This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52010PC0083
Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council laying down the rules and general principles concerning mechanisms for control by Member States of the Commission’s exercise of implementing powers
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin
/* COIM/2010/0083 leagan deireanach - COD 2010/0051 */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin /* COIM/2010/0083 leagan deireanach - COD 2010/0051 */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 9.3.2010 COIM(2010) 83 leagan deireanach 2010/0051 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. CÚLRA DON TOGRA: COMHTHÉACS NUA INSTITIÚIDEACH Déanann Conradh Liospóin (dá ngairtear "an Conradh nua" anseo feasta), a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2009, modhnú suntasach ar an gcreat maidir le cumhachtaí cur chun feidhme atá tugtha don Choimisiún ag an reachtóir. Contrártha d'fhorálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (dá ngairtear "Conradh an CE" anseo feasta) a leagtar amach in Airteagal 202 den Chonradh sin, déanann an Conradh nua idirdhealú soiléir idir na cumhachtaí atá tarmligthe chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh ar láimh amháin - gníomhartha a fhorlíonfaidh nó a leasóidh eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach (gníomhartha tarmligthe) - agus ar an láimh eile na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Tá siad faoi réir creataí dlíthiúla éagsúla: - I bhforálacha an Chonartha nua maidir le gníomhartha tarmligthe, a leagtar amach in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "an Conradh" anseo feasta), déantar foráil go ndéanfaidh an reachtóir feidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin a rialú trí cheart chun cúlghairm a dhéanamh agus/nó trí cheart agóide. Is leor na forálacha sin iontu féin agus níl creat atá ceangailteach go dlíthiúil de dhíth orthu le go mbeidh siad i bhfeidhm. - I bhforálacha an Chonartha nua maidir le gníomhartha cur chun feidhme, a leagtar amach in Airteagal 291, ní dhéantar foráil d'aon ról do Pharlaimint na hEorpa ná don Chomhairle maidir le rialú ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Ní féidir ach leis na Ballstáit rialú den sórt sin a fheidhmiú. Tá gá le creat dlíthiúil chun na sásraí maidir le rialú den sórt sin a bhunú. Trí fhoráil a dhéanamh don dá chreat dhlíthiúla fhíoréagsúla sin, bhí údair an Chonartha nua ag iarraidh nádúr an dá chineál éagsúla gnímh a léiriú ní b'fhearr: - Maidir le gníomhartha tarmligthe, déanann an reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun bearta a ghlacadh a d'fheádfadh sé a ghlacadh é féin. Is é seo an fáth gurb é an reachtóir a rialaíonn feidhmiú an Choimisiúin maidir leis na cumhachtaí tarmligthe sin. - Tá an comhthéacs iontach difriúil i gcás gníomhartha cur chun feidhme. Tá na Ballstáit freagrach dar ndóigh as gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí de a chur chun feidhme. I gcás ina bhfuil gá le coinníollacha cur chun feidhme aonfhoirmeacha i ngníomhartha bunúsacha den sórt sin, tá ar an gCoimisiún cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. Is é seo an fáth gurb iad na Ballstáit atá freagrach as inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú. Cuireann forálacha an Chonartha nua na comhreachtóirí ar comhchéim le chéile chomh maith maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt. Faoi Chonradh an CE, ba í an Chomhairle a bhí in ann cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. D'fhéadfadh an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme a fhorchoimeád di féin i gcásanna sonracha fosta. Faoi fhorálacha an Chonartha nua, tá oibleagáid dhíreach ann a chineann ón gConradh go bhfuil ar ghníomhartha cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i gcás a bhfuil gá leis sin d'fhonn a áirithiú go gcuirtear na gníomhartha sin chun feidhme go haonfhoirmeach. Féadfaidh na gníomhartha sin, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle seachas don Choimisiún. Ní thugtar le tuiscint leis sin, áfach, go bhfuil aon ról ag an gComhairle maidir le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme a rialú nuair a thugtar na cumhachtaí sin don Choimisiún. Ceanglaítear go soiléir sa Chonradh nua gurb iad na Ballstáit iad féin a rialaíonn cur chun feidhme cumhachtaí ag an gCoimisiún nuair is gá rialú den sórt sin de bhun gnímh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí. Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 290 den Chonradh, tá tuairimí an Choimisiúin leagtha amach aige i dtaobh raon feidhme gníomhartha tarmligthe, an chreata do tharmligean na cumhachta agus na modhanna oibre atá beartaithe aige a úsáid chun gníomhartha tarmligthe a ullmhú i dTeachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COIM(2009)673, an 9 Nollaig 2009). 2. CUSPÓIRÍ AGUS ÁBHAR AN TOGRA 2.1. Réasúnaíocht agus príomhphrionsabail a threoraíonn an togra Foráiltear in Airteagal 291 den Chonradh go mbunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh ré, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Is é cuspóir an togra seo Airteagal 291 den Chonradh a chur chun feidhme. Tá an togra seo á threorú go príomha ag forálacha nua an Chonartha agus ag an gcomhthéacs nua institiúideach ar a gcuirtear síos faoi phointe 1 thuas. Baineann an togra leas as Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle fosta (dá ngairtear "an Cinneadh Coisteolaíochta" anseo feasta) agus as taithí a fuarthas agus an Cinneadh sin á chur chun feidhme, agus ag an am céanna simplíonn sé a chuid forálacha ag cur na bprionsabal ginearálta seo a leanas san áireamh go háirithe: - Is iad na Ballstáit atá freagrach as inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú; - Ba cheart na riachtanais maidir le nósanna imeachta a bheith ar comhréir le cineál na ngníomhartha cur chun feidhme. 2.2 Príomheilimintí an togra lena n-áirítear cosúlachtaí agus nuálaíochtaí i ndáil leis an gCinneadh Coisteolaíochta Is iad seo a leanas príomheilimintí an togra: - Coimeádann an togra struchtúr an choiste dá bhforáiltear sa Chinneadh Coisteolaíochta (Airteagal 3), ach déantar é a chuíchóiriú mar atá leagtha amach thíos; - Ní dhéantar foráil ach do dhá nós imeachta: an nós imeachta comhairleach, a fhreagraíonn don nós imeachta comhairleach atá ann faoi láthair, agus nós imeachta nua "scrúdúcháin", a chuirfí in ionad na nósanna imeachta bainistíochta agus rialúcháin atá ann faoi láthair (Airteagal 4 agus Airteagal 5); - Is é an nós imeachta comhairleach an riail ghinearálta agus féadfar é a chur i bhfeidhm ar na réimsí beartais ar fad agus ar gach cineál beart cur chun feidhme atá ceangailteach (Airteagal 2(3)); - Freagraíonn na critéir maidir le nós imeachta scrúdúcháin a roghnú do na critéir sin dá bhforáiltear sa Chinneadh Coisteolaíochta. Mar sin féin, chun comhchuibheas níos fearr a bhaint amach agus d'fhonn a áirithiú go bhfuil na riachtanais maidir le nósanna imeachta ar comhréir le cineál na ngníomhartha cur chun feidhme, tá na critéir sin ina gceangal sa mhéid nach féidir an nós imeachta scrúdúcháin i gceist a úsáid ach amháin nuair a chomhlíontar na critéir sin (Airteagal 2(2)); - D'fheidhmeodh an nós imeachta scrúdúcháin (Airteagal 5) mar seo a leanas: - I gcás ina dtabharfadh an coiste tuairim dhiúltach uaidh i dtaobh na ndréachtbheart, ní bheadh an Coimisiún in ann iad a ghlacadh. D'fhéadfadh an Coimisiún an dréacht a chur faoi bhráid an choiste arís le hathbhreithniú a dhéanamh air, nó d'fhéadfadh sé dréacht leasaithe a chur síos. In imthosca fíoreisceachtúla, d'fhéadfadh an Coimisiún na dréachtbhearta a ghlacadh d'ainneoin tuairim dhiúltach a bheith ann ach i gcás den sórt sin bheadh an focal scoir ag an gcoiste laistigh de thréimhse ama nach faide ná aon mhí amháin; - Mura dtiocfaí ar thuairim, d'fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh sa deireadh cé acu an nglacfaí na bearta nó nach nglacfaí agus é ag cur san áireamh, i measc rudaí eile, na seasaimh a cuireadh in iúl laistigh den choiste; - I gcás ina dtabharfadh an coiste tuairim dhearfach uaidh, ghlacfadh an Coimisiún na bearta ach amháin dá ndlisteanódh imthosca eisceachtúla nó eilimintí