EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0861

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré

/* COIM/2007/0861 leagan deireanach - COD 2007/0291 */

52007PC0861

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré /* COIM/2007/0861 leagan deireanach - COD 2007/0291 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 20.12.2007

COIM(2007) 861 críochnaitheach

2007/0291 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

CÚLRA

Is fachtóir bunriachtanach i bhforbairt an gheilleagair agus na sochaí iad anois gréasáin cumarsáide agus córais faisnéise. Tá méadú ag teacht ar an tábhacht don tsochaí atá le slándáil agus athléimneacht i ngréasáin cumarsáide agus córais faisnéise. D'athdhearbhaigh stráitéis i2010 an Choimisiúin "Sochaí Faisnéise Eorpach um fhás agus fhostaíocht"[1] an tábhacht atá le slándáil gréasáin agus faisnéise is spás aonair faisnéise san Eoraip á chruthú.

Ní ba dhéanaí ná sin, sa Teachtaireacht "Stráitéis um Shochaí Faisnéise Shlán - dialóg, comhpháirtíocht agus cumasú"[2] athbhreithníodh na bagairtí reatha ar shochaí na faisnéise agus léiríodh stráitéis bheartais arna tabhairt suas chun dáta, a leag béim ar iarmhairt dhearfach na héagsúlachta teicneolaíche don tslándáil agus ar an tábhacht atá le hoscailteacht agus comh-inoibritheacht.

An 22 Márta 2007 d'eisigh an Chomhairle Rún maidir le stráitéis le haghaidh sochaí faisnéise[3] sláine a d'iarr ar an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (GESGF) "leanúint ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, an Coimisiún agus na geallsealbhóirí ábhartha eile, chun na cúraimí agus na spriocanna sin a mhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 a chomhlíonadh agus chun cuidiú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh riachtanais na slándála do ghréasáin agus do fhaisnéis a shásamh, agus sa tslí sin cuidiú le cur chun feidhme agus forbairt bhreise na Stráitéise um Shochaí Faisnéise Shlán san Eoraip mar a leagtar amach sa Rún seo"

BUNÚ GESGF

Chun feabhas a chur ar an gcumas atá ag an gComhphobal, na Ballstáit agus, mar thoradh air sin, ag lucht gnó chun cosc a chur, aghaidh a thabhairt agus freagairt ar fhadhbanna a bhaineann le slándáil gréasáin agus faisnéise, bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise in 2004 ar feadh tréimhse cúig bliana[4].

B'í príomhchuspóir le bunú na Gníomhaireachta "leibhéal ard agus éifeachtach de shlándáil gréasáin agus faisnéise laistigh den Chomhphobal a áirithiú agus chun cultúr slándála gréasáin agus faisnéise a fhorbairt chun leas saoránaigh, tomhaltóirí, gnóthais agus eagraíochtaí na hearnála poiblí san Aontas Eorpach a dhéanamh, agus sa tslí sin cuidiú le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh."

Ina thogra le haghaidh Rialacháin ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear GESGF[5], d'admhaigh an Coimisiún go bhfuil slándáil gréasáin agus faisnéise " anois ina hábhar mór beartais . Is léir do rialtais freagracht atá ag leathnú a bheith orthu as an tsochaí agus tá méadú ag teacht ar a n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar shlándáil ina gcríocha. Tá siad ag iarraidh slándáil a chothú, mar shampla trí bhíthin tacaíocht a thabhairt do fhoirne práinnfhreagartha ríomhaire, do thaighde agus do fheachtais feasachta. (...) Tá Ballstáit ar leith, ámh, ag céimeanna difriúla ina n-obair agus bíonn siad ag díriú ar phointí éagsúla . (...) níl aon chomhar córasach trasteorann maidir le slándáil gréasáin agus faisnéise (...) Tá éagsúlacht ag baint le cur chun feidhme an chreata dhlí. Déantar deimhniú táirgí ag léibhéal náisiúnach cé go bhforbraíonn an tionscal domhanda caighdeáin ríthábhachtacha, agus bíonn ar oibreoirí agus díoltóirí deileáil le seasaimh éagsúla ó rialtais. Uaidh seo ar fad, eascraíonn easpa comh-inoibritheacht a chuireann bac ar tháirgí agus seirbhísí slandála a bheith úsáidte i gceart. " Chuir an togra ar son comheagair fheabhsaithe idir na Ballstáit agus idir Ballstáit agus geallsealbhóirí freisin chun feabhas a chur ar an gcumas atá ag an gComhphobal, na Ballstáit agus, mar thoradh air sin, ag lucht gnó chun cosc a chur, aghaidh a thabhairt agus freagairt ar fhadhbanna a bhaineann le slándáil gréasáin agus faisnéise.

