Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0077

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí

    /* COM/2011/0077 final - COD 2008/0028 */

    52011PC0077

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí /* COM/2011/0077 final - COD 2008/0028 */


    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 22.2.2011

    COIM(2011) 77 leagan deireanach

    2008/0028 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí

    2008/0028 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí

    1. CÚLRA

    An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2008) 40 leagan deireanach – 2008/0028 (COD)): | 1 Feabhra 2008 |

    An dáta a tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 18 Meán Fómhair 2008 |

    An dáta a tugadh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh: | 16 Meitheamh 2010 |

    An dáta a seoladh an togra leasaithe: | [*] |

    Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil: | 7 Nollaig 2010 |

    An dáta a glacadh seasamh na Comhairle: | 21 Feabhra 2011 |

    * I bhfianaise na n-imeachtaí sa Chomhairle tar éis an chéad léimh i bParlaimint na hEorpa, níor ullmhaigh an Coimisiún togra leasaithe ach chuir sé a thuairimí maidir le leasuithe na Parlaiminte in iúl sa "Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na bearta a rinneadh i leith tuairimí agus rún arna nglacadh ag an bParlaimint i bpáirtseisiún mí an Mheithimh 2010" (doiciméad SP(2010)6136 ), arna seoladh chuig Parlaimint na hEorpa an 29 Meán Fómhair 2010.

    2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

    Trí bhíthin an togra comhdhlúthaítear agus tugtar cothrom le dáta dhá réimse thábhachtacha den reachtaíocht lipéadaithe, mar atá lipéadú ginearálta ar bhia agus lipéadú cothaithe , arna gcumhdach le Treoir 2000/13/CE[1] agus Treoir 90/496/CEE[2] faoi seach. Ina theannta sin, trí bhíthin an togra athmhúnlaítear sé cinn de Threoracha a bhaineann le lipéadú catagóirí áirithe bia. Is iad seo a leanas cuspóirí an togra seo:

    - An reachtaíocht maidir le lipéadú bia a shimpliú trí aon ionstraim amháin a chruthú le haghaidh prionsabal agus ceanglas a bhaineann le ceanglais chothrománacha lipéadaithe maidir le lipéadú ginearálta agus lipéadú cothaithe.

    - Forálacha sonracha a áireamh maidir le freagrachtaí feadh an tslabhra bia i ndáil le faisnéis bia a bheith ann agus cruinneas na faisnéise sin.

    - Critéir intomhaiste a bhunú maidir le gnéithe áirithe d'inléiteacht lipéadú bia.

    - Na rialacha a bhaineann le lipéadú i leith tíre tionscnaimh nó i leith bunáitíochta a shoiléiriú.

    - Lipéadú cothaithe sa phríomhréimse radhairc a thabhairt isteach i gcás fhormhór na mbianna próiseáilte .

    - Córas rialaithe a bhunú maidir le gnéithe áirithe de lipéadú deonach ar bhia, trí fhormhuiniú na mBallstát.

    3. BARÚLACHA MAIDIR LE SEASAMH NA COMHAIRLE

    3.1. Barúlacha ginearálta

    Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ag an gcéad léamh an 16 Meitheamh 2010. Ghlac an Coimisiún 113 leasú ina n-iomláine, i bpáirt, nó i bprionsabal as 247 leasú arna nglacadh ag an gcéad léamh, ós rud é gur shíl sé gur shoiléirigh nó gur fheabhsaigh na leasuithe sin an togra ón gCoimisiún agus ós rud é go raibh siad ag teacht le haidhm ghinearálta an togra.

    Tríd is tríd, tagann seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh arna ghlacadh an 21 Feabhra 2011 le cuspóirí an bhuntogra ón gCoimisiún, ach imíonn sé ó na cuspóirí sin ar roinnt bealaí. Níor chuir an Coimisiún i gcoinne an chomhaontaithe pholaitiúil ar an téacs ionas nach stadfaí an próiseas reachtach. Mar sin féin, thug an Coimisiún le fios don Chomhairle sa dearbhú a ghabhann leis seo nach gclúdaíonn téacs na hUachtaránachta na leasuithe ón bParlaimint ar chuir an Coimisiún in iúl ina leith nach bhféadfadh sé glacadh leo, go háirithe an ceanglas maidir le faisnéis áirithe cothaithe ar aghaidh na pacáistíochta.

    3.2. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo agus a ionchorpraíodh ina n-iomláine, i bpáirt nó i bprionsabal i seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh

    Lipéadú tionscnaimh : i seasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh, moladh lipéadú tionscnaimh a bheith sainordaitheach i gcás feola, éanlaithe, táirgí déiríochta, torthaí agus glasraí úra, táirgí eile nach bhfuil ach aon chomhábhar amháin iontu, agus i gcás feola agus éisc nuair a úsáidtear iad mar chomhábhar i mbianna próiseáilte (leasú 101). Tá lipéadú sainordaitheach ann cheana i gcás torthaí agus glasraí, mairteola, fíona, ola olóige, agus éanlaith arna hallmhairiú, agus thíolaic an Coimisiún togra[3] le déanaí arb é is aidhm leis bunús dlí a chruthú féachaint lipéadú éigeantach maidir leis an áit feirmeoireachta a thabhairt isteach i ngach earnáil talmhaíochta, tar éis measúnuithe tionchair. Ina Theachtaireacht maidir leis an tuairim ón bParlaimint, ghlac an Coimisiún, go páirteach agus faoi réir athrú foclaíochta, leis an leasú ón bParlaimint maidir le lipéadú tionscnaimh sainordaitheach a leathnú ó thaobh bunearraí bia príomha nach ndearnadh próiseáil shubstaintiúil/shuntasach orthu agus a mheastar, de ghnáth, a bheith ina dtáirgí nach bhfuil ach aon chomhábhar amháin iontu faoi réir theacht i bhfeidhm beart tarmligthe, arna mbunú ar mheasúnuithe tionchair. Ina theannta sin, thug an Coimisiún le fios gur cheart, d'fhonn ionchais tomhaltóirí agus na srianta praiticiúla a bhaineann le bianna ar leith a chur san áireamh, cur i bhfeidhm lipéadú tionscnaimh shainordaithigh a bheith faoi réir teacht i bhfeidhm beart tarmligthe, arna mbunú ar mheasúnuithe tionchair, lena gcinnfí, go háirithe, an bealach a léireofaí an fhaisnéis maidir leis an áit arb as don bhia, i gcás gach bia nó i gcás catagóirí sonracha bianna.

    I seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh, moltar lipéadú tionscnaimh sainordaitheach a chur i bhfeidhm maidir le muiceoil neamhphróiseáilte, uaineoil neamhphróiseáilte, feoil neamhphróiseáilte gabhair, éineoil neamhphróiseáilte, faoi réir rialacha cur chun feidhme a bheith glactha faoi cheann dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Tá sé molta ag an gComhairle, leis, go gcaithfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le lipéadú sainordaitheach na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle faoi cheann trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin: bainne; bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta; feoil a úsáidtear mar chomhábhar; bianna neamhphróiseáilte; táirgí nach bhfuil ach aon chomhábhar amháin iontu; agus comhábhar arb ionann iad agus níos mó ná 50 % den bhia i gceist. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le lipéadú sainordaitheach i gcás muiceola, éineola, uaineola agus feola gabhair. Mar sin féin, measann an Coimisiún, i bhfianaise an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gur cheart cur i bhfeidhm an cheanglais sin a dhéanamh trí ghníomhartha tarmligthe ós rud é go bhfuil eilimintí gar-reachtacha i gceist. Ba cheart na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh faoi chuimsiú fhorálacha sonracha de chuid an Aontais atá infheidhme maidir le hearnáil na muiceola, earnáil na huaineola, earnáil na feola gabhair agus earnáil na héineola. Ba cheart an téacs dlíthiúil a ghlacadh dá réir, i bhfianaise an CFAE. Ba cheart a chur san áireamh i mbearta cur chun feidhme an cheanglais seo an gá féachaint chuige nach gcuirfear ualach riaracháin atá róthrom agus nach bhfuil call leis ar oibreoirí gnó bia ná ar údaráis fhorfheidhmithe. Ba cheart go bhfágfadh sé sin go bhféadfaí ní amháin faisnéis thábhachtach a sholáthar do thomhaltóirí ach go bhféadfaí bearta a sheachaint freisin a lagódh iomaíocht, a chuirfeadh isteach ar thrádáil nó a chuirfeadh costais díréireacha ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí. Measann an Coimisiún gur admháil ar an tsuim atá ag an bParlaimint i lipéadú a bheith sainordaitheach i gcás bianna eile atá sa tuarascáil atá molta ag an gComhairle maidir le lipéadú tionscnaimh a leathnú d'fhonn bianna eile a chumhdach, ach go bhfágann sé gur féidir ionchais tomhaltóirí agus na srianta praiticiúla a bhaineann le bianna áirithe a chur san áireamh, rud atá tugtha le fios sa fhreagra a thug an Coimisiún ar an bParlaimint. Ina theannta sin, measann an Coimisiún go bhfuil an tuarascáil sin i gcomhréir leis an gcur chuige a leanadh sa togra le haghaidh leasú ar Rialachán (CE) 1234/2007 maidir le lipéadú tionscnaimh (COM(2010) 738). Sa chás seo, measann an Coimisiún go bhfuil an prionsabal inghlactha ach d'fhéadfadh sé gur ghá athdhréachtú dlíthiúil a dhéanamh ar an téacs.

    Bianna tacair/ionaid: Mheas an Coimisiún go raibh an leasú ón bParlaimint ina raibh toirmeasc sainráite ar chleachtais mhíthreoracha maidir le "bianna tacair" (leasú 78), inghlactha i bpáirt. An cur chuige atá ag an gComhairle ar an gcéad léamh arb é atá ann na forálacha ginearálta maidir le cur i láthair míthreorach, tá sé i gcomhréir le seasamh an Choimisiúin i leith na leasuithe ón bParlaimint, agus is féidir glacadh leis. Maidir le seasamh na Comhairle gur cheart ceanglas a bheith san Iarscríbhinn go luafaí go soiléir ar an lipéad (agus ní amháin ar liosta na gcomhábhar) comhchodanna nó comhábhair a cuireadh in ionad comhchodanna nó comhábhar a mbeadh siúl ag custaiméir go n-úsáidfí iad nó a bheadh ann ó nádúr, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis, ar mhaithe le comhréiteach. Mar sin féin, ní ghlacann an Coimisiún leis an moladh atá déanta ag an bParlaimint i leasú 230, i.e. ainm an bhia nó an chomhábhair a lua mar 'thacair' nó 'ionaid', e.g. cáis nó liamhás ionaid, cáis nó liamhás tacair.

