Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0132

    Togra le haghaidh rialacháin ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle maidir le cuntais eacnamaíocha comhshaoil Eorpacha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    /* COIM/2010/0132 leagan deireanach - COD 2010/0073 */

    52010PC0132

    Togra le haghaidh rialacháin ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle maidir le cuntais eacnamaíocha comhshaoil Eorpacha (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) /* COIM/2010/0132 leagan deireanach - COD 2010/0073 */


    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 9.4.2010

    COIM(2010)132 leagan deireanach

    2010/0073 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le cuntais eacnamaíocha comhshaoil Eorpacha

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1. Forais agus cuspóirí an togra

    Is coincheapa ilchuspóireacha iad coincheapa Chóras Eorpach na gCuntas (CEC): glactar le coincheapa CEC le haghaidh réimse mór úsáidí, cé gur gá iad a fhorlíonadh le haghaidh úsáidí áirithe. Maidir le roinnt riachtanas sonrach a bhaineann le sonraí, e.g. anailís ar an idirghníomhaíocht idir an comhshaol agus an geilleagar, is é an réiteach is fearr cuntais satailíte ar leith a tharraingt suas.

    I dtátal na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh 2006, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit na cuntais náisiúnta a leathnú chun príomhghnéithe na Forbartha Inbhuanaithe a áireamh iontu. Ba cheart cur leis na cuntais náisiúnta, dá bhrí sin, trí chuntasaíocht shuimeáilte eacnamaíoch comhshaoil a sholáthróidh sonraí atá iomlán comhsheasmhach.

    Táthar ag súil go soláthróidh an togra an deis chun na trí chuspóir seo a leanas a bhaint amach:

    - Maidir leis an gcaibidil nua ar chuntais satailíte sa CEC athbhreithnithe atá le teacht amach, na tuairimí sa chaibidil sin a bhaineann le cuntais chomhshaoil a chur chun feidhme.

    - Tosaíocht a thabhairt do phríomhshraith cuntas a sholáthar bunaithe ar an Straitéis Eorpach um Chuntasaíocht Chomhshaoil (SECC 2008), mar a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh i mí na Samhna 2008.

    - A áirithiú go leanfaidh na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna) lena gcuid oibre ar chuntasaíocht chomhshaoil agus go bhféadfaidh siad an obair sin a leathnú, agus é ina phríomhchuspóir acu sonraí comhchuibhithe agus tráthúla ar cháilíocht réasúnta a sholáthar.

    Cabhróidh an méid sin chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil sna INSanna chun na cuntais eacnamaíocha comhshaoil a fhorbairt.

    1.2. Comhthéacs ginearálta

    I ndiaidh dhaingniú Chonradh Amstardam, cuireadh níos mó béime sa chlár oibre polaitiúil ar an mbeartas comhshaoil agus inbhuanaitheachta, agus díríodh ar cheapadh na mbeartas comhshaoil agus eacnamaíoch a chomhtháthú agus ar chúiseanna imní maidir leis an gcomhshaol a chomhtháthú i réimsí beartais eile. Ar leibhéal an AE, áirítear ar phríomhthionscnaimh beartais atá tábhachtach ó thaobh cuntas comhshaoil de an Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, Straitéis um Fhorbairt Inbhuanaithe an AE agus roinnt tionscnamh beartais earnálach a bhaineann le próiseas Caerdydd. Ar na príomhréimsí tá athrú aeráide, iompar inbhuanaithe, an nádúr agus bithéagsúlacht, an tsláinte agus an comhshaol, úsáid acmhainní nádúrtha agus bainistíocht dramhaíola, agus gné idirnáisiúnta na forbartha inbhuanaithe. Tá na táscairí struchtúracha, a ceapadh chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ó thaobh chuspóirí Liospóin a bhaint amach, leathnaithe trí tháscairí comhshaoil a chur leo.

    Chomh fada agus atá an príomhstaidreamh neamhiomlán, féadfaidh cuntasaíocht chomhshaoil ról úsáideach a ghlacadh trí chreat agus nósanna imeachta meastacháin a sholáthar maidir le sonraí atá in easnamh, e.g. bunaithe ar fhoinsí nach mbaineann le staidreamh.

    Leagann na húsáideoirí go leor béime ar anailís agus ar chur i bhfeidhm na gcuntas comhshaoil i samhaltú agus i réamhaisnéisí d'fhonn tograí beartais a ullmhú agus d'fhonn cur chun feidhme agus iarmhairtí na mbeartas a thuairisciú. Sampla is ea beartais chánachais a cheapadh atá bainteach le hathrú aeráide agus le húsáidí fuinnimh, nó an tionchar a bhíonn ag an trádáil idirnáisiúnta ar astaíochtaí agus ar úsáid acmhainní a mheasúnú.

    Féadfaidh riachtanais na n-úsáideoirí a bheith éagsúil sna tíortha éagsúla de dheasca dearlaicí náisiúnta ó thaobh acmhainní nádúrtha agus sócmhainní comhshaoil de, nó tosaíochtaí sonracha maidir le beartais náisiúnta, ach tá príomh-chomhpháirteanna caighdeánacha na gcuntas comhshaoil an-chosúil le chéile: cuntais maidir le rogh-acmhainní nádúrtha, cuntais astaíochtaí aeir agus fuinnimh, cuntais um shreabhadh ábhair, caiteachas comhshaoil, gníomhaíochtaí agus cánacha.

    1.3. Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

    I 1994, shainaithin an Coimisiún Eorpach na príomhthreonna gníomhaíochta chun creat Green National Accounting (Cuntasaíocht Náisiúnta Ghlas) a fhorbairt bunaithe ar shaitilítí na gCuntas Náisiúnta[1]. Ó shin i leith tá Eurostat, i gcomhar le hoifigí staidrimh na mBallstát agus le tacaíocht airgeadais ó Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, tar éis cúnamh a thabhairt do thíortha Eorpacha sonraí a bhailiú trí bhíthin roinnt staidéar píolótach.

    Déantar sonraí maidir le cuntais chomhshaoil a thuairisciú do Eurostat ar roinnt bealaí éagsúla. Ar bhonn éigeantach tá an dá bhealach seo a leanas:

    - Bailítear roinnt sonraí ar chaiteachas comhshaoil a dhéanann tionscail i ndáil leis an Rialachán um Staidreamh Struchtúrach Gnó[2] .

    - Sonraí arna dtarchur chuig Eurostat i ndáil le rialachán CEC 95[3] maidir le Cuntais Náisiúnta (e.g. táblaí soláthair-úsáide, táblaí ionchuir-aschuir, COFOG agus staidreamh cánach).

    Ar bhonn comhaontaithe oinigh, tarchuirtear sonraí na gcuntas comhshaoil arna dtiomsú in INSanna chuig Eurostat ar bhonn rialta (gach bliain nó gach dara bliain) trí na bealaí seo a leanas:

    - Comhcheistneoir Eurostat/na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (caiteachas ar chosaint comhshaoil agus ioncam);

    - Ceistneoir ar leith ar Chuntais um Shreabhadh Ábhair don Gheilleagar Iomlán;

    - Ceistneoir ar leith ar chuntais astaíochtaí aeir;

    - Ceistneoir ar leith maidir le cánacha comhshaoil de réir tionscal.

    Tá tagairt shoiléir i gCinneadh Uimh. 1578/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 ar Chlár Staidrimh an Chomhphobail 2008 go 2012 don ghá atá le staidreamh agus le cuntais ar ardcháilíocht i réimse an chomhshaoil. Thairis sin, faoi phríomhthionscnaimh 2008 go 2012[4], sonraítear "go bhforbrófar bunús dlí, nuair is iomchuí, le haghaidh príomhréimsí um bailiú sonraí comhshaoil nach gclúdaítear faoi láthair faoi ghníomhartha dlíthiúla."

    1.4. Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

    Maidir le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht, tá sé cumhdaithe in Airteagal 3 den Chonradh.

    Dearbhaíodh sa Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail[5] go bhfuil faisnéis iontaofa ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, na príomhbhrúnna agus na príomhghníomhaithe ar son athrú sa chomhshaol riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chun na saoránaigh a chumhachtú go ginearálta.

