EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0451

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

/* COIM/2011/0451 leagan deireanach - 2011/0196 (COD) */

52011PC0451




(...PICT...)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1. Forais agus cuspóirí

Tá ról lárnach ag tacagraif maidir leis an gcomhlíonadh a dhéanann tiománaithe gairmiúla iompair de bhóthar ar na rialacha a bhaineann le ham tiomána agus tréimhsí scíthe a sheiceáil. Cabhraíonn siad le feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, ar dhálaí oibre tiománaithe agus iomaíocht chothrom i measc cuideachtaí iompair de bhóthar. Ceann de ghnéithe lárnacha straitéis an Choimisiúin is ea tacagraif a bheith níos costéifeachtaí chun an margadh iompair fartha bóthair a chomhtháthú a thuilleadh agus le hiompar de bhóthar a dhéanamh níos sábháilte, níos éifeachtaí agus níos iomaíche mar a thugtar cuntas air sa Pháipéar Bán maidir le hiompar an 28 Márta 2011. [1]

Tá suiteáil agus úsáid tacagraf á rialú ag an AE ó 1970 i leith. Is í an reachtaíocht reatha atá i bhfeidhm maidir le trealamh taifeadta Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar [2]. Leagtar síos caighdeáin theicniúla agus bunaítear na rialacha maidir le húsáid, cineálcheadú, suiteáil agus cigireacht ar thacagraif sa Rialachán. Cruthaítear leis réimse oibleagáidí dlíthiúla do mhonaróirí agus d’údaráis, agus d’oibreoirí agus do thiománaithe iompair freisin. Rinneadh an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil deich n-uaire cheana féin, tríd an nós imeachta coiste.

Faoi láthair, tá dhá chineál tacagraif in úsáid ag timpeall 900 000 gnóthas iompair agus 6 mhilliún tiománaí. Chomh maith le tacagraf digiteach a tugadh isteach i bhfeithiclí a cláraíodh tar éis an 1 Bealtaine 2006, tá an tacagraf analóige in úsáid ó 1985 i leith agus tá sé fós in úsáid i bhfeithiclí níos sine.

Tá sé mar aidhm ag an togra atá ag gabháil leis seo leasú a dhéanamh ar Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle chun an córas tacagraif a fheabhsú. Tá Teachtaireacht ag gabháil leis an togra seo atá á tarchur i gcomhthreo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina dtugtar cuntas ar na gníomhaíochtaí eile a bhfuil gá leo ionas go mbeidh bearta an togra atá ag gabháil leis seo éifeachtach ina n-iomláine nó d’fhonn cur leo.

1.2. An fhadhb atá faoi chaibidil

Tá sciar suntasach de na feithiclí arna seiceáil ag póilíní náisiúnta nó ag oifigigh forghníomhaithe ag sárú na rialacha sóisialta. Meastar go bhfuil na rialacha tacagraif á sárú ag timpeall an ceathrú cuid díobh seo. Ag am amháin ar bith, bíonn na mílte feithicil thromshaothair á dtiomáint ar an ngréasán tras-Eorpach agus tacagraf cúbláilte nó cárta neamhbhailí acu. Meastar go dtagann méadú beagnach EUR 2.8 billiún in aghaidh na bliana ar an gcostas don tsochaí de bharr tionóiscí arb é is cúis leo neamhchomhlíontacht oibleagáidí maidir le híostréimhsí scíthe agus an tuirse a bhíonn ar thiománaithe dá bharr. Tugann sé buntáiste iomaíoch míchothrom dóibh siúd atá ag briseadh an dlí, bíonn tionchar diúltach aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus bíonn droch-impleachtaí sláinte aige do na tiománaithe.

Ina theannta sin, is féidir tuilleadh feabhais a chur ar an mbealach ina gcabhraíonn an tacagraf (digiteach) le hobair na dtiománaithe agus ina dtacaíonn sé le héifeachtúlacht an iompair. Cé go bhfuil tabhairt isteach an tacagraif dhigitigh tar éis an t-ualach riaracháin ar na páirtithe leasmhara éagsúla a laghdú go substaintiúil, tá an costas bliantúil comhlíontachta, a mheastar a bheith thart ar EUR 2.7 billiún, fós ró-ard.

Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm ag an togra na rialacha sóisialta a fhorghníomhú ar bhealach níos fearr agus an t-ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú, trí ghnéithe teicniúla an tacagraif a fhorbairt agus trí dhul i ngleic le héifeachtúlacht.

1.3. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE

Tagann an togra leis an mbeartas arna fhógairt ag an gCoimisiún ina Pháipéar Bán ‘Plean Oibre do Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córais iompair a bheidh iomaíoch agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de’. [3] Luaitear go sainráite é mar chuid de Thionscnamh 6 maidir le Faradh Bóthair. [4]

Cuireann an togra freisin le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Córais Chliste Iompair [5] agus Treoir 2010/40/AE maidir leis an gcreat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus maidir le comhéadain le modhanna iompair eile. [6]

Cuirtear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh san áireamh sa togra freisin, agus go háirithe an ceart maidir leis an saol príobháideach agus le saol an teaghlaigh a urramú, (Airteagal 7), an ceart maidir le sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), saoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16) agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis (Airteagal 49), agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (Airteagal 50).

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

2.1. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Thug an Coimisiún faoi chomhairliúchán poiblí leis na páirtithe leasmhara idir mí na Nollag 2009 agus mí an Mhárta 2010. Bhí an rannpháirtíocht réasúnta ard, i gcomhthéacs an ábhair theicniúil a bhí á phlé: fuarthas 73 aighneacht, agus a bhformhór ar ardchaighdeán, ó pháirtithe leasmhara éagsúla.

Bhí formhór na bpáirtithe leasmhara ag iarraidh go bhfeabhsófaí an tacagraf digiteach, ach ní raibh siad ag iarraidh go dtabharfaí cineál difriúil trealaimh taifeadta isteach ina ionad. Bhí beagnach gach páirtí leasmhar den tuairim go bhfuil gá le critéir chomhchuibhithe maidir le trealamh taifeadta ar leibhéal an AE. Measadh go raibh an próiseas cineálcheadaithe don tacagraf sásúil. Dúirt beagnach gach páirtí leasmhar gur cheart an leibhéal slándála a choinneáil nó fiú a fheabhsú. Cuireadh in iúl roinnt smaointe sa Mheasúnú Tionchair agus rinneadh iniúchadh ina dhiaidh sin orthu. Bhain na smaointe sin le costas an trealaimh taifeadta a laghdú agus/nó le húsáid níos fearr a bhaint as an trealamh – mar shampla, an cárta tiománaí a chomhcheangal leis an gceadúnas tiomána.

2.2 Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Tá an Coimisiún i dteagmháil go leanúnach leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara tríd an gCoiste arna bhunú ag Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le gach saincheist a bhaineann le trealamh taifeadta. Is iondúil go dtagann an Coiste le chéile uair amháin sa bhliain. Glacann na príomhpháirtithe leasmhara páirt sa choiste seo mar bhreathnadóirí. Áirítear eagraíochtaí cigireachta agus póilíneachta chomh maith le monaróirí orthu sin. Ina theannta sin, thug an Coimisiún faoi roinnt tionscnamh d’fhonn cúlra a sholáthar don togra.

Rinne an Coimisiún cómhaoiniú ar chomhairliúchán fairsing dhá bhliain trínar tugadh na príomhpháirtithe leasmhara le chéile. [7]

Tá measúnú déanta ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde ar leochaileacht agus ar infhíoraitheacht an tacagraif dhigitigh. Thug an tAirmheán Comhpháirteach Taighde tuairisc don Choimisiún maidir le cásanna teicniúla chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tacagraf digiteach.

Chuathas i gcomhairle leis an gcoiste idirphlé sóisialta maidir le hiompar de bhóthar an 26 Bealtaine 2010. An 8 Iúil 2010, d’aontaigh na comhpháirtithe sóisialta san Eoraip ar chomhráiteas maidir le hathbhreithniú ar an rialachán maidir le tacagraf digiteach, agus tógadh é seo san áireamh nuair a bhí an togra seo á ullmhú. [8]

Chun Measúnú Tionchair a réiteach, bhunaigh an conraitheoir seachtrach Painéal Saineolaithe lena n-áirítear ionadaithe ó na cumainn iompair de bhóthar, ceardchumainn iompair de bhóthar, údaráis forghníomhaithe agus cineálcheadaithe, údaráis a eisíonn cártaí, monaróirí feithiclí, agus monaróirí tacagraf. Rinne an Painéal Saineolaithe athbhreithniú ar na doiciméid a réitigh an conraitheoir, agus d’fhreastail sé ar cheardlann ina ndearnadh athbhreithniú agus plé ar dhréacht-thuarascáil deiridh an chonraitheora.

2.3. Measúnú Tionchair

Chuir na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus na tuarascálacha ó shaineolaithe maidir leis an ábhar seo ar chumas an Choimisiúin sraith leathan beart aonair a aithint ar dhócha go dtabharfaidís faoi na fadhbanna arna n-aithint. Rinneadh réamh-scagadh ar bhearta féideartha ina dhiaidh sin.

Ina dhiaidh sin, cuireadh pacáistí beartais ar bun ina ndearnadh beartais mhalartacha inmharthana a thairiscint chun na cuspóirí a bhaint amach. Bhí gá le pacáistí beartais ós rud é go bhfuil iontaofacht an chórais ó thaobh na slándála de ag brath ar shlándáil go leor dá ghnéithe; agus toisc go raibh gá le nósanna imeachta reachtacha éagsúla (nós imeachta coiste vs comhchinnteoireacht). Is féidir achoimre a thabhairt ar na pacáistí beartais mar seo a leanas:

Is pacáiste teicniúil atá dírithe ar fheabhas a chur ar an bhfearas tacagraif reatha é Pacáiste Beartais 1 (PB1) agus áirítear na bearta seo a leanas leis:

- Séalaí ar chaighdeán níos airde

- Comhéadan níos fearr le húsáideoirí

- Teicneolaíocht criptiúcháin níos sláine

Is pacáiste de bhearta teicniúla atá i bPacáiste Beartais 2 (PB2) freisin, ach dhéanfaí feidhmiúlachtaí an tacagraif dhigitigh a leathnú go suntasach, agus bheadh cineál nua tacagraif dhigitigh mar thoradh air.

