Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0473

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán

    /* COM/2010/0473 final - COD 2010/0246 */

    52010PC0473

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán /* COM/2010/0473 final - COD 2010/0246 */


    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 20.9.2010

    COIM(2010) 473 leagan deireanach

    2010/0246 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    SEC(2010) 1041 SEC(2010) 1040

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    COMHTHÉACS AN TOGRA |

    110 | Forais agus cuspóirí an togra Téann an Rialachán atá beartaithe i ngleic le fadhb na mí-úsáide a bhaintear as ceimiceáin áirithe, ar ceimiceáin iad a bhfuil rochtain fhorleathan ag an bpobal i gcoitinne orthu ar an margadh, nuair a úsáidtear iad mar réamhtheachtaithe pléascán. Is iad na pléascáin bhaile chéanna is rogha uirlis le sceimhlitheoirí agus coirpigh eile agus ionsaithe á ndéanamh acu. Is é príomhaidhm na mbeart atá á mbeartú riosca eachtraí mar sin a laghdú trí chosc a chur ar rochtain an phobail i gcoitinne ar cheimiceáin ard-tiubhaithe áirithe. |

    120 | Comhthéacs ginearálta Rogha uirlis le sceimhlitheoirí is ea pléascáin bhaile a dhéantar as réamhtheachtaithe ceimiceacha áirithe atá sofhaighte ar an margadh, agus níl an AE saor ó ionsaithe sceimhlitheoirí mar atá léirithe i dtuarascálacha TE-SAT Europol. Faoi láthair, tá sé sách éasca don phobal rochtain a fháil ar na ceimiceáin sin fiú nuair atá siad i dtiúchan a bheadh láidir go leor chun feiste pléasctha cumhachtach a sholáthar. Cuirtear le scála na faidhbe toisc margadh na gceimiceán san AE a bheith mór agus ilghnéitheach, agus iliomad úsáideoirí deiridh ann. Ó thaobh slabhra soláthair na réamhtheachtaithe de, agus go háirithe an chéim dheiridh de (díolachán d'úsáideoirí deiridh), níl go leor feasachta ann go ginearálta maidir leis an riosca go ndéanfaidh daoine atá páirteach i gcoiriúlacht thromchúiseach agus i sceimhlitheoireacht iarracht réamhtheachtaithe a fháil. Tá gníomhairí ann atá páirteach sa slabhra soláthair, ag deireadh an tslabhra go háirithe, a dhíol réamhtheachtaithe le sceimhlitheoirí agus coirpigh eile i gcainníochtaí ar chóir gur chúis amhrais iad. Cé gurb ann do roinnt beart reachtach agus neamhreachtach ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta, tá sé de locht orthu nach bhfuil siad dírithe go sonrach ar na rioscaí slándála a bhaineann le ceimiceáin áirithe nó nach gclúdaíonn siad an AE ina iomláine. Leanann sé uaidh sin go bhfuil sé éasca rochtain a fháil i dtír amháin ar réamhtheachtaithe a bheadh srianta nó rialaithe i dtír eile. Ní fadhb slándála amháin é sin, ach fadhb do fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánach is ea é freisin. |

    130 | Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006[1] (REACH) – clúdaíonn sé seo ceimiceán ó thaobh sábháilteachta de ach – cé is moite d'eisceacht amháin – ní théann sé i ngleic leis na fadhbanna slándála a bhaineann le réamhtheachtaithe ceimiceacha pléascán. Tá toirmeasc in Iarscríbhinn XVII de REACH[2] ar níotráit amóiniam (ceann de na réamhtheachtaithe ar ábhar imní iad) a dhíol leis an bpobal i gcoitinne má tá 16 % nó níos mó nítrigin ann. Ní fhoráiltear san ionstraim sin do scéimeanna ceadúnúcháin ná do thuairisciú idirbheart amhrasach, áfach, agus ní bhaineann ach ceann amháin de na réamhtheachtaithe a aithníodh a bheith fíorchontúirteach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Slándáil Pléascán a Fheabhsú leis. Treoir 91/414/CEE ón gComhairle[3] – cuireann sé seo deireadh de réir a chéile le díol fiailnimheanna ina bhfuil clóráití, ach ní théann sé i ngleic ach le húsáid áirithe amháin a bhaintear as na ceimiceáin sin, agus le grúpa amháin réamhtheachtaithe ceimiceacha pléascán ar ábhar imní é. |

    140 | Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Luíonn an togra leis na cuspóirí beartais atá leagtha amach i Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh[4], sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Slándáil Pléascán a Fheabhsú[5] agus i gclár Stócólm – Eoraip oscailte agus slán ar son fhónamh agus chosaint na saoránach[6]. |

    COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

    Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara |

    211 | Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Cuireann an beartas atá á bheartú leis an obair agus leis na moltaí atá déanta ag an mBuanchoiste um Réamhtheachtaithe (BCR). Coiste comhairleach ad hoc is ea an coiste sin, a bhfuil saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát air mar aon le hionadaithe ón earnáil phríobháideach. Is é an Coimisiún a dhéanann cathaoirleacht air. Tionóladh an coiste deich n-uaire go dtí seo chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis na substaintí a chlúdaíonn an Rialachán seo agus maidir le bearta eile a bhí dírithe ar réamhtheachtaithe pléascán. An 13 Feabhra 2009, ghlac an BCR a thuarascáil bhliantúil le haghaidh 2008 ina raibh moltaí coincréiteacha maidir le slándáil réamhtheachtaithe a fheabhsú. Bunaíodh staidéar don mheasúnú iarmharta ar na moltaí sin. Bhí dlúthbhaint ag an BCR le forbairt an staidéir sin – chuathas i dteagmháil go rialta leis na comhaltaí (ón earnáil phoiblí agus phríobháideach araon). Thairis sin, rinneadh suirbhé gnóthas ar líne agus dhá cheardlann do gheallsealbhóirí a reáchtáil chun an measúnú ar na roghanna beartas arna moladh sa dréacht-staidéar a bhailíochtú. Mar chuid den chomhairliúchán a rinneadh agus an réamhstaidéar á ullmhú, chuathas i gcomhairle le roinnt GBManna a rachadh bearta i ndáil le réamhtheachtaithe go mór i bhfeidhm ar a ngnó, soláthróirí heicseimín go háirithe. |

