EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0393

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú

/* COIM/2010/0393 leagan deireanach - COD 2009/0153 */

52010PC0393

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 19.7.2010

COIM(2010)393 leagan deireanach

2009/0153 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

An 15 Deireadh Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú (COIM(2009) 541 leagan deireanach). Cuireadh an togra chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Deireadh Fómhair 2009 (2009/0153/CNS).

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, bogadh an togra go dtí an gnáthnós imeacht reachtach (2009/0153/COD).

Tráth a rinneadh an togra, ní raibh aon ghá modhnuithe a bheartú maidir leis na forálacha 'nós imeachta coiste' arna leagan síos in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle. Mar sin féin, le linn díospóireachtaí sa Choiste um Iascach i bParlaimint na hEorpa agus i Meitheal na Comhairle um an mBeartas Inmheánach agus Seachtrach Iascaigh, tháinig saincheist aníos maidir leis an nós imeachta bainistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 24 a iompú ina gcumhachtaí tarmligthe.

I bhfírinne, is iomchuí an mhaise é na forálacha 'nós imeachta coiste' atá i gceist a chur ar comhréim le forálacha nua Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cumhachtaí tarmligthe agus forálacha nua Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le cumhachtaí cur chun feidhme. Dá bharr sin, beidh Rialachán Uimh. 708/2007 ón gComhairle go hiomlán comhsheasmhach leis an gcor nua cinnteoireachta atá ann faoin gConradh.

Dá bhrí sin, is gá togra tosaigh an Choimisiúin a leasú dá réir sin.

A fhad a bhaineann le cumhachtaí tarmligthe, leanann na leasuithe atá beartaithe an nós a tugadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (COIM(2009) 673 leagan deireanach).

Tá an cuma ar an scéal freisin gurb iomchuí togra tosaigh an Choimisiúin a leasú d'fhonn sonrú a dhéanamh ar shainmhínithe áirithe (i.e. 'saoráid dhúnta dobharshaothraithe'), soiléiriú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe (i.e. saoráidí a shuí achar sábhailte ó uiscí oscailte) agus roinnt feabhsuithe a dhéanamh maidir le dréachtú.

Ní bhaineann aon impleachtaí leis an togra leasuithe do bhuiséad an AE.

2009/0153 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú

TÁ COMHAIRLE PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh , agus go háirithe Airteagal 43(2) Airteagal 37 agus Airteagal 299(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007[4], bunaítear creat lena rialaítear cleachtais sa dobharshaothrú maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na speicis sin agus ag speicis ghaolmhara nach spriocspeicis iad ar ghnáthóga uiscí agus chun an tionchar sin a laghdú oiread agus is féidir. Foráiltear in Airteagal 2(7) den Rialachán sin, go bhféadfaí tabhairt isteach speiceas agus aistriú speiceas ar mhaithe lena n-úsáid i saoráidí dúnta dobharshaothraithe a dhíolmhú, amach anseo, ón gceanglas maidir le ceadúnas atá i gCaibidil III den Rialachán sin, bunaithe ar fhaisnéis nua eolaíoch agus ar chomhairle nua eolaíoch.

(2) Tá sainmhíniú oibríochtúil nua ar 'saoráidí dúnta dobharshaothraithe' curtha ar fáil ag an ngníomhaíocht chomhbheartaithe arna maoiniú ag an gComhphobal, 'Tionchar na speiceas coimhthíoch sa dobharshaothrú ar an gcomhshaol' (IMPASSE). A mhéid a bhaineann leis na saoráidí sin, d'fhéadfaí an riosca a bhaineann le speicis choimhthíocha agus le speicis nach bhfaightear go háitiúil a laghdú go leibhéal inghlactha dá ndíreofaí aird ar an acmhainn éalaithe atá ag na horgánaigh atá le feirmshaothrú agus ag na horgánaigh nach spriocorgánaigh iad, agus iad á n-iompar, agus dá gcuirfí prótacail a bheadh sainithe go soiléir i bhfeidhm ag an tsaoráid ghlactha. Níor cheart tabhairt isteach orgánach nó aistriú orgánach ar mhaithe lena n-úsáid i saoráidí dúnta dobharshaothraithe a dhíolmhú ón gceanglas maidir le ceadúnas ach má bhíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh.

