Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0825

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú 'Eurodac' chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtach [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát] (Leagan athmhúnlaithe) {SEC(2008) 2981} {SEC(2008) 2982}

/* COIM/2008/0825 leagan deireanach - COD 2008/0242 */

52008PC0825




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 3.12.2008

COIM(2008) 825 leagan deireanach

2008/0242 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú 'Eurodac' chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtach [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát]

(Leagan athmhúnlaithe)

{SEC(2008) 2981}{SEC(2008) 2982}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

- Forais agus cuspóirí an togra

Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le Eurodac a bhunú (dá ngairfear 'Rialachán Eurodac' anseo feasta)[1] i bhfeidhm an 15 Nollaig 2000. Cruthaíodh Eurodac, córas teicneolaíochta faisnéise ar fud an Chomhphobail, chun cur chun feidhme Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a éascú[2], a raibh sé mar aidhm aige meicníocht shoiléir agus inoibrithe a bhunú lena gcinntear freagracht as iarratais ar thearmann arna dtaisceadh i gceann de Bhallstáit an AE. Tháinig ionstraim dlí de chuid an Chomhphobail in ionad an Choinbhinsiúin, Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit (i.e. Rialachán Bhaile Átha Cliath).[3] Chuir Eurodac tús le hoibríochtaí an 15 Eanáir 2003.

D'fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil ar an measúnú ar chóras Bhaile Átha Cliath[4] ('Tuarascáil Mheastóireachta' anseo feasta) mí an Mheithimh 2007, ag clúdach na chéad trí bliana d'oibriú Eurodac (2003-2005). Cé go n-admhaítear sa tuarascáil go gcuirtear an Rialachán i bhfeidhm go sásúil tríd is tríd, aithníodh saincheisteanna áirithe inti a bhain le héifeachtúlacht na bhforálacha reachtaíochta reatha agus fógraíodh inti na saincheisteanna a gcaithfear dul i ngleic leo d'fhonn an tacaíocht a fhaigheann Eurodac a fheabhsú chun cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath a éascú.

Mar a luadh sa Phlean Beartais maidir le Tearmann[5], is éard atá sa togra seo cuid de phacáiste tosaigh beartas a bhfuil sé mar aidhm aige leibhéal níos airde comhchuibhithe agus caighdeán níos airde cosanta a áirithiú a fhad a bhaineann le córas Eorpach tearmainn. Glactar é ag an uair chéanna a ghlactar athmhúnlú Rialachán Bhaile Átha Cliath[6] agus an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha[7]. In 2009 molfaidh an Coimisiún go leasófar an Treoir maidir le Cáiliú[8] agus an Treoir maidir le Nósanna Imeachta um Thearmann[9]. Ina theannta sin, le linn chéad ráithe 2009, molfaidh an Coimisiún go mbunófar Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a mbeidh sé mar aidhm aici cúnamh praiticiúil a thabhairt do na Ballstáit agus cinntí maidir le hiarratais ar thearmann á ndéanamh acu. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Oifig Tacaíochta seo cúnamh do na Ballstáit sin a bhfuil deacrachtaí ar leith acu sa chóras náisiúnta tearmainn i ngeall ar an áit ina bhfuil an tír suite, deacrachtaí a fhágann gur deacair dóibh ceanglais reachtaíocht an Chomhphobail a chomhlíonadh. Déanfar amhlaidh trí bhíthin saineolas agus tacaíocht phraiticiúil a thabhairt dóibh.

Luadh sa Tuarascáil Mheastóireachta go raibh roinnt Ballstát déanach go leanúnach ó thaobh méarloirg a tharchur . Ní thugann Rialachán Eurodac ach spriocdháta an-doiléir faoi láthair i dtaca le méarloirg a tharchur, rud a mbíonn moill shuntasach mar thoradh air i gcleachtas. Is ceist fíorthábhachtach í seo de bhrí go bhféadfadh torthaí a bheadh contrártha leis na prionsabail fhreagrachta atá leagtha síos i Rialachán Bhaile Átha Cliath a bheith mar thoradh ar mhoill ar tharchur.

Chuir an Tuarascáil Mheastóireachta faoi bhéim go bhfuil bainistíocht neamhéifeachtach á déanamh ar scriosadh sonraí mar gheall nach bhfuil aon saoráid éifeachtach ag Ballstáit chun ballstáit eile a chur ar an eolas faoi stádas an iarrthóra tearmainn. Is minic nach raibh a fhios ag na Ballstáit a chuir sonraí isteach maidir le duine ar leith gur scrios Ballstát tionscnaimh sonraí agus mar sin ní eol dóibh gur chóir dóibh féin a gcuid sonraí féin a bhaineann leis an duine céanna a scriosadh. Mar thoradh air sin, ní féidir a dhóthain monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an phrionsabail 'nár chóir aon sonraí a choimeád i bhfoirm a cheadaíonn daoine is ábhar do na sonraí a aithint níos faide ná mar atá riachtanach chun na críocha a bailíodh sonraí'.

De réir anailíse na Tuarascála Meastóireachta, cuireann sonraíocht dhoiléir ar údaráis náisiúnta a bhfuil rochtain acu ar Eurodac bac ar ról monatóireachta an Choimisiúin agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí Eorpacha.

Tugann staitisticí Eurodac le fios go ndéanann roinnt daoine ar deonaíodh tearmann orthu i mBallstát amháin iarratas d'ainneoin sin arís i mBallstát eile, nó i roinnt cásanna fiú amháin sa Bhallstát céanna. De réir Rialachán Eurodac atá i bhfeidhm áfach, níl an fhaisnéis seo ar fáil do Bhallstáit a thugann isteach sonraí faoi dhuine den sórt sin nuair a dhéanann siad iarratas an athuair. Mar thoradh air seo, is féidir le daoine a bhfuil tearmann acu i gceann de na Ballstáit iarratas a dhéanamh arís i mBallstát eile, rud atá in aghaidh an phrionsabail nach bhfuil ach Ballstát amháin freagrach.

Teastaíonn roinnt leasuithe teicniúla de bharr athruithe praiticiúla, an ghá atá le comhsheasmhacht leis an athrú atá tagtha ar an acquis tearmainn ón uair a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle, agus de bharr bhainistíocht oibríochta Eurodac a chur faoi struchtúr bainistíochta nua.

Scrúdaigh grinnmheasúnú iarmharta cúpla rogha i gcás gach ceann de na fadhbanna a d'aithin an Tuarascáil Mheastóireachta. Mar sin is éard atá i gceist leis an togra reatha ná Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle agus a Rialachán cur chun feidhme, Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle [10] ('Rialachán cur chun feidhme' anseo feasta) a athmhúnlú, d'fhonn inter alia éifeachtúlacht chur chun feidhme Rialachán Eurodac a fheabhsú, chun a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht leis an acquis tearmainn atá fabhraithe ó glacadh leis an Rialachán, chun roinnt forálacha a thabhairt suas chun dáta ag glacadh forbairtí fíorasacha ó glacadh leis an Rialachán san áireamh, chun creat nua bainistíochta a bhunú agus chun a áirithiú níos fearr go bhfuil urraim á tabhairt do shonraí pearsanta.

- Comhthéacs ginearálta

I gClár na Háige iarradh ar an gCoimisiún ionstraimí dara céime den chórais Eorpaigh tearmainn a chur isteach chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa d'fhonn iad a ghlacadh roimh dheireadh 2010.

Deimhníodh rún an Choimisiúin chun leasuithe a mholadh ar Rialachán Eurodac i gcreat dhara céim an chórais Eorpaigh tearmainn sa Phlean Beartais a d'fhoilsigh sé le déanaí maidir le Cúrsaí Tearmainn - cur chuige comhtháite maidir le cosaint ar fud an AE.[11]

D'fhonn leibhéal comhchuibhis a áirithiú sa dara céim de chur le chéile an chórais Eorpaigh tearmainn, tá athmhúnlú reatha Rialachán Eurodac agus a Rialachán feidhmiúcháin molta i gcomhthreo leis an togra chun Rialachán Bhaile Átha Cliath a leasú.

Sa chás nach dtógfar aon ghníomh ar leibhéal an AE chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhfuil cur síos déanta orthu thuas, leanfadh na fadhbanna aitheanta ar aghaidh, de bhrí nach leor foclaíocht reatha an Rialacháin chun caighdeán ard éifeachtúlachta a áirithiú mar thaca le cur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath. D'fhéadfadh Ballstáit cinneadh a dhéanamh léirmhínithe áirithe dá gcuid féin a leanúint a d'fhéadfadh cur isteach ar chur chun feidhme ceart agus uilíoch Rialachán Eurodac, agus mar thoradh air sin bheadh difríochtaí tromchúiseacha ann a chruthódh neamhchinnteacht dlíthiúil.

NA FORÁLACHA ATÁ ANN CHEANA I RÉIMSE AN TOGRA

Is éard atá i gCóras Bhaile Átha Cliath Rialachán Bhaile Átha Cliath [12] agus Rialachán Eurodac, agus an dá Rialachán feidhmiúcháin a ghabhann leo, i.e. Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 ina leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gCoimisiún, lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit, a chur i bhfeidhm [13] agus Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 ina leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 maidir le "Eurodac" a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach. [14]

COMHSHEASMHACHT LE BEARTAIS EILE

Tá an togra seo comhsheasmhach go hiomlán le Conclúidí Chomhairle Eorpach Tampere 1999, le clár na Háige 2004 agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an gceart chun tearmainn agus cosaint sonraí pearsanta.

Sonraíonn Rialachán SIS II[15] agus Rialachán VIS[16] an gá atá ann 'Údarás Bainistíochta' a bhunú chun críocha a gcuid córais ríomhaire ar mhórscála a oibriú. Sna comhráitis a ghabhann leis na Rialacháin seo, d'aontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa araon gur chóir gur Gníomhaireacht a bheadh san Údarás Bainistíochta[17]. Bhain an Measúnú Iarmharta a ullmhaíodh i bhfianaise bhunú na Gníomhaireachta de thátal go mbeadh táirgiúlacht níos fearr agus costais oibríochta níos ísle mar thoradh san fhadtréimhse ar chórais ríomhaire ar mhórscála a stóráil in aon suíomh amháin agus faoi aon bhainistíocht amháin agus arna rith ar an ardán céanna. Mar sin, measadh gur Gníomhaireacht Rialála nua an rogha ab'fhearr go deimhin chun tascanna an 'Údaráis Bhainistíochta' a chomhlíonadh do SIS II, do VIS agus freisin i gcás Eurodac.

COMHLÍONADH LEIS AN g CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA

Le linn an chleachtaidh athmhúnlaithe, tugadh aird chuí ar chearta bunúsacha. Breithníodh an ceart chun tearmainn agus cosaint sonraí pearsanta sa Mheasúnú Iarmharta atá ceangailte leis an togra.

Maidir leis an gceart chun tearmainn, cuireann leasuithe ar fhorálacha an Rialacháin maidir leis an bhfaisnéis ba chóir a thabhairt d'iarrthóirí tearmainn maidir le cur chun feidhme chóras Bhaile Átha Cliath ar a gcumas a gceart chun tearmainn a chleachtadh go héifeachtach.

Leis an bhfhoráil nua a éilíonn ar Bhallstáit a chur in iúl in Eurodac go gcuireann siad clásail lánroghnacha Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm, éascaítear cumarsáid i measc na mBallstát agus mar thoradh air sin ní bhíonn an t-iarrthóir tearmainn éiginnte, de bhrí go mbíonn sé soiléir cén Ballstát a bhíonn ag láimhseáil a chás.