ATHBHREITHNIÚ AR GESGF

In Airteagal 25 den Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht foráiltear go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an nGníomhaireacht faoi Mhárta 2007. Chun na críche seo, beidh ar an gCoimisiún "an mheastóireacht a ghabháil de láimh, leis an aidhm sonrach a chinntiú ar chóir ré an Údaráis a shíneadh thar an tréimhse arna sonrú in Airteagal 27" (eadhon, cúig bliana). Thairis sin, "sa mheastóireacht déanfar iarmhairt na Gníomhaireachta maidir lena spriocanna agus cúraimí a bhaint amach a mheas, chomh maith lena cleachtais oibre agus beartófar, más gá, na tograí iomchuí."

De réir na dtéarmaí tagartha a aontaíodh le Bord Bainistíochta GESGF, i mí Dheireadh Fómhair 2006 sheol an Coimisiún meastóireacht neamhspleách le painéal saineolaithe seachtracha mar bhunús i gcomhair na meastóireachta dá bhforáiltear i Rialacháin GESGF. Ba í aidhm na meastóireachta seachtraí meastóireacht fhoirmitheach ar chleachtais oibre, eagrú agus sainchúram na Gníomhaireachta a sholáthar agus, i gcás cuí, feabhsuithe a mholadh. Mar a shonraítear sna téarmaí tagartha, chuir an mheastóireacht sheachtrach tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha ar fad san áireamh. I mí Eanáir 2007 chuir na saineolaithe a dtuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, tuarascáil a dheimhnigh go bhfuil na bunchúiseanna beartais leis an nGníomhaireacht a bhunú fós bailí chomh maith lena spriocanna bunaidh[6].

I gcomhréir le hAirteagal 25(3) den Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht, i mí an Mhárta 2007 d'eisigh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta moltaí maidir le athruithe iomchuí ar an Rialachán[7]. Ceann de na moltaí seo ar cheart an Rialachán a leasú chun sainordú na Gníomhaireachta a leathnú ach nár cheart raon feidhme na Gníomhaireachta a athrú ó thaobh an ábhair.

I mí an Mheitheamh 2007 chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Teachtaireacht COIM(2007) 285 maidir le meastóireacht ar an nGníomhaireacht, inar tugadh cuntas ar an bpróiseas meastóireachta agus ina ndearnadh luacháil ar an meastóireacht a rinne painéal saineolaithe seachtracha.

I gcomhréir le stráitéis Rialála níos Fearr an Choimisiúin[8], rinneadh comhairliúchán poiblí ar leathnú agus todhchaí na Gníomhaireachta an 13 Meitheamh go dtí an 7 Meán Fómhair 2007[9]. Bhí an chuid is mó de na freagróirí ar aon intinn, inter alia , go mbeadh Gníomhaireacht fós ar an ionstraim ceart chun deileáil le dúshláin na slándála gréasáin agus faisnéise.

CÚISEANNA LE GNÍOMHÚ

An 13 Samhain bheartaigh an Coimisiún an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí a bhunú[10]. Bheartaigh an Coimisiún go nglacfadh an t-údarás seo freagracht as na gníomhaíochtaí de chuid GESGF atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás ón 14 Márta 2011 ar aghaidh.

