This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52008PC0704
Proposal for a Regulation of the European Parliament and of the Council on Credit Rating Agencies {SEC(2008) 2745} {SEC(2008) 2746}
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa {SEC(2008 2745} {SEC(2008) 2746}
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa {SEC(2008 2745} {SEC(2008) 2746}
/* COIM/2008/0704 leagan deireanach - COD 2008/0217 */
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa {SEC(2008 2745} {SEC(2008) 2746} /* COIM/2008/0704 leagan deireanach - COD 2008/0217 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 12.11.2008 COIM(2008) 704 leagan deireanach 2008/0217 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa {SEC(2008 2745} {SEC(2008) 2746} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Comhthéacs ginearálta, forais agus cuspóirí an togra Cuireann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa barúlacha neamhspleácha ar fáil maidir le dóchúlacht mainneachtana nó caillteanas ionchais cuideachtaí, rialtas agus raon leathan ionstraimí airgeadais. Úsáideann infheisteoirí, iasachtaithe, eisitheoirí agus rialtais na 'rátálacha creidmheasa' seo, agus bíonn ról tábhachtach acu mar sin i margaí airgeadais. Leag an Coimisiún amach a chur chuige rialála maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa in 2006[1] agus dúirt go ndéanfadh sé dian-mhonatóireacht ar an réimse seo. Déanann cód iompair na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO) gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhíonn gníomhach san AE a rialáil go formhór[2], atá bunaithe ar chomhlíonadh toiliúil, agus atá faoi réir measúnaithe bhliantúla ón gCoiste Rialtóirí Urrús Eorpach (CESR)[3]. Dúirt an Coimisiún go ndéanfadh sé machnamh ar thograí nua más rud é go raibh sé soiléir go raibh comhlíonadh rialacha an AE atá ann cheana nó an Chód IOSCO míshásúil nó dá dtiocfadh imthosca nua chun cinn — lena n-áirítear tromfhadhbanna maidir le teip an mhargaidh. Aontaítear de ghnáth gur chuir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go suntasach leis an suaitheadh margaidh is déanaí tríd an riosca creidmheasa a bhaineann le táirgí creidmheasa struchtúraithe a ghannmheas. Tugadh na rátálacha is airde d'fhormhór na dtáirgí fophríomha, rud a rinne na rioscaí móra a bhaineann go dlúth leis na hionstraimí sin a ghannmheas. Thairis sin, nuair a d'éirigh dálaí an mhargaidh níos measa, theip ar na gníomhaireachtaí na rátálacha a oiriúnú go pras. Nochtaigh an ghéarchéim atá ann faoi láthair laigí sna modhanna agus sna samhlacha a úsáideann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Cúis amháin leis sin gur féidir go bhfeidhmíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i margadh olagaplach a thairgeann dreasachtaí teoranta chun dul san iomaíocht i leith chaighdeán na rátálacha a thairgtear. Chuir droch-chaighdeán rátálacha na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe uaireanta go mór leis an ngéarchéim reatha. Ina theannta sin, ba léir go raibh easnaimh i gcumarsáid na ngníomhaireachtaí le húsáideoirí na rátálacha creidmheasa. Dá bharr sin, laghdaigh muinín na rannpháirtithe margaidh i bhfeidhmíocht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus in iontaofacht na rátálacha. D'aontaigh Airí Airgeadais an AE i mí Dheireadh Fómhair 2007 le sraith conclúidí faoin ngéarchéim ('Slí Ecofin')[4] ina raibh togra chun an ról a imríonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a mheasúnú agus chun aghaidh a thabhairt ar easpaí ábhartha. Go sonrach, iarradh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa féideartha sa phróiseas rátála, ar thrédhearcacht na modhanna rátála, ar mhall-agaí in athmheasúnuithe rátála agus ar phróisis fhormheasa rialála. Chun ról na ngníomhaireachtaí a shoiléiriú agus an gá le bearta rialála a mheas, d'iarr an Coimisiún comhairle CESR agus an Sainghrúpa Eorpach um Margaí Urrús (ESME) i bhFómhar 2007[5]. Um an dtaca sin, thosaigh tíortha eile ag déanamh athchóirithe sa réimse seo (SAM, an tSeapáin), agus ó shin thug tuarascálacha tábhachtacha le IOSCO[6], leis an bhFóram um Chobhsaíocht Airgeadais[7] agus leis an gCoiste um an gCóras Airgeadais Domhanda[8] aghaidh ar an gceist. San idirlinn, rinne na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa féin cur síos ar na hathchóirithe atá siad sásta a dhéanamh.[9] Dealraíonn sé nach réiteach imleor, iontaofa é féinrialú atá bunaithe ar an gcód IOSCO ar easnaimh struchtúracha an ghnó. Cé gur chuir an tionscal roinnt scéimeanna i gcomhair féinrialú i láthair, ní raibh an chuid is mó díobh sin daingean ná docht go leor chun dul i ngleic leis na fadhbanna móra agus chun muinín as na margaí a athbhunú. Ina theannta sin, ní bheadh an éifeacht atá riachtanach ar fud an mhargaidh ag cur chuige aonair roinnt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun deis chothrom a chur ar bun ar fud an AE, agus níos fearr ná sin ar fud an domhain. Maidir le riachtanais shubstainteacha, measann an Coimisiún gur tagarmharc domhanda é an cód iompair IOSCO athbhreithnithe. Tá easnaimh sa chód áfach a chaithfear a réiteach chun na rialacha a dhéanamh lán-oibríochtúil. Tá roinnt rialacha de chuid an IOSCO teibí agus cineálach; ní mór iad a nithiúlú, agus iad a comhdhlúthú i roinnt cásanna, chun iad a dhéanamh níos éasca le cur chun feidhme agus níos éifeachtaí. An rud is tábhachtaí ná nach bhfuil aon mheicníocht forghníomhaithe sa chód, ní dhéanann sé ach cuireadh a thabhairt do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa cúiseanna a thabhairt mura ndéanann siad é a chomhlíonadh (an cur chuige 'comhlíon nó mínigh'). D'fhéadfaí an cód féin a chomhlánú le rialacha infheidhmithe. Luann sé go sainráite gur ceart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa dlíthe agus rialacháin na ndlínsí ina bhfeidhmíonn siad a chomhlíonadh agus is féidir rialú díreach gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheith sna dlíthe seo ar féidir eilimintí atá sa chód a bheith iontu. Sna Stáit Aontaithe, ina bhfuil máthair-chuideachtaí fhormhór na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa le gníomhaíochtaí AE suntasacha lonnaithe, bhí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi réir rialaithe agus maoirseachta ó shamhradh 2007[10]. Toisc nádúr domhanda ghnó na rátála, tá sé tábhachtach an deis imeartha a chothromú idir an tAE agus SAM trí chreat rialúcháin a chur ar bun san AE atá inchomparáide leis an gceann atá i bhfeidhm sna SA agus atá bunaithe ar na prionsabail chéanna. I bhfianaise na gcúrsaí sin, tá ceithre chuspóir fhoriomlána ag an togra seo atá dírithe ar phróiseas eisithe rátálacha creidmheasa a fheabhsú: - ar an gcéad dul síos, a áirithiú go seachnóidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa coinbhleachtaí leasa maidir leis an bpróiseas rátála nó ar a laghad go ndéanfaidh siad iad a bhainistiú; - ar an dara dul síos, caighdeán na modheolaíochtaí a úsáideann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus caighdeán na rátálacha a fheabhsú; - ar an tríú dul síos, trédhearcacht a mhéadú trí oibleagáidí nochta i gcomhair gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chur ar bun; - ar an gceathrú dul síos, creat faireachais agus clárúcháin éifeachtach, ag seachaint 'siopadóireacht fóraim' agus arbatráiste rialála idir dlínsí an AE; Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún creat rialúcháin a fhorbairt maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa chun leibhéal ard muiníne infheisteoirí agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú. 1.2. Na forálacha láithreacha i réimse an togra Ní thugann dlí an Chomhphobail aghaidh ach ar dhá ghné ar leith de rátáil chreidmheasa: - Cé nach moltaí iad rátálacha creidmheasa laistigh de chiall Threoir 2003/125/CE[11] a chuireann an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh i bhfeidhm[12], luann aithris 10 den Treoir 2003/125/CE gur cheart do ghníomhaireachtaí machnamh a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha a ghlacadh atá deartha chun a áirithiú go gcuirtear a gcuid rátálacha creidmheasa i láthair go cothrom agus go nochtann siad go hoiriúnach leasanna suntasacha nó coinbhleachtaí leasa ar bith a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais nó leis na heisitheoirí a mbaineann a gcuid rátálacha creidmheasa leo. - Forálann an Treoir um Cheanglais Chaipitil[13] (2006/48/CE) d'úsáid measúnuithe creidmheasa seachtracha chun na hualaí riosca agus na ceanglais chaipitil dá mbarr a bhaineann leis an neamhchosaint a bhíonn ag bainc nó ag gnólachtaí infheistíochta a shonrú. Ní fhéadfar measúnú creidmheasa seachtrach a úsáid chun na críche seo ach amháin sa chás go bhfuil an Institiúid um Mheasúnú Creidmheasa Sheachtraigh (ECAI) a chuireann an measúnú riosca ar fáil aitheanta ag na húdaráis inniúla. Déantar cur síos ar mheicníocht aitheantais in Iarscríbhinn VI Cuid 2 den Treoir um Cheanglais Chaipitil. Ní fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aitheantas a thabhairt d'ECAI ach amháin má chomhlíonann an ceann deireanach ceanglais amhail oibiachtúlacht, neamhspleáchas, athbhreithniú leanúnach, creidiúnacht agus trédhearcacht. Chun cóineasú a chur chun cinn, d'eisigh an Coiste Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha (CEBS) treoirlínte maidir le haitheantas a thabhairt d'ECAI'anna[14]. 1.3. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta Mar atá luaite in Alt 1.1., i bhFómhar na bliana 2007 d'iarr an Coimisiún ar an gCoiste Rialtóirí Urrús Eorpach (CESR) agus ar an Sainghrúpa Eorpach um Margaí Urrús (ESME) comhairle a chur ar fáil maidir le gníomhaíocht agus ról na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa sna margaí airgeadais, go háirithe maidir le hairgeadas struchtúraithe. Chuaigh an dá ghrúpa i gcomhairle le páirtithe leasmhara, rud a thug dearcadh níos leithne don Choimisiún agus níos mó fianaise dó maidir le ról gníomhaireachtaí rátála creidmheasa san airgeadas struchtúraithe i gcomhthéacs an tsuaite fhophríomha. Chomh maith le cur chun cinn na hoibre ag CESR agus ag ESME a leanúint go dlúth, chuaigh an Coimisiún i mbun plé le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus lorg sé barúlacha ó pháirtithe leasmhara lena n-áirítear cumainn tionscail ón earnáil árachais, urrús agus baincéireachta agus ó sholáthraithe faisnéise. Reáchtáladh sainchomhairliúchán oscailte ar an idirlíon idir an 31 Iúil 2008 agus an 5 Meán Fómhair 2008[15]. D'fhreagair gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, bainc, gnólachtaí infheistíochta, cuideachtaí árachais, bainisteoirí ciste, údaráis maoirseachta agus rialála, airí airgeadais, bainc cheannais agus páirtithe leasmhara eile an suirbhé, trí bhíthin freagraí aonair nó grúpaithe[16]. 1.4. Measúnú iarmharta De réir a bheartais 'Rialáil Níos Fearr', rinne an Coimisiún measúnú iarmharta ar roghanna beartais. Breathnaíodh ar cheithre rogha: - Rogha 1: an status quo a choimeád (an cur chuige féin-rialála bunaithe ar an gcód IOSCO i dteannta le tionscnaimh aonair ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa); - Rogha 2: cód iompair Eorpach a dhréachtú agus comhlacht a chur ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa leis an gcód, gan chumhachtaí forghníomhaithe áfach; - Rogha 3: moladh ón gCoimisiún (neamhcheangailteach) a eisiúint; - Rogha 4: reachtaíocht a rith chun creat clárúcháin agus faireachais a chur ar bun le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Rinneadh na ceithre rogha beartais seo a mheasúnú i gcoinne ceithre chritéar: éifeachtúlacht [17], cinnteacht[18], comhchreat[19] agus solúbthacht[20]. Bhí buntáistí soiléire ag baint leis an rogha reachtach i gcomparáid leis na roghanna beartais eile, go háirithe maidir lena éifeachtúlacht agus a chinnteacht, toisc nach féidir leis na roghanna eile (cineálacha cur chuige féin-rialála nó moladh) rialacha a bhfuil ceangal dlí leo agus meicníocht fhorghníomhaithe a tháirgeadh. Thairis sin, is í an reachtaíocht an rogha is fearr chun comhchreat ar fud an AE agus frithchothromú éifeachtach i gcomparáid le dlínsí tábhachtacha eile, go sonrach SAM, a áirithiú. 2. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 2.1. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 95 de Chonradh an CE. 2.2. Coimhdeacht agus comhréireacht Tá togra an Choimisiúin chun Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa a rialú de réir phrionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha síos in Airteagal 5(2) de Chonradh an CE, a chuireann ceangal ar an gComhphobal gan bheart a dhéanamh ach amháin mura féidir le Ballstáit cuspóirí an ghnímh mholta a bhaint amach go leordhóthanach iad féin agus gur féidir leis an gComhphobal mar sin, de bharr scála éifeachtaí an ghnímh mholta, iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr, agus sa chás sin amháin. Gnó domhanda atá i gceist le gnó na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Úsáideann rannpháirtithe margaidh ar fud an AE rátálacha a eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i mBallstát amháin. D'fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith ag teipeanna nó easpa creat rialúcháin i gcomhair gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i mBallstát ar leith ar rannpháirtithe margaidh agus ar mhargaí airgeadais ar fud an AE. Mar sin, tá gá le rialacha rialála a bheidh infheidhmithe ar fud an AE chun infheisteoirí agus margaí a chosaint ó easnaimh a d'fhéadfadh a bheith i gceist. Ní mór comhchreat rialacha a leagan síos maidir le caighdeán rátálacha creidmheasa a bheidh á n-úsáid ag institiúidí airgeadais atá faoi rialú ag rialacha comhchuibhithe de chuid an Chomhphobail. Dá uireasa sin, bheadh an baol ann go ndéanfadh Ballstáit bearta éagsúla ag an leibhéal náisiúnta. Bheadh iarmhairt dhiúltach dhíreach dá bharr ar fheidhmiú maith an mhargaidh inmheánaigh agus chruthódh sé constaicí dó, toisc go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheadh ag eisiúint rátálacha creidmheasa i gcomhair úsáide institiúidí airgeadais sa Chomhphobal faoi réir rialacha difriúla i mBallstáit dhifriúla. Faoi dheireadh, de bharr nádúir dhomhanda agus éifeachtaí domhanda an ghnó rátála, tá cóineasacht na rialacha a rialálann eisiúint rátálacha creidmheasa ar scála domhanda a áirithíonn go mbeidh an muinín ag infheisteoirí agus cosaint tomhaltóirí ar an leibhéal ard céanna tábhachtach. Dhéanfadh rialacháin náisiúnta dhifriúla san AE an próiseas cóineasachta seo níos casta agus d'fhéadfadh sé staid an AE a lagú i gcomparáid le réimis thábhachtacha in áiteanna eile. Tá an rialachán molta comhréireach freisin, mar a éilítear le hAirteagal 5(3) de Chonradh an CE. Ní dhíríonn sé ar gach gníomhaireacht rátála creidmheasa ach amháin iad siúd a n-úsáideann institiúidí airgeadais a gcuid rátálacha chun críocha rialála, i.e. iad siúd a bhféadfadh iarmhairt mhór a bheith acu ar an gcóras airgeadais. Tá roinnt mhaith dá bhforálacha substainteacha spreagtha ag an gcód IOSCO. Déanfaidh sé seo na costais oiriúnaithe a theorannú go mór toisc go gcomhlíonann a lán gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an cód go toilteanach cheana féin. Sa mholadh cuirtear an rialáil atá ann cheana féin i dtíortha móra nach bhfuil san AE san áireamh, chun an tsamhail ghnó de chuid na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ag feidhmiú go domhanda a thabhairt san áireamh, ach tugann sé gníomhaireachtaí níos lú san áireamh freisin a bhfuil samhail ghnó níos simplí acu[21]. 