Maidir le cosaint sonraí pearsanta, trí chead a thabhairt bainistíocht éifeachtúil a dhéanamh ar scriosadh sonraí, áirithíonn an togra nár chóir aon sonraí a choimeád i bhfoirm a cheadaíonn daoine is ábhar do na sonraí a aithint níos faide ná mar atá riachtanach chun na críocha a bailíodh sonraí. Tá an prionsabal céanna mar bhonn taca ag an leasú a dhéanann ailíniú ar an tréimhse stórála sonraí um náisiúnaigh tríú tír nó um dhaoine gan stát a dtógtar a gcuid méarlorg i ndáil le teorainn sheachtrach a thrasnú go mírialta leis an tréimhse go dtína leithdháileann Rialachán Bhaile Átha Cliath freagracht ar bhonn na faisnéise sin.

Mar sin, tá an togra seo comhsheasmhach go hiomlán le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an gceart chun tearmainn (Airteagal 18) agus cosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8), agus ní mór é a chur i bhfeidhm dá réir sin.

COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

D'fhoilsigh an Coimisiún an Páipéar Uaine ar thodhchaí an chórais Eorpaigh tearmainn[18] mí an Mheithimh 2007, a mhol roghanna maidir le gnéithe de Rialachán Bhaile Átha Cliath agus Rialachán Eurodac amach anseo. I gcreat an chomhairliúcháin fhairsing phoiblí ar an bPáipéar Uaine, fuarthas 89 aighneacht ó raon leathan páirtithe leasmhara.

Phléigh seirbhísí an Choimisiúin toradh na Tuarascála Meastóireachta agus imlíne na leasuithe a bhí pleanáilte ar an Rialachán leis na Ballstáit sa Choiste um Inimirce agus Thearmann i mí an Mhárta 2008 agus rinneadh an rud céanna in dhá shainchruinniú neamhfhoirmiúla le cleachtóirí na mBallstát, a bhí tiomanta do chonclúidí na Tuarascála Meastóireachta, i mí Dheireadh Fómhair 2007 agus i mí Aibreáin 2008.

Chuathas i gcomhairle go neamhfhoirmiúil freisin leis an UNHCR, leis an gComhairle Eorpach um Dhídeanaithe agus Dheoraithe, chomh maith leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí Eorpacha nuair a bhíothas ag ullmhú an leasaithe ar an Rialachán.

EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

D'fhonn éifeachúlacht chur chun feidhme Rialachán Eurodac a fheabhsú, leagfar síos spriocdhátaí níos soiléire maidir le sonraí a tharchur.

D'fhonn aghaidh níos fearr a thabhairt ar cheanglais cosanta sonraí , éascófar bainistíocht níos fearr ar scriosadh sonraí ón mbunachar sonraí láir trína áirithiú go gcuireann an Lárchóras Ballstáit ar an eolas faoin ngá atá le sonraí a scriosadh.

Sonraíonn an Rialachán Eurodac atá i bhfeidhm go nglacfaí cinneadh cúig bliana tar éis do Eurodac tús a chur le hoibríochtaí, cibé ar chóir na sonraí ar dhídeanaithe (stóráilte go dtí seo ach níl siad inchuardaithe) a stóráil agus a chuardach nó ar chóir iad a scriosadh roimh ré chomh luath is a aithnítear an duine is ábhar do na sonraí mar dhídeanaí. D'fhonn na Ballstáit a chur ar an eolas faoi stádas na n-iarratasóirí sin ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta orthu cheana féin i mBallstát, bainfear an bac de shonraí ar dhídeanaithe (i.e. beidh siad ar fáil do chuardaigh).

D'fhonn cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath a éascú, iarrfar ar na Ballstáit a chur in iúl in Eurodac go bhfuil na clásail lánroghnacha dá bhforáiltear leis an Rialachán sin á gcur i bhfeidhm acu , i.e. freagracht a ghlacadh as measúnú a dhéanamh ar éileamh an iarratasóra nach mbeidís freagrach as de ghnáth faoi chritéir Rialachán Bhaile Átha Cliath.

D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis an acquis tearmainn atá tagtha chun cinn ó glacadh leis an Rialachán, tá sé i gceist ag an gCoimisiún a raon feidhme a shíneadh chun cosaint choimhdeach a chlúdach agus téarmaíocht an Rialacháin a ailíniú léi sin atá sna hionstraimí tearmainn eile maidir leis an sainmhíniú atá ar eachtrannaigh ("náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát"). Áiritheofar comhsheasmhacht le Rialachán Bhaile Átha Cliath (chomh maith le himní faoi chosaint sonraí, go háirithe prionsabal na comhréire) tríd an tréimhse stórála do shonraí um náisiúnaigh tríú tír nó um dhaoine gan stát a dtógtar a gcuid méarlorg maidir le teorainn sheachtrach a thrasnú go mírialta a ailíniú leis an tréimhse go dtína leithdháileann Airteagal 14(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath freagracht ar bhonn na faisnéise sin (i.e. bliain amháin).

Tá sé tábhachtach freisin roinnt forálacha a thabhairt suas chun dáta a ghlacann forbairtí fíorasacha ó glacadh an Rialachán san áireamh. Dá bhrí sin, léirítear forbairtí fíorasacha amhail na forbairtí seo a leanas sa togra: an t-athrú atá ar an ionstraim dlí a n-éascaíonn Rialachán Eurodac a chur i bhfeidhm (Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath chuig Rialachán Bhaile Átha Cliath), tascanna an Chomhúdaráis Mhaoirseachta a bheith á dtógáil ar láimh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí Eorpacha a bunaíodh níos déanaí, agus cleachtas a foráladh dó ar dtús ach atá as feidhm anois, is é sin sonraí a tharchur chuig an Láraonad trí mhodhanna eile seachas tarchur digiteach (e.g. ar DVD nó ar pháipéar).

D'fhonn aghaidh a thabhairt ar imní faoi chosaint sonraí, éascaítear urramú níos fearr shonraí pearsanta trí leasú a dhéanamh ar an bhforáil maidir le h údaráis náisiúnta freagracha a ainmniú (is gá an t-aonad atá freagrach go beacht a shonrú chomh maith leis an gceangal atá idir a chuid oibre agus aidhm Eurodac). I spiorad na trédhearcachta, foilseofar liosta na n-údarás seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh , agus leis sin beidh aird ar an imní atá ar gheallshealbhóirí faoi chúrsaí cosanta sonraí.

Ar áireamh sa togra seo tá na céimeanna difriúla bainistíochta ar an mbunachar sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus sainmhínithe níos soiléire a dhéanamh orthu (An Coimisiún, Údarás Bainistíochta, An Lárchóras). Roinneann SIS II agus VIS ardán teicniúil eatarthu cheana féin agus samhlaítear go mbeidh an fheidhmiúlacht meaitseála bithmhéadrach (BMS), comónta do SIS II, VIS agus Eurodac amach anseo. Go dtí go mbunófar Údarás Bainistíochta a dhéanfaidh bainistíocht ar na trí chóras, is é an Coimisiún a leanfaidh de bheith freagrach as an Láraonad a oibriú agus as a áirithiú go mbeidh tarchur sonraí chuig/ó Eurodac slán.

Tráth ar glacadh Rialachán Eurodac, cinneadh go nglacfaí roinnt forálacha i Rialachán feidhmiúcháin, agus choimeád an Chomhairle an chumhacht ghlactha chuici féin chuige seo. Measann an Chomhairle go bhfuil na cineálacha forálacha sa dá ionstraim cosúil le chéile. Ina theannta sin, is ionainn an nós imeachta lena nglacadh (i.e. comhchinneadh). Mar sin, déantar foráil sa togra seo go ndéanfar aisghairm ar an Rialachán Feidhmiúcháin agus go gcuimseofar a ábhar i Rialachán Eurodac.

Tharla sé gur bheag tábhacht a bhí leis an t-aon fhoráil[19] ar foráladh nós imeachta coiste dó, mar sin níor iarr an Coimisiún cruinniú den choiste seo le linn breis is cúig bliana d'fheidhmiú an chórais. Dá bhrí sin moltar díothú a dhéanamh ar an gcoiste dá bhforáiltear leis an Rialachán.

BUNÚS DLÍ

Leis an togra seo leasaítear Rialachán Uimh. (CE) 2725/2000 ón gComhairle agus úsáidtear an bunús dlí céanna agus a úsáidtear san acht sin, eadhon Airteagail 63(1)(a) den Chonradh ag bunú an Comhphobail Eorpaigh.

Níl Teideal IV den Chonradh infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ná le hÉirinn, mura gcinneann an dá thír sin a mhalairt, i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach sa Phrótacal ar sheasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann a ghabhann leis na Conarthaí.

Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal ag Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle i ndiaidh an fhógra a thug siad go raibh siad ag iarraidh a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur chun feidhme an Rialacháin sin bunaithe ar an bPrótacal thuasluaite. Níl aon tionchar ag seasamh na mBallstát seo maidir leis an Rialachán reatha ar an rannpháirtíocht a d'fhéadfadh a bheith acu amach anseo maidir leis an Rialachán leasaithe.

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal ar sheasamh na Danmhairge a ghabhann leis na Conarthaí, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal ná faoi réir ag a chur chun feidhme. Mar sin féin, ag glacadh leis go gcuireann an Danmhairg Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, tar éis comhaontaithe idirnáisiúnta [20] a chuir sí i gcrích leis an CE in 2006, cuirfidh sí, i gcomhréir le hAirteagal 3 den chomhaontú sin, an Coimisiún ar an eolas faoina cinneadh cibé an gcuirfidh sí ábhar an Rialacháin leasaithe i bhfeidhm nó nach gcuirfidh.

IARMHAIRT AN TOGRA AR BHALLSTÁIT NACH bh FUIL SAN AE ACH A bh FUIL CEANGAL ACU LE CÓRAS BHAILE ÁTHA CLIATH

I gcomhthreo le comhlachú roinnt Ballstát nach bhfuil san AE le acquis Schengen, chuir an Comhphobal roinnt comhaontuithe i gcrích, nó tá sé ar tí sin a dhéanamh, comhaontuithe a dhéanann na tíortha seo a chomhlachú freisin le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac:

-an comhaontú a rinne an Íoslainn agus an Iorua a chomhlachú, a tugadh chun críche in 2001[21];

-an comhaontú a dhéanann an Eilvéis a chomhlachú, a tugadh chun críche an 28 Feabhra 2008[22];

-an prótacal lena gcomhlachaítear Lichtinstéin agus a síníodh an 28 Feabhra 2008[23].

D'fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg - atá ceangailte le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac trí chomhaontú idirnáisiúnta, mar a míníodh thuas - agus na tíortha comhlachaithe atá luaite thuas, tugadh dhá ionstraim eile chun críche idir an Comhphobal agus na tíortha comhlachaithe.[24]

I gcomhréir leis na trí chomhaontú thuasluaite, glacfaidh na tíortha ceangailte le acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac agus lena fhorbairt gan aon eisceacht. Níl siad páirteach i nglacadh aon achta ag leasú nó ag tógáil ar acquis Bhaile Átha Cliath (lena n-áirítear mar sin an togra seo) ach caithfidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh d'fhráma-ama a bheidh tugtha maidir lena gcinneadh cibé an nglacfaidh siad ábhar an achta sin nó nach nglacfaidh, a luaithe a fhaomhfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa é. Sa chás nach nglacfaidh an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis ná Lichtinstéin le hacht lena leasaítear nó lena bhforbraítear acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac, cuirtear an clásal "gilitín" i bhfeidhm agus déantar foirceannadh ar na comhaontuithe faoi seach, mura gcinneann an Comhchoiste/Coiste Measctha arna mbunú ag na comhaontuithe a mhalairt d'aontoil.

PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA

Mar gheall ar na fadhbanna trasnáisiúnta a bhaineann le tearmainn agus cosaint dídeanaithe, tá an AE i suíomh maith chun réitigh a mholadh i gcreat an chórais Eorpaigh tearmainn ar na saincheisteanna a bhfuil cur síos déanta orthu thuas mar fhadhbanna a bhaineann le Rialachán Eurodac. Cé gur baineadh leibhéal tábhachtach comhchuibhithe amach sa Rialachán a glacadh in 2000, tá spás ann i gcónaí chun an tacaíocht a thugann Eurodac do chur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath a fhorbairt tuilleadh. Dealraíonn sé go bhfuil gá soiléir ann gníomh AE a ghlacadh maidir le bainistíocht a dhéanamh ar bhunachar sonraí AE a cruthaíodh chun cuidiú le cur chun feidhme Rialacháin a dhéileálann le gluaiseachtaí trasnáisiúnta iarrthóirí tearmainn.