Os rud é go n-éagfaidh sainordú na Gníomhaireachta an 13 Márta 2009, chun leanúnachas a áirithiú beidh sé riachtanach beart eatramhach a ghlacadh ar feadh an dá bhliain idir éag sceidealaithe na Gníomhaireachta agus an dáta a ghlacfaidh an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí freagracht as na gníomhaíochtaí atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás.

2007/0291 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[11],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[12],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[13],

Ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[14],

De bharr an méid seo a leanas:

1. I 2004 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise [15] (dá ngairtear "an Ghníomhaireacht" anseo feasta).

2. I mí an Mhárta 2007 d'eisigh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta moltaí maidir le athruithe iomchuí ar an Rialachán. Ceann de na moltaí seo ar cheart an Rialachán a leasú chun sainordú na Gníomhaireachta a leathnú ach nár cheart raon feidhme na Gníomhaireachta a athrú ó thaobh an ábhair.

3. I gcomhréir le stráitéis Rialála níos Fearr an Choimisiúin, thionscain an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar leathnú agus todhchaí na Gníomhaireachta, comhairliúchán a rinneadh an 13 Meitheamh go dtí an 7 Meán Fómhair 2007.

4. An 13 Samhain bheartaigh an Coimisiún an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí[16] a bhunú. Bheartaigh an Coimisiún go nglacfadh an t-údarás seo freagracht as na gníomhaíochtaí ar fad ar de chúram GESGF iad ón 14 Márta 2011 ar aghaidh, atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás.

5. Os rud é go n-éagfaidh sainordú na Gníomhaireachta an 13 Márta 2009, chun leanúnachas a áirithiú tá sé riachtanach beart eatramhach a ghlacadh ar feadh an dá bhliain idir éag sceidealaithe na Gníomhaireachta agus an dáta a bheartaítear go nglacfaidh an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí freagracht as gníomhaíochtaí de chuid na Gníomhaireachta a thig faoi raon feidhme an Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás.

6. Dá bhrí sin, ba cheart ré na Gníomhaireachta a shíneadh go dtí 13 Márta 2011,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 460/2004

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 460/2004:

"Airteagal 27 - Ré

Beidh an Ghníomhaireacht arna bunú ón 14 Márta 2004 ar feadh tréimhse seacht mbliana."

Airteagal 2Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh [...],[...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise.

2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus gníomhaíocht/gníomhaíochtaí atá gaolmhar:

Sochaí faisnéise agus meáin chumarsáide

i2010 – Beartas cumarsáide leictreonaí agus slándáil gréasáin

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A) agus a gceannteidil san áireamh:

09 02 03 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise

09 02 03 01 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2

09 02 03 01 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise – Fóirdheontas faoi Theideal 3

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

Tá an ráiteas airgeadais reatha seo bunaithe ar shíneadh go dtí 13 Márta 2011.

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

09 02 03 01 | Neamhéig-eantach | LD[17] | NÍ HEA | TÁ | NÍL | Uimh. 1.a Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta |

09 02 03 02 | Neamhéig-eantach | LD | NÍ HEA | TÁ | NÍL | Uimh. 1.a Iomaíochas le haghaidh fáis agus fostaíochta |

4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | 14 Márta – 31 Nollaig | 2010 | 1 Eanáir – 13 Márta 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil (Teideal 3) |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 2.192 | 2.788 | 0.563 | 5.543 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 2.192 | 2.788 | 0.563 | 5.543 |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha (Teideil 1 agus 2) |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | 4.482 | 5.702 | 1.151 | 11.335 |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 6.674 | 8.490 | 1.714 | 16.878 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 6.674 | 8.490 | 1.714 | 16.878 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[18] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0.329 | 0.410 | 0.081 | 0.819 |

Speansais riaracháin, amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0.008 | 0.010 | 0.002 | 0.020 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN, agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 7.011 | 8.910 | 1.797 | 17.717 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 7.011 | 8.910 | 1.797 | 17.717 |