    212 | Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad De thoradh an phróisis chomhairliúcháin sin le geallsealbhóirí seachtracha agus inmheánacha, léiríodh go raibh an dearcadh céanna ag an gcuid is mó dóibh siúd a bhí páirteach maidir leis an rogha beartais dá dtabharfaí tosaíocht agus thángthas ar chothromaíocht réalaíoch idir na ceisteanna slándála ar thaobh amháin, agus leas an tionscail, na ndíoltóirí agus na dtomhaltóirí ar an taobh eile. Freastalaíodh ar na ceisteanna a bhí ag déanamh imní don tionscal agus do na GBManna is mó a rachadh na bearta i bhfeidhm orthu (soláthróirí táibléad breosla heicseimín) i dtéacs deiridh an togra. |

    Saineolas a bhailiú agus a úsáid |

    221 | Na fearainn eolaíochta/saineolais atá i gceist Tá an togra bunaithe cuid mhaith ar thaighde agus tástálacha a rinne roinnt Ballstát maidir le slándáil. Is ionadaithe ón tionscal a thug an saineolas maidir le margadh na gceimiceán agus úsáid táirgí ceimiceacha. |

    222 | An mhodheolaíocht a úsáideadh Léiríodh torthaí an taighde agus na dtástálacha maidir le slándáil nuair a d'ullmhaigh an Buanchoiste um Réamhtheachtaithe moltaí le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh, agus áiríodh iad sa mheasúnú ar iarmhairtí agus sa mheastóireacht ar roghanna beartais aonair le linn an staidéir don mheasúnú iarmharta a rinne conraitheoir seachtrach. |

    223 | Príomheagraíochtaí/saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo CEFIC, FECC, saineolaithe ó na húdaráis ábhartha sna Ballstáit, mar aon le gnóthais chomhairliúcháin – GHK, Rand Europe, Comstratos. |

    2249 | Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus a úsáideadh |

    225 | Cé nach féidir deireadh iomlán a chur leis an riosca go mbainfí mí-úsáid as réamhtheachtaithe ceimiceacha áirithe chun pléascáin bhaile a dhéanamh, is féidir an riosca sin a laghdú go mór trí rochtain an phobail i gcoitinne ar na ceimiceáin sin a theorannú agus iad os cionn tiúchana áirithe. Tá na teorainneacha atá beartaithe bunaithe ar thorthaí an taighde agus na dtástálacha maidir le slándáil agus ar anailís ar an úsáid a bhaineann an pobal as na substaintí ceimiceacha i gceist. |

    226 | Modhanna a úsáidtear chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil don phobal Cuireadh an 'Réamhstaidéar ar son Measúnaithe Iarmharta ar Shrianta Féideartha Reachtacha agus Neamhreachtacha ar Réamhtheachtaithe Ceimiceacha Pléascán/ Preparatory Study to Inform an Impact Assessment of Potential Legislative and Non-Legislative Restrictions on Chemical Precursors to Explosives' chuig comhaltaí an Bhuanchoiste um Réamhtheachtaithe (agus chuir siadsan a bhfuil ann in iúl d'údaráis na mBallstát agus do gheallsealbhóirí an tionscail), agus is féidir é a fháil ón gCoimisiún ach é a iarraidh. |

    230 | Measúnú Iarmharta Ar na roghanna a measadh bhí bearta deonacha a dhéanfadh an earnáil phríobháideach (an tionscal agus an earnáil mhiondíola), gníomhaíocht rialála a dhéanfadh na Ballstáit ar bhonn leithligh, bearta reachtacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus meascán díobh sin ar fad. Is éard a bheadh i gceist leis na bearta deonacha a dhéanfadh an tionscal agus an earnáil mhiondíola ná idirbhearta amhrasacha a thuairisciú, feachtais a reáchtáil chun feasachta a ardú i measc fostaithe maidir leis na rioscaí slándála a bhaineann leis na ceimiceáin ar ábhar imní iad, agus slándáil a fheabhsú feadh shlabhra soláthair na gceimiceán sin. Cé go bhfuil bearta mar sin inmhianaithe, tá sé léirithe ag iarrachtaí a rinne an Coimisiún Eorpach le roinnt comhlachas ar an leibhéal Eorpach in 2008, nach féidir le bearta den sórt sin ina n-aonar an cuspóir atá de dhíth a bhaint amach, mar atá slándáil a fheabhsú, toisc nach féidir forfheidhmiú aonfhoirmeach ná teagmháil le gach geallsealbhóir ábhartha ar fud an AE a áirithiú. Tá bearta deonacha nó reachtacha, nó an dá rud, glactha cheana ag roinnt Ballstát chun rochtain ar réamhtheachtaithe ceimiceacha pléascán a laghdú. Tá bearta den sórt sin á meas ag roinnt Ballstát ach tá siad ag feitheamh leis an AE chun ceannaireacht a léiriú. Léiríonn an éagsúlacht sin go bhfuil cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an AE inmhianaithe ionas nach mbeidh bearnaí slándála ann de dheasca leibhéal éagsúil rialála sa mhargadh inmheánach ina saorghluaiseann daoine agus earraí. Rinneadh próiseas críochnaitheach measúnaithe iarmharta agus comhairliúcháin i ndáil le roinnt roghanna beartais i gcomhair gníomhaíochta reachtaí ar leibhéal an AE. Ní fios aon iamhairt dhiúltach don chomhshaol a bheith ag baint leis an rogha beartais dá dtugtar tosaíocht; baineann iamhairtí dearfacha léi i dtéarmaí slándála, ach baineann roinnt iamhairtí diúltacha eacnamaíocha léi freisin don earnáil mhiondíola go háirithe agus d'údaráis phoiblí na mBallstát i dtéarmaí chostas an chur chun feidhme. Tá na hiarmhairtí eacnamaíocha agus na hiarmhairtí diúltacha ar thomhaltóirí sách beag áfach, ós rud é nach bhfuil i gceist le tomhailt neamhghairmiúil réamhtheachtaithe ach 1.5 % de thomhailt iomlán an AE de na ceimiceáin i gceist, agus is ann do shubstaintí ionadacha sa chuid is mó de chásanna. Beifear fós in ann ceimiceáin a cheannach agus an tiúchan os cionn na teorann, ach beidh ceadúnas de dhíth chuige sin. Is iad eagraíochtaí tionscail agus miondíola a dhíolann táirgí leis an bpobal i gcoitinne is mó a rachaidh na costais chomhlíonta i bhfeidhm orthu, mar aon le húdaráis rialtasacha a bheidh freagrach as an scéim ceadúnúcháin. |

    231 | Rinne an Coimisiún measúnú iarmharta atá liostaithe sa Chlár Oibre. Is féidir teacht ar thuarascáil an mheasúnaithe iarmharta ag: http://ec.europa.eu/governance/impact/ia_carried_out/cia_2010_en.htm#homaf. |

    EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA |

    305 | Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Príomhaidhm de chuid na gníomhaíochta atá beartaithe ná rochtain an phobail i gcoitinne ar cheimiceáin ardriosca a laghdú agus na ceimiceáin sin ar leibhéil tiúchana ina mbeidís an-éasca a mhí-úsáid chun pléascáin bhaile a dhéanamh. Déanfar sin trí thoirmeasc a chur ar cheimiceáin áirithe a dhíol leis an bpobal i gcoitinne má tá na ceimiceáin os coinn tiúchana áirithe. Ní cheadófaí iad a dhíol ag tiúchan os coinn na teorann ach amháin d'úsáideoirí ar féidir leo a léiriú go bhfuil gá dlisteanach acu leis an gceimiceán — d'fhéadfadh na húsáideoirí sin ceadúnas a fháil chun an ceimiceán a cheannach. Maidir le díolachán na gceimiceán sin agus meascán ina bhfuil siad mar aon le díolachán táirgí ina bhfuil ceimiceáin ar ábhar imní iad ach nach féidir teorainn tiúchana a shocrú ina leith, beidh siad faoi réir tuairisciú idirbheart amhrasach. Déanfaidh an tionscal agus an earnáil mhiondíola bearta deonacha sa bhreis ar an ngníomhaíocht reachtach atá á bheartú d'fhonn slándáil a fheabhsú agus feasacht a ardú feadh an tslabhra soláthair ina iomláine. |

    310 | Bunús dlí Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |

    320 | Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. |

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith ar an cúiseanna seo thíos. |

    321 | Cé gurb ann do roinnt beart reachtach agus neamhreachtach ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta, tá sé de locht orthu nach bhfuil siad dírithe go sonrach ar na rioscaí slándála a bhaineann le ceimiceáin áirithe nó nach gclúdaíonn siad an AE ina iomláine. Leanann sé uaidh sin go bhfuil sé éasca rochtain a fháil i dtír amháin ar réamhtheachtaithe a bheadh srianta nó rialaithe i dtír eile. I dteannta an tionchair ar shlándáil, d'fhéadfadh cor den sórt sin an margadh a shaobhadh sa chaoi nach mbeadh páirc imeartha chothrom sa réimse seo ar leibhéal an AE. |

    323 | Tá comharthaí ann go measann grúpaí sceimhlitheoireachta na difríochtaí sa chur chuige ó Bhallstát go Ballstát. Bhain na cásanna ab fhollasaí le ETA, a raibh méid mór réamhtheachtaithe pléascán i bhfolach aige lasmuigh den Spáinn, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil go háirithe. Ag an am céanna, níl aon fhianaise fhollasach ann go dtí seo a léireodh gur athraigh sceimhlitheoirí a nósanna ceannacháin de bharr difríochtaí rialála sna Ballstáit éagsúla. D'fheadfadh sé go bhfuil an easpa fianaise sin ann toisc go bhfuil na ceimiceáin sin fós ar fáil gan stró sa chuid is mó de na Ballstáit. |

    Is fearr a bhainfidh gníomhaíocht ón AE cuspóirí an togra amach ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas. |

    324 | Ní hé amháin go n-imríonn na difríochtaí atá ann faoi láthair idir na córais a chuirtear i bhfeidhm ar réamhtheachtaithe ceimiceacha pléascán tionchar diúltach ar shlándáil, ach thairis sin saobhann siad feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Cuireann siad isteach ar thrádáil trasteorann agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile táirgeoirí agus geallsealbhóirí eile sa slabhra soláthair má dhéanann siad gnó i mbreis is tír amháin. Chabhródh gníomhaíocht ar leibhéal an AE chun na hiarmhairtí diúltacha sin a chosc. Léiríonn ionsaithe a tharla le déanaí, agus ionsaithe ar theip orthu nó a seachnaíodh, go bhfuil an sceimhlitheoireacht ag leathnú amach thar theorainneacha na mBallstát a bhí thíos leis riamh (e.g. an Spáinn, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc) go dtí tíortha eile an AE. Léiríonn nádúr na n-eachtraí sin go bhféadfaidh sceimhlitheoirí an t-ullmhúchán a dhéanamh i dtír amháin i gcomhair ionsaí i dtír eile. Ní sláine an AE ná an sine is laige ann. Mar gheall air sin, is gá gníomhaíochtaí ar leibhéal an AE mar aon le cur chuige comhchuibhithe ón AE, agus rachaidh siad sin chun tairbhe na ngeallsealbhóirí ábhartha ar fad. Tá sé curtha in iúl ag na mBallstáit, trí mheán a n-ionadaithe sa Bhuanchoiste um Réamhtheachtaithe (BCR), gur fearr leo cur chuige ón AE i gcomhair na saincheiste seo d'fhonn páirc imeartha chothrom a chruthú. Tugann comhlachais ionadaíocha thionscal na gceimiceán san AE tacaíocht don chur chuige sin. Chuathas i gcomhairle go minic leis na comhlachais chéanna le linn obair an BCR agus le linn na hoibre ar an measúnú iarmharta. Tá sé curtha in iúl ag Ballstáit áirithe nach bhfuil gníomh ar bith déanta acu go fóill toisc go bhfuil siad ag feitheamh le tionscamh ón AE. |

    325 | Beidh cor slándála níos comhchuibhithe ann i ndáil le ceimiceáin a úsáidtear chun pléascáin bhaile a dhéanamh de thoradh na ngníomhaíochtaí sin. |

    327 | Tá raon feidhme an togra teoranta do liosta gearr substaintí ceimiceacha agus a meascáin, agus do dhíol na nithe sin leis an bpobal i gcoitinne (i.e. seachas le húsáideoirí gairmiúla nó mar chuid d'oibríochtaí idir gnóthais). Thairis sin, i gcás roinnt de na substaintí, níl aon teorainn ar rochtain an phobail i gcoitinne orthu fad is nach bhfuil siad os cionn tairsí tiúchana áirithe, agus beifear fós in ann iad a fháil ach ceadúnas ó údarás poiblí a thaispeáint (d'fhonn úsáid dhlisteanach a dhearbhú). Tá na substaintí agus na teorainneacha tiúchana leagtha amach go soiléir san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán. Léiríonn an cor mar atá sé faoi láthair go bhfuil éagsúlú seachas cóineasú ann de thoradh na rialála ar leibhéal náisiúnta, rud a dhéanann aimhleas na slándála. Le héagsúlacht rialála den sórt sin, féadtar ceimiceáin ar ábhar imní iad i mBallstát amháin a cheannach i mBallstát eile chun iad a iompar gan stró isteach sa chéad Bhallstát agus pléascáin bhaile a dhéanamh astu. |

