Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0653

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle

    /* COIM/2007/0653 leagan deireanach - COD 2007/0233 */

    52007PC0653

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle /* COIM/2007/0653 leagan deireanach - COD 2007/0233 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil 30.10.2007

    COIM(2007) 653 leagan deireanach

    2007/0233 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1. Forais agus cuspóirí an togra

    Is éard is cuspóir don togra seo le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an córas staidrimh reatha maidir le trádáil earraí le tíortha nach Ballstáit (Extrastat) a athbhreithniú d'fhonn:

    - an reachtaíocht a dhéanamh níos soiléire, níos simplí agus níos trédhearcaí;

    - an córas staidrimh i gcomhair trádála lasmuigh den Chomhphobal a oiriúnú do na hathruithe atá le tabhairt isteach sna nósanna imeachta maidir le dearbhú custaim trí Údarú Amháin a thabhairt isteach i gcás an dearbhaithe simplithe nó an nós imeachta imréitigh áitiúil[1], mar aon le trí imréiteach láraithe faoi Chód Custaim nuachóirithe an Chomhphobail (a ghabhann ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992);

    - 'éifeacht Rotterdam' a laghdú ar a mbeidh mar thoradh (a) ró-ionadaíocht staidrimh maidir le trádáil eachtrach na mBallstát sin ag a bhfuil leibhéal ard imréitigh custaim nó onnmhairithe ach nach bhfuil iontu ach tíortha idirthurais chun dochair Bhallstáit chinn scríbe iarbhír nó seolta an mharsantais agus (b) tuairisciú dúbailte na n-earraí céanna ar Extrastat mar earraí neamh-Chomhphobail agus ar Intrastat mar earraí Comhphobail a thagann ó Bhallstát eile, agus staid inchomparáide le linn an onnmhairithe;

    - ábharthacht, cruinneas, tráthúlacht agus comparáideacht an staidrimh maidir le trádáil eachtrach a mhéadú, agus córas a bunú i gcomhair measúnú cáilíochta;

    - an nasc idir staidreamh trádála agus staidreamh gnó a láidriú;

    - aghaidh a thabhairt ar riachtanais úsáideoirí trí straidreamh breise trádála a thiomsú ag úsáid faisnéise atá sonraithe sna dearbhuithe custaim;

    - an rochtain phribhléideach ar shonraí íogaire maidir le trádáil eachtrach a rialú, i gcomhréir leis an gCód Cleachtais do Staidreamh Eorpach.

    1.2. Comhthéacs ginearálta

    Coimeádtar taifead ar allmhairí agus ar onnmhairí earraí le tíortha nach Ballstáit sa staidreamh ar thrádáil eachtrach (Extrastat). Tá an fhaisnéis seo ríthábhachtach do bheartais eacnamaíocha agus trádála Eorpacha agus chun na forbairtí i margaí tráchtearraí ar leith a anailísiú. Is éard atá sa staidreamh taifid mhíosúla ar allmhairí agus ar onnmhairí arna sonrú i luach nó i méid, agus atá miondealaithe de réir na gceannteideal seo a leanas: an Ballstát atá i mbun tuairiscithe agus an tír chomhpháirtíochta, an tráchtearra i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte, an chóir iompair agus an chóir tharaife (i gcás allmhairí).

    Cé is moite de ghluaiseachtaí sonracha áirithe, tá Extrastat bunaithe ar shonraí arna mbailiú ó dhearbhuithe custaim. Is éard a chiallaíonn sé na dearbhuithe custaim a úsáid mar fhoinse faisnéise staidrimh nach gcuirtear aon ualach díreach tuairiscithe staidrimh ar na trádálaithe. Ós rud é go bhfuil an t-eolas a thugtar sna dearbhuithe custaim ar dhea-chaighdeán, is inmhianaithe leanúint de na dearbhuithe sin a úsáid chun staidreamh ar thrádáil eachtrach a sholáthar.

    Cé gurb é is aidhm do staidreamh dá leithéid íomhá den ghréasán trádála eachtraí sa Chomhphobal a thabhairt ina iomláine, ba cheart go gceadófaí miondealú a dhéanamh ar an ngréasán sin de réir Ballstáit.

    1. I ngeall ar an bhforbairt, áfach, i modhanna nua imréitigh custaim ar earraí ar fud an Chomhphobail (Údarú Amháin i gcomhair Nósanna Imeachta Simplithe, Imréiteach Láraithe Custaim) is gá an tslí ina dtiomsaítear staidreamh ar thrádáil eachtrach a oiriúnú agus, sa chomhthéacs sin, oiriúnú a dhéanamh ar liosta na sonraí staidrimh is cóir a bhaint ón dearbhú custaim.Ceadófar do dhuine dearbhú custaim a thaisceadh san áit a bhfuil sé lonnaithe le haghaidh earraí a thíolactar in oifig custaim eile mar thoradh ar an Údarú Amháin i gcomhair an dearbhaithe simplithe nó an nós imeachta imréitigh áitiúil maidir le scaoileadh i gcomhair saorchúrsaíochta, a thabharfar isteach in 2008, agus mar thoradh ar an 'Imréiteach Láraithe Custaim' a thabharfar isteach sa Chód Custaim. Faoi na nósanna imeachta sin, féadfar taisceadh an dearbhaithe custaim a dhealú ó phointe iontrála nó imeachta na n-earraí agus ó áit a scrúdaithe agus ó áit chinn scríbe chríochnaithigh na n-earraí allmhairithe nó ó áit seolta iarbhír na n-earraí onnmhairithe. Mar thoradh air sin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh na sonraí custaim is gá don staidreamh ar fáil sa Bhallstát cinn scríbe chríochnaithigh i gcás allmhairí ná sa Bhallstát seolta iarbhír i gcás onnmhairí, ach sa Bhallstát inar taisceadh an dearbhú amháin. Is é is cúis le gur gá an coincheap maidir le Ballstát an 'allmhairthe' nó an 'onnmhairithe' a athmheas ó dhearcadh staidrimh de, ná sainmhíniú níos beaichte a thabhairt ar na foinsí sonraí custaim i gcomhair staidreamh Comhphobail a thiomsú agus na sonraí le tuairisciú, agus chun malartú faisnéise a áirithiú idir riaracháin náisiúnta na mBallstát éagsúil lena mbaineann.Trí oiriúnú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar Bhallstát an allmhairithe agus an onnmhairithe laghdófar 'éifeacht Rotterdam', a tharlaíonn nuair a ghluaiseann earraí idir Ballstáit, sula bhfágann siad an tAE nó tar éis iontráil isteach i gcríoch an AE, ach go ndéantar na foirmiúlachtaí custaim sa Bhallstát ina dtagann na hearraí isteach i gcríoch chustaim an AE nó lena n-imeacht aisti. Dá thoradh sin, i gcás allmhairí, tuairiscítear an gréasán trádála céanna uair amháin mar earraí neamh-Chomhphobail sa chóras Extrastat agus an dara huair mar earraí Comhphobail sa chóras Intrastat (i.e. staidreamh a bhaineann le trádáil earraí idir Ballstáit). I gcás onnmhairí, is é a thugann an staidreamh le tuiscint gur ó Bhallstát an imeachta a rinneadh na hearraí a onnmhairiú, seachas ón áit a bhfuil an t-onnmhaireoir lonnaithe i ndáiríre. Tá an tslí ina dtuigtear an Staidreamh Comhphobail casta dá thoradh seo.