    Tá an togra reatha ag teacht le tosaíochtaí an Choimisiúin.

    2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

    2.1. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Modhanna comhairliúcháin, príomhearnálacha a ndírítear orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

    Pléadh an togra seo le táirgeoirí sonraí sa Chóras Staidrimh Eorpach agus le seirbhísí an Choimisiúin (DG ENV, JRC, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil), trí chomhairliúcháin scríofa, sna grúpaí oibre agus sna tascfhórsaí ábhartha, agus leis na stiúrthóirí um an staidreamh comhshaoil agus na cuntais chomhshaoil.

    Achoimre ar na freagairtí agus an chaoi a cuireadh san áireamh iad

    Is toradh é an togra reatha ar dhian-idirbheartaíocht idir na páirtithe leasmhara ar fad.

    2.2. Saineolas a bhailiú agus a úsáid

    Na réimsí eolaíochta/saineolais lena mbaineann

    Ba shaineolaithe le heolas ar an reachtaíocht reatha, ar na córais náisiúnta maidir le staidreamh faoin gcomhshaol agus cuntais chomhshaoil a bhailiú agus a thiomsú, agus ar threochtaí nua i bhforbairt na cuntasaíochta comhshaoil iad na hionadaithe náisiúnta agus ionadaithe an Choimisiúin (DG ENV, JRC, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil) ag cruinnithe thascfhórsa DG Eurostat "Cuntais um Shreabhadh Ábhair," ag grúpaí oibre ar "Cuntais Chomhshaoil" agus ar "Staidreamh um Chaiteachas Comhshaoil" agus ag cruinniú an Stiúrthóra ar "Staidreamh agus Cuntais Chomhshaoil" (DIMESA).

    Modheolaíocht a úsáideadh

    Rannchuidigh na saineolaithe leis an tascfhórsa, leis na grúpaí oibre, le cruinnithe DIMESA agus leis na comhairliúcháin scríofa le linn an phróisis ullmhúcháin.

    Príomheagraíochtaí/príomh-shaineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo

    Ó na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh, ó na hAireachtaí agus na Gníomhaireachtaí Comhshaoil agus ó DG ENV, JRC agus ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil a tháinig na príomh-shaineolaithe.

    Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus ar baineadh úsáid aisti

    Tugadh freagairt an-dearfach agus an-tacúil faoi deara. Níor luadh go bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith ann nach mbeadh aon teacht aniar óna n-iarmhairtí.

    Na meáin a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil go poiblí

    Tá na doiciméid oibre agus miontuairiscí chruinnithe an tascfhórsa, na ngrúpaí oibre agus DIMESA ar fáil ar CIRCA.

    2.3. Anailís ar thionchar agus ar iarmhairtí

    Sainaithníodh an dá rogha seo a leanas:

    - Rogha 1: leanúint leis an gcomhaontú oinigh mar a rinneadh go dtí seo;

    - Rogha 2: bunús dlí a bhunú chun tacú le sonraí ar chuntais eacnamaíocha comhshaoil a bhailiú.

    2.3.1. Rogha 1: Leanúint leis an gcomhaontú oinigh mar a rinneadh go dtí seo.

    Tionchar ar shaoránaigh agus ar theaghlaigh agus na hiarmhairtí

    Níltear ag súil le tionchar díreach ná le hiarmhairt dhíreach. Beidh tionchar indíreach i gceist de bharr faisnéis atá scaipthe agus neamhiomlán a bheith á húsáid go leanúnach ag lucht ceaptha beartas, rud a chiallóidh nach mbeidh a gcuid oibre chomh comhleanúnach céanna agus nach mbeidh sé chomh comhordaithe céanna le faisnéis a bhaineann leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí.

    Tionchar ar fhiontair agus na hiarmhairtí

    Níltear ag súil le tionchar díreach ná le hiarmhairt dhíreach. Beidh tionchar indíreach i gceist de bharr faisnéis atá scaipthe agus neamhiomlán a bheith á húsáid ag lucht ceaptha beartas agus go mbeidh a gcuid cinntí bunaithe ar an bhfaisnéis sin.

    Tionchar ar na Ballstáit agus na hiarmhairtí

    Faoin staid reatha atá bunaithe ar chomhaontú oinigh gan aon bhunús dlí leis, is é an rud ab fhearr a d'fhéadfadh tarlú go bhfanfadh cáilíocht na sonraí agus an fháil ar na sonraí ar an leibhéal reatha, leibhéal nach bhfuil leordhóthanach, nó gach seans go laghdófar ar an bhfáil atá ar na sonraí. Maidir leis an staidéar Environmental Accounts in Europe – State of play of recent work a rinneadh don Choimisiún in 2007, léirigh roinnt tíortha gurbh é ba thábhachtaí ina dtír féin díriú beagnach go heisiach ar an tuairisciú atá ceangailte de réir dlí, agus go n-éireofaí as sonraí arna dtiomsú agus arna dtuairisciú faoi chomhaontuithe oinigh a thiomsú in éagmais riachtanais dhlíthiúil. Bheadh an méid céanna i gceist le haghaidh staidrimh sheanbhunaithe i gcuntais chomhshaoil de bharr srianta buiséadacha.

    Tionchar ar bheartais ar leibhéal an AE agus na hiarmhairtí

    Tá gá níos mó ann faisnéis ar an gcomhshaol a nascadh le faisnéis ar an ngeilleagar. Iarrtar measúnuithe comhtháite i roinnt pleananna gníomhaíochta agus straitéisí de chuid an AE. Ní féidir measúnú a dhéanamh ar na straitéisí comhshaoil ach amháin má tá sonraí iontaofa ar fáil. Ní ráthaíonn an staid reatha atá bunaithe ar chomhaontú oinigh go mbeidh na sonraí ar cháilíocht leordhóthanach nó go mbeidh siad tráthúil ná cuimsitheach go leor chun an measúnú seo a dhéanamh.

    Má leantar leis an gcomhaontú oinigh, tá baol ann go ndéanfar na sonraí atá in easnamh a mheas agus a bhailiú áit éigin eile ar bhonn ad hoc i gcás go gceanglódh éilimh na mbeartas faisnéis a sholáthar ar an ngaol idir an geilleagar agus an comhshaol. Dá bhrí sin, beidh féidearthacht theoranta ann bonn eolais agus sonraí leordhóthanacha a fhorbairt mar fhreagra ar na héilimh bheartais faoi na coinníollacha reatha.

    2.3.2. Rogha 2: Bunús dlí a bhunú chun tacú le sonraí ar chuntais eacnamaíocha comhshaoil a bhailiú.

    Tionchar ar shaoránaigh agus ar theaghlaigh agus na hiarmhairtí

    Níltear ag súil le tionchar díreach ná le hiarmhairt dhíreach. Beidh tionchar indíreach i gceist ós rud é go bhfuil an bonn faisnéise a sholáthraítear don lucht ceaptha beartas feabhsaithe agus go bhfuil a gcuid cinntí bunaithe ar an bhfaisnéis sin.

    Tionchar ar fhiontair agus na hiarmhairtí

    Féadfaidh roinnt cásanna maidir le sonraí rúnda a bheith ann, agus beidh sé riachtanach iad a bhainistiú.

    Is é is ábhar don chuntasaíocht chomhshaoil den chuid is mó, sonraí atá ann cheana a atheagrú agus gan staidreamh nua a bhailiú ó fhiontair.

    Maidir leis na trí mhodúl a shamhlaítear sa Rialachán seo, eadhon cuntais astaíochtaí aeir, cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus cuntais um shreabhadh ábhair don gheilleagar iomlán, tiomsaítear na sonraí is gá ar bhonn na gceanglas tuairiscithe atá ann cheana. Mar shampla, tá cuntais astaíochtaí aeir ag brath ar na sonraí a sholáthraítear le haghaidh fardal astaíochtaí aeir (faoi UNFCCC agus CLRTAP a luaitear in Iarscríbhinn I). Díorthaítear na sonraí sa dara modúl maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol ar bhonn staidrimh chánach agus staidrimh airgeadais rialtais mar aon le sonraí cánach ó na cuntais náisiúnta. Ar deireadh, díorthaítear na sonraí is gá le haghaidh na gcuntas um shreabhadh ábhair don gheilleagar iomlán ar bhonn staidrimh talamhaíochta, staidrimh maidir le táirgeadh tionscal agus staidrimh trádála.

    Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh aon mhórcheanglas nua tuairiscithe ar fhiontair mar thoradh ar an Rialachán seo a ghlacadh.

    Tionchar ar na Ballstáit agus na hiarmhairtí

    Go ginearálta, ní cheanglaíonn cuntais chomhshaoil sonraí nua a bhailiú agus cruthaíonn siad breisúsáidí le haghaidh sonraí na gcuntas náisiúnta (e.g. táblaí soláthair-úsáide agus táblaí ionchuir-aschuir), le haghaidh staidrimh chomhshaoil agus le haghaidh réimsí eile staidrimh. Is iad na sonraí príomha atá ag teastáil, chomh maith leis na cuntais náisiúnta, fardail a bhaineann leis an gcomhshaol, le fuinneamh, le hiompar, le foraoiseacht, le hiascaireacht agus le hastaíochtaí aeir agus sonraí eile atá ag na haireachtaí, ag institiúidí speisialaithe agus ag gníomhaireachtaí comhshaoil.

    De réir na bhfreagraí a bhí ar an staidéar Environmental Accounts – State of play of recent work a rinneadh ar son Eurostat in 2007, tá sé ráite ag roinnt tíortha Eorpacha nach bhforbrófar cuntais chomhshaoil ná nach leanfar leo fiú in éagmais dlí Eorpaigh, rud a dhéanfadh foráil do cheart dlíthiúil maidir le héileamh a dhéanamh ar na hacmhainní atá riachtanach chun an ceanglas seo a chomhlíonadh.

    Tionchar ar bheartais ar leibhéal an AE agus na hiarmhairtí

    Ní féidir measúnú a dhéanamh i gceart ar an mBeartas Comhshaoil Eorpach agus ar a Straitéisí Téamacha ach amháin má tá sonraí iontaofa ar fáil. Is léir go bhfuil sonraí de dhíth don Stráitéis Théamach ar Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní Nádúrtha d'fhonn táscairí ar dhíchúpláil an fháis eacnamaíoch ó bhrúnna nádúrtha agus táscairí ar an tionchar ar an gcomhshaol a fhorbairt. Is bunaithe ar shonraí atá á mbailiú faoi láthair trí chomhaontú oinigh atá na táscairí sin. D'fheabhsódh an táirgeadh agus an tuairisciú comhleanúnach agus rialta atá ceangailte leis an rogha seo cáilíocht an staidrimh. Go dtí seo, ní raibh na sonraí a úsáideadh le haghaidh ceann amháin de na Táscairí Struchtúracha agus le haghaidh trí cinn de na Táscairí um Fhorbairt Inbhuanaithe ag teacht as sonraí arna dtuairisciú sa tír, ach ba thoradh ar bhunachair idirnáisiúnta a bhí iontu (mar shampla, bunachar Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), bunachar na Náisiún Aontaithe). Den chéad uair riamh, bhain na sonraí do na tuarascálacha ar tháscairí in 2009 úsáid as sonraí arna dtuairisciú sa tír, is é sin sonraí a soláthraíodh faoin socrú reatha maidir le sonraí a bhailiú go deonach.

    Ar an lámh eile, dhéanfaí monatóireacht i bhfad níos fearr ar bheartais eile AE (e.g. athchúrsáil agus cosc ar dhramhaíl, astaíochtaí aeir agus athrú aeráide, tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe) dá mbeadh ann do shonraí ar cháilíocht mhaith, sonraí a bheadh ina nasc idir an comhshaol agus an geilleagar. D'fhéadfaí na sonraí sin a bhailiú trí chreat na gcuntas comhshaoil, ach bheadh sé riachtanach go mbeadh gach tír rannpháirteach ann agus go ndéanfaí comhchuibhiú a ráthú. D'áiritheodh bunús dlí cuí don bhailiú sonraí na ceanglais sin.

    Féadfar bheith ag súil leis na sochair seo a leanas freisin: bailiú sonraí i réimse tábhachtach ar fud an AE, infheictheacht mhéadaithe maidir le cuntais chomhshaoil mar uirlis le haghaidh monatóireachta beartais, trína bhfiosrófar an fhéidearthacht sonraí comhshaoil agus sonraí eacnamaíocha a nascadh, an fhéidearthacht leas a bhaint as athbhreithniú reatha CCN/CEC agus an fhéidearthacht sineirgí a aimsiú le haghaidh bailiú sonraí.

    2.3.3. Achoimre ar na rioscaí a bhaineann leis an status quo a choinneáil

    Sainaithnítear na rioscaí seo a leanas i gcás nach gcuirfear rogha 2 chun feidhme:

    - Riosca nach mbaileofar sonraí ar bhealach cuí chun meastacháin ar leibhéal an AE a sholáthar agus riosca nach mbeidh sraith iomlán deiridh maidir le cuntais chomhshaoil ar fáil. Faisnéis neamhiomlán ar na naisc idir an comhshaol agus an geilleagar is ea an toradh a bheadh air seo.

    - Riosca go ndéanfar anailís bunaithe ar shonraí neamhoifigiúla. Áirítear leis seo an riosca go ndéanfaidh gníomhaithe eile an fhaisnéis faoi na naisc idir an comhshaol agus an geilleagar a mheas go garbh, agus go ndéanfaidh siad an méid is ceart do Eurostat agus don Chóras Staidrimh Eorpach a dhéanamh ar bhealach níos córasaí agus níos comhchuibhithe.

    - Riosca nach n-aithneofar an AE i réimse na gcuntas comhshaoil mar ghníomhaí ceannródaíochta a fheidhmíonn ar fud an domhain. Tá riosca ann go gcuirfear an iarracht a rinneadh go dtí seo amú gan aon leas soiléir ag an deireadh.

    2.3.4. Rogha na tosaíochta

    Maidir leis an rogha idir leanúint le sonraí ar chuntais chomhshaoil a bhailiú ag baint leasa as comhaontú oinigh nó trí thacaíocht ó reachtaíocht AE, is léir gurb í an dara rogha an rogha a mbeadh na torthaí ab fhearr uirthi.

    3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    3.1. Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

    Is é cuspóir an Rialacháin seo creat coiteann a bhunú i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil Eorpach.

    3.2. Bunús dlí

    Soláthraíonn Airteagal 338 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí le haghaidh staidrimh Eorpaigh. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta chun staidreamh a sholáthar, nuair is gá, ar fheidhmíocht ghníomhaíochtaí an Aontais. Leagtar amach san Airteagal sin na ceanglais a bhaineann le staidreamh Eorpach a sholáthar, agus luaitear nach mór dóibh bheith ag teacht leis na caighdeáin seo a leanas: neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtacht chostais agus rúndacht staidrimh.

    3.3. Prionsabal na coimhdeachta

    Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta chomh fada agus nach bhfuil an togra laistigh d'inniúlacht eisiach an AE.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta atá beartaithe, eadhon cuntais eacnamaíocha comhshaoil Eorpacha a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheas, a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, d'fhéadfaí iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an AE ar bhonn gnímh dhlíthiúil Chomhphobail, toisc gurb é an Coimisiún amháin ar féidir leis comhchuibhiú riachtanach na faisnéise staidrimh a chomhordú ar leibhéal an Chomhphobail, agus is féidir leis na Ballstáit bailiú na sonraí agus tiomsú na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil atá inchurtha a eagrú. Dá bhrí sin, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

    3.4 Prionsabal na comhréireachta

    Tá an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, tá an Rialachán seo srianta don mhéid is lú atá ag teastáil chun a chuspóir a bhaint amach agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin. Ní shonraítear sa Rialachán na meicníochtaí um bailiú sonraí le haghaidh gach Ballstáit, ach sainíonn sé na sonraí atá le soláthar d'fhonn struchtúr comhchuibhithe agus tráthúlacht chomhchuibhithe a áirithiú.