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. |

    Prionsabal na comhréireachta Tá an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: |

    331 | Tá raon feidhme atá sainithe go follasach ag an ionstraim reachtach atá beartaithe. Fágann sé scóip fhairsing do na Ballstáit chun scéim ceadúnúcháin tomhailteoirí a fhorbairt i gcomhréir leis na struchtúir atá acu cheana agus chun pionóis iomchuí a thabhairt isteach. Bheadh na hoibreoirí eacnamaíocha ar fad faoi réir na rialacha céanna. Féadfar an ionstraim a choigeartú de réir mar a athróidh an bhagairt agus an t-eolas i dtaca le substaintí ceimiceacha (i dtéarmaí torthaí taighde, mar shampla) trí shubstaintí a chur leis na hIarscríbhinní, nó iad a bhaint, trí bhíthin nós imeacht tarmligthe. Roghnaíodh Rialachán mar ionstraim ionas nach mbeadh trasuí riachtanach sna 27 Ballstát, agus deis na hIarscríbhinní a mhodhnú i ngach cás acu. |

    332 | Laghdófar an t-ualach airgeadais ar an Aontas Eorpach agus ar na rialtais náisiúnta trí struchtúir atá ann cheana a úsáid chun an Rialachán a chur chun feidhme. Thairis sin, tá raon feidhme an Rialacháin teoranta do réamhtheachtaithe ceimiceacha áirithe lena mbaineann an imní is mó, agus a bhfuil substaintí eile is féidir le tomhailteoirí a úsáid ina n-áit ann don chuid is mó acu. Is dealraitheach go ndéanfar líon beag iarratas ar cheadúnas dá bharr sin. D'fhonn cothromaíocht phraiticiúil a bhaint amach idir ceisteanna slándála agus cumas an tionscail, na hearnála miondíola agus údarás forfheidhmithe dlí maidir le tuairisciú idirbheart amhrasach, beidh baint ag na geallsealbhóirí sin le treoirlínte a fhorbairt. Is beag an iarmhairt eacnamaíoch dhiúltach a bheidh ann don tionscal agus don earnáil mhiondíola ó tharla go bhfuil tomhailt iomlán na gceimiceán ar ábhar imní iad an-íseal agus iad os cionn na tiúchana sonraithe (1.5 % de thomhailt iomlán na gceimiceán sin san AE), ó tharla go mbeifear in ann na ceimiceáin sin a cheannach i gcónaí ach ceadúnas a thaispeáint, agus ó tharla gur dócha go dtiocfaidh méadú ar an úsáid a bhaineann an pobal i gcoitinne as ceimiceáin ionadaíocha. Ionas nach gcuirfear ualach tosaigh a bheadh róthrom ar údaráis phoiblí agus ar an slabhra soláthair le haghaidh na gceimiceán ar ábhar imní iad, beidh idirthréimhse ann agus an Rialachán á chur chun feidhme. Tá gá leis sin freisin le go mbeidh gnóthais agus tomhailteoirí in ann leanúint d'úsáid a bhaint as an stór atá acu cheana de na ceimiceáin i gceist d'fhonn a gcaillteanas eacnamaíoch a laghdú, ach thairis sin chun deis a thabhairt d'údaráis náisiúnta an scéim ceadúnúcháin a bhunú, scéim ar cuid de rogha na tosaíochta í. Iarmhairt do chearta bunúsacha Rinneadh dianscrúdú ar an togra seo d'fhonn a áirithiú go bhfuil a chuid forálacha go hiomlán comhoiriúnach le cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha go háirithe na cinn siúd atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cosaint sonraí pearsanta, an saoirse gnó a dhéanamh, an ceart chun maoine agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe go sonrach. Is gá sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le tuairisciú idirbheart amhrasach agus an scéim ceadúnúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán. Leanann cur isteach tromchúiseach ar an saol príobháideach agus ar an gceart chun cosanta ar shonraí pearsanta uaidh sin. Chun a bheith dleathach, ní mór don chur isteach sin na critéir a éilíonn dlí an AE a chomhlíonadh: mar gheall air sin ní mór dó a bheith de réir an dlí, ní mór é a dhéanamh ar son leas poiblí atá dlisteanach i sochaí dhaonlathach; thairis sin ní mór don chur isteach a bheith riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach agus i gcomhréir leis an gcuspóir sin, i.e. nach féidir an cuspóir a bhaint amach trí bhearta nach bhfuil chomh sriantach. Tá sé ina cheangal go sonrach sa togra nach mór próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le dlíthe an AE maidir le cosaint sonraí, eadhon Treoir 95/46/CE[7] agus dlíthe náisiúnta um chosaint sonraí lena gcuirtear an Treoir sin i bhfeidhm. Maidir leis an gceart gnó a dhéanamh agus an ceart chun maoine, tá an togra i gcomhréir leis na cuspóirí a bhfuiltear ag iarraidh a bhaint amach leis, i bhfianaise roghanna eile beartais a mheastar sa Mheasúnú Iarmharta go háirithe, amhail toirmeasc iomlán ar na ceimiceáin i gceist a dhíol leis an bpobal beag beann ar an tiúchan, mar shampla. Meastar nach mbeadh roghanna eile beartais, ar roghanna nach bhfuil an oiread céanna cur isteach i gceist leo, nach mbeidís chomh éifeachtach céanna. Sainíonn an Rialachán scóip an chur i bhfeidhm a bheidh ag na scéimeanna ceadúnúcháin trí na ceimiceáin ar ábhar imní iad a liostú in Iarscríbhinn I agus trína lua go follasach na teorainneacha tiúchana a mbeadh ceadúnas ag teastáil os a gcionn chun na ceimiceáin sin a cheannach. Ní infheidhme tuairisciú idirbheart amhrasach ach amháin maidir leis na ceimiceáin atá liostaithe sna hIarscríbhinní agus is ar mheasúnú riosca arna dhéanamh ag na hoibreoirí eacnamaíocha a bheidh sé bunaithe. Forálann an togra do threoirlínte follasacha láidre chun cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha measúnú a dhéanamh maidir le chomh amhrasach is atá idirbheart. Áiritheoidh na treoirlínte sin go seachnófar tuiscint róscaoilte ar an gcoincheap sa dóigh go laghdófar an méid sonraí pearsanta a chuirfear ar aghaidh d'údaráis fhorfheidhmithe dlí agus go gcoiscfear aon chleachtas a d'fhéadfadh a bheith treallach nó idirdhealaitheach. Ag an am céanna, cuirfidh an scéim ceadúnúcháin agus an oibleagáid idirbhearta amhrasacha a thuairisciú ar chumas oibreoirí eacnamaíocha leanúint de thrádáil a dhéanamh i ngach réamhtheachtaí sa dóigh go laghdófar an iarmhairt don tsaoirse gnó a dhéanamh. Ní dhéanfar aon difear don cheart chun maoine ós rud é go mbeidh gnóthais agus daoine den phobal i gcoitinne fós in ann na ceimiceáin a fuair siad go dleathach a úsáid. Sa deireadh thiar, foráiltear d'idirthréimhsí sách fada le go mbeidh daoine den phobal i gcoitinne agus oibreoirí eacnamaíocha in ann ullmhú i gcomhair na gceanglas nua, rud a laghdóidh a thuilleadh an iarmhairt ar an gceart chun maoine agus ar an saoirse gnó a dhéanamh. |

