Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0335

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach ar shábháilteacht ó choireacht

    /* COM/2011/0335 final - COD 2011/0146 */

    52011PC0335

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach ar shábháilteacht ó choireacht /* COM/2011/0335 final - COD 2011/0146 */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    COMHTHÉACS AN TOGRA

    - Aidhmeanna agus cuspóirí an togra

    Is é is aidhm leis an togra suirbhé teaghlach/pearsanta a chur chun feidhme san Aontas Eorpach lena gcumhdófar sábháilteacht ó choireacht. Chuirfeadh suirbhé den sórt sin faisnéis ar fáil faoi leitheadúlacht cineálacha sonracha coireanna (rátaí íospartha) agus faoi ghnéithe eile a bhaineann le braistint saoránach go bhfuil siad slán. Chuirfeadh an suirbhé seo go suntasach le figiúirí coireachta ó fhoinsí riaracháin (amhail tuairiscí póilíní) arb eol é bheith deacair iad a chur i gcomparáid idir na Ballstáit.

    - Comhthéacs ginearálta

    I gClár na Háige in 2005, d'aibhsigh an Chomhairle Eorpach an easpa faisnéise inchomparáide ar leibhéal an AE maidir le coireacht. Mar fhreagairt, tharraing an Coimsiún suas Plean Gníomhaíochta 2006-2010 maidir le feabhas a chur ar mhodhanna chun coireacht a thomhas, lena n-áirítear suirbhé teaghlach san AE a fhorbairt i ndáil le híospairt coireachta. I gClár Stócólm (2009) cuireadh in iúl go láidir an gá atá leis an obair sin a leanúint le cur chun feidhme praiticiuil. Tá sé beartaithe dá bhrí sin suirbhé a dhéanamh in 2013 ar leibhéal an AE bunaithe ar an modheolaíocht atá comhaontaithe anois leis na geallsealbhóirí.

    - Forálacha atá ann maidir leis an tsaincheist a ndírítear uirthi sa togra

    Níl aon fhorálacha ann cheana maidir leis an tsaincheist a ndírítear uirthi sa togra.

    - Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE

    Is é is aidhm leis an togra an staid reatha a shimpliú, staid ina bhfuil líon suirbhéanna náisiúnta tar éis forbairt agus gach ceann acu dírithe ar choireacht agus ar shábháilteacht a thomhas ar leibhéal náisiunta. Tá sé an-dóchúil go bhforbróidh Ballstáit suirbhéanna eile den sórt sin mura bhfaigheann siad an deis samhail choiteann a úsáid. Leis an tsamhail a fhorbrófar i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, áiritheofar go mbeidh sonraí inchomparáide ar fáil agus cuirfear deireadh leis an riosca go bhféadfaí acmhainní a chur amú de dheasca an obair fhorbartha chéanna a bheith á déanamh ag Ballstáit. Tá sé de bhuntáiste leis an tsamhail go simpleofar staidreamh Eorpach, mar atá leagtha amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le modh táirgthe staidreamh an AE: fís don deich mbliana atá romhainn. Cumhdaítear inti prionsabail an Chóid Chleachtais do Staidreamh Eorpach a bhaineann le tiomantas do cháilíocht, modheolaíocht fhónta, éifeachtacht ó thaobh costais, ábharthacht, cruinneas agus iontaofacht, comhtháiteacht agus comparáideacht.

    I gCinneadh Uimh. 1578/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 maidir le Clár Staidrimh an Chomhphobail 2008 go 2012[1] déantar foráil maidir le staidreamh Eorpach maidir le coireacht agus íospairt a fhorbairt, agus sa chlár oibre staidrimh bhliantúil don bhliain 2011 déantar tagairt shonrach do shuirbhé teaglach/pearsanta ar íospairt choireachta a chur chun feidhme.

    Go dtí seo, ní raibh aon sonraí ann ó shuirbhé i ndáil le coireacht agus sábháilteacht daoine aonair agus teaghlach a bhain leis an AE ina iomláine. Tá sonraí riaracháin maidir le coireacht (bunaithe ar thuairiscí na bpóilíní etc.) á mbailiú agus á bhfoilsiú ar bhonn neamhfhoirmiúil ó 2006 i leith. Admhaítear go ginearálta go bhfuil comparáideacht na sonraí sin teoranta i ngeall ar na gcóras difriúil dlí agus na modhanna difriúla taifeadta sna Ballstáit, agus gur beag an seans atá ann na deacrachtaí seo a shárú. Trí bhíthin suirbhé is féidir faisnéis inchomparáide bunaithe ar cheistneoir coiteann agus modheolaíocht choiteann a bhailiú.

    Baineann luach príomha na faisnéise atá le bailiú tríd an ionstraim staidrimh seo le réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile. Freagraíonn sé go díreach do na riachtanais pholaitiúla a cuireadh in iúl i gClár na Háige agus i gClár Stócólm.

    Tuigtear níos fearr anois gur gné thábhachtach d'fholláine ghinearálta na saoránach í an tsaoirse ó choireacht agus ó bhraistint go bhfuil siad i ndainséar. Sa Tuarascáil a rinne an Coimisiún maidir le Feidhmiú Eacnamaíoch agus Ascnamh Sóisialta a Thomhas ('Tuarascáil Stiglitz', 2009) áitíodh gur cheart táscairí nua folláine sóisialta a fhorbairt chun na haonaid tomhais traidisiúnta ar ascnamh eacnamaíoch, amhail OTI, a chothromú. Agus táscairí maidir le 'cáilíocht beatha' á moladh sa tuarascáil, pléadh saincheisteanna amhail braistint an duine maidir lena shlándáil féin, agus taithí mar íospartach coireachta, agus pléadh go sonrach ról na suirbhéanna teaghlach atá ann cheana chun na féiniméin sin a thomhas. A bhuí le suirbhé ar leibhéal an AE, beifear in ann an ghné sin den scéal a chíoradh don Eoraip ina hiomláine, ar bhealach comhsheasmhach inchomparáide.

    TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    - Malartú/plé inmheánach idir seirbhísí an Choimisiúin

    Ba iad na seirbhísí is mó a bhí gafa leis an bpróiseas forbartha Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais, na Saoirse agus na Slándála (JLS) mar a bhí, agus Eurostat. Le déanaí tá Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Baile (DG HOME) tar éis ról DG JLS a ghlacadh. Bhí cumarsáid ar siúl go minic agus go rialta i rith an phróisis fhorbartha, lena n-áirítear plé déthaobhach agus freastal frithpháirteach ar na cruinnithe uile leis na geallsealbhóirí atá liostaithe thíos.

    - Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Bunaíodh Sainghrúpa laistigh de chomhthéacs Phlean Gníomhaíochta 2006-2010 an Choimisiúin maidir le coireacht a thomhas agus maidir le ceartas coiriúil. Is éard a bhí ann saineolaithe ó na Ballstáit go léir i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, chomh maith le saineolaithe idirnáisiúnta ón saol acadúil, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, etc. Pléadh riachtanais an tsuirbhé agus na táscairí a bhí le soláthar ag gach cruinniú bliantúil de chuid an tSainghrúpa. Rinneadh faisnéis a mhalartú trí shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid CIRCA. Rinneadh saincheisteanna mionsonraithe a chíoradh trí chomhairliúcháin scríofa leis an ngrúpa.

    Bunaithe ar cheistneoir a scaipeadh ar chomhaltaí an tSainghrúpa, tiomsaíodh liosta príomhtháscairí, lena n-áirítear minicíocht na dtagairtí agus an tábhacht a bhaineann leo. Airíodh ar na táscairí seo roinnt ábhar imní ‘traidisiúnta’ (buirgléireacht, goid, foréigean fisiceach, etc.) chomh maith le himní faoi rudaí atá tagtha chun cinn le déanaí, amhail coireanna ríomhaireachta agus cineálacha éagsúla calaoise. Bhain ábhair imní eile le barúil an phobail maidir le saincheisteanna slándála agus a bhraistint go bhfuil sé sábháilte. Bhí na táscairí seo mar chuid lárnach den phróiseas forbartha agus rinneadh iad a thabhairt cothrom le dáta de réir mar a bhí gá leis trí phróiseas rialta comhairliúcháin.

    - Bailiú agus úsáid saineolais

    Fuarthas saineolas ó roinnt saineolaithe idirnáisiúnta trí nósanna imeachta glaoigh ar thairiscint. Áiríodh orthu seo gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe HEUNI a dhréachtaigh an ceistneoir tosaigh, agus bunaitheoirí an tSuirbhé Idirnáisiúnta maidir le hÍospartaigh Coireachta (ICVS), arbh í an t-aon iarracht amháin a rinneadh roimhe seo chun suirbhé idirnáisiúnta maidir le coireacht a bhunú. Leanadh de bheith ag obair i ndlúthchomhar le hOifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) agus le Coimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) atá ina gceannródaithe ar phróiseas inchurtha ar leibhéal idirnáisiúnta.

    Is é grúpa oibre Eurostat maidir le staidreamh coireachta a rinne maoirsiú ar an gcoincheap modheolaíoch, agus cuireadh de chúram ar thascfhórsa Ballstát an fhorbairt mhionsonraithe a dhéanamh. I ngeall air sin bhí fáil ar an taithí a bhí faighte ag na tíortha sin (tuairim is deich dtír) a raibh sé de nós acu cheana suirbhéanna náisiúnta a dhéanamh.

    Sa bhreis ar na cruinnithe rialta, scaipeadh faisnéis trí shuíomh gréasáin tiomnaithe de chuid CIRCA. Rinneadh Stiúrthóirí Eorpacha an Staidrimh Shóisialta agus an Choiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a choimeád ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn.

    Bhí an mhodheolaíocht a glacadh bunaithe go dlúth ar an modheolaíocht a bhí leagtha amach i lámhleabhar na Náisiún Aontaithe, ar chuidigh Eurostat agus roinnt Ballstát de chuid an AE leis freisin. Tionscnaíodh an tsamhail atá beartaithe don suirbhé in 2008-2009 i sé Bhallstát déag, le tacaíocht ón gCoimisiún i bhfoirm deontas gníomhaíochta.

    Rinne na saineolaithe idirnáisiúnta meastóireacht ar thorthaí na dtreoirchleachtaí agus cuireadh ar fáil iad don ghrúpa oibre agus don tascfhórsa. Rinneadh mionchoigeartú na samhla atá beartaithe i bhfianaise na taithí sin ag sraith cruinnithe agus comhairliúchán i rith 2010.

    - Anailís ar éifeachtaí agus ar impleachtaí

    Leis an suirbhé maidir le coireacht agus sábháilteacht, cuirfear faisnéis ó gach Ballstát ar fáil den chéad uair i ndáil le hábhar atá thar a bheith tábhachtach do chúraimí beartais an AE. Trí mhodheolaíochtaí agus formáidí tuairiscithe coiteanna a úsáid cuirfear sonraí ar fáil a bheidh comhtháite, inchomparáide agus ar an ábhar sin ábhartha d'úsáideoirí ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon. Beidh ról lárnach ag na Ballstáit sa chleachtadh sin trí rannpháirteachas údarás staidrimh náisiúnta a bhfuil nósanna imeachta seanbhunaithe chun sonraí suirbhé a bhailiú agus a phróiseáil acu.

    GNÉITHE DLÍ AN TOGRA

    - Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

    Tá sé mar chuspóir ag an Rialachán seo creat coiteann a bhunú chun staidreamh Eorpach ar shábháilteacht ó choireacht a sholáthar, trí bhailiú, thiomsú, phróiseáil agus tharchur sonraí comhchuibhithe Eorpacha maidir le coireacht agus sábháilteacht ag na Ballstáit agus ar sonraí iad atá bunaithe ar shuirbhé teaghlach/pearsanta.

    - Bunús dlí

    Soláthraíonn Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí le haghaidh staidrimh Eorpaigh. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staidreamh a sholáthar, nuair is gá, chun gníomhaíochtaí an Aontais a dhéanamh. Leagann sé amach na ceanglais a bhaineann le staidreamh Eorpach a dhéanamh, agus sonraíonn sé go gcaithfear caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíoch, éifeachtachta costais, agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh iontu. Ní ceart ualaí iomarcacha a bheith ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.

    - Prionsabal na coimhdeachta

    Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar an gcúis seo a leanas.

    Tá comhtháiteacht agus comparáideacht ar cheann de na gnéithe cáilíochta is tábhachtaí a bhaineann le sonraí staidrimh. Ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach go leordhóthanach gan chreat Eorpach soiléir, i.e. reachtaíocht AE ina leagtar amach comhchoincheapa staidrimh, formáidí tuairiscithe agus ceanglais cháilíochta. Chun na críche sin, beartaítear samhail do shuirbhé maidir le coireacht agus sábháilteacht. Áireofar leis seo liosta athróg a bheidh le háireamh, agus ceistneoir samplach.

    Dá ngníomhódh na Ballstáit astu féin, dhéanfaí dochar do leasanna na mBallstát ar an gcúis seo a leanas.

