón gCoiste Cosanta
Comhshaoil Mhuirí (MEPC) á chomhlíonadh ag tancaeir ola a thagann isteach i
gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta nó Ö a théann ar
ancaire i limistéar Õ atá faoi dhlínse
Ballstáit nó ag tancaeir ola a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, d'fhonn
an baol go dtarlóidh truailliú taismeach le hola in uiscí Eorpacha a laghdú. ê 457/2007
aithris 4 (oiriúnaithe) (13)
Ö Trí bhíthin Rún
114(50) ó Choiste Cosanta Comhshaoil Mhuirí (MEPC) an IMO, arna ghlacadh an 4
Nollaig 2003, tugadh isteach Rialachán 21 nua in Iarscríbhinn I a ghabhann le
MARPOL 73/78 maidir le cosc a chur ar thruailliú ó thancaeir ola agus ola de
ghrád trom á hiompar acu, lena gcuirtear cosc ar ola de ghrád trom a iompar i
dtancaeir aonchabhlach. Õ I míreanna 5, 6,
agus 7 de Rialachán Ö 21 Õ déantar foráil don
fhéidearthacht díolúintí a bheith ann ó chur i bhfeidhm forálacha áirithe den
Rialachán Ö sin Õ. Sa ráiteas a rinne
Uachtaránacht na hIodáile ar an gComhairle Eorpach thar ceann an Aontais
Eorpaigh, agus a taifeadadh i dtuairisc oifigiúil Choiste Cosanta Comhshaoil Mhuirí
an IMO (MEPC 50/3), tugtar tiomantas polaitiúil go staonfar ó úsáid a bhaint as
na díolúintí sin. ê 417/2002
aithris 11 (oiriúnaithe) (14)
An 6 Iúil 1993 tháinig leasuithe i bhfeidhm ar
Choinbhinsiún MARPOL 73/78 a ghlac an IMO an 6 Márta 1992. Leis na bearta sin,
forchuirtear riachtanais dhá chabhail nó riachtanais deartha choibhéiseacha do
thancaeir ola a seachadadh an 6 Iúil 1996 nó ina dhiaidh sin agus is é is aidhm
leo cosc a chuir ar thruailliú le hola i gcás iombhualadh nó tráchur. Laistigh
de na leasuithe sin, tháinig scéim céimnithe amach i bhfeidhm an 6 Iúil 1995
maidir le tancaeir ola aonchabhlach a seachadadh roimh an dáta sin, scéim lena
gceanglaítear ar thancaeir a seachadadh roimh an 1 Meitheamh 1982 na caighdeáin
dhá chabhail nó na caighdeáin deartha choibhéiseacha a chomhlíonadh tráth nach
déanaí ná 25 bliain, nó 30 bliain i gcásanna áirithe, tar éis dáta a seachadta.
Na tancaeir ola aonchabhlach sin atá ann faoi láthair, ní cheadófar a n‑úsáid
tar éis Ö 2005 Õ, nó tar éis 2012 i
gcásanna áirithe, mura gcomhlíonfaidh siad na riachtanais dhá chabhail nó na
riachtanais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán Ö 19 Õ d'Iarscríbhinn I a
ghabhann le MARPOL 73/78. I gcás tancaer ola aonchabhlach a seachadadh tar éis
an 1 Meitheamh 1982 nó i gcás tancaer ola aonchabhlach a seachadadh roimh an 1
Meitheamh 1982 agus a tiontaíodh chun riachtanais MARPOL 73/78 maidir le humair
bhallasta dheighilte agus a n‑ionad cosanta á gcomhlíonadh, beidh an
spriocdháta istigh in 2026 ar a dhéanaí. ê 417/2002
aithris 12 (oiriúnaithe) (15)
Glacadh leasuithe tábhachtacha ar Rialachán Ö 20 Õ d'Iarscríbhinn I a
ghabhann le MARPOL 73/78 an 27 Aibreán 2001 sa 46ú seisiún de MEPC an IMO
(MEPC-46) trí Rún 95(46) ón MEPC Ö agus an 4
Nollaig 2003, trí Rún 111(50) ón MEPC Õ lenar tugadh isteach
scéim nua chun tancaeir ola aonchabhlach a chéimniú amach ar dhóigh
bhrostaithe. Ar mhéid agus ar aois na long a bhraitheann na dátaí deiridh
faoinar gá do na tancaeir Rialachán Ö 19 Õ d'Iarscríbhinn I a
ghabhann le MARPOL 73/78 a chomhlíonadh. Sa scéim sin, dá bhrí sin, tá tancaeir