PRIONSABAL NA COMHRÉIREACHTA

Rinne an measúnú iarmharta ar leasú Rialachán Eurodac measúnú ar gach fo-rogha a bhain leis na fadhbanna a aithníodh ionas go dtabharfadh sé léiriú ar chomhréir idéalach idir luach praiticiúil agus na hiarrachtaí riachtanacha agus thángthas ar an tuairim ann nach ionann gníomh ar leibhéal an AE a roghnú agus dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir leis na fadhbanna sin a réiteach.

2008/0242 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtach [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát]

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 63 pointe (1)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[25],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[26],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Táthar chun roinnt athruithe substaintiúla a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le "Eurodac" a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach[27] agus Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 ina leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 a chur i bhfeidhm maidir le "Eurodac" a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach[28]. Ar mhaithe le soiléireacht, ba chóir na Rialacháin sin a athmhúnlú.

(2) Tá comhbhearta tearmainn, lena n-áirítear chóras Eorpach tearmainn, ina chuid de chuspóir an Aontais Eorpaigh chun réimse saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile a bheadh ar oscailt dóibh sin, nach bhfuil aon rogha eile acu, a fhéachann le cosaint a fháil go dlisteanach sa Chomhphobal.

(3) Tá bainte amach anois an chéad chéim i dtreo córais Eorpaigh tearmainn, agus san fhadtéarma, ba chóir go mbeadh mar thoradh air sin nós imeachta comhcoiteann agus stádas aonfhoirmeach a bheadh bailí ar fud an Chomhphobail dóibh siúd a ndeonfar tearmann orthu. Ghlac an Chomhairle Eorpach a bhí ann an 4 Samhain 2004 Clár na Háige ina bhfuil leagtha síos na cuspóirí atá le cur chun feidhme i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais le linn na tréimhse 2005-2010. Ina leith seo, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach i gClár na Háige an mheastóireacht ar ionstraimí dlí na chéad chéime agus ionstraimí dlí agus beartais an dara céim a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa féachaint iad a ghlacadh roimh 2010.

(4) Chun críocha cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát][29], tá sé riachtanach céannacht a shuíomh i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus daoine a gabhadh maidir le teorainneacha seachtracha den Chomhphobal a thrasnú go neamhdhleathach. Tá sé inmhianaithe freisin, d'fhonn Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinnear an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát] ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d'Airteagal 18(1) de, cead a thabhairt do gach Ballstát seiceáil cibé an ndearna náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a fuarthas i láthair go neamhdhleathach ar a chuid críocha iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile nó nach ndearna.

(5) Cuimsíonn méarloirg gné thábhachtach lena ndéantar céannacht bheacht daoine den sórt sin a shuíomh. Is gá córas a bhunú chun a gcuid sonraí méarloirg a chur i gcomparáid le chéile.

(6) Chuige sin, ní mór córas a bhunú ar a dtabharfar Eurodac, ina mbeidh Lárchóras, a fheidhmeoidh bunachar sonraí láir de shonraí méarloirg ar ríomhaire, chomh maith le bealach tarchurtha leictreonaigh idir na Ballstáit agus an Lárchóras.

(7) D'fhonn cóir chomhionann a áirithiú dóibh siúd ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad agus ar tairbhithe de chuid na cosanta sin iad, agus d'fhonn comhsheasmhacht le acquis reatha an AE maidir le tearmann a áirithiú, go háirithe comhsheasmhacht le Treoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu maidir le hinneachar na cosanta a thugtar agus le Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát], is iomchuí raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú d'fhonn iarratasóirí ar chosaint choimhdeach agus daoine atá faoi chosaint choimhdeach a fholú.

(8) Is gá freisin a cheangal ar na Ballstáit go dtógfaidh siad agus go dtarchuirfidh go pras sonraí méarloirg gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta agus gach náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ghabhtar agus iad ag trasnú theorainn sheachtrach de chuid Ballstáit go mírialta, má tá siad ar a laghad14 bliana d'aois.

(9) Is gá rialacha beachta a leagan síos a bhaineann le tarchur sonraí méarloirg den sórt sin chuig an Lárchóras, sonraí méarloirg den sórt sin agus sonraí ábhartha eile sa Lárchóras a thaifeadadh, a gcuid stórála, an chomparáid a dhéantar idir iad agus sonraí méarloirg eile, torthaí comparáide den sórt sin a tharchur agus bac a chur leis na sonraí taifeadta agus iad a scriosadh. D'fhéadfadh rialacha den sórt sin a bheith difriúil sa chás go bhfuil catagóirí difriúla náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát i gceist, agus ba chóir sa chás sin iad a chur in oiriúint go sonrach dóibh.

(10) D'fhéadfadh sé go mbeadh an rogha ag náisiúnaigh tríú tír nó ag daoine gan stát a d'iarr cosaint idirnáisiúnta i mBallstát amháin cosaint idirnáisiúnta a iarraidh i mBallstát eile ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin. Mar sin, ba chóir go mbeadh achar fada i gceist leis an uastréimhse inar chóir don Lárchóras sonraí méarloirg a choinneáil. Ag glacadh leis go mbeidh stádas lonnaithe nó fiú amháin saoránacht Ballstáit bainte amach ag formhór na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a d'fhan sa Chomhphobal ar feadh cúpla bliain i ndiaidh na tréimhse sin, ba chóir go ndéanfaí tréimhse deich mbliana a mheas mar thréimhse réasúnta chun sonraí méarloirg a chaomhnú.

(11) Ba chóir go mbeadh an tréimhse caomhnaithe níos giorra i gcásanna speisialta áirithe áit nach bhfuil aon ghá sonraí méarloirg a choinneáil chomh fada sin. Ba chóir sonraí méarloirg a scriosadh chomh luath is a bhaineann náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát saoránacht Ballstáit amach.

(12) Is iomchuí go stórálfar na sonraí a bhaineann leis na daoine sin ar taifeadadh a méarloirg ar dtús in Eurodac nuair a thaisc siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta in Eurodac agus dár deonaíodh cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, d'fhonn na sonraí sin a chur i gcomparáid leis na sonraí a taifeadtar nuair a thaisctear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(13) Ba chóir go mbeadh an Coimisiún fós freagrach ar feadh idirthréimhse as bainistíocht an Lárchórais agus as an mBonneagar Cumarsáide. San fhadtéarma, agus ag eascairt as measúnú iarmharta ina ndearnadh anailís shubstainteach ar na roghanna atá ann ó thaobh airgeadais, oibríochta agus eagair, ba cheart Údarás Bainistíochta a bhunú a bheidh freagrach as na tascanna sin.

(14) Is gá freagracht faoi seach an Choimisiúin agus an Údaráis Bhainistíochta a leagan síos go soiléir, maidir leis an Lárchóras agus leis an mBonneagar Cumarsáide, chomh maith le freagrachtaí na mBallstát, maidir le húsáid sonraí, slándáil sonraí, rochtain ar shonraí taifeadta, agus sonraí taifeadta a cheartú.

(15) Cé go mbeidh smacht ag forálacha ábhartha an Chonartha ar dhliteanas neamhchonarthach an Choimisiúin i dtaca le feidhmiú chóras Eurodac, is gá rialacha sonracha a leagan síos do dhliteanas neamhchonarthach na mBallstát i dtaca le feidhmiú an chórais.

(16) I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh, ní féidir le Ballstáit cuspóir na mbeart atá beartaithe a bhaint amach, eadhon córas a chruthú chun comparáid a dhéanamh idir sonraí méarloirg chun cuidiú le cur chun feidhme bheartas tearmainn an Chomhphobail, mar gheall ar nádúr na mbeart sin agus mar sin is fearr a bhainfidh an Comhphobal na cuspóirí sin amach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(17) Beidh feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[30] ó thaobh sonraí pearsanta arna bpróiseáil agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

(18) A fhad a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba chóir go soiléireofaí nó go bhforlíonfaí na prionsabail sin atá leagtha amach i dTreoir 95/46/CE maidir le cosaint ceart agus saoirse daoine aonair, go mór mór an ceart chun príobháideachais, go háirithe i gcás earnálacha áirithe.

(19) Ba chóir go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[31]. Ba cheart pointí áirithe a shoiléiriú, áfach, maidir leis an bhfreagracht as próiseáil na sonraí agus maoirseacht ar chosaint sonraí.

(20) Is iomchuí go ndéanfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta monatóireacht ar dhlíthiúlacht phróiseáil na mBallstát ar shonraí pearsanta, agus ba chóir go ndéanfadh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna cheapadh de bhua Chinneadh 2004/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2003 ina cheaptar an comhlacht maoirseachta neamhspleách dá bhforáiltear in Airteagal 286 de Chonradh an AE[32], monatóireacht ar ghníomhaíochtaí institiúidí agus chomhlachtaí an Chomhphobail maidir le próiseáil sonraí pearsanta i bhfianaise tascanna teoranta institiúidí agus chomhlachtaí an Chomhphobail i dtaca leis na sonraí iad féin.

(21) Is iomchuí monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht Eurodac ar bhonn rialta.

(22) Ba chóir go ndéanfadh na Ballstáit foráil do chóras pionóis a chuirfí i bhfeidhm i gcás na sonraí atá ar taifead sa chóras lárnach a bheith úsáidte ar bhealach atá i gcoinne chuspóir Eurodac.

(23) Ní mór do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoin stádas atá ag nósanna imeachta tearmainn áirithe, d'fhonn cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát] a éascú go leordhóthanach.

(24) Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus ní mór é a chur i bhfeidhm dá réir. Cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe. Féachtar sa Rialachán seo go háirithe le háirithiú go n-urramófar go hiomlán cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun tearmainn agus le cur i bhfeidhm Airteagal 8 agus Airteagal 18 den Chairt a chur chun cinn.

(27) Is iomchuí raon feidhme críche an Rialacháin seo a theorranú ionas go luífidh sé le raon feidhme críche Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir Eurodac

1. Bunaítear leis seo córas ar a dtabharfar Eurodac a mbeidh sé mar chuspóir aige a bheith ina chúnamh nuair a chinnfear an Ballstát atá freagrach, de bhun Rialachán, Uimh. […/…] [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát] as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag tríú tír nó ag duine gan stát, agus, chomh maith leis sin, cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath a éascú faoi na coinníollacha arna leagan amach sa Rialachán seo.

2. Gan dochar d'úsáid sonraí atá beartaithe do Eurodac ag an mBallstát tionscnaimh i mbunú bunachar sonraí faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin, ní fhéadfar sonraí méarloirg agus sonraí pearsanta eile a phróiseáil in Eurodac ach amháin chun na críocha atá leagtha amach in Airteagal 32(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn "Rialachán Bhaile Átha Cliath" Rialachán Uimh. […/…] [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát];

(b) ciallaíonn "iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta" náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus nach bhfuil cinneadh deiridh glactha ina leith go fóill;

(c) ciallaíonn "Ballstát tionscnaimh":

(i) maidir le duine arna chlúdach ag Airteagal 6, an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig an Lárchóras agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

(ii) maidir le duine arna chlúdach ag Airteagal 10, an Ballstát a tharchuireann na sonraí pearsanta chuig an Lárchóras;

(iii) maidir le duine arna chlúdach ag Airteagal 13, an Ballstát a tharchuireann sonraí den sórt sin chuig an Lárchóras agus a fhaigheann torthaí na comparáide;

(d) ciallaíonn "duine ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta air" náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá aitheanta mar dhuine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth air arna sainmhíniú in Airteagal 2(a) de Threoir 2004/83/CE ón gComhairle;

(e) ciallóidh "amas" meaitseáil nó meaitseálacha a fhaigheann an Lárchóras trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí méarloirg arna dtaifeadadh sa bhunachar sonraí agus iad sin arna dtarchur ag Ballstát maidir le duine, gan dochar don cheanglas go seiceálfaidh Ballstáit láithreach torthaí na comparáide de bhua Airteagal 17(4).

