Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0388

    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d'fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) {SEC(2008) 2093} {SEC(2008) 2094}

    /* COIM/2008/0388 leagan deireanach - COD 2008/0127 */

    52008PC0388

    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d'fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) {SEC(2008) 2093} {SEC(2008) 2094} /* COIM/2008/0388 leagan deireanach - COD 2008/0127 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil 25.6.2008

    COIM(2008) 388 leagan deireanach

    2008/0127 (COD)

    TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d'fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2093}{SEC(2008) 2094}

    2008/0127 (COD)

    TOGRA LE hAGHAIDH RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 d'fhonn feidhmíocht agus inbhuanaitheacht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[3],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) D'fhonn comhbheartas iompair a chur chun feidhme tá gá le córas aeriompair éifeachtach chun go mbeifear in ann seirbhísí aeriompair a oibriú ar bhealach sábháilte rialta inbhuanaithe, rud a éascóidh saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí.

    (2) Ós rud é gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 lena leagtar síos creat chun Aerspás Eorpach Aonair a bhunú[4], Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san Aerspás Eorpach Aonair[5], Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san Aerspás Eorpach aonair[6], agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 maidir le comh-inoibritheacht an líonra Eorpaigh um bainistiú aerthráchta[7] (an chéad phacáiste reachtaíochta maidir leis an Aerspáis Eorpaigh aonair), leagadh síos bonn daingean dlí i gcomhair córais bhainistíochta aerthráchta (BAT) atá rianúil, comh-inoibritheach agus sábháilte.

    (3) D'fhonn an t-aerspás Eorpach aonair a chur i gcrích, tá sé riachtanach bearta breise a ghlacadh ar leibhéal an Chomhphobail chun feidhmíocht chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú, go háirithe i réimsí ríthábhachtacha amhail sábháilteacht, toilleadh, éifeachtúlacht ó thaobh costais agus eitilte de, agus an comhshaol, ag féachaint do na bunchuspóirí sábháilteachta.

    (4) Is mór dá fhonn atá ar lucht tionscail, ar na Ballstáit agus ar gheallsealbhóirí eile go simpleofar agus go neartófar éifeachtacht an chreata rialúcháin le haghaidh eitlíochta san Eoraip, agus dá bharr sin, i mí na Samhna 2006 bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil um thodhchaí an chreata rialúcháin Eorpaigh le haghaidh eitlíochta (dá ngairtear 'an Grúpa Ardleibhéil ' anseo feasta). I mí Iúil 2007 rinne an Grúpa seo, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó fhormhór na ngrúpaí geallsealbhóirí, tuarascáil a chur isteach ina raibh sraith moltaí faoi bhealaí ina bhféadfaí feidhmíocht agus rialachas chóras eitlíochta na hEorpa a fheabhsú.

    (5) Ag cruinniú dá cuid an 7 Aibreán 2008, d'iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an gCoimisiún cur chuige iomlánaíoch córais a fhorbairt i gcomhréir le moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil, cur chuige a luífeadh le coincheap 'geata go geata' chun sábháilteacht a fheabhsú, BAT a fheabhsú agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú.

    (6) I Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun córas glúine nua Eorpach um bainistiú aerthráchta (SESAR)[8] a fhorbairt, iarrtar go bhforbrófar agus go gcuirfear chun feidhme Máistirphlean BAT. Chun an máistirphlean bainistíochta aerthráchta a chur chun feidhme tá gá le beartais rialúcháin ionas gur fusa coincheapa agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, a thabhairt isteach, agus a mhaoiniú. Córas comhdhéanta de chomhpháirteanna atá go hiomlán comhchuibhithe agus comh-inoibritheach lena ráthófaí gníomhaíochtaí aeriompair ar ardfheidhmíocht san Eoraip an toradh ba chóir a bheith air seo.

    (7) Mhol an Grúpa Ardleibhéil gur chóir go mbeadh an tábhacht chéanna ag an gcomhshaol sa chóras eitlíochta is atá ag an tsábháilteacht agus ag an éifeachtacht agus dhearbhaigh sé gur cheart go n-oibreodh lucht tionscail agus rialtóirí le chéile chun a áirithiú go neartófar an inbhuanaitheacht a oiread is féidir trí bhíthin BAT.

    (8) Ionas go n-áiritheofar faireachán leanúnach slán ar sholáthar seirbhísí ar fud na hEorpa, ba chóir go mbeadh acmhainní agus neamhspleáchas a ndóthain ag na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta.

    (9) Ba cheart go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta níos eolaí ar an uile bheart a bhfuil impleachtaí móra sóisialta ag baint leis agus ba cheart go rachfaí i gcomhairle leo níos minice. Ba chóir go rachfaí i gcomhairle freisin leis an gCoiste um Idirphlé Earnála a bunaíodh le Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 1998 maidir le bunú Coistí um Idirphlé Earnála chun idirphlé idir na comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn ar leibhéal Eorpach[9].

    (10) D'fhonn feidhmíocht BAT agus seirbhísí aerloingseoireachta (SAL) a fheabhsú, ní mór creat a bhunú chun go saineofar, go gcuirfear chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar spriocanna ceangailteacha feidhmíochta i réimsí ríthábhachtacha feidhmíochta i gcomhréir le beartais na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO, International Civil Aviation Authority ). Ba chóir go mbeadh meicníocht chuí ina gné riachtanach de chreat dá leithéid, meicníocht a d'úsáidfí chun sonraí feidhmíochta BAT agus SAL a thuairisciú, a scrúdú, a mheas, agus a chraobhscaoileadh mar aon leis na dreasachtaí agus na dídhreasachtaí ábhartha chun go mbeifear spreagtha leis na spriocanna a bhaint amach.

    (11) Tá sé riachtanach an chéad phacáiste reachtaíochta maidir elis an aerspás Eorpach aonair a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil atá déanta.

    (12) Ba chóir a shoiléiriú nach féidir leis na Ballstáit diúltú soláthróir seirbhíse aerloingseoireachta a ainmniú ar fhoras go bhfuil sé bunaithe i mBallstát eile nó ar fhoras gur le náisiúnaithe de chuid an Bhallstáit sin é.

    (13) Is eilimintí ríthábhachtacha na bloic aerspáis feidhme lena neartaítear comhar idir soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta d'fhonn feidhmíocht a fheabhsú agus sineirgí a chruthú. Ba chóir go mbunódh na Ballstáit bloic aerspáis feidhme faoi cheann dheireadh 2012 ar a dhéanaí.

    (14) Más rud é, i ngeall ar fheabhsú feidhmíochta, go háirithe cur i bhfeidhm mháistirphlean BAT, go bhfuil níos mó acmhainní ag teastáil ná atá ar fáil, ba chóir go ndéanfaí socruithe chun tionscadail choiteanna a mhaoiniú.

    (15) I dtuarascálacha an Choimisiúin Eurocontrol um Athbhreithniú Feidhmíochta agus i dtuarascáil chríochnaitheach an Ghrúpa Ardleibhéil deimhnítear nach féidir líonra na mbealaí agus struchtúr an aerspáis a fhorbairt ar leithligh ó tharla gur cuid dhílis den Líonra Eorpach um Bainistiú Aerthráchta (EATMN, European Air Traffic Management Network ) gach aon Bhallstát, lasmuigh agus laistigh den Chomhphobal.

    (16) Ba chóir, mar sin, go mbunófaí aerspás oibríochtúil a chomhtháthófar de réir a chéile le haghaidh gnáth-aerthráchta.