    Maidir le formhór na réimsí, níl aon dualgas ar na Ballstáit athrú ar bith a dhéanamh ar thiomsú na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil, a bhfuil sonraí fúthu á mbailiú cheana féin ar leibhéal an AE faoi chomhaontuithe oinigh. I gcás roinnt de na réimsí, d'fhéadfadh athrú ar an gcaoi ina dtuairiscítear suirbhéanna a bheith i gceist, agus d'fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar fhiontair. Mar sin féin, is é is ábhar don chuntasaíocht chomhshaoil, den chuid is mó, sonraí atá ann cheana a atheagrú agus gan staidreamh nua a bhailiú ó fhiontair. Déanta na fírinne, ní cheanglaíonn cuntais chomhshaoil, go ginearálta, sonraí nua a bhailiú agus cruthaítear leo breisúsáidí le haghaidh sonraí na gcuntas náisiúnta (e.g. táblaí soláthair-úsáide agus táblaí ionchuir-aschuir), le haghaidh staidrimh chomhshaoil agus le haghaidh réimsí eile staidrimh.

    3.5. Rogha na n-ionstraimí

    Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán

    Ní bheadh ionstraim eile leordhóthanach ar na cúiseanna seo a leanas:

    Tá roghnú na hionstraime cuí ag brath ar an sprioc reachtach. De dheasca na riachtanas faisnéise ar an leibhéal Eorpach, is é an treocht maidir le staidreamh Eorpach ná Rialacháin seachas Treoracha a úsáid le haghaidh gníomhartha bunúsacha. Is fearr Rialachán mar leagtar síos leis an dlí céanna ar fud an AE, a chinntíonn go gcuireann na Ballstáit i bhfeidhm go cruinn agus go cuimsitheach é. Tá feidhm aige go díreach, rud a chiallaíonn nach gá é a thrasuíomh ina dhlí náisiúnta. I gcodarsnacht leis sin, díríonn treoracha ar dhlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú agus tá siad ceangailteach ar na Ballstáit ó thaobh a gcuspóirí de, ach fágann siad faoi na húdaráis náisiúnta rogha a dhéanamh idir an fhoirm agus na modhanna a úsáidfear chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Caithfear iad a thrasuíomh ina ndlí náisiúnta freisin. Tá úsáid Rialacháin ag teacht le gníomhartha dlíthiúla eile a bhaineann le staidreamh agus a glacadh ó 1997 i leith.

    4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Ní bheidh aon impleacht nua ag an mbailiú sonraí ar bhuiséad an Chomhphobail.

    5. Faisnéis bhreise

    Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar de chuid an LEE agus ba cheart, dá bhrí sin, go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

    2010/0073 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le cuntais eacnamaíocha comhshaoil Eorpacha

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. Déantar foráil in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go n-oibreoidh ‘an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht’.

    2. Dearbhaíodh sa Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail[6] go bhfuil faisnéis iontaofa ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, na príomhbhrúnna agus na príomhghníomhaithe ar son athrú sa chomhshaol riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chun na saoránaigh a chumhachtú go ginearálta.

    3. I gCinneadh Uimh. 1578/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 ar an gClár Staidrimh Comhphobail 2008 go 2010[7] déantar tagairt shoiléir don ghá atá ann le staidreamh agus le cuntais ar ardchaighdeán i réimse an chomhshaoil. Thairis sin, faoi phríomhthionscnaimh 2008 go 2012, sonraítear gur cheart bunúis dlí a fhorbairt, nuair is iomchuí, le haghaidh príomhréimsí um bailiú sonraí comhshaoil nach gclúdaítear faoi láthair faoi ghníomhartha dlíthiúla.

    4. Tá sé aitheanta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún COIM(2009) 433 Lúnasa 2009 GDP and beyond , go bhfuil gá cur leis na táscairí atá ann cheana trí shonraí a ionchorpraíonn gnéithe comhshaoil agus sóisialta d'fhonn ceapadh beartas atá níos comhtháite agus níos cuimsithí a áirithiú. Chuige sin, tugann na cuntais chomhshaoil deis monatóireacht a dhéanamh ar an mbrú a chuireann an geilleagar ar an gcomhshaol agus deis chun bealach leis an mbrú sin a mhaolú a fhiosrú. I gcomhréir le prionsabail na forbartha inbhuanaithe agus na gluaiseachta i dtreo geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach, rud atá cumhdaithe i Straitéis Liospóin agus i dtionscnaimh mhóra eile, tá dianriachtanas ann creat sonraí a fhorbairt a áiritheoidh go leanúnach saincheisteanna comhshaoil mar aon le saincheisteanna eacnamaíocha.

    5. I gcomhréir le Córas na gCuntas Náisiúnta (CCN), arna ghlacadh ag Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe i mí Feabhra 1993, is é Córas Eorpach na gCuntas (CEC), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gCóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal[8] (dá ngairtear ‘CEC 95’ anseo feasta), an phríomhfhoinse do staidreamh eacnamaíoch an AE agus go leor táscairí eacnamaíocha eile (lena n-áirítear OTI). Féadfar creat CEC a úsáid chun anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den gheilleagar (e.g. a struchtúr, codanna éagsúla, forbairt le himeacht ama), ach i gcás roinnt riachtanas sonrach sonraí, amhail anailís ar an idirghníomhaíocht idir an comhshaol agus an geilleagar, is é an réiteach is fearr cuntais satailíte ar leithligh a tharraingt suas.

    6. I dtátal na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh 2006, d'iarr an Chomhairle ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit na cuntais náisiúnta a leathnú chun príomhghnéithe na forbartha inbhuanaithe a áireamh iontu. Ba cheart cur leis na cuntais náisiúnta, dá bhrí sin, trí chuntais shuimeáilte eacnamaíocha comhshaoil a sholáthróidh sonraí atá iomlán comhsheasmhach.

    7. Gan ró-ualach a chur ar an gcóras lárnach ná gan cur as dó, tugann cuntais satailíte an deis, ar bhealach solúbtha, cumas anailíseach na cuntasaíochta náisiúnta a leathnú maidir le réimsí ar leithligh a mbaineann imní shóisialta leo, amhail an brú ar an gcomhshaol de bharr ghníomhaíochtaí an phobail.

    8. Is córas satailíte de chuid CCN é Córas na gCuntas Suimeáilte Eacnamaíoch Comhshaoil (CSEC), a d'fhorbair na Náisiúin Aontaithe, an Coimisiún Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Banc Domhanda le chéile. Cruinníonn sé faisnéis eacnamaíoch agus chomhshaoil i gcreat coiteann chun rannchuidiú an chomhshaoil leis an ngeilleagar agus tionchar an gheilleagair ar an gcomhshaol a mheas. Cuireann sé táscairí agus staidreamh tuairiscithe ar fáil do lucht ceaptha beartas chun monatóireacht a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí sin, agus cuireann sé bunachar sonraí ar fáil le haghaidh pleanála straitéisí agus anailíse beartais chun bealaí forbartha níos inbhuanaithe a shainaithint.

    9. Déanann CSEC catagóirí éagsúla na gcuntas comhshaoil a shintéisiú agus a chomhtháthú a mhéid is féidir. Go ginearálta, déanann na catagóirí sin ar fad coincheapa CCN maidir le costas, foirmiú caipitil agus stoc caipitil a leathnú tríd na coincheapa sin a fhorlíonadh le breis-sonraí i dtéarmaí fisiciúla d'fhonn an costas don chomhshaol agus úsáid na sócmhainní nádúrtha i dtáirgeadh a chuimsiú, nó trí leasú a dhéanamh orthu tríd na hiarmhairtí sin a ionchorprú i dtéarmaí airgid. Laistigh den treoshuíomh ginearálta sin, tá difríochtaí móra idir na catagóirí éagsúla atá ann cheana maidir leis na saincheisteanna modheolaíochta agus comhshaoil a bpléitear leo.