2. Beidh an chiall chéanna ag na téarmaí arna sainmhíniú in Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE sa Rialachán seo.

3. Mura luaitear a mhalairt, beidh an chiall chéanna ag na téarmaí arna sainmhíniú in Airteagal 2 de Rialachán Bhaile Átha Cliath sa Rialachán seo.

Airteagal 3

Struchtúr an chórais agus bunprhionsabail

1. Cuimseoidh Eurodac:

(a) bunachar sonraí méarloirg láir ar ríomhaire (Lárchóras) ina mbeidh

- Láraonad,

- Córas Leanúnachais Gnó.

(b) bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus Ballstáit a sholáthraíonn líonra fíorúil criptithe tiomnaithe do shonraí Eurodac (Bonneagar Cumarsáide).

2. Beidh córas sonraí náisiúnta ainmnithe aonair ag gach Ballstát (Pointe Rochtana Náisiúnta) a dhéanann cumarsáid leis an Lár chóras.

3. Déanfar sonraí ar dhaoine arna gclúdach ag Airteagal 6, 10 agus 13 a phróiseáiltear sa Lárchóras a phróiseáil thar ceann an Bhallstáit tionscnaimh faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo agus a scaradh trí mhodhanna teicniúla cuí.

4. Beidh feidhm leis na rialacha a rialaíonn Eurodac freisin i gcás oibríochtaí a dhéanann Ballstáit ó tharchuirtear sonraí chuig an Lárchóras go dtí go mbaintear úsáid as torthaí na comparáide.

5. Déanfar an nós imeachta maidir le méarloirg a thógáil a chinneadh agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le cleachtas náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus i gcomhréir leis na coimircí atá leagtha síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Airteagal 4

Bainistíocht oibríochtúil ón Údarás Bainistíochta

1. Tar éis idirthréimhse, beidh Údarás Bainistíochta, arna mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, freagrach as bainistíocht oibríochtúil Eurodac. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta, i gcomhar leis na Ballstáit, go n-úsáidfear an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil i gcónaí, faoi réir anailíse costais agus tairbhe, i gcomhair an Lárchórais.

2. Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach freisin as na tascanna a leanas a bhaineann leis an mBonneagar Teachtaireachta:

(a) maoirseacht;

(b) slándáil;

(c) comhordú na gcaidreamh idir na Ballstáit agus an soláthraí.

3. Beidh an Coimisiún freagrach as gach tasc eile a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide, go háirithe:

(a) tascanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(b) fáil agus athnuachan;

(c) cúrsaí conarthacha.

4. Ar feadh idirthréimhse sula rachaidh an tÚdarás Bainistíochta i mbun a dhualgas, is é an Coimisiún a bheidh freagrach as bainistíocht oibríochtúil Eurodac.

5. Is éard a bheidh i mbainistíocht oibríochtúil Eurodac ná na tascanna go léir a bheidh riachtanach chun Eurodac a choinneáil ag feidhmiú 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla a bheidh riachtanach chun a áirithiú go mbeidh an córas ag feidhmiú ar leibhéal sásúil cáilíochta oibríochtúla, go háirithe maidir leis an méid ama a bheidh de dhíth chun an Lárchóras a cheistiú.

6. Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile chun feidhme maidir lena chomhaltaí foirne ar fad ar gá dóibh oibriú le sonraí Eurodac. Beidh feidhm ag an oibleagáid seo chomh maith tar éis do na comhaltaí foirne sin an oifig nó an fhostaíocht a fhágáil nó tar éis foirceannadh a ngníomhaíochtaí.

7. Is é an tÚdarás Bainistíochta dá dtagraítear sa Rialachán seo an tÚdarás Bainistíochta inniúil do SIS II agus VIS.

Airteagal 5

Staitisticí

Dréachtóidh an tÚdarás Bainistíochta staitisticí maidir le hobair an Lárchórais gach mí, ag tabhairt le fios go háirithe :

(a) líon na dtacar sonraí a tharchuirtear um iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus um na daoine dá dtagraítear in Airteagail 10(1) agus 13(1);

(b) líon na n-aimsithe d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile;

(c) líon na n-aimsithe do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh sin;

(d) líon na n-aimsithe do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile roimhe seo;

(e) líon na sonraí méarloirg arbh éigean don Lárchóras a iarraidh arís ón mBallstát tionscnaimh toisc nárbh fhéidir na sonraí méarloirg a tarchuireadh ar dtús a úsáid i gcomhair comparáide ag úsáid an chórais aitheantais méarloirg ar ríomhaire;

(f) líon na dtacar sonraí a marcáladh i gcomhréir le hAirteagal 14(1);

(g) líon na n-aimsithe do dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

Ag deireadh gach bliana, bunófar sonraí staitistiúla i bhfoirm tiomsaithe de na staitisticí míosúla don bhliain sin, lena n-áirítear tásc ar líon na ndaoine a bhfuil aimsithe taifeadta dóibh faoi (b), (c) agus (d).

Beidh miondealú ar shonraí gach Ballstáit sna staitisticí.

CAIBIDIL II

IARRATASÓIRÍ AR CHOSAINT IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 6

Méarloirg a bhailiú, a tharchur agus a chur i gcomparáid

1. Go luath tar éis d'iarratas, mar atá arna shainmhíniú in Airteagal 20(2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath, a bheith taiscthe tógfaidh gach Ballstát méarloirg ó gach uile mhéar an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta atá 14 bliana d'aois ar a laghad tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig i ndiaidh don iarratas sin a bheith taiscthe, agus tarchuirfidh sé iad, mar aon leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 7, chuig an Lárchóras.

2. De mhaolú ar mhír 1, nuair a thagann iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i dtír sa Bhallstát freagrach i ndiaidh aistrithe de bhua Rialachán Bhaile Átha Cliath, ní tharchuirfidh an Ballstát freagrach ach teachtaireacht ag tabhairt le fios go raibh an t-aistriú rathúil ó thaobh na sonraí ábhartha a taisceadadh sa Lárchóras de bhun Airteagal 6, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumarsáid leictreonach leis an Lárchóras arna mbunú ag an Údarás Bainistíochta. Stórálfar an fhaisnéis seo i gcomhréir le hAirteagal 8 chun críche tarchuir faoi Airteagal 6(5).

3. Déanfar comparáid go huathoibríoch idir sonraí méarloirg laistigh de bhrí phointe (a) d'Airteagal 7, arna dtarchur ag aon Bhallstát, agus sonraí méarloirg arna dtarchur ag Ballstáit eile agus atá stóráilte cheana féin sa Lárchóras.

4. Áiritheoidh an Lárchóras, ar iarratas Ballstáit, go gclúdóidh an chomparáid dá dtagraítear i mír 3 na sonraí méarloirg a tharchuir an Ballstát sin roimhe seo, mar aon leis na sonraí ó Bhallstáit eile.

5. Tarchuirfidh an Lárchóras an t-amas nó toradh diúltach na comparáide chuig an mBallstát tionscnaimh go huathoibríoch. I gcás amas a bheith ann, tarchuirfidh sé i gcás gach tacar sonraí a chomhfhreagraíonn don amas, na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7 (a) go (f), mar aon leis an marc dá dtagraítear in Airteagal 14(1) nuair is iomchuí sin.

Airteagal 7

Sonraí a thaifeadadh

Ní dhéanfar ach na sonraí a leanas a thaifeadadh sa Lárchóras :

(a) sonraí méarloirg;

(b) an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta;

(c) gnéas;

(d) uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

(e) an dáta ar ar tógadh na méarloirg;

(f) an dáta ar ar tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras;

(g) ID úsáideora an oibreora.

Airteagal 8

Stóráil sonraí

Stórálfar gach tacar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7 sa Lárchóras go ceann deich mbliana ón dáta ar ar tógadh na méarloirg.

A luaithe is a rachaidh an tréimhse seo in éag, scriosfaidh an Lárchóras na sonraí ón Lárchóras go huathoibríoch.

Airteagal 9

Luathscriosadh sonraí

1. Scriosfar sonraí a bhaineann le duine a bhain saoránacht amach ó aon Bhallstát ón Lárchóras sula dtéann an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 8 in éag, i gcomhréir le hAirteagal 20(3), chomh luath is a fhaigheann an Ballstát tionscnaimh amach go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine.

2. Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas go bhfuil sonraí scriosta ag Ballstát tionscnaimh eile tar éis amas a dhéanamh ar shonraí a tharchuir sé a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 6 nó Airteagal 10.

CAIBIDIL III

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR NÓ DAOINE GAN STÁT A GHABHTAR MAIDIR LE TEORAINN SHEACHTRACH A THRASNÚ GO MÍRIALTA

Airteagal 10

Sonraí méarloirg a bhailiú agus a tharchur

1. Tógfaidh gach Ballstát, i gcomhréir leis na cosaintí atá leagtha síos i gCoinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh méarloirg go pras ó mhéara gach náisiúnach tríú tír nó gach duine gan stát atá 14 bliana d'aois ar a laghad a ghabhann na húdaráis rialaithe inniúla maidir le trasnú mírialta a dhéanamh ar thalamh, ar muir nó san aer ar theorainn an Bhallstáit sin, ar duine é/í atá tagtha as tríú tír agus nach seoltar ar ais.

2. Tarchuirfidh an Ballstát lena mbaineann tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig ó dháta na gabhála na sonraí a leanas chuig an Lárchóras maidir le haon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát, mar a dtagraítear dóibh i mír 1, agus nach seoltar ar ais:

(a) sonraí méarloirg;

(b) an Ballstát tionscnaimh, ionad agus dáta an ghabhála;

(c) gnéas;

(d) uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát tionscnaimh;

(e) an dáta ar ar tógadh na méarloirg;

(f) an dáta ar ar tarchuireadh na sonraí chuig an Lárchóras;

(g) ID úsáideora an oibreora.

Airteagal 11

Sonraí a thaifeadadh

1. Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a thaifeadadh sa Lárchóras.

Gan dochar d'Airteagal 5, déanfar sonraí arna dtarchur chuig an Lárchóras de bhua Airteagal 10(2) a thaifeadadh chun críocha comparáid a dhéanamh idir iad agus sonraí um iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta arna dtarchur ina dhiaidh sin chuig an Lárchóras agus chun na críocha sin amháin.

Ní chuirfidh an Lárchóras sonraí arna dtarchur chuige de bhua Airteagal 10(2) i gcomparáid le haon sonraí eile a arna dtaifeadadh roimhe sin sa Lárchóras, ná le sonraí arna dtarchur ina dhiaidh sin chuig an Lárchóras de bhua Airteagal 10(2).

2. Maidir le sonraí iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta arna dtarchur chuig an Lárchóras ina dhiaidh sin a chur i gcomparáid leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) agus (5).

Airteagal 12

Sonraí a stóráil

1. Stórálfar gach tacar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó le duine gan stát dá dtagraítear de in Airteagal 10(1) sa Lárchóras ar feadh aon bhliain amháin ón dáta ar ar tógadh na méarloirg ón náisiúnach tríú tír nó ón duine gan stát. A luaithe is a rachaidh an tréimhse seo in éag, scriosfaidh an Lárchóras na sonraí go huathoibríoch sa Lárchóras.

2. Scriosfar sonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó le duine gan stát dá dtagraítear in Airteagal 10(1) ón Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 21(3) láithreach bonn, má fhaigheann an Ballstát tionscnaimh eolas faoi cheachtar de na cúinsí a leanas sula dtéann an tréimhse bliana a luadh i mír 1 in éag:

(a) eisíodh cead cónaithe ar an náisiúnach tríú tír nó ar an duine gan stát;

(b) d'fhág an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát críocha na mBallstát;

(c) fuair an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát saoránacht aon Bhallstáit.

3. Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas go bhfuil na sonraí scriosta ar an gcúis atá sonraithe i mír 2(a) agus (b) ag Ballstát tionscnaimh eile i ndiaidh dó amas a dhéanamh ar shonraí a tharchuir sé a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 10.

4. Cuirfidh an Lárchóras gach Ballstát tionscnaimh ar an eolas go bhfuil na sonraí scriosta ar an gcúis atá sonraithe i mír 2(c) ag Ballstát tionscnaimh eile i ndiaidh dó amas a dhéanamh ar shonraí a tharchuir sé a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 10.

CAIBIDIL IV

NÁISIÚNAIGH TRÍÚ TÍR NÓ DAOINE GAN STÁT A FHAIGHTEAR I LÁTHAIR GO NEAMHDHLEATHACH I mBALLSTÁT

Airteagal 13

Sonraí méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile

1. D'fhonn seiceáil cibé an ndearna náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a fhaightear i láthair go neamhdhleathach laistigh dá chríocha iarratas ar chosaint idirnáisiúnta chuig Ballstát eile a thaisceadh roimhe sin, féadfaidh gach Ballstát aon sonraí méarloirg a tharchur chuig an Lárchóras a bhaineann le méarloirg a d'fhéadfadh gur thóg sé d'aon náisiúnach tríú tír den sórt sin nó d'aon duine gan stát atá 14 bliana d'aois ar a laghad mar aon leis an uimhir thagartha arna húsáid ag an mBallstát sin.

De ghnáth, bíonn forais ann le seiceáil a dhéanamh cibé ar thaisc an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a) gur dhearbhaigh an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát gur thaisc sé/sí iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ach nár thug sé/sí le fios cén Ballstát ina ndearna sé/sí an t-iarratas;

(b) nár iarr an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát cosaint idirnáisiúnta ach go gcuireann sé/sí i gcoinne é/í a sheoladh ar ais chuig a thír thionscnaimh trí éileamh a dhéanamh go mbeadh sé/sí i gcontúirt, nó

(c) go bhféachann an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát seachas sin le cosc a chur ar a sheoladh ar ais trí dhiúltú comhoibriú lena chéannacht a shuíomh, go háirithe trí pháipéir chéannachta bhréagacha a thaispeáint, nó gan aon chinn a thaispeáint.

2. Sa chás go mbíonn Ballstáit páirteach sa nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, tarchuirfidh siad chuig an Lárchóras na sonraí méarloirg a bhaineann leis na méara ar fad nó na corrmhéara ar a laghad, agus, má tá siad sin ar iarraidh, priontaí de gach méar eile, um náisiúnaigh tríú tír nó dhaoine gan stát dá dtagraítear i mír 1.

3. Tarchuirfear sonraí méarloirg náisiúnach tríú tír nó duine gan stát dá dtagraítear i mír 1 chuig an Lárchóras chun críocha comparáid a dhéanamh idir iad agus sonraí méarloirg um iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a tharchuir Ballstáit eile agus atá taifeadta cheana féin sa Lárchóras agus chun na críocha sin amháin.

Ní dhéanfar taifeadadh ar shonraí méarloirg náisiúnach tríú tír nó duine gan stát den sórt sin sa Lárchóras, agus ní chuirfear iad i gcomparáid leis na sonraí arna dtarchur chuig an Lárchóras de bhua Airteagal 10 (2).

4. Maidir le sonraí méarloirg arna dtarchur faoin Airteagal seo a chur i gcomparáid le sonraí méarloirg iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta arna dtarchur ag Ballstáit eile atá stóráilte sa Lárchóras cheana féin, beidh feidhm leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) agus (5).

CAIBIDIL V

DAOINE ARNA nDEONAÍTEAR COSAINT IDIRNÁISIÚNTA DÓIBH

Airteagal 14

Marcáil sonraí

1. Déanfaidh an Ballstát tionscnaimh a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta ar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta ar taifeadadh a chuid sonraí sa Lárchóras de bhua Airteagal 6 roimhe seo na sonraí ábhartha a mharcáil ag comhlíonadh na gceanglas le haghaidh cumarsáide leictreonaí leis an Lárchóras arna bhunú ag an Údarás Bainistíochta. Stórálfar an marc seo sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 8 chun críocha tarchurtha faoi Airteagal 6(5).

2. Bainfidh an Ballstát tionscnaimh an marc de shonraí a bhaineann le náisiúnach tríú tír nó le duine gan stát ar marcáladh a chuid sonraí roimhe seo i gcomhréir le mír 1 má dhéantar aisghairm ar a stádas nó má chuirtear deireadh leis nó má dhiúltaítear a stádas a athnuachan faoi Airteagal 14 nó 19 de Threoir 2004/83/CE ón gComhairle.

CAIBIDIL VI

ÚSÁID SONRAÍ, COSAINT SONRAÍ, AGUS DLITEANAS

Airteagal 15

Freagracht as úsáid sonraí

1. Beidh an Ballstát tionscnaimh freagrach as a áirithiú:

(a) go dtógfar méarloirg go dleathach;

(b) go dtarchuirfear sonraí méarloirg agus na sonraí eile dá dtagraítear in Airteagal 7, Airteagal 10(2) agus Airteagal 13(2) go dleathach chuig an Lárchóras;

(c) go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a tharchuirfear chuig an Lárchóras iad;

(d) gan dochar d'fhreagrachtaí an Choimisiúin, go ndéantar taifead, stóráil, ceartú agus scriosadh dleathach ar na sonraí sa Lárchóras;

(e) go n-úsáidfear go dleathach torthaí na gcomparáidí ar shonraí méarloirg arna dtarchur ag an Lárchóras.

2. I gcomhréir le hAirteagal 19, áiritheoidh an Ballstát tionscnaimh go mbeidh na sonraí dá dtagraítear i mír 1 slán sula ndéantar tarchur orthu chuig an Lárchóras agus le linn a dtarchurtha, chomh maith le slándáil na sonraí a fhaigheann sé ón Lárchóras a áirithiú.

3. Beidh an Ballstát tionscnaimh freagrach as na sonraí a aithint sa deireadh de bhua Airteagal 17 (4).

4. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfeidhmítear an Lárchóras i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, iad seo a leanas:

(a) glacfaidh sé le bearta chun a áirithiú nach mbaineann daoine a oibríonn leis an Lárchóras úsáid as na sonraí arna dtaifeadadh ann ach amháin i gcomhréir le haidhm Eurodac mar atá leagtha síos in Airteagal 1(1);

(b) tógfaidh sé na bearta is gá chun slándáil an Lárchórais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 19;

(c) áiritheoidh sé nach mbeidh rochtain ar an Lárchóras ach amháin ag daoine atá údaraithe oibriú leis, gan dochar d'inniúlachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na bearta a ghlacfaidh sé de bhua na chéad fomhíre.

Airteagal 16

Tarchur

1. Déanfar próiseáil agus tarchur digiteach ar mhéarloirg san fhormáid sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1. A mhéid agus is gá d'oibriú éifeachtach an Lárchórais, leagfaidh an tÚdarás Bainistíochta síos na ceanglais theicniúla i gcomhair tharchur an fhormáid sonraí ó Bhallstáit chuig an Lárchóras agus vice versa. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbeidh an córas aitheantais méarloirg ar an ríomhaire in ann na sonraí méarloirg arna dtarchur ag na Ballstáit a chur i gcomparáid.

2. Ba chóir do na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7, Airteagal 10(2) agus Airteagal 13(2) a tharchur go leictreonach. Déanfar taifeadadh go huathoibríoch sa Lárchóras ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 10(2). A mhéid is gá d'oibriú éifeachtach an Lárchórais, leagfaidh an tÚdarás Bainistíochta síos na ceanglais theicniúla chun a áirithiú gur féidir sonraí a tharchur go leictreonach i gceart óna Ballstáit go dtí an Lárchóras agus vice versa.

3. Leis an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 7(d) agus Airteagal 10(2)(d) beifear in ann sonraí a chur trasna go soiléir chuig duine amháin faoi leith agus chuig an mBallstát atá ag tarchur na sonraí. Ina theannta sin, beifear in ann a aithint cibé an mbaineann sonraí den sórt sin le duine dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 10 nó Airteagal 13.

4. Tosóidh an uimhir thagartha leis an litir nó leis na litreacha aitheantais lena n-aithnítear, i gcomhréir leis an norm dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, an Ballstát atá ag tarchur na sonraí. Beidh aitheantas catagóire duine ag leanúint na litreach nó na litreacha aitheantais. Déanann "1" tagairt do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 6, "2" do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 10 agus "3" do shonraí a bhaineann le daoine dá dtagraítear in Airteagal 13.

5. Leagfaidh an tÚdarás Bainistíochta síos na nósanna imeachta teicniúla is gá chun go n-áiritheoidh Ballstáit go bhfaighidh siad sonraí soiléire ón Lárchóras.

6. Deimhneoidh an Lárchóras go mbeidh na sonraí tarchurtha faighte aige chomh luath agus is féidir. Chuige sin leagfaidh an tÚdarás Bainistíochta síos na ceanglais theicniúla is gá chun a áirithiú go bhfaigheann Ballstáit an admháil deimhnithe má iarrtar sin.

Airteagal 17

Comparáidí a dhéanamh agus torthaí a tharchur

1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tarchur na sonraí méarloirg ar chaighdeán iomchuí chun críocha comparáide tríd an gcóras aitheantais méarloirg ar an ríomhaire. A mhéid is gá chun a áirithiú go mbaineann torthaí na comparáide a dhéanfaidh an Lárchóras leibhéal ard cruinnis amach, sonróidh an tÚdarás Bainistíochta caighdeán iomchuí na sonraí méarloirg tarchurtha. Seiceálfaidh an Lárchóras caighdeán na sonraí méarloirg arna dtarchur. Mura féidir comparáid a dhéanamh ar na sonraí méarloirg ag baint úsáide as an gcóras aitheantais méarloirg ar an ríomhaire, iarrfaidh an Lárchóras, ar an mBallstát sonraí méarloirg den chaighdeán iomchuí a tharchur.

2. Déanfaidh an Lárchóras comparáidí san ord ina dtiocfaidh iarratais isteach. Ní mór déileáil le gach iarratas laistigh de 24 uair an chloig. I gcás sonraí arna dtarchur go leictreonach, féadfaidh Ballstát, ar chúiseanna a bhaineann le dlí náisiúnta na tíre, iarraidh go ndéanfaí comparáidí atá go háirithe práinneach laistigh d'uair an chloig. I gcás nach féidir na hamanna sin a urramú mar gheall ar dhálaí nach bhfuil aon smacht ag an Údarás Bainistíochta orthu, próiseálfaidh an Lárchóras an t-iarratas ar bhonn tosaíochta nuair nach bhfuil dálaí den sórt sin ann níos mó. I gcásanna den sórt sin, agus a mhéid is gá d'oibriú éifeachtach an Lárchórais, leagfaidh an tÚdarás Bainistíochta síos critéir lena áirithiú go láimhseálfar iarratais ar bhonn tosaíochta.

3. A mhéid is gá d'oibriú éifeachtach an Lárchórais, leagfaidh an tÚdarás Bainistíochta síos na nósanna imeachta oibríochtúla chun na sonraí a fhaightear a phróiseáil agus chun toradh na comparáide a tharchur.

4. Seiceálfar torthaí na comparáide láithreach sa Bhallstát tionscnaimh. Déanfaidh an Ballstát tionscnaimh an aithint dheireanach i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, de bhun Airteagal 32 de Rialachán Bhaile Átha Cliath.

Scriosfar nó díothófar faisnéis a gheofar ón Lárchóras a bhaineann le sonraí eile a mheastar a bheith neamhiontaofa chomh luath agus a fhaightear amach go bhfuil na sonraí neamhiontaofa.

