Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0375

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú GMOanna ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc

    /* COIM/2010/0375 leagan deireanach - COD 2010/0208 */

    52010PC0375

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú GMOanna ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc


    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 13.7.2010

    COIM(2010) 375 leagan deireanach

    2010/0208 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit saothrú GMOanna ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc

    {COIM(2010) 380 leagan deireanach}

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. Comhthéacs an togra

    Tá creat dlí cuimsitheach glactha ag an Aontas Eorpach (AE) le haghaidh údarú táirgí a chuimsíonn Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (GMOanna) nó atá díorthaithe astu. Cumhdaítear úsáid GMOanna sa nós imeachta um údarú chun críche bia agus beatha, próiseála tionsclaíche agus saothraithe thionsclaíoch, agus úsáid a dtáirgí díorthaithe le haghaidh úsáidí bia agus beatha.

    Tá córas údaraithe an Aontais Eorpaigh dírithe ar éifeachtaí díobhálacha GMOanna ar shláinte daoine nó ainmhithe agus ar an timpeallacht a sheachaint agus ag an am céanna margadh inmheánach a bhunú le haghaidh na dtáirgí sin. Foráiltear in dhá phíosa reachtaíochta, eadhon Treoir 2001/18/CE maidir le scaoileadh comhshaoil GMOanna[1] agus Rialachán (CE) 1829/2003 maidir le bia agus beatha GM[2], le haghaidh údarú réamh-mhargaíochta GMOanna. Leis an dá rialachán, bunaítear caighdeáin atá bunaithe ar eolaíocht maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí féideartha um shláinte daoine, shláinte ainmhithe agus an comhshaol mar aon le ceanglais lipéadaithe. Ina theannta sin, déantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003[3] do rialacha ar inrianaitheacht agus lipéadú na GMOanna agus inrianaitheacht bhia agus bheatha a tháirgtear as GMOanna.

    I gConclúidí na Comhairle de mhí na Nollag 2008 measadh an creat reachtaíochta reatha ar GMOanna a bheith cuimsitheach agus cuireadh béim ar an ngá le cur chun feidhme na bhforálacha reatha a fheabhsú, go háirithe maidir le saothrú. Braitheadh an gá le leanúint ar aghaidh le hiarratais a phróiseáil gan aon mhoill mhíchuí chomh maith. I mí an Mhárta 2009, dhiúltaigh an Chomhairle moltaí an Choimisiúin inar iarradh ar an Ostair agus ar an Ungáir a mbearta cosanta náisiúnta a aisghairm, toisc, de réir an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bhia (EFSA), nach raibh an tacaíocht eolaíochta acu a bhfuil gá léi faoi reachtaíocht an AE. Ina dhiaidh sin, d’iarr grúpa de 13 Bhallstát[4] ar an gCoimisiún tograí a ullmhú le saoirse a thabhairt do na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh ar shaothrú GMOanna[5].

    I mí Mheán Fómhair 2009 rinneadh tagairt sna treoirlínte polaitiúla don Choimisiún úr a leag an tUachtarán Barroso amach do phrionsabal na coimhdeachta sa réimse GMO mar shampla ina bhféadfadh sé nach mbeadh an chothromaíocht cheart i gcónaí idir creat de chuid an AE agus an gá le héagsúlacht a chur san áireamh i AE ina bhfuil 27 Ballstát. De réir na dtreoirlínte sin, ba cheart go mbeifí ábalta córas údaraithe de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh GMOanna, bunaithe ar eolaíocht, a chomhcheangal le saoirse do na Ballstáit le cinneadh a dhéanamh cibé acu ar mian leo barraí GM a shaothrú ar a gcríoch nó nár mian.

    Tá sé d’aidhm ag an Rialacháin arna bheartú na treoirlínte sin a chur chun feidhme trí bhunús dlí a sholáthar i gcreat dlí an AE ar GMOanna le húdarú a thabhairt do na Ballstáit saothrú GMOanna, a údaraíodh ar leibhéal an AE ina gcríoch ina hiomláine nó i gcuid dá gcríoch, a shrianadh nó a thoirmeasc. Beidh na toirmisc nó na srianta seo bunaithe ar fhorais seachas iad siúd atá folaithe leis an measúnú riosca maidir le sláinte agus leis an gcomhshaol faoi chóras údaraithe an AE.

    2. An rogha tosaíochta agus measúnú ar a hiarmhairtí

    2.1. Cúiseanna le modhnú a dhéanamh ar chreat reachtaíochta an AE i gcomparáid le roghanna eile

    A. Ní dhéanann an creat reachtaíochta reatha an gá le níos mó saoirse a thabhairt do na Ballstáit maidir le saothrú GMOanna a phlé go hiomlán, toisc nach dtugann sé solúbthacht imleor dóibh chun cinneadh a dhéanamh ar shaothrú GMOanna i ndiaidh dóibh a bheith údaraithe ar leibhéal an AE.