    10. Thíolaic an Coimisiún a chéad straitéis ar ‘cuntasaíocht ghlas’ i 1994.[9] Ó shin i leith, tá modhanna éagsúla cuntasaíochta forbartha agus tástáilte ag an gCoimisiún (Eurostat) agus ag na Ballstáit agus, faoin tráth seo, soláthraíonn roinnt Ballstát na chéad sraitheanna de na cuntais chomhshaoil. Is iad na cuntais um shreabhadh fisiciúil ar astaíochtaí aeir (lena n-áirítear gáis cheaptha teasa) agus ar thomhaltas ábhar agus na cuntais airgid maidir le caiteachas agus cánacha ar chosaint comhshaoil na cuntais is coitianta.

    11. Ar cheann de na cuspóirí don tréimhse atá clúdaithe faoi Chlár Staidrimh an Chomhphobail 2008 go 2012 tá tionscnaimh a ghlacadh chun feidhmiú in ionad chomhaontuithe na reachtaíochta Eorpaí i réimsí áirithe de tháirgeadh rialta staidrimh Eorpaigh a bhfuil aibíocht leordhóthanach bainte amach acu.

    12. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach[10] cuirtear creat tagartha ar fáil le haghaidh cuntas eacnamaíoch comhshaoil Eorpach. Ceanglaítear leis, go háirithe, comhlíonadh na bprionsabal um neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus éifeachtacht costais.

    13. Ós rud é go bhfuil sraitheanna éagsúla de chuntais eacnamaíocha comhshaoil á bhforbairt agus go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla aibíochta, ba cheart struchtúr modúlach a sholáthraíonn solúbthacht leordhóthanach a ghlacadh.

    14. Ba cheart clár de staidéir phíolótacha a bhunú d'fhonn cáilíocht an tuairiscithe agus na sonraí a fheabhsú, an mhodheolaíocht a fheabhsú agus d'fhonn ullmhú le haghaidh tuilleadh forbairtí.

    15. Ba cheart don Choimisiún a bheith i dteideal maoluithe a dheonú ar na Ballstáit nuair a bheidh gá le hathruithe móra ar a gcuid córas staidrimh náisiúnta.

    16. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon creat coiteann dlíthiúil a bhunú i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil Eorpach, agus go bhféadfaí é a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    17. Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[11].

    18. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun críche na modúil a choigeartú de réir forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla, mar aon le treoir mhodheolaíochta a sholáthar.

    19. Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil Eorpach chun críche cuntais eacnamaíocha comhshaoil a bhunú mar chuntais satailíte do CEC 95 trí mhodheolaíocht, comhchaighdeáin, sainmhínithe, aicmithe agus rialacha cuntasaíochta a sholáthar, a bheidh dírithe ar chuntais eacnamaíocha comhshaoil a thiomsú.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) ciallaíonn ‘ astaíocht aeir ’ sreabhadh fisiciúil ábhar gásach nó cáithníneach ón gcóras eacnamaíoch (próisis táirgthe nó tomhaltais) go dtí an t-atmaisféar, atá mar chuid den chóras comhshaoil;

    (2) ciallaíonn ‘ cáin a bhaineann leis an gcomhshaol ’ cáin ar aonad fisiciúil é a bhonn cánach (nó seachaonad de) de ní éigin a bhfuil tionchar cruthaithe, sonrach, diúltach aige ar an gcomhshaol, sa chaoi is nach n-áirítear ach na hidirbhearta atá sonraithe ag na cuntais náisiúnta mar cháin;

    (3) ciallaíonn ‘ cuntais um shreabhadh ábhair don gheilleagar iomlán (EW-MFA)’ tiomsaithe comhsheasmhacha den ionchur iomlán ábhair i ngeilleagair náisiúnta, athruithe ar an stocábhar laistigh den gheilleagar agus aschur ábhair go dtí geilleagair eile nó go dtí an comhshaol.

    Airteagal 3

    Modúil

    1. Déanfar na cuntais chomhshaoil atá le tiomsú laistigh den chreat coiteann dá dtagraítear in Airteagal 1 a ghrúpáil sna modúil seo a leanas:

    (a) modúl le haghaidh cuntas astaíochtaí aeir, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I;

    (b) modúl le haghaidh cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II;

    (c) modúl le haghaidh cuntas um shreabhadh ábhair don gheilleagar iomlán, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

    2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach modúl:

    (a) na cuspóirí a bhfuil na cuntais á dtiomsú chucu;

    (b) an méid atá cuimsithe sna cuntais;

    (c) liosta na dtréithe a mbeidh na sonraí á dtiomsú agus á dtarchur chucu;

    (d) an chéad bhliain tagartha, minicíocht agus spriocanna tarchuir le haghaidh thiomsú na gcuntas;

    (e) na táblaí tuairiscithe;

    (f) uasfhad na n-idirthréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 8 a bhféadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú lena linn.

    3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 9 chun críche na modúil a choigeartú maidir le forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla, mar aon le treoir i dtaobh modheolaíochta a sholáthar.

    Airteagal 4

    Staidéir phíolótacha

    1. Dréachtóidh an Coimisiún clár le haghaidh na staidéar píolótach a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit ar bhonn deonach d'fhonn cáilíocht an tuairiscithe agus na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt.

    2. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na staidéar píolótach a mheas agus a fhoilsiú, agus cuirfear na buntáistí a bhaineann le fáil a bheith ar shonraí i ndáil le costas an bhailithe agus leis an ualach freagartha i gcuntas. Ar bhonn chonclúidí na staidéar píolótach, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe is gá i gcomhréir le hAirteagal 9.

    Airteagal 5

    Sonraí a bhailiú

    1. Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá chun tréithe na modúl dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a bhreathnú.

    2. Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá trí mheascán de na foinsí éagsúla a shonraítear thíos a úsáid, agus cuirfear prionsabal an tsimpliúcháin riaracháin i bhfeidhm:

    (a) suirbhéanna;

    (b) nósanna imeachta um meastachán staidrimh más rud é nár breathnaíodh cuid de na saintréithe i gcás na n-aonad ar fad;

    (c) foinsí riaracháin.

    3. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas agus soláthróidh siad sonraí maidir leis na modhanna a úsáideadh agus maidir le cáilíocht na sonraí ó na foinsí atá liostaithe i mír 2.

    Airteagal 6

    Tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)

    1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí atá leagtha amach sna hIarscríbhinní, lena n-áirítear na sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sna hIarscríbhinní sin.

    2. Tarchuirfear na sonraí i bhformáid theicniúil chuí, a leagfar amach i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

    Airteagal 7

    Measúnú cáilíochta

    1. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm maidir leis na sonraí a tharchuirfear ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    2. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat).

    3. Agus na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 á gcur i bhfeidhm maidir leis na sonraí atá clúdaithe faoin Rialachán seo, saineofar modhanna, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha ar cháilíocht i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

    4. Measúnóidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí arna dtarchur.

    Airteagal 8

    Maoluithe

    1. Féadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú ar na Ballstáit le linn na n-idirthréimhsí dá dtagraítear sna hIarscríbhinní i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a mhéid a bheidh mór-oiriúnuithe de dhíth ar na córais staidrimh náisiúnta.

    2. Chun na críche sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

    Airteagal 9

    An tarmligean a fheidhmiú

    1. Déanfar na cumhachtaí maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus Airteagal 4(2) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama.

    2. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna.

    3. Déantar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 10 agus Airteagal 11.

    Airteagal 10

    An tarmligean a chúlghairm

    1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus Airteagal 4(2) a chúlghairm.

    2. An institiúid a chuir tús le nós imeachta inmheánach maidir le cé acu tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm nó gan é sin a dhéanamh, cuirfidh sí an reachtóir eile agus an Coimisiún ar an eolas mí amháin ar a dhéanaí roimh an gcinneadh deiridh a ghlacadh, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a bheadh le cúlghairm dá leithéid.

    3. Cuirfidh an cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ag dáta níos déanaí arna shonrú ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

    Airteagal 11

    Agóidí i gcoinne na ngníomhartha tarmligthe

    1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thugtar an fógra. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, féadfar síneadh míosa amháin a chur leis an tréimhse sin.

    2. Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe nó, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Coimisiún ar an eolas roimh an dáta sin go bhfuil sé beartaithe acu gan agóid a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta atá luaite sna forálacha.