- Feidhmeanna tacagraif feabhsaithe (taifeadadh uathoibríoch agus de láimh)

- Cumarsáid gan sreang i gcomhair seiceálacha cois bóthair

- Comhéadan comhchuibhithe le feidhmchláir eile an Chórais Chliste Iompair

Ní chuimsítear ach bearta neamhtheicniúla i bPacáiste Beartais 3 (PB3).

- Ceardlanna níos iontaofa

- Calaois leis an gcárta tiománaí a dhéanamh níos deacra

- Oiliúint níos fearr d’oifigigh rialaithe

- Leibhéal íosta comhchuibhithe i leith smachtbhannaí

- Rialacha nuachóirithe maidir le húsáid

Is meascán de bhearta teicniúla agus bearta feabhsúcháin córais (PB2+PB3) atá i bPacáiste Beartais 4 (PB4).

Ó thaobh na héifeachtachta de, is é PB4 is tarraingtí ós rud é go bhféadfaí an dá sprioc shonracha a bhaint amach a mhéid ab fhéidir leis an rogha sin. Léirítear san anailís ar chomhchuibheas go bhfuil an chomhbhabhtáil is airde idir tionchar dearfach eacnamaíoch agus sóisialta ar thaobh amháin, agus tionchar buiséadach ar údaráis phoiblí ar an taobh eile ag PP4. Maidir le comhchuibheas, is é PB1 is fearr. Ar deireadh, tá PB4 ar an gceann is daoire ó thaobh na hinfheistíochta a theastaíonn, agus is é PB1 an ceann is saoire agus is fusa le cur chun feidhme, ós rud é gur féidir é a ghlacadh gan dul tríd an gnáthnós imeachta reachtach.

Nuair a chuirtear na gnéithe seo uile san áireamh, agus in éagmais anailíse iomláin costais is tairbhe, is cosúil go bhfuil tionchar dearfach PB4 i bhfad chun cinn ar na costais a bhainfeadh leis. Go deimhin, tá sé de chumas ag PB4 an t-ualach riaracháin a laghdú EUR 515.5 milliún, agus tá sé seo i bhfad níos airde ná an costas iomlán a bhainfeadh lena chur chun feidhme iomlán. Dá bhrí sin, tugann an anailís a rinneadh le tuiscint gur cheart gurbh é Pacáiste Beartais 4 rogha na tosaíochta.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1 Achoimre ar na bearta atá beartaithe

Tabharfar isteach na príomhathruithe seo a leanas trí bhíthin an Rialacháin arna bheartú:

– Cianchumarsáid ón tacagraf chun críocha rialaithe (Airteagal 5 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí): tabharfar roinnt comharthaí bunúsacha maidir le comhlíonadh d’údaráis rialaithe leis an mbeart seo, roimh dóibh an fheithicil a stopadh le haghaidh seiceála cois bóthair. Seachnóidh gnóthais chomhlíontacha seiceálacha cois bóthair nach bhfuil gá leo, agus d’fhéadfadh laghdú sa bhreis a bheith ar an ualach riaracháin orthu dá bharr.

– Feidhmiúlachtaí cártaí tiománaí a chomhcheangal le ceadúnais tiomána (Airteagal 27 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí): trí chárta tiománaí a chomhcheangal leis an gceadúnas tiomána, méadófar ar shlándáil an chórais ós rud é go mbeidh claonadh níos lú ag tiománaithe úsáid a bhaint as a gceadúnas tiomána faoi dhálaí calaoiseacha. Laghdófar an t-ualach riaracháin go suntasach dá bharr freisin. Beidh mionoiriúnuithe ar Threoir 2006/126/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána riachtanach le haghaidh an bhirt seo. Tá an togra comhfhreagrach á fhorbairt i gcomhthreo leis an Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a luaithe is féidir.

– An suíomh beacht a thaifeadadh go huathoibríoch leis an gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte (Airteagal 4 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí): faoin bhforáil seo, tabharfar níos mó faisnéise d’údaráis rialaithe chun comhlíonadh na reachtaíochta sóisialta a sheiceáil. Laghdófar ar an ualach riaracháin go suntasach freisin tríd an úsáid a bhainfear as taifeadadh uathoibrithe.

– Comhtháthú tacagraif dhigitigh i gCórais Chliste Iompair a áirithiú (Airteagal 6 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí): trí fhoráil a dhéanamh do chomhéadan comhchuibhithe agus caighdeánaithe don tacagraf, beidh rochtain níos fusa ag feidhmeanna eile na gCóras Cliste Iompair ar na sonraí arna dtaifeadadh agus arna dtáirgeadh ag an tacagraf digiteach.

– Iontaofacht na gceardlann a mhéadú (Caibidil IV, go háirithe Airteagal 19, den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí): tríd an gcreat dlíthiúil do cheadú ceardlann a neartú le córas um iniúchtaí rialta agus neamhfhógartha agus córas um coinbhleachtaí leasa a sheachaint mar shampla, méadófar iontaofacht na gceardlann agus laghdófar an baol calaoise agus cúblála.

– Leibhéal íosta comhchuibhithe smachtbhannaí (Airteagal 37 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí): áirithítear leis an gcomhchuibhiú íosta sin go gcuirfear an chatagóir pionós is airde a ndéantar foráil di sa reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm i gcás sáruithe ar na rialacha tacagraif atá aicmithe i reachtaíocht an AE mar ‘sháruithe an-tromchúiseach’ [9] agus mar na ‘sáruithe is tromchúisí’ [10]

– Oiliúint oifigeach rialaithe (Airteagal 35 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí): cuirfear ceangal ar na Ballstáit faoin rialachán oiliúint leordhóthanach a sholáthar dá n-oifigigh rialaithe a bheidh i gceannas ar an trealamh taifeadta a sheiceáil.

– Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 [11] (Airteagal 2): tá an beart seo lena ndíolmhaítear feithiclí áirithe ón gceanglas an tacagraf a úsáid molta ag an nGrúpa Ardleibhéil de Pháirtithe Leasmhara ar Ualaí Riaracháin, faoi chathaoirleacht an Uasail Stoiber. Cabhróidh sé leis an ualach riaracháin a laghdú do na gnóthais sin ar Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide den chuid is mó iad.

Baintear úsáid freisin as an athbhreithniú ar Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle chun na téacsanna a nuashonrú agus a chuíchóiriú, mar shampla trí shainmhínithe soiléire a sholáthar (Airteagal 2 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí), trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht obair na saineolaithe trí shaineolaithe ó thíortha nach bhfuil sa AE ina mbaintear úsáid as tacagraf digiteach a áireamh (Airteagal 41 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí), agus trí thagairt dhíreach don reachtaíocht um chosaint sonraí a chur isteach (Airteagal 34 den rialachán maidir le tacagraif sa todhchaí).

3.2. Bunús dlí

Is ionann bunús dlí an togra seo agus bunús dlí Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle, eadhon Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.3. Prionsabal na coimhdeachta

Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach ar na cúiseanna seo a leanas. Tá gné thrasnáisiúnta an iompair de bhóthar ag dul i méid an t-am ar fad. B’iompar idirnáisiúnta fartha bóthair a bhí i gceist le timpeall aon trian (nó 612 billiún tkm) den iompar fartha bóthair iomlán san AE in 2006. Déantar comhchuibhiú ar reachtaíocht shóisialta sa réimse seo ar leibhéal an AE trí Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, agus ní mór do threalamh taifeadta a bheith comh-inoibritheach idir na Ballstáit chun comhlíonadh na reachtaíochta seo a dhearbhú. Ós rud é go bhfuil gné thrasnáisiúnta an iompair fartha bóthair ag dul i méid san AE, agus go bhfuil an reachtaíocht shóisialta comhchuibhithe, bheadh sé fritorthúil tosú ag rialú trealaimh taifeadta ar leibhéal náisiúnta arís.

3.4. Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

Is iad cuspóirí foriomlána an togra éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais tacagraif a fheabhsú. Tá na bearta arna mbeartú comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ós rud é go mbeidh laghdú ar an ualach riaracháin agus ar na costais a bheidh ar thiománaithe, ar ghnóthais agus ar chomhlachtaí rialaithe an tacagraf a úsáid. Ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach.

3.5. Rogha na hionstraime

Ós rud é go mbeidh rialachán á leasú ag an togra seo, is rialachán atá san ionstraim arna roghnú freisin. I láthair na huaire, tá sé beartaithe gan athbhreithniú a dhéanamh ach ar airteagail Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle, agus gan athbhreithniú a dhéanamh ar na hiarscríbhinní teicniúla. Tar éis an Rialachán leasaitheach seo a ghlacadh, déanfar comhdhlúthú ar an téacs dlí seo, lena n-áirítear na hiarscríbhinní, trí nós imeachta códaithe.

3.6. An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon chostas breise ag gabháil leis an togra seo do bhuiséad an AE.

5. SIMPLIÚ

Cuireann an togra seo le haidhmeanna maidir le simpliú a bhaint amach. Tagann sé faoi raon feidhme an Chláir Ghníomhaíochta maidir le hUalaí Riaracháin a Laghdú san Aontas Eorpach, agus cuireann sé leis na moltaí lena dtacaíonn an Grúpa Ardleibhéil Páirtithe Leasmhara Neamhspleácha ar Ualaí Riaracháin faoi chathaoirleacht an Uasail Stoiber. Dá bhrí sin, tá eisceachtaí náisiúnta ceadaithe faoin togra do chuideachtaí áirithe ón gceangal tacagraf a úsáid i gcás achar faoi bhun 100 cileaméadar, mar a d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht Action Programme for Reducing Administrative Burdens in the EU - Sectoral Reduction Plans and 2009 Actions (Clár Gníomhaireachta maidir le hUalaí Riaracháin a Laghdú san Aontas Eorpach - Pleananna Laghdaithe Earnála agus Gníomhaíochtaí 2009). [12]

2011/0196 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, [13]

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún, [14]

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar [15] forálacha maidir le déanamh, suiteáil, úsáid agus tástáil trealaimh taifeadta. Rinneadh é a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta agus, chun soiléireacht níos fearr a áirithiú, ba cheart na príomhfhorálacha ann a shimpliú agus a athstruchtúrú dá bhrí sin.

(2) Is léir ó thaithí gur cheart gnéithe teicniúla agus nósanna imeachta rialaithe áirithe a fheabhsú chun cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a áirithiú.

(3) Tá feithiclí áirithe faoi réir díolúine ó fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle. [16] Chun comhchuibheas a áirithiú, ba cheart go bhféadfaí díolúine a thabhairt d’fheithiclí dá leithéidí ó raon feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 freisin.