(3) Dá bhrí sin, is gá an sainmhíniú ar 'saoráid dhúnta dobharshaothraithe' atá in Airteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a leasú trí thréithe sonracha a chur leis a bheidh ceaptha bithshlándáil na saoráidí sin a áirithiú.

(4) Ba cheart do na Ballstáit liosta a bhunú de na saoráidí dúnta dobharshaothraithe atá ina gcríocha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an liosta sin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar láithreán gréasáin a chruthófaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún[5].

(5) Mar gheall ar na leasuithe sin, is gá oiriúnuithe áirithe eile a dhéanamh ar an Rialachán , go háirithe chun an tagairt do 'saoráidí dúnta dobharshaothraithe' a bhaint as an sainmhíniú ar 'gnáthghluaiseacht' agus as Iarscríbhinn I .

(6) Ba cheart é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir leis na heilimintí seo a leanas de Rialachán (CE) Uimh. 708/2007: na treoirlínte táscacha dá dtagraítear in Airteagal 6, na nósanna imeachta agus na heilimintí íosta a ndíreofar orthu i measúnú riosca don chomhshaol de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 9, na coinníollacha coraintín de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 15, liosta na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), de réir mar atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, II, III agus IV agus na coinníollacha atá riachtanach chun speicis a chur le hIarscríbhinn IV, de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 24(2).

(7) Ba cheart mar sin Rialachán 708/2007 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 leis seo mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(7):

"7. Ní bheidh feidhm ag Caibidlí III go VI maidir le gluaiseachtaí speiceas coimhthíoch ná maidir le gluaiseachtaí speiceas nach bhfaightear go háitiúil, ar speicis iad a bheidh le coinneáil laistigh de shaoráidí dúnta dobharshaothraithe ar an gcuntar go ndéanfar an t-iompar faoi choinníollacha a choiscfidh éalú na speiceas sin agus éalú na speiceas nach spriocspeicis iad.

Bunóidh na Ballstáit liosta de na saoráidí dúnta dobharshaothraithe atá ina gcríocha agus a chomhlíonann an sainmhíniú atá in Airteagal 3(3) agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta go rialta. Laistigh de shé mhí tar éis ghlacadh an Rialacháin lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 , F foilseofar an liosta ar an láithreán gréasáin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún.

(2) Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

"3. Ciallaíonn 'saoráid dhúnta dobharshaothraithe' saoráid ar talamh :

(a) ar saoráid í:

(i) ina ndéantar dobharshaothrú i meán uisceach a mbíonn athchiorclú uisce i gceist leis agus

(ii) nach mbualann sceitheanna ann ar bhealach ar bith le huiscí oscailte sula ndéantar é a scagadh agus a mhionscagadh nó a shíothlú agus a chóireáil chun cosc a chur le scaoileadh dramhaíola sholadaigh go dtí an comhshaol uisce agus le héalú speiceas feirmshaothraithe agus speiceas nach spriocspeicis iad ón tsaoráid, ar speicis iad a d'fhéadfadh teacht slán agus atáirgeadh ina dhiaidh sin;

(b) agus:

(i) a choisceann cailliúintí eiseamal tógtha nó ábhair bhitheolaíoch lena n-áirítear pataiginí , mar gheall ar thosca comhshaoil , amhail creachadóirí (e.g. éanlaith) agus tuilte (e.g. ní mór an tsaoráid a bheith suite achar sábháilte ó uiscí oscailte de réir measúnú cuí arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla), agus;

(ii) a choisceann ar bhealach réasúnta cailliúint eiseamal tógtha nó ábhair bhitheolaíoch lena n-áirítear pataiginí de dheasca gadaíochta agus loitiméireachta; agus

(iii) a áirithíonn diúscairt iomchuí na n-orgánach marbh;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 16:

"16. ciallaíonn 'gnáthghluaiseacht' gluaiseacht orgánach uisce ó fhoinse, ar gluaiseacht í a bhfuil riosca íseal ag gabháil léi go ndéanfar speicis nach spriocspeicis iad a aistriú lena linn agus nach mbeidh ina cúis le drochéifeachtaí éiceolaíocha, mar gheall ar thréithe na n-orgánach uisce agus/nó mar gheall ar an modh dobharshaothraithe a bheidh le húsáid;"

(3) Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 4:

"Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit monatóireacht agus maoirseoireacht ar ghníomhaíochtaí dobharshaothraithe d'fhonn na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a) go gcloíonn saoráidí dúnta dobharshaothraithe leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 3(3), agus

(b) go ndéantar an t-iompar ó shaoráidí dúnta dobharshaothraithe agus an t-iompar chucu faoi dhálaí a choiscfidh éalú speiceas coimhthíoch nó speiceas nach spriocspeicis iad."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Scaoileadh isteach i saoráidí dobharshaothraithe i gcás gnáth-thabhairt isteach.