    3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

    Airteagal 12

    Coiste

    1. Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach cúnamh don Choimisiún.

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) den Chinneadh sin.

    Airteagal 13

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN I

    MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS ASTAÍOCHTAÍ AEIR

    ROINN 1

    Cuspóirí

    Déanann cuntais astaíochtaí aeir sonraí ar astaíochtaí aeir a thaifeadadh agus a thíolacadh ar bhealach atá comhoiriúnach do na cuntais náisiúnta. Déanann siad taifead ar astaíochtaí aeir na ngeilleagar náisiúnta, agus bíonn na taifid sin miondealaithe de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha astaíochta, mar atá leagtha amach in CEC 95. Cuimsítear gníomhaíochtaí táirgthe a dhéanann tionscail, mar aon le gníomhaíochtaí a dhéanann teaghlaigh phríobháideacha, sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

    Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus le meas ag na Ballstáit le haghaidh na gcuntas astaíochtaí aeir. Forbrófar na sonraí sin ar bhealach a nascfaidh astaíochtaí a thagann go díreach ó thionscail agus ó theaghlaigh leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgthe agus tomhaltais sin. Cuirfear na sonraí maidir le hastaíochtaí díreacha a thuairiscítear faoin Rialachán seo le chéile leis na táblaí ionchuir-aschuir eacnamaíoch, leis na táblaí soláthair agus úsáide agus leis na sonraí faoi thomhaltas teaghlaigh a tuairiscíodh cheana don Choimisiún (Eurostat) mar chuid de thuairisciú CEC 95.

    ROINN 2

    An méid atá cumhdaithe

    Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais astaíochtaí aeir agus atá ag CEC 95, agus tá siad bunaithe freisin ar phrionsabal an chónaithe.

    I gcomhréir le CEC 95, tá coincheap an chónaithe bunaithe ar an bprionsabal seo a leanas: deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin — eadhon, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.

    Déanann cuntais astaíochtaí aeir taifead ar astaíochtaí a thagann ó ghníomhaíochtaí gach aonad cónaitheach, is cuma cá dtarlaíonn na hastaíochtaí sin go geografach.

    Déanann cuntais astaíochtaí aeir taifead ar shreabhadh ábhar gásach iarmharach agus ábhar cáithníneach iarmharach a thagann ón ngeilleagar náisiúnta agus a shreabhann isteach san atmaisféar. Chun críche an Rialacháin seo, tagraíonn an téarma ‘ atmaisféar’ do chomhpháirt den chóras comhshaoil. Baineann teorainn an chórais leis an líne teorann idir an geilleagar náisiúnta (mar chuid den chóras eacnamaíoch) agus an t-atmaisféar (mar chuid den chóras comhshaoil). Nuair a thrasnaíonn substaintí astaithe teorainn seo an chórais, níl siad faoi smacht an chine daonna a thuilleadh agus bíonn siad mar chuid de thimthriallacha na n-ábhar nádúrtha agus féadfaidh siad a bheith ina gcúis le hiarmhairtí áirithe comhshaoil.

    ROINN 3

    Liosta na dtréithe

    Soláthróidh na Ballstáit staidreamh ar astaíochtaí na dtruailleán aeir seo a leanas:

    Cód | Ainm na hastaíochta aeir | Siombal na hastaíochta aeir | Aonad tuairiscithe |

    Dé-ocsaíd charbóin gan astaíochtaí ó bhithmhais | CO2 | 1 000 tona (Gg) |

    Dé-ocsaíd charbóin ó bhithmhais | CO2 ó bhithmhais | 1 000 tona (Gg) |

    Ocsaíd nítriúil | N2O | tonaí (Mg) |

    Meatán | CH4 | tonaí (Mg) |

    Sárfhluaracarbóin | PFCanna | tonaí (Mg) coibhéisí CO2 |

    Hidreafluaracarbóin | HFCanna | tonaí (Mg) coibhéisí CO2 |

    Heicseafluairíd sulfair | SF6 | tonaí (Mg) coibhéisí CO2 |

    Ocsaídí nítrigine | NOX | tonaí (Mg) coibhéisí CO2 |

    Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin | NMVOCanna | tonaí (Mg) |

    Aonocsaíd charbóin | CO | tonaí (Mg) |

    Ábhar cáithníneach < 10 µ | PM10 | tonaí (Mg) |

    Ábhar cáithníneach < 2.5 µ | PM2.5 | tonaí (Mg) |

    Dé-ocsaíd sulfair | SO2 | tonaí (Mg) |

    Amóinia | NH3 | tonaí (Mg) |

    Tuairisceofar na sonraí ar fad go dtí an chéad ionad deachúlach.

    ROINN 4

    An chéad bhliain tagartha, minicíocht agus spriocanna tarchurtha

    1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

    2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

    3. Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

    4. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha.

    5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

    ROINN 5

    Táblaí tuairiscithe

    1. I gcás gach ceann de na tréithe dá dtagraítear i Roinn 3, soláthrófar sonraí trí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú de réir ordlathais, NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlán A*64 le haghaidh cuntas náisiúnta agus idirnáisiúnta), rud atá ag teacht go hiomlán le CEC 95. Chomh maith leis sin, soláthrófar sonraí le haghaidh an méid seo a leanas:

    - Astaíochtaí aeir ó theaghlaigh;

    - Ítimí nasctha. Is éard atá i gceist le hítimí nasctha, ítimí tuairiscithe a réitíonn go soiléir na difríochtaí idir na cuntais astaíochtaí aeir a tuairiscíodh faoin Rialachán seo agus na sonraí sin a tuairiscíodh sna fardail oifigiúla náisiúnta maidir le hastaíochtaí aeir.

    2. Seo a leanas an t-aicmiú ordlathach dá dtagraítear i mír 1:

    Astaíochtaí aeir de réir tionscail - NACE Rev.2 (A*64) |

    Astaíochtaí aeir ó theaghlaigh |

    - Iompar |

    - Téamh/Fuarú |

    - Eile |

    Ítimí nasctha |

    Iomlán astaíochtaí aeir NAMEA (tionscail + teaghlaigh) |

    Lúide na cónaitheoirí náisiúnta atá thar lear |

    - Soithigh iascaireachta náisiúnta atá ag oibriú thar lear |

    - Iompar de thalamh |

    - Iompar d'uisce |

    - Aeriompar |

    Móide neamhchónaitheoirí ar an gcríoch |

    + Iompar de thalamh |

    + Iompar d'uisce |

    + Aeriompar |

    (+ nó -) Coigeartuithe eile agus neamhréireacht staidrimh |

    = Iomlán na n-astaíochtaí de thruailleán X mar a tuairiscíodh do UNFCCC[12]/CLRTAP[13] |

    ROINN 6

    Uasfhad na n-idirthréimhsí

    Ní féidir idirthréimhse a dheonú.

    IARSCRÍBHINN II

    MODÚL LE hAGHAIDH CÁNACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL, DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ EACNAMAÍOCHA

    ROINN 1

    Cuspóirí

    Déanann ioncam ó cháin a bhaineann leis an gcomhshaol sonraí ar chánacha a bhaineann leis an gcomhshaol a thaifeadadh agus a thíolacadh ar bhealach atá comhoiriúnach do na cuntais náisiúnta. Déanann siad taifead ar ioncam na ngeilleagar náisiúnta ó cháin a bhaineann leis an gcomhshaol, agus bíonn na taifid sin miondealaithe de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha, mar atá leagtha amach in CEC 95. Cuimsítear gníomhaíochtaí táirgthe a dhéanann tionscail, mar aon le gníomhaíochtaí a dhéanann teaghlaigh phríobháideacha, sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

    Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus le meas ag na tionscail agus ag na Ballstáit le haghaidh ioncaim ó cháin a bhaineann leis an gcomhshaol.

    Féadfaidh an staidreamh faoin gcáin a bhaineann leis an gcomhshaol úsáid dhíreach a bhaint as an staidreamh cánach agus as staidreamh airgeadais rialtais, ach tá roinnt buntáistí ann má úsáidtear na sonraí cánach ó na cuntais náisiúnta más féidir.