(4) Chun comhchuibheas a áirithiú idir na díolúintí éagsúla atá leagtha amach in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú ar ghnóthais iompair agus cuspóirí an Rialacháin sin á n-urramú, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na hachair uasta cheadaithe atá leagtha amach in Airteagal 13(d), (f) agus (p).

(5) Déanann taifeadadh sonraí suímh cros-seiceáil an ama tiomána agus na dtréimhsí scíthe a éascú chun aimhrialtachtaí agus calaois a bhrath. Modh cuí éifeachtúil ó thaobh costais de is ea úsáid trealaimh taifeadta atá ceangailte le córas domhanda um loingseoireacht satailíte chun sonraí suímh dá leithéidí a thaifeadadh chun tacú le hoifigigh rialaithe le linn rialuithe, agus ba cheart a leithéid a thabhairt isteach dá bhrí sin.

(6) I dTreoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle, [17] ceanglaítear ar na Ballstáit líon íosta seiceálacha cois bóthair a dhéanamh. Éascaíonn cianchumarsáid idir an trealamh taifeadta agus na húdaráis rialaithe chun críocha rialú cois bóthair seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair, rud a fhágann gur féidir an t-ualach riaracháin arna chruthú le seiceálacha randamacha ar ghnóthais iompair a laghdú, agus ba cheart cianchumarsáid a thabhairt isteach dá réir sin.

(7) Is féidir le córais chliste iompair cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn ag an mbeartas iompair Eorpach, amhail an méadú ar thoirteanna iompair de bhóthar agus brú tráchta nó an t-ardú ar ídiú fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart comhéadain chaighdeánaithe a sholáthar i dtrealamh taifeadta chun comh-inoibritheacht le feidhmiúcháin na gcóras cliste iompair a áirithiú.

(8) Tá slándáil an trealaimh taifeadta agus a chórais riachtanach chun sonraí iontaofa a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí trealamh taifeadta a dhearadh agus a thástáil agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air i rith a shaolré chun leochaileachtaí slándála a bhrath, a chosc agus a mhaolú.

(9) Fágann tástálacha allamuigh ar threalamh taifeadta nach bhfuil cineálcheadaithe fós gur féidir an trealamh a thástáil i gcásanna réadúla sula dtugtar isteach go forleathan é, agus féadtar feabhsuithe a dhéanamh níos tapúla dá bhrí sin. Ba cheart tástálacha allamuigh a cheadú dá bhrí sin, ar an gcoinníoll go mbeadh monatóireacht agus rialú éifeachtúil á dhéanamh ar rannpháirtíocht i dtástálacha dá leithéidí agus ar chomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(10) Bíonn ról tábhachtach ag feisteoirí agus ag ceardlanna i slándáil an trealaimh taifeadta. Dá bhrí sin, is iomchuí íoscheanglais a leagan síos lena gceadú agus lena n-iniúchadh, agus lena áirithiú go gcuirtear cosc ar choinbhleachtaí leasa idir ceardlanna agus gnóthais iompair.

(11) Chun iniúchadh agus rialú níos éifeachtaí a áirithiú ar chártaí tiománaí, agus chun cúraimí oifigeach rialaithe a éascú, ba cheart cláir náisiúnta leictreonacha a bhunú agus foráil a dhéanamh d’idirnasc na gclár sin.

(12) Ós rud é gur lú an baol go dtarlódh calaois agus mí-úsáid i gcás ceadúnas tiomána ná cártaí tiománaí, bheadh córas an trealaimh taifeadta níos iontaofa agus níos éifeachtaí dá ndéanfaí cártaí tiománaí a chomhcheangal le ceadúnais tiomána amach anseo. Ina theannta sin, laghdófaí an t-ualach riaracháin ar thiománaithe mar thoradh ar an gcur chuige sin, ós rud é nach mbeadh orthu iarratas a dhéanamh ar dhá dhoiciméad ar leith, dhá dhoiciméad a fháil ná dhá dhoiciméad a shealbhú. Ba cheart leasú ar Threoir 2006/126/CE a bheartú dá réir sin.

(13) Chun an t-ualach riaracháin ar thiománaithe agus ar ghnóthais iompair a laghdú, ba cheart go soiléireofaí nach mbíonn aon ghá le cruthúnas scríofa ar thréimhsí scíthe laethúla nó seachtainiúla. Chun críocha rialaithe, ba cheart tréimhsí nach bhfuil aon ghníomhaíocht taifeadta ina dtaobh don tiománaí a mheas mar thréimhsí scíthe dá réir sin.

(14) Bíonn dúshláin leanúnacha le sárú ag oifigigh rialaithe mar thoradh ar athruithe ar an trealamh taifeadta agus ar theicnící nua cúblála. Chun rialú níos éifeachtaí a áirithiú, agus chun comhchuibhiú na modhanna cur chuige rialaithe ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart modheolaíocht choiteann a ghlacadh le haghaidh oiliúint tosaigh agus leanúnach na n-oifigeach rialaithe.

(15) Beidh próiseáil sonraí pearsanta i gceist le taifeadadh sonraí le trealamh taifeadta, chomh maith le teicneolaíochtaí a fhorbairt chun sonraí suímh a thaifeadadh, cianchumarsáid, agus an comhéadan le Córais Chliste Iompair. Ba cheart reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus le saorghluaiseacht sonraí dá leithéidí a chur i bhfeidhm, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí dá leithéidí [18] agus Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí. [19]

(16) Chun iomaíocht chothrom a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach iompair de bhóthar agus chun teachtaireacht shoiléir a thabhairt do thiománaithe agus do ghnóthais iompair, ba cheart an chatagóir is airde smachtbhannaí atá ag na Ballstáit a fhorchur i gcás sáruithe ‘an-tromchúiseach’ (arna sainmhíniú i dTreoir 2009/5/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2009 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha íosta maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar [20]), gan dochar do phrionsabal na coimhdeachta.

(17) Trí na hoiriúnuithe ar an gcomhaontú Eorpach maidir le hobair criúnna feithiclí a bhíonn ag gabháil d'iompar idirnáisiúnta de bhóthar, arna shíniú sa Ghinéiv an 1 Iúil 1970, lena n-áirítear na sé leasú a rinneadh air, arna thaisceadh le hArdrúnaí na Náisiún Aontaithe (AETR), tá úsáid an trealaimh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB éigeantach maidir le feithiclí atá cláraithe i dtríú tíortha comharsanachta. Ós rud é go mbeidh tionchar díreach ag athruithe ar an trealamh taifeadta a thabharfar isteach leis an Rialachán seo ar na tíortha sin, ba cheart iad a bheith páirteach san idirphlé ar ábhair theicniúla. Dá réir sin, ba cheart Fóram Tacagraif a bhunú.

(18) Chun forbairtí teicniúla a léiriú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le hoiriúnú Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn IB agus Iarscríbhinn II don dul chun cinn teicniúil agus i ndáil le hIarscríbhinn IB a fhorlíonadh leis na sonraíochtaí teicniúla is gá d’fhonn sonraí suímh a thaifeadadh go huathoibríoch, d’fhonn cianchumarsáid a chumasú, agus d’fhonn comhéadan le Córais Chliste Iompair a áirithiú. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraing suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(19) Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo maidir le tástálacha allamuigh, malartú leictreonach faisnéise ar chártaí tiománaí idir na Ballstáit agus oiliúint oifigeach rialaithe a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin. [21]

(20) Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun na nósanna imeachta a leanfar chun tástálacha allamuigh a dhéanamh agus na foirmeacha a úsáidfear chun monatóireacht a dhéanamh ar thástálacha dá leithéidí a ghlacadh, mar aon leis an modheolaíocht a bhaineann le hoiliúint tosaigh agus leanúnach na n-oifigeach oiliúna.

(21) Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na sonraíochtaí do mhalartú leictreonach na faisnéise ar chártaí tiománaí idir na Ballstáit a ghlacadh.

(22) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle mar seo a leanas:

1) Cuirtear na hairteagail seo a leanas in ionad Airteagail 1 go 21:

‘CAIBIDIL I

Prionsabail agus raon feidhme

Airteagal 1

Ábhar agus prionsabal

Sa Rialachán seo, leagtar síos ceanglais maidir le déanamh, suiteáil, úsáid agus tástáil trealaimh taifeadta arna úsáid in iompar de bhóthar d’fhonn comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Threoir 2002/15/CE [22] agus Threoir 92/6/CEE a rialú [23].

Comhlíonfaidh trealamh taifeadta ceanglais an Rialacháin seo maidir le déanamh, suiteáil, úsáid agus tástáil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

2. I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn ‘trealamh taifeadta’ an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht feithiclí den sórt sin agus tréimhsí oibre áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch;

(b) ciallaíonn ‘aonad feithicle’ an trealamh taifeadta cé is moite den bhraiteoir gluaisne agus na cáblaí a nascann an braiteoir gluaisne. D’fhéadfadh an t-aonad feithicle a bheith ina aonad aonair amháin nó ina aonaid éagsúla san fheithicil, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfadh sé ceanglais slándála an Rialacháin seo;

(c) ciallaíonn ‘braiteoir gluaisne’ cuid den trealamh taifeadta trína dtugtar comhartha de luas na feithicle agus/nó an fad a taistealaíodh;

(d) ciallaíonn ‘cárta tacagraif’ cárta cliste atá beartaithe lena úsáid leis an trealamh taifeadta a chuireann ar chumas an trealaimh taifeadta ról shealbhóir an chárta a aithint agus sonraí a aistriú agus a stóráil;

(e) ciallaíonn ‘leathán taifid’ leathán arna dhearadh chun sonraí taifeadta a ghlacadh agus a choinneáil, a chuirfear sa trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus ar a scríobhfaidh feistí marcála an trealaimh sin taifead leanúnach den fhaisnéis atá le taifeadadh;

(f) ciallaíonn ‘cárta tiománaí’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Ballstáit do thiománaí ar leith ar a sainaithnítear an tiománaí agus lena bhféadfar sonraí maidir le gníomhaíochtaí an tiománaí a stóráil;

(g) ciallaíonn ‘cárta rialaithe’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Ballstáit d’údarás rialaithe náisiúnta inniúil ar a sainaithnítear an comhlacht rialaithe agus, go roghnach, an t-oifigeach rialaithe agus lena bhféadfar na sonraí arna stóráil sa chuimhne sonraí nó sna cártaí tiománaí a rochtain lena léamh, lena bpriontáil agus/nó lena n-íoslódáil;

(h) ciallaíonn ‘cárta comhlachta’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Ballstáit d’úinéir nó do shealbhóir feithiclí arna bhfeistiú le trealamh taifeadta ar a sainaithnítear an t-úinéir nó an sealbhóir agus lena bhféadfar na sonraí arna stóráil sa trealamh taifeadta atá glasáilte ag an úinéir nó ag an sealbhóir sin a thaispeáint, a íoslódáil agus a phriontáil;

(i) ciallaíonn ‘cárta ceardlainne’ cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Ballstáit do mhonaróir trealaimh taifeadta, d’fheisteoir, do mhonaróir feithiclí nó do cheardlann arna gceadú ag an mBallstát sin ar a sainaithnítear sealbhóir an chárta agus lena bhféadfar an trealamh taifeadta a thástáil, a chalabrú agus/nó a íoslódáil;

(j) ciallaíonn ‘tréimhse laethúil oibre’ an tréimhse a chuimsíonn an t-am tiomána, gach tréimhse oibre eile, na tréimhsí infhaighteachta, sosanna ón obair agus tréimhsí scíthe nach faide ná naoi n-uaire an chloig.