I gcás gnáth-thabhairt isteach, déanfar scaoileadh orgánach uisce isteach i saoráidí dobharshaothraithe a cheadú gan choraintín ná scaoileadh píolótach, mura gcinnfidh an t-údarás inniúil a mhalairt, i gcásanna eisceachtúla, ar bhonn comhairle sonraí arna tabhairt ag an gcoiste comhairleach. Is i gcomhréir le forálacha Airteagal 6 agus Airteagal 7 nach measfar a mheasfar gur gnáthghluaiseachtaí nó nach gnáthghluaiseachtaí iad gluaiseachtaí ó shaoráid dhúnta dobharshaothraithe go dtí saoráid oscailte dobharshaothraithe."

(5) Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24a, Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú d'fhonn iad a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch agus sonraíochtaí a ghlacadh i gcomhair na gcoinníollacha is gá d'fhonn speicis a chur le hIarscríbhinn IV, de réir mar a fhoráiltear i mír 2."

(b) Cuirtear isteach mír 1a mar seo a leanas:

"1a. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de réir mar a thagraítear dóibh i mír 1, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo." (c) Scriostar mír 3

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

"Féadfaidh Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún speicis a chur le hIarscríbhinn IV trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24a."

(e) Scriostar mír 5

(f) Cuirtear isteach an mhír seo a leanas, mír 6a:

"Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh d'fhonn míreanna 4 agus 6 a chur chun feidhme, agus go háirithe na formáidí, an damhna agus na pointí in iarrataí na mBallstát speicis a chur leis an Iarscríbhinn, agus maidir leis an bhfaisnéis atá le tabhairt chun tacú leis na hiarrataí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002."

(6) Cuirtear isteach Airteagail 24a, 24b agus 24c mar seo a leanas:

"Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tabharfar an chumhacht na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 24 a ghlacadh don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama.

2. A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, fógróidh an Coimisiún amhlaidh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar comhuain.

3. Tugtar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 24b agus 24c.

Airteagal 24b

An tarmligean a chúlghairm

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm tráth ar bith.

2. Maidir leis an institiúid a bhfuil nós imeachta inmheánach tosaithe aici d'fhonn a chinneadh an gcúlghairfear tarmligean na gcumhachtaí, deanfaidh sí a dícheall an institiúid eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta sula nglacfar an cinneadh deiridh, ag cur i bhfios na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfaí a chúlghairm agus na fáthanna a bhféadfaí iad a chúlghairm.

3. Le cinneadh cúlghairme cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Rachaidh an cinneadh i bhfeidhm gan mhoill nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Airteagal 24c

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a shíneadh mí amháin.

2. Tráth a éagfaidh an tréimhse sin, más rud é nach bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle in aghaidh an ghnímh tharmligthe foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta arna shonrú ann.

Foilseofar an gníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm sula n-éagfaidh an tréimhse sin má tá sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach bhfuil sé beartaithe acu agóid a dhéanamh.

3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in aghaidh gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Sonróidh an institiúid a dhéanann an agóid na fáthanna leis an agóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe."

(7) Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"I gcás inar féidir ar chor ar bith é, tabharfar tagairtí ó litríocht na heolaíochta, agus gluaiseanna do chumarsáid phearsanta le húdaráis na heolaíochta agus le saineolaithe iascaigh mar thaca leis an bhfaisnéis".

(b) Leasaítear Roinn D (Idirghníomhaíocht le speicis dhúchasacha) mar a leanas:

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"(1) Cén acmhainn atá ag an orgánach a thugtar isteach maireachtáil agus é féin a bhunú má éalaíonn sé?"

- cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

"(6) An mairfidh na horgánaigh a tugadh isteach agus an atáirgfidh siad go rathúil sa limistéar ina bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach nó an mbeidh stocáil bhliantúil ag teastáil?"

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] …, lch. ...

[2] …, lch. ...

[3] , , lch. .

[4] IO L 168, 28.6.2007, lch. 1.

[5] IO L 156, 14.6.2008, lch. 6.

Top