    Tá an staidreamh faoin gcáin a bhaineann leis an gcomhshaol bunaithe ar na suimeanna atá fianaithe le measúnuithe agus dearbhuithe nó le fáltais airgid atá coigeartaithe de réir ama, chun comhsheasmhacht leis na suimeanna náisiúnta a áirithiú agus chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a fheabhsú.

    Tá faisnéis sna cuntais náisiúnta freisin faoi na tionscail sin agus na hearnálacha sin atá ag íoc na gcánacha. Féadfar teacht ar fhaisnéis faoi na cánacha atá ag teacht ó na cuntais náisiúnta sna cuntais institiúideacha don rialtas, sna táblaí soláthair agus úsáide agus sa chuntas giniúna ioncaim.

    ROINN 2

    An méid atá cumhdaithe

    Tá na teorainneacha córais céanna ag cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá ag CEC 95, agus is éard atá iontu íocaíochtaí éigeantacha, gan chomaoin, in airgead tirim nó i gcomhchineál, arna dtobhach ag an rialtas ginearálta nó ag institiúidí an Aontais Eorpaigh.

    Cuirtear cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol sna catagóirí CEC 95 seo a leanas:

    - Cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí (D.2);

    - Cánacha reatha ar ioncam, ar rachmas, etc. (D5);

    - Cánacha caipitiúla (D91).

    ROINN 3

    Liosta na dtréithe

    Soláthróidh na Ballstáit staidreamh ar chánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir na dtréithe seo a leanas:

    20. Cánacha fuinnimh;

    21. Cánacha iompair;

    22. Cánacha in aghaidh an truaillithe;

    23. Cánacha acmhainne.

    Tuairisceofar na sonraí ar fad sna milliúin san airgeadra náisiúnta.

    ROINN 4

    An chéad bhliain tagartha, minicíocht agus spriocanna tarchurtha

    1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

    2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

    3. Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

    4. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha.

    5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

    ROINN 5

    Táblaí tuairiscithe

    I gcás gach ceann de na tréithe dá dtagraítear i Roinn 3, soláthrófar sonraí do na hearnálacha institiúideacha atá ag íoc na gcánacha.

    I gcás earnáil an rialtais ghinearálta agus earnáil na gcorparáidí, iarrtar na sonraí a mhiondealú trí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú de réir ordlathais, NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlán A*64 le haghaidh cuntas náisiúnta agus idirnáisiúnta), rud atá ag teacht go hiomlán le CEC 95. Chomh maith leis sin, i gcás an dá thréith 1 agus 2 dá dtagraítear i Roinn 3, soláthrófar sonraí le haghaidh na nithe seo a leanas:

    - Teaghlaigh;

    - Neamhchónaitheoirí;

    - Neamh-chionnroinnte.

    ROINN 6

    Uasfhad na n-idirthréimhsí

    Ní féidir idirthréimhse a dheonú.

    IARSCRÍBHINN III

    MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS UM SHREABHADH ÁBHAIR DON GHEILLEAGAR IOMLÁN (EW-MFA)

    ROINN 1

    Cuspóirí

    Clúdaítear le EW-MFA gach ábhar soladach, gásach agus leachtach, seachas sreafaí aeir agus uisce, arna dtomhas in aonaid mhaise in aghaidh na bliana. Dála chóras na gcuntas náisiúnta, tá dhá phríomhchuspóir ag na cuntais um shreabhadh ábhair don gheilleagar iomlán. Is iad na sreafaí mionsonraithe ábhair a sholáthraíonn bunachar saibhir eimpíreach le haghaidh neart staidéar anailíseach. Úsáidtear iad freisin d'fhonn táscairí éagsúla maidir le sreabhadh ábhair don gheilleagar iomlán a thiomsú le haghaidh geilleagar náisiúnta.

    Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus le meas ag na Ballstáit le haghaidh EW-MFA.

    ROINN 2

    An méid atá cumhdaithe

    Is bunphrionsabal den chóras um shreabhadh ábhair é an t-idirdhealú idir stoic agus sreafaí. Go ginearálta, is athróg é an sreabhadh a thomhaiseann cainníocht áirithe in aghaidh gach tréimhse ama faoi seach, ach is éard is stoc ann athróg a thomhaiseann cainníocht áirithe ag pointe áirithe ama. Is coincheap sreafa é EW-MFA. Tomhaiseann sé sreafaí d'ionchuir agus d'aschuir ábhair agus athruithe ar an stoc laistigh den gheilleagar in aonaid mhaise in aghaidh na bliana.

    Tá EW-MFA ag teacht le prionsabail chóras na gcuntas náisiúnta (CEC 95), amhail prionsabal an chónaithe. Áirítear leis, fosta, sreafaí ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí na n-aonad cónaitheach ar fad atá i ngeilleagar náisiúnta, is cuma faoi shuíomh geografach na n-aonad sin. Maidir le EW-MFA, baineann dhá chineál sreabhadh ábhair thar theorainneacha an chórais le hábhar:

    1. Sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus a thimpeallacht nádúrtha. Is ionann seo agus eastóscadh ábhar (i.e., amhábhair, garbhábhair, ógh-ábhair) ón timpeallacht nádúrtha agus sceitheadh ábhar (dá ngairtear iarmharaigh go minic) isteach sa timpeallacht nádúrtha.

    2. Sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus an chuid eile de gheilleagar an domhain. Áirítear allmhairí agus onnmhairí leis seo.

    Ní áirítear in EW-MFA ach sreafaí a thrasnaíonn na teorainneacha córais sin. Ní léirítear sreafaí ábhair atá laistigh den gheilleagar in EW-MFA. Ciallaíonn sé sin go mbreathnaítear ar an ngeilleagar náisiúnta mar bhosca dubh in EW-MFA, agus nach ndéantar cur síos ar sheachadadh táirgí idir thionscail, mar shampla. Ar an mbealach céanna, ní áirítear sreafaí nádúrtha isteach sa timpeallacht nádúrtha, ná laistigh de ná amach as.

    Clúdaíonn eastóscadh intíre méid bliantúil na n-ábhar soladach, leachtach agus gásach (gan aer ná uisce a áireamh) a eastósctar as an timpeallacht nádúrtha le húsáid mar ionchur sa gheilleagar.

    Clúdaítear le hallmhairí agus le honnmhairí fisiciúla na tráchtearraí allmhairithe nó onnmhairithe ar fad in aonaid mhaise. Áirítear le tráchtearraí trádáilte, earraí ag gach céim den phróiseáil ó amhtháirgí go dtí earraí críochnaithe.

    ROINN 3

    Liosta na dtréithe

    Cuirfidh na Ballstáit staidreamh ar fáil maidir leis na tréithe atá liostaithe i Roinn 5.

    ROINN 4

    An chéad bhliain tagartha, minicíocht agus spriocanna tarchurtha

    1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

    2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

    3. Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

    4. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha.

    5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha.

    ROINN 5

    Táblaí tuairiscithe

    Cuirfear sonraí, in aonaid mhaise, ar fáil le haghaidh na dtréithe atá liostaithe sna táblaí seo a leanas.