    Lipéadú nana-chomhábhar: Ghlac an Coimisiún i bprionsabal le seasamh na Parlaiminte ceanglas a bheith ann comhábhair arna ndíorthú ón nanaiteicneolaíocht a lipéadú mar chomhábhair den chineál sin (leasú 130). Maidir le moladh na Comhairle crostagairt don sainmhíniú ar 'nanábhar a ndearadh innealtóireacht orthu' a bheith ann mar aon leis an gceanglas comhábhair mar sin a lua sa liosta comhábhar, tá sé inghlactha ag an gCoimisiún. Tá seasamh na Comhairle ag teacht leis an bplé ar athbhreithniú Rialachán (CE) Uimh. 258/97 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia.

    Ceanglais shainordaitheacha faisnéise maidir le bianna neamh-réamhphacáilte : Is é seasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh nár cheart bianna neamh-réamhphacáilte a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin (leasú 30). Mar sin féin, i seasamh na Parlaiminte maidir le bearta náisiúnta le haghaidh bia neamh-réamhphacáilte (leasú 184), glactar leis an bprionsabal gur cheart faisnéis a sholáthar i leith comhábhar ina bhfuil substaintí a d'fhéadfadh a bheith faoi deara ailléirgí nó éadulaingtí (comhábhair ailléirgineacha) a bheith ann. Ghlac an Chomhairle leis an bprionsabal sin faisnéis a sholáthar maidir le comhábhair ailléirgineacha ar bhia neamh-réamhphacáilte freisin.

    Déanfaidh idir sheasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh agus sheasamh na Comhairle ag an gcéad léamh athrú ar an bprionsabal atá mar bhunús le soláthar sainordaitheach faisnéise (seachas faisnéis maidir le hailléirginí) i gcás bia neamh-réamhphacáilte. Tá an buntogra ón gCoimisiún ag teacht leis an gcreat dlí atá ann cheana ina bhforáiltear, i bprionsabal, gur cheart faisnéis shainordaitheach maidir le bia a bheith ar fáil i gcás gach bia, faoi raon feidhme na reachtaíochta. Mar sin féin, i gcás bianna neamh-réamhphacáilte, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gá i gcónaí faisnéis áirithe a bheith ar fáil, ar chuntar go gcuirtear an tomhaltóir ar an eolas go leordhóthanach. Is éard atá i gceist le seasamh na Parlaiminte (leasú 184) agus seasamh na Comhairle araon, cur chuige an Choimisiúin a aisiompú agus ligean do na Ballstáit a cheangal go soláthrófar faisnéis maidir leis na sonraí sainordaitheacha a chumhdaíonn an Rialachán, sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir le hailléirginí. Tá an t-athrú sin atá beartaithe inghlactha ós rud é gurbh é an toradh a bheadh ar Rialachán a chur in ionad na reachtaíochta atá ann cheana, in éagmais rialacha náisiúnta, go mbeadh ar oibreoir gnó bia na sonraí sainordaitheacha go léir a sholáthar, agus ní an fhaisnéis ar ailléirginí amháin.

    Freagrachtaí na n-oibreoirí gnó bia : Tá seasamh na Comhairle maidir le freagrachtaí na n-oibreoirí gnó bia (Airteagal 8 den bhuntogra ón gCoimisiún) ag teacht le prionsabail an togra ón gCoimisiún. I seasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh (leasuithe 84, 86, 88, 89 agus 326) cuireadh an togra ón gCoimisiún in oiriúint don chur chuige a leanadh i Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 maidir le margú agus lipéadú beatha. Ghlac an Coimisiún le leasuithe na Parlaiminte. Mar sin féin, i ngeall ar a íogaire atá an cheist agus i ngeall ar an bplé conspóideach a bhí ann sa Chomhairle, is féidir leis an gCoimisiún, ar mhaithe le comhréiteach, glacadh le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh.

    3.3. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh agus a ionchorpraíodh ina n-iomláine, i bpáirt nó i bprionsabal i seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh

    Scéimeanna Náisiúnta: I seasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh scriosadh Caibidil VII maidir le forbairt scéimeanna náisiúnta (leasú 301). Tá an moladh céanna i seasamh na Comhairle. Is oth leis an gCoimisiún nach raibh an Pharlaimint ná an Chomhairle ar aon fhocal leis an gCoimisiún maidir le creat a chur ar fáil chun dea-chleachtas i leith scéimeanna lipéadaithe deonacha a mhalartú.

