Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0273

    Togra le haghaidh Rialachán (AE) Uimh …/…ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe chun feidhme agus lena mbunaítear údarúchán onnmhairithe, bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin SEC(2010)663 SEC(2010)662

    /* COIM/2010/0273 leagan deireanach - COD 2010/0147 */

    52010PC0273

    Togra le haghaidh Rialachán (AE) Uimh …/…ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe chun feidhme agus lena mbunaítear údarúchán onnmhairithe, bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin SEC(2010)663 SEC(2010)662 /* COIM/2010/0273 leagan deireanach - COD 2010/0147 */


    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 31.5.2010

    COIM(2010)273 leagan deireanach

    2010/0147 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN (AE) Uimh …/…Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe chun feidhme agus lena mbunaítear údarúchán onnmhairithe, bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin

    SEC(2010)663 SEC(2010)662

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    COMHTHÉACS AN TOGRA

    - Forais agus cuspóirí an togra

    Tá gníomhaíocht ón Aontas ag teastáil go sonrach chun próiséas an trasuite chuig reachtaíocht an Aontais (reachtaíocht an Chomhphobail[1] roimhe seo) d'fhorálacha an 'Prótacal i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlóin[2], lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta', dá ngairtear 'Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe' nó 'PATNA' anseo feasta, a thabhairt i gcrích.

    Ina Theachtaireacht an 18 Iúil 2005 maidir le bearta chun breis slándála a áirithiú i ndáil le pléascáin, maidhmitheoirí, trealamh déanta buamaí agus airm tine[3], chuir an Coimisiún in iúl an gá a bhí ann Airteagal 10 de PATNA a chur chun feidhme mar chuid den obair trasuite fhoriomlán[4], a cheadódh don Choimisiún a dhualgas a chomhlíonadh maidir le togra a chur le chéile i ndáil le PATNA a chur i gcrích thar ceann an Aontais, ar cheann de príomhaidhmeanna beartas reatha an Choimisiúin maidir le hairm tine é.

    Tá an togra reachtach seo dírithe ar an obair sin a chur i gcrích tríd na forálacha ábhartha d'Airteagal 10 PATNA ar 'Riachtanais ghinearálta maidir le honnmhairiú, allmhairiú agus ceadúnú idirthurais nó córais údarúcháin' a thrasuí.

    - Comhthéacs ginearálta

    Faoi mar a d'údaraigh an Chomhairle, rinne an Coimisiún idirbheartaíocht thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis na hairteagail in PATNA a thagann faoi inniúlacht an Chomhphobail agus shínigh siad é faoi dheireadh an 16 Eanáir 2002, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh[5].

    Liostaíodh i measc ghníomhaíochtaí ábhartha an Phlean Gníomhaíochta lena gcuirtear Clár na Háige chun feidhme, ar clár é maidir le saoirse, slándáil agus ceartas a threisiú san Aontas Eorpach[6], togra maidir le tabhairt i gcrích Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh. Maidir le Clár Stócólm i ndáil le 'Eoraip atá oscailte agus slán, freastal agus cosaint ar shaoránaigh'[7] a tháinig ina dhiaidh sin, aibhsítear sa chlár sin gáinneáil arm mar cheann de na gníomhaíochtaí mídhleathacha atá fós ag cur isteach ar shlándáil inmheánach an AE agus dearbhaítear arís gur cheart don Aontas leanúint de dhaingniú a spreagadh i leith Coinbhinsiún idirnáisiúnta (mar aon lena bPrótacail), go háirithe iad siúd a forbraíodh faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.

    Déanann Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)[8] foráil do bhunús dlí an togra atá beartaithe (comhbheartas tráchtála, inniúlacht eisiach an Aontais de réir Airteagal 3 de CFAE, a dtagann forálacha Airteagal 10 de PATNA faoi). Tá feidhm ag an togra maidir le hairm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón d'úsáid shibhialtach amháin agus níl feidhm aige maidir le hairm tine atá beartaithe a úsáid chun críoch míleata go sonrach. De bhun Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart go mbeadh an comhbheartas tráchtála bunaithe ar phrionsabail chomhionanna, maidir le honnmhairithe inter alia. Ba cheart comhrialacha a bhunú le haghaidh onnmhairithe ón Aontas dá bhrí sin.

    Níl baint ag an togra seo ach le trádáil/aistriú arm tine go tríú tíortha agus dá bhrí sin ní bhaineann sé le haistriú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlóin laistigh den Chomhphobal.

    - Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

    Ní ann d'fhorálacha an AE i réimse an togra (comhbheartas tráchtála).[9]

    - Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

    Táthar ag feitheamh ar an Aontas Eorpach PATNA a chur i gcrích, agus is tiomantas idirnáisiúnta é don AE. Luíonn an ghníomhaíocht seo le beartais reatha an AE maidir le bearta chun coireanna trasnáisiúnta a chomhrac, chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne gáinneáil aindleathach arm tine – lena n-áirítear rialú agus rianú onnmhairí – agus maidir le bearta a bhfuil sé d'aidhm acu leathadh agus scaipeadh mionarm ar fud na cruinne a laghdú.

    TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

    - Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

    Chuathas i gcomhairle leis na geallsealbhóirí trí mheán ceistneoirí agus cuirí chuig cruinnithe dírithe ar Bhallstáit agus ar pháirtithe leasmhara príobháideacha (ionadaithe ó chomhlachais Eorpacha ar monaróirí arm tine agus armlóin d'úsáid shibhialtach iad, daoine i mbun tráchtála sibhialta in airm, sealgairí, bailitheoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, institiúidí taighde, etc.), osclaíodh cuntas ríomhphoist sonrach ((JLS-FIREARMS@ec.europa.eu) le haghaidh comhairliúcháin sheasmhaigh agus rinneadh staidéar seachtrach chun cabhrú leis an Measúnú Iarmharta a ullmhú. Ina theannta sin, bunaíodh 'Grúpa Idir-Sheirbhíse' laistigh den Choimisiún.

    Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad

    Bhí na Ballstáit agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha ar aon intinn go mbeadh buntáiste ag baint le hAirteagal 10 a chur chun feidhme chun aistriú arm tine ón margadh dleathach chuig an margadh neamhdhleathach a chosc. D'áitigh na páirtithe príobháideacha go raibh rialacháin dhiana cheana féin ag na Ballstáit ina thaobh seo agus b'ábhar imní dóibh na torthaí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Bhí roinnt geallsealbhóirí príobháideacha buartha go háirithe go bhféadfadh na bearta idirthurais agus an baol nach gcomhoibreodh Stát idirthurais, moill a chur ar na nósanna imeachta ar fad. Bhí na geallsealbhóirí uile den tuairim gur cheart nósanna imeachta simplithe a úsáid le haghaidh onnmhairiú nó allmhairiú sealadach arm tine. Ní raibh aon chomhaontú maidir leis na gníomhaíochtaí a mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta simplithe ina leith. De réir roinnt de na Ballstáit agus de na heagraíochtaí neamhrialtasacha, ba cheart nósanna imeachta simplithe a theorannú chuig sealgairí agus lámhachóirí spóirt amháin (cé go gcuireann PATNA gníomhaíochtaí eile amhail taispeántais nó deisiúcháin san áireamh). Mheas páirtithe príobháideacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha gur bhuntáiste a bhí sna húdarúcháin maidir le il-lastais agus san uasfhad chun iarratais ar cheadúnais a phróiseáil.

    Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar na tuairimí a chuir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha in iúl. Tá an togra seo beartaithe chun leibhéal níos airde slándála/éifeachtachta agus éifeachtúlachta a chur i bhfeidhm. Cuireadh an dá ghné sin le chéile ar bhonn thorthaí an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí.

    - Saineolas a bhailiú agus a úsáid

    Na fearainn eolaíochta/saineolais lena mbaineann

    Is cuid d'ionstraim idirnáisiúnta é Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a d'fhormheas an Comhphobal tráth na caibidlíochta agus ina dhiaidh sin tríd an bPrótacal a shíniú.

    An mhodheolaíocht a úsáideadh

    Ceistneoir do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí príobháideacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, dhá chruinniú neamhspleácha le hionadaithe ó na Ballstáit agus geallsealbhóirí príobháideacha maidir le staidéar seachtrach, cuntas ríomhphoist sonrach a osclaíodh (JLS-FIREARMS@ec.europa.eu) le haghaidh comhairliúcháin sheasmhaigh.

    Na príomheagraíochtaí/saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo

    Cuireadh na ceistneoirí agus na cuirí chun cruinnithe chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha, chuig ionadaithe ó chomhlachais Eorpacha ar monaróirí arm tine agus arm lóin d'úsáid shibhialtach iad, daoine i mbun tráchtála sibhialta in airm, sealgairí, bailitheoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, institiúidí taighde agus Comhlachais Eorpacha eile (Comhlachais Tráchtála; Tionscail; Fiontair Cheardaíochta, Fiontair bheaga agus mheánmhéide).

    Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus a úsáideadh

    Sa bhreis ar an méid a thuairiscítear faoi 'Achoimre ar fhreagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad', is iomchuí atá sé an méid seo a leanas a shonrú chomh maith.

    Réiteach amháin a moladh le linn an chomhairliúcháin ab ea glacadh le toiliú intuigthe le haghaidh na mbeart idirthurais. Bhí geallsealbhóirí príobháideacha i bhfábhar an méid sin cé nach raibh roinnt de na Ballstáit ná roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha.

    Bhí cách ar aon tuairim go bunúsach gur cheart go mbeadh an dualgas maidir leis an bhfaisnéis a éilítear a fháil (údarúchán allmhairithe agus fógra nach gcuirfear aon agóid san idirthuras) ar na páirtithe príobháideacha.

    Luadh freisin an fhéidearthacht go bhféadfadh sealgairí/lámhachóirí spóirt an Pas Arm Tine Eorpach a úsáid mar aon le cuireadh oifigiúil chuig imeacht lasmuigh den AE.

    Cuirtear san áireamh leis an togra go háirithe an gá atá le bearta simplithe le haghaidh onnmhairiú sealadach, maolú ar thionchar diúltach féideartha na mbeart idirthurais a éilíonn Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe trí úsáid a bhaint go háirithe as toiliú intuigthe faoi choinníollacha áirithe, úsáid il-údarúchán le haghaidh il-lastas agus uasfhad an phróisis chun an t-údarúchán a eisiúint. Ag an am céanna, cuireann an togra seo san áireamh na cleachtais atá ann cheana sna Ballstáit.

    Modhanna a úsáidtear chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil don phobal

    Measúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo.

    - Measúnú Iarmharta

    D'fhorbair an Measúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo ceithre rogha beartais.

    Ní raibh gníomhaíocht ar bith ón AE i gceist le rogha beartais 1. Rogha theoiriciúil ab ea an rogha seo toisc an dualgais dhlíthiúil idirnáisiúnta atá ar an gComhphobal (Aontas anois) trí bhíthin an Prótacal a shíniú, agus toisc easpa prionsabal comhionann a bheith ann i gcúrsaí a thagann faoin gcomhbheartas tráchtála, ar inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é.

    Roghnaíodh na trí rogha beartais eile de réir a dhírithe is a bhí siad ar shlándáil nó ar éifeachtúlacht, nuair is é atá i gceist leis an éifeachtúlacht an méid is féidir cuspóirí a bhaint amach le haghaidh leibhéil áirithe acmhainní nó ar an gcostas is ísle is féidir. Sa chás seo, tagraíonn éifeachtúlacht don ualach a laghdú a mhéid agus is féidir le haghaidh páirtithe príobháideacha agus údarás náisiúnta.

    Tá rogha beartais 2 dírithe ar rannchuidiú le feabhsú slándála i ndáil le honnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras arm tine d'úsáid shibhialtach a bhaint amach go hoptamach agus atreorú féideartha ón margadh dleathach a chosc.

    Tá rogha beartais 3 bunaithe ar chur chun feidhme éifeachtach Airteagal 10 de PATNA a bhaint amach le haghaidh páirtithe príobháideacha.

    Díríonn rogha beartais 4 ar éifeachtúlacht le haghaidh údarás náisiúnta.

    Is é rogha 3 rogha na tosaíochta, rud a léirítear sa togra seo. Comhlíonann sé na cuspóirí maidir le hAirteagal 10 de PATNA a chur chun feidhme ar an mbealach is cuimsithí is féidir agus is é an bealach is fearr chun é sin a bhaint amach na forálacha éigeantacha – atá oiriúnaithe do na cineálacha táirgí (táirgí d'úsáid shibhialtach) – a chur le chéile leis na forálacha roghnacha, rud a bhfuil sé de cheart ag na geallsealbhóirí a bheith ag súil leis.

    Tugann sé le chéile gnéithe éagsúla de na roghanna beartais éagsúla ar bhonn na bpríomhbhuntáistí agus míbhuntáistí a shonraítear i leith gach ceann acu, d'fhonn leibhéal níos airde éifeachtachta agus éifeachtúlachta a bhaint amach. Dealraíonn sé go bhfuil an poitéinseal is mó ann leasanna suntasacha a bhaint amach le haghaidh na ngrúpaí lena mbaineann, nuair a nasctar an éifeachtacht/slándáil agus an éifeachtúlacht le chéile, agus tá sé sin bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí i measc rudaí eile.

    Laghdóidh an nós imeachta simplithe atá beartaithe maidir le honnmhairí sealadacha i gcomhair críoch is féidir a fhíorú bheith dleathach, agus na bearta idirthurais atá beartaithe go háirithe, na hualaigh riaracháin a d'fhéadfadh bheith ann chun na gcríoch dleathach sin atá liostaithe ag PATNA féin.