2.3. Rogha na hionstraime Dealraíonn sé gurb í reachtaíocht an AE an t-aon rogha amháin atá ann chun infheisteoirí agus margaí airgeadais Eorpacha a chosaint a ndóthain i gcoinne riosca míchleachtas gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Tá gá le cur chuige aonfhoirmeach chun creat a chruthú inar féidir le húdaráis inniúla na mBallstát a áirithiú go gcuireann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an tsraith nua ceanglas chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an Chomhphobail. Ionstraim mhaith atá i Rialachán chun cur chuige aonfhoirmeach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú toisc a iarmharta dírí. Níl réimeas clárúcháin agus faireachais ann faoi láthair maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i gceann ar bith de na Ballstáit. Níl éifeacht ag Treoir mar sin ina mbeidh roinnt solúbthachta ag Ballstáit maidir le cinneadh conas a gcuid réimeas dlí náisiúnta a oiriúnú don chreat nua. Toisc nach gá le Ballstáit é a thrasuí, féadfaidh Rialachán an creat aonfhoirmeach atá riachtanach chun muinín an mhargaidh as gníomhaíocht na rátála creidmheasa a athbhunú. Cuireann sé ualach níos lú ar an tionscal freisin toisc go bhfeidhmeoidh sraith aonair de rialacha Comhphobail ar fud an Aontais Eorpaigh. 2.4. Coisteolaíocht Tá an togra bunaithe ar an bpróiseas Lamfalussy le haghaidh seirbhísí airgeadais a rialú. Tugtar isteach i príomhchuid an rialacháin atá beartaithe prionsabail chun a áirithiú (i) nach gcuireann coinbhleachtaí leasa isteach ar eisiúint rátálacha creidmheasa, (ii) go bhfuil rátálacha creidmheasa a eisítear ar ardchaighdeán, agus (iii) go gníomhaíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar mhodh trédhearcach. Tá na sonraí teicniúla a bhfuil gá leo chun prionsabail an Rialacháin a shonrú leagtha síos in Iarscríbhinn I agus II den Rialachán. Chun oiriúnú tapa d'fhorbairtí nua ar bith a mbeidh feidhm acu ar an ngníomhaíocht rátála a éascú, féadfaidh an Coimisiún na forálacha teicniúla atá sna hIarscríbhinní a leasú de réir Chinneadh 1999/468/CE an 28 Meitheamh 1999 ón gComhairle.[22]s. Toisc go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. 2.5. Ábhar an Togra 2.5.1. Raon feidhme (Airteagal 2) Tugann an togra réimeas clárúcháin agus faireachais isteach a bhfuil ceangal dlí leis i gcomhair gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a eisíonn rátálacha creidmheasa a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go príomha chun críocha rialála ag institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus athárachais, scéimeanna comhinfheistíochta agus cistí pinsean. 2.5.2. Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint (Airteagail 5-6 agus Iarscríbhinn I Cuid A, B, C) Tá feabhsúcháin bhreise maidir le déileáil le ceanglais eagraíochtúla agus coinbhleachtaí leasa rí-thábhachtach más mian le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa muinín na margaí a athghnóthú. Teastaíonn leasuithe ar a struchtúr rialála inmheánach, rialuithe inmheánacha iontaofa agus línte tuairiscithe iontaofa a thabhairt isteach, ag deighilt na feidhme rátála go soiléir ó na dreasachtaí gnó. Déantar faireachas seachtrach a neartú trí dhisciplín inmheánach trí thascanna ar leith a thabhairt do bhaill neamhspleácha, neamhfheidhmiúcháin bhord riaracháin nó maoirseachta na gníomhaireachta rátála creidmheasa chun rialú éifeachtach a áirithiú (Airteagal 5 agus Iarscríbhinn I, Cuid A, Pointe 2). Chun neamhspleáchas na rátálacha a áirithiú, éilítear ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa coinbhleachtaí leasa a chosc agus/nó na coinbhleachtaí seo a bhainistiú go himleor nuair nach féidir iad a sheachaint. Ní mór dóibh coinbhleachtaí leasa a nochtadh go comhlán, go tráthúil, go soiléir, go beacht, go sonrach agus go feiceálach agus gach bagairt shuntasach maidir le neamhspleáchas na gníomhaireachta rátála nó a cuid fostaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rátála creidmheasa a thaifeadadh, mar aon leis na cosaintí atá á gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú. Ní mór dóibh a ngníomhaíocht a theorannú do rátáil chreidmheasa agus oibríochtaí gaolmhara, gan seirbhísí sainchomhairliúcháin agus comhairleacha san áireamh (Airteagal 5, Iarscríbhinn I, Cuid B). Ní mór do ghníomhaireachtaí beartais inmheánacha agus nósanna imeachta imleor a bheith acu chun fostaithe a mbíonn baint acu le rátáil chreidmheasa a dhealú ó choinbhleachtaí leasa agus caighdeán, ionracas agus críochnúlacht an phróisis rátála agus athbhreithnithe a áirithiú an t-am ar fad. Nasctha leis seo, ní mór do ghníomhaireachtaí dóthain fostaithe a cheapadh le heolas agus taithí oiriúnach ar a ngníomhaíocht rátála creidmheasa agus socruithe sealaíochta oiriúnacha a dhéanamh i gcomhair anailísithe agus daoine a fhaomhann rátálacha creidmheasa. (Airteagal 6 agus Iarscríbhinn I, Cuid C). Caithfear socruithe cúitimh fostaithe a mbíonn baint acu leis an bpróiseas rátála a shocrú go príomha trí chaighdeán, chruinneas, chríochnúlacht agus sláine a gcuid oibre (Airteagal 6(6)). 2.5.3. Caighdeán na rátálacha (Airteagal 7) Is é cuspóir rátála creidmheasa anailís inchreidte agus slán a chur ar fáil ar riosca creidmheasa iasachtaí nó eisitheora bunaithe ar an bhfaisnéis agus an anailís eacnamaíoch atá ar fáil. Braitheann a lán infheisteoirí ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa toisc nach bhfuil an saineolas agus/nó na hacmhainní (am agus airgead) acu chun a gcuid anailíse féin a dhéanamh ar an riosca creidmheasa. Ina theannta sin, bíonn faisnéis ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nach bhfuil ar fáil go forleathan do rannpháirtithe sa mhargadh. Mar sin, go teoiriciúil, is modh éifeachtúil na rátálacha a eisíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhair infheisteoirí ionas gur féidir leo riosca creidmheasa a thomhas agus a bhainistiú, ach amháin má tá siad iontaofa agus ar ardchaighdeán. Tá sé mar aidhm ag an Rialachán atá beartaithe caighdeán na rátálacha creidmheasa a fheabhsú, ach ní ligeann sé d'infheisteoirí breithiúnas agus dícheall cuí a chleachtadh agus iad ag brath ar rátálacha agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu; agus ní chuireann sé neamhspleáchas an phróisis rátála nó na rátálacha féin i gcontúirt, a mbeidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa lánfhreagrach astu. Chun ligean do rannpháirtithe margaidh sofaisticiúla (bainc agus infheisteoirí institiúideacha) fóntacht na modheolaíochtaí atá á n-úsáid a sheiceáil agus chun an rátáil atá eisithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a fhíorú, ach chun disciplín an mhargaidh a mhéadú freisin, ní mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana a úsáideann siad sa phróiseas rátála a nochtadh. Ní mór modhanna a choimeád suas chun dáta agus faoi réir athbhreithniú. Má athraíonn an ghníomhaireacht a modheolaíocht rátála, ní mór di a nochtadh cé hiad na rátálacha gur dócha a mbeidh tionchar ag an athrú seo orthu agus iad a ath-rátáil go pras. Ní mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha a athbhreithniú go leanúnach. Tá sé seo tábhachtach chun rátálacha a choimeád suas chun dáta agus freagrúil i dtaobh athruithe ar dhálaí airgeadais. Ba cheart go gcuirfeadh an fhoráil seo cosc ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa óna gcuid iarrachtaí agus acmhainní a dhíriú ar an rátáil thosaigh, agus faillí a dhéanamh sa mhonatóireacht ina dhiaidh sin, rud a d'fhéadfadh a bheith díobhálach do chaighdeán leanúnach na rátálacha. 2.5.4. Oibleagáidí nochta agus trédhearcachta (Airteagail 8-11 agus Iarscríbhinn I, Codanna B, D agus E) Léirigh an ghéarchéim reatha laigí sna modhanna agus sna samhlacha a úsáideann gníomhaireachtaí chun ionstraimí airgeadais struchtúraithe a rátáil.Socraíodh na hionstraimí seo ar bhonn airgeadais chun muinín ard a thabhairt d'infheisteoirí, agus i gcumarsáid na ngníomhaireachtaí le margaí agus infheisteoirí faoi thréithe agus theorainn rátáil ionstraimí airgeadais struchtúraithe agus faoi bhoinn tuisceana samhlach criticiúla araon. Cuireann an togra dualgas ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa rátálacha a nochtadh ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil, ach amháin má dháiltear na rátálacha trí shíntiús amháin. Déanann sé iarracht cur ar chumas infheisteoirí idirdhealú a dhéanamh idir rátálacha i gcomhair táirgí struchtúraithe agus i gcomhair táirgí traidisiúnta (corparáideach, flaithiúnais) trí chatagóir rátála dhifriúil a éileamh i gcomhair ionstraimí airgeadais struchtúraithe nó trí fhaisnéis bhreise a chur ar fáil maidir lena dtréithe riosca. Baineann ceanglais nochta ar leith le rátálacha creidmheasa gan iarraidh (Airteagal 8). Chun a áirithiú go mbíonn próisis agus nósanna imeachta inmheánacha trédhearcach go leor, ní mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa faisnéis thábhachtach a nochtadh go poiblí, e.g. maidir le coinbhleachtaí leasa, modheolaíochtaí agus príomh-bhoinn tuisceana rátála agus maidir le nádúr ginearálta a mbeartais chúitimh. Ní mór dóibh sonraí a nochtadh go tréimhsiúil maidir le rátaí mainneachtana stairiúla na gcatagóirí rátála agus eilimintí ar leith a thabhairt d'údaráis inniúla amhail liosta na 20 cliant is mó de réir ioncaim (Airteagal 9 agus Iarscríbhinn I, Cuid E). Chun a áirithiú go mbeidh fáil ar shonraí ábhartha, caighdeánaithe maidir le feidhmíocht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun cur ar chumas rannpháirtithe margaidh comparáidí ar fud an tionscail a dhéanamh, tá CESR le stór lárnach a chruthú a bheidh ar fáil go poiblí le haghaidh a leithéid de shonraí (Airteagal 9(2)). Chun muinín an phobail a athbhunú as gnó na rátála, ní mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa tuarascáil trédhearcachta bhliantúil a fhoilsiú (Airteagal 10 agus Iarscríbhinn I, Cuid E, Alt III), agus taifid a choimeád maidir lena gcuid gníomhaíochtaí (Airteagail 5-7 agus Iarscríbhinn I, Cuid B, Pointí 7-9). 2.5.5. Clárúchán (Airteagail 12-17) agus faireachas (Airteagail 19-31) Beidh gníomhaíocht gníomhaireachtaí a mbeidh sé mar rún a gcuid rátálacha creidmheasa a úsáid chun críche rialála ag institiúidí airgeadais chun reachtaíocht Chomhphobail a chomhlíonadh faoi réir clárúcháin roimh ré. Leagann an togra na coinníollacha agus an nós imeachta síos maidir leis an gclárúchán a cheadú nó a aistarraingt. (Airteagail 12-17) Tá iarmhairtí ag gníomhaíocht rátála creidmheasa a dhéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa san Aontas Eorpach i gcomhair gach margadh san AE; ba cheart go mbeadh gach rialtóir san Aontas Eorpach páirteach sa phróiseas clárúcháin. Tugann an togra pointe iontrála aonair isteach i gcomhair clárúcháin, CESR, an grúpa is fearr le bheith mar ionad ilfhreastail i gcomhair iarratas agus le bheith ina lárphointe chun faisnéis a sholáthar do rialtóirí náisiúnta an AE ar fad agus chun iad a chomhordú. Beidh freagracht ag an údarás inniúil sa Bhallstát baile as clárúchán agus faireachas a dhéanamh ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa, i.e. an ceann ina bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa lonnaithe. Is an t-údarás inniúil sin an ceann is fearr i dtéarmaí a láithreacht fhisiciúil chun dlúthmhaoirseacht a dhéanamh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa. Moltar forálacha ar leith i gcomhair grúpaí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa freisin; agus iad i mbun iarratais ar chlárúchán a chuireann grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa isteach a scrúdú, ní mór do na húdaráis inniúla i gceist struchtúr an ghrúpa a mheas agus éascaitheoir a chomhaontú a bheidh freagrach as an bpróiseas clárúcháin a chomhordú. (Airteagal 14). Chun feidhmiú mar phointe iontrála aonair, ba cheart go nglacfadh CESR dlúthpháirt sa phróiseas clárúcháin ón tús agus go mbeadh sé i dteideal comhairle a thabhairt cibé an ndéanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an clárúchán a cheadú nó a aistarraingt agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar athscrúdú ar dhréachtchinntí (Airteagal 17). Tiocfaidh an clárúchán in éifeacht tar éis don Choimisiún é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (Airteagal 14). Foilseoidh an Coimisiún liosta nuashonraithe na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa cláraithe go rialta. Cruthaíonn an togra meicníocht chun forghníomhú éifeachtach an Rialacháin a áirithiú. Tugann sé na cumhachtaí riachtanacha do na húdaráis inniúla chun a áirithiú go gcomhlíonann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an Rialachán ar fud an Chomhphobail. Agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas, ní chuirfidh údaráis inniúla isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa (Airteagal 20(1)). Chun faireachas éifeachtach a áirithiú, éilítear leis an togra cineálacha comhoibrithe ar leith idir údaráis inniúla na mBallstát, chun comhchultúr maoirseachta a chur chun cinn. Tá foráil ann freisin do chomhoibriú feabhsaithe i gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa trí bhíthin éascaitheoir ag comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta (Airteagail 25). Toisc scála idirnáisiúnta ghnó na rátála creidmheasa, tá gá le foráil do mhalartú faisnéise le tíortha taobh amuigh den AE. (Airteagal 29). 