    Comhlánaíonn athsholáthar an Mholta le haghaidh cómhaireachtála[6] le Rialachán maidir le treoirlínte le haghaidh bearta náisiúnta a fhorbairt le láithreacht neamhbheartaithe GMOanna i ngnáthbharraí agus i mbarraí orgánacha na céimeanna i dtreo ghá na mBallstát le solúbthacht a aithint chun na saindálaí talmhaíochta ina gcríoch a chur san áireamh. Ní féidir, áfach, le raon feidhme an Mholta úir, atá ar aon dul le hAirteagal 26a de Threoir 2001/18/CE[7], ach tagairt a dhéanamh do bhearta atá dírithe ar láithreacht neamhbheartaithe GMOanna i mbarraí eile a sheachaint, a thairgeann níos lú lamhálacha do Bhallstáit chun cinneadh a dhéanamh ná mar a bheadh amhlaidh faoi leasú dlí cuimsitheach.

    D’fhéadfadh roinnt gnéithe eile a bhaineann le creat an AE um údaruithe GMO lamháil a thabhairt chun breathnú ar shainchoinníollacha maidir le saothrú sna Ballstáit. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo seo ná (i) breathnú na ngnéithe réigiúnacha faoin measúnú riosca agus faoi choinníollacha na n-údaruithe nó (ii) breathnú fachtóirí dlisteanacha eile faoin Rialachán. Ní bheadh tionchar ag na roghanna seo, áfach, ach ar an dóigh ina nglactar le húdaruithe ar leibhéal an AE. Ina theannta sin dealraíonn sé go bhfuil an creat ina bhféadfaí na gnéithe sin a chur i bhfeidhm róshriantach. Dá bhrí sin, ní chomhlíonfadh siad an phríomhthuairim maidir le cead a thabhairt do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoi shaothrú GMOanna agus a gcuid sainchoinníolllacha á gcur san áireamh acu.

    De bharr an fhíorais nach bhfuil lamháil tuisceana ag na Ballstáit faoi láthair ar shaothrú GMOanna údaraithe, tá roinnt Ballstát ag vótáil ar bhonn foras neamh-eolaíoch i roinnt cásanna. Tá roinnt acu tar éis na clásail chosanta atá ar fáil a ghairm, nó tar éis nósanna imeachta um fhógra speisialta an Chonartha faoin margadh inmheánach a úsáid, mar bhealaí chun saothrú GMOanna a thoirmeasc ar leibhéal náisiúnta.

    B. Dá bhrí sin bheadh gá le leasú ar chreat reachtaíochta reatha an AE d’fhonn cinnteoireacht a éascú agus na fachtóirí ábhartha uile a chur san áireamh. Meastar go laghdóidh sé taobhú na mBallstát le bearta cosanta, ar gá de réir na reachtaíochta iad a bheith bunaithe ar fhianaise úr nó bhreise amháin maidir le sláinte agus sábháilteacht chomhshaoil na GMO. Laghdódh sé seo ualaí institiúideacha ar an gCoimisiún agus ar an EFSA. Ina theannta sin ní ghairmfeadh na Ballstáit nós imeachta Airteagal 114(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) d’fhonn saothrú na GMOanna ina gcríocha a thoirmeasc nó a shrianadh ar bhonn chomaoineacha nach comaoineacha sláinte agus cosanta comhshaoil iad. Ina theannta sin, meastar go soláthróidh an leasú arna bheartú deimhneacht dhlíthiúil do na Ballstáit ar mian leo saothrú GMOanna a shrianadh nó a thoirmeasc. Ar deireadh, cuirfidh sé soiléireacht níos mó ar fáil do pháirtithe leasmhara lena mbaineann (e.g. feirmeoirí GMO, feirmeoirí orgánacha, gnáthfheirmeoirí, táirgeoirí/onnmhaireoirí/allmhaireoirí síolta, póraitheoirí beostoic, próiseálaithe beatha agus tomhaltóirí agus cuideachtaí biteicneolaíochta) maidir le saothrú GMOanna san AE agus d’fhéadfadh sé intuarthacht an phróisis chinnteoireachta a mhéadú.

    2.2. Iarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil an togra

    Bhí saothrú GMOanna san AE an-teoranta go dtí seo. Dá bhrí sin, tá sé deacair cainníochtú beacht a dhéanamh ex ante maidir leis na hiarmhairtí féideartha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil i gcás cead a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le toirmeasc/srianadh saothraithe.