    Rogha ionstraimí |

    341 | Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán. |

    342 | Ní bheadh ionstraim eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas: In Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb é an bunús dlí is iomchuí i bhfianaise raon feidhme na gníomhaíochta, tugtar rogha idir Rialachán agus Treoir. D'fhonn uasmhéid comhchuibhithe a bhaint amach i ndáil leis na ceimiceáin a chlúdaíonn an ionstraim, agus mar aon leis sin, i ndáil le tiúcháin de na ceimiceáin sin, is iomchuí Rialachán. Is inmhianaithe cur chuige comhchuibhithe ní amháin mar gheall ar an tslándáil ach d'fhonn rialacha aonfhoirmeacha a bheith ann d'oibreoirí eacnamaíocha freisin. Thairis sin, má úsáidtear Rialachán, ní bheidh gá le bearta trasuite náisiúnta gach uair a dhéanfar athrú ar an liosta de shubstaintí ceimiceacha sna hIarscríbhinní (de réir mar a athróidh an bhagairt a bhaineann leo). |

    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA |

    Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais Eorpaigh. |

    EOLAS BREISE |

    Insamhladh, treoirchéim agus idirthréimhse |

    507 | Beidh idirthréimhse ann i gcomhair an ghnímh atá beartaithe. |

    Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha |

    531 | Tá clásal athbhreithnithe ar áireamh sa togra. |

    560 | An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar de chuid an LEE agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú faoina raon feidhme. |

    2010/0246 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa[8],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9],

    Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[10],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. Sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Slándáil Pléascán a Fheabhsú ( Action Plan on Enhancing the Security of Explosives ), ar plean gníomhaíochta é a ghlac an Chomhairle an 18 Aibreán 2008[11], iarradh ar an gCoimisiún Buanchoiste um Réamhtheachtaithe a bhunú chun bearta a mheas agus moltaí a ullmhú i ndáil le rialáil réamhtheachtaithe pléascán atá ar fáil ar an margadh, agus a n-éifeachtaí costais is tairbhe á gcur san áireamh.

    2. Shainaithin an Buanchoiste um Réamhtheachtaithe, buanchoiste a bhunaigh an Coimisiún in 2008, réamhtheachtaithe pléascán éagsúla atá inúsáidte chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh agus mhol sé gníomhaíocht iomchuí ar leibhéal an Aontais.

    3. Tá dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin glactha cheana ag roinnt Ballstát maidir le margú, cur ar fáil agus seilbh substaintí ceimiceacha áirithe agus meascán ceimiceach áirithe is féidir a úsáid mar réamhtheachtaithe pléascán.

    4. Maidir leis na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin sin, ós rud é go bhfuil siad éagsúil óna chéile agus gur dóigh go gcruthóidh siad bacainní ar thrádáil laistigh den Aontas Eorpach, ba cheart iad a chomhchuibhiú d'fhonn saorghluaiseacht substaintí ceimiceacha agus meascán ceimiceach laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú agus ardleibhéal cosanta á áirithiú le haghaidh shláinte agus shábháilteacht an phobail i gcoitinne.

    5. Ós rud é go mbeadh bearta trasuite sna 27 Ballstát de dhíth de dheasca gach modhnú ar Threoir agus ar a hIarscríbhinní agus ós rud é gur cheart gach oibreoir eacnamaíoch a bheith faoi réir na rialacha céanna, is iomchuí Rialachán a úsáid mar ionstraim dlí chun margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán a rialáil.

    6. Ba cheart iontaofacht agus cumhacht pléascán baile a laghdú trí bhíthin teorainneacha tiúchana a cheapadh le haghaidh substaintí áirithe. Níor cheart do dhaoine den phobal i gcoitinne a bheith in ann na substaintí sin a úsáid ag tiúchan os cionn na dtairseach sonraithe ach amháin i gcás ina mbeidís i seilbh ceadúnais chuige sin. Níor cheart substaintí den sórt sin a sholáthar ach do shealbhóirí ceadúnais den sórt sin.

    7. Ós rud é go mbeadh sé neamh-chomhréireach toirmeasc a chur ar úsáid réamhtheachtaí pléascán i ngníomhaíochtaí gairmiúla, ba cheart na bearta a bhaineann le hallmhairiú, margú agus úsáid na réamhtheachtaí pléascán sin a bheith infheidhme maidir leis an bpobal i gcoitinne amháin.

    8. Níl sé féideartha ar bhonn teicniúil teorainneacha tiúchana a chur ar heicseimín i dtáibléid bhreosla. Ba cheart bearta a ghlacadh chun tuairisciú idirbheart amhrasach a éascú ag céim an mhiondíola i gcás táibléad breosla heicsimín agus réamhtheachtaí eile nach ann do shubstaint mhalartach, atá sábhailte agus oiriúnach, is féidir a úsáid ina n-áit.

    9. Ó tharla gur féidir monarú neamhdhleathach feistí seiftithe pléasctha a bheith ann de thoradh trádála réamhtheachtaí pléascán, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo. Ní mór na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    10. Chun críoch simpliúcháin, ba cheart na forálacha atá ann cheana i ndáil le níotráit amóiniam a áireamh sa Rialachán seo agus ba cheart míreanna 2 agus 3 d'iontráil 58 d'Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clárú, luacháil, údarú agus srianú ceimiceán (REACH)[12] a scrios.