    2. Tá sé indéanta feabhas a chur ar chruinneas agus ar thráthúlacht; cuideoidh sé sin le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as an staidreamh ar thrádáil eachtrach, de réir mar a dhéanfar malartú faisnéise idir na riaracháin Chustaim (náisiúnta agus uile-AE), agus idir oibreoirí trádála agus na riaracháin Chustaim i slí níos caighdeánaí de réir a chéile (faoin tionscnamh r-chustaim). Iarrtar sa togra na figiúirí i leith allmhairithe agus onnmhairithe a nuashonrú go leanúnach, agus na sonraí is déanaí atá ar fáil a chur san áireamh, lena n-áirítear na hathruithe a dhéanann lucht Custaim tar éis glacadh leis an dearbhú. Giorrófar an tréimhse forordaithe maidir le sonraí a thurchur chuig Eurostat go 40 lá i ndiaidh na míosa tagartha, agus tabharfaidh na forálacha cur chun feidhme an deis an tréimhse seo a ghiorrú níos faide sa todhchaí.

    3. Fuair an Coimisiún (Eurostat) iarrataí breise ó úsáideoirí agus cuireadh na hiarrataí sin san áireamh sa dréachtchreat dlíthiúil.

    4. Tá gá ag BCE agus ag DG ECFIN le faisnéis maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chion an Euro i dtrádáil idirnáisiúnta marsantais. Dá bhrí sin, tuairisceofear airgeadra sonraiscthe na n-onnmhairí agus na n-allmhairí ar leibhéal comhiomlánaithe.

    5. Tá gá ag DG TRADE agus ag DG AGRI le breis sonraí iontaofa maidir le cóir tharaife earraí arna n-allmhairiú isteach san AE, lena n-áirítear faisnéis maidir le cuótaí.

    6. Soláthraíonn staidreamh ar thrádáil eachtrach sonraí le haghaidh Chomhardú na nÍocaíochtaí agus na gCuntas Náisiúnta. Áireofar san fhoireann sonraí shainordaitheach agus chaighdeánach na saintréithe a fhágann gur féidir staidreamh ar thrádáil eachtrach a oiriúnú chun críocha Chomhardú na nÍocaíochtaí.

    7. Chun onnmhairí agus allmhairí an AE a leithdháileadh ar Bhallstáit faoin 'Imréiteach Láraithe Custaim', beidh gá ag an úsáideoir le faisnéis maidir leis an 'Ballstát cinn scríbe chríochnaithigh', i gcás allmhairí, agus 'Ballstát an onnmhairithe iarbhír', i gcás onnmhairí.

    8. Laistigh den chreat nua Extrastat, déanfar sonraí trádála na mBallstát a mhiondealú de réir saintréithe gnó, sa chaoi is go mbeidh sé indéanta, mar shampla, anailís a dhéanamh ar an gcaoi a oibríonn cuideachtaí Eorpacha i gcomhthéacs an domhandaithe. Féadfar an nasc idir staidreamh gnó agus staidreamh trádála a bhunú trí fhaisnéis maidir leis an allmhaireoir agus leis an onnmhaireoir a shonraítear ar an dearbhú custaim a úsáid.

    1.3. Nósanna imeachta atá ann cheana a bhaineann leis an togra

    Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle an 22 Bealtaine 1995 maidir le staidreamh a bhaineann le trádáil earraí ag an gComhphobal agus a Bhallstáit le tíortha nach Ballstáit, agus Rialachán (CE) Uimh. 1917/2000 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2000 ag leagan síos forálacha chun Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle maidir le staidreamh a bhaineann le trádáil eachtrach a chur chun feidhme. Gabhfaidh an togra agus a fhorálacha chur chun feidhme ionad na Rialachán seo.

    1.4. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE

    Comhsheasmhach le comhbheartas trádála, custaim agus maicreacnamaíochta.

    2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

    2.1. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

    Amhail ón bhfómhar 2004, tá plé rialta á dhéanamh ar dhréacht-Rialachán Extrastat i ngrúpa tionscadail ina bhfuil saineolaithe ó na Ballstáit, agus i gCoiste Extrastat.

    Bunaíodh Grúpa Comhordaithe Idirsheirbhíse (is iad na hArd-Stiúrthóireachtaí atá páirteach ann: ESTAT, AGRI, ENTR, FISH, TAXUD, TRADE, TREN) chun tuairimí a nochtadh maidir leis an togra ag céimeanna éagsúla dréachtaithe.

    Tá roinnt plé déanta le BCE maidir leis an airgeadra sonraiscthe.

    2.2. Bailiú agus úsáid saineolais

    Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

    2.3. Anailís ar éifeachtaí agus iarmhairtí

    Tá roinnt roghanna sainaitheanta maidir le staidreamh ar thrádáil eachtrach.

    Rogha A: Fanacht mar atá i láthair na huaire gan aon athrú ar an reachtaíocht atá ann.

    Rogha B: Fanacht i gcás aon reachtaíochta nua Extrastat go dtí go cuirfear an Cód Custaim nuachóirithe chun feidhme, go dtí go mbeidh sé éigeantach sonraí breise a líonadh isteach ar an dearbhú custaim, agus go dtí go mbeidh malartú leictreonach faisnéise i bhfeidhm idir riaracháin náisiúnta na mBallstát.

    Rogha C: Córas nua Extrastat a chur chun feidhme in 2009 ina mbeidh forálacha eatramhacha a bheidh bailí go dtí go n-oiriúnaítear na forálacha custaim.

