EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008AG0009

Comhsheasamh (CE) Uimh. 9/2008 an 10 Márta 2008 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO C 111E, 6.5.2008, p. 46–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

6.5.2008   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/46


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 9/2008

a ghlac an Chomhairle an 10 Márta 2008

chun go nglacfaí Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2008/C 111 E/04)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gá Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin atá le húsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair chun iad a tháirgeadh (3) a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eolaíocha. Ar mhaithe le soiléireacht agus le héifeachtacht, ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Threoir 88/388/CEE.

(2)

Foráiltear, le Cinneadh 88/389/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir leis an gCoimisiún a bheith ag bunú fardail de na bunábhair agus de na substaintí a úsáidtear agus blastáin á n-ullmhú (4), do bhunú an fhardail sin laistigh de 24 mí ón dáta a nglacfar an Cinneadh. Tá an Cinneadh sin as feidhm anois agus ba cheart é a aisghairm.

(3)

Le Treoir 91/71/CEE ón gComhairle an 16 Eanáir 1991 lena gcríochnaítear Treoir 88/388/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin atá le húsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair chun iad a tháirgeadh (5), leagtar síos rialacha maidir le lipéadú blastán. Cuirtear an Rialachán seo in ionad na rialacha sin agus ba cheart an Treoir a aisghairm anois.

(4)

Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine na saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

(5)

D'fhonn sláinte an duine a chosaint ba cheart go bhfolódh an Rialachán seo blastáin, bunábhair do bhlastáin agus bianna a bhfuil blastáin iontu. Ba cheart go bhfolódh sé freisin comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a chuirtear le bia, agus ar chun blas a chur ar an mbia is mó a dhéantar amhlaidh, agus a chuireann go mór le láithreacht substaintí míchuibhiúla áirithe i mbia, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrtha (dá ngairfear ‘comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu’ anseo feasta), a mbunábhar agus bianna a bhfuil siad iontu.

(6)

Earraí bia amha, nach ndearnadh aon chóireáil próiseála orthu agus earraí bia nach comhbhianna iad amhail luibheanna, spíosraí, taenna agus insiltí (e.g. tae torthaí nó tae luibhe) mar aon le meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna, meascáin tae agus meascáin le haghaidh insilte, fad gurb amhlaidh a chaitear iad agus/nó nach gcuirtear leis an mbia iad, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(7)

Níor cheart go n-úsáidfí blastáin ná comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ach má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Caithfidh siad a bheith sábháilte nuair a úsáidfear iad, agus dá bhrí sin ba cheart measúnú riosca a dhéanamh orthu sula gceadófaí i mbia iad. Níor cheart go gcuirfeadh a n-úsáid an tomhaltóir amú agus ba cheart, dá bhrí sin, go léireofaí i gcónaí le lipéadú cuí go bhfuil siad i mbia. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht cothúcháin an táirge, ach ní gá gurb é sin amháin a bheadh i gceist leis. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus blastáin á bhformheas, na tosca eile atá ábhartha maidir leis an ábhar atá á mheas, lena n-áirítear tosca sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eitice agus comhshaoil agus a indéanta atá sé rialuithe a dhéanamh.

(8)

Ó 1999 i leith, tá a thuairimí tugtha uaidh ag an gCoiste Eolaíoch Bia agus ina dhiaidh sin ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia (6) faoi roinnt substaintí a fhaightear go nádúrtha i mbunábhair do bhlastáin agus faoi chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ar cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta de, dar le Coiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir le Substaintí Blaistithe. Ba cheart substaintí ar dhearbhaigh an Coiste Eolaíoch Bia gur cúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad, a mheas mar shubstaintí míchuibhiúla nár cheart a chur le bia.

(9)

Toisc go bhfaightear go nádúrtha i bplandaí iad, d'fhéadfadh substaintí míchuibhiúla a bheith in ullmhóidí blaistithe agus i gcomhábhair bia a mbeadh airíonna blaistithe acu. Úsáidtear na plandaí go traidisiúnta mar bhia nó mar chomhábhair bia. Ba cheart leibhéil uasta iomchuí a bhunú do na substaintí míchuibhiúla seo sna bianna sin is mó a chuireann le hiontógáil na substaintí seo ag an duine, agus an gá atá le sláinte an duine a chosaint agus nach féidir iad a sheachaint i mbianna traidisiúnta á gcur san áireamh.

(10)

Ba cheart go mbeadh na leibhéil uasta de shubstaintí míchuibhiúla áirithe a fhaightear go nádúrtha dírithe ar an mbia nó ar na catagóirí bia is mó a chuireann lena n-ionghabháil chothaithe. Chuirfeadh sé seo ar chumas na mBallstát rialuithe a eagrú ar bhonn riosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (7). Tá sé de dhualgas ar tháirgeoirí bia, áfach, a chur san áireamh go bhfuil na substaintí ann agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus/nó blastáin á n-úsáid acu chun gach bia a ullmhú d'fhonn a áirithiú nach gcuirfear ar an margadh aon bhia nach bhfuil sábháilte.

(11)

Ba cheart forálacha a bhunú ar leibhéal an Chomhphobail d'fhonn úsáid ábhar planda, ainmhí, micribhitheolaíochta, nó mianrach áirithe a chosc, nó a theorannú, ar cúis imní iad do shláinte an duine i dtáirgeadh blastán agus i dtáirgeadh comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus ina gcur chun feidhme i dtáirgeadh bia.

(12)

Ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás na measúnuithe riosca.

(13)

D'fhonn comhchuibhiú a áirithiú, ba cheart gur i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 an … lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia a dhéanfaí an measúnú riosca agus an formheas ar bhlastáin agus ar bhunábhair ar gá meastóireacht a dhéanamh orthu (8).

(14)

Is substaintí sainmhínithe ceimiceacha iad substaintí blaistithe, lena n-áirítear substaintí blaistithe a fhaightear trí shintéis cheimiceach nó substaintí blaistithe a leithlisítear trí phróiseas ceimiceach a úsáid agus substaintí blaistithe nádúrtha. Tá clár meastóireachta ar shubstaintí blaistithe ar bun faoi láthair i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 lena leagtar síos nós imeachta Comhphobail maidir le substaintí blaistithe a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid in earraí bia nó ar earraí bia (9). Faoin Rialachán sin, tá liosta de shubstaintí blaistithe le glacadh laistigh de chúig bliana ón dáta a nglacfar an clár sin. Ba cheart spriocdháta nua a shocrú maidir leis an liosta sin a ghlacadh. Molfar go n-áireofar an liosta sin ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10).

(15)

Maidir le hullmhóidí blaistithe is blastáin iad, seachas na substaintí ceimiceacha sainmhínithe, a fhaightear ó ábhair de bhunús plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó micribhitheolaíocha iomchuí, agus an t-ábhar i staid amh nó i ndiaidh a phróiseála lena chaitheamh ag an duine. Ní gá meastóireacht nó nós imeachta formheasta a dhéanamh ar ullmhóidí blaistithe a tháirgtear ó bhia lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna ach amháin i gcás ina mbeidh amhras faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí meastóireacht ar shábháilteacht ullmhóidí blaistithe a tháirgtear ó ábhar neamhbhia agus go ndéanfaí iad a fhormheas.

(16)

Is é an sainmhíniú a dhéantar i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ar bhia, aon substaint nó táirge, bíodh sí nó sé próiseáilte, próiseáilte go páirteach nó neamhphróiseáilte, a ceapadh lena n-ionghabháil ag daoine, nó a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go ndéanfadh daoine í nó é a ionghabháil. Maidir le hábhair de thionscnamh plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, ar féidir a léiriú go leordhóthanach gur úsáideadh go dtí seo iad chun blastáin a tháirgeadh, meastar gur ábhair bia iad chun na críche seo, cé go bhféadfadh sé nár úsáideadh cuid de na bunábhair, amhail an rósadhmad, agus duilleoga sútha talún, mar bhia ann féin. Ní gá meastóireacht a dhéanamh orthu.

(17)

Mar an gcéanna, ní gá meastóireacht a dhéanamh ar bhlastáin próisis theirmigh a tháirgtear ó bhia faoi choinníollacha sonraithe, chun go n-úsáidfear i mbianna agus ar bhia iad ná ní gá formheas a dhéanamh orthu ach amháin i gcás ina mbeidh amhras faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí meastóireacht agus formheas ar shábháilteacht blastán próisis theirmigh a tháirgtear ó ábhar neamhbhia nó nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe táirgthe.

(18)

Leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (11) nós imeachta maidir le measúnú sábháilteachta agus formheas a dhéanamh ar bhlastáin deataigh agus is é an aidhm atá ag an Rialachán liosta a bhunú de na bun-chomhdhlútháin deataigh agus de na bunchodáin tarra a n-údaraítear a n-úsáid d'eisiamh gach bun-chomhdhlútháin deataigh agus bunchodáin tarra eile.