    Maidir le saincheist shonrach an toilithe intuigthe atá beartaithe, tá an struchtúr dírithe ar chothromaíocht a bhaint amach idir dlús a chur leis an bpróiséas (cúrsaí gnó) agus teorainn ama fhéideartha a áirithiú maidir le freagairt ón Stát idirthurais (cúrsaí slándála).

    EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    - Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

    Ceanglaítear le hAirteagal 10 de PATNA i ndáil le 'Riachtanais ghinearálta maidir le honnmhairiú, allmhairiú agus ceadúnú idirthurais nó córais údarúcháin' 'go mbunóidh nó go gcothóidh gach Stát is Páirtí córas éifeachtach maidir le ceadúnú nó údarúcháin onnmhairithe agus allmhairithe, mar aon le bearta i ndáil le hidirthuras idirnáisiúnta, i gcomhair aistriú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin'. Feabhsófar grinnscrúdú ar aistrithe agus déanfar dlithe a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr dá bharr.

    Tá Airteagal 10 de PATNA bunaithe ar an bprionsabal nár cheart airm tine ná ábhar bainteach a aistriú idir Stáit gan a fhios sin a bheith ag na Stáit ar fad lena mbaineann, ná gan a dtoiliú. Níor cheart airm tine a onnmhairiú chuig tíortha nár údaraigh an t-aistriú ná tríd na tíortha sin. Ba cheart go mba leor damhna na ndoiciméad a úsáidtear le haghaidh onnmhairiú agus allmhairiú dleathach chun rianú a áirithiú. Sa bhreis ar na forálacha éigeantacha a luaitear thuas, ceadaíonn Airteagal 10 de PATNA freisin do na Páirtithe nósanna imeachta simplithe a ghlacadh le haghaidh onnmhairiú, allmhairiú agus idirthurais líon beag arm tine i gcomhair críoch is féidir a fhíorú a bheith dleathach, amhail caitheamh aimsire, deisiúchán, taispeántas. Tugtar forálacha roghnacha ar na forálacha deireanacha sin.

    Baineann Caibidil I den togra seo le 'Ábhar, Sainmhínithe agus Raon Feidhme'. Cuireann na sainmhínithe (Airteagal 2) san áireamh – nuair is iomchuí – forálacha comhthreomhara Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ach tá siad curtha in oiriúint do reachtaíocht AE atá ann cheana nó toghraítear iad ar mhaithe le soiléireacht: mar shampla, is ionann na sainmhínithe ar airm tine, páirteanna agus comhpháirteanna riachtanacha agus armlón agus na sainmhínithe i dTreoir 91/477, nó déantar tagairt dhíreach do Chód Custaim an Chomhphobail. Liostaítear in Airteagal 3 na heisceachtaí sonracha nach bhfuil feidhm ag an Rialachán ina dtaobh.

    Pléann Caibidil II le 'údarúchán onnmhairithe, nósanna imeachta agus rialuithe'. Trasuíonn na hairteagail ábhartha na coincheapa a bhunaítear go héigeantach le hAirteagal 10 de PATNA. Bunaítear le hAirteagal 4 an dualgas ginearálta maidir le húdarúchán onnmhairithe a éileamh agus déantar tagairt do liosta na dtáirgí a bhfuil feidhm ag an togra ina dtaobh (san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra). Déantar foráil freisin do nuashonruithe. Áirítear le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 6 maidir leis na coinníollacha chun údarúchán onnmhairithe a eisiúint, roinnt de na bearta maolaithe atá mar thoradh ar an gcomhairle a fuarthas ó gheallsealbhóirí le linn an chomhairliúcháin, mar shampla: an uastréimhse phróiseála, úsáid fhéideartha doiciméad leictreonach agus toiliú intuigthe le haghaidh idirthurais. Pléann Airteagal 11 agus Airteagal 12 faoi seach le forálacha comhfhreagracha Airteagal 10(4) agus (5) de PATNA maidir leis an nós imeachta údarúcháin a fhíorú. Baineann Airteagal 7 le nósanna imeachta simplithe i gcomhair críoch is féidir a fhíorú bheith dleathach maidir le honnmhairithe sealadacha, ag cur chun feidhme fhoráil neamh-cheangailteach Airteagal 10(6) de PATNA. Áirítear sa chaibidil seo freisin forálacha maidir leis na critéir ghinearálta a bheidh le cur san áireamh ag na Ballstáit nuair a dhéanfaidh siad measúnú ar iarratas ar údarúchán onnmhairithe (Airteagal 8 agus Airteagal 9) agus ar chumhachtaí na n-údarás náisiúnta inniúlach (Airteagal 13), atá cosúil leis na forálacha sin atá leagtha síos i reachtaíocht beartais tráchtála eile, eadhon an Rialachán 'Dé-úsáid'[10]. Díríonn Airteagal 10 ar an ngá atá le taifid a choinneáil. Tá foirmle chaighdeánach maidir le pionóis tugtha in Airteagal 14.

    Áirítear i gCaibidil III ar 'nós imeachta custaim' (Airteagal 15 agus Airteagal 16), agus Caibidil IV ar 'comhar riaracháin' (Airteagal 17), forálacha caighdeánacha a úsáidtear go coitianta in ionstraim beartais tráchtála.

    Tagraíonn Caibidil V do 'forálacha ginearálta agus críochnaitheacha'. Sa bhreis ar Ghrúpa Comhordaithe a bhunú (Airteagal 18), áirítear ann, go háirithe, clásal athbhreithnithe (Airteagal 19(3)), agus forálacha maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin (Airteagal 20).

    - Bunús dlí

    Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    - Prionsabal na coimhdeachta

    Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais amháin. Dá bhrí sin níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

    - Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas:

    Áirithítear comhréireacht trí dhamhna an rogha atá beartaithe a theorannú d'fhorálacha Airteagal 10 de PATNA, arna fhormheas ag an AE cheana le linn na gcaibidlí ar an bPrótacal. Ar an iomlán, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach. D'fhonn ábhair imní agus barúlacha na ngeallsealbhóirí príobháideacha a chur san áireamh, cuireann an togra fhorálacha roghnacha Airteagal 10 de PATNA chun feidhme agus forálacha eile atá dírithe ar ualach na rialacha riaracháin a laghdú, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le bearta idirthurais, sa bhreis ar na forálacha caighdeánacha a bhaineann le beartas tráchtála.

    - Rogha Ionstraimí

    An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

    Ní bheadh modhanna eile leormhaith. Is ionstraim reachtúil é Rialachán a dhéantar foráil dó le hAirteagal 207(2) maidir le cúrsaí beartais tráchtála.

    IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Níl aon impleacht ag an togra le haghaidh bhuiséad an Aontais.

    EILIMINTÍ ROGHNACHA

    - Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

    Tá clásal athbhreithnithe ar áireamh sa togra.