    (17) Trí bhíthin Réigiún Faisnéise Eitilte na hEorpa (RFEE), lena gcuimseofaí an t-aerspás a bhfuil na Ballstáit freagrach as, ba chóir go n-éascófaí pleanáil choiteann agus oibríochtaí comhtháite chun caolais tráchta réigiúnacha a sheachaint.

    (18) Bíonn ar úsáideoirí aerspáis dul i ngleic le coinníollacha difriúla i dtaca le rochtain ar aerspás an Chomhphobail agus i dtaca le saoirse gluaiseachta laistigh den chéanna. Easpa rialacha comhchuibhithe aeir de chuid an Chomhphobail is cúis leis seo, aicmiú comhchuibhithe aerspáis go háirithe. Dá bharr sin, ba chóir go gcomhchuibheodh an Coimisiún rialacha dá leithéidí i bhfianaise chaighdeáin ICAO.

    (19) Ba chóir go gceapfaí EATMN agus go gcuirfí chun feidhme é ag féachaint d'éifeachtacht, do shábháilteacht agus d'inbhuanaitheacht an líonra aeriompair ina iomláine.Is fearr a d'fhéadfaí é seo a áirithiú trí bhíthin an líonra aeriompair a bhainistiú ar bhealach comhordaithe ag leibhéal an Chomhphobail, rud a luaitear i dtuarascáil Choimisiún Eurocontrol um Athbhreithniú Feidhmíochta Evaluation of Functional Airspace Block Initiatives and their Contribution to Performance Improvement .

    (20) Tá na nithe seo a leanas fíor-riachtanach: struchtúr aerspáis choiteann chomhchuibhithe a bhaint amach ó thaobh bealaí de; eagar an aerspáis a bhunú anseo feasta ar phrionsabail choiteanna; cur chun feidhme forásach Mháistirphlean BAT a áirithiú; an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní ganna chun costais feistithe nach bhfuil call leo a sheachaint; an t-aerspás a cheapadh agus a bhainistiú i gcomhréir le rialacha comhchuibhithe. Chuige sin, ba chóir go mbeadh an Coimisiún freagrach as na rialacha agus na cinntí cur chun feidhme is gá a ghlacadh agus ba chóir go mbeadh éifeacht cheangailteach dlí acu seo.

    (21) Mhol an Grúpa Ardleibhéil an bhunsraith atá ann cheana a úsáid mar bhonn chun feidhmeanna nua nó feidhmeanna feabhsaithe a chruthú agus mhol sé cumhacht a thabhairt do Eurocontrol, ag cur, ag an am céanna, an Choimisiúin chun cinn mar an rialtóir aonair agus ag urramú an phrionsabail lena ndéantar idirdhealú idir rialú agus soláthar seirbhísí. Dá réir sin, ach Eurocontrol bheith leasaithe agus socruithe nua rialaithe bheith i bhfeidhm ann, ba chóir go gcuirfeadh an Coimisiún ar a iontaoibh cur i gcrích na gcúraimí a bhaineann leis na feidhmeanna a luaitear san aithris roimhe seo, cúraimí nach bhfuil sé i gceist leo bearta ceangailteacha ag a bhfuil raon feidhme ginearálta a ghlacadh ná nach bhfuil feidhmiú discréide polaitiúla i gceist leo. Ba chóir go gcuirfeadh Eurocontrol na cúraimí seo i gcrích ar bhealach neamhchlaonta costéifeachtúil agus ba chóir go mbeadh na húsáideoirí aerspáis agus na soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta lánpháirteach iontu.

    (22) Ba chóir go dtabharfaí bearta leordhóthanacha isteach d'fhonn an sreabhadh aerthráchta a bhainistiú ar shlí níos éifeachtaí chun cuidiú le haonaid oibríochtúla atá ann cheana, Láraonad Eurocontrol um Bainistíocht an tSreafa Aerthráchta san áireamh, chun oibríochtaí éifeachtacha eitilte a áirithiú. Sa bhreis air sin, sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta um thoilleadh, éifeachtacht agus sábháilteacht na n-aerfort san Eoraip[10], luaitear nach mór comhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt a áirithiú.

    (23) I ngeall ar easpa faisnéise aerloingseoireachta atá nua-aimseartha d'ardchaighdeán agus tráthúil, déantar difear don tsábháilteacht agus fágtar go mbíonn ar úsáideoirí aerspáis dul i ngleic le coinníollacha difriúla i dtaca le rochtain ar aerspás an Chomhphobail agus i dtaca le saoirse gluaiseachta laistigh den chéanna. Agus Máistirphlean BAT á chur san áireamh, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tús le nuachóiriú na hearnála seo i gcomhar le Eurocontrol agus go n-áiritheodh sé go mbeidh úsáideoirí in ann teacht ar na sonraí seo trí bhíthin pointe rochtana poiblí amháin, ag soláthar, ar an dóigh sin, fáisnéis chomhtháite atá nua-aimseartha, furasta le húsáid agus bailíochtaithe.

    (24) Chun ualach riaracháin agus nósanna imeachta forluiteacha fíorúcháin nach bhfuil call leo a sheachaint, ba chóir go nglacfaí, chun críche an Rialacháin seo, le deimhnithe a eiseofar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE[11], i gcásanna ina mbaineann siad le comhdhamhnaí nó córais.

    (25) Sa tuarascáil chríochnaitheach a d'ullmhaigh an Grúpa Ardleibhéil don Choimisiún moltar gur chóir go ndéileálfaí go sonrach i gclár SESAR le sainiú nósanna imeachta comh-inoibritheacha, córas comh-inoibritheach agus malartaithe faisnéise laistigh den Eoraip agus leis an gcuid eile den domhan. Ba chóir go n-áireofaí, freisin, forbairt caighdeán ábhartha agus aithint rialacha nua cur chun feidhme nó sonraíochtaí nua Comhphobail i gcomhthéacs an aerspáis Eorpaigh aonair.

    (26) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[12].

    (27) Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a athrú chun dáta i ngeall ar fhorbairt theicniúil nó oibríochtúil agus na critéir bhunúsacha agus na nósanna imeachta bunúsacha lena bhfeidhmítear feidhmeanna bainistíochta líonra áirithe a leagan síos freisin. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    (28) Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    (29) Dá bhrí sin, ba chóir Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 mar a leanas:

    (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(1):

    "1. Is é is cuspóir do thionscnamh an aerspáis Eorpaigh aonair na caighdeáin sábháilteachta reatha aeriompair a fheabhsú, forbairt inbhuanaithe an chórais aeriompair a neartú agus feidhmíocht na bainistíochta aerthráchta (BAT) agus na seirbhísí aerloingseoireachta (SAL) ó thaobh gnáth-aerthráchta de a fheabhsú ina n-iomláine d'fhonn riachtanais uile na n-úsáideoirí aerspáis a shásamh. D'fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, bunaítear creat comhchuibhithe rialúcháin leis an Rialachán seo chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú".

    (2) Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

    (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

    "8. ciallaíonn 'úsáideoirí aerspáis' oibreoirí na n-aerárthaí sin a oibrítear de réir ghnáthrialacha an aerthráchta;"

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

    "10. ciallaíonn 'bainistíocht aerthráchta (BAT)' comhchruinniú na bhfeidhmeanna atá aerbheirthe agus ar talamh (seirbhísí aerthráchta, bainistíocht an aerspáis agus bainistíocht an tsreafa aerthráchta) a bhfuil gá leo chun a áirithiú go ngluaisfear aerárthaí ar bhealach sábháilte éifeachtach le linn céimeanna uile na n-oibríochtaí;"

    (c) cuirtear isteach pointe 13a a leanas:

    "13a. Ciallaíonn 'Máistirphlean BAT' an plean atá le formhuiniú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle;"

    (d) scriostar pointe 21;

    (e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 22:

    "22. is é is brí le 'úsáid sholúbtha a bhaint as aerspás' coincheap bainistíochta aerspáis a chuirtear i bhfeidhm i limistéar na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta i bhfianaise an Airspace Management Handbook for the application of the Concept of the Flexible Use of Airspace , arna fhoilsiú ag Eurocontrol; "

    (f) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 25:

    "25. "ciallaíonn 'bloc aerspáis feidhme' bloc aerspáis atá bunaithe ar riachtanais oibríochtúla agus atá curtha ar bun gan aird ar theorainneacha stáit, i gcás ina mbaintear an úsáid is fearr is féidir as soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus as feidhmeanna coimhdeacha gaolmhara agus/nó i gcás in a bhfuil siad sin comhtháite;"

    (g) scriostar pointe 37.