(19)

Cuireann réamhtheachtaithe blais amhail carbaihiodráití, oligaipeiptídí agus aimínaigéid blas ar bhia trí imoibrithe ceimiceacha a tharlaíonn agus an bia á phróiseáil. Ní gá go ndéanfaí meastóireacht ar réamhtheachtaithe blais a tháirgtear ó bhia le go n-úsáidfear i mbianna agus ar bhianna iad ná go gcuirfí faoi nós imeachta formheasa iad mura mbeidh amhras ann faoina sábháilteacht. Ba cheart, áfach, meastóireacht agus formheas a dhéanamh ar shábháilteacht réamhtheachtaithe blais a tháirgtear ó ábhair neamhbhia.

(20)

Féadfar blastáin eile nach dtagann faoi réim na sainmhínithe ar na blastáin a luadh cheana a úsáid i mbianna agus ar bhianna, tar éis dóibh dul faoi mheastóireacht agus faoi nós imeachta formheasta. Ar na samplaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist, bheadh blastáin a fhaightear trí ola nó trí shaill a théamh chuig teocht fíorard ar feadh tréimhse an-ghairid, a thabharfadh blas a bheadh cosúil le blas ón ngríoscán.

(21)

Ní fhéadfar ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch, micribhitheolaíoch nó mianrach seachas bia a údarú le haghaidh blastáin a tháirgeadh ach amháin i gcás measúnú eolaíoch a bheith déanta maidir lena shábháilteacht. D'fhéadfadh sé gur ghá a údarú nach ndéanfaí ach codanna áirithe den ábhar a úsáid nó go gcaithfí coinníollacha úsáide a leagan síos.

(22)

Féadfaidh blastáin breiseáin bia a bheidh iontu mar a cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 an … ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle maidir le breiseáin bia (12) agus/nó comhábhair eile bia chun críocha teicneolaíocha amhail chun iad a stóráil, a chaighdeánú, a chaolú nó a thuaslagadh agus a chobhsú.

(23)

Blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (13), ba cheart go mbeadh sé faoi réir an nós imeachta um údarú faoin Rialachán sin maidir le measúnú sábháilteachta ar an modhnú géiniteach, ach ba cheart gur faoin Rialachán seo a dheonófaí an t-údarú críochnaitheach le haghaidh an bhlastáin nó le haghaidh an bhunábhair.

(24)

Fanfaidh blastáin faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht earraí bia (14) agus, de réir mar a bheidh, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (15). Ina theannta sin, ba cheart forálacha sonracha a chur san áireamh sa Rialachán seo maidir leis an lipéadú ar bhlastáin a dhíoltar mar bhlastáin leis an monaróir nó leis an tomhaltóir deiridh.

(25)

Níor cheart an lipéad ‘nádúrtha’ a chur ar shubstaintí blaistithe ná ar ullmhóidí blaistithe ach amháin i gcás go gcloíonn siad le critéir áirithe a áirithíonn nach gcuirtear tomhaltóirí amú.

(26)

Ba cheart go n-áiritheofaí le saincheanglais faisnéise nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir leis an mbunábhar a úsáidtear chun blastáin nádúrtha a tháirgeadh. Go háirithe, i gcás ina n-úsáidfear an téarma nádúrtha le cur síos a dhéanamh ar bhlas, ba cheart gur de bhunús nádúrtha ar fad na comhpháirteanna blaistithe a úsáideadh. Ina theannta sin, ba cheart foinse na mblastán a lipéadú, ach amháin nuair nach n-aithneofaí na bunábhair dá dtagraítear i mblas an bhia. I gcás ina luaitear foinse, ba cheart gur ón ábhar dár tagraíodh a thiocfadh 95 % ar a laghad den chomhpháirt blaistithe. Ní fhéadfar an leibhéal uasta eile 5 % a úsáid ach do chaighdeánú nó chun, mar shampla, blas níos úire, níos géire, níos aibí nó níos glaise a chur ar an mblastán. I gcás inar úsáideadh níos lú ná 95 % den chomhpháirt blaistithe a baineadh as an bhfoinse dár tagraíodh agus gur féidir fós blas na foinse a aithint, ba cheart an fhoinse a nochtadh i dteannta ráitis ag dearbhú gur cuireadh blastáin nádúrtha eile léi, mar shampla, úsc cócó ar cuireadh blastáin nádúrtha leis chun blas banana a chur air. Nuair a mhaítear sa chur síos ar na blastáin nádúrtha gurb ann do bhunábhar, níor cheart do chodán na comhpháirte blaistithe seachas an codán den chomhpáirt sin a díorthaíodh ón bhfoinse áirithe sin blas na foinse dá dtagraítear a atáirgeadh ná aithris a dhéanamh air.

(27)

Más mar gheall ar bhlastáin deataigh a chur le bia áirithe atá blas deataithe air, ba cheart é sin a chur in iúl don tomhaltóir. I gcomhréir le Treoir 2000/13/CE, níor cheart don lipéadú an tomhaltóir a chur amú maidir le cé acu a ndeataítear an táirge ar an ngnáthbhealach le deatach úr nó a gcóirítear le blastáin deataigh é. Is gá Treoir 2000/13/CE a oiriúnú do na sainmhínithe ar bhlastáin, ar bhlastáin deataigh agus ar an téarma ‘nádúrtha’ maidir leis an gcur síos ar bhlastáin a leagtar síos sa Rialachán seo.

(28)

Tá sé riachtanach faisnéis a fháil maidir le tomhaltas agus maidir le húsáid substaintí blaistithe chun meastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht substaintí blaistithe do shláinte an duine. Ba cheart seiceáil a dhéanamh go rialta ar mhéideanna na substaintí blaistithe a chuirtear le bia.

(29)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (16).

(30)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh maidir leis an liosta Comhphobail a bhunú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad, inter alia trína fhorlíonadh le míreanna nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Cinneadh 1999/468/CE.

(31)

Nuair nach bhféadfar, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Cinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm d'fhonn na bearta a glacadh a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 8(2) agus sna leasuithe ar Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

(32)

Ba cheart Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú de réir mar is gá don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus an fhaisnéis a sholáthróidh táirgeoirí agus úsáideoirí blastán agus/nó an fhaisnéis a thiocfaidh as monatóireacht agus as rialuithe na mBallstát á cur san áireamh.

(33)

D'fhonn dlí an Chomhphobail maidir le blastáin a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach, éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí go maoiníonn an Comhphobal staidéir den sórt sin mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(34)

Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, ba cheart foráil a dhéanamh do mheastóireacht agus d'fhormheas substaintí blaistithe nach gcumhdaítear leis an gclár meastóireachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2232/96. Ba cheart, dá bhrí sin, córas idirthréimhseach a leagan síos. Faoin gcóras sin, ba cheart substaintí blaistithe den sórt sin a mheas agus a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10). Maidir leis na tréimhsí ama, áfach, dá bhforáiltear sa Rialachán sin ar laistigh díobh a ghlacfaidh an tÚdarás a thuairim agus a chuirfidh an Coimisiún dréachtrialachán faoi bhráid an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe lena ndéantar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta, níor cheart go mbeadh feidhm acu, toisc gur cheart tosaíocht a thabhairt don chlár leanúnach meastóireachta.

(35)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a úsáid i mbianna agus ar bhianna, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus ar mhaithe le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(36)

Is gá Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair biotáillí (17) agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe (18), ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe a oiriúnú do shainmhínithe nua áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo.

(37)

Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 agus Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Article 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le blastáin agus maidir le comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach éifeachtach agus go mbeidh ardleibhéal cosanta ann do shláinte an duine agus cosaint do leasanna na dtomhaltóirí, lena n-áirítear cleachtais chóra i dtrádáil bia agus, i gcás inar iomchuí, caomhnú an chomhshaoil á chur san áireamh.