    Maidir leis an gcuid is mó de na tíortha nach bhfuil suirbhéanna náisiúnta ar choireacht agus ar shábháilteacht acu, is mian leo na hionstraimí sin a fhorbairt chun críoch beartais. Dá má rud é go n-ullmhóidís a suirbhéanna féin, bheadh modheolaíochtaí agus ceistneoirí eile mar thoradh air sin, rud a chiallódh nach bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir torthaí ar leibhéal an AE. Is é miangas na mBallstát bheith in ann iad féin a chur i gcomparáid le tíortha eile an AE. I ngeall ar easpa comhchreata Eorpaigh ina n-úsáidtear coincheapa agus formáidí tuairiscithe coiteanna chuirfí an fhéidearthacht sonraí staidrimh inchomparáide a mhalartú i gcontúirt nó chuirfí as an áireamh ar fad í.

    Éireoidh níos fearr le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh cuspóirí an togra a bhaint amach ar na cúiseanna seo a leanas.

    Is féidir cuspóirí an togra a chur i gcrích níos fearr ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ar bhonn gnímh dhlíthiúil Eorpaigh, mar gurb é an Coimisiún amháin ar féidir leis an comhchuibhiú faisnéise staidrimh a chomhordú ar leibhéal an AE. Is féidir, áfach, leis na Ballstáit bailiú sonraí agus tiomsú staidrimh inchomparáide maidir le sábháilteacht ó choireacht a eagrú trí na hacmhainní agus na modhanna is iomchuí a úsáid chun an fhaisnéis is gá a sholáthar. Féadfaidh an AE beart a dhéanamh dá bhrí sin chun na críche sin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

    Is é cuspóir an togra comhchuibhiú a dhéanamh ar choincheapa, ar na hábhair atá cumhdaithe agus ar shaintréithe na faisnéise a éilítear, ar chuimsiú, ar chritéir cháilíochta agus ar spriocdhátaí tuairiscithe agus torthaí, chun staidreamh ábhartha, tráthúil, inchomparáide agus comhtháite Eorpach a bhaint amach.

    Baileoidh na Ballstáit na sonraí trína gcreata samplála náisiúnta féin, agus roghnóidh siad freisin an modh do na hagallaimh (agallaimh aghaidh ar aghaidh, ar an bhfón, tríd an bpost, ar an ngréasán, etc.) i gcomhréir le cleachtais náisiúnta bunaithe.

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

    - Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

    Tá an Rialachán teoranta don íosmhéid is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin.

    Beartaítear ann suirbhé nua a thabhairt isteach nuair is gá, ach ceadaítear do na Ballstáit ceanglais a chomhlíonadh trí shuirbhéanna náisiúnta atá ann cheana a athrú.

    - Rogha na n-ionstraimí

    An ionstraim atá beartaithe: Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas.

    Braitheann roghnú na hionstraime iomchuí ar an gcuspóir reachtach. I bhfianaise na riachtanas faisnéise ar leibhéal Eorpach, is é an treocht i gcás staidrimh Eorpaigh rialacháin seachas treoracha a úsáid mar ghníomhartha bunúsacha. Is fearr Rialachán mar leagtar síos an dlí céanna ar fud an Aontais Eorpaigh ann, lena n-áirithítear go gcuireann na Ballstáit i bhfeidhm é ar bhealach iomlán comhtháite. Tá sé infheidhme go díreach, rud a chiallaíonn nach gá é a thrasuíomh sa dlí náisiúnta. I gcodarsnacht leis sin, tá treoracha, lena ndírítear ar dhlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú, ceangailteach ar na Ballstáit maidir lena gcuspóirí, ach fágann siad faoi na húdaráis náisiúnta an rogha a dhéanamh maidir leis an bhfoirm a úsáidtear chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Caithfear iad a thrasuíomh sa dlí náisiúnta freisin. Tá úsáid rialacháin i gcomhréir leis na gníomhartha Eorpacha eile staidrimh ar glacadh leo ó 1997.

    IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Tá caiteachas de EUR 12 milliún in 2012 ó bhuiséad an AE intuigthe leis an togra seo.

    Cuireann an togra de cheangal ar na Ballstáit suirbhéanna nua a fhorbairt (nó i gcásanna áirithe, suirbhéanna a rinneadh cheana a oiriúnú). Tá an fhorbairt mhodheolaíoch atá i gceist leis an méid sin a dhéanamh an-chostasach, agus ina theannta sin is costasach i gcónaí suirbhéanna sóisialta toisc gur gá tuarastail, costais taistil, etc., na n-agallóirí a íoc. Is iomchuí, i bhfianaise na tosaíochta polaitiúla a thugtar do réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais i gClár Stócólm, go gclúdódh buiséad an AE suas le 90 % de chostais incháilithe na mBallstát.

    FAISNÉIS BHREISE

    - Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana

    Ní dhéanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm de thoradh an togra a ghlacadh.

    - An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

    Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

    2011/0146 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le staidreamh Eorpach ar shábháilteacht ó choireacht

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na Parlaimintí Náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[2],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. I gClár na Háige[3] dearbhaíonn an Chomhairle Eorpach an tosaíocht a thugann sí d'fhorbairt limistéir saoirse, slándála agus ceartais a fhreagraíonn d'ábhar mór imní de chuid phobail na Stát atá tugtha le chéile san Aontas, agus sa Chlár sin, fáiltíonn an Chomhairle Eorpach roimh thionscnamh an Choimisiúin ionstraimí Eorpacha a bhunú maidir le faisnéis faoi shaincheisteanna coireachta agus sábháilteachta sna Ballstáit a bhailiú, a anailísiú agus comparáid a dhéanamh uirthi. Tugann sí de chúram don Choimisiún (Eurostat) an fhaisnéis sin a shainiú agus a bhailiú ó Bhallstáit.

    2. Tá forbairt ionstraime staidrimh chun ábhair imní a bhaineann le sábháilteacht a thomhas ar cheann de phríomhchuspóirí Phlean Gníomhaíochta 2006-2010 an Aontais maidir le straitéis chuimsitheach agus chomhtháite don Aontais a fhorbairt chun coireacht agus ceartas coiriúil a thomhas, ar plean é a bheartaigh an Coimisiún chun spriocanna arna leagan amach i gClár na Háige a bhaint amach.