    Is é Rogha C, ina sonraítear rialachán nua ón bParlaimint/Comhairle maidir le staidreamh ar thrádáil eachtrach in 2009, an rogha is fearr i ngeall ar na cúiseanna seo a leanas:

    - Tá cuma phíolótach ar an 'Údarú Amháin' i gcás an dearbhaithe simplithe nó an nós imeachta imréitigh áitiúil agus tá sé bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit. Spreagann an Coimisiún (TAXUD), áfach, úsáid na nósanna imeachta simplithe seo agus tá sé i mbun forbartha ar nósanna imeachta caighdeánacha agus ag beartú athruithe ar na forálacha cur chun feidhme don chustam a bhfuil súil leo in Eanáir 2008. Faoin rogha 'Údarú Amháin', ina n-úsáidfear an dearbhú simplithe nó an nós imeachta imréitigh áitiúil maidir le scaoileadh i gcomhair saorchúrsaíochta, agus an 'imréiteach láraithe' faoin gCód Custaim nuachóirithe, dealófar an áit ina dtaiscítear an dearbhú custaim ón suíomh fisiceach ina bhfuil na hearraí. Tá sé beartaithe go mbeidh na nósanna imeachta seo infheidhme ar fud an Chomhphobail, rud a d'fhéadfadh athruithe struchtúracha a dhéanamh ar na nósanna imeachta imréitigh ag a mbeadh éifeachtaí suntasacha simpliúcháin ar onnmhaireoirí agus ar allmhaireoirí an Chomhphobail.

    - Maidir le tiomsú staidrimh ar thrádáil eachtrach, tá na forálacha reatha débhríoch, agus tá tús curtha ag Ballstáit áirithe le sonraí a bhailiú go díreach ó oibreoirí trádála i gcásanna ina bhfuil na hearraí suite ar a gcríoch chun críocha allmhairithe nó onnmhairithe, ach go ndéantar an dearbhú custaim i mBallstát eile. Méadaíonn sé seo an t-ualach tuairiscithe staidrimh agus laghdaítear cáilíocht an staidrimh Comhphobail. Is éard atá beartaithe le 'Imréiteach Láraithe Custaim', sna blianta atá le teacht, an méid trádála a dhearbhaítear ag an áit ina bhfuil an t-allmhaireoir/onnmhaireoir lonnaithe a mhéadú, seachas ag an áit ina ndéantar na hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú go fisiceach. Rachaidh an lárú seo chun leasa tiomsaithe staidrimh ar thrádáil eachtrach mar go bhféadfar an t-allmhaireoir/onnmhaireoir iarbhír agus an Ballstát iarbhír a allmhairíonn agus a onnmhairíonn na hearraí a shainaithint i slí níos éasca. D'fhéadfaí é seo a fhritháireamh, áfach, má leantar leis na forálacha agus na cleachtais reatha maidir le tiomsú staidrimh; d'fhéadfadh an tiomsú éirí níos neamhleanúnaí, níos trioblóidí agus níos neamhbheaichte de réir a chéile áfach. Tá gá le socruithe nua agus sonraítear sa togra na dearbhuithe custaim sin agus na Ballstáit sin a bheidh in úsáid, agus ní thuartar go mbeidh gá sonraí a bhailiú go díreach ó na honnmhaireoirí ná ó na hallmhaireoirí. Beidh gá an claonadh atá ann faoi láthair a mhalartú de réir a chéile, is é sin an claonadh maidir le go gcuireann Ballstáit cleachtais dhifriúla i bhfeidhm, go n-úsáidtear foinsí sonraí difriúla agus go n-áirítear/go n-eisiatar idirbhearta trádála de réir bhreithiúnas nó inniúlacht an Bhallstáit féin.

    - Chun cuspóirí an Rialacháin nua seo a bhaint amach, ullmhófar athrú ar fhorálacha cur chun feidhme an Chóid Custaim Comhphobail agus cuirfear iad faoi bhráid an Choiste Cóid Custaim i slí ina mbeidh sé éigeantach ar lucht Custaim na sonraí a bhaineann leis an mBallstát cinn scríbe chríochnaithigh agus le Ballstát an onnmhairithe iarbhír a bhailiú. Níl ach cuid den fhaisnéis seo ar fáil faoi láthair, agus tá sé de dhualgas ar gach Ballstát na sonraí a iarraidh. Thairis sin, ba cheart malartú sonraí idir na Ballstáit a chur san áireamh agus lucht Custaim ag dearadh an uathchórais allmhairithe agus onnmhairithe (AIS & AES). Cinnteoidh sé seo gur féidir leis na Ballstáit a bhfigiúirí maidir le hallmhairí agus le honnmhairí a mhalartú i gcomhréir leis an gcoincheap maidir le Ballstát cinn scríbe chríochnaithigh / Ballstát an onnmhairithe iarbhír. Tugtar isteach leis an togra forálacha sonracha maidir le hoiriúnú céimseach a dhéanamh ar an staidreamh trádála go dtí go mbeidh na sonraí is gá ar fáil i ngach Ballstát. Laghdaíonn an cur chuige seo an spleáchas ar an amchlár maidir le forálacha custaim a athrú, ach ag an am céanna spreagtar na Ballstáit oiriúnú níos tapa a dhéanamh do na ceanglais nua. Go háirithe, cuideoidh an bailiú comhleanúnach sonraí a bhaineann leis an mBallstát cinn scríbe chríochnaithigh agus le Ballstát an onnmhairithe iarbhír le hiniúchadh a dhéanamh ar an mbearna atá ag dul i méid idir na Ballstáit ina dtaisctear an dearbhú custaim agus Ballstáit an allmhairithe agus an onnmhairithe atá beartaithe. Scaipfidh Eurostat na figiúirí trádála de réir an Bhallstáit ina dtaisctear an dearbhú custaim, ach féadfar faisnéis pháirteach maidir leis an mBallstát cinn scríbe agus Ballstát an onnmhairithe iarbhír a thabhairt do na húsáideoirí cheana féin.

    - Bheadh tionchar diúltach ar na gnéithe eile go léir atá sa togra, mar thráthúlacht agus riachtanais nua úsáideoirí, ag aon mhoill i gcur chun feidhme na reachtaíochta.

    3. GNÉITHE DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    3.1. Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

    Tugann an togra seo an creat dlíthiúil chun cáilíocht agus trédhearcacht Extrastat a fheabhsú; oiriúnaíonn sé don timpeallacht riaracháin atá ag athrú, agus sásóidh sé riachtanais nua úsáideoirí.

    3.2. Bunús dlí

    Tugann Airteagal 285 den Chonradh an bunús dlí le haghaidh staidrimh Comhphobail. Glacann an Chomhairle, agus í ag gníomhú faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta, bearta maidir le soláthar an staidrimh is gá le haghaidh feidhmiú ghníomhaíochtaí an Chomhphobail. Leagann an tAirteagal seo amach ceanglais i ndáil le soláthar staidrimh an Chomhphobail agus i ndáil leis na caighdeáin is gá ó thaobh neamhchlaontachta, iontaofachta, oibeachtúlachta, neamhspleáchais eolaíochta, eifeachtúlachta costais agus rúndachta staidrimh de.