Chun na gcríoch sin, foráiltear leis an Rialachán seo do na nithe seo a leanas:

(a)

liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair atá formheasta lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna, agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I (dá ngairfear an ‘liosta Comhphobail’ anseo feasta);

(b)

coinníollacha úsáide blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu i mbianna agus ar bhianna;

(c)

rialacha maidir le lipéadú blastán.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

blastáin a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna, gan dochar d'fhorálacha níos sainiúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003;

(b)

comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu;

(c)

bia a bhfuil blastáin ann agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu;

(d)

bunábhair do bhlastáin agus/nó bunábhair do chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

substaintí ar blas milis, blas géar nó blas goirt amháin atá orthu;

(b)

bianna amha;

(c)

bianna nach comhbhianna iad agus meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna, meascáin de thaenna agus meascáin lena n-insileadh, fad nár úsáideadh mar chomhábhair bia iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallóidh ‘blastáin’:

(i)

táirgí nach mbeartaítear a chaitheamh mar bhlastáin, agus a chuirtear le bia d'fhonn boladh agus/nó blas a chur air;

(ii)

táirgí a dhéantar as na catagóirí seo a leanas nó ar ceann de na catagóirí seo a leanas atá iontu: substaintí blaistithe, ullmhóidí blaistithe, blastáin próisis theirmigh, blastáin deataigh, réamhtheachtaithe blais nó blastáin eile nó meascáin díobh;

(b)

ciallóidh ‘substaint blaistithe’ substaint cheimiceach shainmhínithe a bhfuil airíonna blaistithe aici;

(c)

ciallóidh ‘substaint blaistithe nádúrtha’ substaint blaistithe a fhaightear trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha iomchuí ó ábhar de thionscnamh plandaí, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch ina staid amh nó tar éis a phróiseála lena chaitheamh ag an duine trí cheann amháin nó níos mó de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II. Freagraíonn substaintí blaistithe nádúrtha do shubstaintí a fhaightear go nádúrtha agus a sainaithníodh sa nádúr;

(d)

ciallóidh ‘ullmhóid blaistithe’ táirge, seachas substaint blaistithe, a fhaightear:

(i)

ó bhia trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha iomchuí i staid amh an ábhair nó tar éis é a phróiseáil lena chaitheamh ag an duine trí cheann amháin nó níos mó de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II;

agus/nó

(ii)

ó ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, seachas bia, trí phróisis fhisiceacha iomchuí einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha, agus an t-ábhar á thógáil mar ábhar den sórt sin nó á ullmhú trí cheann amháin nó níos mó de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(e)

ciallóidh ‘blastán próisis theirmigh’ táirge a fhaightear tar éis cóireála teasa ó mheascán de chomhábhair nach bhfuil airíonna blaistithe acu astu féin, ar comhábhar ina bhfuil nítrigin (aimín) comhábhar amháin díobh ar a laghad agus ar siúcra dí-ocsaídithe ceann eile; ar na comhábhair chun blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh, féadfar iad seo a leanas a áireamh:

(i)

bia;

agus/nó

(ii)

bunábhar seachas bia;

(f)

ciallóidh ‘blastán deataigh’ táirge a fhaightear ó dhifreálú agus ó íonú ar dheatach comhdhlúite arb iad na torthaí a bhíonn orthu comhdhlútháin deataigh phríomhúla, príomhchodanna tarra agus/nó blastáin deataigh dhíorthaithe mar a shainmhínítear i bpointe (1), i bpointe (2) agus i bpointe (4) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 iad;

(g)

ciallóidh ‘réamhtheachtaí blais’ táirge, nach gá go mbeadh airíonna blaistithe ann féin, agus a chuirtear le bia d'aon ghnó chun blas a tháirgeadh trí bhriseadh síos nó trí imoibriú le comhábhair eile le linn bia a phróiseáil, agus chuige sin amháin; féadfar é a fháil ó na nithe seo a leanas:

(i)

bia;

agus/nó

(ii)

bunábhar seachas bia;

(h)

ciallóidh ‘blastán eile’ blastán a chuirtear le bia nó a bheartaítear a chur le bia d'fhonn boladh agus/nó blas a chur air agus nach dtagann faoi shainmhínithe (b) go (g);

(i)

ciallóidh ‘comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe aige’ comhábhar bia seachas blastáin a chuirfear le bia go príomha chun blas a chur air nó chun an blas atá air a athrú agus a chuireann go suntasach le láithreacht substaintí míchuibhiúla áirithe a fhaightear go nádúrtha i mbia;

(j)

ciallóidh ‘bunábhar’ ábhar de thionscnamh plandúil, ainmhíoch, micribhitheolaíoch nó mianrach óna dtáirgtear blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu; d'fhéadfadh gurb é a bheadh ann:

(i)

bia;

(ii)

bunábhar seachas bia;

(k)

ciallóidh ‘próiseas fisiceach iomchuí’ próiseas fisiceach nach n-athraíonn nádúr ceimiceach chomhábhair an bhlastáin d'aon ghnó agus nach mbaineann le húsáid na substaintí seo a leanas, inter alia: ocsaigin singléid, ózón, catalaíoch neamhorgánach, catalaíoch miotail, imoibrithe orgánaimhiotalacha agus/nó radaíocht UV.

3.   Chun críocha na sainmhínithe a liostaítear in alt 2(d), (e), (g) agus (j), maidir le bunábhair a bhfuil fianaise shuntasach ann go bhfuil siad á n-úsáid go dtí seo chun blastáin a tháirgeadh, measfar gur bia iad chun críche an Rialacháin seo.

4.   Féadfaidh breiseáin bia a cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (19) maidir le breiseáin bia agus/ nó comhábhair eile bia a chuirtear isteach chun críocha na teicneolaíochta, a bheith sna blastáin.

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hÚSÁID BLASTÁN, COMHÁBHAR BIA A bhFUIL AIRÍONNA BLAISTITHE ACU, AGUS BUNÁBHAR

Airteagal 4

Coinníollacha ginearálta maidir le húsáid blastán nó comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu

Ní fhéadfar ach blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a úsáid i mbianna nó ar bhianna:

(a)

nach riosca iad, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte na dtomhaltóirí de; agus

(b)

nach gcuireann a n-úsáid an tomhaltóir amú.

Article 5

Cosc ar bhlastáin bia neamh-chomhlíontacha agus/nó ar bhia neamh-chomhlíontach

Ní chuirfidh aon duine blastán ná aon bhia a bhfuil an blastán sin ann agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu ar an margadh mura gcomhlíonfaidh a n-úsáid an Rialachán seo.

Airteagal 6

Láithreacht substaintí áirithe

1.   Ní chuirfear na substaintí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III le bia mar shubstaintí.

2.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1576/89, ní rachfar thar leibhéil uasta substaintí áirithe, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrtha i mblastáin agus/nó i gcomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, sna bianna cumaisc a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn III mar thoradh ar úsáid blaistithe agus/ nó comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu sna bianna sin agus ar na bianna sin. Beidh feidhm ag leibhéil uasta na substaintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le bianna mar a chuirtear ar an margadh iad, mura sonraítear a mhalairt. De mhaolú ar an bprionsabal seo, i gcás bianna triomaithe agus/nó bianna tiubhaithe a chaitear a athbhunú, beidh feidhm ag na leibhéil uasta maidir leis an mbia faoi mar a athbhunaítear é de réir na dtreoracha a thugtar ar an lipéad, ag cur an íosfhachtóra chaolaithe san áireamh.

3.   Féadfar rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun mír 2 a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2), agus tar éis tuairim a fháil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), i gcás inar gá.

Airteagal 7

Úsáid bunábhar áirithe

1.   Ní úsáidfear bunábhair a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn IV chun blastáin agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgeadh.

2.   Ní fhéadfar blastáin agus/ nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ó bhunábhair a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn IV a úsáid ach faoi na coinníollacha a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 8

Blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu nach n-éilítear meastóireacht ná formheas ina leith

1.   Féadfar na blastáin seo a leanas agus na comhábhair bia seo a leanas a bhfuil airíonna blaistithe acu a úsáid i mbianna nó ar bhianna gan meastóireacht agus formheas faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad Airteagal 4 den Rialachán seo:

(a)

ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i);

(b)

blastáin próisis theirmigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e)(i) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh agus na leibhéil uasta do shubstaintí áirithe i mblastáin próisis theirmigh áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(c)

réamhtheachtaithe blais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(i);

(d)

comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu.

2.   D'ainneoin mhír 1, má chuireann an Coimisiún, Ballstát nó an tÚdarás in iúl go bhfuil amhras orthu faoi shábháilteacht blastáin nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe aige dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an tÚdarás measúnú riosca ar an mblastán nó ar an gcomhábhar bia sin a bhfuil airíonna blaistithe aige. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 4, ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10) mutatis mutandis. Más gá, glacfaidh an Coimisiún bearta, tar éis tuairim a fháil ón Údarás, ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3). Leagfar síos na bearta sin in Iarscríbhinn III, in Iarscríbhinn IV agus/nó in Iarscríbhinn V i gcás inar iomchuí. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 21(4).