    2010/0147 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN (AE) Uimh …/…Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an […]

    lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe chun feidhme agus lena mbunaítear údarúchán onnmhairithe, bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. I gcomhréir le Cinneadh 2001/748/CE ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2001[11] maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh[12]. Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta, shínigh an Coimisiún an Prótacal sin (dá ngairtear 'Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe' nó PATNA anseo feasta) thar ceann an Chomhphobail an 16 Eanáir 2002.

    2. Tháinig Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhar i measc na Stát is páirtithe a chur chun cinn, a éascú agus a neartú d'fhonn monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus armlóin a chosc, a chomhrac agus a dhíothú, i bhfeidhm an 3 Iúil 2005.

    3. D'fhonn rianú airm tine a éascú agus d'fhonn gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus armlóin a chomhrac go héifeachtach, ní mór an malartú faisnéise idir Ballstáit a fheabhsú.

    4. Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[13] agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[14].

    5. Sa Teachtaireacht uaidh maidir le bearta chun breis slándála a áirithiú i ndáil le pléascáin, maidhmitheoirí, trealamh déanta buamaí agus airm tine[15], d'fhógair an Coimisiún go raibh sé de rún aige Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme mar chuid de na bearta ba ghá a ghlacadh d'fhonn an tAontas a bheith in ann an Prótacal sin a chur i gcrích.

    6. Ceanglaíonn Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe ar na páirtithe ar fad go háirithe, nósanna imeachta riaracháin nó córais a chur i bhfeidhm nó a fheabhsú chun monarú, marcáil, allmhairiú agus onnmhairiú arm tine a rialú go héifeachtach.

    7. Chun Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, ceanglaítear freisin go nglacfar le gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna nó armlóin mar chion coiriúil agus go gcuirfear bearta i bhfeidhm chun gur féidir iad a choigistiú.

    8. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón atá beartaithe d'úsáid mhíleata go sonrach. Maidir leis an ngá atá ann ceanglais Airteagal 10 de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, ba cheart na ceanglais sin a oiriúnú chun foráil a dhéanamh do nósanna imeachta simplithe maidir le hairm tine i d'úsáid shibhialtach. Dá bhrí sin, ba cheart éascú éigin a áirithiú maidir le húdarúchán d'il-lastas, do bhearta idirthurais agus d'onnmhairithe sealadacha chun críoch dleathach.

    9. Ní dhéanann an Rialachán difear do chur i bhfeidhm Airteagal 346 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina ndéantar tagairt do leasanna riachtanacha maidir le slándáil na mBallstát, ná ní bhaineann aon iarmhairt leis do Threoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a shimplíonn téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal[16]. Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, ná ag an Rialachán seo dá bhrí sin, maidir le hidirbhearta 'Stát go Stát' ná le haistrithe Stáit i gcásanna ina ndéanfadh cur i bhfeidhm an Phrótacail dochar do cheart Stáit is Páirtí gníomhaíocht a ghlacadh chun leasa na slándála náisiúnta, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe.

    10. Tá Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le héadáil agus seilbh arm a rialú[17], dírithe ar aistrithe arm d'úsáid shibhialtach laistigh de chríoch an Aontais, ach díríonn an Rialachán seo ar bhearta i leith gluaiseachtaí ó chríoch an Aontais Eorpaigh go tríú tíortha nó tríothu.

    11. Tá airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, faoi réir reachtaíocht an Aontais nuair a allmhairítear ó thríú tíortha iad agus faoi réir cheanglais Threoir 91/477/CEE ón gComhairle go háirithe.

    12. Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú maidir leis na forálacha i ndáil le taifead a choinneáil atá i bhfeidhm faoi reachtaíocht an Aontais.

    13. D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is iomchuí, ba cheart do gach Ballstát bearta a ghlacadh chun na cumhachtaí iomchuí a thabhairt do na húdaráis inniúla.

    14. Ar mhaithe le cúrsaí a éascú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún liosta a choinneáil de na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a bhfuil údarúchán ag teastáil ina dtaobh faoin Rialachán seo, agus é a leasú ar bhonn aon leasaithe ina dhiaidh sin ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim[18].

    15. Ghlac an tAontas corpas rialacha custaim, atá le fáil i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail[19] agus a fhorálacha cur chun feidhme mar atá leagtha amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún[20]. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe)[21] a chur san áireamh freisin, ar rialachán é a bhfuil feidhm ag a fhorálacha i gcéimeanna éagsúla de réir Airteagal 188 de. Níl aon rud sa Rialachán seo a chuireann srian ar chumhacht ar bith faoi Chód Custaim an Chomhphobail agus a fhorálacha cur chun feidhme, ná de bhun an Chóid agus na bhforálacha sin.

    16. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás ina ndéanfar sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    17. Tá an Rialachán seo gan dochar do chóras an Aontais maidir le rialú onnmhairithe agus le haistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009[22].

    18. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo agus faoi fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i dtaobh an Rialacháin seo.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS RAON FEIDHME

    Airteagal 1

    Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha a rialaíonn údarúchán onnmhairithe agus bearta allmhairithe agus idirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlóin, chun críoch Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (dá ngairtear 'Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe' anseo feasta).

    Airteagal 2

    Chun críocha an Rialacháin seo:

    19. ciallaíonn 'arm tine' aon arm iniompartha a bhfuil bairille air a dhíchuireann grán, urchar nó diúracán nó atá ceaptha chun iad a dhíchur trí bhíthin tiomántáin indóite, nó aon arm dá leithéid a d'fhéadfaí a athchóiriú chun iad a dhíchur.

    Meastar go bhféadfaí gléas a athrú chun grán, urchar nó diúracán a dhíchur trí mheán tiomántán indóite sna cásanna seo a leanas:

    - má tá cuma arm tine air, agus

    - más féidir é a athchóiriú chuige sin de bharr a dhéanaimh, nó an ábhair as a bhfuil sé déanta;

    20. ciallaíonn 'páirteanna agus comhpháirteanna riachtanacha' aon eilimint nó aon eilimint athsholáthair atá ceaptha go sonrach le haghaidh airm tine agus atá riachtanach dá fheidhmiú, lena n-áirítear bairille, fráma nó glacadóir, sleamhnán nó sorcóir, bloc bolta nó craosbhloc, agus gléas ar bith atá ceaptha nó oiriúnaithe chun fothram airm tine arna scaoileadh, a mhaolú.

    ciallaíonn 'comhpháirt riachtanach' meicníocht dúnta craois, cuasán agus bairille airm tine a áirítear, ós rud é gur réada ar leithligh iad, i gcatagóir na n-arm tine ar a bhfuil siad feistithe nó ar a bhfuil sé beartaithe iad a fheistiú;

    21. ciallaíonn 'armlón' an t-urchar iomlán nó na comhpháirteanna de a úsáidtear in arm tine, lena n-áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, ar choinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údarúcháin sa Bhallstát ábhartha;

    22. ciallaíonn 'airm tine díghníomhachtaithe' réada atá ag teacht leis an sainmhíniú ar arm tine agus a cuireadh as feidhm go buan trí bhíthin a ndíghníomhachtaithe, á áirithiú go bhfuil na codanna riachtanacha ar fad do-úsáidte go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná iad a mhodhnú chun an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith.