    3. Tá gealltanas na Comhairle Eorpaí maidir le hEoraip atá oscailte agus slán a fhónann dá saoránaigh agus a dhéanann cosaint orthu curtha i bhfios go láidir i gClár Stócólm[4], agus iarrtar ar an gCoimisiún ann leanúint d'fhorbairt uirlisí staidrimh chun coireacht agus gníomhaíochtaí coiriúla a thomhas agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na bearta atá leagtha amach agus curtha chun feidhme i bpáirt i bPlean Gníomhaíochta 2006-2010 an Aontais, i bhfianaise an mhéadaithe ar an ngá leis an staidreamh sin i réimsí áirithe a bhaineann leis an tsaoirse, leis an tslándáil agus leis an gceartas. Ina theannta sin, faoin Séú Clár Oibre arna ghlacadh le Cinneadh Uimh. 1513/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 maidir le séú clár réime an Chomphobail Eorpaigh do ghníomhaíochtaí taighde, forbartha teicneolaíche agus taispeána arb é is aidhm leo cur le cruthú limistéar taighde Eorpach agus leis an nuálaíocht (2002–2006)[5], agus faoin Seachtú Clár Réime arna ghlacadh le Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le seachtú clár réime an Chomphobail Eorpaigh do ghníomhaíochtaí taighde, forbartha teicneolaíche agus taispeána (2007–2013)[6], tá maoinithe ag an gCoimisiún roinnt tionscadal taighde maidir leis na tuairimí atá ann i leith a shábháilte agus a mhuiníní atá an córas póilíneachta agus an córas ceartais agus ba cheart na tionscadail sin a chur san áireamh.

    4. Toisc nach gan dua mór a d'fhorbródh na Ballstáit na huirlisí staidrimh is gá a fhorbairt chun coireacht agus ceartas coiriúil a thomhas, agus toisc an chostais a bheadh an bpróiseas sin, is iomchuí ranníocaíocht airgeadais suas le 90 % de na costais incháilithe a fháil ó bhuiséad an Aontais.

    5. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach[7] cuirtear creat tagartha ar fáil chun staidreamh Eorpach a sholáthar, lena n-áirítear an nós imeachta chun deontais a dheonú d'údaráis náisiúnta in Airteagal 5. Ceanglaítear leis, go háirithe, comhlíonadh na bprionsabal um neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus éifeachtacht costais.

    6. Áirithítear leis an Rialachán seo an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, mar atá leagtha amach in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh[8].

    7. Tá feidhm i gcomhthéacs an Rialacháin seo ag Treoir 95/46/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[9] agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[10] .

    8. Nuair atá staidreamh Eorpach á sholáthar agus á dháileadh acu faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus don Choimisiún (Eurostat) na prionsabail atá leagtha amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, arna fhormhuiniú ag an gCoimisiún ina Mholadh an 25 Bealtaine 2005 maidir le neamhspleáchas, ionracas agus freagracht údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail a chur san áireamh.

    9. Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann dlí a bhunú chun staidreamh Eorpach ar shábháilteacht ó choireacht a sholáthar, trí fhaisnéis bunaithe ar shampla daoine a bhailiú, a bhaint amach go leormhaith, agus gur fearr, dá bhrí sin, i ngeall ar scála agus éifeachtaí an ghnímh, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    10. D'fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a fhad a bhaineann leis na socruithe praiticiúla maidir le micreashonraí a mhalartú, modúlachtaí agus struchtúr mionsonraithe na dtuairiscí cáilíochta, agus an scéim um chódú sonraí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[11].

    11. Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo bunaítear creat ar mhaithe le forbairt, soláthar agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh inchomparáide maidir le sábháilteacht ó choireacht atá bunaithe ar shuirbhé ar theaghlaigh nó daoine.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) ciallaíonn 'teaghlach' duine a chónaíonn ina aonar nó grúpa daoine a chónaíonn le chéile sa teaghais phríobháideach chéanna agus a chomhroinneann an caiteachas, lena n-áirítear comhsholáthar nithe sár-riachtanacha na beatha; ní chumhdaíonn an sainmhíniú sin teaghlaigh chomhchoiteanna amhail ospidéil, tithe altranais nó chónaithe, príosúin, beairicí míleata, institiúidí reiligiúnacha, tithe lóistín nó brúnna;

    (b) ciallaíonn 'gnátháit chónaithe' an áit a gcaitheann duine a thréimhse scíthe laethúil go hiondúil, is cuma é a bheith as láthair go sealadach chun críocha áineasa, saoire, cuairteanna ar chairde agus ar ghaolta, gnó, cóireála leighis nó oilithreachta reiligiúnaí nó ina héagmais sin, an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe.

    Measfar gurb iad na daoine seo a leanas amháin na gnáthchónaitheoirí sa cheantar geografach a bheidh i gceist:

    (i) na daoine a bhfuil cónaí orthu ina ngnátháit chónaithe ar feadh tréimhse leanúnach dhá mhí dhéag ar a laghad roimh an dáta tagartha; nó

    (ii) na daoine a tháinig chun cónaí ina ngnátháit chónaithe sa dá mhí dhéag roimh an dáta tagartha agus é ar intinn acu fanacht ann ar feadh bliana ar a laghad.

    I gcás nach féidir na himthosca a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (i) nó i bpointe (ii) a shuíomh, ciallóidh 'gnátháit chónaithe' an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe.

    (c) ciallaíonn ‘sábháilteacht’ braistint an tsaoránaigh go bhfuil sé slán ó bhagairtí de chineál coiriúil ar a phearsa, a theaghlach nó a ar a shealúchas;

    (d) ciallaíonn ‘freagra trí iondaí’ faisnéis faoi dhuine arna soláthar ag ball eile de theaghlach an duine sin;

    (e) ciallaíonn ‘micreashonraí’ na taifid staidrimh faoi leith;

    (f) ciallaíonn ‘meiteashonraí maidir le cáilíocht’ aon fhaisnéis arna soláthar ag soláthróirí sonraí a mheastar a bheith úsáideach chun na sonraí sin a léirmhíniú.

    Airteagal 3

    Raon feidhme

    12. Cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

    13. Cuirfear ceisteanna faoi fhoréigean gnéasach ar leithligh ar bhonn roghnach.

    14. Ar bhonn eisceachtúil, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhFrainc ná ar Éirinn sonraí a bhailiú maidir le foréigean idir daoine den teaghlach céanna.