    3.3. Prionsabal na coimhdeachta

    Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

    Ní féidir cuspóir an ghnímh bheartaithe, eadhon soláthar staidrimh Comhphobail ar thradáil eachtrach, a chur i gcrích go leordhóthanach ag na Ballstáit agus is féidir dá bhrí sin, é a dhéanamh níos fearr ag leibhéal an Chomhphobail ar bhonn ionstraime dlíthiúla Comhphobail mar gurb é an Coimisiún amháin atá in ann an comhchuibhiú faisnéise staidrimh is gá a chomhordú ag an leibhéal Comhphobail, cé gur féidir leis na Ballstáit bailiú sonraí agus tiomsú staidrimh comparáidigh ar thrádáil eachtrach a eagrú. Ar an ábhar sin, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

    3.4. Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

    Ní bhainfidh an Rialachán seo ach leis an íosmhéid is gá chun an cuspóir a chur i gcrích agus ní théann sé thar an méid atá riachtanach chun na críche sin. Sonraíonn an togra riachtanais sonraí an Chomhphobail maidir le trádáil earraí le tíortha nach Ballstáit, ag tagairt, dá dhroim sin, chomh fada agus is féidir do fhaisnéis a dhearbhaíonn allmhaireoirí agus onnmhaireoirí chun críocha custaim (i.e. tá staidreamh trádála eachtraí bunaithe ar fhoinsí riaracháin). Mar sin féin, ar chúiseanna atá dlisteanaithe go maith, ní mór roinnt eilimintí sonraí breise a iarrtar ar an dearbhú custaim a bhailiú chun críocha staidrimh.

    Chun freastal ar riachtanais nua úsáideoirí agus chun staidreamh cruinn a choimeád, tá eilimintí sonraí nua curtha leis an togra maidir le tiomsú staidrimh ar thrádáil eachtrach. Iarrtar cuid de na sonraí (aitheantas an allmhaireora agus an onnmhaireora, tír coinsíneachta) ar an dearbhú custaim agus ba chóir iad a úsáid le haghaidh staidrimh sa todhchaí. Ní chuirfidh sé seo aon ualach breise tuairiscithe ar chuideachtaí; ní bheidh ar riaracháin náisiúnta ach a gcórais tarchuir sonraí agus próiseála a choigeartú beagán, sin an méid.

    Iarrann an togra uimhir ID an chuóta le haghaidh idirbheart allmhairithe. Cé go gcoimeádann an riarachán Custaim náisiúnta an fhaisnéis, tá tiomsú staidrimh níos casta, toisc nach dtógtar an fhaisnéis díreach ón dearbhú custaim agus go bhféadtar nach mbíonn sí ar fáil ach go deireanach, tar éis do sheirbhísí an Choimisiúin an cuóta a thabhairt.

    Mar sin féin, ní iarrtar go fóill Ballstát cinn scríbe chríochnaithigh/Ballstát an onnmhairithe iarbhír ar an dearbhú custaim sna Ballstáit go léir, agus beidh ualach breise tuairiscithe ar na hoibreoirí trádála sa ghearrthéarma de thoradh ar an ngné seo. In ainneoin sin, meastar go bhfuil an fhaisnéis fíor-riachtanach chun déileáil le 'Imréiteach Láraithe Custaim'. Laghdófar an oibleagáid foriomlán maidir le tuairisciú staidrimh sa mheántéarma, mar is é atá mar aidhm leis ná éirí as a bheith ag iarraidh dearbhuithe Intrastat maidir le gluaiseachtaí laistigh den Chomhphobal roimh nó tar éis scaoilte custaim má tá an fhaisnéis sna sonraí custaim. Trí chód tíre alfa-uimhriúil le dhá dhigit a sholáthar ar an dearbhú custaim, is féidir dhá dhearbhú Intrastat iomlána a sheachaint (ceann ar sheoladh agus ceann ar sheachadadh).

    Thairis sin, níl na sonraí maidir le 'airgeadra sonraiscthe' (i gcás onnmhairí) agus le 'cineál idirbhirt' ar fáil ina n-iomlán ar na dearbhuithe custaim sna Ballstáit go léir. Cuirfidh a mbailiú ualach éigin breise (teoranta) ar an gcúpla Ballstát nach mbailíonn iad faoi láthair.

    Mar thoradh ar an gcomhairliúchán le húsáideoirí staidrimh ar thrádáil eachtrach, ní iarrann an togra a thuilleadh 'náisiúntacht an mhodh iompair ghníomhaigh lena dtrasnaítear an teorainn'. Féadfaidh díothú an cheanglais seo cúiteamh páirteach a thabhairt ar an iarraidh ar fhaisnéis bhreise thuas.

    Tá sé beartaithe clár MEETS ( Modernisation of European Entreprise and Trade Statistics ) a sheoladh sa bhliain 2008. Tá cuid de bhuiséad an chláir seo curtha in áirithe le haghaidh reáchtáil chóras nua Extrastat.

    3.5. Rogha ionstraimí

    An Ionstraim atá beartaithe: Rialachán PE/Comhairle.

    Ní bheadh modhanna eile iomchuí ar na cúiseanna seo a leanas:

    - Glactar leis go ginearálta gur iomchuí Rialachán PE/Comhairle le haghaidh thromlach na ngníomhaíochtaí staidrimh a éilíonn cur i bhfeidhm mionsonraithe agus aonfhoirmeach ar fud an Chomhphobail.

    - Is fearr rialachán ná treoir mar ionstraim bhunúsach mar, murab ionann is treoir, leagann rialachán síos an dlí céanna ar fud an Chomhphobail, ag fágáil na mBallstát gan aon chumhacht chun é a chur i bhfeidhm go páirteach nó go roghnach agus gan rogha ar bith acu maidir leis an bhfoirm agus na modhanna a úsáidfear chun a chuspóirí a chur i gcrích.

    - Thairis sin, tá rialachán infheidhme go díreach, a chiallaíonn nach gá é a thrasuí sa dlí náisiúnta, ar an gcuma sin ag seachaint na moillithe a ghabhann lena leithéid de thrasuíomh. Bíonn reachtaíocht níos fearr agus níos tapa mar thoradh air freisin.

    4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Is féidir a mheas go gclúdaíonn clár MEETS costais cur chun feidhme an chórais nua Extrastat (2010: 335; 2011: 600; 2012: 600; 2013: Cuirtear 600 i EUR '000 in áirithe le haghaidh choigeartú an staidrimh ar thrádáil eachtrach).