    2.2.1. Iarmhairtí eacnamaíocha

    Ní dhéanann an togra difear do phróiseas údaraithe an AE le haghaidh GMOanna agus leanfaidh an Coimisiún d’iarratais ar shaothrú a phróiseáil i gcomhréir le rialacha reatha. Dá bhrí sin ní bheidh iarmhairtí díreacha ar bith maidir le hiarratasóirí i gceist leis an togra. Baineann sé seo le 17 n-iarratas atá ag feitheamh le húdarú nó le hath-údarú faoi láthair (grán buí den chuid is mó)[8].

    A. Leanúint de threochtaí atá ann cheana - táirgeadh barraí agus síolta GM san AE

    Ar bhonn na taithí teoranta reatha ar shaothrú san AE, meastar go dtarlóidh táirgeadh síolta GM agus saothrú GMOanna san AE sna Ballstáit ina raibh saothrú i bhfeidhm ar a gcríocha cheana den chuid is mó. Tá an luas iomlán ag a bhféadfadh saothrú GM dul ar aghaidh san AE neamhshoiléir cheana faoi chásanna éagsúla arna mbunú ar bhonn an chreata reachtaíochta reatha[9]. Beidh glacadh feirmeoirí mar thoradh ar thrádmhalartú idir, ar thaobh amháin, gnóthachan táirgiúlachta ionchais nó deiseanna margaidh agus, ar an taobh eile, srianta féideartha amhail praghsanna níos airde ar shíolta GM, préimh le haghaidh táirgí nach táirgí GM iad, diúltú féideartha margaidh [10] agus costas bhearta náisiúnta cómhaireachtála agus dliteanais. Beidh bainistíocht ar leithscaradh níos éilithí i réigiúin ina bhforluíonn gnáth-tháirgeadh síolta ar chion mór de tháirgeadh síolta GM nó barraí GM.

    B. Margaíocht síolta GM

    Baineann an togra seo le saoirse na mBallstát maidir le saothrú cineálacha GM amháin a thoirmeasc/shrianadh, ach ní le saormhargaíocht síolta GM údaraithe ar fud an AE ná allmhairí síolta dá leithéidí ó thríú tíortha nuair a bheidh siad údaraithe ar leibhéal an AE.

    C. Éifeachtaí ar chineálacha eile táirgthe agus oibreoirí/úsáideoirí iartheachtacha

    Maidir le cineálacha eile táirgthe, d’fhéadfadh an fhéidearthacht GMOanna a eisiamh ó limistéir faoi leith agus braisliú slabhraí táirgthe éagsúla dul chun sochair oibreoirí agus tomhaltóirí táirgí orgánacha nó gnáth-tháirgí agus na costais leithscartha a laghdú. Tá sé deacair an éifeacht ar phraghsanna tomhaltóirí deiridh a mheas. Mar sin féin, táthar ag súil go méadódh rogha tomhaltóirí agus oibreoirí sa chaoi is go mbeadh trí chineál éagsúla táirgí ann, i.e. táirgí orgánacha, gnáth-tháirgí, agus táirgí GM.

    D. Éifeachtaí ar chostais riaracháin

    Táthar ag súil go laghdóidh an rogha seo líon na mbeart náisiúnta cosanta, a laghdódh, dá bhrí sin, an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit, ar an EFSA nó ar an gCoimisiún agus na nósanna imeachta a bhaineann leo. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh sé na costais riaracháin ar na Ballstáit a mhéadú ina n-iarrachtaí srianta féideartha nó toirmisc fhéideartha um shaothrú GMOanna a fhorfheidhmiú. Mar atá amhlaidh sa chás reatha, sna Ballstáit, i gcás ina ndéanfaí saothrú, beidh acmhainní le haghaidh iniúchta, rialaithe agus monatóireachta, go háirithe ar leibhéal allamuigh, ag teastáil lena áirithiú go gcuirfear riachtanais iarmhargaidh chun feidhme mar is cuí.

    2.2.2. Iarmhairtí sóisialta

    Toisc nach gceaptar go n-athróidh an dromchla saothraithe foriomlán faoin togra reatha, meastar nach mbeidh iarmhairtí suntasacha ar bith ag an togra ar phoist.

    Agus an cur chuige níos náisiúnta nó níos réigiúnaí i dtreo shaothrú GMOanna á chur san áireamh, meastar chomh maith go méadóidh rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht náisiúnta agus réigiúnach agus go leithroinnfidh na Ballstáit níos mó acmhainní agus ama d’fhonn a bpobal a bheith rannpháirteach maidir lena gcinntí. Meastar go gcuirfear gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus eiticiúla i láthair agus go mbeidh siad mar bhunús leis na cinntí faoi seach ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil.

    2.2.3. Iarmhairtí comhshaoil

    Leanfaidh an EFSA de mheasúnú a dhéanamh ar rioscaí féideartha sláinte agus comhshaoil maidir le gach GMO ar leibhéal an AE agus ar bhonn cás ar chás. Glacfaidh an EFSA na tuairimí faoi seach i ndiaidh chionta eolaíochta na n-údarás inniúil náisiúnta a chur san áireamh, go háirithe i ndáil le gnéithe réigiúnacha.