nua nach nglacfaí iad. Dá bhrí sin, faoin nós imeachta scrúdúcháin, bheadh an coiste é féin in ann glacadh na ndréachtbheart ag an gCoimisiún a chosc dá mbeadh tromlach cáilithe na mBallstát ina gcoinne. Léireodh na rialacha vótála don nós imeachta sin na rialacha vótála a raibh gá ag an gComhairle leo, ag gníomhú di mar bhord achomhairc, d'fhonn glacadh dréachtbheart ag an gCoimisiún faoin gCinneadh Coisteolaíochta a chosc. Bheadh sé comhleanúnach fosta rialacha vótála na gcoistí a ghníomhaíonn faoin nós imeachta scrúdúcháin a bheith cosúil leis na rialacha vótála dá bhforáiltear in Airteagal 290 den Chonradh le gur féidir leis an gComhairle cur i gcoinne gnímh tharmligthe. Gné nua eile a bhainfeadh leis, áfach, is ea nach mbeadh an Coimisiún faoi oibleagáid dréachtbhearta a ghlacadh nuair nach mbeadh tromlach cáilithe ann ina bhfabhar ná ina gcoinne[1]. Ar ndóigh, tá gá le breis solúbthachta i gcásanna den sórt sin le go mbeidh an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtbhearta. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a chinneadh cé acu na dréachtbhearta a ghlacadh nó gan iad a ghlacadh nó dréacht leasaithe a chur i láthair an choiste, agus é ag cur san áireamh, i measc rudaí eile, seasaimh a cuireadh in iúl laistigh den choiste. Dá dtabharfaí solúbthacht den sórt sin isteach, bheifí in ann seasaimh na mBallstát a chur san áireamh níos mó ar láimh amháin agus, ar an láimh eile, chuideodh sí le feabhas a chur ar cháilíocht agus ar leorgacht na gcinntí a ghlactar. - Tá coinne le nósanna imeachta sonracha maidir le bearta a bheidh infheidhme láithreach ar mhórchúiseanna práinne agus nuair a fhoráiltear dó sin i ngníomh bunúsach (Airteagal 6). Chuirfeadh an fhoráil sin ar chumas an choiste ábhartha tuairim a scrúdú agus a thabhairt ar bheart tar éis don Choimisiún é a ghlacadh. I gcás nach mbeadh an beart i gcomhréir le tuairim an choiste faoin nós imeachta scrúdúcháin, bheadh ar an gCoimisiún an beart a aisghairm ach d'fhéadfadh sé é a choimeád i bhfeidhm dá mba inchosanta sin ar roinnt foras teoranta amhail sláinte agus sábháilteacht. - Cloíonn an togra le forálacha a bhaineann le rialacha nós imeachta na gcoistí (Airteagal 7) agus maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoi imeachtaí na gcoistí (Airteagal 8(3)). - Ag tógáil ar thaithí a baineadh amach le cur chun feidhme an Chinnidh Choisteolaíochta, áirítear sa togra roinnt forálacha tábhachtacha fosta ar cleachtas coiteann iad ach nach raibh, go dtí seo, cumhdaithe leis an gCinneadh nó nár foráladh dóibh ach i Rialacha Nós Imeachta na gcoistí. Áirítear leo sin na forálacha maidir le húsáid nósanna imeachta i scríbhinn (Airteagal 3(5)) d'fhonn tuairim an choiste a fháil agus go bhféadfaí dréachtbhearta a leasú d'fhonn plé a rinneadh sa choiste sular thug sé a thuairim fhoirmiúil a chur san áireamh (Airteagal 3(4)). - Cé gurb iad na Ballstáit amháin a bhfuil ról acu i rialú ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin, ba cheart an dá reachtóir a chur ar an eolas go cuí agus go leanúnach faoi imeachtaí na gcoistí trí úsáid leantach a bhaint as Clár na Coisteolaíochta atá ann cheana agus a chuirfí in oiriúint do na nósanna imeachta nua (Airteagal 8(1) agus (2)). Ní chuirfeadh an ceart chun faisnéise sin an próiseas cinnteoireachta ar fionraí toisc go dtabharfadh sé sin sainchumas do na reachtóirí nach luíonn le hAirteagal 291 den Chonradh. - Sa deireadh thiar, ar mhaithe le soiléireacht, comhchuibheas agus feidhmiúlacht, déantar foráil sa togra chun an acquis reatha agus na nósanna imeachta nua a ailíniú go huathoibríoch (Airteagal 10). Maidir le tagairtí do na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chinneadh Coisteolaíochta, seachas Airteagal 5a de, thuigfí gur tagairtí iad sin uile do nósanna imeachta comhréire an Rialacháin: bheadh sé de bhuntáiste ag an gcur chuige seo go seachnófaí leagan amach casta ina mbeadh na sean-nósanna imeachta Coisteolaíochta agus na cinn nua ag feidhmiú taobh le taobh; ag an am céanna, ní bheadh gá an acquis reatha a ailíniú gníomh ar ghníomh ná le rialacháin omnibus. Beidh feidhm ag