2.6. Impleachtaí buiséadacha Níl aon impleachtaí ag an togra seo do bhuiséad an Chomhphobail. 2008/0217 (COD) Togra le haghaidh DRÉACHTRIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[23], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[24], De bharr an méid seo a leanas: (1) Bíonn ról tábhachtach ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i margaí urrús domhanda agus baincéireachta toisc go n-úsáideann infheisteoirí, iasachtaithe, eisitheoirí agus rialtais a gcuid rátálacha chun cinntí infheistíochta agus maoinithe a dhéanamh. Féadfaidh institiúidí infheistíochta, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, gnóthais árachais, gnóthais athárachais, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) agus institiúidí le haghaidh foráil a dhéanamh i gcomhair scoir cheirde, na rátálacha seo a úsáid mar an tagairt i gcomhair a gcuid ceanglas caipitil a ríomh chun críocha sócmhainneachta nó chun rioscaí a áireamh maidir lena gcuid gníomhaíocht infheistíochta. Bíonn iarmhairt shuntasach mar sin ag rátálacha creidmheasa ar mhuinín agus ar iontaoibh infheisteoirí agus tomhaltóirí. Tá sé riachtanach mar sin go mbíonn na rátálacha creidmheasa a úsáidtear sa Chomhphobal neamhspleách, oibiachtúil agus den chaighdeán is airde. (2) Tá ceanncheathrú fhormhór na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa lonnaithe lasmuigh den Chomhphobal faoi láthair. Ní rialaíonn an chuid is mó de na Ballstáit gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ná na coinníollacha i dtaobh rátálacha creidmheasa a eisiúint. D'ainneoin a dtábhachtachta suntasaí i dtaca le feidhmiú margaí airgeadais, bíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi réir reachtaíocht an Chomhphobail ar bhealach srianta, go háirithe Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus le cúbláil mhargaidh[25]. Ina theannta sin, tagraíonn Treoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i gceann agus cleachtadh ghnó na n-institiúidí creidmheasa agus Treoir 2006/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le leordhóthanacht chaipitil gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa[26] do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Tá sé tábhachtach mar sin rialacha a leagan síos lena n-áiritheofar go mbeidh gach rátáil a úsáideann institiúidí airgeadais atá faoi rialú reachtaíocht an Chomhphobail ar ardchaighdeán agus eisithe ó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi réir ceanglas docht. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair lena bpáirtithe idirnáisiúnta chun cóineasacht na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú. (3) Féadfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa Bunúsaigh an Chóid Iompair le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna n-eisiúint ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis ar bhonn toiliúil, "cód IOSCO" anseo ina dhiaidh seo, a chur chun feidhme. Sa bhliain 2006, thug teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa[27] cuireadh don Choiste Rialtóirí Urrús Eorpach, anseo ina dhiaidh seo "CESR", monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Chód IOSCO agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar bhonn bliantúil. (4) D'aontaigh an Chomhairle Eorpach ar an 13 agus an 14 Márta 2008 le sraith conclúidí chun freagra a thabhairt ar na príomhlaigí a aithníodh sa chóras airgeadais. Ba é ceann de na cuspóirí feidhmiú an mhargaidh agus struchtúir dreasachta, lena n-áirítear ról na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a fheabhsú. (5) Meastar gur theip ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa léiriú a thabhairt luath go leor ina gcuid rátálacha creidmheasa maidir le dul chun donais dálaí an mhargaidh. Féadfar an teip seo a choigeartú trí bhearta a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, caighdeán na rátálacha creidmheasa, trédhearcacht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a rialachas inmheánach agus le faireachas ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ní chóir d'úsáideoirí rátálacha creidmheasa a bheith ag brath go neamhbhreithiúnach ar rátálacha creidmheasa. Ba cheart dóibh a bheith rí-chúramach go ndéanfaidh siad a n-anailís féin agus go gcleachtóidh siad dícheall cuí maidir le bheith ag brath ar rátálacha creidmheasa den sórt sin. (6) Ní mór creat coiteann rialacha a leagan síos maidir le caighdeán rátálacha creidmheasa a bheidh á n-úsáid ag institiúidí airgeadais atá faoi rialú ag rialacha comhchuibhithe de chuid an Chomhphobail. Dá uireasa sin, bheadh an baol ann go ndéanfadh Ballstáit bearta éagsúla ag an leibhéal náisiúnta. Bheadh iarmhairt dhiúltach dhíreach dá bharr ar fheidhmiú maith an mhargaidh inmheánaigh agus chruthódh sé constaicí dó, toisc go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bheadh ag eisiúint rátálacha creidmheasa i gcomhair úsáid institiúidí airgeadais sa Chomhphobal faoi réir rialacha difriúla i mBallstáit dhifriúla. Ina theannta sin, is féidir go n-éireodh leibhéil dhifriúla cosanta infheisteora agus tomhaltóra as ceanglais chaighdeáin éagsúla maidir le rátálacha creidmheasa. (7) Chun coinbhleachtaí leasa ionchasacha a sheachaint ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a ngníomhaíocht a theorannú agus gan ach rátálacha creidmheasa a eisiúint. Níor cheart ligean dó ghníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleachta a chur ar fáil. Níor cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa go háirithe tograí nó moltaí a dhéanamh maidir le dearadh ionstraime airgeadais struchtúraithe. Ba cheart go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa in ann seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil nuair nach gcruthaíonn sé sin coinbhleachtaí leasa maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint. (8) Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa beartais inmheánacha agus nósanna imeachta imleor a chur ar bun maidir le fostaithe a mbíonn baint acu leis an bpróiseas rátála creidmheasa chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus chun caighdeán, ionracas agus críochnúlacht an phróisis rátála agus athbhreithnithe a áirithiú an t-am ar fad. (9) Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa cásanna ina bhfuil coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus na coinbhleachtaí sin a bhainistiú go sásúil nuair atá siad dosheachanta chun a neamhspleáchas a áirithiú. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa coinbhleachtaí leasa a nochtadh go tráthúil. Ba cheart dóibh gach bagairt shuntasach maidir le neamhspleáchas na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus a cuid fostaithe go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rátáil chreidmheasa a thaifeadadh, mar aon leis na cosaintí atá á gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú. (10) Chun neamhspleáchas an phróisis rátála creidmheasa a áirithiú ó leas ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa mar chuideachta, ba cheart do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú go mbeidh triúr ball neamhfheidhmiúcháin ar an mbord riaracháin nó maoirseachta, agus gur cheart dóibh a bheith neamhspleách de réir na línte i bpointe 13 i gCuid III den Mholadh 2005/162/CE ón gCoimisiún maidir le ról stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó maoirseachta ar chuideachtaí liostaithe agus ar choistí an bhoird (mhaoirseachta)[28]. Ina theannta sin, tá sé riachtanach go mbeidh dóthain saineolais ar sheirbhísí airgeadais ag móramh na mball, gach ball neamhspleách san áireamh, ar an mbord riaracháin nó maoirseachta. (11) Chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint níor cheart go mbraithfeadh luach saothair na mball neamhspleách ar an mbord riaracháin nó maoirseachta ar fheidhmíocht ghnó na gníomhaireachta. (12) Ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa a gníomhaíocht rátála creidmheasa a leithdháileadh ar líon imleor fostaithe a bhfuil eolas agus saineolas oiriúnach acu. Ba cheart go ndéanfadh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go sanntar go leor acmhainní daonna agus airgeadais ar eisiúint rátálacha creidmheasa agus ar a monatóireacht agus a nuashonrú. (13) D'fhéadfadh caidrimh sheanbhunaithe leis na heintitis rátáilte chéanna nó a gcuid tríú páirtithe leasmhara cur isteach ar neamhspleáchas na n-anailísithe agus na ndaoine a cheadaíonn na rátálacha creidmheasa. Ba cheart go mbeadh na hanailísithe agus na daoine sin faoi réir meicníochta sealaíochta mar sin. (14) Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa modheolaíochtaí rátála a úsáid atá dian, córasach agus leanúnach agus as a n-éiríonn rátálacha is féidir a fhíorú bunaithe ar thaithí stairiúil. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a áirithiú go ndéanfar samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála a úsáidtear chun rátálacha creidmheasa a chinneadh a choimeád i gceart, suas chun dáta agus faoi réir athbhreithnithe chuimsithigh ar bhonn tréimhsiúil. I gcásanna ina mbíonn tromcheisteanna toisc easpa sonraí iontaofa nó toisc castacht struchtúir cineáil nua, go háirithe ionstraimí airgeadais struchtúraithe, ar féidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa inchreidte iad a chur ar fáil, ba cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa gan rátáil chreidmheasa a eisiúint nó rátáil chreidmheasa a aistarraingt. (15) Chun caighdeán na rátálacha a áirithiú, ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis atá in úsáid aici chun rátáil a thabhairt iontaofa. Chun na críche seo, féadfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa brath ar, i measc eilimintí eile, ráitis airgeadais a bhí iniúchta go neamhspleách agus ar nochtaí poiblí; fhíorú ó sheirbhísí tríú páirtí creidiúnacha; scrúdú samplála randamaí ón ngníomhaireacht rátála creidmheasa ar an bhfaisnéis a fuarthas; nó ar fhorálacha conarthacha ina n-ordaítear dliteanas don eintiteas rátáilte nó a gcuid tríú páirtithe gaolmhara, má tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil faoin gconradh bréagach go feasach ar bhonn ábhartha nó míthreorach nó má theipeann ar an eintiteas nó a gcuid tríú páirtithe dícheall cuí a chleachtadh maidir le cruinneas na faisnéise mar atá sonraithe faoi théarmaí an chonartha. (16) Tá sé riachtanach go ndéanfar na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a úsáideann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a athbhreithniú go rialta chun dálaí athraitheacha na margaí sócmhainní bunúsacha a léiriú go cruinn. D'fhonn trédhearcacht a áirithiú, ba cheart aon mhodhnú ar mhodheolaíochtaí agus chleachtais, nósanna imeachta agus phróisis ghníomhaireachta rátála creidmheasa a nochtadh sula dtagann siad in éifeacht, seachas má éilítear athrú bunúsach ar an rátáil chreidmheasa i ngeall ar dhálaí géara sa mhargadh. (17) Ba cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa foláireamh riosca oiriúnach ar bith a léiriú, lena n-áirítear anailís íogaireachta ar na boinn tuisceana ábhartha. Ba cheart don anailís seo a mhíniú conas is féidir le forbairtí éagsúla margaidh a athraíonn na paraiméadair atá fite fuaite sa tsamhail tionchar a bheith acu ar athruithe rátála creidmheasa (e.g. luaineacht). Ba cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis maidir le rátaí mainneachtana stairiúla a gcuid catagóirí rátála infhíoraithe agus inchainníochtaithe agus go gcuireann sí ar fáil bonn imleor do na páirtithe leasmhara chun feidhmíocht stairiúil gach catagóra rátála a thuiscint agus cibé ar athraigh agus conas mar a d'athraigh catagóirí rátála. Má dhéanann nádúr na rátála creidmheasa nó tosca eile ráta mainneachtana stairiúil mí-oiriúnach, neamhbhailí go staitistiúil, nó gur dócha go gcuirfidh sé úsáideoirí na rátála ar míthreoir, ba cheart don ghníomhaireacht rátála creidmheasa soiléirithe oiriúnacha a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo, chomh fada agus is féidir, inchomparáide le pátrúin tionscail ar bith atá ann cheana chun cabhrú le hinfheisteoirí comparáidí feidhmíochta a dhéanamh idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa difriúla. (18) I ndálaí ar leith, is féidir go mbeidh éifeachtaí ag ionstraimí airgeadais struchtúraithe atá difriúil ó ionstraimí fiachais chorparáidigh traidisiúnta. D'fhéadfadh sé a bheith míthreorach d'infheisteoirí má chuirtear na catagóirí rátála céanna chun feidhme ar an dá chineál ionstraime gan tuilleadh mínithe. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ról a ghlacadh maidir le feasacht a mhúscailt i measc úsáideoirí rátálacha faoi shainiúlachtaí táirgí airgeadais struchtúraithe i gcomparáid leis na cinn thraidisiúnta. Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa catagóirí rátála difriúla a úsáid agus iad ag rátáil ionstraimí airgeadais struchtúraithe nó faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir le tréithe difriúla na dtáirgí seo. (19) Ba cheart do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa bearta a dhéanamh chun cásanna a sheachaint ina n-iarrann eisitheoirí réamh-mheasúnú rátála na hionstraime airgeadais struchtúraithe i gceist ó roinnt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun an ceann a thairgeann an rátáil chreidmheasa is fearr i leith an struchtúir mholta a aithint. Ba cheart d'eisitheoirí cleachtais den sórt sin a sheachaint. (20) Ba cheart do ghníomhaireacht rátála creidmheasa taifid a choimeád maidir le modheolaíocht na rátálacha agus athruithe orthu a thabhairt suas chun dáta go rialta agus taifid a choimeád maidir le heilimintí substaintiúla an phlé idir an anailísí agus an eintiteas gaolmhar nó a gcuid tríú páirtithe gaolmhara. (21) Chun leibhéal ard muiníne a áirithiú i measc infheisteoirí agus tomhaltóirí as an margadh inmheánach, ba cheart go mbeadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a eisíonn rátálacha creidmheasa a bhfuil sé de rún iad a úsáid chun críocha rialála ag institiúidí airgeadais sa Chomhphobal faoi réir clárúcháin. Tá sé riachtanach mar sin na coinníollacha agus an nós imeachta a leagan síos chun an clárúchán sin a cheadú, a chur ar fionraí nó a aistarraingt. (22) Ba cheart go mbeadh cead ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha rátálacha creidmheasa a eisiúint ar fud an Chomhphobail. Tá gá mar sin clárúchán aonair a bhunú i gcomhair gach gníomhaireachta rátála creidmheasa a bheidh bailí ar fud an Chomhphobail. (23) Tá roinnt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa comhdhéanta de roinnt eintiteas dlí ar grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa iad le chéile. Agus iad ag clárú gach ceann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá mar chuid de ghrúpa den sórt sin, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann measúnú na n-iarratas a chuireann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar leis an ngrúpa céanna iad isteach a chomhordú. (24) Tá gá le pointe aonair a bhunú i gcomhair iarratais ar chlárúchán a chur isteach. Ba cheart do CESR iarratais a fháil ar chlárúchán agus údaráis inniúla sna Ballstáit a chur ar an eolas go héifeachtach. Ina dhiaidh sin, ba cheart go ndéanfadh an t-údarás inniúil ábhartha ar an leibhéal náisiúnta scrúdú ar na hiarratais ar chlárúchán. Chun déileáil go héifeachtach le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ba cheart d'údaráis inniúla laistigh de CESR líonra oibríochtúil a chur ar bun atá tacaithe ag bonneagar teicneolaíochta faisnéise éifeachtach agus fochoiste a chur ar bun atá speisialaithe i réimse na rátála creidmheasa le haghaidh gach ceann de na haicmí sócmhainne a rátálann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. (25) Tá an Coimisiún tár éis grúpa ardleibhéal a bhunú i Samhain 2008 a scúdóidh struchtúr maoirseachta Eorpach sa todhchaí i réimse na seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear ról CESR. (26) Ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit baile maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa, agus, i gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, i bpáirt le húdaráis inniúla na mBallstát eile i gceist agus faoi chomhordú CESR. (27) Chun ardleibhéal muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí a chothabháil agus chun rialú leanúnach na rátálacha creidmheasa a úsáideann institiúidí airgeadais sa Chomhphobal a chumasú, ba cheart go n-éileofaí ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhfuil a gceanncheathrú lasmuigh den Chomhphobal fochuideachta a chur ar bun sa Chomhphobal ionas gur féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí sa Chomhphobal. (28) Tá sé oiriúnach meicníocht a chruthú chun forghníomhú éifeachtúil fhorálacha an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart go mbeadh fáil ag údaráis inniúla na mBallstát ar na hacmhainní riachtanacha chun a áirithiú go bhfuil na rátálacha atá le húsáid laistigh den Chomhphobal eisithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Toisc gur cheart neamhspleáchas anailíseach na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá ag eisiúint na rátálacha creidmheasa a chaomhnú, níor cheart do na húdaráis inniúla cur isteach ar shubstaint na rátálacha creidmheasa ná ar na modheolaíochtaí ina n-áirithíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa na rátálacha creidmheasa. (29) Ar mhaithe le héifeachtacht na maoirseachta agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart do na húdaráis inniúla sna Ballstáit comhoibriú le chéile. (30) Sa chás nach ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit baile na bearta is gá chun mírialtachtaí a dhéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa a dhíchur, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla de chuid Ballstáit eile in ann idirghabháil agus bearta oiriúnacha a dhéanamh. (31) Tá gá le cóineasacht na gcumhachtaí atá ag na húdaráis inniúla a fheabhsú chun forghníomhnú den láidreacht chéanna a bhaint amach ar fud an mhargaidh inmheánaigh. (32) Ba cheart do CESR comhchuibheas a áirithiú i gcur i bhfeidhm an Rialacháin. Ba cheart comhoibriú na n-údarás inniúil a fheabhsú agus a éascú maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta agus ról comhordaithe a ghlacadh air féin i gcleachtas maoirseachta laethúil. Ba cheart do CESR meicníocht eadrána a chur ar bun mar sin chun cur chuige comhtháite na n-údarás inniúil a éascú. (33) Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na smachtbhannaí éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach. (34) Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise idir údaráis inniúla, údaráis eile, comhlachtaí nó daoine i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE an 24 Deireadh Fómhair 1995 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[29]. (35) Trí bhíthin creata dlí níos soiléire agus níos déine ina mbeidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ag oibriú, beidh sé níos éasca leas a bhaint as caingne sibhialta i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcásanna iomchuí, i gcomhréir le réimis infheidhme dhliteanais na mBallstát. (36) Ba cheart na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[30]. (37) Ba cheart go mbeadh an chumhacht ag an gCoimisiún Iarscríbhinn I agus II den Rialachán a leasú, Rialachán ina leagtar síos na critéir ar leith le haghaidh comhlíonadh gníomhaireachta rátála creidmheasa lena gcuid dualgas i dtéarmaí eagraithe inmheánaigh, socruithe oibríochtúla, rialacha maidir le fostaithe, cur i láthair rátálacha creidmheasa agus nochtadh a mheasúnú. Toisc go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (38) Toisc nach féidir le Ballstáit cuspóirí an ghnímh le déanamh, eadhon leibhéal ard cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a áirithiú trí creat coiteann a leagan síos maidir le caighdeán na rátálacha creidmheasa le húsáid ag na institiúidí airgeadais a fheidhmíonn sa mhargadh inmheánach a bhaint amach go sásúil, toisc an t-easpa reachtaíochta náisiúnta agus go bhfuil móramh na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ann faoi láthair bunaithe taobh amuigh den Chomhphobal, agus gur féidir na cuspóirí a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach d'fhonn na gcuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: TEIDEAL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1 Ábhar Tugann an Rialachán isteach cur chuige coiteann maidir le caighdeán ard na rátálacha creidmheasa le húsáid sa Chomhphobal a áirithiú, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus leibhéal ard cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a bhaint amach ag an am céanna. Leagann sé síos na coinníollacha maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa agus na rialacha maidir le heagrú agus le hiompar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun a neamhspleáchas a áirithiú i gcleachtas agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Airteagal 2 Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le rátálacha creidmheasa a bheartaítear go n-úsáidfidh institiúidí creidmheasa iad chun críocha rialála nó ar dhóigh eile mar atá sainmhínithe i dTreoir 2006/48/CE, agus gnóthais infheistíochta mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31], gnóthais árachais faoi réir Threoir ón gComhairle 73/239/CEE[32], gnóthais árachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[33], gnóthais athárachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[34], gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) mar atá sainmhínithe i dTreoir [2009/XX/CE[35]] nó institiúidí le haghaidh foráil a dhéanamh i gcomhair scoir cheirde mar atá sainmhínithe i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[36] agus a nochtar go poiblí nó a dháiltear trí bhíthin síntiúis. 2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le rátálacha creidmheasa príobháideacha. Ní bheidh feidhm aige maidir le rátálacha creidmheasa a eisíonn comhlachtaí poiblí nach nochtar a gcuid rátálacha creidmheasa agus nach n-íocann an t-eintiteas rátáilte. Airteagal 3 Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: a) ciallaíonn "rátáil chreidmheasa" tuairim maidir le creidmheasacht eintitis, ceangaltas creidmheasa, iasacht nó ionstraim atá cosúil le hiasacht nó maidir le heisitheoir a leithéid d'oibleagáidí, eisithe ag baint úsáide as córas rangaithe sainmhínithe agus bunaithe de chatagóirí rátála; b) ciallaíonn "gníomhaireacht rátála creidmheasa" duine dlítheanach gurb é eisiúint rátálacha creidmheasa a cheird rialta agus phríomha; c) ciallaíonn "Ballstát baile" Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa lonnaithe; d) ciallaíonn "anailísí" duine a dhéanann feidhmeanna anailíseacha atá riachtanach chun rátáil chreidmheasa a eisiúint; e) ciallaíonn "eintiteas rátáilte" duine dlítheanach a bhfuil a chreidmheasacht rátáilte go sainráite nó go hiontuigthe sa rátáil chreidmheasa, cibé ar iarr sé an rátáil chreidmheasa sin nó nár iarr nó cibé ar chuir sé faisnéis ar fáil i gcomhair na rátála creidmheasa nó nár chuir; f) ciallaíonn "catagóir rátála" siombail rátála a úsáidtear i gcomhair rátálacha creidmheasa difriúla a aithint maidir le gach aicme rátálacha creidmheasa chun tréithe riosca na gcineálacha difriúla eintiteas rátáilte, eisitheoirí agus ionstraimí airgeadais difriúla a shonrú; g) ciallaíonn "tríú páirtí gaolmhar" tionscnóir, socraitheoir, urraitheoir, seirbhíseoir nó páirtí ar bith eile a idirghníomhaíonn le gníomhaireacht rátála creidmheasa ar son an eintitis rátáilte, lena n-áirítear duine ar bith a bhfuil baint go díreach nó go hindíreach aige/aici léi trí bhíthin rialaithe; h) ciallaíonn "rialú" an caidreamh idir máthair-ghnóthas agus foghnóthas, mar atá leagtha amach in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle[37], nó caidreamh atá cosúil leis idir duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas; i) ciallaíonn "ionstraimí airgeadais" na hionstraimí atá liostaithe i gCuid C d'Iarscríbhinn I le Treoir 2004/39/CE; j) ciallaíonn "ionstraim airgeadais struchtúraithe" ionstraim a éiríonn as idirbheart nó scéim dá dtagraítear in Airteagal 4(36) de Threoir 2006/48/CE; k) ciallaíonn "grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa" grúpa gnóthas atá comhdhéanta de mháthair-ghnóthas agus fochuideachtaí laistigh de chiall Airteagal 1 agus 2 de Threoir 83/349/CEE [38], chomh maith le gnóthais atá nasctha le chéile, trí chaidreamh laistigh de chiall Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE agus gurb é a cheird rialta agus phríomha rátálacha creidmheasa a eisiúint. 2. Chun críocha phointe (a) de mhír 1, ní bhreathnófar ar rátálacha creidmheasa mar mholtaí laistigh de chiall Airteagal 1(3) de Threoir 2003/125/CE ón gCoimisiún[39]. Airteagal 4 Rátálacha creidmheasa a úsáid Ní féidir le hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus áthárachais, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) agus institiúidí um sholáthar scoir gairme dá dtagraítear in Airteagal 2 rátálacha creidmheasa a úsáid ar mhaithe le rialáil ach amháin más rud é go bhfuil siad eisithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa Chomhphobal agus cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní chóir do ghnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i dTreoir 2000/39/CE orduithe a chur i gcrích thar ceann a gcliaint i ndáil le hionstraimí airgeadais atá rátáilte, mura rud é gur gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a d'eisigh an rátáil creidmheasa. TEIDEAL II RÁTÁLACHA CREIDMHEASA A EISIÚINT Airteagal 5 Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach n-imreoidh aon choinbhleacht leasa reatha nó féideartha nó aon chaidreamh gnó a bhfuil baint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag eisiúint an rátáil chreidmheasa, a gcuid bainisteoirí, fostaithe nó duine ar bith a bhfuil nasc díreach nó indíreach leis trí rialú tionchar a imirt ar an rátáil chreidmheasa a eisiúint. 2. Chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí le mír 1, cloífidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa leis na ceanglais a leagtar amach i gCodanna A agus B d'Iarscríbhinn I. Airteagal 6 Fostaithe 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go bhfuil an t-eolas agus an taithí oiriúnach ag na fostaithe a bhfuil baint acu go díreach leis an bpróiseas rátála creidmheasa i gcomhar na ndualgas atá sannta dóibh. 2. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach gceadaítear d'fhostaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rátála creidmheasa go díreach idirbheartaíochtaí maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh nó páirt a ghlacadh iontu le heintiteas ar bith, tríú páirtí gaolmhar nó le duine ar bith a bhfuil nasc acu go díreach nó go hindíreach leis an eintiteas rátáilte trí rialú. 3. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go ndéanfaidh na fostaithe a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas rátála creidmheasa na ceanglais a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. 4. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach mbeidh baint ag anailísithe agus daoine atá ag faomhadh rátálacha creidmheasa maidir le seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar don eintiteas rátáilte céanna nó dá tríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse níos mó ná ceithre bliana. Chuige sin déanfaidh sé meicníocht sealaíochta a bhunú i leith na n-anailísithe agus na ndaoine sin. Ní féidir leis an tréimhse ar ag a deireadh is féidir leis na hanailísithe agus na daoine a dhéanann rátálacha creidmheasa a fhaomhadh baint a bheith acu le seirbhísí rátála creidmheasa a chur ar fáil don eintiteas rátáilte nó do thríú páirtithe gaolmhara dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith níos giorra ná dhá bhliain. 