    Mar atá amhlaidh sa chás reatha, sna limistéir ina ndéanfar saothrú GMO, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bainistíocht riosca agus monatóireacht ar éifeachtaí féideartha comhshaoil ar bhonn na measúnuithe riosca faoi seach. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás náisiúnta/réigiúnach agus gréasán eile (e.g. feirmeoirí nó eolaithe) chun na torthaí is éifeachtaí agus is féidir a chur ar fáil.

    2.3. Conclúid

    Measann an Coimisiún gur gá an reachtaíocht a leasú chun an chothromaíocht chuí a bhaint amach idir córas an AE um údaruithe i bhfianaise measúnú eolaíoch ar na baoil don tsláinte agus don chomhshaol agus an gá le saoirse a thabhairt do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar shainghnéithe náisiúnta nó áitiúla atá tagtha chun cinn de bharr shaothrú na GMOanna. Meastar go ndéanfaidh an cur chuige seo, agus córas údaraithe an AE maidir le GMOanna á chaomhnú aige chomh maith le saorchúrsaíocht agus saor-allmhairiú bia, beatha agus síolta GM, aghaidh a thabhairt ar éilimh roinnt Ballstát agus go bhfaighidh sé tacaíocht phoiblí. Meastar chomh maith gur dócha go mbeidh tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta hactha an togra seo níos tábhachtaí ná na míbhuntáistí féideartha.

    D’fhéadfadh sé go mbeadh na Ballstáit i staid níos iomchuí lena gcuid measúnuithe iarmharta féin a dhéanamh le húdar a thabhairt lena gcinntí faoi shaothrú GMOanna ina gcríocha ar leibhéil náisiúnta/réigiúnacha/áitiúla.

    3. Eilimintí dlí an togra

    3.1. Ábhar an togra

    Leasaítear Treoir 2001/18/CE leis an togra seo trí Airteagal úr a thabhairt isteach a cheadaíonn do na Ballstáit saothrú GMOanna údaraithe a shrianadh/thoirmeasc i gcuid dá gcríocha nó ina gcríocha go hiomlán ar fhorais seachas na forais arna gclúdach ag an measúnú riosca comhshaoil faoi chóras údaraithe an AE agus iad siúd a bhaineann le láithreacht neamhbheartaithe GMOanna i dtáirgí eile a sheachaint.

    Bainfidh an leasú seo le GMOanna atá údaraithe le haghaidh saothrú faoi Threoir 2001/18/CE nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 lena gcumhdaítear iarratais ar shaothrú chomh maith má bhaineann siad le GMOanna atá beartaithe mar ábhair fhoinse maidir le táirgeadh breise bia agus beatha. Bainfidh sé ar an gcaoi chéanna le saothrú na gcineálacha uile ábhar iomadaithe síolta agus plandaí arna gcur ar an margadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an AE[11].

    Bainfidh an tsaoirse a gheobhaidh na Ballstáit le saothrú GMOanna amháin, ach ní le síolta GM údaraithe a chur ar an margadh agus a allmhairiú, a chaithfear a leanúint gan bac laistigh de chreat an mhargaidh inmheánaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta faoi seach an Aontais. Leagann an togra amach dhá shraith de choinníollacha faoinar féidir leis na Ballstáit bearta a ghlacadh:

    1. Ós rud é go ndéantar measúnú ar shábháilteacht GMOanna le haghaidh sláinte an duine/ainmhithe agus an chomhshaoil ar leibhéal an AE, is féidir le Ballstáit, faoin gcreat dlí reatha, nósanna imeachta speisialta chlásal cosanta Threoir 2001/18/CE (Airteagal 23) nó beart práinneach Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (Airteagal 34) a ghairm sa chás go mbeadh cúiseanna tromchúiseacha acu a mheas go mbeadh an táirge údaraithe ina riosca tromchúiseach don tsláinte agus don chomhshaol. Dá réir sin, déantar coinníoll sa togra nach féidir leis na Ballstáit cosaint na sláinte agus an chomhshaoil a ghairm le húdar a thabhairt le cosc náisiúnta ar shaothrú GMOanna lasmuigh de na nósanna imeachta speisialta seo. Dírítear leis an gcoinníoll seo ar an gcóras údaraithe atá bunaithe ar eolaíocht arna leagan amach i reachtaíocht an AE a chaomhnú.