ola roinnte ina dtrí chatagóir de réir tonnáiste, déantúis agus aoise. Tá
tábhacht ag baint leis na catagóirí sin ar fad, an chatagóir is ísle san
áireamh, Ö Catagóir Õ 3, ó thaobh trádála Ö laistigh den
AE Õ. ê 417/2002
aithris 13 (oiriúnaithe) (16)
Is é cothrom dháta seachadta na loinge an dáta
deiridh faoina mbeidh tancaer ola le céimniú amach, agus beidh an dáta sin de
réir sceidil dar tús 2003 agus dar críoch Ö 2005 Õ i gcás tancaer ola
de Chatagóir 1, agus dar críoch Ö 2010 Õ i gcás tancaer ola
de Chatagóir 2 agus de Chatagóir 3. ê 417/2002
aithris 15 (oiriúnaithe) (17)
Le Rialachán Ö 20
d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 Õ tugtar isteach an
riachtanas nach bhféadfaidh Ö aon tancaer ola
aonchabhlach Õ leanúint de bheith
ag oibriú go dtí tar éis cothrom dháta a seachadta in 2005 faoi réir Scéim chun
Bail a Mheasúnú (SBM), arna glacadh an 27 Aibreán 2001 le Rún 94(46) ó Ö MEPC an Õ IMO Ö arna leasú le
Rún 99(48) ón MEPC an 11 Deireadh Fómhair 2002 agus le Rún 112(50) ón MEPC an 4
Nollaig 2003 Õ. Leis an SBM
forchuirtear oibleagáid ar riarachán thír na brataí ráiteas comhlíontachta a
eisiúint agus páirt a ghlacadh i nósanna imeachta suirbhé an SBM. Ö Tá an SBM
ceaptha chun laigí struchtúracha a bhraith i seantancaeir agus ba cheart feidhm
a bheith aige maidir le gach tancaer ola atá níos sine ná 15 bliana. Õ ê 417/2002
aithris 16 (oiriúnaithe) (18)
I Rialachán Ö 20.5
d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 Õ tá eisceacht i gcás
tancaer ola de Chatagóir 2 agus Catagóir 3 lena gceadaítear dóibh oibriú, faoi
imthosca áirithe, tar éis spriocdháta a gcéimnithe amach. I Rialachán Ö 20.8.2 den
Iarscríbhinn chéanna Õ tugtar an ceart do
na Páirtithe i gCoinbhinsiún MARPOL 73/78 diúltú cead a thabhairt do
thancaeir ola a bhfuil cead acu oibriú faoin eisceacht sin, teacht isteach i
gcalafoirt agus i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoina ndlínse. Mhaígh na
Ballstáit go bhfuil sé i gceist acu an ceart sin a fheidhmiú. Nuair a ghlacfar
cinneadh dul i muinín an chearta sin, Ö ba cheart Õ é a chur in iúl don
IMO. ê 417/2002
aithris 17 (19)
Tá sé tábhachtach a áirithiú nach gcuirfidh
forálacha an Rialacháin seo sábháilteacht an chriú ná an tancaeir ola i mbaol
agus iad ar lorg cuain shábháilte nó dídine. ê 417/2002
aithris 18 (20)
Ionas go bhféadfaidh longchlóis sna Ballstáit
tancaeir ola aonchabhlach a dheisiú, féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn
eisceachtúil, ligean do longa den sórt sin teacht isteach ina gcalafoirt, ar
chuntar nach bhfuil aon lastas iontu. ê 417/2002
aithris 19 (oiriúnaithe) ð nua (21)
ð Ba cheart cumhacht a thabhairt don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ó thaobh
leasú a dhéanamh ar ï chun críche leasú a dhéanamh ar thagairtí áirithe
do na Rialacháin atá in MARPOL 73/78 agus do Rún MEPC 111(50) agus Rún MEPC
94(46) a leasú chun na tagairtí sin a chur ar comhréim le leasuithe ar na
Rialacháin sin agus ar na Rúin sin arna nglacadh ag an IMO, sa mhéid nach
leathnóidh na leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur
ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 a
leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin
lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh
1999/468/CE[10]. ê 417/2002
(oiriúnaithe) è1 1726/2003
Airteagal 1, pointe 1 TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Aidhm Is é is aidhm leis an Rialachán seo scéim
céimnithe isteach brostaithe a bhunú chun na riachtanais dhá chabhail nó na
riachtanais deartha choibhéiseacha atá i gCoinbhinsiún MARPOL 73/78 Ö , arna sainiú in Airteagal 3, Õ a chur i bhfeidhm
maidir le tancaeir ola aonchabhlach è1 , agus chun cosc a chur ar ola de ghráid throma a iompar i dtancaeir ola
aonchabhlach isteach i gcalafoirt na mBallstát nó amach uathu ç . Airteagal 2 Raon feidhme ê 1726/2003
Airteagal 1 pointe 2 (oiriúnaithe) 1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
tancaeir ola ag a bhfuil meálasta 5 000 tonna nó níos mó: Ö (a) a bhfuil
bratach Ballstáit ar foluain acu; Õ Ö (b) atá ag
teacht isteach nó ag imeacht as calafort nó as críochfort amach ón gcósta i
limistéar atá faoi dhlínse Ballstáit, is cuma cén bratach atá ar foluain
acu. Õ Chun críocha Airteagal 4(3), beidh feidhm ag
an Rialachán seo maidir le tancaeir ola ag a bhfuil meálasta 600 tonna nó níos
mó. ê 417/2002 2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir
le longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh ná longa eile ar leis an stát iad nó
a oibríonn stát agus nach n-úsáidtear, do thuras na huaire, ach chun seirbhísí
neamhthráchtála rialtais a chur ar fáil. A oiread is praiticiúil agus is
réasúnta, féachfaidh na Ballstáit chuige go n-urramófar an Rialachán seo i gcás
na long dá dtagraítear sa mhír seo. ê 1163/2009
Airteagal 1 pointe 1 Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: 1. ciallaíonn 'MARPOL 73/78' an
Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, 1973, arna leasú le
Prótacal 1978 a bhaineann leis (na leaganacha nuashonraithe díobh); 2. ciallaíonn 'tancaer ola' tancaer
ola mar atá sainmhínithe i Rialachán 1.5 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL
73/78; 3. ciallaíonn 'meálasta'
meálasta mar atá sainmhínithe i Rialachán 1.23 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le
MARPOL 73/78; 4. ciallaíonn 'tancaer ola de
Chatagóir 1' tancaeir ola ag a bhfuil meálasta 20 000 tonna nó níos mó
agus ina bhfuil amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail nó ola bhealaithe á
hiompar nó tancaer ola ag a bhfuil meálasta 30 000 tonna nó níos mó agus
ina bhfuil ola seachas na holaí thuasluaite á hiompar agus nach gcomhlíonann
riachtanais Rialacháin 18.1 go 18.9, 18.12 go 18.15, 30.4, 33.1, 33.2, 33.3,
35.1, 35.2 agus 35.3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78; 5. ciallaíonn 'tancaer ola de
Chatagóir 2' tancaer ola ag a bhfuil meálasta 20 000 tonna nó níos mó agus
ina bhfuil amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail nó ola bhealaithe á hiompar
nó tancaer ola ag a bhfuil meálasta 30 000 tonna nó níos mó agus ina
bhfuil ola seachas na holaí thuasluaite á hiompar agus a chomhlíonann
riachtanais Rialacháin 18.1 go 18.9, 18.12 go 18.15, 30.4, 33.1, 33.2, 33.3,
35.1, 35.2 agus 35.3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 agus a bhfuil
umair bhallasta dheighilte feistithe air in ionad cosanta; 6. ciallaíonn 'tancaer ola de