Airteagal 3

Raon feidhme

1. Déanfar trealamh taifeadta a shuiteáil agus a úsáid i bhfeithiclí arna gclárú i mBallstát, ar feithiclí iad a úsáidtear chun paisinéirí nó earraí a iompar de bhóthar agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

2. Féadfaidh na Ballstáit na feithiclí atá luaite in Airteagal 13(1) agus 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a dhíolmhú ó chur chun feidhme an Rialacháin seo.

3. Féadfaidh na Ballstáit, tar éis údarú a fháil ón gCoimisiún, feithiclí a úsáidtear le haghaidh na n-oibríochtaí iompair dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a dhíolmhú ó chur chun feidhme an Rialacháin seo.

Féadfaidh na Ballstáit feithiclí a úsáidtear le haghaidh na n-oibríochtaí iompair dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo; tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún maidir leis seo.

4. I gcás oibríochtaí iompair náisiúnta, féadfaidh Ballstáit a cheangal go suiteálfar agus go n-úsáidfear trealamh taifeadta i gcomhréir leis an Rialachán seo in aon cheann de na feithiclí nach gceanglaítear a shuiteáil agus a úsáid de réir mhír 1.

CAIBIDIL II

Trealamh taifeadta cliste

Airteagal 4

Sonraí suímh a thaifeadadh

Déanfar sonraí suímh a thaifeadadh ionas go bhféadfar an áit ina gcuirtear tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil a shainaithint. Chun na críche sin, beidh feithiclí a chuirfear chun seirbhíse den chéad uair [48 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] feistithe le trealamh taifeadta a bheidh ceangailte le córas domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS).

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir le hIarscríbhinn IB a fhorlíonadh leis na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe is gá chun na sonraí suímh a fhaighfear ón gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte a phróiseáil leis an trealamh taifeadta.

Airteagal 5

Cianchumarsáid chun críocha rialaithe

1. Chun na seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair a dhéanfaidh na húdaráis rialaithe inniúla a éascú, beidh an trealamh taifeadta arna shuiteáil ar fheithiclí a chuirfear chun seirbhíse den chéad uair [48 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ábalta cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis sin agus an fheithicil ag gluaiseacht.

2. Ní bhunófar cumarsáid leis an trealamh taifeadta ach amháin nuair a iarrfaidh trealamh na n-údarás rialaithe a leithéid. Beidh an chumarsáid slán d’fhonn sláine sonraí agus fíordheimhniúchán an trealaimh taifeadta agus rialaithe a áirithiú.

3. Ní mhalartófar le linn na cumarsáide ach na sonraí a bheidh riachtanach le haghaidh seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair. Ní chuirfear sonraí maidir le céannacht an tiománaí, gníomhaíochtaí an tiománaí ná luas in iúl.

4. Ní bhainfear úsáid as na sonraí a mhalartófar ach amháin ar mhaithe le comhlíonadh an Rialacháin seo agus Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a rialú. Ní dhéanfar na sonraí a tharchur chuig aonáin eile nach údaráis rialaithe iad.

5. Ní fhéadfaidh na húdaráis rialaithe na sonraí a stóráil ach ar feadh thréimhse na seiceála cois bóthair, agus scriosfar iad dhá uair an chloig tar éis dheireadh na seiceála sin ar a dhéanaí.

6. Beidh úinéir nó sealbhóir na feithicle freagrach as cur in iúl don tiománaí go bhféadfaí cianchumarsáid a dhéanamh.

7. D’fhéadfadh an t-údarás rialaithe inniúil, ar bhonn na sonraí a mhalartófar, cinneadh a dhéanamh an fheithicil agus an trealamh taifeadta a sheiceáil.

8. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir le hIarscríbhinn IB a fhorlíonadh leis na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe is gá chun cianchumarsáid a chumasú idir an trealamh taifeadta agus na húdaráis rialaithe inniúla mar atá leagtha amach san Airteagal seo.

Airteagal 6

Córais Chliste Iompair

1. Beidh an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB comh-inoibritheach le feidhmiúcháin na gcóras cliste iompair arna sainmhíniú in Airteagal 4 de Threoir 2010/40/AE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcreat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus maidir le comhéadain le modhanna iompair eile. [24]

2. Chun críche mhír 1, feisteofar feithiclí a chuirfear chun seirbhíse den chéad uair [48 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] le trealamh taifeadta ina mbeidh comhéadan comhchuibhithe trína bhféadfar na sonraí a bheidh taifeadta nó soláthraithe a úsáid le haghaidh feidhmiúchán córas cliste iompair.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir le hIarscríbhinn IB a fhorlíonadh le sonraíochtaí teicniúla an chomhéadain, le cearta rochtana agus leis an liosta sonraí is féidir a rochtain.

CAIBIDIL III

Cineálcheadú

Airteagal 7

Iarratais

1. Déanfaidh monaróirí nó a ngníomhairí iarratas ar cheadú an AE ar chineál aonaid feithicle, ar bhraiteoir gluaisne, ar shamhail-leathán taifid nó ar chárta tacagraif a chur faoi bhráid na n-údarás cineálcheadaithe atá ainmnithe chun na críche sin ag gach Ballstát.

2. Cuirfidh na Ballstáit ainm agus sonraí teagmhála na n-údarás atá ainmnithe de réir mhír 1 in iúl don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-údarás cineálcheadaithe ainmnithe ar a shuíomh gréasáin.

3. Beidh na sonraíochtaí cuí agus na deimhnithe dá dtagraítear i Roinn VIII d’Iarscríbhinn IB ag gabháil le hiarratas ar chineálcheadú. Ceapfaidh an Coimisiún na meastóirí neamhspleácha a sholáthróidh an deimhniú slándála.

4. Ní cheadófar aon iarratas maidir le haon chineál aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a chur faoi bhráid níos mó ná aon Bhallstát amháin.

Airteagal 8

Cineálcheadú a thabhairt

Tabharfaidh Ballstát cineálcheadú comhpháirte AE d’aon chineál aonaid feithicle braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn IB, ar choinníoll go mbeidh an Ballstát in ann a sheiceáil go bhfuil na samhlacha táirgthe ag teacht leis an gcineál ceadaithe.

I dtaca le haon mhodhnuithe nó le haon bhreisithe ar shamhail cheadaithe, ní mór cineálcheadú comhpháirte AE breise a fháil dóibh ón mBallstát a thug an cineálcheadú comhpháirte AE bunaidh.

Airteagal 9

Marc cineálcheadaithe

Eiseoidh na Ballstáit don iarratasóir marc cineálcheadaithe AE a bheidh ag teacht leis an tsamhail arna léiriú in Iarscríbhinn II, do gach cineál aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a cheadaíonn siad de bhun Airteagal 8.

Airteagal 10

Ceadú nó diúltú

Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ar cuireadh an t-iarratas ar chineálcheadú faoina bhráid, maidir le gach cineál aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a cheadaíonn siad, cóip den deimhniú ceadaithe agus cóipeanna de na sonraíochtaí cuí a chur chuig údaráis na mBallstát eile laistigh de mhí amháin.

I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla an t-iarratas ar chineálcheadú a cheadú, cuirfidh siad in iúl d’údaráis na mBallstát eile gur diúltaíodh don cheadú agus cuirfidh siad cúiseanna an chinnidh in iúl.

Airteagal 11

Comhlíonadh trealaimh le cineálcheadú

1. Má fhaigheann Ballstát amach, a bhfuil cineálcheadú AE dá bhforáiltear in Airteagal 8 tugtha aige, nach bhfuil aonaid feithicle, braiteoirí gluaisne, leatháin taifid nó cártaí tacagraif ar bith ar a bhfuil marc cineálcheadaithe AE a d'eisigh sé ag teacht leis an bhfréamhshamhail atá ceadaithe aige, glacfaidh sé na bearta riachtanacha lena áirithiú go mbeidh na samhlacha táirgthe ag teacht leis an bhfréamhshamhail cheadaithe. Féadfaidh na bearta a ghlacfar, más gá, dul chomh fada le cineálcheadú AE a tharraingt siar.

2. Déanfaidh Ballstát a mbeidh cineálcheadú AE tugtha aige an ceadú sin a tharraingt siar mura mbeidh an t-aonad feithicle, an braiteoir gluaisne, an leathán taifid nó an cárta tacagraif a ceadaíodh ag teacht leis an Rialachán seo nó má léirítear le linn úsáide aon fhabht ghinearálta a fhágann go bhfuil sé mí-oiriúnach don chríoch dá bhfuil sé beartaithe.

3. Má thugann Ballstát eile fógra do Bhallstát a bhfuil cineálcheadú AE tugtha aige maidir le ceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, glacfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát eile sin, na bearta atá leagtha síos sna míreanna sin faoi réir mhír 5.

4. Féadfaidh Ballstát a dheimhníonn go bhfuil ceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 2 tagtha chun cinn, cosc a chur ar an aonad feithicle, an braiteoir gluaisne, na leatháin taifid nó na cártaí tacagraif a chur ar an margadh nó a chur chun seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Is amhlaidh sna cásanna sin atá luaite i mír 1 maidir le haonaid feithicle nó le braiteoirí gluaisne nó le leatháin taifid nó le cártaí tacagraif a bheidh díolmhaithe ó fhíorú tosaigh AE mura ndéanfaidh an monaróir, tar éis rabhadh cuí a fháil, an trealamh a chur in oiriúint don tsamhail cheadaithe nó do cheanglais an Rialacháin seo.