    (3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    " Airteagal 4

    Ainmniú agus neamhspleáchas na n-údarás náisiúnta maoirseachta

    1. Ainmneoidh nó bunóidh na Ballstáit, cibé acu is mian leo i gcomhar nó go leithleach, comhlacht nó comhlachtaí a bheidh ina údarás/ina n-údarás náisiúnta maoirseachta d'fhonn na cúraimí a ghlacadh chuige féin a shannfar d'údarás dá leithéid faoin Rialachán seo agus faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

    2. Agus na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a ndéanamh acu, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis náisiúnta maoirseachta neamhspleách, go feidhmeach ar a laghad, ar gach eintiteas eile, poiblí nó príobháideach.

    3. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis náisiúnta maoirseachta a gcuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta trédhearcach. Áiritheoidh siad freisin go ngníomhóidh foireann na n-údarás náisiúnta maoirseachta agus na daoine atá freagrach as a mbainistiú ar bhealach neamhspleách neamhchlaonta trédhearcach.

    4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain d'acmhainní daonna agus airgeadais ag na húdaráis náisiúnta maoirseachta chun a gcuid cúraimí a dhéanamh.

    5. Déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás náisiúnta maoirseachta agus aon athruithe a dhéanfar orthu a chur in iúl don Choimisiún, chomh maith le bearta a bheidh déanta ionas go gcomhlíonfar mír 1, mír 2, agus mír 4."

    (4) In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    '4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go 5a(4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    5. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), 5a(2), 5a(4) agus 5a(6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagail 8 de".

    (5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    "Airteagal 6

    Comhlacht Comhairliúcháin Earnála

    Gan dochar do ról an Choiste agus do ról Eurocontrol, bunóidh an Coimisiún 'comhlacht comhairliúcháin earnála' agus beidh ina gcuid den chéanna soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta, comhlachais úsáideoirí aerspáis, aerfoirt, an tionscal monaraíochta agus comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar cheann foirne gairmiúla. Comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an aerspáis Eorpaigh aonair is ea an ról a bheidh ag an gcomhlacht seo."

    (6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    " Airteagal 8

    Rialacha cur chun feidhme

    1. Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme i gcás ina n-údarófar sin go sainráiteach sa Rialachán seo nó sna Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 3, nó i gcás eile ina mbeidh gá leis d'fhonn cuspóirí na Rialachán sin a bhaint amach.

    2. D'fhonn rialacha cur chun feidhme a fhorbairt, féadfaidh an Coimisiún sainorduithe a eisiúint chuig Eurocontrol ina leagfar síos na cúraimí a bheidh le déanamh agus an clár ama a ghabhfaidh leis sin. Sa chomhthéacs seo, féachfaidh sé leis an sochar is fearr is féidir a bhaint as socruithe Eurocontrol ionas go rachfar i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile agus go mbeidh siad rannpháirteach, má luíonn na socruithe sin le cleachtas an Choimisiúin i ndáil le trédhearcacht agus nósanna imeachta comhairliúcháin agus nach dtagann siad salach ar oibleagáidí institiúideacha an Choimisiúin. Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

    3. I bhfianaise na hoibre a bheidh déanta de bhun mhír 2, déanfar cinntí faoi chur chun feidhme thorthaí an chineáil sin oibre laistigh den Chomhphobal agus faoin spriocdháta dá gcur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

    4.Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), bearta eile a ghlacadh chun cuspóirí an tsainordaithe i dtrácht a bhaint amach:

    (a) más rud é nach féidir le Eurocontrol glacadh le sainordú a eisíodh chuige faoi mhír 2, nó

    (b) má mheasann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste, an méid seo a leanas:

    (i) nach bhfuil dul chun cinn sásúil déanta san obair atá á dhéanamh ar bhonn sainordaithe dá leithéid nuair a chuirtear an spriocdháta san áireamh, nó

    (ii) nach bhfuil torthaí na hoibre sásúil.

    5. Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3):

    (a) i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún ar gan sainordú a eisiúint chuig Eurocontrol faoi mhír 2, nó

    (b) i gcás nach mbeidh na rialacha cur chun feidhme a bheidh le glacadh faoi shainchúram Eurocontrol."

    (7) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

    (a) sa dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:"- na grúpaí úsáideoirí aerspáis uile,"

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:"Le linn an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí folófar, go háirithe, teicneolaíocht nua a fhorbairt agus a thabhairt isteach in EATMN, agus áireofar meicníochtaí chun go mbeidh an Coiste sonrach um Idirphlé Earnála, a bunaíodh le Cinneadh 98/500/CE ón gCoimisiún*, rannpháirteach ar bhealach iomchuí. "

    ________________

    * IO L 225, 12.8.1998, lch. 27.

    (8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

    " Airteagal 11 Scéim feidhmíochta

    1. D'fhonn feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna líonra san aerspás Eorpach aonair a fheabhsú, bunóidh an Coimisiún scéim feidhmíochta. Beidh na nithe seo a leanas go háirithe ar áireamh:

    (a) feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna líonra a athbhreithniú, a thagarmharcáil agus monatóireacht a dhéanamh uirthi go treimhsiúil, chomh maith le staidéir ad hoc chun déileáil le saincheisteanna sonracha;

    (b) nósanna imeachta agus freagrachtaí maidir le bailiú, bailíochtú, scrúdú, meastóireacht agus craobhscaoileadh sonraí arna soláthar ag na páirtithe ábhartha uile agus a bhaineann le feidhmíocht na seirbhísí aerloingseoireachta agus na bhfeidhmeanna líonra, sonraí, lena n-áirítear oibreoirí aerfoirt, comhordaitheoirí aerfoirt, soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta, úsáideoirí aerspáis, na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta, na Ballstáit agus Eurocontrol;

    (c) réimsí feidhmíochta ábhartha ríthábhachtacha i bhfianaise dhoiciméad ICAO Uimh. 9854 Global Air Traffic Management Operational Concept **, curtha in oiriúint nuair is gá sin chun riachtanais shonracha an aerspáis Eorpaigh aonair agus cuspóirí ábhartha na réimsí seo a chur san áireamh;

    (d) táscairí feidhmíochta ríthábhachtacha lena dtomhaistear feidhmíocht agus lena leagtar síos spriocanna;

    (e) spriocanna feidhmíochta uile-Chomhphobail ag a mbeadh treoirthréimhse trí bliana ar a laghad agus cúig bliana ar a mhéad agus critéir iomchuí um chóineasú araon a leagan síos i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3);

    (f) critéir nach mór do na húdaráis náisiúnta cloí leo agus iad ag ullmhú pleananna feidhmíochta réigiúnacha nó náisiúnta. Beidh na tréithe seo a leanas go háirithe ag na pleananna:

    - bunófar iad ar phleananna gnó na soláthróirí seirbhísí;