    Airteagal 4

    Saintréithe sonraí agus tagairt ama

    1. Baileofar sonraí ar bhonn sampla de theaghlaigh nó de dhaoine mar atá leagtha amach in Airteagal 5.

    2. In 2013 a bhaileofar na sonraí.

    3. Cumhdóidh an tréimhse bhreathnadóireachta an dá mhí dhéag roimh bhailiú na sonraí.

    Airteagal 5

    Sampláil agus samplamhéid

    1. Beidh na sonraí bunaithe ar shamplaí dóchúlachta ionadaíocha náisiúnta.

    2. Maidir leis an samplamhéid a bheidh le baint amach, ar samplamhéid é a ríomhfar ar bhonn samplála randamaí simplí, beidh an méid seo a leanas ar a laghad ann:

    (a) 8 000 duine i mBallstáit ina bhfuil daonra níos mó ná 10 milliún atá 16 bliana agus níos sine;

    (b) 7 000 duine i mBallstáit ina bhfuil daonra níos mó ná 10 milliún agus níos lú ná 5 mhilliún atá 16 bliana agus níos sine;

    (c) 6 000 duine i mBallstáit ina bhfuil daonra níos mó ná 1,5 milliún agus níos lú ná 5 mhilliún atá 16 bliana agus níos sine,

    (d) 5 000 duine i mBallstáit ina bhfuil daonra níos mó ná 0.5 milliún agus níos lú ná 1.5 mhilliún atá 16 bliana agus níos sine,

    (e) 3 000 duine i mBallstáit ina bhfuil daonra níos lú ná 0.5 milliún atá 16 bliana agus níos sine,

    Airteagal 6

    Aonad bailiúcháin

    1. Is éard a bheidh sa daonra tagartha gach duine a bhfuil cónaí air i dteaghlach agus a bhfuil a ghnátháit chónaithe i gcríoch an Bhallstáit tráth bhailiú na sonraí.

    2. Codanna beaga den chríoch náisiúnta nach bhfuil níos mó ná 2 % den daonra náisiúnta ina ghnáthchónaí ann, mar aon leis na críocha náisiúnta atá liostaithe in Iarscríbhinn II, féadfar iad a eisiamh ón suirbhé.

    3. Bainfidh na sonraí le daoine ar aois 16 nó níos sine.

    4. Ní cheadófar freagraí trí ionadaí.

    Airteagal 7

    Sonraí a tharchur agus a láimhseáil

    1. Déanfaidh na Ballstáit micreashonraí rúnda a tharchur chuig an gCoimsiún (Eurostat) i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarchur sonraí faoi réir rúndachta atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar daoine ná teaghlaigh a shainaithint go díreach ó na sonraí a tharchuirfear.

    2. Tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí faoin 31 Iúil 2014 ar a dhéanaí. Beidh ag gabháil leis na micreashonraí sraith táblaí sainmhínithe ina mbeidh táscairí ar rátaí leitheadúlachta sa 12 mhí dheireanacha de réir cineálacha coire agus braistintí sábháilteachta.

    Airteagal 8

    Soláthar sonraí agus meiteashonraí

    1. Soláthróidh na Ballstáit na micreashonraí agus na meiteashonraí cáilíochta gaolmhara i gcomhréir le caighdeán malartaithe arna shonrú ag an gCoimsiún (Eurostat). Cuirfear micreashonraí agus meiteashonraí ar cháilíocht ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ar mhodh leictreonach, tríd an bpointe aonair iontrála a úsáid.

    2. Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe praiticiúla maidir le micreashonraí a mhalartú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

    Airteagal 9

    Dáileadh sonraí agus rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha

    1. Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh maidir le sábháilteacht ó choireacht faoin 31 Nollaig 2014 ar a dhéanaí.

    2. Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) rochtain a thabhairt ar shonraí rúnda arna dtarchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 831/2002.

    Airteagal 10

    Measúnú cáilíochta

    1. Déanfaidh na Ballstáit cáilíocht na micreashonraí arna dtarchur a áirithiú.

    2. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí a tharchuirfear.

    3. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na micreashonraí a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat). Soláthrófar an tuarascáil aon mhí amháin ar a dhéanaí tar éis tharchur na sonraí.

    4. Agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 2 á gcur i bhfeidhm aige maidir leis na sonraí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modúlachtaí agus struchtúr mionsonraithe na gcomhad meiteashonraí maidir le cáilíocht, agus an scéim um chódú sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

    5. Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur go háirithe maidir le hinchomparáideacht sonraí idir Bhallstáit a áirithiú.

    Airteagal 11

    Maoiniú

    1. Chun an suirbhé a chur chun feidhme, tabharfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais do na Ballstáit i bhfoirm deontais chun cuidiú leo costais bhailiú, phróiseáil agus tharchur na sonraí a chumhdach, lena n-áirítear costais thuarastail phearsanra na rialtas náisiúnta, faoi réir na gcoinníollacha arna leagan amach sa chomhaontú deontais. Deonófar an deontas do na hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus d'údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    2. Ní fhéadfaidh uasmhéid an chómhaoinithe ón Aontas a bheith níos mó ná 90 % de chostais incháilithe iomláin an tionscadail.

    3. Braithfidh an ranníocaíocht airgeadais ar infhaighteacht leithreasaí arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais.

    4. Ní bhfaighidh gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo cúnamh ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais. Soláthróidh na tairbhithe faisnéis don Choimisiún maidir le haon chistiú eile a fuarthas agus maidir le hiarratais ar chistiú atá á ndéanamh acu.

    5. Nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí aisghabháil na méideanna a íocadh go míchuí agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95[12] ón gComhairle agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96[13] ón gComhairle agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14].

    6. I gcás gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, ciallóidh coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar oibleagáid chonarthach nó aon bhriseadh oibleagáide conarthaí arb é is cúis leis gníomh nó neamhghníomh de chuid oibreora eacnamaíoch, a bhfuil sé d'éifeacht aige nó a mbeadh sé d'éifeacht aige, de bharr ítime caiteachais gan údar, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais nó do bhuiséid arna mbainistiú aige.

    7. Forálfar go háirithe sna conarthaí agus sna comhaontuithe a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo go ndéanfaidh an Coimisiún (nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún) maoirseacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, ar an láthair más gá.