Chatagóir 3' tancaer ola ag a bhfuil meálasta 5 000 tonna nó níos mó ach
meálasta atá níos lú ná an meálasta atá sonraithe i sainmhínithe 4 agus 5; 7. ciallaíonn 'tancaer ola
aonchabhlach' tancaer ola nach gcomhlíonann na riachtanais dhá chabhail nó na
riachtanais deartha choibhéiseacha atá i Rialachán 19 agus Rialachán 28.6
d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78; 8. ciallaíonn 'tancaer ola dhá
chabhail' tancaer ola: (a) ag a bhfuil meálasta 5 000 tonna nó
níos mó agus a chomhlíonann na riachtanais dhá chabhail nó na riachtanais deartha
choibhéiseacha atá i Rialachán 19 agus Rialachán 28.6 d'Iarscríbhinn I a
ghabhann le MARPOL 73/78 nó na riachtanais i Rialachán 20.1.3 di; nó (b) ag a bhfuil meálasta 600 tonna nó níos mó
ach ag a bhfuil níos lú ná meálasta 5 000 tonna agus ar a bhfuil feistithe
umair atóna nó spásanna dúbailte a chomhlíonann Rialachán 19.6.1 d'Iarscríbhinn
I a ghabhann le MARPOL 73/78 agus ar a bhfuil feistithe umair chliathánacha nó
spásanna cliathánacha atá socraithe i gcomhréir le Rialachán 19.3.1 den
Iarscríbhinn sin agus a chomhlíonann an riachtanas maidir le hachar w i
Rialachán 19.6.2. di; 9. ciallaíonn 'aois' aois na
loinge, arna sloinneadh i líon blianta ó uair a seachadta; 10. ciallaíonn 'ola throm
dhíosail' ola dhíosail mar atá sainmhínithe i Rialachán 20 d'Iarscríbhinn I a
ghabhann le MARPOL 73/78; 11. ciallaíonn 'ola bhreosla'
driogáití troma amhola nó iarmhair díobh nó cumaisc d'ábhair den sórt sin mar
atá sainmhínithe i Rialachán 20 d' Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78; 12. ciallaíonn 'ola de ghráid
throma': (a) amholaí de dhlús, ag teocht 15°C, os
cionn 900 kg/m3 [11] (b) olaí seachas
amholaí agus atá de dhlús, ag teocht 15°C, os cionn 900 kg/m3, nó de
shlaodacht chinéimiteach, ag teocht 50°C, os cionn 180 mm2/s [12]; (c) biotúman agus tarra agus eibleachtaí
díobh. ê 417/2002
(oiriúnaithe) Airteagal 4 Comhlíonadh na riachtanas dhá chabhail
nó na riachtanas deartha coibhéiseach ag tancaeir ola aonchabhlach 1. Ní cheadófar d'aon tancaeir ola oibriú faoi
bhratach Ballstáit ná ní cheadófar d'aon tancaer ola, is cuma cén bratach atá
ar foluain aige, dul isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá
faoi dhlínse Ballstáit mura tancaeir ola dhá chabhail é: ê 1726/2003
Airteagal 1 pointe 4(c) (oiriúnaithe) è1 1163/2009
Airteagal 1(2) 2. In ainneoin mhír 1, na tancaeir ola de
Chatagóir 2 nó de Chatagóir 3 nach bhfuil feistithe orthu ach atónta nó
taobhanna dúbailte nach n-úsáidtear chun ola a iompar agus a chlúdaíonn fad
iomlán an umair lastais, nó tancaeir ola ar a bhfuil spásanna dhá chabhail
feistithe nach n‑úsáidtear chun ola a iompar agus a chlúdaíonn fad iomlán
an umair lastais, ach nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le díolúine ó
fhorálacha è1 Rialachán
20.1.3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 ç, féadfaidh siad
leanúint de bheith ag oibriú, ach ní fhéadfaidh siad leanúint de bheith ag
oibriú tar éis chothrom dáta seachadta na loinge in 2015 nó tar éis 25 bliain ó
dháta seachadta na loinge, cibé acu sin is túisce. ê 457/2007
Airteagal 1 3. Ní cheadófar d'aon tancaer ola a bhfuil ola