    23. ciallaíonn 'onnmhairiú':

    (i) nós imeachta onnmhairithe laistigh de bhrí Airteagal 161 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

    (i) ath-onnmhairú laistigh de bhrí Airteagal 182 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92, gan ítimí atá i mbun idirthurais a áirithiú;

    24. ciallaíonn 'onnmhaireoir' duine nádúrtha nó duine dlítheanach a ndéantar dearbhú onnmhairithe ar a shon, is é sin le rá an duine a bhfuil an conradh aige leis an gcoinsíní sa tríú tír, an tráth a ghlactar leis an dearbhú, agus a bhfuil sé de chumhacht aige a chinneadh go seolfar an ítim amach as críoch chustaim an Aontais. Mura bhfuil aon chonradh onnmhairithe curtha i gcrích nó mura ngníomhaíonn sealbhóir an chonartha ar a shon féin, is é a chiallóidh onnmhaireoir, an duine a bhfuil sé de chumhacht aige a chinneadh go seolfar an ítim amach as críoch chustaim an Aontais;

    I gcás go bhfuil sé de cheart ag duine atá bunaithe lasmuigh den Aontas fáil réidh le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, de bhun an chonartha ar a bhfuil an t-onnmhairiú bunaithe, measfar gurb é an t-onnmhaireoir an páirtí conarthach bunaithe san Aontas;

    25. ciallaíonn 'críoch chustaim an Aontais' an chríoch laistigh de bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

    26. ciallaíonn 'dearbhú onnmhairithe' an gníomh trína dtugann duine le fios ar bhealach ar leith atá leagtha amach go bhfuil sé i gceist aige airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna, agus armlón a chur faoi nós imeachta onnmhairithe;

    27. ciallaíonn 'onnmhairiú sealadach' gluaiseacht arm tine a fhágann críoch chustaim an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe iad a ath-allmhairiú;

    28. ciallaíonn 'idirthuras' iompar earraí atá ag fágáil chríoch chustaim an Aontais agus atá ag dul trí chríoch tríú tír amháin nó níos mó agus an chríoch dheiridh i dtríú tír eile;

    29. ciallaíonn 'traslastas' idirthuras lena mbaineann an gníomh fisiciúil earraí a dhíluchtú ón modh allmhairithe iompair agus athluchtú ina dhiaidh sin, go modh eile iompair de ghnáth;

    30. ciallaíonn 'údarúchán onnmhairithe' údarúchán a dheonaítear d'onnmhaireoir sonrach i leith úsáideora dheiridh amháin nó coinsíní amháin i dtríú tír, údarúchán a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón;

    31. ciallaíonn 'údarúchán il-onnmhairithe' údarúchán a dheonaítear d'onnmhaireoir sonrach le haghaidh il-lastas chuig an úsáideoir deiridh céanna nó coinsíní céanna i dtríú tír, údarúchán a bhaineann le harm tine amháin nó níos mó, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón;

    32. ciallaíonn 'gáinneáil aindleathach' allmhairiú, onnmhairiú, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlóin ó chríoch Ballstáit amháin chuig tríú tír, nó trasna críche Ballstáit amháin chuig tríú tír sna cásanna seo a leanas:

    (i) mura bhfuil sé údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le téarmaí an Rialacháin seo, nó

    (ii) mura bhfuil na hairm tine marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 91/477/CEE, nó

    (iii) mura marcáiltear na hairm tine allmhairithe tráth a n-allmhairithe le marc simplí lenar féidir an chéad tír allmhairithe laistigh den Aontas Eorpach a shainaithint, ar a laghad, nó, i gcás nach bhfuil marc den chineál sin ar an arm tine, le marc uathúil a shainaithníonn na hairm tine allmhairithe;

    33. ciallaíonn 'rianú' rianú córasach arm tine agus, nuair is féidir, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón ón monaróir go dtí an ceannaitheoir chun na críche cabhrú le húdaráis inniúla na mBallstát monarú agus gáinneáil aindleathach a bhrath, a scrúdú agus a anailísiú.

    Airteagal 3

    34. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

    35. idirbhearta 'Stát go Stát' ná aistrithe Stáit;

    36. airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón má tá siad ceaptha go sonrach chun críche míleata agus, i gcás ar bith, airm tine a bhfuil cumas lámhaigh atá go hiomlán uathoibríoch acu;

    37. airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón nuair is dul chuig na fórsaí armtha, na póilíní agus údaráis phoiblí na mBallstát atá i ndán dóibh;

    38. bailitheoirí agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le gnéithe cultúrtha agus stairiúla na n-arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón agus a bhfuil an t-aitheantas sin acu ón mBallstát a bhfuil siad bunaithe ina chríoch, ar choinníoll go n-áirithítear go bhfuil bearta rianaithe i bhfeidhm;

    39. airm tine dhíghníomhachtaithe;

    40. airm tine sheanda agus a macasamhla, mar a shainmhínítear iad i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, ar choinníoll nach n-áirítear le hairm tine sheanda, airm tine a monaraíodh tar éis 1899;

    41. lastais ar muir agus trí chalafoirt tríú tíortha, ar choinníoll nach bhfuil aon traslastas ná athrú ar an modh iompair ann.

    42. Tá an Rialachán seo gan dochar do chorpas na rialacha custaim atá le fáil i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (Cód Custaim an Chomhphobail) agus Rialachán (CEE) 2454/93 ón gCoimisiún (forálacha chur chun feidhme Chód Custaim an Chomhphobail), i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos an 'Cód Custaim Nuashonraithe' agus gan dochar don chóras maidir le rialú onnmhairithe agus le haistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide arna mbunú le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (Rialachán Dé-Úsáide).

    CAIBIDIL II

    ÚDARÚCHÁN ONNMHAIRITHE, NÓSANNA IMEACHTA AGUS RIALUITHE

    Airteagal 4

    Beidh gá le húdarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe le haghaidh onnmhairiú na n-arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlóin atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Bronnfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe nó ina chónaí an t-údarúchán sin.

    Leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I ar bhonn na leasuithe arna ndéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.

    Airteagal 5

    43. Sula n-eisítear údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

    44. go bhfuil an t-údarúchán ábhartha eisithe ag an tríú tír atá i mbun allmhairithe, agus,

    45. go bhfuil fógra tugtha i scríbhinn ag na tríú tíortha idirthurais, más ann dóibh, sula seoltar an lastas ar a dhéanaí, nach gcuireann siad aon agóid san idirthuras.

    46. Mura bhfaightear aon agóid maidir leis an idirthuras laistigh d'fhiche lá oibre ón lá a chuireann an t-onnmhaireoir iarratas isteach i scríbhinn ar fhógra nach gcuirfear aon agóid san idirthuras, glacfar leis nach bhfuil aon agóid ag an tríú tír idirthurais a ndeachthas i gcomhairle léi, agus go bhfuil cead intuigthe tugtha aici don idirthuras.