    11. Ceanglaítear sa Rialachán seo sonraí pearsanta a phróiseáil agus a nochtadh do thríú páirtithe ina dhiaidh sin i gcás idirbheart amhrasach. Leanann cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha chun saoil phríobháidigh agus ar an gceart chun cosanta ar shonraí pearsanta ón bpróiseáil sin. Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[13], rialaítear próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh faoi chreat an Rialacháin seo. Dá réir sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfar cosaint iomchuí ar cheart bunúsach daoine aonair chun cosanta ar shonraí pearsanta, ar daoine aonair iad a ndéantar próiseáil ar a sonraí pearsanta agus forálacha an Rialacháin seo á gcur i bhfeidhm, go háirithe an phróiseáil sin ar shonraí pearsanta ar cheart di a bheith mar chuid de cheadúnas a dheonú agus d'idirbhearta a mheastar a bheith amhrasach a thuairisciú.

    12. Ó tharla gur féidir leis na substaintí ceimiceacha a úsáideann sceimhlitheoirí agus coirpigh eile chun pléascáin bhaile a dhéanamh athrú go tapa, ba cheart é a bheith indéanta substaintí eile a thabhairt faoi réir an chórais a sholáthraíonn an Rialachán seo, agus sin a dhéanamh ar bhonn práinne uaireanta.

    13. Dá bhrí sin, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.

    14. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rochtain an phobail i gcoitinne ar cheimiceáin a theorannú, ar ceimiceáin iad is féidir a úsáid chun pléascáin bhaile a dhéanamh, a bhaint amach go leormhaith agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, mar gheall ar scála na gníomhaíochta, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    15. Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha mar aon leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cosaint sonraí pearsanta, an saoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe go sonrach. Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear rialacha comhchuibhithe leis an Rialachán seo maidir le substaintí nó meascáin a chur ar fáil ar an margadh, ar substaintí nó meascáin iad a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu chun pléascáin a mhonarú go neamhdhleathach, d'fhonn rochtain an phobail i gcoitinne orthu a theorannú.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1. Tá an Rialachán seo infheidhme maidir leis na substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní agus maidir le meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin.

    2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo:

    (a) earraí mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14];

    (b) earraí piriteicniúla mar atá sainmhínithe i dTreoir 2007/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], earraí piriteicniúla atá beartaithe d'úsáid neamhthráchtála, i gcomhréir le dlí náisiúnta, ag na fórsaí armtha, ag na húdaráis fhorfheidhmithe dlí nó ag an mbriogáid dóiteáin, trealamh a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 96/98/CE ón gComhairle[16], earraí piriteicniúla atá beartaithe d'úsáid sa tionscal aeraspáis agus caipíní forbhuailte atá ceaptha do bhréagáin;

    (c) substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní agus meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin a úsáideann na fórsaí armtha nó na húdaráis fhorfheidhmithe dlí.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    16. ciallaíonn 'cur ar fáil' aon soláthar, ar íocaíocht nó saor in aisce;

    17. ciallaíonn 'úsáid' earra a phróiseáil, a fhoirmliú, a stóráil, a chóiriú, a mheascadh, a tháirgeadh ar aon bhealach nó aon úsáid eile;

    18. ciallaíonn 'duine den phobal i gcoitinne' aon duine nádúrtha atá ag gníomhú ar son críoch atá lasmuigh dá cheird, dá ghnó nó dá ghairm;

    19. ciallaíonn 'idirbheart amhrasach' aon idirbheart a bhaineann leis na substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní, nó meascáin ina bhfuil na substaintí sin, i gcás ina bhfuil cúis réasúnach le ceapadh go bhfuil sé beartaithe pléascáin bhaile a tháirgeadh leis an tsubstaint nó an meascán;

    20. ciallaíonn 'substaint neamhsceidealta' aon substaint, cé nach bhfuil sí liostaithe sna hIarscríbhinní, a shainaithnítear mar shubstaint a úsáideadh chun pléascáin bhaile a mhonarú.

    21. ciallaíonn 'oibreoir eacnamaíoch' aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas poiblí nó grúpa daoine agus/nó comhlachtaí den sórt sin a sholáthraíonn oibreacha, táirgí nó seirbhísí ar an margadh;

    22. ciallaíonn 'feirmeoir' duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, cibé stádas dlíthiúil a dheonaíonn dlí náisiúnta don ghrúpa agus dá bhaill, a bhfuil a ghabháltas suite laistigh de chríoch an Chomhphobail, mar a thagraítear dó in Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus a chleachtann gníomhaíocht thalmhaíoch;

    23. ciallaíonn 'gníomhaíocht thalmhaíoch' táirgí talmhaíocha a tháirgeadh, a thógáil nó a shaothrú lena n-áirítear buainteoireacht, bleán, pórú ainmhithe agus coinneáil ainmhithe chun críoch feirmeoireachta, nó an talamh a choinneáil i riocht maith ó thaobh na talmhaíochta agus an chomhshaoil de mar atá bunaithe faoi Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle[17].

    Airteagal 4

    Allmhairiú, cur ar fáil, seilbh agus úsáid

    1. Maidir le substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil na substaintí sin, ní chuirfear iad ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne ná ní bheidh siad ina seilbh acu ná ní úsáidfidh siad iad ach amháin má tá tiúchan na substainte san fhoirm ina gcuirtear ar fáil í níos ísle ná an teorainn atá leagtha síos in Iarscríbhinn I nó comhionann leis an teorainn sin.

    2. D'ainneoin mhír 1, féadfaidh na substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil na substaintí sin, a chur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne agus féadfaidh siad a bheith ina seilbh acu agus féadfaidh siad iad a úsáid, ar choinníoll go dtaispeánfaidh an duine den phobal i gcoitinne ceadúnas chun an tsubstaint, nó an meascán ina bhfuil an tsubstaint, a fháil, ar ceadúnas é atá eisithe ag údarás inniúil de chuid Ballstáit.

    3. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag duine den phobal i gcoitinne substaint atá liostaithe in Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil na substaintí sin, a allmhairiú isteach i gcríoch Chustaim an Aontais Eorpaigh agus má tá tiúchan na substainte nó an mheascáin san fhoirm ina bhfuil sé á allmhairiú níos airde ná an teorainn atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, ní mór don duine sin ceadúnas a thaispeáint mar a thagraítear dó i mír 2 ag oifig Chustaim na hiontrála. I gcás amhrais i ndáil le barántúlacht nó beaichte an cheadúnais atá eisithe i gcomhréir le mír 2 agus nuair atá tuilleadh comhairle de dhíth, rachaidh na húdaráis chustaim i dteagmháil leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag an mBallstát chun ceadúnais a éisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5.