Sonraí an Chómhaoinithe

Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má tá sé beartaithe go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | 14 Márta – 31 Nollaig | 2010 | 1 Eanáir – 13 Márta 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | Iomlán |

f |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | 7.011 | 8.910 | 1.797 | 17.717 |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

( Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[19] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt airgeadais ar ioncam

( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo –is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh ghníomh [Bliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 55 | 55 | 55 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Toisc nach bhfuil go leor ama roimh dheireadh shainordú reatha GESGF le haghaidh diospóireachta iomláine agus substaintiúla faoi thogra tábhachtach nua, gan ach síneadh a chur ar GESGF san fhoirm chéanna ligfear do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bunús dlí eatramhach a ghlacadh go scioptha chun leanúnachas GESGF a áirithiú agus briseadh ar leanúnachas a sheachaint maidir leis na bearta chun deileáil le dúshláin na slándála gréasáin agus faisnéise.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Toisc go bhfuil an méid sin ag brath ar ghréasáin agus córais faisnéise, is cúram bunúsach é go bhfeidhmíonn siad i gceart. Tá córais faisnéise ríthábhachtach don gheilleagar ar fad, ní hamháin don chuid is mó de na hearnálacha tionscail, ach don earnáil phoiblí agus saoránaigh phríobháideacha freisin. Baineann mífheidhmiú ar bith sna córais sin le gach duine – indibhidí, riaracháin phoiblí agus gnóthais.

Dá bhrí sin, is cúram mór beartais í anois an tslándáil. Is léir do rialtais freagracht atá ag leathnú a bheith orthu as an tsochaí agus tá méadú ag teacht ar a n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar shlándáil ina gcríocha . Tá Ballstáit ar leith, ámh, ag céimeanna difriúla ina n-obair agus bíonn siad ag díriú ar phointí éagsúla. Bíonnn éagsúlacht ag baint le cur chun feidhme an chreata dlí freisin. Tá easpa comh-inoibritheacht a chuireann bac ar úsáid cheart na dtáirgí slándála.

Díríonn obair na Gníomhaireachta ar fheabhas a chur ar shlándáil gréasáin agus faisnéise san Eoraip agus ar neart a chur le cumas na mBallstát, ina n-aonar agus le chéile, freagairt do fhadhbanna móra i réimse slándála gréasáin agus faisnéise. Tá sé d'aidhm aici comhar córasach trasteorann a áirithiú idir na Ballstáit maidir le slándáil gréasáin agus faisnéise.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

- Feabhas a chur ar athléimneacht ghréasáin cumarsáide leictreonaí na hEorpa

Folóidh obair na Gníomhaireachta suas go dtí 2009, mar aon le rudaí eile, suirbhéanna ar na hoibleagáidí, na ceanglais agus na dea-chleachtais in úsáid maidir le hathléimneacht[20], móide anailís ar mhodhanna agus nósanna imeachta breise chun athléimneacht a fheabhsú. I 2009 agus 2010, gabhfar treoirthionscadail bhreise de láimh chun measúnú a dhéanamh ar bhailíocht na gceanglas, modhanna agus cleachtas. Leanfaidh agus tacóidh an clár seo, más iomchuí, le hathbhreithniú agus tabhairt suas chun dáta na dTreoracha Cumarsáide Leictreonaí.

- Comhar idir na Ballstáit a fhorbairt agus a chothabháil

Ba cheart do GESGF leanúint ar aghaidh ag tógáil ar a iarrachtaí chun ciorcail uile-Eorpacha d'inniúlachtaí a aimsiú maidir le hábhair ar nós feasacht a spreagadh agus freagairt do theagmhais, comhar i gcomh-inoibritheacht eID[21] (comhartha leictreonacha aitheantais) agus cothabháil ardán le tacú le bróicéireacht Eorpach i dtaobh dea-chleachtais i slándáil gréasáin agus faisnéise[22]. Ó 2009 go dtí 2010, ba cheart breis comhair idir Ballstáit a bhaint amach chun na críche feabhas a chur ar ábaltachtaí na mBallstát ar fad, agus leibhéil iomlána comhleanúnachais agus comh-inoibritheachta a mhéadú.