    47. Déanfaidh an t-onnmhaireoir na doiciméid riachtanacha a chruthaíonn gur údaraigh an tríú tír allmhairithe an t-allmhairiú agus nár chuir an tríú tír idirthurais aon agóid san idirthuras nó gur thug an tríú tír toiliú intuigthe ina thaobh, a chur ar fáil d'údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe.

    48. Déanfaidh na Ballstáit iarratais ar údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe a phróiseáil laistigh de thréimhse ama a bheidh le socrú le dlí náisiúnta nó le cleachtas, tréimhse ama nach sáróidh nócha lá oibre i gcás ar bith.

    49. Cinnfidh na Ballstáit tréimhse bailíochta le haghaidh údarúcháin onnmhairithe nó il-onnmhairithe, ach ní bheidh tréimhse níos lú ná dhá mhí dhéag i gceist.

    50. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbainfear úsáid as doiciméid leictreonacha chun críche na hiarratais a phróiseáil d'fhonn údarúchán.

    Airteagal 6

    51. Chun críche an rianaithe, áireofar an fhaisnéis seo a leanas san údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe, agus san údarúchán allmhairithe agus sna doiciméid a ghabhann leis:

    52. dátaí eisithe agus éagtha na n-údarúchán;

    53. áit eisithe na n-údarúchán;

    54. an tír onnmhairithe;

    55. an tír allmhairithe;

    56. na tríú tíortha idirthurais, nuair is infheidhme;

    57. an coinsíní;

    58. an faighteoir deiridh, más eol é tráth an lastais;

    59. cur síos ar na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlón, lena n-áirítear an méid acu atá ann agus an mharcáil atá orthu.

    60. Cuirfidh an t-onnmhaireoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, má tá sé san údarúchán allmhairithe, ar fáil roimhré do na tríú tíortha idirthurais, sula seoltar an lastas ar a dhéanaí.

    Airteagal 7

    61. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta simplithe atá leagtha amach i mír 2, mír 3 agus mír 4 i dtaobh onnmhairiú sealadach arm tine i gcomhair críoch is féidir a fhíorú a bheith dleathach, lena n-áirítear sealgaireacht, lámhach spóirt, meastóireacht, taispeántais agus deisiúchán.

    62. Ní bheidh feidhm ag na bearta idirthurais a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le honnmhairithe sealadacha.

    63. Maidir le sealgairí agus lámhachóirí spóirt atá ag fágáil chríoch chustaim an Aontais ag pointe trasnaithe theorainn sheachtrach an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu, féadfaidh siad, i gcás onnmhairiú sealadach airm tine amháin nó níos mó le linn turais chuig tríú tír, pas arm tine Eorpach a sholáthar de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 12 de Threoir 91/477/CEE, nó ceadúnas náisiúnta arm tine, ceadúnas náisiúnta sealgaireachta nó doiciméad náisiúnta bailí eile arna éisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu.

    64. Maidir le sealgairí agus lámhachóirí spóirt atá ag fágáil chríoch chustaim an Aontais ag pointe trasnaithe theorainn sheachtrach Ballstáit nach é an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu, féadfaidh siad, i gcás onnmhairiú sealadach arm tine amháin nó níos mó le linn turais chuig tríú tír, pas arm tine Eorpach a sholáthar a d'eisigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 12 de Threoir 91/ 477/CEE.

    Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil pointe trasnaithe theorainn sheachtrach an Aontais lonnaithe, údarás inniúil an Ballstát a d'eisigh an Pas Arm Tine Eorpach agus ina bhfuil cónaí ar an sealgaire nó ar an lámhachóir spóirt, ar an eolas faoi dháta an onnmhairithe shealadaigh, faoin méid arm tine atá á onnmhairiú go sealadach agus faoin dáta ar a mheasfar go dtabharfar ar ais iad, de réir mar atá dearbhaithe ag an sealgaire nó ag an lámhachóir spóirt tráth an onnmhairithe shealadaigh.

    65. Maidir le sealgairí agus lámhachóirí spóirt a bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an nós imeachta simplithe dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, léireoidh siad na cúiseanna lena dturas, go háirithe trí chuireadh a sholáthar nó trí chruthúnas eile a sholáthar i dtaobh a ngníomhaíochtaí sealgaireachta nó lámhaigh targaide sa tríú tír is ceann scríbe.

    Airteagal 8

    66. Agus cinneadh á dhéanamh an ndeonófar údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe nó nach ndeonófar faoin Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit na breithnithe ábhartha ar fad san áireamh, lena n-áireofar na nithe seo a leanas, nuair is iomchuí:

    67. na hoibleagáidí agus na tiomantais ar ghlac siad ar fad leo mar rannpháirtithe sna socruithe ábhartha idirnáisiúnta maidir le rialú onnmhairithe, nó trí na conarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú;

    68. a gcuid oibleagáidí faoi smachtbhannaí arna bhforchur le cinntí arna nglacadh ag an gComhairle nó trí chinneadh de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip nó trí rún ceangailteach de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le trádbhaic arm;

    69. breithnithe beartais náisiúnta, beartais eachtraigh agus beartais slándála, lena n-áirítear iad siúd a chumhdaítear le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle[23];

    70. breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe, an coinsíní agus riosca an atreoraithe.

    71. I dteannta na gcritéar atá leagtha amach i mír 1, cuirfidh na Ballstáit san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratas ar údarúchán il-onnmhairithe, iarratas an onnmhaireora a bhfuil a acmhainní agus nósanna imeachta comhréireach agus leormhaith chun comhlíonadh fhorálacha agus chuspóirí an Rialacháin seo agus théarmaí agus choinníollacha an údarúcháin a áirithiú.

    Airteagal 9

    72. Maidir leis na Ballstáit:

    73. diúltóidh siad údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe a dheonú má tá aon taifead coiriúil maidir le gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlóin, nó coireanna tromchúiseacha eile, ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag cur isteach ar údarúchán den chineál sin;

    74. déanfaidh siad údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha ar a mbronnadh é á gcomhlíonadh a thuilleadh.

    75. I gcás ina dhéanann na Ballstáit údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas ina thaobh sin agus roinnfidh siad an fhaisnéis ábhartha leo. Má tá údarúchán onnmhairithe curtha ar fionraí ag údaráis inniúla Ballstáit, cuirfear an measúnú deiridh in iúl do na Ballstáit ag deireadh na tréimhse fionraí.