    5. FAISNÉIS BHREISE

    5.1. Simpliú

    D'fhéadfadh tionchar simplithe ionchasach a bheith ag an togra seo a laghdódh an t-ualach tuairiscithe ar chuideachtaí. Tá sé deacair an tionchar seo a thuar go cruinn faoi láthair. Cuirfear na tairbhí a bhaineann le simpliú i gcrích go hiomlán sa téarma níos faide nuair a bhunófar na rialacha custaim nua, nuair a bhaileoidh na Ballstáit go léir an fhaisnéis maidir le Ballstát cinn scríbe chríochnaithigh/Ballstát an onnmhairithe iarbhír, agus nuair a chuirfear malartú leictreonach sonraí ar fhaisnéis custaim ar bun. As sin amach, tiomsófar figiúirí Comhphobail agus náisiúnta de réir na nósanna imeachta céanna, agus beidh siad araon bunaithe ar shonraí riaracháin (an dearbhú custaim). Sa bhreis air sin, laghdófar ualach tuairiscithe an chórais Intrastat nuair a scaipfear staidreamh trádála de réir an Bhallstáit cinn scríbe chríochnaithigh agus an onnmhairithe iarbhír, agus nuair nach bhfuil gá a thuilleadh le tuairisciú ar na gluaiseachtaí laistigh den Chomhphobal.

    Ar an taobh eile, ciallóidh na sonraí breise a iarrtar, óna nadúr, ualach breise le haghaidh riarachán náisiúnta agus freagróirí (féach caibidil 3.4 maidir le Comhréireacht). Mar sin féin, dá gcoimeádfaí an córas atá ann cheana d'fhéadfaí cur leis an ualach tuairiscithe ar bhealach níos tromchúisí fós agus cáilíocht an staidrimh a laghdú ag an am céanna. Glactar leis, mura ndéantar aon athruithe dlíthiúla go leanfaidh na húdaráis náisiúnta de shonraí trádála eachtraí a bhailiú díreach ó chuideachtaí de réir a chéile, mar nach féidir lena n-údaráis Chustaim náisiúnta an fhaisnéis is gá a sholáthar faoin 'Imréiteach Láraithe Custaim'. Is é a dhéanann cúrsaí níos measa ná nach bhfuil na cuideachtaí tuairiscithe seo bunaithe sa Bhallstát ábhartha, a chiallaíonn go bhfuil deis níos lú ann chun iomláine agus cáilíocht na sonraí a sheiceáil (gan trácht ar fhadhbanna teanga).

    Murab ionann is an reachtaíocht atá ann cheana, ní dhéanann an togra tagairt níos mó do staidreamh Comhphobail a bhaineann le hiompar, le stórais custaim agus le saorlimistéir agus saorstórais, mar nár chuir institiúidí Comhphobail in iúl go raibh gá leis an staidreamh sin.

    5.2. Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana

    Le glacadh an togra seo aisghairfear an reachtaíocht atá ann cheana.

    5.3. Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

    Is ábhar don LEE an ionstraim atá beartaithe agus ba chóir, dá réir, go gclúdódh sí an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ar fad.

    2007/0233 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach a dhéanamh le tíortha nach Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

    Ag gníomhú de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Tá an fhaisnéis staidrimh ar ghréasáin trádála na mBallstát le tíortha nach Ballstáit ríthábhachtach do bheartais eacnamaíocha agus trádála an Chomhphobail agus chun na forbairtí i margaí tráchtearraí ar leith a anailísiú. Ba cheart feabhas a chur ar thrédhearcacht an chórais staidrimh ionas go mbeidh sé in acmhainn dul i ngleic leis an timpeallacht athraitheach riaracháin, agus riachtanais nua úsáideoirí a shásamh. Ba cheart, i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 285(2) den Chonradh, Rialachán nua a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle an 22 Bealtaine 1995 maidir le staidreamh a bhaineann le trádáil earraí ag an gComhphobal agus a Bhallstáit le tíortha nach Ballstáit[2].

    (2) Tá staidreamh ar thrádáil eachtrach bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó dhearbhuithe custaim dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail[3], dá ngairtear 'Cód Custaim' anseo feasta. Is gá an tslí ina dtiomnaítear staidreamh ar thrádáil eachtrach a oiriúnú, chun an coincheap maidir le Ballstát an allmhairithe nó an onnmhairithe a athmheas agus chun an fhoinse sonraí a shainiú ar dhóigh níos sonraí maidir le staidreamh Comhphobail a thiomsú; is gá an t-oiriúnú sin i ngeall ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar lánpháirtíocht Eorpach agus na hathruithe arna leanúint maidir le himréiteach custaim, lena n-áirítear údarú amháin i gcás an dearbhaithe simplithe nó an nós imeachta imréitigh áitiúil, mar aon le himréiteach láraithe, a eascróidh ón bpróiseas reatha maidir leis an gCód Custaim a nuachóiriú.

    (3) D'fhonn taifead a choimeád ar an ngréasán fisiceach i dtrádáil earraí idir Ballstáit agus tíortha nach Ballstáit agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh faisnéis maidir le hallmhairí agus le honnmhairí ar fáil sa Bhallstát i dtrácht, beidh gá le socruithe idir lucht Custaim agus na húdaráis staidrimh agus na socruithe sin a shonrú. Áirítear leis seo rialacha maidir le malartú sonraí idir riaracháin na mBallstát.

    (4) Chun onnmhairí agus allmhairí an AE a leithdháileadh ar Bhallstát áirithe, is gá faisnéis a thiomsú maidir leis an 'Ballstát cinn scríbe chríochnaithigh', i gcás allmhairí, agus 'Ballstát an onnmhairithe iarbhír', i gcás onnmhairí. Sa mhéantéarma, ba cheart go ndéanfaí Ballstát an allmhairithe agus an onnmhairithe de na Ballstáit sin, chun críocha staidrimh i dtrádáil eachtrach.

    (5) Chun críche an Rialacháin seo ba cheart tráchtearraí ar chun críocha trádála eachtraí iad a aicmiú i gcomhréir leis an 'Ainmníocht Chomhcheangailte' arna bunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim[4], dá dtagraítear 'Ainmníocht Chomhcheangailte' anseo feasta.

    (6) Chun riachtanas an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an Choimisiúin ar fhaisnéis a shásamh, faisnéis maidir le cion an euro i dtrádáil idirnáisiúnta marsantais, ba cheart airgeadra sonraiscthe na n-onnmhairí agus na n-allmhairí a thuairisciú ar leibhéal comhiomlánaithe.

    (7) Chun críocha caibidlíochtaí trádála agus bainisteoireachta ar an margadh inmheánach, ba cheart sonraí mionsonraithe a thabhairt don Choimisiún maidir le cóir tharaife earraí arna n-allmhairiú isteach san Aontas Eorpach, lena n-áirítear faisnéis maidir le cuótaí.

    (8) Soláthraíonn staidreamh ar thrádáil eachtrach sonraí chun comhardú na n-íocaíochtaí agus na gcuntas náisiúnta a thiomsú. Ba cheart go mbeadh na saintréithe a fhágann gur féidir iad a oiriúnú chun críocha Chomhardú na nÍocaíochtaí ina gcuid den fhoireann sonraí shainordaitheach agus chaighdeánach.