- Aimsiú na bPriacal atá ag teacht chun cinn maidir le cruthú muiníne agus iontaoibhe

I rith 2009 agus 2010, déanfar mionchoigeartú ar an tslí ina n-aimsítear priacail atá ag teacht chun cinn, as seo tiocfaidh cleachtas ina mbaileofar, próiseálfar, scaipfear agus tabharfar aiseolas ar shonraí go córasach. Is í an iarmhairt a bhfuil súil léi priacail atá ag teacht chun cinn a aimsiú níos luaithe i rith cur chun feidhme agus imscaradh feidhmchlár agus seirbhísí nua.

- Muinín san fhaisnéis a chruthú i measc mionghnóthas

Leanann aois na faisnéise digití ag soláthar deiseanna líonmhara do ghnólachtaí, go háirithe mionghnóthais. Tá pointí leochaileachta fós ag baint le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ó thaobh forbartha de agus glacadh na n-úsáideoirí leo. Is é an sprioc na riachtanais agus na honchais atá ag mionghnóthais sa réimse seo a chruinniú agus a mheasúnú, trí bhíthin anailís a dhéanamh ar a n-easpaí agus treoir a thabhairt do chur chuige GESGF maidir le measúnú ar bhainistiú priacail.

5.4. Modhanna don chur i gcrích (táscach)

( Bainistiú láraithe

( ag an gCoimisiún go díreach

( go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( leis na Ballstáit

( le tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Tá an Stiúrthóir Feidhmeach freagrach as monatóireacht éifeachtach agus meastóireacht éifeachtach ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta os coinne a spriocanna agus tugann sé nó sí tuarascáil go bliantúil don Bhord Bainistíochta.

Dréachtaíonn an Stiúrthóir Feidhmeach tuarascáil ghinearálta a fholaíonn gníomhaíochtaí ar fad na Gníomhaireachta sa bhliain roimhe sin, ag cur i comparáid, go háirithe, na torthaí bainte amach agus spriocanna an chláir bhliantúil oibre. Tar éis a glacadh ag an mBord Bainistíochta, cuirtear an tuarascáil seo ar aghaidh go dtí Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún agus foilsítear í.

6.2. Meastóireacht

Ó bunaíodh GESGF i 2004, tá sé faoi réir meastóireachtaí seachtracha agus inmheánacha.

I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán GESGF, ba é an chéad chéim sa phróiseas seo meastóireacht neamhspleách ar GESGF le painéal saineolaithe seachtracha i 2006/2007. Dheimhnigh an tuarascáil a rinne an painéal saineolaithe seachtracha[23] go bhfuil na bunchúiseanna beartais le GESGF a bhunú fós bailí chomh maith lena spriocanna bunaidh agus bhí an tuarascáil ina siocair le roinnt de na saincheisteanna a bhfuil réiteach ag teastáil uathu a tharraingt anuas.

I mí an Mhárta 2007 thug an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht don Bhord Bainistíochta, agus ina dhiaidh sin rinne an bord a mholtaí féin maidir le todhchaí na Gníomhaireachta agus athruithe ar Rialachán GESGF[24].

I mí an Mheithimh 2007, chuir an Coimisiún Teachtaireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle[25] maidir lena luacháil féin ar thorthaí na meastóireachta seachtraí agus ar mholtaí an Bhoird Bainistíochta. Sa Teachtaireacht maíodh go gcaithfear rogha a dhéanamh idir sainordú na Gníomhaireachta a shíneadh nó meicníocht eile a chur in ionad na Gníomhaireachta, amhail buanfhóram geallsealbhóirí nó líonra eagraíochtaí slandála. Leis an Teachtaireacht seoladh comhairliúchán poiblí ar an ábhar freisin, inar iarradh ionchur ar gheallsealbhóirí Eorpacha le liosta ceisteanna chun breis díospóireachtaí a threorú[26].