de ghráid throma á hiompar aige bratach Ballstáit a bheith ar foluain aige mura
tancaer ola dhá chabhail é. Ní cheadófar do thancaer ola ar bith a bhfuil
ola de ghráid throma á hiompar aige, is cuma cén bhratach a bheidh ar foluain
aige, dul isteach nó imeacht as calafoirt ná críochfoirt amach ón gcósta atá
faoi dhlínse Ballstáit ná dul ar ancaire i limistéir atá faoi dhlínse Ballstáit,
mura tancaer ola dhá chabhail an tancaer sin. ê 1726/2003
Airteagal 1 pointe 4(e) (oiriúnaithe) 4. Féadfar tancaeir ola a oibrítear go
heisiach i gcalafoirt agus in uiscebhealaí intíre a dhíolmhú ón oibleagáid faoi
mhír 3 ar chuntar go mbeidh siad deimhnithe mar is cuí faoin reachtaíocht
maidir le huiscebhealaí intíre. ê 1726/2003
Airteagal 1 pointe 5 (oiriúnaithe) Airteagal 5 Comhlíonadh na scéime chun bail a
mheasúnú Beag beann ar an mbratach atá ar foluain aige,
ní cheadófar d'aon tancaer ola aonchabhlach atá níos sine ná 15 bliana d'aois
dul isteach nó imeacht as calafoirt ná críochfoirt amach ón gcósta atá faoi
dhlínse Ballstáit ná dul ar ancaire i limistéir atá faoi dhlínse Ballstáit,
mura bhfuil an scéim chun bail a mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6 á
comhlíonadh aige. ê 1726/2003
Airteagal 1 pointe 6 (oiriúnaithe) è1 2172/2004
Airteagal 1 pointe 2 Airteagal 6 An scéim chun bail a mheasúnú Chun críocha Airteagal 5, beidh feidhm ag an
scéim chun bail a mheasúnú arna glacadh le è1 Rún
94(46) ón MEPC an 27 Aibreán 2001 arna leasú le Rún 99(48) ón MEPC an 11
Deireadh Fómhair 2002 agus le Rún 112(50) ón MEPC an 4 Nollaig 2003 ç. ê 417/2002 (oiriúnaithe) è1 1163/2009
Airteagal 1(3) Airteagal 7 Dáta deiridh Tar éis chothrom dháta seachadta na loinge in
2015 Ö , ní cheadófar
a thuilleadh an méid a leanas: Õ (a) tancaeir ola de Chatagóir 2 agus de
Chatagóir 3 a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu a leanúint de bheith ag
oibriú, i gcomhréir le è1 Rialachán
20.5 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 ç; (b) tancaeir ola eile de Chatagóir 2
agus de Chatagóir 3 a theacht isteach i gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón
gcósta atá faoi dhlínse Ballstáit fiú amháin má tá siad ag oibriú agus bratach
tríú Stát fós ar foluain acu i gcomhréir le è1 Rialachán
20.5 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 ç. Airteagal 8 Díolúintí do longa in éigean nó chun
go bhféadfar longa a dheisiú ê 1726/2003
Airteagal 1 pointe 7 De mhaolú ar Airteagail 4, 5, agus 7,
féadfaidh údarás inniúil Ballstáit, faoi réir forálacha náisiúnta, in imthosca
eisceachtúla, cead a thabhairt do long ar leith dul isteach nó imeacht as
calafoirt nó críochfoirt amach ón gcósta nó dul ar ancaire i limistéar atá faoi
dhlínse an Ballstáit sin sna cásanna a leanas: ê 417/2002
(oiriúnaithe) è1 1163/2009
Airteagal 1(4)(a)(i) è2 1163/2009
Airteagal 1(4)(a)(ii) è3 1163/2009
Airteagal 1(4)(b) (a) nuair atá tancaer ola in éigean agus
ar lorg dídine; (b) nuair atá tancaer ola díluchtaithe
ag dul ar aghaidh chuig cuan le go ndeiseofar é. Airteagal 9 Fógra a thabhairt don IMO 1. Déanfaidh gach Ballstát an IMO a chur ar an
eolas maidir le cinneadh gan cead a thabhairt do thancaeir ola, de bhun
Airteagal 7 den Rialachán seo, atá ag oibriú i gcomhréir le è1 Rialachán