    Dhiúltaigh an Coimisiún do leasuithe (leasuithe 155, 156, 298, 299) na Parlaiminte ag an gcéad léamh inar athraíodh na critéir maidir le foirmeacha breise le faisnéis cothaithe a léiriú agus inar comhcheanglaíodh iad le critéir maidir le foirmeacha grafacha cur i láthair. Ina theannta sin, mhol an Chomhairle na critéir maidir le foirmeacha breise deonacha agus maidir le cur i láthair faisnéise cothaithe a chomhcheangal (scéimeanna breise deonacha – SBDanna). Thairis sin, tugann seasamh na Comhairle forálacha isteach a ligfidh do na Ballstáit SBDanna a chur chun cinn ar a gcríoch agus a chuirfidh oibleagáid orthu a áirithiú go ndéanfar an mhonatóireacht chuí ar SBDanna ar a margadh agus maítear gur féidir leis an gCoimisiún malartú faisnéis agus dea-chleachtas i leith SBDanna a éascú. Cuireann seasamh na Comhairle d'oibleagáid ar an gCoimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na critéir in Airteagal 34 agus tuairisciú don Pharlaimint agus don Chomhairle faoi cheann cúig bliana tar éis chur i bhfeidhm an Airteagail maidir le húsáid agus tionchar SBDanna, agus maidir lena inmholta a bheadh sé iad a chomhchuibhiú. Ós rud é go measann an Coimisiún go bhféadfadh an cur chuige atá molta ag an gComhairle a bheith ina bhunús leis an athbhreithniú ó thaobh lipéadú cothaithe amach anseo, is féidir leis glacadh leis an moladh sin.

    Faisnéis cothaithe : Maidir le lipéadú cothaithe, dhiúltaigh an Coimisiún do sheasamh na Parlaiminte liosta na gcothaitheach sainordaitheach a leathnú (leasú 144). Is é seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh gur cheart an dearbhú sainordaitheach a leathnú d'fhonn próitéin a chumhdach. Is ábhar imní don Choimisiún na costais bhreise a bheadh ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide, agus b'fhearr leis gearrliosta sonraí sainordaitheacha a bheith ann. Mar sin féin, ó tharla gur mhol an Pharlaimint agus an Chomhairle araon próitéin a áireamh – an t-aon mhacrachothaitheach nach raibh ar áireamh sa togra ón gCoimisiún – is féidir glacadh leis.

    Faisnéis cothaithe ar bhonn coda: Moladh sa togra ón gCoimisiún go bhféadfaí, i gcúinsí áirithe, an fhaisnéis cothaithe a sholáthar ar bhonn coda amháin. Scriosadh an moladh sin i seasamh na Parlaiminte (leasú 313) agus i seasamh na Comhairle araon. Éilíonn an Chomhairle gur cheart an fhaisnéis cothaithe a sholáthar i gcónaí ar bhonn 100g nó 100ml agus gur dhearbhú deonach breise a bheadh san fhaisnéis de réir coda. Ar an taobh eile de, tá sé molta ag an bParlaimint gur cheart an fhaisnéis a sholáthar i gcónaí ar bhonn 100g nó 100ml agus ar bhonn coda. Measann an Coimisiún nach bhfuil moladh sin na Parlaiminte inghlactha ós rud é gur ualach breise ar lucht an tionscail a bheadh ann. Maidir le seasamh na Comhairle, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis gurbh fhusa do thomhaltóirí bianna éagsúla a chur i gcomparáid ó thaobh cothaitheach de ach faisnéis cothaithe aonfhoirmeach a sholáthar.

    3.4. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo gan athrú, nó ar ghlac sé leo faoi réir athrú foclaíochta, ach nár ionchorpraíodh i seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh:

    Ghlac an Coimisiún i bprionsabal le roinnt leasuithe ar sheasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh; ba de chineál eagarthóireachta cuid de na leasuithe sin. Tá trácht thíos ar na gnéithe sin de sheasamh na Parlaiminte agus de sheasamh na Comhairle ag an gcéad léamh a bhfuil difir shoiléir eatarthu. Tá trácht freisin ar roinnt de na hathruithe substaintiúla a tugadh isteach le forálacha nua a mhol an Pharlaimint ina seasamh agus ar ghlac an Coimisiún leo i bprionsabal ach nár cuireadh ar áireamh i seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh.

    Dearbhú cothaithe ar an bpríomhréimse radhairc (aghaidh na pacáistíochta) : Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le seasamh na Parlaiminte, thug an Coimisiún le fios gur ghlac sé le lipéadú cothaithe sainordaitheach ar aghaidh na pacáistíochta maidir le cúig eilimint (fuinneamh, saill, sáitheáin, siúcraí, agus salann) (leasú 313) agus ghlac an Coimisiún i bprionsabal le leasú 162 ón bParlaimint gur ghá soiléiriú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an cheanglais i leith an dearbhaithe ar aghaidh na pacáistíochta maidir le bianna a rialaítear faoi chuimsiú Threoir 2009/39/CE maidir le bianna atá ceaptha le haghaidh úsáidí cothaithe ar leith. Deirtear go sonrach sa dearbhú ón gCoimisiún (i gceangal leis seo) gurb oth leis an gCoimisiún gur mian leis an gComhairle an ceanglas maidir le faisnéis áirithe a sholáthar ar aghaidh na pacáistíochta a bhaint. Is é tuairim láidir an Choimisiúin i gcónaí go ligfeadh lipéadú ar aghaidh na pacáistíochta do thomhaltóirí faisnéis cothaithe a fheiceáil gan dua agus iad ag ceannach bia, agus coimeádann an Coimisiún an ceart aige féin tacú le seasamh na Parlaiminte cúig eilimint chothaitheacha a lua ar aghaidh na pacáistíochta.