In aon chás, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógra dá chéile agus don Choimisiún laistigh de mhí maidir le tarraingt siar aon chineálcheadaithe AE nó maidir le haon bhearta eile a dhéanfar de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3, agus sonróidh siad na cúiseanna leis an ngníomhaíocht sin.

5. Má dhéanann Ballstát a mbeidh cineálcheadú AE tugtha aige a dhíospóid go bhfuil aon cheann de na cásanna atá sonraithe i mír 1 nó i mír 2 ann, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann iarracht an díospóid a réiteach agus coinneofar an Coimisiún ar an eolas.

Más rud é nach mbeidh comhaontú laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 3 de thoradh cainteanna idir na Ballstáit, glacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit ar fad agus tar éis na fachtóirí cuí go léir a bhreithniú, amhail fachtóirí eacnamaíocha agus teicniúla, cinneadh laistigh de shé mhí ó dhul in éag na tréimhse ceithre mhí sin a chuirfear in iúl do na Ballstáit lena mbaineann agus cuirfear é sin i bhfios go comhuaineach do na Ballstáit eile. I ngach cás, leagfaidh an Coimisiún síos an teorainn ama chun a chinneadh a chur chun feidhme.

Airteagal 12

Ceadú leathán taifid

1. Cuirfidh iarratasóir ar chineálcheadú AE do shamhail-leatháin taifid in iúl ar an iarratas an cineál nó na cineálacha trealaimh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil an leathán i dtrácht ceaptha lena úsáid agus soláthróidh sé trealamh oiriúnach den chineál sin nó de na cineálacha sin chun an leathán a thástáil.

2. Sonróidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát ar an deimhniú ceadaithe don samhail-leathán taifid an cineál nó na cineálacha trealaimh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ar a bhféadfar an samhail-leathán a úsáid.

Airteagal 13

Bonn cirt le cinntí diúltaithe

Saineofar i ngach cinneadh de bhun an Rialacháin seo lena ndiúltófar nó lena dtarraingeofar siar ceadú cineáil aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid nó cárta tacagraif na cúiseanna go mionsonraithe ar a mbeidh sé bunaithe. Cuirfear an cinneadh in iúl don pháirtí lena mbaineann agus cuirfear in iúl don pháirtí sin, ag an am céanna, na leigheasanna atá ar fáil dó faoi dhlíthe na mBallstát agus na teorainneacha ama leis na leigheasanna sin a fheidhmiú.

Airteagal 14

Trealamh taifeadta cineálcheadaithe a aithint

Ní ceadmhach d’aon Bhallstát aon fheithicil a chlárú ar a mbeidh trealamh taifeadta feistithe nó ní ceadmhach dó cosc a chur ar an bhfeithicil sin a chur chun seirbhíse nó chun úsáide ar aon chúis a bhaineann leis an trealamh sin a bheith feistithe ar an bhfeithicil, má bhíonn an marc cineálcheadaithe AE dá dtagraítear in Airteagal 9 agus an phlaic suiteála dá dtagraítear in Airteagal 17(4) ar an trealamh.

Airteagal 15

Slándáil

1. Déanfaidh na monaróirí dearadh, tástáil agus athbhreithniú ar aonaid feithicle, braiteoirí gluaisne agus cártaí tacagraif arna dtáirgeadh chun leochaileachtaí a thagann chun cinn ag gach céim den tsaolré táirge a bhrath, agus an dúshaothrú a d’fhéadfaí a dhéanamh orthu a chosc nó a mhaolú.

2. Chun na críche sin, cuirfidh na monaróirí doiciméadú cuí faoi bhráid an mheastóra neamhspleáigh dá dtagraítear in Airteagal 7(3), le haghaidh anailíse leochaileachta.

3. Seolfaidh meastóirí neamhspleácha tástálacha treáite ar aonaid feithicle, braiteoirí gluaisne agus cártaí tacagraif d’fhonn a dheimhniú nach féidir le daoine a bhfuil eolas atá san fhearann poiblí acu leochaileachtaí aitheanta a dhúshaothrú.

Airteagal 16

Tástálacha allamuigh

1. Féadfaidh Ballstáit tástálacha allamuigh a údarú le haghaidh trealaimh taifeadta nach bhfuil cineálcheadaithe fós. Déanfaidh na Ballstáit údaruithe ar thástálacha allamuigh atá tugtha ag Ballstát amháin a aithint go frithpháirteach.

2. Ní mór do thiománaithe agus do ghnóthais iompair a bheidh rannpháirteach i dtástáil allamuigh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chomhlíonadh. Chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, leanfaidh tiománaithe an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 31(2).

3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta a leanfar chun tástálacha allamuigh a dhéanamh agus na foirmeacha a úsáidfear chun monatóireacht a dhéanamh ar na tástálacha allamuigh sin a leagan síos. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

CAIBIDIL IV

Suiteáil agus cigireacht

Airteagal 17

Suiteáil agus deisiú

1. Ní bheidh cead ach ag feisteoirí nó ag ceardlanna a bheidh ceadaithe ag údaráis inniúla na mBallstát chun na críche sin trealamh taifeadta a shuiteáil nó a dheisiú i gcomhréir le hAirteagal 19.

2. Déanfaidh feisteoirí agus ceardlanna an trealamh taifeadta a shéalú tar éis dóibh a fhíorú go bhfuil sé ag feidhmiú i gceart, agus go háirithe tar éis a fhíorú nach mbeidh aon fhearas cúblála ábalta baint de na sonraí taifeadta ná iad a mhionathrú.

3. Cuirfidh an cheardlann cheadaithe nó an feisteoir ceadaithe marc speisialta ar na séalaí a ghreamóidh siad de na cártaí agus, chomh maith leis sin, cuirfidh siad isteach i gcás an trealaimh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB, na sonraí slándála leictreonacha chun seiceálacha fíoraithe a dhéanamh. Coinneoidh údaráis inniúla gach Ballstáit clár de na marcanna agus de na sonraí slándála leictreonacha arna n-úsáid agus de na cártaí ceardlann agus feisteoirí ceadaithe arna n-eisiúint.

4. Chun a dheimhniú go ndearnadh an trealamh taifeadta a shuiteáil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, úsáidfear plaic shuiteála arna greamú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn IB.

5. Is iad na feisteoirí nó na ceardlanna atá ceadaithe ag na húdaráis inniúla nó oifigigh rialála, agus iad sin amháin, a bheidh in ann séala a bhaint de réir mhír 1, nó sna himthosca a thuairiscítear i bpointe 4 de Roinn V d’Iarscríbhinn I nó i bpointe 3 de Roinn V d’Iarscríbhinn IB.

Airteagal 18

Cigireachtaí ar an trealamh taifeadta

Beidh trealamh taifeadta faoi réir cigireachtaí rialta ag ceardlanna faofa. Déanfar cigireacht rialta gach dhá bhliain ar a laghad.

Déanfaidh ceardlanna tuairisc chigireachta a tharraingt suas i gcásanna inar gá mírialtachtaí i bhfeidhmiú an trealaimh taifeadta a leigheas, cibé acu ar cuid de chigireacht thréimhsiúil í nó go ndearnadh an chigireacht ar iarraidh shonrach ón údarás inniúil náisiúnta. Coinneoidh ceardlanna liosta de gach tuairisc chigireachta arna tarraingt suas.

Coinneoidh an cheardlann na tuairiscí cigireachta ar feadh íostréimhse dhá bhliain ón am a dhéantar an tuairisc. Cuirfidh ceardlanna na tuairiscí cigireachta agus calabrúcháin arna ndéanamh sa tréimhse sin ar fáil nuair a iarrfaidh an t-údarás inniúil a leithéid.

Airteagal 19

Feisteoirí agus ceardlanna a cheadú

1. Déanfaidh na Ballstáit na feisteoirí agus na ceardlanna is féidir suiteálacha, seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin a dhéanamh a cheadú, déanfaidh siad rialú rialta orthu agus deimhneoidh siad iad.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na feisteoirí agus na ceardlanna inniúil agus iontaofa. Chun na críche sin, déanfaidh siad sraith nósanna imeachta náisiúnta soiléire a bhunú agus a fhoilsiú agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na híoschritéir seo a leanas:

(a) tá an fhoireann oilte go cuí;

(b) tá an trealamh is gá chun na tástálacha agus na cúraimí ábhartha a dhéanamh ar fáil;

(c) tá dea-cháil ar na feisteoirí agus ar na ceardlanna.

3. Déanfar iniúchadh ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe mar seo a leanas:

(a) Beidh feisteoirí nó ceardlanna ceadaithe faoi réir iniúchóireachta bliantúla ar na nósanna imeachta a chuireann an cheardlann i bhfeidhm agus an trealamh taifeadta á láimhseáil aici. Beidh an iniúchóireacht dírithe go háirithe ar na bearta slándála a ghlactar agus ar láimhseáil cártaí ceardlainne.

(b) Déanfar iniúchóireachtaí teicniúla neamhfhógartha ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe freisin chun na calabrúcháin agus na suiteálacha a dhéantar a rialú. Cuimseoidh na rialuithe sin 10 % ar a laghad de na ceardlanna ceadaithe in aghaidh na bliana.

4. Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a chosc idir feisteoirí nó ceardlanna agus gnóthais iompair de bhóthar. Go háirithe, i gcás ina bhfuil gnóthas iompair ag feidhmiú mar fheisteoir ceadaithe nó mar cheardlann cheadaithe freisin, ní bheidh cead ag an ngnóthas trealamh taifeadta a shuiteáil agus a chalabrú ina fheithiclí féin.

5. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát liostaí na bhfeisteoirí agus na gceardlann ceadaithe agus na gcártaí arna n-eisiúint chucu chuig an gCoimisiún, mar aon le cóipeanna de na marcanna agus den fhaisnéis is gá a bhaineann leis na sonraí slándála leictreonaí arna n-úsáid. Foilseoidh an Coimisiún liostaí na bhfeisteoirí agus na gceardlann ceadaithe ar a shuíomh gréasáin.

6. Déanfaidh na Ballstáit ceadú a tharraingt siar, ar bhonn sealadach nó buan, ó fheisteoirí agus ó cheardlanna nach n-éireoidh leo a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 20

Cártaí ceardlainne

1. Ní rachaidh tréimhse bhailíochta riaracháin na gcártaí ceardlainne thar bhliain.

2. Má tá síneadh le cur leis an gcárta ceardlainne, má dhéantar damáiste dó, má bhíonn mífheidhm leis, má ghoidtear nó má chailltear é, cuirfidh an t-údarás cárta athsholáthair ar fáil laistigh de chúig lá ón uair a gheobhaidh sé iarraidh mhionsonraithe chun na críche sin. Coinneoidh an t-údarás a eiseoidh an cárta clár de chártaí caillte, goidte nó lochtacha.