    2. Mar sin, is féidir le Ballstáit forais (seachas iad siúd atá clúdaithe ag an measúnú riosca comhshaoil faoi chóras údaraithe an AE) a ghairm d’fhonn saothrú GMOanna a thoirmeasc nó a shrianadh ina gcríocha féin. Ní mór do na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit a bheith i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe maidir leis an bprionsabal neamh-idirdhealaithe idir táirgí náisiúnta agus neamhnáisiúnta agus na forálacha maidir le srianta cainníochtúla ar thrádáil idir na Ballstáit (Airteagail 34 agus 36 CFAE). Ní mór dóibh ar deireadh a bheith comhsheasmhach le hoibleagáidí idirnáisiúnta an AE, agus go háirithe leis na cinn atá bunaithe faoin Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO).

    3.2. Rogha na hionstraime

    Tá an togra seo faoi fhoirm Rialacháin, cé go leasaítear Treoir leis.

    Is é an chúis atá leis an rogha seo ná go bhfuil feidhm ghinearálta ag an togra, go bhfuil sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus go bhfuil sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Ina theannta sin, ní chuimsíonn sé foráil ar bith go substaintiúil a mbeadh gá lena thrasuíomh toisc nach gcuireann sé ach bonn dlí maidir le bearta a ghlacadh ar fáil do na Ballstáit.

    3.3. Prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta

    3.3.1. Comhlíonadh an togra maidir le prionsabal na coimhdeachta.

    De réir Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, faoi phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

    De réir Airteagal 2(2) CFAE, nuair a dhéanfar inniúlacht arna roinnt leis na Ballstáit i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin I gcomhréir le habairt dheireanach na forála seo, déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís a mhéid is a gcinnfidh an tAontas a inniúlacht a stad.

    Comhchuibhíonn creat reachtaíochta reatha an AE saothrú GMOanna go hiomlán. Mar sin níl cead ag na Ballstáit bearta réasúnaithe a ghlacadh lena ndéantar saothrú GMOanna a shrianadh nó a thoirmeasc ach amháin faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa creat dlí sin (go bunúsach na clásail chosanta agus forálacha na mbeart éigeandáil nuair a shainaithnítear riosca tromchúiseach don tsláinte agus don chomhshaol, agus Airteagal 26a de Threoir 2001/18/CE chun láithreacht GMOanna údaraithe i dtáirgí eile a sheachaint).

    Is léir ó thaithí gur ceist í saothrú GMOanna ar a ndéanann na Ballstáit plé níos críochnúla, ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Baineann saothrú GMOanna go dlúth le húsáid talún agus riachtanais na struchtúr talmhaíochta áitiúil, slabhraí táirgthe ar leith agus éileamh custaiméirí. Contrártha do mheasúnú sábháilteachta GMOanna, a bhfuil a phrionsabail i gcoitinn ar fud an AE, nó do cheisteanna a bhaineann le hallmhairí agus margaíocht GMOanna, ar cheart iad a choinneáil rialaithe ar leibhéal an AE, tá saothrú GMOanna aitheanta mar cheist a bhfuil gné áitiúil/réigiúnach láidir ag baint léi. Mar sin, meastar gurb iad na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla cinnteoireachta na creataí is oiriúnaí leis an nósúlacht a bhaineann le saothrú GMOanna a phlé.

    I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus trí chur i bhfeidhm Airteagal 5(3), abairt dheireanach CAE, ba cheart mar sin go mbeadh Ballstáit i dteideal féidearthacht a choimeád maidir le rialacha a ghlacadh a bhaineann le saothrú GMOanna ina gcríocha i ndiaidh an GMO a chur ar mhargadh an AE ar bhonn dlíthiúil, ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh na bearta sin difear dá gcur ar an margadh agus dá n-allmhairiú agus go bhfuil siad i gcomhréir leis na Conarthaí agus le tiomantais idirnáisiúnta an AE, agus go sonrach leis na hoibleagáidí faoin Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO).

    3.3.2. Comhréireacht an togra le prionsabal na coimhdeachta.

    De réir Airteagal 5(4) de CAE, faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

    Tá inneachar ghníomhaíocht an Aontais sa togra teorannaithe sa dóigh is go mbeidh na Ballstáit ábalta bearta réasúnaithe ar shaothrú GMOanna a ghlacadh. Laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sa togra (i.e., nach mbeidh na bearta náisiúnta a ghlacfaidh na Ballstáit bunaithe ar fhorais arna gclúdach ag an measúnú riosca comhshaoil faoi údarú an AE agus go dtabharfaidh siad urraim do na Conarthaí agus do na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha), níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar an AE cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. D’fhéadfadh baint a bheith ag bearta arna nglacadh ag Ballstáit le saothrú GMOanna amháin agus ní le saorchúrsaíocht agus allmhairiú síolta géinmhodhnaithe agus ábhar iomadaithe plandaí, mar tháirgí nó i dtáirgí, agus tháirgí a bhfómhair.