    76. Sula ndeonóidh údaráis inniúla Ballstáit, ag feidhmiú dóibh faoin Rialachán seo, údarúchán onnmhairithe nó il-onnmhairithe, scrúdóidh siad na diúltuithe ar fad a rinneadh faoin Rialachán seo agus a cuireadh in iúl dóibh, chun a dhearbhú ar dhiúltaigh údaráis inniúla Ballstáit nó Ballstát eile údarúchán maidir le hidirbheart a bhí cosúil den chuid is mó leis (is é sin le rá, idirbheart a raibh na pairiméadair chéanna nó na saintréithe teicniúla céanna den chuid is mó aige agus an t-onnmhaireoir nó coinsíní céanna i gceist). I dtús báire, rachaidh siad i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát a d'eisigh an diúltú/na diúltuithe sin, faoi mar a fhoráiltear dó i mír 1 agus i mír 2. Má chinneann údaráis inniúla an Bhallstáit údarúchán a dheonú tar éis an chomharliúcháin sin, tabharfaidh siad fógra d'údaráis inniúla na mBallstát eile, ag soláthar na faisnéise ábhartha ar fad d'fhonn an cinneadh a mhíniú.

    77. Comhlíonfaidh an fhaisnéis ar fad a roinnfear i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo forálacha Airteagal 17(2) maidir le rúndacht faisnéise den sórt sin.

    Airteagal 10

    I gcomhréir lena ndlí náisiúnta nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm, coinneoidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse nach giorra ná fiche bliain, an fhaisnéis ar fad a bhaineann le hairm tine agus, nuair is iomchuí agus nuair is féidir, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón, ar faisnéis í atá riachtanach chun na hairm sin, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón a rianú agus a aithint, agus chun gáinneáil aindleathach na dtáirgí sin a chosc agus a bhrath. Áireofar leis an bhfaisnéis sin áit eisithe, dáta eisithe agus dáta éagtha an údarúcháin onnmhairithe; an tír onnmhairithe; an tír allmhairithe; an tríú tír idirthurais, nuair is infheidhme; an coinsíní; an faighteoir deiridh, más eol é tráth an onnmhairithe; agus cur síos ar na hearraí agus an méid acu atá ann, lena n-áirítear an mharcáil atá orthu.

    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le honnmhairithe sealadacha a dhéanann na sealgairí agus na lámhachóirí spóirt dá dtagraítear in Airteagal 7.

    Airteagal 11

    78. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an tríú tír allmhairithe a dhearbhú go bhfuil an lastas seachadta d'airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna nó armlón faighte aici.

    79. Arna iarraidh sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don tríú tír onnmhairithe go bhfuarthas, laistigh de chríoch chustaim an Aontais, an lastas seachadta d'airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón. Áiritheofar an dearbhú sin i bprionsabal trí bhíthin na doiciméid ábhartha allmhairithe custaim a sholáthar.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin má tá an tríú tír onnmhairithe a chuir iarratas isteach ina Stát is Páirtí do Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe cheana féin, tráth an onnmhairithe chuig an Aontas.

    80. Comhlíonfaidh na Ballstáit mír 1 agus mír 2 i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm. Maidir le honnmhairithe chuig tríú tíortha go háirithe, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit dul i dteagmháil leis an onnmhaireoir nó go díreach leis an tríú tír atá i mbun onnmhairithe.

    Airteagal 12

    Glacfaidh na Ballstáit, chomh fada agus is féidir, na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta údarúcháin slán agus gur féidir barántúlacht na ndoiciméad údarúchán a fhíorú nó a bhailíochtú.

    Féadfar fíorú agus bailíochtú a áirithiú freisin, nuair is iomchuí, trí chainéil taidhleoireachta.

    Airteagal 13

    D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gceart, glacfaidh gach Ballstát na bearta comhréireacha is gá chun go mbeidh sé de chumas ag na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

    81. faisnéis a bhailiú maidir le haon ordú nó idirbheart a bhaineann le hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón;

    82. a dhearbhú go bhfuil na bearta maidir le rialú onnmhairithe á gcur i bhfeidhm i gceart. D'fhéadfaí a áireamh leis sin go háirithe an chumhacht dul isteach in áitreabh daoine a bhfuil leas acu in idirbheart onnmhairithe.

    Airteagal 14

    Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sháruithe fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    CAIBIDIL III

    NÓS IMEACHTA CUSTAIM

    Airteagal 15

    83. Cuirfidh an t-onnmhaireoir cruthúnas ar fáil go bhfuil aon údarúchán onnmhairithe is gá faighte nuair atá na foirmiúlachtaí maidir le honnmhairiú arm tine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlóin á gcur i gcrích san oifig chustaim atá freagrach as an dearbhú onnmhairithe a láimhseáil.

    84. Féadfar a éileamh ar an onnmhaireoir aistriúchán a sholáthar ar cheann ar bith de na doiciméid a cuireadh ar fáil mar chruthúnas, go teanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhú onnmhairithe á chur isteach.

    85. Gan dochar d'aon cheann de na cumhachtaí a bhronntar air faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 agus de bhun an Rialacháin sin, féadfaidh Ballstát próiséas an onnmhairithe óna chríoch féin a chur ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá oibre nó, más gá, cosc a chur ar bhealach eile ar airm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón an tAontas a fhágáil trína chríoch féin, i gcás ina bhfuil sé in amhras faoin méid seo a leanas:

    86. nár cuireadh faisnéis ábhartha san áireamh tráth a deonaíodh an t-údarúchán, nó

    87. go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na cúinsí ón uair a deonaíodh an t-údarúchán.

    88. Laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, scaoilfidh an Ballstát leis na hairm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, nó gníomhóidh sé de bhun Airteagal 9(1)(b) den Rialachán seo.

    Airteagal 16

    89. Féadfaidh Ballstáit a fhoráil gur féidir foirmiúlachtaí custaim maidir le honnmhairiú arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha nó armlón, a chur i gcrích in oifigí custaim a bhfuil sé de chumhacht acu é sin a dhéanamh, agus sna hoifigí sin amháin.

    90. Cuirfidh na Ballstáit a bhainfidh leas as an rogha atá leagtha amach i mír 1, an Coimisiún ar an eolas faoi na hoifigí custaim a bhfuil sé de chumhacht acu é sin a dhéanamh, nó faoi athruithe ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú agus a nuashonrú ar bhonn bliantúil i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    CAIBIDIL IV

    COMHAR RIARACHÁIN

    Airteagal 17

    91. Glacfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, na bearta iomchuí uile chun comhar díreach agus malartú faisnéise a bhunú idir údaráis inniúla d'fhonn éifeachtúlacht na mbeart a bhunaítear leis an Rialachán seo a fheabhsú. Féadfar a áireamh leis an bhfaisnéis sin:

    92. sonraí onnmhaireoirí a dhiúltaítear dá n-iarratas ar údarúchán nó sonraí onnmhaireoirí ar ghlac Ballstáit cinntí ina leith de bhun Airteagal 9;

    93. sonraí i dtaobh coinsínithe nó gníomhairí eile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí amhrasacha agus, má tá siad ar fáil, sonraí faoi na bealaí a chuathas.