CAIBIDIL III

LIOSTA COMHPHOBAIL DE BHLASTÁIN AGUS DE BHUNÁBHAIR A FORMHEASADH LENA nÚSÁID I mBIANNA NÓ AR BHIANNA

Airteagal 9

Blastáin agus bunábhair a n-éilítear meastóireacht agus formheas ina leith

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

substaintí blaistithe;

(b)

ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(ii);

(c)

blastáin próisis theirmigh a fhaightear trí chomhábhair a théamh, ar comhábhair iad a thagann faoi réim Airteagal 3(2)(e)(ii) go páirteach nó go hiomlán agus/nó nach gcomhlíontar ina leith na coinníollacha maidir le blaistithe próisis theirmigh a tháirgeadh agus/nó maidir leis na leibhéil uasta do shubstaintí míchuibhiúla áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(d)

réamhtheachtaithe blais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(ii);

(e)

blastáin eile dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(h);

(f)

bunábhair seachas bia dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(j)(ii).

Airteagal 10

Liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair

Ar na blastáin agus ar na bunábhair dá dtagraítear in Airteagal 9, ní fhéadfar ach na blastáin agus na bunábhair atá ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh mar bhlastáin agus mar bhunábhair nó a úsáid i mbianna nó ar bhianna faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Airteagal sin, i gcás inar infheidhme.

Airteagal 11

Blastáin agus bunábhair a áireamh ar an liosta Comhphobail

1.   Ní fhéadfar blastán ná bunábhar a áireamh ar liosta an Chomhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10), seachas má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4.

2.   Sonróidh iontráil maidir le blastán nó bunábhar ar liosta an Chomhphobail:

(a)

aithint an bhlastáin nó an bhunábhair a formheasadh;

(b)

i gcás inar gá, na coinníollacha faoina bhféadfar an blastán a úsáid.

3.   Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10).

Airteagal 12

Blastáin nó bunábhair a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003

Ní fhéadfar blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a áireamh ar an liosta Comhphobail atá in Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Rialachán seo seachas nuair a chumhdaítear faoi údarú é i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 13

Cinntí léirmhínithe

I gcás inar gá, féadfar a cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2):

(a)

cibé an dtagann nó nach dtagann substaint nó meascán de shubstaintí, ábhar nó cineál bia faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(1);

(b)

an catagóir sonrach, a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) go (j), lena mbaineann substaint áirithe;

(c)

cibé an mbaineann táirge bia ar leith le catagóir bia nó an bia é dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn III, Cuid B.

CAIBIDIL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 14

Lipéadú ar bhlastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

1.   Maidir le blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh seachas má bhíonn an lipéadú dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16 orthu, agus caithfidh an lipéadú a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15 i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.

2.   Laistigh dá chríoch féin, féadfaidh an Ballstát a mbeidh an t-earra á chur ar an margadh ann a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfaí an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15 i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Chomhphobail, nó i níos mó ná sin, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a chur in iúl i dteangacha éagsúla.

Airteagal 15

Ceanglais ghinearálta lipéadaithe do bhlastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

1.   I gcás ina ndíolfar blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ina n-aonar nó measctha le chéile agus/nó le comhábhair bia eile agus/nó le substaintí eile curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 3(4), beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:

(a)

an tuairisc díolacháin: an focal ‘blastán’ nó ainm nó tuairisc níos sainiúla ar an mblastán;

(b)

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a ceapadh di i mbia;

(c)

na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá;

(d)

marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg;

(e)

de réir ord a meáchain anuas, liosta de na nithe seo a leanas:

(i)

catagóirí na mblastán atá ann agus

(ii)

ainmneacha gach ceann de na substaintí nó de na hábhair eile atá sa táirge nó, i gcás inar iomchuí, a nE-uimhir;

(f)

ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaí nó an díoltóra;

(g)

sonrú maidir le cainníocht uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó dlí Comhphobail ábhartha eile a chomhlíonadh;

(h)

an chainníocht ghlan;

(i)

dáta marthanachta íosta nó an dáta faoinar cheart iad a úsáid;

(j)

i gcás ina mbeidh sí ábhartha, faisnéis faoi bhlastán nó faoi shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE maidir le sonrú na gcomhábhar atá in earraí bia.

2.   De mhaolú ar mhír 1, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i bpointí (e) agus (g) den mhír sin, d'fhéadfadh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíoltar’ le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

3.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás gur i dtancaeir a sholáthrófar blastáin, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh.

Airteagal 16

Ceanglais sainiúla maidir leis an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid

1.   I gcás ina n-úsáidfear an téarma ‘nádúrtha’ chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(a) beidh feidhm ag forálacha mhír 2 go mír 6.

2.   Ní fhéadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid chun cur síos ar bhlastán seachas mura bhfuil sa chomhpháirt blaistithe ach ullmhóidí blaistithe agus/nó substaintí blaistithe nádúrtha.

3.   Ní fhéadfar an téarma ‘substaint(í) blaistithe nádúrtha’ a úsáid seachas le haghaidh blastán nach bhfuil ina gcomhpháirt blaistithe ach substaintí blaistithe nádúrtha.

4.   Ní fhéadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid seachas i gcomhcheangal le tagairt do bhia, do chatagóir bia nó d'fhoinse blaistithe phlandúil nó ainmhíoch má fuarthas 95 % de réir w/w ar a laghad den chomhpháirt blaistithe go heisiach ón mbunábhar dá dtagraítear. Ní atáirgfidh an méid uasta de 5 % (w/w) den chomhpháirt blaistithe a díorthaíodh ó bhunábhair eile blas an bhunábhair dá dtagraítear.

Is éard a bheidh sa tuairisc ‘blastán (bia nó bianna nó catagóir bia nó foinse nó foinsí bia) nádúrtha’.

5.   Ní fhéadfar ‘blastán (bia nó bianna nó catagóir bia nó foinse nó foinsí bia) nádúrtha le blastáin nádúrtha eile’ a úsáid ach má tá an chomhpháirt blaistithe díorthaithe i bpáirt ón mbunábhar dá dtagraítear agus más furasta blas an bhunábhair a aithint.

6.   Ní fhéadfar an téarma ‘blastán nádúrtha’ a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an chomhpháirt blaistithe díorthaithe ó bhunábhair éagsúla agus i gcás nach léireodh tagairt do na bunábhair an blas a bheadh orthu.

Airteagal 17

Lipéid a chuirtear ar bhlastáin a bheartaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh

1.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (20) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, blastáin a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair bia eile agus/nó le substaintí eile curtha leo agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheapfar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an ráiteas ‘do bhia’ nó ‘úsáid shrianta i mbia’ ar an bpacáistiú nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear dóibh i mbia, a chaithfidh a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 16 más rud é go n-úsáidtear an téarma ‘nádúrtha’ chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(a).

Airteagal 18

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Beidh Airteagail 14 go 17 gan dochar do dhlíthe, do rialacháin ná d'fhorálacha riaracháin atá níos mionsonraithe nó níos cuimsithí agus a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí den sórt sin a iompar.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 19

Tuairisciú ó oibreoirí ghnó an bhia

1.   Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir substainte blaistithe nó ionadaí táirgeora nó úsáideora substainte blaistithe den sórt sin an Coimisiún ar an eolas, ar iarraidh ón gCoimisiún, maidir le méid na substainte a chuirtear le bianna sa Chomhphobal i dtréimhse 12 mhí agus maidir leis na leibhéil úsáide do chatagóirí sonracha bia sa Chomhphobal. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

2.   Más infheidhme, maidir le blastán a formheasadh cheana féin faoin Rialachán seo agus a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó le hábhair tosaigh a bhfuil difríochtaí suntasacha idir iad agus na modhanna táirgthe nó na hábhair tosaigh a áiríodh i measúnú riosca an Údaráis, ba cheart don táirgeoir nó don úsáideoir, sula gcuirfear an blastán ar an margadh, na sonraí is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin le go mbeidh an tÚdarás in ann meastóireacht a dhéanamh ar an mblastán maidir leis an modh táirgthe modhnaithe nó maidir leis na saintréithe modhnaithe.

3.   Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir blastán agus/nó bunábhar in iúl don Choimisiún láithreach aon fhaisnéis eolaíoch nó aon fhaisnéis theicniúil nua a d'fhéadfadh difríocht a dhéanamh don mheasúnú ar shábháilteacht an bhlastáin nó ar shábháilteacht na mbunábhar.

4.   Déanfar rialacha mionsonraithe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) chun mír 1 a chur chun feidhme.

Airteagal 20

Faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit

1.   Bunóidh Ballstáit córais chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas agus ar úsáid blastán a leagtar amach sa liosta Comhphobail agus ar thomhaltas na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III ar chur chuige riosca-bhunaithe, agus cuirfidh siad a gconclúidí in iúl don Choimisiún agus don Údarás a mhinice is cuí.

2.   Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, glacfar modheolaíocht chomhchoiteann maidir leis na Ballstáit a bheith ag bailiú faisnéise i dtaca le tomhaltas agus úsáid na mblastán a liostaítear sa liosta Comhphobail agus na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2) laistigh de … (21).