    Ainm an oibreora gnó bia: Chruthódh seasamh na Parlaiminte (leasú 100) oibleagáid ní amháin ainm agus seoladh an oibreora gnó bia a ndéantar an táirge a mhargú faoina ainm nó faoin ainm gnó a lua, ach ainm, ainm gnó nó trádmharc an mhonaróra a lua freisin. Ghlac an Coimisiún le leasú na Parlaiminte. Mar sin féin, is é seasamh na Comhairle gurb é an t-ainm ba cheart a lua ainm an oibreora gnó atá freagrach as an lipéadú, i.e. an t-oibreoir a ndéantar an táirge a mhargú faoina ainm nó faoin ainm gnó, nó sa chás nach bhfuil sé bunaithe san Aontas Eorpach, an té a allmhairíonn an táirge isteach san Aontas Eorpach. Leanann an Coimisiún de bheith ag tabhairt tacaíochta don aidhm atá le seasamh na Parlaiminte ós rud é go mbeadh trédhearcacht ag an tomhaltóir i leith mhonaróir an táirge dá bharr.

    Dáta íosmharthanachta: Ghlac an Coimisiún le seasamh na Parlaiminte (leasú 61) maidir leis an ngá atá le soiléiriú a dhéanamh ar an idirdhealú idir an dáta an dáta 'úsáid faoi' agus an dáta 'b'fhearr roimh'. Tugadh le fios i staidéar a rinne an Coimisiún Eorpach[4] le déanaí go gcuirtear amú an t-uafás bia; ó thaobh teaghlach de, 76kg an meánmhéid dramhaíola bia in aghaidh an duine in aghaidh na bliana. D'fhéadfaí 60 % den mhéid sin a sheachaint. Is dócha go mbaineann cuid den dramhaíl bhia sin le heaspa tuisceana ar an gcaoi a luaitear dátaí ar na lipéid.

    Raon Feidhme an Rialacháin : Molann an Pharlaimint (leasú 39) nár cheart feidhm a bheith ag an Rialachán maidir le seirbhísí lónadóireachta in earnáil an iompair, e.g. eitleáin agus traenacha, i gcás bealaí nach bhfuil go hiomlán laistigh den AE. Measann an Coimisiún gurbh fhiú a thuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an mbealach a gcuirfí an Rialachán i bhfeidhm maidir le seirbhísí lónadóireachta in earnáil an iompair.

    Sa leasú céanna, mhol an Pharlaimint foráil a chur i dtéarmaí achtacháin an Rialacháin, ar nós Aithris 15 sa togra ón gCoimisiún, go mbeadh gníomhaíochtaí áirithe lasmuigh de Raon Feidhme an Rialacháin. Sa chás seo, tá gafa in iúl ag an gCoimisiún go ndearna an Chomhairle machnamh domhain ar an gceist seo agus gur chinn sí ar gan foráil a chur sna téarmaí achtacháin. Ó tharla gurb é atá san aithris treoir maidir leis an raon feidhme atá ceaptha a bheith ag an Rialachán, níor chuir an Coimisiún i gcoinne sheasamh na Comhairle ag an gcéad léamh ina leith sin.

    Sainmhíniú comhábhair: Sa bhuntogra ón gCoimisiún moladh 'comhábhar' a shainmhíniú ar bhealach níos simplí ná an bealach atá sa reachtaíocht atá ann faoi láthair. Ó shin i leith cuireadh in iúl go mbeadh tionchar ag an simpliú sin ar chur i bhfeidhm téacsanna eile reachtacha ina bhfuil tagairt do 'chomhábhar' faoi mar atá sé sainithe i dTreoir 2000/13/CE maidir le rialacha ginearálta i leith lipéadú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart an sainmhíniú ar 'chomhábhar' i dTreoir 2000/13/CE, agus é curtha in oiriúint do leasú 49 na Parlaiminte, a chur in ionad an tsainmhínithe sa bhuntogra ón gCoimisiún. Bheadh tionchar aige sin ar dhréachtú roinnt Airteagal eile.

    Lipéadú feola arb é atá ann teaglaim de phíosaí feola : I leasuithe 276 agus 293 mhol an Pharlaimint gur cheart a thabhairt le fios, i gcás feola arb é atá ann teaglaim de phíosaí feola, ar aghaidh na pacáistíochta nó in ainm an bhia, gur feoil den chineál sin atá ann. Creideann an Coimisiún go n-áiritheodh sé sin go mbeadh tomhaltóirí ar an eolas maidir le saintréithe bianna agus iad á gceannach. I bprionsabal, glacann an Coimisiún le haidhm na leasuithe ach measann sé gur cheart iad a athdhréachtú.