    94. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997[24] agus go háirithe na forálacha sa Rialachán sin maidir le rúndacht faisnéise, gan dochar d'Airteagal 18 den Rialachán seo.

    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 18

    95. Bunófar Grúpa Comhordaithe um Onnmhairiú Arm Tine agus beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach air. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí don Ghrúpa seo.

    Scrúdóidh an Grúpa Comhordaithe um Onnmhairiú Arm Tine aon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhféadfaidh an Cathaoirleach nó ionadaí Ballstáit a ardú. Beidh sé faoi cheangal na rialacha rúndachta i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

    96. Aon uair a mheasfar gá a bheith leis, rachaidh Cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe um Onnmhairiú Arm Time, nó an Grúpa Comhordaithe, i gcomhairle le haon gheallsealbhóirí ábhartha a mbaineann an Rialachán seo leo.

    Airteagal 19

    97. Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin arna nglacadh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 14.

    98. Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun Airteagal 5, Airteagal 7, Airteagal 9 agus Airteagal 15 a chur chun feidhme. Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás sin a fhoilsiú agus a nuashonrú ar bhonn bliantúil i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    99. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo gach cúig bliana agus tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin, ar tuarascáil í ina bhféadfar moltaí a áireamh maidir le leasú. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis chuí uile don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú.

    Airteagal 20

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an gcéadú lá is fiche tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh feidhm le hAirteagal 10(2) den Rialachán seo ón dáta ar a mbeidh an tAontas Eorpach ina Pháirtí de Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe, nuair a chuirfear é sin i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN [25]

    Liosta na n-arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlóin faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1) agus Airteagal 4(1):

    Cód na hAinmníochta Comhcheangailte agus Tuairisc

    Cód AC | Tuairisc |

    A: Airm Tine |

    9302 00 00 | Gunnáin agus Piostail, seachas iad siúd atá faoi uimhir 9303 nó 9304 |

    9303 | Airm tine eile lena n-áirítear gránghunnaí agus raidhfilí don spórt. |

    9303 20 | Gránghunnaí eile don spórt, don sealgaireacht nó don lámhach targaide, lena n-áirítear comhghunnaí gránghunnaí-raidhfilí: |

    9303 20 10 | - Gunnaí le baraille singil, cró mín |

    9303 20 95 | - Eile |

    9303 30 00 | Raidhfilí eile don spórt, don sealgaireacht nó don lámhach targaide. |

    9303 90 00 | Eile. |

    9304 00 00 | Airm eile (mar shampla, ling-ghunnaí, gunnaí aeir nó gunnaí gáis agus piostail de na cineálacha sin). |

    B: Páirteanna agus comhpháirteanna riachtanacha |

    9305 | Páirteanna agus comhpháirteanna arm atá faoi uimhir 9302 nó 9304: |

    9305 10 00 | – a bhaineann le gunnaí nó piostail |

    – a bhaineann le gránghunnaí nó raidhfilí atá faoi uimhir 9303: |

    9305 21 00 | – – Bairillí gránghunna |

    9305 29 00 | – – Eile |

    9305 99 00 | – Eile |

    C: Armlón |

    9306 | Cartúis agus armlón agus diúracáin eile agus páirteanna díobh, lena n-áirítear gráin |

    – Cartúis gránghunnaí agus páirteanna díobh: |

    9306 21 00 | – – Cartúis |

    9306 29 | – – Eile: |

    9306 29 40 | – – – Cásanna |

    9306 29 70 | – – – Eile |

    9306 30 | – Cartúis eile agus páirteanna díobh: |

    9306 30 10 | – – le haghaidh gunnán agus Piostal atá faoi 9302 |

    – – – Eile: |

    9306 30 91 | – – – – Cartúis lár-lámhaigh |

    9306 30 93 | – – – – Cartúis imeall-lámhaigh |

    9306 30 97 | – – – – Eile |

    9306 90 | – Eile: |

    9306 90 90 | – – Eile |

    [1] Nuair a dhéantar tagairt stairiúil don 'Comhphobal Eorpach' níor mhór don léitheoir cuimhneamh gur tháinig an tAontas Eorpach in áit agus i gcomharbacht ar an gComhphobal Eorpach ar dháta theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, an 1 Nollaig 2009, de bhun an tríú mír d'Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (IO C115 an 9 Bealtaine 2008, lch. 13).

    [2] http://treaties.un.org/Pages/ViewDetails.aspx?src=TREATY&mtdsg_no=XVIII-12-c&chapter=18&lang=en

    [3] COIM(2005) 329 leagan deireanach.

    [4] Áiríodh san obair sin Treoir 91/477/CEE a thabhairt chun dáta maidir le seilbh agus aistriú arm tine san AE, mar a leasaíodh le Treoir 2008/51/CE, a chuaigh i ngleic le codanna eile de PATNA ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de.

    [5] Cinneadh 2001/748/CE ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2001 (IO L 280 an 24 Deireadh Fómhair 2001).

    [6] IO C 198, 12.8.2005, pointe 4.2, Dlíchóras Idirnáisiúnta, (o), lch. 20.

    [7] Doiciméad 17024/09 ó Chomhairle an AE, CO EUR-PREP 3 JAI 896 POLGEN 229 an 2 Nollaig 2009.

    [8] IO, C115 an 9 Bealtaine 2008, lch. 47.

    [9] Ó thaobh an Mhargaidh Inmheánaigh de, tá feidhm ag Treoir 91/477 maidir le haistrithe laistigh den AE (féach freisin fonóta 4).

    [10] IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.

    [11] IO L 280, 24.10.2001, lch. 5.

    [12] Tháinig an tAontas Eorpach in áit an Chomhphobail Eorpaigh agus i gcomharbacht air an 1 Nollaig 2009, dáta theacht i bhfeidhm an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an tríú mír d'Airteagal 1 (IO C115 an 9 Bealtaine 2008, lch. 13).

    [13] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

    [14] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

    [15] COIM(2005) 329 leagan críochnaitheach. Fógraíodh sa Teachtaireacht freisin, modhnú teicniúil ar Threoir 91/477 atá dírithe ar na forálacha iomchuí atá ceangailte faoi Phrótacal na Náisiún Aontaithe maidir le haistrithe arm a mbaineann an Treoir leo laistigh den Chomhphobal, a chomhtháthú, agus leasaíodh é ar deireadh le Treoir 2008/51/CE arna fhoilsiú in IO L 179, 8.7.2008, lch. 5.

    [16] IO L 146, 10.6.2009, lch.

    [17] IO L 256, 13.9.1991, lch. 51.

    [18] IO L 256, 7.9.1987, lch 1.

    [19] IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

    [20] IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

    [21] IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

    [22] IO L 134, 29.5.2009, lch 1.

    [23] IO L 335, 13.12.2008, lch. 99.

    [24] IO L 82, 22.3.1997, lch. 1.

    [25] Bunaithe ar Ainmníocht Chomhcheangailte na n-earraí mar a leagtar síos í i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.

    Top