    Ina theannta sin, meastar nach mbeidh costais bhreise ar bith ar pháirtithe leasmhara (cosúil le cuideachtaí biteicneolaíochta nó feirmeoirí) agus ar thomhaltóirí lena mbaineann i gcomparáid leis an staid reatha. B’fhéidir go mbeadh ar roinnt Ballstát tuilleadh dá n-acmhainní riaracháin a leithroinnt chun dul i ngleic le riachtanais a d’fhéadfadh méadú a theacht orthu maidir le hiniúchtaí agus rialú; meastar, áfach, nach mbeidh na costais seo iomarcach agus nach mbeidh siad gan bhunús. Léiríonn na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil breise thuas nach mbeidh iallaigh, costais nó míbhuntáistí iomarcacha i gceist d’oibreoirí, do thomhaltóirí agus do thaobh ar bith eile i gcomparáid leis an staid reatha.

    4. Impleachtaí buiséadacha

    Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra seo le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle do bhuiséad an Aontais.

    Ní bheidh aon iarmhairtí ag an togra seo ar ghnóthais bheaga nó mheánmhéide nach ionann iad agus iarmhairtí na staide reatha.

    2010/0208 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir leis an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit saothrú GMOanna ina gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 […] de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[12],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[13],

    Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[14],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aonghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE[15] agus le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe[16] bunaítear creat dlí cuimsitheach chun orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMOanna) a údarú, ar creat é is infheidhme go hiomlán maidir le GMOanna a úsáidfear chun críocha saothraithe ar fud an AE mar shíolta nó mar ábhar eile iomadaithe plandaí (‘GMOanna le haghaidh saothrú’ anseo feasta).

    (2) Faoin tsraith reachtaíochta seo, déanfar measúnú riosca aonair ar GMOanna le haghaidh saothrú sular ndéanfar iad a údarú lena gcur ar mhargadh an Aontais. Is é aidhm an nóis imeachta seo um údarú ardleibhéal cosanta a áirithiú do bheatha agus do shláinte an duine, do shláinte agus do leas ainmhithe, don chomhshaol agus do leasanna tomhaltóirí, agus ag an am céanna feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

    (3) Chomh maith leis an údarú maidir le cineálacha géinmhodhnaithe a chur ar an margadh, ní mór dóibh ceanglais reachtaíocht an AE a chomhlíonadh ar mhargú síolta agus ábhar iomadaithe plandaí, atá leagtha amach go sonrach i dTreoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le margú síolta plandaí farae[17], i dTreoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le margú síl ghránaigh, i dTreoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le catalóg choitianta na gcineálacha speicis plandaí talmhaíochta[18], i dTreoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le margú síol biatais[19], i dTreoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le margú síol glasraí[20], i dTreoir 2002/56/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le margú síol prátaí[21], i dTreoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le margú síol ola agus plandaí gairbhsí[22], i dTreoir 68/193/CEE ón gComhairle an 9 Aibreán 1968 maidir le margú ábhar iomadaithe fhásúil na fíniúna[23], i dTreoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhar iomadaithe plandaí torthaí de phlandaí ornáideacha[24], i dTreoir 99/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le margú ábhar atáirgthe foraoiseachta[25] agus i dTreoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí[26]. I measc na dTreoracha sin cuimsíonn 2002/53/CE agus 2002/55/CE forálacha a ligeann do na Ballstáit, faoi choinníollacha dea-shainithe áirithe, úsáid chineál ar leith ina gcríoch iomlán nó i gcuid dá gcríoch a thoirmeasc nó na coinníollacha cuí le haghaidh saothrú chineál ar leith a leagan síos.

    (4) A luaithe a bheidh GMO údaraithe chun críche saothraithe i gcomhréir le creat reachtaíochta an AE ar GMOanna agus a chomhlíonfaidh sé, maidir leis an gcineál atá le cur ar an margadh, ceanglais reachtaíocht an AE maidir le margaíocht síolta agus ábhar iomadaithe plandaí, ní bheidh na Ballstáit údaraithe a saorchúrsaíocht laistigh dá gcríoch a thoirmeasc, a shrianadh, nó a chosc, ach amháin faoi na coinníollacha atá sainithe i reachtaíocht an AE.

    (5) Is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo gur rud é saothrú GMOanna a ndéileálann na Ballstáit féin níos fearr leis, bíodh sé sin ar leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Murab ionann is saincheisteanna a bhaineann le GMOanna a chur ar an margadh agus a allmhairiú, rud is ceart a rialú ar leibhéal an AE chun an margadh inmheánach a chaomhnú, glactar leis gur rud é saothrú a bhfuil gnéithe tábhachtacha áitiúla agus réigiúnacha ag baint leis. I gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a bheith i dteideal féidearthacht a bheith acu rialacha a ghlacadh maidir le saothrú éifeachtach GMOanna ina gcríoch i ndiaidh údarú dlíthiúil a bheith tugtha don GMO lena chur ar mhargadh an AE.