    Lipéadú feola ina bhfuil próitéin agus/nó uisce breise : Ghlac an Coimisiún i bprionsabal le seasamh na Comhairle gur cheart a thabhairt le fios, ar lipéadú táirgí áirithe feola agus éisc ina bhfuil próitéin agus/nó uisce, foinse na próitéine breise agus gurb ann d'uisce breise (leasú 207 agus leasuithe 226 go 228). Tá leasuithe na Parlaiminte maidir le lipéadú próitéine breise ag teacht le léirmhíniú an Choimisiúin ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.

    Thacaigh an Coimisiún le leasuithe eile, amhail: an 'dáta monaraithe' a bheith ar lipéad táirgí reoite (leasú 62, 97, 140, 141), maolú a bheith ag micreafhiontair (leasú 104), faisnéis bhreise a bheith sna treoracha úsáide agus stórála (leasú 142), critéir a thabairt isteach maidir le 'veigeatórach' agus 'veigeán' (leasú 75) a lua ar bhonn deonach ar an lipéad, cásálacha ispíní (leasú 229). Dá gcuirfí iad sin san áireamh ag an dara léamh, bheadh an Coimisiún toilteanach cuimhneamh ar na forálacha ábhartha a chur isteach.

    3.5. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa ar dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle dóibh agus nár ionchorpraíodh i seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh:

    Inléiteacht: Maidir le seasamh na Parlaiminte i leith inléiteachta (leasuithe 53, 334, agus 111 go 113) inar scriosadh an ceanglas maidir le clómhéid íosta agus inar moladh gur cheart na critéir maidir le hinléiteacht a bhunú trí threoirlínte, níor ghlac an Coimisiún leis. I seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh maidir le hinléiteacht, coinnítear critéar intomhaiste sa Rialachán féin agus soiléirítear an seasamh sin trí thagairt a dhéanamh don bhealach le clómhéid íosta a thomhas. Measann an Coimisiún gur feabhas ar an mbunmholadh atá i seasamh na Comhairle i leith critéar maidir le clómhéid íosta, agus go bhfuil an seasamh inghlactha.

    Raon Feidhme an Rialacháin : i seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh tacaítear le moladh an Choimisiúin gur cheart raon feidhme an Rialacháin gach bia atá ceaptha lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a chumhdach agus gur cheart béim a chur ar thomhaltóirí ann. Níor ghlac an Coimisiún ná an Chomhairle le seasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh nár cheart raon feidhme an Rialacháin ach bia réamhphacáilte (leasuithe 38 agus 39) a chumhdach agus gur cheart an bhéim ar thomhaltóirí sa Rialachán a mhaolú (leasú 66).

    Faisnéis cothaithe : is iomaí sin foráil i seasamh na Parlaiminte ag an gcéad léamh a bhaineann le gné áirithe d'fhaisnéis cothaithe nár ghlac an Coimisiún leis. Mar shampla, liosta na gcothaitheach sainordaitheach a leathnú d'fhonn próitéin, snáithín agus tras-saillte a chumhdach (leasú 144) agus liosta na gcothaitheach deonach breise a leathnú (leasú 145); mheas an Coimisiún gur athrá a bheadh i bhfaisnéis fuinnimh a athlua i bhformáid ar leith ar aghaidh na pacáistíochta (leasú 158); an ceanglas maidir le ráiteas a bheith ann i leith bhunús na hiontógála tagartha (leasú 151), measadh nach raibh aon ghá leis; roinnt mhaith de na heisceachtaí atá beartaithe ar lipéadú cothaithe sainordaitheach; agus, an tagairt don Chóras Idirnáisiúnta um Aonaid Tomhais Fuinnimh (kJ) a scrios (leasuithe 246, 248, 319). Níl na hathruithe sin a mhol an Pharlaimint i seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh.

    Deochanna alcólacha: Maidir le seasamh na Parlaiminte gach deoch alcólach a dhíolmhú ón gceanglas liosta comhábhar agus lipéad cothaithe a sholáthar fad is atáthar ag feitheamh ar thuarascáil an Choimisiúin (leasuithe 145 agus 294 ), ní raibh sé inghlactha ag an gCoimisiún. Moltar i seasamh na Comhairle na díolúintí ó cheanglais liosta comhábhar agus dearbhú cothaithe a sholáthar a leathnú d'fhonn deochanna alcólacha a chumhdach a mheastar a bheith in iomaíocht leo sin atá díolmhaite cheana faoin togra ón gCoimisiún. Glacann an Coimisiún leis gur cheart caitheamh le táirgí atá in iomaíocht lena chéile ar bhealach coibhéiseach. Mar sin féin, i gcás meascán de dheochanna alcólacha réamhullmhaithe, measann an Coimisiún go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis maidir lena gcomhábhar agus maidir lena gcomhdhéanamh cothaitheach a sholáthar.