Airteagal 21

An Coiste

1.   Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe de chúnamh ag an gCoimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Cinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Cinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 22

Leasuithe ar Iarscríbhinní II go V

Maidir le leasuithe ar Iarscríbhinní II go V a ghabhann leis an Rialachán seo chun an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a léiriú, ar leasuithe iad a cheaptar chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 21(3) tar éis tuairim a fháil ón Údarás, i gcás inar gá.

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 21(4).

Airteagal 23

Maoiniú Comhphobail do bheartais chomhchuibhithe

Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Aisghairmeacha

1.   Aisghairfear Treoir 88/388/CEE, Cinneadh 88/389/CEE agus Treoir 91/71/CEE ón … (21).

2.   Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ón dáta a gcuirfear an liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin i bhfeidhm.

3.   Forléireofar tagairtí do na hionstraimí aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 25

An liosta de shubstaintí blaistithe a thabhairt isteach ar an liosta Comhphobail de bhlastáin agus an córas idirthréimhseach

1.   Bunófar an liosta Comhphobail tríd an liosta de shubstaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 a thabhairt isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo tráth a nglacfar é.

2.   Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10) maidir le meastóireacht agus formheas ar shubstaintí blaistithe nach bhfolaítear ar an gclár meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96.

De mhaolú ar an nós imeachta sin, ní bheidh feidhm ag na tréimhsí sé mhí agus naoi mí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (10) maidir le meastóireacht ná formheas den sórt sin.

3.   Maidir le haon bhearta idirthréimhseacha iomchuí a ceapadh chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 21(3).

Airteagal 26

Leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89

Leasaítear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 mar a leanas:

1)

leasófar Airteagal 1(4)(m) mar a leanas:

(a)

I bpointe (1)(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfar substaintí blaistithe eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE (22), agus/nó plandaí aramatacha nó codanna de phlandaí aramatacha a úsáid ina theannta seo, ach caithfidh airíonna orgánaileipteacha an aitil a bheith inaitheanta, fiú má bhíonn siad maolaithe uaireanta;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a):

‘Féadfar “jin” a thabhairt ar an deoch má tháirgtear é trí alcól eitile atá oiriúnach go horgánaileipteach agus ar de thionscnamh talmhaíoch é a bhlaistiú le substaintí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin iad i dtreo is gur blas an aitil go príomha a bheidh uirthi;’;

(c)

I bpointe 2(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Féadfar “gin driogtha” a thabhairt ar an deoch más trí athdhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta atá oiriúnach go horgánaileipteach agus ar de cháilíocht chuí é agus a bhfuil neart alcóil tosaigh de 96 % toirte ann ar a laghad, ar go heisiach a tháirgtear í, i stileanna a úsáidtear go traidisiúnta le haghaidh jin, i láthair caor aitil agus luibheanna nádúrtha eile fad agus gurb é blas an aitil is mó atá uirthi. Féadfaidh feidhm a bheith ag an téarma “gin driogtha” freisin maidir le meascán de tháirge an driogtha sin agus d'alcól eitile de bhunús talmhaíochta a bhfuil an comhdhéanamh céanna, an íonacht chéanna agus an neart alcóil céanna ann. Féadfar substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe, a sonraítear iad araon ag (a), a úsáid freisin chun gin driogtha a bhlaistiú. Is cineál gin driogtha é London gin.’

2)

in Airteagal 1(4)(n)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Féadfar substaintí blaistithe eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin iad a úsáid chomh maith ach caithfidh blas an chearbhais a bheith ar an mblas is láidre iontu.’

3)

in Airteagal 1(4)(p), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Biotáillí ar blas searbh is mó atá orthu a thagann as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le substaintí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin iad.’

4)

in Airteagal 1(4)(u), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Biotáille a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le clóibh agus/nó cainéil agus ceann de na próisis seo a leanas á úsáid: maothú agus/nó driogadh, athdhriogadh an alcóil i láthair codanna de na plandaí a shonraítear thuas, substaintí blaistithe clóbh nó cainéil mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) a chur leis nó cumasc de na modhanna sin.’

5)

in Airteagal 4(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír, seachas na liostaí atá i bpointe (a) agus i bpointe (b):

‘Ní fhéadfar ach substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad a úsáid agus na biotáillí a shainmhínítear in Airteagal 1(4) á n-ullmhú, seachas i gcás na mbiotáillí sin a shainmhínítear in Airteagal 1(4) (m), (n) agus (p). Déanfar substaintí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad a údarú, áfach, i licéir seachas na licéir sin a luaitear anseo thíos:’.

Airteagal 27

Leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91

Leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:

1)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den tríú fleasc:

‘—

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE (24), agus/nó;

2)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den dara fleasc:

‘—

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad, agus/nó’;

3)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den dara fleasc:

‘—

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (23) iad, agus/nó’.

Airteagal 28

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2232/96

Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96:

‘1.   Déanfar an liosta de na substaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 faoin 31 Nollaig 2008 ar a dhéanaí.’.

Airteagal 29

Leasú ar Threoir 2000/13/CE

I dTreoir 2000/13/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

‘IARSCRÍBHINN III

BLASTÁIN A AINMNIÚ I LIOSTA NA gCOMHÁBHAR

1.

Gan dochar do mhír 2, déanfar blastáin a ainmniú leis na téarmaí:

“blastáin” nó ainm nó tuairisc níos sainiúla ar an mblastán, i gcás ina mbeidh blastáin mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b), (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad sa chomhpháirt blaistithe maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE (*),

“blastán deataigh nó blastáin deataigh” i gcás ina mbeidh blastáin mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(f) de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (*) iad sa chomhpháirt blaistithe agus i gcás ina bhfágfaidh sí blas an deataigh ar an mbia.

2.

Úsáidfear an téarma “nádúrtha” chun tuairisc a dhéanamh ar bhlastáin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. …/2008 (*).

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó … (21).

Beidh feidhm ag Airteagail 10, 26 agus 27 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail.

Beidh feidhm ag Airteagal 22 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear roimh … (21) agus nach gcomhlíonann an Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008, Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an …

(3)  IO L 184, 15.7.1988, lch. 61. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(4)  IO L 184, 15.7.1988, lch. 67.

(5)  IO L 42, 15.2.1991, lch. 25.

(6)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).

(7)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(8)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.

(9)  IO L 299, 23.11.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003.

(10)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.

(11)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

(12)  Féach leathanach 10 den Iris Oifigúil seo.

(13)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1981/2006 ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 99).

(14)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE ón gCoimisiún (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).

(15)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

(16)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(17)  IO L 160, 12.6.1989, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2005.

(18)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2005.

(19)  Féach leathanach 10 den Iris Oifiguil seo.

(20)  IO L 186, 30.6.1989, lch. 21. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 92/11/CEE (IO L 65, 11.3.1992, lch. 32).

(21)  Dhá bhliain ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

(22)  IO L …’;

(23)  An Rialachán seo.

(24)  IO L …’.


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA COMHPHOBAIL DE BHLASTÁIN AGUS DE BHUNÁBHAIR A FORMHEASADH LENA N-ÚSÁID I MBIANNA AGUS AR BHIANNA

 


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA DE PHRÓISIS THRAIDISIÚNTA ULLMHAITHE BIA

Mionghearradh

Cumhdach

Téamh, cócaireacht, bácáil, friochadh (suas go 240 °C ag brú an atmaisféir) agus cócaireacht i mbrú-chócaire (suas go 120 °C)

Fuarú

Gearradh

Driogadh/scagadh

Triomú

Eibliú

Galú

Eastóscadh, lena n-áirítear eastóscadh tuaslagóra i gcomhréir le Treoir 88/344/CEE

Coipeadh

Scagachán

Meilt

 

Insileadh

Maothú

Próisis mhicribhitheolaíocha

Meascadh

Scealpadh

Síothlú

Fáscadh

Cuisniú/Reo

Róstadh/Griolladh

Fáscadh

Cur ar maos

 


IARSCRÍBHINN III

LÁITHREACHT SUBSTAINTÍ ÁIRITHE

CUID A:   Substaintí nach gcuirfear amhlaidh le bia

 

Aigéad agarach

 

Alóin

 

Caipsicin

 

1,2-Benzopyrone, cúmairin

 

Hipiricín

 

Béitea-asarón

 

1-Aillil-4-meatocsaibeinséin, eistreagól

 

Aigéad hidricianach

 

Meantafuran

 

4-Aillil-1,2-démheatocsaibeinséin, meitileoigeanól

 

Púlagón

 

Cuaisin

 

1-Allil-3,4-meitiléin dé-oscaibeinséin, safról

 

Tiúicrin A

 

Túsón (alfa agus béite)

CUID B:   Leibhéil uasta de shubstaintí áirithe, a fhaightear go nádúrtha i mblastáin agus i gcomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, i gcomhbhia áirithe mar a chaitear é ar cuireadh blastáin agus/nó comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu leis

Ní bheidh na leibhéil uasta seo infheidhme ar chomhbhianna a ullmhaítear agus a chaitear ar an láthair céanna, nach bhfuil aon bhlastáin bhreise iontu agus nach bhfuil ach luibheanna agus spíosraí iontu mar chomhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu.