    (9) Ba cheart do na Ballstáit sonraí comhiomlánaithe bliantúla maidir le trádáil a thabhairt do Eurostat, a bheadh miondealaithe de réir a saintréithe gnó, rud a éascóidh anailís a dhéanamh ar an gcaoi a oibríonn cuideachtaí Eorpacha i gcomhthéacs an domhandaithe. Bunaítear an nasc idir staidreamh ar ghnó agus ar thrádáil trí fhaisnéis a thugtar ar an dearbhú custaim maidir leis an allmhaireoir agus onnmhaireoir a chumasc le faisnéis arna iarraidh ag Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle an 22 Iúil 1993 maidir le comhordú sa Chomhphobal i ndáil le cláir ghnóthaí a tharraingt suas chun críocha staidrimh[5], dá ngairtear 'reachtaíocht na gClár Gnóthaí'.

    (10) Déanann Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997[6] maidir le staidreamh Comhphobail creat tagartha a chur ar fáil le haghaidh na bhforálacha atá leagtha síos sa Rialachán seo. É sin ráite, tá gá ag an leibhéal faisnéise atá an-mhionsonraithe maidir le trádáil in earraí le sainrialacha rúndachta má tá an staidreamh seo le bheith ábhartha.

    (11) Agus staidreamh Comhphobail á sholáthar agus á scaipeadh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Comhphobail na prionsabail a chur san áireamh mar atá leagtha amach sa Chód Cleachtais do Staidreamh Eorpach a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh an 24 Feabhra 2005 agus a cuireadh i gceangal leis an Moladh ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2005 maidir le neamhspleáchas, iontaofacht agus freagracht na n-údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail.

    (12) Ní foláir forálacha sonracha a fhoirmliú go dtí go dtaispeánfaidh na hathruithe ar reachtaíocht chustaim faisnéis bhreise maidir leis an dearbhú custaim agus go dtí go mbeidh an malartú leictreonach faisnéise custaim ina cheangal i reachtaíocht an Chomhphobail.

    (13) Ós rud é nach bhféadfaidh na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach agus gurbh fhearr a dhéanfaí é ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (14) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999[7] lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún.

    (15) Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na nósanna imeachta custaim a shonrú, lena gcinntítear onnmhaire nó allmhaire i gcomhair críocha staidrimh ar thrádáil eachtrach, rialacha difriúla nó sonracha a ghlacadh maidir le hearraí nó gluaiseachtaí dá bhfuil forálacha sonracha ag teastáil, ar chúiseanna modheolaíochta, chun na sonraí staidrimh a shonrú, trádáil a mhionsonrú de réir saintréithe gnó agus trádáil a mhiondealú de réir airgeadra sonraiscthe, mar aon le rialacha ar leith a leagan amach maidir le scaipeadh sonraí. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Is é a bhunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann i gcomhair soláthar córasach staidrimh Comhphobail a bhaineann le trádáil earraí le tíortha nach Ballstáit (staidreamh ar thrádáil eachtrach).

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Glacfar leis na sainmhínithe seo a leanas chun críche an Rialacháin seo:

    (a) Ciallaíonn 'earraí' gach maoin shochorraithe, leictreachas san áireamh;

    (b) Ciallaíonn 'críoch staidrimh de chuid an Chomhphobail' críoch chustaim an Chomhphobail mar atá sainmhínithe sa Chód Custaim mar aon le hoileán Heligoland atá ar chríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine;

    (c) Ciallaíonn 'údaráis staidrimh náisiúnta' na forais staidrimh náisiúnta agus comhlachtaí eile atá freagrach i ngach Ballstát as staidreamh a sholáthar maidir le trádáil eachtrach an Chomhphobail;

    (d) Ciallaíonn 'údaráis chustaim' na 'údaráis chustaim' mar atá sainmhínithe sa Chód Custaim;

    (e) Ciallaíonn 'dearbhú custaim' an 'dearbhú custaim' mar atá sainmhínithe sa Chód Custaim;

    (f) Ciallaíonn 'cinneadh lucht Custaim' aon ghníomh oifigiúil de chuid na n-údarás Custaim a bhaineann le dearbhuithe custaim agus a bhfuil éifeacht dhlíthiúil acu i leith duine amháin nó níos mó.

    Airteagal 3

    Raon feidhme

    1. Déanfaidh an staidreamh ar thrádáil eachtrach taifead ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí.

    Déanfaidh na Ballstáit taifead a choimeád i gcás onnmhaire nuair a fhágann earraí críoch staidrimh an Chomhphobail i gcomhréir le ceann amháin as measc na nósanna imeachta custaim nó na socruithe úsáide formheasta custaim seo a leanas arna leagan síos sa Chód Custaim:

    9. onnmhairiú;

    10. próiseáil amach;

    11. ath-onnmhairiú i gcomhréir le próiseáil isteach nó le próiseáil faoi rialú custaim.

    Déanfaidh na Ballstáit taifead a choimeád i gcás allmhaire nuair a thig earraí isteach ar chríoch staidrimh an Chomhphobail i gcomhréir le ceann amháin as measc na nósanna imeachta custaim seo a leanas arna leagan síos sa Chód Custaim:

    12. scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta;

    13. próiseáil isteach;

    14. próiseáil faoi rialú custaim.

    2. Féadfaidh an Coimisiún liostaí na nósanna imeachta custaim nó na socruithe úsáide formheasta custaim dá dtagraítear i mír (1) a oiriúnú, go háirithe chun athruithe ar an gCód Custaim nó foralácha a eascraíonn ó choinbhinsiúin idirnáisiúnta a chur san áireamh. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    3. Féadfaidh an Coimisiún rialacha difriúla nó sonracha a ghlacadh i gcás earraí nó gluaiseachtaí a mbeadh gá acu, ar chúiseanna modheolaíochta, le forálacha sonracha ('earraí nó gluaiseachtaí sonracha'). Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    4. Eisiafar, ar chúiseanna modheolaíochta, earraí nó gluaiseachtaí áirithe ón staidreamh ar thrádáil eachtrach. Tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de na cásanna sin. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    Airteagal 4

    Foinse sonraí

    1. Is é an fhoinse sonraí i gcomhair taifead ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) an dearbhú custaim, lena n-áirítear leasuithe nó athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na sonraí staidrimh mar thoradh ar chinntí a dhéanfadh na húdaráis Chustaim agus a mbeadh baint acu leis.

    I gcás ina n-úsáidtear nós imeachta simplithe mar atá sainmhínithe sa Chód Custaim agus go dtugtar dearbhú forlíontach, is é an dearbhú forlíontach seo a bheidh ina fhoinse sonraí do na taifid.