    (6) Sa chomhthéacs seo, dealraíonn sé gurb iomchuí tuilleadh saoirse a dheonú do na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, chun cinneadh a dhéanamh cibé acu is mian leo nó nach mian leo barraí GMO a shaothrú ar a gcríoch gan athrú a dhéanamh ar chóras údaruithe an Aontais maidir le GMOanna agus go neamhspleách ar na bearta atá na Ballstáit i dteideal a ghlacadh trí Airteagal 26a de Threoir 2001/18/CE a chur i bhfeidhm chun láithreacht neamhbheartaithe GMOanna i dtáirgí eile a sheachaint.

    (7) Dá bhrí sin, ba cheart údarú a bheith ag na Ballstáit bearta a ghlacadh lena ndéanfaí saothrú na GMOanna uile nó GMOanna áirithe a shrianadh nó a thoirmeasc ina gcríoch iomlán, nó i gcuid dá gcríocha, agus ba cheart údarú a bheith acu na bearta sin a leasú de réir mar a mheasfaidh siad is gá, ag gach céim den údarú, den ath-údarú nó d’aistarraingt na GMOanna lena mbaineann ón margadh. Ba cheart feidhm a bheith aige seo chomh maith maidir le cineálacha géinmhodhnaithe síolta agus ábhar iomadaithe plandaí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha maidir le margú síolta agus ábhar iomadaithe plandaí, agus go háirithe i gcomhréir le Treoracha 2002/53/CE agus 2002/55/CE. Ba cheart tagairt a dhéanamh sna bearta do shaothrú GMOanna, agus dóibh siúd amháin, agus ní do shaorchúrsaíocht agus allmhairiú síolta géinmhodhnaithe agus ábhar iomadaithe plandaí, mar tháirgí nó i dtáirgí, ná do shaorchúrsaíocht agus allmhairiú tháirgí a mbuainte. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart dóibh difear a dhéanamh do shaothrú cineálacha neamhmhodhnaithe síolta agus ábhar iomadaithe plandaí ina bhfaightear rianta GMOanna arna n-údarú ag an AE atá aidbhinteach nó dosheachanta go teicniúil.

    (8) De réir an chreata dlí le haghaidh údarú GMOanna, ní féidir le Ballstát leasú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta a roghnaítear san AE um shláinte an duine/ainmhithe agus um an comhshaol, agus níor cheart an staid seo a athrú. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh lena ndéanfar saothrú na GMOanna uile nó GMOanna áirithe a shrianadh nó a thoirmeasc ina gcríoch iomlán nó i gcuid dá gcríoch ar bhonn foras a bhaineann le leas an phobail seachas iad sin a ndéantar freastal orthu cheana le sraith chomhchuibhithe rialacha an AE lena bhforáiltear cheana do nósanna imeachta chun na rioscaí a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith ag GMO i dtaobh sláinte agus an chomhshaoil. Ina theannta sin, ba cheart na bearta sin a bheith i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir táirgí náisiúnta agus neamhnáisiúnta agus maidir le hAirteagail 34 agus 36 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chomh maith le hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs na hEagraíochta Domhanda Trádála.

    (9) Ar bhonn phrionsabal na coimhdeachta, ní hé is cuspóir an Rialacháin seo coinníollacha an tsaothraithe sna Ballstáit a chomhchuibhiú ach saoirse a thabhairt do na Ballstáit chun forais eile a ghairm seachas measúnú eolaíoch ar bhaoil don tsláinte agus don chomhshaol chun cosc a chur ar shaothrú GMOanna ar a gcríoch. Ina theannta sin, ceann de chuspóirí Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le faisnéis i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil[27] a sholáthar is ea ligean don Choimisiún cuimhneamh ar ghníomh ceangailteach ar leibhéal an AE a ghlacadh, rud nach ndéanfaí freastal air dá dtabharfaí fógra go córasach maidir le bearta na mBallstát faoin Treoir sin. Ina theannta sin, ó tharla nach féidir le bearta a fhéadann Ballstáit a ghlacadh faoin Rialachán seo GMOanna a chur ar an margadh a bheith mar ábhar iontu, agus mar sin nach mionathraíonn siad na coinníollacha maidir le GMOanna arna n-údarú faoin reachtaíocht reatha a chur ar an margadh, dealraíonn sé nach é an nós imeachta um fhógra i dTreoir 98/34/CE an cainéal faisnéise is iomchuí don Choimisiún. Dá bhrí sin, trí mhaolú, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 98/34/CE. Dealraíonn sé, go mbeadh córas fógartha níos simplí maidir leis na bearta náisiúnta sula nglacfar iad ina uirlis níos comhréirí don Choimisiún chun a bheith ar an eolas faoi na bearta sin. Dá bhrí sin, ba cheart bearta a bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit iad a ghlacadh a chur in iúl in éineacht lena spreagadh don Choimisiún agus do na Ballstáit eile mí amháin sula nglacfar iad chun críche faisnéise.