    4. D'ainneoin mhír 1, féadfar níotráit amóiniam agus meascáin ina bhfuil níotráit amóiniam a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus féadfaidh siad a bheith i seilbh feirmeoirí, chun iad a úsáid mar leasaitheoirí i ngníomhaíochtaí talmhaíocha, i dtiúchain atá os cionn na teorann atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

    5. Déanfaidh oibreoir eacnamaíoch a chuireann substaint nó meascán ar fáil do dhuine den phobal i gcoitinne ag a bhfuil ceadúnas i gcomhréir le mír 2 an ceadúnas a fhíorú agus taifead a choinneáil den idirbheart.

    6. Maidir le hoibreoir eacnamaíoch ag a bhfuil sé beartaithe na substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, nó meascáin ina bhfuil na substaintí sin, a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, i gcás ina bhfuil tiúchan na substainte san fhoirm ina gcuirtear í ar fáil níos airde ná an teorainn atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, tabharfaidh sé le fios go soiléir ar an bpacáistíocht go bhfuil ceannach, seilbh agus úsáid na substainte sin nó an mheascáin sin faoi réir ceadúnais faoi mar a thagraítear dó i mír 2.

    Airteagal 5

    Ceadúnais

    1. Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos maidir le deonú an cheadúnais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2). Agus údarás inniúil an Bhallstáit ag cinneadh ceadúnas a dheonú, déanfaidh sé dlisteanacht na húsáide atá beartaithe don tsubstaint a chur san áireamh go háirithe. Diúltófar ceadúnas a dheonú má tá cúis réasúnach ann le hamhras faoi dhlisteanacht na húsáide atá beartaithe.

    2. Féadfaidh an t-údarás inniúil bailíocht an cheadúnais a theorannú do thréimhse nach faide ná trí bliana í nó féadfaidh sé iallach a chur ar an gceadúnaí a léiriú i gceann tréimhsí nach faide ná trí bliana go bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh go fóill. Luafar an tsubstaint lena mbaineann ar an gceadúnas.

    3. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar iarratasóirí táille a íoc as a n-iarratas ar cheadúnas. Ní sháróidh táillí den sórt sin costas próiseála an iarratais.

    4. Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceadúnas a chur ar fionraí nó a chúlghairm aon uair atá cúis réasúnach ann le creidiúint nach bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh a thuilleadh.

    5. Is é an comhlacht iomchuí atá freagrach de réir dlí náisiúnta a éistfidh athchomhairc i gcoinne aon chinnidh de chuid an údaráis inniúil, agus díospóidí a bhaineann le comhlíonadh choinníollacha an cheadúnais.

    6. Beidh ceadúnais arna ndeonú ag údarás inniúil Ballstáit amháin bailí i ngach Ballstát. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a tharraingt suas, tar éis dó dul i dteagmháil leis an mBuanchoiste um Réamhtheachtaithe, maidir le mionsonraí teicniúla na gceadúnas chun cur le haithint fhrithpháirteach.

    Airteagal 6

    Idirbhearta amhrasacha agus gadaíocht a thuairisciú

    1. Déanfar idirbhearta amhrasacha substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní, nó meascáin ina bhfuil na substaintí sin, a thuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    2. Déanfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta le huimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist so-aitheanta a bhunú i gcomhair tuairisciú idirbheart amhrasach.

    3. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil cúis acu le creidiúint gur idirbheart amhrasach é idirbheart arna bheartú a bhaineann le substaint amháin nó níos mó atá liostaithe sna hIarscríbhinní, nó le meascáin ina bhfuil na substaintí sin, é sin a thuairisciú gan mhoill, mar aon le céannacht an chliaint más féidir, do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit inar beartaíodh an t-idirbheart.

    4. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha aon idirbhearta amhrasacha eile maidir le substaintí neamhsceidealta, agus meascáin ina bhfuil na substaintí sin, a thuairisciú.

    5. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha gadaíocht shuntasach na substaintí atá liostaithe sna hIarscríbhinní agus meascán ina bhfuil na substaintí sin a thuairisciú do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit inar tharla an ghadaíocht.

    6. D'fhonn comhar a éascú idir na húdaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha, maidir le substaintí neamhsceidealta go háirithe, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Réamhtheachtaithe, treoracha a tharraingt suas agus a uasdátú chun cabhrú leis an slabhra soláthair ceimiceán. Déanfaidh na treoirlínte an méid seo a leanas a sholáthar go háirithe:

    (a) faisnéis maidir le conas idirbhearta amhrasacha a aithint agus a thuairisciú;

    (b) liosta a uasdátaítear go rialta de shubstaintí neamhsceidealta d'fhonn an slabhra soláthair a chumasú monatóireacht a dhéanamh ar bhonn deonach ar thrádáil na substaintí sin;

    (c) faisnéis eile a bhféadfar a mheas gur faisnéis úsáideach í.

    7. Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát go ndéanfar na treoirlínte dá bhforáiltear i mír 6 agus liosta na substaintí neamhsceidealta a scaipeadh go rialta ar dhóigh a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí i gcomhréir le cuspóirí na dtreoirlínte.

    Airteagal 7

    Cosaint sonraí

    Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh an phróiseáil sonraí phearsanta a dhéantar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 95/46/CE[18]. Go háirithe, maidir leis an bpróiseáil sonraí phearsanta a theastaíonn agus ceadúnas á dheonú de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo, agus tuairisciú idirbheart amhrasach de bhun Airteagal 6 den Rialachán seo, áiritheoidh gach Ballstát go gcomhlíonfaidh siad Treoir 95/46/CE.

    Airteagal 8

    Pionóis

    Leagfaidh gach Ballstát rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    Airteagal 9

    Na hIarscríbhinní a leasú

    D'fhonn freastal ar fhorbairtí maidir le mí-úsáid substaintí ceimiceacha mar réamhtheachtaithe pléascán, nó ar bhonn taighde agus tástála, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 10, 11 agus 12. I gcás ina n-éileoidh mórchúiseanna práinne é, go háirithe i gcás ina dtiocfaidh athrú tobann ar an measúnú riosca a fhad a bhaineann le mí-úsáid substaintí ceimiceacha chun pléascáin bhaile a dhéanamh, beidh feidhm ag Airteagal 13.

    Airteagal 10

    An tarmligean a fheidhmiú

    1. Déanfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9 a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama.