    - folófar gnéithe costais uile an bhoinn chostais náisiúnta nó réigiúnaigh;

    - áireofar spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a bheidh i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Comhphobail;

    - beidh siad faoi réir comhairliúcháin le soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta, ionadaithe úsáideoirí aerspáis, oibreoirí aerfoirt agus comhordaitheoirí aerfoirt;

    (g) critéir agus nósanna imeachta chun na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó réigiúnacha a mheasúnú, a fhormheas, a fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear:

    (i) measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó réigiúnacha ionas go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh siad, i dteannta a chéile ar laghad, na spriocanna uile-Comhphobail;

    (ii) formheas an Choimisiúin do na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó réigiúnacha, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3);

    (iii) monatóireacht ar chur chun feidhme na bpleananna feidhmíochta náisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear meicníochtaí iomchuí rabhaidh;

    (iv) measúnú gach bliain agus ag deireadh na treoirthréimhse ar shroiceadh na spriocanna feidhmíochta agus leagan síos spriocanna i gcomhair na chéad treoirthréimhse eile;

    (v) bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear dreasachtaí agus/nó dídhreasachtaí iomchuí a bheadh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit sa chás nach mbainfí amach na spriocanna náisiúnta nó réigiúnacha go bliantúil nó ag deireadh na treoirthréimshe.

    2. Gan dochar do ról an Choiste, féadfaidh an Coimisiún Eurocontrol nó eintiteas poiblí inniúil eile a ainmniú chun gníomhú mar 'chomhlacht um athbhreithniú feidhmíochta'. Is éard a bheidh i ról an chomhlachta um athbhreithniú feidhmíochta cuidiú leis an gCoimisiún an scéim feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme. Áiritheoidh an Coimisiún go ngníomhóidh an comhlacht um athbhreithniú feidhmíochta ar bhealach neamhspleách agus na cúraimí a thabharfaidh an Coimisiún ar iontaoibh dó á ndéanamh aige.

    3. Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme mionsonraithe i gcomhair an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 8."

    _______________________

    **An chéad eagrán, 2005.

    (9) In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4. Sna tuarascálacha beidh meastóireacht ar na torthaí a bhainfear amach de dhroim na ngníomhartha a bheidh déanta de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis iomchuí faoi dhul chun cinn san earnáil ó thaobh gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil, fostaíochta agus teicneolaíochta de, chomh maith le faisnéis faoi chaighdeán na seirbhíse, i bhfianaise na gcuspóirí bunaidh agus ag cuimhneamh ar riachtanais a bheidh ann amach anseo."

    Airteagal 2

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 mar seo a leanas:

    (1) In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3. Maidir leis na bloic aerspáis feidhme a chlúdaíonn aerspás a thig faoi fhreagracht níos mó ná Ballstáit amháin, tiocfaidh na Ballstáit i dtrácht ar chomhaontú faoin maoirseacht a ndéantar foráil di san Airteagal seo ag féachaint do na soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta a bhaineann leis na bloic sin. Thairis sin, féachfaidh na Ballstáit leis comhaontú a chur i gcrích faoin maoirseacht a ndéantar foráil di san Airteagal seo, ag aithint go cómhalartach na cúraimí maoirseachta a rinneadh cheana, i ndáil le soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil a bpríomhionad oibríochta."

    (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    " Airteagal 4

    Ceanglais sábháilteachta

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Chreat-rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ionchorprófar forálacha ábhartha cheanglais sábháilteachta rialála Eurocontrol (ESARRanna, Eurocontrol safety regulatory requirements ) mar aon le haon leasuithe iardain ar na ceanglais sin a thig faoi raon feidhme an Rialacháin seo, fara oiriúnuithe agus feabhsúcháin ábhartha más gá."

    (3) Scriostar Airteagal 5.

    (4) In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    "6. Gan dochar d'Airteagal 8 agus d'Airteagal 9, trí bhíthin deimhniú a eisiúint tabharfar caoi do sholáthróirí seirbhísí aerloingseoireachta a gcuid seirbhísí a thairiscint do na Ballstáit, do sholáthróirí eile seirbhísí aerloingseoireachta, d'úsáideoirí aerspáis agus d'aerfoirt laistigh den Chomhphobal."

    (5) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1. Áiritheoidh na Ballstáit soláthar seirbhísí aerthráchta ar bhonn eisiach laistigh de bhloic shonracha aerspáis i ndáil leis an aerspás faoina bhfreagracht. Chuige seo, ainmneoidh na Ballstáit soláthróir seirbhísí aerthráchta ag a mbeidh deimhniú a bheidh bailí sa Chomhphobal.

    Ní dhiúltóidh Ballstát soláthróir seirbhísí aerthráchta a ainmniú ar fhorais go gceanglaíonn a chóras náisiúnta dlí na nithe seo a leanas i dtaca le soláthróirí seirbhísí aerthráchta a sholáthraíonn seirbhísí in aerspás atá faoi fhreagracht an Bhallstáit sin:

    1. gur leis an mBallstát sin nó lena náisiúnaithe é, go díreach nó trí bhíthin sealúchais tromlaigh, nó

    2. go mbeidh a bpríomhionad oibríochtaí nó a n-oifig chláraithe lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit sin, nó

    3. nach n-úsáidfear ach saoráidí sa Bhallstáit sin."

    (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4. Maidir le bloic aerspáis feidhme arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 9a a chlúdaíonn aerspáis a thig faoi fhreagracht níos mó na Ballstáit amháin, déanfaidh na Ballstáit i dtrácht, i gcomhréir le mír 1, soláthróir seirbhísí aerthráchta amháin nó níos mó ná soláthróir seirbhísí aerthráchta amháin a ainmniú i gcomhpháirt, mí amháin ar a laghad roimh chur chun feidhme an bhloic aerspáis."

    (6) Cuirtear isteach Airteagal 9a seo a leanas:

    " Airteagal 9a

    Bloic Aerspáis Feidhme

    1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbunófar bloic aerspáis feidhme a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoi cheann dheireadh 2012 d'fhonn a oiread toillte agus éifeachtachta is féidir a bhaint as líonra bainistíochta an aerthráchta laistigh den aerspás Eorpach aonair agus d'fhonn Ardleibhéil sábháilteachta a choimeád agus feidhmíocht iomlán an chórais aeriompair a neartú agus an iarmhairt ar an gcomhshaol a laghdú. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile a oiread is féidir chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an fhoráil seo.

    2. Beidh na tréithe seo a leanas, go háirithe, ag bloic aerspáis feidhme:

    4. tacófar le sainchomhad sábháilteachta iad;

    5. fágfaidh siad gur féidir an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an aerspás, ag cur an tsreafa aerthráchta san áireamh;

    6. beidh call leo i ngeall ar a mbreisluach iomlán, lena n-áirítear an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní teicniúla agus daonna, i bhfianaise anailísí costais is tairbhe;

    7. áiritheoidh siad go n-aistreofar ar bhealach rianúil solúbtha an fhreagracht as rialú aerthráchta idir aonaid seirbhísí aerthráchta;

    8. áiritheoidh siad go mbeidh comhoiriúnacht idir cumraíochtaí éagsúla aerspáis;

    9. comhlíonfaidh siad coinníollacha a eascróidh as comhaontuithe réigiúnacha a cuireadh i gcrích leis an ICAO; agus

    10. cloífidh siad le comhaontuithe réigiúnacha a bheidh ann cheana ar an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, na comhaontuithe sin lena bhfuil tríú tíortha Eorpacha bainteach go háirithe.