Ainm na substainte

Comhbhia a bhfuil teorainn leis an méid den tsubstaint a fhéadfaidh a bheith ann

Leibhéal uasta

mg/cg

Béitea-asarón

Deochanna alcólacha

1,0

1-Aillil-4-meatocsaibeinséin, eistreagól

Táirgí déiríochta

50

Torthaí, glasraí (lena n-áirítear beacáin, fungais, fréamhacha, tiúbair, bíoga agus pischineálaigh), cnónna agus síolta próiseáilte

50

Táirgí éisc

50

Deochanna neamhalcólacha

10

Aigéad hidricianach

Eithneagán, prásóg nó a hionadaigh nó táirgí comhchosúla

50

Torthaí cloch stánaithe

5

Deochanna alcólacha

35

Meantafuran

Milseogra a bhfuil miontas/lus an phiobair ann, seachas micrimhilseogra um chumhrú anála

500

Micrimhilseogra um chumhrú anála

3 000

Guma coganta

1 000

Deochanna alcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu

200

4-Aillil-1,2-démheatocsai-beinséine, meitileoigeanól

Táirgí déiríochta

20

Ullmhóidí feola agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géim

15

Ullmhóidí éisc agus táirgí éisc

10

Anraithí agus anlainn

60

Blastóga atá réidh le hithe

20

Deochanna neamhalcólacha

1

Púlagón

Milseogra a bhfuil miontas/lus an phiobair ann, seachas micrimhilseogra um chumhrú anála

250

Micrimhilseogra um chumhrú anála

2 000

Guma coganta

350

Deochanna neamhalcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu

20

Deochanna alcólacha a bhfuil miontas/lus an phiobair iontu

100

Cuaisin

Deochanna neamhalcólacha

0,5

Earraí bácála

1

Deochanna alcólacha

1,5

1-Allil-3,4-meitiléin dé-oscaibeinséin, safról

Ullmhóidí feola agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géim

15

Ullmhóidí éisc agus táirgí éisc

15

Anraithí agus anlainn

25

Deochanna neamhalcólacha

1

Tiúicrin A

Biotáillí searbha nó beoir shearbh (1)

5

Licéir (2) a bhfuil blas searbh orthu

5

Deochanna alcólacha eile

2

Túsón (alfa agus béite)

Deochanna alcólacha, seachas iad siúd a tháirgtear ón speiceas Artemisia

10

Deochanna alcólacha a tháirgtear ón speiceas Artemisia

35

Deochanna neamhalcólacha a tháirgtear ón speiceas Artemisia

0,5

Cúmairin

Earraí bácála traidisiúnta agus/nó séasúraí a mbíonn tagairt do chainéil ar a lipéadú

50

‘Gránaigh bhricfeasta’ lena n-áirítear muesli

20

Earraí míne bácála seachas earraí bácála traidisiúnta agus/nó earraí bácála séasúraí a mbíonn cainéil luaite ar a lipéadú

15

Milseoga

5


(1)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 1(4)(p) de Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle é.

(2)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 1(4)(r) de Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle é.


IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA DE NA BUNÁBHAIR A BHFUIL FEIDHM AG SRIANTA INA LEITH MAIDIR LENA N-ÚSÁID I DTÁIRGEADH BLASTÁN AGUS COMHÁBHAR BIA A BHFUIL AIRÍONNA BLAISTITHE ACU

CUID A:   Bunábhair nach n-úsáidfear i dtáirgeadh blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu

Bunábhar

An t-ainm Laidine

An t-ainm coitianta

Foirm theitreaplóideach Acorus calamus L.

Foirm theitreaplóideach an Chalmais

CUID B:   Coinníollacha úsáide blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ó bhunábhair áirithe

Bunábhar

Coinníollacha úsáide

An t-ainm Laidine

An t-ainm coitianta

Quassia amara L. agus Picrasma excelsa (Sw)

Cuaisin

Ní fhéadfar blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna agus earraí bácála a tháirgeadh

Laricifomes officinales (Vill.: Fr) Kotl. et PouzFomes officinalis

Beacán agarach bán

Ní fhéadfar blastáin agus comhábhair bia a bhfuil airíonna blaistithe acu a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna alcólacha a tháirgeadh

Hypericum perforatum L.

Beathnua

Teucrium chamaedrys L.

Dairín


IARSCRÍBHINN V

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE BLASTÁIN PRÓISIS THEIRMIGH A THÁIRGEADH AGUS LEIBHÉIL UASTA SUBSTAINTÍ ÁIRITHE I MBLASTÁIN PRÓISIS THEIRMIGH

CUID A:   Coinníollacha maidir leis an táirgeadh:

(a)

Ní rachaidh teocht na dtáirgí thar 180 °C le linn na próiseála.

(b)

Ní rachaidh ré na próiseála teirmí thar 15 nóiméad ag 180 °C agus beidh tréimhsí níos faide dá réir ag teochtaí níos ísle, i.e. an t-am teasa a dhúbláil le haghaidh gach laghdú teochta faoi 10 °C, gan dul thar 12 uair.

(c)

Níor chóir go rachadh an pH thar luach 8,0 le linn na próiseála.

CUID B:   Leibhéil uasta le haghaidh substaintí áirithe

Substaint

Leibhéal uasta

μg/cg

2-aimín-3,4,8-trimheitileamadasó [4,5-f] cuinocsailín (4,8-DiMeIQx)

50

2-aimín-1-meitil-6-feinileamadasól [4,5-b]piridín (PhIP)

50


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún a thogra maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna (1). Tá an togra bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh an 10 Iúil 2007 (2).

Tar éis thuairim Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, chuir an Coimisiún togra leasaithe ar aghaidh an 24 Deireadh Fómhair 2007 (3).

Ghlac an Chomhairle a comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251(2) den Chonradh an 10 Márta 2008.

Chuir an Chomhairle an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, a glacadh an 25 Aibreán 2007, san áireamh agus í i mbun a cuid oibre (4).

II.   CUSPÓIR AN RIALACHÁIN ATÁ BEARTAITHE

Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe, mar chuid de shraith ceithre thogra atá ceaptha chun athchóiriú a dhéanamh ar rialacha an Chomhphobail maidir le gníomhaithe feabhsaithe bia, uasdátú a dhéanamh ar rialacha an Chomhphobail maidir le blastáin bia agus le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu, agus na forbairtí teicneolaíochta agus eolaíochta sa réimse seo (5), maraon leis na forbairtí i reachtaíocht bia sa Chomhphobal Eorpach, go háirithe an reachtaíocht nua maidir le sábháilteacht bia (6), á gcur san áireamh.

Forálann an Rialachán atá á bheartú go mbunófar liosta Comhphobail de bhlastáin agus d'ábhair bhunaidh a formheasadh chun úsáid, mar aon le rialacha maidir leis na blastáin a lipéadú.

Is é cuspóir an Rialacháin atá beartaithe oibriú cuí an mhargaidh aonair, lena n-áirítear cleachtas cóir biathrádála, a áirithiú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leas na dtomhaltóirí agus don chomhshaol a áirithiú.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH (7)

1.   Réamhrá

Is léiriú é an comhsheasamh ar thoradh an scrúdaithe a rinne an Chomhairle ar an togra ón gCoimisiún. Rinne an Chomhairle roinnt modhnuithe ar an téacs, a raibh cuid acu faoi anáil na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa. Rinne an Chomhairle, ar a tionscnamh féin, cuid de leasuithe Pharlaimint na hEorpa a thabhairt isteach i ngach ceann de na trí thogra earnálacha, d'fhonn a gcuid forálacha a chomhchuibhiú. Féadfar na modhnuithe a rinne an Chomhairle a achoimriú mar a leanas:

—   Tús áit do bhunús aonair dlí: Airteagal 95 den Chonradh

I gcomhréir leis an gcásdlí bunaithe (8), ní foláir an bunús dlí do ghníomh a chinneadh ag féachaint dá aidhm agus dá inneachar féin. I gcás ina dtaispeánfaidh an scrúdú ar bheart Comhphobail go bhfuil cuspóir débhiorach aige nó go bhfuil comhpháirt dhébhiorach aige agus má bhíonn ceann amháin díobh sin inaitheanta mar an bpríomhchuspóir nó mar an bpríomh-chomhpháirt, fad is nach mbíonn sa cheann eile ach cuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, caithfidh an gníomh a bheith bunaithe ar bhunús aonair dlí, eadhon an bunús a cheanglaítear leis an bpríomhchuspóir nó leis an bpríomh-chomhpháirt (9). Sa chás seo, mheas an Chomhairle nach raibh i ngnéithe talmhaíochta an togra ach nithe teagmhasacha agus gurb é cuspóir an mhargaidh inmheánaigh an príomhchuspóir nó an phríomh-chomhpháirt agus chinn sé dá réir sin, i gcomhréir le cásdlí CBCE, Airteagal 95 a choinneáil mar bhunús aonair dlí.