7. Bearta frith-chalaoise

Seiceálann foireann na Gníomhaireachta íocaíochtaí le haghaidh seirbhíse nó staidéir ar bith a iarrtar, ag cur san áireamh aon oibleagáid chonarthach, prionsabail eacnamaíocha agus dea-chleachtas airgeadais nó bainistíochta. Áireofar forálacha frith-chalaoise (maoirseacht, ceanglais tuairiscithe, etc.) i ngach comhaontú agus conradh a dhéantar idir an Ghníomhaireacht agus faighteoir íocaíochtaí ar bith.

8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

(Ba chóir Ceannteidil na gcuspóirí, an ghnímh agus na n-aschur a thabhairt) | 14 Márta – 31 Nollaig 2009 | 2010 | 1 Eanáir – 13 Márta 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | Costas iomlán |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 1: Feabhas a chur ar athléimneacht ghréasáin cumarsáide leictreonaí na hEorpa |

Gníomh 1: Anailís ar bhearta dlí agus rialála maidir le hathléimneacht gréasán cumarsáide poiblí |

Gníomh 2: Cur chun cinn cleachtaí le haghaidh bainistiú éigeandála riomhaire |

Gníomh 3: Bearta breise a fhorbairt chun athléimneacht a fheabhsú |

- Aschur: Grúpa fíorúil saineolaithe ar "athléimneacht a fheabhsú" (lena n-áirítear DNSSEC); tuarascálacha ar theicneolaíochtaí athléimneacha cnámh droma agus idirlín; miontuarascáil ar theicneolaíochtaí athléimneacha atá ag teacht chun cinn |

Fo-iomlán Cuspóir 1 | 0.245 | 0.305 | 0.060 | 0.610 |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 2: Comhar idir na Ballstáit a fhorbairt agus a chothabháil |

Gníomh 1: Ardán comhair don phobal a spreagann feasacht |

- Aschur: liosta teagmhála inmheánach de saineolaithe ar fheasacht a spreagadh atá mar pháirt de phobal AR GESGF |

Gníomh 2: Ciorcal inniúlachta slándála i gcomhar phobal CERT. Tógfaidh GESGF ar eolas, dea-chleachtas cruthaithe agus tionscadail rathúla ó na pobail éagsúla CERT atá ann san Eoraip agus lasmuigh. |

Fo-iomlán Cuspóir 2 | 0.241 | 0.300 | 0.059 | 0.600 |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 3: Aimsiú na bpriacal atá ag teacht chun cinn maidir le cruthú muiníne agus iontaoibhe |

Gníomh 1: Fréamhshamhail bunachair le haghaidh priacal atá ag teacht chun cinn |

Gníomh 2: Páipéir sheasaimh ar aidhm acu anailís a dhéanamh ar bhagairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn bunaithe ar mholtaí na ngeallsealbhóirí agus an PSG (Grúpa na mBuangheallsealbhóirí). |

Fo-iomlán Cuspóir 3 | 0.172 | 0.215 | 0.043 | 0.430 |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 4: Muinín san fhaisnéis a chruthú i measc mionghnóthas |

Gníomh 1: Anailís leanúnach ar riachtanais agus ionchais mionghnóthas, ag cruthú malartuithe agus eolais i measc geallsealbhóirí |

Gníomh 2: Measúnú ar phróiseas bainistithe priacal do mhionghnóthais |

- Aschur: treoirthionscadail chun an t-eolas riachtanach ar bhainistiú priacal a fhorbairt agus a úsáid |

Fo-iomlán Cuspóir 4 | 0.088 | 0.110 | 0.022 | 0.220 |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL 5: Bainistiú gníomhaíochtaí cothrománacha |

Gníomh 1: Cumarsáid agus teagmháil le geallsealbhóirí na slándála gréasáin agus faisnéise |

Gníomh 2: Bainsitiú comhlachtaí agus grúpaí GESGF, i.e. cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus Grúpa na mBuangheallsealbhóirí, comhordú ghníomhaíochtaí na Meitheal agus bainistiú líonra na nOifeagach Náisiúnta Idirchaidrimh |