Airteagal 10 dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin chun an clár a ullmhú agus áireofar san ullmhúchán sin ailíniú uathoibríoch na nósanna imeachta reatha go léir a chur i gcrích go teicniúil. - Ní dhéanfadh oiriúnú den sórt sin don chóras nua difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar tugadh tuairim cheana, ag cruinniú de chuid coiste nó trí nós imeachta i scríbhinn (Airteagal 11). Ní chiallaíonn sin gur cheart nósanna imeachta atá idir lámha agus nár tugadh aon tuairim ina dtaobh a stopadh agus a atosú ó bhonn; ba cheart leanúint leo sin: ba cheart cruinnithe a bheith ann agus leanúint le nósanna imeachta i scríbhinn. Ar ndóigh, baineann iarmhairtí ailínithe den sórt sin i ndáiríre leis an nós imeachta a bheidh le leanúint tar éis don choiste tuairim a ghlacadh. - Ní bheidh feidhm ag Airteagal 10 agus Airteagal 11 maidir leis na nósanna imeachta sonracha nach bhfuil faoi réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, go háirithe na nósanna imeachta sin a cruthaíodh d'fhonn an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh feidhm ag na nósanna imeachta sonracha sin go dtí go gcuirfear na gníomhartha bunúsacha in oiriúint i bhfianaise chóras na gcumhachtaí cur chun feidhme, arna chruthú ag Airteagal 291 den Chonradh, agus na rialacha agus na bprionsabal ginearálta maidir le feidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin, mar atá leagtha amach sa togra seo. 2010/0051 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 291(3) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[2], De bharr an méid seo a leanas: (1) Nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí (dá ngairtear "gníomhartha bunúsacha" anseo feasta) a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tabharfar iad don Chomhairle. (2) I gcomhthéacs an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, bhí feidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin faoi rialú Chinneadh 1999/468/CE an 28 Meitheamh 1999 ón gComhairle. (3) Ceanglaítear anois ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a leagan síos. (4) Is gá a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta maidir le rialú den sórt sin soiléir, éifeachtach agus ar comhréir le cineál na ngníomhartha cur chun feidhme agus go léiríonn siad ceanglais institiúideacha an Chonartha, chomh maith leis an taithí a fuarthas agus an cleachtas coiteann a leanadh i gcur chun feidhme Chinneadh 1999/468/CE. (5) Maidir leis na gníomhartha bunúsacha sin ar gá rialú na mBallstát le go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, is iomchuí chun críocha rialaithe den sórt sin gur cheart coistí tionscanta d'ionadaithe ó na Ballstáit a bheith ann agus iad faoi chathaoirleacht an Choimisiúin. (6) Chun na ceanglais ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a shimpliú, níor cheart ach dhá nós imeachta a bheith ann: an nós imeachta comhairleach agus an nós imeachta scrúdúcháin. (7) Ar mhaithe le simplíocht, ba cheart feidhm a bheith ag comhrialacha maidir leis an gcoiste, lena n-áirítear na príomhfhorálacha a bhaineann le feidhmiú nósanna imeachta an choiste agus go bhféadfaidh an coiste tuairim a thabhairt trí nós imeachta i scríbhinn. (8) Ba cheart critéir a leagan síos chun an nós imeachta a úsáidfear maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a chinneadh. Chun comhchuibheas níos fearr a bhaint amach agus d'fhonn a áirithiú go bhfuil na riachtanais maidir le nósanna imeachta ar comhréir le cineál na ngníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh, ba cheart na critéir sin a bheith ceangailteach. (9) Níor cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin ach amháin i gcás bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus atá ceaptha chun gníomhartha bunúsacha a chur chun feidhme agus i gcás bearta sonracha a ghlacadh a d'fhéadfadh iarmhairt thábhachtach a bheith ag baint leo. Ba cheart foráil a dhéanamh sa nós imeachta sin do rialú na mBallstát ionas nach féidir bearta a ghlacadh mura bhfuil siad i gcomhréir le tuairim an choiste, ach amháin in imthosca fíoreisceachtúla nuair ba