5. Ní chuirfear mír 4 chun feidhme i leith gníomhaireacht rátála creidmheasa a fhostaíonn níos lú ná 50 fostaí agus a ghlacann le bearta chun oibiachtúlacht na n-anailísithe sna caidrimh leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtithe gaolmhara a áirithiú. 6. Ní bheidh cúiteamh agus luacháil feidhmíochta na n-anailísithe agus na ndaoine a dhéanann na rátálacha creidmheasa a fhaomhadh ag brath ar an ioncam a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ón eintiteas nó ó na tríú páirtithe gaolmhara a gcuireann an anailísí nó na daoine atá ag faomhadh na rátálacha creidmheasa seirbhísí ar fáil dóibh. Airteagal 7 Modheolaíochtaí rátála 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu sa phróiseas rátála a nochtadh don phobal. 2. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa a dhéanann sí a tháirgeadh agus a scaipeadh bunaithe ar anailís ar an bhfaisnéis ábhartha ar fad atá ar fáil di de réir a cuid modheolaíochtaí rátála. Glacfaidh sí leis na bearta riachtanacha ar fad le go mbeidh an fhaisnéis a úsáideann sí ar chaighdeán sách ard chun rátáil chreidmheasa a shannadh agus go bhfaightear an fhaisnéis sin as foinsí iontaofa. 3. Nuair atá gníomhaireacht rátála creidmheasa ag baint úsáide as rátáil chreidmheasa reatha nó rátálacha a d'ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe, ní dhiúltóidh sí rátáil chreidmheasa eintitis nó ionstraim airgeadais a eisiúint toisc rátáil a bheith déanta ar chuid den eintiteas nó den ionstraim airgeadais roimhe sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa eile. Coinneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa taifead de na cásanna ar fad ina ndéanann a próiseas rátála creidmheasa íosghrádú ar rátálacha creidmheasa reatha a d'ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe ag cur bunúis ar fáil don íosghrádú. 4. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa monatóireacht ar rátálacha creidmheasa agus athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa nuair is gá. Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socruithe inmheánacha ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar an iarmhairt a bhíonn ag athruithe ar choinníollacha margaidh maicreacnamaíocha nó airgeadais ar rátálacha creidmheasa. 5. Nuair a dhéantar modheolaíochtaí, samhlacha nó príomh-bhoinn tuisceana rátála a athrú déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa: a) raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa a n-imreofar tionchar orthu a nochtadh láithreach, ag úsáid an modh cumarsáide céanna agus a bhí in úsáid chun na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu a scaipeadh; b) athbhreithniú ar na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu chomh luath agus is féidir agus 6 mhí i ndiaidh an athraithe ar a dhéanaí, agus súil a choinneáil ar na rátálacha sin idir an dá linn; c) athrátáil ar na rátálacha creidmheasa ar fad a bhí bunaithe ar na modheolaíochtaí, samhlacha nó boinn tuisceana sin. Airteagal 8 Rátálacha creidmheasa a nochtadh agus a chur i láthair 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa ar bith a nochtadh, chomh maith le cinntí ar bith gan leanúint ar aghaidh le rátáil chreidmheasa ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil. Ní chuirfear an chéad fhomhír chun feidhme i leith rátálacha creidmheasa a scaiptear trí shíntiús. 2. Cuirfear rátálacha creidmheasa i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid D d'Iarscríbhinn I. 3. Nuair a eiseoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil i gcomhair ionstraimí airgeadais struchtúraithe déanfaidh sí ceann acu seo a leanas a áirithiú: a) déanfar catagóirí rátála creidmheasa ar féidir iad a bheith inchurtha i leith ionstraimí airgeadais struchtúraithe a dhifriú ó chatagóirí rátála ar féidir úsáid a bhaint astu chun rátáil a dhéanamh ar chineálacha eile eintiteas nó ionstraimí airgeadais rátáilte; b) tuairisc a fhoilsiú a thugann cur síos mionsonraithe ar an modheolaíocht rátála a úsáideadh chun an rátáil chreidmheasa a shocrú agus míniúchán faoin gcaoi ina bhfuil sé difriúil ó rátálacha a shocrú d'eintiteas nó ionstraim airgeadais rátáilte de chineál ar bith eile, agus an chaoi a bhfuil difríocht idir ghnéithe riosca creidmheasa a bhaineann le hionstraimí airgeadais struchtúraithe agus an riosca a bhaineann le heintiteas nó le hionstraim airgeadais rátáilte de chineál ar bith eile. 4. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid beartais agus nósanna imeachta i leith rátálacha creidmheasa gan iarraidh a nochtadh. 5. Nuair a eiseoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa gan iarraidh sonrófar sa rátáil chreidmheasa nár ghlac an t-eintiteas rátáilte nó an tríú páirtí gaolmhar páirt sa phróiseas rátála creidmheasa agus nach raibh cuntais agus doiciméid inmheánacha ábhartha eile an eintitis rátáilte nó a tríú páirtí gaolmhar ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa. Déanfar rátálacha creidmheasa gan iarraidh a aithint le catagóir rátála creidmheasa difriúil. Airteagal 9 Nochtuithe ginearálta agus tréimhsiúla 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, Fochuid I a nochtadh agus a nuashonrú go hiomlán agus go poiblí láithreach. 2. Cuirfidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faisnéis maidir lena gcuid sonraí feidhmíochta stairiúla agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa roimhe seo a chur ar fáil i stór lárnach a bhunóidh CESR. Beidh an stór seo ar oscailt don phobal. 3. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, Fochuid II, pointe 2 chur ar fáil go bliantúil don údarás inniúil sa Bhallstát baile. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile an fhaisnéis sin a nochtadh. Airteagal 10 Tuarascáil trédhearcachta Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú go bliantúil a chuimsíonn an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, Fochuid III. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú trí mhí i ndiaidh deireadh gach bliain airgeadais ar a dhéanaí agus déanfaidh sí a áirithiú go mbeidh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin na gníomhaireachta ar feadh cúig bliana ar a laghad. Airteagal 11 Táillí um nochtadh poiblí Ní fhéadann gníomhaireacht rátála creidmheasa táille a ghearradh as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagail 7 go 10. TEIDEAL IIIFAIREACHAS AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ RÁTÁLA CREIDMHEASA CAIBIDIL IAN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE CLÁRÚCHÁN Airteagal 12 Ceanglas maidir le clárúchán 1. Is féidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas a dhéanamh ar chlárúchán d'fhonn a áirithiú gur féidir le hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus áthárachais, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) agus institiúidí scoir gairme dá dtagraítear in Airteagal 2 rátálacha creidmheasa a úsáid ar mhaithe le rialáil ar an gcoinníoll gur duine dlítheanach é atá bunaithe sa Chomhphobal. 2. Beidh an clárúchán bailí ar fud críche iomláin an Chomhphobail, i ndiaidh é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 15(3). 3. Cloífidh gníomhaireacht rátála creidmheasa cláraithe leis na coinníollacha don chlárúchán bunaidh an t-am ar fad. Cuirfidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha don chlárúchán bunaidh in iúl don údarás inniúil sa Bhallstát baile. 4. Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú más rud é go gcloíonn sí leis na coinníollacha maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad. 5. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla aon cheanglais bhreise a fhorchur ar an gclárúchán nach ndéantar foráil dóibh sa Rialachán seo. Airteagal 13 Iarratas ar chlárúchán 1. Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán faoi bhráid CESR. Beidh faisnéis ar na hábhair a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh san iarratas. 2. Is féidir le grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa iarratas a chur isteach ar chlárúchán. Sa chás sin tabharfaidh baill an ghrúpa sainordú do dhuine amháin de bhaill an ghrúpa an t-iarratas a chur faoi bhráid CESR thar ceann an ghrúpa. Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sainordaithe faisnéis ar fáil maidir leis na hábhair a leagtar amach in Iarscríbhinn II i gcomhair gach ball den ghrúpa. 3. Laistigh de 10 lá ón iarratas a fháil, déanfaidh CESR an t-iarratas a tharchur chuig an údarás inniúil sa Bhallstát baile agus cuirfear na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile ar an eolas faoin tarchur sin. Airteagal 14 Scrúdú na n-údarás inniúil ar an iarratas 1. Laistigh de 10 lá ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile scrúdú féachaint an bhfuil an t-iarratas iomlán nó nach bhfuil. Sa chás nach bhfuil an t-iarratas iomlán, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile spriocdháta a leagan síos faoina gcuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis bhreise ar fáil. 2. I ndiaidh iarratas iomlán a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an t-iarratas a tharchur chuig údarás inniúil na mBallstát eile agus chuig CESR. 3. Sa chás go ndéanfaidh grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán a chur isteach comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát baile go dlúth sa phróiseas clárúcháin. Roghnóidh siad éascaitheoir ina measc féin ag tógáil na gcritéar seo a leanas san áireamh: (a) an áit ina dtugann an grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi nó ina bhfuil sé beartaithe acu tabhairt faoin gcuid is tábhachtaí dá gcuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa laistigh den Chomhphobal; (b) an áit ina gcruthaíonn an grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó gur féidir a bheith ag súil leis go gcruthóidh siad an chuid is mó d'ioncam an ghrúpa. 4. Déanfaidh an t-éascaitheoir an scrúdú ar an iarratas a chuirfidh an grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa isteach a chomhordú agus áiritheoidh sé go ndéantar an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun dul i mbun scrúdaithe ar an iarratas a roinnt i measc na n-údarás inniúil. 5. I gcás iarratais ar chlárúchán ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa scrúdóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an t-iarratas agus ullmhóidh sé tuairim cibé ar chóir an clárúchán a dheonú nó a dhiúltú. Sa chás go ndéanfaidh grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán a chur isteach, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile comhscrúdú ar an iarratas ar chlárúchán agus tiocfaidh siad ar chomhaontú cibé ar chóir an clárúchán a dheonú nó a dhiúltú. Airteagal 15 Cinneadh maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú 1. Laistigh de 40 lá ón iarratas iomlán a fháil agus roimh an gclárúchán, cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile dréachtchinneadh clárúcháin nó dréachtchinneadh diúltaithe, ina gcuimsítear spreagadh an chinnidh, in iúl don CESR. I gcás iarratais a chuirfidh grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa isteach cuirfidh an t-éascaitheoir toradh an chómheasúnaithe in iúl don CESR. Laistigh de 15 lá ón gcumarsáid sin a fháil, cuirfidh CESR a dhearcadh i leith an iarratais in iúl. Féadfaidh CESR iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit baile lena mbaineann athscrúdú a dhéanamh ar an dréachtchinneadh clárúcháin sa chás go measann sé nach ndéantar na coinníollacha atá riachtanach don chlárúchán mar a leagtar amach i dTeideal II iad a chomhlíonadh nó athscrúdú a dhéanamh ar an dréachtchinneadh diúltaithe sa chás go measann sé go ndéantar na coinníollacha atá riachtanach don chlárúchán mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad a chomhlíonadh. 2. Glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile lena chinneadh laistigh de 15 lá ó thuairim CESR a fháil. Sa chás go n-imeoidh údárás inniúil an Bhallstáit baile ó thuairim CESR, tabharfaidh sé spreagadh an chinnidh. Sa chás nach gcuirtear tuairim ar bith isteach, glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile lena chinneadh laistigh de 30 lá tar éis don dréachtchinneadh clárúcháin, dá dtagraítear i mír 1, a bheith curtha in iúl don CESR. Nuair atá grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gceist glacfaidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát baile lena chinneadh ar bhonn thoradh an chómheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(5). Laistigh de 10 lá i ndiaidh glacadh nó diúltú leis an dréachtchinneadh cuirfear in iúl do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa lena mbaineann cibé ar cláraíodh nó nár cláraíodh iad. Nuair a dhiúltóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú, tabharfaidh sé fáthanna an diúltaithe sa chinneadh don ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann. 3. Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile in iúl don Choimisiún Eorpach, don CESR agus do na húdaráis inniúla eile faoin gclárúchán a rinne sé. Foilseoidh an Coimisiún Eorpach liosta suas chun dáta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo laistigh de 30 lá ón uair a chuireann an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an mhéid sin in iúl dó. Airteagal 16 Táille clárúcháin Féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile táille clárúcháin a ghearradh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa. Beidh an táille clárúcháin comhréireach le costas na nósanna imeachta sa Bhallstát sin. Airteagal 17 Clárúchán a tharraingt siar 1. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar sa chás: a) go dtréigeann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil rátálacha creidmheasa ar bith curtha ar fáil don sé mhí roimhe sin; b) go bhfuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar mhodhanna neamhrialta ar bith eile; c) nach gcomhlíonfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh; d) gur sháraigh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa forálacha an Rialacháin seo a rialaíonn coinníollacha oibriúcháin na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa. 2. Comhoibreoidh údaráis inniúla Bhallstát baile na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá mar chuid de ghrúpa go dlúth le chéile. Tabharfaidh siad faoi chómheasúnú a ndéanfaidh an t-éascaitheoir comhordú air. Tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis an riachtanas an clárúchán a tharraingt siar. Glacfaidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát baile lena chinneadh ar bhonn an chomhaontaithe. 