5. I gcás go dtugann aithint dheireanach i gcomhréir le mír 4 le fios go bhfuil toradh na comparáide a fhaightear ón Lárchóras míchruinn, cuirfidh Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún agus don Údarás Bainistíochta.

6. An Ballstát sin a ghabhann freagracht chuige i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Bhaile Átha Cliath, cuirfidh sé teachtaireacht ina dtabharfar é seo le fios i ndáil leis na sonraí ábhartha atá ar taifead sa Lárchóras de bhun Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumarsáid leictreonach leis an Lárchóras arna mbunú ag an Údarás Bainistíochta. Stórálfar an fhaisnéis seo i gcomhréir le hAirteagal 8 chun críche tarchuir faoi Airteagal 6(5).

Airteagal 18

Cumarsáid idir Ballstáit agus an Lárchóras

Bainfidh sonraí arna dtarchur ó na Ballstáit chuig an Lárchóras agus vice versa úsáid as an mBonneagar Cumarsáide arna sholáthar ag an Údarás Bainistíochta. A mhéid is gá d'oibriú éifeachtach an Lárchórais, leagfaidh an tÚdarás Bainistíochta síos na nósanna imeachta teicniúla is gá chun úsáid a bhaint as an mBonneagar Cumarsáide.

Airteagal 19

Slándáil sonraí

1. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach slándáil na sonraí sula dtarchuirfear chuig an Lárchóras iad agus le linn a dtarchurtha. Áiritheoidh gach Ballstát slándáil na sonraí a gheobhaidh sé ón Lárchóras.

2. Glacfaidh gach Ballstát, i ndáil lena chóras náisiúnta, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála, chun:

(a) sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh le bonneagar criticiúil a chosaint;

(b) rochtain ar shuiteálacha náisiúnta ina gcuireann an Ballstát oibríochtaí i gcrích i gcomhréir le haidhm Eurodac a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe (seiceálacha ar an mbealach isteach chuig an tsuiteáil);

(c) cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar thógáil neamhúdaraithe meán sonraí (rialú meán sonraí);

(d) iontráil neamhúdaraithe sonraí agus iniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte a chosc (rialú stórála);

(e) próiseáil neamhúdaraithe sonraí in Eurodac agus aon sonraí arna bpróiseáil in Eurodac a mhodhnú nó a scriosadh a chosc (rialú iontrála sonraí);

(f) a áirithiú nach bhfuil rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar Eurodac ach ar na sonraí a chumhdaíonn a n-údarú rochtana, trí mheán aitheantas úsáideora aonair eisiach agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(g) a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a mbeidh ceart rochtana ar Eurodac acu próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe chun na sonraí a rochtain, a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta, a scriosadh agus a chuardach, agus go gcuirfidh na húdaráis na próifílí seo ar fáil do na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24 gan mhoill arna iarraidh sin dóibh (próifílí pearsanra);

(h) a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a fháil amach cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialú cumarsáide);

(i) a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a fháil amach cad iad na sonraí a próiseáladh in Eurodac, cathain a rinneadh agus cé a rinne an phróiseáil agus cén cuspóir a bhí leis (rialú taifeadta sonraí);

(j) cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn tarchur sonraí pearsanta chuig Eurodac nó ó Eurodac nó le linn iompar meán sonraí, go háirithe trí theicnící criptithe cuí (rialú iompair);

(k) monatóireacht a dhéanamh ar éifeacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin is gá a ghlacadh maidir le monatóireacht inmheánach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú (féin-iniúchóireacht).

3. Glacfaidh an tÚdarás Bainistíochta na bearta is gá chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach maidir le hoibriú Eurodac, lena n-áirítear plean slándála a ghlacadh.

Airteagal 20

Rochtain ar shonraí arna dtaifeadadh in Eurodac, iad a cheartú nó a scriosadh

1. Beidh rochtain ag an mBallstát tionscnaimh ar shonraí a tharchuir sé agus atá taifeadta sa Lárchóras i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

Ní fhéadfaidh aon Bhallstát cuardaigh a dhéanamh sna sonraí arna dtarchur ag Ballstát eile, ná ní fhéadfaidh sé sonraí den sórt sin a fháil cé is moite de shonraí a fhaightear de thoradh na comparáide dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

2. Is ionann údaráis na mBallstát a mbeidh rochtain acu, de bhua mír 1, ar shonraí arna dtaifeadadh sa Lárchóras agus iad sin arna n-ainmniú ag gach Ballstát chun críocha Airteagal 1(1). Sonróidh an t-ainmniúchán seo an t-aonad beacht atá freagrach as na tascanna a chomhlíonadh a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na húdaráis sin agus aon leasuithe orthu in iúl don Choimisiún agus don Údarás Bainistíochta gan mhoill. Is é an tÚdarás Bainistíochta a fhoilseoidh an liosta comhdhlúite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . I gcás leasuithe a bheith déanta air sin, foilseoidh an tÚdarás Bainistíochta liosta comhdhlúite atá athruithe chun dáta uair sa bhliain.

3. Ní bheidh sé de cheart ach ag an mBallstát tionscnaimh na sonraí a tharchuireann sé chuig an Lárchóras a leasú trí shonraí den sórt sin a cheartú nó ábhar breise a chur leo, nó iad a scriosadh, gan dochar don scriosadh arna dhéanamh de bhua Airteagal 8 nó Airteagal 12(1).

4. Má tá fianaise ag Ballstát nó ag an Údarás Bainistíochta ag tabhairt le fios go bhfuil na sonraí arna dtaifeadadh sa Lárchóras míchruinn ar bhonn fíorasach, cuirfidh sé é sin in iúl don Bhallstát tionscnaimh chomh luath agus is féidir.

Má tá fianaise ag Ballstát a léiríonn gur taifeadadh sonraí sa Lárchóras ar shlí atá contrátha don Rialachán seo, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát tionscnaimh a luaithe is féidir. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí lena mbaineann a sheiceáil agus, más gá, iad a leasú nó a scriosadh gan mhoill.

5. Ní aistreoidh an tÚdarás Bainistíochta aon sonraí arna dtaifeadadh sa Lárchóras chuig údaráis tríú tír, ná ní chuirfidh siad aon sonraí dá leithéid ar fáil dóibh, mura dtugtar údarás sonrach dó é sin a dhéanamh i gcreat chomhaontaithe Comhphobail maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú.

Airteagal 21

Taifid a choimeád

1. Coimeádfaidh an tÚdarás Bainistíochta taifid de na hoibríochtaí próiseála sonraí go léir laistigh den Lárchóras. Taispeánfaidh na sonraí seo aidhm na rochtana, an dáta agus an t-am, na sonraí a tarchuireadh, na sonraí a úsáidtear i gcomhair ceistithe agus ainm an aonaid a chuireann isteach nó an aonaid a dhéanann aisghabháil ar na sonraí agus ainmneacha na ndaoine freagracha.

2. Ní fhéadfar na taifid sin a úsáid ach amháin le haghaidh monatóireachta cosanta sonraí ar inghlacthacht phróiseáil na sonraí agus chun slándáil sonraí a áirithiú de bhua Airteagal 19. Caithfear na taifid a chosaint trí bhearta cuí in éadan rochtana neamhúdaraithe agus scriosfar iad tar éis tréimhse bliana tar éis don tréimhse coinneála dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 12(1) a dhul in éag, mura mbeidh siad de dhíth i gcomhair nósanna imeachta monatóireachta a bheidh tosaithe roimhe sin.

3. Tógfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun na cuspóirí atá leagtha amach i mír 1 agus 2 maidir lena chóras náisiúnta a bhaint amach. Chomh maith leis sin coimeádfaidh gach Ballstát taifid den fhoireann chuí-údaraithe chun sonraí a chur isteach nó sonraí a aisghabháil.

Airteagal 22

Dliteanas

1. Aon duine, nó aon Bhallstát, ar bhain damáiste dó de thoradh oibriúcháin próiseála neamhdhleathaigh nó aon ghnímh nach bhfuil ag luí leis na forálacha atá leagtha síos sa Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát atá freagrach as an damáiste a bhain dó. Déanfar an Stát sin a dhíolmhú óna dhliteanas, go hiomlán nó go páirteach, má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

2. Má bhíonn aon mhainneachtain de chuid Ballstáit a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh ina chúis damáiste don Lárchóras, beidh an Ballstát sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura i ndán agus a mhéid gur mhainnigh an tÚdarás Bainistíochta nó Ballstát eile bearta réasúnta a ghlacadh chun cosc a chur ar an damáiste tarlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3. Beidh éilimh ar chúiteamh in éadan Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi rialú ag forálacha dhlí náisiúnta an Bhallstáit atá mar chosantóir.

Airteagal 23

Cearta an duine is ábhar do na sonraí

1. Cuirfidh an Ballstát tionscnaimh duine atá folaithe leis an Rialachán seo ar an eolas faoin méid seo thíos i scríbhinn, agus más iomchuí, ó bhéal, i dteanga is féidir a bheith ag súil leis le réasún go dtuigfidh sé:

(a) céannacht an rialaitheora agus a ionadaí, más ann;

(b) an aidhm lena bpróiseálfar a chuid sonraí laistigh de Eurodac lena n-áirítear cur síos ar aidhmeanna Rialachán Bhaile Átha Cliath, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin;

(c) faighteoirí na sonraí;

(d) maidir le duine arna chlúdach ag Airteagal 6 nó ag Airteagal 10, an oibleagáid a chuid méarlorg a thógáil;

(e) go bhfuil ceart rochtana acu ar shonraí a bhaineann leo, agus go bhfuil sé de cheart acu a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leo, nó go scriosfaí aon sonraí a bhaineann leo a próiseáladh go neamhdhleathach, lena n-áirítear an ceart faisnéis a fháil faoi na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú agus faoi shonraí teagmhála na nÚdarás Maoirseachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), a éistfidh éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Maidir le duine arna chlúdach ag Airteagal 6 nó ag Airteagal 10, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fomhír nuair a thógfar a chuid méarlorg.

Maidir le duine arna chlúdach ag Airteagal 13, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fomhír tráth nach déanaí ná an t-am a dtarchuirtear na sonraí a bhaineann leis an duine chuig an Lárchóras. Ní bheidh feidhm leis an oibleagáid sin i gcás go bhfuil soláthar faisnéise den sórt sin dodhéanta nó go mbeadh iarracht dhíréireach i gceist leis.

I gcás gur mionaoiseach é an t-iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis ar bhealach a oirfidh dá aois.

2. Féadfaidh aon duine is ábhar do na sonraí, i ngach Bhallstát, i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Stáit sin, na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 95/46/CE a fheidhmiú.

Gan dochar don oibleagáid faisnéis eile a chur ar fáil i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12 de Threoir 95/46/CE, beidh sé de cheart ag an duine is ábhar do na sonraí go gcuirfí scéal chuige faoi na sonraí a bhaineann leis arna dtaifeadadh sa Lárchóras mar aon le scéal faoin mBallstát a tharchuir na sonraí sin chuig an Lárchóras. Is Ballstát amháin a fhéadfaidh rochtain den sórt sin a thabhairt ar shonraí.

3. I ngach Ballstát, féadfaidh aon duine a iarraidh go gceartófaí na sonraí sin atá míchruinn ar bhonn fíorasach nó go scriosfaí aon sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach. Déanfaidh an Ballstát a tharchuir na sonraí an ceartúchán agus an scriosadh gan mhoill iomarcach, i gcomhréir lena dhlíthe, lena rialacháin agus lena nósanna imeachta.

4. Má fheidhmítear na cearta ceartúcháin agus scriosta i mBallstát, lasmuigh den Bhallstát sin, nó dóibh sin, a tharchuir na sonraí, rachaidh údaráis an Bhallstáit sin i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit nó na mBallstát, atá i gceist ionas go bhféadfaidh an Ballstát sin cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht a dtarchurtha agus a gcuid taifeadta sa Lárchóras a sheiceáil.