—   ‘An tomhaltóir a chur amú’(i gcomhréir le leasú 1, an dara cuid)

Chuir an Chomhairle eilimintí isteach in aithris 7 lena lánpháirtítear coincheap an tomhaltóir a chur amú.

—   Cosaint an chomhshaoil

Mheas an Chomhairle, agus blastáin á n-údarú, gur chóir go gcuirfí san áireamh tosca ábhartha eile, amhail cosaint an chomhshaoil, seachas fianaise eolaíoch amháin. Chuir an Chomhairle tagairt do chosaint an chomhshaoil isteach i gcuspoirí an Rialacháin atá á bheartú.

—   Soiléiriú ar an raon feidhme agus ar na sainmhínithe (i gcomhréir le leasú 8)

Shoiléirigh an Chomhairle nach ndéantar blastáin deataigh a eisiamh go hiomlán ó raon feidhme an Rialacháin atá á bheartú. Roghnaigh sé dhá Rialachán a chur i bhfeidhm go comhlánach, i.e. bheadh feidhm ag an Rialachán seo cheal rialacha níos sonraithí a bheith i Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 maidir le blastáin deataigh (10).

Anuas air sin, soiléiríodh nach mbeadh feidhm ag an Rialachán ach oiread maidir le meascáin de luibheanna agus/nó de spíosraí, le meascáin tae ná le meascáin le haghaidh insiltí, fad nach n-úsáidtear iad mar chomhábhair bia (i gcomhréir le leasú 45).

Tá an soiléiriú ar Airteagal 2(2) le fáil in aithris 6.

Thug an Chomhairle aird faoi leith ar chruinneas na sainmhínithe agus ar iad a bheith i gcomhréir le reachtaíocht eile Chomhphobail. Soiléiríodh nithe i gcomhréir le leasú 12 agus leasú 14. Tá an bhrí chéanna le ‘blastáin nach sonraítear in aon áit eile’ i leasú 13 agus atá le ‘blastán eile’ i bhfriotal an Choimisiúin, rud a chiallaíonn blastán nach sainmhínítear faoi phointí (b) go (g) d'Airteagal 3. Is fearr leis an gComhairle an dara leagan, atá níos soiléire i gcomhthéacs Airteagal 3.

—   Nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú (i gcomhréir le leasuithe 24, 33, 34, 35)

Rinne an Chomhairle an togra a oiriúnú do rialacha nua nós imeachta na coisteolaíochta, lena gceanglaítear go gcaithfear an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chur i bhfeidhm chun bearta a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán.

Thug an Chomhairle isteach an nós imeachta práinne freisin le go mbeadh sé de chumas ag an gCoimisiún srianta ar úsáid blastán agus comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus nach gá formheas ina leith a mhodhnú, ar mhórchúiseanna práinne, agus chun Iarscríbhinní II go V a leasú, más iomchuí.

—   Cinntí maidir le léirmhíniú

Rinne an Chomhairle athghrúpáil in aon airteagal nua amháin ar na forálacha go léir maidir le cinntí a bhaineann le léirmhíniú agus, ó tharla nach ndéanfadh siad an Rialachán a fhorlíonadh, chuir sí iad faoi réir nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta nach ngabhann grinnscrúdú leis.

—   Foráil lena dtoirmisctear blastáin neamhchomhlíontacha nó bia ina bhfuil blastáin den sórt sin a chur ar an margadh

Ar mhaithe le soiléire, deimhneacht dhlíthiúil agus oibriú rianúil an mhargaidh, chuir an Chomhairle isteach airteagal maidir le toirmeasc a chur ar bhlastáin neamhchomhlíontacha nó ar bhia ina bhfuil blastáin den sórt sin a chur ar an margadh. Tá an fhoráil seo comhsheasmhach leis na tograí maidir le breiseáin bia agus le heinsímí bia.

—   An téarma blastán ‘nádúrtha’ a úsáid

Chun leasanna tomhaltóirí a chosaint, chomhaontaigh an Chomhairle nach bhféadfar an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid i dtagairt do bhia, do chatagóir bia nó d'fhoinse blaistithe glasra nó ainmhí, ach amháin má fuarthas ar a laghad 95 % de réir meáchain de ón mbunábhar dá dtagraítear (i gcomhréir le leasú 29).

Tá an Chomhairle tar éis a shonrú freisin nach ceadmhach go n-atáirgfeadh an 5 % den chomhpháirt blaistithe a díorthaíodh ó bhunábhair eile blas an bhunábhair dá dtagraítear.

—   Údarú blastán a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Méan Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe (11) (i gcomhréir le leasú 41 agus le leasú 42)

Aontaíonn an Chomhairle, le haghaidh aon substainte, go bhféadfar an dá nós imeachta (ceann maidir lena húsáid mar bhlastán agus an ceann eile maidir lena cuid géinmhodhnuithe) a chur i gcrích go comhuaineach, rud atá i gcomhréir leis na leasuithe thuas. Rinne an Chomhairle roinnt athruithe i ndréachtú an phrionsabail sin chun go mbeadh an fhoráil ag luí níos fearr le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

—   Lipéadú

Rinne an Chomhairle na forálacha maidir le lipéadú a shruthlíniú, agus urramaíodh an t-idirdhealú idir lipéadú ar tháirgí a théann ‘ó ghnó go gnó’ agus na ceanglais maidir le lipéadú do tháirgí a bheartaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh. Bíodh is gur eagraigh an Chomhairle an chaibidil maidir le lipéadú ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach a mhol Parlaimint na hEorpa, is iad na prionsabail céanna is bun lena bhfuil inti agus tá siad i gcomhréir le leasuithe 5, 29 agus 30.

—   Bearta idirthréimhseacha le haghaidh tairgí atá ar an margadh cheana féin (i gcomhréir le leasú 39)

Rinne an Chomhairle foráil d'idirthréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe. Bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear le linn an dá bhliain sin, féadfar iad a mhargú go dtí a ndáta íosmharthanachta nó go dtí an dáta faoinar cheart iad a úsáid.

Tá glactha ag an gCoimisiún le comhsheasamh na Comhairle.

2.   Leasuithe Pharlaimint na hEorpa

Ina Vótáil iomlánach an 10 Iúil 2007, ghlac Parlaimint na hEorpa 43 leasú ar an togra. Ina comhsheasamh, d'ionchorpraigh an Chomhairle 27 leasú, go hiomlán nó i bprionsabal.

Leasuithe a ionchorpraíodh sa chomhsheasamh

Anuas ar na leasuithe a luaitear i gCuid 1 thuas, ionchorpraítear sa chomhsheasamh leasuithe eile ó Pharlaimint na hEorpa, go hiomlán nó i bprionsabal, arb é is aidhm dóibh an téacs a fheabhsú nó a shoiléiriú, go háirithe leasuithe 4, 6, 7, 9, 12, 14, 31, 36, 41, 42.

Leasuithe nár tugadh isteach (12)

Níor fhéad an Chomhairle glacadh leis na leasuithe uile, mar gur mheas sí nach mbeadh dréachtú soiléir mar thoradh orthu, i gcásanna áirithe (féach leasú 13 agus leasú 37), nó mar gheall ar na cúiseanna sonracha a leagtar amach thíos:

—   Prionsabail an réamhchúraim (leasú 2, 17 — aithris 13 agus Airteagal 4(a))

Tá prionsabal an réamhchúraim ar cheann de bhunphrionsabail ghinearálta is bonn don dlí ginearálta bia (13). Dá bharr sin, tá feidhm aige maidir leis an Rialachán beartaithe agus ní gá tagairt shonrach a dhéanamh dó. De bhreis air sin, ní féidir prionsabal an réamhchúraim a chur san áireamh i gcreat na hanailíse riosca ach amháin i gcomhthéacs na bainistíochta riosca, agus ní féidir é a chur san áireamh go brách ag céim an mheasúnaithe riosca, faoi mar a mhol Parlaimint na hEorpa.