3. Nuair a dhéanfaidh Ballstát ceadú feisteora nó ceardlainne a tharraingt siar de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 19, déanfaidh sé na cártaí ceardlainne arna n-eisiúint chuig an bhfeisteoir nó chuig an gceardlann sin a tharraingt siar freisin.

4. Glacfaidh na Ballstáit gach beart riachtanach chun cosc a chur le falsú na gcártaí a dháilfear ar fheisteoirí agus ar cheardlanna ceadaithe.

CAIBIDIL V

Cártaí tiománaí

Airteagal 21

Cártaí tiománaí a eisiúint

1. Eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit, ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí, an cárta tiománaí arna iarraidh sin ag an tiománaí. Eiseofar é laistigh de mhí amháin tar éis don údarás inniúil an iarraidh a fháil.

2. Chun críocha an airteagail seo, ciallaíonn ‘gnátháit chónaithe’ an áit ina gcónaíonn duine go hiondúil, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó i gcás duine nach bhfuil aon cheangal ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta a thaispeánann nasc láidir idir an duine sin agus an áit ina bhfuil cónaí air; i gcás gnátháite cónaithe duine nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus a chónaíonn, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó i níos mó ná dhá Bhallstát, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta a ghnátháit chónaithe, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go rialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an duine ina chónaí i mBallstát chun tasc téarma socraithe a dhéanamh.

3. Tabharfaidh tiománaithe cruthúnas ar a ngnátháit chónaithe trí aon mhodh cuí, amhail trína gcárta aitheantais nó trí aon doiciméad bailí eile. Má bhíonn amhras ar údaráis inniúla an Bhallstáit a eisíonn an cárta tiománaí faoi bhailíocht ráitis i leith gnátháite cónaithe, nó chun críche rialuithe sonracha áirithe, féadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise nó aon fhianaise bhreise a iarraidh.

4. Glacfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát eisiúna na bearta iomchuí chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí ina sheilbh ag an iarratasóir cheana féin agus déanfaidh siad pearsantú ar an gcárta tiománaí i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn IB.

5. Chun críocha riaracháin, ní bheidh an cárta tiománaí bailí ar feadh níos faide ná cúig bliana.

6. Ní dhéanfar cárta tiománaí bailí a tharraingt siar ná a chur ar fionraí mura rud é go gcinnfidh údaráis inniúla Bhallstáit go bhfuil sé falsaithe, nó go bhfuil an tiománaí ag úsáid cárta nach é an sealbhóir air é, nó go bhfuarthas an cárta atá ina sheilbh ar bhonn dearbhuithe falsaithe nó/agus ar bhonn doiciméad brionnaithe. I gcás ina nglacfaidh Ballstát, seachas an Ballstát eisiúna, bearta fionraithe nó tarraingthe siar den sórt sin, cuirfidh an Ballstát sin an cárta ar ais chuig údaráis an Bhallstáit a d’eisigh é agus sonróidh sé na cúiseanna a bhfuil sé á chur ar ais.

7. Ní eiseofar cártaí tiománaí ach chuig iarratasóirí a bheidh faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

8. Glacfaidh Ballstáit gach beart is gá chun cosc a chur ar chártaí tiománaí a fhalsú.

Airteagal 22

Cártaí tiománaí a úsáid

1. Cárta pearsanta is ea an cárta tiománaí.

2. Ní fhéadfaidh níos mó ná cárta tiománaí bailí amháin a bheith ina sheilbh ag tiománaí, agus ní bheidh údarás ag an tiománaí ach a chárta tiománaí pearsantaithe féin amháin a úsáid. Ní bhainfidh tiománaí úsáid as cárta atá lochtach nó atá dulta in éag.

Airteagal 23

Cártaí tiománaí a athnuachan

1. I gcás inar mian le tiománaí a chárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh sé iarratas chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige tráth nach déanaí ná 15 lá oibre roimh dháta éagtha an chárta.

2. I gcás ina mbeidh údaráis an Bhallstáit ina bhfuil gnátháit chónaithe an tiománaí difriúil leis na cinn a d’eisigh an cárta agus i gcás ina n-iarrfar ar na húdaráis sin an cárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh siad in iúl do na húdaráis a d’eisigh an seanchárta na cúiseanna lena athnuachan.

3. I gcás ina n-iarrfar cárta a athnuachan a bhfuil a dháta éagtha ag teacht, cuirfidh an t-údarás inniúil cárta athsholáthair ar fáil roimh an dáta éagtha sin ar choinníoll go mbeidh an iarraidh seolta laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 1.

Airteagal 24

Cártaí tiománaí goidte, caillte nó lochtacha

1. Coinneoidh an t-údarás eisiúna taifid de chártaí tiománaí a eiseofar, a ghoidfear, a chaillfear nó a éireoidh lochtach ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad lena dtréimhse bhailíochta riaracháin.

2. Má dhéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis, tabharfaidh an tiománaí é ar ais d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige. Má ghoidtear an cárta tiománaí, ní mór é sin a dhearbhú go foirmiúil chuig údaráis inniúla an Stáit inar goideadh é.

3. Déanfar caillteanas an chárta tiománaí a thuairisciú i ndearbhú foirmiúil d’údaráis inniúla an Stáit a d’eisigh é agus chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige, murab ionann iad.

4. I gcás ina ndéanfar damáiste do chárta tiománaí, i gcás ina mbeidh mífheidhm leis nó i gcás ina ngoidfear nó ina gcaillfear é, cuirfidh an tiománaí iarratas ar chárta athsholáthair chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige laistigh de sheacht lá féilire. Cuirfidh na húdaráis sin cárta athsholáthair ar fáil laistigh de chúig lá ón uair a gheobhaidh siad iarraidh mhionsonraithe chun na críche sin.

5. Sna dálaí atá leagtha amach i mír 4, féadfaidh an tiománaí leanúint de bheith ag tiomáint gan cárta tiománaí ar feadh uastréimhse de 15 lá féilire nó ar feadh tréimhse níos faide más gá é sin chun an fheithicil a thabhairt ar ais chuig a háitreabh, ar choinníoll go mbeidh an tiománaí in ann a chruthú nach féidir an cárta a thabhairt ar aird ná a úsáid ar feadh na tréimhse sin.

Airteagal 25

Aitheantas frithpháirteach agus malartú cártaí tiománaí

1. Déanfar cártaí a eiseoidh Ballstáit a aithint go frithpháirteach.

2. I gcás ina bhfuil a ghnátháit chónaithe i mBallstát eile bunaithe ag sealbhóir cárta tiománaí bailí arna eisiúint ag Ballstát, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar a chárta a mhalartú ar a chomhionann de chárta tiománaí. Is é an Ballstát a dhéanfaidh an malartú a bheidh freagrach as a fhíorú an bhfuil an cárta a thugtar ar aird bailí fós.

3. Aon Bhallstát a bheidh ag déanamh malartú, cuirfidh sé an seanchárta ar ais chuig údaráis an Bhallstáit eisiúna agus sonróidh sé na cúiseanna le déanamh amhlaidh.

4. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cárta tiománaí a mhalartú nó a athsholáthar, déanfar an malartú nó an t-athsholáthar, nó aon athsholáthar nó aon mhalartú ina dhiaidh sin, a chlárú sa Bhallstát sin.

Airteagal 26

Faisnéis ar chártaí tiománaí a mhalartú go leictreonach

1. Chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí dá dtagraítear in Airteagal 21(4) ina sheilbh ag iarratasóir cheana féin, coinneoidh na Ballstáit cláir leictreonacha náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le cártaí tiománaí ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad lena dtréimhse bhailíochta riaracháin:

– Sloinne agus céadainm an tiománaí

– Dáta breithe agus áit bhreithe an tiománaí

– Uimhir an cheadúnais tiomána agus tír eisiúna an cheadúnais tiomána (más infheidhme)

– Stádas an chárta tiománaí

2. Glacfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit gach beart is gá lena áirithiú go mbeidh na cláir leictreonacha idirnasctha agus go mbeidh rochtain orthu ar fud an Aontais.

3. Nuair a bheidh cárta tiománaí á eisiúint, á athnuachan nó á athsholáthar, fíoróidh na Ballstáit trí bhíthin malartaithe sonraí leictreonacha nach bhfuil cárta tiománaí bailí eile ag an tiománaí cheana féin. Ní mhalartófar ach na sonraí a bheidh riachtanach le haghaidh an fhíoraithe sin.

4. Féadfaidh oifigigh rialaithe an clár leictreonach a rochtain chun stádas an chárta tiománaí a rialú.

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus na sonraíochtaí comhchoiteanna is gá a leagan síos le haghaidh an idirnaisc dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear an fhormáid le haghaidh na sonraí arna malartú, na nósanna imeachta teicniúla chun féachaint ar na cláir leictreonacha náisiúnta go leictreonach, nósanna imeachta rochtana agus meicníochtaí slándála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 40(3).

Airteagal 27

Cártaí tiománaí a chomhtháthú le ceadúnais tiomána

Eiseofar cártaí tiománaí i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo go dtí an 18 Eanáir 2018. Le héifeacht ón 19 Eanáir 2018, déanfar cártaí tiománaí a chomhcheangal le ceadúnais tiomána agus déanfar iad a eisiúint, a athnuachan, a mhalartú agus a athsholáthar i gcomhréir le forálacha Threoir 2006/126/CE.

CAIBIDIL VI

Úsáid trealaimh

Airteagal 28

Ceartúsáid trealaimh taifeadta

1. Áiritheoidh an gnóthas iompair, úinéir na feithicle agus na tiománaithe go bhfeidhmeoidh an trealamh taifeadta i gceart agus go n-úsáidfear go cuí é agus go bhfeidhmeoidh an cárta tiománaí i gceart agus go n-úsáidfear go cuí é i gcás ina mbeidh ar thiománaí feithicil a thiomáint ar a mbeidh an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB feistithe.