5. Má thagann sé chun solais go bhfuil na sonraí a taifeadadh sa Lárchóras míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, ceartóidh nó scriosfaidh an Ballstát a tharchuir iad i gcomhréir le hAirteagal 20(3). Deimhneoidh an Ballstát sin i scríbhinn gan mhoill iomarcach don duine is ábhar do na sonraí go bhfuil gníomh déanta aige chun na sonraí a bhaineann leis a cheartú nó a scriosadh.

6. Mura n-aontóidh an Ballstát a tharchuir na sonraí go bhfuil na sonraí atá taifeadta sa Lárchóras míchruinn go fíorasach nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, míneoidh sé gan mhoill iomarcach i scríbhinn don duine is ábhar do na sonraí cén fáth nach bhfuil sé toilteanach na sonraí a cheartú nó a scriosadh.

Cuirfidh an Ballstát sin faisnéis ar fáil don duine is ábhar do na sonraí chomh maith ag míniú na gcéimeanna is féidir leis a thógáil mura nglacann sé nó sí leis an míniú a chuirtear ar fáil. Áireofar leis an bhfaisnéis sin an chaoi le caingean a thabhairt, más cuí, nó gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó cúirteanna an Bhallstáit sin, agus aon chúnamh airgeadais nó aon chúnamh eile a bheidh ar fáil i gcomhréir le dlíthe, le rialacháin agus le nósanna imeachta an Bhallstáit sin.

7. Beidh na sonraí ar fad is gá chun an duine is ábhar do na sonraí a aithint, lena n-áirítear méarloirg, le fáil in aon iarratas faoi mhír 2 agus mhír 3. Úsáidfear sonraí den sórt sin go heisiach chun feidhmiú na gcearta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a cheadú agus díothófar iad láithreach ina dhiaidh sin.

8. Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach chun na cearta atá leagtha síos i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 a chur i bhfeidhm go pras.

9. Aon uair a iarrann duine sonraí a mbaineann leis i gcomhréir le mír 1, coimeádfaidh an t-údarás inniúil taifead i bhfoirm doiciméid scríofa go ndearnadh a leithéid d'iarratas, agus cuirfidh sé an doiciméad seo ar fáil do na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25 gan mhoill, ach iad é a iarraidh.

10. I ngach Ballstát, cabhróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta leis an duine is ábhar do na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir 95/46/CE maidir lena chearta a fheidhmiú.

11. Tabharfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a tharchuir na sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an duine is ábhar do na sonraí i láthair cúnamh dó, agus, arna iarraidh, cuirfidh sé comhairle air maidir leis an gceart atá aige sonraí a cheartú nó a scriosadh. Comhoibreoidh an dá údarás maoirseachta náisiúnta chuige sin. Is féidir iarratais ar chúnamh den sórt sin a chur chuig údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an duine is ábhar do na sonraí i láthair, a tharchuirfidh na hiarratais chuig údarás an Bhallstáit a tharchuir na sonraí.

12. I ngach Ballstát, beidh sé de cheart ag aon duine, i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Stáit sin, caingean a thabhairt nó, más cuí, gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó cúirteanna an Stáit sin má dhiúltaítear an ceart rochtana dá bhforáiltear i mír 2 dó.

13. Beidh sé de cheart ag aon duine, i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit a tharchuir na sonraí, caingean a thabhairt nó, más cuí, gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó cúirteanna an Stáit sin maidir leis na sonraí a bhaineann leis/ arna dtaifeadadh sa Lárchóras, d'fhonn a chuid cearta a fheidhmiú faoi mhír 3. Beidh oibleagáid na n-údarás maoirseachta náisiúnta cúnamh a thabhairt agus, arna iarraidh sin orthu, comhairle a chur ar an duine is ábhar do na sonraí, i gcomhréir le mír 11, ar marthain ar feadh na n-imeachtaí go léir.

Airteagal 24

Maoirsiú arna dhéanamh ag an Údarás Maoirseachta Náisiúnta

1. Beidh foráil ag gach Ballstát go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta nó na húdaráis arna n-ainmniú de bhua Airteagal 28(1) de Threoir 95/46/CE monatóireacht go neamhspleách, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta faoi seach, le dlíthiúlacht na próiseála, i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí pearsanta de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear a dtarchur chuig an Lárchóras.

2. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain ag a údarás maoirseachta náisiúnta ar chomhairle ó dhaoine a bhfuil dóthain eolais acu ar shonraí méarloirg.

Airteagal 25

Maoirsiú arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1. Seiceálfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéantar gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta an Údaráis Bhainistíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag na dualgais agus ag na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus in Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 dá réir.

2. Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfar iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta an Údaráis Bainistíochta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha uair gach ceithre bliana, ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Údarás Bainistíochta, chuig an gCoimisiún agus chuig na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta. Tabharfar deis don Údarás Bainistíochta barúlacha a nochtadh sula nglactar an tuarascáil.

Airteagal 26

Comhoibriú idir na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1. Comhoibreoidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú taobh istigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, go gníomhach i gcreat a bhfreagrachtaí agus déanfaidh siad maoirseacht chomhordaithe Eurodac a áirithiú.

2. Agus iad araon ag feidhmiú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, malartóidh siad faisnéis ábhartha, cabhróidh siad le chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdóidh siad deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó feidhmiú an Rialacháin seo, déanfaidh siad staidéar ar fhadhbanna le feidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó le feidhmiú cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, dréachtóidh siad tograí comhchuibhithe i gcomhair comhréiteach ar fhadhbanna ar bith agus cuirfidh siad feasacht faoi chearta cosanta sonraí chun cinn, de réir mar is gá.

3. Chuige sin buailfidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile faoi dhó sa bhliain, ar a laghad. Is ar chuntas an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh costais agus seirbhísiú na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhar, de réir mar is gá. Seolfar comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Údarás Bainistíochta, chuig an gCoimisiún agus chuig na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta gach dara bliain.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27

Costais

1. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais a thabhófar maidir leis an Lárchóras agus leis an mBonneagar Cumarsáide a bhunú agus a oibriú.

2. Is ar gach Ballstát a thitfidh na costais a thabhóidh aonaid náisiúnta chomh maith leis na costais a bhainfidh lena nascadh leis an Lárchóras.

Airteagal 28

Tuarascáil bhliantúil:, monatóireacht agus meastóireacht

1. Seolfaidh an tÚdarás Bainistíochta tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gníomhaíochtaí an Lárchórais. Beidh faisnéis sa tuarascáil bhliantúil maidir le bainistíocht agus feidhmíocht Eurodac i gcoinne táscairí cainníochtúla réamhshainithe na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 2.

2. Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go mbeidh nósanna imeachta ann chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Lárchórais de réir a chuspóirí, maidir le haschur, costéifeacht agus caighdeán seirbhíse.

3. Chun críocha na cothabhála teicniúla, tuairiscithe agus staitisticí, beidh rochtain ag an Údarás Bainistíochta ar an bhfaisnéis is gá maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanfar sa Lárchóras.

4. Gach ré bliain, cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an Lárchórais, lena n-áirítear a shlándáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid an Choimisiúin.

5. Trí bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm arna fhoráil in Airteagal 33(2) agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar Eurodac le chéile, ina ndéanfar scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí a bhí ann, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnachta, ar fheidhmíocht an Rialacháin seo maidir leis an Lárchóras, ar shlándáil an Lárchórais, agus ar aon impleachtaí d’oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

6. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Údarás Bainistíochta agus don Choimisiún chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 a dhréachtú.

7. Soláthróidh an tÚdarás Bainistíochta don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí foriomlána dá dtagraítear i mír 5 a tháirgeadh.

Airteagal 29

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá d'fhonn a áirithiú gur inphionósaithe gach úsáid a bhainfear as sonraí arna gcur isteach sa Lárchóras atá i gcoinne chuspóir Eurodac mar atá leagtha síos in Airteagal 1(1), lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 30

Raon feidhme críochach

Ní bheidh feidhm le forálacha an Rialacháin seo i gcás aon chríoch nach bhfuil feidhm le Rialachán Bhaile Átha Cliath inti.

Airteagal 31

Foráil idirthréimhseach

Bainfear an bac de shonraí a gcuirfear bac leo sa Lárchóras i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle agus marcálfar iad i gcomhréir le hAirteagal 14(1) den Rialachán seo ar an dáta dá bhforáiltear in Airteagal 33(2).

Airteagal 32

Aisghairm

Déantar aisghairm ar Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le bunú 'Eurodac' chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus ar Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 ina leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 a chur i bhfeidhm maidir le bunú 'Eurodac' ar mhaithe le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach le héifeacht ón dáta dá bhforáiltear in Airteagal 33(2).

Léifear tagairtí do na Rialacháin aisghairthe i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

2. Beidh feidhm leis an Rialachán seo ón dáta a bhfoilseoidh an Coimisiún é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh , tráth a gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a) cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla is gá déanta aige chun na sonraí a tharchur chuig an Lárchóras i gcomhréir leis an Rialachán seo agus

(b) tá na socruithe teicniúla is gá déanta ag an gCoimisiún a ligfidh don Lárchóras tús a chur le hoibríochtaí i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3. Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas chomh luath agus atá na socruithe dá dtagraítear i mír 2(a) déanta, agus in aon chor tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a dtagann an Rialachán seo i bhfeidhm.

4. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán […] […]

Iarscríbhinn I

Formáid sonraí chun sonraí méarloirg a mhalartú

Forordaítear an fhormáid seo a leanas chun sonraí méarloirg a mhalartú:

ANSI/NIST-ITL 1a-1997, Leagan 3, Meitheamh 2001 (INT-1) agus aon fhorbairtí ar an gcaighdeán seo amach anseo.

An norm do litreacha aitheantais na mBallstát

Beidh feidhm leis an norm ISO a leanas: ISO 3166 - cód 2 litreach.

IARSCRÍBHINN II Rialacháin arna nAisghairm (dá dtagraítear in Airteagal 32)

Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle | (IO L 316, 15.12.2000, lch. 1.) (IO L 062, 05.03.2002, lch. 1.) |

IARSCRÍBHINN III Tábla comhghaoil

Rialachán 2725/2000 | An Rialachán seo |

Airteagal 1(1) | Airteagal 1(1) |

Airteagal 1(2) an chéad fhomhír | Airteagal 3(1) |

Airteagal 1(2), an dara fomhír | Airteagal 3(4) |

Airteagal 1(3) | Airteagal 1(2) |

Airteagal 3(1) | Airteagal 3(3) |

Airteagal 2 | Airteagal 2 |

Airteagal 3(2) | Airteagal 3(3) |

Airteagal 3(3) | Airteagal 5 |

Airteagal 3(4) | - |

Airteagal 4(1) | Airteagal 6(1) |

Airteagal 4(2) | scriosta |

Airteagal 4(3) | Airteagal 6(3) |

Airteagal 4(4) | Airteagal 6(4) |

Airteagal 4(5) | Airteagal 6(5) |

Airteagal 4(6) | Airteagal 17(4) |

Airteagal 5 | Airteagal 7 |

Airteagal 6 | Airteagal 8 |

Airteagal 7 | Airteagal 9 |

Airteagal 8 | Airteagal 10 |

Airteagal 9 | Airteagal 11 |

Airteagal 10 | Airteagal 12 |

Airteagal 11(1)-(4) | Airteagal 13(1)-(4) |

Airteagal 11(5) | - |

Airteagal 12 | Airteagal 14 |

Airteagal 13 | Airteagal 15 |

Airteagal 14 | Airteagal 19 |

Airteagal 15 | Airteagal 20 |

Airteagal 16 | Airteagal 21 |

Airteagal 17 | Airteagal 22 |

Airteagal 18 | Airteagal 23 |

Airteagal 19 | Airteagal 24 |

Airteagal 20 | Airteagal 25 |

Airteagal 21 | Airteagal 27 |

Airteagal 22 | - |

Airteagal 24 | Airteagal 27 |

Airteagal 23 | - |

Airteagal 24 | Airteagal 28 |

Airteagal 25 | Airteagal 29 |

Airteagal 26 | Airteagal 30 |

Airteagal 27 | Airteagal 33 |

- | Iarscríbhinn II |

Rialachán 407/2002/CE | An Rialachán seo |

Airteagal 2 | Airteagal 16 |

Airteagal 3 | Airteagal 17 |

Airteagal 4 | Airteagal 18 |

Airteagal 5(1) | Airteagal 3(2) |

Iarscríbhinn I | Iarscríbhinn I |

Iarscríbhinn II | - |

IARSCRÍBHINN IV RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. [.../...][33]

2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

Réimse Beartais: Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (teideal 18)

Gníomhaíochtaí:

Sreafaí imirce — Comhbheartais um inimirce agus thearmann (caibidil 18.03)

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1 Línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte gaolmhara a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A) agus a gceannteidil san áireamh:

Creat airgeadais 2007-2013: Teideal 3A

Líne buiséid: 18.03.11 - Eurodac

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

Samhlaítear go ndéanfar an Rialachán a ghlacadh ag deireadh na bliana 2010.