    Lipéad tionscnaimh : I seasamh na Comhairle maidir le lipéadú tionscnaimh coinnítear moladh an Choimisiúin gur cheart, nuair a luaitear tionscnamh bia agus nuair nach ionann tír tionscnaimh an phríomh-chomhábhair agus an áit ina ndearnadh an t-athrú substainteach deiridh ar an táirge iomlán, gur cheart tionscnaimh an phríomh-chomhábhair a lua freisin. Ba é seasamh na Parlaiminte an fhoráil sin a scriosadh (leasú 172), rud nach raibh inghlactha ag an gCoimisiún ós rud é gurb é an aidhm ann tásca tionscnaimh a sheachaint a d'fheadfadh a bheith míthreorach

    3.6. Forálacha nua a thug an Chomhairle isteach

    Inléiteacht: Faoi mar atá luaite thuas, coinnítear i dtéacs na Comhairle moladh an Choimisiúin foráil a bheith sa Rialachán maidir le clómhéid íosta, ach tá soiléiriú tábhachtach sa téacs sin maidir leis an gcaoi ba cheart an clómhéid a chinneadh. Measann an Coimisiún gur feabhas ar an mbunmholadh atá i seasamh na Comhairle i leith critéar maidir le clómhéid íosta.

    Lipéadú substaintí is cúis le hailléirgí nó éadulaingtí : San Airteagal a bhaineann le lipéadú substaintí áirithe is cúis le hailléirgí nó éadulaingtí, moltar i seasamh na Comhairle an téacs a shoiléiriú ó thaobh lipéadú táirgí nach bhfuil liosta comhábhar orthu. Tá an soiléiriú sin iomchuí agus is féidir glacadh leis i bprionsabal ós rud é go bhfuil an moladh ag teacht leis na rialacha atá ann cheana maidir leis na substaintí sin a lipéadú. Mar sin féin, faoi mar atá luaite thuas, is mian leis an gCoimisiún an sainmhíniú ar 'comhábhar' a athrú.

    Cainníocht Ghlan : I seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh, tugtar isteach arís an fhéidearthacht do na Ballstát rialacha a choinneáil maidir le cainníocht ghlan a shloinneadh ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach dá bhforáiltear sa Rialachán, i gcás bianna sonracha. Glacann an Coimisiún leis go bhfágfadh an moladh sin, in éagmais rialacha sonracha de chuid an AE, go bhféadfaí leanúint de bheith ag sloinneadh cainníochtaí glana ar an mbealach a dhéantar faoi láthair é i gcás catagóirí sonracha bia, go háirithe i gcás táirgí a d'fhéadfadh a bheith ina leacht nó ina solad.

    Lipéadú bianna a bhfuil caiféin iontu : Sna rialacha cur chun feidhme i dTreoir 2002/67/CE an 18 Iúil 2002 maidir le lipéadú earraí bia ina bhfuil cuinín agus lipéadú earraí bia ina bhfuil caiféin (arna ghlacadh faoi Threoir 2000/13/CE) tá rialacha sonracha maidir le lipéadú deochanna áirithe ina bhfuil caiféin. I seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh moltar gur cheart a thabhairt le fios ar an lipéad nach bhfuil na táirgí oiriúnach do mhná atá ag iompar clainne ná do pháistí óga. Is é seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh gur cheart an oibleagáid a bhaineann leis an lipéadú sonrach a leathnú d'fhonn bianna a chumhdach ar cuireadh caiféin bhreise iontu chun críche cothaithí nó fiseolaíche. Glacann an Coimisiún leis an bprionsabal gur cheart ráiteas a bheith ar lipéad bianna inar cuireadh caiféin bhreise chun críche cothaithí nó fiseolaíche, a fhad a bhaineann leis na táirgí sin a bheith á gcaitheamh ag grúpaí sonracha den daonra a thagann faoi scáth na comhairle eolaíche atá ar fáil[5].

    Forálacha deiridh agus idirthréimhsí (Airteagal 45, aithris 54): An moladh a rinne an Coimisiún idirthréimhse bhreise dhá bhliain a bheith ag micreaghnóthais (a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí acu) chun an lipéadú cothaithe sainordaitheach a sholáthar, mhol an Pharlaimint (leasú 194) é a athrú d'fhonn gnóthais a bhfuil 100 fostaí acu a chumhdach. Níor ghlac an Coimisiún le leasú na Parlaiminte.

    Maidir leis an dáta cur i bhfeidhm, seachas cur i bhfeidhm déchéimneach na rialacha maidir lipéadú cothaithe agus dhá bhliain bhreise a bheith ag micreaghnóthais iad féin a chur in oiriúint, moltar i dtéacs na Comhairle tréimhse trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin a bheith ann chun na ceanglais nua a chomhlíonadh i gcás ina soláthraítear faisnéis cothaithe cheana. Mar sin féin, an oibleagáid faisnéis cothaithe a sholáthar, ní thiocfadh sí i bhfeidhm go ceann cúig bliana tar éis an teacht i bhfeidhm.

    Tá foráil nua i seasamh na Comhairle ina dtugtar le fios gur cheart idirthréimhse a bheith ann chun na ceanglais nua a chur i bhfeidhm, agus gur cheart go bhféadfaí leanúint de bheith ag díol táirgí a chuirtear ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse nó go n-ídeofar na stoic. Ina theannta sin, moltar gur cheart gurbh é an 1 Aibreán d'aon bhliain féilire ar leith an dáta cur i bhfeidhm, ach amháin i gcás beart práinneach. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le seasamh na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin agus maidir leis na bearta idirthréimhseacha.