    3. Ní bhunófar bloc aerspáis feidhme ach amháin le comhaontú frithpháirteach idir na Ballstáit uile a mbeidh freagracht orthu as aon chuid den aerspás sa bhloc aerspáis feidhme, nó le dearbhú ó Bhallstát amháin i gcás ina mbeidh an t-aerspás sa bhloc go hiomlán faoina fhreagracht. Roimh dóibh bloc aerspáis feidhme a bhunú déanfaidh an Ballstát/na Ballstáit i dtrácht faisnéis leordhóthanach a thabhairt don Choimisiún, na Ballstáit eile agus páirtithe eile leasmhara chun go measúnófar an chaoi a chomhlíonann sé na critéir dá dtagraítear i mír 2 agus chun go mbeidh deis acu a chuid barúlacha a chur isteach.

    4. I gcás in mbaineann bloc aerspáis feidhme le haerspás atá go hiomlán nó go páirteach faoi fhreagracht dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát, beidh sa chomhaontú lena mbunófar an bloc aerspáis feidhme na forálacha is gá maidir leis an gcaoi ina bhféadfar an bloc a athrú agus ina bhféadfaidh Ballstát tarraingt siar ón mbloc, lena n-áireofar socruithe idirthréimhseacha.

    5. I gcás deacrachtaí idir dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát i dtaca le bloc aerspáis feidhme trasteorann a bhaineann le haerspás atá faoina bhfreagracht, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhpháirt, an cás a chur faoi bhráid Choiste an Aerspáis Aonair chun a tuairim a fháil. Díreofar an tuairim ar na Ballstáit i dtrácht. Gan dochar do mhír 3, cuirfidh na Ballstáit an tuairim seo san áireamh chun teacht ar réiteach.

    6. Na cinntí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, cuirfear in iúl don Choimisiún iad lena bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Sonrófar ann an dáta ar a dtiocfaidh an cinneadh ábhartha i bhfeidhm.

    7. Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme mionsonraithe i gcomhair an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chreat-rialachán."

    (7) In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    "3. I gcás ina soláthróidh soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta pacáiste seirbhísí, aithneoidh siad agus nochtfaidh siad ina gcuid cuntas airgeadais na costais agus an t-ioncam ábhartha a ghabhann le seirbhísí aerloingseoireachta agus miondealófar sin de réir na scéime muirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 14, agus, nuair is iomchuí, coimeádfaidh siad cuntais chomhdhlúite a bhaineann le seirbhísí eile nach seirbhísí aerloingseoireachta iad, rud a bheadh ina cheangal orthu dá soláthródh gnóthais ar leithligh na seirbhísí i dtrácht."

    (8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

    " Airteagal 14

    Ginearálta

    I gcomhréir le ceanglais Airteagal 15 agus Airteagal 16, fágfar, i ngeall ar an scéim muirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, go mbeidh níos mó trédhearcachta ann agus muirir á socrú, agus á bhforchur agus á gcur i bhfeidhm maidir le húsáideoirí aerspáis, agus fágfar go neartófar cost-éifeachtacht soláthair seirbhísí aerloingseoireachta agus éifeachtacht eitiltí, ach ag an am céanna ag cloí leis an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir. Beidh an scéim seo i gcomhréir le hAirteagal 15 de Choinbhinsiún Chicago 1944 ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus le córas Eurocontrol lena muirearaítear muirir faoi bhealach."

    (9) Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

    (a) leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    "(a) Is éard a bheidh sa chostas a bheidh le roinnt idir na húsáideoirí aerspáis costas dearbhaithe soláthair seirbhísí aerloingseoireachta, lena n-áirítear suimeanna iomchuí le haghaidh infheistíochta caipitiúla agus dímheasa sócmhainní, mar aon leis na costais chothabhála, oibríochtúla, bainistíochta agus riaracháin;"

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    "(b) Is iad na costais atá le cur san áireamh sa chomhthéacs seo na costais a mheasfar i dtaca leis na saoráidí agus na seirbhísí a ndéantar foráil dóibh agus a chuirtear chun feidhme faoi Phlean Réigiúnach Aerloingseoireachta ICAO, Réigiún na hEorpa. Féadfaidh costais arna dtabhú ag na húdaráis náisiúnta maoirseachta agus/nó ag eagraíochtaí aitheanta bheith ar áireamh freisin, chomh maith le costais eile arna dtabhú ag an mBallstát agus ag an soláthróir seirbhísí ábhartha i ngeall ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta. Ní áireofar costais aon phionós a bheidh forchurtha ag na Ballstáit de réir Airteagal 9 den Chreat-rialachán ná costais aon bheart ceartaitheach a bheidh forchurtha ag na Ballstáit de réir Airteagal 11(1)(g)(v) den Chreat-rialachán;"

    (iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    "(d) ní cheadófar trasmhaoiniú idir seirbhísí faoi bhealach agus seirbhísí críochfoirt. Ní cheadófar é idir seirbhísí éagsúla aerloingseoireachta i gceachtar den dá chatagóir sin ach amháin nuair atá call oibiachtúil leis, ar chuntar go n-aithneofar go soiléir é;"

    (b) leasaítear mír 3 mar seo a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

    "Comhlíonfaidh na Ballstáit na prionsabail seo a leanas agus muirir á socrú acu i gcomhréir le mír 2:"

    (ii) cuirtear isteach an pointe seo a leanas i ndiaidh phointe (b):

    "(b) socrófar na muirir de réir bliana féilire agus folóidh siad tréimhse trí bliana ar a laghad agus cúig bliana ar a mhéad;"

    (iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    "(c) D'fhéadfadh ioncaim a dhóthain a bheith mar thoradh ar sheirbhísí aerloingseoireachta sa chruth go ngnóthófar sochar measartha ar shócmhainní ar mhaithe le feabhsúcháin chaipitil is gá."

    (iv) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    "(e) Trí bhíthin muirear cuirfear chun cinn soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte éifeachtach éifeachtúil agus inbhuanaithe d'fhonn Ardleibhéil sábháilteachta agus cost-éifeachtacht a bhaint amach, agus spreagfar soláthar seirbhíse comhtháite. Chuige sin, agus i dtaca leis na pleananna feidhmíochta náisiúnta nó réigiúnacha, féadfaidh na húdaráis náisiúnta maoirseachta meicníochtaí a bhunú, lena n-áirítear dreasachtaí arb é atá iontu ná buntáistí agus míbhuntáistí airgeadais, d'fhonn soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta agus/nó úsáideoirí aerspáis a spreagadh le feabhsúcháin ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta a threisiú, feabhsúcháin amhail níos mó toillte, níos lú moilleanna agus forbairt inbhuanaithe, ach ag an am céanna ag cloí leis an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir."

    (c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    "4. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Chreat-rialachán, go n-úsáidfear muirir chun tionscadail chomhpháirteacha a bhfuil mar aidhm leo cuidiú le catagóirí sonracha aerspáis agus/nó le soláthróirí sonracha seirbhísí aerloingseoireachta d'fhonn bonneagar comhchoiteann aerloingseoireachta, soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus úsáid aerspáis a fheabhsú, na tionscadail chomhpháirteacha sin go háirithe a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil i gcomhair chur chun feidhme mháistirphlean BAT. Le cinntí dá leithéidí aithneofar an tionscadal coiteann agus sonrófar, go háirithe, an clár ama cur chun feidhme, an costas a bheidh le muirearú ar úsáideoirí aerspáis, agus leithdháileadh an chostais ar na Ballstáit.

    5. Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme mionsonraithe i gcomhair an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chreat-rialachán."