    2. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2) sainmhíneoidh an Coimisiún tairseach staidrimh arna sonrú i luach nó i méid faoi nach gá an dearbhú custaim a ghlacadh mar fhoinse sonraí i gcomhair taifead maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú. Féadfaidh na Ballstáit an tairseach staidrimh a chur i bhfeidhm má sholáthraítear meastacháin i gcomhair taifead maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú atá faoi bhun an tairsigh.

    3. I gcás taifead ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí nó gluaiseachtaí sonracha, féadfaidh an Coimisiún foinsí sonraí eile nach dearbhú custaim iad a shonrú. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    Airteagal 5

    Sonraí staidrimh

    1. Baileoidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas ó thaifid ar allmhairí agus ar onnmhairí dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

    15. an gréasán trádála (allmhairiú, onnmhairiú);

    16. an tréimhse tagartha mhíosúil;

    17. luach staidrimh na n-earraí ar theorainn náisiúnta Bhallstáit an allmhairithe agus an onnmhairithe;

    18. an méid earraí curtha in iúl i nglanmhais agus in aonad forlíontach nuair a thugtar le fios é ar an dearbhú custaim;

    19. an trádálaí, is é sin an t-allmhaireoir/coinsíní i gcás allmhaire agus an t-onnmhaireoir/coinsíneoir i gcás onnmhaire;

    20. Ballstáit an allmhairithe nó an onnmhairithe, is é sin an Ballstát inar taisceadh an dearbhú custaim agus i gcás ina sonraítear é ar an dearbhú custaim:

    (i) i gcás allmhaire, na Ballstáit chinn scríbe chríochnaithigh;

    (ii) i gcás onnmhaire, Ballstáit an onnmhairithe iarbhír;

    21. na tíortha comhpháirtíochta, is é sin i gcás allmhairí, an tír tionscnaimh agus tír a gcoinsínithe/seolta, agus i gcás onnmhairí, an tír chinn scríbe;

    22. an tráchtearra i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte:

    (i) i gcás allmhaire, an cód marsantais a bhaineann leis an bhfocheanntheideal Taric;

    (ii) i gcás onnmhaire, an cód marsantais a bhaineann le focheanntheideal na hAinmníochta Comhcheangailte;

    23. na cóid nós imeachta custaim a bheidh le húsáid chun an nós imeachta staidrimh a chinneadh;

    24. an cineál idirbhirt nuair a thugtar le fios é ar an dearbhú custaim;

    25. má dheonaítear í, an chóir tharaife a chuirtear i bhfeidhm i gcás allmhairí i seilbh na n-údarás Custaim, is é sin an cód fabhair agus orduimhir an chuóta;

    26. an t-airgeadra sonraiscthe má thugtar le fios ar an dearbhú custaim;

    27. an chóir iompair, ina dtabharfar mionsonraí maidir le:

    (i) an chóir iompair ag an teorainn;

    (ii) an chóir iompair inmheánach;

    (iii) an coimeádán.

    2. Féadfaidh an Coimisiún sonrú breise ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, lena n-áirítear na cóid a bheidh le húsáid. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    3. Nuair nach luaitear a mhalairt agus gan dochar do reachtaíocht chustaim, beidh na sonraí san áireamh ar an dearbhú custaim.

    4. Féadfaidh an Coimisiún sonraí eile nár tagraíodh dóibh i mír 1 a iarraidh i gcás 'earraí nó gluaiseachtaí sonracha'. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    Airteagal 6

    Tiomsú an staidrimh ar thrádáil eachtrach

    1. Tiomsóidh na Ballstáit, i gcás gach tréimhse tagartha míosúla, staidreamh ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí arna shonrú i luach agus i méid faoi na ceannteidil seo a leanas:

    28. tráchtearra;

    29. Ballstáit an allmhairithe/onnmhairithe;

    30. tíortha comhpháirtíochta;

    31. nós imeachta staidrimh;

    32. an cineál idirbhirt;

    33. an chóir tharaife, i gcás allmhaire;

    34. an chóir iompair.

    Féadfaidh an Coimisiún na forálacha cur chun feidhme maidir le tiomsú an staidrimh a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

    2. Tiomsóidh na Ballstáit staidreamh bliantúil maidir le trádáil de réir saintréithe gnó.

    Tiomsófar an staidreamh trí shonraí maidir le saintréithe gnó arna dtaifeadadh i gcomhréir le reachtaíocht na gClár Gnóthaí a nascadh le sonraí arna dtaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 5(1) maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú.

    Féadfaidh an Coimisiún na forálacha cur chun feidhme maidir le tiomsú staidrimh a chinneadh. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    3. Tiomsóidh na Ballstáit, gach dara bliain, staidreamh maidir le trádáil arna mhiondealú de réir an airgeadra sonraiscthe.

    Tiomsóidh na Ballstáit an staidreamh trí shampla ionadaitheach de thaifid maidir le hallmhairí agus le honnmhairí a úsáid, taifid a bhainfear as dearbhuithe custaim ina bhfuil na sonraí maidir leis an airgeadra sonraiscthe. Mura bhfuil an t-airgeadra sonraiscthe a bhaineann le honnmhairí sonraithe ar an dearbhú custaim, cuirfear suirbhé i gcrích chun na sonraí is gá a bhailiú.

    Is é an Coimisiún a chinnteoidh saintréithe an tsampla, an tréimhse tuairiscithe, na riachtanais cáilíochta, agus an leibhéal comhiomlánaithe i gcomhair tíortha comhpháirtíochta, tráchtearraí agus airgeadraí. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    4. Féadfar a chinneadh go dtiomsóidh na Ballstáit staidreamh breise chun críocha Comhphobail nó náisiúnta, i gcás go bhfuil na sonraí sin sonraithe ar an dearbhú custaim.

    Is é an Coimisiún a chinnfidh na forálacha cur chun feidhme maidir le tiomsú staidrimh breise chun críocha Comhphobail. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    5. Ní bheidh sé de dhualgas ar na Ballstáit staidreamh ar thrádáil eachtrach a thiomsú agus a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcás go mbainfidh an staidreamh sin le sonraí staidrimh nach bhfuil fós sonraithe, de bhua an Chóid Custaim nó treoracha náisiúnta, ar an dearbhú custaim a thaisctear lena n-údaráis Chustaim. Tá na sonraí seo a leanas i gceist.

    35. an Ballstát cinn scríbe chríochnaithigh, i gcás allmhaire;

    36. Ballstát an onnmhairithe iarbhír, i gcás onnmhaire;

    37. an Cineál Idirbhirt.

    Airteagal 7

    Malartú sonraí

    1. Gan mhoill agus tráth nach déanaí ná le linn na míosa i ndiaidh an mhí a glacadh leis na dearbhuithe custaim nó a raibh siad faoi réir cinntí lucht custaim a bhain leo, gheobhaidh na húdaráis staidrimh náisiúnta na taifid ar allmhairiú agus ar onnmhairiú óna n-údaráis náisiúnta Custaim bunaithe ar na dearbhuithe a taisceadh leis an údarás nó a tugadh don údarás.