    Airteagal 12

    An nós imeachta coiste

    1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 13

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Scorfaidh d'fheidhm a bheith ag an Rialachán seo an 30 Meitheamh 2015.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

    An tUachtarán An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN I

    SONRAÍ ATÁ LE CUR FAOI BHRÁID AN CHOIMISIÚIN (EUROSTAT)

    15. Taithí ar choireacht de réir cineálacha coireachta:

    16. Coireanna a bhaineann le feithiclí:

    (1) goid gluaisteán,

    (2) goid ó ghluaisteáin,

    (3) goid gluaisrothar,

    (4) goid rothar;

    17. Coireacht a bhaineann le teaghlaigh: buirgléireacht sa phríomhtheaghlach;

    18. Coireanna pearsanta:

    (1) goid,

    (2) goid maoine pearsanta;

    19. Coireanna neamhchoinbhinsiúnacha:

    (1) calaois ar thomhaltóirí,

    (2) mí-úsáid cártaí nó mí-úsáid baincéireacht ar líne,

    (3) breabaireacht;

    20. Sonraí coireanna:

    21. I gcás gach cineál coire atá liostaithe faoi 1.1–1.4, tá na sonraí seo a leanas le bailiú:

    22. cé acu a tharla an teagmhas/na teagmhais le cúig bliana anuas nó nár tharla (roghnach),

    23. cé acu a tharla an teagmhas/na teagmhais le 12 mhí anuas nó nár tharla,

    24. cá mhinice a tharla sé le 12 mhí anuas,

    25. cé acu a tuairiscíodh nó nár tuairiscíodh an teagmhas deireanach do na póilíní (nó d'údarás eile i gcás calaoise ar thomhaltóirí, mí-úsáide cártaí nó mí-úsáide baincéireacht ar líne, agus breabaireachta),

    26. cé acu a bhí freagairt na bpóilíní ar an teagmhas deireanach arna thuairisciú sásúil nó nach raibh;

    27. I dteannta na mionsonraí arna lua in 2.1, tá an fhaisnéis seo a leanas maidir le teagmhas deireanach gach coire le bailiú mar seo a leanas:

    (1) i gcás gach coire a bhaineann le feithiclí, gach coire pearsanta, agus gach coire neamhchoinbhinsiúnacha:

    - mar ar tharla an teagmhas deireanach;

    (2) i gcás goide gluaisteán:

    - cé acu a fuarthas an gluaisteán ar ais nó nach bhfuarthas;

    (3) i gcás buirgléireacht ar an bpríomhtheach agus i gcás robála:

    - cén fáth nár cuireadh na póilíní ar an eolas.

    - cén fáth nach raibh an freagróir sásta le freagairt na bpóilíní,

    - cé acu ar chuaigh an freagróir i dteagmháil le seirbhís taca d'íospartaigh nó nach ndeachaigh,

    - cé acu a bheadh seirbhís taca d'íospartaigh fónta nó nach mbeadh;

    (4) i gcás robála:

    - cé acu a goideadh aon rud nó nár goideadh,

    - cé acu a d'úsáid an ciontóir arm nó nár úsáid,

    - cén sórt airm a d'úsáid an ciontóir,

    - cé acu a gortaíodh an freagróir nó nár gortaíodh,

    - cé acu a cuireadh cóir leighis ar an ngortú nó nár cuireadh,

    - cad é mar a chuaigh an teagmhas do mhothúcháin an fhreagróra;

    (5) i gcás goide maoine pearsanta:

    - cé acu a bhí greim ag an bhfreagróir ar na hearraí goidte nó a bhí siad ar iompar aige, nó nach raibh

    (6) i gcás calaoise ar thomhaltóirí:

    - cé acu a bhí an chalaois bainteach le hearraí agus seirbhísí a cheannach nó nach raibh,

    - cé acu a bhí baint ag an idirlíon nó ríomhphoist leis an gcalaois nó nach raibh;

    (7) i gcás mí-úsáide cártaí agus mí-úsáid baincéireacht ar líne:

    - cé acu mí-úsáid cártaí nó mí-úsáid baincéireacht ar líne a bhí ann;

    (8) i gcás breabaireachta:

    - cé a bhí páirteach ann;

    - Dearcadh na bhfreagróirí ar fheidhmiú an dlí agus ar réamhchúraimí slándála:

    - cé acu a cuireadh an freagróir i mbealach fadhbanna drugaí nó nár cuireadh,

    - cé acu atá aláram ag an bhfreagróir nó nach bhfuil,

    - cé acu atá doras nó glais speisialta ag an bhfreagróir nó nach bhfuil,

    - cé acu a sheachnaíonn siad áiteanna áirithe tar éis thitim na hoíche nó nach seachnaíonn,

    - cé acu atá gunna ag an bhfreagróir nó nach bhfuil,

    - cad faoi deara gunna a bheith ag an bhfreagróir,

    - tuairim an fhreagróra i leith fheidhmíocht na bpóilíní,

    - tuairim an fhreagróra i leith fheidhmíocht na gcúirteanna,

    - tuairim an fhreagróra i leith cad is pianbhreith oiriúnach ann as buirgléireacht;

    - Braistintí an fhreagróra maidir le sábháilteacht agus cúiseanna imní an fhreagróra i leith coireachta:

    - braistintí maidir le sábháilteacht daoine agus iad amuigh ina n-aonar istoíche,

    - cúiseanna imní maidir le hionsaithe fisiciúla,

    - cúiseanna imní a bhaineann le sceimhlitheoireacht,

    - an dóchúlacht go ndéanfar buirgléireacht;

    - Cúlra sochdhéimeagrafach an fhreagróra:

    - gnéas,

    - aois,

    - tír bhreithe,

    - tír bhreithe a mháthar,

    - tír bhreithe a athar,

    - saoránacht,

    - stádas pósta,

    - stádas pósta de facto ,

    - caidreamh san am atá caite,

    - stádas fostaíochta,

    - obair lánaimseartha nó pháirtaimseartha,

    - stádas proifisiúnta,

    - post,

    - gníomhaíocht eacnamaíoch an aonaid áitiúil,

    - an leibhéal oideachais nó oiliúna is airde arna chur i gcrích ag an bhfreagróir,

    - leibhéal ioncaim an teaghlaigh;

    - Athróga teicniúla:

    - tír chónaithe

    - réigiún cónaithe

    - cé chomh huirbithe agus atá an ceantar ina bhfuil an teaghlach ina chónaí,

    - bliain tagartha an tsuirbhé,

    - mí an tsuirbhé,

    - aitheantas an fhreagróra,

    - fachtóir ualaithe don teaghlach,

    - fachtóir ualaithe do dhaoine aonair,

    - an modh bailithe sonraí arna úsáid,

    - an modh arna úsáid san agallamh chun seiceáil a dhéanamh maidir leis an éifeacht teileascópála

    - an teanga arna húsáid san agallamh,

    - líon na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa teaghlach, an freagróir san áireamh;

    - Coireanna foréigin (cuirtear na ceisteanna seo i modúl ar leith ag deireadh an agallaimh)

    (1) foréigean fisiceach nach mbaineann leis an bpáirtí:

    - cé acu a rinne nó nach ndearna duine éigin, e.g. duine sa scoil nó san obair, cara, stráinséir, nó comharsa, boiseog a thabhairt, nó rud a chaitheamh nó duine a bhrú nó gruaig a tharraingt,

    - cé acu a rinne nó nach ndearna aon duine de na daoine thuasluaite buille a thabhairt lena dhorn nó le rud eile, nó ciceáil, nó sracadh nó greadadh,