cheart don Choimisiún, d'ainneoin tuairim dhiúltach a bheith ann, a bheith in ann bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta ama. I gcás nach dtugann an coiste tuairim uathu, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtbhearta, ag cur na tuairimí a cuireadh in iúl laistigh den choiste san áireamh. (10) Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta comhairleach i ngach cás eile agus nuair a mheastar gurb é is iomchuí. (11) Ba cheart go bhféadfaí bearta a ghlacadh le feidhm a bheith acu láithreach ar mhórchúiseanna práinne nuair a fhoráiltear dó sin i ngníomh bunúsach. (12) Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí coistí ar bhonn rialta. (13) Ba cheart rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoi imeachtaí coistí a áirithiú. (14) Ba cheart Cinneadh 1999/468/CE a aisghairm. D'fhonn trasdul ón gcóras dá bhforáiltear i gCinneadh 1999/468/CE chuig an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart a thuiscint gur tagairt do na nósanna imeachta comhréire dá bhforáiltear sa Rialachán seo í aon tagairt i reachtaíocht atá ann cheana a dhéantar do na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chinneadh sin, seachas an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a den Chinneadh sin. Ba cheart éifeachtaí Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE a choimeád chun críocha na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana agus a thagraíonn don Airteagal sin. (15) Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chumhachtaí an Choimisiúin, faoi mar atá leagtha síos sa Chonradh, maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a rialaíonn na sásraí a mbeidh feidhm acu maidir le cásanna ina gceanglaíonn gníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí (dá ngairtear "gníomh bunúsach" anseo feasta) go mbeidh glacadh ghníomhartha ceangailteacha cur chun feidhme an Choimisiúin faoi rialú na mBallstát. Airteagal 2 Na nósanna imeachta a roghnú 1. Is féidir foráil a dhéanamh i ngníomh bunúsach do chur i bhfeidhm an nós imeachta scrúdúcháin nó an nós imeachta comhairleach, de réir chineál na mbeart cur chun feidhme lena mbaineann. 2. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin ach maidir leis na bearta seo a leanas a ghlacadh: (a) Bearta cur chun feidhme a bhfuil raon feidhme ginearálta acu; (b) Bearta cur chun feidhme eile a bhaineann leis na rudaí seo a leanas: i) comhbheartais talmhaíochta agus comhbheartais iascaigh; ii) comhshaol, slándáil agus sábháilteacht nó cosaint do shláinte nó do shábháilteacht daoine, ainmhithe nó plandaí; iii) comhbheartas tráchtála. 3. Beidh feidhm ag an nós imeachta comhairleach maidir leis na bearta cur chun feidhme eile go léir agus maidir le bearta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 nuair a mheastar gur iomchuí sin. Airteagal 3 Forálacha coiteanna 1. I gcás ina bhforáiltear i ngníomh bunúsach do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6, beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 6 den Airteagal seo. 2. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún coiste d'ionadaithe ó na Ballstáit, agus beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach air. 3. Cuirfidh an cathaoirleach dréacht de na bearta atá le glacadh faoi bhráid an choiste. 4. Déanfaidh an coiste na dréachtbhearta a scrúdú. Go dtí go dtugtar tuairim, féadfaidh an cathaoirleach leaganacha leasaithe de na dréachtbhearta a thíolacadh chun plé a rinneadh sa choiste a chur san áireamh. Chun na críche sin, féadfaidh an cathaoirleach roinnt cruinnithe de chuid an choiste a chomóradh. Tabharfaidh an coiste a thuairim maidir leis an dréacht laistigh de theorainn ama a fhéadfaidh an cathaoirleach a shocrú i bhfianaise phráinn an ábhair. 