3. Féadfaidh CESR nó údarás inniúil ó Bhallstát eile, ina mbaintear úsáid as na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann, a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit baile scrúdú a dhéanamh féachaint an ndéantar na coinníollacha chun an clárúchán a tharraingt siar a chomhlíonadh. Sa chás go gcinneann údarás inniúil an Bhallstáit baile gan clárú na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann a aistarraingt, tabharfaidh sé spreagadh an chinnidh. 4. Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile in iúl don Choimisiún Eorpach, don CESR agus do na húdaráis inniúla eile faoin gclárúchán a tharraingt siar, agus beidh feidhm láithreach leis ar fud an Chomhphobail. Foilseoidh an Coimisiún Eorpach liosta suas chun dáta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar tarraingíodh a gclárúchán siar laistigh de 30 lá ón uair a chuireann an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile an mhéid sin in iúl dó. CAIBIDIL II CESR AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA Airteagal 18 An Coiste Rialtóirí Urrús Eorpach (CESR) 1. Cuirfidh CESR comhairle ar fáil do na húdaráis inniúla, sna cásanna ina bhfuil foráil dóibh sa Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla an chomhairle sin a mheas sula nglactar cinneadh deiridh ar bith faoin Rialachán seo. 2. Roimh [laistigh de bhliain amháin i ndiaidh don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] déanfaidh CESR Treoir a eisiúint i dtaca le: (a) an próiseas clárúcháin agus socruithe comhordaithe idir údaráis inniúla agus CESR; (b) cleachtais agus gníomhaíochtaí forghníomhaithe na n-údarás inniúil; (c) caighdeáin chomhchoiteann maidir le cur i láthair na faisnéise a nochtóidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus Iarscríbhinn I, Cuid E, Fochuid II, Pointe 1. 3. Foilseoidh CESR tuarascáil maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme roimh [laistigh de bhliain amháin i ndiaidh don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] agus gach bliain ina dhiaidh sin. 4. Comhoibreoidh CESR, nuair is cuí, leis an gCoiste Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha arna bhunú ag Cinneadh 2004/5/CE ón gCoimisiún [40] agus leis an gCoiste Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha arna bhunú ag Cinneadh 2004/6/CE ón gCoimisiún [41]. Airteagal 19 Údaráis inniúla 1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun críche an Rialacháin seo. 2. Beidh a ndóthain baill foirne ag údaráis inniúla chun go mbeidh siad in ann an Rialachán seo a chur chun feidhme. Airteagal 20 Cumhachtaí na n-údarás inniúil 1. Agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin Rialachán seo, ní chuirfidh údaráis inniúla na mBallstát isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa. 2. Ionas go gcomhlíonfaidh siad a gcuid dualgas beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag údaráis inniúla a theastaíonn uathu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Déanfaidh siad a gcumhachtaí a fheidhmiú: (a) go díreach; (b) i gcomhoibriú le húdaráis eile; nó (c) trí iarratas a a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. 3. Beidh na cumhachtaí seo a leanas ag údaráis inniúla na mBallstát: (a) rochtain a fháil ar dhoiciméad ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a thógáil; (b) faisnéis a éileamh ó dhuine ar bith agus duine a thoghairm más gá agus ceisteanna a chur air/uirthi chun faisnéis a fháil; (c) tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra nó dá uireasa; (d) taifid a éileamh de thrácht teileafóin agus sonraí. Airteagal 21 Bearta maoirseachta 1. Féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile na bearta seo a leanas a ghlacadh: (a) an clárúchán a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 17; (b) cosc sealadach a fhorchur maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint le héifeacht ar fud an Chomhphobail; (c) fionraíocht maidir le rátálacha creidmheasa a úsáid a fhorchur le héifeacht ar fud an Chomhphobail; (d) bearta oiriúnacha a ghlacadh chun a áirithiú go leanann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar aghaidh ag cloí le ceanglais dlíthiúla; (e) fógraí poiblí a eisiúint nuair a sháraíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo; (f) cúrsaí a tharchur chuig na dlínsí inniúla i gcomhair ionchúisimh choiriúil. 2. Ní bhainfidh údaráis inniúla úsáid as na cumhachtaí a ndéantar foráil dóibh i mír 1 agus in Airteagal 22 roimh dréachtchinneadh a thugann an méid a spreag an cinneadh a chur in iúl do CESR. Cuirfidh CESR a dhearcadh i leith an dhréachtchinnidh in iúl laistigh de 15 lá ón gcumarsáid sin a fháil. Ní chuirfear an chéad fhomhír chun feidhme i gcásanna práinneacha, go háirithe i gcás a chuirfeadh feidhmiú ordúil na margaí airgeadais i mbaol. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil CESR ar an eolas láithreach faoin gcinneadh a thógfar. Airteagal 22 Gníomhartha na n-údarás inniúil seachas údarás inniúil an Bhallstáit baile Nuair atá foras ag údarás inniúil Ballstáit a chreidiúint go bhfuil gníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag feidhmiú laistigh dá chríoch ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, cuirfidh sé an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile ar an eolas faoi. Más rud é, tar éis caibidlí idir na húdaráis inniúla lena mbaineann, go ndiúltaíonn údarás inniúil an Bhallstáit baile gníomhú nó mura bhfuil sé in ann bearta éifeachtacha a ghlacadh nó, más rud é go nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile le bearta ach go mbíonn na bearta sin uireasach chun leasanna na n-infheisteoirí sa Bhallstát lena mbaineann nó feidhmiú ordúil na margaí a chosaint, is féidir le húdarás inniúil an Bhallstáit sin na bearta oiriúnacha ar fad a ghlacadh ach amháin na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) d'Airteagal 21(1), i ndiaidh dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas fúthu. Rachfar i mbun comhairle le CESR sula nglactar bearta den sórt sin. CAIBIDIL III COMHOIBRIÚ I MEASC NA nÚDARÁS INNIÚIL Airteagal 23 Dualgas dul i mbun comhoibrithe Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i mbun comhoibriú nuair atá sé riachtanach chun críche an Rialacháin seo, lena n-áirítear cásanna nuair nach bhfuil an t-iompar atá á fhiosrú ag sárú rialachán ar bith atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann. Airteagal 24 Comhoibriú i gcás iarratais ar chigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair 1. Féadfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair. Cuirfidh an t-údarás inniúil CESR ar an eolas faoi iarratas ar bith dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó cigireachta le héifeacht trasteorann, féadfaidh CESR comhordú ar an imscrúdú nó ar an gcigireacht a ghlacadh chuige féin. 2. Nuair a gheobhaidh údarás inniúil iarratas ó údarás inniúil Bhallstát eile chun tabhairt faoi chigireacht nó imscrúdú ar an láthair, déanfaidh sé ceann ar bith díobh seo a leanas: a) tabhairt faoi chigireacht nó imscrúdú ar an láthair é féin; b) cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an t-iarratas páirt a ghlacadh i gcigireacht nó in imscrúdú ar an láthair; c) cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir isteach an t-iarratas tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair é féin; d) iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh le tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair; e) cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile. Airteagal 25 Comhoibriú na n-údarás inniúil i gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa 1. I gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 14(3) rachaidh údaráis inniúla na mBallstát baile lena mbaineann i gcomhairle lena chéile sula nglactar bearta i gcomhréir leis an Rialachán seo. 2. Déanfaidh an t-éascaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 14(3) gníomhartha údarás inniúil na mBallstát baile lena mbaineann a phleanáil agus a chomhordú. 3. Bunóidh an t-éascaitheoir agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann socruithe comhordaithe i leith na n-ábhar seo a leanas: a) faisnéis atá le malartú i measc údarás inniúil; b) cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile; c) cásanna ina ndéanfaidh údaráis inniúla cúraimí maoirseachta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 24. Airteagal 26 Cúraimí a tharmligean idir údaráis inniúla Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile ceann ar bith dá chúraimí a tarmligean ar údarás inniúil as Ballstát eile faoi réir comhaontaithe an údaráis sin. Níl sé i gceist go n-imreoidh tarmligean cúraimí tionchar ar fhreagracht an údaráis inniúil a cheaptar. Airteagal 27 Eadráin 1. Bunóidh CESR meicníocht eadrána mar chabhair chun teacht ar dhearcadh coiteann i measc na n-údarás inniúil lena mbaineann. 2. I gcás easaontú i measc údaráis inniúla na mBallstát maidir le measúnú nó gníomh faoin Rialachán seo, déanfaidh údaráis inniúla an t-ábhar a tharchur chuig CESR i gcomhair eadrána. Glacfaidh na húdaráis inniúla tuairim CESR san áireamh. Airteagal 28 Rúndacht phroifisiúnta 1. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta proifisiúnta maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh leis an údarás inniúil nó d'údarás nó do dhuine ar bith a ndearna an t-údarás inniúil cúraimí a tharmligean orthu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás inniúil ar chonradh. Ní fhéadfar faisnéis atá clúdaithe ag rúndacht phroifisiúnta a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile ach amháin nuair atá nochtadh den chineál sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla. 2. Glacfar leis go bhfuil an fhaisnéis ar fad a dhéantar a mhalartú i measc na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo faoi rún, ach amháin nuair a shonraíonn an t-údarás inniúil ag uair na cumarsáide gur féidir an fhaisnéis sin a nochtadh nó nuair atá nochtadh den chineál sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla. CAIBIDIL IV COMHOIBRIÚ LE TRÍÚ TÍORTHA Airteagal 29 Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú Féadfaidh na húdaráis inniúla comhaontuithe a chur i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla tríú tíortha sa chás go bhfuil an fhaisnéis a nochtfar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta proifisiúnta atá comhionann ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 28 amháin. Caithfidh malartú faisnéise den chineál sin a bheith beartaithe le húsáid chun cúraimí na n-údarás inniúil sin a chur i gcrích. Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, cuirfidh Ballstáit Treoir 95/46/CE chun feidhme. Airteagal 30 Faisnéis a nochtadh Ní fhéadfaidh údarás inniúil Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear ó údarás inniúil Ballstáit eile nó ó údaráis inniúla tríú tíortha a nochtadh ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú faighte ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann ón údarás inniúil a d'aistrigh an fhaisnéis agus, nuair is infheidhmithe, go ndéantar an fhaisnéis a nochtadh don chuspóir lenar thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú agus sin amháin. TEIDEAL IVPIONÓIS, NÓS IMEACHTA COISTE, TUAIRISCIÚ, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA CAIBIDIL I Pionóis, nós imeachta coiste agus tuairisciú Airteagal 31 Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Ar a laghad, clúdóidh na pionóis, cásanna mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh agus easpa díchill chuí. Caithfidh na pionóis a leagfar amach a bheith éifeachtúil, comhréireach, athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin [sé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí agus cuirfidh siad aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh in iúl dó gan mhoill. Airteagal 32 Leasuithe ar Iarscríbhinní Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun forbairt ar na margaí airgeadais a chur san áireamh, go háirithe i leith ionstraimí airgeadais nua agus maidir le cóineasacht an chleachtais maoirseachta. Glacfar na bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(2). Airteagal 33 Nós imeachta Coiste 1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste um Urrúis Eorpacha a bunaíodh de bharr Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún[42]. 2. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, agus ag féachaint d' fhorálacha Airteagal 8 de. Airteagal 34 Tuairisc Faoi [trí bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] déanfaidh an Coimisiún measúnú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear measúnú ar mar atáthar ag brath ar rátálacha creidmheasa sa Chomhphobal, agus oiriúnacht na híocaíochta ón eintiteas rátáilte leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa ("samhail ina n-íocann an t-eisitheoir") agus cuirfear tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh. CAIBIDIL II Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacaha Airteagal 35 Foráil idirthréimhseach Glacfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ag feidhmiú sa Chomhphobal na bearta riachtanacha ar fad chun cloí leis an Rialachán seo faoin [dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm] agus cuirfidh siad iarratas ar chlárúchán isteach faoi [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] . Scoirfidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír de rátálacha creidmheasa a eisiúint má dhiúltaítear a gclárúchán. Airteagal 36 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [cuir isteach an dáta beacht; sé mhí tar éis a theacht i bhfeidhm]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle, An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I NEAMHSPLEÁCHAS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA A SHEACHAINT Cuid A Ceanglais eagraíochtúla 1. Beidh bord riaracháin nó maoirseachta ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá freagrach as an méid seo a leanas a áirithiú: a) neamhspleáchas an phróisis rátála; b) go ndéantar coinbhleachtaí leasa a aithint, a bhainistiú agus a nochtadh i gceart; c) go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag cloí leis na ceanglais eile den Rialachán seo. 2. Déanfar gníomhaireacht rátála creidmheasa a eagrú ar bhealach lena n-áirithítear nach lagaíonn leas gnó na cuideachta neamhspleáchas agus cruinneas an phróisis rátála. Beidh dea-chlú ar bhainistíocht shinsearach gníomhaireachta rátála creidmheasa, mar a sainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2006/73/CE ón gCoimisiún[43] agus a ndóthain scileanna agus taithí acu, agus déanfaidh siad bainistíocht slán stuama na gníomhaireachta rátála creidmheasa a áirithiú. Beidh ar a laghad triúr ball neamhfheidhmiúcháin ar bhord riaracháin nó maoirseachta gníomhaireachta rátála creidmheasa a bheidh neamhspleách. Ní bheidh nasc idir luach saothair na mball neamhspleách de bhord riaracháin nó maoirseachta agus feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, agus socrófar é ionas go n-áiritheofar go bhfuil a dtuairim neamhspleách. Is tréimhse a chomhaontófar roimh ré nach sáraíonn cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige na mball neamhspleách den bhord riaracháin nó maoirseachta agus ní dhéanfar é a athnuachan. Ní tharlóidh dífhostú bhaill neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta ach amháin i gcás mí-iompair nó tearcfheidhmíochta gairmiúla. Beidh a ndóthain saineolais ar sheirbhísí airgeadais ag móramh na mball, gach ball neamhspleách san áireamh, ar an mbord riaracháin nó maoirseachta. Ba chóir go mbeadh cur amach agus taithí ghrinn ag ar a laghad ball neamhspleách amháin den bhord seo ar na margaí creidmheasa struchtúraithe agus urrúsaithe ag an leibhéal sinsearach. I dteannta fhreagracht fhoriomlán an bhoird, beidh cúram ar leith ag baill neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta as monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt an bheartais rátála creidmheasa, éifeachtúlacht an chórais inmheánaigh um rialú cáilíochta na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar an bpróiseas rátála creidmheasa chun a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ar bith ann agus na próisis um chomhlíonadh agus rialachas lena n-áirítear éifeachtacht na feidhme athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe 7 den Chuid seo. Cuirfear tuairimí na stiúrthóirí neamhspleácha i leith na gcúrsaí seo faoi bhráid an bhoird go tréimhsiúil agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad, nuair a iarrann an t-údarás a leithéid. 3. Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa beartais agus nósanna imeachta ar bun chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí leis an Rialachán seo. 4. Beidh nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slán, meicníochtaí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha um bainistíocht riosca, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise ag gníomhaireacht rátála creidmheasa. 5. Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socruithe eagraíochtúla agus riaracháin chun coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid B a aithint, a sheachaint agus a bhainistiú. Coinneoidh sí taifid ar gach bagairt shuntasach maidir le neamhspleáchas na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus a cuid fostaithe go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rátála creidmheasa, mar aon leis na cosaintí atá á gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú. 6. Bainfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa úsáid as córais oiriúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le feidhmíocht a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa. 7. Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa feidhm athbhreithnithe a bheidh freagrach as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na modheolaíochtaí, samhlacha agus athruithe suntasacha ar mhodheolaíochtaí agus samhlacha a mbaineann sí úsáid astu chomh maith le hoiriúnacht na modheolaíochtaí agus na samhlacha sin chun measúnú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais nua. Caithfidh an fheidhm athbhreithnithe seo a bheith neamhspleách ó na línte gnó atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa agus tuairisc a thabhairt do na baill den bhord riaracháin nó maoirseachta dá dtagraítear i bpointe 2 den Chuid seo. 8. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa monatóireacht agus luacháil ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht a cuid córais, meicníochtaí rialaithe inmheánaigh agus socruithe a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus bearta cuí a ghlacadh chun dul i ngleic le heasnaimh ar bith. Cuid B Ceanglais oibriúcháin 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa coinbhleachtaí leasa a tharlaíonn nó coinbhleachtaí féideartha ar bith a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar anailís nó ar thuairim a cuid anailísithe a ghlacann páirt ó thaobh rátáil chreidmheasa a shocrú, nó ar na daoine a dhéanann rátálacha creidmheasa a fhaomhadh, a aithint agus deireadh a chur leo nó iad a bhainistiú agus a nochtadh nuair is cuí. 2. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ainmneacha na n-eintiteas rátáilte nó tríú páirtithe gaolmhara óna bhfaigheann sí níos mó ná 5% dá hioncam bliantúil a nochtadh go poiblí. 3. Ní dhéanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa a eisiúint nó déanfaidh sí rátáil chreidmheasa reatha a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas: (a) nuair is leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, le hanailísí a ghlac páirt ó thaobh rátáil chreidmheasa a shocrú, nó le duine a dhéanann na rátálacha creidmheasa a fhaomhadh, go díreach nó go hindíreach, ionstraimí airgeadais den eintiteas rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar ar bith nó nuair atá leas úinéireachta díreach nó indíreach ar bith eile acu san eintiteas nó sa pháirtí sin; (b) nuair a eisítear an rátáil chreidmheasa i leith eintitis rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar ar bith a bhfuil nasc acu leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa trí rialú, go díreach nó go hindíreach; (c) nuair atá anailísí a raibh baint aige/aici le rátáil chreidmheasa a shocrú, nó duine a dhéanann an rátáil chreidmheasa a fhaomhadh, ina bhall de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an eintitis rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar ar bith. 4. Ní chuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha ar fáil don eintiteas rátáilte nó do thríú páirtí gaolmhar ar bith a bhaineann le struchtúr corparáideach nó dlíthiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochta an eintitis rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar ar bith. Is féidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí eile a chur ar fáil seachas rátálacha creidmheasa a eisiúint, "seirbhísí coimhdeacha" anseo ina dhiaidh seo. Socróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an méid a thuigeann sí a bheith i gceist le seirbhísí coimhdeacha. Déanfaidh sí a áirithiú nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann lena cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa de bharr seirbhísí coimhdeacha a sholáthar. 5. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach ndéanfaidh anailísithe tograí nó moltaí, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, maidir le dearadh na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe ar a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa. 6. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid bealaí tuairiscithe agus cumarsáide a cheapadh d'fhonn a áirithiú go bhfuil anailísithe agus daoine atá ag déanamh rátálacha creidmheasa a fhaomhadh neamhspleách ó na codanna eile den ghníomhaireacht rátála creidmheasa a léiríonn leasanna tráchtála an eintitis rátála creidmheasa. 7. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa taifid agus rianta iniúchta a choinneáil ar a cuid gníomhaíochtaí ar fad, lena n-áirítear taifid ar chomhaontuithe idir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus an t-eintiteas rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar agus na gnéithe suntasacha ar fad den agallamh leis an eintiteas rátáilte agus lena tríú páirtithe gaolmhara, chomh maith le taifid maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 5, 6 agus 7. 8. Coinneofar taifid agus rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 ag áitreabh na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar feadh cúig bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil iad d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann nuair a iarrtar iad. Nuair a tharraingítear clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa siar, coinneofar na taifid ar feadh trí bliana ar a laghad. 9. Coinneofar taifid a leagann amach cearta agus oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an eintitis rátáilte nó a tríú páirtithe gaolmhara faoi seach faoi chomhaontú chun seirbhísí a chur ar fáil chomh fada agus a mhaireann an caidreamh leis an eintiteas rátáilte sin nó lena tríú páirtithe gaolmhara ar a laghad. Cuid C Rialacha maidir le fostaithe 1. Ní rachaidh anailísithe rátála creidmheasa agus fostaithe eile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rátála creidmheasa go díreach, ná daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo mar atá liostaithe in Airteagal 1(2)(a) go (d) de Threoir 2004/72/CE ón gCoimisiún[44] i mbun ceannacháin nó díolacháin nó i mbun idirbheartaíochta ar bith in ionstraim airgeadais ar bith atá eisithe, faoi urrús nó tacaithe ar bhealach eile ag eintiteas rátáilte ar bith laistigh de phríomhréimse freagrachta ó thaobh anailíse den anailísí, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe. 2. Ní bheidh fostaí ar bith páirteach i rátáil chreidmheasa eintitis rátáilte áirithe ar bith a shocrú nó tionchar ar bith a imirt air más rud é, i gcás an fhostaí sin nó daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leis mar atá liostaithe in Airteagal 1(2)(a) go (d) de Threoir 2004/72/CE ón gCoimisiún: a) go bhfuil ionstraimí airgeadais leis an eintiteas rátáilte acu, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe; b) go bhfuil ionstraimí airgeadais le haon eintiteas acu, a bhfuil gaol aige le heintiteas rátáilte, go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist, nó an dearcadh ginearálta sin ann, de bharr na húinéireachta, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe; c) go raibh sé/sí fostaithe le déanaí nó go raibh caidreamh gnó aige/aici nó caidreamh ar bith eile aige/aici leis an eintiteas rátáilte a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú nó an dearcadh ginearálta a chruthú go bhfuil coinbhleacht leasa ann. 3. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go ndéanann na fostaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseas rátála creidmheasa na nithe seo a leanas: a) na bearta oiriúnacha ar fad a ghlacadh chun maoin agus taifid atá i seilbh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a chosaint ó chalaois, ó ghoid agus ó mhí-úsáid; b) gan faisnéis ar bith maidir le rátálacha creidmheasa nó rátálacha creidmheasa a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo a nochtadh, ach amháin leis an eintiteas rátáilte nó lena thríú páirtí gaolmhar; c) gan faisnéis atá faoi rún agus atá ar iontaoibh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a roinnt le fostaithe dhuine ar bith a bhfuil nasc aige/aici léi trí rialú, go díreach nó go hindíreach; d) gan faisnéis atá faoi rún a úsáid nó a roinnt ar mhaithe le hionstraimí airgeadais a thrádáil, nó ar mhaithe le rud ar bith eile ach amháin chun gnó na gníomhaireacht rátála creidmheasa a dhéanamh. 4. Ní dhéanfaidh fostaí a bhfuil baint aige/aici go díreach leis an bpróiseas rátála creidmheasa airgead, bronntanais nó garanna a shireadh nó a ghlacadh ó dhuine ar bith lena ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa gnó. 5. Tar éis dó a fháil amach go raibh nó go bhfuil iompar mídhleathach ar bun ag fostaí eile sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa, déanfaidh fostaí gníomhaireachta rátála creidmheasa an fhaisnéis sin a thuairisciú láithreach leis an duine atá i gceannas ar chomhlíonadh an Rialacháin seo sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa. 6. Nuair a chuireann anailísí deireadh lena c(h)uid fostaíochta agus go dtéann sé/sí isteach in eintiteas rátáilte lena raibh baint ag an anailísí rátáil a dhéanamh air, nó isteach i gnólacht airgeadais lena raibh an anailísí ag plé mar chuid dá c(h)uid dualgas sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa, déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa athbhreithniú ar obair ábhartha an anailísí sin sa 2 bhliain sular imigh sé/sí. 7. Ní rachaidh fostaithe a bhfuil baint acu go díreach leis an bpróiseas rátála creidmheasa i mbun príomhphoist bainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó lena tríú páirtí sula rachaidh 6 mhí thart ó rinneadh an rátáil chreidmheasa. Cuid D Rialacha maidir le rátálacha creidmheasa a chur i láthair I. Oibleagáidí ginearálta 1. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go sonróidh rátáil chreidmheasa ainm agus teideal poist an phríomhanailísí a raibh an fhreagracht phríomhúil air/uirthi as an rátáil chreidmheasa a ullmhú go soiléir feiceálach. 2. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú ar a laghad: a) go gcuirtear na foinsí ar fad atá ábhartha go substaintiúil a úsáideadh chun an rátáil chreidmheasa a ullmhú in iúl, lena n-áirítear an t-eintiteas rátáilte nó, nuair is cuí, a tríú páirtí chomh maith le cibé acu an nochtadh an rátáil chreidmheasa leis an eintiteas rátáilte sin nó lena tríú páirtí gaolmhar agus an ndearnadh leasú air sular scaipeadh é i ndiaidh an nochtaithe sin; b) go gcuirtear an mhodheolaíocht phríomhúil nó an leagan den mhodheolaíocht a úsáideadh chun an rátáil a shocrú in iúl go soiléir, le tagairt do chur síos cuimsitheach air; nuair atá an rátáil bunaithe ar níos mó ná modheolaíocht amháin, nó sa chás go bhféadfadh infheisteoirí gnéithe tábhachtacha eile den rátáil a ligean tharstu trí thagairt a dhéanamh don mhodheolaíocht phríomhúil amháin, lena n-áirítear coigeartuithe agus dialltaí suntasacha, míneoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa é seo sa rátáil chreidmheasa agus tabharfar le fios conas a thógtar na modheolaíochtaí éagsúla nó na gnéithe eile seo san áireamh sa rátáil chreidmheasa; c) go ndéantar an chiall atá le gach catagóir rátála agus an sainmhíniú ar mhainneachtain nó aisghabháil nó rabhadh riosca oiriúnach ar bith a mhíniú, lena n-áirítear anailís íogaireachta ar na boinn tuisceana ábhartha, le rátálacha maidir leis an gcás is measa chomh maith le rátálacha maidir leis an gcás is fearr ag gabháil leo; d) go dtugtar an dáta ar scaoileadh an rátáil chreidmheasa le scaipeadh don chéad uair agus an uair a rinneadh an nuashonrú is déanaí air le fios go soiléir feiceálach. 3. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go sonrófar i rátáil chreidmheasa ar bith tréithe agus teorainneacha ar bith na rátála creidmheasa go soiléir feiceálach. Go háirithe, sonróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go feiceálach i rátáil chreidmheasa ar bith an bhfuil sí den tuairim go bhfuil caighdeán na faisnéise atá ar fáil maidir leis an eintiteas rátáilte sásúil nó nach bhfuil agus chomh fada agus a rinne sí faisnéis a chuir an t-eintiteas rátáilte nó a tríú páirtí gaolmhar ar fáil di a fhíorú. Má bhaineann rátáil chreidmheasa le cineál eintitis nó ionstraime airgeadais a bhfuil sonraí stairiúla ina leith teoranta, cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa teorainneacha na rátála creidmheasa in iúl go soiléir, in áit fheiceálach. Sa chás go bhfuil easpa sonraí iontaofa nó de bharr castachta cineáil nua ionstraime nó toisc nach bhfuil cáilíocht na faisnéise atá ar fáil sásúil go leor nó go n-ardaíonn sí ceisteanna tromchúiseacha maidir le cumas na gníomhaireachta rátála creidmheasa rátáil creidmheasa inchreidte a sholáthar, staonfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó rátáil creidmheasa a eisiúint nó déanfaidh sí rátáil atá ann cheana a aistarraingt. 4. Nuair atá rátáil chreidmheasa á fhógairt, míneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ina cuid preaseisiúintí nó tuarascálacha na príomhghnéithe atá mar bhunús ag an rátáil chreidmheasa. Nuair a bheadh an fhaisnéis a leagtar síos i bpointí 1, 2 agus 3 díréireach i gcomparáid le fad na rátála creidmheasa a scaiptear, is leor tagairt shoiléir fheiceálach a dhéanamh sa rátáil chreidmheasa féin don áit inar féidir rochtain dhíreach éasca a fháil ar na nochtuithe sin, lena n-áirítear nasc idirlín díreach chuig an nochtadh ar shuíomh gréasáin oiriúnach na gníomhaireachta rátála creidmheasa. II. Oibleagáidí breise maidir le rátálacha creidmheasa ionstraimí airgeadais struchtúraithe 1. Nuair a dhéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa ionstraim airgeadais struchtúraithe a rátáil, cuirfidh sí faisnéis ar fáil sa rátáil chreidmheasa maidir le hanailís caillteanais agus shreafa airgid atá curtha i gcrích aici. 2. Sonróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa cén leibhéal measúnaithe a chur sí i gcrích maidir leis na próisis díchill chuí ar tugadh fúthu ag leibhéal bunsócmhainní na n-ionstraimí airgeadais struchtúraithe. Nochtóidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar thug sí faoi mheasúnú ar bith ar na próisis díchill chuí sin nó an ndeachaigh sí i muinín measúnú tríú páirtí, ag tabhairt le fios conas a imríonn toradh measúnaithe mar sin tionchar ar an rátáil. Cuid E Nochtuithe I. Nochtuithe ginearálta Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh go ginearálta: 1. Coinbhleachtaí leasa a tharlaíonn agus cinn fhéideartha dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid B; 2. Sainmhíniú ar an méid a thuigeann, nó nach dtuigeann, an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bheith mar sheirbhísí atá coimhdeach dá príomhghnó rátála; 3. Beartas na gníomhaireachta rátála creidmheasa maidir le rátálacha creidmheasa agus cumarsáid ghaolmhar eile ar fad a fhoilsiú; 4. Na socruithe cúitimh ginearálta atá aici; 5. Modheolaíochtaí, samhlacha agus boinn tuisceana rátála chomh maith le hathruithe ábhartha orthu; 6. Aon bhunathrú ábhartha ar a cuid cleachtais, nósanna imeachta agus próisis. II. Nochtuithe tréimhsiúla Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh go tréimhsiúil: 1. Gach sé mhí, sonraí maidir leis na rátaí mainneachtana stairiúla ar a cuid catagóirí rátála agus cibé ar tháinig athrú ar rátaí mainneachtana na gcatagóirí seo le himeacht ama nó nár tháinig; 2. An fhaisnéis seo a leanas ar bhonn bliantúil: a) liosta den 20 cliant is mó atá ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa de réir ioncaim; b) liosta de chliaint na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar mhó a gcuid ranníocaíochta don ráta fáis in ioncam na gníomhaireachta rátála creidmheasa sa bhliain airgeadais roimhe sin ná 1.5 uaire an ráta fáis in ioncam iomlán na gníomhaireachta rátála creidmheasa an bhliain sin; ní bheidh cliaint mar sin san áireamh ar an liosta seo ach amháin nuair a bhí níos mó ná 0.25% d'ioncam iomlán domhanda na gníomhaireachta rátála creidmheasa i gceist leo ag an leibhéal domhanda. Chun críocha na chéad fhomhír de phointe 2 is í an chiall a bheidh le "cliant" ná cuideachta, a fochuideachtaí agus cuideachtaí gaolmhara ina bhfuil gabháltas os cionn 20% ag an gcuideachta, chomh maith le heintiteas ar bith eile a ndearna sí idirbheartaíocht ina leith maidir le ceist fiachais a struchtúrú thar ceann cliaint agus ar íocadh táille, go díreach nó go hindíreach, leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa chun rátáil a dhéanamh ar an gceist fiachais sin. III. Tuarascáil trédhearcachta Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go bliantúil: 1. Faisnéis mhionsonraithe maidir le struchtúr dlíthiúil agus úinéireacht na gníomhaireachta rátála creidmheasa, lena n-áirítear faisnéis maidir le gabháltais laistigh den chiall in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[45]; 2. Cur síos ar an gcóras inmheánach rialaithe cáilíochta; 3. Staitisticí maidir le leithdháileadh na mball foirne chuig rátálacha creidmheasa nua, athbhreithnithe ar rátáil chreidmheasa, meastóireacht ar shamhlacha nó ar mhodheolaíochtaí agus bainistíocht; 4. Cur síos ar an mbeartas coimeádta taifead do rátálacha creidmheasa; 5. Toradh an athbhreithnithe inmheánaigh bhliantúil ar mar atáthar ag cloí le neamhspleáchas; 6. Cur síos ar bheartas sealaíochta na bainistíochta agus na n-anailísithe; 7. Faisnéis airgeadas ar ioncam na gníomhaireachta, roinnte ina táillí ó sheirbhísí rátála creidmheasa agus seirbhísí nach seirbhísí rátála creidmheasa iad le cur síos cuimsitheach ar gach ceann faoi seach; 8. Ráiteas rialachais laistigh den chiall in Airteagal 46a(1) den Treoir 78/660/CEE ón gComhairle[46]; chun críche an ráitis sin, cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 46a(1)(d) den Treoir sin ar fáil is cuma an bhfuil sí faoi réir Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó nach bhfuil[47]. IARSCRÍBHINN II Faisnéis atá le cur ar fáil san iarratas ar chlárúchán 1. ainm iomlán na gníomhaireachta rátála creidmheasa, seoladh na hoifige cláraithe laistigh den Chomhphobal; 2. ainm agus sonraí teagmhála duine ar féidir dul i dteagmháil leis/léi; 3. stádas dlíthiúil; 4. aicme na rátálacha creidmheasa lena bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag déanamh iarratais ar chlárúchán; 5. cur síos ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochta a úsáidtear chun rátálacha creidmheasa a eisiúint agus a choinneáil; 6. beartais agus nósanna imeachta maidir le coinbhleachtaí leasa a aithint agus a bhainistiú; 7. faisnéis maidir le fostaithe; 8. socruithe cúitimh; 9. seirbhísí coimhdeacha; 10. clár oibríochtaí, lena n-áirítear an áit a bhfuiltear ag súil go rachfar i mbun na bpríomhghníomhaíochtaí gnó a thabhairt le fios chomh maith leis an gcineál gnó atá beartaithe a leagan amach. [1] Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa, IO C 59, 11.3.2006, lch. 2 (http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:C:2006:059:0002:0006:EN:PDF). [2] Bunúsaigh chóid iompair i gcomhair Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa (arna n-athbhreithniú mí na Bealtaine 2008)http://www.iosco.org/library/pubdocs/pdf/IOSCOPD271.pdf. [3] Is grúpa comhairleach neamhspleách don Choimisiún Eorpach CESR ina bhfuil maoirseoirí náisiúnta margaí urrús an AE; féach Cinneadh ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001, a bhunaigh an Coiste Rialtóirí Urrús Eorpach, 2001/527/CE (IO L191, 13.7.2001, lch. 43). Is é ról CESR comhordú idir rialtóirí urrús a fheabhsú, comhairle a chur ar an gCoimisiún Eorpach agus cur chun feidhme reachtaíochta an Chomhphobail sna Ballstáit a áirithiú ar bhonn níos comhsheasmhaí agus níos tráthúla. [4] http://www.consilium.europa.eu/ueDocs/cms_Data/docs/pressData/en/ecofin/96375.pdf. [5] Grúpa comhairleach don Choimisiún is ea an Sainghrúpa Eorpach um Margaí Urrús (ESME), ina bhfuil cleachtóirí agus saineolaithe na margaí urrús, a chuir an Coimisiún ar bun i mí Aibreáin 2006 agus arna rialú ag Cinneadh 2006/288/CE an 30 Márta 2006 ón gCoimisiún a chuir an Sainghrúpa Eorpach um Margaí Urrús ar bun chun comhairle dhlíthiúil agus eacnamaíoch a chur ar fáil maidir le Treoracha urrús an AE a chur i bhfeidhm (IO L 106, 19.4.2006, lch. 14). [6] Bunúsaigh chóid iompair i gcomhair Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa (arna n-athbhreithniú Bealtaine 2008)http://www.iosco.org/library/pubdocs/pdf/IOSCOPD271.pdf. [7] Tuarascáil de chuid an FSF faoi Athléimneacht an Mhargaidh agus Institiúideach a Fheabhsú, 7 Aibreán 2008 http://www.fsforum.org/publications/r_0804.pdf. [8] Páipéir CGFS Uimh. 32: Ratings in structured finance: What went wrong and what can be done to address short comings? ( Rátálacha san airgeadas struchtúraithe: Cad a chuaigh mícheart agus cad is féidir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh? ) Iúil 2008,http://www.bis.org/publ/cgfs32.pdf?noframes=1. [9] Mar shampla, chuir Standard agus Poors plean leasúcháin i láthair lena n-áiríodh bearta amhail ombudsman a cheapadh do na geallsealbhóirí, athbhreithniú bliantúil poiblí na bpróiseas rialachais arna dhéanamh ag gnólacht neamhspleách agus rothlú cliant le haghaidh anailísithe. Tá Moody’s tar éis bearta a ghlacadh chun cáilíocht na sonraí arna n-úsáid sa phróiseas rátála a fheabhsú. Tá Fitch tar éis a ghnólachtaí neamhrátála a chur ar leithligh i roinn leithleach agus athruithe a dhéanamh ar a oibríochtaí airgeadais struchtúrtha d'fhonn tacú le hoibeachtúlacht agus comhréireacht sa phróiseas athbhreithnithe rátála. [10] Tháinig Acht um Ghníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa a Athchóiriú na bliana 2006 de chuid SAM (US Credit Rating Agency Reform Act) i bhfeidhm an 27 Meitheamh 2007, a bhunaigh creat dlí i gcomhair Gníomhaireachtaí Rátála Staidimh atá Aitheanta go Náisiúnta a chlárú. [11] Treoir 2003/125/CE an 22 Nollaig 2003 ón gCoimisiún a chuireann Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le moltaí infheistíochta a chur i láthair go cothrom agus maidir le coinbhleachtaí leasa a nochtadh i bhfeidhm (IO L 339 24.12.2003, lch. 73). [12] Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (IO L 96, 12.4.2003, lch. 16). [13] Treoir 2006/48/CE an 14 Meitheamh 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i gceann agus cleachtadh ghnó institiúidí creidmheasa (athmhúnlú) (IO L 177, 30.6.2006. lch. 1). [14] Treoirlínte an 20 Eanáir 2006 (GL07) maidir le haitheantas a thabhairt d'Institiúidí Measúnaithe Creidmheasa Sheachtraigh,http://www.c-ebs.org/formupload/41/413b2513-5084-4293-a386-16385b80411d.pdf. [15] http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2008/securities_agencies_en.htm. [16] Fuarthas 82 freagra san iomlán. Foilsíodh na freagraí ar:http://circa.europa.eu/Public/irc/markt/markt_consultations/library?l=/financial_services/credit_agencies&vm=detailed&sb=Title. [17] Cé chomh fada is a chomhlíonann an beart na cuspóirí dá dtagraítear i gcuid 1.1. [18] Muinín na bpáirtithe leasmhara as na rialacha. [19] Cé chomh fada is atá an creat le haghaidh fheidhmiú gníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi rialú na gceanglas céanna i ngach Ballstát. [20] Cé chomh fada is a éascaíonn na roghanna beartais faoi leith feidhmiú Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa ar fud na mBallstát. Bíonn tionchar ag solúbthacht ar na costais a thabhaíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. [21] Féach Airteagal 6(5). [22] Cinneadh 1999/468/CE an 28 Meitheamh 1999 ón gComhairle ina leagtar síos na nósanna imeachta i leith na gcumhachtaí forfheidhmithe arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23) arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle an 17 Iúil 2006 (IO L 200, 22.7.2006, lch.11). [23] IO C , , p. . [24] IO C , , p. . [25] IO L 96, 12.4.2003, lch. 16. [26] IO L 177, 30.6.2006, lch. 201. [27] IO C 59, 11.3.2006, lch. 2. [28] IO L 52, 25.2.2005, lch. 51. [29] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [30] IO L184, 17.7.1999, lch. 23. [31] IO L 145, 30.4.2004, lch.1. [32] IO L 228, 16.8.1973, lch. 3. [33] IO L 345, 19.12.2002, lch. 1. [34] IO L 323, 9.12.2005, lch. 1. [35] [ Athmhúnlú] [36] IO L 235, 23.9.2003, lch. 10. [37] IO L 193, 18.7.1983, lch. 1. [38] IO L 193, 18.7.1983, lch. 1. [39] IO L 339, 24.12.2003, lch. 73. [40] IO L 3, 7.1.2004, lch. 3. [41] IO L 3, 7.1.2004, lch. 30. [42] IO L 191, 13.7.2001, lch. 45. [43] IO L 241, 2.9.2006, lch. 26. [44] IO L 162, 30.4.2004, lch. 70. [45] IO L 390, 31.12.2004, lch. 38. [46] IO L 222, 14.8.1978, lch. 11. [47] IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.