    - cé acu a rinne nó nach ndearna aon duine de na daoine thuasluaite tachtadh nó dó, nó a bhagair gunna nó scian nó arm eile a úsáid;

    (2) foréigean gnéasach nach mbaineann leis an bpáirtí (roghnach):

    - cé acu a thug nó nár thug duine éigin, e.g. duine sa scoil nó san obair, cara, stráinséir, nó comharsa, ar an bhfreagróir lánúnas collaí neamhiarrtha a dhéanamh trí bhíthin, mar shampla, bagairt a dhéanamh, an duine a choinneáil ina luí nó an duine a chur i gcúngach sa chaoi is nárbh fhéidir diúltú,

    - cé acu a d'fhéach nó nár fhéach aon duine de na daoine thuasluaite le tabhairt ar an bhfreagróir gníomh nó lánúnas collaí neamhiarrtha nó aon ghníomh collaí neamhiarrtha eile a dhéanamh;

    (3) foréigean fisiceach a bhaineann leis an bpáirtí:

    - cé acu a rinne nó nach ndearna an páirtí san am i láthair nó páirtí san am atá caite, e.g iar-fhear céile nó iar-bhuachaill, nó iar-bhean chéile nó iar-chailín, boiseog a thabhairt, nó rud éigin a chaitheamh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhuine, nó duine a bhrú, nó gruaig a tharraingt,

    - cé acu a rinne nó nach ndearna aon duine de na daoine thuasluaite buille a thabhairt lena dhorn nó le rud eile, nó ciceáil, nó sracadh nó greadadh,

    - cé acu a rinne nó nach ndearna aon duine de na daoine thuasluaite tachtadh nó dó, nó a bhagair gunna nó scian nó arm eile a úsáid;

    (4) foréigean gnéasach a bhaineann leis an bpáirtí (roghnach):

    - cé acu a rinne nó nach ndearna an freagróir gníomhaíocht ghnéasach toisc eagla a bheith ar an duine sin roimh a ndéanfadh páirtí an ama i láthair nó iar-pháirtí, e.g iar-fhear céile nó iar-bhuachaill, nó iar-bhean chéile nó iar-chailín,

    - cé acu a thug nó nár thug aon duine de na daoine thuasluaite ar an bhfreagróir gníomhaíocht ghnéasach neamhiarrtha a dhéanamh,

    - I gcás foréigin fhisicigh nach mbaineann leis an bpáirtí agus i gcás foréigin fhisicigh a bhaineann leis an bpáirtí tá na sonraí seo a leanas le bailiú:

    - cé acu a tharla an teagmhas/na teagmhais le cúig bliana anuas nó nár tharla (roghnach),

    - cé acu a tharla an teagmhas/na teagmhais le 12 déag anuas nó nár tharla,

    - cá mhinice a tharla sé le 12 déag anuas,

    - cár tharla an teagmhas deireanach,

    - cé acu a úsáideadh arm nó nár úsáideadh,

    - cén cineál airm a úsáideadh,

    - cé acu a gortaíodh an freagróir nó nár gortaíodh,

    - cé acu a cuireadh cóir leighis ar an ngortú nó nár cuireadh,

    - cad é mar a chuaigh an teagmhas do mhothúcháin an fhreagóra,

    - cé a rinne,

    - cé acu a tuairiscíodh an teagmhas deireanach do na póilíní nó nár tuairiscíodh,

    - cén fáth nár tuairiscíodh é,

    - cé acu a bhí freagairt na bpóilíní ar an teagmhas deireanach arna thuairisciú sásúil nó nach raibh,

    - cén fáth nach raibh an freagróir sásta le freagairt na bpóilíní,

    - cé acu a ndeachaigh an t-íospartach i dteagmháil le seirbhís taca d'íospartaigh nó nach ndeachaigh,

    - cé acu a bheadh seirbhís taca d'íospartaigh fónta nó nach mbeadh;

    - Tá na sonraí atá liostaithe in 7.1 roghnach i gcás coireanna foréigin ghnéasaigh a bhaineann leis an bpáirtí agus i gcás coireanna foréigin ghnéasaigh nach mbaineann leis an bpáirtí.

    - Tíortha nach gcuireann ceisteanna criathraithe maidir le coireanna a tharla le linn na gcúig bliana roimh an agallamh, seachnaidís 'róthuairisciú' ('an éifeacht teileascópála') trí cheisteanna criathraithe a chur a chlúdaíonn ar a laghad dhá bhliain, nó dáta beacht an teagmhais arna thuairisciú ag an bhfreagróir a sheiceáil.

    - IARSCRÍBHINN II

    CRÍOCHA NÁISIÚNTA A FHÉADFAR A EISIÚINT ÓN SUIRBHÉ

    Tír | Críocha náisiúnta |

    An Fhrainc | Na Ranna agus na Críocha Francacha thar lear |

    An Ísiltír | Oileáin Mhuir Chairib (Bonaire, Sint Eustatius agus Saba), Oileáin na Freaslainne Thiar seachas Texel |

    Éire | Gach oileán amach ón gcósta seachas Acaill, an Bulla Thuaidh, an Chruit, Garmna, Inis Aodha, Leitir Móir, Leitir Mealláin, agus Dairbhre |

    An Ríocht Aontaithe | Albain ó thuaidh ón gCanáil Chaladónach, na Scillí |

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH

    1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh

    1.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3. An cineál togra/tionscnaimh

    1.4. Cuspóirí

    1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh

    1.6. Ré agus tionchar airgeadais

    1.7. Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe

    2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe

    2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1. Ceannteideal/Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

    3.2. An tionchar a mheastar ar chaiteachas

    3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas

    3.2.2. An tionchar a mheastar ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3. An tionchar a mheastar ar leithreasaí de chineál riaracháin

    3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3. An tionchar a mheastar ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH

    1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh

    RIALACHÁN (AE) Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach ar shábháilteacht ó choireacht.

    1.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB [15]

    3403- Soláthar faisnéise staidrimh.

    1.3. An cineál togra/tionscnaimh

    x Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[16]

    ( Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

    1.4. Cuspóirí

    1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Clár Staidrimh Comhphobail 2008–2012, TEIDEAL IV. Víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine.

    An Chomhairle Eorpach Clár Stócólm ( Eoraip oscailte agus slán a fhónann dá saoránaigh agus a dhéanann cosaint orthu ), IO C 115, 4.5.2010, lch 1.

    Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin 2006–2010 maidir le coireacht a thomhas agus ceartas coiriúil, COIM (2006) 0437

    1.4.2. Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht/na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Uimh. an chuspóra shonraigh.