2. Toirmiscfear aon sonraí arna dtaifeadadh ar an leathán taifid, arna stóráil sa trealamh taifeadta nó ar an gcárta tiománaí nó aon asphriontaí ón trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB feistithe a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ina theannta sin, toirmiscfear aon chúbláil ar an trealamh taifeadta, ar an leathán taifid nó ar an gcárta tiománaí lena bhféadfar sonraí agus/nó faisnéis phriontáilte a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ní bheidh aon fhearas a fhéadfar a úsáid chun na críche sin le fáil san fheithicil.

3. Ní fheisteofar feithiclí le níos mó ná sraith amháin trealaimh taifeadta ach amháin ar mhaithe leis na tástálacha allamuigh dá dtagraítear in Airteagal 16.

4. Toirmiscfidh na Ballstáit táirgeadh, dáileadh, fógraíocht agus/nó díolachán fearas a tógadh chun trealamh taifeadta a chúbláil agus/nó atá beartaithe chuige sin.

Airteagal 29

Freagracht an ghnóthais

1. Eiseoidh an gnóthas iompair líon dóthanach leathán taifid chuig tiománaithe feithiclí ar a mbeidh an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I feistithe, ag cuimhneamh ar fhaisnéis phearsanta a bheith sna leatháin sin, ar fhad tréimhse na seirbhíse agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann leatháin a athsholáthar in áit leathán a bheadh damáistithe nó a bheadh tógtha ag oifigeach cigireachta údaraithe. Ní eiseoidh an gnóthas iompair chuig tiománaithe ach leatháin a bheidh de réir samhla arna ceadú le húsáid sa trealamh a dhéanfar a shuiteáil san fheithicil.

I gcás ina mbeidh an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB feistithe ar fheithicil, áiritheoidh an gnóthas iompair agus an tiománaí, á chur san áireamh fad thréimhse na seirbhíse, go ndéanfar an phriontáil arna hiarraidh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB, i gceart i gcás cigireachta.

2. Coinneoidh an gnóthas iompair leatháin taifid agus asphriontaí, cibé uair a bheidh asphriontaí déanta chun Airteagal 31 a chomhlíonadh, in ord croineolaíoch agus i bhfoirm sholéite ar feadh bliana ar a laghad tar éis a n-úsáide agus tabharfaidh siad cóipeanna do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin. Tabharfaidh an gnóthas iompair cóipeanna de shonraí arna n-íoslódáil ó na cártaí tiománaí do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin, agus leaganacha páipéir priontáilte de na cóipeanna sin. Soláthrófar na leatháin taifid, na hasphriontaí agus na sonraí arna n-íoslódáil nó tabharfar ar láimh iad arna iarraidh sin ag oifigeach cigireachta údaraithe.

3. Beidh gnóthas iompair faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Rialachán seo arna ndéanamh ag tiománaithe an ghnóthais. Gan dochar do cheart na mBallstát gnóthais iompair a chur faoi dhliteanas iomlán, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar aon fhianaise nach bhféadfadh an gnóthas iompair a bheith freagrach go réasúnta as an sárú arna dhéanamh.

Airteagal 30

Úsáid cártaí tiománaí agus leathán taifid

1. Úsáidfidh na tiománaithe na leatháin taifid nó na cártaí tiománaí gach lá a mbeidh siad ag tiomáint, ón nóiméad a nglacfaidh siad stiúir ar an bhfeithicil. Ní tharraingeofar an leathán taifid nó an cárta tiománaí siar roimh dheireadh na tréimhse oibre laethúla mura n-údarófar a tharraingt siar ar shlí eile. Ní ceadmhach aon leathán taifid nó aon chárta tiománaí a úsáid chun tréimhse is faide ná an tréimhse dá bhfuil sé beartaithe a chlúdach.

2. Déanfaidh tiománaithe na leatháin taifid agus na cártaí tiománaí a chosaint go leordhóthanach, agus ní bhainfidh siad úsáid as leatháin nó as cártaí a bheidh salach nó dá ndearnadh damáiste.

3. Más rud é, de bharr a bheith ar shiúl ón bhfeithicil, nach mbeidh an tiománaí in ann an trealamh taifeadta atá feistithe ar an bhfeithicil a úsáid, déanfar an méid seo a leanas i dtaobh na dtréimhsí ama dá dtagraítear i mír 5(b) (ii) agus (iii):

(a) más rud é go mbíonn an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an leathán taifid, de láimh nó trí thaifeadadh uathoibríoch nó ar shlí eile, go soléite agus gan an leathán a shalú; nó

(b) más rud é go mbíonn an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an gcárta tiománaí trí úsáid a bhaint as an tsaoráid iontrála láimhe arna soláthar sa trealamh taifeadta.

Chun críocha rialaithe, measfar tréimhsí ama nach mbeidh aon ghníomhaíocht taifeadta ina dtaobh mar scíth nó mar thréimhsí sosa. Níl ceangal ar thiománaithe tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla a thaifeadadh má bhí siad ar shiúl ón bhfeithicil.

4. I gcás ina mbeidh níos mó ná tiománaí amháin ar bord na feithicle ar a mbeidh trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB feistithe, áiritheoidh gach tiománaí go gcuirfear a chárta tiománaí féin isteach sa sliotán ceart sa trealamh taifeadta.

Má bhíonn níos mó ná tiománaí amháin ar bord feithicle ar a bhfuil an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB feistithe, leasóidh tiománaithe na leatháin taifid mar is gá chun go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i Roinn II (a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn I taifeadta ar leathán taifid an tiománaí a bheidh ag tiomáint go hiarbhír.

5. Déanfaidh tiománaithe:

(a) a áirithiú go mbeidh an t-am a thaifeadfar ar an leathán ag teacht leis an am oifigiúil i dtír chlárúcháin na feithicle;

(b) na meicníochtaí laisc a oibriú chun go bhféadfar na tréimhsí ama seo a leanas a thaifeadadh ar leithligh agus go soiléir;

(...PICT...)

(i) faoin gcomhartha : am tiomána,

(...PICT...)

(ii) faoin gcomhartha : ‘obair eile’, a chiallaíonn aon ghníomhaíocht seachas tiomáint mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(a) de Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [25], agus freisin aon obair don fhostóir céanna nó d’fhostóir eile laistigh nó lasmuigh d’earnáil an iompair,

(...PICT...)

(iii) faoin gcomhartha : ‘infhaighteacht’, mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(b) de Threoir 2002/15/CE;

(...PICT...)

(iv) faoin gcomhartha : sosanna nó scíth.

6. Cuirfidh gach tiománaí an fhaisnéis seo a leanas isteach ar a leathán taifid:

(a) nuair a thosóidh sé ag baint úsáide as an leathán – a shloinne agus a chéadainm;

(b) an dáta agus an áit a dtosaíonn sé ag baint úsáide as an leathán, agus an dáta agus an áit a gcríochnaíonn an úsáid sin;

(c) uimhir chlárúcháin gach feithicle dá bhfuil an tiománaí sannta, ag tús an chéad turais arna thaifeadadh ar an leathán agus ansin i gcás an fheithicil a athrú, le linn úsáid an leatháin;

(d) léamh an odaiméadair:

(i) ag tús an chéad turais arna thaifeadadh ar an leathán,

(ii) ag deireadh an turais deiridh arna thaifeadadh ar an leathán,

(iii) i gcás feithicil a athrú le linn lá oibre, an léamh ar an gcéad fheithicil a sannadh don tiománaí agus an léamh ar an gcéad fheithicil eile;

(e) an t-am a ndéantar an fheithicil a athrú.

7. Cuirfidh an tiománaí isteach sa trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB siombail na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil. Féadfaidh Ballstát, áfach, a cheangal ar thiománaithe feithiclí a bheidh ag gabháil d’oibríochtaí iompair laistigh dá chríoch, sonraíochtaí geografacha níos mionsonraithe a chur le siombail na tíre ar choinníoll go mbeidh siad curtha in iúl ag an mBallstát don Choimisiún roimh an 1 Aibreán 1998.

Ní bheidh ceangal ar thiománaithe an fhaisnéis sin a chur isteach i gcás go mbeidh an trealamh taifeadta ag taifeadadh sonraí suímh go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 4.

Airteagal 31

Cártaí tiománaí nó leatháin taifid arna ndamáistiú

1. I gcás ina ndéantar damáiste do leathán ar a bhfuil taifeadtaí nó do chárta tiománaí, coinneoidh tiománaithe an leathán nó an cárta tiománaí a bhfuil damáiste déanta dó in éineacht leis an leathán breise a úsáidtear lena athsholáthar.

2. I gcás ina ndéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis nó má chailltear nó má ghoidtear é, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:

(a) ag tús a thurais, déanfaidh sé sonraí na feithicle atá sé a thiomáint a phriontáil amach agus cuirfidh sé isteach ar an asphrionta sin:

(i) sonraí trína bhféadfar an tiománaí a aithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnas tiomána), lena n-áirítear a shíniú;

(ii) na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 30 (5) (b) (ii), (iii) agus (iv);

(b) ag deireadh an turais, déanfaidh sé an fhaisnéis a phriontáil amach maidir le tréimhsí ama arna dtaifeadadh leis an trealamh taifeadta, aon tréimhsí oibre eile a thaifeadadh, aon tréimhsí a raibh an tiománaí ar fáil a thaifeadadh agus aon tréimhsí scíthe a glacadh ó chur amach an asphrionta ag tús an turais a thaifeadadh, i gcás nach dtaifeadfar an fhaisnéis sin leis an trealamh taifeadta, agus déanfaidh sé sonraí a mharcáil ar an doiciméad sin lena bhféadfar an tiománaí a aithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiománaí), lena n-áireofar síniú an tiománaí.

Airteagal 32

Taifid le hiompar ag an tiománaí

1. I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I feistithe, beidh ar an tiománaí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach cigireachta amhlaidh:

(i) na leatháin taifid don lá sin agus na leatháin a d’úsáid an tiománaí sna 28 lá roimhe sin,

(ii) an cárta tiománaí má bhíonn ceann ina sheilbh aige, agus

(iii) aon taifead de láimh agus aon asphrionta arna dhéanamh an lá sin agus sna 28 lá roimhe sin mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

2. I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB feistithe, beidh ar an tiománaí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach cigireachta amhlaidh:

(i) a chárta tiomána,

(ii) aon taifead de láimh agus asphrionta arna dhéanamh an lá sin agus sna 28 lá roimhe sin mar a cheanglaítear faoin Rialachán agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006,

(iii) na leatháin taifid a fhreagraíonn don tréimhse chéanna leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (ii) nuair a thiomáin sé feithicil ar a raibh trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I feistithe.