    2. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

    3. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11 agus Airteagal 12 a thugtar don Choimisiún na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    Airteagal 11

    An tarmligean a chúlghairm

    1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm tráth ar bith.

    2. Maidir leis an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm, féachfaidh sí chuige fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta sula ndéanfar an cinneadh deireanach, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

    3. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

    Airteagal 12

    Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

    1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear aon mhí amháin leis an tréimhse sin.

    2. Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta arna shonrú ann.

    3. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

    4. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

    Airteagal 13

    Nós imeachta práinne

    1. Maidir le gníomh tarmligthe a glacadh faoin nós imeachta práinne, tiocfaidh sé i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm aige ar chuntar nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na fáthanna ar baineadh úsáid as an nós imeachta práinne san fhógra a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin ngníomh.

    2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse sé seachtaine ó dháta an fhógra. I gcás den sórt sin, tiocfaidh deireadh le feidhm an ghnímh. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

    Airteagal 14

    Leasú Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) 1907/2006

    In Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006[19], in iontráil 58 den tábla a leagann amach sonrúchán na substaintí, grúpaí substaintí agus meascán agus na coinníollach maidir le srianadh, i gcolún 2, scriostar mír 2 agus mír 3.

    Airteagal 15

    Foráil idirthréimhseach

    Leanfar de sheilbh agus úsáid na substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, nó meascáin de na substaintí sin, os cionn na teorainneacha tiúchana atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, a cheadú do dhaoine den phobal i gcoitinne go dtí [ 36 mí tar éis a ghlactha ]

    Airteagal 16

    Athbhreithniú

    Déanfar athbhreithniú ar an Rialachán seo [ 5 bliana tar éis an ghlactha ].

    Airteagal 17

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [ 18 mí tar éis an ghlactha ].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh [...],[...]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    […] […]

    [pic] |

    IARSCRÍBHINN 1

    Substaintí nach gcuirfear ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne ar leithligh nó i meascáin, ach amháin má tá an tiúchan ionann leis na teorainneacha atá leagtha amach thíos nó faoina mbun.

    Ainm na substainte agus uimhir chlár Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN) | Íosmhéid i láthair | Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh comhdhúile leithlí atá sainithe go ceimiceach agus a chomhlíonann ceanglais Nóta 1 de Chaibidil 28 nó 29 den CN, faoi seach {féach Rialachán (CE) Uimh. 948/2009 an 30 Meán Fómhair 2009, IO L 287 an 31.10.2009} | Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh meascáin nó ullmhóide nach bhfuil comhábhair iontu (e.g. mearcair, miotail lómhara nó miotail tearc-chré nó substaintí radaighníomhacha) lena gcinnfí aicmiú faoi chód CN eile {féach Rialachán (CE) Uimh. 948/2009 an 30 Meán Fómhair 2009, IO L 287 an 31.10.2009} |

    Sárocsaíd hidrigine (CAS RN 7722-84-1) | 12 % w/w | 2847 00 00 | 3824 90 97 |

    Nítrimeatán (CAS RN 75-52-5) | 30 % w/w | 2904 20 00 | 3824 90 97 |

    Aigéad nítreach (CAS RN 7697-37-2) | 3 % w/w | 2808 00 00 | 3824 90 97 |

    Clóráit photaisiam (CAS RN 3811-04-9) | 40 % w/w | 2829 19 00 | 3824 90 97 |

    Sárchlóráit photaisiam (CAS RN 7778-74-7) | 40 % w/w | 2829 90 10 | 3824 90 97 |

    Clóráit sóidiam (CAS RN 7775-09-9) | 40 % w/w | 2829 11 00 | 3824 90 97 |

    Sárchlóráit sóidiam (CAS RN 7601-89-0) | 40 % w/w | 2829 90 10 | 3824 90 97 |

    Níotráit amóiniam (CAS RN 6484-52-2) | 16% de réir meáchain de nítrigin i ndáil le níotráit amóiniam | 3102 30 10 (i dtuaslagán uiscí) 3102 30 90 (eile) | 3824 90 97 |

    IARSCRÍBHINN II

    Substaintí ar leithligh nó i meascáin a ndéanfar idirbhearta amhrasacha a thuairisciú ina leith

    Ainm na substainte agus uimhir chlár Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN) | Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh comhdhúile leithlí atá sainithe go ceimiceach agus a chomhlíonann ceanglais Nóta 1 de Chaibidil 28, Nóta 1 de Chaibidil 29 nó Nóta 1(b) de Chaibidil 31 den CN, faoi seach {féach Rialachán (CE) Uimh. 948/2009 an 30 Meán Fómhair 2009, IO L 287 an 31.10.2009} | Cód na hAinmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh meascán nó ullmhóidí ina bhfuil comhábhair (e.g. mearcair, miotail lómhara nó miotail tearc-chré nó substaintí radaighníomhacha) lena gcinnfí aicmiú faoi chód CN eile {féach Rialachán (CE) Uimh. 948/2009 an 30 Meán Fómhair 2009, IO L 287 an 31.10.2009} |

    Heicseimín (CAS RN 100-97-0) | 2921 29 00 | 3824 90 97 |

    Aigéad sulfarach (CAS RN 7664-93-9) | 2807 00 10 | 3824 90 97 |

    Aicéatón (CAS RN 67-64-1) | 2914 11 00 | 3824 90 97 |

    Níotráit photaisiam (CAS RN 7757-79-1) | 2834 21 00 | 3824 90 97 |

    Níotráit sóidiam (CAS RN 7631-99-4) | 3102 50 10 (nádúrtha) 3102 50 90 (seachas nádúrtha) | 3824 90 97 3824 90 97 |

    Níotráit chailciam (CAS RN 10124-37-5) | 2834 29 80 | 3824 90 97 |

    Níotráit chailciam amóiniam (CAS RN 15245-12-2) | 3102 60 00 | 3824 90 97 |

    [1] IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

    [2] Mar a leasaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 552/2009 ón gCoimisiún; IO L 164, 26.6.2009, lch. 7.

    [3] IO L 230, 19.8.1991, lch. 1.

    [4] 14469/3/05 REV 3.

    [5] 8109/08.

    [6] IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

    [7] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

    [8] IO C […], […], lch. […].

    [9] IO C […], […], lch. […].

    [10] Tuairim an .....IO C .....

    [11] 8311/08

    [12] IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

    [13] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

    [14] IO L 396, 30.12.2006.

    [15] IO L 154, 14.6. 2007

    [16] IO L 46, 17.2.1997

    [17] IO L 270, 21.10.2003

    [18] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

    [19] IO L 396, 30.12.2006

    Top