    Cuspóir sonrach 1 – cosaint sonraí

    Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    3403- Soláthar faisnéise staidrimh.

    1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Faisnéis níos inchomparáide faoi choireacht agus faoi shábháilteacht san AE.

    Staidreamh a bheith ina chranntaca ag ceapadh beartas chun sábháilteacht a chur chun cinn agus chun coireacht a chosc.

    1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí a léiríonn monatóireacht ar chur chun feidhme an togra/an tionscnaimh.

    Infhaighteacht táscairí inchomparáide ar shábháilteacht agus micreashonraí maidir le gach ceann de na 27 Ballstát agus de thíortha an LEE.

    1.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh

    1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Táscairí a bheith ar fáil do Bhallstáit uile an AE agus do thíortha an LEE, ar táscáirí inchomparáide le haghaidh an AE iad maidir le braistint sábháilteachta pearsanta agus maidir le taithí ar bheith mar íospartach coireachta.

    - Micreashonraí a thabhairt do lucht taighde.

    1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Inchomparáideacht na dtorthaí maidir le sábháilteacht ó choireacht ar leibhéal an AE a rannchuideoidh le ceapadh beartais bunaithe ar fhianaise.

    1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

    Níl infheidhme.

    1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

    Tríd an bhfaisnéis a sholáthraítear sa suirbhé seo féadfar meastóireacht cheart a dhéanamh arfhaisnéis faoi choireacht ó fhoinsí eile amhail taifid na bpoilíní.

    1.6. Ré agus tionchar airgeadais

    X Togra/tionscnamh de ré theoranta

    - ( Togra/tionscnamh in éifeacht ón [LL/MM]2011 go dtí an [LL/MM]2015

    - ( Tionchar airgeadais ó 2012 go 2015

    ( Togra/tionscnamh de ré theoranta

    - Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB,

    - agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

    1.7. Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe[17]

    X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

    ( Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    - ( gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    - ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[18]

    - ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    - ( daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    ( Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

    ( Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

    ( Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe

    Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

    I rith an phróisis cur chun feidhme, beidh cruinnithe Tascfhórsa ar bhonn rialta le Ballstáit chun monatóireacht a dhéanamh ar an suirbhé agus chun taithí a mhalartú.

    Déanfar monatóireacht ar an bpróiseas ar bhonn tuairisciú ar cháilíocht na suirbhéanna de réir rialacha sonracha de chuid Eurostat.

    2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1 An riosca/na rioscaí a aithníodh

    Do-úsáidteacht acmhainní airgeadais ar leibhéal náisiúnta chun ranníocaíocht na mBallstát le costas an tsuirbhé a chumhdach.

    2.2.2 Modh/Modhanna rialaithe atá beartaithe

    Cómhaoiniú arna dhéanamh ag an gCoimisiun Eorpach ar chur chun feidhme an tsuirbhé, faoi réir leithreasaí a bheith ar fáil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh.

    2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Rialuithe arna gcur ar bun, ag cur i bhfeidhm nósanna imeachta gníomhaíochta caighdeánaí.

    3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1. Ceannteideal/Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

    - Línte buiséid don chaiteachas reatha

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

    Líon Uimhir[Ceannteideal ……………...………………………………] | LD /LN ([19]) | ó thíortha an CSTE[20] | ó thíortha is iarrthóirí[21] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

    [1a] | 29.02.03 Clár Staidrimh an Chomhphobail 2008 go 2012. | LD | Is ea | Ní hea | Ní hea | Ní hea |

    [3a] | 18.05.09 – Coireacht a chosc agus a chomhrac nó an líne buiséid a chuirfear ina áit | LD | Ní hea | Sea (mar chomhpháirtí amháin) | Ní hea | Sea (Ballstáit agus a gcomhlachtaí poiblí amháin) |

    - Línte nua buiséid arna n-iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

    Líon Uimhir[Ceannteideal ……………...………………………………] | LD/LN | ó thíortha an CSTE | ó thíortha is iarrthóirí | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

    [XX.YY.YY.YY] | IS EA/NÍ hEA | IS EA/NÍ hEA | IS EA/NÍ hEA | IS EA/NÍ hEA |

    3.2. AN TIONCHAR A MHEASTAR AR CHAITEACHAS

    3.2.1 Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | Líon | 1a Iomaíochas le haghaidh fáis |

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    - 3.2.3.2. Riachtanais acmhainní daonna a mheastar a bheidh aige

    - ( Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

    - X Éilíonn an togra/an tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéid)

    Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N + 2 | Bliain N + 3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) |

    ( Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) |

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | 2 | 2 | 2 | 2 |

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) |

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach) |

    01 01 05 01 (Taighde díreach) |

    ( Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE[31] |

    XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") |

    XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) |

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE Taighde díreach) |

    Línte buiséid eile (sonraigh) |

    IOMLÁN | 2 | 2 | 2 | 2 |

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | An fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na Ballstáit chun suirbhé a sheoladh Ullmhú uirlisí faisnéisíochta chun sonraí a fháil, a bhailíochtú agus a phróiseáil Na sonraí a ullmhú lena bhfoilsiú |

    Pearsanra seachtrach | Neamhbhainteach |

    - 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    - ( Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    - X( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Clúdófar an buiséad iomlán ina iomláine trí áth-imlonnú.

    - ( Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[34].

    3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    - Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    3.3. An tionchar a mheastar ar ioncam

    - X Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

    [1] IO L 344, 28.12.2007, lch. 15.

    [2] IO C […], […], Lch. […].

    [3] IO C 53, 03.3.2005, Lch. 1.

    [4] IO C 115, 4.5.2010, Lch. 1.

    [5] IO 232, 29.8.2002, lch. 1.

    [6] IO 412, 30.12.2006, lch. 1.

    [7] IO L 87, 31.3.2009, Lch. 164.

    [8] IO C 303, 14.12.2007, Lch. 1.

    [9] IO L 281, 23.11.1995, Lch. 31.

    [10] IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1.

    [11] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

    [12] IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

    [13] IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

    [14] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

    [15] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

    [16] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

    [17] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

    [18] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

    [19] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

    [20] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [21] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar .

    [22] Is í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/an tionscnaimh.

    [23] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [24] Is í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/an tionscnaimh.

    [25] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [26] Is í bliain N an bhliain ina gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/an tionscnaimh.

    [27] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

    [28] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha...

    [29] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    [30] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [31] GC=Gníomhaire ar conradh; FE=Foireann Eatramhach (' Intérimaire ') SÓT='Saineolaí Óg i dToscaireacht'; GA= Gníomhaire Áitiúil; SNI= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht;

    [32] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

    [33] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

    [34] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

    Top