5. Féadfaidh an cathaoirleach tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn. Seolfaidh sé nó sí na dréachtbhearta faoina n-iarrtar orthu a dtuairim a thabhairt chuig comhaltaí an choiste agus leagfaidh sé nó sí síos teorainn ama i bhfianaise phráinn an ábhair. Maidir le haon chomhalta den choiste nach gcuireann ina gcoinne ná nach staonann ó thuairim a thabhairt go sainráite sula dtéann an teorainn ama atá leagtha síos in éag, tuigfear go gcomhaontaíonn an comhalta sin leis na dréachtbhearta. Laistigh den teorainn ama atá leagtha síos i gcomhréir leis an bhfomhír roimhe seo, féadfaidh aon chomhalta den choiste iarraidh go ndéanfar an nós imeachta i scríbhinn a fhoirceannadh agus go ndéanfar na dréachtbhearta a scrúdú ag cruinniú de chuid an choiste. Féadfaidh an cathaoirleach a chinneadh go gcoimeádfar an nós imeachta i scríbhinn nó go bhfoirceannfar é gan toradh a fháil agus, i gcás mar sin, comórfar cruinniú de chuid an choiste chomh luath agus is féidir. 6. Déanfar tuairim an choiste a thaifeadadh sna miontuairiscí. Féadfaidh gach Ballstát a iarraidh go ndéanfar a sheasamh a thaifeadadh sna miontuairiscí. Airteagal 4 An nós imeachta comhairleach 1. Tabharfaidh an coiste a thuairim uaidh, trí vótáil más gá. Má vótálann an coiste, tabharfaidh an tromlach atá leagtha síos in Airteagal 238(1) den Chonradh an tuairim uaidh. 2. Cinnfidh an Coimisiún na bearta atá le glacadh, ag cur conclúidí ó aon phlé a rinneadh sa choiste agus an tuairim a tugadh san áireamh go lánmhaith. Cuirfidh sé an coiste ar an eolas faoin gcaoi inar cuireadh an tuairim san áireamh. Airteagal 5 An nós imeachta scrúdúcháin 1. Tabharfaidh an coiste a thuairim uaidh trí thromlach cáilithe mar a fhoráiltear dó in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. 2. Má tá na dréachtbhearta i gcomhréir le tuairim an choiste, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin, ach amháin i gcás go dtiocfadh imthosca eisceachtúla nó eilimintí nua chun cinn a dhlisteanódh nach nglacfaí na bearta. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an cathaoirleach dréacht nua de na bearta atá le glacadh a chur faoi bhráid an choiste. 3. Mura bhfuil na dréachtbhearta i gcomhréir le tuairim an choiste, ní ghlacfaidh an Coimisiún na bearta sin. Féadfaidh an cathaoirleach na dréachtbhearta a chur faoi bhráid an choiste le hathbhreithniú breise a dhéanamh nó féadfaidh sé nó sí leagan leasaithe de na dréachtbhearta a chur faoina bhráid. 4. Mura dtugtar tuairim, féadfaidh an Coimisiún na dréachtbhearta a ghlacadh. I gcás nach nglacann an Coimisiún na dréachtbhearta, féadfaidh an cathaoirleach leagan leasaithe de na dréachtbhearta a chur faoi bhráid an choiste. 5. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Coimisiún dréachtbhearta nach bhfuil i gcomhréir le tuairim an choiste a ghlacadh i gcás ina gcuirfí isteach go mór ar na margaí nó ina gcuirfí slándáil nó sábháilteacht daoine nó leasanna airgeadais an Aontais i mbaol mura nglacfadh an coiste leo laistigh de sprioc-am ordaitheach. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an coiste ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna ar ar ghlac sé na bearta agus féadfaidh sé iad a chur faoi bhráid an choiste arís le hathbhreithniú a dhéanamh orthu an dara huair. Mura bhfuil na bearta a glacadh i gcomhréir leis an dara tuairim ón gcoiste, nó murar cuireadh na bearta faoina bhráid le hathbhreithniú a dhéanamh orthu an dara huair, laistigh de mhí tar éis a nglactha, déanfaidh an Coimisiún na bearta a aisghairm láithreach. Má tá na bearta i gcomhréir le dara tuairim an choiste, nó mura dtugtar tuairim, fanfaidh na bearta sin i bhfeidhm. Airteagal 6 Bearta atá infheidhme láithreach 1. De mhaolú ar Airteagal 4 agus Airteagal 5, is féidir foráil a dhéanamh i ngníomh bunúsach, ar mhórchúiseanna práinne, go mbeidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo. 2. Glacfaidh an Coimisiún bearta a mbeidh feidhm acu láithreach. 3. Cuirfidh an cathaoirleach na bearta dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid an choiste ábhartha gan mhoill d'fhonn a thuairim a fháil i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa ghníomh bunúsach. 4. Maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin, nuair nach bhfuil na bearta i gcomhréir le tuairim an choiste de bhun Airteagal 5(3), déanfaidh an Coimisiún na bearta a glacadh i gcomhréir le mír 2 a aisghairm. 