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa pheirspictíocht airgeadais |

18.03.11. | Neamh-éigeantach | Difreáilte[34] | NÍL | NÍL | NÍL | 3A |

4. ACHOIMRE AR NA HACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | Bliain 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | n+4 | n + 5 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibriúcháin[35] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 0.000 | 0.115 | 0.000 | 0.000 | 0.115 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 0.000 | 0.115 | 0.000 | 0.000 | 0.115 |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[36] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | 0.000 | 0.000 | 0.000 | 0.000 | 0.000 |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 0.000 | 0.115 | 0.000 | 0.000 | 0.115 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 0.000 | 0.115 | 0.000 | 0.000 | 0.115 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[37] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0.000 | 0.061 | 0.000 | 0.000 | 0.061 |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0.000 | 0.002 | 0.000 | 0.000 | 0.002 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 0.000 | 0.178 | 0.000 | 0.000 | 0.178 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 0.000 | 0.178 | 0.000 | 0.000 | 0.178 |

Sonraí cómhaoinithe

Níltear ag súil go dtarlóidh aon chómhaoiniú.

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n + 5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

x Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh a chur chun feidhme.[38] (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

X Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is é seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh ghníomh [Bliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 0 | 0.5 | 0 | 0 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

D'fhonn Ballstáit a chur ar an eolas faoi stádas na n-iarratasóirí sin ar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta orthu cheana féin i mBallstát, ba cheart an bac a bhaint de shonraí maidir le dídeanaithe (i.e. ba cheart go mbeifí in ann cuardach a dhéanamh iontu).

D'fhonn cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath a éascú, iarrfar ar na Ballstáit a chur in iúl in Eurodac go bhfuil na clásail lánroghnacha dá bhforáiltear leis an Rialachán sin á gcur i bhfeidhm acu , i.e. freagracht a ghlacadh as measúnú a dhéanamh ar éileamh an iarratasóra nach mbeidís freagrach as de ghnáth faoi chritéir Rialachán Bhaile Átha Cliath.

D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis an acquis tearmainn , tá sé i gceist raon feidhme an Rialacháin a shíneadh chun cosaint choimhdeach a chlúdach.

D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis an acquis tearmainn, tá sé i gceist an tréimhse stórála do shonraí um náisiúnaigh tríú tír nó um dhaoine gan stát a dtógtar a gcuid méarlorg maidir le teorainn sheachtrach a thrasnú go mírialta a ailíniú leis an tréimhse go dtína leithdháileann Airteagal 14(1) de Rialachán Bhaile Átha Cliath freagracht ar bhonn na faisnéise sin (i.e. bliain amháin).

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhsheasmhacht an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Soláthróidh an togra seo réiteach ar na saincheisteanna ar tarraingíodh aird orthu le haghaidh feabhsúcháin le linn cúig bliana oibríochta bhunachar sonraí an Chomhphobail atá ann cheana.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreat le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Is iad príomhchuspóirí an togra feabhas a chur ar éifeachtúlacht Eurodac agus aghaidh níos fearr a thabhairt ar imní faoi chosaint sonraí.

Is iad na táscairí a bheadh i gceist ná na staitisticí maidir le hoibriú Eurodac, e.g. iad sin maidir le hamais a chuaigh amú agus le hamais mhíchearta, moill ó thaobh tarchurtha, etc.

5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

( Bainistiú láraithe

( go díreach ag an gCoimisiún

( go hindíreach trí tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí Feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in airt. 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta na hearnála poiblí/comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse phoiblí acu

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( le Ballstáit

( le Tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

D'fhéadfaí bainistíocht oibríochtúil Eurodac a aistriú chuig Gníomhaireacht a bheadh freagrach as SIS II, VIS agus as córais TF eile sa limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais amach anseo. Maidir le bunú na Gníomhaireachta seo, cuirfidh an Coimisiún togra ar leithligh isteach, a dhéanfaidh measúnú ar na costais ábhartha.

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Déanfar monatóireacht ar éifeachtúlacht na n-athruithe a thugtar isteach leis an togra reatha i gcreat na dtuarascálacha bliantúla um ghníomhaíochtaí Láraonad Eurodac.

Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí monatóireacht ar shaincheisteanna cosanta sonraí.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Luacháil ex-ante

Tá an mheastóireacht ex-ante curtha san áireamh sa mheasúnú iarmharta.

6.2.2. Bearta a glacadh i ndiaidh luachála idirmheánaí idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúlach san am atá thart)

D'fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil ar an meastóireacht ar chóras Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 2007, ag clúdach na chéad 3 bliana d'oibriú Eurodac (2003-2005). Cé go n-admhaítear sa tuarascáil go gcuirtear an Rialachán i bhfeidhm go sásúil tríd is tríd, aithníodh saincheisteanna áirithe inti a bhain le héifeachtúlacht na bhforálacha reachtaíochta reatha agus fógraíodh inti na saincheisteanna a gcaithfear dul i ngleic leo d'fhonn an tacaíocht a fhaigheann Eurodac a fheabhsú chun cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath a éascú.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Tá sé i gceist ag an gCoimisiún meastóireacht rialta a áirithiú agus, i ndiaidh a bhunaithe, déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta amhlaidh freisin.

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Chun cur i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1037/1999.

8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ

8.1 Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadai s

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

Oifigigh nó foireann shealadach[41] (XX 01 01) | A*/AD | 0 | 0 | 0.0 | 0.0 |

B*, C*/AST | 0 | 0.5 | 0.0 | 0.0 |

Foireann atá á maoiniú[42] ag Airteagal XX 01 02 |

Foireann eile[43] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 |

IOMLÁN | 0 | 0.5 | 0 | 0 |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Déileáil leis na saincheisteanna riaracháin agus airgeadais a bhaineann leis an gconradh atá ann le soláthraí an chórais.

Cur chun feidhme na n-athruithe ar chóras TF Eurodac a leanúint.

Na tástálacha a rinne Ballstáit a leanúint.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh

( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas Riaracháin eile a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros |

- extra muros |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán |

8.2.5 Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí |

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha (18 01 01) | 0.000 | 0.061 | 0.000 | 0.000 |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne sonrach buiséid) |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.000 | 0.061 | 0.000 | 0.000 |

Ríomh– Oifigigh agus gníomhairí Sealadacha arna maoiniú faoi Airteagal 18 01 01 01 AD/AST – 122.000 EUR in aghaidh na bliana x 0.5 duine = 61.000 EUR (2010 -2011) |

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain n+5 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

18 01 02 11 01 – Misin | 0.000 | 0.002 | 0.000 | 0.000 | 0.002 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

XX 01 02 11 03 –Coistí[45] |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúchán |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2 Iomlán an Chaiteachais Bainistíochta Eile (XX 01 02 11) |

3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh é – lena n-áirítear tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.000 | 0.002 | 0.000 | 0.000 | 0.002 |

[1] IO L 316, 15.12.2000, lch. 1.

[2] IO C 254, 19.8.1997, lch. 1.

[3] IO L 050, 25.02.2003 lch. 1.

[4] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an measúnú ar chóras Bhaile Átha Cliath, COIM (2007) 299 leagan deireanach {SEC(2007) 742}.

[5] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Coiste na Réigiún, i ndáil le Policy Plan on Asylum: An Integrated Approach to Protection Across the EU (Plean Beartais: Cur chuige comhtháithe maidir le cosaint ar fud an AE) an 17 Meitheamh 2008, COIM (2008) 360.

[6] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, COIM (2008) 820.

[7] Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le hiarrthóirí tearmainn a ghlacadh, COIM (2008) 815.

[8] Treoir 2004/83/CE ón gComhairle, maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu, IO L 304, 30.9.2004, lch.12.

[9] Treoir 2005/85/CE ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a bhronnadh nó a aistarraingt, IO L 326, 13.12.2005, lch.13.

[10] Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 ina leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 a chur chun feidhme maidir le Eurodac a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach, IO L 062, 05.03.2002, lch. 1.

[11] COIM(2008) 360, SEC(2008) 2029, SEC(2008) 2030.

[12] Cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003, lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit, in ionad Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath. IO L 050, 25/02/2003, lch. 1.

[13] IO L 222, 5.9.2003, lch. 3.

[14] IO L 062, 5.3.2002 lch. 1.

[15] Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid, IO L 381, 28.12.2006, lch. 4.

[16] Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosa (VIS, Visa Information System ) agus sonraí a mhalartú idir Ballstáit i dtaca le víosaí gearrchónaí (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

[17] Comhráiteas ón gCoimsiún, ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hAirteagal 15 a bhaineann le bainistiú oibríochtúil SIS II, Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 26 a bhaineann le bainistiú oibríochtúil an VIS.

[18] COIM(2007) 301.

[19] "D'fhéadfadh an Láraonad a bheith freagrach as tascanna áirithe staitistiúla eile a chomhlíonadh ar bhonn na sonraí arna bpróiseáil ag an Láraonad." (Airteagal 3(4) de Rialachán Eurodac).

[20] Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach, IO L66, 8.3.2006.

[21] Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua, IO L 93, 3.4.2001, lch. 40-47.

[22] Cinneadh ón gComhairle maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an Stát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis, IO L 53, 27.2.2008, lch. 5.

[23] Prótacal idir an CE, Cónaidhm na hEilvéise agus Lichtinstéin maidir le haontachas Lichtinstéin sa Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Eilvéis maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis, (COM (2006)754, ag feitheamh ar chinneadh).

[24] Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarraidh ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (2006/0257 CNS, arna chur i gcrích an 24.10.2008, foilsiú san IO ar feitheamh) agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu an stát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú arna thaisceadh i mBallstát, san Íoslainn nó san Iorua (IO L 93, 3.4.2001).

[25] COIM(2008)XXX.

[26] IO C […], […], lch. […].

[27] IO L 316, 15.12.2000, lch. 1.

[28] IO L 62, 5.3.2002, lch. 1.

[29] COIM(2008) XXX.

[30] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[31] IO L 8, 12.1.2001, lch.1.

[32] IO L 12, 17.1.2004, lch. 47.

[33] Ní dhéileáiltear sa ráiteas airgeadais reachtach reatha ach leis na costais a fhoráiltear a tharlóidh maidir leis na hathruithe a thugann an leasú reatha isteach, agus dá bhrí sin ní dhéileálann sé le costais bhainistíocht rialta Eurodac.

[34] Leithreasaí difreáilte

[35] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[36] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[37] Caiteachas laistigh de chaibidil xx 01 seachas airteagail xx 01 04 nó 01 05.

[38] Féach pointí 19 agus 24 den chomhaontú Idirinstitiúideach.

[39] Ba chóir colúin bhreise a chur leis seo más gá, i.e. más rud é gur faide ré na ghnímh ná sé bliana.

[40] Mar a gcuirtear síos air i mír 5.3.

[41] Costas NACH gclúdaítear ag an méid tagartha.

[42] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[43] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

[44] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin /na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[45] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

Top