20.5 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 ç teacht isteach i
gcalafoirt nó i gcríochfoirt amach ón gcósta atá faoina dhlínse, ar bhonn è2 Rialachán
20.8.2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 ç. 2. Má dhéanann Ballstát oibriú tancaeir ola de
Chatagóir 1 nó de Chatagóir 2 a bhfuil sé de cheart aige a bratach a bheith ar
foluain aige, i gcomhréir le hAirteagal 5, ar bhonn è3 Rialachán
20.8.1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78 ç a cheadú, a chur ar
fionraí, a tharraingt siar nó a dhiúltú, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin
don IMO. ê 417/2002 Airteagal 10 Nós imeachta leasaithe ê 219/2009
Iarscríbhinn, pointe 7.4.2 (oiriúnaithe) ð nua Féadfaidh
an Coimisiún ð gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 11 chun críche leasú a dhéanamh ar ï na tagairtí atá sa Rialachán seo do Rialacháin Iarscríbhinn I a
ghabhann le MARPOL 73/78, agus ar na tagairtí do Rún 111(50) ón MEPC agus do
Rún 94(46) ón MEPC, arna leasú le Rún 99(48) ón MEPC agus le Rún 112(50) ón
MEPC, chun na tagairtí a chur ar comhréim le leasuithe ar na Rialacháin sin
agus ar na Rúin sin arna nglacadh ag an IMO, a mhéid nach leathnóidh na
leasuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis na
bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a
leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta
rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in
Airteagal 10(2). ê 2099/2002
Airteagal 11 pointe 3 (oiriúnaithe) Féadfar na leasuithe ar Ö MARPOL
73/78 Õ a eisiamh ó raon
feidhme an Rialacháin seo, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh.
2099/2002. ò nua Airteagal 11 An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is go ceann
tréimhse éiginnte a thabharfar don Choimisiún na cumhachtaí chun na gníomhartha
tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 10 a ghlacadh. 2. A luaithe a ghlacfaidh
sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 3. Is faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 12 agus Airteagal 13 a
thugtar don Choimisiún na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Airteagal 12 An
tarmligean a chúlghairm 1. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa
chéad fhomhír d'Airteagal 10 a chúlghairm tráth ar bith. 2. Is í an institiúid
a chuir tús le nós imeachta inmheánach le teacht ar chinneadh cé acu a
chúlghairfeá nó nach gcúlghairfeá tarmligean na gcumhachtaí a chuirfidh an
reachtóir eile agus an Coimisiún ar an eolas aon mhí amháin ar a dhéanaí sula
nglacfar an cinneadh deireanach, agus sonróidh sí na cumhachtaí tarmligthe a
d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna leis an gcúlghairm. 3. Má chinntear an
chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh
sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ag
dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht
na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Airteagal 13 Agóidí in
aghaidh gníomhartha tarmligthe 1. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh
tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh
Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear mí amháin leis an tréimhse sin.
2. Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis
an tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i
gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta arna shonrú ann. Féadfar
an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimshe sin, más rud
é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl
don Choimisiún nach raibh sé ar intinn acu agóid a dhéanamh. 3. Má dhéanann
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in gcoinne gnímh tharmligthe, ní
thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a mbeidh agóid á déanamh aici
na cúiseanna atá le hagóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe. ê 417/2002
(oiriúnaithe) Airteagal 14 Aisghairm Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. Ö 417/2002 Õ . ê Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a
fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an
tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II. ê 417/2002
(oiriúnaithe) Airteagal 15 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh i/sa Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán é IARSCRÍBHINN I An Rialachán aisghairthe agus liosta
de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air
(dá dtagraítear in Airteagal 14) Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 64, 7.3.2002, lch. 1) || || || Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 324, 29.11.2002, lch. 1) || Airteagal 11 amháin || Rialachán (CE) Uimh. 1726/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 249, 1.10.2003, lch. 1) || || Rialachán (CE) Uimh. 2172/2004 ón gCoimisiún (IO L 371, 18.12.2004, lch. 26) || || Rialachán (CE) Uimh. 457/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 113, 30.4.2007, lch. 1) || || Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 87, 31.3.2009, lch. 109) || Iarscríbhinn, pointe 7.4 amháin || Rialachán (CE) Uimh. 1163/2009 ón gCoimisiún (IO L 314, 1.12.2009, lch. 13) || _____________ IARSCRÍBHINN II Tábla comhghaoil Rialachán (CE) Uimh. 417/2002 || An Rialachán seo Airteagal 1 || Airteagal 1 Airteagal 2 (1), na focail tosaigh || Airteagal 2(1), na focail tosaigh Airteagal 2(1),an chéad fhomhír, an chéad fhleasc || Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (b) Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc || Airteagal 2(1), an chéad fhomhír, pointe (a) Airteagal 2(1), an dara fomhír || Airteagal 2(1), an dara fomhír Airteagal 2(2) || Airteagal 2(2) Airteagal 3 || Airteagal 3 Airteagal 4(1) , na focail tosaigh || Airteagal 4(1) Airteagal 4 (1), pointe (a) || - Airteagal 4(1), pointe (b) || - Airteagal 4(2) || Airteagal 4(2) Airteagal 4(3) || Airteagal 4(3) Airteagal 4(4) || Airteagal 4(4) Airteagal 4(5) || - Airteagal 4(6) || - Airteagal 5 || Airteagal 5 Airteagal 6 || Airteagal 6 Airteagal 7, na focail tosaigh || Airteagal 7, na focail tosaigh Airteagal 7, an chéad fhleasc || Airteagal 7(a) Airteagal 7, an dara fleasc || Airteagal 7(b) Airteagal 7, na focail dheireanacha || Airteagal 7, na focail tosaigh Airteagal 8(1), na focail tosaigh || Airteagal 8, na focail tosaigh Airteagal 8(1), an chéad fhleasc || Airteagal 8(a) Airteagal 8(1), an dara fleasc || Airteagal 8(b) Airteagal 8(2) || - Airteagal 9(1) || - Airteagal 9(2) || Airteagal 9(1) Airteagal 9(3) || Airteagal 9(2) Airteagal 10 || - Airteagal 11 || Airteagal 10 - || Airteagal 11 - || Airteagal 12 - || Airteagal 13 Airteagal 12 || Airteagal 14, an chéad mhír - || Airteagal 14, an dara mír Airteagal 13 || Airteagal 15 - || Iarscríbhinn I - || Iarscríbhinn II _____________ [1] COIM(87) 868 miontuairiscí. [2] IO L 64, 7.3.2002, lch. 1. [3] Féach Iarscríbhinn I a ghabhann
leis an togra seo. [4] IO C […], […], lch.[…]. [5] IO C […], […], lch.[…]. [6] IO L 64, 7.3.2002, lch. 1. [7] Féach Iarscríbhinn I. [8] IO C 91, 28.3.19994, lch. 301. [9] IO C 271, 7.10.1993, lch. 1. [10] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. [11] Freagraíonn sé seo do ghrád API atá
faoi bhun 25.7. [12] Freagraíonn sé seo do shlaodacht chinéimiteach atá os
cionn 180 cSt.