    (10) Foráiltear le hAirteagail 7(8) agus 19(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 go measfar go bhfuil an fheidhm chéanna ag tagairtí a dhéantar i gcodanna A agus D de Threoir 2001/18/CE do GMOanna arna n-údarú faoi chuid C den Treoir sin agus atá ag GMOanna arna n-údarú faoin Rialachán sin. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag bearta arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo freisin maidir le GMOanna arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

    (11) Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2001/18/CE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1 Treoir 2001/18/CE a Mhodhnú

    I dTreoir 2001/18/CE, cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo:

    ‘Airteagal 26b Saothrú

    Féadfaidh Ballstáit bearta a ghlacadh lena ndéanfar saothrú na GMOanna uile nó GMOanna áirithe a shrianadh nó a thoirmeasc, GMOanna arna n-údarú i gcomhréir le Cuid C den Treoir seo nó le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 arb é atá iontu cineálacha géinmhodhnaithe arna gcur ar an margadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an AE maidir le margú síolta agus ábhar iomadaithe plandaí, ar a gcríoch iomlán nó ar chuid dá gcríoch, ar choinníoll:

    (a) go bhfuil na bearta sin bunaithe ar fhorais nach mbaineann le measúnú ar an éifeacht dhíobhálach ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh a eascairt as GMOanna a scaoileadh nó a chur ar an margadh d'aon ghnó;

    agus,

    (b) go bhfuil siad i gcomhréir leis na Conarthaí.

    De mhaolú ar Threoir 98/34/CE, déanfaidh Ballstáit a bhfuil sé de rún acu bearta réasúnaithe a ghlacadh faoin Airteagal seo iad a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, mí amháin sula nglacfar iad chun críche faisnéise’.

    Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit de réir na gConarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] IO L 106, 17.4.2001, lch 1.

    [2] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

    [3] IO L 268, 18.10.2003, lch 24.

    [4] AT, BG, IE, EL, CY, LV, LT, HU, LU, MT, NL, PL agus SI.

    [5] Tionóladh plé ag cruinnithe na Comhairle an 2 Márta, an 23 Márta agus an 25 Meitheamh 2009 faoi seach.

    [6] Moladh ón gCoimisiún an 23 Iúil 2003 maidir le treoirlínte ar straitéisí náisiúnta a fhorbairt agus ar dhea-chleachtas d'fhonn cómhaireachtáil barr géinmhodhnaithe agus feirmeoireacht thraidisiúnta orgánach a áirithiú.

    [7] De réir Airteagal 26a(1) de Threoir 2001/18/CE, “Féadfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí a ghlacadh chun láithreacht neamhbheartaithe GMOanna i dtáirgí eile a sheachaint".

    [8] 14 i gcás gráin bhuí, ceann amháin i gcás pónairí soighe agus ceann amháin i gcás prátaí.

    [9] "The economics of adventitious presence thresholds in the EU seed market", Kalaitzandonakes, Magnier; páipéar oibre, Meitheamh 2007.

    [10] De réir thuarascáil cur chun feidhme an Choimisiúin 2006 maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, dealraíonn sé go bhfuil scaireanna margaidh an AE de tháirgí bia agus beatha GM lipéadaithe i gcodarsnacht lena chéile. Tá táirgí beatha GM lipéadaithe curtha ar an margadh i bhfad níos mó ná mar atá bia GM. Tá an cás seo rialaithe den chuid is mó ag fachtóirí nach mbaineann leis an gcreat reachtaíochta ach le gnéithe eile lena n-áirítear éileamh custaiméirí, infhaighteacht choibhneasta agus costais tráchtearraí éagsúla ar mhargadh an domhain, agus beartais táirgeoirí agus miondíoltóirí bia.

    [11] Treoracha 2002/53/CE agus 2002/55/CE.

    [12] IO C , , lch. .

    [13] IO C , , lch. .

    [14] IO C , , lch. .

    [15] IO L 106, 17.4.2001, lch. 1.

    [16] IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

    [17] IO L 125, 11.7.1966, lch 2298..

    [18] IO L 268, 18.10.2003, lch 1.

    [19] IO L 193, 20.7.2002, lch 12.

    [20] IO L 193, 20.7.2002, lch 33.

    [21] IO L 193, 20.7.2002, lch 60.

    [22] IO L 193, 20.7.2002, lch 74.

    [23] IO L 93, 17.4.1968, lch 15.

    [24] IO L 226, 13.8.1998, lch 16.

    [25] IO L 11, 15.1.2000, lch 17.

    [26] IO L 267, 8.1.2008, lch 8.

    [27] IO L 204, 21.7.1998, lch 37

    Top