3. Féadfaidh oifigeach cigireachta údaraithe a sheiceáil go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 á chomhlíonadh trí anailís a dhéanamh ar na leatháin taifid, ar na sonraí ar taispeáint nó priontáilte arna dtaifeadadh leis an trealamh taifeadta nó leis an gcárta tiománaí nó, ina éagmais sin, trí anailís a dhéanamh ar aon doiciméad tacaíochta eile a léiríonn neamhchomhlíonadh forála, amhail na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 24(2) agus Airteagal 33(2) den Rialachán seo.

Airteagal 33

Nósanna imeachta i gcás trealaimh a mbeidh mífheidhm leis

1. I gcás ina gclisfear ar an trealamh taifeadta nó ina mbeidh mífheidhm leis, cuirfidh an gnóthas iompair faoi deara feisteoir ceadaithe nó ceardlann cheadaithe é a dheisiú chomh luath agus is féidir sin.

I gcás nach mbeidh an fheithicil in ann filleadh ar an áitreabh laistigh de sheachtain arna ríomh ón lá a gclisfear uirthi nó ón lá a bhfuarthas amach go raibh mífheidhm leis, déanfar an deisiúchán faoi bhealach.

Tabharfar le bearta arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 37 cumhacht don údarás inniúil cosc a chur le húsáid feithicle sna cásanna nach ndéanfar cliseadh nó oibriú lochtach a leigheas faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír.

2. Fad is a bheidh an trealamh taifeadta neamhfhóinteach nó fad is a bheidh mífheidhm leis, cuirfidh tiománaithe sonraí trína bhféadfar an tiománaí a shainaithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áirítear síniú, mar aon le gach faisnéis faoi thréimhsí éagsúla ama nach bhfuil taifeadta a thuilleadh nó priontáilte amach i gceart leis an trealamh taifeadta:

(a) ar an leathán nó ar na leatháin taifid, nó

(b) ar leathán sealadach a cheanglófar leis an leathán taifid nó a choinneofar in éineacht leis an gcárta tiománaí.

CAIBIDIL VII

Cosaint sonraí, forghníomhú agus smachtbhannaí

Airteagal 34

Cosaint sonraí pearsanta

1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an Rialacháin seo i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus Treoir 2002/58/CE agus faoi mhaoirseacht údarás poiblí neamhspleách an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go háirithe go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint maidir leis na nithe seo a leanas:

– córas domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) a úsáid chun sonraí suímh a thaifeadadh dá dtagraítear in Airteagal 4,

– cianchumarsáid a úsáid chun críocha rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 5,

– trealamh taifeadta le comhéadan comhchuibhithe a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 6,

– malartú leictreonach na faisnéise ar chártaí tiománaí dá dtagraítear in Airteagal 26,

– coimeád taifead i ngnóthais iompair dá dtagraítear in Airteagal 29.

3. Déanfar an trealamh taifeadta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IB a dhearadh ar bhealach ina ndéanfar príobháideacht a áirithiú. Ní dhéanfar ach na sonraí fíor-riachtanach chun críocha na próiseála a phróiseáil.

4. Comhlíonfaidh úinéirí feithiclí agus/nó gnóthais iompair, nuair is infheidhme, na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 35

Oiliúint oifigeach rialaithe

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint iomchuí ar oifigigh rialaithe d’fhonn anailís a dhéanamh ar na sonraí arna dtaifeadadh agus an trealamh taifeadta a rialú.

2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na ceanglais oiliúna dá n-oifigigh rialaithe faoin [6 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3. Glacfaidh an Coimisiún cinntí maidir leis an modheolaíocht d’oiliúint thosaigh agus leantach oifigeach rialaithe, lena n-áirítear teicnící i leith rialuithe a spriocdhíriú agus fearais chúblála agus calaois a bhrath. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Airteagal 36

Cúnamh frithpháirteach

Cuideoidh Ballstáit lena chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun comhlíonadh an Rialacháin sin a sheiceáil.

Faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh seo, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát go háirithe gach faisnéis atá le fáil maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a bhaineann le feisteoirí agus ceardlanna, agus maidir le haon phionóis arna gcur i bhfeidhm ar sháruithe dá leithéidí a sheoladh chuig a chéile go rialta.

Airteagal 37

Smachtbhannaí

1. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach. I gcás ceardlann a mbeidh forálacha an Rialacháin seo sáraithe acu, d’fhéadfaí cealú an cheadaithe agus tarraingt siar an chárta ceardlainne a áireamh leis sin.

2. Ní bheidh sárú ar bith ar an Rialachán seo faoi réir níos mó ná pionós ná nós imeachta amháin.

3. Beidh na smachtbhannaí arna leagan síos ag na Ballstáit le haghaidh na sáruithe tromchúiseacha arna sainmhíniú i dTreoir 2009/5/CE ar na catagóirí smachtbhannaí is airde is infheidhme sa Bhallstát le haghaidh sáruithe ar an reachtaíocht maidir le hiompar de bhóthar.

4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i leith na mbeart sin agus i leith na rialacha maidir le pionóis agus smachtbhannaí faoin [dáta cur chun feidhme an Rialacháin seo]. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún i dtaca le haon athrú ar na bearta sin ina dhiaidh sin.

CAIBIDIL VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 38

Oiriúnú don dul chun cinn teicniúil

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha arna dtarmligean a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 chun críche Iarscríbhinní I, IB agus II a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

Airteagal 39

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6 agus 38 go ceann tréimhse éiginnte ama ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6 agus 38 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 4, 5, 6 agus 38 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear [2 mhí] leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 40

An Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil de réir nós imeachta scríofa, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n-iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

3. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta scríofa, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n-iarrfaidh tromlach simplí de bhaill an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

Airteagal 41

Fóram Tacagraif

1. Cuirfear Fóram Tacagraif ar bun chun idirphlé ar ábhair theicniúla maidir leis an trealamh taifeadta a chothú i measc shaineolaithe na mBallstát, agus i measc saineolaithe ó thríú tíortha ina mbeidh an trealamh taifeadta in úsáid faoin gcomhaontú Eorpach maidir le hobair criúnna feithiclí ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (AETR).

2. Déanfaidh na Ballstáit saineolaí a tharmligean chuig an bhFóram Tacagraif.

3. Féadfaidh saineolaithe ó pháirtithe conarthacha leasmhara leis an ATER nach bhfuil san AE a bheith rannpháirteach san Fhóram Tacagraif.

4. Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara, ionadaithe monaróirí feithiclí, monaróirí tacagraf agus comhpháirtithe sóisialta chuig an bhFóram Tacagraif.

5. Glacfaidh an Fóram Tacagraif a chuid rialacha nós imeachta.

6. Uair sa bhliain ar a laghad a thiocfaidh an Fóram Tacagraif le chéile.

Airteagal 42

Bearta náisiúnta a chur in iúl

Déanfaidh na Ballstáit téacs na ndlíthe, na rialachán, agus na bhforálacha riaracháin a ghlacfaidh siad sa réimse atá faoi rialú ag an Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an lae a nglacfar iad agus, den chéad uair faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2) Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 mar seo a leanas:

(a) I gCaibidil I Sainmhínithe, scriostar pointe (b).

(b) I bpointe 4.1 de Chaibidil III (c), cuirtear “Airteagal 30(5), an dara fleasc (b), (c) agus (d) den Rialachán” in ionad na tagartha do “Airteagal 15(3), an dara fleasc (b), (c) agus (d) den Rialachán”

(c) I bpointe 4.2 de Chaibidil III (c), cuirtear “Airteagal 30 den Rialachán” in ionad na tagartha do “Airteagal 15 den Rialachán”

(d) Sa tríú fomhír de phointe 1 de Chaibidil IV (a), cuirtear “Airteagal 30(6) den Rialachán” in ionad na tagartha do “Airteagal 15(5) den Rialachán”.

3) Leasaítear Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 mar seo a leanas:

(a) I gCaibidil I Sainmhínithe, scriostar pointí (l), (o), (t), (y), (ee), (kk), (oo) agus (qq):

(b) Leasaítear Caibidil VI mar seo a leanas:

(1) sa chéad mhír, cuirtear “Airteagal 24(5) de Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85” in ionad na tagartha do “Airteagal 12(5) de Rialachán (CE) Uimh. 3821/85 arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2135/98”.

(2) scriostar Roinn 1 “Ceadú feisteoirí nó ceardlann”.

(c) I bpointe 271 de Chaibidil VIII, , cuirtear tagairt do “Airteagal 8 den Rialachán seo” in ionad na tagartha do “Airteagal 5 den Rialachán seo”.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar seo a leanas:

– Cuirtear ‘100 km’ in ionad an achair ‘50 km’ dá dtagraítear i bpointí (d), (f) agus (p) d’Airteagal 13(1).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [bliain amháin tar éis a theachta i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] COIM(2011)144 leagan críochnaitheach

[2] IO L 370, 31.12.1985, lch. 8

[3] COIM(2011)0144 leagan críochnaitheach

[4] Féach Roinn 1.1 "Limistéar Iompair Eorpach Aonair" d'Iarscríbhinn I den Pháipéar Bán, COIM(2011)0144 leagan críochnaitheach

[5] Teachtaireacht ón gCoimisiún: Plean Gníomhaíochta maidir le Córais Chliste Iompair a Úsáid san Eoraip [COIM(2008)886], Réimse Gníomhaíochta 4

[6] IO L 207, 6.8.2010, lch. 1–13

[7] Staidéar SMART

[8] http://ec.europa.eu/employment_social/dsw/public/actRetrieveText.do?id=8903

[9] Treoir 2009/5/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2009 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha íosta i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar, IO L 29, 31.1.2009, lch. 45-50

[10] Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle, IO L 300, 14.11.09, lch. 51

[11] Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85, IO L 102, 11.04.2006 ón gComhairle, lch. 1

[12] COIM(2009) 544 leagan críochnaitheach

[13] IO C , , lch .

[14] IO C , , lch .

[15] IO L 370, 31.12.1985, lch. 8

[16] IO L 102, 11.4.2006, lch. 1

[17] IO L 102, 11.4.2006, lch. 35

[18] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31–50

[19] IO L 201, 31.7.2002, lch. 37–47

[20] IO L 29, 31.1.2009, lch. 45–50

[21] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13-18

[22] IO L 80, 23.3.2002, lch. 35-39.

[23] IO L 57, 2.3.1992, lch. 27.

[24] IO L 207, 6.8.2010, lch. 1.

[25] IO L 80, 23.3.2002, lch. 35.

--------------------------------------------------

Top