5. De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh an Coimisiún na bearta a choimeád i bhfeidhm ar fhorais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó cosaint sláinte nó sábháilteachta daoine, ainmhithe nó plandaí nó le caomhnú acmhainní mara. Féadfaidh sé iad a choimeád, fosta, ar chúiseanna slándála agus sábháilteachta nó chun cur isteach ar na margaí nó baol go gcuirfí isteach ar na margaí a sheachaint. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an cathaoirleach na bearta céanna a chur faoi bhráid an choiste arís gan mhoill le hathbhreithniú a dhéanamh orthu an dara huair nó cuirfidh sé nó sí leagan leasaithe de na bearta faoina bhráid. Fanfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm go n-aisghairfear iad nó go gcuirfear gníomh cur chun feidhme eile ina n-ionad. Airteagal 7 Rialacha nós imeachta 1. Glacfaidh gach coiste, trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann é, a rialacha nós imeachta féin ar thogra óna chathaoirleach, ar bhonn rialacha nós imeachta caighdeánacha a fhoilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Sa mhéid gur gá é, cuirfidh coistí atá ann cheana a rialacha nós imeachta in oiriúint do na rialacha caighdeánacha. 2. Na prionsabail agus na coinníollacha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus le cosaint sonraí agus atá infheidhme maidir leis an gCoimisiún, beidh feidhm acu freisin maidir leis na coistí. Airteagal 8 Faisnéis maidir le himeachtaí na gcoistí 1. Coimeádfaidh an Coimisiún clár d'imeachtaí na gcoistí ina mbeidh na rudaí seo a leanas: (a) cláir oibre chruinnithe na gcoistí; (b) na taifid achoimrithe, mar aon leis na liostaí de na húdaráis agus de na heagraíochtaí lena mbaineann na daoine a ainmníonn na Ballstáit chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh; (c) na dréachtbhearta faoina n-iarrtar ar na coistí tuairim a thabhairt; (d) na torthaí vótála; (e) na dréachtbhearta deiridh tar éis do na coistí tuairim a thabhairt; (f) an fhaisnéis a bhaineann le glacadh deiridh na mbeart ag an gCoimisiún; agus (g) sonraí staidrimh ar oibriú na gcoistí. 2. Beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1. 3. Poibleofar sa chlár foinsí na ndoiciméad uile dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f) de mhír 1 chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1. Airteagal 9 Aisghairm Chinneadh 1999/468/CE Aisghairfear Cinneadh 1999/468/CE. Déanfar éifeachtaí Airteagal 5a den Chinneadh a aisghairtear a choimeád chun críocha na ngníomhartha bunúsacha atá ann cheana a dhéanann tagairt don Airteagal sin. Airteagal 10 Gníomhartha bunúsacha atá ann cheana a oiriúnú 1. I gcás ina ndéanfar foráil i ngníomhartha bunúsacha, a glacadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, d'fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas: (a) tuigfear gur tagairtí d'Airteagal 4 den Rialachán seo iad aon tagairtí d'Airteagal 3 de Chinneadh 1999/468/CE; (b) tuigfear gur tagairtí d'Airteagal 5 den Rialachán seo iad aon tagairtí d'Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Chinneadh 1999/468/CE; (c) tuigfear gur tagairtí d'Airteagal 6 den Rialachán seo iad aon tagairtí d'Airteagal 6 de Chinneadh 1999/468/CE; (d) tuigfear gur tagairtí d'Airteagal 8 den Rialachán seo iad aon tagairtí d'Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chinneadh 1999/468/CE. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 den Rialachán seo maidir le gach coiste atá ann cheana. Airteagal 11 Socrú idirthréimhseach Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug coiste tuairim cheana i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE. Airteagal 12 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2010. Beidh feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo ón 1 Nollaig 2010. Tá an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán [1] Faoin gCinneadh Coisteolaíochta, bhí ar an gCoimisiún na dréachtbhearta a ghlacadh nuair nach raibh an coiste in ann tuairim a thabhairt uaidh faoin nós imeachta bainistíochta agus nuair nach raibh an Chomhairle, ag gníomhú di mar bhord achomhairc, in ann cinneadh a ghlacadh faoin nós imeachta rialúcháin. [2] IO C , , lch.