    (10) In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    "1. Déanfaidh an Coimisiún foráil don athbhreithniú leanúnach ar chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus Airteagal 15, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit. Féachfaidh an Coimisiún leis na meicníochtaí is gá a bhunú d'fhonn úsáid a bhaint as saineolas Eurocontrol agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe in iúl do na Ballstáit, Eurocontrol agus ionadaithe na n-úsáideoirí aerspáis.

    2. Ar iarratas ó Bhallstát amháin nó ó níos mó ná Ballstát amháin a mheasann nár cuireadh i bhfeidhm mar ba chóir na prionsabail agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 14 agus Airteagal 15, nó as a stuaim féin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar aon líomhain nach bhfuiltear ag comhlíonadh nó ag cur i bhfeidhm na bprionsabal agus/nó na rialacha i dtrácht, agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe ar fáil do na Ballstáit, do Eurocontrol agus d'ionadaithe na n úsáideoirí aerspáis. Laistigh de dhá mhí tar éis dó iarratas a fháil, tar éis dó tuairim an Bhallstáit i dtrácht a chloisteáil agus tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste an Aerspáis Aonair i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Chreat-rialachán, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi chur i bhfeidhm Airteagal 14 agus Airteagal 15 agus faoi cé acu an féidir leanúint den chleachtas i dtrácht nó nach féidir."

    (11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

    " Airteagal 17

    Athbhreithniú ar na hIarscríbhinní

    Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de na hIarscríbhinní a leasú d'fhonn fhorbairt theicniúil nó oibríochtúil a chur san áireamh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Chreat-rialachán.

    Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a úsáid."

    (12) In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    "1. Ní nochtfaidh na húdaráis náisiúnta maoirseachta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, ná an Coimisiún, aon fhaisnéis de ghné rúnda.

    2. Beidh mír 1 gan dochar do cheart na n-údarás náisiúnta maoirseachta ná an Choimisiúin faisnéis a nochtadh i gcás ina mbeidh sé seo fíor-riachtanach chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, agus sa chás sin beidh nochtadh dá leithéid comhréireach agus féachfar leis le leas dlisteanach na soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta, na n-úsáideoirí aerspáis, na n-aerfort nó na ngeallsealbhóirí ábhartha eile ó thaobh cosaint a gcuid rúnda gnó de.

    (13) Cuirtear isteach Airteagal 18a a leanas:

    " Airteagal 18a

    Athbhreithniú

    1. Mar chuid den athbhreithniú tréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Chreat-Rialachán agus ag tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, tabharfaidh an Coimisiún chun críche staidéar ionchasach ar na coinníollacha faoina gcuirfear prionsabail an mhargaidh i bhfeidhm amach anseo maidir le soláthar agus ainmniú seirbhísí i réimse na cumarsáide, na loingseoireachta, an fhaireachais, na meitéareolaíochta agus faisnéise aerloingseoireachta.

    2. I bhfianaise conclúidí an staidéir agus an dul chun cinn a bheidh déanta, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh ag gabháil léi, nuair is iomchuí, togra chun prionsabail an mhargaidh a leathnú chun go bhfolófar seirbhís amháin nó níos mó ná seirbhís amháin dá dtagraítear i mír 1, nó chun aon chéimeanna eile a ghlacadh."

    Airteagal 3

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 mar a leanas:

    (1) Scriostar Airteagal 2.

    (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    " Airteagal 3

    Réigiún Faisnéise Eitilte aonair na hEorpa (RFEE)

    1. Iarrfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit ar an ICAO Réigiún Faisnéise Eitilte aonair na hEorpa (RFEE) a bhunú. Chuige sin, i gcás gnóthaí a thig faoi inniúlacht an Chomhphobail, déanfaidh an Coimisiún, más gá, moladh a chur faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 300 den Chonradh tráth nach déanaí ná [....][13]

    2. Ceapfar an RFEE sa chruth go gcuimseofar an t-aerspás a thig faoi inniúlacht na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 1(3) agus d'fhéadfadh aerspás tríú tíortha Eorpacha a bheith cuimsithe freisin.

    3. Beidh bunú RFEE gan dochar don fhreagracht atá ag na Ballstáit as soláthróirí seirbhísí aerthráchta a ainmniú don aerspás atá faoina bhfreagracht i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán maidir le soláthar seirbhísí.

    4. Coinneoidh na Ballstáit a gcuid freagrachtaí i dtaca leis an ICAO laistigh de theorainneacha geografacha na réigiún uachtarach faisnéise eitilte agus laistigh de na réigiúin faisnéise eitilte a thabharfaidh ICAO dóibh ar iontaoibh ar an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm."

    (3) Cuirtear isteach Airteagal 3a a leanas:

    " Airteagal 3a

    Faisnéis aerloingseoireachta

    1. Gan dochar d'fhaisnéis aerloingseoireachta arna foilsiú ag na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar le Eurocontrol, go mbeidh faisnéis leictreonach aerloingseoireachta d'ardchaighdeán ar fáil agus go gcuirfear ar fáil ar bhealach comhchuibhithe í agus go bhfreastalóidh sí ar riachtanais na n-úsáideoirí ábhartha uile ó thaobh chaighdeán agus thráthúlacht na sonraí de.

    2. Chun críche mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    (a) forbróidh sé bonneagar uile-Chomphobail i gcomhair faisnéise aerloingseoireachta i bhfoirm tairsí faisnéise comhtháite leictreonaí a mbeidh rochtain gan srian ag an bpobal uirthi. Trí bhíthin an bhonneagair seo comhtháthófar rochtain ar eilimintí de na sonraí is gá agus soláthar na sonraí sin, eilimintí amhail, inter alia, faisnéis aerloingseoireachta, faisnéis ó oifig tuarascála na seirbhísí aerthráchta (OTA), faisnéis meitéareolaíochta agus faisnéis faoi bhainistíocht an tsreafa aerthráchta;

    (b) treiseoidh sé nuachóiriú agus comhchuibhiú soláthair faisnéise aerloingseoireachta, sa chiall is leithne, i ndlúthchomhar le Eurocontrol agus leis an ICAO.

    3. Glacfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme mionsonraithe i gcomhair an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chreat-rialachán."

    (4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    "Airteagal 4

    Rialacha an aeir agus aicmiúcháin aerspáis

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chreat-rialachán, rialacha cur chun feidhme a ghlacadh d'fhonn:

    (a) forálacha ábhartha chaighdeáin ICAO agus cleachtais mholta i dtaca le rialacha an aeir a ionchorprú, fara oiriúnuithe agus feabhsúcháin ábhartha más gá;

    (b) cur i bhfeidhm aicmiúchán aerspáis ICAO a chomhchuibhiú, fara oiriúnuithe agus feabhsúcháin ábhartha más gá, d'fhonn seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar ar bhealach rianúil laistigh den aerspás Eorpach aonair."

    (5) Scriostar Airteagal 5.

    (6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    "Airteagal 6

    An líonra a bhainistiú agus a cheapadh

    1. Trí bhíthin líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) fágfar go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as an aerspás agus áiritheofar go mbeidh úsáideoirí aerspáis in ann na bealaí is fearr leo a oibriú, ach ag an am céanna an rochtain is mó is féidir ar an aerspás agus ar sheirbhísí aerloingseoireachta a cheadú.

    2. D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:

    (a) ceapadh líonra bealaí na hEorpa;

    (b) comhordú agus leithdháileadh acmhainní ganna, minicíochtaí raidió agus cóid trasfhreagróra radair go háirithe.

    (c) feidhmeanna breise do líonra BAT, mar a shainítear i máistirphlean BAT.