    Beidh sna taifid ar a laghad na sonraí staidrimh sin arna liostú in Airteagal 5 agus atá sonraithe, i gcomhréir leis an gCód Custaim nó le treoracha náisiúnta, ar an dearbhú custaim.

    2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfear na taifid ar allmhairí agus ar onnmhairí atá bunaithe ar dhearbhú custaim arna thaisceadh lena n-údarás náisiúnta Custaim chuig údaráis staidrimh náisiúnta an Bhallstáit a thugtar le fios ar an taifead sna foirmeacha seo a leanas:

    38. an Ballstát cinn scríbe chríochnaithigh, i gcás allmhaire;

    39. Ballstát an onnmhairithe iarbhír, i gcás onnmhaire;

    3. Beidh sé de cheanglas ar Bhallstát de réir Airteagal 7(2) taifid ar allmhairí agus ar onnmhairí a tharchur go dtí Ballstát eile go dtí go mbeidh meicníocht bunaithe ag na húdaráis Chustaim sna Ballstáit sin i gcomhair mhalartú frithpháirteach na sonraí ábhartha trí mheán leictreonach.

    4. Féadfaidh an Coimisiún na forálacha cur chun feidhme maidir le cinneadh tarchuir dá leithéid a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

    Airteagal 8

    Staidreamh ar thrádáil eachtrach a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)

    1. Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) chuig an gCoimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná 40 lá ó dheireadh gach tréimhse tagartha míosúla.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseofar sa staidreamh faisnéis maidir le hallmhairí agus le honnmhairí sa tréimhse tagartha i dtrácht, agus coigeartú a dhéanamh nuair nach bhfuil taifid ar fáil.

    Tarchuirfidh na Ballstáit staidreamh nuashonraithe nuair atá an staidreamh a tarchuireadh roimhe sin faoi réir athbhreithnithe.

    Cuimseoidh na Ballstáit sna torthaí a tharchuirtear chuig an gCoimisiún (Eurostat) aon fhaisnéis staidrimh atá faoi rún.

    Féadfaidh an Coimisiún forálacha a shonrú maidir leis an sprioclá, cuimsiú, athbhreithnithe agus inneachar staidrimh. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    2. Féadfaidh an Coimisiún an sprioclá a chinneadh i gcomhair staidreamh ar thrádáil de réir saintréithe gnó dá dtagraítear in Airteagal 6(2), staidreamh ar thrádáil arna mhiondealú de réir airgeadra sonraiscthe dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus staidreamh Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 6(4) a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    3. Tarchuirfidh na Ballstáit an staidreamh i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir leis an gcaighdean idirmhalartaithe. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe praiticiúla maidir le torthaí a tharchur a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

    Airteagal 9

    Measúnú cáilíochta

    1. Chun críche an Rialacháin seo, beidh na gnéithe seo a leanas maidir le measúnú cáilíochta infheidhme maidir leis an staidreamh a bheidh le tarchur.

    40. tagraíonn 'ábharthacht' don mhéid a shásaíonn an staidreamh riachtanais reatha agus fhéidearthacha na n-úsáideoirí;

    41. tagraíonn 'cruinneas' do cé chomh gar is a bhfuil na meastacháin do na fíorluachanna nach bhfuil ar eolas;

    42. tagraíonn 'tráthúlacht' don aga moille idir infhaighteacht na faisnéise agus an imeacht nó an feiniméan atá i dtrácht san fhaisnéis;

    43. tagraíonn 'poncúlacht' don aga moille idir dháta eisiúna an dáta agus an spiocdháta ar chóir é a bheith seachadta;

    44. tagraíonn 'inrochtaineacht' agus 'soiléire' do na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe trína bhfaigheann, trína n-úsáideann agus trína dtuigeann na húsáideoirí na sonraí;

    45. tagraíonn 'comparáideacht' don tionchar a bhíonn ag difríochtaí i gcoincheapa, uirlisí tomhais agus nósanna imeachta staidrimh fheidhmigh nuair a dhéantar comparáid idir staidreamh agus limistéir gheografacha, fearainn earnála nó ragobair;

    46. tagraíonn 'comhchuibheas' do cé chomh oiriúnach is atá na sonraí chun iad a chomhcheangal go hiontaofa i slite éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

    2. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) maidir le caighdeán an staidrimh a tharchuirtear gach bliain.

    3. Agus na gnéithe cáilíochta atá leagtha síos i mír 1 á gcur i bhfeidhm ar an staidreamh atá folaithe ag an Rialachán seo, saineofar rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

    Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht an staidrimh a tharchuirtear a mheas.

    Airteagal 10

    Scaipeadh an staidrimh ar thrádáil eachtrach

    1. Scaipfidh an Coimisiún, de réir fhocheannteidil na hAinmníochta Comhcheangailte ar a laghad, an staidreamh ar thrádáil eachtrach a tiomsaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus ar tharchuir na Ballstáit é.

    Ní chinnfidh údaráis náisiúnta Ballstáit i dtrácht cibé an scaipfear nó nach scaipfear staidreamh dá leithéid de chuid an Stáit sin a d'fhéadfadh a chinntiú go n-aithneofaí an t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir i dtrácht nó cibé an leasófar iad sa tslí nach ndéanfaidh scaipeadh an staidrimh sin dochar do rúndacht staidrimh, ach amháin arna iarraidh amhlaidh ag an allmhaireoir nó ag an onnmhaireoir.

    2. Chun leasanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chosaint féadfar srian a chur le scaipeadh sonraí íogaire.

    3. Is é an Coimisiún a chinnteoidh na bearta cur chun feidhme is gá chun staidreamh ar thrádáil eachtrach a scaipeadh. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

    Airteagal 11

    Nós imeachta coiste

    1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste um staidreamh ar thrádáil eachtrach.

    2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    3. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Airteagal 12

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 le héifeacht ón 1 Eanáir 2009.

    Leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige maidir le sonraí a bhaineann leis na tréimhsí tagartha roimh 1 Eanáir 2009.

    Airteagal 13

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2009.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiseil, an [...]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    […] […]

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] Airteagal 1(13) de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 (Forálacha cur chun feidhme den Chód Custaim), mar atá arna leasú le héifeacht ón 1 Eanáir 2008 (Doiciméad Oibre TAXUD/1409/2006 Rev. 7)

    [2] IO L 118, 25.5.1995, lch. 10. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

    [3] IO L 302, 19.10.1992, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

    [4] IO L 256, 7.9.1987, lch.1 Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 733/2007 ón gComhairle (IO L 169, 29.6.2007, lch. 1).

    [5] IO L 196, 5.8.1993, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

    [6] IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

    [7] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

    Top