—   An sainmhíniú ar ‘phróiseas fisiciúil iomchuí’(leasú 15 — Airteagal 3(2)(k))

Níor cheart na próisis traidisiúnta ullmhaithe bia a liostaítear in Iarscríbhinn II agus an ‘próiseas fisiciúil iomchuí’ a shainmhínítear in Airteagal (3)(2)(k) a mheascadh.

—   An sainmhíniú ar ‘substaint blaistithe’(leasú 49 — Airteagal 3(2)(b))

Léirigh an Chomhairle, in aithris 14, na próisis trínar féidir an tsubstaint blaistithe a tháirgeadh. Chuirfeadh an leasú srian ar na modhanna a d'fhéadfaí a úsáid.

—   Cinntí a chuirtear faoi réir nós imeachta rialúcháin na coisteolaíochta nach ngabhann grinnscrúdú leis (i gcomhréir le leasuithe 11, 16, 23, 32 — Airteagal 13(a), 13(b), 6(3), 20(2))

Cinntí maidir le cibé an dtagann substaint áirithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin (leasú 11); rialacha cur chun feidhme maidir leis an mbealach chun monatóireacht a dhéanamh ar Iarscríbhinn IIIB (leasú 23) agus an mhodheolaíocht choiteann chun monatóireacht a dhéanamh ar thomhailt agus ar úsáid blastán (leasú 32) is rialacha a bhaineann le léirmhíniú iad agus ní dhéanfadh siad an Rialachán a fhorlíonadh. Mar sin, ní thagann siad faoi raon feidhme nós imeachta rialúcháin coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú.

—   Lipéadú ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) (leasuithe 27, 28 agus 38 — Airteagal 15(1)(e)(ii) agus (g), Airteagal 29(2a nua))

Faoi mar a luaitear in aithris 24, leanann blastáin de bheith faoi réir fhorálacha maidir le lipéadú arna sainmhíniú i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht earraí bia (14) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe agus maidir lena lipéadú (Airteagail 12 agus 13). Dhearbhaigh an Chomhairle an gá a bhí leis an gcomhréireacht a choimeád idir Rialachán na ‘OGManna’, Treoir 2000/13/CE (an ‘Treoir maidir le Lipéadú’) agus an Rialachán seo. Mar sin, níor ghlac an Chomhairle le leasuithe 27 agus 38 mar go gcumhdaítear na nithe sin i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 cheana féin. Níl leasú 28 riachtanach mar go bhfolaíonn an téarma ‘reachtaíocht ábhartha eile an Chomhphobail’ in Airteagal 15(1)(g) sa chomhsheasamh an Rialachán thuasluaite freisin.

Chaithfeadh sainmhíniú a mbeadh raon feidhme ginearálta leis, amhail an sainmhíniú a moladh i leasú 52, a bheith ina chuid de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 seachas ina chuid den Rialachán atá beartaithe.

—   Coinníollacha maidir le húsáid (leasuithe 19 agus 20 — Airteagal 4(ba nua) agus Airteagal 4(bb nua))

Níor chuir an Chomhairle tagairt isteach don tairbhe don tomhaltóir ná don ghá teicneolaíoch mar choinníollacha ginearálta maidir le húsáid blastán mar nach bhféadfaí iad a chur chun feidhme mar d'fhéadfaí iad a léirmhíniú ar bhealach suibiachtúil. Cumhdaítear an dá ghné seo cheana féin sa sainmhíniú ar bhlastáin, ina ndeirtear go gcuirtear le bia iad chun boladh agus/nó blas a thabhairt dó.

—   Lipéadú

Bíodh is gur eagraigh an Chomhairle an chaibidil maidir le lipéadú ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach a mhol Parlaimint na hEorpa, tá na prionsabail is bun lena bhfuil inti i gcomhréir le cuid de na leasuithe a bhaineann le hAirteagail 14 go 18. Ar aon nós, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis na moltaí a bhaineann le lipéadú ar OGManna faoi mar a mhínítear thuas (leasuithe 27, 28, 38) ná leasú 26, nach bhfuil comhsheasmhach le reachtaíocht eile shonrach de chuid an Chomhphobail agus a d'fhéadfadh bacanna ar thrádáil a chruthú. Níl leasú 43 ag teacht le spiorad fhorálacha Airteagal 16, arb é is aidhm dó faisnéis leordhóthanach a thabhairt do na tomhaltóirí agus leasanna tomhaltóirí a chosaint.

—   Teacht i bhfeidhm Airteagail 10, 26, 27 (leasú 44 — Airteagal 30(2))

Níor glacadh le leasú 44 mar nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag Airteagail 10, 26 agus 27 go dtí go dtiocfaidh an liosta Comhphobail de bhlastáin agus d'ábhair bhunaidh údaraithe chun bheith infheidhme. Anuas air sin, ní fhéadfar dáta cur i bhfeidhm an liosta Chomhphobail sin a chinneadh go dtí go mbeifear tar éis é a ghlacadh trí nós imeachta na coisteolaíochta lena ngabhann grinnscrúdú fad a bheifear ag fanacht ar mheastóireacht an UESB dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96.

—   Substaintí tocsaineacha a bheith ann (leasuithe 21, 40, 46 — Airteagal 6(2), Iarscríbhinn IIIB, Airteagal 6(2a nua))

Cruthaíonn substaintí atá in Iarscríbhinn III B den Rialachán atá á bheartú fadhb i leith tocsaineolaíochta, rud a dhearbhaigh an Coiste Eolaíoch Bia (CEB) nó an UESB. Ós eol gur fadhb iad na substaintí seo ó thaobh na tocsaineolaíochta de, caithfear iad a rialáil ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí atá ar fáil. Dár leis an gComhairle, gabhann tábhacht ar leith le cur chuige riosca-bhunaithe a úsáid chun uasteorainneacha a shocrú sa Rialachán seo. Measann an Chomhairle go dtéann leasuithe 21 agus 40 i gcoinne an ghá atá ann le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a chur ar fáil. Mheas an Chomhairle go bhfuil eisiamh ginearálta, mar a mholtar le leasú 46, i ndáil le hIarscríbhinn III B a bheith infheidhme ar chomhbhia nach mbeidh ach luibheanna agus spíosraí curtha leis róleathan agus nach dtabharfaidh sé cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí. Measann an Chomhairle, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil údar maith ann leis na huasteorainneacha a shocraítear in Iarscríbhinn III B le haghaidh luibheanna agus spíosraí a úsáid ar an gcoinníoll go n-úsáidtear iad i gcomhbhianna a ullmhaítear agus a chaitear ar an láthair chéanna agus nach ndéanfadh siad difear dá bharr sin don trádáil trasteorann.

IV.   CONCLÚIDÍ

Creideann an Chomhairle go bhfuil cothromaíocht bainte amach sa chomhsheasamh idir ábhair imní agus leasanna agus go n-urramódh sé cuspóirí an Rialacháin. Tá sí ag tnúth le pléití dearfacha le Parlaimint na hEorpa chun go nglacfar an Rialachán go luath, rud a áiritheoidh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don tomhaltóir.


(1)  COIM(2006) 427 leagan críochnaitheach.

(2)  Doic. 11639/07 CODEC 775.

(3)  COIM(2007) 671 leagan críochnaitheach.

(4)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 29.

(5)  Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin a úsáidtear i mbianna agus le hábhair bhunaidh chun iad a tháirgeadh (IO L 184, 15.7.1988, lch. 61. Cuirfear Treoir nua in ionad na Treorach arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1)).

(6)  Arna formheas le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábhailteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1642/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 4)).

(7)  Sa bhreis ar na hathruithe a rinne an Chomhairle cheana féin, beidh gá le hAirteagal 26 a thabhairt cothrom le dáta mar gheall ar theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha biotáillí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 on gComhairle (IO L 39, 13.2.2008).

(8)  Féach Cás C-45/86 An Coimisiún v An Chomhairle [1987] ECR 1493, mír 11; Féach Cás C-300/89 An Coimisiún v An Chomhairle (Dé-ocsaíd Tiotáiniam) [1991] ECR I-2867, mír 10; Cás C-268/94 An Phortaingéil v An Chomhairle [1996] ECR I-6177, mír 22; agus Cás C-176/03 An Coimisiún v An Chomhairle [2005] ECR I-0000, mír 45.

(9)  Féach Cás C-36/98 An Spáinn v An Chomhairle [2001] ECR I-779, mír 59; Cás C-211/01 An Coimisiún v An Chomhairle [2003] ECR I-8913, mír 39; agus Cás C-338/01 An Coimisiún v An Chomhairle [2004] ECR I-4829, mír 55.

(10)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

(11)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(12)  Tagraíonn uimhriú na nAirteagal sa chuid seo do théacs an chomhsheasaimh.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábhailteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1). Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 34).

(14)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/68/CE (IO L 310, 28.11.2007, lch. 11).


Top