Fo-iomlán Cuspóir 5 | 1.446 | 1.858 | 0.379 | 3.683 |

COSTAS IOMLÁN | 2.192 | 2.788 | 0.563 | 5.543 |

8.2. Caiteachas Riaracháin

8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

Cineálacha post | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) |

14 Márta – 31 Nollaig 2009 | 2010 | 1 Eanáir – 13 Márta 2011 | 2012 | 2013 | 2014 |

Oifigigh nó foireann shealadach | A*/AD | 29 | 29 | 29 |

B*, C*/AST | 15 | 15 | 15 |

Foireann eile | 11 | 11 | 11 |

IOMLÁN | 55 | 55 | 55 |

8.2.2. Tuairisc ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Leanfaidh an ghníomhaireacht:

- le feidhmeanna comhairliúcháin agus comhordaithe, i gcás ina mbailíonn sí agus ina ndéanann sí anailís ar shonraí faoi shlándáil faisnéise. Sa lá atá inniu ann bailíonn idir eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a bhfuil spriocanna difriúla acu sonraíocht faoi theagmhais i dteicneolaíocht faisnéise agus sonraíocht eile atá ábhartha maidir le slándáil faisnéise. Níl einteatas lárnach ag leibhéal Eorpach, ámh, ar féidir leis, ar shlí cuimsitheach, sonraíocht a bhailiú agus anailís a dhéanamh uirthi agus tuairimí agus comhairle a sholáthar chun tacú le hobair bheartais an Chomhphobail ar shlándáil gréasáin agus faisnéise;

- ag freastal mar lárionad oilteachta ar a mbeidh idir Bhallstáit agus institiúidí Comhphobail in ann tuairimí agus comhairle ar chúrsaí teicniúla i ndáil le slándáil a iarraidh;

- ag cuidiú le comhar ginearálta idir gníomhaithe éagsúla i réimse na slándála faisnéise, e.g. cuidiú sna gníomhaíochtaí leantacha ag tacú le ríomhghnó slán. Beidh comhar mar seo ina réamhriachtanas ríthábhachtach le haghaidh feidhmiú slán gréasán agus córas faisnéise san Eoraip. Is gá rannpháirtíocht agus gafacht na ngeallsealbhóirí ar fad;

- ag cuidiú le cur chuige comhordaithe i gcomhair slándála faisnéise trí bhíthin tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit , e.g. maidir le measúnú priacail a chothú agus

- ag áirithiú comh-inoibritheacht gréasán agus córas faisnéise nuair a chuireann Ballstáit riachtanais theicniúla a bhaineann le slándáil i feidhm ;

- ag aimsiú na riachtanas ábhartha do chaighdeánú agus ag déanamh measúnú ar chaighdeáin slándála reatha agus scéimeanna deimhniúcháin agus ag cothú na húsáide is forleithne is féidir díobh chun tacú leis an reachtaíocht Eorpach;

- ag tacú le comhar idirnáisiúnta sa réimse seo, comhar atá ag éirí níos riachtanaí an t-am ar fad toisc saincheisteanna maidir le slándáil gréasáin agus faisnéise a bheith domhanda.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (a fholaíonn na Rialacháin Foirne)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

( Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n ach nach raibh á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana i gceist

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | 14 Márta – 31 Nollaig 2009 | 2010 | 1 Eanáir – 13 Márta 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Teideal 2 – Feidhmiú na Gníomhaireachta Ceaptar an leithreasú seo chun na nithe seo a fholú: foirgnimh agus costais ghaolmhara, sealúchas inghluaiste agus costais ghaolmhara, caiteachas riaracháin reatha agus caiteachas TFC | 0.501 | 0.637 | 0.129 | 1.266 |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 4.482 | 5.702 | 1.151 | 11.335 |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | 14 Márta – 31 Nollaig 2009 | 2010 | 1 Eanáir – 13 Márta 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0.329 (3.5 oifigigh) | 0.410 (3.5 oifigigh) | 0.081 (3.5 oifigigh) |

Foireann atá á maoiniú le hAirteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH bhfuil sa mhéid tagartha) | 0.329 | 0.410 | 0.081 |

Seo costas na foirne ar a mbeidh an cúram meastóireacht, monatóireacht agus comhordú a dhéanamh ar an nGníomhaireacht laistigh den Choimisiún.