    Féadfaidh an Coimisiún, faoina fhreagracht agus faoina stiúir féin, cúraimí a thabhairt ar iontaoibh do Eurocontrol a bhaineann le cur i gcrích na bhfeidhmeanna thuasluaite, cúraimí nach bhfuil glacadh beart ceangailteach ag a bhfuil raon feidhme ginearálta ag baint leo ná nach bhfuil feidhmiú discréide polaitiúla ag baint leo. Déanfar na cúraimí seo ar bhealach neamhchlaonta costéifeachtúil ag cur riachtanais líonra BAT ina iomláine san áireamh agus beidh na húsáideoirí aerspáis agus na soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta lánpháirteach ann.

    3. Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le sainiú na mbunchritéar agus na nósanna imeachta um fheidhmiú na bhfeidhmeanna dá dtagraítear i mír 2, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Chreat-rialacháin.

    4. Is i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chreat-rialacháin a ghlacfar na rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme na bearta dá dtagraítear i mír 3. Glacfaidh an Coimisiún na bearta aonair a ndéantar foráil dóibh sna rialacha cur chun feidhme sin. Is féidir foráil a dhéanamh sna rialacha cur chun feidhme sin gurb é Eurocontrol, ar fhorais phráinne, a ghlacfaidh cineálacha áirithe cinntí aonair i gcomhréir le treoirlínte arna eisiúint ag an gCoimisiún.

    5. Is ar leibhéal an náisiúin nó ar leibhéal an réigiúin a dhéileálfar le gnéithe eile de cheapadh an aerspáis nach iad na gnéithe a ndéantar tagairt dóibh i mír 2. Sa phróiseas ceaptha cuirfear riachtanais tráchta agus castacht san áireamh agus beidh comhairle dhomhain leis na grúpaí úsáideoirí aerspáis uile ina cuid den phróiseas.

    6. Cuirfidh na Ballstáit ar iontaoibh do Eurocontrol feidhmíocht bhainistíocht an tsreafa aerthráchta mar a shonraítear i riail cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Chreat-rialacháin agus de réir na gceanglas a leag an Coimisiún síos de bhun Airteagal 9."

    (7) In Airteagal 9 cuirtear isteach mír 3 a leanas:

    "3. Ar áireamh sna rialacha cur chun feidhme beidh comhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt agus an comhordú is gá le réigiúin chóngaracha".

    Airteagal 4

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 mar seo a leanas:

    (1) Cuirtear isteach Airteagal 6a a leanas:

    " Airteagal 6a

    Fiorúchán eile comhlíonta

    Aon deimhniú a eiseofar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008, i gcás inar infheidhme maidir le comhdhamhnaí nó córais, measfar, chun críche Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo, gur dearbhú comhlíonta CE nó dearbhú oiriúnachta úsáide CE é, nó gur dearbhú fíorúcháin CE é, má léirítear leis go gcomhlíonann sé ceanglais fhíor-riachtanacha an Rialacháin seo agus na rialacha ábhartha cur chun feidhme maidir le comh-inoibritheacht.

    (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

    "Airteagal 9

    Athbhreithniú ar na hIarscríbhinní

    Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de na hIarscríbhinní a leasú d'fhonn forbairt theicniúil nó oibríochtúil a chur san áireamh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Chreat-rialachán."

    Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a úsáid. "

    (3) Leasaítear Iarscríbhinn II mar seo a leanas:

    (a) I gcuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe 2, "Coincheapa nua oibríochtúla a threisiú":

    "Trí bhíthin EATMN, a chórais agus a comhdhamhnaí, treiseofar, ar bhonn comhordaithe, coincheapa nua oibríochtúla ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh, coincheapa lena bhfeabhsófar caighdeán, inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht na seirbhísí aerloingseoireachta, ó thaobh sábháilteachta agus toillte de go háirithe."

    (b) Leasaítear cuid B mar seo a leanas:

    (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre de phointe 3.1.2, "Coincheapa nua oibríochtúla threisiú":"Trí bhíthin córas próiseála do shonraí eitilte éascófar cur chun feidhme forásach na gcoincheap oibríochtúil ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh le haghaidh na gcéimeanna eitilte uile, mar atá beartaithe i máistirphlean BAT."

    (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.2, "Coincheapa nua oibríochtúla a threisiú":

    "3.2.2. Coincheapa nua oibríochtúla a threisiú"Trí bhíthin córas próiseála do shonraí faireacháin, éascófar cur ar fáil forásach foinsí nua faireacháin sa chruth go bhfeabhsófar caighdeán na seirbhísí ina n-iomláine, mar atá beartaithe i máistirphlean BAT go háirithe."

    (iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2, "Coincheapa nua oibríochtúla a threisiú":

    "4.2. coincheapa nua oibríochtúla a threisiú"Trí bhíthin corás cumarsáide treiseofar cur chun feidhme leanúnach coincheap oibríochtúil ardchéime ar ar comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh le haghaidh na gcéimeanna eitilte uile, mar atá beartaithe i máistirphlean BAT."

    Airteagal 5 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Ón dáta arna sonrú ina rialacha cur chun feidhme féin agus ag tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo beidh feidhm ag Airteagal 6(2) agus Airteagal (6) de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 mar a leasaítear leis an Rialachán seo.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

    An tUachtarán An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1. AINM AN TOGRA:

    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 lena leagtar síos an creat chun Aerspás Eorpach Aonair a chruthú, Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a chur ar fáil san Aerspás Eorpach Aonair, Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 maidir leis an aerspás san Aerspás Eorpach Aonair a eagrú agus a úsáid, Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 maidir le comh-inoibritheacht líonra bainistíocht aerthráchta na hEorpa.

    2. CREAT "ABM/ABB" (BAINISTIÚ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ)

    Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/ Ghníomhaíochtaí ghaolmhara:

    Gníomhaíocht: "Iompar intíre, aeriompar, agus iompar ar muir"

    Cuspóir: "Cur chun feidhme an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí iompair a áirithiú"

    3. NA LÍNTE BUISÉID

    3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A)) agus a gceannteidil san áireamh:

    06 02 03 – Sábháilteacht Iompair

    3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

    Baineann na tograí le reachtaíocht an Chomhphobail a leasú. I bprionsabal, níl aon teorainn leis an tréimhse. Ar chúiseanna praiticiúla déantar an dáta glactha a bhfuiltear ag súil leis (2009) go dtí deireadh na bpeirspíochtaí airgeadais (2013) a mheas.

    3.3. Tréithe buiséadacha:

    Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspic-tíocht Airgeadais |

    Neamhéig-eantach | LN[14] | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. |

    Neamhéig-eantach | Difreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. |

    4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

    4.1. Acmhainní Airgeadais

    4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Saghas caiteachais | Uimh. coda | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | Iomlán |

    Caiteachas oibríochtúil[15] |

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 1.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 10.250 |

    Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 1.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 10.250 |

    Caiteachas riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha[16] |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c |

    AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

    Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 1.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 10.250 |

    Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 1.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 2.25 | 10.250 |

    Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[17] |

    Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0.117 | 0.117 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 1.170 |

    Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.290 |

    Costas airgeadais táscach iomlán na hidirghabhála |

    LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 0.117 | 1.425 | 2.542 | 2.542 | 2.542 | 2.542 | 11.710 |

    LÍ IOMLÁN agus costas na nAcmhainní Daonna san áireamh | b+c+d+e | 0.117 | 1.425 | 2.542 | 2.542 | 2.542 | 2.542 | 11.710 |

    Sonraí an Chómhaoinithe

    Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

    …………………… | f |

    LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f |

    4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

    X Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

    ( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

    ( D'fhéadfadh sé go gceanglófaí leis an togra seo forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[18] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

    4.1.3. Iarmhairt airgeadais ar Ioncam

    X Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

    ( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is é seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

    EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

    Roimh ghníomh [Bliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh |

    Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 1 | 1 | 2 | 2 | 2 | 2 |

    5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

    5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Reachtaíocht i réimse na bainistíochta aerthráchta a bhunú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.