    Tábla A – Eastóscadh Intíre

    1 Bithmhais |

    1.1 Barra (gan barra farae a áireamh) |

    1.1.1 Gránaigh |

    1.1.2 Meacain, tiúbair |

    1.1.3 Barra siúcra |

    1.1.4 Pulsanna |

    1.1.5 Cnónna |

    1.1.6 Barra olúla |

    1.1.7 Glasraí |

    1.1.8 Torthaí |

    1.1.9 Snáithíní |

    1.1.10 Barra eile g.a.e. |

    1.2. Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte |

    1.2.1 Iarmhair barr (úsáidte) |

    1.2.1.1 Tuí |

    1.2.1.2 Iarmhair eile barr (duilleoga biatais siúcra agus biatais farae, eile) |

    1.2.2 Barra farae agus bithmhais innilte |

    1.2.2.1 Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féarach) |

    1.2.2.2 Bithmhais innilte |

    1.3 Adhmad (*) |

    1.3.1 Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíocha) |

    1.3.2 Adhmad tine agus eastóscadh eile |

    1.4 Gabháil iasc fiáin, plandaí/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach |

    1.4.1 Gabháil iasc fiáin |

    1.4.2 Na hainmhithe agus plandaí uisceacha ar fad eile |

    1.4.3 Fiach agus cnuasach |

    2 Mianta miotail (ollmhianta) |

    2.1 Iarann |

    2.2 Miotal neamhfheiriúil |

    2.2.1 Copar (**) |

    2.2.2 Nicil (**) |

    2.2.3 Luaidhe (**) |

    2.2.4 Sinc (**) |

    2.2.5 Stán (**) |

    2.2.6 Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara |

    2.2.7 Báicsít agus alúmanam eile |

    2.2.8 Úráiniam agus tóiriam |

    2.2.9 Eile g.a.e. |

    3 Mianraí neamh-mhiotalacha |

    3.1 Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn san áireamh) |

    3.2 Cailc agus dolaimít |

    3.3 Slinn |

    3.4 Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin |

    3.5 Salann |

    3.6 Aolchloch agus gipseam |

    3.7 Créanna agus caoilín |

    3.8 Gaineamh agus gairbhéal |

    3.9 Eile g.a.e. |

    3.10 Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), i gcás go n-úsáidtear iad amháin (***) |

    4 Ábhair/Iompróirí fuinnimh iontaise |

    4.1 Gual agus ábhair/iompróirí eile fuinnimh sholadaigh |

    4.1.1 Lignít (gual donn) |

    4.1.2 Gual crua |

    4.1.3 Sceall ola agus gainimh tharra |

    4.1.4 Móin |

    4.2 Ábhair/iompróir fuinnimh leachtaigh/ghásaigh |

    4.2.1 Amhola, comhdhlúthán agus leachtanna gáis nádúrtha |

    4.2.2 Gás nádúrtha |

    (*) Chomh maith leis sin, tuairisciú roghnach ar ghlanincrimint an stoic adhmaid.

    (**) Chomh maith leis sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail.

    (***) Tuairisciú roghnach.

    Táblaí B (Allmhairí – Trádáil iomlán), C (Allmhairí - Trádáil lasmuigh den AE), D (Onnmhairí – Trádáil iomlán), E (Onnmhairí - Trádáil lasmuigh den AE)

    1 Bithmhais agus táirgí bithmhaise |

    1.1 Barra, amha agus próiseáilte |

    1.1.1 Gránaigh, amha agus próiseáilte |

    1.1.2 Meacain, tiúbair, amha agus próiseáilte |

    1.1.3 Barra siúcra, amha agus próiseáilte |

    1.1.4 Pulsanna, amha agus próiseáilte |

    1.1.5 Cnónna, amha agus próiseáilte |

    1.1.6 Barra olúla, amha agus próiseáilte |

    1.1.7 Glasraí, amha agus próiseáilte |

    1.1.8 Torthaí, amha agus próiseáilte |

    1.1.9 Snáithíní, amha agus próiseáilte |

    1.1.10 Barra eile g.a.e, amha agus próiseáilte |

    1.2 Iarmhair barr, barra farae agus bithmhais innilte |

    1.2.1 Iarmhair barr (úsáidte), amha agus próiseáilte |

    1.2.1.1 Tuí |

    1.2.1.2 Iarmhair eile barr |

    1.2.2 Barra farae agus bithmhais innilte |

    1.2.2.1 Barra farae |

    1.3 Adhmad agus táirgí adhmaid |

    1.3.1 Adhmad, amh agus próiseáilte |

    1.3.2 Adhmad tine agus eastóscadh eile, amh agus próiseáilte |

    1.4 Gabháil iasc agus ainmhithe agus plandaí uisceacha eile, amha agus próiseáilte |

    1.4.1 Gabháil iasc |

    1.4.2 Na hainmhithe agus plandaí uisceacha ar fad eile |

    1.5 Ainmhithe beo seachas na hainmhithe atá in 1.4, agus táirgí ainmhithe |

    1.5.1 Ainmhithe beo seachas na hainmhithe atá in 1.4 |

    1.5.2 Feoil agus ullmhúcháin feola |

    1.5.3 Táirgí déiríochta, uibheacha éan agus mil |

    1.5.4 Táirgí eile ó ainmhithe (snáithíní ainmhithe, craiceann, fionnadh, leathar, etc.) |

    1.6 Táirgí ó bhithmhais den chuid is mó |

    2 Mianta miotail agus comhdhlúthúcháin, amha agus próiseáilte |

    2.1. Mianta iarainn agus comhdhlúthúcháin, iarann agus cruach, amh agus próiseáilte |

    2.2 Mianta miotail neamhfheiriúil agus comhdhlúthúcháin, amha agus próiseáilte |

    2.2.1 Copar |

    2.2.2 Nicil |

    2.2.3 Luaidhe |

    2.2.4 Sinc |

    2.2.5 Stán |

    2.2.6 Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara |

    2.2.7 Báicsít agus alúmanam eile |

    2.2.8 Úráiniam agus tóiriam |

    2.2.9 Eile g.a.e. |

    2.3 Táirgí ó mhiotail den chuid is mó |

    3 Mianraí neamh-mhiotalacha, amha agus próiseáilte |

    3.1 Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt agus cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn san áireamh) |

    3.2 Cailc agus dolaimít |

    3.3 Slinn |

    3.4 Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin |

    3.5 Salann |

    3.6 Aolchloch agus gipseam |

    3.7 Créanna agus caoilín |

    3.8 Gaineamh agus gairbhéal |

    3.9 Eile g.a.e. |

    3.10 Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), i gcás go n-úsáidtear iad amháin (*) |

    3.11 Táirgí ó mhianraí neamh-mhiotalacha den chuid is mó |

    4 Ábhair/Iompróirí fuinnimh iontaise, amha agus próiseáilte |

    1.4 Gual agus táirgí fuinnimh sholadaigh eile, amha agus próiseáilte |

    4.1.1 Lignít (gual donn) |

    4.1.2 Gual crua |

    4.1.3 Sceall ola agus gainimh tharra |

    4.1.4 Móin |

    1.4 Táirgí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh eile, amha agus próiseáilte |

    4.2.1 Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha |

    4.2.2 Gás nádúrtha |

    4.3 Táirgí ó tháirgí fuinnimh iontaise den chuid is mó |

    5 Táirgí eile |

    6 Dramhaíl allmhairithe (Táblaí B agus C)/onnmhairithe(Táblaí D agus E) le haghaidh cóireála deiridh agus diúscairte |

    (*) Tuairisciú roghnach.

    Áireofar i dTáblaí B agus D na coigeartuithe seo a leanas maidir le prionsabal an chónaithe:

    Breosla stóráilte ag aonaid chónaitheacha thar lear (le cur le hallmhairí Thábla B) agus breosla stóráilte ag aonaid neamhchónaitheacha ar an gcríoch náisiúnta (le cur le honnmhairí Thábla D) |

    1 Breosla le haghaidh iompair de thalamh |

    2 Breosla le haghaidh iompair d'uisce |

    3 Breosla le haghaidh aeriompair |

    ROINN 6

    Uasfhad na n-idirthréimhsí

    Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, dhá bhliain tar éis na chéad bhliana tagartha is ea uasfhad na hidirthréimhse.

    [1] COIM (94) 670 Treoracha don AE ar tháscairí comshaoil agus ar Chuntasaíocht Náisiúnta Ghlas – Córais Fáisnéise Comhshaoil agus Eacnamaíocha a chomhtháthú.

    [2] Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (IO L 97, 9.4.2008, lch. 13).

    [3] Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gcóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal (IO L 310, 5.11.1996, lch. 1).

    [4] IO L 344, 28.12.2007, lch. 15.

    [5] Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos an séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail (IO L 242, 10.9.2002, lch. 1).

    [6] Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos an Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail (IO L 242, 10.9.2002, lch. 1).

    [7] IO L 344, 28.12.2007, lch. 15.

    [8] IO L 310, 31.11.1996, lch. 1.

    [9] COIM(1994) 670.

    [10] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

    [11] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

    [12] Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide

    [13] Coinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin.

    Top