Ríomh – Oifigigh agus gníomhairí sealadacha

I 2009-2010, beidh 3.5 oifigigh in aghaidh na bliana a mbeidh na cúraimí orthu maoirseacht, monatóireacht bhuiséadach agus maoinithe agus comhordú idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht a dhéanamh. I gcomhair sonraí, féach Tábla 8.2.5 Tá meastachán ualach na hoibre bunaithe ar thaithí ó bheith ag obair leis an nGníomhaireacht go dtí seo.

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02

Ní bheartaítear foireann ar bith dá samhail.

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

14 Márta – 31 Nollaig 2009 | 2010 | 1 Eanáir – 13 Márta 2011 | 2012 | 2013 | 2014 agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0.008 | 0.010 | 0.002 | 0.020 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

XX 01 02 11 03 - Coistí[27] |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2 Caiteachas Iomlán Bainistíochta Eile (XX 01 02 11) |

3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.008 | 0.010 | 0.002 | 0.020 |

Ríomh - Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

[1] COIM(2005) 229.

[2] COM (2006) 251.

[3] IO C 68, 24.3.2007, lch. 1.

[4] Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise, IO L 77, 13.3.2004, lch. 1 (dá ngairtear "Rialachán GESGF" anseo feasta).

[5] COIM(2003) 63, 11.2.2003.

[6] Le fáil ag: http://ec.europa.eu/dgs/information_society/evaluation/studies/index_en.htm.

[7] Le fáil ag: http://enisa.europa.eu/pages/03_02.htm.

[8] Teachtaireacht ón gCoimisiún go dtí an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún_Athbhreithniú stráitéiseach ar rialúchán níos fearr san Aontas Eorpach, COIM(2006) 689.

[9] Tá teacht ar nasc le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ag an suíomh gréasáin seo: http://ec.europa.eu/information_society/policy/nis/enisa/index_en.htm.

[10] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí, COIM(2007) 699.

[11] IO C […], lch.[…].

[12] IO C […], lch.[…].

[13] IO C […], lch.[…].

[14] IO C […], lch.[…].

[15] Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (IO L 77, 13.3.2004, lch. 1).

[16] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Mhargadh na Cumarsáide Leictreonaí, COIM(2007) 699.

[17] Leithreasaí difreáilte

[18] Caiteachas a thagann faoi chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[19] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[20] Forbróidh súirbhéanna dá samhail súirbhéanna a rinne GESGF i 2006 agus 2007 faoi na bearta slándála arna gcur chun feidhme ag oibreoirí na cumarsáide leictreonaí.

[21] Leanfaidh an tacaíocht seo an obair déanta ag GESGF i 2006 agus 2007 ar fhriotal coiteann chun comh-inoibritheacht eID a fheabhsú.

[22] Leanann an t-ardán seo an obair déanta i 2007 chun slí a shainniú i gcomhair bunú bróicéireachta Eorpaí i dtaobh dea-chleachtais i slándáil gréasáin agus faisnéise.

[23] http://ec.europa.eu/dgs/information_society/evaluation/studies/index_en.htm.

[24] Mar a fhoráiltear in Airteagal 25 de Rialachán GESGF. Tá téacs iomlán an doiciméid a ghlac Bord Bainistíochta GESGF, ina bhfuil barúlacha an Bhord freisin, le fáil ar an suíomh gréasáin a leanas: http://enisa.europa.eu/pages/03_02.htm.

[25] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoi mheastóireacht na Gníomhaireachta Eorpaí um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise(GESGF) COIM(2007) 285 críochnaitheach den 1.6.2007:http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:52007DC0285:EN:NOT.

[26] http://ec.europa.eu/yourvoice/ipm/forms/dispatch?form=EnisaFuture&lang=en.

[27] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

Top