    Feidhmiú an tarmligin agus tarmligean cumhachtaí tríd síos sa téacs: Tríd is tríd, tá ailíniú tharmligean na gcumhachtaí i seasamh na Comhairle ag teacht le cur chuige an Choimisiúin agus tá siad oiriúnach do raon feidhme tharmligean na gcumhachtaí atá beartaithe. Tá roinnt difear ann i ndáil le cur chuige an Choimisiúin sa fhreagra a thug sé ar an tuairim ón bParlaimint, ach i bhfianaise théacs na hUachtaránachta tá na tarmligin oiriúnach agus is féidir glacadh leo amach ó na cumhachtaí cur chun feidhme i leith beart a bhaineann le lipéadú tionscnaimh sainordaitheach i gcás feola.

    Na hathruithe seo a leanas a thug an Chomhairle isteach, tá siad inghlactha ag an gCoimisiún:

    ( Rogha a bheith ann ráiteas a chur isteach ina mínítear gur do shóidiam/shalann atá ann ó nádúr a thagraíonn an dearbhú cothaithe i leith salainn. Soiléiriú atá sa lipéadú deonach sin.

    ( An chaibidil ar bhearta náisiúnta – leasaigh an Chomhairle Airteagal 37 den bhuntogra ón gCoimisiún ina soiléirítear raon feidhme na Caibidle.

    ( Iarscríbhinn V – ceanglas nua maidir le lipéadú táirgí 'dí-reoite'

    ( Iarscríbhinn VI B – an oibleagáid tabhairt le fios cé acu go hiomlán nó go páirteach hidriginithe atá ola hidriginithe nó saill hidriginithe;

    ( Iarscríbhinn IX – na díolúintí ón dáta 'b'fhearr roimh' a scrios i gcás táirgí áirithe;

    ( Iarscríbhinn XI – an chainníocht tagartha a athrú i gcás na cainníochta suntasaí vitimíní agus mianraí.

    ( An simpliú a mholtar a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina bhfuil an t-ord ina léirítear na vitimíní agus na mianraí (Iarscríbhinn XIII den bhuntogra ón gCoimisiún), tá sé inghlactha mar atá sé.

    3.7. Mórdheacrachtaí a bhaineann le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh a ghlacadh

    Tá roinnt eilimintí sa seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh a imíonn ón togra ón gCoimisiún. Faoi mar atá luaite thuas baineann siad sin, go háirithe, le gnéithe áirithe de lipéadú cothaithe, le lipéadú tionscnaimh, le hainm an mhonaróra a lua, agus leis an sainmhíniú ar 'chomhábhar'.

    4. CONCLÚID

    Dar leis an gCoimisiún go n-imíonn an seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh ón togra ón gCoimisiún ar roinnt bealaí. Cé go bhfuil roinnt ábhar imní ann i gcónaí, níor chuir an Coimisiún i gcoinne an tseasaimh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh trí thromlach cáilithe ionas nach stadfaí an próiseas reachtach.

    Sa dearbhú a ghabhann leis seo thug an Coimisiún le fios gur ábhar díomá dó go háirithe cinneadh na Comhairle an ceanglas maidir le dearbhú cothaithe ar aghaidh na pacáistíochta a scriosadh.

    IARSCRÍBHINN

    Dearbhú ón gCoimisiún

    Ar mhaithe le comhréiteach, ní chuirfidh an Coimisiún i gcoinne vótála tromlaigh cáilithe ar son théacs na hUachtaránachta, in ainneoin roinnt ábhair imní a bheith ann i gcónaí ós rud é go n-imíonn an téacs ón togra ón gCoimisiún ar roinnt bealaí agus ós rud é go bhfuil roinnt eilimintí dlí ann a bhfuil athbhreithniú le déanamh orthu i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, níor chuir an Chomhairle tuairim na Parlaiminte ar an gcéad léamh san áireamh, agus dá bhrí sin, ní chlúdaíonn téacs na hUachtaránachta na leasuithe sin ón bParlaimint ar chuir an Coimisiún in iúl ina leith nach bhféadfadh sé glacadh leo.

    Go háirithe, is oth leis an gCoimisiún gur chinn an Chomhairle ar an dearbhú cothaithe ar aghaidh na pacáistíochta a scriosadh. Measann an Coimisiún go laghdaíonn sé sin an leas a d'fhéadfadh tomhaltóirí a bhaint as an dearbhú éigeantach cothaithe, agus tá sé cinnte dearfa de gur leas na dtomhaltóirí é dearbhú a bheith ar aghaidh na pacáistíochta ós rud é go bhfeicfidís gan dua faisnéis cothaithe agus bia á cheannach acu.

    [1] Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, lch. 29).

    [2] Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le lipéadú cothaithe ar earraí bia (IO L 276, 6.10.1990, lch. 40).

    [3] COIM(2010) 738.

    [4] http://ec.europa.eu/environment/eussd/reports.htm

    [5] Tuairim ón gCoiste Eolaíoch Bia, an 21 Eanáir 1999, maidir le caiféin agus substaintí eile arna n-úsáid mar chomhábhair i 'ndeochanna fuinnimh'.

    Top