    5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Ní foláir bonneagar láidir bheith ann chun margadh an aeriompair a fhorbairt. Tá bainistíocht aerthráchta ina chuid den bhonneagar seo (mar aon leis na haerfoirt). Ní foláir idirghabháil Comhphobail chun go mbeidh an líonra tras-Eorpach seo éifeachtach, go háirithe toisc gur monaplacht nádúrtha í bainistíocht aerthráchta.

    Trí bhíthin reachtaíocht an Aerspáis Aonair éascófar cur chun feidhme agus athimscaradh mháistirphlean SESAR.

    5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata ABM (bainistiú na ngníomhaíochtaí)

    Cur chun feidhme an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí iompair a áirithiú.

    Baineann na cuspóirí sonracha le seirbhísí aerloingseoireachta. Feidhmíocht an ghréasáin a fheabhsú chun forás na heitlíochta sibhialta a chur chun cinn trí bhainistíocht aerthráchta a rialú. Den chóras reatha ina bhfuil feidhmíocht tagarmharcála neamhcheangailteach déantar córas rialúcháin chun feidhmíocht an chórais a chur chun cinn. Socraíonn an Coimisiún cuspóirí feidhmíochta, ag brath ar Chomhlacht um Athbhreithniú Feidhmíochta. Beidh an coiste um Aerspás Eorpach Aonair, a bunaíodh leis an reachtaíocht reatha, rannpháirteach sa nós imeachta rialúcháin chomh maith.

    5.4. Modhanna don Chur chun Feidhme (táscach)

    ( Bainistiú láraithe

    ( go díreach ag an gCoimisiún

    ( go hindíreach trína tharmligean chuig:

    ( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

    ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    ( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

    ( le Ballstáit

    ( le Tríú tíortha

    ( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

    Barúlacha ábhartha:

    6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

    6.1. Córas Monatóireachta

    Ní amháin go ndéanfar monatóireacht ar na héifeachtaí a bheidh ar fheidhmíocht, ach is amhlaidh gur cuid lárnach den leasú é athbhreithniú ar fheidhmíocht agus rialú feidhmíochta. Ó tharla gur monaplachtaí nádúrtha iad, beidh ar bhainistíocht aerthráchta cuspóirí feidhmíochta sonracha a shásamh. Leagfar síos na cuspóirí seo i ndlúthchomhairliúchán le húsáideoirí an aerspáis, úsáideoirí a mhaoiníonn an córas agus arb iad na cliaint iad, agus leis na soláthróirí aerloingseoireachta, arb iad na soláthróirí seirbhísí iad.

    Leis an Aerspás Aonair bunaíodh creat idirinstitiúideach a ligean do gheallsealbhóirí, úsáideoirí an aerspáis go háirithe, a gcuid tuairimí maidir le héifeachtacht na mbeart a chur in iúl.

    6.2. Meastóireacht

    6.2.1. Meastóireacht ex-ante

    Ullmhaíodh na tograí reachtacha i bhfianaise dhá thuarascáil. D'iarr an Coimisiún ar Choimisiún Eurocontrol um Athbhreithniú Feidhmíochta measúnú neamhspleách a dhéanamh ar thionchar an Aerspáis Aonair ar fheidhmiú an chórais bainistíochta aerthráchta.

    Léirigh an Grúpa Ardleibhéil ar thodhchaí an chreata rialúcháin eitlíochta[20] an treo ba chóir a ghlacadh sna tograí. D'iarr an grúpa go mbainfí úsáid chomhsheasmhach as 'modh an Chomhphobail' lena nglactar cinntí ar an leibhéal Eorpach trí vótáil tromlaigh cháilithe, ag fágail ag an am céanna an cur chun feidhme faoi chúram comhpáirtíochta láidre idir na Ballstáit agus an Comhphobal.

    6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

    Tá na tuarascálacha a luaitear faoi 6.2.1 bunaithe ar an reachtaíocht aerspáis aonair reatha, uime sin aerspás aonair ex-post I, aerspás aonair ex-ante II.

    6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

    Leis na tograí tugtar isteach measúnuithe bliantúla (laistigh de thréimhsí pleanála 5 bliana) chun feidhmíocht an chórais a rialú, uime sin tá measúnú dian buan ar éifeachtacht na reachtaíochta de dhíth.

    7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

    Neamhbhainteach.

    8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ

    8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

    Bliain 2008 | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

    Oifigigh nó foireann shealadach[22] arna maoiniú ag air (XX 01 01) | A*/AD | 1 | 2 | 2 | 2 | 2 | 2 |

    B*, C*/AST |

    XX 01 02 Foireann eile[23]. |

    Foireann eile[24] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 |

    IOMLÁN | 1 | 2 | 2 | 2 | 2 |

    8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

    Le haghaidh rialála feidhmíochta, teastaíonn na nithe seo a leanas: dianphróiseas meastóireachta ar thionscal BAT; spriocanna feidhmíochta a shocrú ar leibhéal an Chomhphobail; na spriocanna ginearálta seo a fhormhuiniú; próiseas ina ndéantar spriocanna áitiúla de na spriocanna uile-líonra seo, lena n-áirítear comhairliúchán le húsáideoirí an aerspáis; glacadh na spriocanna áitiúla ag an gCoimisiún.

    Sa bhreis air sin, áiritheoidh an Coimisiún éifeachtacht fheidhm an líonra bainistíochta. Chun é seo a bhaint amach ní mór rialacha cur chun feidhme a ullmhú agus monatóireacht a dhéanamh.

    8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

    X Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

    ( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

    ( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

    ( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

    ( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

    8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa tsuim thagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

    - intra muros |

    - extra muros |

    Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán |

    8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais bhainteacha nach n-áirítear sa tsuim thagartha

    EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

    Cineál acmhainní daonna | Bliain 2008 | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí |

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha (06 01 01) | 0.117 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 |

    Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne sonrach buiséid) |

    Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.117 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 |

    Ríomh – Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha |

    Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

    8.2.6. Caiteachas riaracháin eile nach n-áirítear sa tsuim thagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

    Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

    XX 01 02 11 01 – Misin |

    XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

    XX 01 02 11 03 -Coistí[26] | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.290 |

    XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúchán |

    XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

    Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

    3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh é – lena n-áirítear tagairt don líne bhuiséadach) |

    Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.058 | 0.290 |

    Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

    [1] IO C…

    [2] IO C…

    [3] IO C…

    [4] IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

    [5] IO L 96, 31.3.2004, lch. 10

    [6] IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.

    [7] IO L 96, 31.3.2004, lch. 26.

    [8] IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.

    [9] IO L 225, 12.8.1998, lch. 27. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1792/2006 ón gCoimisiún (IO L 362, 20.12.2006, lch. 1.).

    [10] COIM (2006) 819

    [11] IO L 79, 19.3.2008, lch. 1.

    [12] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

    [13] Dáta: ceithre bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

    [14] Leithreasaí neamhdhifreáilte dá ngairtear 'LN' anseo feasta.

    [15] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

    [16] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

    [17] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

    [18] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

    [19] Ba chóir colúin bhreise a chur isteach más gá i.e. má théann fad thréimhse na gníomhaíochta thar 6 bliain.

    [20] An Grúpa Ardleibhéil um Thodhchaí Chreat Rialála na hEitlíochta, 2007, A Framework for Driving Performance Improvement , an Bhruiséil, lch. 47.

    [21] Mar a chuirtear síos air faoi Mhír 5.3

    [22] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

    [23] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

    [24] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

    [25] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

    [26] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

    Top